Tar éis dó aghaidh a thabhairt ar cheann de na géarchéimeanna fuinnimh domhanda is measa leis na blianta fada, rinne an tAontas Eorpach gníomhaíocht as cuimse in 2023 chun fuinneamh a shábháil, a sholáthar fuinnimh a éagsúlú agus dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Leis na héigeandálaí leanúnacha aeráide, comhshaoil agus bithéagsúlachta atá ag titim amach ar fud an domhain, leagadh béim bhreise ar an ngá atá le gníomhaíocht phráinneach. Le linn na bliana, lean an tAontas ag cur deireadh de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise chun a gheilleagar a chosaint, agus an tráth céanna é a dhéanamh níos inbhuanaithe trí mhéadú a dhéanamh ar tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh.
Sheol sé athchóiriú cuimsitheach ar a mhargadh leictreachais ionas go mbeidh cosaint níos fearr ag tomhaltóirí ar shuaitheadh praghsanna fuinnimh. Thug an tAontas tionscnaimh nua isteach freisin chun borradh a chur faoina iomaíochas agus chun acmhainneacht thionsclaíoch a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí glana. Tá sé d’aidhm ag na tionscnaimh sin rochtain ar amhábhair chriticiúla a chinntiú agus spleáchais straitéiseacha i dteicneolaíochtaí criticiúla agus i slabhraí luacha a laghdú, agus ar an gcaoi sin slándáil eacnamaíoch agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a fheabhsú.
Deireadh a chur le húsáid na mbreoslaí iontaise ón Rúis de réir a chéile
Chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine san Aontas Eorpach ar fhuinneamh atá inacmhainne, slán agus inbhuanaithe, sheol an tAontas Plean REPowerEU - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine 2022. Is é is cuspóir dó spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go mór trí níos mó fuinneamh glan a tháirgeadh sa bhaile, tomhaltas fuinnimh a laghdú agus soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú. Laistigh den chéad 12 mhí tar éis a sheolta, bhí dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas maidir leis na trí sprioc sin.
Faoi dheireadh 2023, níor allmhairíodh ach 42.9 billiún méadar ciúbach (bcm) de ghás na Rúise chuig an Aontas ar an iomlán, i gcomparáid le 80 bcm in 2022 agus níos mó ná 150 bcm in 2021. Le linn na bliana, ba iad an Iorua agus an Afraic Thuaidh na príomhsholáthróirí gáis phíblíne don Aontas, agus ba iad na Stáit Aontaithe an príomhsholáthróir gáis nádúrtha leachtaithe.
Sa bhreis ar REPowerEU, tá roinnt uirlisí ag cabhrú le Ballstáit an Aontais a soláthar gáis a éagsúlú. Ar cheann de na sásraí sin tá comhshásra ceannaigh gáis AggregateEU - oscail i dtáb nua. lenar féidir cuideachtaí gáis agus cuideachtaí a úsáideann gás teacht le chéile chun an téileamh a chomhthiomsú, comhordú a dhéanamh ar úsáid bonneagair, dul i mbun caibidlíochta le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus ullmhú le haghaidh comhcheannacháin gáis agus hidrigine.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (an ceathrú duine ar chlé), agus Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí ECAT (an cúigiú duine ar chlé), ar cuairt ar chuideachta Equinor de chuid na hIorua, ar ardán eastósctha gáis nádúrtha é atá suite amach ó chósta thiar na hIorua, an 17 Márta 2023.
Beart eile de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála soláthair, a tugadh isteach in 2022, is ea an Rialachán maidir le Stóráil Gáis - oscail i dtáb nua., lena gceanglaítear ar na Ballstáit 90 % dá saoráidí stórála a líonadh faoin 1 Samhain chun stoic leordhóthanacha a ráthú don gheimhreadh. Chuidigh an beart sin lena chinntiú go raibh acmhainneacht 95 % ag na stoic roimh gheimhreadh 2022/2023. Agus praghsanna i bhfad níos ísle — agus níos lú luaineachta ag baint leo — ná mar a bhí in 2022, bhog an dul chun cinn maidir le stóráil a líonadh go tapa in 2023, agus bhain sé amach an sprioc 90 % an 18 Lúnasa - oscail i dtáb nua. agus d’fhan sé ag os cionn 95 % ag tús mhí na Nollag.
Tá roinnt tionscadail nua bonneagair fuinnimh - oscail i dtáb nua. a cuireadh i gcrích le 2 bhliain anuas tar éis cabhrú leis an Aontas foinsí malartacha soláthair gáis a dhaingniú. I measc na samplaí tá an Píobán Baltach agus an tIdirnascaire idir an Ghréig agus an Bhulgáir, mar aon le críochfoirt nua le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe i mBallstáit éagsúla.
I mí na Samhna, ghlac an Coimisiún céim eile i dtreo córas fuinnimh an Aontais a chur in oiriúint don todhchaí tríd an gcéad liosta dá chuid de Thionscadail Leasa Choitinn - oscail i dtáb nua. a fhoilsiú atá go hiomlán i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Tá sé beartaithe go nglacfar go foirmiúil é go luath in 2024. Foilsítear an liosta - oscail i dtáb nua. gach 2 bhliain agus tá tionscadail ann a chuirfidh feabhas ar idirnascacht chórais fuinnimh na mBallstát. Is féidir le nósanna imeachta ceadaithe agus maoiniú luathaithe dul chun tairbhe do na tionscadail. Is é an chéad liosta é faoin Rialachán maidir leis an nGréasán TrasEorpach Fuinnimh athbhreithnithe chun tionscadail breosla iontaise a eisiamh agus tionscadail hidrigine agus leictrealóra a chur san áireamh. Áirítear ann freisin tionscadail lena nascfar córas fuinnimh an Aontais leis an Ríocht Aontaithe, leis na Balcáin Thiar agus le tíortha na hAfraice Thuaidh.
Iompróir gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) ag críochfort loingseoireachta a cuireadh in úsáid sa Ghearmáin le déanaí chun gás a allmhairiú mar mhalairt ar phíblínte gáis Nord Stream. Is gás nádúrtha é GNL a fuaraíodh, rud a athraíonn an gás go leacht arb é an sé chéadú dá thoirt bhunaidh é. Leis an laghdú suntasach sin is féidir é a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil ar bord tancaeir GNL. Brunsbüttel, an Ghearmáin, Meán Fómhair 2023.
Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne
Ó shamhradh 2021 i leith, tá praghsanna fuinnimh tar éis ardú go mór, rud a dhéanann an-difear do thomhaltóirí agus a chuireann go leor acu i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. In 2023, dhírigh an tAontas ar rialacha a thabhairt isteach lena ndéanfaí an margadh fuinnimh a athchóiriú chun tomhaltóirí a chosaint ar shuaitheadh praghsanna amach anseo. Cuireann na bearta fadtéarmacha sin leis na bearta éigeandála a rinneadh in 2022, mar shampla an sásra margaidh a chuireann teorainn le praghsanna iomarcacha gáis - oscail i dtáb nua. agus rannchuidiú breise - oscail i dtáb nua. a fhorchuirtear ar chuideachtaí fuinnimh áirithe a bhfuil brabúis iomarcacha á ndéanamh acu.
Cé go bhfuil margadh fuinnimh aonair comhtháite go maith ag an Aontas a chuaigh chun tairbhe do thomhaltóirí le breis agus 20 bliain anuas, tá sé léirithe ag an ngéarchéim fuinnimh go bhfuil gá le tuilleadh feabhsuithe. Sin é an fáth ar chuir an Coimisiún togra i láthair i mí an Mhárta 2023 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le dearadh mhargadh leictreachais an Aontais - oscail i dtáb nua.. Leis an athchóiriú sin, tabharfar níos mó ceart agus roghanna do thomhaltóirí, agus méadófar a gcosaint an tráth céanna trí bhillí fuinnimh a dhéanamh neamhspleách ar phraghas margaidh gearrthéarmach an leictreachais agus trí mhargadh fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos athléimní. Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú - oscail i dtáb nua. maidir leis an athchóiriú ag deireadh na bliana.
Dearadh athbhreithnithe mhargadh leictreachais an Aontais:
Tá sé de cheart ag tomhaltóirí anois:
conarthaí le praghsanna seasta, rud a fhágann gur féidir leo praghsanna slána, fadtéarmacha a ghaibhniú;
ilchonarthaí;
an fuinneamh in-athnuaite a tháirgeann siad a roinnt le comharsana.
Cosnaíonn sé custaiméirí leochaileacha ar dhíscor.
Tugann sé cosaint ar chúbláil mhargaidh agus ar éiginnteacht fuinnimh amach anseo.
Ceanglaíonn sé ar sholáthraithe fuinnimh cosaint a thabhairt ar arduithe tobanna ar praghsanna agus ar an mbaol go dteipfidh orthu.
Chuidigh iarrachtaí an Aontais chun a sholáthairtí agus a sholáthraithe fuinnimh a éagsúlú freisin chun praghsanna fuinnimh — agus a luaineacht — a laghdú i gcomparáid leis na barrachais a bhí ann in 2022. Comhthiomsaítear éileamh agus comhcheannacháin fuinnimh le hArdán Fuinnimh an Aontais - oscail i dtáb nua. (agus go sonrach an sásra AggregateEU a luadh níos luaithe sa chaibidil). Is ionann sin agus praghsanna níos fearr do thomhaltóirí an Aontais.
Tá sásra tugtha isteach ag an gCoimisiún freisin chun buaiceanna praghsanna sa mhargadh gáis a cheartú trí phraghas tagarmhairc nua a bhunú le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe. Bhí gá leis sin mar mhalairt ar an gcur chuige a bhí ann roimhe seo inar úsáideadh praghas an gháis a d’úsáid Saoráid Aistrithe Teidil na hÍsiltíre mar ionadach. Mar sin féin, ní raibh an praghas sin iontaofa a thuilleadh toisc nár léirigh sé dálaí nua an mhargaidh. Foilsíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh - oscail i dtáb nua. figiúr tagarmhairc go rialta anois, rud a léiríonn i bhfad níos lú luaineachta ná praghas na Saoráide Aistrithe Teidil.
Ar deireadh, chuir an tAontas ar a gcumas do na Ballstáit tacaíocht dhíreach a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí bhearta eisceachtúla ar a dtugtar SAFE (Tacú le Fuinneamh Inacmhainne). Ag teacht faoi rialacha an bheartais chomhtháthaithe - oscail i dtáb nua., cuireann na bearta sin ar a gcumas do na Ballstáit cistí AE nár caitheadh a úsáid faoina leithdháileadh 2014-2020 chun tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do ghrúpaí atá i mbaol a bhfuil costais mhéadaithe fuinnimh ag bagairt orthu.
Úsáid éifeachtúil fuinnimh
Is í earnáil an fhuinnimh — téamh tithe, earnáil na tionsclaíochta cumhachtaithe agus earnáil an iompair is cúis le beagnach trí cheathrú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain. Ciallaíonn sé sin go ndéanann laghdú an tomhaltais fuinnimh difear mór sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is mian leis an Aontas a chuid astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 1990), mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip (féach Caibidil 3).
I ngeimhreadh 2022/2023 — a bhuí le geimhreadh níos teo agus le hiarrachtaí comhpháirteacha an Aontais, a Bhallstát, daoine aonair agus cuideachtaí — tháinig laghdú 18 % (nó 53 bcm) ar thomhaltas gáis san Aontas. Mar sin féin, chun cothromaíocht chúramach a choinneáil idir soláthar agus éileamh fuinnimh, tá gá fós le bearta deonacha chun fuinneamh a shábháil. Dá bhrí sin, cuireadh síneadh leis an rialachán éigeandála maidir le tomhaltas gáis - oscail i dtáb nua. a laghdú (a comhaontaíodh ar dtús i mí Iúil 2022 - oscail i dtáb nua.). Is é an aidhm atá ann tomhaltas a laghdú 60 bcm eile idir mí Aibreáin 2023 agus mí an Mhárta 2024. Cuireadh síneadh le rialacha éigeandála eile ó 2022 maidir leis an sásra ceartúcháin margaidh, rialacha dlúthpháirtíochta agus ceadú chun fadhbanna breise a chosaint.
Sprioc nua chun tomhaltas fuinnimh a laghdú 11.7 % faoi 2030 i gcoibhneas leis an tomhaltas tuartha (ba é 9 % an sprioc bhunaidh a moladh in 2021).
Ní mór do na Ballstáit coigilt bhliantúil 1.3 % den tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach faoi 2024, ag ardú go 1.9 % faoi 2028, suas ó leibhéal 2023 de 0.8 %.
Bealach tábhachtach eile chun fuinneamh a shábháil is ea feabhas a chur ar úsáid fuinnimh i bhfoirgnimh. Cabhróidh an comhaontú polaitiúil maidir le hathbhreithnithe ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh - oscail i dtáb nua. i mí na Nollag le hearnáil na tógála a tomhaltas fuinnimh a laghdú agus foirgnimh a dhéanamh níos glaise. Leagtar amach sna hathbhreithnithe sin raon beart a chuideoidh le rialtais an Aontais borradh a chur faoi fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, agus leagfar béim ar leith ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla a fheabhsú.
Déantar coigilteas fuinnimh a bhaint amach ní hamháin trí níos lú fuinnimh a úsáid agus trína úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, ach freisin trí dhearadh na dtáirgí agus na bhfearas laethúil ag monaróirí. Sonraítear i rialacha nua éicidhearthóireachta an Aontais - oscail i dtáb nua. gur cheart fearais leictreacha níos lú fuinnimh a úsáid sa mhód fuireachais, rud a thugann 2 bhliain do mhonaróirí feabhas a chur ar fheidhmíocht a dtáirgí. Tá triomadóirí rothlaim, téitheoirí spáis áitiúla, fóin phóca, táibléid agus gaothráin thionsclaíocha i measc na dtáirgí atá faoi réir na rialacha nua nó athbhreithnithe, agus rialacha níos déine. Léireofar na hathruithe sin i lipéad fuinnimh an Aontais - oscail i dtáb nua., lipéad a aithníonn agus a úsáideann tomhaltóirí san Aontas fós go forleathan.
Tá sé d’aidhm ag an Aontas táirgí inbhuanaithe a bheith ina ngnás. I dtreo dheireadh na bliana, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe - oscail i dtáb nua., a moladh i mí an Mhárta 2022, lena dtugtar dúshlán don tsamhail thraidisiúnta tomhaltais ‘tóg-déan-diúscair’. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh deimhin a dhéanamh de go dtógtar táirgí sa chaoi go mairfidh siad, rud a laghdóidh an dramhaíl agus a chaomhnóidh acmhainní.
Measann an Coimisiún go sábhálfar 1.36 tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana trí thomhaltas leictreachais táirgí i mód fuireachais a laghdú. Téann an coigilteas sin chun tairbhe freisin do thiachóga tomhaltóirí, agus meastar gurb é €530 milliún in aghaidh na bliana an coigilteas iomlán a bheidh ann do thomhaltóirí faoi 2030.
Dlús a chur le táirgeadh an fhuinnimh ghlais
Tá athrú chuig fuinneamh glan in-athnuaite ríthábhachtach chun sprioc an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le hEoraip aeráidneodrach a bhaint amach. Dírítear i bPlean REPowerEU, atá lárnach san aistriú sin, ar tháirgeadh fuinnimh ghlais, ar dheireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise agus ar chaomhnú fuinnimh a chur chun cinn. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta - oscail i dtáb nua. agus Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais - oscail i dtáb nua. ríthábhachtach chun tacú le REPowerEU, lena gcuirtear tacaíocht airgeadais agus straitéiseach ar fáil don aistriú i dtreo fuinneamh inathnuaite agus don sprioc níos leithne Eoraip aeráidneodrach a bhaint amach.
An Comhaontú Glas don Eoraip
An chéad mhór-roinn aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050
Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais
Forbairt a dhéanamh ar an acmhainneacht thionsclaíoch do na teicneolaíochtaí glana atá mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip.
REPowerEU
Freagairt ar shuaitheadh sa mhargadh fuinnimh le fuinneamh inacmhainne slán inbhuanaithe don Eoraip.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Téarnamh a dhéanamh ón bpaindéim agus a bheith ag ullmhú don aistriú glas agus don aistriú digiteach.
Tá ról mór ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le tionscadail agus bonneagar fuinnimh ghlais a mhaoiniú chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, agus thart ar 42 % dá cistí tiomnaithe don aistriú glas. (Féach Caibidil 2 le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an tsaoráid.) Tá a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á leasú ag na Ballstáit chun caibidil thiomnaithe REPowerEU a chur san áireamh, rud a chiallaíonn go léireoidh siad conas a thabharfaidh siad aghaidh ar a chuspóirí ina bpleananna téarnaimh. Go dtí seo, tá 23 Bhallstát tar éis a gcaibidlí REPowerEU a chur isteach, agus €61.87 billiún ó na pleananna leasaithe á leithdháileadh ar fhuinneamh in-athnuaite agus ar ghréasáin fuinnimh, lena n-áirítear €35.51 billiún go sonrach le haghaidh giniúint fuinnimh in-athnuaite. Cuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar a gcumas do na Ballstáit freisin cistiú a leithdháileadh ar Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne - oscail i dtáb nua. i réimsí amhail hidrigin agus ceallraí.
Chomh maith le tacaíocht na saoráide d’infheistíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite aibí agus nuálacha araon, tugadh raon tionscnamh níos leithne isteach in 2023 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin struchtúracha a dhéanann difear d’earnáil fuinnimh ghlain an Aontais. Tá sé d’aidhm ag ceann de na tionscnaimh sin, Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, feabhas a chur ar iomaíochas na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas (agus dlús á chur leis an aistriú chuig neodracht aeráide dá réir) trí chur le láidreachtaí an Mhargaidh Aonair. Tá rialacháin simplithe ag an Aontas ionas go mbeidh sé níos éasca na hamhábhair is gá le haghaidh teicneolaíochtaí glana a fháil, agus tá sé níos éasca maoiniú a fháil le haghaidh teicneolaíocht fuinnimh ghlais dá bharr. Tá sé tiomanta do dhaoine a uas-sciliú agus a athsciliú chun oibriú in earnáil na teicneolaíochta glaine, agus do thrádáil oscailte a fheabhsú chun rochtain ar amhábhair a chinntiú agus ionas go mbeidh rath ar theicneolaíochtaí glasa. Mar thoradh air sin, bainfidh pobail tairbhe as na poist ardcháilíochta a chuireann tionscal na teicneolaíochta glaine ar fáil, agus bainfidh daoine aonair tairbhe as na buntáistí a bhaineann le comhshaol níos glaine agus geilleagar margaidh níos inbhuanaithe.
Tá an Plean Tionsclaíoch Glas bunaithe ar cheithre cholún chomhlántacha
Timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe
Rochtain níos tapúla ar mhaoiniú
Scileanna feabhsaithe
Trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha
Mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais — a bhaineann go sonrach le simpliú na timpeallachta rialála d’earnáil na teicneolaíochta glaine — thug an Coimisiún tograí isteach freisin i mí an Mhárta 2023 le haghaidh Gnímh um Amhábhair Chriticiúla - oscail i dtáb nua. agus Gnímh um an Tionscal GlanNialasachta - oscail i dtáb nua.. Oibreoidh an dá ghníomh sin i gcomhar le chéile chun tacú le hacmhainneacht monaraíochta glan-nialasachta an Aontais agus chun a chinntiú go mbeidh fáil ar amhábhair riachtanacha chun teicneolaíochtaí glana a mhonarú san Aontas.
I bhfianaise an éilimh dhomhanda ar amhábhair chriticiúla, agus i dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa agus ag éirí níos dúshlánaí, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeidh rochtain ag an Aontas ar sholáthar slán agus inbhuanaithe na nábhar sin. Tá sé sin ríthábhachtach freisin d’iomaíochas an Aontais, go háirithe in earnálacha amhail teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha agus i dtionscail na cosanta agus an aeraspáis.
Chomhaontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle go foirmiúil i mí na Samhna - oscail i dtáb nua., neartóidh an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla acmhainní intíre d’amhábhair chriticiúla ar fud an tslabhra soláthair ar fad. Bunaítear leis spriocanna soiléire chun acmhainneachtaí eastósctha, próiseála agus athchúrsála a mhéadú faoi 2030. Thairis sin, déanfaidh an tAontas a fhoinsí allmhairiúcháin a éagsúlú ionas nach mbeifear ag brath ar aon soláthróir aonair le haghaidh níos mó ná 65 % dá thomhaltas. San áireamh leis an straitéis sin comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a bhunú, arna dtacú ag an Tairseach Dhomhanda - oscail i dtáb nua..
Amhábhair chriticiúla
Is iad amhábhair chriticiúla atá mar thúsphointe ag go leor slabhraí soláthair tionsclaíocha agus tá an téileamh atá orthu ar fud an domhain ag dul i méid.
Tá na dúile tearc-chré ina bpríomhchomhpháirteanna de mhaighnéid bhuana a úsáidtear i mótair tuirbíní gaoithe.
Úsáidtear litiam, cóbalt agus nicil i monarú ceallraí.
Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta, neartófar athléimneacht agus iomaíochas earnáil an Aontais maidir le monaraíocht na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, rud a chuirfidh le córas fuinnimh níos sláine agus níos inbhuanaithe. Leis an ngníomh, cuirfear feabhas ar na dálaí chun tionscadail glan-nialasachta a bhunú san Aontas agus chun infheistíocht a mhealladh. Leagtar síos sprioc uaillmhianach ann: faoi 2030, ba cheart acmhainneacht straitéiseach an Aontais maidir le monaraíocht teicneolaíochta glan-nialasachta 40 % de riachtanais úsáide an Aontais a chomhlíonadh nó a shárú. Má bhaintear an méid sin amach, cuirfear dlús mór leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais Eorpaigh agus i dtreo an aistrithe níos leithne i dtreo na haeráidneodrachta. Thairis sin, cuirfidh sé borradh faoi iomaíochas thionscal an Aontais, cruthóidh sé poist ardcháilíochta agus tacóidh sé le hiarrachtaí an Aontais neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach.
Ar deireadh, léirítear freisin i mbeartas fuinnimh an Aontais an aidhm atá aige dlús a chur le húsáid foinsí inathnuaite fuinnimh, go háirithe iad siúd a tháirgtear san Eoraip. Ar cheann de na garspriocanna is mó a bhí ann in 2023 bhí an tathbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite - oscail i dtáb nua. chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite. Leis an athbhreithniú sin, ardaíodh sprioc an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite go dtí íosmhéid 42.5 % faoi 2030, agus é mar uaillmhian 45 % a bhaint amach, i gcomparáid leis an sprioc 32 % a socraíodh in 2018. Leis an treoir athbhreithnithe, tugtar aghaidh ar scrogaill agus neamhéifeachtúlachtaí le déanaí trí bhearta nua a thabhairt isteach maidir le hidrigin in-athnuaite agus maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh san iompar agus sa tionsclaíocht. Soiléirítear leis freisin saincheisteanna teicniúla, lena náirítear critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithfhuinnimh, agus déantar buanú ar na rialacha sealadacha a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo chun na nósanna imeachta ceadaithe - oscail i dtáb nua. le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite a ghiorrú agus a shimpliú.
Ó thaobh hidrigine de agus tús á chúr le húsáid na teicneolaíochta nua seo, ba é an chéad chéim ná sainmhíniú a thabhairt ar cad atá i gceist le hidrigin in-athnuaite. Leagadh an méid sin amach sna Gníomhartha Tarmligthe Hidrigine - oscail i dtáb nua., inar sonraíodh freisin an tábhacht a bhaineann le fuinneamh inathnuaite breise a chruthú chun hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh. Tá sé ríthábhachtach na caighdeáin sin de chuid an Aontais a leagan síos chun an earnáil sin a leathnú.
I mí na Nollag, ba chloch mhíle mhór eile é comhaontú polaitiúil maidir leis an bpacáiste gáis - oscail i dtáb nua. ísealcharbóin agus hidrigine. Ceapadh an tionscnamh seo chun úsáid gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar mhargadh hidrigine in-athnuaite a bhunú.
Kadri Simson, an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh (ar chlé), agus Pascal De Buck, Stiúrthóir Bainistíochta agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fluxys, ar chuairt ar an láthair le linn tógáil píblíne gáis ina n-iompraítear hidrigin, Lokeren, an Bheilg, an 7 Iúil 2023.
Mhol an Coimisiún freisin saoráid uile-Eorpach hidrigine a bhunú, ar a dtugtar an Banc Eorpach Hidrigine - oscail i dtáb nua.. Cinnteoidh an Banc Hidrigine go mbeidh slándáil infheistíochta agus deiseanna gnó ann maidir le táirgeadh hidrigine in-athnuaite san Eoraip agus ar fud an domhain. Déanfaidh sé é sin trí dhá shásra maoinithe (ceann amháin chun táirgeadh hidrigine san Aontas a spreagadh, an ceann eile le haghaidh allmhairí idirnáisiúnta isteach san Aontas); trí éileamh agus riachtanais bhonneagair a mheasúnú; agus trí fhoinsí éagsúla cistiúcháin a chomhordú le haghaidh infheistíocht níos cuíchóirithe sa hidrigin inbhuanaithe.
Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an gComhaontú Glas don Eoraip, agus é ag labhairt ag Cruinniú Mullaigh 2023 faoi Hidrigin, Rotterdam, an Ísiltír, an 11 Bealtaine 2023.
Shínigh an Coimisiún dearbhú comhpháirteach - oscail i dtáb nua. le geallsealbhóirí Eorpacha i mí an Mhárta chun borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht maidir le hidrigin in-athnuaite chun úsáid hidrigine in-athnuaite a chur chun cinn agus chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan.
Tá beart déanta ag an Aontas freisin chun dlús a chur le húsáid agus nuálaíocht na cumhachta gaoithe. Murab ionann agus cumhacht hidrigine — atá fós ina luathchéimeanna — is scéal rathúil í earnáil chumhacht na gaoithe san Aontas cheana féin. Tá costas cothromaithe fuinnimh bainte amach ag an earnáil sin atá ar comhchéim le costas na mbreoslaí iontaise nó faoina bhun fiú - comhad PDF – oscail i dtáb nua., agus in 2023 (Eanáir go Lúnasa), b’ionann fuinneamh gaoithe, ar an meán, agus 17.2 % - oscail i dtáb nua. den leictreachas a úsáidtear san Aontas. Mar sin féin, tá roinnt saincheisteanna fós ann. Cuid de na dúshláin atá le sárú is ea moilleanna, ganntanais scileanna agus an chaoi a bhfuil tairiscintí náisiúnta deartha sa chaoi go dtugann siad tús áite don chostas seachas don inbhuanaitheacht. Thairis sin, níl pleananna soiléire maidir le cur in úsáid gaoithe tugtha ag na Ballstáit do mhonaróirí tuirbíní gaoithe, rud a dhéanann níos casta pleanáil tionscadal tráth atá iomaíocht dhomhanda ann agus borradh faoi chostais tráchtearraí.
Tá sé phríomhchuid sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Gaoithe a thugann aghaidh ar ábhair imní ghaolmhara, agus a chuideoidh le hacmhainneacht cumhachta gaoithe a mhéadú ó 204 GW in 2022 go dtí an sprioc inmhianaithe 500 GW in 2030
1. Dlús a chur le himscaradh agus ceadú 2. Dearadh feabhsaithe ceantanna 3. Rochtain ar mhaoiniú 4. Timpeallacht idirnáisiúnta atá cothrom agus iomaíoch 5. Scileanna 6. Rannpháirtíocht tionscail agus gealltanais na mBallstát
Áirítear sa phlean gníomhaíochta seoladh an tionscnaimh Accele-RES, rud a chuideoidh leis an bpróiseas ceadaithe a dhigitiú agus lena seolfar uirlis thiomnaithe ar líne chun cabhrú le nósanna imeachta ceadaithe. Ina theannta sin, neartóidh an plean iomaíochas thionscal monaraíochta gaoithe an Aontais trína dhéanamh níos éasca do mhonaróirí an Aontais rochtain a fháil ar mhargaí eachtracha; cosaint ar shaobhadh trádála (amhail fóirdheonú éagórach táirgí a bhaineann leis an ngaoth a allmhairítear isteach san Aontas); agus trealamh fuinnimh gaoithe a chaighdeánú chun idirinoibritheacht, cáilíocht agus inbhuanaitheacht a fheabhsú.
Ar deireadh, chuir 21 Bhallstát gealltanais ghaoithe - oscail i dtáb nua. isteach ag deireadh 2023, inar léiríodh na tionscadail chumhachta gaoithe agus na méideanna úsáide fuinnimh gaoithe atá beartaithe acu don tréimhse go díreach romhainn (2024-2026). Cruthóidh sé sin níos mó cinnteachta do mhonaróirí agus d’infheisteoirí araon, rud a fhágfaidh go seolfar níos mó tionscadail cumhachta gaoithe.
Saoráid stórála fuinnimh ceallra-bhunaithe (arna cur chun feidhme ag Energy Cells), 200 meigeavata san iomlán agus toilleadh 200 meigeavatuair an chloig aici. Fuair an tionscadal seo cistiú €87.6 milliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus cuirfidh sé ar chumas na Liotuáine dícheangal ón eangach leictreachais atá faoi rialú na Rúise agus, ag an am céanna, cuideoidh sé léi sioncrónú le heangach leictreachais ilchríochach na hEorpa, Vilnius na Liotuáine, an 25 Iúil 2023.
Tacú leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite
Ciallaíonn athrú go fuinneamh in-athnuaite freisin bealaí a aimsiú chun é a ghabháil agus a stóráil in amanna nuair, mar shampla, nach bhfuil an ghaoth ag séideadh agus nach bhfuil an ghrian ag taitneamh.
Bealach amháin chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a stóráil is ea úsáid a bhaint as cadhnraí. Ó 2017 i leith, tá ról ríthábhachtach ag Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais - oscail i dtáb nua., arna bunú ag an Aontas chun tacú le héiceachóras ceallraí na hEorpa, ó thaobh tacú leis an dul chun cinn sa réimse sin. Tionóladh an seachtú cruinniú ardleibhéil - comhad PDF – oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta 2023, agus leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé go leor daoine a bheith ann a bhfuil na scileanna is gá do thionscal na gceallraí.
Is gnéithe tábhachtacha eile den aistriú chuig foinsí in-athnuaite fuinnimh iad aistriú cóir agus uassciliú a chinntiú i dtionscail a ndéanann an t-aistriú chuig fuinneamh glan difear dóibh. I bhfianaise an mhéid sin, d’ainmnigh an tAontas Eorpach 2023 mar Bhliain na Scileanna (léigh tuilleadh faoin méid sin i gCaibidil 6).
In 2023, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna ar leith trí thionscnaimh amhail an Plean Gníomhaíochta um Chumhacht Gaoithe, chabhraigh an Coimisiún le comhpháirtíocht scileanna ar mhórscála a sheoladh le haghaidh tionscail dianfhuinnimh - oscail i dtáb nua. agus comhpháirtíocht scileanna fuinnimh in-athnuaite ar mhórscála - oscail i dtáb nua.. Cinnteoidh na comhpháirtíochtaí sin go mbeidh na scileanna cearta ag lucht saothair na dtionscal sin chun coinneáil suas le haistriú an Aontais chuig fuinneamh in-athnuaite agus chun cabhrú leo dul i ngleic leis an margadh saothair atá ag athrú. Tá sé d’aidhm ag na comhpháirtíochtaí bearnaí scileanna a shainaithint agus curaclaim agus cláir oiliúna iomchuí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin.
Aistriú fuinnimh earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
I mí Feabhra 2023, chuir an Coimisiún teachtaireacht i láthair maidir le haistriú fuinnimh earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais - oscail i dtáb nua.. Tá sé d’aidhm ag na bearta faoin tionscnamh tacú le haistriú na hearnála chuig foinsí fuinnimh níos glaine, agus ar an gcaoi sin cuidiú le spleáchas reatha na hearnála ar bhreoslaí iontaise a laghdú, rud atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus a fhágann go bhfuil sí leochaileach i leith méaduithe ar phraghsanna fuinnimh freisin. (Chun tuilleadh sonraí a fháil féach Caibidil 3.)
Tá na comhpháirtíochtaí sin ina gcomhlánú freisin ar thionscnaimh atá ann cheana, amhail Acadamh Chomhghuaillíocht Ceallraí an Aontais - oscail i dtáb nua., a bhfuil sé d’aidhm aige oibrithe a oiliúint, a athsciliú agus a uassciliú chun freastal ar an éileamh ar oibrithe oilte i slabhra luacha cheallraí na hEorpa atá ag fás go tapa. Faoi láthair, tá oiliúint cheannródaíoch á forbairt agus á cur i bhfeidhm ag an acadamh i gcomhar le soláthraithe oideachais agus oiliúna ar fud na mBallstát.
Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta agus leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, tugadh isteach tionscnaimh thábhachtacha freisin chun lucht saothair oilte a chur chun cinn san Aontas. Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta bunaítear Acadaimh Tionscail GlanNialasachta chun tacú le táirgeadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Ar an gcaoi chéanna, leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla cruthaítear Acadamh Amhábhar, a dhíríonn ar scileanna a fheabhsú atá riachtanach don lucht saothair i slabhra soláthair na namhábhar criticiúil.
Seoladh an tIdirphlé maidir leis an Aistriú Glan in 2023 freisin. Dhírigh an chéad seisiún idirphlé - oscail i dtáb nua. ar hidrigin, rud a thug ionadaithe ó shlabhra luacha iomlán na hidrigine le chéile chun smaointe agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le conas gné thionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a neartú. Reáchtáladh an dara seisiún idirphlé - oscail i dtáb nua. le hionadaithe ó thionscail dianfhuinnimh.
Ar deireadh, chun tacú leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, tá comhairle phraiticiúil agus treoir shaincheaptha á gcur ar fáil ag an Aontas do na Ballstáit tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. In 2023, chuidigh an ionstraim sin le 17 mBallstát na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a shainaithint chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise - oscail i dtáb nua.. Áiríodh i réimsí na tacaíochta teicniúla ceadú níos tapúla le haghaidh fuinneamh inathnuaite; éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóiriú foirgneamh; táirgeadh hidrigine agus bithmheatáin; éagsúlú an tsoláthair gáis; agus dícharbónú na tionsclaíochta. Cuideoidh an tacaíocht sin leis an aistriú glas a bhaint amach agus le praghas an fhuinnimh a laghdú, rud a rachaidh chun tairbhe do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí.