Tuarascáil speisialta
12 2022

Marthanacht san fhorbairt tuaithe: Tá formhór na dtionscadal fós oibríochtúil don tréimhse is gá, ach tá deiseanna ann chun torthaí níos buanfasaí a bhaint amach

Maidir leis an tuarascáil:Ó 2007, tá níos mó ná EUR 25 billiún de chistí forbraíochta tuaithe caite ag an gCoimisiún chun a gheilleagar tuaithe a éagsúlú agus bonneagar a fheabhsú. Bhí ceanglas ar thionscadail a fuair maoiniú feidhm a bheith acu ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Scrúdaíomar ar sholáthar na hinfheistíochtaí sin tairbhí marthanacha. Fuaireamar amach go bhfuil na ceanglais maidir le marthanacht dhlíthiúil á gcomhlíonadh den chuid is mó. Bhí éagsúlacht ann ar fud earnálacha agus ar Ballstát maidir le marthanach tionscadail éagsúlaithe. Bíonn tionchar ag drochfheidhmíocht eacnamaíoch agus úsáid phríobháideach neamhdhlisteanach ar mharthanacht tionscadal amhail cóiríocht do thurasóirí.

Molaimid gur cheart don Choimisiún dea-chleachtais a chomhroinnt chun cistiú a dhíriú ar bhealach níos fearr ar thioncadail inmharthana, an riosca a bhaineann le tionscadail a atreorú chuig úsáid phríobháideach a mhaolú agus leas a bhaint as acmhainneacht bunachar sonraí.

Tuarascáil Speisialta CIE de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta maidir le marthanacht infheistíochtaí tuaithe AE

Achoimre feidhmiúcháin

I Ó 2007, tá thart ar EUR 10 mbilliún caite ag an Aontas chun a gheilleagar tuaithe a éagsúlú agus EUR 15 bhilliún chun bonneagar a fheabhsú i gceantair thuaithe trí na cláir forbartha tuaithe. Idir 2007 agus 2020, bhí ar infheistíochtaí don éagsúlú agus don bhonneagar a fuair tacaíocht trí na cláir sin, go ginearálta, leanúint de bheith i mbun oibríochta go ceann cúig bliana.

II Rinneamar an t-iniúchadh seo mar gheall ar an ábharthacht ard atá i gceist agus ar na saincheisteanna marthanachta a tháinig chun solais in iniúchtaí roimhe seo. Táimid ag súil go gcabhróidh ár gcuid oibre leis an gCoimisiún nuair a bheidh dea-chleachtais á roinnt idir na Ballstáit agus meastóireacht á déanamh ar fheidhmíocht an Chomhbheartais Talmhaíochta. Rinneamar scrúdú féachaint ar bhain infheistíochtaí chun an geilleagar tuaithe a éagsúlú agus chun feabhas a chur ar an mbonneagar tuaithe torthaí marthanacha amach. Ar an gcéad dul síos, rinneamar measúnú féachaint ar chomhlíon na tionscadail ceanglais dhlíthiúla mharthanachta. Ina dhiaidh sin, scrúdaíomar na tosca a théann i bhfeidhm ar mharthanacht na dtionscadal, lasmuigh de na ceanglais dhlíthiúla. Agus ansin, rinneamar scrúdú ar a mhéid a d’fhéadfaí a léiriú gur chuir maoiniú ón Aontas deiseanna fadtéarmacha éagsúlaithe ar fáil i gceantair thuaithe.

III Fuaireamar amach go bhfuil na ceanglais maidir le marthanacht dhlíthiúil á gcomhlíonadh den chuid is mó. Bhí formhór na dtionscadal i mbun oibríochta fós. Mar a bhíothas ag súil leis, bhí sé seo an-ard do thionscadail bhonneagair. I gcás tionscadal éagsúlaithe, fuaireamar amach go raibh dhá thrian de thionscadail éagsúlaithe fós i mbun oibríochta. Shainaithníomar éagsúlacht shuntasach idir earnalácha agus Ballstáit éagsúla. Thugamar faoi deara freisin gur minic a tháinig deireadh le gníomhaíochtaí go luath i ndiaidh na tréimhse marthanachta dlíthiúla, fiú amháin i gcásanna d’infheistíochtaí an-arda.

IV Thugamar faoi deara go ndéanann feidhmíocht eacnamaíoch lag agus úsáid phríobhaideach agus neamhdhlisteanach difear do mharthanacht ar roinnt tionscadal éagsúlaithe. Tháinig feabhas ar cháilíocht na nósanna imeachta roghnúcháin le linn 2014-2020 i gcomparáid le 2007-2013. Ní raibh tionchar suntasach ag nósanna imeachta, áfach, ar cháilíocht fhoriomlán na dtionscadal. Sa Pholainn, ní raibh seirbhísí do thionscadail talmhaíochta nó foraoiseachta chomh marthanach céanna agus a bhí cineálacha eile tacaíochta. I roinnt Ballstát, ní raibh cuid de na cóiríochtaí do thurasóirí marthanach ó thaobh an gheilleagair de, cás a raibh tionchar ag úsáid chónaithe phríobháideach neamhdhlisteanach air.

V Ar deireadh, fuaireamar fianaise theoranta go bhfuil bearta éagsúlaithe a ndearnadh iniúchadh orthu ag tabhairt éagsúlú fadtéarmach i gcrích i gceantair thuaithe. Fuaireamar amach go bhfuil acmhainneacht íseal le haghaidh éagsúlú ag seirbhísí do thalmhaíocht agus cé go bhféadann cóiríocht do thurasóirí foinsí ioncaim a éagsúlú do roinnt tairbhithe, is beag tionchar atá acu ar an éagsúlú i go leor réigiún. Tháinig meastóireachtaí ex post do thréimhse 2007-2013 ar an gconclúid go raibh rannchuidiú teoranta go meánach ag tionscadail ar an éagsúlú.

VI Cumhdaíonn ár moltaí don Choimisiún na nithe seo a leanas: cistí a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr ar thionscadail inmharthana; rialacha níos déine do thionscadail ar féidir le tairbhithe a atreorú go héasca chuig úsáid phríobháideach; agus leas a bhaint as na féidearthachtaí a ghabhann le bunachair shonraí mhóra.

Réamhrá

Staid eacnamaíoch na gceantar tuaithe

01 In 2018, b’ionann ceantair thuaithe agus 83 % de chríoch an Aontais agus bhí cónaí ar 31 % de dhaonra an Aontais iontu1. Bíonn deacrachtaí amhail bánú, dífhostaíocht, agus cáilíocht níos ísle ó thaobh seirbhísí bunúsacha i ndán do cheantair thuaithe áirithe, chomh maith le baol níos airde bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Tá ceantair thuaithe eile i measc na gcinn is dinimiciúla ó thaobh an gheilleagair de sna Ballstáit2.

02 Idir 2000 agus 2018, mhéadaigh an Olltáirgeacht Intíre (OTI) per capita i gceantair thuaithe níos tapa ná i gceantair uirbeacha, agus chabhraigh sé sin leis an mbearna a laghdú i gcomparáid le ceantair uirbeacha. In 2018, shroich sé sin 75 % de mheán-OTI an Aontais per capita. Mhéadaigh an ráta fostaíochta i gceantair thuaithe idir 2012 agus 2019 do na Ballstáit ar fad. Ar fud an Aontais, tá leibhéal an ráta fostaíochta iomlán bainte amach aige. Mar a léirítear i bhFíor 1, tá an ráta fostaíochta tuaithe gar don ráta fostaíochta foriomlán i bhformhór na mBallstát.

Fíor 1 – An ráta fostaíochta iomlán agus an ráta fostaíochta i gceantair thuaithe in 2019

Foinse: Eurostat (cód sonraí ar líne: LFST_R_ERGAU).

03 In 2018 ar fud an Aontais, bhí breis agus 60 % den fhostaíocht san earnáil seirbhíse i gceantair thuaithe. Seasann tionscal agus tógáil do 27 %, agus seasann talmhaíocht, foraoiseacht agus iascach do 12 %, síos ó 21 % in 20003. Bhí fostaíocht san earnáil talmhaíochta fós ag 30 % den fhostaíocht i gceantair thuaithe na Bulgáire agus na Rómáine.

Beartas forbartha tuaithe an Aontais agus coincheap na marthanachta

04 I mbeartas forbartha tuaithe an Aontais, airítear cuspóirí fadtéarmacha amhail an geilleagar tuaithe a éagsúlú (trí spleáchas na gceantar tuaithe agus na dteaghlach aonair ar thalmhaíocht agus foraoiseacht a laghdú), poist a chothabháil agus a chruthú (féach mír 05) agus bonneagar i gceantair thuaithe a fheabhsú (féach mír 08)4. Chun tacú leis na spriocanna sin, ba cheart do thionscadail arna maoiniú ag an Aontas a bheith marthanach (féach míreanna 12-13).

Beartas éagsúlaithe tuaithe an Aontais

05 Cumhdaíonn caiteachas an Aontais chun éagsúlú a chur chun cinn tacaíocht chun gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta d’fheirmeoirí a chur chun cinn agus cruthú agus forbairt deiseanna nua gnó, lena n-áirítear turasóireacht. Liostaítear i dTábla 1 na bearta éagsúla atá nasctha le héagsúlú na gceantar tuaithe agus léirítear i bhFíor 2 samplaí de thionscadail a maoiníodh.

Tábla 1 – Bearta éagsúlaithe sa dá chlárthréimhse

2007-2013 2014-2020
M311 – Éagsúlú go gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta

M312 – Tacaíocht do bhunú gnó agus d'fhorbairt gnó

M313 – Gníomhaíochtaí turasóireachta a spreagadh
M6.2 – Cabhair do ghnólachtaí nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i gceantair thuaithe

M6.4 – Infheistíochtaí i gcruthú agus i bhforbairt gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta

Foinse: Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

Fíor 2 – Sampla dár dtionscadail éagsúlaithe

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

06 Tá gníomhaíocht shochrach ag beagnach aon trian d’fheirmeoirí an Aontais5. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí:

  • nach bhfuil nasctha go díreach leis an bhfeirm amhail múinteoireacht nó oibriú d’fhostóir eile; agus
  • atá nasctha go díreach leis an bhfeirm, amhail fáiltiú roimh thurasóirí nó táirgí feirme a phróiseáil.

07 I staidéar meastóireachta ar chlárthréimhse 2007-20136, rinneadh measúnú go raibh rannchuidiú na mbeart a scrúdaíodh sa tuarascáil seo teoranta a mhéid a bhaineann le héagsúlú eacnamaíoch (i gcás gníomhaíochtaí tuarasóireachta), agus go raibh sé meánach a mhéid a bhaineann le héagsúlú gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta agus bunú gnó (féach mír 61).

Tacaíocht an Aontais do bhonneagar i gceantair thuaithe

08 Is í an aidhm atá ag maoiniú ón Aontais le haghaidh infheistíochtaí bonneagair i gceantair thuaithe ná feabhas a chur ar sheirbhísí bunúsacha don daonra tuaithe agus cabhrú le sráidbhailte a athnuachan7. Leagtar amach i dTábla 2 bearta éagsúla le haghaidh infheistíocht sa bhonneagair phoiblí agus léirítear i mBosca 1 samplaí de na cineálacha infheistíochtaí sin a dtacaíonn an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) go hiondúil leo.

Tábla 2 – Bearta bonneagair sa dá chlárthréimhse

2007-2013 2014-2020
M321 – Seirbhísí bunúsacha don gheilleagar agus don daonra tuaithe

M322 – Athnuachan sráidbhailte agus forbairt tuaithe
M07 – Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i gceantair thuaithe

Foinse: Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

Bosca 1

Samplaí d'infheistíochtaí bonneagair atá maoinithe as CETFT

Gléasra téimh áitiúil san Ostair
(Beart 321, tairbhí poiblí)
Costais incháilithe: EUR 5 300 087
Maoiniú poiblí: 50 %

Bóthar tuaithe sa Bhulgáir 
(Beart 321, tairbhí poiblí)
Costais incháilithe: EUR 1 210 052
Maoiniú poiblí: 100 %

Soláthar uisce agus córas séarachais a thógáil sa Pholainn
(Beart 321, tairbhí poiblí)
Costais incháilithe: EUR 936 289
Maoiniú poiblí: 68 %

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó údaráis náisiúnta.

Maoiniú ón Aontas agus rialachas an bheartais forbartha tuaithe

09 Tá thart ar EUR 10 mbilliún caite ag an Aontas ar bhearta éagsúlaithe agus EUR 15 bhilliún ar infheistíochtaí bonneagair i gceantair thuaithe trí chláir forbartha tuaithe le linn na chlárthréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020 (féach Fíor 3).

Fíor 3 – Caiteachas AE ar infheistíochtaí éagsúlaithe agus bonneagair faoi bheartas forbartha tuaithe AE (billiúin euro)

* Le beart forbartha gnó agus feirme, áirítear tionscadail éagsúlaithe agus cineálacha eile tacaíochta.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis an Choimisiúin.

10 I gcomhpháirt le chéile, maoiníonn cistí AE agus cistí náisiúnta/réigiúnacha tionscadail forbartha tuaithe atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Leagann an tAontas agus na Ballstáit síos na rialacha agus na coinníollacha maidir le maoiniú. Údaráis náisiúnta/réigiúnacha:

  • cláir forbartha tuaithe a tharraingt suas (CFPnna);
  • cistí a leithdháileadh ar bhearta; agus
  • cur chun feidhme na CFPanna a bhainistiú, agus faireachán a dhéanamh orthu, chomh maith leis na torthaí a mheas.

Léirítear i bhFíor 4 conas a roinneann an Coimisiún agus údaráis náisiúnta/réigiúnacha freagrachtaí.

Fíor 4 – Cur chun feidhme, rialú agus faireachán a dhéanamh ar thionscadail

Foinse: CIE.

11 Do chlárthréimhse nua 2023-2027, cuireann rialachán CBT de cheangal ar na Ballstáit pleananna straitéiseacha CBT a tharraingt suas ina gcomhcheanglaítear maoiniú do thacaíocht ioncaim, bearta margaidh agus forbairt tuaithe. Sna pleananna sin, leagann Ballstáit amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a spriocanna a bhaint amach laistigh den naoi gcuspóir shonrach atá ag CBT. Is féidir le tionscadail don Éagsúlú amach anseo cur le dhá chuspóir faoi leith; [...] forbairt gnó a éascú i gceantair thuaithe, agus an fhostaíocht, fás, comhionannas inscne [...] a chur chun cinn i gceantair thuaithe [...]8. Déanann an Coimisiún na pleananna sin a fhormheas agus a gcur chun feidhme a leanúint trí thuarascálacha feidhmíochta rialta náisiúnta arna n-ullmhú ag na Ballstáit9. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a chur chun cinn idir na Ballstáit.

Marthanacht na dtionscadal forbartha tuaithe

12 San iniúchadh seo, rinneamar scrúdú féachaint an bhfuil tionscadail arna maoiniú ag an Aontas “marthanach”. I bhFíor 5, léirítear ceanglais dlí an Aontais maidir leis an marthanacht do na tionscadail a fuair tacaíocht. Bhí an ceanglas dlí níos déine do chlárthréimhse 2014-2020 (sínithe go dtí 2022)10. Do chlárthréimhse 2023-2027, ní leagtar amach ceanglais dlí a bhaineann le marthanacht sa Rialachán maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta. Is féidir leis na Ballstáit, trína rialacha náisiúnta, ceanglais den sórt sin a thabhairt isteach an athuair.

Fíor 5 – Éabhlóid na gceanglas marthanachta in imeacht ama

Foinse: CIE.

13 I gcomhthéacs an iniúchta feidhmíochta seo, trí fheidhmíocht na gclár agus na sruthanna caiteachais sin a mheas, d’fhiosraíomar an ndearna na tionscadail a maoiníodh na nithe seo a leanas:

  • ar chomhlíon siad an tréimhse mharthanachta atá leagtha amach sa reachtaíocht (i.e. ar lean siad de bheith i mbun oibríochta le linn na tréimhse marthanachta atá leagtha amach sa reachtaíocht);
  • ar lean siad de bheith i mbun oibríochta fós i ndiaidh na tréimhse marthanachta sin; agus
  • ar thug siad athruithe buanfasacha i gcrích do cheantair thuaithe.

14 I dtrí thuarastáil roimhe seo (ceann amháin ar fhorbairt thuaithe agus dhá cheann ar mhaoiniú Comhtháthaithe)11, thugamar aird ar shaincheisteanna maidir le marthanacht infheistíochtaí a fhaigheann cistiú ón Aontas:

  • níor dhírigh údaráis áitiúla ar mharthanacht ar bhealach leordhóthanach ag staideanna éagsúla ina mbainistiú ar chistiú AE;
  • níor éirigh le faighteoirí nó údaráis áitiúla an bonneagar a chothabháil;
  • ní raibh formhór na dtionscadal a rinneadh anailís orthu inmharthana ó thaobh airgeadais de.

Raon feidhme agus cur chuige na hiniúchóireachta

15 Chinneamar an t-iniúchadh seo a dhéanamh ar na chúiseanna seo a leanas:

  • Ó 2007, tá níos mó ná EUR 25 bhilliún caite ag an Aontas ar thionscadail éagsúlaithe agus ar infheistíocht bhonneagair trí chláir forbartha tuaithe;
  • Léirigh roinnt dár n-iniúchtaí feidhmíochta go raibh deacrachtaí marthanachta ann (féach mír 14) agus shainaithníomar rioscaí sonracha do na bearta éagsúlaithe.

16 Táimid ag súil go gcabhróidh ár gcuid oibre leis an gCoimisiún chun dea-chleachtais a roinnt maidir le bealaí a bhféadfaí coimircí a bhaineann le marthanacht na dtionscadal a thabhairt isteach, agus meastóireacht a dhéanamh ar éagsúlú agus ar thionscadail bhonneagair thuaithe a fhaigheann tacaíocht ón gComhbheartas Talmhaíochta i gclárthréimhse 2023-2027.

17 Ba í an phríomhcheist iniúchóireachta a bhí againn ná an raibh tairbhí marthanacha ag gabháil le hinfheistíochtaí chun an geilleagar tuaithe a éagsúlú agus le hinfheistíochtaí i mbonneagar tuaithe. Sa chéad chuid den tuarascáil seo, rinneamar measúnú ar an ngné comhlíontachta den mharthanacht, i.e. ar comhlíonadh na ceanglais dlí maidir le marthanacht. Sa dara cuid, rinneamar measúnú féachaint an bhfuil tosca ann a dhéanann difear do mharthanacht tionscadail, lasmuigh de na ceanglais dlí chomh maith. Sa tríú cuid, scrúdaíomar an raibh dóthain fianaise ann gur thug maoiniú ón Aontas deiseanna éagsúlaithe fadtéarmacha i gcrích i gceantair thuaithe.

18 Chun a mheasúnú ar mhair na tairbhí a rabhthas ag súil leo le himeacht ama, rinneamar scrúdú ar thionscadail a maoiníodh i gclárthréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020. Rinneamar scrúdú ar dhá chineál tionscadail:

  • tionscadail chun an geilleagar tuaithe a éagsúlú (féach Tábla 1 agus Fíor 2);
  • infheistíochtaí sa bhonneagar poiblí amhail bóithre, uisce agus sócmhainní fuíolluisce (féach Tábla 2 agus Bosca 1).

19 Bhailíomar fianaise iniúchóireachta trí (féach Fíor 6):

  • athbhreithniú ar reachtaíocht agus staitisticí;
  • anailís ar chláir ghnó agus seiceáil ar stádas oibríochtúil chuid de na cóiríochtaí do thurasóirí;
  • agallaimh le húdaráis náisiúnta nó réigiúnacha;
  • scrúdú ar chreataí náisiúnta/réigiúnacha agus tionscadail a roghnaíodh ó 11 Bhallstát/réigiún.

Fíor 6 – Ballstáit a roghnaíodh agus obair iniúchóireachta

Nóta: Roghnaíomar na Ballstáit bunaithe ar a gcaiteachas do na bearta a roghnaíodh.

Foinse: CIE.

Breathnuithe

Is iondúil go mbaineann tionscadail an tréimhse mharthanachta dhlíthiúil amach ach scoirtear roinnt tionscadail éagsúlaithe go luath ina dhiaidh sin

20 Sa roinn seo, rinneamar scrúdú ar thionscadail ó thaobh ceanglas dlí mharthanachta an Aontais agus rinneamar scrúdú féachaint ar cuireadh na ceanglais sin in oiriúint do chineál na n-infheistíochtaí a fuair tacaíocht.

  • I gcás tionscadail éagsúlaithe, rinneamar:
    • measúnú féachaint an raibh ár rogha de 879 dtionscadal a bhain le cóiríocht do thurasóirí (ceann de na cineálacha tionscadail éagsúlaithe is coitianta) a roghnaíodh fós i mbun oibríochta;
    • measúnú, d’ár rogha de 88 dtionscadal éagsúlaithe, féachaint an raibh siad fós i mbun oibríochta agus an raibh a spriocanna don phlean gnó á gcomhlíonadh acu (féach míreanna 44, 45 agus 59). Roghnaíomar tionscadail chun na príomhchineálacha tionscadal ar tugadh tacaíocht dóibh le linn an dá chlárthréimhse a chur san áireamh (féach Fíor 2).
  • I gcás tionscadail bhonneagair, rinneamar scrúdú féachaint an raibh na 48 dtionscadal inár sampla fós i mbun oibríochta agus an raibh na torthaí a rabhthas ag súil leo fós á dtabhairt i gcrích. Dhíríomar ar na cineálacha tionscadail is mó a fuair maoiniú le linn an dá chlárthréimhse (bóithre, gléasraí téimh, agus soláthar uisce agus córais sláintíochta (féach Bosca 1).

Bhí formhór na dtionscadal fós i mbun oibríochta

Bhí 80 % de na tionscadail a bhain le cóiríochta do thurasóirí fós i mbun oibríochta

21 Bhí infheistíochtaí i gcóiríocht do thurasóirí i measc na dtionscadal éagsúlaithe is mó a dtugtar tacaíocht dóibh. Chaith na 11 Bhallstát ar a ndearnamar scrúdú beagnach EUR 500 milliún de chistí forbartha tuaithe chun tacú le thart ar 8 000 infheistíocht i gcóiríocht do turasóirí le linn thréimhse 2014-2015 (i.e. tionscadail ó chlárthréimhse 2007-2013).

22 Sheiceálamar an raibh na 879 dtionscadal a bhain le cóiríocht do thurasóirí a shamplálamar sna 11 Bhallstát sin fós ag cur cóiríochta ar fáil. Fuair na bunaíochtaí ar fad maoiniú i dtréimhse 2007-2013 agus fuair an chuid is mó dóibh íocaíocht deiridh in 2014 nó 2015. Na cinn atá fós gníomhach, tá siad ann le níos mó ná cúig bliana. Rinneadh formhór ár seiceálacha idir mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair 2020. Fuaireamar amach gur dhún 21 de na cóiríochtaí do thurasóirí inár sampla de 879 mar gheall ar an ngéarchéim sláinte (i.e. 2 % dár sampla).

23 Léirítear i bhFíor 7 agus i bhFíor 8 go raibh cóiríocht á soláthar ag 80 % ar an iomlán de na bunaíochtaí. Bhí éagsúlacht sna figiúirí do Bhallstáit aonair, ag dul ó 98 % san Ostair go dtí 67 % san Ungáir agus 60 % san Iodáil (an tSicil). De réir ár n-anailís tosaigh ar fhoinsí ar líne, fuaireamar amach go raibh 24 bhunaíocht sa Fhrainc, san Ungáir, san Iodáil (an tSicil), sa Rómáin sa tSeicia agus sa tSlóvaic ar oscailt, ach i gcleachtas nach raibh siad ar fáil le haghaidh áirithintí. D'fhiosraíomar na cásanna sin tuilleadh trí theagmháil teileafóin nó ríomhphoist. I gcás inar dhearbhaigh na bainisteoirí go raibh na bunaíochtaí sin “oscailte” (20 cás), rinneamar iad a aicmiú mar sin inár n-anailís. Sna ceithre chásanna eile, ba léir nach raibh an chóiríocht ar fáil do thurasóirí.

Fíor 7 – Suíomh agus stádas oibríochtúil na dtionscadal a bhain le cóiríocht do thurasóirí a scrúdaíodh

Foinse: CIE.

Fíor 8 – Sciar na dtionscadal a bhain le cóiríocht do thurasóirí a bhí gníomhach

Foinse: CIE.

Bhí dhá thrian de na tionscadail éagsúlaithe fós i mbun oibríochta

24 Rinneamar scrúdú ar 88 dtionscadal éagsúlaithe sa Bhulgáir, san Ostair agus sa Pholainn. Bhain na tionscadail a roghnaíodh le saoráidí turasóireachta (cóiríocht do thurasóirí agus conairí rothar/cosáin), seirbhísí talmhaíochta agus fuinneamh inathnuaite (féach Fíor 9).

Fíor 9 – Miondealú ar na 88 dtionscadal a scrúdaíodh

Foinse: CIE.

25 As na 88 dtionscadal (67 ó chlarthréimhse 2007-2013 agus 21 ó chlárthréimhse 2014-2020), fuaireamar amach go raibh 29 dtionscadal (67 %) fós i mbun oibríochta; agus

  • as na 30 tionscadal a bhí fós laistigh dá dtréimhse marthanachta, bhí 29 (97 %) fós i mbun oibríochta; ach
  • as na 58 dtionscadal a bhí lasmuigh dá dtréimhse marthanachta, bhí 30 (52 %) fós i mbun oibríochta;
  • ar an iomlán, stop 7 as 88 dtionscadal de bheith i mbun oibríochta i rith na tréimhse marthanachta.

26 Bhí dhá thrian de na 35 thionscadal a bhain le cóiríocht do thurasóirí sa sampla seo de 88 dtionscadal éagsúlaithe fós ar oscailt. San Ostair, bhí 10 dtionscadal a bhain le cóiríocht do thurasóirí fós ar oscailt. Sa Bhulgáir agus sa Pholainn faoi seach, bhí 11 as 17 agus 3 as 8 fós i mbun oibríochta.

Bhí gach ceann de na tionscadail bhonneagair faoi iniúchóireacht seachas ceann amháin fós i mbun oibríochta

27 Sa Bhulgáir, san Ostair agus sa Pholainn, rinneamar scrúdú ar 48 dtionscadal bonneagair, arb é a bhí i gceist leo, den chuid is mó, ná gléasraí téimh, bóithre, agus córais uisce agus sláintíochta a thógáil nó a uasghrádú. Ag am an iniúchta, bhí 38 dtionscadal níos sine ná cúig bliana (lasmuigh den tréimhse mharthanachta dhlíthiúil) agus bhí na deich gcinn eile níos óige, fós laistigh den tréimhse mharthanachta dhlíthiúil.

28 Sheiceálamar an raibh an bonneagar a fuair cistiú ón Aontas fós in úsáid. Scrúdaíomar:

  • I gcás gléasraí téimh: stádas oibríochtúil an ghléasra, táirgeadh fuinnimh, líon na gcustaiméirí, sonraí airgeadais agus fostaíocht;
  • I gcás bóithre: athrú i líon na n-úsáideoirí (cónaitheoirí áitiúla, turasóirí, cuideachtaí atá lonaithe sa cheantar, i gcás ina raibh siad ar fáil);
  • I gcás córais soláthair uisce agus sláintíochta: stádas oibríochtúil an bhonneagair, líon na nasc le líonraí (i gcás ina raibh siad ar fáil), feabhsú i gcáilíocht uisce.

29 D’éirigh le gach ceann de na 48 dtionscadal (féach Fíor 10) na haschuir fhisiciúla a rabhthas ag súil leo a thabhairt i gcrích (mar shampla, gléasra téimh áitiúil a thógáil, bóthar a uasghrádú, soláthar uisce agus/nó córas séarachais a thógáil). Seachas aon ghléasra fuíolluisce amháin (féach Bosca 4), bhí an pobal áitiúil ag baint tairbhe fós as na hinfheistíochtaí tráth an iniúchta.

Fíor 10 – Miondealú ar na 48 dtionscadal a scrúdaíodh

Foinse: CIE.

Is minic a scoir gníomhaíochtaí éagsúlaithe go gairid tar éis don tréimhse mharthanachta dhlíthiúil dul in éag

30 Rinneamar scrúdú féachaint ar lean gníomhaíochtaí tionscadail ar aghaidh ar feadh dhá bhliain ar a laghad i ndiaidh na tréimhse dlíthiúla marthanachta atá leagtha síos i ndlí an Aontais. Rinneamar measúnú féachaint an raibh tionchar ag an earnáil nó méid na tionscadail ar an tréimhse oibríochta.

31 As na cláir ghnó a scrúdaíodh, ba iad na sonraí ón bPolainn amháin a raibh sonraí iontu maidir le stádas ghníomhaíochtaí éagsúla na dtairbhithe. Bhaineamar úsáid as an bhfaisnéis níos mionsonraithe sin chun anailís bhreise a dhéanamh. Do thairbhithe a chuir a ngníomhaíocht neamhthalmhaíochta ar bun faoi bhearta 311 agus 312 (9 221 agus 3 429 dtairbhí faoi seach), sheiceálamar cé mhéad bliana a mhair an ghníomhaíocht.

32 Léirítear i bhFíor 11 go ndearna tairbhithe a scoir de ghníomhaíocht an méid sin de ghnáth sa 6ú nó 7ú bliain oibríochta, is é sin go luath tar éis dheireadh na tréimhse marthanachta cúig bliana.

Fíor 11 – Dáileadh na dtairbhithe Polannacha a chuir deireadh lena ngníomhaíocht neamhthalmhaíochta de réir an ama scoir (bliain oibríochta)

Nóta: dáileadh de réir:

  • 4 865 thairbhí a chuir tús leis an ngníomhaíocht neamhthalmhaíochta chun tairbhe a bhaint as beart 311 agus a chuir deireadh leis an ngníomhaíocht sin ina dhiaidh sin.
  • 735 thairbhí a chuir tús le gníomhaíocht den sórt sin chun tairbhe a bhaint as beart 312 agus a chuir deireadh leis an ngníomhaíocht sin ina dhiaidh sin.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ó Chlár Gnó na Polainne agus údaráis na Polainne.

33 I mBosca 2, tugtar samplaí de bhunaíochtaí turasóireachta (a fuair tacaíocht le linn chlárthréimhse 2007-2013) inar infheistigh an tAontas níos mó ná EUR 150 000 a chuir deireadh lena gcuid oibríochta tar éis na tréimhse marthanachta cúig bliana. Bhí dhá cheann oibríoch ar feadh níos lú ná cúig bliana mar gheall go cuireadh tús leis an tréimhse dlíthiúil mharthanachta leis an gcinneadh maoiniúcháin (féach mír 12). Ciallaíonn na tréimhsí gearra gníomhaíochta sin gur idir EUR 2 667 agus EUR 9 125 in aghaidh na míosa gníomhaíochta a bhí sna fóirdheontais Eorpacha.

Bosca 2

Samplaí de chóiríochtaí do thurasóirí a bhí costasach agus nach bhfuil gníomhach a thuilleadh

Tír/réigiún Aon chóiríocht amháin do thurasóirí Ré na gníomhaíochta cóiríochta i mblianta* Maoiniú coibhéiseach ón Aontas arna thabhairt de réir na míosa don ghníomhaíocht turasóireachta (€)
Costais iomlána (€) Rannchuidiú AE (€)
An tSlóvaic 991 822 371 933 6 5 165
An Ghréig 555 411 299 717 4 6 244
An Iodáil (an tSicil) 452 497 273 761 2,5 9 125
An Rómáin 235 294 177 058 5 2 951
An Bhulgáir 200 000 160 000 5 2 667

* Ag tosú ó chur i gcrích an tionscadail, i.e. íocaíochtaí deiridh.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis na mBallstát.

34 In 2014-2020, d’fhéadfadh Ballstáit an tréimhse mharthanachta a laghdú go dtí trí bliana d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Is ionann na ceanglais mharthanachta, áfach, fiú má shroicheann an leibhéal maoinithe ón Aontas EUR 9 000 nó EUR 500 000 nó má mhaoiníonn na tairbhithe 10 % nó 90 % dá n-infheistíochtaí.

Chuir an chuid is mó de na Ballstáit tréimhse mharthanachta cúig bliana i bhfeidhm d’infheistíochtaí bonneagair

35 Is ceanglas dlíthiúil í an tréimhse mharthanachta nach bhfuil sé mar aidhm aici ré oibríochtúil na hinfheistíochta a léiriú. Bítear ag súil go mbeadh ré oibríochtúil ag tionscadail atá i bhfad níos faide (15-25 bliana do thionscadail gléasra fuinnimh, 25-30 bliana do bhóithre agus 30 bliana do bhonneagar uisce agus dramhuisce) ná na ceanglais mharthanachta. Chuir an Ostair agus réigiún Piedmont san Iodáil síneadh leis an gceanglas marthanachta do chineálacha áirithe infheistíochtaí (féach Bosca 3) chun an ré oibríochtúil a measadh a bheadh acu a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Chuir údaráis náisiúnta sna Ballstáit eile inár sampla an ceanglas marthanachta cúig bliana i bhfeidhm.

Bosca 3

Dea-chleachtais: tréimhse mharthanachta oiriúnaithe ar leibhéal na mBallstát/Réigiún

San Ostair, chun maoiniú poiblí a fháil, ní mór do ghléasraí téimh áitiúla ceanglais bhreise a chomhlíonadh arb é is aidhm leo marthanacht an tionscadail a áirithiú:

  1. ní mór d’iarratasóirí a chruthú go bhfuil conarthaí sínithe acu cheana a chumhdaíonn ar a laghad 75 % dá gcumas táirgthe; agus
  2. ní mór do chliaint conradh ceangailteach 10-15 bliana a shíniú.

Chuir an Ostair síneadh 10 mbliana leis an tréimhse mharthanachta d’infheistíochtaí den sórt sin.

In 2014-2020, chuir réigiún Piedmont (an Iodáil) an tréimhse mharthanachta in oiriúint don chineál infheistíochta. Ní mór go mbeadh tionscadail amhail cóiríocht do thurasóirí i mbun oibríochta ar feadh 10 mbliana ar a laghad12.

Foinse: Doiciméid na mBallstát.

36 Bhí na tionscadail bhonneagair ar fad ar a ndearnamar scrúdú fós i mbun oibríochta (féach mír 29), seachas ceann amháin: sa Bhulgáir, theip ar thionscadal bonneagair amháin mar gheall ar easpa cothabhála (féach Bosca 4).

Bosca 4

D’éirigh gléasra cóireála fuíolluisce as a bheith ag oibriú tar éis dhá bhliain de bharr easpa cothabhála

Sa Bhulgáir, in 2009, shínigh údarás áitiúil comhaontú deontais (costais incháilithe de EUR 1.5 milliún) chun sráideanna, uisce agus líonraí séarachais a athshlánú agus chun gléasra cóireála fuíolluisce a thógáil. Tháinig deireadh leis an tógáil in 2015, bliain tar éis dul in éag na tréimhse marthanachta don tionscadal sin, a mhair ón gcinneadh maoinithe i gclárthréimhse 2007-2013 (féach Fíor 5).

Cuireadh deireadh le hoibríocht an ghléasra cóireála fuíolluisce in 2017, dhá bhliain tar éis na híocaíochtaí deiridh, mar gheall nach ndearna na húdaráis áitiúla cúram de. Ní raibh aon sásra ann a cheadódh cistí AE a caitheadh ar an tionscadal seo a aisghabháil toisc go raibh an “ceanglas dlí maidir le marthanacht” thart.

Bhí deireadh curtha le hoibríochtaí ag aon trian de na tionscadail éagsúlaithe faoin am a rinneadh ár n-iniúchadh

37 Sa chuid seo, rinneamar measúnú féachaint an bhfuil tosca ann a dhéanann difear d’fhad saoil tionscadail, agus freisin lasmuigh de na ceanglais dlí mharthanachta. Bhí dhá thrian de na tionscadail éagsúlaithe fós i mbun oibríochta ag am an iniúchta. Ní raibh an tríú cuid eile i mbun oibríochta a thuilleadh. Rinneamar scrúdú féachaint an ndearna údaráis náisiúnta agus réigiúnacha anailís ar inmharthanacht eacnamaíoch ionchasach na dtionscadal éagsúlaithe a roghnaigh siad agus cén cineál tionscadail nach raibh chomh marthanach sin.

Ní raibh tionchar suntasach ag nósanna imeachta roghnúcháin ar cháilíocht fhoriomlán na dtionscadal

38 Ba cheart go rannchuideodh nósanna imeachta roghnúcháin le caighdeán tionscadail a fhaigheann tacaíocht agus an fhad a mhaireann siad. Áirítear leis sin tosaíochtú trí chritéir roghnúcháin ábhartha agus measúnú cuí ar thionscadail. Ceanglaítear ar na Ballstáit le rialacha an Aontais critéir roghnúcháin a shainiú agus a chur i bhfeidhm nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir leis na hoibríochtaí ar cheart dóibh tosaíocht a thabhairt dóibh. Le linn chlárthréimhse 2007-2013, fuaireamar amach an méid seo a leanas:

  • Níor bhain an Pholainn (go dtí 2009) agus an Fhrainc úsáid as critéir den sórt sin.
  • Níor bhain an Liotuáin úsáid as critéir roghnúcháin ach amháin nuair a bhí líon na n-iarrataí níos mó ná na cistí a bhí ar fáil.
  • Bhí critéir den sórt sin ag an Ostair ach níor bhain siad úsáid astu chun tionscadail a rangú.
  • Bhain an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghréig, an Pholainn (tar éis 2009) agus an tSlóvaic úsáid as critéir roghnúcháin gan scór íosta a leagan síos a bheadh le baint amach ag na hiarratasóirí. Rinne siad tionscadail a rangú, ach thacaigh siad leo fad is a bhí an buiséad ar fáil, fiú dá dtabharfaí scór íseal dóibh13.
  • Rinne an Ungáir, an Iodáil (an tSicil) agus an Rómáin scór íosta a leagan síos a bheadh le baint amach ag iarratais chun cáiliú do chabhair. Tar éis conradh deontais a shíniú, áfach, níor chríochnaigh 46 % de na tairbhithe ón Rómáin faoi bheart 313 agus 10 % de na tairbhithe ón tSicil faoi bheart 311 a dtionscadal. Dá bhrí sin, ní bhfuair siad íocaíocht dheiridh.

39 Le linn chlárthréimhse 2014-2020, bhain údaráis náisiúnta agus réigiúnacha sna Ballstáit ar fad úsáid as critéir roghnúcháin agus tairseacha pointí. De ghnáth, ní raibh na tairseacha sin os cionn 50 % den uasmharc. Mar shampla, do bheart 6.4 (féach Tábla 1), bhí na scóir íosta sa Rómáin agus san Ostair faoi seach ag 10 as 100 pointe agus 5 as 24. Le scóir íosta íseal, tá baol ann go roghnódh údaráis náisiúnta agus réigiúnacha tionscadail le hacmhainneacht íseal.

40 Anuas ar chritéir roghnúcháin a chur chun feidhme, ní mór do Bhallstáit measúnú a dhéanamh ar an tionscadal. I mBosca 5, tugtar sampla de thionscadail sa Pholainn a mheasaimid nár cheart go dtacófaí leis i gcás measúnaithe cuí.

Bosca 5

Roghnaigh an Pholainn tionscadail a raibh úinéireacht ag daoine as an teaghlach céanna orthu agus a dhún a gcuid cuideachtaí ag deireadh na tréimhse marthanachta

Ní raibh cuideachta Pholannach a bhí ag déileáil le hiompar agus seirbhísí stórála incháilithe le tacaíocht a fháil faoi bheart 312. Chuir triúir iníonacha agus beirt chliamhaineacha de chuid úinéir na cuideachta cúig chuideachta nua ar bun díreach roimh nó go luath i ndiaidh iarratais a chur isteach ar chabhair faoi bheart 312.

Dhearbhaigh na cúig chuideachta sin na gníomhaíochtaí céanna nó gníomhaíochtaí comhchosúla agus bhí oibríocht ar siúl ag an seoladh céanna leis an gcuideachta bhunaidh. Cheannaigh siad feithiclí agus d’athchóirigh siad spásanna agus trealamh, a bhfuair siad suas le 50 % d’fhóirdheontais dóibh.

B’ionann an maoiniú poiblí iomlán agus EUR 265 000 (lena n-áirítear 75 % de ranníocaíocht ón Aontas), suim a bhí cuid mhaith os cionn an uasmhéid cabhrach atá leagtha síos sa reachtaíocht náisiúnta d’eintiteas incháilithe aonair (EUR 72 000).

Dhún ceathrar den chúigear tairbhithe sin a gcuideachtaí ag deireadh na tréimhse marthanachta.

41 Chun marthanacht na n-oibríochtaí a mheas, chuir na húdaráis náisiúnta i ngach Ballstát ar a ndearnamar scrúdú (seachas an Fhrainc) ceanglas ar iarratasóirí plean gnó a thíolacadh.

42 Mheas cúig Bhallstát as na deich mBallstát sin14 gur bonn do mheasúnú amach anseo iad na réamhaisnéisí gnó a áiríodh i bpleananna gnó. Mar shampla, b’éigean do thairbhithe ar a laghad 50 % (an Bhulgáir agus an Ungáir) nó 70 % (an Liotuáin) dá réamhaisnéisí gnó a bhaint amach. Nuair a rinneadh rialú ex post, bhí smachtbhannaí ann mar thoradh ar mhainneachtain na céatadáin sin a bhaint amach (féach mír 55)

43 Shainmhínigh seacht mBallstát15 an líon poist atá le cruthú mar cheann dá gcritéir incháilitheachta nó roghnúcháin. Nuair a bhí cruthú fostaíochta mar chritéir roghnúcháin, b’éigean do thairbhithe poist a chruthú agus iad a chothabháil go dtí deireadh na tréimhse marthanachta ar a laghad. Dheonaigh an Liotuáin agus an Pholainn cistiú níos airde do thairbhithe a bhí ag súil le níos mó post a chruthú.

44 Maidir leis na tairbhithe inár sampla dá bhféadfaimis dóthain faisnéise a fháil, níor shroich 90 % (9/10) de thairbhithe ón mBulgáir agus 63 % (17/27) de thairbhithe ón bPolainn na réamhaisnéisí eacnamaíocha a leagadh síos ina bplean gnó (lena n-áirítear 4 as 10 do thairbhithe ón tréimhse 2014-2020). Níor aimsíomar deacracht den sórt sin san Ostair (féach mír 59).

45 Léirítear i dTábla 3 go raibh tromlach na dtairbhithe íseal go maith faoin réamhaisnéis a bhí déanta acu.

Tábla 3 – Tionscadail nár shroich na réamhaisnéisí ina bpleananna gnó

  Tionscadail nár shroich na réamhaisnéisí ina bpleananna gnó
Iomlán Céatadán na réamhaisnéise a sroicheadh
Níos lú ná 10 % Idir 10 agus 50 % Níos mó ná 50 %
An Pholainn 17 7 8 2
An Bhulgáir 9 3 4 2

Foinse: CIE, bunaithe ar anailís comhaid na dtionscadal.

46 Bhí réamhaisnéisí an phlean gnó ceangailteach sa Bhulgáir. Bhí trí cheathrú de na seiceálacha ex post ina gcúis le himeachtaí aisghabhála toisc nach raibh na réamhaisnéisí bainte amach ag na tairbhithe (féach mír 55).

Bhí cineálacha áirithe tionscadal éagsúlaithe sách gearrshaolach

47 Sa Pholainn, rinne beagnach trí cheathrú de na 13 000 tairbhí faoi bheart 311 (8 221 thairbhí a bhunaigh gníomhaíocht neamhthalmhaíochta a ndearnadh anailís air i mír 31 agus thart ar 3 800 eile a d’fhorbair gníomhaíochtaí a bhí ann cheana faoin mbeart céanna) a ngníomhaíochtaí a éagsúlú ina “seirbhísí d’fheirmeacha agus d’fhoraoiseacht”, i.e. laistigh den earnáil talmhaíochta. Áirítear i seirbhísí d’fheirmeacha agus d’fhoraoiseacht, mar shampla, fruiliú meaisíní nó obair a dhéanamh d’fheirmeoir eile (ar nós feirmeoirí a cheannaíonn céachta le maoiniú ón Aontas chun talamh feirmeoirí eile a threabhadh nó chun an meaisín a thabhairt ar cíos dóibh). Chuir breis agus leath de na tairbhithe a sheiceálamar i gclár gnó na Polainne (5 114 as 9 419) deireadh lena ngníomhaíocht faoi mhí Feabhra 2020. Léirítear i bhFíor 12 go bhfuil an sciar sin i bhfad níos airde ná mar atá sé do ghníomhaíochtaí éagsúlaithe eile.

Fíor 12 – Stádas na bpríomhghníomhaíochtaí a fuair tacaíocht faoi bheart 311 sa Pholainn

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, bunaithe ar anailís ar chlár gnó REGON.

48 Níor chuir rialacha an aontais agus na náisiúnta toirmeasc go sainráite ar threalamh ceannaithe a úsáid ar thalamh an tairbhí féin. Do chlárthréimhse 2014-2020, luaitear i dtreoraíocht an Choimisiúin gur cheart an “infheistíocht tacaithe a úsáid den chuid is mó chun seirbhísí a sholáthar do thriú páirtithe”. Ach níor aimsíomar sásra ar bith a chuireann cosc ar innealra talmhaíochta atá maoinithe faoin mbeart sin a úsáid ar fheirm an tairbhí féin den chuid is mó.

49 I bhfianaise na rioscaí sonracha a sainaithníodh i dtaca le tionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí, bhreithníomar ar léirigh nó nár léirigh na torthaí marthanachta don aicme seo fadhbanna a bhaineann le hinmharthanacht eacnamaíoch, nó ar cheil siad na fadhbanna sin. Dá bhrí sin, rinneamar anailís bhreise ar thionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí sa Bhulgáir, sa Ghréig agus sa Pholainn. Sa Ghréig, chuir an faireachán náisiúnta ar thionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí faisnéis ar fáil i dtaobh ioncam a gineadh le linn na chéad trí bliana. Rinneamar anailís ar an bhfaisnéis sin in aghaidh costais infheistíochtaí do 20 tionscadal maidir le cóiríocht do thurasóirí a bhí fós i mbun oibríochta.

50 D'ardaigh ár n-anailís ceisteanna a bhaineann lena n-inmharthanacht eacnamaíoch. I gcás gach euro den chostas iomlán infheistíochta, is EUR 0.4, ar an meán, a bhí san ioncam foriomlán in imeacht trí bliana. Mar a léirítear i bhFíor 13, ceileann an meán sin an leathadh cuimsitheach atá san acmhainneacht ioncaim a ghiniúint. In imeacht tréimhse trí bliana, ghin tionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí idir EUR 0.02 agus EUR 1.41 do gach euro a infheistíodh. Ghin ceithre cinn acu (20 %) níos lú ná EUR 0.1 do gach euro a infheistíodh.

Fíor 13 – Toradh ar infheistíochtaí, costais infheistíochta agus ioncam trí bliana do 20 tionscadal sa Ghréig

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó údaráis na Gréige.

51 Ar an lámh eile, d'aimsíomar tionscadail a raibh toradh an-ard ar infheistíocht acu (féach Fíor 13): ghin trí cinn ioncaim a théann thar an infheistíocht a rinneadh laistigh de thrí bliana.

52 I dTuarascáil speisialta 02/2022 CIE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair, thugamar faoi deara, maidir le tionscadail a raibh a dtréimhsí aisíocaíochta an-ghearr, gur roghanna costéifeachtacha do bhuiséad an Aontais de ghnáth iad ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí nó deontais inaisíoctha. Déantar foráil i reachtaíocht an Aontais d'iasachtaí a úsáid le haghaidh tionscadail inmharthana16. Measann an Coimisiún go bhfuil ionstraimí airgeadais iomchuí chun tacú le tionscadail inmharthana forbartha tuaithe17. Tugann aisíocaíochtaí iasachta dreasacht do thairbhithe na dtionscadal (lena n-áirítear cóiríochtaí do thurasóirí nó seirbhísí talmhaíochta) brabúis a ghiniúint óna n-infheistíocht agus dá bhrí sin cuireann sé teorann leis an mbaol go n-iarrfaidh siad tacaíocht do thionscadail nach bhfuil inmharthana nó gur chun críocha príobháideacha amháin a n-úsáideann siad iad.

53 Léirítear i dTábla 4 gur dúnadh go luath 29 % agus 38 % de na tionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí, agus a seiceáladh, sa Bhulgáir agus sa Pholainn faoi seach (féach mír 26) nó gur ghineadar láimhdeachas an-íseal.

Tábla 4 – Tionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí nach dtugann tairbhí marthanacha i gcrích

Ballstáit Líon na gcóiríochtaí a seiceáladh Líon na gcóiríochtaí nach dtugann tairbhí i gcrích Nótaí tráchta
An Bhulgáir 17 6 Dúnadh trí cinn tar éis na tréimhse marthanacha.
Bhí níos lú ná 10 % dá láimhdeachas réamh-mheasta ag trí cinn eile (thuairiscigh aon cheann amháin láimhdeachas de EUR 188 do bhliain amháin) agus b’éigean dóibh a ndeontas a aisíoc tar éis na seiceála ex post.
An Pholainn 8 3 Dúnadh trí cinn, lena n-áirítear ceann amháin le linn na tréimhse marthanachta. Bhí láimhdeachas de EUR 250 in aghaidh na bliana ag ceann amháin – níos lú ná 10 % don réamhaisnéis agus dhún sé tar éis dheireadh na tréimhse marthanachta.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit.

Úsáid chónaithe á baint as foirgnimh a maoiníodh mar chóiríocht do thurasóirí

54 Níor chuir reachtaíocht an Aontais toirmeasc go sainráite ar úsáid chónaithe phríobháideach a bhaint as foirgnimh a fhaigheann maoiniú chun cóiríocht do thurasóirí a chur ar fáil le linn na tréimhse marthanachta. Luaigh sé, áfach, nár cheart don infheistíocht a bheith faoi réir athrú mór a bhaineann an bonn óna cuspóirí bunaidh18. Chuir reachtaíocht na hOstaire toirmeasc ar an infheistíocht a úsáid ar bhonn príobháideach agus buan19. Níorbh é sin an cás i reachtaíocht náisiúnta na Polainne ná na Bulgáire.

55 D’aimsíomar na saincheisteanna seo a leanas maidir le húsáid phríobháideach cóiríocht do thurasóirí:

  • I mBallstát amháin, fuaireamar go raibh úsáid phríobháideach a d'fhéadfadh a bheith calaoiseach á baint as teach lóistín le linn na tréimhse marthanachta. Tarchuireadh an cás sin chuig OLAF agus tá sé á imscrúdú.
  • Sa Bhulgáir agus sa Rómáin, shainaithníomar gníomhaíochtaí riaracháin tar éis a dhéanamh amach go raibh úsáid phríobháideach á baint as cóiríocht do thurasóirí a fuair tacaíocht. Rinne an Coimisiún moltaí do na Ballstáit sin agus chuir siad ceartúchán airgeadais i bhfeidhm maidir leis an mBulgáir. Chinn an Rómáin teorainn a chur ar chistiú na cóiríochta do thurasóirí in 2021 agus 2022. Sheol údaráis na Bulgáire gníomhaíocht riaracháin trí sheiceálacha breise ex post a dhéanamh ag díriú isteach ar na réamhaisnéisí sa phlean gnó bhaint amach. Níor shroich tromlach (76 %) na 288 dteach aíochta a fuair maoiniú ón Aontas na réamhaisnéisí. D’iarr údaráis na Bulgáire aisíocaíocht de EUR 21 milliún. Tá an próiseas téarnaimh sin ag dul chun cinn go mall mar gheall ar dhúshláin dhlíthiúla sa chúirt náisiúnta. Stop an Bhulgáir ag tabhairt tacaíochta do chóiríocht do thurasóirí i gclárthréimhse 2014-2020.
  • As na 11 Bhallstát a scrúdaíomar, shainaithníomar ailt nuachtáin ag tuairisciú go raibh úsáid chónaithe phríobháideach i gceist le tionscadail atá clúdaithe leis an iniúchadh seo in ocht mBallstát (i dtrí cinn acu ar a laghad, thuairiscigh ailt nuachtáin imscrúduithe agus cásanna cúirte a bhain le héilimh chalaoiseacha ar fhóirdheontais do chóiríochtaí thurasóirí a raibh úsáid phríobháideach á baint astu). I roinnt cásanna, rinneadh fógraíocht á rá go raibh na foirgnimh ar fáil do thurasóirí ach ní fhéadfaí iad a chur in áirithe go hiarbhír (féach mír 23). D’fhéadfadh tógáil tí nó athchóiriú a dhéanamh ar theach le tacaíocht ón Aontas a bheith tarraingteach toisc gur féidir leis an tairbhí é a úsáid go hoifigiúil mar theach príobháideach nó é a dhíol nuair a bheidh tréimhse idir trí agus cúig bliana caite.

Tá fianaise theoranta ann go dtugann maoiniú ón Aontas éagsúlú fadtéarmach i gcrích i gceantair thuaithe

56 Ba cheart do mhaoiniú ón Aontas éagsúlú fadtéarmach a thabhairt i gcrích i gceantair thuaithe (féach mír 04). Rinneamar measúnú féachaint ar thug tionscadail éagsúlú leanúnach chuig geilleagair thuaithe. Rinneamar scrúdú freisin féachaint ar chuir meastóireacht agus faireachán léargas leordhóthanach ar fáil i dtaobh na dtorthaí a bhaineann le caiteachas an Aontais.

Tugann roinnt cineálacha tionscadal éagsúlaithe deiseanna éagsúlaithe teoranta i gcrích

57 Le linn 2007-2013, chaith an Pholainn EUR 252 milliún chun tacú le seirbhísí don talmhaíocht agus don fhoraoiseacht. Lean an maoiniú sin le linn chlárthréimhse 2014-2020. Thugamar faoi deara go ndearna seirbhísí don talmhaíocht rannchuidiú teoranta le héagsúlú fadtéarmach i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta. Ní chabhraíonn na tionscadail sin le tairbhithe a n-ioncam ón earnáil talmhaíochta a éagsúlú. Measann an Coimisiún go dtéann na seirbhísí sin (amhail treabhadh/buaint) chun tairbhe indíreach don éagsúlú trína chur ar chumas feirmeoirí a úsáideann na seirbhísí sin am a shábháil chun tús a chur le gníomhaíocht neamhthalmhaíochta ag an am céanna. Thairis sin, ba í an ghníomhaíocht “seirbhisí don talmhaíocht nó don fhoraoiseacht” an ghníomhaíocht is lú marthanachta mar gheall gur stop tromlach na dtairbhithe leis an ngníomhaíocht sin (féach mír 47).

58 Ina meastóireachtaí ex post, is iad na Ballstáit is minice a d’ainmnigh an turasóireacht mar an earnáil ina bhféadfaí éagsúlú a dhéanamh20. Go deimhin, thug 23 acu beart 313 chun feidhme, i.e. “Gníomhaíochtaí turasóireachta a spreagadh”. D’fhéadfadh cruthú agus forbairt cóiríochta do thurasóirí a bheith maoinithe faoi na bearta éagsúlaithe ar fad (beart 311, beart 312, beart 313), ag brath ar rogha na mBallstát/an réigiúin. Mar a luaitear i mír 21, thacaigh níos mó ná EUR 500 milliún de chistí poiblí le tionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí in 2014-2015 sna 11 Bhallstát a bhí roghnaithe.

59 Ar leibhéal na dtairbhithe, is féidir le cóiríocht do thurasóirí ioncaim na dtairbhithe a éagsúlú agus a chomhlánú, ach éileamh féideartha leordhóthanach a bheith ann. San Ostair, bhí gach ceann de na 10 dtionscadal a bhain le cóiríocht do thurasóirí fós i mbun oibríochta. Bhain seacht gcinn acu a réamhaisnéisí sa phlean gnó amach, agus chuir siad idir 10 agus 90 % d’ioncaim na dtairbhithe ar fáil. I seacht gcás, cuireadh maoiniú ar fáil chun gnó a bhí ann cheana a leathnú. Sna trí cinn eile, is foinse nua ioncaim a bhí sa turasóireacht.

60 Ar an leibhéal críochach, áfach, tá cásanna d’infheistíochtaí i dturasóireacht nach gcruthaíonn éagsúlú i gceantair thurasóireachta. Ar fud an Aontais, is earnáil eacnamaíoch níos mó í an turasóireacht ná earnáil na talmhaíochta agus tá ról níos mó aici i ngeilleagar na gceantar tuaithe seachas sna ceantair uirbeacha. Tá líon na n-oícheanta turasóireachta in aghaidh an chónaitheora i gceantair thuaithe trí uaire níos airde ná mar atá i réigiúin uirbeacha, agus tá caiteachas turasóireachta níos airde i gcoitinne i gceantair thuaithe21. I gceantair thuaithe amhail an Chréit (an Ghréig) nó an Chorsaic (an Fhrainc), tá an lámh in uachtar ag an tionscal turasóireachta sna geilleagair áitiúla, arb ionann é agus 47 % agus 31 %, faoi seach, den OTI (i gcomparáid le 7.5 % agus 2 % don talmhaíocht22).

Ní thugann an mheastóireacht agus an faireachán léiriú leordhóthanach ar na tairbhí éagsúlaithe

61 In 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún achoimre ar thuarascálacha meastóireachta ex post na mBallstát do thréimhse 2007-201323, a tháinig ar an gconclúid:

  • Maidir le Beart 311 – “Éagsúlú go gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta” agus Beart 312 – “Tacaíocht do chruthú agus forbairt gnó”, chabhraigh siad le feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch na dtairbhithe “go pointe meánach”;
  • Maidir le Beart 311 – “Gníomhaíochtaí turasóireachta a spreagadh”, chabhraigh sé le feabhas a chur éagsúlú eacnamaíoch “go pointe teoranta”. Thuairiscigh níos lú ná leath de na measúnaithe ex post ar na cláir forbartha tuaithe rannchuidiú dearfach ón mbeart sin le feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch na gceantar tuaithe.

62 Fuarthas sa mheastóireacht sin nach raibh go leor tionscadal éagsúlaithe “trasearnálach” a ndóthain (i.e. ródhírithe ar thalmhaíocht). Déanaimid an tsaincheist sin a phlé i mír 57.

63 Thugamar faoi deara gur chuir faireachán faisnéis theoranta ar fáil maidir le marthanacht na dtionscadal agus a dtionchar fadtéarmach ar éagsúlú na gceantar tuaithe. Cé go ndéanann Ballstáit faireachán leormhaith ar thionscadail ón tús go dtí an íocaíocht deiridh, tá faireachán teoranta le linn na tréimhse marthanachta agus is ar éigean go bhfuil sé ann ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, nuair a ullmhaíonn Ballstáit agus an Coimisiún measúnaithe ex post, is beag faisnéis atá ag meastóirí ar an líon tionscadal de na cineálacha éagsúla a lean de bheith i mbun oibríochta tar éis na tréimhse ina raibh deontais á n-íoc. Ní ceanglas dlíthiúil é faireachán a dhéanamh ar thionscadail tar éis an tréimhse mharthanachta. Dá mbaileofaí faisnéis ábhartha lasmuigh den tréimhse mharthanachta, áfach, bheadh an Coimisiún agus Ballstáit in ann torthaí buanfasacha a mheas agus na cineálacha tionscadal a thacaíonn le cuspóirí beartais fadtéarmacha a shainaithint.

64 Léirítear inár n-iniúchadh gur féidir le roinnt uirlisí, amhail cláir ghnó agus bunachair sonraí ábhartha eile, léargas breise a thabhairt maidir le marthanacht na dtionscadal. Baineann an fhaisnéis bhunúsach atá ar fáil le stádas an tairbhí amháin, ach sa Pholainn, fuaireamar sampla de bhunachar sonraí a raibh faisnéis níos mionsonraithe ann ar stádas na ngníomhaíochtaí a fuair maoiniú ón Aontas (féach míreanna 31 agus 47). Bhailigh an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin faisnéis ó chláir ghnó.

65 Tá bunachair mhóra sonraí, amhail cláir ghnó, ann agus d’fhéadfaidís léargais a thabhairt do thairbhithe a d’éirigh as nó a chuir deireadh le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí (féach míreanna 31-32). Faoi láthair, ní bhaineann an Coimisiún úsáid as faisnéis ó chláir ghnó náisiúnta ná ó fhoinsí sonraí móra eile chun marthanacht na dtionscadal éagsúlaithe agus a dtairbhe fadtéarmach do cheantair thuaithe a mheas.

Conclúidí agus moltaí

66 Thugamar faoi deara go raibh tromlach na dtionscadal a bhain le hinfheistíochtaí bonneagair agus le héagsúlú i mbun oibríochta le linn na tréimhse marthanachta dlíthiúla (féach míreanna 21-29). Thugamar faoi deara, áfach, gur mhinic gur tháinig deireadh le tionscadail éagsúlaithe go luath i ndiaidh na tréimhse sin (féach míreanna 31-34). Sa Pholainn, ní raibh seirbhísí do thionscadail talmhaíochta nó foraoiseachta chomh marthanach céanna agus a bhí cineálacha eile (féach míreanna 47-48).

67 Thugamar faoi deara gur tháinig feabhas ar cháilíocht na nósanna imeachta roghnúcháin do chlárthréimhse 2014-2020 i gcomparáid le clárthréimhse 2007-2013. Ní raibh tionchar suntasach ag nósanna imeachta roghnúcháin, áfach, ar cháilíocht fhoriomlán na dtionscadal (féach míreanna 38-46).

68 Thugamar faoi deara go bhfuil acmhainneacht éagsúlaithe íseal ag roinnt cineálacha tionscadal, amhail seirbhísí don talmhaíocht nó don fhoraoiseacht (féach mír 57). Is féidir le cóiríocht do thurasóirí gníomhaíochtaí na dtairbhithe a éagsúlú ach ní dhéanann acmhainneacht bhreise cóiríochta éagsúlú ar cheantair thurasóireachta na ngeilleagar (míreanna 58-60).

69 Leathnaíomar amach ár n-anailís ar thionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí agus shainaithníomar fadhbanna a bhaineann le hinmharthanacht eacnamaíoch i dtrí Bhallstát (féach míreanna 49-53 agus Tábla 4). Nuair a bhaintear úsáid chónaitheach phríobháideach as an gcóiríocht, déanann sé difear don fheidhmíocht eacnamaíoch atá ag tionscadail den sórt sin. Thugamar faoi deara samplaí de Bhallstáit a sheol imscrúduithe ar úsáid phríobháideach a bheith á baint as foirgneamh a bhí maoinithe mar chóiríocht agus/nó a chuir srian le rochtain ar dheontais do thionscadail a bhain le cóiríocht do thurasóirí (féach mír 55). Fuaireamar gur rogha malartach ábhartha atá in iasachtaí chun tacú le tionscadail atá inmharthana (lena n-áirítear tionscadail a thacaíonn le cóiríocht do thurasóirí nó seirbhísí don talmhaíocht – féach mír 52).

Moladh 1 – Caiteachas a spriocdhíriú níos fearr ar thionscadail inmharthana

Ina cháil chomhairleach, ba cheart don Choimisiún dea-chleachtais a roinnt chun cur i bhfeidhm na nósanna imeachta roghnúcháin a chur chun cinn ar bhealach a laghdaíonn na rioscaí a bhaineann le tionscadail nach bhfuil inmharthana a roghnú.

Amchlár: ó 2023

Moladh 2 – Rioscaí a bhaineann le hatreorú sócmhainní maoinithe chuig úsáid phearsanta a mhaolú

Chun tairbhí na dtionscadal fadtréimhseacha agus luach ar airgead ó thacaíocht ón Aontas a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún:

  1. Roinnt dea-chleachtais a éascú chun coimircí maidir le marthanacht tionscadal a chur chun cinn mar aon le coimircí in aghaidh atreorú sócmhainní AE chuig úsáid phearsanta. Ba cheart go n-áireofaí leis na malartuithe sin úsáid chuí na nithe seo a leanas:
    1. Coinníollacha náisiúnta marthanachta, maidir le tréimhse mharthanachta, agus na cineálacha éagsúla infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht á gcur san áireamh;
    2. iasachtaí chun maoiniú a dhéanamh ar shócmhainní fadtéarmacha;
    3. fianaise ar oibriú leanúnach na ngníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú; agus
    4. forálacha i gcomhaontuithe deontais maidir le húsáid infheistíochtaí do na cuspóirí beartaithe.
  2. Amchlár: 2023

  3. Anailís a dhéanamh ar úsáid na ndea-chleachtais sin ag na Ballstáit agus na torthaí a scaipeadh.
  4. Amchlár: 2027

70 Ar an iomlán, is é an tátal a bhí le baint as meastóireachtaí ex post ar thréimhse 2007-2013 ná gur rannchuidiú teoranta go meánach a bhí ann don éagsúlú (míreanna 61-62). Leis an bhfaireachán, tugadh léargais theoranta ar thairbhí na dtionscadal le himeacht ama, go háirithe tar éis dheireadh na tréimhse marthanachta, in ainneoin na féidearthachta a bhaineann le mórshonraí chun léargas breise a chur ar fáil maidir le marthanacht na dtionscadal maoinithe i mbealach costéifeachtach (féach míreanna 63-65).

Moladh 3 – Leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ag mórshonraí chun meastóireacht a dhéanamh

Chun críocha meastóireachta, ba cheart don Choimisiún, i gcomhchomhairle leis na Ballstáit:

  1. foinsí ábhartha faisnéise a shainaithint maidir le hoibriú leantach na dtionscadal atá maoinithe ag Aontas agus dea-chleachtais a roinnt leis na Ballstáit;
  2. Amchlár: 2024

  3. An fhaisnéis sin a úsáid chun liosta a tharraingt suas de thosca riosca bunaithe ar shamplaí de thionscadail nach bhfuil chomh marthanach sin.
  4. Amchlár: ó 2026

Is é Seomra I, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 27 Aibreán 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán

Acrainmneacha agus giorrúcháin

CBT: an comhbheartas talmhaíochta;

CETFT: an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

CFT: clár forbartha tuaithe

OTI: olltáirgeacht intíre

Gluais

Clár forbartha tuaithe: Sraith cuspóirí agus gníomhaíochtaí ilbhliantúla ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach atá formheasta ag an gCoimisiún le haghaidh chur chun feidhme bheartas forbartha tuaithe AE.

Clárthréimhse: An tréimhse ina ndéantar clár a fhaigheann maoiniú ó AE a phleanáil agus inar féidir maoiniú a íoc amach. Do thréimhse 2007-2013, d’fhéadfaí maoiniú a íoc amach go dtí 2015. Mar an gcéanna, is féidir maoiniú le haghaidh 2014-2020 a íoc amach go dtí 2022.

Mórshonraí: Próiseáil, bailiú, stóráil agus anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí, a léiríonn patrúin, treochtaí agus chomhcheangail agus an deis a thabhairt an fhaisnéis a eascraíonn as a úsáid chun léargais nua a fháil.

Plean gnó: Doiciméad a dhéanann achoimre ar réamhaisnéisí oibriúcháin agus airgeadais cuideachta agus ina leagtar amach conas a bhainfidh sí a spriocanna amach.

Seiceáilex post: i gcomhthéacs na tuarascála seo, seiceáil a dhéantar i ndiaidh na híocaíochta deiridh ar infheistíocht chun a áirithiú go bhfuil sé fós in úsáid don chuspóir a bhí beartaithe dó.

An fhoireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar topaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na tascanna iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó do chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta I – Úsáid Inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt). Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Viorel Ștefan (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Roxana Banica (Ceann na hOifige Príobháidí), Oliver Prigent (Ataisé na hOifige Príobháidí), Michael Bain (Príomhbhainisteoir); Eric Braucourt (Cúntóir don Stiúrthóir); Céline Ollier (Ceann Cúraim); Maciej Szymura (Leascheann Cúraim) agus Milan Smid, Jan Huth agus Dimitrios Maniopoulos (Iniúchóirí). Thug Thomas Everett tacaíocht teanga.

Ó chlé go deas: Viorel Ștefan, Roxana Banica, Olivier Prigent, Eric Braucourt, Céline Ollier, Maciej Szymura, Milan Šmid, Jan Huth, Thomas Everett.

Críochnótaí

1 Líon na gceantar tuaithe in AE – An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

2 Todhchaí níos fearr do cheantair thuaithe na hEorpa – Tuarascáil CG33(2017)16final, Comhairle na hEorpa, 2017.

3 Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais – Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, cuid 2/3.

4 Féach Aithris 11 agus Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 1698/2005 ón gComhairle agus Airteagal 5(6) de Rialachán Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

5 Sonraí EF_OGAAA Eurostat agus Feirmeoireacht na hEorpa (copa-cogeca.eu).

6 Sintéis ar mheastóireachtaí ex post na gClár Forbartha Tuaithe (CFTanna) do thréimhse 2007-2013 – Staidéar Meastóireachta.

7 Airteagal 52 b) de Rialachán 1698/2005 agus Airteagal 20 de Rialachán 1305/2013.

8 Féach Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2115/2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

9 Féach Airteagal 118 de Rialachán (AE) Uimh. 2115/2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagail 13 agus 40 de Rialachán (AE) Uimh. 2116/2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

10 Féach Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

11 Tuarascáil speisialta 25/2015; Tuarascáil speisialta 08/2018 Tuarascáil speisialta 06/2011.

12 CFT Piedmont 2014-2020, lch. 378.

13 Féach freisin Tuarascáil speisialta 06/2013.

14 An Bhulgáir, an tSeicia, an Ghréig, an Ungáir agus an Liotuáin.

15 An tSeicia, an Ghréig, an Ungáir, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic.

16 Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

17 An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe – Ionstraimí airgeadais.

18 Déanfaidh oibríocht an ranníocaíocht ón Aontas a aisíoc más rud é go bhfuil sé faoi réir “athrú substaintiúil a dhéanann difear dá cineál” laistigh de chúig bliana ón íocaíocht dheiridh (Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

19 Sonderrichtlinie im Rahmen des Österreichischen Programms für die Entwicklung des ländlichen Raums 2007 – 2013 „Sonstige Maßnahmen“– Pointe 10.4.3.5.

20 Sintéis ar thréimhse meastóireachta ex post na gClár Forbartha Tuaithe do thréimhse 2007-2013, lch. 58.

21 Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin cuid 2/3 – Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais – lch. 51, Meitheamh 2021.

22 The nexus between agriculture and tourism in the Island of Crete [An nasc idir talmhaíocht agus turasóireacht in Oileán na Créite], John Vourdoubas, 2020 – INSEE Corse, 2015-2017.

23 Féach fonóta 6.

Sonraí teagmhála

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUCSAMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022

PDF ISBN 978-92-847-7882-9 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/965326 QJ-AB-22-009-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-7917-8 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/141 QJ-AB-22-009-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpamaidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déanfar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Sannta Idirnáisiúnta Creative Commons 4.0 (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Níor cheart dóibh siúd ata ag baint athúsáide as ábhar CIE bunbhrí ná teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Ní mór cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó ina bhfuil oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaighfear cead, féadfaidh an cead ginearálta a chur ar ceal agus beidh an cead a fuarthas in ionad an cheada ghinearálta atá thuasluaite agus féadfaidh aon srian ar úsáid a léiriú go soiléir ann.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach a úsáid nó a atáirgeadh.

Eisiatar bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc le fáil chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtithe ar shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt ar na fearainn sin, moltar duit athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt.

Úsáid an Lógó CIE

Níor cheart lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.