Tá sé de cheart ag gach duine san Aontas Eorpach go gcaithfí go comhionann leo.

D’aontaigh 76 % de mhuintir na hEorpa a ndearnadh suirbhé orthu in 2019 gur cheart na cearta céanna a bheith ag daoine aeracha, leispiacha agus déghnéasacha agus mar atá ag daoine heitrighnéasacha, méadú ó 71 % in 2015. D’fhéadfadh go mbeadh ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha (LADTI) aghaidh a thabhairt ar idirdhealú san iliomad réimsí den saol, áfach, mar shampla agus post nó sochair slándála sóisialta á lorg, ar scoil nó nuair a theastaíonn cúram sláinte uathu. D’fhéadfadh go mbeadh orthu dul i ngleic le fuathchaint nó fiú foréigin freisin, agus is féidir go mbraithfidh siad míshábháilte in ionaid oibre, i scoileanna agus i spásanna poiblí.

Ó 1999, tá an chumhacht ag an Aontas beart a dhéanamh i gcásanna idirdhealaithe bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach. Ó shin, tá reachtaíocht glactha aige agus rinneadh bearta le cosaint dhlíthiúil agus shóisialta a thabhairt do dhaoine LADTI.

Sa bhróisiúr seo is féidir eolas a fháil ar an méid atá ar siúl ag an Aontas do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha.

ec.europa.eu/lgbti #EU4LGBTI

A bhFUIL AR SIÚL AG AN AONTAS

Oibríonn an tAontas chun homafóibe agus idirdhealú ar bhonn treoshuíomh gnéasach, féiniúlacht inscne agus tréithe gnéis a chomhrac. Tá mar aidhm aige a chinntiú go gcosnófar cearta gach duine LADTI san Aontas.

Mar chuid de na hiarrachtaí a rinne sé ar dhul i ngleic leis an idirdhealú, chuir an Coimisiún Eorpach liosta gníomhaíochtaí i láthair a chlúdaíonn, mar shampla, oideachas, fostaíocht, sláinte, saorghluaiseacht, tearmann agus coireanna fuatha.

Le go n-athrófar an scéal, oibríonn an tAontas Eorpach go dlúth le tíortha an Aontais óir tá siadsan freagrach as cearta LADTI, amhail aitheantas dlíthiúil do lánúineacha comhghnéis agus rialacha maidir le haitheantas dlíthiúil inscne, a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú.

Nach mór leath (47%) de dhaoine LADTI a ndearnadh suirbhé orthu san Eoraip, tá idirdhealú nó ciapadh fulaingthe acu. Foinse: Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha – Suirbhé LADTI de chuid an Aontais, 2013

D’fhulaing nach mór leath de dhaoine LADTI a ndearnadh suirbhé orthu san Eoraip idirdhealú nó ciapadh.

Foinse: Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha — Suirbhé LADTI de chuid an Aontais, 2013.

TÚ A CHOSAINT AR IDIRDHEALÚ AG AN OBAIR

Ó 2003 tá sé mídhleathach san Aontas idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine san áit oibre ar bhonn a dtreoshuímh ghnéasaigh. Cuireann an reachtaíocht dualgas ar na tíortha ar fad san Aontas cosaint dhlíthiúil ar idirdhealú a chur ar fáil chomh fada le poist, le hardú céime nó le hoiliúint de, agus chomh fada le nithe a bhaineann le dálaí oibre, le pá agus le dífhostú de freisin.

an chosaint chéanna le bheith ann maidir le hidirdhealú agus le ciapadh i réimsí na fostaíochta agus na slándála sóisialta nuair is ar bhonn athrú inscne a dhéantar é (tar éis do dhaoine a n-inscne a athrú toisc gur bhraith siad nach raibh a n-inscne ar theacht ar an saol dóibh ag teacht lena bhféiniúlacht inscne).

AG OBAIR LE GNÓLACHTAÍ

Chun comhionannas LADTI a chur chun cinn i ndáiríre, áfach, tá gá le gníomhaíochtaí eile sa bhreis ar dhlíthe. In 2010, bhunaigh an tAontas Ardán Cart um an Éagsúlacht chun gnólachtaí, comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a ghríosadh lena dtiomantas feabhas a chur ar an éagsúlacht a neartú. Chomhaontaigh na heagraíochtaí atá páirteach éagsúlacht agus comhdheiseanna san áit oibre a chur chun cinn, do dhaoine LADTI chomh maith le gach duine eile.

BÍ AIREACH

Is minic a scaiptear fuath i gcoinne daoine LADTI ar líne agus trí na meáin shóisialta. Le comhrac a dhéanamh i gcoinne na fuathchainte ar líne, tháinig an Coimisiún Eorpach ar chomhaontú le Facebook, Twitter, YouTube agus Microsoft faoi chód iompair lena n-iarrtar orthu formhór na bhfógraí maidir le fuathchaint mhídhleathach a athbhreithniú laistigh de 24 uair an chloig agus a leithéid d’ábhar a bhaint más gá. Bheartaigh Instagram, Snapchat, Dailymotion agus jeuxvideo.com cloí leis an gcód iompair in 2018 agus 2019.

Is ceart aitheantas a thabhairt d’íospartaigh choireachta agus caitheamh leo ar shlí atá measúil agus a oireann do riachtanais gach duine ar leith. Sa treoir um chearta íospartach leagtar síos tacar ceart ceangailteach d’íospartaigh agus cuirtear oibleagáidí soiléire ar Bhallstáit an Aontais.

Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá grúpa saineolaithe ó rialtais, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ón tsochaí shibhialta ag feidhmiú le dul i ngleic le héadulaingt agus le hidirdhealú, an éadulaingt agus an t-idirdhealú a fhulaingíonn daoine LADTI san áireamh. Cabhraíonn an grúpa polasaithe a fhorbairt chun coireanna fuatha agus an fhuathchaint a chosc agus a chomhrac. D’eisigh sé, mar shampla, treoir maidir le ceartas, cosaint agus tacaíocht a chinntiú dóibh siúd a fhulaingíonn coireanna fuatha agus sholáthair sé treoraíocht agus oiliúint do phóilíní agus do na cúirteanna.

Teastaíonn ón Aontas a chinntiú go bhfuil an rochtain chéanna ar chúram sláinte ag daoine LADTI agus atá ag daoine eile. Cuireadh amach lámhleabhair oiliúna a dhéileálann go sonrach le daoine LADTI chuig gairmithe cúraim sláinte. Gníomhaíonn tíortha an Aontais i gcomhar le chéile, freisin, chun cosc a chur le VEID, ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha, eitinn agus heipitíteas, trí dhaoine a thástáil agus aire a thabhairt dóibh chomh fada le grúpaí leochaileacha de, daoine LADTI san áireamh, agus tá diagnóisiú níos luaithe agus cúram níos fearr do chách d’aidhm acu.

línte cabhracha náisiúnta i bhfeidhm i ngach tír den Aontas d’íospartaigh ionsaithe, ciaptha nó mí-úsáide.

TRASNÚ TEORAINNEACHA

Tá sé de cheart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas. Tá i gceist leis an gceart saorghluaiseachta seo go mbeidh sé níos éasca maireachtáil, a bheith ag staidéar nó a bheith ag obair in aon tír eile de chuid an Aontais. I ngníomh, áfach, is féidir bacainní a bheith ar dhaoine LADTI nuair a aistríonn siad thar teorainn. Bíonn deacrachtaí ag lánúineacha comhghnéis, mar shampla, aitheantas a fháil dá bpósadh nó dá gclann i dtír eile den Aontas.

Tugann dlí an Aontais ceart saorghluaiseachta, faoi choinníollacha áirithe, do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, a gcéile agus a gclann mar shampla, fiú nuair nach saoránaigh den Aontas iad féin. Shonraigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go soiléir go bhfuil an ceart céanna ag céilí comhghnéis cónaí i dtír eile den Aontais nuair atá a bpáirtí bunaithe ann go dlíthiúil, fiú mura bhfuil pósadh comhghnéis ceadaithe sa tír óstach.

Go ginearálta, socraíonn tíortha an Aontais a gcuid dlíthe féin maidir le pósadh, mar shampla pósadh comhghnéis agus saghsanna eile pósta a dtugtar aitheantas dlíthiúil dóibh, amhail páirtíocht shibhialta. Ní mar a chéile, mar sin, sainmhíniú beacht an phósta agus na páirtíochta sibhialta ó thír go tír.

Tá an tAontas tar éis reachtaíocht neodrach i dtaobh inscne a ghlacadh maidir le cúrsaí teaghlaigh, reachtaíocht a bhaineann le gach saoránach, saoránaigh LADTI san áireamh. Déanann dlíthe an Aontais níos éasca é aghaidh a thabhairt ar chásanna trasteorann lena mbaineann colscaradh, cearta tuismitheoirí, cothabháil, oidhreacht agus cearta maoine de dhroim lánúnais. Cabhraíonn na rialacha le lánúineacha agus le teaghlaigh a fhios a bheith acu cé na Ballstáit ina dtabharfaidh na cúirteanna éisteacht dá gcás agus cén dlí náisiúnta a bheidh i bhfeidhm, agus déanann siad níos éasca é breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú i mBallstát eile.

DO CHEARTA A CHOSAINT AGUS CUR LEO

cearta agat mar dhuine LADTI san Aontas.

Má chreideann tú gur sáraíodh do chearta, is féidir leat gearán a dhéanamh agus iarracht a dhéanamh ar leigheas dlí a aimsiú laistigh de do chóras dlí náisiúnta. Feidhmíonn cúirteanna agus binsí náisiúnta i gcomhpháirt le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena shoiléiriú conas is ceart dlíthe an Aontais a chur i bhfeidhm. Le tuilleadh eolais a fháil ar conas a fheidhmíonn neamh-idirdhealú agus an chóir chomhionann i do thír féin, déan teagmháil leis an mball náisiúnta cuí de Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais. Toisc nach gcumhdaíonn gach comhlacht comhionannais gnéaschlaonadh, beidh ort dul chuig an suíomh gréasáin leis an ábhar a dtéann siad i ngleic leis a fhorbhreathnú. Beidh na heagraíochtaí seo, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus ceardchumainn, in ann cabhrú leat más dóigh leat go ndearnadh idirdhealú i d’aghaidh, san obair nó nuair a chuir tú isteach ar phost mar shampla.

Creideann 69 % d’Eorpaigh gur cheart pósadh comhghnéis a cheadú ar fud na hEorpa.

Foinse: Eorabharaiméadar speisialta 493 — Idirdhealú san Aontas Eorpach, Bealtaine 2019.

Creideann 69% d’Eorpaigh gur cheart pósadh comhghnéis a cheadú ar fud na hEorpa. Foinse: Eorabharaiméadar speisialta 493 – Idirdhealú san Aontas Eorpach, Bealtaine 2019 Tá an pósadh comhghnéis nó an comhionannas pósta ar fáil i 14 Bhallstát den Aontas, is iad sin an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn, agus an tSualainn. Tá páirtnéireachtaí cláraithe comhghnéis ar fáil i 8 mBallstát den Aontas, is iad sin an Chipir, an Chróit, an Eastóin, an Ghréig, an Iodáil, an tSeicia, an tSlóivéin agus an Ungáir. Níl aon aitheantas dlíthiúil ann do lánúineacha comhghnéis i 6 Bhallstát den Aontas, is iad sin an Bhulgáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le meonta i leith an phobail LADTI i do Bhallstát féin ag https://ec.europa.eu/commfrontoffice/publicopinion/index.cfm/Survey/getSurveyDetail/instruments/SPECIAL/surveyKy/2251%0D

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le meonta i leith an phobail LADTI i do Bhallstát féin anseo.

TAIFEAD A DHÉANAMH

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil gach bliain chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar liosta na ngníomhaíochtaí a chuireann comhionannas do dhaoine LADTI chun cinn.

Coimeádann an Coimisiún Eorpach súil ar an gcaoi a gcuirtear dlíthe an Aontais chun feidhme freisin agus tugann tuarascáil ar na gníomhaíochtaí atá déanta ag tíortha an Aontais chun comhionannas LADTI a chur chun cinn.

Mar rogha dheiridh, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach an dlí a chur ar thír den Aontas nach gcomhlíonann dlí an Aontais, agus d’fhéadfaí an tír sin a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais mar dheireadh ar an bpróiseas. In 2008, bheartaigh an Coimisiún Eorpach ar an gcosaint ar idirdhealú bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach a leathnú go réimsí na cosanta sóisialta (slándáil shóisialta agus cúram sláinte san áireamh), an oideachais agus na rochtana ar earraí agus ar sheirbhísí — tá tithíocht san áireamh anseo, mar shampla.

Go dtí seo, áfach, níl an comhaontú a theastaíonn faighte ag an togra ó gach Ballstát. Dá ainneoin sin, ghlac roinnt Ballstát reachtaíocht cheana féin le cosaint a sholáthar a théann níos faide ná mar atá ag teastáil de réir dhlí reatha an Aontais.

AN COMHIONANNAS A CHUR CHUN CINN AGUS TACÚ LEIS AN tSOCHAÍ SHIBHIALTA

Cabhraíonn eagraíochtaí sochaí sibhialta athruithe dearfacha a chur chun cinn agus sin é an chúis a thugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht d’eagraíochtaí Eorpacha LADTI amhail ILGA-Europe ar cuid é de Chumann Idirnáisiúnta na Leispiach, na nDaoine Aeracha, na nDéghnéasach, na dTrasinscneach agus na nIdirghnéasach, Transgender Europe agus IGLYO. Tugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta d’eagraíochtaí LADTI tríd an gclár um chearta, um chomhionannas agus um shaoránacht agus tríd an gclár Erasmus+ freisin. Cabhraíonn an cistiú sin le heagraíochtaí feasacht a mhúscáilt faoi na dúshláin agus faoin idirdhealú a bhíonn roimh dhaoine LADTI. Thug Erasmus+ tacaíocht, mar shampla, do na cláir “P.R.I.D.E” agus “Labels Down” a dhírigh ar steiréitíopaí a bhaineann leis an bpobal LADTI a mhiondealú.

An dteastaíonn tuilleadh eolais uait faoi do chearta ar leibhéal an Aontais?

Cuireann an treoir maidir le creat comhionannais fostaíochta oibleagáid ar gach tír den Aontas cosaint dhlíthiúil ar idirdhealú agus ar chiapadh ar bhonn treoshuíomh gnéasach i leith iarratas ar phost, ardú céime, oiliúna, dálaí oibre, agus pá agus briseadh as post.

Cosnaíonn an treoir athmhúnlaithe maidir le hinscne daoine déghnéasacha ar idirdhealú ina saol gairmiúil a eascraíonn ó athrú inscne.

Cosnaíonn an treoir um chomhionannas inscne sa tslándáil shóisialta daoine déghnéasacha ar idirdhealú sa tslándáil shóisialta a eascraíonn ó athrú inscne.

Leis an treoir um chearta íospartach bunaítear tacar ceart ceangailteach d’íospartaigh agus cuirtear oibleagáidí soiléire ar Bhallstáit an Aontais a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é.

Tugann treoir an Aontais maidir le saorghluaiseacht ceart saorghluaiseachta, faoi choinníollacha áirithe, do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, a gcéile agus a gclann mar shampla, fiú nuair nach saoránaigh de chuid an Aontais iad féin.

CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS

Toirmisceann Airteagal 21 den Chairt “aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach”.

Níl feidhm ag an Airteagal sin ach i gcás ina bhfuil feidhm ag dlí an Aontais.

BRÓD A BHEITH ORT AGUS A BHEITH I DO CHOMHGHUAILLÍ

B’fhéidir nach fios do roinnt daoine cad iad na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine LADTI. Le deis cainte a thabhairt do dhaoine agus le feasacht a mhúscailt, mhaoinigh an tAontas sraith físteistiméireachtaí ina bhfuil daoine LADTI agus a gcomhghuaillithe san Eoraip. Díríonn gach físeán ar ghné dhifriúil den fhéiniúlacht agus léiríonn sé conas is féidir fíorfheabhas a chur ar shaol daoine trí thacaíocht a thabhairt do dhaoine LADTI agus dlúthpháirtíocht a léiriú dóibh.

Tugann institiúidí an Aontais tacaíocht don Lá Idirnáisiúnta in aghaidh na Homafóibe, na Trasfhóibe agus na Défhóibe, do EuroPride agus d’ócáidí eile a bhaineann le Bród na nAerach agus glacann siad páirt iontu.

Póstaer ina léirítear lánúineacha éagsúla LADTI don Lá Idirnáisiúnta in aghaidh na Homafóibe, na Trasfhóibe agus na Défhóibe, 17 Bealtaine 2019.

Tá Eorpaigh bródúil as a n-éagsúlacht agus tá níos mó daoine in aghaidh an lae ag léiriú a ngnéasacht nó a bhféiniúlacht inscne go poiblí. Thogh Eorpaigh ceannairí atá oscailte faoina bheith aerach, Príomh-Aire Lucsamburg Xavier Bettel (ar chlé) agus Taoiseach na hÉireann Leo Varadkar (ar dheis) san áireamh.

Dathanna na brataí bogha báistí ag soilsiú Cheanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil chun an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh na Homafóibe, na Trasfhóibe agus na Défhóibe a chomóradh an 17 Bealtaine 2019.

Ceannairí Eorpacha atá oscailte faoina bheith aerach, Príomh-Aire Lucsamburg Xavier Bettel agus Taoiseach na hÉireann Leo Varadkar agus iad i mbun plé.

Photo: gouvernement.lu

GNÍOMHAÍOCHT AN AONTAIS AR FUD AN DOMHAIN

I níos mó ná 70 tír lasmuigh den Aontas, is coireanna iad gníomhaíochtaí comhghnéis fós, agus, i roinnt tíortha, daortar daoine aeracha chun báis. I dtíortha eile ní bhíonn a ndóthain cosanta ag daoine LADTI ar idirdhealú ná ar shárú ar a gcearta daonna.

Gríosaíonn an tAontas tíortha eile lena chinntiú nach féidir treoshuíomh gnéasach, féiniúlacht inscne ná saintréithe gnéis a úsáid mar bhonn le foréigean ná le smachtbhannaí coiriúla.

In Aibreán 2019, mar shampla, cháin an tAontas dlíthe i mBrúiné a cheadaíonn bás a imirt ar dhuine le clocha, príosún a chur air nó é a fhuipeáil as bheith i gcaidreamh comhghnéis.

“Ní ceart pionós a chur ar éinne as bheith i ngrá le duine. Ní féidir féachaint air sin mar choir go deo.”

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leasuachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, ag díospóireacht faoi Bhrúiné an 18 Aibreán 2019 i bParlaimint na hEorpa.

Is deontóir tábhachtach é an tAontas freisin do thograí ar fud an domhain a bhfuil sé d’aidhm acu dul i ngleic le hidirdhealú in aghaidh daoine LADTI, go háirithe tríd an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine. Ó 2016, thacaigh an tAontas le 16 thogra a chuireann eagraíochtaí sochaí sibhialta chun feidhme san Áise, san Aifric, i Meiriceá Laidineach agus in oirthear na hEorpa, tacaíocht €5.2 milliún san iomlán. In 2018 sheol an tAontas ciste nua €10 milliún le tacú le gníomhaithe LADTI agus le heagraíochtaí in áiteanna ina mbíonn daoine LADTI i mbaol níos airde idirdhealaithe.

Is gá do thíortha a dteastaíonn ballraíocht san Aontas uathu daoine a chosaint a fhulaingíonn idirdhealú agus foréigean. Tosaíocht de chuid an Aontais go fóill is ea cosaint agus cur chun cinn ceart daoine LADTI sna “tíortha is iarrthóirí” sin, i gcomhthéacs na caibidlíochta le dul isteach san Aontas freisin. Cuirtear maoiniú ar fáil freisin do líonraí a chuireann cearta chun cinn sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc. Chomh maith leis sin, pléann an tAontas cearta daoine LADTI le rialtais na dtíortha atá ar theorainn an Aontais (na tíortha (“comharsanachta”) agus déanann siad monatóireacht ar chúrsaí ar an láthair. Tugann an tAontas tacaíocht airgeadais d’eagraíochtaí a fheidhmíonn i réigiún na “comharsanachta” freisin.

ec.europa.eu/lgbti #EU4LGBTI

Tá fáil ar an eagrán roimhe seo den fhoilseachán seo i 24 theanga:

PDF PRINT
  • An Coimisiún Eorpach
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Faisnéis don Saoránach
  • 1049 Bruxelles/Brussel
  • BELIGIQUE/BELGIË