Caibidil 3 – Eoraip aeráidneodrach rathúil a chruthú

Buachaill óg ag piocadh úll ó chrann, ag breathnú tríd an duilliúr atá taobh leis.

Réamhrá

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip treochlár an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis an mbagairt faoi thrí a bhaineann leis na géarchéimeanna aeráide, comhshaoil agus bithéagsúlachta. Leis sin, d’ardaigh an tAontas leibhéal a uaillmhianta aeráide trí ghealltanas a thabhairt aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Táthar ag déanamh athrú ó bhonn ar an Aontas le go mbeidh sé ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní.

In 2023, bhain an tAontas cloch mhíle thábhachtach amach ar a bhealach chun aeráidneodracht a bhaint amach. I lár mhí Dheireadh Fómhair, glacadh an phríomhreachtaíocht chun a sprioc mheántéarma a bhaint amach — agus í a shárú fiú — maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030.

Léirigh an adhaimsir réaltacht chrua an athraithe aeráide arís ar fud an Aontais agus ar fud an domhain, agus leagadh béim ar an ngá atá le hiarrachtaí leanúnacha chun astaíochtaí a laghdú a luaithe is féidir. Ag COP28, bhí ról ceannasach ag an Aontas maidir le comhaontú domhanda a chinntiú chun dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise agus chun gealltanas a thabhairt acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite dhomhanda a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030.

Réaltacht pláinéid atá ar fiuchadh

An cur isteach agus an scriosadh a tháinig as eachtraí adhaimsire san Eoraip agus ar fud an domhain in 2023, léiriú lom láidir ba ea é sin ar an mbagairt thromchúiseach shíoraí atá ann don tsochaí mar gheall ar an athrú aeráide, agus faoin ngá atá le gníomhaíocht phráinneach chun an pláinéad a chosaint.

Chuir dálaí tirime le séasúir falscaithe níos faide agus níos contúirtí, bhí falscaithe móra ann chomh luath le mí an Mhárta sa Spáinn, agus i mí Iúil agus i mí Lúnasa tharla na tinte ba mheasa riamh sa Ghréig, sa Spáinn agus sa Phortaingéil. An fhalscaí a tharla i réigiún thoir thuaidh na Gréige, Evros, ba é sin an fhalscaí ba mhó a chonacthas san Aontas riamh. De réir an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise - oscail i dtáb nua., faoin 22 Iúil bhí níos mó ná 181 000 heicteár talún ar fud an Aontais go hiomlán dóite - oscail i dtáb nua. cheana féin — breis agus 40 % os cionn an mheáin a taifeadadh idir 2003 agus 2022 (128 225 heicteár).

Mar fhreagairt ar an méadú ar an riosca falscaithe, in 2023 neartaigh an tAontas a chumais réamh-mheasta agus fadbhreathnaitheachta, threisigh sé a chabhlach comhraic dóiteáin rescEU - oscail i dtáb nua. agus shuí sé na céadta comhraiceoir dóiteáin ionas go raibh siad in ann tacaíocht a chur ar fáil láithreach. Chruthaigh sé Foireann Tacaíochta Falscaithe freisin mar chuid dá Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha - oscail i dtáb nua..

Ba é 2023 an bhliain ba theo ar domhan ó thosaigh na taifid, bhí 7 mí agus dhá shéasúr ann ina bhfacthas na teochtaí ab airde riamh. De réir Chlár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide - oscail i dtáb nua. de chuid an Aontais, bhí beagnach 50 % de na laethanta in 2023 níos mó ná 1.5 C os cionn na meánteochta réamhthionsclaí (1850-1900).

Dóiteán foraoise glónraithe ag tairgeadh deatach tiubh.
Tinte imithe as smacht i mbardasachtaí Candelaria agus Arafo, Tenerife, an Spáinn, an 16 Lúnasa 2023. © AFP

Is ábhar imní domhanda iad falscaithe. Chun cuidiú leis na falscaithe is measa i gCeanada le 10 mbliana anuas a mhúchadh (falscaithe a dhóigh thart ar 4 mhilliún heicteár, limistéar chomh mór leis an Ísiltír), thairg Ballstáit an Aontais seirbhísí thart ar 300 comhraiceoir dóiteáin don tír trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua. (féach Caibidil 8).

Tar éis na dtuilte agus na ndóiteán foraoise nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, is é an toradh a bhí ar ghlaonna in 2023 chun athshlánú ó thubaiste agus tacaíocht atógála a chur ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh - oscail i dtáb nua. slógadh na n-acmhainní uile a bhí ar fáil chun cúnamh a sholáthar.

Bhí báisteach an-trom ina cúis le tuilte marfacha i gcodanna den Aontas freisin, cuir i gcás sa Chróit, san Iodáil, san Ostair agus sa tSlóivéin.

Cnuasaigh crann agus díonta foirgneamh ag teacht as na tuilte forleathana atá timpeall orthu.
Amharc ón aer ar na limistéir atá buailte ag tuilte agus sciorrthaí talún in Emilia-Romagna, an Iodáil, an 25 Bealtaine 2023.

An 15 Iúil, chuir an tAontas tús leis an Lá bliantúil d’Íospartaigh na Géarchéime Domhanda Aeráide - oscail i dtáb nua., chun íospartaigh san Eoraip agus ar fud an domhain a chomóradh. Is é is aidhm don imeacht feasacht a mhúscailt maidir leis na céimeanna sonracha is féidir le daoine a dhéanamh chun an damáiste de dheasca an athraithe aeráide a laghdú agus chun a bheith níos ullmhaithe do thubaistí aeráide.

Lasmuigh den Eoraip, is bagairt thromchúiseach é an t-athrú aeráide do na tíortha is boichte ar domhan, rud a ghéaraíonn na géarchéimeanna atá ann cheana agus a éilíonn níos mó iarrachtaí chun freastal ar an méadú ar riachtanais dhaonnúla (féach Caibidil 8). De réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, tá méadú tagtha ar chion na dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim atá neamhchosanta ar dhálaí adhaeráide ó 76 % go 98 % le fiche bliain anuas.

I dtreo astaíochtaí glan-nialasacha

I dtuarascáil Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide - oscail i dtáb nua., a eisíodh i mí an Mhárta, thug an pobal eolaíochta rabhadh láidir arís faoin ngá atá le gníomhú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Athdhearbhaítear sa tuarascáil go bhfuil an domhan ag ardú níos teogo tapa mar gheall ar thionchar an duine, agus go gcuireann adhaimsir agus tubaistí beatha agus slite beatha i mbaol ar fud an domhain. Tá an eolaíocht soiléir: astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt chuig leibhéal glan-nialasach, sin an t-aon bhealach amháin chun stop a chur leis an téamh domhanda agus chun éifeachtaí an athraithe aeráide a laghdú. Ciallaíonn sé sin cothromaíocht a bhaint amach idir méid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear isteach san atmaisféar agus an méid a bhaintear as.

A bhuí le reachtaíocht aeráide agus fuinnimh atá ann cheana, tá laghdú 32.5 % tagtha cheana féin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais i gcomparáid le 1990, agus tá fás 60 % tagtha ar gheilleagar an Aontais sa tréimhse chéanna.

Bunchloch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip - oscail i dtáb nua. is ea an Eoraip a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach. Tá an cuspóir sin cumhdaithe sa Dlí Aeráide Eorpach - oscail i dtáb nua., in éineacht leis an ngealltanas atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990.

Chun é sin a bhaint amach, in 2021 thíolaic an Coimisiún Eorpach an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ de thograí reachtacha. In 2022, faoi Phlean REPowerEU - oscail i dtáb nua., d’ardaigh sé leibhéal uaillmhéine roinnt de na tograí sin (go háirithe na tograí sin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh - oscail i dtáb nua. agus fuinneamh in-athnuaite - oscail i dtáb nua.) d’fhonn spleáchas an Aontais ar iompórtálacha breoslaí iontaise ón Rúis a laghdú a thuilleadh (féach Caibidil 4). Faoi dheireadh 2023, bhí an phríomhreachtaíocht chun sprioc 2030 maidir le ghlanlaghdú 55 % a bhaint amach i bhfeidhm (féach thíos). Cuimsítear leis sin spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de lena gcumhdaítear gach earnáil den gheilleagar, sprioc chun linnte carbóin nádúrtha a threisiú agus Córas Trádála Astaíochtaí nuashonraithe de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua..

Measann níos mó ná 9 as gach deichniúr saoránach den Aontas gur fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide.

Breithnítear an méid seo a leanas maidir leis an athrú aeráide:

  • measann 77 % gur fadhb an-tromchúiseach é
  • measann 16 % gur fadhb sách tromchúiseach é
  • measann 7 % nach fadhb thromchúiseach é

Neartaíodh an córas atá ann cheana in 2023, agus leathnaíodh a raon feidhme chun astaíochtaí ó mhuiriompar a chumhdach. Cruthaíodh Córas nua Trádála Astaíochtaí ar leithligh chun praghsáil carbóin a leathnú chuig earnálacha nua den gheilleagar, go háirithe chuig breoslaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar. Chomh maith le praghas a chur ar an truailliú agus infheistíocht a ghiniúint san aistriú glas, cuirfidh an córas nua tacaíocht shóisialta ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí beaga chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

Meastar go laghdóidh an pacáiste reachtach deiridh glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais 57 % faoi 2030, i gcomparáid le 1990.

Le sásra - oscail i dtáb nua. nua chun earraí a iompórtáil ó lasmuigh den Aontas, cinnteofar go socrófar praghas carbóin in earnálacha spriocdhírithe. Cuimsítear sa reachtaíocht nua freisin spriocanna nuashonraithe maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus rialacha chun borradh a chur faoin mbonneagar luchtaithe agus faoin úsáid a bhaintear as breoslaí malartacha san iompar de bhóthar, sa loingseoireacht agus san eitlíocht.

In 2023, bhí ar na Ballstáit a ndréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide - oscail i dtáb nua. nuashonraithe a chur isteach, ina leagtar amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach. I mí na Nollag, rinne an Coimisiún measúnú ar na pleananna agus d’eisigh sé moltaí.

Gan aon duine a fhágáil ar lár

Chun aistriú glas cothrom agus cuimsitheach a chinntiú, ginfear €55 bhilliún in infheistíocht - oscail i dtáb nua. le linn na 10 mbliana seo romhainn chun tacú leo siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin an Aontais a bhfuil na dúshláin is mó rompu maidir le haistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. I gcomhar le páirtithe leasmhara náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, tá an tAontas ag cuidiú chun geilleagair réigiúnacha a éagsúlú agus an deis a thabhairt do dhaoine a bheith rathúil sa gheilleagar nua (féach freisin Caibidil 6).

San fhíseán seo, pléitear sprioc an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus leagtar béim ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, le tacaíocht do phobail a ndéantar difear dóibh tríd an gCiste um Aistriú Cóir agus tríd an Ardán um Aistriú Cóir le haghaidh saineolas comhroinnte. Leagtar béim ann ar an nuálaíocht, ar an bhfás inbhuanaithe agus ar thairbhí cothroma ar an mbóthar i dtreo todhchaí níos glaise.
FÍSEÁN An tArdán um Aistriú Cóir.

Oiriúnach do 55 – reachtaíocht a glacadh

Athchóiriú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais

Córas Nua Trádála Astaíochtaí an Aontais d’fhoirgnimh agus do bhreoslaí iompair de bhóthar

An Ciste Aeráide Sóisialta

An Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill

An Rialachán maidir le Talamhúsáid, Foraoiseacht agus Talmhaíocht

Caighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh carranna agus veaineanna

Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha

An Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite

An Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh

An Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha

An Rialachán ReFuelEU Aviation

An Rialachán ReFuelEU Maritime

Beidh iomaíochas an Aontais ag brath go mór ar a chumas na teicneolaíochtaí glana is gá a fhorbairt agus a mhonarú chun aistriú rathúil chuig geilleagar glan-nialasach a bhaint amach. Chun iomaíochas na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha a neartú san Aontas agus chun tacú leis an aistriú tapa i dtreo na haeráidneodrachta, thíolaic an Coimisiún Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach - oscail i dtáb nua. i mí Feabhra 2023. Is é is aidhm don phlean timpeallacht níos tacúla a chruthú chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a mhéadú le haghaidh teicneolaíochtaí agus táirgí glan-nialasacha (féach Caibidil 4).

Tá an tAontas ag tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha glan-nialasacha tríd an gCiste don Nuálaíocht - oscail i dtáb nua., arna mhaoiniú ag an gCóras Trádála Astaíochtaí. Is é is aidhm dó réitigh a thabhairt ar an margadh chun tionsclaíocht na hEorpa a dhícharbónú agus chun tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht, agus borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais ag an am céanna. Tá roinnt Ballstát ag tacú freisin le hacmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochtaí nuálacha faoina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Sheol an Coimisiún sraith Idirphlé maidir le hAistriú Glan chun go mbeidh sé in ann tacú le gach earnáil a samhail ghnó a fhorbairt chun an tionsclaíocht a dhícharbónú, ag tosú le hidirphlé maidir le tionscail hidrigine agus dianfhuinnimh in 2023 (féach Caibidil 4).

I dtreo geilleagar ciorclach

Le linn na bliana, lean an tAontas de dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo geilleagar ciorclach, agus é d’aidhm aige rud normálta a dhéanamh de tháirgí inbhuanaithe, brú ar acmhainní nádúrtha a laghdú, dramhaíl a laghdú agus fás agus poist inbhuanaithe a chruthú.

Gach bliain, caitear amach níos mó ná 5 mhilliún tona éadaí san Aontas (os cionn 11 kg in aghaidh an duine), ach ní bhailítear ach 22 % den dramhaíl sin ar leithligh lena hathúsáid nó lena hathchúrsáil, agus is minic a loisctear an chuid eile nó a sheoltar í go líonadh talún. Leis na rialacha nua atá beartaithe - oscail i dtáb nua. maidir le teicstílí, beidh táirgeoirí freagrach as saolré a dtáirgí, bainistiú dramhaíola go háirithe, rud a chuirfidh láimhseáil inbhuanaithe dramhaíola teicstíle chun cinn ar fud an Aontais. Trí infhaighteacht na dteicstílí úsáidte agus athchúrsáilte a mhéadú, tá coinne leis go gcruthófar poist áitiúla agus go sábhálfaidh tomhaltóirí airgead san Aontas agus níos faide i gcéin, agus an tionchar a bhíonn ag táirgeadh teicstílí ar acmhainní nádúrtha á laghdú san am céanna. Seoladh an feachtas ReSet the Trend - oscail i dtáb nua. in 2023 chun feasacht a mhúscailt maidir le faisean inbhuanaithe.

Baineann tionchar ollmhór eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil le cur amú bia. Faoi thogra nua - oscail i dtáb nua. a chuir an Coimisiún i láthair i mí Iúil, beifear ag súil go ndéanfaidh na Ballstáit cur amú bia - oscail i dtáb nua. a laghdú 10 % sa phróiseáil agus sa mhonaraíocht, agus go ndéanfaidh siad na leibhéil mhiondíola agus tomhaltais a laghdú 30 % (per capita) faoi 2030. Rachaidh na spriocanna nua sin chun tairbhe na slándála bia agus laghdóidh siad astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus costais do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí á laghdú ag an am céanna.

Cur amú bia

Gintear 58.4 milliún tona (131 kg/duine/bliain) san Aontas gach bliain. (Foinse: Eurostat, Meán Fómhair 2023.)

Cuirtear amú thart ar 10 % den bhia ar fad a sholáthraítear do mhiondíoltóirí, do sheirbhísí bia agus do theaghlaigh.

Gineann teaghlaigh os cionn leath den dramhaíl bia (54 %).

Is ón earnáil próiseála agus monaraíochta an dara sciar is mó (21 %).

Mar bhonn taca leis na hiarrachtaí sin, ghlac an Coimisiún Creat Faireacháin athbhreithnithe don Gheilleagar Ciorclach - oscail i dtáb nua. chun rianú níos fearr a dhéanamh ar an dul chun cinn san aistriú chuig geilleagar ciorclach san Aontas, agus ar an méid a chuireann sé le hinbhuanaitheacht dhomhanda agus le hathléimneacht an Aontais. Cuimsítear sa chreat sin táscairí nua, an lorg ábhair agus táirgiúlacht acmhainní cuir i gcás, chun an dul chun cinn i dtreo spriocanna maidir le cosc dramhaíola a thomhas.

Gach bliain, baineann beagnach 6 mhilliún feithicil san Aontas Eorpach deireadh ré a n-úsáide amach. Cailltear luach agus truailliú mar thoradh ar an láimhseáil neamhleor a dhéantar ar fheithiclí a bhfuil deireadh a ré bainte amach acu. Leis na rialacha nua atá beartaithe - oscail i dtáb nua., lena gcumhdófar gach gné d’fheithicil óna dearadh agus óna cur ar an margadh go dtí a cóireáil deiridh, tá coinne leis go nginfear €1.8 billiún i nglanioncam faoi 2035. Beidh coigilteas suntasach carbóin agus spleáchas laghdaithe ar amhábhair mar thoradh orthu freisin, agus cruthófar poist bhreise agus sruthanna ioncaim feabhsaithe don tionscal bainistithe dramhaíola agus athchúrsála.

Virginijus Sinkevičius ina sheasamh le beirt eile ag breathnú ar shaoráid chun ábhair cairr úsáidte a athchúrsáil. Iompraíonn crios iompair dubh blúirí beaga suas i dtreo píopa fada a fheiceáil sa chúlra.
Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach (ar dheis), ar cuairt ar chuideachta atá ar thús cadhnaíochta i réimse an gheilleagair chiorclaigh, an Bheilg, Mí Iúil 2023.

Mar thoradh ar bhearta nua chun borradh a chur faoin gciorclaíocht in earnáil na ngluaisteán, d’fhéadfaí suas le 4 mhilliún gluaisteán breise a athchúrsáil agus 22 000 post breise a bheith ann faoi 2035.

Thángthas ar chomhaontú - oscail i dtáb nua. polaitiúil maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacha nua maidir le loingsithe dramhaíola, lena gcinnteofar go nglacfaidh an tAontas níos mófreagrachta as a dhramhaíl féin. Beidh cosc ar dhramhaíl phlaisteach a easpórtáil ón Aontas chuig tíortha nach baill den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta iad. Cuideoidh an comhaontú le truailliú dramhaíola a laghdú agus leis an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn.

Bíonn tionchar suntasach ag táirgí ar an gcomhshaol ar feadh a saolré — ó eastóscadh amhábhar go dtí a monarú, a n-iompar, a n-úsáid agus deireadh a saolré. I mí na Nollag, thángthas ar chomhaontú - oscail i dtáb nua. maidir leis an togra chun rud normálta a dhéanamh de tháirgí inbhuanaithe san Aontas. Leis an Rialachán nua maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, cuirtear leis na rialacha éicidhearthóireachta - oscail i dtáb nua. atá ann cheana, ar rialacha iad a spreag éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe táirgí san Aontas le beagnach 20 bliain anuas. Leis an dlí nua, leathnófar an creat atá ann faoi láthair ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos, chun an raon is leithne is féidir táirgí a chlúdach; ar an dara dul síos, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme na gceanglas nach mór do tháirgí a chomhlíonadh a leathnú.

Tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais, is gné thábhachtach é sin chun cuspóirí tomhaltais inbhuanaithe an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú - oscail i dtáb nua. i mí Mheán Fómhair maidir leis an togra le haghaidh rialacha nua lena gcinnteofar go mbeidh tomhaltóirí níos eolaí faoi mharthanacht agus indeisitheacht na n-earraí a cheannaíonn siad, agus go mbeidh cosaint níos fearr acu ar chleachtais tráchtála éagóracha. Beidh toirmeasc nua ann freisin ar mhaímh mhíthreoracha i leith táirgí bunaithe ar fhritháireamh astaíochtaí. Tá togra - oscail i dtáb nua. curtha i láthair ag an gCoimisiún freisin chun rochtain ar sheirbhísí deisiúcháin agus faisnéis faoi na seirbhísí sin a fheabhsú. Leis sin, cuirtear deisiú thar athsholáthar chun cinn le linn na ráthaíochta dlíthiúla agus ceanglaítear ar mhonaróirí earraí atá agus a bheidh faoi réir ceanglais shonracha indeisitheachta (éicidhearthóireachta) faoi dhlí an Aontais a dheisiú.

Roghanna inbhuanaithe a dhéanamh

Chun bearta a chomhlánú ar mhaithe le tomhaltóirí a chumhachtú, tá rialacha nua molta - oscail i dtáb nua. ag an gCoimisiún freisin chun dul i ngleic leis an nglas-snasú — sa chás ina ndealraíonn sé go bhfuil táirgí nó próisis níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ná mar atá siad i ndáiríre. Trína chinntiú go bhfuil lipéid agus maímh comhshaoil inchreidte agus iontaofa, beidh tomhaltóirí in ann cinntí ceannaigh níos eolasaí a dhéanamh. Cuirfidh sé borradh freisin faoi iomaíochas gnólachtaí atá ag iarraidh inbhuanaitheacht comhshaoil a dtáirgí agus a ngníomhaíochtaí a mhéadú.

Cuireadh bailchríoch ar rialacha nua - oscail i dtáb nua. chun cabhrú le tomhaltóirí roghanna eolasacha agus roghanna atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh agus fóin phóca agus táibléid á gceannach acu. Cuirfidh rialacha nua éicidhearthóireachta feabhas ar mharthanacht, ar indeisitheacht, ar in-athúsáideacht agus ar in-athchúrsáilteacht na ngléasanna sin. Idir an dá linn, déanfaidh an lipéad nua fuinnimh ar fhóin chliste agus ar tháibléid a n-éifeachtúlacht agus a marthanacht a mhionsonrú, agus tabharfaidh scór indeisitheachta treoir do thomhaltóirí maidir le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh. Beidh feidhm ag na rialacha ón 20 Meitheamh 2025.

Físeán ina mínítear bearta an Aontais chun dul i ngleic leis an nglas-snasú, amhail dlíthe nua lena gcruthaítear éilimh chomhshaoil do chuideachtaí, critéir choiteanna chun na maímh sin a sheiceáil agus éicilipéid iontaofa a chur chun cinn.
FÍSEÁN An dlí nua atá beartaithe maidir le maímh ghlasa.

An Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a chur chun cinn

Uisce

In 2023, agus an Treoir athbhreithnithe maidir le hUisce Óil - oscail i dtáb nua. ionchorpraithe sa reachtaíocht náisiúnta anois, tháinig rialacha nua i bhfeidhm ar fud an Aontais. Cinnteoidh na rialacha sin go mbeidh cuid de na caighdeáin is airde ar domhan ann maidir le huisce óil.

I mí an Mheithimh, mar fhreagairt ar fhianaise go bhfuil níos lú báistí i go leor áiteanna san Aontas anois, tháinig ceanglais nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm maidir le hathúsáid shábháilte fuíolluisce chóireáilte in uisciú talmhaíochta.

Foilsíodh tuarascáil de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua. ina ndearnadh anailís ar cheann de na tubaistí éiceolaíocha is mó san Eoraip le blianta beaga anuas, inar cailleadh thart ar 360 tona éisc in Abhainn Oder i mí Feabhra 2023. Meastar inti gurb é blás algach tocsaineach suntasach ba chúis leis sin, agus déantar moltaí chun nach dtarlóidh teagmhas turraingeach den sórt sin arís.

Radharc ón aer d’abhainn.
© Getty Images

Tá caighdeán an-ard sábháilteachta muirí bainte amach in uiscí an Aontais, gan ach beagán básanna agus gan aon mhórdhoirteadh ola. Mar sin féin, tuairiscítear breis agus 2 000 timpiste agus teagmhas muirí fós gach bliain. I mí an Mheithimh, chuir an Coimisiún cúig thogra reachtacha - oscail i dtáb nua. i láthair chun rialacha an Aontais a nuachóiriú agus truailliú uisce ó longa a chosc.

Tá sé d’aidhm ag na tograí freisin sceitheadh neamhdhleathach isteach i bhfarraigí na hEorpa a chosc chun tionchar gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcomhshaol a laghdú agus an t-éiceachóras muirí a chaomhnú.

Sábháilteacht mhuirí a mhéadú

Léirítear sa ghrafaic faisnéise conas a bheidh rialacháin agus cigireachtaí níos déine mar thoradh ar thacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, chun líon na dtionóiscí muirí a laghdú.

Tá dianchaighdeáin sábháilteachta muirí an Aontais éifeachtach, ach tá cur chuige nua ag teastáil le haghaidh dúshláin agus teicneolaíochtaí nua. Tá sé beartaithe ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí tacaíocht a leathnú i bhfoirm cineálacha cur chuige agus teicneolaíochtaí nua, amhail cigireachtaí níos éifeachtaí, comhroinnt faisnéise idir stáit bhrataí maidir le torthaí cigireachtaí, úsáid níos mó a bhaint as réitigh dhigiteacha, amhail ríomhdheimhnithe, sábháilteacht soithí iascaireachta a fheabhsú agus feabhas a chur ar chumas na mBallstát saincheisteanna sábháilteachta agus neamh-chomhlíonadh comhshaoil agus truaillithe a bhrath. Beidh trí phríomhghníomhaíocht mar thoradh ar na hathruithe sin. 1. Beidh ar na stáit bhrataí a chinntiú go mbeidh longa oiriúnach le seoladh. 2. Déanfaidh cigirí stát calafoirt cigireacht ar longa eachtracha a thabharfar chun cé i gcalafoirt. 3. Cinnfear le himscrúduithe ar thionóiscí muirí na bunchúiseanna atá le tionóiscí chun cosc a chur ar chásanna comhchosúla tarlú amach anseo.

Ceimiceáin

Faoi thogra - oscail i dtáb nua. ón gCoimisiún chun saoránaigh an Aontais agus an comhshaol a chosaint ar mhearcair tocsaineach, beidh toirmeasc iomlán ar úsáid malgaim fiaclóireachta. Úsáidtear thart ar 40 tona mearcair in aghaidh na bliana san Aontas chun na críche sin. Cuirfidh an togra toirmeasc freisin ar mhonarú agus ar onnmhairiú táirgí áirithe ina bhfuil mearcair, mar shampla, lampaí.

Torann

Is é torann an dara bagairt is mó ar shláinte an chomhshaoil san Eoraip tar éis truailliú aeir. Leagtar amach i dtuarascáil - oscail i dtáb nua. ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Torann Comhshaoil conas is féidir torann a laghdú tuilleadh chun an sprioc laghdaithe 30 % a bhaint amach faoi 2030.

Astaíochtaí tionsclaíocha

Rialaítear leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha - oscail i dtáb nua. thart ar 52 000 suiteáil thionsclaíoch agus bheostoic níos mó ar fud an Aontais. Ceanglaítear orthu cead a bheith acu bunaithe ar úsáid na dteicnící is fearr atá ar fáil (TIFAF). In 2023, rinneadh sraith nua meastóireachtaí TIFAF maidir le seamlais, seachtháirgí ainmhithe agus tionscail chomhtháirgí inite. Beidh ar thart ar 800 seamlas san Aontas na caighdeáin nua sin a chomhlíonadh chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

Micreaphlaistigh

Ghlac an Coimisiún céim mhór eile chun an comhshaol a chosaint trí bhearta - oscail i dtáb nua. a ghlacadh a chuireann srian ar mhicreaphlaistigh a chuirtear le táirgí d’aon ghnó. Leis na rialacha nua, cuirfear cosc le thart ar leathmhilliún tona micreaphlaisteach a scaoileadh isteach sa chomhshaol.

An bhithéagsúlacht

Tá an dúlra ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide a chomhrac. Cuireann díghrádú an chomhshaoil nádúrtha le dóchúlacht agus déine teagmhas ar nós tuilte agus falscaithe, rud a fhágann gurb iad an dúlra agus an bhithéagsúlacht an chosaint is fearr atá ag an Eoraip ar thubaistí nádúrtha.

Thángthas ar chomhaontú polaitiúil sealadach - oscail i dtáb nua. i mí na Samhna maidir leis an Dlí um Athbhunú Dúlra - oscail i dtáb nua., lenar cuireadh tús le próiseas le haghaidh téarnamh leanúnach marthanach an dúlra. Cuirfidh na Ballstáit bearta athbhunúcháin i bhfeidhm i 20 % ar a laghad de limistéir talún an Aontais agus in 20 % dá fharraigí faoi 2030. Faoi 2050, ba cheart bearta den sórt sin a bheith i bhfeidhm le haghaidh na n-éiceachóras ar fad a bhfuil athbhunú de dhíth orthu.

Ithir

Tá ithreacha sláintiúla ríthábhachtach chun an tslándáil bia a chinntiú, an aeráidneodracht a bhaint amach agus chun stop a chur le gaineamhlú agus díghrádú talún. Mar sin féin, tá breis agus 60 % d’ithreacha na hEorpa míshláintiúil. Is é is aidhm don togra le haghaidh dlí maidir le faireachán ithreach - oscail i dtáb nua. an tAontas a chur ar chonair chuig ithreacha sláintiúla faoi 2050, trí shonraí maidir le sláinte na n-ithreacha a bhailiú agus a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do bhainisteoirí ithreach eile. Leis an dlí nua, déanfar rud normálta den bainistiú inbhuanaithe ithreach freisin. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún treoir do pháirtithe leasmhara maidir le deiseanna cistiúcháin an Aontais d’ithir shláintiúil. Le Forógra an Mhisin Ithreach - oscail i dtáb nua., a seoladh i mí Aibreáin, tugtar le chéile lucht ceaptha beartas réigiúnach agus áitiúil, páirtithe leasmhara agus saoránaigh i bpobal bríomhar a thugann aire do shláinte na hithreach. Shínigh breis agus 2 100 duine aonair agus 350 eagraíocht an tionscnamh deonach faoi dheireadh na bliana. Aithníonn sínitheoirí an gá atá le gníomhaíocht maidir le sláinte ithreach agus dul i mbun gníomhaíochtaí chun an ithir a chosaint agus a athbhunú.

Pailneoirí

Agus ceann amháin as gach trí speiceas de bheacha, féileacáin agus beacha gabhair san Aontas ag dul in éag, chuir an Coimisiún tionscnamh athnuaite - oscail i dtáb nua. i láthair in 2023 ina leagtar amach an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun meath na bpailneoirí a aisiompú faoi 2030. Tá saoránaigh ag éileamh gníomhaíochta cinntithí i gcoinne caillteanas pailneoirí níos mó agus níos mó, agus le déanaí tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí - oscail i dtáb nua.’. Rinne an tAontas uasleibhéil iarmhar dhá lotnaidicíd neoinicitínóideacha i mbia a ísliú - oscail i dtáb nua. go dtí an leibhéal is ísle is féidir a thomhas leis na teicneolaíochtaí is déanaí. Tá cosc ar chlóitiainídin - oscail i dtáb nua. agus tiaimeatocsam - oscail i dtáb nua. a úsáid amuigh faoin aer san Aontas cheana féin. Beidh feidhm ag na leibhéil nua maidir le táirgí bia agus beatha a tháirgtear san Aontas nó a iompórtáiltear isteach san Aontas. Cinnteofar leis sin nach gcuirfidh bia a chuirtear ar an margadh inmheánach le meath na bpailneoirí, gan beann ar an áit ina dtáirgtear é.

Bíonn tionchar díreach ag sláinte ithreach ar shlándáil bia an Aontais

Déantar 95 % dár mbia a tháirgeadh go díreach nó go hindíreach in ithreach.

Cosnaíonn creimeadh ithreach €1.25 billiún in aghaidh na bliana ar tháirgiúlacht talmhaíochta a chailltear.

Tá iarmhair lotnaidicídí in 83 % d’ithreacha an Aontais.

Tá níos mó ná 23 % den talamh talmhaíochta buailte ag balcadh, ag laghdú táirgiúlachta.

Foraoisí

Tá fíorghá le foraoisí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta. A mhéid is féidir le talamh, agus earnáil na talamhúsáide go háirithe, cur le maolú ar an athrú aeráide, braitheann sé go mór ar an gcaoi a n-úsáidtear agus a mbainistítear na limistéir sin. Tá laghdú suntasach tagtha ar an aistriú carbóin in earnáil talamhúsáide an Aontais le blianta beaga anuas, agus tá meath ag teacht ar fheidhm na linne talún. In 2023, rinne an tAontas a reachtaíocht - oscail i dtáb nua. maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a uasghrádú chun borradh a chur faoin aistriú carbóin agus chun bainistiú inbhuanaithe talún talmhaíochta agus foraoise a chur chun cinn.

I mí na Samhna, mhol - oscail i dtáb nua. an Coimisiún dlí maidir le faireachán ar fhoraoisí arb é is aidhm dó bonn cuimsitheach eolais a chruthú lena gcuirfear ar chumas na mBallstát, na n-úinéirí foraoise agus na mbainisteoirí foraoisí feabhas a chur ar a bhfreagairt ar an mbrú méadaitheach atá ar fhoraoisí, brú atá ag dul in olcas mar gheall ar an athrú aeráide. Chomh maith lena cinntiú go mbeidh foraoisí níos athléimní i gcoinne bagairtí trasteorann (lotnaidí, triomach agus falscaithe), cuideoidh an creat faireacháin le húinéirí agus bainisteoirí foraoise tairbhe a bhaint as scéimeanna íocaíochta éiceachórais, cuir i gcás scéim deimhniúcháin aistrithe carbóin an Aontais.

I mí an Mheithimh tháinig Rialachán ceannródaíoch an Aontais maidir le slabhraí soláthair gan dhífhoraoisiú - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm, ar bunchloch thábhachtach é sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta. Beidh 18 mí ag oibreoirí agus ag trádálaithe chun na rialacha nua a chur chun feidhme. Nuair a chuirfear i bhfeidhm iad, cinnteofar nach gcuirfidh sraith earraí tábhachtacha a easpórtáiltear ón Aontas nó a chuirtear ar mhargadh an Aontais leis an dífhoraoisiú ná leis an díghrádú foraoise a thuilleadh, san Aontas Eorpach féin ná in áiteanna eile ar domhan. Tá ola pailme, caife, soighe agus seacláid san áireamh ar an liosta sin. Cuideoidh na rialacha nua freisin le slí bheatha na milliún duine a dhaingniú, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla ar fud an domhain san áireamh, ar pobail iad a bhíonn ag brath go mór ar éiceachórais na bhforaoisí.

Duine ag caitheamh hata leathan agus léine fada ag sileadh pónairí caife ar dhromchla cothrom amuigh faoin aer, le tírdhreach glas tuaithe sa chúlra.
© Adobe Stock

Córais inbhuanaithe bia

Nuair a d’fhormheas an Coimisiún gach ceann de na 28 bplean straitéiseacha - comhad PDF – oscail i dtáb nua., cuireadh tús leis an gComhbheartas Talmhaíochta nua - oscail i dtáb nua. (CBT) an 1 Eanáir 2023. Beidh €264 bhilliún de chistiú ón Aontas ann san iomlán chun tacú le feirmeoirí na hEorpa agus iad ag aistriú chuig earnáil talmhaíochta níos inbhuanaithe agus níos athléimní, agus chun cuidiú le beogacht agus éagsúlacht na gceantar tuaithe a chaomhnú idir 2023 agus 2027. Cuirfear beagnach €98 mbilliún ar leataobh chun tairbhí a chur ar fáil don aeráid, don uisce, don ithir, don aer, don bhithéagsúlacht agus do leas ainmhithe, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Cuirfidh CBT nua le cuspóirí an Aontais maidir le húsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú mar aon leis an riosca a bhaineann leo agus méadófar go mór an tacaíocht spriocdhírithe don fheirmeoireacht orgánach. Cuirfidh sé dreasachtaí ar fáil freisin do bhainisteoirí talún chun carbón a stóráil san ithir agus i mbithmhais agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i 35 % de limistéar talmhaíochta an Aontais trí chleachtais bhainistíochta iomchuí, agus táthar ag súil le huainíocht na mbarr ar 85 % den talamh arúil a fhaigheann tacaíocht ó CBT.

Agus na hábhair imní maidir leis an soláthar bia ag dul i méid, lean an Coimisiún dá chuid oibre maidir le mapáil a dhéanamh ar thionscnóirí na slándála bia. Cuirfidh togra - oscail i dtáb nua. nua chun úsáid shábháilte teicnící géanómaíocha nua - oscail i dtáb nua. a chumasú le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo córais bhia níos inbhuanaithe agus an tslándáil bia á cosaint ag an am céanna. Is féidir leis na teicnící sin cineálacha plandaí atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí agus plandaí ardtáirgeachta a chruthú, rud a laghdóidh an gá le lotnaidicídí ceimiceacha agus spleáchas an Aontais ar iompórtálacha talmhaíochta. Mhol an Coimisiún reachtaíocht nua de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua. maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí agus foraoise chun éagsúlacht agus cáilíocht síolta, gearrthóga agus ábhar plandaí eile a mhéadú.

Ní hamháin gur uirlis é CBT chun tacú le bearta téarnaimh agus athbhunúcháin tar éis géarchéime, cuireann sé ar chumas feirmeoirí éifeachtaí an athraithe aeráide agus dúshláin eile a thuar agus oiriúnú dóibh freisin. Tá an tAontas ag féachaint ar an mbealach is fearr chun tacú le feirmeoirí an Aontais, agus ar conas beartais talmhaíochta an Aontais a chur in oiriúint dá riachtanais. Chun an méid sin a bhaint amach, seolfar an Plé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach i mí Eanáir 2024.

Janusz Wojciechowski ag tabhairt cuairt ar fheirm le grúpa daoine. Tá píosaí móra innealra le feiceáil sa chúlra.
Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht (sa tulra, ar dheis), ag tabhairt cuairt ar phobail a raibh tionchar ag tuilte sna páirceanna orthu in Thessaly, an Ghréig, Mí Dheireadh Fómhair 2023.

Leas ainmhithe

Tá an tAontas ag gníomhú chun leas ainmhithe a fheabhsú le breis agus 40 bliain anuas. Tá sé ag déanamh beatha ainmhithe níos fearr de réir a chéile agus ag glacadh le caighdeáin leasa atá i measc na gcaighdeán is airde ar domhan. Lean sé sin ar aghaidh in 2023 le togra - oscail i dtáb nua. chun athchóiriú a dhéanamh ar rialacha reatha an Aontais maidir le hiompar ainmhithe, rud a chuirfidh feabhas ar fholláine 1.6 billiún ainmhí a iompraítear laistigh den Aontas agus amach as an Aontas gach bliain. Dírítear sa togra ar chuspóirí sonracha, cuir i gcás amanna taistil a laghdú, lamháltais íosta spáis a mhéadú agus feabhas a chur ar na dálaí d’ainmhithe a easpórtáiltear ón Aontas. Is tosaíocht i gcónaí é an reachtaíocht atá ann cheana a fhorfheidhmiú, agus leanadh d’iniúchtaí agus rialuithe rialta a dhéanamh le linn 2023 i réimsí éagsúla.

Chomh maith leis sin, leis na rialacha nua maidir le leas agus inrianaitheacht madraí agus cat - oscail i dtáb nua., den chéad uair riamh, bunófar caighdeáin aonfhoirmeacha an Aontais maidir le pórú, tithíocht agus láimhseáil madraí agus cat i mbunaíochtaí pórúcháin, i siopaí peataí agus i ndídean. Déanfar inrianaitheacht madraí agus cat a threisiú freisin trí shainaithint agus clárú éigeantach i mbunachair sonraí náisiúnta chun an trádáil neamhdhleathach a chomhrac agus fágfaidh sé go mbeifear in ann dálaí leasa i mbunaíochtaí den sórt sin a rialú ar bhealach níos fearr.

Thug an Coimisiún freagra ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh - oscail i dtáb nua.’ — an deichiú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh bhreis agus 1.5 milliún saoránach ar fud an Aontais leis. Cé nach moltar aon reachtaíocht eile ag an gcéim seo, tá sraith beart beartaithe ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar aidhmeanna an tionscnaimh, cuir i gcás trí chúram a chur ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia tuairim eolaíoch a ullmhú maidir le leas ainmhithe fionnaidh faoi mhí an Mhárta 2025.

Tá bearta breise maidir le leas ainmhithe á n-ullmhú, an obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Cuir clabhsúr ar ré na gcaighean’, mar shampla.

Cad atá le rá ag muintir an Aontais faoi leas ainmhithe?

An gá atá le leas ainmhithe a chosaint ar bhealach níos fearr

Ceapann 84 % gur cheart cosaint níos fearr a thabhairt do leas ainmhithe feirmshaothraithe.

Ceapann 74 % gur cheart cosaint níos fearr a thabhairt do leas peataí.

Leas ainmhithe feirmshaothraithe

Measann 91 % go bhfuil sé tábhachtach.

Ní mheasann 8 % go bhfuil sé tábhachtach.

Tá leas ainmhithe tábhachtach do mhuintir an Aontais, mar a léirítear i suirbhé Eorabharaiméadair a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair.

Iascach agus aigéin inbhuanaithe

Cuireann an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta inbhuanaitheacht na n-acmhainní iascaigh agus dobharshaothraithe i mbaol. Leagtar amach i bpacáiste beart - oscail i dtáb nua. a cuireadh chun cinn i mí Feabhra bearta chun dul i ngleic leis na dúshláin sin tríd an gComhbheartas Iascaigh - oscail i dtáb nua. agus Plean Gníomhaíochta Muirí - oscail i dtáb nua. nua a chur chun feidhme. Cuireann na bearta bealaí ar fáil chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhéadú, cuir i gcás trí thacú leis an aistriú fuinnimh a bhfuil géarghá leis (féach Caibidil 4). Cuireann an pacáiste le gealltanas an Aontais i leith 30 % ar a laghad dá fharraigí a chosaint (agus 10 % den limistéar sin a bheith faoi dhianchosaint). Déanfar na bearta atá beartaithe de réir a chéile chun cur ar chumas na hearnála í féin a oiriúnú.

Is é is aidhm do rialacha nua - oscail i dtáb nua. a ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle in 2023 cuidiú le cosc a chur ar an ró-iascaireacht agus córas rialaithe iascaigh níos éifeachtaí agus níos comhchuibhithe a chruthú, agus leas iomlán á bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha. Cuimsítear leis sin úsáid a bhaint as cianfhaireachán leictreonach agus TCI ar bord soithí iascaireachta, agus úsáid éigeantach uirlisí digiteacha i ndeimhniú gabhála agus i bpróisis inrianaitheachta ar mhaithe le hiompórtálacha a fhaightear ó iascaireacht neamhdhleathach a chosc.

Ba dhíol sásaimh don Choimisiún an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Cuir deireadh le Teascadh Eití — Cuir deireadh leis an trádáil - oscail i dtáb nua.’, inar iarradh air deireadh a chur leis an trádáil idirnáisiúnta in eití scaoilte siorcanna, ag tosú le cosc a chur ar an trádáil ar mhargadh an Aontais. Breithneoidh an Coimisiún an bhfuil gá le reachtaíocht. Cuirfidh sé dlús freisin le forfheidhmiú bhearta inrianaitheachta an Aontais agus rachaidh sé i dteagmháil le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun siorcanna a chosaint agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe ar fud an domhain.

Tar éis breis agus 10 mbliana de chaibidlíocht iltaobhach, glacadh an Conradh maidir leis an Mórmhuir - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh. Is éacht stairiúil é an conradh seo maidir le hiarrachtaí chun an t-aigéan a chosaint, chun dul i ngleic le díghrádú an chomhshaoil, chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun cailliúint na bithéagsúlachta ar an mórmhuir a chosc. Bhí sé ina thosaíocht ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, agus bhí siad i gceannas ar an gcaibidlíocht - oscail i dtáb nua. ar an leibhéal domhanda. Tiocfaidh an conradh i bhfeidhm nuair a bheidh sé daingnithe ag 60 páirtí.

Ghlac an tAontas go foirmiúil - oscail i dtáb nua. le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais Iascaigh thar ceann na mBallstát. Tá an comhaontú ríthábhachtach chun a chinntiú gurb í an inbhuanaitheacht an príomhchuspóir sna fóirdheontais iascaigh agus nach ndéanfar dochar do na haigéin agus do na stoic éisc ar a mbraitheann slite maireachtála na bpobal cósta ar fud an domhain. Tiocfaidh sé i bhfeidhm nuair a bheidh na próisis daingniúcháin intíre curtha i gcrích ag dhá thrian de na 164 chomhalta den eagraíocht.

An tsoghluaisteacht inbhuanaithe

Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas i réimse leathan tionscadal iompair chun feabhas a chur ar bhonneagar trasteorann agus chun teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa - oscail i dtáb nua. 2021-2027. I measc na dtionscadal a fuair cistiú ón Aontas in 2023 - oscail i dtáb nua. tá mórnaisc iarnróid trasteorann, go háirithe Brenner Base Tunnel (lena nasctar an Iodáil agus an Ostair), Rail Baltica (lena nasctar na trí stát Bhaltacha agus an Pholainn leis an gcuid eile den Eoraip) agus an stráice trasteorann idir an Ghearmáin agus an Ísiltír (Emmerich-Oberhausen). Leis an €6.2 billiún de chistiú, tacaítear le tionscadail a chuireann le gréasán iarnróid, uiscebhealaí intíre, bóithre agus bealaí muirí atá níos éifeachtúla, níos glaise agus níos cliste, agus a bhformhór ag dul chuig modhanna iompair inbhuanaithe. Chun feabhas a chur ar naisc iarnróid trasteorann ar fud na hEorpa, d’fhógair an tAontas tacaíocht in 2023 le haghaidh 10 dtreoirthionscadal de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua. lena mbunaítear seirbhísí iarnróid nua nó lena bhfeabhsaítear na cinn atá ann cheana — rud a fhágann go mbeidh na seirbhísí sin níos tapúla, níos minice agus níos inacmhainne.

Ina theannta sin, d’infheistigh an tAontas os cionn €540 milliún i mbonneagar breoslaí malartacha feadh an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair. Beidh thart ar 14 000 pointe luchtaithe agus 81 stáisiún athbhreoslaithe hidrigine mar thoradh air sin, mar aon le leictriú calafort agus aerfort.

Mhol - oscail i dtáb nua. an tAontas freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte - oscail i dtáb nua., arb é is aidhm dó iompar lasta a dhéanamh níos inbhuanaithe trí fheabhas a chur ar an iomaíochas a bhaineann le dhá mhodh iompair nó níos mó a úsáid.

athbhreithniú curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún ar na caighdeáin maidir le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó fheithiclí tromshaothair - oscail i dtáb nua., cuir i gcás trucailí, busanna cathrach agus busanna fad-achair. Is iad sin is cúis le breis agus 25 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar san Aontas agus le breis agus 6 % d’astaíochtaí iomlána an Aontais. Chun úsáid níos gaiste busanna astaíochtaí nialasacha a spreagadh i gcathracha, mhol an Coimisiún go mbeidh gach bus uirbeach nua ina bhus astaíochtaí nialasacha ó 2030 ar aghaidh.

Adina Vălean ag labhairt le beirt fhear ina seasamh lena rothair.
Adina Vălean, an Coimisinéir Eorpach um Iompar (ar dheis), le linn Laethanta Soghluaisteachta Uirbí 2023 in Sevilla, an Spáinn, an 4 Deireadh Fómhair 2023.

Eitlíocht

I mí Dheireadh Fómhair, ghlac an tAontas an Rialachán Eitlíochta ReFuelEU - oscail i dtáb nua. chun úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur chun cinn. Leis na rialacha nua, ceanglófar ar sholáthróirí breosla eitlíochta breoslaí inbhuanaithe a chumasc le ceirisín i méideanna méadaitheacha ó 2025. Tuartar go laghdóidh sé sin astaíochtaí CO2 ó aerárthaí faoi thart ar dhá thrian faoi 2050 i gcomparáid le cás neamhghníomhaíochta, agus go soláthróidh sé tairbhí don aeráid agus do cháilíocht an aeir.

Tá an Chomhghuaillíocht um Eitlíocht Astaíochtaí Nialasacha - oscail i dtáb nua., a seoladh in 2022, ag ullmhú chun aerárthaí faoi thiomáint hidrigine agus aerárthaí leictreacha a chur i seirbhís. Tá beagnach 300 saineolaí ó 141 balleagraíocht na comhghuaillíochta ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna atá ríthábhachtach dá gcur i bhfeidhm. Sa tuarascáil ar dhul chun cinn - comhad PDF – oscail i dtáb nua. a d’fhoilsigh an chomhghuaillíocht, áitítear nach mór na blianta atá le teacht a úsáid chun creat rialála iomchuí a bhunú.

Loingseoireacht

Leis an Rialachán Muirí Fuel EU - oscail i dtáb nua., a ghlac an tAontas i mí Iúil, cuirfear chun cinn úsáid breoslaí níos glaine agus fuinnimh le haghaidh muiriompair, lena n-áiritheofar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar dhéine gás ceaptha teasa na mbreoslaí a úsáideann an earnáil le himeacht ama — laghdú 2 % in 2025 go dtí suas le 80 % faoi 2050.

Ba dhíol sásaimh - oscail i dtáb nua. don Aontas an comhaontú ar thángthas air ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta chun sprioc a leagan síos maidir le glan-astaíochtaí nialasacha ó longa ‘faoi nó thart timpeall, i.e. gar do 2050’. Ba dhíol sásaimh di freisin na seicphointí táscacha: ar a laghad 20 % — ag iarraidh 30 % — in 2030, agus 70 % ar a laghad — ag iarraidh 80 % — in 2040 (i gcomparáid le leibhéil 2008).

Ag gníomhú ar bhonn domhanda ar son an phláinéid

Le Comhdháil 2023 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28 - oscail i dtáb nua.) in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, tugadh i gcrích an chéad athbhreithniú domhanda faoi Chomhaontú Pháras - oscail i dtáb nua. chun a fháil amach cé mhéad dul chun cinn atá déanta ag tíortha ó glacadh an comhaontú domhanda maidir leis an athrú aeráide.

Físeán faoi ról an Aontais ag Comhdháil COP28 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, inar díríodh ar ghealltanais an Aontais astaíochtaí a laghdú, fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus ciste a bhunú do thíortha leochaileacha, lena ndírítear ar an téamh domhanda a theorannú go 1.5 céim Celsius.
FÍSEÁN Torthaí COP28.

D’éirigh leis an Aontas, in éineacht le comhpháirtithe ó gach cearn den domhan, an deis a choinneáil beo maidir leis an ngealltanas a rinneadh i bPáras in 2015 chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú do 1.5 °C. Á aithint dóibh nach bhfuil an domhan ar an mbóthar ceart chun an sprioc sin a bhaint amach, chomhaontaigh na páirtithe bealach chun filleadh ar an gcúrsa.

Chomhaontaigh na páirtithe uile aistriú ó bhreoslaí iontaise agus gníomhú go práinneach le linn na 10 mbliana criticiúla seo ar mhaithe leis an aeráid. Agus béim ar leith á leagan sna cainteanna ar earnáil an fhuinnimh, d’aontaigh tíortha gníomhaíocht a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú 43 % faoi 2030 agus an domhan a chur ar an mbealach ceart chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir leis an eolaíocht is fearr atá ar fáil.

Bhí an tAontas i gceannas ar thionscnamh domhanda ag an gcomhdháil chun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite dhomhanda a mhéadú faoi thrí agus chun ráta na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, agus seoladh an Gealltanas Domhanda maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh - oscail i dtáb nua. le linn na gcainteanna. Le tacaíocht ó Uachtaránacht COP28, agus le tacaíocht ó 130 tír, d’fhormhuinigh an domhan ar fad an gealltanas i ndoiciméad deiridh na comhdhála, Comhdhearcadh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha - oscail i dtáb nua..

D’fhógair an tAontas go ndéanfadh sé €2.3 billiún a infheistiú ó bhuiséad an Aontais chun tacú leis an aistriú fuinnimh i gComharsanacht na hEorpa agus ar fud an domhain sa 2 bhliain amach romhainn, trí straitéis Global Gateway - oscail i dtáb nua. (féach Caibidil 8).

Faoin nGealltanas Domhanda maidir le Meatán - oscail i dtáb nua., a sheol an tAontas agus na Stáit Aontaithe in 2021, tá níos mó ná 150 tír ag cur sprioc chomhchoiteann chun feidhme anois maidir le hastaíochtaí meatáin domhanda a laghdú 30 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 2020. Ag COP28, d’fhógair an tAontas agus a Bhallstáit chistiú de €175 mhilliún chun tacú leis an Ráibrás Airgeadais Meatáin - oscail i dtáb nua. chun borradh a chur faoin laghdú meatáin.

Wopke Hoekstra ag labhairt ag léachtán os comhair scáileáin ar a bhfuil na focail ‘COP28UAE Dubai 2023’.
Wopke Hoekstra, an Coimisinéir Eorpach um Ghníomhaíocht ar mhaithe leis an Aeráid ag COP28, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an 8 Nollaig 2023.
Maroš Šefčovič ag labhairt ag léachtán.
Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an gComhaontú Glas don Eoraip, ar an gCaidreamh Idirinstitiúideach agus ar an bhFadbhreathnaitheacht, ag glacadg páirt i gcruinniú Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i gcomhthéacs COP28 in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an 4 Nollaig 2023.

Tugadh aghaidh freisin san athbhreithniú domhanda ar na modhanna chun an t-aistriú is gá a chur chun feidhme, agus tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir leis na céimeanna deiridh chun an sprioc nua chainníochtaithe chomhchoiteann maidir le maoiniú don aeráid a leagan síos ag comhdháil na bliana seo chugainn. Comhaontaíodh freisin ag an gcomhdháil creat don Sprioc Dhomhanda maidir le hOiriúnú - oscail i dtáb nua., arb é is aidhm di athléimneacht an domhain i gcoinne an athraithe aeráide a neartú.

Chuidigh an tAontas leis an gCiste nua Caillteanais agus Damáiste a oibríochtú, rud a chuideoidh le tíortha i mbéal forbartha a bhfuil leochaileacht faoi leith acu d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide. Ranníoc an tAontas agus a Bhallstáit níos mó ná €400 milliún leis an gciste — os cionn dhá thrian de na gealltanais chistiúcháin tosaigh.

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchar daonna na géarchéime aeráide i suíomhanna leochaileacha agus coinbhleachta, ghlac an tAontas páirt i dhá thionscnamh shuaitheanta nua a sheol uachtaránacht COP28: Tubaistí a thuar:Cairt maidir le maoiniú chun rioscaí a bhainistiú - oscail i dtáb nua. agus an Dearbhú maidir leis an Aeráid, an Fhóirithint, an Téarnamh agus an tSíocháin - comhad PDF – oscail i dtáb nua.. Leagtar amach sa chairt prionsabail chun a chinntiú go mbainfear úsáid níos fearr as maoiniú chun rioscaí a bhainistiú agus chun daoine sna tíortha is leochailí a chosaint, agus iarrtar sa dearbhú tacaíocht airgeadais phráinneach don oiriúnú don athrú aeráide agus don athléimneacht sna tíortha sin.

Ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le hUisce - oscail i dtáb nua.i mí an Mhárta, an chéad chomhdháil dá leithéid le beagnach 50 bliain, dhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé tiomanta go láidir - oscail i dtáb nua. athléimneacht agus slándáil dhomhanda uisce a chinntiú. Chuir toscaireacht an Aontais 33 ghealltanas dheonacha i láthair - oscail i dtáb nua. maidir leis an gClár Oibre Gníomhaíochta Uisce - oscail i dtáb nua., arb é atá ann ardán chun dlús a chur leis an dul chun cinn domhanda maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaineann le huisce.

Ag tús na bliana, d’oibrigh an tAontas i gcomhar le 26 thír chun Comhghuaillíocht na nAirí Trádála maidir leis an Aeráid - oscail i dtáb nua. a sheoladh, arb é an chéad fhóram domhanda é ar leibhéal na n-airí atá dírithe ar shaincheisteanna trádála, aeráide agus forbartha inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm ag an gcomhghuaillíocht beartais trádála a thugann aghaidh ar an athrú aeráide go háitiúil agus go domhanda a chur chun cinn.

Chruthaigh an tAontas comhghuaillíocht ghlas leis an Iorua - oscail i dtáb nua. i mí Aibreáin, agus ceann eile le Ceanada - oscail i dtáb nua. i mí na Samhna, chun an comhar maidir leis an aeráid, an comhshaol, fuinneamh agus tionscal glan a dhoimhniú. Bhunaigh an tAontas augs an Chóiré Theas Comhpháirtíocht Ghlas - oscail i dtáb nua. freisin i mí na Bealtaine, arb é is aidhm di an comhar a neartú agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le gníomhú ar son na haeráide, aistriú fuinnimh atá glan agus cothrom, cosaint an chomhshaoil, agus réimsí eile den aistriú glas.

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Léiríonn an chéad athbhreithniú deonach - comhad PDF – oscail i dtáb nua. a rinne an tAontas ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe go bhfuil sé lántiomanta do na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, a ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe in 2015, a bhaint amach.

Chuir an tAontas an fhorbairt inbhuanaithe ina chroílár agus tá iarrachtaí á ndéanamh aige Clár Oibre 2030 a chur chun cinn, sa bhaile agus ar fud an domhain, trí thacú le tíortha comhpháirtíochta ina gcuid iarrachtaí cur chun feidhme.

Tá na spriocanna comhtháite ag an Aontas ina bheartais, ina bhuiséid agus ina phleanáil fhadtéarmach. Trína chur chuige cuimsitheach uile-rialtais, tá an Comhaontú Glas don Eoraip ar thús cadhnaíochta i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe agus níos rathúla do chách.