Réamhrá

Portráid de Ursula von der Leyen agus í ag siúl i dtreo an cheamara.

Ursula von der Leyen

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Is é an chuimhne a bheidh ag daoine ar 2021, tá súil agam, ná gurb í sin an bhliain a thosaigh an Eoraip ag féachaint i dtreo todhchaí ní b’fhearr a bheadh ann i ndiaidh na paindéime. Gurb í sin an bhliain a sholáthair an tAontas vacsaíní dá chuid saoránach uile. Gurb í sin an bhliain a cuireadh an téarnamh eacnamaíoch ag imeacht faoi lán seoil, agus an bhliain a thosaigh ár bplean téarnaimh, NextGenerationEU, ar ilchríoch níos glaise, níos digití a dhéanamh den Eoraip. Rinneamar an-dul chun cinn in 2021, rud nárbh fhéidir a dhéanamh murach gur thograigh an Eoraip oibriú as lámh a chéile.

Céim ríthábhachtach chun tosaigh ab ea an vacsaíniú. A bhuí leis an réamhobair a rinneadh i dtús na géarchéime, ní hamháin go ndearnamar deimhin de go raibh dóthain dáileoga vacsaíne againn do na Ballstáit uile, ach d’éirigh linn breis agus 1.7 billiún dáileog a easpórtáil chuig tíortha ar fud an domhain nó a roinnt leo. Faoi dheireadh 2021, bhí an tAontas ar an deontóir ba mhó ar domhan ó thaobh vacsaíní COVID-19 de. Leanfaimid orainn ag roinnt agus ag easpórtáil ár gcuid vacsaíní, mar tuigimid nach féidir an ceann is fearr a fháil ar COVID-19 ach trína chomhrac ar fud na bhfud.

Leis an Deimhniú Digiteach COVID a d’éirigh linn a thabhairt isteach in am don samhradh, chuireamar ar chumas daoine taisteal ar fud an Aontais, agus is deimhniú é atá á úsáid ag breis agus 60 tír agus críoch. Chabhraigh sé le hearnáil na turasóireachta, agus le gnólachtaí agus gníomhaíochtaí cultúrtha a bhraitheann ar an earnáil sin, ó thaobh éifeachtaí na paindéime a sheasamh.

Rud eile de, in 2021 chuireamar obair ullmhúcháin i gcrích ionas nach dtiocfaidh paindéimí eile aniar aduaidh ar an saol amach anseo. Ag an gCruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda i mí na Bealtaine, cruinniú a raibh mé i mo chomh-óstach air, tháinig ceannairí domhanda ar chomhaontú maidir le prionsabail choiteanna i ndáil le COVID-19 a shárú, maille le paindéimí a chosc agus ullmhú dóibh amach anseo. Táimid ag gníomhú cheana féin de réir na gceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim. An tÚdarás nua Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), is rud é a chinnteoidh go mbeidh an chóir leighis agus an trealamh leighis is gá ar lámh againn nuair a thiocfaidh bagairtí sláinte i gceist.

Agus muid ag dul i ngleic leis an bpaindéim agus leis na drochiarmhairtí a bhí uirthi, níor ligeamar i ndearmad riamh na spriocanna a leagamar síos ag tús ár dtréimhse oifige: leanamar de bheith ag obair chun an Eoraip a dhéanamh níos glaise agus níos digití, agus chun gur áit í ina mbeidh comhionannas agus deiseanna ann do chách. A bhuí le NextGenerationEU, is iad na spriocanna sin is croílár don téarnamh eacnamaíoch. Tá na billiúin euro curtha ag sreabhadh isteach sna Ballstáit cheana, agus tá cláir athchóiriúcháin uaillmhianacha curtha chun cinn ag na Ballstáit iad féin chun a ngeilleagar a athrú ó bhonn. Le NextGenerationEU táthar ag infheistiú ní hamháin i dtéarnamh na hEorpa ach ina rathúnas fadtéarmach freisin – ár ngeilleagair a dhigitiú, a chinntiú go bhfuil ar a dtoil ag muintir na hEorpa na scileanna a bheidh riachtanach le haghaidh phoist na todhchaí, agus na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun go mbainfear an aeráidneodracht amach faoi 2050, tá na nithe sin ar fad i gceist.

Lenár ndlí nua aeráide, dlí lena ndéantar oibleagáidí dlíthiúla dár gcuid spriocanna, cinnteofar go mbainfimid an sprioc amach. In 2021, leagamar amach na gníomhaíochtaí atá beartaithe againn a dhéanamh le linn na ndeich mbliana atá romhainn, deich mbliana atá ríthábhachtach maidir le cinniúint an phláinéid dar de muid. Mar sin féin, fuascailt ghéarchéim na haeráide, is rud í nach féidir leis an Eoraip a dhéanamh aisti féin. Cé go ndearnadh dul chun cinn ag COP26 i nGlaschú, an obair atá le déanamh ag tíortha uile an domhain mhóir, is fada ó bheith críochaithe í. Gach ar féidir a dhéanamh ionas nach dtiocfaidh athrú contúirteach ar an aeráid, sin í an deachú atá le híoc againn lenár sliocht agus le sliocht ár sleachta.

Sin é an fáth arb iad an t-aos óg is croílár do gach a ndéanaimid, idir NextGenerationEU agus an Comhaontú Glas don Eoraip. Sin é a thug orm a mholadh, san aitheasc a thug mé faoi Staid an Aontais, go ndéanfaí Bliain Eorpach na hÓige de 2022, gur bhliain í sin a mbeadh gníomhaíochtaí agus tionscnaimh ann chun tacú leis an nglúin chróga sin a thug suas an oiread sin le linn na paindéime.

Ní féidir linn an t-am atá caillte acu a thabhairt ar ais dóibh, ach is féidir linn a chur ar a gcumas lámh a chur i gcruthú todhchaí níos fearr don Aontas. Cheana féin, is cuid thábhachtach iad an t-aos óg den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, comhdháil a seoladh i mí na Bealtaine, agus atá ar an ngníomh is mó dá ndearnamar riamh ó thaobh an daonlathais rannpháirtigh de. Tá daoine as gach cearn den Aontas, idir shean agus óg, tar éis páirt a ghlacadh sa díospóireacht thábhachtach seo.

Sula mbeadh deireadh ráite agam, ní fhéadfainn gan cuimhneamh gur cailleadh ar an Eoraip fear maith agus Eorpach mór i dtús 2022: David Sassoli, cara liom féin, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Is éard a theastaigh ó David go mbeadh díocas chun tuillidh ar an Eoraip i gcónaí: tuilleadh daonlathais, tuilleadh ceart, tuilleadh dlúthpháirtíochta, tuilleadh freagrachta, tuilleadh dínite do mhuintir na hEorpa trí chéile. An chuimhne atá againn ar David, is réalta eolais a bheidh inti dúinn sa bhliain atá romhainn, agus beidh urraim mhór ag an Aontas seo ar oidhreacht David Sassoli go brách.

Fad saoil don Eoraip!

Ursula von der Leyen

Oibrí cúraim sláinte agus é gléasta go hiomlán i dtrealamh cosanta pearsanta, ag déanamh mapaireachta,  trí fhuinneog ghluaisteáin, ar lámh chlé mná a bhfuil masc uirthi agus í ag tabhairt ordóg dó lena lámh dheas.
Vacsaíniú in aghaidh COVID-19 ag ionad carrsheirbhíse i Milano na hIodáile, an 23 Márta 2021.

Freagairt an Aontais ar COVID-19

Réamhrá

In 2021, tar éis ceann de na blianta ba dhúshlánaí i stair an Aontais, thosaigh an tAontas ag féachaint chun tosaigh agus chuir sé tús lena théarnamh ó phaindéim COVID-19.

Chuir an tAontas go mór lena chuid iarrachtaí táirgeadh na vacsaíní a mhéadú agus tacú leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhpháirtíochta agus iad ag iarraidh dlús a chur leis an vacsaíniú. Bhí rath ar na bearta a rinneadh go luath in 2020 faoi chuimsiú Straitéis an Aontais um Vacsaíní – infheistíocht a dhéanamh i roinnt vacsaíní éagsúla. Is é an toradh a bhí air sin go raibh vacsaíní ar fáil go forleathan in 2021, in ainneoin go raibh moill gan choinne i dtús ama mar gheall ar na fadhbanna tosaigh a bhain le táirgeadh agus soláthar ceann amháin de na vacsaíní.

Tar éis vacsaíniú ar scála mór sna Ballstáit, an 31 Lúnasa 2021 bhain an tAontas an chloch mhíle ríthábhachtach amach, is é sin 70 % ar a laghad de dhaonra fásta an Aontais a bheith vacsaínithe. Faoi dheireadh na bliana, d’ardaigh an céatadán sin go 79,8 %. De réir mar a bhí an phaindéim ag dul in olcas arís ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain amach sa bhliain, ba phríomhthosaíocht i gcónaí cosc a chur le scaipeadh an víris. Chuir an Coimisiún cur chuige coiteann comhordaithe de chuid an Aontais chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sna Ballstáit uile – Ballstáit ar thug cuid acu srianta isteach an athuair – agus leanúint den iarracht clúdach vacsaínithe a mhéadú agus tosú ar theanndáileoga a chur ar fáil.

Le linn na bliana, d’oibrigh an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar a an acmhainneacht tástála agus rianaithe atá acu agus chun seicheamh géanóim iomláin a chur chun feidhme (rud atá ríthábhachtach ó thosaigh an t-athraitheach Omicron ag scaipeadh). Lean an Coimisiún air ag infheistiú i dtaighde agus i nuálaíocht i leith vacsaíní agus cóireálacha nua agus feabhsaithe le haghaidh COVID-19. D'fhág Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, rud a seoladh i mí Iúil, go raibh sé níos éasca do dhaoine taisteal go sábháilte ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Eisíodh billiún teastas faoi dheireadh 2021.

Idir an dá linn, rinne an tAontas beart chun plean téarnaimh na hEorpa a chur i gcrích nach bhfacthas a leithéid cheana riamh. Le buiséad fadtéarmach an Aontais (EUR 1 211 bhilliún), mar aon le NextGenerationEU, an ionstraim shealadach a dearadh chun dlús a chur leis an téarnamh (EUR 800 billiún), is é an pacáiste spreagtha is mó é dar maoiníodh riamh ó bhuiséad an Aontais, pacáiste dar luach EUR 2 thrilliún san iomlán. Mar fhreagairt air sin, dhréachtaigh na Ballstáit pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, lena leagtar amach infheistíochtaí agus athchóirithe chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na paindéime agus chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Leis an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht i gcroílár NextGenerationEU, cuirfear EUR 723.8 billiún ar fáil ina dheontais agus ina iasachtaí chun tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí na mBallstát. Faoi dheireadh na bliana, bhí measúnú dearfach déanta ag an gCoimisiún ar 22 phlean náisiúnta dar luach EUR 445 bhilliún agus tuilleadh ó thaobh an mhaoinithe de, pleananna a d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh. EUR 54.3 billiún ina réamh-mhaoiniú a d’íoc an Coimisiún amach chuig 20 Ballstát faoin tSaoráid Aisghabhála agus Athléimneachta, agus is don Spáinn a thug sé an chéad íocaíocht luach EUR 10 mbilliún Cé go mb’fhéidir nach é an luas céanna a bheadh faoin téarnamh ar fud an Aontais, is dócha go sroichfidh gach Ballstát an leibhéal eacnamaíoch ar a raibh sé roimh an ngéarchéim faoi thús 2023.

Dhírigh na chéad tograí ó Aontas Sláinte na hEorpa ar an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, tograí a rinne tógáil ar bhunchlocha na gceachtanna a foghlaimíodh go luath ón bpaindéim. Nuair a ghlacfar na tograí sin, is fearr a fhéadfaidh an tAontas paindéimí agus bagairtí sláinte trasteorann eile amach anseo a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, sin agus athléimneacht na gcóras sláinte a fheabhsú. Nuair a seoladh an tÚdarás Eorpach nua um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) i mí Mheán Fómhair, ba chéim mhór chun tosaigh é chun sláinte na ndaoine san Aontas a chosaint agus chun Aontas Sláinte na hEorpa a chur i gcrích. (Féach Caibidil 4 le haghaidh tuilleadh eolais.)

D’oibrigh an tAontas freisin chun an comhar idirnáisiúnta a neartú in aghaidh na paindéime, trí mheán Chruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda an G20+ i measc rudaí eile, cruinniú a tionóladh i Róimh na hIodáile i mí na Bealtaine, agus trí mheán thionscnamh an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (ACT-A), lena ndírítear ar dhlús a chur le tástálacha, cóireálacha agus vacsaíní COVID-19 a fhorbairt agus a tháirgeadh agus rochtain chothrom a sholáthar orthu. Ag an gCruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda, glacadh Dearbhú na Róimhe ina leagtar amach comhphrionsabail chun paindéim COVID-19 a shárú agus chun ullmhú le haghaidh paindéimí a bheidh ann amach anseo agus iad a chosc. An Coimisiún, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais, go háirithe an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag gníomhú dóibh faoin ainm Team Europe, chuir siad téagar sa mhaoiniú le haghaidh ilchríocha eile agus le gníomhaíocht ar ilchríocha eile. Faoin 4 Eanáir 2022, is 380 milliún dáileog vacsaíní a bhí roinnte ag Team Europe le tíortha comhpháirtíochta, agus is 255.4 milliún díobh sin a bhí seachadta cheana féin, trí COVAX den chuid ba mhó (colún vacsaíne ACT-A ). Is é an sprioc fhoriomlán 700 milliún dáileog a roinnt faoi lár 2022.

An fhreagairt ar ghéarchéimeanna a leathnú

In 2021, lean an tAontas Eorpach dá iarrachtaí chun dul i ngleic le tionchar na géarchéime agus chuir sé leis na hiarrachtaí sin, agus tá níos mó ná 2 326 bheart san iomlán glactha aige chun tacaíocht a thabhairt ó thús na paindéime.

Gníomhachtú chlásal ginearálta éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, is gníomhachtú é nár cuireadh i bhfeidhm riamh cheana, é fós infheidhme in 2021, agus lenar ceadaíodh do na Ballstáit imeacht go sealadach ó na dianrialacha buiséadacha, rud a chuir ar a gcumas tacaíocht fhioscach láidir a chur ar fáil. Le linn na bliana, lean an Coimisiún ag úsáid sholúbthacht iomlán na rialacha Státchabhrach mar chuid dá fhreagairt bheartais chun tacú le geilleagar a raibh tionchar mór ag éifeachtaí na paindéime air. Idir tús na paindéime agus deireadh 2021, ghlac sé níos mó ná 730 cinneadh lenar formheasadh beagnach 900 beart náisiúnta ar thug na Ballstáit fógra ina leith agus dar luach EUR 3.17 trilliún san iomlán. De réir a chéile le linn 2021, is lú aird a tugadh ar an bpráinn le gnóthais atá i gcruachás a choinneáil ar snámh agus is mó aird a tugadh ar théarnamh a éascú a bheadh tapa, téagartha marthanach. Leis an séú leasú ar an gCreat Sealadach Státchabhrach, a glacadh i mí na Samhna 2021, léirítear an t-athrú sin, lena gcumasaítear deireadh le tacaíocht ar fud an Aontais de réir a chéile, agus lena bhforáiltear bearta chun dlús a chur leis an téarnamh. A bhuí leis na rialacha solúbtha sin, agus leis an mionchoigeartú leanúnach atá á dhéanamh orthu de réir mar atá deireadh ag teacht leis an ngéarchéim agus tús leis an téarnamh, chuidigh an Coimisiún leis na Ballstáit srian a chur le tionchar chúlú eacnamaíoch na paindéime, Margadh Aonair atá ag feidhmiú go cuí agus go hiomaíoch a chaomhnú agus an bealach a réiteach don téarnamh.

Tacaíocht agus cúnamh éigeandála

Bhí na Ballstáit in ann brath ar bhuiséad an Aontais chun cabhrú leo dul i ngleic leis an iliomad iarmhairtí sláinte a bhaineann leis an bpaindéim. In 2021, maoiníodh raon leathan tionscnamh sláinte tríd an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, rud a mhaoinítear trí bhuiséad an Aontais – a chinntiú go mbeidh vacsaíní ar fáil trí chomhaontuithe réamhcheannaigh a dhéanamh le monaróirí vacsaíní san áireamh.

I mí Eanáir, d’fhógair an Coimisiún na 24 thionscadal a roghnaíodh chun cláir nua a chruthú, nó chun cláir atá ann cheana a leathnú, chun plasma a bhailiú ó dheontóirí atá téarnaithe ó COVID-19. Ina theannta sin, chuir an tAontas EUR 65 mhilliún breise ar fáil óna bhuiséad in 2021 chun trealamh cosanta pearsanta agus cógais leighis a cheannach, chun oiliúint a chur ar ghairmithe cúraim sláinte i scileanna dianchúraim agus chun daoine a thástáil i gceantair iargúlta. Chuir sé EUR 100 milliún breise ar fáil freisin chun níos mó ná 20 milliún mearthástáil antaiginí a cheannach go díreach, tástálacha a cuireadh ar fáil le haghaidh 25 Bhallstát ó mhí Feabhra ar aghaidh.

Othar ospidéil ag amharc ar an gceamara agus é ceangailte le trealamh ospidéil.
Léiríodh go bhfuil gealladh faoi úsáid an phlasma chun COVID-19 a chóireáil. Sa ghrianghraf seo, tá fear atá téarnaithe ó COVID-19 ag tabhairt plasma chun othair a chóireáil a bhfuil an galar orthu. EUR 36 mhilliún a deonaíodh faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála do 24 thionscadal plasma in 14 Bhallstát agus sa Ríocht Aontaithe.

Ar an iomlán, chuidigh an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta le níos mó ná 30 milliún dáileog vacsaíne agus níos mó ná 200 milliún earra de threalamh leighis a chur ar fáil le haghaidh Bhallstáit an Aontais agus le haghaidh tíortha eile ó thús na paindéime i leith. In 2021, chuir an tAontas foirne éigeandála leighis chuig an Rómáin agus an tSlóvaic agus chuig tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach freisin: Guine, Nua-Ghuine Phapua agus an Túinéis. Rinne an tAontas tuilleadh forbartha ar stoc-charn leighis rescEU i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus chuir sé maoiniú ar fáil chun trealamh cosanta pearsanta breise, aonaid dianchúraim agus dlúthaitheoirí ocsaigine breise a cheannach. A bhuí le rescEU, d’éirigh leis an Aontas an bhearna de 6 mhilliún earra éigeandála leighis a bhaineann le COVID-19 a líonadh sa Laitvia agus sa Rómáin san Aontas, agus i Montainéagró, sa Mhacadóin Thuaidh agus sa tSeirbia sna Balcáin Thiar. Sholáthair sé níos mó ná 3.4 milliún masc cosanta, 2.5 milliún péire lámhainní, 150 000 fallaing agus mír eile de threalamh cosanta pearsanta, ar nós sciatha aghaidhe, gloiní cosanta agus coisbheart cosanta. Le linn na bliana, lean an tAerdhroichead Daonnúil ag soláthar tacaíochta, soláthairtí riachtanacha leighis san áireamh, do chuid de na pobail is leochailí ar domhan.

Tugadh thart ar 305 róbat díghalraithe d’ospidéil ar fud na mBallstát. Cuireadh suas le EUR 12 mhilliún ar fáil chun na róbait a cheannach, róbait ar féidir leo seomraí caighdeánacha othar a dhífhabhtú le solas ultraivialait laistigh de 15 nóiméad.

Chuir an tAontas EUR 43 mhilliún ar fáil le haghaidh na mBallstát chun Deimhnithe Digiteacha COVID de chuid an Aontais a tháirgeadh, agus EUR 7 milliún breise chun deimhnithe bréagacha a chúlghairm. Cuireadh EUR 2.5 milliún ar fáil chun an Fhoirm Dhigiteach Aimsithe Paisinéirí a fhorbairt chun rianú teagmhála a éascú nuair a nochtar taistealaithe do ghalar tógálach le linn dóibh a bheith ag taisteal. Ina theannta sin, cuireadh EUR 220 milliún san iomlán ar fáil in 2020 agus in 2021 chun iompar trealaimh agus cóireálacha a bhaineann le vacsaíniú COVID-19 a mhaoiniú, agus chun tacú le hothair a aistriú agus foirne leighis a chur amach i measc na ndaoine.

COVID-19 a thástáil agus a rianú

I mí Eanáir, leag an Coimisiún amach príomhghnéithe na straitéisí tástála cuimsitheacha atá le meas le haghaidh cineálacha cur chuige tástála náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, ar nós a raon feidhme, a ngrúpaí tosaíochta, a n-acmhainneacht tástála agus a n-acmhainní tástála, agus táscairí maidir le cathain is iomchuí mearthástáil antaiginí a dhéanamh. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an seicheamhú géanóim a mhéadú, agus chuir sé EUR 110 milliún ar fáil mar thacaíocht tríd an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Chun moill a chur ar scaipeadh na n-athraitheach atá ag teacht chun cinn, mhol an t-ionad do na Ballstáit an acmhainneacht riachtanach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh ar a gcumas líon iomlán samplaí a sheicheamhú a bhraithfeadh athraitheach ar díol imní é ag leibhéal leitheadúlachta 1 %.

I mí an Mhárta, ghlac an Coimisiún moladh COVID-19 a rianú trí mhonatóireacht a dhéanamh ar fhuíolluisce. Iarrtar ann ar na Ballstáit córais faireachais fuíolluisce a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go soláthrófar sonraí ábhartha go pras do na húdaráis inniúla sláinte.

Tacú le cosaint na bpost agus na slite beatha

Léiríonn an ghrafaic eolais an dáileadh atá ar chistí Sure, an méid iomlán agus méideanna sonracha le haghaidh gach Ballstáit san áireamh.

EUR 94.3 billiún ar an iomlán atá sa chistiú Sure. Dáiltear EUR 8.2 billiún de sin ar an mBeilg, EUR 511 mhilliún ar an mBulgáir, EUR 2 bhilliún ar an tSeicia, EUR 230 milliún ar an Eastóin, EUR 2.5 billiún ar Éirinn, EUR 5.3 billiún ar an nGréig, EUR 21.3 billiún ar an Spáinn, EUR 1 bhilliún ar an gCróit, EUR 27.4 billiún ar an Iodáil, EUR 603 mhilliún ar an gCipir, EUR 305 mhilliún ar an Laitvia, EUR 957 milliún ar an Liotuáin, EUR 504 mhilliún ar an Ungáir, 4 EUR 20 mhilliún ar Mhálta, EUR 11.2 billiún ar an bPolainn, EUR 5.9 billiún ar an bPortaingéil, EUR 4.1 billiún ar an Rómáin, EUR 1.1 billiún ar an tSlóivéin, agus EUR 630 milliún ar an tSlóvaic. Slánaítear na suimeanna aníos nó anuas.

Cuid thábhachtach de fhreagairt an Aontais ar ghéarchéim COVID-19 is ea an tionscnamh maidir le Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE), tionscnamh a bunaíodh in 2020 chun poist a chosaint agus chun tacú le teaghlaigh atá thíos leis an bpaindéim. Faoin tionscnamh sin, fuair an Coimisiún EUR 89.64 billiún ar iasacht idir mí Dheireadh Fómhair 2020 agus mí Bealtaine 2021, rud a chuir sé ar fáil i bhfoirm iasachtaí do 19 mBallstát. Ba cheart EUR 4.62 billiún breise de thacaíocht a formheasadh cheana, a bhailiú agus a íoc amach in 2022. Is féidir leis na Ballstáit eile iarrataí a chur isteach chun tacaíocht a fháil faoi choimirce SURE, tionscnamh ar féidir leis beagnach EUR 6 bhilliún a chur ar fáil fós i bhfoirm cúnamh airgeadais.

Bhain idir 1.5 milliún agus 2.5 milliún gnólacht tairbhe as SURE, agus d'éirigh leo oibrithe a choinneáil dá bharr sin.

Meastar gur shábháil na Ballstáit breis agus EUR 8 mbilliún d’íocaíochtaí úis trí SURE a úsáid seachas an fiachas ceannasach a eisiúint as a stuaim féin.

Le tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Mheán Fómhair maidir le tionchar na scéime, deimhnítear gur éirigh léi tionchar na géarchéime a mhaolú trí chúnamh airgeadais a thabhairt do scéimeanna oibre gearr-ama agus do bhearta le haghaidh daoine féinfhostaithe. In 2020, thacaigh SURE le 31 mhilliún duine – 22.5 milliún fostaí agus 8.5 milliún duine féinfhostaithe. Sin níos mó ná an ceathrú cuid de líon iomlán na ndaoine atá fostaithe sna 19 mBallstát atá ina dtairbhithe.

Tá an tAontas tiomanta cabhrú leis na Ballstáit poist a choinneáil agus a chruthú chun go mbeidh téarnamh cothrom, cuimsitheach agus athléimneach acu ó ghéarchéim COVID-19. I mí an Mhárta, le moladh an Choimisiúin maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht, cuireadh treoir ar fáil le haghaidh na mBallstát maidir le beartais ghníomhacha an mhargaidh saothair. Tá sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an bpaindéim, an ganntanas scileanna atá ag cur bac ar an bhfás eacnamaíoch le linn an téarnaimh a líonadh, agus cuidiú le gach duine dul i ngleic go rathúil leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Is é an sprioc atá ann aistriú de réir a chéile ó bhearta éigeandála a glacadh chun poist a chaomhnú le linn na paindéime go dtí bearta nua le haghaidh téarnaimh a ghinfidh go leor post.

I mí Lúnasa, rinne an Coimisiún beart chun tacú le feirmeoirí atá buailte ag an bpaindéim agus leis an drochaimsir, rud a chuir ar a gcumas dóibh réamhíocaíochtaí níos airde a fháil faoin gComhbheartas Talmhaíochta. Thacaigh an Coimisiún freisin leis an earnáil agraibhia solúbthacht bhreise agus bearta margaidh sonracha a bhí dírithe ar na hearnálacha fíona, torthaí agus glasraí.

Chun a chinntiú go dtosófar arís go sábháilte ar ghníomhaíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte de chuid an Aontais i mí an Mheithimh 2021 chun cur chuige comhordaithe a chur ar fáil i gcomhréir leis na dálaí sonracha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. I mí na Samhna d’fhoilsigh sé treoir ar líne maidir le maoiniú an Aontais don chultúr, treoir ina gcumhdaítear thart ar 70 clár de chuid an Aontais atá ann cheana agus a bhfuil rochtain ag na Ballstáit agus ag an earnáil orthu chun cur isteach ar mhaoiniú.

Straitéis an Aontais um Vacsaíní

Grianghraf gar-amhairc d’fhiala leighis agus iad ar chrios iompair, réidh lena líonadh.
Líne tháirgeachta i gceanncheathrú na cuideachta cógaisíochta Reig Jofre i Sant Joan Despí na Spáinne, 26 Márta 2021.
Grianghraf gar-amhairc de lámh i lámhainní leighis atá ag tarraingt fial amháin amach as bosca vacsaíní.
Cúntóir leighis ag oscailt bosca vacsaíní BioNTech/Pfizer COVID-19 in ionad vacsaínithe sealadach i gcríochfort 5, Aerfort Brandenburg i mBeirlín, an Ghearmáin, an 25 Márta 2021.

D’éirigh leis an Aontas Eorpach, in éineacht leis na Ballstáit, punann leathan agus éagsúlaithe de na billiúin dáileog de vacsaíní sábháilte agus éifeachtacha in aghaidh COVID-19 a chur le chéile ó mhonaróirí éagsúla. Faoi dheireadh 2021, bhíothas in ann vacsaíní sábháilte agus éifeachtacha a sheachadadh a bhuí le cúig cinn de na hocht gconradh vacsaíní. Seans go mbeifear in ann an rud céanna a dhéanamh le dhá chonradh eile sa todhchaí, ach cuireadh deireadh le conradh amháin. A bhuí Straitéis an Aontais um Vacsaíní, cuireadh beagnach 1 bhilliún dáileog ar fáil le haghaidh na mBallstát faoin am sin, agus easpórtáladh an líon céanna dáileog chuig áiteanna eile ar fud an domhain.

A bhuí leis an réamhobair a rinneadh i laethanta tosaigh na paindéime, seachadadh na céadta milliún dáileog de vacsaíní COVID-19 tar éis fhormheas agus údarú na chéad vacsaíne arbh é BioNTech/Pfizer a d’fhorbair í i ndeireadh 2020.

In 2021, dheonaigh an Coimisiún ceithre cinn bhreise d’údaruithe margaíochta choinníollacha le haghaidh na vacsaíní arbh iad Moderna, AstraZeneca, Janssen Pharmaceutica NV agus Novavax a d’fhorbair iad, tar éis measúnú dearfach ón nGníomhaireacht Leigheasra (EMA) i leith a gcuid sábháilteachta agus éifeachtúlachta. Tá roinnt vacsaíní eile ag céimeanna éagsúla de phróiseas meastóireachta na gníomhaireachta. Nuair a tharraing Vacsaín CureVac siar ó phróiseas athbhreithnithe rollach EMA an 11 Deireadh Fómhair, cuireadh deireadh leis an gconradh le CureVac, agus ní cuid de phunann vacsaíní an Aontais é a thuilleadh.

An mheastóireacht eolaíoch a rinne EMA ar na vacsaíní atá á dtáirgeadh ag Valneva agus Sanofi, bhí sí fós ar siúl ag deireadh 2021. Má thugann EMA tuairim eolaíoch dhearfach i leith údarú margaíochta coinníollach ón gCoimisiún, beidh na vacsaíní sin ar fáil le haghaidh na mBallstát freisin.

Ó lár na bliana 2020, dá bhrí sin, tá sé de cheart ag an gCoimisiún suas le 4.2 billiún dáileog vacsaíne a cheannach trí mheán comhaontuithe réamhcheannaigh agus comhaontuithe ceannaigh. Mar chúiteamh, mhaoinigh an Coimisiún cuid de na costais tosaigh leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála. Measadh gurbh éard a bhí sa mhaoiniú sin, tar éis cuireadh oscailte a thabhairt do na forbróirí vacsaíní, éarlais ar na vacsaíní atá ceannaithe ag na Ballstáit faoi na comhaontuithe réamhcheannaigh. Is éard atá sa phunann vacsaíní arna roghnú ag an gCoimisiún a bhfuil gealladh fúthu, áit a bhfuil maoiniú tosaigh le haghaidh na forbartha faighte ag na monaróirí agus é beartaithe ag an gCoimisiún dáileoga a cheannach nuair a bheidh an vacsaín formheasta ag EMA.

Léiríonn an graf líon na ndáileog vacsaínithe atá le ceannach ag an Aontas agus iad roinnte de réir na gcineál.

San iomlán, ceannóidh an tAontas suas le 2.4 billiún dáileog de Bio N Tech Pfizer, agus tá rogha ann 900 milliún dáileog sa bhreis a cheannach, suas le 460 milliún dáileog de Moderna, suas le 400 milliún dáileog d’Astra Zeneca, suas le 400 milliún dáileog de Johnson and Johnson ar vacsaín aon dáileoige amháin é, suas le 200 milliún dáileog de Novavax agus tá rogha ann suas le 100 milliún dáileog sa bhreis a cheannach, agus suas le 300 milliún dáileog de Sanofi GSK.

Cé go rabhthas ag súil leis go mbeadh an táirgeadh agus seachadadh measartha íseal an chéad ráithe den bhliain, is amhlaidh is measa a bhí an scéal toisc gur theip ar chuideachta amháin seachadadh a dhéanamh de réir a conartha. I mí Feabhra, chuir an Coimisiún tascfhórsa ar bun a bhfuil sé d’aidhm aige cuidiú le dlús a chur le hacmhainneacht táirgeachta na vacsaíní san Aontas – é ag feidhmiú mar ionad ilfhreastail le haghaidh monaróirí a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu – agus baic i slabhraí táirgeachta agus i slabhraí soláthair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ina theannta sin, thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit chun vacsaíní a chur ar fáil trína n-ullmhú do vacsaíniú ar scála mór – trí bhonneagar slabhra fuachta a chur i bhfeidhm a chinntíonn go stóráiltear vacsaíní ag an teocht cheart, mar shampla, agus grúpaí tosaíochta a shainmhíniú le haghaidh iarrachtaí vacsaínithe agus cumarsáide.

Staid na himeartha maidir le vacsaíniú COVID-19 i dtús 2022

981 mhilliún

dáileog dáilte

79,8 %

de dhaonra fásta an Aontais vacsaínithe go hiomlán

Foinse: Táirgeoirí vacsaíní agus sonraí an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Ó mhí Aibreáin 2021 ar aghaidh, tháinig méadú suntasach ar an méid a d’éirigh leis an tAontas a bhaint amach, faoi mar a bhí coinne leis. Faoi lár mhí Iúil, táirgeadh os cionn 1 bhilliún dáileog vacsaíne san Aontas, agus seachadadh 500 milliún vacsaín chuig na Ballstáit – a ndóthain chun an sprioc a bhaint amach maidir agus 70 % de dhaoine fásta a vacsaíniú faoi dheireadh an tsamhraidh. Baineadh an sprioc sin amach faoin 31 Lúnasa 2021.

Tar éis don víreas a dhul in olcas arís i bhfómhar na bliana 2021, agus leis an athraitheach Omicron ag scaipeadh ag deireadh na bliana, chuir na Ballstáit go mór lena n-iarrachtaí chun teorainn a chur leis an scaipeadh, trí bhearta ar nós an scartha shóisialta agus srianta taistil idirnáisiúnta a thabhairt isteach arís, cuir i gcás, agus trí mheán a gclár náisiúnta vacsaínithe. D’oibrigh an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú chun teacht ar chur chuige comhordaithe i leith na gceisteanna sin. Ina theannta sin, d’oibrigh an Coimisiún leis na Ballstáit chun an ráta vacsaínithe a mhéadú trí aghaidh a thabhairt ar an drogall i leith vacsaíní, ar an mífhaisnéis agus ar an mbréagaisnéis.

Mhéadaigh ar an ráta vacsaínithe i rith 2021, agus bhí EMA ag moladh roinnt vacsaíní do dhéagóirí agus do pháistí os cionn 5 bliana d’aois. Faoi dheireadh na bliana, thosaigh na Ballstáit uile ag tairiscint dáileoga breise do ghrúpaí atá leochaileach ó thaobh na sláinte de, agus thosaigh siad ag tairiscint na dteanndáileog don phobal i gcoitinne.

Cóireálacha a fhorbairt le haghaidh COVID-19

Chun an phaindéim a shárú, beidh níos mó ná vacsaíní amháin ag teastáil. Fiú agus rátaí vacsaínithe ag dul i méid, is minic ba ghá fós maisc aghaidhe a chaitheamh agus an scaradh sóisialta a chleachtadh in 2021. Tá gá le cóireálacha COVID-19 chun ospidéalú a sheachaint nó a laghdú, dlús a chur le téarnamh agus beatha daoine a shábháil. I mí na Bealtaine 2021, mhol an Coimisiún Straitéis AE maidir le Táirgí Teirpeacha in aghaidh COVID-19, straitéis a bhfuil d’aidhm aici tacú le cóireálacha a bhfuil géarghá leo a fhorbairt agus a chur ar fáil, cóireálacha le haghaidh “COVID fadmharthanach” san áireamh. Is comhlánú é ar Straitéis an Aontais um Vacsaíní agus cuireann sé leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip agus leis an gcomhar idir an Coimisiún agus EMA chun tacú le taighde, forbairt, monarú agus cóireálacha a chur ar fáil.

I mí Dheireadh Fómhair, bhunaigh an Coimisiún punann na ndeich dtáirge theiripeacha in aghaidh COVID-19 is mó a bhfuil gealladh fúthu. Is ar an scagadh a rinne grúpa saineolaithe eolaíocha neamhspleácha ar 82 ábhar táirgí teiripeacha a bunaíodh an liosta i bhforbairt chliniciúil sa chéim dhéanach. Clúdaíonn na táirgí teiripeacha sin catagóirí éagsúla táirgí a thugann aghaidh ar chéimeanna agus ar leibhéil éagsúla déine de chuid an ghalair, agus soláthrófar iad d’othair ar fud an Aontais chomh tapa agus is féidir, ar choinníoll go ndearbhaíonn EMA a sábháilteacht agus a n-éifeachtacht.

Faoi dheireadh 2021, is cúig chóir leighis a bhí údaraithe ag an gCoimisiún ón liosta lena n-úsáid san Aontas, tar éis do EMA meastóireacht a dhéanamh orthu. Údaraíodh na hantasubstaintí monaclónacha Ronapreve, Xevudy agus Regkirona le haghaidh othair atá i dtús an ghalair, agus údaraíodh dhá chógas atá ar an margadh cheana féin – na himdhíon-mhodhnóirí RoActerma agus Kineret – le haghaidh othair atá san ospidéal agus a bhfuil COVID-19 orthu.

Tá an Coimisiún ag tacú leis na Ballstáit rochtain a bheith acu ar tháirgí teiripeacha, agus tá dhá chonradh soláthair chomhpháirteacha tugtha i gcrích aige chun antasubstaintí monaclónacha a cheannach. Tá caibidlíocht ar siúl faoi láthair freisin i gcás táirgí eile atá á meas ag EMA.

Tá EUR 119 milliún infheistithe ag an gCoimisiún faoi chuimsiú Fhís 2020 chun tacú le 45 thionscadal taighde agus nuálaíochta maidir le táirgí teiripeacha agus roghanna cóireála in aghaidh COVID-19, trí mheán na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus trí mheán an Tionscnaimh Leigheasra Nuálaigh san áireamh. Tá an Coimisiún ag tacú faoi láthair le trí thriail chliniciúla – trialacha REMAP-CAP, Discovery agus EU-SolidAct. Is trialacha iad seo ar tháinig torthaí suntasacha astu maidir le cóireálacha atá á bhforbairt.

Ag dul i ngleic le hathraithigh nua

Na hathraithigh nua, cuid acu níos in-tarchurtha ná a chéile, tá siad tar éis cur le castacht agus le dúshláin na paindéime. Is é HERA a thug taighdeoirí, cuideachtaí bith-theicneolaíochta, monaróirí agus údaráis phoiblí le chéile san Aontas agus ar fud an domhain chun ullmhú le haghaidh athraithigh nua. Cé go raibh an chéad ghrúpa vacsaíní a formheasadh san Aontas éifeachtach in aghaidh athraithigh luatha den chuid ba mhó, d’fhéadfadh athraithigh eile amach anseo a bheith níos frithsheasmhaí in aghaidh na vacsaíní. Dá bhrí sin, is gá a bheith ar an airdeall i gcónaí ar shócháin COVID-19 agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh orthu. Is é HERA a thugann an chosaint sin ar athraithigh den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí, mar aon le dreasachtaí chun vacsaíní nua oiriúnaithe a fhorbairt, chun dlús a chur leis an bpróiseas formheasa le haghaidh na vacsaíní sin agus chun a chinntiú go méadófar an acmhainneacht monaraíochta.

I mí an Mheithimh, ghlac an Coimisiún cinneadh grúpa Eorpach saineolaithe a bhunú maidir le hathraithigh SARS-CoV-2, lena dtugtar le chéile na príomheolaithe i réimse COVID-19. Bhí ról lárnach ag an ngrúpa sin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar shonraí faoi na hathraithigh atá ag teacht chun cinn agus comhairle a thabhairt maidir leis an ngá atá le vacsaíní oiriúnaithe i bhfianaise na sonraí eolaíocha atá ar fáil. Cuireadh an grúpa saineolaithe ar fáil go tapa i dtús ghéarchéim Omicron, agus cuardaíodh bealaí chun rochtain fhéideartha ar shamplaí den víreas a roinnt, acmhainneacht eolaíoch a eagrú agus na torthaí a roinnt go forleathan, le tacaíocht airgeadais ó HERA.

In 2021, chuir an Coimisiún leis an maoiniú le haghaidh taighde ar athraithigh trí EUR 30 milliún sa bhreis a chur ar fáil le haghaidh roinnt tionscadal atá á reáchtáil faoi chuimsiú Fhís 2020, agus sheol sé an líonra trialach Vaccelerate ar fud an Aontais. Is é an líonra atá ag spreagadh an dlúis atá á chur faoi chéimeanna a dó agus a trí de thrialacha vacsaíní in aghaidh COVID-19 san Aontas, lena nasctar na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le forbairt vacsaíní agus lena gcuirtear ardán uile-Eorpach ar fáil le haghaidh dearadh agus stiúradh trialacha cliniciúla.

Faoi chlár taighde agus nuálaíochta na Físe Eorpaí, cuireadh EUR 120 milliún ar fáil le haghaidh 11 tionscadal nua taighde. Úsáidfear an chuid is mó den mhéid sin chun tacú le trialacha cliniciúla le haghaidh cóireálacha agus vacsaíní nua agus chun cohóirt agus gréasáin COVID-19 ar scála mór a fhorbairt, obair a dhéanfar lasmuigh den Aontas san áireamh. Déanfaidh tionscadail eile bonneagar taighde a threisiú agus a leathnú, an tArdán maidir le Sonraí COVID-19 san áireamh.

An Eoraip a athoscailt go sábháilte

Sa ghrafaic eolais seo cuirtear i láthair gnéithe agus príomhbhuntáistí Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais.

Cad is Deimhniú Digiteach Covid an Aontais ann? Is cruthúnas digiteach é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh Covid 19, nó go bhfuil toradh diúltach ar thástáil faighte ag duine, nó bhfuil duine tagtha chuige féin ó Covid 19. Is féidir é a fháil i bhformáid dhigiteach agus/nó formáid pháipéir, tá cód QR leis, tá sé saor in aisce agus tá sé ar fáil sa teanga náisiúnta agus i mBéarla. Tá sé slán sábháilte agus tá sé bailí i ngach Ballstát den Aontas.

I mí na Bealtaine, de réir mar a bhí feabhas ag teacht ar chúrsaí sláinte agus dlús á chur faoin vacsaíniú ar fud an Aontais, mhol an Coimisiún gur cheart do na Ballstáit na srianta taistil a mhaolú . I mí an Mheithimh, d’fhormheas an Pharlaimint agus an Chomhairle togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin lena mbunaítear Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, chun taisteal sábháilte laistigh den Aontas a éascú. I mí an Mheithimh freisin, ghlac an Chomhairle moladh nuashonraithe maidir le srianta saorghluaiseachta. Chuir na Ballstáit uile, maille leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis, an deimhniú chun feidhme in 2021. Agus úsáid á baint as córas Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais, thug an Chomhairle a cuid moltaí maidir le srianta taistil cothrom le dáta. Beartaíodh gníomhaíocht leis na moltaí freisin chun teorainn a chur leis an riosca a bhí ann go dtiocfadh athraithigh nua isteach san Aontas: tugadh isteach sásra coscánaithe éigeandála chun go mbeadh na Ballstáit in ann gníomhú go tapa agus teorainneacha sealadacha a chur ar thaistealaithe ó thíortha atá buailte.

Ursula von der Leyen agus masc uirthi, agus a fón á scanadh ag oifigeach a bhfuil masc air.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus a Deimhniú Digiteach COVID an Aontais á chur i láthair aici lena fhíorú roimh an gcéad chruinniú d’Uachtaránacht na Slóivéine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Liúibleána na Slóivéine, an 1 Iúil 2021.

Is maith a d'éirigh le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais. Toisc gur ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle é go tapa, bhí sé faoi lán seoil laistigh de 3 mhí, agus in am le haghaidh shaoire an tsamhraidh i mí Iúil. Tá creat coiteann bunaithe ag an Aontas chun deimhnithe a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh. Tá dlíthe náisiúnta glactha ag roinnt mhaith Ballstát chun tuilleadh úsáide a bhaint as na deimhnithe sa limistéar intíre. Chuidigh an córas le siopaí, seirbhísí agus gnólachtaí fanacht ar oscailt, agus chuir sé ar a gcumas do dhaoine páirt a ghlacadh in imeachtaí cultúrtha, spóirt agus fóillíochta. Chuidigh sé le hearnáil na turasóireachta trína dhéanamh níos éasca d’údaráis agus d’aerlínte fíorú a dhéanamh ar na doiciméid a chuireann taistealaithe ar fáil, rud a thugann muinín do dhaoine go nglacfar lena gcuid doiciméad agus iad ag taisteal san Aontas.

Faoi dheireadh na bliana, bhí níos mó ná 1 bhilliún deimhniú eisithe ag na Ballstáit agus na tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Tá rath ar Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais ar fud an domhain freisin: Bhí 33 thír (agus críoch) lasmuigh den Aontas tar éis dul isteach i gcóras Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais faoi dheireadh na bliana 2021, bunaithe ar chinntí coibhéise an Aontais. Gníomhaíonn suíomh gréasáin athoscailte an Aontais, maille lena aip, mar mhol faisnéise faoi bhearta sláinte agus taistil ar fud na mBallstát, na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua agus na hEilvéise.

NextGenerationEU: plean téarnaimh an Aontais i mbun gnímh

Sa bhliain 2021, cuireadh tús le NextGenerationEU, plean téarnaimh stairiúil an Aontais agus tosaíodh ar mhaoiniú a chur isteach i ngeilleagair an Aontais ón samhradh ar aghaidh, comhartha go raibh tús leis an téarnamh ón bpaindéim. Ní hamháin go gcuideoidh NextGenerationEU leis an damáiste a rinne an phaindéim a leigheas ach cuirfear ar a gcumas do na Ballstáit freisin infheistiú i dtodhchaí agus in athléimneacht an Aontais go fadtéarmach, agus béim láidir á leagan ar dhlús a chur leis an aistriú glas agus digiteach. Is deis atá ann, deis nach bhfaighimid go brách arís, chun teacht aniar as an bpaindéim le neart nach raibh ann cheana, le geilleagar an Aontais a chlaochlú, agus le deiseanna agus poist a chruthú.

Sa ghrafaic eolais seo cuirtear i láthair príomhghnéithe an phacáiste Next Generation EU agus na méideanna leithdháilte.

Next generation EU: na príomhghnéithe EUR 806.9 billiún san iomlán atá sa phacáiste Next Generation EU. EUR 723.8 billiún atá sa tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta, saoráid ina bhfuil deontais EUR 338.0 billiún agus iasachtaí EUR 385.8 billiún. Déanfar an méadú cumais trí theicneolaíochtaí glana agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhaoiniú; déanfar athchóiriú trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh; déanfar athluchtú agus athbhreoslú trí thacú le hiompar inbhuanaithe agus stáisiúin luchtaithe; déanfar ceangal trí dháileadh na seirbhísí leathanbhanda ardluais; déanfar an nua-aoisiú tríd an riarachán poiblí a dhigitiú; déanfar uas-scálú trí bhíthin néal sonraí agus próiseálaithe inbhuanaithe; déanfar athsciliú agus uas-sciliú trí oideachas agus oiliúint a mhaoiniú chun tacú le scileanna digiteacha. EUR 83.1 billiún atá i ranníocaíocht Next Generation EU le cláir eile, 50.6 billiún euro de sin le haghaidh React EU, EUR 10.9 billiún don Chiste um Aistriú Cóir, EUR 8.1 billiún d’fhorbairt na tuaithe, EUR 6.1 billiún le haghaidh Invest EU, EUR 5.4 billiún le haghaidh Fís Eorpach agus EUR 2.0 billiún le haghaidh Resc EU. Is ina bpraghsanna reatha atá na méideanna go léir.

Sa ghrafaic eolais seo déantar miondealú ar chomhdhéanamh agus ar ranníocaíochtaí Next Generation EU agus buiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh na tréimhse idir 2021 agus 2027.
Is cuid den phacáiste airgeadais is mó i stair an Aontais Eorpaigh atá i NextGeneration EU. In éineacht leis an mbuiséad fadtéarmach le haghaidh 2021–2027, cuireann sé os cionn EUR 2 thrilliún (i bpraghsanna reatha) ar fáil le cuidiú chun an Eoraip a fhorbairt ionas go mbeidh sí níos glaise, níos digití agus níos athléimní.

EUR 2.018 trilliún (ina phraghsanna reatha) atá i mbuiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh tréimhse idir 2021 agus 2027 in éineacht le pacáistí Next Generation EU, mar atá EUR 806.9 billiún do Next Generation EU agus EUR 1,210.9 billiún le haghaidh bhuiséad fadtéarmach an Aontais. Faoin mbuiséad fadtéarmach leithdháiltear EUR 426.7 billiún ar chomhtháthú, athléimneacht agus luachanna, chomh maith le EUR 776.5 billiún ó Next Generation EU. Faoin mbuiséad fadtéarmach leithdháiltear EUR 401 billiún ar acmhainní nádúrtha agus an comhshaol, chomh maith le EUR 18.9 billiún ó Next Generation EU. Faoin mbuiséad fadtéarmach leithdháiltear EUR 25.7 billiún ar an imirce agus ar bhainistiú na dteorainneacha. Faoin mbuiséad fadtéarmach leithdháiltear EUR 14.9 billiún ar an tslándáil agus ar an gcosaint. Faoin mbuiséad fadtéarmach leithdháiltear EUR 110.6 billiún ar an gcomharsanacht agus an domhan mór. Faoin mbuiséad fadtéarmach leithdháiltear EUR 82.5 billiún ar riarachán poiblí na hEorpa. Faoin mbuiséad fadtéarmach leithdháiltear EUR 149.5 billiún ar an margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha, chomh maith le EUR 11.5 billiún ó Next Generation EU.

Is í an tSaoráid Téarnamh agus Athléimneachta croílár NextGenerationEU. Saoráid í a seoladh i mí Feabhra 2021 agus cuirtear suas le EUR 723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) ar fáil léi i bhfoirm deontas agus iasachtaí chun tacú le hathchóirithe agus infheistíocht ar fud na mBallstát. Is ionstraim í an tsaoráid atá bunaithe ar fheidhmíocht, agus ní íoctar amach ó na cistí mura mbaintear amach na garspriocanna agus na spriocanna a comhaontaíodh. Chun tairbhe a bhaint as, ní mór do na Ballstáit pleananna náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a dhéanamh suas go dtí deireadh 2026, agus ní mór don Chomhairle na pleananna sin a fhormheas ansin.

Léiríonn an graf seo spriocanna caiteachais na mBallstát i ndáil le bearta aeráide agus bearta an aistrithe dhigitigh laistigh de na pleananna náisiúnta téarnaimh, chomh maith leis na céatadáin a sroicheadh.
Beagnach 40 % den chaiteachas a bhí beartaithe, tá sé leithdháilte ag na Ballstáit ar bhearta aeráide, agus tá níos mó ná 26 % de leithdháilte ar an aistriú digiteach sna 22 phlean téarnaimh agus athléimneachta atá formheasta go dtí seo. Téann sé sin thar na spriocanna a comhaontaíodh, is é sin 37 % le haghaidh an chaiteachais aeráide maille le 20 % le haghaidh an chaiteachais dhigitigh.

I bpleananna na mBallstát, tá beagnach 39,9 % den chaiteachas leithdháilte ar bhearta aeráide, sin agus 26,4 % ar an aistriú digiteach. Téann sin thar na spriocanna a comhaontaíodh, is é sin 37 % le haghaidh an chaiteachais aeráide agus 20 % le haghaidh an chaiteachais dhigitigh.

Mar chuid de gach plean, ní mór spriocanna ceangailteacha aeráide agus digiteacha a bhaint amach, caiteachas íosta 37 % san áireamh, ar caiteachas é a thiomnaítear don infheistíocht agus d’athchóirithe aeráide agus caiteachas íosta 20 % a thiomnaítear don aistriú digiteach. Go praiticiúil, tá na Ballstáit ag gealladh dul níos faide ná na spriocanna sin, toisc go bhfuil beagnach 40 % den chaiteachas le caitheamh ar infheistíochtaí agus ar athchóirithe aeráide agus go bhfuil 26,4 % de le caitheamh ar an aistriú digiteach. Cuideoidh sé sin leis an Aontas a sprioc maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 agus cuirfear ar bhealach an aistrithe dhigitigh í, rud a cruthóidh poist agus a spreagfaidh fás cuimsitheach ar feadh an ama.

Faoin tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht, bhí measúnú dearfach déanta ag an gCoimisiún faoi dheireadh 2021 ar 22 cinn de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, dar luach níos mó ná EUR 445 bhilliún san iomlán (as an EUR 723.8 billiún a bhí ar fáil). D’fhormheas an Chomhairle na pleananna sin ina dhiaidh sin. Rinneadh measúnú ar na pleananna náisiúnta de réir 11 chritéar, mar shampla a mhéid a théann siad i ngleic leis na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tír-shonracha an tSeimeastair Eorpaigh. Nuair atá na hathchóirithe cothaithe fáis agus cuimsitheacha is gá á gceapadh agus á gcur chun feidhme, is féidir leis na Ballstáit brath ar thacaíocht ón gCoimisiún tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Cuirtear an tacaíocht sin ar fáil i raon leathan réimsí, mar shampla an t-aistriú glas, an cúram sláinte, an t-airgeadas poiblí, digitiú an oideachais agus na seirbhísí poiblí, an timpeallacht ghnó agus an earnáil airgeadais.

Ursula von der Leyen agus í ag tabhairt óráide ag póidiam os comhair póstaer de chuid an chláir Next Generation EU.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin agus í ag cur i láthair measúnú an Choimisiúin ar phlean téarnaimh náisiúnta na Portaingéile faoi NextGenerationEU, Liospóin na Portaingéile, an 16 Meitheamh 2021.

Go dtí seo, tá EUR 54.3 billiún dáilte ag an gCoimisiún ar 20 Ballstát faoin tSaoráid um Aisghabháil agus Athléimneacht, sa réamh-mhaoiniú agus mar fhreagairt ar an gcéad iarraidh ar íocaíocht ó Bhallstát. I mí na Nollag, tar éis don Choimisiún measúnú agus deimhniú a fháil go raibh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha bainte amach ag an tír, fuair an Spáinn EUR 10 mbilliún.

Tháinig na híocaíochtaí sna sála ar fheidhmíocht rathúil an Choimisiúin ar na margaí caipitil. Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, déanfaidh an institiúid, thar ceann an Aontais Eorpaigh, suas le EUR 800 billiún a fháil ar iasacht ar na margaí airgeadais faoi dheireadh 2026. A bhuí le rátáil ard chreidmheasa an Aontais, tá an Coimisiún in ann iasachtaí a fháil ar rátaí níos fabhraí ná mar atá ag cuid mhór dá Bhallstáit, rud a théann chun leasa na mBallstát sin agus chun leasa bhuiséad an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún iarracht 30 % den mhaoiniú a chruinniú trí bhannaí glasa NextGenerationEU a eisiúint, agus úsáidfidh sé na fáltais chun beartais ghlasa a mhaoiniú.

Johannes Hahn agus é ag tabhairt óráide ag póidiam.
Johannes Hahn, an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán, ag searmanas “Ring the Bell” le linn don chéad Bhanna Glas de chuid an Aontais dar teideal NextGenerationEU Green Bond a bheith á liostáil ar Stocmhalartán Lucsamburg, an 19 Deireadh Fómhair 2021.

I mí Aibreáin 2021, d’fhógair an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé straitéis mhaoiniúcháin éagsúlaithe chun an maoiniú is gá a chruinniú. Tar éis do Bhallstáit uile an Aontais an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a fhormheas – an uirlis dhlíthiúil lena gcumasaítear an iasacht – lean an Coimisiún ar aghaidh leis an gcéad eisiúint i mí an Mheithimh 2021. Faoi dheireadh na bliana, is EUR 71 bhilliún a bhí cruinnithe aige san iomlán ina bhannaí AE, agus bhí maoiniú breise cruinnithe aige ina bhillí gearrthéarmacha AE. Bhí an chéad bhanna ghlas de EUR 12 bhilliún ó NextGenerationEU san áireamh leis sin – an eisiúint bannaí glasa ba mhó riamh ar domhan. Eisíodh é tar éis creat bannaí glasa an Aontais, creat úrscothach a ghlacadh i mí Mheán Fómhair 2021, creat lena ráthaítear d’infheisteoirí na mbannaí sin go ndéanfar an maoiniú a úsáidtear a leithdháileadh ar thionscadail ghlasa.

Déanfar gach iasacht faoi NextGenerationEU a aisíoc faoi 2058. Chun cuidiú leis an maoiniú a bailíodh a aisíoc – agus chun cur le cuspóirí beartais an Aontais ó thaobh ioncam an bhuiséid de freisin – tá sé molta ag an gCoimisiún foinsí nua ioncaim a thabhairt isteach i mbuiséad an Aontais. I mí Eanáir 2021, tugadh isteach tobhach atá bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, rud a chuirfidh le spriocanna Mhargadh Glas na hEorpa. I mí na Nollag, mhol an Coimisiún trí acmhainn dhílse nua a bhunú le haghaidh bhuiséad an Aontais, iad bunaithe ar na nithe seo a leanas:

  • ioncam ón gCóras Trádála Astaíochtaí;
  • na hacmhainní a ghineann an Sásra Eorpach um Choigeartú ar Theorainneacha Carbóin atá beartaithe; agus
  • an sciar de bhrabúis iarmharacha cuideachtaí ilnáisiúnta a ath-leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir leis an treoir atá le teacht maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda chun cearta cánachais a ath-leithdháileadh.

Ina theannta sin, cuirfidh an t-ioncam sin le maoiniú an Chiste Shóisialta don Aeráid, rud atá ceaptha chun a chinntiú go rachaidh an t-aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe chun tairbhe do chách. Molfaidh an Coimisiún acmhainní dílse nua breise roimh dheireadh 2023.

REACT-EU

EUR 7.7 billiún

chun cuidiú leis na hospidéil feistí leighis, trealamh cosanta pearsanta, aerálaithe agus trealamh tástála a fháil.

EUR 11.5 billiún

chun tacú le gnólachtaí i ngach earnáil den gheilleagar, iad sin is mó atá buailte ag an bpaindéim san áireamh, le hearnálacha an chultúir, na turasóireachta agus na seirbhíse bia, cuir i gcás.

EUR 4.1 billiún

chun cuidiú le daoine go díreach, oibrithe san áireamh, trí scéimeanna coinneála fostaíochta a chur i bhfeidhm agus chun tacú leis na scéimeanna céanna.

Roinnt samplaí de mhaoiniú REACT-EU.

Mar chuid de NextGenerationEU, leanann REACT-EU (Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa) leis na bearta freagartha ar ghéarchéimeanna agus na bearta maidir le deiseanna géarchéime a chuirtear ar fáil tríd an Tionscnamh Infheistíochta Freagartha don Choróinvíreas agus an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus agus leathnaíonn sé iad, agus is droichead é leis an bplean téarnaimh fadtéarmach. Dá réir sin, cuirfidh REACT-EU le téarnamh glas digiteach athléimneach an gheilleagair.

An maoiniú sin dar luach EUR 50.6 billiún, is rud nua é amach is amach. Is comhlánú é ar mhaoiniú atá fós ar fáil faoi chláir 2014-2020, maoiniú atá le cur leis na leithdháiltí um mhaoiniú comhtháthaithe le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Cuirfear an t-airgead ar fáil le haghaidh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le haghaidh Chiste Sóisialta na hEorpa agus le haghaidh Chiste Eorpach um Chabhair do na Daoine is Díothaí.

Ina theannta sin, tugadh tacaíocht luach EUR 8 mbilliún do cheantair thuaithe an Aontais faoin ionstraim téarnaimh eile de chuid an Aontais, tacaíocht a dáileadh trí na cláir forbartha tuaithe a mhaoinítear faoin gComhbheartas Talmhaíochta. Chuir an maoiniú sin ar a gcumas do na Ballstáit tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha i gceantair thuaithe.

Beartas comhtháthaithe an Aontais ar thúslíne an téarnaimh

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

Le hairgead an chiste, tacaíodh le ceannach vacsaíní le haghaidh breis agus leath den daonra sa Phortaingéil, agus íocadh as suiteáil córais nua TF san earnáil sláinte sa tSlóivéin. Tá maoiniú sa chiste le trealamh nua leighis a cheannach chun cabhrú le réigiúin na Seicia éirí níos athléimní in aghaidh géarchéimeanna sláinte amach anseo, agus chun tacú le cuideachtaí beaga agus iad ag iarraidh an t-aistriú digiteach a bhainistiú sa tSualainn.

Ciste Sóisialta na hEorpa

Ar fud na mBallstát, tá oiliúint, cóitseáil agus gairmthreoir á dtabhairt do dhaoine chun cur leis an deis atá acu post a choinneáil nó post nua a aimsiú. San Iodáil, tá fóirdheontais á dtabhairt do ghnólachtaí chun tacú le fostú na mban agus na hóige. Le hairgead an chiste tugadh tacaíocht do sheirbhísí comhairleoireachta airgeadais agus do thithíocht le haghaidh daoine gan dídean freisin.

An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí san Aontas

San Ostair agus sa Rómáin tá soláthairtí scoile faighte ag leanaí atá i lúba an ghátair. San Eastóin, sa Fhrainc, i Lucsamburg agus i mBallstáit eile tá cúnamh bia (béilí te mar shampla) agus bunchúnamh ábharach (táirgí sláinteachais) tugtha do na daoine is géire a dteastaíonn sin uathu.

Bréagaisnéis COVID-19 a chomhrac

In 2021, lean an tAontas air ag comhrac i gcoinne na faisnéise bréagaí agus na bréagaisnéise maidir le COVID-19 atá laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon . Is éard a bhí i gceist leis sin monatóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis ó réimse leathan foinsí agus dul i ngleic leis na teoiricí comhcheilge, mar shampla teoiricí comhcheilge faoi éifeachtaí na vacsaíní nó cinn a bhaineann an bonn ón muinín sa vacsaíniú. Is i ndlúthchomhar le EMA a rinneadh gach gníomhaíocht, leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta ar nós G7 agus ECAT. Is rialta a d’fhoilsigh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus an Coimisiún na torthaí.

I bhfianaise go bhfuil méadú ag teacht ar an mbréagaisnéis i dtaca leis an bpaindéim laistigh den Aontas, d’fhoilsigh an Coimisiún treoir i ndáil leis an gCód Cleachtais maidir le bréagaisnéis a neartú chun go mbeidh sé níos éifeachtaí ó thaobh faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a chomhrac, agus chun rannpháirtíocht níos leithne a mholadh. I mí Iúil, d’iarr an Coimisiún agus sínitheoirí reatha an chóid ar níos mó cuideachtaí agus eagraíochtaí clárú chun go mbeifí in ann seasamh an Aontais i gcoinne an fheiniméin dhíobhálaigh seo a neartú tuilleadh. Tá sé shínitheoir ionchasacha is fiche tar éis dul i bpáirt sa phróiseas chun cód cleachtais neartaithe a dhréachtú, rud a bhfuil coinne leis in earrach na bliana 2022.

I measc na ngníomhaíochtaí seachtracha, bhí obair chun feasacht a neartú maidir leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú, trí fheachtais na meán sóisialta ar nós fheachtas #VaccToNormal san áireamh, feachtas ina gcuirtear i láthair scéalta pearsanta daoine vacsaínithe as gach cearn den domhan. Iarrachtaí atá dírithe ar thionscnaimh taidhleoireachta poiblí i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais – go háirithe sna Balcáin Thiar – agus ar fud an domhain féin chun rochtain ar fhaisnéis údarásach a chinntiú. Thug an tAontas tacaíocht freisin do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleácha laistigh de na Ballstáit agus lasmuigh díobh. Ina theannta sin, tá maoiniú tugtha ag an gCoimisiún do thionscadail taighde lena dtugtar aghaidh ar chruinneas na faisnéise ar na meáin shóisialta agus ar na meáin eile, agus ar an mbréagaisnéis a bhaineann leis an gcoróinvíreas.

I mí Dheireadh Fómhair, sheol an Coimisiún Sainghrúpa maidir le Dul i nGleic le Bréagaisnéis agus Litearthacht Dhigiteach a Chur Chun Cinn leis an Oideachas agus Oiliúint. Is é misean foriomlán an ghrúpa treoirlínte praiticiúla a ullmhú le haghaidh múinteoirí agus oideoirí. Leis sin, neartófar cuspóir an Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Oideachas Digiteach, a bhfuil sé d’aidhm aige a chinntiú go bhfaighidh gach dalta i ngach scoil ar fud an Aontais an t-oideachas digiteach is fearr is féidir.

Ag gníomhú ar fud an domhain

Vacsaíní

Altra ar a bhfuil trealamh cosanta pearsanta, í ag amharc go díreach ar an gceamara agus steallaire steiriúil ina lámh aici. © Quantik, 2021.
Banaltra as an gCósta Eabhair ag ullmhú dáileoige de vacsaín COVID-19 agus feachtas vacsaínithe na tíre á sheoladh, Abidjan, Côte d’Ivoire, 1 Márta 2021. © Quantik, 2021

Ó thús na paindéime, tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ó thaobh na dlúthpháirtíochta domhanda de. Lean sé air ag cinntiú go gcuirfí vacsaíní sábháilte ar fáil i ngach cearn den domhan, mar aon le trealamh cosanta pearsanta, aerálaithe agus trealamh eile, trí mheán Shásra Aontais um Chosaint Shibhialta san áireamh. Faoi dheireadh 2021, bhí os cionn 1.7 billiún dáileog vacsaíne onnmhairithe ag an Aontas go dtí 165 tír nó iad roinnte aige leis na tíortha sin – sin dhá thrian den líon iomlán dáileog a táirgeadh san Aontas. Fágann sin go raibh an tAontas, ón lá a tosaíodh ar vacsaíní a tháirgeadh, ar an onnmhaireoir vacsaíní is mó ar domhan.

I mí Feabhra 2021, thosaigh COVAX, an tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaín COVID-19, ag seachadadh vacsaíní COVID-19 ar fud an domhain, agus é d’aidhm aige rochtain chóir chothrom ar vacsaíní COVID-19 a chinntiú le haghaidh gach tíre. Team Europe, rud atá comhdhéanta d’institiúidí an Aontais, de na Ballstáit agus d’institiúidí airgeadais na hEorpa, is príomhdheontóir é agus tá breis agus EUR 3 bhilliún curtha ar fáil aige chun cuidiú le COVAX 1.4 billiún dáileog a cheannach faoi dheireadh 2021 agus a bhfuil níos mó ná 981 mhilliún dáileog acu sin seachadta go dtí 144 thír agus críoch.

Mar chomhlánú ar an tseilbh a bhí COVAX a fháil ar na dáileoga go díreach, bhunaigh an Coimisiún Sásra an Aontais maidir le Vacsaíní a Roinnt chun cuidiú leis na Ballstáit a gcuid vacsaíní a roinnt le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad trí COVAX agus go díreach. Tacaíonn an tAontas lena gcuid straitéisí vacsaínithe agus le dáileadh na soláthairtí, agus le monarú na vacsaíní a mhéadú go háitiúil. Gheall na Ballstáit níos mó ná 200 milliún dáileog a roinnt faoi dheireadh 2021, sprioc a sáraíodh go mór ó roinneadh 380 milliún dáileog le tíortha lasmuigh den Aontas, agus bhí 255.4 milliún díobh sin seachadta faoi dheireadh na bliana (87 % trí mheán COVAX). Ina theannta sin, ag Cruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda an G20+ gheall comhpháirtithe tionsclaíocha 1.5 billiún dáileog vacsaíne a chur ar fáil le haghaidh tíortha ísealioncaim gan brabús a dhéanamh agus iad a chur ar fáil le haghaidh tíortha meánioncaim ar chostas íseal faoi dheireadh 2021. Leis an gcabhair dhaonnúil atá tugtha aige, d’fhreagair an tAontas freisin do na riachtanais phráinneacha a eascraíonn ó COVID-19 i measc na dtíortha is leochailí tríd an Maoladán Daonnúil COVAX a bhunú.

Ina theannta sin, ba í Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, a d’fhógair i mí na Samhna go roinnfeadh an tAontas 700 milliún dáileog vacsaíne leis na tíortha is leochailí faoi lár 2022, agus gur le buiséad an Aontais a d'íocfaí as 200 milliún díobh sin.

Déantar na hiarrachtaí sin a chomhlánú leis an tionscnamh Team Europe chun tacú leis an monarú go háitiúil agus rochtain ar vacsaíní, cógais agus teicneolaíochtaí sláinte san Afraic. Tá tacaíocht luach EUR 1 bhilliún ó bhuiséad an Aontais agus ó institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha ar fáil le haghaidh sin, agus comhar idir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Rialú agus Lárionaid na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc.

Léiríonn an ghrafaic eolais seo roinnt de na spriocanna atá ag tionscnamh Team Europe le haghaidh tacaíocht vacsaíní san Afraic.
Tacaíocht Team Europe don mhonaraíocht áitiúil agus don rochtain ar vacsaíní, ar tháirgí leighis agus teicneolaíochtaí sláinte san Afraic.

Tá sé de rún ag Tionscnamh nua Team Europe EUR 1 bhilliún a shlógadh chun borradh a chur faoi sholáthar na vacsaíní trí lámh a chur i socrú na mol monaraíochta go réigiúnach agus trí dhíriú ar na tíortha is mó a bhfuil acmhainn. Déanfar an t-éileamh a chomhdhlúthú trí chuidiú le tíortha san Afraic a gcuid riachtanas a chomhordú. Ar deireadh, déanfar rochtain ar vacsaíní agus ar tháirgí leighis a éascú tríd an timpeallacht chumasúcháin a neartú. Ar na tíortha a d’fhéadfadh a bheith san áireamh tá an Éigipt, an Aetóip, Gána, an Chéinia, Maracó, an Nigéir, Ruanda, an tSeineagáil agus an Afraic Theas.

Cruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda

I mí na Bealtaine, ba iad an tUachtarán von der Leyen agus Príomh-Aire na hIodáile Mario Draghi a rinne Cruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda an G20+ a chomhóstáil sa Róimh, áit ar thacaigh na ceannairí leis an ról ceannasach agus comhordaithe atá ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar fhreagairt ar COVID-19, agus ar an gclár mór oibre domhanda maidir le sláinte. Shínigh na ceannairí Dearbhú na Róimhe maidir le hullmhú le haghaidh paindéimí amach anseo agus iad a chosc.

Leis na sé phrionsabal déag atá sa dearbhú, athdheimhnítear tiomantas na gceannairí don dlúthpháirtíocht dhomhanda; don chothromas domhanda agus don chomhar iltaobhach; don rialachas éifeachtach; do chur chuige atá dírithe ar dhaoine; don tábhacht atá le tógáil a dhéanamh ar bhunchloch na heolaíochta agus ar bheartais atá bunaithe ar fhianaise agus ar an muinín; agus do mhaoiniú inbhuanaithe na sláinte go domhanda; Diúltaítear sa dearbhú do thoirmisc easpórtála, agus gealltar ann go gcoinneofar na slabhraí soláthair domhanda ar oscailt agus iad ag feidhmiú chun an acmhainneacht dhomhanda monaraíochta vacsaíní a éagsúlú.

Tá prionsabail Dhearbhú na Róimhe mar bhonn faoin obair leanúnach sa G7 agus sa G20, bunú Thascfhórsa Comhpháirteach Sláinte Airgeadais G20 le déanaí san áireamh, rud a bunaíodh chun a chinntiú go ndéanfaí maoiniú leordhóthanach ar an gcosc, ullmhacht agus freagairt. Is é an tAontas a threoraigh na hiarrachtaí as ar tháinig an cinneadh a rinneadh ag Seisiún Speisialta an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte i mí na Samhna agus i mí na Nollag chun comhlacht idir-rialtasach caibidlíochta a bhunú chun cosc, ullmhacht agus freagairt paindéime a neartú.

I mí Mheán Fómhair, thug an tAontas agus na Stáit Aontaithe gealltanais chomhpháirteacha ina gclár oibre chun an phaindéim dhomhanda a chloí maidir le roinnt na vacsaíní, an ullmhacht, an soláthar (táirgí teiripeacha san áireamh), an maoiniú inbhuanaithe agus an táirgeadh réigiúnach vacsaíní.

Éifeachtaí na paindéime a mhaolú

Le cur chuige Team Europe, tugadh tacaíocht airgeadais sholúbtha do níos mó ná 130 tír chomhpháirtíochta ar fud an domhain. Ó thús na paindéime go dtí deireadh 2021, chuir Team Europe níos mó ná EUR 46 bhilliún ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla, chun feabhas a chur ar chórais sláinte, uisce agus sláintíochta agus chun iarmhairtí socheacnamaíocha na paindéime a mhaolú.

In 2021, chuir an tAontas dlús lena chuid oibre chun bealú a chur faoin téarnamh go domhanda. Tá obair déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun gníomhairí idirnáisiúnta éagsúla a thabhairt le chéile trí chomhghuaillíochtaí agus tionscnaimh nua chomhoibríocha a fhorbairt chun dul i ngleic le COVID-19 agus tús a chur le téarnamh inbhuanaithe ar fud an domhain. I mí Feabhra, ghlac an tUachtarán von der Leyen páirt san fheachtas Domhanda Saoránach dar teideal “Plean téarnaimh don Domhan Mór”. Is ar na cúig thosaíocht seo a leanas a bunaíodh an feachtas bliana: cuidiú le deireadh a chur le COVID-19; srian a chur le géarchéim an ocrais; tús a chur leis an bhfoghlaim arís i ngach uile áit go forleathan; an pláinéad a chosaint; an cothromas a chur chun cinn do chách.

Ó thús na paindéime go dtí mí Iúil 2021, chuir an tAontas os cionn EUR 4.35 billiún ar fáil le haghaidh na mBalcán Thiar agus na Tuirce, agus chuir sé níos mó ná EUR 3.41 billiún ar fáil le haghaidh réigiúin Chomharsanacht na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sláinte is práinní, sin agus chun tionchar socheacnamaíoch na géarchéime a laghdú. Mar chuid de sin bhí cláir agus deontais chun infhaighteacht agus dáileadh vacsaíní COVID-19 atá údaraithe ag an Aontas a chinntiú agus tacaíocht chun dlús a chur le feachtais vacsaínithe. Faoi dheireadh mhí na Nollag, bhí os cionn 77 milliún dáileog vacsaíne curtha ar fáil tríd an tSaoráid COVAX le haghaidh na mBalcán Thiar agus le haghaidh réigiúin Chomharsanacht an Oirthir agus Chomharsanacht an Deiscirt, agus is le tacaíocht ón Aontas a rinne na Ballstáit beagnach 32 mhilliún dáileog a roinnt le tíortha comhpháirtíochta (go díreach le COVAX nó trí mheán COVAX).

Páiste a bhfuil bláth ina lámha aige atá réidh le cur, agus é á shíneadh i dtreo an cheamara.

Eoraip níos glaise atá neodrach ó thaobh na haeráide de a chruthú

An Comhaontú Glas don Eoraip a Chur i gCrích

In 2021, lean an tAontas de bheith ag troid i gcoinne an athraithe aeráide trí bheartais uaillmhianacha anseo san Eoraip agus trí dhlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta. I mí Feabhra, ghlac an Coimisiún Straitéis nua de chuid an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide ina leagtar amach an chaoi ina bhféadfaidh an tAontas oiriúnú d’iarmhairtí dosheachanta an athraithe aeráide agus a bheith athléimneach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. I mí an Mheithimh, ghlac Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit an chéad Dlí Aeráide riamh de chuid na hEorpa ina ndearnadh dlí de na spriocanna uile-gheilleagair a bhaineann le laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990, agus leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Ina dhiaidh sin, i mí Iúil agus i mí na Nollag, chuir an Coimisiún sraith tograí i láthair le go mbeadh an tAontas in ann a chuid uaillmhianta aeráide féin a bhaint amach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na beartais atá ann cheana agus trí bhearta nua a chur chun cinn. Sna tograí reachtacha chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, clúdaítear raon leathan réimsí beartais, an aeráid, fuinneamh, iompar agus cánachas san áireamh. Leagtar amach iontu an chaoi a mbainfidh an tAontas an sprioc do 2030 amach, sprioc atá ceangailteach ó thaobh dlí de anois. Cuireadh na tograí in iúl do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ina gcáil mar rannchuidiú an Aontais chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Spriocanna 2030 an Aontais um an aeráid.
Leis na tograí reachtacha a rinne an Coimisiún, soláthrófar na huirlisí is gá chun geilleagar an Aontais a athrú go cóir cuimsitheach faoi mar a bheartaítear sin sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

Tá an méid seo a leanas i gceist le spriocanna 2030 an Aontais um an aeráid: an ciste sóisialta don aeráid; trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar; an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha; córas an aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na cumhachta, earnáil na tionsclaíochta, na hearnála muirí agus earnáil na heitlíochta; an rialachán maidir le húsáid na talún, athrú ar úsáid na talún agus foraoiseacht; treoir maidir le cánachas fuinnimh; straitéis foraoise an aontais; treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh; an rialachán maidir le comhroinnt díchill; an treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite; an rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha; caighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh carranna agus veaineanna; an tionscnamh “fuel EU maritime”; agus an tionscnamh “refuel EU aviation”.

Is léir go bhfuil go leor buntáistí ag baint le gníomhú ar son na haeráide: an éigeandáil aeráide a chosc nó a mhaolú; pláinéad níos sláintiúla a fhágáil do na glúnta atá le teacht; aer níos glaine; bailte agus cathracha níos fionnuaire níos glaise; saoránaigh níos sláintiúla; úsáid fuinnimh níos ísle agus billí níos ísle; neamhspleáchas fuinnimh níos fearr; teicneolaíochtaí agus deiseanna tionsclaíocha nua; agus níos mó spáis don dúlra. Agus, ar ndóigh, cruthófar cineálacha nua post leis an aistriú glas. Dá gcuirfí na beartais chearta leis, d’fhéadfadh sé thart ar 1 mhilliún post a chruthú san Aontas Eorpach faoi 2030, agus 2 mhilliún post faoi 2050, agus d’fhéadfadh sé iomaíochas domhanda an Aontais le go leor tíortha eile a fheabhsú, ar tíortha iad a bhfuil réitigh ar an athrú aeráide á lorg acu.

Cé gur léir gur mó na buntáistí a bhaineann le beartais aeráide an Aontais ná na costais a bhaineann leis an aistriú sin sa mheántéarma agus san fhadtéarma, tá an baol ann go gcuirfear brú breise ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair sa ghearrthéarma. Mar sin, tá na beartais ann chun an costas a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le dul in oiriúint dó a scaipeadh ar bhealach cothrom, chun aistriú cóir a chinntiú do chách. Sin ceann de na cúiseanna a ghabhann Ciste Sóisialta don Aeráid leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gCóras nua Trádála Astaíochtaí i ndáil le hiompar de bhóthar agus le foirgnimh. Tugtar aghaidh ar na tionchair shóisialta shuntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann sa mholadh atá beartaithe maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a chinntiú (féach thíos).

Athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais

Is é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais an chéad mhórmhargadh carbóin ar domhan. Leagann sé síos teorainn, nó uasteorainn, do mhéid iomlán na ngás ceaptha teasa áirithe is féidir leis na hearnálacha a chlúdaítear a astú. Laghdaítear an uasteorainn le himeacht ama sa chaoi go dtitfidh na hastaíochtaí iomlána. Na cuideachtaí atá clúdaithe ag an gcóras, ceannaíonn siad lamháltais astaíochtaí ag ceantanna nó faigheann siad na lamháltais sin trí leithdháileadh saor in aisce. Is féidir leo lamháltais a thrádáil lena chéile de réir mar is gá freisin. Gach bliain, ní mór do na cuideachtaí uile a dhóthain liúntas a thabhairt suas chun a chuid astaíochtaí a chlúdach ina n-iomláine, nó gearrtar fíneálacha troma orthu.

Ó thosaigh an córas, in 2005, tá laghdú thart ar 43 % tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a chlúdaítear leis (giniúint cumhachta, tionscal dianfhuinnimh agus eitlíocht laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch). I dteannta a chéile, is iad na hearnálacha sin is cúis le 41 % d’astaíochtaí iomlána an Aontais. I mí Iúil 2021, agus mar chuid den phacáiste reachtaíochta chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, mhol an Coimisiún sprioc nua chun astaíochtaí ó earnálacha an Chórais Trádála Astaíochtaí a laghdú 61 % faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 2005. Chun an méid sin a bhaint amach, molann an Coimisiún laghdú aonuaire ar lamháltais iomlána astaíochtaí agus méadú ar an ráta laghdaithe go 4,2 % in aghaidh na bliana, suas ó 2,2 % faoin gcóras reatha.

Léiríonn an graf seo na laghduithe astaíochtaí in earnálacha an chórais reatha trádála astaíochtaí, agus in earnálacha comhroinnte díchill le hais mar a bhí in 2005.

Sna hearnálacha comhroinnte díchill, an t-iompar de bhóthar, an tithíocht agus an talmhaíocht san áireamh, an t-athrú le hais 2005 is lúide 16 % a bhí ann in 2020, agus an sprioc atá ann do 2030 is lúide 40 % atá ann. Sa chóras reatha trádála astaíochtaí, lena n-áirítear earnáil na cumhachta, tionscail dianfhuinnimh, eitiltí laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus, tar éis 2022, earraí a iompar ar bord loinge, an t-athrú le hais 2005 sin lúide 43 % in 2020, agus an sprioc atá ann do 2030 is lúide 61 % atá ann. Chomh maith leis an gcumhdach a thugtar dóibh leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, tá Córas nua Trádála Astaíochtaí molta ag an gCoimisiún le haghaidh astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh go sonrach. Laghdófar an uasteorainn sa chóras nua sin ar bhonn bliantúil chun laghduithe astaíochtaí 43 % a bhaint amach in 2030 le hais 2005.

Ina theannta sin, mhol an Coimisiún Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha. I gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, cinnteoidh an sásra sin nach dtiocfaidh “sceitheadh carbóin” as gníomhaíocht uaillmhianach aeráide san Eoraip, rud trína n-aistreoidh gnólachtaí a dtáirgeadh chuig tíortha ina bhfuil rialacha níos laige maidir le hastaíochtaí. Nuair a thabharfar sin isteach de réir a chéile agus i gcomhthráth le deireadh a chur de réir a chéile leis na lamháltais saor in aisce faoin gCóras Trádála Astaíochtaí atá ann faoi láthair, cinnteofar go mbeidh an costas céanna ag dul do tháirgí diancharbóin áirithe a iompórtáiltear isteach san Aontas agus a bheidh ag na táirgí céanna nuair a tháirgtear san Aontas Eorpach iad – amhail stroighin, iarann agus cruach, alúmanam, leasachán agus leictreachas.

Tá togra curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a neartú. Leis an gcúlchiste sin, cuirtear feabhas ar athléimneacht an chórais i gcoinne mórshuaití trí roinnt lamháltais astaíochtaí a chur i leataobh, lamháltais is féidir a úsáid chun soláthar na lamháltas ar ceant a shocrú. San earnáil eitlíochta, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún deireadh a chur de réir a chéile leis an leithdháileadh lamháltas saor in aisce d’aerlínte a oibríonn eitiltí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus é mar aidhm acu dul i dtreo na lamháltais iomlána don earnáil a chur ar ceant. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin an Scéim Dhomhanda Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí chuig an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus amach uaidh.

Dá mba mhian leis an Aontas sprioc 2030 maidir le laghduithe astaíochtaí a bhaint amach, ní mór d’earnálacha atá lasmuigh den Chóras Trádála Astaíochtaí faoi láthair a n-iarrachtaí dícharbónaithe a mhéadú. Chuige sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an trádáil astaíochtaí a leathnú chun an muiriompar a chlúdach agus córas trádála astaíochtaí ar leithligh a thabhairt isteach d’earnáil an iompair de bhóthar agus d’earnáil na bhfoirgneamh.

I mí Iúil, mhol an Coimisiún freisin dlús a chur leis an maoiniú don nuálaíocht aeráide trí mhéid na gCistí don Nuachóiriú agus don Nuálaíocht a mhéadú go suntasach. Tugtar maoiniú do na cistí sin trí lamháltais a chuirtear ar ceant faoin gCóras Trádála Astaíochtaí, agus tacaíonn na cistí sin leis na Ballstáit atá ar ioncam níos ísle agus iad ag aistriú chuig an aeráidneodracht agus tugtar maoiniú do theicneolaíochtaí ísealcharbóin nuálacha a bhfuil gá leo chun cumhacht a thabhairt don aistriú glas.

Aistriú cóir i dtreo an haeráidneodrachta

Is é an gealltanas atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip an t-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, agus sin a dhéanamh ar bhealach cothrom, gan aon duine a fhágáil ar lár.

Moladh i mí Iúil go gcuirfí Ciste Sóisialta don Aeráid ar bun chun cabhrú leis na Ballstáit tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht le haghaidh na saoránach leochaileach is mó a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an ciste a mhaoiniú trí bhuiséad an Aontais le méid is ionann, i bprionsabal, agus 25 % den ioncam a bhfuiltear ag súil leis ón gcóras nua trádála astaíochtaí le haghaidh na n-earnálacha iompair de bhóthar agus tógála, agus cuirfear EUR 72.2 billiún ar fáil le haghaidh na tréimhse 2025-2032. Bainfear leas as sin chun cabhrú leis na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair, chun infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh agus in athchóiriú foirgneamh agus chun cabhrú le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhaoiniú. Go dtí go mbeidh tionchar na n-infheistíochtaí sin le feiceáil ar chostais agus ar astaíochtaí a laghdú, beidh an ciste in ann maoiniú a chur ar fáil do thacaíocht shealadach d’ioncam díreach do theaghlaigh leochaileacha.

I mí na Nollag, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht faoi bheartais chun na Ballstáit a spreagadh gníomhú ar son aistriú cóir cuimsitheach chuig an aeráidneodracht. Tugtar aghaidh sa mholadh ón gComhairle atá beartaithe ar na gnéithe ábhartha fostaíochta agus sóisialta den aistriú. Sa mholadh sin tugtar aird ar leith ar conas freastal ar riachtanais na ndaoine agus na dteaghlach sin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise agus a bhféadfadh an t-aistriú glas tionchar a imirt orthu. Anuas air sin, iarrtar ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as maoiniú poiblí agus príobháideach agus iarrtar orthu freisin oibriú i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta. Sa mholadh sin, cuimsítear bearta agus treoraíocht chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacaíocht a thabhairt d’fhostaíocht ar ardchaighdeán agus aistrithe idir poist a éascú;
  • rochtain chomhionann ar oideachas agus ar oiliúint ar ardchaighdeán a chur chun cinn;
  • córais chothroma sochar cánach agus cosanta sóisialta a chinntiú;
  • rochtain inacmhainne ar sheirbhísí riachtanacha a éascú;
  • gníomhaíocht bheartais a chomhordú agus cur chuige uile-gheilleagair a leanúint; agus
  • an úsáid is fearr is féidir a bhaint as maoiniú poiblí agus príobháideach.

Athbhreithniú ar an reachtaíocht le haghaidh earnálacha nach gclúdaítear leis an gCóras Trádála Astaíochtaí

I gcás earnálacha nach bhfuil clúdaithe ag an gCóras Trádála Astaíochtaí, sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, leagtar síos spriocanna ceangailteacha don Aontas agus do na Ballstáit chun astaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla a laghdú faoi 2030. Roinntear an iarracht astaíochtaí a laghdú i measc na mBallstát de réir a saibhris choibhneasta, rud a thomhaistear in olltáirgeacht intíre per capita, agus an chost-éifeachtúlacht á cur san áireamh.

I mí Iúil, rinne an Coimisiún togra chun sprioc an Aontais a mhéadú ón laghdú 29 % atá ann faoi láthair ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 2005, go laghdú 40 % amach anseo. Is idir 10 % agus 50 % atá na spriocanna náisiúnta atá á moladh le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí, i gcomparáid leis na leibhéal a bhí ann in 2005.

Léiríonn an chairt seo na spriocanna náisiúnta atá á moladh le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí le hais na leibhéal a bhí ann in 2005.

Spriocanna athbhreithnithe i ndáil le laghduithe astaíochtaí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill.

Foinse: Iarscríbhinn a ghabhann le COM(2021) 555 – Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát de bhun Airteagal 4(1), 14 Iúil 2021.

Seo a leanas na spriocanna atá á moladh: an Bhulgáir lúide 10 %; an Rómáin lúide 13,7 %; an Chróit lúide 16,7 %; an Laitvia lúide 17 %; an Pholainn lúide 17,7 %; an Ungáir lúide 18,7 %; Málta lúide 19 %; an Liotuáin lúide 21 %; an Ghréig lúide 22,7 %; an tSlóvaic lúide 22,7 %; an Eastóin lúide 24 %; an tSeicia lúide 26 %; an tSlóivéin lúide 27 %; an Phortaingéil lúide 28,7 %; an Chipir lúide 32 %; an Spáinn lúide 37,7 %, EU 27 lúide 40 %; Éire lúide 42 %; an Iodáil lúide 43,7 %; an Bheilg lúide 47 %; an Fhrainc lúide 47,5 %; an Ostair lúide 48 %; an Ísiltír lúide 50 %; an Danmhairg lúide 50 %; an Ghearmáin lúide 50 %; an Lucsamburg lúide 50 %; an Fhionlainn lúide 50 %; an tSualainn lúide 50 %.

Le chéile, clúdaíonn foraoisí agus talamh talmhaíochta níos mó ná trí cheathrú de mhais talún an Aontais. Tá foraoisí dea-bhainistithe agus athléimneacha ríthábhachtach chun an aeráidneodracht a bhaint amach mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin (CO2) amach as an atmaisféar. I mí Iúil, rinne an Coimisiún togra chun an bhaint carbóin a mhéadú go leibhéal is ionann agus 310 milliún tona CO2 faoi 2030 agus chun an aeráidneodracht a bhaint amach in earnálacha na talamhúsáide, na foraoiseachta agus na talmhaíochta le chéile, ar leibhéal an Aontais, faoi 2035.

I mí na Nollag ghlac an Coimisiún teachtaireacht maidir le timthriallta inbhuanaithe carbóin. Sa teachtaireacht sin, leagtar amach ann conas is féidir leis an Aontas an bhaint carbóin as an atmaisféar a mhéadú trína spleáchas ar charbón iontaise a laghdú, tríd an bhfeirmeoireacht charbóin a mhéadú chun níos mó carbóin a stóráil sa nádúr agus trí réitigh thionsclaíocha a chur chun cinn chun carbón a bhaint agus a athchúrsáil ar bhealach inbhuanaithe infhíoraithe.

Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide

Cé go bhfuil a sheacht dhícheall á dhéanamh ag an Aontas chun an t-athrú aeráide a mhaolú, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon, ní mór dó é féin a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí dosheachanta a bhaineann leis an athrú aeráide féin. Ó thonnta teasa marfacha agus tuilte millteacha go foraoisí díghrádaithe agus imeallbhoird atá creimthe ag leibhéil farraige atá ag ardú, tá tionchair an athraithe aeráide le feiceáil cheana féin.

Sin an fáth ar ghlac an Coimisiún Straitéis nua de chuid an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide i mí Feabhra ina leagtar amach an chaoi ina bhféadfaidh an tAontas a bheith athléimneach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Is iad na cuspóirí atá leis an t-oiriúnú a dhéanamh níos cliste níos tapa níos córasaí, agus an ghníomhaíocht idirnáisiúnta a threisiú. Is é is aidhm dó an fócas a athdhíriú ón bpleanáil go dtí an cur chun feidhme trí réitigh a fhorbairt agus a chur in úsáid ar mhórscála.

Mar shampla, beidh rochtain níos fearr ag gach duine ar Climate-ADAPT, an t-ardán Eorpach maidir le heolas faoin oiriúnú, agus tá faireachlann thiomnaithe aige anois chun bagairtí sláinte a bhaineann leis an athrú aeráide a rianú agus a chosc. Sampla eile is ea seoladh an Mhisean maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide de chuid Fhís Eorpach. Leis an tionscnamh suaitheanta sin, tabharfar an teicneolaíocht is déanaí don oiriúnú, na réitigh dhúlra-bhunaithe is déanaí agus na dea-chleachtais is déanaí isteach i réigiúin an Aontais ionas go mbeidh siad athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide.

Foirgnimh níos inbhuanaithe a dhéanamh

Tar éis na straitéise “Rabharta Athchóiriúcháin” in 2020, tá uaillmhian an Choimisiúin chun an ráta athchóirithe foirgneamh ar fud an Aontais a dhúbailt le feiceáil i líon tionscnamh nua. Go háirithe, an t-athbhreithniú a moladh i mí na Nollag ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, is é is aidhm dó a chinntiú go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun a stoc foirgneamh a dhícharbónú. Cinntíonn an t-athbhreithniú go dtiocfaidh laghdú ar ídiú fuinnimh foirgneamh san Aontas trína n-éifeachtúlacht fuinnimh a uasghrádú trí athchóiriú domhain a dhéanamh. Sa togra, leagtar síos íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh agus tá ceangal ann go ndéanfar 15 % de stoc foirgneamh gach Ballstáit a uasghrádú ó lipéad G go lipéad F ar a laghad faoi 2030. Mar chuid den athbhreithniú, mhol an Coimisiún freisin nach mór do gach foirgneamh nua a bheith ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha ó 2030 ar aghaidh agus nach mór d’fhoirgnimh phoiblí nua a bheith amhlaidh ó 2027 ar aghaidh.

Treoir nua maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh á moladh ag an gCoimisiún lena mbaineann sprioc níos uaillmhianaí le haghaidh coigilt fuinnimh faoi 2030 fud fad an gheilleagair, rud a dhéanfaí trí athchóiriú ar fhoirgnimh phoiblí i measc nithe eile. Sa togra le haghaidh na Treorach maidir le Fuinneamh In-athnuaite leagtar síos tagarmharc nua gur fuinneamh in-athnuaite a bheidh in 49 % den fhuinneamh a úsáidtear i bhfoirgnimh faoi 2030, agus tá ceanglas ann an méid fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh an téimh agus an fhuaraithe a mhéadú ar bhonn bliantúil. Tá breoslaí téimh san áireamh sa chóras nua trádála astaíochtaí atá beartaithe d’fhoirgnimh. Leis an gCiste Sóisialta don Aeráid a fhaigheann maoiniú ón gcóras nua, cuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair chun athchóiriú a dhéanamh.

Ar deireadh, ós rud é go bhféadfadh an t-athchóiriú a bheith ina spreagadh don téarnamh eacnamaíoch, leagann Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais béim ar leith ar an earnáil tógála, agus chuir go leor Ballstát infheistíocht san athchóiriú agus san éifeachtúlacht fuinnimh san áireamh ina bpleananna téarnaimh náisiúnta.

Bauhaus Eorpach Nua

Is é is aidhm don Bauhaus Eorpach Nua, a seoladh in 2020, dlús a chur le claochlú ár sochaí agus earnálacha eacnamaíocha amhail tionscail tógála agus tionscail stíle maireachtála, rud a thabharfaidh rochtain do shaoránaigh ar earraí agus ar sheirbhísí atá ciorclach, inacmhainne agus nach bhfuil chomh dian ar charbón. Ar an gcaoi sin, déanann sé athrú follasach den Chomhaontú Glas don Eoraip, rud a fheabhsaíonn an saol laethúil, i bhfoirgnimh agus i spásanna poiblí, agus i réimse an fhaisin agus na dtroscán freisin. Tugann an Bauhaus Eorpach Nua gné chultúrtha don Chomhaontú Glas agus tá grúpaí ar nós ailtirí, dearthóirí agus ealaíontóirí páirteach ann chun a gcuid saineolais a úsáid sa chlaochlú.

Fuarthas inspioráid ó thionscadail phobail ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin agus chuidigh sin le cruth a chur ar choincheap an Bauhaus Eorpaigh Nua de chuid an Choimisiúin, coincheap a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2021. Reáchtáladh an chéim chomhdheartha idir mí Eanáir agus mí Iúil agus fuarthas breis agus 2 000 aighneacht. Cláir de chuid an Aontais – Fís Eorpach, LIFE, Clár an Mhargaidh Aonair agus an Clár don Eoraip Dhigiteach san áireamh – cuirfidh siad thart ar EUR 85 mhilliún ar fáil do thionscadail de chuid an Bauhaus Eorpaigh Nua in 2021-2022. Ina theannta sin, déanfar an tionscnamh a chomhtháthú in go leor cláir eile de chuid an Aontais, amhail Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Cuirfidh an Coimisiún Saotharlann Bauhaus Eorpaigh Nua ar bun chun fréamhshamhlacha uirlisí, réitigh agus moltaí beartais nua a chomhchruthú, a tháirgeadh agus a thástáil i gcomhar leis an bpobal.

Ó ghairdín fiáin “ar snámh” i gcroílár Barcelona go teach “saor ó dhramhaíl” sa tSlóivéin, léirigh na buaiteoirí de na chéad duaiseanna den Bauhaus Eorpach Nua gur féidir an inbhuanaitheacht a bheith álainn agus cuimsitheach. Fógraíodh na fiche buaiteoir i mí Mheán Fómhair.

Cumhacht a thabhairt do gheilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de

Ghlac an Coimisiún roinnt céimeanna in 2021 chun straitéisí a leagadh amach in 2020 a thiontú ina reachtaíocht de chuid an Aontais, rud a chur leis na straitéisí éagsúla sin a bhain le comhtháthú an chórais fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, astaíochtaí hidrigine agus meatáin, i measc cinn eile. Cuireadh tograí i láthair i mí Iúil agus i mí na Nollag chun rialacha an Aontais maidir le beartas fuinnimh a athscríobh agus chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún gur cheart sciar 40 % de mheascán fuinnimh an Aontais a bheith in-athnuaite faoi 2030. Is ionann sin agus dhá oiread an fhigiúir le haghaidh 2020, agus is méadú suntasach é ar an sprioc 32 % a bhí ann roimhe seo. Dheimhnigh figiúirí ó Eurostat gur bhain an tAontas Eorpach a sprioc le haghaidh 2020 amach gan stró.

Sa togra ó mhí Iúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, tá bearta chun díriú ar réimsí (amhail iompar agus foirgnimh) lenar bhain dul chun cinn ní ba mhoille ná mar a bhíothas ag súil leis san áireamh. Ar an gcaoi chéanna, is é is aidhm don togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh laghdú 9 % breise a dhéanamh ar ídiú fuinnimh i gcomparáid leis an méid atá geallta ag na Ballstáit cheana ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide le haghaidh na tréimhse 2021-2030, agus tá sé beartaithe go ndéanfar beagnach dúbláil ar an oibleagáid bhliantúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

Kadri Simson agus daoine eile agus iad ag siúl síos an staighre taobh istigh de mhonarcha mhór.
Kadri Simson (sa lár), an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh, agus í ag tabhairt cuairt ar stáisiún hidrileictreach nua in Brežice na Slóivéine, an 20 Meán Fómhair 2021.

Tháinig gnéithe breise den phacáiste beart chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích ina dhiaidh sin i mí na Nollag, rud lenar bhain tograí chun an earnáil gáis a dhícharbónú agus margadh hidrigine a bhunú. Leis na tograí sin do mhargadh gáis an Aontais, éascaítear an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise go gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin. Díríonn siad freisin ar mhargadh feidhmiúil hidrigine a chruthú sa mheántéarma, agus teicneolaíochtaí gáis ghlain eile á gcur chun cinn an tráth céanna.

Chun borradh a chur faoin nGealltanas Domhanda um Meatán a Laghdú, gealltanas a bhfuil tíortha an Aontais agus 110 dtír eile páirteach ann ó bhí Comhdháil COP26 maidir leis an Athrú Aeráide ann i nGlaschú, chuidigh an tAontas le bunú na Faireachlainne Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin chun astaíochtaí a thomhais agus an dul chun cinn a rianú. I mí na Nollag, cuireadh síos an chéad togra reachtach riamh chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin an Aontais.

Léiríonn an ghrafaic eolais seo na príomhdhifríochtaí idir na seanlipéid fuinnimh agus na lipéid fuinnimh nua.
Comparáid idir an seanlipéad fuinnimh agus an lipéad fuinnimh nua le haghaidh cuisneoirí gan reoiteoir.

Lipéid fuinnimh nua: conas táirge athscálaithe a aithint. Tá cód QR ar an lipéad nua a thugann rochtain ar eolas breise faoin gcineál. Thairis sin, tá athscálú déanta ar na haicmí i dtaca le héifeachtacht fuinnimh. Mar shampla, de réir an lipéid nua is in aicme C atá an cuisneoir, rud a bhíodh in aicme A +++ de réir an tseanlipéid. Tá beachtú déanta ar an modh chun an t-ídiú bliantúil fuinnimh a ríomh chomh maith. Mar shampla, 66 chileavatuair in aghaidh na bliana is ea ídiú cláraithe an chuisneora chéanna de réir an lipéid nua, ach 62 is ea é de réir an tseanlipéid. Ar deireadh, is ina lítir a léirítear toilleadh an chuisneora agus ina dheicibeilí a thomhaistear an leibhéal torainn le scála ceithre aicme.

In 2021 freisin rinneadh athscálú ar lipéid fuinnimh an Aontais le haghaidh táirgí áirithe tí (ó mheaisíní níocháin go bolgáin solais). Léiríonn sé sin go gcuidíonn an lipéad leis an nuálaíocht in éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh toisc gur mian le monaróirí a bheith sa rang is airde atá ar fáil ar an margadh, agus go mbíonn tionchar ag na lipéid sin ar thomhaltóirí agus táirgí á gceannach acu.

I bpacáiste an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ó mhí Iúil, bhí togra ann chun Treoir an Aontais maidir le Cánachas Fuinnimh a athbhreithniú. Is é is aidhm di a chinntiú go léiríonn an cánachas ar tháirgí fuinnimh an tionchar atá acu ar an gcomhshaol ar bhealach níos fearr agus tacaíocht a thabhairt do spriocanna an Aontais maidir leis an athrú aeráide. Cuirfidh an t-athbhreithniú deireadh leis na míbhuntáistí atá ann faoi láthair i gcás táirgí agus teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus tabharfar isteach leibhéil chánachais níos airde le haghaidh níos mó breoslaí truaillitheacha. Cabhróidh sé sin leis na comharthaí praghais cearta a shocrú le haghaidh táirgí fuinnimh, rud a neartóidh an nuálaíocht ghlas agus an infheistíocht i bhfuinneamh inbhuanaithe glan.

Mar fhreagairt láithreach ar fheiniméan domhanda na bpraghsanna fíor-arda fuinnimh, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht lenar bhain “bosca uirlisí” beart i mí Dheireadh Fómhair agus luadh ann tionscnaimh ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a bhféadfaidh na Ballstáit agus an tAontas a dhéanamh chun cás na dteaghlach agus na ngnólachtaí araon a mhaolú. Faoi mhí Eanáir 2022, bhí bearta a leagadh amach sa bhosca uirlisí tugtha isteach ag formhór na mBallstát chun tionchar an bhorrtha praghsanna a mhaolú. Tar éis na teachtaireachta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún tograí reachtacha i mí na Nollag maidir le húsáid na stórála a fheabhsú. Ansin leag sé amach creat cumasúcháin le haghaidh comhcheannach cúlchistí gáis agus forálacha chun an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a threisiú.

An tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste

Mar chuid de phacáiste reachtach mhí Iúil chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, mhol an Coimisiún rialacha nua chun úsáid na mbreoslaí glana a spreagadh agus a mhéadú san earnáil eitlíochta agus san earnáil mhuirí (ReFuelEU Aviation agus FuelEU Maritime). Na rialacha sin, ní hamháin go gcuideoidh siad le hastaíochtaí an dá earnáil sin a laghdú, ach cothóidh siad an nuálaíocht agus an ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas de bhua an chur in oiriúint teicneolaíoch is gá agus de bhua fhorbairt na mbreoslaí ionadúla.

Chun na spriocanna le haghaidh dhícharbónú an iompair a bhaint amach, caithfidh bonn tionsclaíoch an Aontais cumais foinsithe nua, acmhainneacht nua táirgíochta agus stórála, agus gréasáin dáilte nua a fhorbairt. Agus caithfear an méid sin ar fad a dhéanamh in achar fíorghearr. Chun na tograí reachtacha a cuireadh i láthair in 2021 a chomhlánú, sheol an Coimisiún Comhghuaillíocht Shlabhra Luacha na mBreoslaí In-athnuaite agus Ísealcharbóin freisin. Is é is aidhm don chomhghuaillíocht cur le soláthar agus inacmhainneacht na mbreoslaí gásacha agus leachtacha in-athnuaite agus ísealcharbóin san iompar, go háirithe san earnáil eitlíochta agus san earnáil mhuirí.

In 2021, dhírigh Bliain Eorpach an Iarnróid aird ar an ról ríthábhachtach atá ag na hiarnróid inár sochaí, nó nascann siad daoine agus gnólachtaí ar fud an Aontais ar cheann de na bealaí is inbhuanaithe agus is sábháilte dá bhfuil ann. Thug Bliain an Iarnróid léargas freisin ar na dúshláin a bhaineann le méadú an lín daoine a bhíonn ag taisteal d’iarnród, an lín gnólachtaí a sheolann a gcuid earraí d’iarnród agus an lín daoine a bhíonn ag obair i dtionscal na n-iarnród.

Bhí aistear an Connecting Europe Express ar fud na mór-roinne ar bhuaicphointí na bliana, aistear a léirigh cumhacht agus féidearthachtaí na hearnála iarnróid Eorpaí. Ba dheis é an t-aistear sin lena dheimhniú go bhfuil obair fós ag teastáil le go nglacfaidh na hiarnróid an pháirt is cuí dóibh san aistriú glas. Ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta i mí na Nollag chun borradh a chur faoi sheirbhísí iarnróid fadraoin trasteorann le haghaidh paisinéirí, agus tá rialacha nua á n-ullmhú aige maidir le conairí lasta iarnróid (féach ‘Q & A: Sustainable and Smart Mobility Strategy’ [Ceisteanna agus Freagraí: An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste] freisin). Cuirfidh na rialacha sin le hiomaíochas an lasta iarnróid trasteorann trí bhainistiú thoilleadh an bhonneagair iarnróid a fheabhsú agus tríd an leas is fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid atá ann faoi láthair, rud a chomhlánóidh an obair atá ar bun cheana féin ag tionscail na n-iarnród chun luas, poncúlacht agus iontaofacht an lasta iarnróid a fheabhsú.

Adina Vălean agus í ag tabhairt bualadh bos os comhair traein ar a bhfuil lógó Connecting Europe Express.
Adina Vălean, an Coimisinéir Eorpach um Iompar, leis an Connecting Europe Express, Búcairist na Rómáine, an 17 Meán Fómhair 2021.

I mí na Nollag, chuir an Coimisiún moltaí i láthair le haghaidh treoirlínte athbhreithnithe don Ghréasán Tras-Eorpach Iompair, mar aon le Treoir athbhreithnithe maidir le Córais Chliste Iompair, agus Creat nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach.

Is é atá sa Ghréasán Tras-Eorpach Iompair gréasán uile-AE d’iarnróid, d’uiscebhealaí intíre, de bhealaí loingseoireachta gearrthurais, agus de bhóithre. Nascann sé cathracha móra agus poirt, aerfoirt agus críochfoirt thábhachtacha. Tá sé ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó is mar gheall air is féidir na hearraí agus na paisinéirí a iompar go héifeachtúil. De bhua na mbeart atá molta, beidh an gréasán níos glaise, níos éifeachtúla, agus níos athléimní.

Leis an tsoghluaisteacht chliste, bíonn an t-iompar níos sábháilte agus níos inbhuanaithe. Le hathbhreithniú na Treorach maidir le Córais Chliste Iompair, tabharfar aghaidh ar fhorbairtí nua atá ag teacht chun cinn, mar atá, roghanna nua maidir leis an tsoghluaisteacht de bhóthar, aipeanna soghluaisteachta, agus an tsoghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe. Spreagfar cur chun úsáide níos gasta na seirbhísí cliste nua tríd an moladh go gcuirfear sonraí áirithe bóthair, taistil agus tráchta atá ríthábhachtach – ar nós teorainneacha luais, pleananna cúrsaíochta tráchta, nó oibreacha bóthair – ar fáil i bhformáidí digiteacha.

Tugann an moladh nua maidir leis an gCreat don tSoghluaisteacht Uirbeach aghaidh ar roinnt de na dúshláin soghluaisteachta a bhaineann le dlús na gníomhaíochta sna cathracha – mar shampla, an plódú tráchta, na hastaíochtaí agus an torann – chun leas na n-úsáideoirí iompair agus na ndaoine ar fad mórthimpeall orthu.

Feithiclí a bheidh níos glaine agus níos sábháilte

Tá na gluaisteáin paisinéirí agus na veaineanna, i dteannta a chéile, freagrach as thart faoi 15 % d’astaíochtaí iomlána CO2 an Aontais, agus dá bhrí sin tá comhoibriú ó na hearnálacha sin ríthábhachtach chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí an Aontais a bhaint amach. Caithfidh na caighdeáin le haghaidh astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus ó veaineanna nua a bheith níos uaillmhianaí chun an líon feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a mhéadú ar bhóithre an Aontais. Mar chuid den phacáiste chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, i mí Iúil mhol an Coimisiún spriocanna astaíochtaí CO2 níos uaillmhianaí a thabhairt isteach le haghaidh gluaisteáin agus veaineanna nua ó 2030.

  • laghdú 55 % ar na hastaíochtaí ó ghluaisteáin faoi 2030,
  • laghdú 50 % ar na hastaíochtaí ó veaineanna faoi 2030,
  • astaíochtaí nialasacha ó ghluaisteáin nua faoi 2035.
Ursula von der Leyen agus Kaja Kallas agus iad ina suí in aice lena chéile ag féachaint ar an gceamara.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chlé), agus Kaja Kallas, Príomh-Aire na hEastóine, agus iad i mbus uathrialaitheach, Taillinn na hEastóine, an 5 Deireadh Fómhair 2021.

Chun tacú le glasú fhlít iompair na hEorpa, tá Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Ionadúla molta ag an gCoimisiún chun a ráthú go mbeidh a dhóthain acmhainneachta luchtaithe agus athbhreoslaithe poiblí ar fáil i ngach Ballstát chun freastal ar an éileamh ó fhlít gluaisteán agus leoraithe astaíochtaí nialasacha a bheidh ag méadú. Leis an Rialachán céanna, dhéanfaí deimhin de freisin go gclúdófaí na príomhchonairí iompair ar fud an Aontais le bonneagar luchtaithe ag achair rialta ionas go mbeadh na tiománaithe in inmhe a bhfeithiclí leictreacha nó a bhfeithiclí breosla-chille hidrigine a athluchtú nó a athbhreoslú ar fud an Aontais. Faoi na rialacha a moladh, beidh rochtain ag na haerárthaí, na longa agus na báirsí ar an soláthar leictreachais sna príomhphoirt agus sna príomhaerfoirt.

Ag gníomhú ar bhonn domhanda

Léiríonn an léarscáil an difríocht sa teocht a bhí ann in 2021 agus an teocht a bhí ann 1991–2020.
Teocht an aeir 2 mhéadar os cionn na talún i rith 2021, rud a léirítear i gcoibhneas na meánteochta 1991–2020.

Na harduithe is mó ar an teocht (os cionn trí chéim), is i Meiriceá Thuaidh, san Áise Thoir, sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh, agus sna réigiúin Antartacha is cóngaraí do Mheiriceá Theas a taifeadadh iad.

Reáchtáladh Comhdháil COP26 maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú idir an 1 agus an 13 Samhain. Ag tús na comhdhála, leag an tAontas trí chuspóir amach.

  • An chéad chuspóir: gealltanais a fháil na hastaíochtaí a laghdú le linn na 10 mbliana seo, ionas go mbeidh sprioc an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C fós insroichte;
  • An dara cuspóir: an sprioc USD 100 billiún de mhaoiniú aeráide a sholáthar do thíortha i mbéal forbartha agus do thíortha leochaileacha a bhaint amach;
  • An tríú cuspóir: comhaontú a bhaint amach maidir le leabhar rialacha Chomhaontú Pháras.

Rinneadh dul chun cinn ar gach ceann de na cuspóirí sin.

Faoi Chomhaontú Pháras, leag 195 thír sprioc síos an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C agus chomh gar agus ab fhéidir do 1,5 °C. Roimh COP26, bhí an pláinéad ag dul i dtreo téamh domhanda baolach de 2,7 °C. Ar bhonn na bhfógraí nua a rinneadh le linn na comhdhála, measann saineolaithe go bhfuil an domhan, de réir na gcásanna dóchúla, ag dul i dtreo téamh idir 1,8 °C agus 2,4 °C. I gconclúidí na comhdhála, chomhaontaigh na páirtithe a gcuid gealltanas a athbhreithniú, de réir mar is gá, faoi dheireadh 2022 chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C faoi dheireadh an chéid seo, sa chaoi go gcloífear leis an uaillmhian ba mhó faoi Chomhaontú Pháras.

Frans Timmermans agus é ag labhairt ag plé comhchéime os comhair grúpa gníomhaithe óige a bhfuil maisc orthu.
Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiún um an gComhaontú Glas don Eoraip, agus é ag tabhairt cuntais ar chaibidlíochtaí COP26 d’ionadaithe na hóige ag Pailliún Thoscairí an Choimisiúin, Glaschú na Ríochta Aontaithe, an 8 Samhain 2021.

Chun na gealltanais sin a thabhairt i gcrích, chomhaontaigh rannpháirtithe COP26, den chéad uair, dlús a chur faoina gcuid iarrachtaí chun deireadh a chur leis an gcumhacht ghuail neamh-mhaolaithe agus le fóirdheontais breoslaí iontaise neamh-éifeachtúla de réir a chéile, agus thug siad aitheantas don ghá atá ann le tacaíocht chun aistriú cóir a riar.

Ina theannta sin, thug rannpháirtithe COP26 na caibidlíochtaí teicniúla i gcrích maidir le leabhar rialacha Chomhaontú Pháras, lena socraítear na ceanglais ar na páirtithe uile a ndul chun cinn ó thaobh a spriocanna laghdaithe astaíochtaí de a rianú. Leagtar amach sa leabhar rialacha céanna conas a fheidhmeoidh na margaidh charbóin idirnáisiúnta chun tacú le comhar idirnáisiúnta breise maidir le laghduithe astaíochtaí.

Maidir leis an maoiniú aeráide, chomhaontaigh na tíortha forbartha a gcion comhchoiteann den tacaíocht chun cuidiú le tíortha eile iad féin a chur in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide a mhéadú faoi dhó laistigh den sprioc bhliantúil USD 100 billiún do 2021–2015, agus chomhaontaigh siad an sprioc atá ann cheana, mar atá, USD 100 billiún in aghaidh na bliana a chur ar fáil dóibh, a bhaint amach a luaithe agus is féidir. Gheall na páirtithe freisin go nglacfaidís páirt i bpróiseas chun maoiniú aeráide fadtéarmach tar éis 2025 a chomhaontú. Ina theannta sin, rinne an chomhdháil cinneadh idirphlé a chur ar bun idir páirtithe, páirtithe leasmhara, agus eagraíochtaí ábhartha chun tacú le hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an damáiste a bhaineann leis an athrú aeráide, agus an damáiste sin a sheachaint agus a laghdú.

Ghlac an tAontas páirt, freisin, sna fógraí seo a leanas ag COP26.

  • An Gealltanas Domhanda um Meatán a Laghdú, ar sheol an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá é. Tá gealltanais déanta anois ag breis agus 100 tír, ar 70 % den gheilleagar domhanda iad agus a ghineann beagnach an leathchuid de na hastaíochtaí antrapaigineacha meatáin ar domhan, sprioc comhchoiteann a bhaint amach na hastaíochtaí domhanda meatáin a laghdú 30 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 2020.
  • Tá EUR 1 bhilliún thar thréimhse 5 bliana geallta ag an Aontas chun tacú leis an nGealltanas Domhanda le haghaidh Mhaoiniú na bhForaoisí. Cuideoidh an tAontas le tíortha comhpháirtíochta foraoisí a chosaint, a athneartú, agus a riar go hinbhuanaithe ar fud an domhain. Gheall breis agus 100 ceannaire domhanda, a bhfuil thart faoi 85 % d’fhoraoisí an domhain ina dtíortha, deireadh a chur leis an dífhoraoisiú agus é a chúlú faoi 2030.
  • Sheol an tAontas, i dteannta na Fraince, na Gearmáine, na Ríochta Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, Comhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh Cóir leis an Afraic Theas chun luas a chur le dícharbónú gheilleagar na hAfraice Theas, agus ag díriú ar an gcóras leictreachais. Tá gealltanas tosaigh USD 8.5 billiún (thart faoi EUR 7.4 billiún) ann le haghaidh na chéad chéime den mhaoiniú, agus cuideoidh an Chomhpháirtíocht leis an Afraic Theas na spriocanna astaíochtaí uaillmhianacha a shroicheadh a leagtar amach sa rannchuidiú nuashonraithe arna chinneadh go náisiúnta.
  • D’fhógair an tAontas go mbronnfaidh sé EUR 100 milliún ar Chiste Oiriúnaithe na Náisiún Aontaithe, rud a fhágann gurb é an tAontas an ranníocóir ba mhó, tráth a ghnóthaigh an ciste méid iomlán tacaíochta níos mó ná riamh, mar atá, USD 351.6 milliún.
  • Le comhpháirtíocht idir an Coimisiún, an Banc Eorpach Infheistíochta, agus Breakthrough Energy Catalyst – an Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Catalyst – slógfar suas le EUR 820 milliún (USD 1 bhilliún) idir 2022 agus 2026 chun teicneolaíochtaí nuálacha, teicneolaíochtaí a chuideoidh le cur i gcrích chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus spriocanna aeráide 2030 an Aontais, a chur chun úsáide níos gasta, agus chun na teicneolaíochtaí sin a thráchtálú go mear. Tá súil leis go ndéanfaidh gach euro de chistí poiblí EUR 3 de chistí príobháideacha a ghiaráil. Díreofar na hinfheistíochtaí ar thionscadail a bheidh lonnaithe san Aontas agus a mbeidh acmhainn mhór acu i gceithre earnáil: an hidrigin ghlan; breoslaí eitlíochta inbhuanaithe; an ghabháil dhíreach ón aer; agus stóráil fuinnimh fad-achair.

Tá a lán oibre fós le déanamh chun an téamh domhanda a choinneáil ag 1,5 °C. Beidh an tAontas ag iarraidh anois gealltanais chomhdháil Ghlaschú a chur chun feidhme a luaithe agus is féidir, agus leanfaidh sé ag obair lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun Comhaontú Pháras a thabhairt i gcrích.

Comhdháil Bithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe

Agus í ag glacadh páirte go fíorúil an 26 Eanáir 2021 in The Davos Agenda - imeacht ar líne ina gcruinníonn ceannairí ón earnáil gnó, ó rialtais, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ón tsochaí shibhialta agus ón saol acadúil le chéile - dúirt an tUachtarán von der Leyen go gcaithfidh Cruinniú Mullaigh Bithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe in Kunming a bheith "mar a bhí COP21 le haghaidh na haeráide. Toisc go bhfuil comhaontú ar nós Chomhaontú Pháras ag teastáil uainn le haghaidh na bithéagsúlachta". Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta agus ag obair le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun teacht chun comhaontaithe ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP15) in Kunming na Síne faoi chreat domhanda bithéagsúlachta uaillmhianach do na blianta tar éis 2020 chun cailliúint phlandaí, ainmhithe agus éiceachórais an domhain a stad agus a chúlú. Tharla an chéad chuid den chruinniú mullaigh sin i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus ba léir go raibh rún daingean ann, go ginearálta, ar fud an domhain, rud a léiríonn go bhfuil an fheasacht ar an ngá práinneach atá ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim éiceolaíoch ag méadú. Ní mór Dearbhú Kunming a aistriú ina chomhaontú coincréiteach, rud atá beartaithe a ghlacadh in earrach 2022, le linn an dara cuid den chomhdháil.

An Chomhghuaillíocht Ghlas idir an tAontas agus an tSeapáin

I mí Iúil, d’fhógair an tAontas agus an tSeapáin go raibh sé de rún acu Comhghuaillíocht Ghlas a chruthú chun dlús a chur faoin aistriú atá ar bun ina ngeilleagair chun a bheith aeráidneodrach, ciorclach agus tíosach ar acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an tSeapáin agus ag an Aontas araon a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Is í seo an chéad Chomhghuaillíocht Ghlas inar ghlac an tAontas páirt, agus cuideoidh an comhar méadaithe leis an tSeapáin leis an Aontas comhpháirtíocht dhomhanda a chruthú ar son astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha.

Táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe

Is príomhcholún don Chomhaontú Glas don Eoraip é an Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, a glacadh in 2020. Ionas go n-athrófar an chaoi a dtáirgimid agus a dtomhlaímid, tugann sé aghaidh ar shaolré iomlán na dtáirgí, ón dearadh agus ón déantús go dtí an tomhailt, an deisiú, an athúsáid, an athchúrsáil, agus athghabháil na n-acmhainní sa gheilleagar.

Tá bearta glactha ag an gCoimisiún chun a dheimhniú nach ndéanann an tAontas a chuid dúshláin maidir leis an dramhaíl a easpórtáil go tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. An togra a rinneadh i mí na Samhna maidir le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le loingsithe dramhaíola, beidh sé chun leas an gheilleagair chiorclaigh ar roinnt bealaí, laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

  • Ar an gcéad dul síos, cuirfear feabhas ar fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais le haghaidh na dramhaíola atá le hathchúrsáil agus le hathúsáid, ionas go gcuirfear borradh faoi mhargadh na n-ábhar tánaisteach agus faoin ngeilleagar ciorclach (loingsithe laistigh den Aontas).
  • Ar an dara dul síos, laghdófar easpórtálacha na dramhaíola agus cinnteofar nach ndéanfar dramhaíl a loingsiú go tíortha lasmuigh den Aontas ach amháin más rud é go ndéanfar bainistíocht fhónta uirthi ó thaobh an chomhshaoil de sna tíortha sin.
  • Ar an tríú dul síos, rachfar i ngleic le loingsithe neamhdhleathacha trí fheabhas a chur ar an gcóras forfheidhmithe agus pionós, agus tríd an trédhearcacht sa slabhra soláthair dramhaíola a mhéadú.

Tá teorainnluacha molta ag an gCoimisiún maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha sa dramhaíl ionas go gcuirfear deireadh leis na hastaíochtaí uathu nó go n-íoslaghdófar iad. Sa chaoi sin déanfar deimhin de thimthriallta ábhar glan agus daingneofar an iontaoibh as margaí na n-amhábhar tánaisteach agus as na táirgí ina n-úsáidtear iad. Déanfar deimhin de, freisin, go mbeidh an leibhéal cosanta is mó agus is féidir ann do shláinte an duine agus don chomhshaol.

Córais bhia inbhuanaithe

I mí Iúil, sheol an Coimisiún, i dteannta 65 pháirtí leasmhar ón tionscail, Cód Iompair an Aontais maidir le Cleachtais Fhreagracha i nGnó agus Margaíocht an Bhia, ar céim é de na céimeanna a bhí le déanamh faoin Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc". Tá dhá aidhm ag an gCód: go spreagfaidh comhlachais AE a gcuid comhaltaí ionsar chuspóirí, spriocanna agus gníomhaíochtaí sonracha a bheidh ceaptha chun go n-éireoidh leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta; agus go dtabharfaidh gnólachtaí ceannródaíocha gealltanais uaillmhianacha i réimsí ar nós leas na n-ainmhithe, laghdú an chion siúcra agus salainn, agus laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Ba rannpháirtí tábhachtach é an tAontas i gcéad Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia a thionóil Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, i mí Mheán Fómhair. Ar thorthaí an chruinnithe bhí ráiteas gníomhaíochta, conairí chun na córais bhia a athrú ó bhonn, agus breis agus 30 comhghuaillíocht le haghaidh gníomhaíochta. Tá an Coimisiún ag rannchuidiú leis na conairí agus glacfaidh sé páirt ghníomhach i roinnt de na comhghuaillíochtaí. Eagrófar cruinniú domhanda gach dara bliain chun an dul chun cinn a bhreathnú.

An talmhaíocht, an t-iascach agus na ceantair thuaithe

Glacadh an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) nua le haghaidh 2023–2027 an 2 Nollaig 2021. Glacfar an reachtaíocht thánaisteach lena sonrófar cur chun feidhme an CBT nua go luath in 2022. Beidh an CBT nua níos glaise, níos cothroime agus níos solúbtha, beidh béim bhreise ar an nuálaíocht, agus déanfar deimhin de shlándáil an tsoláthair bia do dhaoine san Aontas. Beidh ról ríthábhachtach aige maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus cuspóirí na Straitéise “ón bhfeirm go dtí forc” agus na Straitéise Bithéagsúlachta a ghabhann leis, a bhaint amach. Faoi dheireadh 2021, bhí pleananna straitéiseacha fhormhór na mBallstát chun an CBT nua a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta curtha isteach acu. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na pleananna agus é á chur san áireamh an chaoi a rannchuidíonn siad le spriocanna 2030 a leagtar amach sa dá straitéis. Tar éis don Choimisiún na pleananna a fhormheas, beidh feidhm acu ó 2023.

Dubravka Šuica agus í ag póidiam os comhair póstaer a léiríonn fís fhadtéarmach AE do cheantair thuaithe.
Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht, agus í ag labhairt ag seoladh na físe fadtéarmaí le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais, Bruiséil na Beilge, an 30 Meitheamh 2021.

Clúdaíonn na ceantair thuaithe 83 % de chríoch an Aontais agus is iontu a bhfuil cónaí ar 30 % dá dhaonra. Scrúdaíonn an Fhís Fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais, a seoladh i Mí an Mheithimh, na dúshláin shocheacnamaíocha a bhaineann le ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla a bhaint amach faoi 2040. Tá príomhról ag na ceantair sin i spriocanna inbhuanaitheachta an Aontais, nó is foinse slándála soláthair bia agus amhábhar inbhuanaithe iad, cuireann siad feabhas ar chaighdeán an uisce agus ar an mbithéagsúlacht, agus feidhmíonn siad ina linnte carbóin. Is é is aidhm don fhís na ceantair thuaithe a athbheochan agus athmheasúnú a dhéanamh ar an bhforbairt i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, bheartais earnála de chuid an Aontais, an phacáiste téarnaimh NextGenerationEU, Chlár Oibre Críochach 2030, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Déanfar an méid sin agus treochtaí diúltacha déimeagrafacha á gcomhrac.

I gcomhar leis na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, tacóidh an fhís leis an speisialtóireacht chliste, le cosaint an chomhshaoil, le feabhsú iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide, leis an digiteáil, agus leis an gcuimsiú sóisialta, i measc nithe eile.

I mí na Nollag, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht maidir le timthriallta carbóin inbhuanaithe, teachtaireacht inar leagadh amach conas níos mó carbóin a bhaint den atmaisféar. Chun tionchar a chuid astaíochtaí CO2 a chúiteamh, caithfidh an tAontas an méid a bhíonn sé ag brath ar an gcarbón iontaise a laghdú go dian, an fheirmeoireacht charbóin a mhéadú chun breis carbóin a stóráil sa dúlra, agus réitigh thionsclaíocha a chur chun cinn chun an carbón a bhaint agus a athchúrsáil ar bhealaí inbhuanaithe agus infhíoraithe. Sa teachtaireacht, leagtar amach tionscnaimh ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha maidir leis an bhfeirmeoireacht charbóin, chun luach saothair níos fearr a thabhairt do bhainisteoirí talún le haghaidh cheapadh an charbóin agus chosaint na bithéagsúlachta Faoi dheireadh 2022, molfaidh an Coimisiún creat rialála AE maidir leis an deimhniúchán ar bhaint an charbóin.

Léiríonn an léarscáil seo na céatadáin de thailte talmhaíochta an Aontais ar a bhfuil an fheirmeoireacht orgánach á cleachtadh mar aon le sprioc an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Tá an fheirmeoireacht orgánach á cleachtadh ar 8,5 % de thailte talmhaíochta iomlán an Aontais. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá sé d’aidhm ag an Aontas an fheirmeoireacht orgánach a chur á cleachtadh ar 25 % de na tailte talmhaíochta faoi 2030. Seo a leanas na céatadáin ag na Ballstáit aonair: an Bheilg 6,9 %, an Bhulgáir 2,3 %, an tSeicia 15,2 %, an Danmhairg 10,9 %, an Ghearmáin 7,7 %, an Eastóin 22,3 %, Éire 1,6 %, an Ghréig 10,3 %, an Spáinn 9,7 %, an Fhrainc 7,7 %, an Chróit 6,9 %, an Iodáil 15,2 %, an Chipir 5,0 %, an Laitvia 14,8 %, an Liotuáin 8,1 %, Lucsamburg 4,4 %, an Ungáir 5,6 %, Málta 0,5 %, an Ísiltír 3,7 %, an Ostair 25,3 %, an Pholainn 3,5 %, an Phortaingéil 8,2 %, an Rómáin 2,9 %, an tSlóivéin 10,3 %, an tSlóvaic 10,3 %, an Fhionlainn 13,5 %, an tSualainn 20,4 %.

I mí an Mhárta, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun an Táirgeadh Orgánach a Fhorbairt san Aontas. Is é is aidhm don phlean rannchuidiú le sprioc an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 25 % den talamh talmhaíochta a bheith tiomnaithe don fheirmeoireacht orgánach faoi 2030, mar aon le méadú mór ar an dobharshaothrú orgánach. Déanfar sin trí éileamh na dtomhaltóirí a spreagadh, táirgeadh agus soláthar na dtáirgí orgánacha a fhairsingiú, agus inbhuanaitheacht na hearnála a mhéadú.

Janusz Wojciechowski agus é ag póidiam os comhair póstaer faoi Lá Orgánach an Aontais.
Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht, agus é ag glacadh páirte i Lá Orgánach an Aontais, an Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Meán Fómhair 2021.

Iarrtar ar na Ballstáit spriocanna a shocrú agus tacaíocht a thabhairt do bhearta le haghaidh an táirgthe orgánaigh faoin CBT nua agus faoina bpleananna gníomhaíochta náisiúnta. Molann an Coimisiún do na Ballstáit, freisin, an méadú ar tháirgeadh an dobharshaothraithe orgánaigh a chuimsiú ina bpleananna straitéiseacha náisiúnta le haghaidh an dobharshaothraithe, pleananna a bhfuil na Ballstáit á n-athbhreithniú faoi láthair. Cuirfear borradh mór faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoi mhalartú an dea-chleachtais ar fud an Aontais chun tacaíocht a thabhairt d’fhás inbhuanaithe breise san earnáil orgánach. Beidh tacaíocht ar fáil don dobharshaothrú orgánach faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 2021-2027 freisin.

Ba léir le linn ghéarchéim COVID-19 a athléimní agus atá earnáil agraibhia an Aontais. Le gníomhaíocht ón Aontas rinneadh deimhin de gur lean línte soláthair an bhia de bheith ag feidhmiú, agus mar gheall air sin níor tháinig easpaí bia mar bharr donais ar an ngéarchéim shláinte. Ag féachaint do mhéadú thionchar an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil ar tháirgeadh an bhia – mar aon le rioscaí a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, bagairtí cibearshlándála nó athruithe geopholaitiúla a bheadh ina mbagairt ar fheidhmiú shlabhra soláthair an bhia – ghlac an Coimisiún plean teagmhais i mí na Samhna chun soláthar an bhia agus slándáil an tsoláthair sin a chinntiú in aimsir ghéarchéime, de réir mar a fhoráiltear leis an Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”. Is ar chomhoibriú gach aon pháirtí sa slabhra bia atá an plean seo bunaithe, chun déanamh deimhin den ullmhacht in aimsir ghéarchéime.

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, a bunaíodh in 2021, tacaíonn sé leis an gComhbheartas Iascaigh , leis an mbeartas muirí agus le Clár Oibre um Rialachas Idirnáisiúnta na n-Aigéan de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Leis an gciste, cothaítear úsáid agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní muirí agus forbairt geilleagair ghoirm inbhuanaithe. Mar ghníomhaí domhanda aigéan agus mar mhórtháirgeoir bia mara, tá sé d'aidhm ag an Aontas na haigéin agus a n-acmhainní a chosaint agus a úsáid go hinbhuanaithe, agus infhaighteacht soláthairtí bia, iomaíochas an gheilleagair mhuirí agus slite beatha pobal cósta a rathú. Tá an Ciste ag cuidiú freisin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 14 de chuid na Náisiún Aontaithe (“Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe”) a bhaint amach agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh.

Tá an tacaíocht ón gciste dírithe go háirithe ar thionscadail nuálacha a éascaíonn an t-aistriú chuig iascaireacht inbhuanaithe agus ísealcharbóin; bithéagsúlacht mhuirí a chosaint; soláthar de bhia mara sláintiúil ar ardchaighdeán; beocht eacnamaíoch agus shóisialta na bpobal cósta; feabhas a chur ar scileanna agus ar dhálaí oibre in earnálacha na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe; agus comhar idirnáisiúnta maidir le haigéin atá sláintiúil, sábháilte agus bainistithe go hinbhuanaithe. Is é EUR 6.1 billiún an buiséad iomlán le haghaidh 2021–2027.

An geilleagar gorm

Cuid bhunúsach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den Phlean Téarnaimh don Eoraip is ea geilleagar gorm an Aontais, a chlúdaíonn gach tionscal agus gach earnáil a bhaineann leis na haigéin, na farraigí agus na cóstaí. Tá cur chuige nua an Aontais maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe ina ghné riachtanach chun cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Déanann sé sin trí fhorbairt an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, dícharbónú an mhuiriompair agus glasú na gcalafort a chur chun cinn; treoirlínte a thabhairt isteach maidir leis an dobharshaothrú inbhuanaithe; agus athnuachan a dhéanamh ar chaighdeáin le haghaidh dearadh trealaimh iascaireachta, athchúrsáil long agus ardáin amach ón gcósta a dhíchoimisiúnú.

Sa ghrafaic eolais seo, tugtar sonraí maidir le limistéir mhuirí faoi chosaint agus foinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta.
Laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú an aeir agus an uisce agus truailliú de dheasca an torainn faoi uisce ach an t-iompar muirí agus an iascaireacht a dhícharbónú. Níl aon teorainn le fuinneamh na n-aigéan agus is féidir linn sin a chur chun tairbhe dúinn féin gan gáis ceaptha teasa a ligean. Fágann sin gur bunsraith iad na foinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta d’aistriú fuinnimh glan an Aontais.

Beidh 30 % d’fharraigí an Aontais ina limistéir faoi chosaint faoi 2030. Faoi láthair tá sé d’acmhainn ag stáisiúin fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta 12 ghigeavata d’fhuinneamh in-athnuaite a ghiniúint. Is é an sprioc atá ann le haghaidh 2050 cur leis an acmhainneacht sin suas go dtí 300 gigeavata.

Thairis sin, trí bhonneagar nua glas a fhorbairt i limistéir chósta, cabhrófar leis an mbithéagsúlacht agus an tírdhreach a chaomhnú, agus rachaidh sé chun tairbhe na turasóireachta agus an gheilleagair chósta ag an am céanna. Leis an gcur chuige nua, cuirtear comhleanúnachas ar fáil ar fud earnálacha éagsúla an gheilleagair ghoirm, rud a fhágann gur féidir leo a bheith ann in éineacht le chéile agus féachann sé le sineirgí a aimsiú sa spás muirí. Leagann sé béim freisin ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh sa taighde, i scileanna agus sa nuálaíocht.

Virginijus Sinkevičius agus é gléasta i dtrealamh iascaireachta, ar bhád agus iascaire ag taispeáint éisc dó.
Virginijus Sinkevičius, Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um Iascach, le linn dó cuairt a thabhairt ar Chomhlachas Iascaigh Åland, Mariehamn, an Fhionlainn, an 30 Lúnasa 2021.

An comhar idirnáisiúnta

Tá an t-uaillmhian agus an cumas ag an Aontas Eorpach an domhan a stiúradh san aistriú chuig geilleagar ciorclach. Chuaigh sé i bpáirt le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus Eagraíocht Forbartha Tionscail na Náisiún Aontaithe chun an Chomhghuaillíocht Dhomhanda maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus le hÉifeachtúlacht Acmhainní a sheoladh an 21 Feabhra. Is é is aidhm don chomhghuaillíocht tacú le haistriú cóir domhanda chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, geilleagar atá tíosach ar acmhainní agus ciorclach chun leas níos cothroime a bhaint as acmhainní agus chun tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. Tógann sé ar iarrachtaí idirnáisiúnta agus cuireann sé an tAontas chun tosaigh san aistriú glas.

Modhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil

Is cuid riachtanach den aistriú chuig geilleagar ciorclach é feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí a fheabhsú, agus tá gá leis chun cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. I mí na Nollag, ghlac an Coimisiún moladh i ndáil le modhanna coiteanna tomhais maidir le lorg comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl. Cuideoidh sé seo le cuid mhór daoine agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cinnteoireacht maidir leis an gcomhshaol.

An comhshaol agus an bhitheagsúlacht a chosaint

An fhís le haghaidh 2050 maidir le truailliú nialasach

Go laghdófar truailliú an aeir, truailliú an uisce agus truailliú na hithreach go dtí leibhéil a bheidh gan dochar feasta don tsláinte agus do na héiceachórais nádúrtha, rud a chruthaíonn timpeallacht atá saor ó thocsainí.

Cén fáth a bhfuil Plean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach de dhíth orainn?

  • Duine amháin as gach ochtar dá bhfaigheann bás gach bliain san Aontas, is é an truailliú is cúis bháis dóibh.
  • D’fhéadfadh gurb é an truailliú is cúis leis an ailse, galar croí corónach, galar scamhógach bacach, tinneas meabhrach agus néaróg, diaibéiteas agus tuilleadh nach iad.
  • Is iad na grúpaí is leochailí na grúpaí is mó a ngoilleann an truailliú orthu, rud a chothaíonn an neamh-chomhionannas.
  • Tá an truailliú ar cheann de na cúig phríomhchúis le meath na bithéagsúlachta.
  • Tá an truailliú ag bagairt ar mharthanas breis agus 1 mhilliún speiceas as na 8 milliún speiceas de phlandaí agus d’ainmhithe a mheastar a bheith ar domhan.
alt text for this image

An Plean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach – spriocanna do 2030

  • Aer. Líon na mbásanna anabaí arb é truailliú aeir is cúis leo, an líon sin a laghdú níos mó ná 55 %.
  • Uisce. Dramhaíl agus bruscar plaisteach ar muir a laghdú 50 % agus micreaphlaistigh a scaoiltear isteach sa chomhshaol a laghdú 30 %.
  • Ithir. Caillteanas cothaitheach agus úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú 50 %.
  • An bhithéagsúlacht. Laghdú 25 % a dhéanamh ar líon na n-éiceachóras san Aontas ina gcuireann truailliú an aeir an bhithéagsúlacht i gcontúirt.
  • Torann. Laghdú 30 % a dhéanamh ar líon na ndaoine atá ag fulaingt go hainsealach i ngeall ar an torann.
  • Dramhaíl. Laghdú suntasach a chur ar an dramhaíl a ghintear san iomlán agus dramhaíl iarmharach na cathrach a laghdú 50 %.

I mí Bealtaine, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú, chun truailliú nialasach a bhaint amach faoi 2050. Ciallaíonn sin go laghdófar an truailliú go dtí leibhéil nach ndéanann dochar a thuilleadh don tsláinte ná do na héiceachórais nádúrtha. Sa phlean gníomhaíochta, tugtar le chéile gach beartas ábhartha de chuid an Aontais chun dul i ngleic le truailliú an aeir, an uisce agus na hithreach, truailliú muirí agus torainn agus truailliú ó tháirgí tomhaltóirí agus chun an truailliú sin a chosc. I dteannta le Coiste Eorpach na Réigiún, an 16 Nollaig, sheol an Coimisiún Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh chun daoine ó phobail éagsúla agus ó réimsí saineolais éagsúla a thabhairt le chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin idirghaolmhara sin.

Le linn 2021, chuir an Coimisiún roinnt de na 80 beart a fógraíodh i Straitéis Ceimiceán 2020 um an Inbhuaine chun feidhme. Bhunaigh sé cruinniú comhchéime ardleibhéil chun cuspóirí na straitéise a bhaint amach in idirphlé leis na páirtithe leasmhara a raibh baint acu leis. Chun a chinntiú nach n-úsáidfear na ceimiceáin is díobhálaí as seo amach i dtáirgí tomhaltóirí, ach amháin nuair atá sé riachtanach don tsochaí, tá an Coimisiún ag athbhreithniú na reachtaíochta agus ag leagan síos na gcritéar maidir le “húsáid riachtanach” ceimiceáin. Le Fís Eorpach, LIFE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cistí comhtháthaithe agus InvestEU, bunaíodh deiseanna maoinithe le haghaidh taighde ar thionchair na gceimiceán ar an tsláinte agus maidir leis an aistriú glas chuig ceimiceáin shábháilte agus inbhuanaithe.

Sa tuarascáil is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir le “Cáilíocht an Aeir san Eoraip - 2021”, tuarascáil a foilsíodh i mí na Nollag, fuarthas amach go bhfuil truailliú aeir fós ina ábhar mór imní ó thaobh na sláinte de, do dhaoine san Eoraip. Mar an gcéanna, cuireadh béim sa tuarascáil "an Dara Ionchas maidir le hAer Glan" go bhféadfadh laghdú 55 % a dhéanamh ar líon na mbásanna anabaí a tharlaíonn de bharr truailliú aeir in 2030 i gcomparáid le 2005, dá gcuirfí na bearta maidir le haer glan agus maidir leis an aeráid chun feidhme ina n-iomláine. Cuireadh béim sa tuarascáil freisin go bhfeadfaí níos mó a dhéanamh, mar go bhfuil cuid mhór beart ann fós chun truailliú aeir a laghdú a mbeadh níos mó tairbhí ná costais don tsochaí mar thoradh orthu.

FADHB AN PHLAISTIGH INA FIGIÚIRÍ

80–85 % den bhruscar muirí a fhágtar ar thránna an Aontais, is plaisteach atá ann.

Earraí plaisteacha aon úsáide atá i 50 % de bhruscar muirí an Aontais.

Trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach is ea 27 % de.

Déanann an plaisteach damáiste luach EUR 13 bhilliún do na héiceachórais mhuirí dhomhanda gach bliain.

Meastar go gcailleann an turasóireacht agus na pobail ar an gcósta san Aontas EUR 630 milliún gach bliain de bharr an truaillithe phlaistigh.

Téann thart ar EUR 300 milliún amú in aghaidh na bliana ar thionscal iascaireachta an Aontais de dheasca an phlaistigh.

An tionchar a mheastar a bheidh ann

Laghdú níos mó ná 50 % ar bhruscar de bharr na 10 n-earra phlaisteacha aon úsáide is coitianta.

Cosc a chur ar 3.4 milliún tonna in aghaidh na bliana d’astaíochtaí CO2.

Cosc a chur ar dhamáiste a dhéantar don chomhshaol dar luach EUR 22 bhilliún faoi 2030.

EUR 6.5 billiún in aghaidh na bliana a shábháil do na tomhaltóirí trí níos lú airgid a chaitheamh ar tháirgí caifeacha.

Amach leis an méid seo a leanas …

Cuirfear cosc ar na hearraí plaisteacha aon úsáide seo a leanas faoi 2021:

sceanra

plátaí

soip

cipíní chun deochanna a mheascadh

cupáin agus coimeádáin bhia agus dí atá déanta as polaistiréin (lena n-áirítear claibíní)

baitíní cadáis agus maidí balúin

gach táirge déanta as plaisteach ocsó-inmhillte (rud a úsáidtear go forleathan i málaí siopadóireachta).

Isteach leis an méid seo a leanas …

  • 2021 Lipéadú soiléir ar chupáin, ceirtíní taise, pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí, agus táirgí tobac a bhfuil scagairí acu, chun aird a tharraingt ar an ábhar plaisteach atá iontu, ar na modhanna cearta chun iad a dhiúscairt, agus ar na rioscaí comhshaoil a bhaineann leo.
  • 2024 Claibíní agus caipíní atá deartha chun greamú de choimeádáin deochanna agus buidéil nach mó a dtoilleadh ná 3 lítear.
  • 2025 Buidéil phlaisteacha atá déanta 25 % ar a laghad as plaisteach athchúrsáilte.

    Bailiú ar leith i gcás 77 % de bhuidéil phlaisteacha nach mó a dtoilleadh ná 3 lítear.

  • 2026 Go mbainfidh Ballstáit AE ciorruithe tomhaltais uaillmhianacha marthanacha amach maidir le cupáin phlaisteacha aon úsáide (lena n-áirítear claibíní/clúdaigh) agus coimeádáin bhia, le hais mar a bhí in 2022.
  • 2029 Bailiú ar leith i gcás 90 % de na buidéil phlaisteacha nach mó a dtoilleadh ná 3 lítear.
  • 2030 Buidéil phlaisteacha atá déanta 30 % ar a laghad as plaisteach athchúrsáilte.

Tá dramhaíl phlaisteach ag carnadh sna farraigí agus sna haigéin agus ar thránna san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Tá an tAontas Eorpach ag gníomhú i gcoinne truailliú plaisteach. Tá sé d'aidhm ag Rialacha an Aontais maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú trí phlátaí plaisteacha , sceanra, soip, baitíní balún agus baitíní cadáis aon úsáide a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais, mar aon le cupáin, coimeádáin bhia agus dí déanta as polaistiréin fhorbartha agus gach táirge déanta as plaisteach ocsó-díghrádaithe. Chun truailliú plaisteach agus dramhaíl a laghdú, tá an athchúrsáil á cur chun cinn ag an Aontas Eorpach. Tugann Comhghuaillíocht na bPlaisteach Ciorclach le chéile 300 páirtí leasmhar ábhartha agus tá rún daingean aici a chinntiú go gcuirfear 10 milliún tona ar a laghad de phlaistigh athchúrsáilte i dtáirgí nua san Aontas faoi 2025.

An comhshaol a chosaint tríd an dlí coiriúil

I mí na Nollag, ghlac an Coimisiún togra chun cosaint an chomhshaoil a neartú tríd an dlí coiriúil, agus comhlíonann sin rún daingean den Chomhaontú Glas don Eoraip. Féachann an togra le cosaint an chomhshaoil a dhéanamh níos éifeachtaí trí oibleagáid a chur ar na Ballstáit bearta dlí choiriúil a dhéanamh. Sainmhíníonn sé coireanna nua comhshaoil, leagann sé síos íosleibhéal maidir le smachtbhannaí agus neartaíonn sé éifeachtacht chomhar an fhorfheidhmithe dlí. Leagann sé oibleagáid freisin ar na Ballstáit tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn cionta comhshaoil mar aon le hoibleagáid do dhaoine a chomhoibríonn leis an bhforfheidhmiú. Cuideoidh an togra seo leis an dúlra agus acmhainní nádúrtha, an tsláinte phoiblí agus an fholláine a chosaint.

An Tionscnamh Idirnáisiúnta um Sceireacha Coiréil

I mí Feabhra 2021, chuaigh an Coimisiún Eorpach leis an Tionscnamh Idirnáisiúnta um Sceireacha Coiréil. Cuideoidh sin leis an Aontas cloí le prionsabail an Chláir Oibre um Rialachas Idirnáisiúnta na n-Aigéan agus ag an am céanna tacóidh sé leis an ngníomhú ar son na haeráide agus neartóidh sé a thiomantas chun an bhithéagsúlacht a chosaint. Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faoin tionscnamh, tá an tAontas Eorpach ag cur a chuspóir chun cinn maidir le héiceachórais mhuirí leochaileacha a chosaint i gcomhar le heagraíochtaí tíortha eile atá ar aon intinn leis. San áireamh ann tá dea-chleachtais a ghlacadh maidir le bainistiú inbhuanaithe sceireacha coiréil agus éiceachóras a bhaineann leo, forbairt acmhainne agus ardú feasachta.

Foraoisí

Tá dochar á dhéanamh d’fhoraoisí an domhain agus tá siad á scriosadh gan stad. Is é leathnú na talmhaíochta is cúis le thart ar 80 % den dífhoraoisiú domhanda agus is tomhaltóir tráchtearraí é an tAontas freisin a bhfuil baint aige le dífhoraoisiú domhanda, amhail soighe, ola phailme, adhmad, cócó agus caife. Le togra reachtach a glacadh i mí na Samhna chun toirmeasc a chur ar theacht isteach tráchtearraí ó dhífhoraoisiú chuig margadh an Aontais, tá an Coimisiún ag féachaint le páirt an Aontais a laghdú sa dífhoraoisiu agus sa díghrádú foraoise ar fud an domhain agus tomhaltas táirgí a chur chun cinn ó shlabhraí soláthair nach bhfuil bainteach leis an dífhoraoisiú.

Le tomhaltas mairteola, ola phailme, pónairí soighe, adhmaid, cócó agus caife san Aontas, brostaítear an dífhoraoisiú agus díghrádú na foraoise ar fud an domhain. Tá sé d’aidhm ag an Aontas deireadh a chur leis sin gan tráchtearraí ná táirgí a bhaineann leis an dífhoraoisiú a cheadú ar an margadh a thuilleadh.

© Avigator Fortuner/Shutterstock.com

Is amhlaidh a thacaigh na saoránaigh le gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoise nuair a fuair sé 1.2 milliún freagra ar chomhairliúchán poiblí.

Is cúiseanna móra iad an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise leis an téamh domhanda agus le meath na bithéagsúlachta. Is ón talmhaíocht, ón bhforaoiseacht agus ó úsáidí eile a bhaintear as an talamh a thagann 23 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Leis an Rialachán nua maidir le Dífhoraoisiú:

maidir leis na táirgí liostaithe a dhéanann saoránaigh an Aontais a cheannach, a úsáid, agus a ídiú, cinnteofar nach gcuirfidh na táirgí sin leis an dífhoraoisiú agus le díghrádú na foraoise ar fud an domhain;

déanfar laghdú 32 mhilliún tona ar a laghad ar astaíochtaí carbóin isteach san atmaisféar mar thoradh ar thomhaltas agus ar tháirgeadh an Aontais de thráchtearraí ábhartha, rud a shábhálfaidh ar a laghad EUR 3.2 billiún in aghaidh na bliana agus a fheabhsóidh an chomaoin a chuireann na foraoisí ar an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide;

tabharfar aghaidh ar an dífhoraoisiú neamhdhleathach agus ar dhíghrádú foraoise neamhdhleathach, chomh maith le dífhoraoisiú ar bith mar gheall ar an méadú talmhaíochta de bharr tháirgeadh na dtráchtearraí.

Cuideoidh Straitéis nua Foraoise an Aontais le haghaidh 2030, a glacadh i mí Iúil, le cuspóirí bithéagsúlachta agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Aithníonn sí an ról lárnach agus ilfheidhmeach atá ag foraoisí, agus ról na bhforaoiseoirí agus an tslabhra luacha foraoisbhunaithe chun geilleagar inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 agus limistéir thuaithe atá beoga agus rathúil a chaomhnú. Leagann an straitéis síos fís agus tionscnaimh nithiúla chun feabhas a chur ar líon agus ar cháilíocht fhoraoisí an Aontais agus chun infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht a spreagfaidh an t-athrú, agus tá gealltanas inti 3 bhilliún crann breise a chur faoi 2030.

Tá foraoisí sláintiúla, bithéagsúla ríthábhachtach freisin chun an baol a laghdú go dtarlóidh falscaithe, rud a rinne léirscrios i gcuid mhór réigiún san Eoraip le linn an tsamhraidh. Is gné lárnach de ghníomhaíocht an Aontais é an cosc, an ullmhacht agus na hiarrachtaí freagartha faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun falscaithe a chomhrac chun daoine agus an dúlra a chosaint. Lean an Coimisiún de bheith ag neartú acmhainneacht an Aontais i dtaca le haerchomhrac na ndóiteán foraoise chun aghaidh a thabhairt ar laigí náisiúnta i dtaca le freagairt ar dhóiteáin foraoise. D’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte nua i mí an Mhárta 2021 maidir le cosc ar fhalscaithe ar talamh agus freagairtí éifeachtacha orthu.

An Straitéis Ithreach

Tá an ceathrú cuid de bhithéagsúlacht iomlán an phláinéid le fáil sna hithreacha, agus faoi 2050 ní mór dóibh bia a chur ar fáil do dhaonra domhanda de bheagnach 10 mbilliún duine. Mar sin féin, anseo san Aontas, tá meath ag teacht orthu fós. I mí na Samhna, ghlac an Coimisiún Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030, mar aon le misean i réimse na sláinte ithreach agus an bhia faoin gclár Fís Eorpach chun ár n-ithreacha a athshlánú agus chun spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach, agus ag an am céanna aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag feirmeoirí agus foraoisí.

Tá ithreacha folláine ríthábhachtach chun an aeráidneodracht a bhaint amach, chun geilleagar glan ciorclach a bhunú, chun meath na bithéagsúlachta a chasadh siar, chun bia folláin a sholáthar, chun sláinte an duine a chosaint agus chun stop a chur le fairsingiú na bhfásach agus le díghrádú na talún.

Le Straitéis nua Ithreach an Aontais:

leagtar amach creat agus bearta nithiúla chun ithreacha a chosaint, a athbhunú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, i sineirge le beartais eile sa Chomhaontú Glas don Eoraip;

leagtar amach fís chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050 agus na cuspóirí a bhaineann léi, agus gníomhaíocht nithiúil á déanamh faoi 2030;

fógraítear Dlí nua maidir le Sláinte na hIthreach atá le moladh faoi 2023 chun cothrom na Féinne agus leibhéal ard cosanta comhshaoil agus sláinte a chinntiú, rud a chuirfidh le Dlí an Aontais um Athbhunú an Dúlra atá le teacht.

Uisce glan

Tá rochtain an-mhaith ar uisce óil sábháilte ag formhór na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas cheana féin, a bhuíochas, i bpáirt, le breis agus 30 bliain de reachtaíocht an Aontais maidir le cáilíocht uisce óil. I mí Eanáir, tháinig an Treoir Athbhreithnithe maidir le hUisce Óil i bhfeidhm. Mar obair leantach dhíreach ar an gcéad Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis riamh, “Right2Water”, cuimsítear ann bearta chun rochtain ar uisce óil sábháilte a fheabhsú agus a choinneáil ar bun le haghaidh gach duine san Aontas, go háirithe le haghaidh grúpaí leochaileacha agus imeallaithe. Clúdaíonn sé freisin na forbairtí eolaíocha is déanaí agus na héilleáin atá ag teacht chun cinn a bhfuil imní fúthu, i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach

Tarraingíonn Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide aird ar an tábhacht a bhaineann le bearta amhail réitigh atá bunaithe ar an dúlra, ár n-úsáid uisce a laghdú agus soláthar seasmhach d’uisce glan. Laistigh den chreat sin, d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil i mí na Nollag, ina ndearnadh measúnú ar chláir nuashonraithe beart na mBallstát faoin Treoir Réime maidir le hUisce agus ar na réamh-mheasúnuithe náisiúnta ar riosca tuilte a tugadh cothrom le dáta faoin Treoir maidir le Tuilte.

An trádáil in eabhar

D’ainneoin toirmeasc idirnáisiúnta ar thrádáil san eabhar faoin gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis i mBaol, le déanaí, shroich póitseáil eilifintí agus gáinneáil ar eabhair leibhéil níos airde ná mar a bhí ann riamh. I mí na Nollag, mhol an Coimisiún bearta breise arb é is aidhm dóibh toirmeasc éifeachtach a chur ar fhormhór na gcineálacha trádála san eabhar san Aontas. Cé nach n-aithnítear gurb ábhar imní é an tAontas Eorpach maidir leis an trádáil mhídhleathach san eabhar, leis an athbhreithniú sin ar rialacha an Aontais atá ann cheana, déantar tiomantas an Aontais a chur i gcrích chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh i gcoinne póitseáil eilifintí agus gáinneáil ar eabhar ar fud an domhain. Cloíonn sé freisin leis an ngealltanas a tugadh i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais na rialacha maidir le trádáil san eabhar san Aontas a dhéanamh níos déine. Cuireann Treoir athbhreithnithe ón gCoimisiún maidir le córas an Aontais lena rialaítear an trádáil in eabhar ar fionraí go háirithe an trádáil in eabhar glas ar mhargadh an Aontais, agus le leasuithe ar rialachán ón gCoimisiún atá ann cheana, cinntítear go mbeidh aon trádáil atá fós ann i réada eabhair seanda faoi réir údarú a fháil roimh ré i gcónaí.

Seat scáileáin de ghairdín uirbeach digiteach a tógadh ag Pollinator Park.
I mí an Mhárta, sheol an Coimisiún Pollinator Park, eispéireas diostóipeach ar réaltacht fhíorúil, chun feasacht a ardú faoi mheath scáfar na bpailneoirí agus chun gníomhaíocht a spreagadh chun aghaidh a thabhairt air.

An tOchtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol

Díríonn an tOchtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol ar thacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar gach leibhéal rialachais, agus ar mhonatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn. Tógann an clár ar an bhfís fhadtéarmach le haghaidh 2050 “maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” agus leagtar amach ann sé chuspóir tosaíochta le haghaidh na tréimhse suas go dtí 2030: an maolú ar an athrú aeráide, an t-oiriúnú don athrú aeráide, an geilleagar ciorclach, an truailliú nialasach, an bhithéagsúlacht agus dul i ngleic leis na príomhbhrúnna comhshaoil agus aeráide.

Iarrtar dea-rialachas sa chlár; maoiniú inbhuanaithe; ábhair imní maidir leis an gcomhshaol a chomhtháthú i ngach réimse beartais; roinnt céimeanna lenar féidir deireadh a chur le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol; agus eolas agus nuálaíocht a fhorbairt chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar a chuireann an fholláine chun cinn. I gcomhaontú polaitiúil sealadach i mí na Nollag, thug na Ballstáit tacaíocht fhorleathan don chlár a moladh.

Taighde agus nuálaíocht a chuidíonn leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích

Infheisteofar os cionn 35 % de bhuiséad EUR 95.5 billiún an chláir “Fís Eorpach” le haghaidh 2021-2027 i dtaighde agus i nuálaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus cuirfidh sé le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. I mí an Mheithimh, mhol an Coimisiún sraith nua comhpháirtíochtaí Eorpacha i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an iompair. Cuirfidh na comhpháirtíochtaí sin os cionn EUR 22 bhilliún de ranníocaíochtaí príobháideacha airgeadais agus comhchineáil ar fáil, agus cuirfidh siad chun cinn forbairt agus cur i gcrích teicneolaíochtaí nua, ábhar nua agus táirgí a bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos ísle ag baint leo agus feidhmíocht chomhshaoil níos fearr ar an iomlán.

I mí Mheán Fómhair, sheol an Coimisiún cúig mhisean nua de chuid an Aontais  – bealach nua le bheith ag comhoibriú chun dul i ngleic le dúshláin mhóra ó thaobh na sláinte, na haeráide agus an chomhshaoil de. Úrnuacht d’Fhís Eorpach agus bunchoincheap i mbeartas an Aontais Eorpaigh, agus roinnt seirbhísí de chuid an Choimisiúin á dtabhairt le chéile faoi údarás naoi gcomhalta de Choláiste na gCoimisinéirí, tacóidh misin le taighde chun príomhthosaíochtaí an Choimisiúin a bhaint amach agus gheobhaidh siad freagraí ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh an tsochaí sa lá atá inniu ann. Tionscadail taighde agus nuálaíochta na misean, bearta beartais agus tionscnaimh reachtacha chun réitigh a chur ar fáil ar na príomhdhúshláin dhomhanda faoi 2030. Tá beagnach EUR 2 bhilliún á chur ar fáil ag an gCoimisiún ón gclár Fís Eorpach idir 2021 agus 2023 chun na cúig mhisean a sheoladh, agus táthar ag súil le maoiniú breise a fháil ó chláir eile. As na cúig mhisean a seoladh i mí Mheán Fómhair 2021, tá sé ina aidhm ag ceithre cinn acu cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach:

I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair, cheadaigh an Coimisiún maoiniú EUR 1 bhilliún le haghaidh 73 thionscadal taighde agus nuálaíochta chun tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Sa bhreis ar infheistíocht a dhéanamh i gcroítheicneolaíochtaí thar speictream leathan – idir fhoinsí fuinnimh agus bhithmhais chun teicneolaíochtaí agus infreastruchtúr a iompar, bhí dhá réimse sa ghlao ar thionscadail freisin, réimsí a bhí dírithe ar an duine: eolas a neartú agus cumhacht a thabhairt do shaoránaigh.

Airgeadas inbhuanaithe

I mí Aibreáin, ghlac an Coimisiún pacáiste tionscnamh chun cuidiú le feabhas a chur ar an sreabhadh airgeadais i dtreo gníomhaíochtaí inbhuanaithe ar fud an Aontais. Sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Gné na hAeráide den Tacsanomaíocht Eorpach, leagtar amach na critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann go mór leis na cuspóirí aeráide faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, gan dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil eile an Aontais. Tá sé d’aidhm ag togra le haghaidh Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise inbhuanaitheachta a thuairiscíonn cuideachtaí. Déanfaidh sé a dtuairisciú ar an inbhuanaitheacht níos comhsheasmhaí, ionas go mbeidh rochtain ag gnólachtaí airgeadais, infheisteoirí agus an pobal ar fhaisnéis inchomparáide agus iontaofa maidir le rioscaí agus tionchair cuideachtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Glacadh sé ghníomh tarmligthe leasaitheacha maidir le dualgais mhuiníneacha, le hinfheistíocht agus le comhairle árachais chun a chinntiú go gcuirfidh gnólachtaí airgeadais faisnéis maidir le hinbhuanaitheacht san áireamh ina nósanna imeachta agus ina gcomhairle infheistíochta do chliaint.

Mairead McGuinness agus í i bhforaois agus éadaí don taobh amuigh uirthi.
Mairead McGuinness, an Coimisinéir Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, le linn di cuairt a thabhairt ar fhoraois san Fhionlainn, an 11 Samhain 2021. Le linn a cuairte ar an bhFionlainn, bhuail an Coimisinéir freisin le Sanna Marin, Príomh-Aire na Fionlainne, Annika Saarikko, Aire Airgeadais na Fionalainne agus Jari Leppä, Aire Talmhaíochta agus Foraoiseachta na Fionlainne, chun plé a dhéanamh ar chóras aicmithe airgeadais inbhuanaithe an Aontais, agus cuireadh béim ar leith ar théamaí a bhaineann le fuinneamh agus foraoisí.

Is é is aidhm don Straitéis maidir le maoiniú inbhuanaithe a glacadh i mí Iúil 2021, tacú leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe trí ghníomhú i gceithre réimse: maoiniú an aistrithe a éascú; tacú le creat airgeadais inbhuanaithe níos cuimsithí; an obair a neartú maidir le hathléimneacht agus tionchar na hearnála airgeadais; agus oiriúnú don uaillmhian dhomhanda athnuaite.

An t-aistriú go dtí an inbhuanaitheacht a mhaoiniú

Leis an straitéis sin cuirtear na huirlisí agus na beartais ar fáil chun a chur ar chumas na ndaoine a bhfuil baint acu leis an ngeilleagar a bpleananna aistrithe a mhaoiniú agus chun spriocanna aeráide agus spriocanna comhshaoil níos leithne a bhaint amach, is cuma cén túsphointe atá acu.

Cuimsitheacht

Leis an straitéis sin freastalaítear ar riachtanais daoine aonair agus na bhfiontar beaga agus meánmhéide, agus cuirtear deiseanna ar fáil dóibh ar mhaoiniú inbhuanaithe níos fearr a rochtain.

Athléimneacht agus rannchuidiú na hearnála airgeadais

Leagtar amach sa straitéis sin an chaoi ar féidir leis an earnáil airgeadais rannchuidiú chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, agus í ag éirí níos athléimní agus ag comhrac i gcoinne an tsnasa ghlais.

Uaillmhian dhomhanda

Leagtar amach sa straitéis sin an chaoi chun comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn le haghaidh clár maoinithe uaillmhianach domhanda inbhuanaithe.

I mí Iúil, mhol an Coimisiún rialachán maidir le Caighdeán i leith Bannaí Glasa Eorpacha. Is é is aidhm don togra seo caighdeán deonach d’ardcháilíocht a chruthú a bheidh ar fáil do na heisitheoirí bannaí uile chun cuidiú le hinfheistíochtaí inbhuanaithe a mhaoiniú.

Úsáidtear bannaí glasa cheana féin chun maoiniú a chur ar fáil in earnálacha amhail táirgeadh agus dáileadh fuinnimh, tithíocht atá tíosach ar acmhainní agus bonneagar iompair ísealcharbóin. Cé go bhfuil éileamh mór ar bhannaí glasa ó infheisteoirí, tá deis ann chun an margadh a leathnú. Leis an gCaighdeán i leith Bannaí Glasa Eorpacha, leagfar síos tagarmharc maidir leis an dóigh ar féidir le cuideachtaí agus údaráis phoiblí bannaí glasa a úsáid chun cistí a thiomsú ar mhargaí caipitil ar mhaithe le hinfheistíochtaí uaillmhianacha a mhaoiniú, agus ceanglais dhiana inbhuanaitheachta a chomhlíonadh agus infheisteoirí a chosaint ón nglas-snasú san am céanna. Go háirithe, beidh uirlis láidir ar fáil d’eisitheoirí bannaí glasa chun a léiriú go bhfuil tionscadail ghlasa á gcistiú acu atá i gcomhréir le tacsanomaíocht AE. Ina theannta sin, beidh sé níos éasca d’infheisteoirí a cheannaíonn na bannaí a fheiceáil go bhfuil a gcuid infheistíochtaí inbhuanaithe, rud a laghdóidh an baol go ndéanfaí glas-snasú.

Grianghraf gar-amhairc de mhicrishlis.

An Eoraip agus í oiriúnach don aois dhigiteach

De thoradh phaindéim COVID-19, tá athrú tagtha ar ról an digitithe inár sochaí agus inár ngeilleagar, ar an dearcadh atá ag daoine ar an digitiú, agus tá luas sa digitiú dá bharr nach raibh ann cheana. Na teicneolaíochtaí digiteacha a raibh géarghá leo chun an saol eacnamaíoch agus sóisialta a chaomhnú agus chun a chinntiú go leanfadh an t-oideachas ar aghaidh le linn na géarchéime, is iad na teicneolaíochtaí sin an phríomhghné idirdhealaitheach a bhainfidh leis an aistriú rathúil chuig geilleagar agus sochaí inbhuanaithe i ndiaidh na paindéime.

Tá an fhís ag an Aontas mar aon lena dóthain acmhainní chun go n-éireoidh go maith leis an aistriú digiteach. Leis an leibhéal maoinithe atá ar fáil faoi phlean téarnaimh NextGenerationEU, clúdófar comhar i measc na mBallstát ar scála nach raibh ann cheana agus ar dhéine atá riachtanach chun claochlú digiteach rathúil a bhaint amach faoi 2030.

Deacáid Dhigiteach na hEorpa

Tá an deis seo á tapú ag an Aontas chun Deacáid Dhigiteach na hEorpa a bhaint amach sna 10 mbliana atá romhainn, agus tá sé d’aidhm aige a bheith ina eiseamláir dhomhanda den gheilleagar digiteach, caighdeáin dhigiteacha a leagan síos agus a chur chun cinn agus beartais dhigiteacha a shaothrú lena gcumhachtaítear daoine agus gnólachtaí.

Beidh na beartais sin dírithe ar thacaíocht do ghnólachtaí beaga atá ag dul i mbun na teicneolaíochta; cinnteoidh siad go rachaidh an teicneolaíocht chun tairbhe do dhaoine trí bhunscileanna digiteacha agus ardscileanna digiteacha a thabhairt dóibh; agus cinnteoidh siad go mbeidh rochtain ag gach duine ar an idirlíon agus ar sheirbhísí poiblí ar líne. San am céanna, leanfaidh an tAontas air ag saothrú barr feabhais sna hardteicneolaíochtaí, an ríomhaireacht chandamach, an néalríomhaireacht agus an intleacht shaorga (IS), cuir i gcás, teicneolaíochtaí lenar féidir dul i ngleic le go leor de na dúshláin atá os comhair na sochaí sa lá atá inniu ann.

Chun uaillmhianta an Aontais a bhaint amach, beidh aghaidh le tabhairt ar na saincheisteanna a chuir an phaindéim i dtábhacht, idir bearnaí sa nascacht agus sna scileanna digiteacha agus an deighilt idir gnólachtaí a bhfuil inniúlachtaí digiteacha acu agus gnólachtaí nár ghlac réitigh dhigiteacha go fóill. A bhuí leis an digitiú, tá go leor deiseanna nua fostaíochta ar fáil. Mar shampla, in 2020 bhí breis agus 500 000 folúntas le haghaidh saineolaithe cibearshlándála agus sonraí san Aontas gan líonadh.

Déanann Compás Digiteach na hEorpa cuspóirí digiteacha an Aontais le haghaidh 2030 a thiontú ina ngníomhaíochtaí agus ina dtorthaí. Díríonn siad seo ar an méid seo a leanas:

  • daonra atá eolach ar chúrsaí digiteacha a bhaint amach, mar aon le gairmithe digiteacha ardoilte;
  • bonneagar digiteach atá iontaofa slán;
  • sciar ard gnólachtaí digitithe;
  • seirbhísí poiblí nua-aimseartha a fhreastalaíonn ar riachtanais na sochaí.
Léiríonn an ghrafaic eolais seo figiúirí maidir le scileanna digiteacha, bonneagar digiteach, aistriú digiteach gnólachtaí agus digitiú seirbhísí poiblí.

Maidir le scileanna digiteacha, san am i láthair tá bunscileanna digiteacha ag 56 % de dhaoine fásta agus is é 80 % an sprioc atá ann. Tá 8.4 milliún speisialtóir TFC fostaithe, agus is é 20 milliún an sprioc atá ann. Maidir le bonneagar digiteach, san am i láthair tá clúdach gréasáin gigighiotáin ag 59 % de na teaghlaigh agus is é 100 % an sprioc atá ann. Clúdaíonn 5G 14 % de cheantair ina bhfuil daonra mór, agus is é 100 % an sprioc atá ann. Maidir le haistriú digiteach na ngnólachtaí, san am i láthair úsáideann 42 % de ghnólachtaí néalseirbhísí, agus is é 75 % an sprioc atá ann. Úsáideann 14 % de ghnólachtaí mórshonraí, agus is é 75 % an sprioc. Úsáideann 25 % acu an intleacht shaorga, agus is é 75 % an sprioc. Tá bunleibhéal déine digití ag 55 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide san am i láthair, agus is é os cionn 90 % an sprioc. Ar deireadh, tá 112 ghnólacht nuathionscanta aonbheannaigh san Aontas san am i láthair, agus an líon sin a dhúbailt an sprioc atá ann. Maidir le digitiú na seirbhísí poiblí, tá rochtain ar sheirbhísí poiblí tábhachtacha (cuir i gcás seirbhísí a bhaineann le cúrsaí gairme, staidéar, cúrsaí teaghlaigh, gnáthoibríochtaí gnó nó ag bogadh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile) ag 75 % de na saoránaigh agus 84 % de na gnólachtaí, agus is é 100 % is sprioc dóibh araon. De bhreis air sin, is é sprioc an Aontais rochtain a bheith ag 100 % de na daoine san Aontas ar thaifid dhigiteacha sláinte agus sainaithint dhigiteach a bheith in úsáid ag 80 % acu.

Tá an Coimisiún Eorpach ag cur bailchríoch ar thogra atá le déanamh in 2022 le haghaidh Dearbhú Comhpháirteach maidir le Prionsabail Dhigiteacha ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún chun a chinntiú go léireofar luachanna agus cearta an Aontais sa spás digiteach. Cinnteoidh sé sin go mbeidh gach duine in ann leas a bhaint as deiseanna digiteacha, amhail rochtain uilíoch ar an idirlíon, algartaim a urramaíonn daoine agus timpeallacht shlán iontaofa ar líne. De réir an tsuirbhé Eorabharaiméadair speisialta a rinneadh i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2021, measann formhór mór shaoránaigh an Aontais go mbeidh ról tábhachtach ag an idirlíon agus ag uirlisí digiteacha amach anseo. Thairis sin, measann formhór na ndaoine é a bheith úsáideach don Aontas cearta agus prionsabail Eorpacha a shainiú agus a chur chun cinn chun claochlú digiteach rathúil a chinntiú. Roimhe sin, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí oscailte freisin maidir leis na prionsabail dhigiteacha, rud a léirigh tacaíocht fhorleathan don tionscnamh.

I mí Mheán Fómhair, mhol an Coimisiún plean chun claochlú digiteach an Aontais a bhaint amach faoi 2030. Is é is aidhm don Chonair i dtreo na Deacáide Digití creat láidir rialachais a bhunú ionas go mbeidh na Ballstáit in ann oibriú i gcomhar le chéile chun na cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach agus a dtúsphointí éagsúla á n-aithint ag an am céanna. Cuimsítear leis sin córas monatóireachta chun an dul chun cinn atá déanta i ndáil le gach ceann de spriocanna 2030 a thomhas mar aon le treochláir ilbhliantúla le haghaidh gach Ballstáit, agus leagfaidh na Ballstáit amach na beartais agus na bearta a glacadh nó atá beartaithe sa chóras sin. Déanfaidh tionscadail ilnáisiúnta acmhainní de chuid an Aontais, acmhainní náisiúnta agus acmhainní príobháideacha a chomhthiomsú chun dul chun cinn a dhéanamh i réimsí tábhachtacha, rud nach bhféadfadh aon Bhallstát a bhaint amach as a stuaim féin.

Le tionscadail ilnáisiúnta éascófar an infheistíocht sna réimsí seo a leanas agus i réimsí nach iad.

Bonneagar coiteann sonraí agus seirbhísí coiteanna sonraí

Blocshlabhra

Próiseálaithe ísealchumhachta

Úsáid uile-Eorpach na gconairí 5G

Ríom­hai­rea­cht ardf­heidh­mío­chta

Bonneagar candamach slán agus líonra lárionad ci­bearsh­lán­dála

Riarachán poiblí digiteach

Moil nuálaíochta digití

Comhp­háir­tío­ch­taí ard­teic­neo­laío­ch­ta le haghaidh scileanna digiteacha

Tá gné idirnáisiúnta an Choiste Dhigitigh á forbairt trí bhíthin comhpháirtíochtaí digiteacha éagsúla. I mí an Mheithimh 2021, seoladh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Ó shin i leith, tá tús curtha ag deich meitheal le táirgí inseachadta a d’fhéadfadh a bheith ann sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a shainaithint. Tá comhpháirtíocht dhigiteach leis an tSeapáin á plé freisin, agus tá an tAontas ag obair chun comhpháirtíocht dhigiteach a bhunú leis an Afraic mar aon le comhghuaillíocht dhigiteach le Meiriceá Laidineach agus le Muir Chairib.

Margrethe Vestager agus í ag comharthú le linn di a bheith ag caint le duine eile.
Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil an Eoraip agus í oiriúnach don Aois Dhigiteach mar chúram uirthi, agus an Coimisinéir um Iomaíocht, ag an Tríú Cruinniú Mullaigh de chuid Chomhlachas Tráchtála Mheiriceá le haghaidh Gnólachtaí Trasatlantacha, Washington DC, na Stáit Aontaithe, an 9 Nollaig 2021.

An t-oideachas digiteach

I mí Lúnasa, d’fhoilsigh an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim chumaisc chun tacú le hoideachas bunscoile agus meánscoile atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán. Ghlac an Chomhairle an moladh sin laistigh de 4 mhí.

Leis an bhfoghlaim chumaisc, is féidir an t-oideachas a dhéanamh níos cuimsithí, go háirithe i ngeall ar an tsolúbthacht a bhaineann léi. Is éard atá i gceist leis an téarma sin cás ina nglacann scoil, oideachasóir nó mac léinn níos mó ná cur chuige amháin i leith an phróisis foghlama. Is féidir cumasc den suíomh scoile agus timpeallachtaí fisiciúla eile (gnólachtaí, ionaid oiliúna nó an chianfhoghlaim, cuir i gcás) a bheith i gceist, nó cumasc d’uirlisí éagsúla foghlama digiteacha agus neamhdhigiteacha. Leis an bhfoghlaim chumaisc, is féidir rochtain níos fearr ar oideachas a chur ar fáil i gceantair iargúlta agus tuaithe, nó an rochtain sin a chur ar fáil do dhaoine atá ina gcuid de phobail an lucht siúil, nó dóibh siúd atá san ospidéal. Cuirfear béim ar fhorbairt cur chuige foghlama cumaiscthe sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas san áireamh sna tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais agus leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027.

An Clár don Eoraip Dhigiteach

Tá buiséad EUR 7.5 billiún ag an gClár nua don Eoraip Dhigiteach sna 7 mbliana atá romhainn, agus is é an chéad chlár maoiniúcháin de chuid an Aontais é atá dírithe ar an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt chomh fada le húdaráis riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh. Sna chéad chláir oibre ar fiú EUR 1.98 billiún iad, dírítear ar an infheistíocht i réimsí amhail an intleacht shaorga, néalspás agus spásanna sonraí, bonneagar cumarsáide candamaí, ardscileanna digiteacha, an chibearshlándáil agus úsáid níos leithne teicneolaíochtaí digiteacha ar fud an gheilleagair agus na sochaí. Foilsíodh na chéad ghlaonna ar an gClár don Eoraip Dhigiteach ag deireadh mhí na Samhna agus eiseofar tuilleadh glaonna in 2022.

An Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha

Is é is aidhm don Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus don Ionstraim um Margaí Digiteacha, ionstraimí a mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2020, spás digiteach níos sábháilte agus níos oscailte a chruthú do gach úsáideoir, spás ina dtugtar cosaint dá gcearta bunúsacha agus ina bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí digiteacha ar phraghsanna níos ísle. Táthar ag súil leis go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na tograí sin in 2022.

An Chibearshlándáil, cosaint sonraí agus an tsábháilteacht ar líne

Agus an saol sóisialta agus eacnamaíoch ag dul ar líne, is minic a bhíonn cibear-ionsaithe ag tarlú, agus tá siad ag éirí níos díobhálaí de réir a chéile. In 2021, baineadh úsáid as ionsaithe bogearraí éirice ar fud an domhain chun córais cúraim sláinte, riaracháin phoiblí, saoráidí táirgthe fuinnimh agus bonneagar criticiúil eile a dhíchobhsú. Níl an tAontas slán ar ionsaithe den sórt sin.

Tá gá le gníomhaíocht aontaithe thar theorainneacha náisiúnta chun cosaint mhaith ar chibear-ionsaithe a bhaint amach. Dá bhrí sin, in 2021, mar chuid de Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh, chuir an Coimisiún tús leis an gCibearaonad Comhpháirteach, ardán nua arb é is aidhm dó an comhar idir institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta sna Ballstáit a neartú. Bainfidh an t-aonad nua tairbhe freisin as saineolas thionscal na cibearshlándála, rud a chuideoidh leis an Aontas ina iomláine freagairt do chibearbhagairtí. Tá obair leanúnach á déanamh chun an Cibearaonad Comhpháirteach a chur ag obair.

Tar éis ghlacadh agus theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin, thosaigh an Coimisiún ag obair i gcomhar le húdaráis na Rómáine chun an t-ionad a bhunú i mBúcairist. Cuideoidh sé le hacmhainní cibearshlándála an Aontais a neartú, le dlús a chur leis an mbarr feabhais sa taighde agus le hiomaíochas thionscal cibearshlándála na hEorpa a fheabhsú.

Spriocanna an Chibearaonaid Chomhpháirtigh

Freagairt chomhordaithe ón Aontas a chinntiú ar bhagairtí, ar theagmhais agus ar ghéarchéimeanna cibearshlándála ar scála mór.

Feabhas a chur ar fheasacht staide na ngeallsealbhóirí cibearshlándála agus ar an gcumarsáid leis an bpobal i gcoitinne.

Ullmhacht chomhpháirteach a ráthú.

Cosaint sonraí

Is réamhriachtanas é cosaint sonraí agus príobháideachas a chinntiú le go mbeidh daoine aonair in ann muinín a bheith acu as teicneolaíochtaí nua agus nuálacha. Ar an gcaoi sin, is cuid den réiteach ar a lán fadhbanna iad cosaint sonraí agus príobháideachas, agus is cumasóirí iad le haghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais.

Léiríonn ceannaireacht an Aontais maidir le cosaint sonraí gur féidir leis na rialacha sa réimse sin feidhmiú mar chaighdeán órga le haghaidh rialáil an gheilleagair dhigitigh. Go háirithe, nuair a dhéanann tíortha nach Ballstáit den Aontas iad leibhéal cosanta sonraí atá coibhéiseach le leibhéal cosanta sonraí an Aontas a chinntiú, is féidir leis an Aontas úsáid a bhaint as an ionstraim is cuimsithí le haghaidh aistrithe sonraí, rud ar a dtugtar an cinneadh leordhóthanachta. Ar an mbonn sin, is féidir le sonraí sreabhadh go sábháilte gan bhac idir an tAontas agus an tír sin, rud a éascaíonn trádáil agus a chuireann feabhas ar éifeachtacht an chomhair rialála agus forfheidhmithe dlí chun leasa na saoránach agus na ngnólachtaí.

Tar éis an limistéar is mó ar domhan de shaorshreafaí sábháilte sonraí a chruthú leis an tSeapáin in 2019, lean an tAontas de bheith ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta i dtreo rialacha cosanta sonraí a chóineasú chun aistrithe sonraí a éascú, agus, ag an am céanna, ardleibhéal cosanta a chinntiú le haghaidh sonraí pearsanta a aistrítear thar lear.

In 2021, ghlac an tAontas dhá chinneadh leordhóthanachta maidir leis an Ríocht Aontaithe, cinneadh amháin díobh lena gclúdaítear, den chéad uair, malartú sonraí idir údaráis forfheidhmithe an dlí choiriúil. D’éirigh leis an Aontas a chuid cainteanna leis an gCóiré Theas a thabhairt chun críche freisin, agus mar thoradh air sin glacadh cinneadh leordhóthanachta le haghaidh aistrithe i réimsí an chomhair tráchtála agus na rialála araon. Ina theannta sin, le linn 2021, rinneadh caibidlíocht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le socrú a d’fhéadfadh teacht i gcomharba ar an Sciath Phríobháideachais, tar éis do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é a neamhbhailíochtú.

In 2021, ghlac an Coimisiún clásail nua chonarthacha chaighdeánacha freisin maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Cuidíonn na clásail sin le heagraíochtaí cloí le rialacha cosanta sonraí nuair a dhéanann siad oibríochtaí próiseála a sheachfhoinsiú chuig próiseálaithe laistigh den Aontas/an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus nuair a aistríonn siad sonraí thar lear.

Rinne an Coimisiún bearta freisin chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí. I mí Feabhra, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach ndearna an Spáinn an treoir maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí a thrasuí in am. D’fhorchuir an Chúirt pionóis airgeadais ar an Spáinn. I ndiaidh an bhreithiúnais, rinne an Spáinn na bearta ba ghá chun deireadh a chur leis an sárú sin.

Céannacht Dhigiteach Eorpach

Tá tiachóga digiteacha ar fhóin chliste in úsáid cheana féin ag a lán daoine chun pasanna bordála a stóráil nuair a bhíonn siad ag taisteal mar aon le cártaí bainc fíorúla, agus tá 63 % de shaoránaigh an Aontais ag iarraidh aitheantas digiteach aonair slán le haghaidh na seirbhísí uile ar líne. Faoi rialacha nua atá beartaithe, rialacha arna gcur ar aghaidh ag an gCoimisiún i mí an Mheithimh, beidh Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí ar fáil d’aon saoránach, cónaitheoir nó gnólacht san Aontas ar mian leis é a úsáid. Is tiachóga digiteacha pearsanta iad na tiachóga seo a ligeann do dhaoine sonraí a stóráil agus a úsáid le haghaidh gach cineál seirbhíse, idir tuairisceán cánach a chur isteach agus carr a fháil ar cíos.

Margrethe Vestager, miongháire ar a haghaidh, agus í ina seasamh ag póidiam.
Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil an Eoraip agus í oiriúnach don Aois Dhigiteach mar chúram uirthi, agus an Coimisinéir um Iomaíocht, ag an bpreasagallamh maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach, an Bhruiséil, an Bheilg, an 3 Meitheamh 2021.

Beidh saoránaigh in ann a gcéannacht a chruthú agus doiciméid leictreonacha a roinnt go sábháilte ó Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí ar a bhfón cliste. Beidh siad in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne lena n-aitheantas náisiúnta digiteach, rud a aithneofar ar fud an Aontais. Cuideoidh an Chéannacht Dhigiteach Eorpach le cuid de spriocanna an Chomórtais Dhigitigh a bhaint amach. Mar shampla, faoi 2030, ba cheart gach príomhsheirbhís phoiblí a bheith ar fáil ar líne, ba cheart rochtain a bheith ag gach saoránach ar thaifid leighis leictreonacha agus ba cheart aitheantas digiteach a bheith á úsáid ag 80 % de shaoránaigh.

Ardnascacht

Ghlac an Coimisiún an chéad chlár oibre maidir leis an gcuid dhigiteach de Shaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE Digiteach), rud lena sainítear cuspóirí na mbeart dá dtugann an tAontas tacaíocht, bearta a bhfuil gá leo chun bonneagar nascachta digití an Aontais a fheabhsú thar thréimhse 3 bliana. Gheobhaidh na bearta sin níos mó ná EUR 1 bhilliún de mhaoiniú ó 2021 go dtí 2023. Trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a chothú, rannchuideoidh SCE Digiteach le bonneagar gigighiotáin agus 5G a chur ar fáil, mórbhealaí iompair agus pobail an Aontais a fheistiú le líonraí 5G, agus ardteicneolaíochtaí mar néalseirbhísí agus seirbhísí candamacha a idirnascadh agus, ar an rud deiridh, ardáin dhigiteacha oibríochtúla a chruthú chun sonraí ó earnáil an fhuinnimh agus ó earnáil an iompair a stóráil, a roinnt agus a phróiseáil.

An Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste atá ag obair chun 6G a chur ar fáil, bunaíodh é in 2021, agus ghlac sé a chéad chlár oibre, clár a bhfuil maoiniú poiblí de thart ar EUR 240 milliún curtha i leataobh dó. Is é misean an chomhghnóthais acmhainneacht an Aontais maidir le córais 6G a fhorbairt.

Margadh níos fearr do thomhaltóirí

Tar éis mholadh 2020 inar iarradh infheistíocht mhéadaithe sa leathanbhanda, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú i mí an Mhárta maidir le bosca coiteann uirlisí dea-chleachtas de chuid an Aontais. Is é is aidhm dó an costas a bhaineann le soláthar líonraí fíor-ardacmhainneachta a laghdú agus rochtain ar speictream raidió 5G a chinntiú, rochtain atá tráthúil éifeachtúil agus fabhrach don infheistíocht.

Cuireadh deireadh le muirir fánaíochta in 2017, agus ó shin i leith tá daoine in ann an fón a úsáid gan muirir bhreise a íoc agus iad ag taisteal san Aontas. Chun a chinntiú gur féidir leanúint ag baint leasa as seirbhísí fánaíochta saor in aisce, i mí Feabhra mhol an Coimisiún síneadh a chur leis na rialacha atá ann faoi láthair go ceann 10 mbliana, ar rialacha iad atá le dul in éag in 2022. Ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle an rialachán i mí na Nollag, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2022. Cinnteoidh na rialacha nua go mbeidh seirbhísí fánaíochta níos fearr fós ann do thaistealaithe. I measc na mbuntáistí nua tá na luasanna sonraí móibíleacha céanna agus atá sa bhaile, rochtain éifeachtúil ar sheirbhísí éigeandála thar lear agus trédhearcacht níos fearr ar na costais a bhaineann le beolínte agus uimhreacha seirbhíse do chustaiméirí a ghlaoch ar an gcoigríoch.

Tomhaltóirí a chosaint ar líne

Tá méadú seasta tagtha ar dhíolacháin ar líne le 20 bliain anuas, agus in 2020 rinne thart ar 71 % de thomhaltóirí siopadóireacht ar líne, agus cheannaigh siad táirgí teicneolaíochta nua go minic. I mí an Mheithimh, mhol an Coimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar dhá shraith rialacha de chuid an Aontais chun cearta tomhaltóirí a fheabhsú i bhfianaise na n-athruithe sin.

Leis an Rialachán nua maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, dá nglacfaí é, thabharfaí aghaidh ar na rioscaí a bhaineann leis na táirgí teicneolaíochta nua sin, aon riosca nascachta nó cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ann, cuir i gcás. Thabharfaí aghaidh freisin ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an tsiopadóireacht ar líne, trí oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht táirgí a thabhairt isteach le haghaidh margaí ar líne, cuir i gcás. Leis an rialachán nua, chinnteofaí go gcomhlíonfadh margaí na dualgais sin ionas nach dtairgfear táirgí contúirteacha do na tomhaltóirí nó nach mbeidh na táirgí sin á dtabhairt dóibh. Is é is aidhm don togra go ginearálta, gach táirge a théann chomh fada le tomhaltóirí an Aontais, cibé acu an ar líne nó ón siopa áitiúil a cheannaítear iad, a chinntiú go mbeidh na táirgí sin sábháilte, is cuma cé acu a dtagann siad ó laistigh den Aontas nó lasmuigh de. I gcás ina dtagann táirgí contúirteacha chomh fada le tomhaltóirí, bheadh sé d’aidhm ag na rialacha nua a chinntiú go mbainfí iad go tapa ó mhargaí an Aontais.

Is é is aidhm don togra le haghaidh Treoir athbhreithnithe maidir le Creidmheas Tomhaltóirí a chinntiú go bhfaighidh tomhaltóirí an fhaisnéis cheart ag an am ceart, faisnéis a bheidh curtha in oiriúint do ghléasanna digiteacha, ionas go dtuigfidh siad go díreach cad é a bhfuil siad ag glacadh leis. Leis an treoir, dá nglacfaí í, chlúdófaí táirgí creidmheasa nua a bhfuil riosca ag baint leo agus gníomhaithe nua margaidh, agus chuirfí feabhas ar rialacha maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an mbeadh tomhaltóir in ann an iasacht a aisíoc nó nach mbeadh, agus nuair is trí chinnteoireacht uathoibrithe a dhéantar na measúnuithe sin. Leis an treoir athbhreithnithe, d’iarrfaí ar na Ballstáit oideachas airgeadais a chur chun cinn agus a chinntiú go gcuirfí comhairle ar thomhaltóirí maidir le fiacha.

I mí na Nollag, d’eisigh an Coimisiún treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm trí threoir de chuid an Aontais maidir le dlí tomhaltóirí: an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha, an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí agus an Treoir maidir le Praghsanna a Chur in Iúl. Cabhróidh an méid sin leis na Ballstáit, le tomhaltóirí, le trádálaithe, le breithiúna, le cleachtóirí dlí agus le páirtithe leasmhara eile tuiscint níos fearr a fháil ar conas dlí tomhaltóirí an Aontais atá ann cheana a chur i bhfeidhm maidir le cleachtais nua, go háirithe maidir leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, mar aon leis na hathruithe a rinneadh le déanaí ar na treoracha sin leis an Treoir maidir le Nuachóiriú.

Deireadh a chur le frustrachas an tomhaltóra agus leis an trealamh dramhleictreonach

TOMHALTÓIRÍ

€ 2.4 billiún

a chaitheann tomhaltóirí gach bliain ar luchtairí neamhspleácha.

38 % de thomhaltóirí

a dhéanann gearán faoi fhadhbanna ó luchtairí neamh-chomhoiriúnacha.

AN COMHSHAOL

11 000 tona

de dhramhaíl leictreonach a ghintear gach bliain as luchtairí a caitheadh amach agus nár úsáideadh.

Ní úsáideann na tomhaltóirí ach 2 luchtaire as gach 3 cinn

dá bhfuil acu.

Tar éis blianta a chaitheamh ag obair leis an tionscal leictreonaice ar chur chuige deonach, rud atá tar éis cabhrú le líon na gcineálacha éagsúla luchtairí fón póca a laghdú ó thríocha go dtí trí cinn, i mí Mheán Fómhair mhol an Coimisiún reachtaíocht maidir le luchtaire uilíoch le haghaidh na ngléasanna leictreonacha ar fad. Is é an USB-C a bheidh ina bheidh ina phort nua caighdeánach luchtúcháin le haghaidh fóin chliste, táibléid, ceamaraí, cluasáin, callairí iniompartha agus consóil físchluichí láimhe. Ina theannta sin, mhol an Coimisiún díol na luchtairí a scaradh ó dhíol na ngléasanna leictreonacha. Beidh réiteach luchtúcháin aonair níos áisiúla do dhaoine agus laghdóidh sé an dramhaíl leictreonach – rud a chuirfidh go mór leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas araon.

TOMHALTÓIRÍ

Cuidiú le tomhaltóirí

EUR 250 milliún

in aghaidh na bliana a shábháil gan luchtairí a cheannach nach bhfuil gá leo.

AN COMHSHAOL

Laghdú beagnach

1 000 tona

in aghaidh na bliana a dhéanamh ar an dramhaíl leictreonach.

Scileanna don ré dhigiteach

I mí na Bealtaine, in éineacht le comhpháirtithe éagsúla sna Ballstáit, sheol an Coimisiún an tArdán maidir le Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha, arb é atá i gceist leis ionad ilfhreastail le haghaidh faisnéis, tionscnaimh agus acmhainní ardchaighdeáin maidir le scileanna digiteacha. Ós tráth é seo nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag 44 % de na daoine san Aontas, cabhróidh an t-ardán nua leis an mbearna scileanna a dhúnadh agus leis an gComhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post a neartú, mar aon leis na 25 chomhghuaillíocht náisiúnta. I mí na Samhna, d’fhoilsigh an Coimisiún uirlis féinmheasúnaithe le haghaidh scileanna digiteacha, ar uirlis í atá saor in aisce agus ar fáil in 29 theanga.

Digitiú don tionsclaíocht

Chun seasamh an Aontais a neartú maidir le forbairt na céad ghlúin eile de mhicrishliseanna, i mí Iúil sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch maidir le Próiseálaithe agus Leathsheoltóirí. Is é is aidhm don chomhghuaillíocht an inniúlacht deartha agus monaraíochta is gá a bhunú chun an chéad ghlúin eile de phróiseálaithe agus comhpháirteanna leictreonacha a tháirgeadh. Sainaithneofar na scrogaill, na riachtanais agus na spleáchais atá ann faoi láthair ar fud an tionscail ar fad agus rachfar i ngleic leo. Cuireann sé sin le huaillmhianta an Choimisiúin ceannasacht theicneolaíocht an Aontais a fheabhsú trína sciar de tháirgeadh domhanda leathsheoltóirí a mhéadú ó 10 % go 20 % faoi 2030. Ina hAitheasc ar Staid an Aontais, d’fhógair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, Ionstraim Eorpach um Shliseanna chun éiceachóras sliseanna úrscothach AE a chruthú, an táirgeadh san áireamh. Glacadh an togra ag tús 2022.

An claochlú digiteach

An Intleacht shaorga

Úsáidtear an Intleacht Shaorga, na modhanna meaisínfhoghlama is déanaí san áireamh, chun nuálaíochtaí a chruthú i raon leathan réimsí, agus beidh seirbhísí, cúram leighis agus earraí tomhaltais níos fearr mar thoradh air sin. Mar sin féin, fios is gá do dhaoine san Aontas gur féidir muinín a chur in úsáid shábháilte oibiachtúil na gcóras intleachta saorga de réir an dlí. Cé gur féidir na córais sin a úsáid chun go leor dúshlán atá os comhair na sochaí sa lá atá inniu ann a réiteach, cruthaíonn córais áirithe rioscaí nach mór aghaidh a thabhairt orthu chun torthaí míthaitneamhacha a sheachaint. Mar shampla, is minic nach féidir a fháil amach cén fáth ar ghin córas intleachta saorga toradh áirithe, cinneadh uathoibrithe nó tuar, cuir i gcás. D’fhéadfadh sé a bheith deacair, dá bhrí sin, a mheas an raibh duine faoi mhíbhuntáiste míchothrom mar chuid de chinneadh maidir le hearcú nó dáileadh sochar slándála sóisialta.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus ar dhúshláin eile, i mí Aibreáin d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra maidir leis an gcéad chreat dlíthiúil ar domhan i dtaca leis an intleacht shaorga, agus bhí Plean Comhordaithe nuashonraithe leis na Ballstáit ag gabháil leis. Tá sé d’aidhm ag an dá thionscnamh mol domhanda le haghaidh na hintleachta saorga iontaofa den scoth a dhéanamh den Aontas. Comhlánóidh rialacha nua maidir le táirgí innealra cur chuige an Aontais trí rialacha sábháilteachta a chur in oiriúint chun muinín úsáideoirí as an nglúin nua táirgí ilúsáide a mhéadú. Dhéanfadh an Rialachán nua maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, dá nglacfaí é, na rialacha sin a chomhlánú mar eangach sábhála.

Leis an Rialachán nua maidir leis an intleacht shaorga, cabhrófar chun sábháilteacht agus cearta bunúsacha daoine agus gnólachtaí a ráthú, agus ag an am céanna neartófar glacadh na dteicneolaíochtaí, an infheistíocht i dteicneolaíochtaí agus an nuálaíocht a bhaineann le teicneolaíochtaí ar fud an Aontais. Leagtar amach sa togra cur chuige atá bunaithe ar rioscaí ina moltar ceanglais níos déine maidir le córais intleachta saorga a bhfuil riosca níos mó ag baint leo.

Leagtar amach sa Phlean Comhordaithe na hathruithe beartais agus an infheistíocht is gá sna Ballstáit chun seasamh ceannasach an Aontais i bhforbairt intleachta saorga a neartú, intleacht shaorga atá dírithe ar an duine, agus atá inbhuanaithe, slán, cuimsitheach agus iontaofa. Sa phlean sin moltar gníomhaíochtaí comhpháirteacha le haghaidh comhar chun a chinntiú go ndéanfar na hiarrachtaí ar fad a ailíniú leis an Straitéis i dtaca leis an intleacht shaorga agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus na dúshláin nua a eascraíonn as paindéim COVID-19 á gcur san áireamh.

Grianghraf d’obrádlann.
Chuidigh an tionscadal Conscious Distributed Adaptive Control le teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt agus a bhailíochtú go cliniciúil, ar teicneolaíochtaí iad ar baineadh úsáid astu in athshlánú breis agus 3 000 othar stróic ar fud na hEorpa.
Grianghraf de bharr i ngort.
Tá teicneolaíochtaí braiteoirí cliste agus teicneolaíochtaí mórshonraí á bhforbairt ag an Ionad Barr Feabhais um Ardteicneolaíochtaí sa Talmhaíocht Inbhuanaithe agus sa tSlándáil Bia, ar teicneolaíochtaí iad a d’fhéadfadh cabhrú le feirmeoirí tuilleadh bia a tháirgeadh ar bhealach atá inbhuanaithe don tsochaí, d’ioncam feirme agus don chomhshaol.
Grianghraf de bhean ag breathnú ar a fón cliste.
Is éard a chuirtear ar fáil le WeVerify córais fíorúcháin lena gcuidítear le seiceálaithe fíricí, iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine agus saoránaigh chun físeáin agus íomhánna ar líne a bhréagnú agus seiceáil fíricí a dhéanamh orthu.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Aontas cheana féin le haghaidh raon leathan tionscadal intleachta saorga in go leor réimsí den tsochaí, cuir i gcás talmhaíocht, cúram sláinte agus an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise.

An Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, an tImeall agus an Néal

Sa gheilleagar tionsclaíoch, is tábhachtach an acmhainn iad na sonraí, agus tá siad á stóráil sa néal níos mó ná riamh. Is féidir le gnólachtaí rochtain a fháil ar acmhainní ríomhaireachta a óstálann tríú páirtithe ar an idirlíon in ionad a mbonneagar TF féin a thógáil. Is é an néalríomhaireacht a thugtar ar an stór acmhainní sin de ghnáth. In 2021, bhain 42 % de ghnólachtaí an Aontais úsáid as an néalríomhaireacht (i gcomparáid le 36 % in 2020 agus 19 % in 2016). Táthar ag tuar go ndéanfar, faoi 2025, 80 % de na sonraí go léir a phróiseáil le feistí cliste atá níos gaire don úsáideoir – rud ar a dtugtar an imeall-ríomhaireacht – seachas in ionaid sonraí móra an lae inniu.

Ar na cúiseanna sin, is é is aidhm don Chomhghuaillíocht Eorpach nua um Shonraí Tionsclaíocha, an tImeall agus an Néal seasamh thionscal an Aontais i dteicneolaíochtaí néalríomhaireachta agus imeallríomhaireachta a neartú, agus gnólachtaí, Ballstáit agus saineolaithe sa réimse sin a thabhairt le chéile ag an am céanna. Cuideoidh an chomhghuaillíocht le cumhacht na néalríomhaireachta agus na himeallríomhaireachta a chur ar fáil agus tacóidh sí le forbairt teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, an intleacht shaorga, idirlíon na rudaí nithiúla agus 5G, cuir i gcás. Bainfear é sin amach agus cuirfear bonneagar néalríomhaireachta inbhuanaithe ar fáil agus cinnteofar gur mó an smacht a bheidh ag daoine san Aontas ar a gcuid sonraí.

Léiríonn an ghrafaic eolais seo an dóigh a dtiocfaidh athrú ar an bpróiseáil sonraí.

In 2018, is i lárionaid sonraí agus in áiseanna ríomhaireachta láraithe a rinneadh 80 % den phróiseáil sonraí agus anailís sonraí, agus is trí earraí nasctha cliste a úsáid a rinneadh 20 % de. In 2025, is i lárionaid sonraí agus in áiseanna ríomhaireachta láraithe a dhéanfar 20 % den phróiseáil sonraí, agus is trí earraí nasctha cliste a úsáid a dhéanfar 80 % de.

Na sár-ríomhairí

Agus líon na sonraí atá á nginiúint i gcónaí ag dul i méid, tá cineál na ríomhaireachta ag athrú. Sa lá atá inniu ann, is féidir le sár-ríomhairí na milliúin billiún oibríochtaí a dhéanamh – agus beidh siad in ann na billiúin billiún oibríochtaí a dhéanamh in aghaidh an tsoicind sul i bhfad, agus tá siad ag cabhrú le fadhbanna casta a réiteach. I measc na n-oibríochtaí sin, déantar anailís ar éifeachtaí an athraithe aeráide agus maolaítear na héifeachtaí sin agus cuirtear leis an eolas i réimsí eolaíochta éagsúla chun cóireáil le haghaidh COVID-19 a fhorbairt.

In 2018, chun go bhféadfadh an tAontas a bheith ina cheannródaí sár-ríomhaireachta, cruthaíodh an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach chun acmhainní Eorpacha agus náisiúnta a chomhthiomsú chun sár-ríomhairí agus teicneolaíochtaí den scoth a fháil agus a úsáid. Tugann an tionscnamh an tAontas, na 27 mBallstát, trí thír eile agus dhá chomhalta ón earnáil phríobháideach le chéile: an tArdán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus DAIRO/Big Data Value Association.

I mí Iúil 2021, ghlac an tAontas rialachán nua lena réitítear an bealach chun an chéad ghlúin eile de na sár-ríomhairí a fhorbairt san Eoraip. Thairis sin, spreagfaidh sé sin inniúlacht an chomhghnóthais cistí a tharraingt as Fís Eorpach, as an gClár don Eoraip Dhigiteach agus as SCE Digiteach chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa tsár-ríomhaireacht agus sa ríomhaireacht chandamach, agus chun tacú le clár uaillmhianach taighde agus nuálaíochta an Aontais. In éineacht leis an infheistíocht ó na tíortha rannpháirteacha agus ó na comhaltaí san earnáil phríobháideach, is fiú thart ar EUR 7 mbilliún an infheistíocht sin.

Tá seacht sár-ríomhaire de scoth an domhain mhóir faighte ag an Aontas. Thosaigh Discoverer sa Bhulgáir, MeluXina i Lucsamburg agus Vega sa tSlóivéin ag feidhmiú go lánoibríochtúil in 2021, agus osclaíodh Karolina sa tSeicia, Leonardo san Iodáil, Deucalion sa Phortaingéil agus LUMI san Fhionlainn in 2022.

Seastán taispeántais ar a bhfuil lógó Vega. © Cartlann IZUM, 2021
Is féidir le Vega, an chéad sár-ríomhaire de scoth an domhain atá ag an Aontais, ríomhaire a seoladh in Maribor na Slóivéine i mí Aibreáin 2021, 6.9 milliún billiún ríomh a dhéanamh in aghaidh an tsoicind. © IZUM archive, 2021

An t-airgeadas digiteach

In 2021, rinne an Coimisiún dul chun cinn leis na comhreachtóirí maidir le comhaid na Margaí Criptea-Shócmhainní agus comhaid an Ghnímh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil, rud a mhol sé i mí Mheán Fómhair 2020 mar chuid dá phacáiste airgeadais dhigitigh. Ina theannta sin, i mí na Nollag, d’fhormhuinigh na Ballstáit an comhaontú ar thángthas air leis an bParlaimint maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair margaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT). Tá criptea-shócmhainní ar cheann de na príomhbhealaí a gcuirtear DLT chun feidhme le haghaidh an airgeadais. Leis an gcóras píolótach, leagtar síos na coinníollacha maidir le cead bonneagar margaidh DLT a oibriú, sainítear na hionstraimí airgeadais DLT is féidir a thrádáil agus sonraítear an comhar idir oibreoirí bhonneagar margaidh DLT agus na húdaráis. Cuirfidh sé ar chumas rialtóirí agus rannpháirtithe sa mhargadh taithí a fháil ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid (i.e. an teicneolaíocht a úsáidtear chun ionstraimí airgeadais “céadchomharthaithe” a thrádáil agus a shocrú), agus, ag an am céanna, a chinntiú gur féidir leo déileáil le rioscaí do chosaint na n-infheisteoirí, do shláine an mhargaidh, sin agus don chobhsaíocht airgeadais.

An nascacht idirnáisiúnta

An cábla trasatlantach EllaLink, cábla a nascann Sines sa Phortaingéil agus Fortaleza sa Bhrasaíl, is é sin an chéad nasc díreach ardluais sonraí idir an Eoraip agus Meiriceá Laidineach. Chuidigh an tAontas le mórbhealach digiteach 34 000 km a chruthú chun tacú le malartú sonraí taighde agus oideachais, agus ag an am céanna leath na moille a sheachaint. Cuideoidh an chloch mhíle thábhachtach seo tuilleadh comhair a chothú idir an dá ilchríoch sna 25 bliana amach romhainn. Ar an iomlán, beidh 65 mhilliún úsáideoir i mbreis agus 12 000 institiúid oideachais agus taighde san Eoraip, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib ag an tionscnamh “Nasc na hEorpa le Meiriceá Laidineach a Thógáil”, nuair a chuirtear san áireamh comhroinnt na ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus sonraí faoi chúrsaí domhanbhreathnóireachta.

Teaghlach óg le leanbh beag agus iad ag bolú bláthanna i bpáirc.

Cosaint na ndaoine agus cosaint na saoirsí

Feabhas ar shláinte an Aontais Eorpaigh

Is éard a tharla de bharr phaindéim COVID-19 gur cuireadh sláinte an phobail ar bharr chlár oibre an Aontais. D’fhógair an tUachtarán Ursula von der Leyen i mí Mheán Fómhair 2020 go raibh rún ann Aontas Sláinte na hEorpa a neartú, agus tá bunsraith leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach ó shin, agus é ag foghlaim ón bpaindéim.

Ullmhú agus freagairt do ghéarchéimeanna sláinte

Is é an chéad cholún den Aontas Sláinte an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus an fhreagairt do ghéarchéimeanna. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le bagairtí sláinte trasteorann chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 a chur san áireamh. Tá sainordú níos láidre á fháil ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, dhá sciath chosanta sa chomhrac i gcoinne COVID-19, chun dul i ngleic le géarchéimeanna sláinte san am atá romhainn. Tá sé beartaithe go gcuirfidh na príomhghníomhaireachtaí sláinte AE sin tuilleadh treoir eolaíoch mar aon le comhordú méadaithe ar fáil le linn géarchéimeanna. Laghdófar riosca na nganntanas táirgí leighis a bhuí le faireachán níos fearr agus ullmhacht níos fearr. Má chomhaontaítear tograí an Choimisiúin, nuair a thiocfaidh sin i gceist, féadfar géarchéim sláinte poiblí a fhógairt ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, rud a chumasóidh bearta áirithe chun freagairt níos láidre a dhéanamh.

Cé nach bhfuil deireadh le paindéim COVID-19 go fóill, ní mór don Aontas Eorpach a bheith ullamh roimh bhagairtí sláinte trasteorann san am atá le teacht. I mí an Mheithimh, thíolaic an Coimisiún teachtaireacht maidir leis na chéad cheachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim, agus maidir leis an gcaoi le tógáil orthu chun feabhas a chur ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Cabhróidh sé sin chun rioscaí don tsláinte phoiblí a thuar agus feabhas a chur ar an bpleanáil teagmhais, rud a fhágfaidh go mbeidh comhfhreagracht níos tapúla agus níos éifeachtaí ann ar gach leibhéal. Dírítear sa teachtaireacht ar ullmhacht agus ar fhreagairt i leith na sláinte, agus tarraingíonn sí ar dheich gceacht luatha ón ngéarchéim sláinte ar gá don Aontas gníomhú ina leith.

Físeán ina mínítear na hathruithe a tháinig ar ullmhacht éigeandála sláinte an Aontais ó thús phaindéim Covid 19.
FÍSEÁN An tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le Géarchéimeanna Sláinte

Mar chuid dá fhreagairt, sheol an Coimisiún an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Fhreagairt i gcás Géarchéimeanna Sláinte (HERA). Gné lárnach den Aontas Eorpach Sláinte is ea an HERA a oibriú ar dhá mhodh éagsúla: Modh na hullmhachta agus modh na géarchéime. Ar an iomlán, cuirfidh an t-údarás feabhas ar fhorbairt, ar mhonarú, ar sholáthar agus ar dháileadh an Aontais ar fhrithbhearta leighis tábhachtacha (e.g. vacsaíní, antaibheathaigh, trealamh leighis, tástálacha diagnóiseacha nó trealamh cosanta pearsanta) laistigh den Aontas.

Glacadh an pacáiste lenar bunaíodh an HERA an 16 Meán Fómhair. Chuir an t-údarás tús lena chuid oibre an 1 Deireadh Fómhair, ag tógáil ar na bunsraitheanna a leag an Ghorlann HERA, dream a thosaigh a gcuid oibríochtaí i mí Feabhra 2021 chun AE a ullmhú do bhagairt mhéadaithe na malairtí coróinvíris. Tá HERA i mbun oibre ón 1 Eanáir 2022, agus tá buiséad iomlán táscach luach EUR 6 bhilliún aici le haghaidh na tréimhse 2022–2027.

Le linn an mhodha ullmhachta, oibreoidh HERA ar mheasúnuithe ar bhagairtí agus ar bhailiú faisnéise; agus taighde agus forbairt; aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an mhargaidh; Soláthar na bhfrithbheart leighis a chinntiú; agus eolas agus scileanna a neartú.

I mbearta éigeandála HERA, bíonn na nithe seo a leanas san áireamh: monatóireacht, soláthar, ceannach agus monarú frithbhearta leighis a bhfuil baint acu le géarchéimeanna, mar aon le saoráidí AE FAB a ghníomhachtú (líonra saoráidí táirgthe don mhonarú vacsaíní agus cógas a bhíonn réidh i gcónaí le cur i bhfeidhm), pleananna taighde géarchéime agus nuálaíochta a chur i ngníomh, fardal a bhunú le haghaidh saoráidí táirgthe frithbhearta leighis atá ábhartha don ghéarchéim agus maoiniú na ngéarchéimeanna a éascú.

Cuirfear de chúram ar an údarás roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta. Áirítear orthu sin comhoibriú le comhpháirtithe domhanda chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill idirnáisiúnta sa slabhra soláthair; an táirgeacht dhomhanda a mhéadú; an faireachas domhanda a threisiú; agus comhar agus tacaíocht a éascú do na geallsealbhóirí domhanda chun infhaighteacht agus inrochtaineacht na bhfrithbheart leighis a chinntiú do Bhallstáit AE agus do thíortha nach bhfuil san Aontas. Áirítear leo freisin saineolas a fhorbairt chun acmhainní áitiúla monaraíochta agus dáileacháin a fhorbairt, agus tacú le rochtain ar fhrithbhearta leighis a fhaigheann maoiniú ón Aontas nó ar de sholáthar an Aontais iad.

Tá HERA ag obair i bpáirt leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa, le gníomhaireachtaí AE, sin agus le páirtithe leasmhara – taighdeoirí, cuideachtaí biteicneolaíochta, monaróirí agus rialtóirí – chun nua malairtí a bhrath agus a chur i dtréith go tapa, chun vacsaíní a oiriúnú de réir mar is gá agus chun acmhainní táirgeachta a mhéadú le haghaidh na bhfrithbhearta leighis. Mar shampla, chuir sé an Sainghrúpa maidir le Malairtí SARS-CoV-2 ar fáil chun comhairle a thabhairt maidir leis an ngá atá ann le vacsaíní nua nó vacsaíní oiriúnaithe a fhorbairt, agus maidir leis an ngá atá ann le bearta breise sláinte poiblí a fhorbairt ar leibhéal an Aontais mar gheall ar mhalairtí nua atá ag teacht chun cinn. Ina theannta sin, chuaigh an t-údarás tar éis dul i ndlúththeagmháil leis na Ballstáit agus le táirgeoirí vacsaíní a bhfuil tús curtha acu le hanailís ar mhalairt Omicron agus éifeachtacht a gcuid vacsaíní a thástáil ina aghaidh. Thairis sin, tá HERA i dteagmháil freisin le tíortha nach bhfuil san Aontas chun réimsí don chomhar agus don mhalartú a fhiosrú.

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

Faoin dara colún den Aontas Sláinte táthar ag dul i ngleic leis an dara cúis bháis is mó san Aontas Eorpach. In 2020, rinneadh diagnóis go raibh ailse ar 2.7 milliún duine san Aontas Eorpach, rud a d’fhág go raibh fulaingt mhór ar othair, ar mharthanóirí agus ar mhuintir na n-othar, idir chorp agus anam. Cuireann an ailse ualach mór ar an tsláinte agus ar na córais shóisialta freisin, agus cuireann sí fás agus iomaíochas an gheilleagair agus sláinte an lucht saothair i mbaol. Mar sin féin, 40 % de na cineálacha ailse atá ann is féidir a mbac, rud a chiallaíonn go bhfuil nasc acu le nósanna maireachtála (aiste bia, aclaíocht, caitheamh tobac, ól alcóil, etc.) nó truailliú comhshaoil, nó go bhfuil vacsaín ina n-aghaidh ar fáil.

Is é is aidhm do Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, a glacadh i mí Feabhra 2021, dul i ngleic leis an ngalar ag gach céim trí chur chuige comhtháite, sláinte i ngach beartas agus páirtithe leasmhara éagsúla. Tá sé bunaithe ar dheich dtionscnamh shuaitheanta chun feabhsuithe a chur ar fáil – cosc agus luathbhrath, diagnóisiú agus cóireáil, sin agus caighdeán saoil níos fearr d’othair ailse agus do na marthanóirí, chomh maith lena chinntiú go bhfaigheann othair rochtain chomhionann ar chúram sláinte ardcháilíochta.

Stella Kyriakides agus í ag breathnú thar an gceamara, agus biorán ailse cíche á chaitheamh aici.
Stella Kyriakides, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, le linn a cuairte ar Institiúid Taighde Ailse Naomh Anna (St Anna Kinderkrebsforschung), Vín, an Ostair, an 1 Deireadh Fómhair 2021.

Oibreoidh Misean an Aontais maidir le hAilse, Fís Eorpach – ceann de chúig mhisean nua AE a fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2021 – leis an bPlean Sáraithe Ailse chun saol níos mó ná 3 milliún duine a fheabhsú faoi 2030 trí chosc níos fearr, trí chóir níos éifeachtaí agus trí cháilíocht mhéadaithe beatha. Ar an iomlán, cuirfidh an Clár EU4Health agus ionstraimí eile de chuid an Aontais tacaíocht luach EUR 4 bhilliún nó mar sin ar fáil do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí sa dícheall atá siad a dhéanamh chun córais sláinte a neartú agus aghaidh a thabhairt ar chosc agus ar chúram na hailse.

Léiríonn an ghrafaic eolais seo roinnt príomhghníomhaíochtaí Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa.

Is ar an gcosc, an diagnóis, an chóireáil agus an cháilíocht saoil a dhíríonn na príomhghníomhaíochtaí. Is é is aidhm dóibh sin truailliú an chomhshaoil agus tomhaltas díobhálach alcóil agus tobac a laghdú, slite maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn, rochtain ar scagthástáil i leith ailse cíche, ceirbheacs agus cholaireicteach a chinntiú do 90 % de dhaonra incháilithe an Aontais faoi 2025, ar a laghad 90 % de chailíní san Aontas a vacsaíniú in aghaidh an phapalómaivíris dhaonna agus vacsaíniú na mbuachaillí a mhéadú go mór faoi 2030, agus rochtain ar ionaid chuimsitheacha náisiúnta ailse a chinntiú do 90 % d’othair incháilithe faoi 2030. Tá os cionn 12 mhilliún duine san Aontas a tháinig slán ón ailse a bhuí leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an luathbhrath, teiripí éifeachtacha agus an cúram tacúil.

Straitéis Chógaisíochta don Eoraip

Is é an tríú colún an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip, agus seoladh é in 2020. Athchóiriú iomlán ar chórais na gcógas leighis san Aontas, sin é atá ann. Tabharfaidh sé aghaidh ar na dúshláin sheanbhunaithe atá roimh chóras cógaisíochta an Aontais, cothóidh sé an nuálaíocht (ar mhaithe le riachtanais mhíochaine nach bhfuiltear ag freastal orthu mar shampla) agus cosnóidh sé infhaighteacht na gcógas, ní hamháin le linn géarchéime ach sa ghnáththréimhse freisin. I measc na ngníomhaíochtaí suaitheanta atá aici, tá athbhreithniú ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais agus an t-idirphlé struchtúrtha maidir le slándáil sholáthar na gcógas. Is próiseas é an dara ceann a thosaigh i mí Feabhra 2021 agus a bhfuil sé d’aidhm aige na bearta beartais a shainaithint lena neartófaí athléimneacht slabhraí soláthair cógaisíochta agus lena n-áiritheofaí soláthar slán cógas.

Tá an Coimisiún ag infheistiú níos mó ná riamh sna tosaíochtaí práinneacha sláinte sin. Is é an clár nua EU4Health, clár a seoladh i mí an Mhárta, an fhreagairt uaillmhianach atá ag an Aontais ar phaindéim COVID-19. Tá níos mó i gceist leis ná freagairt ar ghéarchéimeanna, agus féachfaidh sí leis an tsláinte a fheabhsú agus a chothú san Aontas, córais náisiúnta cúraim sláinte a neartú agus rochtain ar chógais, ar fheistí leighis agus ar tháirgí a bhaineann le géarchéim a fheabhsú.

Le EU4Health, déanfaidh AE EUR 5.3 billiún a infheistiú, ina phraghsanna reatha, i dtionscnaimh ina gcuireann an ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais breisluach ar fáil, rud a chuireann le beartais na mBallstát agus a shaothraíonn ceann amháin nó níos mó de chuspóirí EU4Health.

An tsláinte san Aontas a fheabhsú agus a chothú.

Daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

Feabhas a chur ar tháirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime.

Córais sláinte a neartú.

Ár ndaonlathas a neartú

Tá athrú ó bhonn aníos tagtha ar an díospóireacht faoin daonlathas le blianta beaga anuas, sin agus ar na bealaí ina bhfaigheann na daoine rochtain ar fhaisnéis, tuilleadh agus tuilleadh de ar líne. Ag an am céanna, tá níos mó saoránach AE ná riamh ag feidhmiú a gceart daonlathach chun vótáil agus chun seasamh i dToghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin na mbardas sa Bhallstát ina gcónaíonn siad féin. Chomh maith leis sin, tá méadú tagtha ar thábhacht na fógraíochta polaitiúla i dtaobh le feachtasaíocht san Aontas. Le haitheantas a thabhairt don athrú sin i saol na linne, agus chun an daonlathas agus sláine na dtoghchán a atreisiú, leag an Coimisiún amach tograí nua i mí na Samhna maidir le fógraíocht pholaitiúil, cearta toghcháin shaoránaigh an Aontais a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta á gcleachtadh acu, sin agus maidir le maoiniú na bpáirtithe.

Cuireann na tograí leis an taithí a fuarthas le linn thoghcháin Eorpacha 2019 agus comhlíonann siad na tosaíochtaí a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Dhaonlathas agus sa Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020. Lena chinntiú gur de réir na gcaighdeán daonlathacha is airde a reáchtálfar toghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa, is é aidhm atá ann go dtiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm agus go gcuirfidh na Ballstáit chun feidhme iad go hiomlán faoi earrach na bliana 2023.

Fógraíocht pholaitiúil

Cuireann an chumarsáid dhigiteach agus an t-idirlíon a lán deiseanna ar fáil do pholaiteoirí le teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh, agus deiseanna do na saoránaigh páirt a ghlacadh sa díospóireacht dhaonlathach. Mar sin féin, léiríonn na toghcháin a bhí ann le déanaí gur féidir digitiú agus fógraíocht ar líne a úsáid uaireanta chun críocha na cúblála agus na bréagaisnéise (féach Caibidil 1 maidir le gníomhaíocht i gcoinne na bréagaisnéise freisin).

I mí na Samhna, mhol an Coimisiún reachtaíocht chun breis trédhearcachta a chinntiú san fhógraíocht pholaitiúil. Áireofar sna ceanglais chomhchuibhithe trédhearcachta faisnéis ábhartha a sholáthar le go bhféadfaidh na saoránaigh, na húdaráis inniúla agus na geallsealbhóirí ábhartha eile fógra polaitiúil a shainaithint go soiléir agus foinse na teachtaireachta polaitiúla agus na ndaoine a d’íoc as a fháil amach. Ní cheadófar teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin ach amháin má tá siad de réir ceanglais mhaithe trédhearcachta. Tabharfaidh sé sin de chumhacht do dhaoine aonair a gcinneadh cé acu atá nó nach bhfuil fógraíocht pholaitiúil dírithe orthu agus cinneadh an bhfuil siad ag iarraidh na fógraíochta sin nó nach bhfuil.

Comhlánóidh an togra na rialacha a leagtar amach sa togra ón gCoimisiún maidir le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus é d’aidhm leis rialacha tiomnaithe a bheith i bhfeidhm roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí na Bealtaine 2024.

Saoirse na meán

Ionsaíodh 908 n-iriseoir agus oibrí sna meáin i 23 Bhallstát in 2020.

Ionsaíodh 175 iriseoir agus oibrí sna meáin nó tharla teagmhais dóibh le linn agóidí san Aontas in 2020.

D’fhulaing 73 % de na hiriseoirí ban foréigean ar líne in 2020.

Maraíodh 23 iriseoir san Aontas ó bhí 1992 ann, agus is le 6 bliana anuas a tharla formhór na maruithe.

Is ríthábhachtach an rud é saoirse na meán chun daonlathas feidhmiúil a bhaint amach. Agus an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Dhaonlathas á chur i gcrích ag an Aontas, tá gníomhaíocht á déanamh aige chun saoirse na meán a chaomhnú agus chun na bagairtí atá á ndéanamh orthu a chomhrac. I mí Mheán Fómhair, rinne an Coimisiún moladh maidir le sábháilteacht na n-iriseoirí. Cuireann sí treoir ar fáil do na Ballstáit maidir le conas an tsábháilteacht fhisiciúil agus sábháilteacht ar líne na n-iriseoirí agus na ngairmithe sna meáin a fheabhsú, ag díriú ar bhagairtí nua ar líne, go háirithe i gcoinne iriseoirí ban nó iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh nó a thuairiscíonn ar mhionlaigh.

Céim eile is ea iriseoirí agus cosantóirí na gceart a chosaint ar chásanna mí-úsáide a bhfuil sé d’aidhm acu iad a dhíspreagadh ó pháirt a ghlacadh i gcúrsaí a bhaineann le leas an phobail. I mí Dheireadh Fómhair, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun fadhbanna a shainaithint sa réimse seo agus chun tuairimí a iarraidh maidir lena bhfuil le déanamh. Tá togra ón gCoimisiún le haghaidh tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh maidir leis an tsaincheist sin le tabhairt i gcrích in 2022. Tugann an tAontas maoiniú do thionscadail a bhaineann le saoirse agus iolrachas na meán freisin. Tionscadal amháin den sórt sin is ea an Monatóir ar Úinéireacht Euromedia, tionscadal a seoladh i mí Mheán Fómhair 2021 chun bunachar sonraí faisnéise faoi úinéireacht na meán a chur ar fáil, chun creataí dlíthiúla ábhartha a mheasúnú agus rioscaí féideartha do thrédhearcacht in úinéireacht na meán a aithint.

Chuir an Coimisiún na bearta a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta do na Meáin Chumarsáide agus don Chlosamharc i bhfeidhm freisin. Mar shampla, le linn an tsamhraidh, sheol an Coimisiún glao ar chomhpháirtíochtaí iriseoireachta Eorpacha faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta. D’ullmhaigh an Coimisiún na chéad chéimeanna eile freisin tar éis don Uachtarán von der Leyen a fhógairt ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2021, go bhfuil an tAcht um Shaoirse na Meán le glacadh in 2022.

San am céanna, lean an Coimisiún den fhaireachán ar shaoirse agus ar iolrachas na meán ar fud na mBallstát uile mar chuid dá thuarascáil bhliantúil faoin smacht reachta.

An smacht reachta a choimirciú

I mí Iúil, d’fhoilsigh an Coimisiún an dara tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta in AE, agus bhí caibidil ar leith ann faoi gach Ballstát faoi seach. An tuarascáil ar an smacht reachta ceaptha is timthriall bliantúil atá ann chun an smacht reachta a chur chun cinn, chun fadhbanna a shrianadh, agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Cumhdaítear ceithre phríomhcholún sa tuarascáil: córais náisiúnta dlí; creataí frithéillithe; saoirse agus iolrachas na meán; agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann leis na srianta agus na ceartúcháin ar cuid ríthábhachtach iad de dhaonlathas feidhmiúil.

In eagrán 2021, tá tuairisc ar fhorbairtí ón tuarascáil roimhe seo agus tá tionchar phaindéim COVID-19 san áireamh ann. Fuarthas amach ar an iomlán sa tuarascáil go bhfuil go leor forbairtí dearfacha i mBallstáit an Aontais, ina measc sin na cásanna ina bhfuil aghaidh á tabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh i dtuarascáil 2020.

Mar sin féin, tá ábhair imní fós ann i roinnt Ballstát, mar shampla maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna agus staid na meán. Léirigh an phaindéim freisin a thábhachtaí atá sé go bhféadfaí an córas srianta agus ceartúchán a riar chun seasamh leis an smacht reachta.

Lean an Coimisiún dá ról ina chaomhnóir ar na conarthaí trí nósanna imeachta um shárú a sheoladh. I mí Aibreáin, chuir an Coimisiún an Pholainn chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an dlí i ndáil le breithiúna 2019 agus maidir le gníomhaíochtaí leanúnacha Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí maidir le cásanna a bhaineann leis na breithiúna. D’iarr an Coimisiún ar an gCúirt bearta eatramhacha a ordú freisin, rud a dheonaigh an Chúirt an 14 Iúil.

I mí Mheán Fómhair, d’iarr an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais pionóis airgeadais laethúla a fhorchur ar an bPolainn fad is nach gcuirfí ordú na Cúirte maidir le bearta eatramhacha an 14 Iúil chun feidhme ina iomláine. An 27 Deireadh Fómhair, d’ordaigh an Chúirt pionós laethúil EUR 1 mhilliún a íoc de dheasca neamhchomhlíonadh.

I gcomhthéacs nós imeachta um shárú eile, chuir an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an bPolainn faoi Airteagal 260(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gan na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Iúil 2021 a chomhlíonadh go hiomlán, inar cinneadh go bhfuil dlí na Polainne in aghaidh breithiúna ar neamhréir le dlí an Aontais. Tá mionanailís á déanamh ar an bhfreagra sula ndéanfar cinneadh maidir leis na chéad chéimeanna eile.

I mí Iúil, sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh na hUngáire maidir le cosaint na gceart bunúsach agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. (Féach freisin Caibidil 7.)

Chomh maith le himeachtaí um shárú a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar sháruithe sonracha ar dhlí an Aontais, tá foráil in Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an nós imeachta níos ginearálta chun seasamh le luachanna coiteanna an Aontais, lena n-áirítear an smacht reachta. Tá dhá nós imeachta ar feitheamh sa Chomhairle, ceann a thionscain an Coimisiún i gcoinne na Polainne in 2017, ceann ó Pharlaimint na hEorpa i gcoinne na hUngáire in 2018, d’fhonn a chinneadh an bhfuil baol soiléir ann go ndéanfaí sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais. Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí sna réimsí a chumhdaítear leis na tograí réasúnaithe in 2020 agus in 2021.

Buiséad an Aontais a chosaint

Le Rialachán 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, áirithítear gur fearr a bheidh an tAontas in ann déileáil le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais. In éineacht leis na hionstraimí eile atá i bhfeidhm cheana féin, cinntíonn sé go dtéann gach euro san áit a bhfuil gá leis agus cruthaíonn sé breisluach do na saoránaigh.

Ó tháinig an rialachán i bhfeidhm i mí Eanáir 2021, tá faireachán déanta ag an gCoimisiún ar an scéal ar fud na mBallstát agus tá faisnéis ábhartha bailithe aige. Tá tuarascáil an Choimisiúin ar an smacht reachta ar cheann de na foinsí faisnéise a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta faoin rialachán a shainaithint agus a mheas. Ina theannta sin, cuirtear cinntí ón gCúirt Bhreithiúnais, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus conclúidí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha san áireamh in anailís an Choimisiúin. Tá sraith treoirlínte á n-ullmhú ag an gCoimisiún chun roinnt gnéithe a bhaineann le feidhmiú an rialacháin a shoiléiriú.

Teagmháil leis na saoránaigh

I mí Dheireadh Fómhair ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle leasú ar Rialachán Aarhus lena neartófar cumas shochaí shibhialta an Aontais agus cumas an phobail i gcoitinne grinnscrúdú a dhéanamh ar chinntí a dhéanann difear don chomhshaol. Is féidir le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a iarraidh ar institiúidí an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí chun cosaint níos fearr don chomhshaol agus gníomhú níos éifeachtaí ar son na haeráide a chinntiú.

In 2021, thug an Coimisiún freagra ar dhá Thionscnamh Eorpacha ó na Saoránaigh, ar tionscnaimh iad a raibh tacaíocht acu ó os cionn 1 mhilliún saoránach den Aontas. I gcás “Minority SafePack”, tionscnamh a bhaineann leis an éagsúlacht chultúrtha agus teanga, thug an Coimisiún achoimre ar ghníomh leantach neamhreachtach a dhéanfaí, agus i gcás “End the Cage Age” d’fhógair sé go raibh sé beartaithe aige a mholadh roimh 2024 go gcuirfí deireadh de réir a chéile le húsáid cásanna le haghaidh ainmhithe feirme áirithe. Mar obair leantach ar an tionscnamh “Right2Water” a bhí ann in 2014, tháinig an Treoir athbhreithnithe maidir le hUisce Óil i bhfeidhm i mí Eanáir agus, mar obair leantach ar an tionscnamh “Ban Glyphosate” a bhí ann in 2017, is infheidhme ó mhí an Mhárta an Rialachán maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú riosca an Aontais sa bhiashlabhra. Cláraíodh aon cheann déag de thionscnaimh nua in 2021.

Sheol an Coimisiún 116 chomhairliúchán phoiblí in 2021 agus fuair sé 757 315 aighneacht chomh maith le 104 771 fhreagra ar dheiseanna eile chun aiseolas a thabhairt (treochláir agus dréachtghníomhartha mar shampla). Ina theannta sin, thug an Coimisiún freagra ar gach ceann de na 283 mholadh a fuair sé go dtí seo tríd an tairseach Cloisimis uait: Simplímis iad! . Déantar na moltaí ábhartha a mheas tríd an ardán Réidh don Todhchaí, ar grúpa saineolaithe ardleibhéil é, agus an clár oibre bliantúil don ardán sin á dhréachtú. Tá an grúpa comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún, agus páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Déanann Líonra Toscairí na FBManna ionchur a chur ar fáil agus bíonn ionadaíocht aige i gcruinnithe iomlánacha an ghrúpa.

Imirce agus tearmann

I mí Mheán Fómhair, ghlac an Coimisiún an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, bliain tar éis ghlacadh an chomhshocraithe sin i mí Mheán Fómhair 2020. Thug sé dá aire go mbeadh an tAontas fós leochaileach agus ar easpa ullmhúcháin chun gníomhú maidir le cúinsí athraitheacha go dtí go ndéanfaí athchóiriú cuimsitheach ar chóras tearmainn agus imirce an Aontais.

I mí Feabhra, chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an chéad mheasúnú fíorasach maidir leis an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta i ndáil leis an athligean isteach faoin gCód Víosaí athbhreithnithe agus mar chuid den chur chuige cuimsitheach i dtaca leis an mbeartas imirce a leagtar amach sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Bhí teachtaireacht ag gabháil leis an gcéad mheasúnú sin inar leagadh amach an chaoi a gcuirfeadh an tAontas feabhas ar an gcomhar maidir leis an bhfilleadh agus leis an athligean isteach.

I mí Aibreáin 2021, ghlac an Coimisiún an chéad Straitéis AE maidir le filleadh deonach agus athimeascadh, arb é is aidhm di an sciar de na fillteacha atá deonach a mhéadú, rud a chuireann leis an bhfilleadh daonna díniteach agus a fheabhsaíonn an comhar le tíortha comhpháirtíochta i ndáil leis an athligean isteach. Ag an am céanna, cuidíonn an t-athimeascadh le daoine atá ag filleadh ó Bhallstáit an Aontais agus le daoine atá ag filleadh ó thíortha nach bhfuil san Aontas araon deiseanna a thapú ina dtír dhúchais, cur le forbairt an phobail agus muinín a chothú sa chóras imirce.

Cuireann an straitéis uirlisí agus treoraíocht ar fáil a fheabhsóidh inbhuanaitheacht an fhillte tríd an gcomhar sna tíortha comhpháirtíochta a mhéadú. In éineacht leis an straitéis, d’fhoilsigh an Coimisiún Creat an Aontais maidir leis an gComhairleacht Faoin bhFilleadh, agus Uirlis um Chúnamh leis an Athimeascadh ina leagtar amach (do na Ballstáit) an méid is gá chun struchtúir a chur ar bun le haghaidh comhairleacht faoin bhfilleadh. Cuimsíonn sé sin riachtanais acmhainní daonna agus maoiniú maille le húsáid na huirlise atreorúcháin, rud a fhágann gurb ann do shreabhadh slán faisnéise idir na comhairleoirí um fhilleadh agus na soláthraithe in earnáil an athimeasctha.

Tar éis iarrachtaí na Bealarúise an bonn a bhaint ó chobhsaíocht an Aontais agus a chuid Ballstát trí éascaíocht a dhéanamh d’imircigh neamhrialta agus tríd an gcinneadh Comhaontú AE–na Bealarúise um Athligean Isteach a chur ar fionraí, i mí Mheán Fómhair mhol an Coimisiún forálacha áirithe den Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a éascú leis an mBealarúis a chur ar fionraí, ach é sin dírithe ar oifigigh rialtais amháin seachas ar ghnáthshaoránaigh na Bealarúise. Ghlac an Chomhairle an togra ón gCoimisiún i mí na Samhna.

Scrúdaigh an Coimisiún riachtanais airgeadais agus oibriúcháin Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne, agus tá sé ag cur EUR 200 milliún breise ar fáil le haghaidh bainistiú teorainneacha, go speisialta mar fhreagairt d’ionstraimiú státurraithe na n-imirceach ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Ag an am céanna, tá dlús curtha aige leis an idirphlé le tíortha ábhartha nach Ballstáit den Aontas iad chun iad a chur ar an eolas faoin gcás agus chun a chinntiú go ngníomhóidh siad chun cosc a chur lena náisiúnaigh féin a thitim isteach sa ghaiste atá curtha ag údaráis na Bealarúise.

Rinneadh gníomhaíochtaí an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, a leagan amach i dteachtaireacht chomhpháirteach maidir le “Freagairt d'ionstraimiú státurraithe na n-imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais”, teachtaireacht a glacadh an 23 Samhain.

An 1 Nollaig, chuir an Coimisiún togra síos chun ligean do na Ballstáit is mó atá buailte a gcórais tearmainn a chur in oiriúint go sealadach do na cúinsí nua. Chun cuidiú leis na daoine leochaileacha atá sáinnithe sa Bhealarúis, bhí maoiniú daonnúil dar luach EUR 700 000 slógtha ag an gCoimisiún faoi dheireadh na bliana, agus tá sé faoi réir chun tuilleadh maoinithe a chur ar fáil. Soláthróidh an tAontas suas le EUR 3.5 milliún freisin chun tacú le daoine a fhillfidh go deonach ón mBealarúis. Ina theannta sin, tá baill foirne ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn roimhe seo) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí mar shampla, tá siad faoi réir lena n-imscaradh ag na teorainneacha seachtracha chun cúnamh a thabhairt do Bhallstáit an Aontais nuair a theastaíonn sin, agus tá siad gníomhach cheana féin sna Ballstáit lena mbaineann. D’fhonn creat buan a sholáthar, an 14 Nollaig ghlac an Coimisiún togra chun Cód Teorainneacha Schengen a leasú, maille le togra le haghaidh rialacháin lena dtugtar aghaidh ar chásanna ina ndéantar ionstraimiú ar imircigh.

An gháinneáil ar dhaoine a chomhrac

Léiríonn an ghrafaic eolais seo sonraí maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine.

Is cailíní agus mná 72 % de na híospartaigh gáinneála agus is buachaillí agus fir 23 % acu. Is saoránaigh den Aontas iad leath na n-íospartach nó mar sin. Déantar gáinneáil ar 60 % de na híospartaigh le haghaidh an dúshaothraithe ghnéasaigh, agus ar 15 % acu le haghaidh an tsaothair.

I mí Aibreáin, ghlac an Coimisiún Straitéis an Aontais chun an Gháinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, ar straitéis í a ghlacann cur chuige cuimsitheach lena gclúdaítear gach gné den ábhar ó gháinneáil a chosc agus íospartaigh a chosaint go dtí ionchúiseamh agus ciontú na ngáinneálaithe. Cuimsíonn sí tionscnaimh dlí, beartais agus oibriúcháin i gceithre réimse: an t-éileamh a laghdú a chothaíonn an gháinneáil le haghaidh an dúshaothraithe de gach cineál; samhail ghnó na ngáinneálaithe a bhriseadh; na híospartaigh a chosaint, a chumhachtú agus tacaíocht a thabhairt dóibh, maille le fócas sonrach ar na mná agus ar na leanaí; agus an ghné idirnáisiúnta. Chuaigh an Comhordaitheoir Frithgháinneála AE nuacheaptha i mbun oibre an 1 Iúil 2021.

I mí Mheán Fómhair, ghlac an Coimisiún Plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021–2025). Leagtar amach ann bearta chun an smuigleáil a chomhrac agus a chosc, agus chun a chinntiú go ndéantar cearta bunúsacha na n-imirceach a chosaint ina n-iomláine. Moltar ann freisin síneadh a chur leis na bearta sriantacha agus na smachtbhannaí coiriúla i gcoinne smuigléirí a neartú, agus cuirtear i láthair ann bearta chun dúshaothrú imirceach a chosc agus chun cur leis an eolas faoin smuigleáil. Cuirtear san áireamh sa phlean gníomhaíochta an méadú atá ag teacht ar ról na stát a ghníomhaíonn chun an imirce neamhrialta a éascú agus a úsáideann daoine chun brú a chur ar na teorainneacha seachtracha ar chúiseanna polaitiúla, rud a chonacthas in 2021 ag teorainn an Aontais leis an mBealarúis. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún bearta i láthair chun feabhas a chur ar éifeachtacht na Treorach maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí. Is é is aidhm do na bearta sin smachtbhannaí a chur ar fhostóirí a earcaíonn daoine nach bhfuil sé de cheart acu fanacht san Aontas, cearta na n-imirceach neamhrialta a chosaint agus foráil a dhéanamh maidir le cigireachtaí. Déanfar na bearta a chur chun feidhme in 2022.

I mí na Samhna, mhol an Coimisiún agus an tArdionadaí bearta chun cosc agus srian a chur le gníomhaíochtaí oibreoirí iompair a dhéanann nó a éascaíonn smuigleáil nó gáinneáil ar dhaoine isteach san Aontas. Cuirfidh sé sin uirlis nua le bosca uirlisí an Aontais chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus an gháinneáil ar dhaoine.

Cosaint a thabhairt do dhaoine atá i ngátar

Lean an Coimisiún ar aghaidh ag obair chun feabhas a chur ar bhainistiú na himirce agus ar ghlacadh agus ar dhálaí maireachtála na n-imirceach, go háirithe sa Ghréig. Mhéadaigh sé an tacaíocht a thugtar do na húdaráis náisiúnta tríd an Tascfhórsa um Bainistiú Imirce, tascfhórsa a bunaíodh in 2020 chun feabhas a chur ar ghlacadh agus ar dhálaí maireachtála na n-imirceach in Lesbos agus ar na hoileáin i dtuaisceart na Mara Aeigéiche. Osclaíodh an chéad ionad nua fáiltithe agus sainaitheanta in Samos i mí Mheán Fómhair, agus ina dhiaidh sin osclaíodh ionaid nua ar Kos agus Leros é sin i mí na Samhna. Osclófar ionaid nua ar Chios agus Lesbos in 2022. Tá EUR 276 mhilliún deonaithe ag an gCoimisiún don Ghréig chun na cúig ionad sin a thógáil.

Ina theannta sin, éascaíonn agus comhordaíonn an Coimisiún athshocrú grúpaí éagsúla imirceach ón nGréig, ón Iodáil agus ó Mhálta chuig Ballstáit den Aontas a bhfuil gealltanas tugtha acu. A bhuí le tréan-iarrachtaí na n-eagraíochtaí rannpháirteacha, agus le dlúthpháirtíocht na mBallstát ar thug an Coimisiún Eorpach tacaíocht dóibh, rinneadh breis agus 4 600 duine a athshocrú ón nGréig chuig Ballstáit eile in 2020 agus in 2021, agus rinneadh beagnach 3 000 duine a athshocrú ón Iodáil agus ó Mhálta idir 2018 agus deireadh 2021.

I mí Iúil, sheol an Coimisiún cleachtadh gealltanais le haghaidh athshocrú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil in 2021-2022. Ar an iomlán, gheall na Ballstáit 60 000 áit le haghaidh athshocrúcháin agus ligean isteach ar fhoras daonnúil i gcomhair na dtíortha agus na réigiún tosaíochta agus i gcomhair Afganastánaigh atá i mbaol. Tá tacaíocht airgeadais agus oibriúcháin ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann le fáil ag na Ballstáit chun a ngealltanas a chur chun feidhme.

Ylva Johansson agus Notis Mitarachi agus iad ag caitheamh masc agus cluasán raidió taobh istigh de héileacaptar.
Ylva Johansson, an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile (ar dheis), agus Notis Mitarachi, Aire Imirce agus Tearmainn na Gréige, le linn cuairt ar Lesbos na Gréige, an 29 Márta 2021. Thug Ylva Johansson cuairt freisin ar na hionaid ghlactha ar Lesbos agus ar Samos, agus mheas sí an dul chun cinn atá á dhéanamh ar na saoráidí glactha nua le haghaidh imirce agus tearmainn.

I mí an Mheithimh, thángthas ar chomhaontú maidir le sainordú nua na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn, sainordú a tháinig i bhfeidhm ag tús 2022 nuair a rinneadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann den oifig sin. Is é is aidhm don sainordú nua creat stóinseach dlíthiúil, oibríochtúil agus praiticiúil a thabhairt don ghníomhaireacht le go mbeidh gléas uirthi cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus cuidiú leo a gcórais tearmainn agus ghlactha a threisiú. In 2021, mhéadaigh an oifig an cúnamh a thug sí chun an Spáinn, Laitvia agus an Liotuáin a chuimsiú (sa bhreis ar an nGréig, an Iodáil, an Chipir agus Málta).

An imirce neamhrialta de réir na bhfigiúirí

Tháinig thart ar 182 600 imirceach neamhrialta ar na bealaí ar fad trí chéile idir mí Eanáir agus mí na Samhna 2021, i gcomparáid le 114 400 le linn na tréimhse céanna in 2020 (agus 125 100 le linn na bliana sin ina hiomláine) agus beagán faoi bhun 127 000 le linn na tréimhse céanna in 2019 (141 700 le linn na bliana ina hiomláine).

Córas glactha iarrthóirí tearmainn na Gréige a threisiú

Bhí tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach ina cuidiú don Ghréig chun cur leis an gcóiríocht faoi stiúradh an stáit le haghaidh iarrthóirí tearmainn leochaileacha, ar bhonn scéim na Náisiún Aontaithe maidir le tacaíocht éigeandála le himeascadh agus le cóiríocht. In 2019, chomhaontaigh an Ghréig le líonra árasán na scéime a ghlacadh ar láimh. Ba mhór an tasc é sin, agus bhí comhairle theicniúil ar an láthair ag teastáil ar bhonn laethúil. Sholáthair an Coimisiún tacaíocht theicniúil, le maoiniú ón gClár Tacaíochta AE um Athchóiriú Struchtúrach / ón Ionstraim AE um Thacaíocht Theicniúil. Bhain baill foirne ón Aireacht Imirce agus Tearmainn tairbhe as comhairle maidir le hacmhainneacht a fhorbairt, agus is féidir leo brath ar nósanna imeachta inmheánacha tapa agus ar chreat éifeachtúil dlíthe agus rialacha feasta chun an córas glactha a rith agus monatóireacht a dhéanamh ar dhálaí.

De réir sonraí ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, mí na Samhna 2021, tar éis mhaolú na srianta a bhain le COVID-19, tháinig méadú ar an trasnú neamhdhleathach ag gach teorainn de chuid an Aontais (+ 60 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020), agus bhí buaiceanna suntasacha le sonrú ar bhealach na Meánmhara Láir agus ar bhealach na mBalcán Thiar.

In 2021 tháinig méadú ar thrasnú neamhrialta Mhuir nIocht freisin. Tá comhar oibríochtúil praiticiúil i bhfeidhm cheana féin ag Ballstáit chósta an Aontais agus ag an Ríocht Aontaithe chun dul i ngleic go háirithe le líonraí smuigleála. Rinneadh foráil maidir leis an gcomhar sin sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe (féach an Dearbhú Polaitiúil Comhpháirteach maidir le Tearmann agus Filleadh). Ina theannta sin, faigheann na Ballstáit tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí. Maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta go sonrach, sheol sí Oibríocht Chomhpháirteach an Chósta Ópail chun tacú leis an bhFrainc trí aerfhaireachas, d’fhonn cur i gcoinne na smuigléirí daoine agus cosc a chur le cailleadh anama ar muir.

Léiríonn an graf sonraí seo maidir le trasnuithe teorann neamhdhleathacha isteach san Aontas ar phríomhbhealaí na Meánmhara.

Tá pátrún le sonrú ar na trasnuithe teorann neamhdhleathacha ar na trí phríomhbhealach (an Mheánmhuir Thiar, an Mheánmhuir Láir agus an Mheánmhuir Thoir) ó 2014, bíonn buaicphointí bliantúla ann thart ar dheireadh an tsamhraidh, agus de ghnáth, ní bhíonn níos mó ná 50,000 trasnú sa mhí uair ar bith. Tháinig rabharta daoine idir deireadh 2015 agus tús 2016 ar an mbealach thoir, agus bhí uasleibhéal timpeall 230,000 trasnú neamhdhleathach ann i mí Dheireadh Fómhair 2015. Tugtar faoi deara go bhfuil bealach an Atlantaigh (bealach na hAfraice Thiar) san áireamh le bealach na Meánmhara Thiar.

Tá bealach na Meánmhara Láir fós ar an mbealach imirce is marfaí ar domhan go bhfios dúinn - tá taifead ar bhreis agus 20 000 duine bás a fháil nó a dhul ar iarraidh ar an mbealach sin ó bhí 2014 ann. In 2021, tuairiscíodh go bhfuair 2 819 imirceach bás, nó go ndeachaigh siad ar iarraidh, le linn an trasnaithe ar bhealach na Meánmhara agus na hAfraice Thiar, i gcomparáid le 2 325 in 2020.

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach

Rinneadh dul chun cinn ar chur i bhfeidhm an Rialacháin ó 2019 leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus ar chur i bhfeidhm shainordú nua na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (ar a dtugtar Frontex freisin) nuair a imscaradh buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh an 1 Eanáir 2021, agus na chéad bhaill foirne faoi éide de chuid an Aontais mar chuid de sin.

A bhuí le himscaradh an bhuanchóir meastar go méadófar cumas na gníomhaireachta tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i ngach réimse oibríochta, gníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh san áireamh.

Ar an meán, bíonn 2 000 oifigeach den gharda teorann agus cósta imscartha ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Ina theannta sin, neartaigh an ghníomhaireacht a creat um chearta bunúsacha go mór, mar a fhoráiltear sa Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, nuair a cheap sí oifigeach nua um chearta bunúsacha agus nuair a d’earcaigh sí na chéad mhonatóirí ar chearta bunúsacha.

Cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú

In 2021, lean an tAontas ar aghaidh ag cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta 2021-2027 um Imeascadh agus Cuimsiú ina ndírítear ar oideachas agus oiliúint, fostaíocht agus scileanna, seirbhísí sláinte agus tithíocht. Ar na bearta nua a rinneadh in 2021 bhí an chomhpháirtíocht idir an Coimisiún agus Coiste Eorpach na Réigiún chun an comhar agus an tacaíocht a mhéadú i gcomhair chathracha, réigiúin agus limistéir thuaithe an Aontais agus iad ag obair chun cuidiú le himircigh imeascadh. I mí an Mhárta a seoladh an chomhpháirtíocht sin.

An pacáiste scileanna agus tallann

Mar chuid de Chomhshocrú Nua 2020 maidir le hImirce agus Tearmann, seoladh tionscnamh na gComhpháirtíochtaí Tallainne i mí an Mheithimh 2021 chun an caidreamh a neartú leis na príomhthíortha comhpháirtíochta maidir leis an imirce trí riachtanais mhargadh saothair an Aontais a mheaitseáil le scileanna na n-oibrithe ó na tíortha sin. Mar shlí chun bealaí imirce atá sábháilte agus dleathach a chur ar fáil, beidh na comhpháirtíochtaí oscailte do mhic léinn, do chéimithe agus d’oibrithe de gach leibhéal scile. Cuirfidh siad deiseanna gairmoideachais agus oiliúna ar fáil freisin, mar aon le tacaíocht le haghaidh imeascadh na n-imirceach atá ag filleadh abhaile.

Limistéar Schengen

I mí an Mheithimh, ghlac an Choimisiún Straitéis i dtreo limistéar Schengen atá lánfheidhmiúil athléimneach, lena ngabhann togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen. Moladh leis an togra gníomhaíocht i dtrí réimse: bainistiú éifeachtach ar theorainneacha seachtracha an Aontais; bearta lena gcúitítear an éagmais rialuithe ag teorainneacha inmheánacha; agus rialachas stóinsithe (meastóireacht, faireachán agus ullmhacht).

Áirítear sa straitéis tionscnaimh le haghaidh limistéar Schengen níos láidre agus níos iomláine, a chuireann leis na ceachtanna a foghlaimíodh le 5 bliana anuas, lena n-áirítear le linn phaindéim COVID-19. Déanann sí breithniú ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme ceann de na córais bainistithe teorainneacha is forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de ar domhan ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus táthar ag súil go gcuirfear tuilleadh tionscnamh i bhfeidhm sa réimse sin. Leagtar béim inti freisin ar bhearta chun Schengen a neartú go hinmheánach, mar shampla trí dhlús a chur leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach. Ar deireadh, moltar inti limistéar Schengen gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a leathnú tríd an Bhulgáir, an Chróit agus an Rómáin a chur san áireamh, ar limistéir iad a bhfuil an chuid is mó de rialacha Schengen á gcur chun feidhme acu gan na tairbhí iomlána a bhaineann le bheith ina gcuid de limistéar Schengen (mar aon leis an gCipir a luaithe a bheidh próiseas meastóireachta Schengen atá ar bun faoi láthair curtha i gcrích go rathúil aici).

Is é is aidhm don togra le haghaidh athchóiriú a dhéanamh ar Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen an sásra sin a dhéanamh níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos tapa, agus an fócas polaitiúil aige a mhéadú agus é a dhéanamh oiriúnach dá fheidhm. Tá sé faoi chaibidil i láthair na huaire sa Chomhairle, áit a bhfuil an Coimisiún ag déanamh a dhíchill dul chun cinn rianúil an phróisis a éascú.

An 14 Nollaig, ghlac an Coimisiún togra chun Cód Teorainneacha Schengen a leasú. Féachann sé sin lena chinntiú nach dtabharfar isteach rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ach amháin mar rogha dheireanach, agus go gcuirfear san áireamh ag an am céanna ceart na mBallstát é sin a dhéanamh in imthosca eisceachtúla. Tugtar aghaidh sa togra freisin ar na dúshláin a eascraíonn as an imirce neamhrialta a ionstraimiú. Glacadh togra eile ag an am céanna maidir le dul i ngleic le cásanna ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn.

Leanadh den dul chun cinn maidir le hailtireacht choiteann TF a chur ar bun don Aontas, le córais nua idirnasctha le haghaidh bainistiú teorainneacha, imirce agus fhorfheidhmiú an dlí. A luaithe a chuirfear chun feidhme í, cinnteofar leis an idir-inoibritheacht go mbeidh na córais TF go léir ag déanamh cumarsáid le chéile agus go mbeidh faisnéis iomlán agus chruinn ag na húdaráis náisiúnta, agus lánurraim á tabhairt do na rialacha cosanta sonraí.

Saincheisteanna slándála

Tá bagairtí slándála trasteorann agus trasearnálacha nua ag teacht chun cinn i gcónaí agus tá siad ag éirí níos casta, agus ní mór don Aontas dlús a chur leis an gcomhar agus leis an gcomhordú i mór-réimse na slándála. Chuir paindéim COVID-19 athléimneacht bhonneagar criticiúil na hEorpa agus a chórais ullmhachta agus bhainistithe i gcás géarchéime chun a ndíchill. In 2021, lean an tAontas de straitéis 2020 an Aontais Slándála a chur chun feidhme chun gach duine san Aontas a chosaint agus chun ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn, le tionscnaimh nua maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht eagraithe, an chibearshlándáil agus bagairtí hibrideacha.

An sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc agus a chomhrac

An 7 Meitheamh 2021 tháinig an Rialachán i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus beidh sé go hiomlán in-fhorfheidhmithe bliain amháin ina dhiaidh sin. Cuirfidh an rialachán ar chumas na mBallstát orduithe baint anuas a chur chuig soláthraithe seirbhísí óstála a thairgeann seirbhísí san Aontas. Ina theannta sin, beidh siad in ann ábhar a bhaint anuas laistigh d’aon uair an chloig a ghríosaíonn cionta sceimhlitheoireachta nó a thacaíonn leo, a chuireann gníomhaíochtaí grúpaí sceimhlitheoireachta chun cinn nó a sholáthraíonn treoracha nó teicnící chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

Ina theannta sin, déantar foráil leis an rialachán maidir le cosaintí a mhéadóidh cuntasacht agus trédhearcacht na mbeart chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas agus a thabharfaidh cosaint i gcoinne caint dhlisteanach a bhaint anuas go hearráideach. Cuirtear bearta i bhfeidhm leis lena chinntiú go gcosnófar cearta agus saoirsí bunúsacha, bearta lena n-áirítear ábhar a scaiptear chun críoch oideachais, iriseoireachta, ealaíne nó taighde a dhíolmhú.

In 2021, le Fóram Idirlín an Aontais – ardán faoi chathaoirleacht an Choimisiúin a thugann le chéile na Ballstáit agus cuideachtaí teicneolaíochta chun plé a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann sceimhlitheoirí as an idirlíon agus chun dul i ngleic le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne – cuireadh pacáiste eolais i láthair maidir le grúpaí antoisceacha foréigneacha na heite deise a bhfuil cosc curtha leo agus lena gcuid siombailí agus lena bhforógraí chun cabhrú le hardáin modhnóireacht a dhéanamh ar ábhar ar líne.

I mí Iúil, chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste uaillmhianach de thograí reachtacha chun Rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a neartú. Sa phacáiste áirítear togra le haghaidh údarás nua de chuid an Aontais a bhunú chun sciúradh airgid a chomhrac. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar an gcaoi a mbraitear idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha, agus lúba ar lár a úsáideann coirpigh trína ndéantar fáltais aindleathacha a sciúradh nó trína ndéantar gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a mhaoiniú tríd an gcóras airgeadais, na lúba ar lár sin a dhúnadh.

Cuireann na bearta feabhas mór ar chreat reatha an Aontais trí dhúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn agus atá nasctha le nuálaíocht theicneolaíoch a chur san áireamh. Áirítear orthu sin airgeadraí fíorúla, sreafaí airgeadais níos comhtháite sa Mhargadh Aonair agus an ghné dhomhanda d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta. Maidir leis na tograí cuideoidh siad freisin le creat i bhfad níos comhsheasmhaí a chruthú ar fud an Aontais ar fad, agus beidh rialacha atá infheidhme go díreach ann amhail teorainn EUR 10 000 ar íocaíochtaí móra airgid ar fud an Aontais. Déanfaidh sé sin comhlíonadh níos éasca d'oibreoirí atá faoi réir rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, go háirithe dóibh siúd atá gníomhach thar theorainneacha.

I bhfianaise na bhforbairtí san Afganastáin, d’fhorbair an Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta Plean Gníomhaíochta Frithsceimhlitheoireachta i gcomhar le hUachtaránacht na Comhairle, leis an gCoimisiún, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus na coireachta trasteorann

I mí Aibreáin d’fhoilsigh an Coimisiún Straitéis an Aontais chun Dul i nGleic leis an gCoireacht Eagraithe, ina leagtar amach gníomhaíochtaí chun borradh a chur faoi fhorfheidhmiú an dlí agus faoin gcomhar breithiúnach; imscrúdú éifeachtach a chinntiú chun cur isteach ar struchtúir na coireachta eagraithe; an brabús a ghintear leis an gcoireacht eagraithe a dhíothú; agus forfheidhmiú an dlí agus an bhreithiúnacht a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún bearta a mholadh a chuirfeadh ar chumas na mBallstát leas iomlán a bhaint as an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla.

Le linn 2021, chuir an Coimisiún dlús leis an ngníomhaíocht chun rialú níos fearr a chinntiú ar airm thine san Aontas agus sna tíortha comharsanacha. Rinne an Coimisiún bearta a ghlacadh lena dtabharfar rochtain fheabhsaithe do na Ballstáit ar fhaisnéis is gá chun iarrataí a fhormheas maidir le fáil nó le seilbh arm tine áirithe (faoi láthair, ní chuirtear na Ballstáit ar an eolas go córasach faoi dhiúltú ceadúnas arm tine a dheonú in áit eile san Aontas). Sa tuarascáil iarratais a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, leagadh béim ar na héifeachtaí dearfacha atá ag dlíthe an Aontais atá ann cheana, go háirithe trí thoirmeasc a chur ar na hairm thine is contúirtí agus trí chosc a chur le hairm a thiontú go haindleathach ina n-airm thine mharfacha. Sainaithníodh ann freisin go bhfuil easnaimh fós ann, lena n-éilítear tionscnamh 76 nós imeachta um shárú, mar aon le réimsí le haghaidh tuilleadh feabhais, amhail Pas Arm Tine na hEorpa a dhigitiú agus rialú níos déine maidir le fáil agus seilbh treoirphleananna chun airm a phriontáil go tríthoiseach (3T).

Léiríonn an ghrafaic eolais seo sonraí maidir le gníomhaíochtaí coiriúla san Aontas.

Baineann réimse mór gníomhaíochta le líonraí coiriúla lena n-áirítear drugaí, coireacht mhaoine eagraithe, smuigleáil na n-imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus an chibearchoireacht. Téann siad i gcion ar an ngeilleagar dleathach, agus tá baint ag beagnach 70 % acu le sciúradh airgid, tá 60 % acu i mbun an éillithe agus úsáideann os cionn 80 % acu struchtúir dhlíthiúla ghnó. Bíonn siad ag obair thar theorainneacha: Bíonn náisiúntachtaí éagsúla ann i 65 % de ghrúpaí coiriúla. Chuaigh siad i dtaithí go mear ar an bpaindéim: braitheadh tairiscintí camscéime 1.1 billiún dáileog vacsaíne luach EUR 15.4 billiún san iomlán

Tar éis na teachtaireachta ón gCoimisiún in 2020 maidir le digitiú réimse an cheartais, i mí na Nollag chuir an Coimisiún i láthair pacáiste tionscnamh chun córais an cheartais san Aontas a nuachóiriú agus dlús a chur leis an gcomhar breithiúnach trasteorann in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla. Tá trí thogra sa phacáiste:

  • rialachán chun cumarsáid dhigiteach trasteorann idir údaráis bhreithiúnacha a fheabhsú agus chun rochtain ar an gceartas in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla a áirithiú;
  • leasú ar Rialachán Eurojust chun bunús dlí a chruthú le héisteachtaí ó bhéal a stiúradh trí fhíschomhdhálacha agus chun comhordú agus comhar maidir le cionta sceimhlitheoireachta a neartú idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh;
  • rialachán lena mbunaítear ardán comhair chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh a dhéanann foirne comhpháirteacha um imscrúdú i gcásanna trasteorann a mhéadú.

Is é is aidhm do na tionscnaimh sin uaillmhian an Choimisiúin limistéar Eorpach saoirse, slándála agus ceartais a chruthú a bheidh éifeachtach athléimneach.

Didier Reynders agus é ag tabhairt óráide os comhair póstaer de scórchlár ceartais an Aontais.
Cuireann Didier Reynders, an Coimisinéir Eorpach um Cheartas, Scórchlár Ceartais 2021 i láthair, lena ndéantar meastóireacht ar éifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na gcóras ceartais i ngach Ballstát, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Iúil 2021. Le linn na bliana, dhírigh an scórchlár ar dhigitiú an réimse ceartais, rud a choinnigh córais na cúirteanna ag feidhmiú le linn phaindéim COVID-19 agus a rinne na córais cheartais níos inrochtana agus níos éifeachtúla.

In 2021, lean an Coimisiún den chaibidlíocht le roinnt tíortha, lena n-áirítear Iosrael, an Nua-Shéalainn agus an Tuirc, maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus a n-údaráis inniúla.

An 1 Meitheamh 2021 cuireadh tús le hoibríochtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh . Faoi dheireadh na bliana, thionscain sé os cionn 500 imscrúdú ar chalaois a rinne difear do leasanna airgeadais an Aontais, agus a rinne damáiste iomlán measta dar luach EUR 5 bhilliún do bhuiséad an Aontais.

In 2021, rinne tascfhórsa de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, ina raibh ionadaithe ón mBeilg, ón nGearmáin, ón Spáinn, ón gCróit agus ón Ísiltír, drong gunna-gháinneála a bhriseadh a bhí tar éis an Eoraip a líonadh le hairm thine a athraíodh go neamhdhleathach. Gabhadh ocht nduine dhéag agus urghabhadh 350 arm. Rinneadh an ghníomhaíocht faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla.

I ndiaidh thograí 2020 le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, i mí na Nollag mhol an Coimisiún Cód an Aontais um Chomhar Póilíneachta chun comhar forfheidhmithe dlí ar fud na mBallstát a fheabhsú agus chun uirlisí níos nua-aimseartha a chur ar fáil do phóilíní san Aontas d'fhonn faisnéis a mhalartú le chéile. Cuideoidh an cód – lena n-áirítear moladh maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta agus rialacha nua maidir le comhroinnt faisnéise – le feabhas a chur ar oibríochtaí trasteorann, cuirfear leis bealaí soiléire agus amchláir shoiléire ar fáil chun faisnéis a mhalartú agus tabharfar leis ról níos láidre don ghníomhaireacht.

Ina theannta sin, beidh rialacha athbhreithnithe maidir le malartú uathoibríoch catagóirí áirithe sonraí ina gcabhair chun naisc a bhunú ar bhealach níos éifeachtaí idir coireanna a dhéantar ar fud an Aontais. Cuideoidh sé sin le bearnaí faisnéise a dhúnadh, le cosc, brath agus imscrúdú cionta coiriúla san Aontas a threisiú agus le slándáil a chothú do gach duine san Eoraip. Sa phacáiste maidir le comhar póilíneachta áirítear trí thogra reachtacha: moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta; treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit; agus rialachán maidir le sásra um malartú uathoibríoch sonraí le haghaidh comhar póilíneachta (“Prüm II”).

Margaritis Schinas agus é ag comharthú le linn dó a bheith ag tabhairt óráide ag póidiam.
Margaritis Schinas, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil sé de chúram air an tionscnamh Ár nDóigh Bheatha Eorpach a Chur Chun Cinn, ag an bpreasagallamh faoi Chód Comhair Póilíneachta an Aontais, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Nollaig 2021.

In éineacht leis an bpacáiste i gcoinne sciúradh airgid, chuir an Coimisiún i láthair togra chun rochtain a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí ar chlárlanna idirnasctha cuntas bainc a bheidh ann amach anseo. Ar an gcaoi sin, beidh gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí in ann a shainaithint go tapa an bhfuil cuntais bhainc i mBallstáit eile ag duine a bhfuil amhras faoi, rud a chuideoidh le himscrúduithe airgeadais agus le haisghabháil sócmhainní i gcásanna trasteorann.

Bainistiú géarchéimeanna

Cosaint shibhialta

Janez Lenarčič agus ag labhairt le tuairisceoir agus coill agus feithiclí éigeandála sa chúlra.
Janez Lenarčič, an Coimisinéir Eorpach um Bainistiú Géarchéime (ar dheis), a thug cuairt ar aonaid comhraiceoirí dóiteáin i gceantar Oinoi agus ionad rescEU le linn turais chun na Gréige, 25 Lúnasa 2021.

Léiríodh le paindéim COVID-19 an gá atá leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta níos láidre lena bhféadfar freagairt níos tapúla agus níos éifeachtaí a thabhairt ar éigeandálaí móra. I mí na Bealtaine 2021, tháinig reachtaíocht nua i bhfeidhm lena dtugtar uirlisí níos fearr don Aontas chun dul i ngleic le tubaistí a mbíonn tionchar acu ar roinnt tíortha ag an am céanna. Mhéadaigh an tAontas freisin na cistí atá tiomnaithe do thacaíocht cosanta sibhialta le haghaidh iarrachtaí freagartha na mBallstát féin.

In éineacht lena Bhallstáit, lean an tAontas de thaisce leighis rescEU de threalamh cosanta agus leighis a fhorbairt. Chomh maith leis sin, lean sé de bheith ag neartú flít comhraic dóiteáin rescEU d’eitleáin agus héileacaptair chun acmhainneachtaí náisiúnta a chomhlánú. Beidh acmhainneachtaí breise rescEU ar fáil amach anseo chun freagairt ar theagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha. Ag an am céanna, cuirfidh an tAontas tacaíocht shuntasach airgeadais ar fáil chun bearta coisctheacha agus ullmhachta a neartú, ar bearta iad lena laghdaítear baol tubaistí agus lena gcabhraítear le pobail bheith níos athléimní in aghaidh géarchéimeanna éagsúla.

In 2021, fuair an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta an líon is mó iarratas ar chúnamh ná riamh. As measc na 114 iarratas, bhain 61 % acu le paindéim COVID-19.

Agus an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm cheana féin ar gach cuid den domhan, tugadh léargas i samhradh na bliana 2021 ar na samhraí a d’fhéadfadh a bheith san Eoraip amach anseo. Le linn shéasúr dóiteáin foraoise 2021 baineadh an úsáid is mó as an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta san Eoraip le 10 mbliana anuas, agus bhí sé ar cheann de na hamanna is mó riamh freisin a cuireadh an sásra ag feidhmiú ag an am céanna chun falscaithe a chomhrac.

Mar fhreagairt ar dhóiteáin foraoise ar fud na Meánmhara agus na mBalcán Thiar, rinne an tAontas flít 16 eitleán agus ceithre héileacaptar chomh maith le níos mó ná 290 feithicil agus breis agus 1 300 céad-fhreagróir a imscaradh go dtí an Albáin, an Ailgéir, an Chipir, an Ghréig, an Iodáil, an Mhacadóin Thuaidh agus an Tuirc, tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Threisigh Seirbhís Bainistithe Práinne Copernicus de chuid an Aontais na hoibríochtaí éigeandála ón spás, agus chuir an tSeirbhís sin léarscáileanna nuashonraithe ar fáil de na limistéir lena mbaineann. In 2021 amháin, chruthaigh Seirbhís Mhearmhapáil shatailít Copernicus breis agus 580 léarscáil de cheantair ar fud an domhain.

Dhá thochaltóir ar shráid agus iad ag glanadh smionagair a tharla de bharr damáiste uisce.
I ndiaidh na dtuilte in Pepinster na Beilge, an 17 Iúil 2021.

Nuair a bhuail tuilte tubaisteacha roinnt ceantar san Eoraip i mí Iúil, rinne an tAontas comhordú ar imscaradh bád tarrthála, héileacaptar, agus breis agus 150 tarrthálaí ón bhFrainc, ón Iodáil agus ón Ostair chuig an mBeilg. Chuir Córas Eorpach maidir le Feasacht Tuile Copernicus na húdaráis ar an eolas faoi na rioscaí tuilte roimh an éigeandáil, agus rinne an Bheilg, an Ghearmáin, an Ísiltír agus an Eilvéis an tseirbhís Mhearmhapáil a ghníomhachtú chun tacú leis na chéad-fhreagróirí.

Le linn 2021, thug an tAontas tacaíocht tarrthála dóibh siúd a bhí buailte ag tubaistí ar fud an domhain, lena n-áirítear daoine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó tar éis brúchtadh bolcánach, sa Ghuine tar éis ráig Ebola agus i Háítí tar éis an chreatha talún. Mar fhreagairt ar a bhfuil ag titim amach san Afganastáin, rinne an tAontas comhordú, trína Shásra um Chosaint Shibhialta, ar aisdúichiú náisiúnach an Aontais agus daoine leochaileacha eile.

Mí-úsáid ghnéasach leanaí agus dúshaothrú leanaí a chomhrac

I mí Iúil, ghlac an tAontas Rialachán maidir le maolú sealadach ar na forálacha maidir le rúndacht sonraí cumarsáide agus tráchta sna rialacha lena rialaítear príobháideachas cumarsáide leictreonaí. Tá an méid sin mar chuid de na hocht mbeart atá i Straitéis an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí chun freagairt chuimsitheach a thabharfar ar na coireanna sin a leagan amach. Díríonn an straitéis ar thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh um chosc ionas nach mbeidh leanaí ina n-íospartaigh ar an gcéad dul síos, chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh agus chun tacú le forfheidhmiú an dlí d'fhonn a áirithiú go ndéanfar íospartaigh a tharrtháil go tapa ó mhí-úsáid leanúnach agus go ngabhfar na ciontóirí.

Grianghraf leathan de rannpháirtithe i bParlaimint na hEorpa.
An chéad chruinniú de na Painéil Saoránach Eorpach, ón 17–19 Meán Fómhair 2021. Foinse: PE, Brigitte Hase

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

In 2021, ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, is iad na daoine a cuireadh i gcroílár an phlé chun smaointe a chomhroinnt agus chun cabhrú ár dtodhchaí choiteann a mhúnlú.

I mí an Mhárta, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach ar dhearbhú comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Is Bord Feidhmiúcháin, ar a bhfuil ionadaithe ó na trí institiúid agus breathnóirí, ó na parlaimintí náisiúnta ina measc, a dhéanann maoirseacht ar an gcomhdháil le cúnamh ón Rúnaíocht Choiteann. Is í an Pharlaimint a d’óstáil an t-imeacht tionscnaimh in Strasbourg ar an 9 Bealtaine (Lá na hEorpa).

A bhuí leis an ardán ar líne agus le himeachtaí beo ar ar freastalaíodh go cianda agus go pearsanta araon, saoránaigh, lucht déanta beartas, údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta ó gach cearn den Aontas Eorpach, tagann siad ar fad le chéile agus déanann siad smaointe ar raon leathan ábhar a mhalartú. Eagraítear plé ar naoi dtéama agus ina measc sin tá an t-athrú aeráide agus an comhshaol, an tsláinte, an imirce, an t-oideachas agus téamaí eile nach iad, agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh maidir le hábhar ar bith eile a bhaineann leis na saoránaigh. Is tríd an ardán a bhíonn daoine ag idirghníomhú, ardán atá ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ansin is féidir eolas faoi imeachtaí comhdhála a chomhroinnt, moltaí a dhéanamh, tacú le smaointe daoine eile agus trácht a dhéanamh orthu sin.

I mí an Mheithimh, chomh maith leis an gcéad seisiún iomlánach (an comhlacht atá freagrach as moltaí a phlé gan toradh réamhchinntithe agus gan an raon feidhme a theorannú do réimsí beartais réamhshainithe) tionóladh Imeacht do Shaoránaigh na hEorpa i Liospóin, an Phortaingéil agus ar líne, rud a chuir tús le rannpháirtíocht na saoránach. Na 27 n-ionadaí ó phainéil náisiúnta na saoránach nó ó imeachtaí náisiúnta (duine amháin ó gach Ballstát), Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg, níos mó ná 50 saoránach a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sna Painéil Saoránach Eorpach ag an gcomhdháil, agus grúpa mac léinn Erasmus, tháinig siad sin ar fad le chéile. Phléigh siad an méid lena raibh súil acu i leith na comhdhála leis an triúr comhchathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin: Comhalta de Pharlaimint na hEorpa Guy Verhofstadt, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile Ana Paula Zacarias, agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Dubravka Šuica.

Sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tá ceithre Phainéal Saoránach Eorpach a chlúdaíonn ábhair an ardáin ar líne agus ina nglacann thart ar 200 saoránach den Aontas páirt ó na Ballstáit go léir, ar daoine éagsúla iad nach ionann aois ná cúlra dóibh. Tá ról lárnach ag an aos óg maidir le múnlú thodhchaí an tionscadail Eorpaigh, agus tá dlúthbhaint acu leis an gcomhdháil: is daoine idir 16 agus 25 bliain d’aois atá sa tríú cuid de gach Painéal Saoránach Eorpach. Tá ról tábhachtach ag na Painéil Saoránach Eorpach: pléann siad smaointe a thagann aníos ó imeachtaí ar fud an Aontais agus moltaí a cuireadh isteach trí ardán na comhdhála, agus déanann siad moltaí atá le plé i seisiún iomlánach na comhdhála.

Emmanuel Macron, António Costa, David Sassoli agus Ursula von der Leyen agus iad ar phainéal ar ardán.
Ó chlé anall: Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, António Costa, Príomh-Aire na Portaingéile agus Uachtarán-in-oifig Chomhairle an Aontais Eorpaigh, David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag imeacht tionscnaimh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 9 Bealtaine 2021. Foinse: PE, Eric Vidal

Chuir na Painéil Saoránach Eorpach tús lena bplé in Strasbourg an 17–19 Meán Fómhair agus díríodh sa chéad chruinniú den phainéal ar gheilleagar níos láidre, ceartas sóisialta, an fhostaíocht, an t-aistriú digiteach, an t-oideachas, an t-aos óg, cultúr agus spórt. Is ar thuairimí na saoránach ar fud an Aontais ar an ardán ar líne a bhí an plé bunaithe. An painéal maidir le daonlathas/luachanna na hEorpa, cearta, an smacht reachta agus an tslándáil, chuir sé bailchríoch ar a chuid oibre agus chuir sé dréachtmholtaí le chéile do sheisiún iomlánach na comhdhála i suíomh hibrideach i bhFlórans, an Iodáil, an 10–12 Nollaig. Reáchtáladh seacht seisiún eile den phainéal ar gach téama comhdhála in 2021, agus ba in Strasbourg agus ar líne a reáchtáladh iad.

Reáchtáladh seisiún iomlánach comhdhála an 23 Deireadh Fómhair maidir le hobair na bPainéal Saoránach Eorpach, an t-ionchur ar an ardán digiteach ilteangach, painéil náisiúnta saoránach agus imeachtaí eile.

In 2021 eagraíodh 4 639 n-imeacht san iomlán sna Ballstáit uile, imeachtaí inar ghlac níos mó ná 340 000 duine páirt. Chláraigh breis agus 41 000 duine ar an ardán digiteach ilteangach. Chomhroinn siad breis agus 12 500 smaoineamh, d’fhág siad níos mó ná 18 000 nóta tráchta agus thacaigh siad le tuairimí daoine eile níos mó ná 52 000 uair. Thug níos mó ná 4.1 milliún duine cuairt ar an ardán in 2021. Tá trí Phainéal Saoránach Eorpach beartaithe chun a gcuid oibre a chur i gcrích i mí Eanáir agus i mí Feabhra 2022. Bhí seisiúin iomlánacha comhdhála beartaithe le bheith ar siúl i mí Eanáir, mí an Mhárta agus mí Aibreáin. Tá Bord Feidhmiúcháin na comhdhála chun tuarascáil deiridh a tharraingt suas in earrach 2022.

Oibrí atá gléasta i bhfearas cosanta tine agus é ag stócáil tine laistigh d’fhoirnéis soinneáin.

An geilleagar a neartú

Téarnamh eacnamaíoch na hEorpa

In ainneoin na héiginnteachta móire a bhí ann in 2021, théarnaigh geilleagar an Aontais go láidir i ndiaidh an chúlaithe mhóir a tharla mar thoradh ar an bpaindéim in 2020. Leis an méid atá bainte amach ag an Aontas chun feachtas vacsaínithe COVID-19 a leathadh amach agus chun tionchar socheacnamaíoch na paindéime a mhaolú, tá an réamhobair leagtha amach dá thoradh le haghaidh téarnamh inbhuanaithe. De réir mar a rinneadh dul chun cinn i dtaca le feachtais vacsaínithe agus a cuireadh deireadh leis na srianta, tháinig borradh faoin bhfás an athuair le linn an earraigh agus chuaigh sé ar aghaidh le linn an tsamhraidh, é spreagtha ag athoscailt an gheilleagair. Faoin bhfómhar bhí geilleagar an Aontais tar éis an leibhéal céanna táirgeachta a bhaint amach is a bhí ann roimh an bpaindéim.

Ar an iomlán, le réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa – Fómhar 2021 tuaradh go dtiocfadh méadú 5,0 % ar an olltáirgeacht intíre in 2021 agus méadú 4,3 % uirthi in 2022, san Aontas agus sa limistéar euro araon. Tharlódh nach é an luas céanna a bheadh faoin téarnamh ar fud an Aontais, ach mar sin féin, táthar ag tuar go sroichfidh gach Ballstát an leibhéal eacnamaíoch ar a raibh sé roimh an ngéarchéim ar a laghad faoi thús 2023. Agus an geilleagar ag leathnú leis in 2022, tuartar go gcuirfidh margadh an tsaothair an téarnamh i gcrích. Tuaradh go gcruthófar isteach agus amach le 3.4 milliún post in 2022 agus in 2023, rud a d’fhág go laghdófaí an ráta dífhostaíochta san Aontas go dtí 6,5 % in 2023.

Na bearta a cuireadh i bhfeidhm i dtús na géarchéime ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an geilleagar a spreagadh – lena n-áirítear Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gcás Éigeandála (SURE), an chéad tionscnamh de chuid an Aontais chun obair ghearr-ama a mhaoiniú (féach Caibidil 1) – chuir siad sin leis an athluchtú. Idir an dá linn, cuireadh dlús leis an obair ar théarnamh fadtéarmach an Aontais nuair a seoladh plean téarnaimh EUR 800 billiún an Aontais sa samhradh, NextGenerationEU (féach Caibidil 1). Beidh ról tábhachtach ag cur chun feidhme na Saoráide um Théarnamh agus um Athléimneacht maidir le borradh a chur faoin infheistíocht idir phríobháideach agus phoiblí sna míonna agus sna blianta atá le teacht. Agus tacaíocht á tabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíocht ó na Ballstáit, táthar ag iarraidh tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim an choróinvíris a mhaolú, agus geilleagair agus sochaithe san Aontas a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe le haghaidh na ndúshlán agus na ndeiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Ina theannta sin, cuirfidh Clár InvestEU cistiú fadtéarmach ríthábhachtach ar fáil don Aontas, rud a thabharfaidh infheistíocht phríobháideach ar fáil chun tacú leis an téarnamh.

An Seimeastar Eorpach, an creat chun faireachán agus comhordú a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta ar fud an Aontais, rinneadh é sin a oiriúnú go sealadach in 2021 chun é a chomhordú leis an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht. Le foilsiú na Straitéise Bliantúla maidir leis an bhFás Inbhuanaithe, seoladh timthriall 2021 den Seimeastar agus leanadh ar aghaidh le straitéis fáis 2020 atá bunaithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus ar choincheap na hinbhuanaitheachta iomaíche. Tá infheistíochtaí agus athchóirithe san áireamh i ngach plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha a sainaithníodh sa seimeastar Eorpach, cuir i gcás moltaí maidir le margaí an tsaothair, an t-oideachas, an cultúr, an cúram sláinte, an ceartas, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

Cé go bhfuil lagú mór tagtha ar thionchar na paindéime ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, níl COVID-19 sáraithe go fóill. Tá an téarnamh ag brath go mór ar éabhlóid na paindéime, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Beidh sé ag brath freisin ar a thapa a chuirtear an soláthar in oiriúint don athrú mear atá ag teacht ar an éileamh tar éis athoscailt an gheilleagair. Dúshlán eile atá os comhair gheilleagar an Aontais sa ghearrthéarma is ea praghsanna fuinnimh atá ag borradh go mór, go háirithe maidir leis an ngás agus leis an leictreachas.

Elisa Ferreira agus í ag tabhairt óráide ag póidiam.
Elisa Ferreira, an Coimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriú, agus í i mbun preasócáide faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun tacú le hathchóirithe sna Ballstáit, an Bhruiséil, an Bheilg, an 2 Márta 2021. Ar an lá céanna, d’fhormheas an Coimisiún 226 thionscadal – lena gclúdaítear na 27 mBallstát ar fad – tionscadail a thacaíonn le hathchóirithe náisiúnta chun cur leis an bhfás inbhuanaithe. Cuirtear na tionscnaimh sin ar fáil laistigh de chreat na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil, rud atá mar chuid de bhuiséad 2021–2027 an Aontais agus den Phlean Téarnaimh don Eoraip. Tá sé mar aidhm aige sin comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur i bhfeidhm.

Straitéis Tionsclaíochta don Eoraip

I mí na Bealtaine, nuashonraigh an Coimisiún an Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht chun deimhin a dhéanamh de go gcuirfear san áireamh le huaillmhianta tionsclaíocha an Aontais na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, agus a thosaíochtaí polaitiúla á n-athdhearbhú aige ag an am céanna. Leis an nuashonrú, cuirtear béim ar ullmhú an Mhargaidh Aonair chun déileáil le géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha agus leochaileachtaí an Aontais i slabhraí íogaire soláthair agus in éiceachórais thionsclaíocha; agus dlús a chur le haistriú glas agus le haistriú digiteach thionscal an Aontais.

Is ar ghníomhaíochtaí i dtrí phríomhréimse a dhírítear sa straitéis nuashonraithe. Ar an gcéad dul síos, chun athléimneacht an Mhargaidh Aonair a neartú, cuireadh anailís i láthair sa straitéis ar na 14 cinn d’éiceachórais thionsclaíocha an Aontais agus moladh Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag géarchéimeanna amach anseo ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí.

Thierry Briotáinis agus píosa trealaimh á thaispeáint aige.
Thierry Breton, an Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, agus é ar cuairt ar láithreáin taighde agus táirgeachta leathsheoltóirí in Dresden na Gearmáine, an 12 Samhain 2021.

Ar an dara dul síos, cuireadh i láthair sa straitéis mionanailís ar spleáchais straitéiseacha an Aontais. San áireamh leis sin, sainaithníodh 137 dtáirge in éiceachórais íogaire ina bhfuil an tAontas ag brath go mór ar sholáthairtí eachtracha, mar aon le sé mhion-athbhreithniú ar amhábhair, cadhnraí, comhábhair ghníomhacha chógaisíochta, hidrigin, leathsheoltóirí, agus néalteicneolaíochtaí agus imealltheicneolaíochtaí. Chun aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha an Aontais, moltar sa nuashonrú comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta éagsúlaithe a fhorbairt, mar aon le bearta chun acmhainn an Aontais a fhorbairt. Áirítear leis sin comhaontais thionsclaíocha nua a bhunú sna príomhréimsí chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh i gcomhréir iomlán le rialacha iomaíochta an Aontais. I mí Iúil, seoladh dhá chomhghuaillíocht thionsclaíocha nua i réimsí na sonraí agus na néalteicneolaíochta, agus próiseálaithe agus leathsheoltóirí.

Ar an tríú dul síos, fógraíodh gníomhaíocht sa straitéis chun tacú le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais. Tá bearta nua sa straitéis chun bealaí aistrithe a chomhchruthú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, le húdaráis phoiblí, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara. Cuireadh tús leis sin leis an turasóireacht agus le héiceachórais tionscail dianfhuinnimh, agus leis an earnáil tógála agus an geilleagar sóisialta ina dhiaidh sin. Leis an straitéis tacaítear freisin le creat rialála comhleanúnach chun spriocanna an phacáiste a bhaint amach, is é sin chun an Comhaontú Glas agus 10 mBliana Digiteach na hEorpa a chur i gcrích, lena n-áirítear trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur i bhfeidhm agus rochtain a chinntiú ar leictreachas flúirseach, inacmhainne agus dícharbónaithe. Dírítear ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí chomhairleoirí inbhuanaitheachta a bhunú faoin Líonra Fiontar Eorpach athnuaite agus neartaithe (féach thíos) agus faoi shamhlacha gnó sonraíbhunaithe. Ar deireadh, iarrtar infheistíocht chun an fórsa saothair a uas-sciliú agus a athsciliú chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Borradh a chur faoin Margadh Aonair

I mí Aibreáin, ghlac an Coimisiún Clár an Mhargaidh Aonair, pacáiste EUR 4.2 billiún chun tacú le rialachas an Mhargaidh Aonair agus é a neartú go dtí 2027, agus é dírithe ar an téarnamh eacnamaíoch. Leis an gclár comhdhlúthaítear bearta i réimsí lena n-áirítear sábháilteacht bia, cosaint tomhaltóirí, staidreamh, caighdeánú agus iomaíochas. Déanfaidh sé deimhin de go mbeidh níos mó éifeachtúlachta sa Mhargadh Aonair, agus luach níos fearr ar airgead á chur ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí ag an am céanna. Mar chuid de sin, sheol an Coimisiún glaonna ar Líonra Fiontar Eorpach athnuaite agus neartaithe (a thosaigh ag obair an 1 Eanáir 2022) agus ar thionscadail Eurocluster, darb aidhm cuidiú le fiontair bheaga agus mheánmhéide aistriú chuig an inbhuanaitheacht, chuig an digitiú agus chuig an athléimneacht, agus cur lena gcumas fás a dhéanamh laistigh den Mhargadh Aonair agus go hidirnáisiúnta araon.

Réimsí fócais Chlár nua an Mhargaidh Aonair.

Margadh Aonair éifeachtach

  • Rialacha maidir le dlí gnó, iomaíocht, frithsciúradh airgid agus saorghluaiseacht caipitil, earraí agus seirbhísí a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus a fhorbairt leo.
  • Deimhin a dhéanamh de go ndéanfaidh seirbhísí airgeadais friotháil ar riachtanais na dtomhaltóirí, na sochaí sibhialta agus na n-úsáideoirí deiridh.
  • Feabhas a chur ar fhorfheidhmiú rialacha iomaíochta sa gheilleagar digiteach agus comhar níos láidre a bheith ann idir na Ballstáit.
  • Cuidiú a thabhairt do cheannaitheoirí poiblí luach níos fearr a fháil ar airgead na saoránach.

Staidreamh Eorpach

  • Maoiniú a chur ar fáil chun staidreamh ardcháilíochta a tháirgeadh agus a scaipeadh chun tacú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise agus chun tionchar a thomhas.

Caighdeáin éifeachtacha

  • Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta ar fud an Aontais a fhorbairt do tháirgí agus do sheirbhísí.

Sábháilteacht bia

  • Galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus tacaíocht á tabhairt do tháirgeadh bia inbhuanaithe agus do leas na n-ainmhithe.

Tomhaltóirí a chosaint

  • Deimhin a dhéanamh de gur táirgí sábháilte atá ar an margadh agus go bhfuil fios na rialacha ag na tomhaltóirí.
  • Cuidiú leis na húdaráis náisiúnta oibriú i gcomhar le chéile go héifeachtúil.

Iomaíochas

Tacaíocht do ghnólachtaí:

  • tacaíocht airgeadais a chur ar fáil, ina deontais agus ina gealltanais deontas d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide faoin gciste InvestEU;
  • rochtain ar na margaí a éascú agus an t-ualach riaracháin a laghdú;
  • tacú le glacadh na nuálaíochta ar an margadh agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus shochaíocha;
  • timpeallacht fhabhrach le haghaidh lucht gnó agus meon na fiontraíochta a chothú.

An beartas spáis

Le Clár Spáis an Aontais Eorpaigh a glacadh in Aibreán 2021 agus ag a bhfuil buiséad EUR 14.9 billiún – an buiséad is mó riamh ag tionscnamh spáis de chuid an Aontais – déantar nuachóiriú agus comhaontú ar thrí chlár shuaitheanta de chuid an Aontais in aon chlár amháin: Galileo, EGNOS (Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí) agus Copernicus. Cuireann sé bonn ar fáil chun tacú le tionscal an spáis agus chun ceannaireacht agus athléimneacht teicneolaíochta na hEorpa a chothú ó thaobh an spáis de.

Léiríonn an ghrafaic eolais seo roinnt gnéithe de thionscal spáis na hEorpa.

Is fiú idir 46 agus 54 bhilliún euro tionscal spáis na hEorpa agus tacaíonn sé le breis agus 250,000 post. Gheobhaidh sé luach EUR 14.9 billiún ina infheistíocht ón Aontas sna 7 mbliana atá romhainn. Tá níos mó ná 30 satailít ar fithis de chuid an Aontais. Úsáidtear iad chun cur leis an éifeachtúlacht maidir leis an talmhaíocht agus leis an iascach, chun an comhshaol a chosaint agus le cuidiú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, chun faireachán a dhéanamh ar thubaistí nádúrtha agus freagairt orthu, chun slándáil na dteorainneacha a mhéadú agus chun an phíoráideacht ar muir a chomhrac, chun sláinte na saoránach a fheabhsú agus chun an t-iompar a optamú. Is san Aontas a dhéantar aon trian de shatailítí an domhain a tháirgeadh.

Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar thábhacht an spáis le spriocanna an Aontais a bhaint amach, cuir i gcás an fhorbairt, an t-iomaíochas, an inbhuanaitheacht agus an tslándáil a chur chun cinn, i mí an Mheithimh 2021 cuireadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, ag a bhfuil misean níos leithne, in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS a bunaíodh in 2010. Shínigh an Coimisiún freisin comhaontú comhpháirtíochta airgeadais leis an ngníomhaireacht nua sin agus leis an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis.

Roinnt réimsí feidhme

Talmhaíocht

A bhuí le Clár Spáis an Aontais is féidir beachtas talmhaíochta agus réitigh chomhtháite feirmeoireachta a bhaint amach. Leis an gclár d’fhéadfadh feirmeoirí a dtáirgeacht a mhéadú níos mó ná 10 %, agus breis agus 20 % a shábháil ar leasachán, ar bhreosla agus ar lotnaidicídí, agus fágann sé gur féidir le meaisíní neamhspleácha a fheidhmiú.

Gníomhú tar éis tubaistí nádúrtha

Tacaíonn Clár Spáis an Aontais le hoibríochtaí tarrthála le linn tuilte, dóiteán, creathanna talún agus hairicíní, agus le linn tubaistí de dhéantús an duine chomh maith.

Cathracha cliste

Clár Spáis an Aontais ríthábhachtach don mhapáil uirbeach, don phleanáil uirbeach agus don fhaireachán ar bhonneagar, go háirithe d’fhonn iompar uirbeach níos fearr agus bainistiú dramhaíola cliste a chumasú.

Fuinneamh in-athnuaite

Tacaíonn Clár Spáis an Aontais le lonnú saoráidí fuinnimh in-athnuaite, le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le giniúint fuinnimh agus leis an gcomhshaol.

Sláinte

Cuidíonn Clár Spáis an Aontais le cáilíocht an aeir agus radaíocht ultraivialait a thuar, rudaí a dhéanann difear don tsláinte.

Cuireann Clár Spáis an Aontais Eorpaigh bonneagar ríthábhachtach ar fáil don aistriú digiteach. Tá sonraí spáis ar na príomhchumasóirí nuálaíochtaí digiteacha, agus feithiclí uathrialacha, réitigh chliste agus líonraí teileachumarsáide 5G gan sreang ina measc sin.

Chun gur féidir leis an Eoraip tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a tionscal spáis féin, ní mór an ganntanas caipitil riosca agus an easpa iomaíochta i margaí áirithe spáis a réiteach. Leis sin, cuirfear feabhas ar sholáthar na teicneolaíochta le haghaidh an chláir spáis agus cuirfear feabhas ar neamhspleáchas an Aontais sa spás sna blianta amach romhainn. D’fhéadfadh sé freisin a lán post ardoilte a chruthú in earnálacha eile, mar shampla táirgí agus seirbhísí arna gcumasú le sonraí spáis. Ciste nua Cassini, dar luach EUR 1 bhilliún, cuideoidh sé sin le gnólachtaí nuálacha leathnú isteach i margaí nua a bhaineann leis an spás trí níos mó infheistíocht phríobháideach a mhealladh. Neartóidh sé freisin fás thionscal spáis an Aontais ar bhealach níos leithne trí chuidiú le gnólachtaí nuathionscanta úsáid níos fearr a bhaint as na sonraí spáis a ghintear le bonneagar an Aontais.

Clár Spáis an Aontais le haghaidh éiceachóras spáis iomaíoch

Galileo

Le Clár Spáis an Aontais cuirfear dlús le cur i bhfeidhm an dara glúin de Galileo chun a fheidhmíocht agus a stóinseacht a fheabhsú.

Copernicus

Le Clár Spáis an Aontais cuirfear dlús le nua-aoisiú bhonneagar agus sheirbhísí Copernicus chun tacú le ról den chéad scoth atá ag an Aontas maidir le faire na Cruinne.

Cassini

Cuirfidh an tAontas Ciste Infheistíochta Spáis dar luach EUR 1 bhilliún i bhfeidhm chun dlús a chur le leathnú FBManna nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta atá ag obair i réimse an spáis agus chun teicneolaíochtaí agus próisis cheannródaíocha a fhorbairt.

An tionscal cosanta

I mí Feabhra 2021, ghníomhaigh an tAontas Eorpach chun a bhuntáiste teicneolaíoch agus tionsclaíoch a fheabhsú lena Phlean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí idir an Tionscal Sibhialta, an Tionscal Cosanta agus Tionscal an Spáis. Chuir sé tionscnaimh uaillmhianacha ar bun chun an nuálaíocht a neartú trí iniúchadh a dhéanamh ar acmhainneacht shuaiteach na dteicneolaíochtaí, agus trí leas a bhaint astu sin, teicneolaíochtaí atá ag comhéadan feidhmeanna cosanta, spáis agus sibhialta, mar shampla micreaphróiseálaithe, cibeartheicneolaíochtaí, teicneolaíochtaí candamacha agus an intleacht shaorga.

Is iad príomhchuspóirí an phlean comhlántacht a fheabhsú idir cláir agus ionstraimí ábhartha de chuid an Aontais; deimhin a dhéanamh de go mbainfidh an tsochaí ar fad tairbhe eacnamaíoch agus teicneolaíoch as cistiú an Aontais i leith taighde cosanta agus nuálaíocht cosanta; glacadh taighde na hearnála sibhialta agus nuálaíocht faoi thionchar sibhialta, sin a éascú do na tionscail chosanta. Tá aon tionscnamh déag beartaithe chun freagairt don iomaíocht gheopholaitiúil agus chun ceannasacht theicneolaíoch an Aontais Eorpaigh a neartú. Leis an bplean gníomhaíochta, bunaítear Faireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla. Réitíonn sé an bealach freisin chun trí thionscadal shuaitheanta a sheoladh (agus atá le cur i láthair ag an gCoimisiún in 2022), tionscadail a d’fhéadfadh athrú ó bhonn a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

  • teicneolaíochtaí ladrann d’iomaíochas thionscal an Aontais sa réimse ríthábhachtach seo;
  • nascacht shlán spásbhunaithe chun nascacht ardluais athléimneach a chur ar fáil do gach duine san Aontas bunaithe ar chriptiú candamach; agus
  • bainistíocht spástráchta chun teagmhais imbhuailte a sheachaint agus a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar iomadú na satailítí agus an smionagair spáis.

Leis an gCiste Eorpach Cosanta, a glacadh i mí Aibreáin 2021, tacófar le taighde agus forbairt chomhoibríoch i réimse na cosanta agus cothófar bonn teicneolaíoch tionsclaíoch cosanta atá nuálach agus iomaíoch. Le glacadh an chéad chláir oibre bhliantúil i mí an Mheithimh, réitíodh an bealach i leith glaonna ar thograí le haghaidh maoiniú ón Aontas dar luach EUR 1.2 billiún.

Meastar go bhfágtar costas bliantúil idir EUR 25 bhilliún agus EUR 100 billiún ar na Ballstáit i ngeall ar an easpa comhair eatarthu i réimse na cosanta agus na slándála.

Faoi láthair tá thart ar 80 % den soláthar cosanta á reáchtáil ar an leibhéal náisiúnta amháin, rud a fhágann go ndéantar dúbailt chostasach ar acmhainní míleata.

Ní bhíonn ach 9 % den taighde agus den teicneolaíocht i réimse na cosanta ar siúl ar bhonn an chomhair idir na Ballstáit.

Cuireann an ciste le buntáiste teicneolaíochta an Aontais agus forbraítear leis na cumais atá ríthábhachtach dá neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus dá athléimneacht, agus é ina phríomhchumasóir chun gur sláine agus gur iomaíche a bheith an tAontas Eorpach. Is é is aidhm don chlár oibre acmhainní a chomhthiomsú agus margadh cosanta an Aontais a dhíbhloghadh, rud a chinnteoidh luach níos fearr ar airgead agus teicneolaíochtaí agus trealamh úrscothacha á bhforbairt nach mbeadh le fáil dá mbeifí ag obair go neamhspleách.

Bhí dhá chlár réamhtheachtacha ann roimh an gciste nua: An Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta agus an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta. I mí an Mheithimh, bhronn an dara ceann acu sin maoiniú dar luach EUR 158 milliún ar 26 thionscadal cumais cosanta nua i réimsí éagsúla agus comhlántacha mar shampla an tslándáil mhuirí, feasacht ar dhálaí cibearshlándála, an talamhchomhrac agus an t-aerchomhrac.

Córais airgeadais, an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil

Córais eacnamaíocha agus airgeadais atá oscailte agus athléimneach

Tá an tAontas tiomanta do gheilleagar domhanda a bheidh níos athléimní agus níos oscailte, do na margaí airgeadais idirnáisiúnta a fheidhmíonn mar is ceart agus don chóras iltaobhach riailbhunaithe.

I mí Eanáir 2021, chuir an Coimisiún Eorpach straitéis nua i láthair chun tacú le hoscailteacht, láidreacht agus athléimneacht chóras eacnamaíoch agus fioscach an Aontais sna blianta atá le teacht. Is ar thrí cholún a threisíonn a chéile atá an straitéis bunaithe: ról idirnáisiúnta an euro a neartú; feabhas a chur ar athléimneacht bhonneagar mhargadh airgeadais an Aontais; agus éifeachtacht chóras smachtbhannaí an Aontais a fheabhsú. Is é is aidhm don straitéis ról ceannasach a thabhairt don Aontas sa rialachas eacnamaíoch domhanda, agus, ag an am céanna, an tAontas a chosaint ar chleachtais éagóracha agus ar chleachtais mhí-úsáideacha amhail bearta tíortha nach den Aontas iad ag a bhfuil tionchar seach-chríochach nó tionchar míchuí polaitiúil ar oibreoirí an Aontais.

Anuas ar an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche agus Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ról idirnáisiúnta an euro a neartú trí theagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe nach den Aontas iad chun úsáid an euro a chur chun cinn, agus trí thacú le forbairt ionstraimí agus tagarmharcanna arna sloinneadh in euro. Cuirfidh eisiúint bannaí ardcháilíochta arna sloinneadh in euro faoi NextGenerationEU – arna moladh i mí Iúil – doimhneacht agus leachtacht shuntasach le margaí caipitil an Aontais sna blianta atá le teacht agus is tarraingtí d’infheisteoirí a bheidh siad sin agus an euro dá bharr sin. Ní hamháin go rachaidh ról idirnáisiúnta níos mó don euro chun tairbhe don Aontas Eorpach, ach cuideoidh sé freisin le feabhas a chur ar chobhsaíocht an chórais airgeadais fhoriomláin trí níos mó deiseanna a chur ar fáil le cúlchistí airgeadra eachtraigh a éagsúlú, rud a laghdóidh méid na leochaileachta i leith suaití airgeadaíochta seachtracha.

Christine Lagarde agus Paschal Donohoe agus iad i mbun comhrá.
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh (ar dheis), agus Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro, agus iad i gcruinniú an Ghrúpa Euro d’airí airgeadais an limistéir euro, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Samhain 2021.

I mí Eanáir, d’aontaigh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach oibriú le chéile chun anailís a dhéanamh ar roghanna éagsúla maidir leis an dearadh agus ar impleachtaí rialála gaolmhara an euro dhigitigh, foirm dhigiteach d’airgead bainc ceannais a chuirfeadh rogha níos fearr ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Chuirfí an euro digiteach ar fáil taobh leis an airgead tirim, rud ba cheart a bheith ar fáil go forleathan agus inúsáidte. D’fhéadfadh sé tacú le straitéisí airgeadais digiteacha agus íocaíochtaí miondíola an Aontais, ós rud é go bhféadfadh sé a bheith ina mhodh íocaíochta breise, agus é nuálach sábháilte. D’fhéadfadh an euro digiteach ról idirnáisiúnta an euro a mhéadú agus tacú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais. I mí Iúil, ba dhíol sásaimh don Choimisiún cinneadh an Bhainc tús a chur le céim imscrúdaithe an euro dhigitigh. Sa chéim seo, a mhairfidh 2 bhliain, déanfar iniúchadh ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an dearadh agus leis na riachtanais úsáideoirí, agus conas is féidir seirbhísí airgeadais a chur ar fáil leis an euro digiteach. Tá an Coimisiún ag obair i gcomhar leis an mBanc ar na roghanna éagsúla agus ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad le cuspóirí beartais an Aontais.

Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt

Is uirlis thábhachtach é an pacáiste maidir le hAontas na Margaí Caipitil, rud a glacadh i mí na Samhna, chun fás inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun a chinntiú go mbíonn rochtain leordhóthanach ar mhaoiniú ag gnólachtaí san Aontas. Is é is aidhm do na tograí a chinntiú go mbeidh rochtain níos fearr ag infheisteoirí ar shonraí gnólachtaí agus ar shonraí trádála. Spreagfar leis na bearta an infheistíocht fhadtéarmach freisin, rud a fhágfaidh gur éasca agus sábháilte a bheidh sé cistí infheistíochta a dhíol thar theorainneacha. Ar an iomlán, is é is aidhm do na tograí gnólachtaí an Aontais a nascadh le hinfheisteoirí ar bhealach níos éifeachtaí, feabhas a chur ar an rochtain ar chistiú atá ag gnólachtaí, deiseanna infheistíochta a leathnú d’infheisteoirí miondíola agus margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú níos mó.

Tá ceithre cholún sa phacáiste: An togra maidir leis an bPointe Rochtana Aonair Eorpach; Athbhreithniú an Chiste Eorpaigh Fhadtéarmaigh Infheistíochta; Athbhreithniú ar an Treoir maidir leis an gCiste Malartach Infheistíochta a Bhainistiú; agus athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, lena dtugtar isteach an teilitéip chomhdhlúite Eorpach.

Leis an togra maidir le Pointe Rochtana Aonair Eorpach, chuirfí le hinfheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise faoi ghnólachtaí an Aontais agus faoi tháirgí infheistíochta an Aontais. Rachfaí i ngleic leis an díbhloghadh sonraí ar bhonn náisiúnta trí rochtain a chinntiú ar an bhfaisnéis sin ar leibhéal an Aontais, agus chuirfí feabhas ar na deiseanna infheistíochta d’infheisteoirí institiúideacha agus miondíola dá bharr sin. Chuirfí maoiniú ar fáil go héasca do ghnólachtaí an Aontais, go háirithe gnólachtaí beaga i margaí beaga. Bheadh faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht ar fáil ag an bPointe Rochtana Aonair freisin, faisnéis a d’fhoilseofaí na gnólachtaí. Tacóidh sé sin leis an aistriú chuig infheistíocht inbhuanaithe, arb é sin ceann de chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Mar spás coiteann sonraí, beidh sé ina bhunchloch de Straitéis Airgeadais Dhigitigh an Aontais.

Leis an athbhreithniú ar an gCiste Infheistíochta Fadtéarmach Eorpach, is fusa a bheidh sé infheistíocht ó infheisteoirí gairmiúla agus miondíola a dhíriú isteach i dtionscadail dhigiteacha nó inbhuanaithe, nó i dtreo chothromas fadtéarmach na bhfiontar beag agus meánmhéide, agus ardleibhéal cosanta a chinntiú d’infheisteoirí miondíola ag an am céanna.

Is é is aidhm don athbhreithniú ar an Treoir maidir le Bainistiú Cistí Infheistíochta Malartacha feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar chomhtháthú mhargadh na gCistí Infheistíochta Malartacha. Leis an togra, comhchuibhítear na rialacha maidir le cistí óna dtugtar iasachtaí do ghnólachtaí. Éascófar leis sin iasachtú don fhíorgheilleagar agus, ag an am céanna, tabharfar cosaint níos fearr d’infheisteoirí agus cinnteofar cobhsaíocht airgeadais. Soiléirítear san athbhreithniú freisin na rialacha maidir le tarmligean lena gceadaítear do bhainisteoirí cistí saineolas a sheachfhoinsiú ó thíortha nach den Aontas iad, gan cur isteach ar chleachtas gnó a chuir le rathúlacht chistí an Aontais ar fud an domhain. Cinnteoidh an t-athbhreithniú go mbeidh faisnéis agus comhordú leordhóthanach i measc mhaoirseoirí an Aontais.

Cinnteoidh coigeartuithe ar rialacha trádála an Aontais go mbeidh níos mó trédhearcachta ann sna margaí caipitil. Cuirfidh siad feabhas ar an gcothrom iomaíochta idir na stocmhalartáin agus na bainc infheistíochta. Tabharfar teilitéip chomhdhlúite an Aontais isteach leis an athbhreithniú freisin, rud a thabharfaidh rochtain d’infheisteoirí ar shonraí trádála neas-fhíorama le haghaidh stoc, bannaí agus díorthach sna hionaid trádála ar fad san Aontas. Go dtí seo, is do dhornán infheisteoirí gairmiúla atá an rochtain sin teoranta. A bhuí leis an teilitéip sin, is fusa a bheidh sé do na hinfheisteoirí a mbealach a dhéanamh tríd na margaí poiblí, agus beidh cothromas, bannaí agus díorthaigh níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla ann. Gheobhaidh stocmhalartáin, go háirithe stocmhalartáin bheaga, cion cothrom den ioncam a ghintear do na sonraí a chuireann siad ar fáil don teilitéip.

Árachas

Tá na hárachóirí ríthábhachtach do go leor gnéithe de gheilleagar an Aontais: cuireann siad maoiniú fadtéarmach ar fáil do ghnólachtaí, cuidíonn siad chun coigilteas a chur i dtreo na margaí airgeadais agus an fhíorgheilleagair agus cuireann siad cosaint ríthábhachtach ar fáil do ghnólachtaí agus do theaghlaigh, réitigh ar ioncam scoir san áireamh.

I mí Mheán Fómhair, ghlac an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar rialacha árachais an Aontais (ar a dtugtar Sócmhainneacht II). Is iad na haidhmeanna foriomlána a chinntiú go leanfaidh árachóirí agus athárachóirí san Aontas de bheith ag infheistiú agus chun tacú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, go háirithe an téarnamh iar-COVID a mhaoiniú, Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích agus cistí a threorú chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme. Ina theannta sin, comhlíonann an t-athbhreithniú na bearnaí sna rialacha atá ann faoi láthair agus fágann sé gur athléimní earnáil an árachais agus an athárachais, ionas gur féidir léi déileáil le géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus cosaint níos fearr a thabhairt do shealbhóirí polasaí.

An pacáiste baincéireachta

I mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún athbhreithniú ar rialacha baincéireachta an Aontais, lenar cuireadh bailchríoch ar chur chun feidhme Chomhaontú Basel III san Aontas. Is éard a bhí san athbhreithniú togra reachtach chun an Treoir um Cheanglais Chaipitil a leasú, togra reachtach chun an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil a leasú, agus togra reachtach ar leith chun an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil i réimse an réitigh a leasú.

Cinnteoidh na rialacha nua sin go mbeidh na bainc san Aontas níos athléimní maidir le turraingí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus, ag an am céanna, go rannchuideoidh siad le téarnamh an Aontais ó phaindéim COVID-19 agus leis an aistriú chuig an aeráidneodracht.

Basel III: rialacha nua maidir le samhlacha inmheánacha

Tabharfar isteach teorainn nua chun a áirithiú nach ndéanfar rioscaí a mheas faoina luach nuair a úsáideann na bainc a gcuid samhlacha ríomha féin.

Maoirseacht níos fearr

Beidh uirlisí níos láidre ag maoirseoirí chun maoirseacht a dhéanamh ar bhainc an Aontais, grúpaí casta baincéireachta san áireamh. Tabharfar caighdeáin íosta isteach chun maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí banc san Aontas nach bainc de chuid an Aontais iad.

Inbhuanaitheacht

Cuirfear de cheangal ar na bainc rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh nuair atá a ngnó á bhainistiú acu.

Cánachas agus custaim atá cóir, simplí agus nua-aimseartha

I mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún teachtaireacht maidir le cánachas gnó sa 21ú haois i láthair. Leis sin, fógraíodh sraith beart chun cothroime chánach agus trédhearcacht a fheabhsú agus chun fís fhadtéarmach a chur ar fáil do chóras cánach gnó an Aontais. Is é an aidhm atá leis timpeallacht chánach ghnó a chruthú a thacóidh leis an téarnamh, leis an bhfás inbhuanaithe agus leis an infheistíocht. Ag an am céanna, ghlac an Coimisiún rannpháirt mhór sa phlé idirnáisiúnta ar athchóiriú na cánach corparáide, agus ba cheart go gcinnteodh sé sin sa deireadh go ngearrfaí cáin chothrom ar gach gnólacht, is cuma cén áit ina ndéanann sé gnó. Tháinig deireadh leis na cainteanna sin leis an gcomhaontú stairiúil maidir le hathchóiriú cánach idirnáisiúnta idir 136 dhlínse, rud a d’fhormhuinigh airí airgeadais G20 i mí Iúil.

Is é is aidhm do thogra reachtach a ghlac an Coimisiún i mí na Nollag 2021 díriú go háirithe ar an gcomhaontú idirnáisiúnta maidir le cánachas íosta éifeachtach ar ghnólachtaí ilnáisiúnta, comhaontú ar a dtugtar Colún a Dó den chomhaontú idirnáisiúnta, a thrasuí go tapa san Aontas Eorpach. Leagtar amach sa togra an chaoi a ndéanfar prionsabail an ráta cánach éifeachtaigh 15% a chur i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach sa chleachtas laistigh den Aontas.

Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún tionscnamh nua i mí na Nollag chun dul i ngleic le mí-úsáid eintiteas blaosc chun críocha cánach míchuí. Eintitis san Aontas Eorpach nach bhfuil aon ghníomhaíocht eacnamaíoch acu, nó fíorbheagán de ghníomhaíocht eacnamaíoch acu, ba cheart go gcinnteofaí leis an togra nach féidir leis na heintitis sin tairbhe a bhaint as buntáistí cánach agus nach gcuireann siad aon ualach airgeadais ar cháiníocóirí.

In 2020 tháinig méadú ar an ríomhthráchtáil iomlán san Aontas Eorpach go dtí EUR 757 mbilliún, méadú 10 % ó EUR 690 billiún an bhliain roimhe sin. Bliain eisceachtúil ab ea 2020 a raibh paindéim COVID-19 mar chuid di, agus bhí ról tábhachtach ag an ríomhthráchtáil dá bharr don tsochaí agus don gheilleagar araon. I mí Iúil 2021 tháinig rialacha nua CBL maidir le siopadóireacht ar líne i bhfeidhm. Is é is aidhm do na rialacha nósanna imeachta a shimpliú maidir leis an ríomhthráchtáil trasteorann agus cothrom iomaíochta a chinntiú idir gnólachtaí agus ardáin an Aontais agus ardáin nach den Aontas iad. Ina theannta sin, is mó an trédhearcacht a bhíonn ag siopadóirí ar líne san Aontas Eorpach maidir le praghsáil agus rogha na dtomhaltóirí.

In 2021 rinneadh treisiú mór ar an Aontas Custaim i gcoinne bagairtí slándála agus sábháilteachta, leis an gCóras nua um Rialú Allmhairí 2. Leis an gcóras sin, is féidir le seirbhísí custaim dul i ngleic le trácht aindleathach earraí thar theorainneacha seachtracha an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí, agus bainistiú a dhéanamh ar an mbaol, atá ag méadú, go dtiocfaidh earraí neamhshábháilte isteach san Aontas tríd an ríomhthráchtáil.

Iomaíocht chothrom

Fágann iomaíocht bhríomhar gur athléimní geilleagar an Aontais mar go dtugann sé an dreasacht do ghníomhaithe an mhargaidh nuáil agus infheistíocht a dhéanamh agus cur lena n-iomaíochas. De bharr a chinntí in aghaidh trustaí agus a chinntí maidir le cumasc agus le státchabhrach, cosnaíonn an Coimisiún tomhaltóirí ar chleachtais ghnó éagóracha agus cinntíonn sé go mbíonn rochtain acu ar an rogha is leithne táirgí ardchaighdeáin agus nuálacha, ar phraghsanna cothroma. Mar shampla, de réir meastacháin choimeádacha ón gCoimisiún Eorpach is idir EUR 14 bhilliún agus EUR 23.3 billiún atá sna coigiltí bliantúla do chustaiméirí ó thoirmisc ar chairtéil agus ó idirghabhálacha cumaisc san Aontas.

Trí rialacha iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú go láidir agus go cothrom, cuirtear comhtháthú san Aontas chun cinn mar aon le cóir chomhionann i measc gníomhaithe margaidh, rud a ghineann fás agus fostaíocht. In 2021 lean an Coimisiún de rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú ar fud na margaí go léir. Chun fanacht chun tosaigh ar an athrú, threisigh sé an t-athbhreithniú leanúnach atá á dhéanamh aige ar uirlisí beartais iomaíochta. Go háirithe, bhí na treoirlínte nua Státchabhrach maidir leis an aeráid, leis an bhfuinneamh agus leis an gcomhshaol mar thoradh suntasach ar an bpróiseas sin in 2021, rud a chuidigh le glasú an gheilleagair, i gcomhréir le cuspóirí beartais an Choimisiúin.

Tá sé mar aidhm leis an obair leanúnach, mar a leagtar amach sa teachtaireacht maidir leis an mbeartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua, leanúint de thacaíocht a thabhairt don gheilleagar i gcomhthéacs na paindéime (féach Caibidil 1 freisin); dlús a chur leis an téarnamh; agus an bealach a réiteach le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus chun gur athléimní a bheidh an Margadh Aonair.

Teaghlach óg le leanbh beag agus iad ag súgradh le chéile sa bhaile.

Eoraip chothrom shóisialta a thógáil

Geilleagar cuimsitheach

Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

Mhol an Coimisiún Eorpach i mí an Mhárta plean gníomhaíochta ina leagtar amach tionscnaimh nithiúla chun na fiche prionsabal atá i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhíorú. Agus leas á bhaint as comhairliúchán poiblí ar mhórscála ar cuireadh breis agus 1000 aighneacht i scríbhinn isteach ina leith, mhol sé trí phríomhsprioc a bheidh le baint amach ag an Aontas faoi 2030. Is iad na príomhspriocanna sin fostaíocht do 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois; oiliúint bhliantúil do 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile; agus ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine a bheith i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, 5 mhilliún páiste ina measc. D’fhormhuinigh ceannairí an Aontais an tacar nua spriocanna ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 7 agus an 8 Bealtaine. Is ansin a tháinig ceannairí an Aontais, comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta le chéile agus gheall siad Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme tuilleadh, iad á rá go bhfuil sé in am beart a dhéanamh.

Léiríonn an ghrafaic eolais seo spriocanna tábhachtacha le haghaidh 2030 maidir leis an bhfostaíocht, an oiliúint agus cúrsaí sóisialta.

Faoi 2030 tá sé d’aidhm ag an Aontas go mbeidh ar a laghad 78 % den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois fostaithe, ar a laghad 60 % de dhaoine fásta rannpháirteach in oiliúint gach bliain agus 15 mhilliún duine níos lú i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta.

Áiteanna oibre níos sábháilte agus níos sláintiúla

Chun cosaint níos fearr a thabhairt do na milliúin oibrithe ar thimpistí agus galair a bhaineann leis an obair, ghlac an tAontas i mí an Mheithimh an Creat Straitéiseach maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2021–2027. Sainaithnítear ann na príomhdhúshláin, leagtar amach cuspóirí agus cuirtear bearta i láthair chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a fheabhsú sna blianta atá le teacht. Freagraíonn sé freisin do na riachtanais maidir le cosaint oibrithe, riachtanais atá ag athrú leo, mar thoradh ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas, ar chineálacha nua oibre agus ar phaindéim COVID-19. Ag an am céanna, leanfar leis an gcreat de chur i gcoinne rioscaí traidisiúnta sláinte agus sábháilteachta ceirde, amhail timpistí ag an obair nó nochtadh do cheimiceáin ghuaiseacha. Cuireann sé cur chuige “fís nialais” chun cinn chun deireadh a chur le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas.

Daoine a oibríonn trí ardáin a chosaint

Cuireann ardáin saothair dhigiteacha poist agus ioncam ar fáil do thart ar 28 milliún duine san Aontas Eorpach. Le 5 bliana anuas, mhéadaigh geilleagar na n-ardán faoi chúig. Mhol an Coimisiún bearta i mí na Nollag chun feabhas a chur ar dhálaí oibre do dhaoine a oibríonn trí ardáin. Mar thoradh ar an treoir atá beartaithe, meastar go bhféadfaí idir 1.7 milliún agus 4.1 milliún duine a athaicmiú mar oibrithe agus go bhfaigheadh siad na cearta agus an chosaint shóisialta a bhfuil siad ina dteideal. Leanfaí de dhaoine eile a aicmiú mar dhaoine féinfhostaithe, agus thabharfaí uathriail agus cosaint iomlán dóibh ar an leibhéal náisiúnta a bhaineann leis an bhféinfhostaíocht. Chinnteofaí leis an treoir freisin go dtuigfeadh gach duine a oibríonn trí ardáin agus a n-ionadaithe na halgartaim a úsáidtear san obair ardáin, agus gur faoi réir rialuithe daoine a bhíonn na halgartaim sin i gcónaí.

Cén mhaith do na daoine seo iad a aicmiú ina n-oibrithe?

Am scíthe ráthaithe agus laethanta saoire íoctha.

An pá íosta náisiúnta nó earnálach (i gcás inarb infheidhme) ar a laghad.

Sábháilteacht agus cosaint sláinte.

Sochair dhífhostaíochta, bhreoiteachta agus chúraim sláinte.

Saoire mháithreachais, saoire atharthachta agus saoire do thuismitheoirí.

Cearta pinsin.

Sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galar ceirde.

An tÚdarás Eorpach Saothair

Fear agus é ag spealadóireacht i bpáirc.
I mí Mheán Fómhair, d’eagraigh an tÚdarás Eorpach Saothair an chéad chigireacht chomhpháirteach idir dhá Bhallstát, is iad sin an Fhrainc agus an Bhulgáir. An aidhm a bhí leis sin dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha a tharlaíonn arís agus arís eile ar shaothar agus ar chearta sóisialta na n-oibrithe séasúracha in earnáil na talmhaíochta.

I mí na Bealtaine 2021 thosaigh an tÚdarás Eorpach Saothair ag feidhmiú go neamhspleách ar an gCoimisiún. Is é sainordú an údaráis a chinntiú go bhforfheidhmeofar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta ar bhealach cothrom, simplí agus éifeachtach, agus go mbeidh sé níos éasca do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí leas a bhaint as an Margadh Aonair.

An easpa dídine a chomhrac

Den chéad uair riamh tá gealltanas tugtha ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta oibriú le chéile chun an easpa dídine san Aontas a chomhrac. I mí an Mheithimh sheol siad an tArdán Eorpach um Easpa Dídine a Chomhrac le chéile chun idirphlé a spreagadh, foghlaim fhrithpháirteach a éascú, fianaise agus faireachán a fheabhsú, agus comhar a neartú idir eagraíochtaí atá ag comhrac in aghaidh easpa dídine. Le Dearbhú Liospóin i mí an Mheithimh maidir leis an ardán nua, leagtar amach cuspóirí uaillmhianacha: cóiríocht éigeandála do gach duine atá i ngátar, cóiríocht atá inrochtana, sábháilte agus oiriúnach; tairiscint tithíochta cuí do dhaoine a scaoiltear as institiúidí mar shampla an príosún nó an t-ospidéal; tithíocht éigeandála nó idirthréimhseacha nach n-úsáidtear ach de réir mar is gá; agus an t-idirdhealú ar bhonn easpa dídine a chomhrac. Ó 2022 ar aghaidh, mar chuid de ghníomhaíochtaí an ardáin, seolfar tionscadal chun daoine atá gan dídean i gcathracha éagsúla ar fud an Aontais a chomhaireamh; chomh maith le himeachtaí foghlama frithpháirtí chun úsáid chistiú an Aontais agus dea-chleachtais atá bunaithe ar fhianaise a shainaithint agus a chur chun cinn.

Nicolas Schmit, Milan Krajniak agus daoine eile i mbun comhrá, agus masc orthu ar fad.
Nicolas Schmit, an Coimisinéir Eorpach um Poist agus um Chearta Sóisialta (an dara duine ar chlé) agus Milan Krajniak, Aire Saothair, Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh na Slóvaice (ar dheis) ar cuairt ar dhídean San Luisa de Marillac atá á reáchtáil ag an gcarthanacht DePaul na Slóvaice, arna chómhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa agus ag an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, i mBratasláiv na Slóvaice, an 8 Samhain 2021.

Níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga

I mí na Nollag 2021 ba é 14.9 % an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg san Aontas, sin 2.75 milliún duine faoi bhun 25 bliana d’aois. I mí Mheán Fómhair d’fhógair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, tionscnamh nua ar a dtugtar ALMA (a sheasann do “Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh” i mBéarla) chun tacaíocht an Aontais a mhéadú do dhaoine óga nach bhfuil post, oideachas ná oiliúint de chineál ar bith ar bun acu agus atá faoi mhíbhuntáiste, mar shampla de dheasca easpa cáilíochtaí nó míchumais, nó mar gheall ar chúlra imirceach. Cabhróidh ALMA leo a mbealach a aimsiú sa mhargadh fostaíochta trí chóitseáil agus oiliúint phearsantaithe ina mBallstát féin a chomhcheangal le socrúchán oibre i mBallstát eile. Is iad na cuspóirí scileanna, eolas agus taithí daoine óga a fheabhsú; an deis a thabhairt dóibh naisc nua a chruthú ar fud na hEorpa nach bhféadfaí a dhéanamh murach é; agus, ar deireadh, chun cabhrú leo dul isteach sa mhargadh saothair. Cuirfear Alma chun feidhme faoi Chiste Sóisialta Plus na hEorpa, agus beidh buiséad bliantúil measta EUR 15 mhilliún aige.

Físeán ina mínítear taithí rannpháirtí ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
FÍSEÁN Mar chuid den oiliúint le haghaidh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, míníonn Virna an dóigh ar smaoinigh sí ar choincheap a tionscadail dlúthpháirtíochta agus pléann sí na ceisteanna a chuir sí uirthi féin chun an smaoineamh a fhíorú.

I mí Aibreáin sheol an Coimisiún clár nua an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le haghaidh an tréimhse 2021–2027. Tá buiséad os cionn EUR 1 bhilliún ag an gclár agus cuirfidh sé deiseanna ar fáil do 275 000 duine óg nó mar sin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus dhaonnúla trí obair dheonach nó trína dtionscadail dlúthpháirtíochta féin a chur ar bun. A bhuí le fócas téamach na dtionscadal cór, tacaíonn an clár le tosaíochtaí polaitiúla uileghabhálacha an Aontais mar shampla an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an cuimsiú, agus rannpháirtíocht daoine óga sna próisis dhaonlathacha agus a rannpháirtíocht shibhialta.

I mí Mheán Fómhair, sheol an Coimisiún an t-iarratas nua ar líne Erasmus+, ionad ilfhreastail do mhic léinn shoghluaiste Erasmus+ ina bhfuil an t-eolas go léir is gá chun staidéar a dhéanamh agus maireachtáil thar lear. Cuireann sé Cárta Mac Léinn Digiteach Eorpach ar fáil do mhic léinn shoghluaiste. Beidh an cárta bailí ar fud an Aontais chun sainaithint a dhéanamh go sábháilte agus go héasca in institiúidí ardoideachais agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí. Céim thábhachtach i dtreo Limistéar Eorpach an Oideachais a chruthú is ea an cárta. Mhéadaigh clár Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga go Ceanada, go dtí an Chóiré Theas agus go dtí an Téaváin in 2021, rud a chuir níos mó deiseanna ar fáil chun taithí a fháil le fiontraí thar lear.

Ina theannta sin, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen i mí Mheán Fómhair togra ón gCoimisiún chun Bliain Eorpach na hÓige a reáchtáil in 2022. Is é an cuspóir atá ann an tAontas, na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh chun urraim a thabhairt do na daoine óga, tacú leo agus dul i dteagmháil leo sa saol i ndiaidh na paindéime. Spreagfaidh Bliain Eorpach na hÓige rannpháirtíocht an aois óig i mbeartais uile an Aontais, go háirithe; forbairt phearsanta, shóisialta agus ghairmiúil an aois óig a chur chun cinn; agus béim a leagan ar an dóigh ar féidir peirspictíochtaí nua a chur ar fáil dóibh leis an aistriú glas agus leis an athrú digiteach.

I mí Dheireadh Fómhair chuir an Coimisiún tús leis an bpróiseas chun 60 000 pas iarnróid saor in aisce a dháileadh faoin tionscadal DiscoverEU. Tugann an tionscnamh seo deis do dhaoine atá 18 mbliana d’aois ó gach cúlra taisteal ar fud an Aontais, foghlaim ó chultúir eile, cairdeas a fhorbairt le daoine nua agus níos mó eolais a chur a bhféiniúlacht Eorpach féin. Ós rud é nár dáileadh aon phas in 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19, bhí cead ag daoine 19 mbliana d’aois páirt a ghlacadh in 2021.

Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta

I mí na Nollag chuir an Coimisiún i láthair plean gníomhaíochta chun cuidiú leis an ngeilleagar sóisialta Eorpach rathú, agus leas á bhaint as a acmhainneacht eacnamaíoch agus a acmhainneacht poist a chruthú. Cuirfidh sé freisin le téarnamh cothrom cuimsitheach agus leis an aistriú glas agus leis an athrú digiteach araon. Is éard atá i gceist le heagraíochtaí an gheilleagair shóisialta eintitis a thugann tús áite do chuspóirí sóisialta agus comhshaoil agus a athinfheistíonn an chuid is mó dá mbrabús isteach san eagraíocht. Tá 2.8 milliún eintiteas geilleagair sóisialta san Aontas, agus 13.6 milliún duine fostaithe iontu agus a sholáthraíonn réitigh ar dhúshláin sa tsochaí. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag na heagraíochtaí sin agus iad ag forbairt agus ag méadú a gcuid gníomhaíochtaí, ó tharla nach dtuigtear agus nach n-aithnítear iad ar bhealach leordhóthanach. Teastaíonn níos mó tacaíochta, agus tacaíocht níos fearr, chun gur féidir leo fás agus chun borradh a chur fúthu, agus tionchar níos mó a bheith acu ar an tsochaí. Is é is aidhm don phlean gníomhaíochta an bealach a réiteach d’eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta chun tosú agus chun méadú.

Eolas agus scileanna daoine a fhorbairt

Tá méadú ag teacht ar an líon daoine nach mór dóibh a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a nuashonrú chun na bearnaí a líonadh idir an t-oideachas foirmiúil a cuireadh orthu agus na riachtanais a bhaineann le sochaí agus margadh saothair atá ag athrú go tapa. I mí na Nollag mhol an Coimisiún moltaí ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair agus micridhintiúir, mar a fógraíodh sa Chlár Oibre Eorpach um Scileanna agus sa Teachtaireacht maidir leis an Limistéar Oideachais Eorpach in 2020.

Is teidlíochtaí oiliúna aonair atá i gcuntais foghlama aonair. Is é is aidhm don togra dul i ngleic leis an leibhéal íseal rannpháirtíochta i measc daoine fásta san oiliúint, bearnaí sna scileanna a laghdú agus cur le geilleagar iomaíoch agus le cothroime shóisialta. Chuige sin tugtar aghaidh sa mholadh atá beartaithe ar na príomhbhacainní a bhíonn roimh dhaoine ar mian leo tabhairt faoin oiliúint – inspreagadh, am agus maoiniú – trí iarraidh ar na Ballstáit in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cuntais foghlama aonair a bhunú agus teidlíochtaí oiliúna a chur ar fáil do gach duine fásta atá in aois oibre;
  • liosta a chruthú de chúrsaí oiliúna atá incháilithe do mhaoiniú ó na cuntais foghlama aonair agus é a chur ar fáil trí chlárlann dhigiteach;
  • gairmthreoir a chur ar fáil agus scileanna a foghlaimíodh roimhe a bhailíochtú, mar aon le saoire oiliúna le pá.

Deimhníonn micridhintiúir na torthaí foghlama a bhaineann le heispéireas foghlama gearrthéarmach, mar shampla gearrchúrsa nó seisiún oiliúna. Cuireann siad bealach solúbtha spriocdhírithe ar fáil chun cabhrú le daoine eolas, scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt ar mhaithe lena bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil féin. Tá sé mar aidhm leis an togra ón gCoimisiún go n-oibreodh na micridhintiúir thar institiúidí, gnólachtaí, earnálacha agus teorainneacha. Is é an aidhm atá ann a chinntiú go mbíonn na micridhintiúir ar ardchaighdeán agus go n-eisítear iad ar bhealach trédhearcach chun muinín a chothú as an méid a dheimhníonn siad.

Tá roinnt cistí ón Aontas ar fáil chun tacú le cur chun feidhme beart chun scileanna daoine a fhorbairt, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (féach Caibidil 1). Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh sna daoine. Tá buiséad iomlán ag an gciste dar luach isteach agus amach le EUR 99 mbilliún don tréimhse 2021–2027 agus cuireann sé leibhéal ard fostaíochta, oideachais agus oiliúna chun cinn atá inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán.

Tá sé mar aidhm ag an gciste freisin cosaint shóisialta leordhóthanach chuibhiúil a ráthú, an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac agus dálaí oibre a fheabhsú. Don tréimhse 2021–2027, déanfar an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a chomhtháthú i gCiste Sóisialta na hEorpa Plus.

Mariya Gabriel, miongháire ar a haghaidh, agus í ag tabhairt óráide ag póidiam.
Mariya Gabriel, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, Taighde, Cultúr, Oideachas agus an Óige, i mbun preasócáide faoi Erasmus+, an Bhruiséil, an Bheilg, 25 Márta 2021.

I mí an Mhárta seoladh an clár nua Erasmus+ le haghaidh 2021–2027. Agus buiséad EUR 26.2 billiún ag an gclár, arna chomhlánú le thart ar EUR 2.2 billiún ó ionstraimí seachtracha an Aontais, maoineofar leis an gclár athchóirithe tionscadail soghluaisteachta foghlama agus tionscadail comhair trasteorann le haghaidh 10 milliún Eorpach ó gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra. Féachfaidh sé le bheith níos cuimsithí agus le tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, mar a leagtar amach sna tosaíochtaí don Limistéar Eorpach Oideachais.

Taighde, nuálaíocht agus an Limistéar Eorpach Taighde

I mí na Samhna chomhaontaigh na Ballstáit uile maidir le Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip agus maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde, comhshocrú ina leagtar amach tosaíochtaí agus creat cuíchóirithe rialachais don réimse, lena n-áirítear clár oibre beartais le haghaidh 2022–2024. Cuideoidh sé sin le hailíniú níos fearr a chur chun cinn maidir le straitéisí agus le hinfheistíocht réigiúnacha agus náisiúnta, agus le straitéisí agus le hinfheistíocht an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, an dul chun cinn a shainiú agus faireachán a dhéanamh air i gcomhréir le comhchlár oibre beartais maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde. I measc na réimsí a chumhdaítear tá luachanna agus prionsabail an taighde agus na nuálaíochta, agus tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh na hinfheistíochta, mar shampla i mbonneagar taighde. Tacóidh an Coimisiún le comhghníomhaíochtaí chun infheistíocht fhadtéarmach sa taighde agus sa nuálaíocht agus athchóirithe beartais a chinntiú.

Aontas an chomhionannais

Helena Dalli agus í ag tabhairt óráide ag póidiam.
Helena Dalli, an Coimisinéir Eorpach um Chomhionannas, agus í ag freastal ar thaispeántas maidir le foréigean inscnebhunaithe dar teideal “Cad é a bhí á chaitheamh agat an lá sin?”, taispeántas a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus Amnesty International, an Bhruiséil, an Bheilg, an 16 Samhain 2021.

Pá comhionann as obair chomhionann

Is é is aidhm do bhearta nua maidir le trédhearcacht pá a chinntiú go bhfaigheann na mná agus na fir san Aontas pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach. Leagtar amach sa togra ón gCoimisiún a glacadh i mí an Mhárta bearta trédhearcachta pá, amhail faisnéis faoi phá do chuardaitheoirí poist, an ceart eolas a bheith acu ar na leibhéil phá d’oibrithe a bhfuil an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach á déanamh acu, agus oibleagáidí tuairiscithe agus measúnaithe ar bhearna phá idir na hinscní do ghnólachtaí móra. Ina theannta sin, ní bheidh cead ag fostóirí stair phá a iarraidh ar chuardaitheoirí poist, rud a chuirfidh cosc ar an leanúint den bhearna phá agus iad ag athrú ó phost amháin go post eile. Táthar ag díriú leis an togra freisin ar neartú na n-uirlisí le haghaidh na n-oibrithe chun a gcearta a éileamh agus rochtain ar cheartas a éascú, mar shampla an ceart chun cúitimh a threisiú maidir le hidirdhealú pá.

Ó bhí
1957
ann, tá sé de cheart ag fir agus mná in AE pá comhionann a fháil

Is é
14 %
an bhearna phá idir na hinscní in AE faoi láthair

Is é
30 %
an bhearna phinsin idir na hinscní

Cearta an linbh

Chun an tAontas a chur in oiriúint don chéad ghlúin eile de mhuintir na hEorpa, mhol an Coimisiún in 2021 Straitéis nua chuimsitheach an Aontais maidir le Cearta an Linbh agus Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Cuideoidh na mórthionscnaimh bheartais sin chun gach leanbh a chosaint agus cuideoidh siad leo a gcearta a fheidhmiú. Eolas a fuarthas ó chomhairliúcháin chuimsitheacha le saoránaigh, páirtithe leasmhara agus, níos tábhachtaí fós, breis agus 10 000 páiste, baineadh úsáid as an eolas sin chun an dá thionscnamh a mhúnlú, mar iarracht dhiongbháilte iad a chur i gcroílár cheapadh beartais an Aontais. Bhí an straitéis le léamh freisin i leaganacha soléite le haghaidh páistí ag gach aois agus ag gach leibhéal cumais léitheoireachta.

Is é an príomhphrionsabal ar a bhfuil Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh bunaithe gur cheart na cearta céanna a bheith ag gach leanbh san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain agus gur cheart go mbeadh siad saor ó idirdhealú. Is é is aidhm don straitéis cearta leanaí a phríomhshruthú i mbeartais ábhartha an Aontais agus náisiúnta. Is éard atá i gceist leis gníomhaíochtaí leantacha i sé réimse théamacha:

  • leanaí a chumhachtú chun a bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina mbaill de shochaithe daonlathacha;
  • bochtaineacht leanaí a chomhrac agus an cuimsiú socheacnamaíoch, an tsláinte agus an t-oideachas a chur chun cinn;
  • gach cineál foréigin in aghaidh leanaí a chomhrac agus cosaint leanaí a chinntiú;
  • neartú a dhéanamh ar cheartas a thacaíonn le leanaí;
  • tacaíocht agus cosaint a thabhairt do leanaí leis an aistriú digiteach; agus
  • agus dlús a chur le hobair an Aontais ar chearta leanaí ina ghníomhaíocht sheachtrach.

Go deimhin, cuidíonn an straitéis sin chun an Aontas a shuí mar thionscnóir tábhachtach agus mar chosantóir chearta an linbh a chosaint ar fud an domhain.

Tugtar le chéile sa straitéis, in aon chreat cuimsitheach comhleanúnach amháin, ionstraimí reachtacha, beartais agus maoinithe an Aontais, idir chinn nua agus chinn atá ann cheana, a chuidíonn le cearta an linbh a chosaint agus a chur chun cinn. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go ngníomhóidh sé, agus go nglacfaidh sé Ráthaíocht Eorpach do Leanaí in 2021 agus Straitéis Eorpach nuashonraithe i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí in 2022.

Is é is aidhm don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, a moladh i mí an Mhárta, a chinntiú gur ag gach leanbh san Aontas atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a bheidh rochtain ar phríomhsheirbhísí atá riachtanach chun comhdheiseanna a chur chun cinn. San áireamh leo sin tá oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim, ar a laghad béile sláintiúil amháin gach lá scoile, cúram sláinte agus rochtain ar bhia sláintiúil agus tithíocht leordhóthanach. Ghlac an Chomhairle an moladh sin laistigh de 3 mhí, agus tá na Ballstáit tar éis comhordaitheoirí náisiúnta um Ráthaíocht Leanaí a ainmniú a dhéanfaidh maoirseacht ar chur chun feidhme na ráthaíochta. Ní mór do na Ballstáit a bpleananna náisiúnta a chur isteach faoi mhí an Mhárta 2022.

An ciníochas a chomhrac

I mí na Bealtaine cheap an Coimisiún Eorpach a chéad Chomhordaitheoir Frithchiníochais, agus gealltanas tábhachtach á chomhlíonadh aige i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an Chiníochais 2020. Is ag idirghníomhú le Parlaimint na hEorpa, leis na Ballstáit, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis an lucht acadúil a bhíonn an comhordaitheoir, chun freagairtí beartais i réimse an fhrithchiníochais a neartú. Téann siad i ndlúthchomhairle freisin le daoine a bhfuil cúlra cine agus eitneach mionlaigh acu agus cuireann siad a n-ábhair imní in iúl don Choimisiún. Rachaidh an comhordaitheoir i gcomhar le ranna sa Choimisiún chun ciníochas a chomhrac trí bheartais fostaíochta, oideachais, sláinte agus tithíochta, nó a bhuí le cláir mhaoiniúcháin amhail an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus.

Chun an ciníochas a chomhrac ar bhealach cuimsitheach, in 2021 d’oibrigh an Coimisiún leis na Ballstáit, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhlachtaí comhionannais chun tacú le forbairt pleananna gníomhaíochta náisiúnta in aghaidh an chiníochais agus an idirdhealaithe chiníoch, agus chun tionchar ghníomhaíochtaí an chomhordaitheora a neartú agus Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an Ciníochais á chur chun feidhme.

Sa chomhthéacs sin, tá foghrúpa curtha ar bun a oibreoidh leis na Ballstáit chun díriú ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ar bhonn náisiúnta. Reáchtáil an Coimisiún an Cruinniú Mullaigh Eorpach maidir leis an bhFrithchiníochas an 19 Márta. Is í Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Idirghrúpa um an bhFrithchiníochas agus um an Éagsúlacht de chuid Pharlaimint na hEorpa a rinne an cruinniú mullaigh a chomhóstáil.

Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach

Sa mholadh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach a glacadh i mí an Mhárta, tá liosta cuimsitheach beart chun an t-idirdhealú agus an frithghiofógachas a chomhrac; cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; rannpháirtíocht agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn; agus rochtain chomhionann a chinntiú ar oideachas, ar fhostaíocht, ar shláinte agus ar thithíocht ar ardchaighdeán. I measc na mbeart sin tá an iliomad cineálacha idirdhealaithe struchtúraigh in aghaidh na Romach a chomhrac agus rochtain ar fhostaíocht a áirithiú do na Romaigh in institiúidí poiblí áitiúla agus réigiúnacha.

Vera Jourová agus í ag caint os comhair siombail rotha de chuid na Romach.
Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar Luachanna agus ar Thrédhearcacht, ag tabhairt óráide ag an 14ú cruinniú den Ardán Eorpach um Chuimsiú na Romach, an Bhruiséil, an Bheilg, an 21 Meán Fómhair 2021.

Tá an moladh mar chuid den chreat straitéiseach 10 mbliana chun comhionannas na Romach a chur chun cinn ar fud an Aontais, agus áirítear ann fócas níos láidre ar chomhpháirtíochtaí agus ar chumas institiúideach, tacaíocht don tsochaí shibhialta agus d’fhorbairt pobail, úsáid níos fearr cistí agus faireachán treisithe. Pléadh an comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais mar chineál sonrach ciníochais ag an gCruinniú Mullaigh Eorpach maidir leis an bhFrithchiníochas agus le linn an 14ú Ardán Eorpach um Chuimsiú na Romach i mí Mheán Fómhair.

Comhionannas LGBTIQ

I mí na Samhna 2020, ghlac an Coimisiún an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020–2025, ina leagtar amach na príomhchuspóirí agus na príomhthionscnaimh chun comhionannas leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach, idirghnéasach agus aiteach a chur chun cinn. Ó shin i leith, tá foghrúpa comhionannais LGBTIQ curtha ar bun ag an gCoimisiún faoin nGrúpa Ardleibhéil um Neamh-idirdhealú, Comhionannas agus Éagsúlacht chun tacú le dul chun cinn sna Ballstáit agus faireachán a dhéanamh air sin, lena n-áirítear pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt maidir le comhionannas LGBTIQ.

I mí Iúil sheol an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh na hUngáire agus na Polainne maidir le comhionannas agus cosaint ceart bunúsach. Baineann na cásanna san Ungáir leis an dlí a glacadh le déanaí lena gcuirtear toirmeasc nó teorainn go háirithe ar rochtain ar ábhar lena gcuirtear chun cinn nó lena léirítear “difríocht ó fhéinfhéiniúlacht a fhreagraíonn do ghnéas tráth breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht” le haghaidh daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus séanadh a fhorchuirtear ar leabhar leanaí ina bhfuil ábhar LGBTIQ. Ós rud é nár tugadh aghaidh ar ábhair imní an Choimisiúin, chinn sé an 2 Nollaig tuairim réasúnaithe a chur chun na hUngáire, agus tugadh 2 mhí di chun freagra a thabhairt ar an gcás agus chun é a réiteach. Mura ndéanfar amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cás an Bhallstáit sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Maidir leis an bPolainn, measann an Coimisiún gur theip ar údaráis na Polainne freagairt iomlán agus iomchuí a thabhairt ar a fhiosrúchán maidir le cineál agus tionchar na rún “limistéar atá saor ó idé-eolaíocht LGBT” arna nglacadh ag roinnt réigiún agus bardas sa Pholainn. Fuair an Coimisiún freagra ón bPolainn ar a litir fógra fhoirmiúil, agus ag deireadh 2021 bhí anailís á déanamh aige ar an bhfreagra sular chinn sé cé na chéad chéimeanna eile a ghlacfaí.

An frithsheimíteachas a chomhrac

I mí Dheireadh Fómhair ghlac an Coimisiún Straitéis an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú (2021–2030), an chéad straitéis riamh de chuid an Aontais i ndáil leis sin. Agus an frithsheimíteachas ag dul i méid, rud atá ina chúis imní, leagtar amach sa straitéis sraith beart a bhaineann le trí cholún: gach cineál frithsheimíteachais a chosc agus a chomhrac; saol na nGiúdach a chosaint agus a chothú san Aontas; agus oideachas, taighde agus cuimhneachán ar an Uileloscadh a chothú. Tá na Ballstáit tiomanta cheana féin gach cineál frithsheimíteachais a chosc agus a chomhrac trí straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun an ciníochas, an tseineafóibe, an radacú agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc.

Tarlaíonn an frithsheimíteachas comhaimseartha in go leor foirmeacha, idir shean agus nua, mar shampla an fhuathchaint ar líne, an fhuathchoireacht agus ionsaithe ar dhaoine Giúdacha, a maoin agus a n-institiúidí, agus díshealbhú reiligí agus cuimhneachán.

  • Measann an leathchuid de na daoine ar fad san Aontas gur fadhb é an frithsheimíteachas.
  • 9 as gach 10 (89 %) nGiúdach san Aontas den tuairim gur tháinig méadú ar an bhfrithsheimíteachas ina mBallstát féin.
  • Níor thuairiscigh 79 % de na Giúdaigh, d’aon eagraíocht, an eachtra frithsheimíteach ba thromchúisí a tharla dóibh.
  • Tá na Giúdaigh ar na grúpaí is mó a ndírítear teanga nimhiúil orthu ar líne. Ag brath ar an ardán ar a ndearnadh taighde, is ar na Giúdaigh a dhírítear an teanga nimhiúil i 6,3 % go 27 % de na cásanna.

An fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a chomhrac

I mí na Nollag d’iarr an Coimisiún go foirmiúil ar an gComhairle cur le liosta na gcoireanna an Aontais Eorpaigh a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chur san áireamh. Leis an gCinneadh Réime maidir leis an gCiníochas agus an tSeineafóibe a chomhrac trí bhíthin an Dlí Choiriúil, ní cheanglaítear coiriúlú na fuathchainte ciníche agus seineafóbaí agus coiriúlú na fuathchoireachta ach ar fhorais áirithe, amhail cine, dath, reiligiún, sliocht nó bunadh náisiúnta nó eitneach. Tá éagsúlacht ann ar fud na mBallstát maidir le cineálacha eile fuathchainte agus fuathchoireachta a choiriúlú – mar shampla ar fhorais inscne, gnéaschlaonta, aoise agus míchumais. Le cinneadh ón gComhairle chun cur leis an liosta de “choireanna an Aontais”, cuirfear ar chumas an Choimisiúin, amach anseo, rialacha íosta a mholadh chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a choiriúlú ar fhorais seachas ciníochas agus seineafóibe.

Tá an Coimisiún ag leanúint dá chuid oibre chun trasuí agus cur chun feidhme cuí an chinnidh réime a chinntiú trí idirphlé leis na húdaráis náisiúnta agus, i gcás inar gá, trí nósanna imeachta um shárú. In 2020 agus 2021 chuir an Coimisiún tús le himeachtaí in aghaidh 13 mBallstát.

Lean an Coimisiún dá chuid oibre beartais chun an fhuathchoireacht chiníoch agus sheineafóibeach agus an fhuathchaint a chomhrac trí threoir a chur ar fáil agus dea-chleachtais a mhalartú leis na húdaráis náisiúnta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcomhthéacs an Ghrúpa Ardleibhéil um Chiníochas, Seineafóibe agus Cineálacha Eile Éadulaingthe a Chomhrac. I dtaca le cur chun feidhme an Chóid Iompair maidir le Fuathchaint Neamhdhleathach ar Líne a Chomhrac, i mí an Mheithimh d’fhógair an Coimisiún rannpháirtíocht an tsuímh gréasáin líonraithe LinkedIn. I mí Dheireadh Fómhair d’fhoilsigh an institiúid torthaí na meastóireachta bliantúla ar chur chun feidhme an chóid iompair, rud a léiríonn go bhfuil moill tagtha ar an dul chun cinn cé go bhfuil na torthaí fós dearfach.

Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas

Tá 87 milliún duine san Aontas atá faoi mhíchumas de chineál éigin. Tá ceart bunúsach ag gach duine chun saol gan bhacainní, agus tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas comhdheiseanna a bheith acu, páirt a ghlacadh sa tsochaí ar bhonn cothrom le daoine eile agus a bheith saor ó idirdhealú agus ó fhoréigean.

50,8 % de dhaoine faoi mhíchumas i bhfostaíocht, i gcomparáid le 75 % díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas.

28,4 % de dhaoine faoi mhíchumas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, i gcomparáid le 17,8 % díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas.

Ní bhaineann ach 29,4 % de dhaoine faoi mhíchumas céim tríú leibhéal amach, i gcomparáid le 43,8 % díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas.

Braitheann 52 % de dhaoine faoi mhíchumas go ndéantar idirdhealú orthu.

Is é is aidhm do Straitéis an Aontais maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021–2030 – a glacadh i mí an Mhárta agus a foilsíodh mar leagan soléite freisin – a chinntiú go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí. Téann an straitéis 10 mbliana i ngleic leis na dúshláin éagsúla atá os comhair daoine faoi mhíchumas. Leagtar amach ann gníomhaíochtaí chun comhionannas a fheabhsú i ngach gné den saol laethúil, amhail caighdeán maith maireachtála, maireachtáil go neamhspleách agus leas iomlán a bhaint as cearta an duine agus cearta an Aontais amhail saorghluaiseacht agus an ceart chun vótála. Ina theannta sin, cuireann an straitéis rochtain chothrom ar obair, ceartas, oideachas, cúram sláinte, cultúr, spórt agus turasóireacht chun cinn, chomh maith le cosaint ar aon chineál idirdhealaithe.

Cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn faoin gcairt

I mí na Nollag, ghlac an Coimisiún a “thuarascáil bhliantúil 2021 maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais”, inar díríodh ar chearta bunúsacha a chosaint sa ré dhigiteach. Chomh maith leis sin, sheol an Coimisiún feachtas múscailte feasachta maidir le cearta daoine faoin gcairt agus cá háit ar féidir leo dul i gcás inar sáraíodh a gcearta. D’oscail an Coimisiún glao ar thograí chun luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint faoin gclár um Chearta agus Luachanna um Chomhionannas Saoránach. Tacóidh an glao EUR 51 mhilliún sin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas ina gcuid oibre chun cearta agus luachanna bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn. Is tograí insoláthartha iad an tuarascáil agus an glao de Straitéis 2020 an Choimisiúin chun Cur i bhFeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas Eorpach a neartú.

Aosú agus déimeagrafaíocht

Tá athrú ollmhór déimeagrafach ag teacht ar an Eoraip le tamall agus tá sé go fóill ar siúl. San Aontas tá méadú 10 mbliana tagtha ar an ionchas saoil tráth breithe do mhná agus d’fhir araon le 50 bliain anuas. Ní mór do bheartais a bheith ag súil leis an treocht sin agus aghaidh a thabhairt uirthi, rud atá ag athrú na sochaithe agus na stíleanna maireachtála. I mí Eanáir d’fhoilsigh an Coimisiún an Páipéar Uaine maidir le hAosú, rud a chuir tús le díospóireacht phoiblí maidir leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an aosú. Léiríonn cur chuige saolré an pháipéir tionchar uilíoch an aosaithe ar gach glúin agus tá sé mar aidhm aige an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir réitigh inbhuanaithe dár gcórais leasa agus cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na glúnta.

I mí Aibreáin sheol an Coimisiún Atlas na Déimeagrafaíochta, uirlis idirghníomhach chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar threochtaí déimeagrafacha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil. Tá staitisticí agus réamh-mheastacháin oifigiúla ó Eurostat ann agus sonraí nua arna gcur ar fáil ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, mar aon le scéalta sonraí faoi shaincheisteanna sonracha a chuireann réimse leathan fianaise déimeagrafaí ar fáil, rud a chuidíonn chun anailís dhéimeagrafach a chur i gcroílár cheapadh beartais an Aontais. I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Chomhairle agus an Coimisiún tuarascálacha maidir le cúram fadtéarmach agus le leordhóthanacht pinsean, ina dtugtar breac-chuntas ar fholláine dhaoine aosta san Aontas sna blianta amach romhainn. Tuartar go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine a bhféadfadh cúram fadtéarmach a bheith de dhíth orthu san AE-27 ó 30.8 milliún in 2019 go 38.1 milliún in 2050, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcaiteachas ar chúram fadtéarmach san Aontas ó 1,7 % den OTI in 2019 go 2,5 % den OTI in 2050.

Beirt oibrithe cabhrach agus iad i gcomhrá os comhair ionad glactha.
In ionad glactha nua le haghaidh dídeanaithe atá comhbhunaithe ag an Aontas, cinntítear dálaí glactha sábháilte i gcomhréir le bearta coisctheacha COVID-19, Ceantar Kikuube, Iarthar Uganda, an 25 Eanáir 2021.

Leasanna agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn ar fud an domhain

An tAontas ina chomhpháirtí iltaobhach

Le paindéim COVID-19, léiríodh arís nach n-éiríonn leis an gcur chuige “tús áite do mo thír féin”. Sin an fáth a gcreideann an tAontas Eorpach i gcur chuige iltaobhach chun dul i ngleic leis na dúshláin agus na fadhbanna coiteanna atá roimh an gcine daonna. Bíonn an tAontas ag obair i gcomhar le comhpháirtithe domhanda in eagraíochtaí iltaobhacha, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus comhghuaillíochtaí chun saol níos fearr, níos sláintiúla agus níos sláine a bhaint amach le haghaidh mhuintir na hEorpa agus mhuintir an domhain. Ní airteagal creidimh amháin é don Aontas tacú le hord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha: an tréimhse shíochána agus chobhsaíochta atá ann go domhanda faoi láthair, ní raibh tréimhse eile ann chomh fada léi le cuimhne na ndaoine, tréimhse arb é an t-iltaobhachas is údar léi, rud atá ár dtabhairt i dtreo na forbartha inbhuanaithe.

Charles Michel, António Guterres agus Ursula von der Leyen, agus maisc orthu, agus iad ina seasamh os comhair bhratach na Náisiún Aontaithe.
Ó chlé go deas: Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ag an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac, na Stáit Aontaithe, an 20 Meán Fómhair 2021.

Tá sé tugtha faoi deara ag na príomheagraíochtaí iltaobhacha go bhfuil treocht ann maidir le crosadh agus pointí náisiúnta a scóráil seachas iarracht a dhéanamh teacht ar chomhdhearcadh coiteann. Dá thoradh sin, tá Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i bponc agus táthar ag cur i gcoinne bheartais na hEagraíochta Domhanda Slándála agus na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).

Is mian leis an Aontas go n-éireodh leis na heagraíochtaí sin agus tá sin de dhíth air. Ó tharla go bhfuil an pobal níos amhrasaí anois maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an gcomhar iltaobhach, tá sé ríthábhachtach a léiriú cén fáth a bhfuil sé fós ábhartha agus riachtanach oibriú i gcomhar le chéile le comhpháirtithe idirnáisiúnta ar nós na Náisiún Aontaithe. Dá bhrí sin, lean an tAontas in 2021 de bheith ag tacú le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras iltaobhach agus é a dhéanamh oiriúnach dá fheidhm, agus go háirithe cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

In 2021 d’oibrigh AE agus na Náisiúin Aontaithe le chéile i mbreis agus 170 tír

Géarchéimeanna a chosc agus a shárú

Cosaint a thabhairt do dhaoine atá i mbaol cogaidh, galair agus tubaistí nádúrtha

Tacú leis an neamhleathadh arm agus leis an dí-armáil

Dul i ngleic leis an ocras agus leis an easpa chothabhála

Sochaithe daonlathacha cuimsitheacha a fhorbairt

Seirbhísí riachtanacha a sholáthar

Cuidiú leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le poist chuibhiúla

Dul i ngleic leis an athrú aeráide

Paindéim COVID-19 a chomhrac

I mí Feabhra, leag an tAontas amach a ionchais agus a uaillmhianta le haghaidh an chórais iltaobhaigh i dTeachtaireacht Chomhpháirteach a chuireann nuachóiriú na bpríomhinstitiúidí chun cinn agus a thacaíonn le noirm dhomhanda a fhorbairt agus le hardáin chomhair a bhunú i réimsí ar nós an chánachais, an réimse dhigitigh agus na hintleachta saorga.

Josep Borrell agus é á dheasú féin do ghrianghraf in éineacht le naonúr oifigeach rialtais eile agus iad taobh thiar de stallaí brandáilte G7 agus bratacha sa chúlra, lena n-áirítear bratacha so-aitheanta an Aontais, na hIodáile, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (ar dheis) ag Cruinniú G7 na n Airí Gnóthaí Eachtracha agus Forbartha chun dúshláin gheopholaitiúla agus slándála a phlé, le (ó chlé go deas) Teodoro L. Locsin, Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha na nOileán Filipíneach, Annalena Baerbock, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, Luigi Di Maio, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair Idirnáisiúnta na hIodáile, Liz Truss, Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha na Ríochta Aontaithe, agus Mélanie Joly, Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada, Learpholl, an Ríocht Aontaithe, an 12 Nollaig 2021.

An tAontas chun tosaigh i bhfóraim iltaobhacha

Tacaíonn an tAontas go mór leis an gcomhar idirnáisiúnta. In 2021, lean sé de bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh spriocanna uaillmhianacha i leith na hinbhuanaitheachta a chur chun cinn roimh Chomhdháil COP26 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú na Ríochta Aontaithe (féach Caibidil 2) agus roimh Chomhdháil Bhithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe in Kunming na Síne, agus lean sé de bheith chun tosaigh ó thaobh chur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

I mí na Bealtaine, rinne an tAontas, in éineacht le hUachtaránacht G20 na hIodáile, comhóstáil ar Chruinniú Mullaigh Domhanda um Shláinte arbh é ba thoradh air dearbhú prionsabal a threoróidh gníomhaíochtaí domhanda i leith ábhair sláinte sna blianta amach romhainn. Ag Cruinniú Mullaigh Cheannairí G7 i mí an Mheithimh i gCorn na Breataine, an Ríocht Aontaithe, bhí áit thábhachtach ar an gclár oibre ag an téarnamh domhanda i ndiaidh na paindéime, agus ghlac an tAontas seasamh ceannaireachta ina leith. Gheall ceannairí G7 1 bhilliún dáileog vacsaíne do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim agus gheall siad go gcuirfidís dlús le táirgeadh agus le seachadadh vacsaíní ar fud an domhain.

Ceannairí G20 agus iad á ndeasú féin le haghaidh grianghraf grúpa.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le ceannairí eile G20 ag Cruinniú Mullaigh G20 i Róimh na hIodáile, an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2021.
Paolo Gentiloni agus é ag caint le Janet Yellen, agus iad ina suí os comhair bhratacha an Aontais agus na Stát Aontaithe faoi seach.
Paolo Gentiloni, an Coimisinéir Eorpach um an nGeilleagar (ar dheis), le Janet Yellen, Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, i Londain na Ríochta Aontaithe, an 5 Meitheamh 2021. Bhí an caidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ríthábhachtach le haghaidh na caibidlíochta as ar tháinig an comhaontú a rinneadh i mí Iúil chun cánachas níos cothroime na ngnólachtaí ilnáisiúnta a chinntiú.

Ag Cruinniú Mullaigh G20 sa Róimh i mí Dheireadh Fómhair, thacaigh ceannairí G20 le togra óna n-aire airgeadais chun íosráta cánach domhanda 15 % ar a laghad a leagan síos le haghaidh corparáidí ilnáisiúnta. Dul chun cinn suntasach a bhí sa chomhaontú sin, ar chomhaontaigh 136 dhlínse leis tar éis blianta fada caibidlíochta. De thairbhe an chomhaontaithe sin, cinnteofar freisin go n-íocfaidh na gnólachtaí ilnáisiúnta is brabúsaí cáin sna tíortha ina ngineann siad a n-ioncam, agus ní hamháin sa tír ina bhfuil a gceanncheathrú.

Frans Timmermans agus Shinjirō Koizumi, agus maisc orthu, agus iad ag beannú dorn os comhair an cheamara.
Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip faoina chúram (ar dheis), le Shinjirō Koizumi, Aire Comhshaoil na Seapáine ag Cruinniú Comhpháirteach Aireachta G20 maidir leis an Aeráid agus Fuinneamh, Napoli na hIodáile, an 22 Iúil 2021.

An 28 agus 29 Meitheamh, ghlac Josep Borrell, an tArdionadaí, páirt sna chéad chruinnithe aireachta ar an láthair faoi Uachtaránacht G20 na hIodáile in Matera na hIodáile. Ina dhiaidh sin, tionóladh Cruinniú Comhpháirteach na n Airí Gnóthaí Eachtracha agus Forbartha, a raibh Jutta Urpilainen, an Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta i láthair ann. Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an t-iltaobhachas agus an rialachas domhanda, agus conas an phaindéim a chomhrac le chéile agus atógáil chun feabhais. Phléigh siad freisin conas móiminteam na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a athbheochan, go háirithe san Afraic.

An tsíocháin agus an tslándáil

I dtimpeallacht dhúshlánach ar fud an domhain, is gá don Aontas feabhas a chur ar a chumas coinbhleachtaí a chosc agus an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú. Leis an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF), tá níos mó freagrachta á glacadh ag an Aontas air féin mar sholáthraí slándála domhanda. Faoin tsaoráid sin, maoineofar na costais choiteanna a bhaineann le misin agus oibríochtaí míleata faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, mar aon le bearta cúnaimh chun tacú le comhpháirtithe atá ag plé le hábhair mhíleata agus chosanta. Leis an gcúnamh a dheonófar, is féidir tairbhe a dhéanamh do chomhpháirtithe ar fud an domhain a bhfuil dúshláin mhóra slándála os a gcomhair, ar comhpháirtithe iad a gcinneann Ballstáit den Aontas tacaíocht a thabhairt dóibh.

Leis an tSaoráid Eorpach um Shíocháin déanfar tionchar, éifeachtacht agus inbhuanaitheacht ghníomhaíocht sheachtrach fhoriomlán an Aontais a uasmhéadú maidir leis an tsíocháin agus leis an tslándáil:

sin mar a dhéanfar deimhin de go mbeidh cistiú ó AE ar fáil ar bhonn iontaofa intuartha;

sin mar a dhéanfar foráil maidir le mearfh­rea­gairt ar ghéar­chéi­mean­na agus maidir le cúnamh práinneach a sholáthar;

sin mar a chuirfear tacaíocht fhadtéarmach um fhorbairt acmhainní ar fáil do chomhp­háir­tit­he an Aontais.

Is ciste nua luach EUR 5 bhilliún í an tSaoráid Eorpach um Shíocháin, ciste atá á mhaoiniú lasmuigh de bhuiséad an Aontais ar feadh tréimhse 7 mbliana (2021–2027), faoina ndéantar an méid seo a leanas:

ionstraim aonair a chruthú chun gach gníomhaíocht de chuid an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) a mhaoiniú sna réimsí míleata agus cosanta;

Is in ionad shásra Athena agus in ionad na Saoráide um Shíocháin san Afraic atá an ciste, agus is é atá i gceannas anois ar na gnéithe míleata agus cosanta a chumhdaítí faoi na hionstraimí sin cheana.

Tá céimeanna tógtha ag Josep Borrell, an tArdionadaí, in éineacht leis na Ballstáit chun an Compás Straitéiseach a fhorbairt. Leagtar amach ann fís don tslándáil agus don chosaint le haghaidh na 5-10 mbliana atá le teacht agus cuirtear chun cinn ann tograí praiticiúla le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais i réimsí éagsúla a bhaineann leis an tslándáil agus leis an gcosaint, ó bhainistiú géarchéime, athléimneacht go hinniúlachtaí agus comhpháirtíochtaí. Chuir an t Ardionadaí an chéad dréacht den Chompás Straitéiseach os comhair na mBallstát i mí na Samhna 2021, agus tá coinne leis go nglacfar é i mí an Mhárta 2022.

Forbairt agus cúnamh daonnúil

Chuir an tAontas agus a 27 mBallstát borradh mór faoin gcúnamh a thugann siad do thíortha comhpháirtíochta in 2020, suas le EUR 66.8 billiún. Is é an tAontas an deontóir cabhrach is mó ar domhan agus 46 % den chúnamh domhanda á chur ar fáil aige.

EUR 2.1 billiún a bhí sa chabhair dhaonnúil a leithdháil an tAontas in 2021, cuid de chun freastal ar na riachtanais phráinneacha ba thoradh ar COVID-19. A bhuí le heitiltí an Aerdhroichid Dhaonnúil a d’eagraigh an tAontas, seachadadh breis agus 20 tona de chabhair dhaonnúil do Mhósaimbíc agus breis agus 177 dtona do Háítí tar éis an chreatha talún thubaistigh a tharla sa tír sin.

Oibrithe cabhrach agus lastas á iniúchadh acu.
An 14 Lúnasa 2021, bhí Háítí buailte ag crith talún ollmhór. Scriosadh foirgnimh agus tithe, rinneadh damáiste tromchúiseach d’ospidéil agus do scoileanna, agus cuireadh isteach ar ghréasáin uisce, bóithre agus droichid. Shlóg an tAontas tacaíocht go tapa lena seoladh chuig an tír sin, tír a bhí an-leochaileach cheana féin.
Leithdháil an tAontas maoiniú daonnúil dar luach EUR 3 mhilliún chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais ba phráinní sna pobail a bhí buailte. Ina theannta sin, d’eagraigh an tAontas trí oibríocht faoin Aerdhroichead Daonnúil lenar soláthraíodh ábhar tarrthála do Háítí, agus chomhordaigh sé an cúnamh a sholáthair na Ballstáit agus a seoladh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.
Eitleán agus é á luchtú le pailléad brandáilte agus bratach an Aontais os a chomhair.
I samhradh na bliana 2021, d’eagraigh an tAontas Aerdhroichead Daonnúil chuig Mósaimbíc. Le trí eitilt, soláthraíodh cabhair dhaonnúil a raibh géarghá léi, deontais ón Iodáil agus ón bPortaingéil san áireamh, chun tacú le cúige Cabo Delgado díreach tar éis dó a bheith buailte ag borradh mór foréigin.

Thacaigh an tAontas le daoine leochaileacha trí chúnamh tarrthála a sholáthar i dtíortha a bhí buailte ag coinbhleacht, an Aetóip, an Afganastáin, agus Éimin san áireamh. Lean an tAontas de bheith ag tacú le daoine leochaileacha sa tSiria, mar aon le dídeanaithe Siriacha sa Tuirc agus i dtíortha eile sa réigiún.

Chun aghaidh a thabhairt ar an tsraith de dhúshláin atá roimh na hiarrachtaí daonnúla, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh, i mí an Mhárta ghlac an Coimisiún dearcadh straitéiseach athnuaite chun tionchar daonnúil an Aontais ar fud an domhain a neartú agus chun go mbeidh sé in ann leanúint de cheannaireacht a chur ar fáil. Sa teachtaireacht maidir le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais, moladh gníomhaíochtaí tábhachtacha chun acmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla; cabhair dhaonnúil a sholáthar ar bhealach níos tapúla trí thacú le comhpháirtithe daonnúla, agus mar chuid de sin, Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil a bhunú trí chur chuige Team Europe a úsáid; an líon deontóirí a mhéadú san Eoraip agus lasmuigh di; agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na ngéarchéimeanna trí chabhair dhaonnúil a sholáthar i ndlúthchomhar le heagraíochtaí forbartha agus eagraíochtaí cothaithe síochána. Moladh céimeanna nithiúla chun comhlíontacht an dlí idirnáisiúnta a chur i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i gcónaí, agus leagadh amach pleananna chun dul i ngleic leis an tionchar daonnúil tromchúiseach a bhaineann leis an athrú aeráide.

Idir 2021 agus 2027, leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, ionstraim a bhfuil maoiniú EUR 79.5 billiún aici agus EUR 60.39 billiún de sin le haghaidh cláir gheografacha, cuirfear maoiniú ar fáil do chomhar idir an tAontas agus tíortha lasmuigh den Aontas (seachas na tairbhithe réamhaontachais agus na tíortha agus críocha thar lear).

Is í an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda a bheidh mar phríomhuirlis maoiniúcháin ag an Aontas chun cur le hiarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú agus chun an fhorbairt inbhuanaithe, an rathúnas agus an chobhsaíocht a chur chun cinn.

Tuilleadh maoinithe do ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais

Simplithe: níos lú ionstraimí a bheith ann, agus an Ciste Eorpach Forbraíochta a bheith mar chuid den bhuiséad

Solúbthacht ar bhonn ilbhliantúil chun freagairt ar athrú ar dhálaí

Tuilleadh trédhearcachta agus grinnscrúdú daonlathach

Léiríonn an léarscáil ranníocaíochtaí na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (NDICI-an Eoraip Dhomhanda), iad miondealaithe de réir na limistéar geografach.

Is é colún geografach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (NDICI-an Eoraip Dhomhanda), agus buiséad aige dar luach EUR 60.39 billiún, a chothóidh idirphlé agus comhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Déanfar gach imchlúdach réigiúnach a oiriúnú do riachtanais agus tosaíochtaí na réigiún atá i gceist, lena léirítear tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais. Tríd an NDICI an Eoraip Dhomhanda, déanfaidh an tAontas ar a laghad EUR 19.32 billiún a leithdháileadh ar an gComharsanacht, i.e. tíortha in oirthear na hEorpa agus san Afraic Thuaidh, ar a laghad EUR 29.18 billiún ar an Afraic Fho-Shahárach, EUR 8.49 billiún ar an Áise agus an tAigéan Ciúin, agus EUR 3.39 billiún ar Chríocha Mheiriceá agus Muir Chairib. Léiríonn an léarscáil na tíortha atá faoi scáth na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais agus na Ionstraime um Chomhar le Tíortha agus Críocha Thar Lear.

Tá an tAontas ag cur leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda. Le hairgead an chiste leanfar ag tacú leis an infheistíocht i dtíortha comhpháirteacha, infheistíocht nach mbeadh ann murach é.

Cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn ar fud an domhain

Sa Phlean Gníomhaíochta Inscne a glacadh i mí na Samhna 2020, dírítear ar thosaíocht a thabhairt don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban agus na gcailíní i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Faoi 2025, ba cheart go mbeadh 85 % de thionscnaimh nua an Aontais ag tacú leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

Ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Oideachas i Londain, an Ríocht Aontaithe i mí Iúil, gheall an tAontas agus a Bhallstáit, faoi chuimsiú Team Europe, EUR 1.7 billiún a thabhairt don Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas chun tacú le córais oideachais a nuachóiriú le haghaidh breis agus 1 bhilliún cailíní agus buachaillí in thart ar 90 tír agus críoch. Is é an méid sin an rannchuidiú is mó leis an gcomhpháirtíocht.

I mí na Nollag, rinne an tUachtarán von der Leyen ionadaíocht don Choimisiún Eorpach ag an gCruinniú Mullaigh um Dhaonlathas arbh é Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, a d’óstáil é. Tháinig ceannairí ó rialtais, ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach le chéile ag an gcruinniú mullaigh d’fhonn iarracht a dhéanamh clár oibre dearfach a chur chun cinn le haghaidh athnuachan an daonlathais agus d’fhonn dul i ngleic leis na bagairtí is mó atá roimh thíortha daonlathacha sa lá atá inniu ann trí ghníomhaíocht choiteann. I mí na Nollag freisin, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen an clár nua an Eoraip Dhomhanda: Cearta an Duine agus an Daonlathas, dar luach EUR 1.5 billiún é.

In 2021, bhain an tAontas úsáid as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine den chéad uair ó ghlac sé é i mí na Nollag 2020. Cuireadh smachtbhannaí ar dhaoine aonair agus ar eintitis ón gCóiré Thuaidh, ón Eiritré, ón Libia, ón Rúis, ón tSúdáin Theas agus ón tSín. Tá na daoine agus na heintitis sin freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i ndáil le cearta an duine, idir chéasadh, bhásuithe agus mharuithe seachbhreithiúnacha, fhuadaigh fhorfheidhmithe daoine, ghabhálacha nó choinneálacha treallacha agus úsáid chórasach an tsaothair éignithe.

Is léiriú an-fheiceálach fós í an bhreathnóireacht toghcháin ar lántiomantas an Aontais chun tacú le próisis dhaonlathacha. In 2021, d’ainneoin na srianta i ngeall ar COVID-19, sheol an tAontas sé mhisean breathnóireachta toghcháin chuig an gCosaiv (ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), Hondúras, an Iaráic, an Ghaimbia, an tSaimbia agus Veiniséala. Seoladh misin níos lú de shaineolaithe toghcháin, mar aon le misin leantacha, chuig breis agus deich dtír chun anailís a dhéanamh ar thoghcháin, measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh mholtaí an Aontais roimhe seo a chur chun feidhme, agus tacú le feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh próisis toghcháin amach anseo. Agus aird á tabhairt ar na dúshláin nua roimh an daonlathas a eascraíonn as teicneolaíochtaí digiteacha, tugadh isteach eilimintí nuálacha i mbreathnóireacht toghcháin an Aontais chun gur féidir anailís a dhéanamh ar an ngné ar líne de na próisis toghcháin go léir. Thairis sin, thacaigh an Coimisiún le treoirlínte coiteanna maidir le breathnóireacht ar fheachtais ar líne agus maidir le dea-chleachtais le haghaidh teicneolaíochtaí toghcháin, agus tá sé ag cur na dtreoirlínte sin chun cinn go hidirnáisiúnta.

An ghné Artach

Físeán ina mínítear an gá atá le beartas Artach nua de chuid an Aontais.
FÍSEÁN Míniú ar bheartas Artach nua an Aontais.

I mí Dheireadh Fómhair, thug an tAontas a bheartas Artach cothrom le dáta chun go ndíreodh sé ar ghníomhaíocht ar son na haeráide agus ar chosaint an chomhshaoil, mar aon le poist ghlasa agus méadú ar an gcomhar idirnáisiúnta ar fud an réigiúin Artaigh, rud a mbeidh tionscnaimh eolaíocha faoi stiúir na hEorpa i gceist leis freisin. I mí na Samhna, d’eagraigh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí Fóram Artach agus Dialóg na bPobal Bundúchasach chun éisteacht le riachtanais agus dearcthaí phobail an réigiúin. Is rud é sin a mhéadaíonn rannpháirtíocht an Aontais san Artach agus déanann sé an rannpháirtíocht sin a ailíniú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le ról geopholaitiúil an Aontais sa domhan. Lean an tAontas de bheith ag obair lena chomhpháirtithe chun a chinntiú gur réigiún síochánta a bheidh san Artach i gcónaí, réigiún a mbeidh comhar idirnáisiúnta éifeachtach ann ina leith.

Na hAigéin

Le linn Fhóram Idirnáisiúnta 2021 um Rialachas na nAigéan, chuir an tAontas a mholtaí i láthair maidir le hinbhuanaitheacht na n-aigéan. Tá ról ríthábhachtach ag rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan ó thaobh stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus ó thaobh an t-athrú aeráide a chomhrac. Tá sé fógartha ag an gCoimisiún Eorpach go ndéanfaidh sé uasdátú ar Chlár Oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na n Aigéan in 2022 chun a chinntiú go bhfuil sé fós oiriúnach dá fheidhm.

I mí Aibreáin agus i mí Mheán Fómhair, d’óstáil Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach, cruinnithe chun tacaíocht a chothú le haghaidh limistéir mhuirí nua faoi chosaint a ainmniú san Aigéan Theas. Tionóladh na cruinnithe roimh an 40ú Cruinniú Bliantúil den Choimisiún um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha (CCAMLR) i mí Dheireadh Fómhair agus ba é ba chuspóir dóibh gníomhaíochtaí na gcomhurratheoirí a chomhordú.

An Tairseach Dhomhanda

I mí na Nollag, lainseáil an tAontas an Tairseach Dhomhanda, tionscnamh nua chun naisc chliste ghlana shlána a fhorbairt sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair agus chun feabhas a chur ar chórais sláinte, oideachais agus taighde ar fud an domhain. Léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil bearnaí sa bhonneagar domhanda a chuireann isteach ar shlabhraí soláthair, rud is cúis le ganntanas earraí leighis agus earraí eile, ganntanas a bhfuil iarmhairtí suntasacha daonna agus eacnamaíocha mar thoradh air. Tá riachtanais bhonneagair bhreise á gcruthú freisin i ngeall ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas. Is rud é an Tairseach Dhomhanda a fhorbróidh bonneagar inbhuanaithe ar ardchaighdeán, agus an inbhuanaitheacht airgeadais á cinntiú san am céanna, a bhuí le cistiú ón Aontas, óna Bhallstáit agus ó institiúidí airgeadais Eorpacha (Team Europe), agus i ngeall ar rannpháirtíocht na hearnála príobháidí freisin. Tá sé d’aidhm ag an Tairseach Dhomhanda infheistíocht suas le EUR 300 billiún a shlógadh idir 2021 agus 2027.

Beidh feabhsuithe ar an mbonneagar fisiceach (tuilleadh cáblaí snáthoptaice mar shampla) comhlánaithe le coinníollacha trádála atá fabhrach don ghnó agus le rialáil chomhleanúnach a laghdóidh bacainní sa chóras seachadta domhanda. An caiteachas a dhéanfar faoin Tairseach Dhomhanda, beidh sé treoraithe ag luachanna daonlathacha, comhpháirtíochtaí comhionanna, an dea-rialachas, an aeráidneodracht agus an tslándáil, i gcomhréir le prionsabail ghníomhaíochta seachtraí an Aontais um chearta an duine, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus spriocanna Chomhaontú Pháras.

Léiríonn an ghrafaic eolais príomhréimsí comhpháirtíochta na Tairsí Domhanda.

Tríd an Tairseach Dhomhanda tacóidh an tAontas le hidirlíon atá oscailte slán, le hinfheistíocht agus le rialacha a réitíonn an bealach le haghaidh an aistrithe chuig fuinneamh glan, agus le gach modh iompair atá glas, cliste agus sábháilte. Cuideoidh an tAontas chun slabhraí soláthair agus táirgeadh áitiúil vacsaíní a neartú, agus déanfaidh sé infheistíocht in oideachas ardchaighdeáin, agus béim ar leith ar chailíní, ar mhná agus ar ghrúpaí leochaileacha.

An Tairseach Dhomhanda – príomhréimsí comhpháirtíochta.

Trádáil

I dTuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir le trádáil agus fostaíocht, léiríodh go bhfuil easpórtálacha an Aontais ag tacú le breis agus 38 milliún post san Aontas, méadú 11 mhilliún ar an méid a bhí ann breis agus 10 mbliana ó shin. Ar an meán, faightear tuarastal 12 % níos fearr sna poist sin ná mar a fhaightear i bpoist eile sa gheilleagar ina iomláine.

I mí Feabhra, chuir an Coimisiún straitéis i láthair maidir le beartas trádála atá oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach. Tugann sé tús áite d’athchóiriú mór ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun go gcuimseofar ann gealltanais maidir le trádáil agus leis an aeráid; rialacha nua maidir leis an trádáil dhigiteach; rialacha treisithe chun dul i ngleic le saobhadh ar an iomaíocht; agus athbhunú a chórais maidir le réiteach díospóide ceangailteach.

Sa straitéis nua, dírítear freisin ar acmhainneacht na trádála a neartú chun tacú leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas. Tacóidh sé le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach tríd an aistriú glas a chur chun cinn trí chomhaontuithe trádála, trí Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife agus trí rannpháirtíocht in EDT. Thairis sin, cuirfidh sé deireadh le bacainní trádála nach bhfuil údar ceart leo sa gheilleagar digiteach ionas gur féidir leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha sa trádáil. Trína chomhghuaillíochtaí a threisiú, an chomhpháirtíocht thrasatlantach mar shampla, agus trí bhéim níos láidre a chur ar thíortha comharsanachta agus ar an Afraic, beidh an tAontas in ann dul i bhfeidhm ar an athrú domhanda ar bhealach níos fearr.

Ina theannta sin, ghlac an tAontas cur chuige níos teanntásaí maidir lena chomhaontuithe trádála a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, cleachtais trádála éagóracha a chomhrac, luachanna agus caighdeáin an Aontais thar lear a chosaint, cuidiú le fiontair bheaga agus meánmhéide leas a bhaint as comhaontuithe trádála an Aontais, agus aghaidh a thabhairt ar cheisteanna inbhuanaitheachta.

In 2021, ghlac an tAontas páirt i roinnt seisiúin chaibidlíochta thábhachtacha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is í an chaibidlíocht maidir le fóirdheontais iascaigh an t-aon chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair a bhfuil gach comhalta EDT páirteach inti agus tá sí fíorthábhachtach dá bhrí sin. I gcomhthráth, mhol an tAontas tionscnamh chun slabhraí soláthair a choimeád ar oscailt le haghaidh earraí agus vacsaíní a bhaineann le COVID-19 trí theorainn a chur le srianta onnmhairiúcháin nach bhfuil gá leo agus trí bhorradh a chur faoi tháirgeadh agus dáileadh na vacsaíní. Ar deireadh, mhol an tAontas tús áite a thabhairt d’fhéachaint conas is féidir le rialacha EDT borradh a chur faoi inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus an t-athrú aeráide a mhaolú.

Cé gur, ar an drochuair, cuireadh siar an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT, níor chuir sé sin cosc ar an dul chun cinn go hiomlán. In 2021, thug an tAontas i gcrích, in éineacht le 67 gcomhalta EDT eile, comhaontú chun an trádáil i seirbhísí a shimpliú, is é sin an Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí. Is é sin an chéad tionscnamh de chuid EDT i réimse thrádáil na seirbhísí le fada, agus léiríonn meastacháin luatha go mbeidh laghdú USD 150 billiún in aghaidh na bliana ar na costais a bhaineann le trádáil dhomhanda seirbhísí de thairbhe an chomhaontaithe sin. Chomh maith leis sin, shínigh an tAontas suas le trí thionscnamh nua i réimse na trádála agus an chomhshaoil, agus i réimse na trádála agus na haeráide.

Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife

I mí Mheán Fómhair, ghlac an Coimisiún togra reachtach maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar Scéim AE na bhFabhar Ginearálaithe Taraife le haghaidh 2024–2034. Tacaíonn an scéim le geilleagair na dtíortha atá i mbéal forbartha trí tharaifí ar a n-easpórtálacha chuig an Aontas a laghdú nó a bhaint, agus trína rannpháirtíocht mhéadaithe i slabhraí luacha domhanda a cheadú. Leis an togra le haghaidh rialachán nua, beidh an scéim níos dírithe ar an mbochtaineacht a laghdú agus ar dheiseanna easpórtála a mhéadú i gcás na dtíortha sin is mó atá i ngátar. Chomh maith leis sin, cuireann sé leis an liosta de choinbhinsiúin maidir le cearta an duine agus cearta saothair, an comhshaol agus an dea-rialachas nach mór do na tíortha is tairbhí a chomhlíonadh, agus fágann sé go mbeidh sé níos éasca don Aontas na fabhair AE sin a tharraingt siar mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha agus córasacha ar na coinbhinsiúin sin.

Caibidlíocht atá ar siúl nó caibidlíocht nua maidir leis an trádáil

Ba thosaíocht fós é in 2021 caidrimh trádála leis an Áise agus an Afraic a neartú. Tá an tAontas ag doimhniú na gcomhaontuithe atá aige le hoirthear agus le deisceart na hAfraice agus tá sé i mbun caibidlíochta le hAngóla maidir le comhaontú éascaithe infheistíochta. I réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin, lean an tAontas ar aghaidh leis an gcaibidlíocht leis an Astráil, an tSile, an Indinéis agus an Nua-Shéalainn.

I mí na Bealtaine, d’aontaigh an tAontas agus an India dul i mbun caibidlíochta arís maidir le comhaontú trádála cothrom uaillmhianach cuimsitheach atá chun tairbhe an dá thaobh, agus d’aontaigh siad caibidlíocht a thionscnamh maidir le comhaontú neamhspleách um chosaint infheistíochta agus comhaontú maidir le tásca geografacha.

Ionstraim chun gníomhaíochtaí comhéigneacha ó thíortha lasmuigh den Aontas a dhíspreagadh agus chun cur i gcoinne na ngníomhaíochtaí sin

Valdis Dombrovskis ina sheasamh ag póidiam agus óráid á tabhairt aige.
Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine faoina chúram, agus an Coimisinéir um Thrádáil, ag preasagallamh inar chuir sé i láthair an ionstraim nua chun cur i gcoinne úsáid an chomhéignithe eacnamaíoch ag tíortha lasmuigh den Aontas, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Nollaig 2021.

Is éard atá i gceist le comhéigean eacnamaíoch, cásanna sonracha ina ndéanann tír lasmuigh den Aontas iarracht brú a chur ar an Aontas nó ar a Bhallstáit ionas go ndéanfaidh siad rogha bheartais ar leith trí bhearta foirmiúla nó neamhfhoirmiúla ar nós taraifí a fhorchur nó cosc a chur ar lastais a sheoladh. I mí na Nollag, mhol an Coimisiún ionstraim nua chun an comhéigean eacnamaíoch a dhíspreagadh, nó chun cur ina choinne más gá. Tá an Ionstraim Frith-Chomhéigin deartha chun bearta comhéigneacha sonracha a mhaolú agus chun iad a dhíspreagadh tríd an idirphlé mar chéim thosaigh. Mar sin féin, nuair nach ann d’aon bhealach eile chun aghaidh a thabhairt ar an imeaglú eacnamaíoch, d’fhéadfadh bearta boga a bheith mar chuid d’fhreagairt an Aontais (caibidlíocht, nó é a chinneadh gur beart comhéigneach atá sa ghníomh atá déanta ag an tír lasmuigh den Aontas), sin nó mar rogha dheiridh, frithbhearta i bhfoirm srianta ar thrádáil, infheistíocht nó srianta eile.

Rialú ar easpórtáil ítimí dé-úsáide

In 2021, neartaigh an tAontas a chumas freagairt ar rioscaí slándála nua a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Tháinig an Rialachán maidir le Rialú Onnmhairiúcháin i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair, rud a dhéanann na rialacha níos doichte maidir le trádáil na n-ítimí dé-úsáide – earraí agus teicneolaíochtaí sibhialta a d’fhéadfadh úsáidí míleata nó slándála a bheith acu – agus san am céanna cuireann sé feabhas ar chumas an Aontais cearta an duine a chosaint agus tacú le slabhraí soláthair slána le haghaidh ítimí straitéiseacha.

De thairbhe an chreata nua, beidh an tAontas in ann roinnt bearta tábhachtacha a chur i bhfeidhm chun saineolas a chomhthiomsú agus chun dul i ngleic le dúshláin ar leith, go háirithe maidir leis an gcibearfhaireachas – réimse a bhfuil treoirlínte díchill chuí á n-ullmhú ina leith – agus maidir le teicneolaíochtaí dé-úsáide atá ag teacht chun cinn freisin, teicneolaíochtaí ar nós na ríomhaireachta sárfhorbartha.

Scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche

Sa lá atá inniu ann, is gá níos mó ná riamh oscailteacht an Aontais don infheistíocht dhíreach choigríche a chothromú le huirlisí iomchuí um scagadh chun an tslándáil agus an t-ord poiblí a chosaint. Tá na Ballstáit agus an Coimisiún ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun a chinntiú go ndéanfar scagadh éifeachtach ar aon infheistíocht a d’fhéadfadh a bheith ina riosca slándála do Bhallstáit an Aontais nó do shócmhainní criticiúla an Aontais. I mí na Samhna 2021 foilsíodh an chéad tuarascáil bhliantúil maidir le scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche.

Taighde agus nuálaíocht

I mí na Bealtaine, ghlac an Coimisiún teachtaireacht maidir lena Chur Chuige Domhanda i leith Nuálaíochta agus Taighde. Cuireann an straitéis le dhá chuspóir thábhachtacha. Ar an gcéad dul síos, tá sé d’aidhm aici timpeallacht taighde agus nuálaíochta a chruthú atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna agus atá oscailte d’fhonn cabhrú le taighdeoirí agus nuálaithe ar fud an domhain oibriú le chéile i gcomhpháirtíochtaí iltaobhacha agus teacht ar réitigh ar dhúshláin dhomhanda. Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm aici an chómhalartacht agus an chothroime iomaíochta a chinntiú maidir le comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht. Ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe, tá tacaíocht do thaighdeoirí agus dá n-eagraíochtaí chun cuidiú le dlús a chur le forbairt inbhuanaithe chuimsitheach i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, agus mar chuid de sin tá Tionscnamh na hAfraice faoin gclár Fís Eoraip chun comhar le tíortha na hAfraice a neartú. Sa chlár oibre atá ag Fís Eoraip le haghaidh 2021 agus 2022, tá thart ar 40 topaic a bhfuil buiséad de thuairim agus EUR 350 milliún ann dóibh faoi ghlaonna ar thograí a bhaineann go sonrach le comhar leis an Afraic.

An Afraic

I rith 2021, lean an tAontas de bheith ag obair i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe san Afraic ar bhonn na Straitéise leis an Afraic a glacadh in 2020. Tháinig airí gnóthaí eachtracha na hAfraice agus an Aontais le chéile in Kigali, Ruanda i mí Dheireadh Fómhair chun machnamh a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht idir an Afraic agus an tAontas agus chun tosaíochtaí comhpháirteacha a shainaithint roimh an gcéad chruinniú mullaigh eile idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i mí Feabhra 2022. D’aontaigh siad oibriú i gcomhar le chéile ar an bhfreagairt ar COVID-19 i réimsí a bhaineann le rochtain ar vacsaíní, an téarnamh eacnamaíoch, infheistíocht san aistriú glas agus san aistriú digiteach, síocháin, slándáil agus rialachas, agus inimirce agus soghluaisteacht.

Tháinig breis agus 3 000 rannpháirtí ón Afraic agus ón Eoraip le chéile i mí Aibreáin le haghaidh Fhóram Gnó an Aontais Eorpaigh agus na hAfraice agus i measc na rannpháirtithe bhí ionadaithe rialtais, ceannairí gnó agus infheisteoirí. Phléigh siad conas dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas san Afraic, an rochtain ar fhuinneamh a mhéadú agus poist agus téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe ó COVID-19 a chruthú ar an gcaoi sin . Tríd an tsraith de dhíospóireachtaí ar líne maidir leis an Afraic agus an tAontas Eorpach, bhí deis ag cinnteoirí, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ionadaithe don óige ón dá ilchríoch a dtuairimí a chur in iúl ar na tosaíochtaí atá romhainn.

Tá Team Europe ag tacú le monaraíocht áitiúil na vacsaíní, na dtáirgí leighis agus na dteicneolaíochtaí sláinte san Afraic, agus leis an rochtain orthu. Tá an tacaíocht sin tacaithe le EUR 1 bhilliún ó bhuiséad an Aontais agus ó institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha, agus le comhar idir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Rialú agus Lárionaid na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc.

Robert Dussey agus é ag comharthú le linn dó a bheith ag tabhairt óráide ag póidiam, agus Jutta Urpilainen ag breathnú air agus miongháire ar a haghaidh.
Jutta Urpilainen, an Coimisinéir Eorpach um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (ar dheis), agus Robert Dussey, Aire Thóga um Ghnóthaí Eachtracha, Comhtháthú na hAfraice agus Muintir Thóga Thar Lear, Cathaoirleach ar an nGrúpa Caibidlíochta Lárnach agus Príomh-Idirbheartaí de chuid Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS), ag searmanas sínithe an Chomhaontaithe OACPS-AE nua (a dtugtar “Comhaontú Iar-Cotonou” air freisin), i mBruiséil na Beilge, an 15 Aibreáin 2021.

An 15 Aibreán 2021, cuireadh inisealacha le comhaontú comhpháirtíochta nua idir an tAontas agus comhaltaí d’Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Is rud é a chuireann creat 20 bliain ar bun le haghaidh an chaidrimh pholaitiúil agus eacnamaíoch agus le haghaidh tosaíochtaí comhair. Tá Prótacal cuimsitheach fairsing um an Afraic ann freisin – ceann de na trí phrótacal réigiúnacha – a chuireann béim ar riachtanais shonracha na hilchríche sin.

Colún geografach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - an Eoraip Dhomhanda, sin rud a chothaíonn idirphlé agus comhar le tíortha lasmuigh den Aontas. Mar chuid de bhuiséad EUR 60.39 billiún le haghaidh an cholúin sin den ionstraim, tá ar a laghad EUR 29.18 billiún beartaithe le haghaidh na hAfraice Fho-Shaháraí (le haghaidh 2021–2027).

An Aetóip

I rith 2021, lean an tAontas d’fhaireachán a dhéanamh ar chúrsaí san Aetóip. Tá an choinbhleacht i réigiún Tigray ina cúis le géarchéim dhaonnúil uafásach, rud atá ag baint an bhoinn de shláine agus de chobhsaíocht na tíre agus a bhfuil tionchar aige ar an réigiún ar fad. De dheasca an fhoréigin, tá beagnach 3 mhilliún duine tar éis teitheadh óna dtithe agus tá cabhair dhaonnúil phráinneach ag teastáil ó bhreis agus 5 mhilliún duine anois. I mí na Nollag, d’iarr an tAontas go gcuirfí sos cogaidh neamhchoinníollach ar bun agus thathantaigh sé ar gach páirtí páirt a ghlacadh in idirphlé náisiúnta atá cuimsitheach agus trédhearcach. Is iad na príomhthosaíochtaí atá aige i gcónaí cosaint na sibhialtach a chinntiú agus rochtain dhaonnúil gan bhac a chur ar fáil. Tacaíonn an tAontas le hiarrachtaí idirghabhála réigiúnacha agus iarrachtaí idirghabhála de chuid an Aontais Afracaigh faoi stiúir Olusegun Obasanjo, an tArdionadaí do Chorn na hAfraice. Tá an tAontas réidh i gcónaí lena uirlisí beartais eachtraigh uile a úsáid, agus bearta sriantacha san áireamh, chun an tsíocháin a chur chun cinn mar aon le comhlíontacht an dlí idirnáisiúnta dhaonnúil agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus chun cuidiú le deireadh a chur leis an gcoinbhleacht. In 2021, leithdháil an tAontas breis agus EUR 85.2 milliún do thionscadail dhaonnúla san Aetóip, agus mar chuid de sin leithdháileadh EUR 48 milliún go sonrach le haghaidh na ndaoine a bhí buailte ag an gcoinbhleacht i dtuaisceart na hAetóipe.

An tSaiheil

Tá an tAontas ar cheann de na soláthraithe is mó a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil do thíortha na hAfraice sa tSaiheil. I mí na Nollag, leithdháil sé maoiniú daonnúil breise dar luach EUR 15 mhilliún don réigiún mar fhreagairt ar an ngéarchéim bhia nach bhfacthas a leithéid riamh agus a bhfuil tionchar aige ar bhreis agus 8.7 milliún duine i mBuircíne Fasó, i Mailí, sa Mháratáin agus sa Nígir. EUR 237.4 milliún a bhí sa mhéid iomlán a leithdháil an tAontas don tSaiheil le linn na bliana. Úsáideadh cuid den mhaoiniú sin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim bhia sa réigiún, géarchéim atá ann le 4 bliana as a chéile anois, agus a bhfuil tionchar aici go príomha ar dhaoine i gceantair atá buailte ag coinbhleacht. I mí an Mheithimh, d’athdhearbhaigh an tAontas a thacaíocht d’iarrachtaí thíortha G5 na Saiheile (Buircíne Fasó, Mailí, an Mháratáin, an Nígir agus Sead) chun an rialachas, an smacht reachta, agus soláthar seirbhísí poiblí ar a gcríoch a neartú.

Cháin ceannairí an Aontais go láidir an coup d’état a tharla i Mailí an 24 Bealtaine 2021 agus dúirt siad go raibh an tAontas réidh le féachaint ar bhearta sriantacha spriocdhírithe. I mí na Nollag, bhunaigh an Chomhairle creat uathrialach le haghaidh smachtbhannaí i gcoinne iad siúd atá freagrach as síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhailí a chur i mbaol, nó a chuireann bac ar chur chun feidhme a haistrithe pholaitiúil.

Charles Michel agus masc air agus é ag éisteacht le linn turais ar Institiúid Pasteur.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí (sa lár), agus é ar cuairt ar Institiúid Pasteur, Dacár na Seineagáile, an 6 Nollaig 2021. Thug sé cuairt uirthi le linn Fhóram Idirnáisiúnta Dhacár um Shíocháin agus Slándáil san Afraic a bhí ar siúl an 5 agus an 6 Nollaig 2021.

Na Balcáin Thiar agus an méadú

Athdhearbhaíodh lántiomantas an Aontais do pheirspictíocht Eorpach an réigiúin agus do phróiseas an mhéadaithe ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar ag Brdo pri Kranju na Slóivéine i mí Dheireadh Fómhair 2021. Thosaigh an Coimisiún ar mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe a chur chun feidhme, rud atá léirithe freisin i bPacáiste 2021 um Mhéadú ón gCoimisiún a glacadh an 19 Deireadh Fómhair, sa Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta don réigiún agus san Ionstraim um chreat dlíthiúil le haghaidh Cúnamh Réamhaontachais.

Pacáiste infheistíochta suntasach atá sa Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar a shlógfaidh infheistíochtaí dar luach suas le EUR 30 billiún sna 7 mbliana atá romhainn, méid ar fiú aon trian d’olltáirgeacht intíre an réigiúin é. Beidh an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais ina príomhfhoinse maoiniúcháin le haghaidh an phlean sin, agus cuideoidh sí le téarnamh fadtéarmach tar éis na paindéime, le borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcóineasú eacnamaíoch agus tacóidh sí leis na hathchóirithe is gá chun go ndéanfaidh na Balcáin Thiar dul chun cinn ó thaobh bogadh i dtreo an Aontais.

Ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, lainseáil na ceannairí Clár Oibre na mBalcán Thiar maidir le Nuálaíocht, Taighde, Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt. Cuirfidh sé chun cinn sármhaitheas san eolaíocht agus athchóiriú ar chórais oideachais an réigiúin, cruthóidh sé deiseanna breise don óige agus cuideoidh sé le daoine oilte a choinneáil sa réigiún. Chomh maith leis sin, thacaigh na ceannairí le hullmhú an treochláir maidir le fánaíocht idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, rud a chuireann le ‘Roam like at Home [Fánaíocht ar Tháillí Baile]’ - fánaíocht gan táillí breise laistigh den Aontas - a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil.

Lean an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh de na coinníollacha a chomhlíonadh chun tús oifigiúil a chur leis an gcaibidlíocht aontachais. Chuir an tAontas fáilte roimh oscailt bhraisle 4 um “an gClár Oibre glas agus an nascacht inbhuanaithe” leis an tSeirbia i mí na Nollag agus thionóil sé dhá chomhdháil idir-rialtasacha pholaitiúla le Montainéagró.

Beartas Comharsanachta na hEorpa

Comharsanacht an Deiscirt

Olivér Várhelyi agus Hala Zayed agus iad ina suí trasna óna chéile i mbun comhrá.
Olivér Várhelyi, an Coimisinéir um Méadú agus Beartas Comharsanachta (ar chlé), le linn cruinniú le Hala Zayed, Aire Sláinte na hÉigipte, Caireo na hÉigipte, an 24 Deireadh Fómhair 2021. Le linn a chuairte, ghlac an Coimisinéir páirt freisin i Seachtain Uisce Chaireo agus thug sé cuairt ar roinnt tionscadal a fuair maoiniú ón Aontas.

I mí Feabhra, ghlac an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí an Clár Oibre nua don Mheánmhuir chun an chomhpháirtíocht le Comharsanacht an Deiscirt a athnuachan. Athdhearbhaíonn an clár oibre an tábhacht a bhaineann le hidirphlé polaitiúil atá uasghrádaithe agus treisithe ar fud na Meánmhara chun comhar a neartú ar shaincheisteanna ar nós na slándála agus na síochána, an smachta reachta, athchóirithe ar an riarachán poiblí, na sláinte, na himirce, an athraithe aeráide agus an aistrithe dhigitigh. Tá Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta tiomnaithe ann freisin faoina mbeartaítear tionscnaimh in earnálacha straitéiseacha chun borradh a chur faoi théarnamh socheacnamaíoch fadtéarmach atá inbhuanaithe agus cuimsitheach – i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 freisin – agus chun an rathúnas a chothú, an trádáil a mhéadú agus tacú leis an iomaíochas.

Príomhthéamaí

  • Forbairt dhaonna, dea-rialachas agus an smacht reachta
  • Athléimneacht, rathúnas agus an t-aistriú digiteach
  • An tsíocháin agus an tslándáil
  • An imirce agus an tsoghluaisteacht
  • An t-aistriú glas: athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide, fuinneamh agus an comhshaol

Maoiniú

Beidh an clár oibre nua ina threoir do chomhar déthaobhach, réigiúnach agus trasréigiúnach an Aontais (AE) faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda.

Le haghaidh na tréimhse 2021–2027, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach suas le EUR 7 mbilliún a shlógadh faoin ionstraim, agus uirlisí sonracha atá á soláthar ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus agus ag Ardán Infheistíochta na Comharsanachta. Chuideodh sé sin le hinfheistíocht phríobháideach agus phoiblí luach suas le EUR 30 billiún a shlógadh i gComharsanacht an Deiscirt.

An tSiria

Tharla an Cúigiú Comhdháil sa Bhruiséil chun “Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin" ar chothrom lae tragóideach: sna 10 mbliana ó tosaíodh an choinbhleacht, tá 400 000 duine tar éis bás a fháil, tá an geilleagar tite as a chéile agus tá 90 % de mhuintir na Siria ag maireachtáil faoi bhochtaineacht. Staid a bhí tubaisteach cheana féin, tá sí tar éis dul in olcas de dheasca phaindéim COVID-19. Ghin an chomhdháil gealltanais dhomhanda nua dar luach EUR 5.3 billiún, EUR 3.7 billiún ón Aontas agus a Bhallstáit ina measc, chun tacú le gníomhaíochtaí daonnúla, athléimneachta, cobhsúcháin agus forbartha sa tSiria agus sa réigiún. Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí faoi stiúir na Náisiún Aontaithe agus an Toscaire Speisialta, Geir Peterson, agus leanfaidh sé dá iarrachtaí taidhleoireachta chun comhdhearcadh a chruthú a fhéadfaidh deireadh a chur leis an gcogadh.

An Libia

Tá an tAontas ag iarraidh cuidiú leis an Libia agus le muintir na Libia an tsíocháin a athbhunú agus filleadh ar an aistriú chuig an daonlathas. I mí an Mheithimh, dheimhnigh an tAontas a lántiomantas do phróiseas cobhsúcháin na Libia faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Tar éis chur siar na dtoghchán a bhí beartaithe le haghaidh mhí na Nollag 2021, d’iarr an tAontas ar an Libia plean agus féilire soiléir a cheapadh chun toghcháin uachtaránachta agus reachtacha atá cuimsitheach, saor, cóir agus iontaofa a reáchtáil a luaithe is féidir agus i gcomhréir iomlán leis an treochlár polaitiúil a comhaontaíodh. Thairg an tAontas tacaíocht d’údaráis na Libia ó thaobh ullmhú an phróisis toghcháin de.

Ionadaithe agus veisteanna an Aontais Eorpaigh, Unicef agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte á gcaitheamh acu, agus iad ag amharc i dtreo eitleáin ar an rúidbhealach. © EDS, 2022
An chéad lastas de vacsaíní COVID-19 ó Shaoráid COVAX ag teacht chun na Iordáine, an 13 Márta 2021. © EDS, 2022

Comhpháirtíocht an Oirthir

I mí na Nollag, ag an séú Cruinniú Mullaigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir, leag ceannairí an Aontais, na mBallstát agus na hAirméine, na hAsarbaiseáine, na Seoirsia, na hÚcráine agus na Moldóive amach an fhís chomhroinnte atá acu maidir lena bhfuil i ndán do Chomhpháirtíocht an Oirthir. An chéad chruinniú mullaigh de chuid na gceannairí le 4 bliana anuas ag a raibh na comhaltaí i láthair go pearsanta, cruinniú a bhí ar siúl nuair a bhí timpeallacht dhúshlánach gheopholaitiúil ann sa réigiún agus le linn dhiantionchar leanúnach socheacnamaíoch phaindéim COVID-19, deis a bhí sa chruinniú mullaigh sin teachtaireacht dlúthpháirtíochta a sheoladh idir an tAontas agus a chomhpháirtithe. Bhí cathaoirleach folamh ann don Bhealarúis ag an gcruinniú mar chomhartha ar thacaíocht an Aontais do mhuintir na Bealarúise i bhfianaise na coise ar bolg atá á déanamh ag an réimeas.

Formhuiníodh ag an gcruinniú mullaigh an clár oibre comhair athnuaite le haghaidh Chomhpháirtíocht an Oirthir, clár oibre a leagadh amach sa togra a chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí i láthair i mí Iúil. Is é is aidhm dó trádáil, fás agus poist a mhéadú, nascacht a fheabhsú, institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus sochaithe atá cothrom, cuimsitheach agus comhionann ó thaobh na hinscne de a chur chun cinn. Tá Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta don réigiún mar bhonn taca leis, plean lena bhféadfaí suas le EUR 17 mbilliún a shlógadh in infheistíocht phoiblí agus phríobháideach chun dlús a chur leis an téarnamh inbhuanaithe iar-phaindéime agus chun athléimneacht chomhpháirtithe an oirthir a neartú.

I mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún i láthair Plean Cuimsitheach chun Tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Bhealarúis dhaonlathach a bheidh ann amach anseo. Léirítear sa phlean, plean ar fiú suas le EUR 3 bhilliún é, tiomantas an Aontais tacú le mianta mhuintir na Bealarúise go mbeadh aistriú daonlathach síochánta ann. I mí na Nollag, d’fhógair an Coimisiún tacaíocht láithreach bhreise dar luach EUR 30 milliún le haghaidh mhuintir na Bealarúise freisin, go háirithe le haghaidh daoine óga agus le haghaidh na meáin neamhspleácha.

I mí an Mheithimh, d’fhógair an Coimisiún Plean don Téarnamh Eacnamaíoch do Phoblacht na Moldóive, plean lena ndéanfar suas le EUR 600 milliún a shlógadh chun infheistíocht a chur chun cinn, ar infheistíocht í a bheidh mar bhonn taca do théarnamh inbhuanaithe cuimsitheach ón ngéarchéim COVID-19 sa tír. I mí na Samhna, d’fhógair an tAontas Eorpach EUR 60 milliún i dtacaíocht urghnách don Mholdóiv le go bhféadfaí déileáil níos fearr leis an ardú ar phraghsanna gáis agus chun aistriú glas na tíre agus slándáil fuinnimh na tíre a neartú.

Maroš Šefčovič agus Denys Shmyhal agus maisc orthu agus iad ag iniúchadh samplaí os comhair slua beag.
Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, atá i gceannas ar Chaidreamh idirinstitiúideach agus Fadbhreathnaitheacht (an dara duine ar chlé), agus Denys Shmyhal, Príomh-Aire na hÚcráine (ar chlé), le linn dóibh cuairt a thabhairt ar shuíomh táirgthe tíotáiniam. Ghlac siad páirt sa Chomhdháil Ardleibhéil maidir leis an gComhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i ndáil le hAmhábhair Chriticiúla agus Ceallraí, agus ina dhiaidh sin bhí searmanas sínithe an Mheabhráin Tuisceana maidir leis an gComhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an Úcráin i ndáil le hAmhábhair agus Ceallraí, Zhytomyr, an Úcráin, an 12 Iúil 2021.

I mí Dheireadh Fómhair, bhí an 23ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin ar siúl i gCív. Phléigh na ceannairí an dul chun cinn atá déanta i réimsí éagsúla comhair, chomh maith le bealaí chun dlús a chur leis an dul chun cinn sin. D’athdhearbhaigh siad go raibh siad tiomanta i gcónaí comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch na hÚcráine leis an Aontas a neartú, ar bhonn an chomhaontaithe comhlachais agus a limistéir dhomhain chuimsithigh saorthrádála. I measc na réimsí inar chomhaontaigh na ceannairí an comhtháthú eacnamaíoch agus an comhar a fheabhsú tuilleadh, tá na réimsí seo a leanas: margaí fuinnimh agus córais fuinnimh na hÚcráine a chomhtháthú le margadh fuinnimh an Aontais, cothrom iomaíochta a bhunú, agus leanúint d’idirthuras gáis tríd an Úcráin tar éis 2024, córas tarchurtha gáis na hÚcráine a nuachóiriú agus slándáil fuinnimh san Aontas a neartú.

Tá an comhaontú comhlachais á chur chun feidhme ag an Aontas agus ag an Úcráin agus tá siad ag féachaint an bhféadfaí tuilleadh comhair earnála a dhéanamh. Cuireadh feabhas ar an gcomhar i réimsí éagsúla, mar shampla sa réimse digiteach, réimse ina bhfuil an-dul chun cinn déanta ag an Úcráin, agus san idirphlé ardleibhéil maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip chun cabhrú leis an Úcráin i dtreo a haistrithe ghlais. Cuireann an tAontas mórthacaíocht ar fáil d’athchóirithe san Úcráin, an t-athchóiriú talún, an t-athchóiriú díláraithe agus an t-athchóiriú ceartais, cuir i gcás.

I gcomhthéacs na ndúshlán atá ann do shlándáil na hEorpa, ar dúshláin iad a chruthaigh an Rúis, chuir an tAontas tacaíocht bhreise ar fáil chun athléimneacht na hÚcráine a chinntiú. Cuimsíodh leis sin beart cúnaimh a ghlacadh – beart cúnaimh dar luach EUR 31 mhilliún – faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le hinniúlachtaí fhórsaí armtha na hÚcráine, na haonaid mhíleata leighis, an lóistíocht agus an chibearchosaint san áireamh. In 2021, chuir an tAontas tús freisin le hidirphlé leis an Úcráin maidir leis an gcibearshlándáil.

I mí Dheireadh Fómhair, shínigh an Úcráin comhaontú leis an Aontas maidir lena rannpháirtíocht sa chlár Fís Eorpach (Clár Réimse an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht) agus i gCláir Taighde agus Oiliúna Euratom.

Lean an tAontas dá chomhar láidir leis an tSeoirsia in 2021. Chuir an tAontas dlús freisin lena iarrachtaí chun an athléimneacht, an t-athmhuintearas agus cothú na síochána a neartú i gCugas Theas, go háirithe trí bhreis agus EUR 17 milliún de chúnamh daonnúil agus cúnamh luaththéarnaimh a chur ar fáil do na daoine sin is mó atá thíos leis an gcogaíocht a tharla le déanaí i ndáil leis an Nagarna-Carabaic.

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas agus an Airméin i bhfeidhm i mí an Mhárta 2021, comhaontú lena ndírítear ar an gcaidreamh a dhoimhniú agus a neartú.

An Tuirc

In 2021, bhí aird pholaitiúil fós ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc. Ghlac an dá thaobh páirt sna hiarrachtaí chun an comhar a athsheoladh, ar mhaithe leis an teannas a laghdú tríd an idirphlé a mhéadú agus trí mhalartuithe a dhéanamh maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an leas frithpháirteach. I mí an Mhárta, ghlac an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí teachtaireacht chomhpháirteach faoi staid na himeartha maidir leis an gcaidreamh polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas agus an Tuirc, teachtaireacht ar thacaigh an Chomhairle Eorpach léi an 25 Márta 2021. Chomhaontaigh an tAontas teagmháil a dhéanamh leis an Tuirc ar bhealach céimnithe comhréireach inchúlaithe chun an comhar a fheabhsú i réimsí éagsúla leasa choitinn, ar choinníoll go leanfar leis an díghéarú agus go mbeidh an Tuirc páirteach ar bhealach cuiditheach agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos. Cé go raibh difríochtaí agus teannas ann go fóill maidir leis an staid sa Mheánmhuir Thoir, agus gurb iad na himeachtaí imníocha in Varosha is mó ba chúis leis sin, bhí díghéarú ar an staid ghinearálta i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Tar éis don Chomhairle Eorpach a iarraidh (ráiteas an 25 Márta 2021 agus conclúidí an 24 agus 25 Meitheamh 2021) go gcuirfear tús le hobair i réimsí leasa fhrithpháirtigh, reáchtáil an tAontas idirphlé ardleibhéil leis an Tuirc maidir leis an aeráid, leis an imirce agus leis an tslándáil, agus leis an tsláinte. Cuireadh tús arís leis an idirphlé ar an leibhéal sinsearach maidir le saincheisteanna frithsceimhlitheoireachta. I réimse na himirce, bhí toradh leanúnach ar an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc i mí an Mhárta 2016, agus lean sé de bheith ina phríomhchreat comhair maidir leis an imirce. Lean an Tuirc dá hiarrachtaí inmholta foscadh a chur ar fáil do thart ar cheithre mhilliún dídeanaí ón tSiria agus ó thíortha eile, agus lean an tAontas de thacaíocht shuntasach airgeadais a chur ar fáil chuige sin. Lean an tAontas agus an Tuirc araon de thairbhe a bhaint as a gcaidreamh trádála, cé gur chuir bacainní trádála bac ar chomhar agus ar dhul chun cinn rianúil d’ainneoin iarrachtaí leanúnacha an Aontais an tsaincheist sin a ardú leis an Tuirc.

Maidir leis an staid inmheánach, agus go háirithe staid na himeartha maidir le réimse na gceart agus na saoirsí bunúsacha, ní dhearna an Tuirc an treocht dhiúltach maidir le bogadh níos faide ar shiúl ón Aontas Eorpach a aisiompú. Saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha sa Tuirc, díriú ar pháirtithe polaitiúla agus ar na meáin, cuir i gcás, tá na saincheisteanna sin fós ina bpríomhábhar imní don Aontas, agus tá siad ag teacht salach ar an oibleagáid atá ann urraim a thabhairt don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta na mban. Tarraingt siar na Tuirce ó Choinbhinsiún Iostanbúl, agus diúltú na Tuirce rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme, bhí an méid sin ina údar mór imní. Lean an tAontas de na saincheisteanna sin a ardú le húdaráis na Tuirce ar gach leibhéal toisc gur cuid lárnach d’oibleagáidí na Tuirce mar thír is iarrthóir iad na saincheisteanna sin, agus cuirtear bac mór ar na deiseanna atá ann feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus an Tuirc mar gheall ar an easpa dul chun cinn atá déanta ina leith. D’fhan caibidlíocht aontachais na Tuirce ina stad.

Na Stáit Aontaithe

Ursula von der Leyen agus Joe Biden agus iad ag siúl thar shraith bratacha inarb iad bratach an Aontais agus bratach SAM gach re bratach.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, in éineacht le Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 15 Meitheamh 2021.

Le hinsealbhú an Uachtaráin Joe Biden agus a rialtais nua, cuireadh tús le ré nua sa chaidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 15 Meitheamh,, cuireadh tús le comhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite agus socraíodh clár oibre comhpháirteach don chomhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe sa ré iar-phaindéime. Díríodh ar chomhar i gceithre phríomhréimse ag an gcruinniú mullaigh: an fhreagairt ar COVID-19 agus sláinte dhomhanda; an aeráid agus an bhithéagsúlacht; an trádáil agus an teicneolaíocht; agus gníomhaíocht agus slándáil dhomhanda. Tá trí mhórthionscnamh nua trádála ar phríomhspriocanna an chruinnithe mullaigh. Chomhaontaigh na ceannairí Creat Comhoibríoch d’Aerárthaí Móra Sibhialta a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar dhíospóid EDT Airbus-Boeing; difríochtaí maidir le bearta i ndáil le cruach agus alúmanam a réiteach faoi dheireadh na bliana; agus Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a bhunú. Ba é sin an chéad Chruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ó bhí 2014 ann agus an chéad chuairt ag Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe ar institiúidí an Aontais ó bhí 2017 ann.

Valdis Dombrovskis agus óráid á tabhairt aige os comhair sraith bratacha inarb iad bratach an Aontais agus bratach SAM gach re bratach.
Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, atá i gceannas ar Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine, agus é ag freastal ar chéad chruinniú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, Pittsburgh, na Stáit Aontaithe, an 29 Meán Fómhair 2021.

An Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh agus Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, tá sé i gceist go bhfónfaidh an chomhairle sin mar fhóram chun comhordú a dhéanamh ar an gcur chuige atá ann maidir le saincheisteanna domhanda trádála, eacnamaíocha agus teicneolaíochta agus chun cur leis an trádáil thrasatlantach agus leis an gcaidreamh eacnamaíoch bunaithe ar chomhluachanna daonlathacha. Bhí an chéad chruinniú den chomhairle ar siúl an 29 Meán Fómhair in Pittsburgh, na Stáit Aontaithe, ar lena linn a ghlac an dá thaobh ráiteas comhpháirteach ina ndearnadh cur síos breise ar an raon feidhme agus ar an gclár oibre.

I mí Dheireadh Fómhair, tháinig an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar chomhaontú faoi bhearta maidir le cruach agus alúmanam, comhaontú lenar athbhunaíodh iompórtálacha cruach agus alúmanaim saor ó dhleacht isteach sna Stáit Aontaithe ón Aontas ar leibhéal stairiúil ó thaobh an mhéid de, agus chuir an tAontas Eorpach taraifí gaolmhara ar tháirgí na Stát Aontaithe ar fionraí. Mar chuid den chomhaontú sin, tá sé beartaithe ag an dá thaobh dul i mbun caibidlíochta, den chéad uair riamh, maidir le socrú domhanda i dtaca leis an táirgeadh cruach a dhícharbónú.

An 23 Deireadh Fómhair 2021, tháinig an Chróit isteach i gClár Tarscaoilte Víosa na Stát Aontaithe. Is tosaíocht de chuid an Aontais i gcónaí é frithingiú iomlán tarscaoilte víosaí a bhaint amach leis na Stáit Aontaithe, agus tá obair fós ar siúl chun na trí Bhallstát (an Bhulgáir, an Chipir agus an Rómáin) nach gclúdaítear go fóill a áireamh sa chlár.

Ceanada

Ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada sa Bhruiséil i mí an Mheithimh, phléigh na ceannairí conas oibriú le chéile chun deireadh a chur le paindéim COVID-19 agus téarnamh inbhuanaithe cuimsitheach atá dírithe ar dhaoine a shaothrú. D’athdhearbhaigh siad a ngealltanais uaillmhianacha maidir leis an athrú aeráide a chomhrac agus leis an gcomhshaol a chosaint, agus a dtiomantas luachanna daonlathacha, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn. Chuir siad tús freisin le hidirphlé nua idir Ceanada agus an tAontas Eorpach maidir leis an tsláinte, Fóram Comhpháirtíochta maidir leis na hAigéin, agus Comhpháirtíocht Straitéiseach maidir le hAmhábhair.

Meiriceá Laidineach

Ag an gcruinniú a bhí ag ceannairí an Aontais agus Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib an 2 Nollaig 2021, cuireadh tús an athuair leis an idirphlé déréigiúnach ar an leibhéal is airde, 6 bliana tar éis an chruinnithe mullaigh dheireanaigh. Shainaithin ceannairí an dá réigiún bealaí le haghaidh comhar maidir leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, cuimsiú sóisialta agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais. Tacófar leis an obair chomhpháirteach amach anseo le colún geografach na hIonstraime nua don Eoraip Dhomhanda, ag a bhfuil ar a laghad EUR 3.395 billiún curtha i leathaobh le haghaidh Críocha Mheiriceá agus Muir Chairib le haghaidh na tréimhse 2021-2027.

Mar chuid de rannpháirtíocht athnuaite ardleibhéil an Aontais leis an réigiún, rinne an tArdionadaí, Josep Borrell, a chéad turas go Meiriceá Laidineach i mí na Samhna, turas a raibh cuairteanna ar an mBrasaíl agus ar Pheiriú mar chuid de. Maidir le Peiriú, an tír ar domhan is mó atá thíos le COVID-19, léirigh an chuairt tacaíocht iomlán an Aontais le linn na tréimhse crua seo. Sa Bhrasaíl, léirigh cuairt an Ardionadaí a thiomanta atá an tAontas teagmháil a atosú leis an bpríomh-chomhpháirtí straitéiseach sin, teagmháil chriticiúil maidir le saincheisteanna comhshaoil san áireamh. Tháinig an chuairt tar éis d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, páirt a ghlacadh i gCruinniú Mullaigh Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh i Meicsiceo i mí Mheán Fómhair.

Leanadh den obair chun comhaontuithe comhlachais an Aontais le Mercosur, an tSile agus Meicsiceo a chur i gcrích agus a shíniú le linn 2021, chun caidreamh an Aontais le Meiriceá Laidineach a athbheochan agus chun luachanna coiteanna agus téarnamh eacnamaíoch ar dhá thaobh an Atlantaigh a chur chun cinn.

I gcomhréir le hiarrachtaí an Aontais tacú le réiteach síochánta agus daonlathach ar an ngéarchéim i Veiniséala, cuireadh misean breathnóireachta toghcháin de chuid an Aontais chuig na toghcháin réigiúnacha agus áitiúla a bhí ar siúl an 21 Samhain. Chuir an tAontas misean saineolaithe toghcháin de chuid an Aontais chuig na toghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta i bPeiriú freisin. Sa Cholóim, an tacaíocht don phróiseas síochána, rud a bhí cúig bliana ar an bhfód in 2021, bhí an tacaíocht sin fós ríthábhachtach i gcomhpháirtíocht neartaithe an Aontais leis an gColóim.

An Rúis

An 16 Meitheamh, chuir an tArdionadaí agus an Coimisiún Eorpach teachtaireacht chomhpháirteach i láthair maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Rúis, teachtaireacht inar leagadh amach príomhphointí bheartas an Aontais i leith na Rúise. Moltar sa teachtaireacht leanúint de chur chuige cothrom, cur chuige trína gcuirfidh an tAontas in aghaidh na Rúise, trína gcuirfidh sé srian ar an Rúis agus trína rachaidh sé i mbun plé leis an Rúis. San am céanna, cuireadh in iúl go láidir go bhfuil rannpháirtíocht chuiditheach ó cheannaireacht na Rúise fíor-riachtanach chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Rúis. Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Meitheamh, cuireadh in iúl go láidir, i measc saincheisteanna eile, gurb é cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc, ar comhaontuithe iad atá ceaptha réiteach síochánta a fháil ar an gcoinbhleacht in oirthear na hÚcráine, gurb é sin an príomhchoinníoll i gcónaí i ndáil le haon athrú suntasach i gcaidreamh an Aontais leis an Rúis.

Lean an tAontas d’aird a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine sa Rúis, cniogbheartaíocht ar na meáin neamhspleácha san áireamh. Tá an tAontas tar éis na forbairtí sin a cháineadh agus labhairt amach ar son luachanna daonlathacha ina chumarsáid phoiblí agus démarches, agus trí smachtbhannaí a fhorchur. Leanfaidh an tAontas de shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a ardú le húdaráis na Rúise agus i bhfóraim idirnáisiúnta.

I bhfianaise thóstal míleata na Rúise san Úcráin agus timpeall uirthi agus i bhfianaise a reitrice ionsaithí, sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Nollaig leagadh béim ar a phráinní atá sé go ndéanfadh an Rúis an teannas a laghdú, athdhearbhaíodh tacaíocht iomlán an Aontais do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine agus cuireadh i dtábhacht go mbeidh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha ag aon ionsaí míleata eile a dhéanfar i gcoinne na hÚcráine, bearta sriantacha a chomhordaítear le comhpháirtithe san áireamh. Tá dlúthchomhordú agus dlúthchomhar ann idir an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe trasatlantacha, go déthaobhach agus i bhfóraim iltaobhacha araon, an G7 agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, cuir i gcás.

An réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach

Mar gheall ar an tionchar eacnamaíoch, déimeagrafach agus polaitiúil atá ag dul i méid sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach – réigiún idir cósta thoir na hAfraice agus stáit Oileánacha an Aigéin Chiúin – is gníomhaí lárnach é i múnlú an oird idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha agus i ndul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Tá seachtar ball de G20 sa réigiún (an Astráil, an tSín, an India, an Indinéis, an tSeapáin, an Afraic Theas agus an Chóiré Theas), mar aon le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN). I mí Mheán Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún agus an tArdionadaí teachtaireacht chomhpháirteach ina leagtar amach Straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigeánach. I ndiaidh ghéarchéim COVID-19, díreoidh an tAontas ar na dálaí a chruthú le haghaidh téarnamh socheacnamaíoch inbhuanaithe cuimsitheach agus oibreoidh sé go gníomhach lena chomhpháirtithe sna seacht réimse seo a leanas:

  • rathúnas inbhuanaithe agus cuimsitheach;
  • an t-aistriú glas;
  • rialachas na n-aigéan;
  • an ríomhrialachas agus comhpháirtíochtaí;
  • an nascacht;
  • an tslándáil agus an chosaint; agus
  • slándáil an duine.

I mí an Mheithimh, thug an tArdionadaí, Josep Borrell, cuairt ar an Indinéis agus ar cheanncheathrú ASEAN, agus d’athdhearbhaigh sé gur mian leis an Aontas an caidreamh leis an Indinéis a dhoimhniú, tír atá ar cheann de na daonlathais agus na geilleagair is mó ar domhan agus ag a mbeidh uachtaránacht G20 in 2022 agus cathaoirleacht ASEAN in 2023, agus comhpháirtíocht straitéiseach an Aontais le ASEAN a fhorbairt tuilleadh. I mí na Nollag 2020, chuir an tAontas agus ASEAN tús le ré nua ina gcaidreamh seanbhunaithe trí bheith ina gcomhpháirtithe straitéiseacha, agus iad tiomanta do chruinnithe mullaigh rialta a eagrú.

An tSín

An caidreamh atá ag an Aontas leis an tSín, tá an caidreamh sin ar cheann de na caidrimh is tábhachtaí agus is dúshlánaí atá aige. In 2021, lean an tAontas dá chur chuige ilghnéitheach i leith na Síne a chur chun feidhme, cur chuige atá bunaithe ar an teachtaireacht chomhpháirteach i mí an Mhárta 2019 maidir leis an "dearcadh straitéiseach". Faoin gcur chuige sin, pléann an tAontas leis an tSín mar chomhpháirtí don chomhar, iomaitheoir eacnamaíoch agus iomaitheoir sistéamach ag an am céanna.

Bhí staid chearta an duine sa tSín fós ina hábhar imní don Aontas in 2021. An 22 Márta, d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí faoin gCóras Domhanda Smachtbhannaí i ndáil le Cearta an Duine ar cheathrar daoine aonair agus ar eintiteas amháin ón tSín, rud a léiríonn a thromchúisí atá a chuid ábhar imní faoi sháruithe ar chearta an duine in Xinjiang. Is oth leis an Aontas na frithbhearta díréireacha a ghlac an tSín tar éis smachtbhannaí an Aontais. An 19 Iúil, mhol an tArdionadaí, Josep Borrell, thar ceann an Aontais, d’údaráis na Síne gníomhú in aghaidh cibirghníomhaíochtaí mailíseacha a rinneadh óna críoch. Maidir le hidirphlé tiomanta ar chearta an duine idir an tAontas Eorpach agus an tSín, rinne an tAontas éileamh leanúnach chun go reáchtálfaí é sin.

Lean an tAontas air ag obair i gcomhar leis an tSín d'fhonn a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn, agus d’fhonn oibriú leis an tSín ar dhúshláin dhomhanda, an t-athrú aeráide, cuir i gcás. Tháinig an tIdirphlé Ardleibhéil maidir le Comhshaol agus Aeráid idir an tAontas agus an tSín le chéile faoi dhó in 2021, an 1 Feabhra agus an 27 Meán Fómhair. Mar thoradh ar an gcruinniú deireanach sin, glacadh ráiteas comhpháirteach. Pléadh comhar féideartha maidir leis an mbeartas slándála agus eachtrach ag an Idirphlé Straitéiseach idir an tAontas agus an tSín an 28 Meán Fómhair. Bhí cruinnithe eile ardleibhéil agus oibre ar siúl, rud a léiríonn an struchtúr leathan idirphlé atá fós ar bun idir an tAontas agus an tSín.

An 1 Márta 2021, tháinig an comhaontú déthaobhach idir an tAontas agus an tSín i bhfeidhm, comhaontú lena gcosnaítear tásca geografacha sa tSín agus san Aontas. Leis an gcomhaontú, cosnaítear thart ar 200 ainm agraibhia Eorpach agus Síneach ar aithris, rud a thugann tairbhí trádála frithpháirteacha agus a chuireann táirgí barántúla ón dá réigiún ar fáil do thomhaltóirí. Thar na 4 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm, tiocfaidh leathnú ar an gcomhaontú, rud a fhágfaidh go mbeidh 350 ainm breise ón dá thaobh faoina scáth. Is margadh í an tSín a bhfuil acmhainneacht ard fáis aige maidir le deochanna agus bia na hEorpa. In 2020, ba í an tSín an tríú margadh is mó a bhí ann le haghaidh tháirgí agraibhia an Aontais, margadh dar luach EUR 17.7 billiún.

Josep Borrell agus é ag croitheadh láimhe ar an gceamara agus Wang Yi ar an scáileán agus é ag déanamh amhlaidh ar ais.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chúl, ar dheis), le linn físchomhdhála le Wang Yi, Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne agus Comhairleoir Stáit na Síne, le linn an 11 Idirphlé Straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an tSín, an Bhruiséil, an Bheilg, an 28 Meán Fómhair 2021.

An tSeapáin

In 2021, bhí Comhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an tSeapáin 20 bliain ar an bhfód. Ag an 27ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, cruinniú a reáchtáladh trí fhíschomhdháil an 27 Bealtaine, chomhaontaigh na ceannairí Comhghuaillíocht Ghlas a bhunú, an chéad tionscnamh déthaobhach den sórt sin idir an tAontas agus tír chomhpháirtíochta (féach Caibidil 2 freisin). Ghlac na ceannairí ráiteas comhpháirteach leathan freisin inar cumhdaíodh na trí cholún leathana den phlé a bhí ag an gcruinniú mullaigh: saincheisteanna domhanda, caidreamh déthaobhach, agus beartas eachtrach agus slándála.

An India

An 8 Bealtaine, reáchtáil an tAontas agus an India Cruinniú Ceannairí in Porto, an Phortaingéil, cruinniú a bhí i bhformáid hibrideach (i bpearsan agus go cianda), agus bhí Ballstáit uile an Aontais páirteach ann. Ag an gcruinniú sin, rinneadh an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an India a neartú tuilleadh, agus cuireadh leis an dlús a bhí ann ag an gcruinniú mullaigh deireanach i mí an Mheithimh 2020. Le linn an chruinnithe, chomhaontaigh an dá thaobh Comhpháirtíocht Nascachta chuimsitheach lena gcumhdaítear comhar san earnáil dhigiteach, san earnáil fuinnimh, san earnáil iompair agus san earnáil idirphearsanta. Tá sé fréamhaithe sa tacaíocht don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Sa lá atá inniu ann, is margadh comhcheangailte de 1.8 billiún duine é an tAontas agus an India, margadh ag a bhfuil olltáirgeacht intíre comhcheangailte EUR 16.5 trilliún in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, is é is aidhm don chomhpháirtíocht nua acmhainní, caighdeáin agus saineolas a chomhthiomsú chun freastal ar riachtanais na chéad ghlúine eile de bhonneagar inbhuanaithe ardcháilíochta. Cuimsítear leis sin obair chomhpháirteach ar chaighdeáin agus ar an timpeallacht rialála agus ar thionscadail nithiúla bonneagair. Is í an Chomhpháirtíocht Nascachta idir an tAontas agus an India an dara comhpháirtíocht den sórt sin, tar éis na comhpháirtíochta a síníodh leis an tSeapáin i mí Mheán Fómhair 2019. (Féach an roinn “Trádáil” thuas chun faisnéis a fháil faoin gcaidreamh trádála idir an tAontas agus an India.)

Mar ullmhúchán le haghaidh Chruinniú na gCeannairí, reáchtáladh an chéad chruinniú den Idirphlé Ardleibhéil maidir leis an Athrú Aeráide idir an tAontas agus an India an 28 Aibreán 2021.

Maenmar/Burma

Tháinig deireadh le próiseas an daonlathaithe i Maenmar/Burma in coup d’état míleata foréigneach an 1 Feabhra 2021, an lá a bhí an pharlaimint nua faoi Aung San Suu Kyi le cur faoi mhionn. D’iarr an tAontas go scaoilfí saor láithreach gach príosúnach agus go n-athbhunófaí na húdaráis a toghadh go daonlathach. Agus a chabhair dhaonnúil dhíreach á dúbailt aige le haghaidh na ndaoine is leochailí, i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla idirnáisiúnta, chuir an tAontas gach clár cúnamh forbartha agus gach íocaíocht leis an rialtas ar feitheamh láithreach agus ghlac sé smachtbhannaí i gcoinne na ndaoine atá freagrach as an coup, an tArdcheannasaí agus a ionadaí san áireamh. Is comhartha iad na bearta don junta go bhfuil iarmhairtí ag a chuid gníomhaíochtaí. Ag an am céanna, tá tionscnamh taidhleoireachta láidir á shaothrú ag an Aontas, in éineacht leis na Ballstáit, agus teagmháil á déanamh acu leis na príomhpháirtithe leasmhara ar fad (Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, an tSín, an India agus an tSeapáin), i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. Chuir an tAontas dlús freisin leis an gcabhair dhaonnúil a thugann sé mar fhreagairt ar iarmhairtí réigiúnacha ghéarchéim Mhaenmar/Burma, agus tacaíocht á tabhairt aige go háirithe do dhídeanaithe Rohingya sa Bhanglaidéis agus in áiteanna eile sa réigiún máguaird.

An Afganastáin

I bhfianaise na bhforbairtí san Afganastáin le linn an tsamhraidh, le linn chruinniú G20 maidir leis an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair, d’fhógair an Coimisiún pacáiste tacaíochta daonnúla dar luach EUR 1 bhilliún le haghaidh mhuintir na hAfganastáine agus tíortha comharsanachta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus an cúnamh forbartha curtha ar fionraí. Níor thug an tAontas aitheantas do réimeas an Talaban, agus rinne sé nasc idir leibhéal a rannpháirtíochta agus comhlíonadh na bpríomhthagarmharcanna.

Nuair tháinig an Talaban i gcumhacht san Afganastáin, cuireadh béim ní hamháin ar aslonnú shaoránaigh an Aontais, ach ar aslonnú 800 saoránaigh de chuid na hAfganastáine freisin, daoine a raibh baint acu leis an Aontas agus a bhrath go raibh siad faoi bhagairt agus ar theastaigh uathu an tír a fhágáil. Go dtí seo, trí iarrachtaí comhdhlúite an Aontais agus a Bhallstát, tugadh tuairim agus 29 000 duine chuig áit shábháilte, ina measc an fhoireann áitiúil, cosantóirí chearta an duine agus daoine a bhfuil oiliúint curtha ag an Aontas orthu, banbhreithiúna, cuir i gcás.

Chun freagairt do riachtanais chosanta shaoránaigh na hAfganastáine, d’fhógair an Coimisiún scéim tacaíochta le haghaidh Afganastánaigh atá i mbaol. Leis an scéim sin comhcheanglaítear bearta gearrthéarmacha (aslonnuithe agus gluaiseacht shábháilte) le bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha, go háirithe an t-athlonnú, ligean isteach ar fhoras daonnúil agus bealaí comhlántacha eile, mar aon leis an imeascadh. Tá gealltanais shonracha tugtha ag Ballstáit an Aontais maidir le hathlonnú agus maidir le ligean isteach ar fhoras daonnúil, gealltanais a chuirfidh siad chun feidhme faoi dheireadh 2022 le tacaíocht airgeadais ón Aontas agus le tacaíocht oibríochtúil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

David Sassoli agus Vương Đình Huệ agus iad ag beannú uillinneacha le chéile os comhair lógó Pharlaimint na hEorpa.
Chas David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (ar dheis), le Vương Đình Huệ, Spéicéir Thionól Náisiúnta Vítneam, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Meán Fómhair 2021. Foinse: EP, Daina Lelardic

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe

In 2021, cuireadh tús le caidreamh nua leis an Ríocht Aontaithe tar éis di imeacht as an Aontas an 31 Eanáir 2020 agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020. Is é cuspóir an Aontais caidreamh dearfach cobhsaí a bhunú leis an Ríocht Aontaithe. Is comhpháirtithe iad an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gcónaí, comhpháirtithe ag a bhfuil comhluachanna, agus beidh orthu dul i ngleic le dúshláin dhomhanda éagsúla i dteannta a chéile.

Is le ceithre chonradh a rialaítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe anois. In 2021, dhírigh an Coimisiún Eorpach ar a chinntiú go gcuirfí na conarthaí sin chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach agus go n-oibreodh a gcuid struchtúr rialachais.

Rinneadh dul chun cinn leis an bplé faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar ag cruinnithe éagsúla dá chuid comhlachtaí, go háirithe an Comhchoiste agus na coistí speisialaithe téamacha. Rinneadh iarrachtaí suntasacha chun cearta na saoránach a chosaint agus díríodh aird ar leith ar a bheith ag oibriú i gcomhar leis an Ríocht Aontaithe i ndáiláthair i mí Mheán Fómhairl le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. Mar fhreagairt ar ábhair imní na bpáirtithe leasmhara, chuir an Coimisiún réitigh phraiticiúla chun cinn sna réimsí seo a leanas: bia, sláinte plandaí agus sláinte ainmhithe, custaim, soláthar cógas agus rannpháirtíocht le húdaráis Thuaisceart Éireann agus le páirtithe leasmhara.

Cuireadh tús le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair an 1 Bealtaine 2021 agus rinneadh dul chun cinn air go príomha trí chruinnithe tionscnaimh na gcomhchomhlachtaí a bunaíodh leis an gcomhaontú, an Chomhairle Comhpháirtíochta, an Coiste um Chomhpháirtíocht Trádála, coistí speisialaithe agus coistí speisialaithe trádála san áireamh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hiascaigh agus le cothrom iomaíochta a chinntiú.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún tús freisin leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar chun deireadh a chur le gach seiceáil fhisiciúil agus gach rialú ar dhaoine agus ar earraí atá i gcúrsaíocht idir an Spáinn agus Giobráltar, agus limistéar Schengen agus Margadh Aonair an Aontais á chaomhnú ag an am céanna.

Ag an am céanna, tháinig an rialachán maidir le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit i bhfeidhm an 11 Deireadh Fómhair 2021 chun éifeachtaí Brexit san Aontas a mhaolú. Íocfar níos mó ná EUR 5 bhilliún amach leis na Ballstáit chun tacú leis na réigiúin, na hearnálacha agus na pobail sin san Aontas is mó atá thíos le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe.

Ó chlé go deas: Charles Michel, David Sassoli, Ursula von der Leyen agus António Costa agus iad á ndeasú féin le haghaidh grianghraif lasmuigh.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus António Costa, Príomh-Aire na Portaingéile agus Uachtarán-in-oifig Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus iad ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto maidir le chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Porto, an Phortaingéil, an 7 Bealtaine 2021.

Forbairtí institiúideacha

Rialáil Níos Fearr

Agus é ag leanúint de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar reachtóireacht an Aontais, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht 2021 maidir le Rialáil Níos Fearr i mí Aibreáin. Cuireadh gníomhaíochtaí éagsúla i láthair sa teachtaireacht, an méid seo a leanas san áireamh:

  • deiseanna aiseolais a shimpliú trí chomhairliúcháin phoiblí a chomhdhlúthú in aon ghlao amháin ar fhianaise tríd an tairseach "Cloisimis uait";
  • trédhearcacht a mhéadú trí rochtain ar an bhfianaise atá taobh thiar de gach togra reachtach a fheabhsú, mar shampla trí na naisc idir na cláir éagsúla fianaise a fheabhsú agus trí chlár coiteann fianaise a bhunú le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh;
  • an cur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” a chur chun feidhme chun a chinntiú go ndéanfar aon ualach nua a fhritháireamh trí ualaí coibhéiseacha a bhaint sa réimse beartais céanna;
  • Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a ionchorprú i gcreat na Rialála Níos Fearr agus feabhas a chur ar mheasúnuithe tionchair trí anailís agus tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar na príomhiarmhairtí, go háirithe na hiarmhairtí sin a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus an ghné atá cothrom agus cóir go sóisialta a bhaineann leo;
  • fadbhreathnaitheacht straitéiseach a chomhtháthú leis an gclár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr.

Léiríodh i Suirbhé Bliantúil na nUalaí 2020, suirbhé a foilsíodh i mí an Mheithimh, an chaoi ar simplíodh reachtaíocht an Aontais i réimsí beartais ar nós na seirbhísí airgeadais, an iompair, an chánachais, an chustaim agus an chomhshaoil. I mí na Samhna 2021, rinne an Coimisiún obair leantach ar an teachtaireacht maidir le Rialáil Níos Fearr le foilsiú treoirlínte nua maidir le Rialáil Níos Fearr agus bosca uirlisí nua, treoirlínte lena dtugtar treoir chuimsitheach, príomhcheisteanna agus samplaí nithiúla, le sraith 69 uirlis.

Fadbhreathnaitheacht straitéiseach

I dTuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach a cuireadh i láthair i mí Mheán Fómhair, sainaithnítear príomhthreochtaí ollmhóra domhanda a leanfaidh de thionchar a bheith acu ar an Aontas as seo go 2050: an t-athrú aeráide agus dúshláin chomhshaoil eile; an hipearnascacht agus claochluithe teicneolaíocha; an brú atá ar an daonlathas agus ar luachanna; agus athruithe ar an ord domhanda agus ar an déimeagrafaíocht. Sainaithníodh freisin 10 réimse inar féidir leis an Aontas an inniúlacht agus an tsaoirse chun gníomhú atá aige a neartú. Ina theannta sin, d’ullmhaigh an Coimisiún roinnt tuarascálacha fadbhreathnaitheacha atá níos dírithe, tuarascálacha ar thionscail na cosanta agus an spáis, ar chríocha na hEorpa agus ar an tábhacht a bheidh le poist "ghlasa" san fhostaíocht amach anseo san áireamh.

Chun comhar fadbhreathnaitheach a fhorbairt leis na Ballstáit, seoladh an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais i mí Aibreáin, agus reáchtáladh an chéad chruinniú aireachta i mí na Bealtaine. Ar deireadh, sa bhosca uirlisí nuashonraithe um Rialáil Níos Fearr tá uirlis fhadbhreathnaitheachta thiomnaithe le haghaidh measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí. Bhí comhdháil 2021 den Chóras Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais ar siúl i mí na Samhna, comhdháil a d’óstáil an Pharlaimint agus an Coimisiún i gcomhar le chéile. Thar 2 lá, díríodh sa phlé ar threochtaí domhanda fadtéarmacha ar dócha go mbeidh tionchar acu ar an Eoraip, agus ar ról na fadbhreathnaitheachta san iarracht sin ar mhaithe lena bheith ullmhaithe chun aistrithe a dhéanamh agus chun aghaidh a thabhairt ar shuaití amach anseo.

Gnóthaí Institiúideacha

An comhaontú idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le clár trédhearcachta éigeantach, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil. Leis an gcomhaontú, leathnaítear raon feidhme an chláir trédhearcachta chun an Chomhairle a chlúdach den chéad uair. Chomh maith leis sin, fágann sé go bhfuil sé éigeantach clárú, agus ní mór d’institiúidí is sínitheoir a shainordú go bhfuil clárú ionadaithe leasmhara ina réamhchoinníoll chun brústocaireacht a dhéanamh.

An fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus obair ghaolmhar chomhordúcháin an Aontais, bhí an dá rud sin fós ina bpríomhthosaíocht ag Uachtaránacht na Portaingéile agus ag Uachtaránacht Chomhairle na Slóivéine araon. Chinntigh Uachtaránacht na Portaingéile gur glacadh na moltaí athbhreithnithe maidir le taisteal laistigh den Aontas agus chuig an Aontas. Rinne sí caibidlíocht freisin ar an reachtaíocht maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais agus chinntigh sí gur glacadh an reachtaíocht sin in am don samhradh. Ina dhiaidh sin, rinne Uachtaránacht na Slóivéine athbhreithniú ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19, agus dhírigh sí ar thionchar trasteorann na mbeart a cuireadh chun feidhme i bpríomhréimsí, an Margadh Aonair, cuir i gcás.

Ghlac an Pharlaimint go leor beart faoina nós imeachta éigeandála mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Go háirithe, ar iarraidh ón gCoimisiún, phlé sí leasuithe féideartha ar Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais sa seisiún iomlánach, rud a cheadaigh don Pharlaimint an chaibidlíocht idirinstitiúideach a dhéanamh agus a thabhairt i gcrích in am don samhradh, gan cur isteach ar an ról grinnscrúdaithe dhaonlathaigh ná ar an ról reachtach atá aici.

Lean an Pharlaimint uirthi ag teacht le chéile ar bhealach hibrideach (i bpearsa agus go cianda), sna coistí agus sa seisiún iomlánach araon, don chuid is mó den bhliain. I mí an Mheithimh, cuireadh tús arís leis na seisiúin iomlánacha in Strasbourg. I mí na Samhna, tugadh isteach úsáid éigeantach an deimhnithe COVID chun rochtain a fháil ar áitribh na Parlaiminte, cuireadh tús arís le gníomhaíochtaí ina raibh daoine i láthair go fisiciúil, sula ndeachthas ar ais go cruinnithe hibrideacha le haghaidh sheisiúin dheireanacha na bliana. Bhí an Coimisiún i láthair go fisiciúil ag gach seisiún iomlánach.

I mí Mheán Fómhair, d’óstáil an Pharlaimint an t-aitheasc bliantúil ar Staid an Aontais le Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin.

Thug Uachtaránacht na Portaingéile tús áite ar a clár oibre don téarnamh. Ag an am céanna, chinntigh sí gur tugadh chun críche agus gur formheasadh go foirmiúil na tograí maidir le gníomhartha éagsúla earnála faoin mbuiséad fadtéarmach reatha. D’éascaigh sí formheas an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse, rud a bhí bunriachtanach chun go mbeadh an Coimisiún Eorpach in ann tús a chur le hiasachtaí a fháil don téarnamh faoi NextGenerationEU. Chomh maith leis sin, eisíodh an chéad bhanna faoi NextGenerationEU le linn Uachtaránacht na Portaingéile, i mí an Mheithimh 2021.

Ba é an comhaontú maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach buaicphointe eile dá téarma oifige. Bhí ról lárnach ag Uachtaránacht na Portaingéile freisin maidir leis an obair ar phríomhthograí an chláir oibre dhigitigh a chur chun cinn, an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Gníomh um Rialachas Sonraí, cuir i gcás. Ina theannta sin, bhí ról lárnach ag an bPortaingéil i seoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus d’eagraigh sí Cruinniú Mullaigh Sóisialta ar éirigh go maith leis in Porto.

Oibrí ar ardaitheoir ardáin agus é ag socrú meirge ar thaobh foirgnimh.
Bratach Uachtaránacht na Slóivéine ar an gComhairle á crochach ar fhoirgneamh Justus Lipsius na Comhairle Eorpaí, an Bhruiséil, an Bheilg, an 1 Iúil 2021.

I mí Iúil, tháinig deireadh le téarma Uachtaránachta na Portaingéile agus ghlac an tSlóivéin cúram Uachtaránacht na Comhairle uirthi féin. Thug an tSlóivéin tosaíocht do ghlacadh na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – pleananna atá riachtanach chun maoiniú a scaoileadh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – agus chinntigh sí gur glacadh conclúidí tiomnaithe maidir le hathléimneacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Dhírigh an tSlóivéin freisin ar an bpacáiste tograí chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, agus Comhdháil Aeráide COP26 na Náisiún Aontaithe i nGlaschú agus Comhdháil COP15 maidir leis an mBithéagsúlacht á n-ullmhú aici. Bhí ról lárnach aici chun obair ar phraghsanna fuinnimh a chur chun cinn i gcomhthéacs géarchéime.

Lean an tSlóivéin den obair ar an bpacáiste airgeadais dhigitigh, ar an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus ar an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteach, agus tháinig sí ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh um Rialachas Sonraí. Bhí an tsláinte ina príomhghné eile den uachtaránacht sin, agus thángthas ar chomhaontú maidir le ról treisithe na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus maidir le sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú a athnuachan. Le linn Uachtaránacht na Slóivéine, chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa tús le céim thábhachtach sa phlé le saoránaigh.

Ar deireadh, stiúir an tSlóivéin an plé maidir leis an Afganastáin, leis an mBealarúis agus le gnéithe seachtracha na himirce, an maoiniú san áireamh. Tugadh tábhacht mhór freisin do rannpháirtíocht an Aontais le comhpháirtithe trí chruinnithe mullaigh éagsúla a ullmhú, an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar san áireamh.

Charles Michel ag comharthú agus óráid á tabhairt aige.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto, an Phortaingéil, an 7 Bealtaine 2021.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún

Chuir an dá choiste rannchuidiú tábhachtach ábhartha ar fáil don Choimisiún trí thuairimí a ullmhú, i measc nithe eile.

Go háirithe, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa rún maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus chuir Coiste Eorpach na Réigiún Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais i láthair. Ghlac an dá choiste páirt ghníomhach in ullmhú Chlár Oibre 2022 an Choimisiúin agus na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.

Teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh

Dul ann tú féin

Tá na céadta Ionad Eolais Europe Direct ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

— ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin);

— ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696; nó

— le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Eolas a fháil faoin Aontas Eorpach

Ar líne

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais

Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir chinn saor in aisce agus chinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le d’ionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (féach https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach

Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.

Eolas faoin bhfoilseachán seo

AITHEANTÓIRÍ

An tAontas Eorpach in 2021 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Print ISBN 978-92-76-38935-4 ISSN 2443-9533 doi:10.2775/618457 NA-AD-22-001-GA-C

PDF ISBN 978-92-76-38917-0 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/781603 NA-AD-22-001-GA-N

HTML ISBN 978-92-76-38955-2 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/719665 NA-AD-22-001-GA-Q

Tá leagan idirghníomhach den fhoilseachán seo, le naisc chuig ábhar ar líne, ar fáil i bhformáid PDF agus HTML ag:
europa.eu/general-report/ga

An tAontas Eorpach in 2021 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË

An tAontas Eorpach in 2021 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ghlac an Coimisiún Eorpach an 21 Feabhra 2022 faoi uimhir thagartha C(2022) 959.

Níl an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas as aon iarmhairt a eascraíonn as athúsáid an fhoilseacháin seo.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022

© An tAontas Eorpach, 2022

Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
(https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

CREIDIÚNTAÍ

Gach grianghraf © An tAontas Eorpach mura dtugtar a mhalairt le fios.