Tuarascáil speisialta
18 2022

Institiúidí AE agus COVID-19
Freagairt thapa déanta, ach tá dúshláin fós le sárú chun an nuálaíocht agus an tsolúbthacht atá faoi stiúir géarchéime a fheabhsú

Maidir leis an tuarascáil:San iniúchadh seo, rinneadh measúnú ar athléimneacht institiúidí an Aontais agus iad ag déileáil le COVID-19: conas a thug siad aghaidh ar an bpaindéim agus cad iad na ceachtanna atá foghlamtha acu. Cé go raibh pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí deartha le haghaidh cuir isteach ghearrthéarmacha, agus go raibh leibhéil éagsúla ullmhachta acu, thángamar ar an gconclúid gur léirigh na hinstitiúidí a n-athléimneacht in aghaidh ghéarchéim COVID-19 a bhuí lena bhfreagairt thapa agus sholúbtha, agus le hinfheistíochtaí a rinneadh roimhe seo sa digiteáil. Mar sin féin, caithfidh siad meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar na bealaí nua oibre a tugadh isteach mar fhreagairt ar COVID-19 i dtimpeallacht iar-ghéarchéime. Molaimid do na hinstitiúidí foráil a dhéanamh do chur isteach fadtéarmach ar a bpleananna gnó; tuilleadh forbartha a dhéanamh ar digiteáil na seirbhísí riaracháin; agus measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na mbealaí nua oibre sa timpeallacht iar-COVID-19.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF

Achoimre feidhmiúcháin

I Ag deireadh mhí Eanáir 2020, rinneadh an chéad chás de COVID-19 a thaifeadadh go hoifigiúil san Eoraip. In imeacht seachtainí, scaip an galar ar fud an Aontais, rud a chuir iallach ar fhormhór na mBallstát bearta a chur i bhfeidhm chun an ráta ionfhabhtaithe a mhoilliú. Nuair a bhíothas ag áitiú ar shaoránaigh fanacht sa bhaile agus teilea-obair a dhéanamh, bhí ar institiúidí an Aontais bealaí a aimsiú chun leanúnachas gnó a áirithiú.

II Bhí sé mar chuspóir ag an iniúchadh seo measúnú a dhéanamh ar athléimneacht institiúidí an Aontais: a leibhéal ullmhachta, conas a thug siad aghaidh ar phaindéim COVID-19 agus cad iad na ceachtanna a d'fhoghlaim siad. Go háirithe, scrúdaíomar an raibh na nithe seo a leanas déanta ag na hinstitiúidí:

  1. caighdeáin aitheanta a leanúint ina bpleananna leanúnachais gnó, agus ar cuireadh na pleananna sin in oiriúint don chineál cur isteach a tharla mar gheall ar an bpaindéim;
  2. an raibh siad in ann feidhmiú, cur isteach a íoslaghdú agus na róil a shanntar dóibh faoi Chonarthaí an Aontais a chomhlíonadh;
  3. ar fhoghlaim siad ceachtanna chun iad féin a chur in oiriúint dá dtimpeallacht iar-COVID-19.

III Chumhdaigh ár n-iniúchadh ceithre institiúid Eorpach: Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Díríodh san iniúchadh ar conas a láimhseáil údaráis riaracháin na n-institiúidí an ghéarchéim idir Feabhra 2020 agus Iúil 2021. Chuireamar san áireamh na cinntí a glacadh tar éis mhí Iúil 2021, má bhí tionchar acu ar thimpeallacht iar-COVID-19 na n-institiúidí.

IV Thángamar ar an gconclúid gur léirigh institiúidí an Aontais a n-athléimneacht i bhfianaise phaindéim COVID-19. Bhí a bhfreagairt tapa agus solúbtha agus thairbhigh siadd'infheistíochtaí a rinneadh roimhe sin sa digiteáil. Mar sin féin, ní raibh meastóireacht iomlán déanta fós acu ar na bealaí nua oibre a tugadh isteach mar fhreagairt ar COVID-19 agus cé chomh mór is dócha go mbeidh siad sin éifeachtúil nó go mbeidh coigilteas ag gabháil leo sa timpeallacht iar-ghéarchéime.

V Fuaireamar go raibh an leagan amach ceart ag pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí faoi iniúchóireacht chun go bhféadfaidís fónamh mar bhonn dá bhfreagairt ar an ngéarchéim, ach nár ceapadh iad do chur isteach fadtéarmach ná do ghéarchéim sláinte, agus gur ghá iad a chomhlánú le cinntí ad hoc. Ní raibh aon fhóram sainithe ina bpleananna leanúnachais do na hinstitiúidí chun dul i gcomhairle le chéile go tapa maidir leis na cinntí a bhí á ndéanamh acu chun dul i ngleic leis an ngéarchéim. Chun comhleanúnachas áirithe a áirithiú ina gcuid gníomhaíochtaí, thóg siad ar struchtúir a bhí ann cheana chun faisnéis a roinnt agus d’éirigh leo teorainn a chur leis an éagsúlacht ina bhfreagairtí. Chuir a neamhspleáchas, a rólanna éagsúla agus na rialacha náisiúnta éagsúla a bhí orthu a chur san áireamh teorainn lena gcumas freagairt chomhionann a bheith acu.

VI Fuaireamar freisin go ndearna na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht freagairt sholúbtha ar an ngéarchéim a cheapadh agus a chur chun feidhme. D’oiriúnaigh siad a rialacha nós imeachta chun a bpríomhghníomhaíochtaí a choimirciú, agus dhearbhaigh siad nach raibh cead isteach san áitreamh ag aon duine den fhoireann nach raibh sé riachtanach dóibh a bheith i láthair. Chuir sé sin ar a gcumas an cur isteach a íoslaghdú agus na róil a shanntar dóibh leis na Conarthaí a chomhlíonadh. Ag tús na géarchéime, bhí leibhéil éagsúla trealaimh ag na hinstitiúidí chun gur bhféadfadh a bhfoireann oibriú go cianda. D’éirigh leo uile réitigh theilea-oibre a thabhairt dá bhfoireann go léir laistigh de shé seachtaine áfach. Mar chuid dá bhfreagairt, chuir na hinstitiúidí dlús le leathadh amach tionscadal nuachóirithe TF, amhail uirlisí cumarsáide agus comhoibrithe, sreabha oibre gan pháipéar, mar aon le méadú ar úsáid sínithe leictreonacha agus ríomhshonrascadh. In ainneoin an dul chun cinn atá déanta, níl digiteáil iomlán déanta ar na seirbhísí riaracháin go fóill.

VII Thosaigh na hinstitiúidí ag machnamh ar na ceachtanna atá le foghlaim as géarchéim COVID-19 ag deireadh earrach na bliana 2020 agus lean siad leis an machnamh sin le linn na géarchéime. Fuaireamar go raibh tionchar teoranta gearrthéarmach ag an ngéarchéim ar na hinstitiúidí ó thaobh airgeadais de, ós rud é gur baineadh úsáid as an gcoigilteas a rinneadh i réimsí áirithe caiteachais, amhail taisteal, chun infheistíochtaí in TF a mhaoiniú. Thug formhór na n-institiúidí faoi iniúchóireacht bealaí nua oibre isteach roimh ghéarchéim COVID-19. Cuireadh dlús leis na hathruithe sin mar gheall ar an ngéarchéim agus tá na hinstitiúidí uile ag súil go mbeidh bainistiú taistil agus foirgnimh éagsúil i ndiaidh COVID-19. Níl measúnú iomlán déanta ar éifeachtúlacht na mbealaí nua oibre – tá sé níos forbartha do phríomhghníomhaíochtaí ná do chúraimí tacaíochta. Ar deireadh, ní dhearnadh meastóireacht chomhsheasmhach ar thionchair bhuiséadacha agus chomhshaoil na socruithe nua oibre.

VIII Bunaithe ar na conclúidí sin, molaimid go ndéanfaidh na ceithre institiúid faoi iniúchóireacht an méid seo a leanas:

  1. cur isteach fadtéarmach agus forálacha maidir le comhar idirinstitiúideach a áireamh ina bpleananna leanúnachais gnó;
  2. digiteáil na seirbhísí riaracháin a fhorbairt tuilleadh; agus
  3. measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na mbealaí nua oibre sa timpeallacht iar-COVID-19.

Réamhrá

01 Ag deireadh mhí Eanáir 2020, taifeadadh an chéad chás de COVID-19 go hoifigiúil san Eoraip. Laistigh de chúpla seachtain, scaip an galar ar fud an Aontais, rud a chuir iallach ar thromlach na mBallstát bearta a chur i bhfeidhm chun iarracht a dhéanamh a leathadh a mhoilliú.

02 Sa chomhthéacs sin, bhí cumas na riarachán poiblí chun leanúint ag feidhmiú ríthábhachtach chun ligean do rialtais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a róil a chomhlíonadh agus dul i ngleic leis an ngéarchéim. Athléimneacht a thugtar ar an gcumas sin: is é sin an cumas a bheith in ann na tionchair dhiúltacha a thagann chun cinn a bhainistiú, nó a bheith in ann téarnamh nuair a tharlaíonn tubaiste1. Cuireann athléimneacht ar chumas na n-eagraíochtaí a bheith níos láidre.

03 Bhí ar institiúidí an Aontais dul i ngleic le géarchéimeanna sláinte agus sábháilteachta le déanaí: ráig Ebola (2014) do thoscaireachtaí AE, agus ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil (2016) agus in Strasbourg (2018). Mar sin féin, bhí scála agus fad ghéarchéim COVID-19 gan fasach. Seo a leanas na príomhghnéithe d'fheidhmiú na n-institiúidí a raibh tionchar ag géarchéim COVID-19 orthu:

  • rialachas agus beartas: próisis chinnteoireachta chun leanúnachas oibríochta a áirithiú, agus cláir oibre a nuashonrú chun an t-athmheasúnú ar thosaíochtaí a léiriú;
  • bainistiú lucht saothair: réitigh mhalartacha ar láithreacht oibre fhisiciúil agus athruithe ar bheartais Acmhainní Daonna chun feidhmíocht leanúnach na foirne a áirithiú;
  • TF: ríomhairí glúine agus réitigh eile teilea-oibre a bheith ar fáil, cinnteoireacht chianda a chumasú, rúndacht faisnéise agus cosaint sonraí a áirithiú;
  • foirgnimh: foirgnimh a chothabháil sa mhodh oibríochtúil, slándáil fhisiciúil a áirithiú agus rochtain ar an áitreabh a bhainistiú.

04 Tá gnéithe rialachais agus beartais faoi fhreagracht Uachtarán agus Ardrúnaí gach institiúide. Tá na hArdrúnaithe freagrach freisin as saincheisteanna a bhaineann le bainistiú lucht saothair, TF agus foirgnimh. Sa tuarascáil seo, nuair a dhéantar tagairt do chinntí a dhéanann institiúid, tuigtear gur tagairt é sin do chinntí a dhéanann na seirbhísí atá faoi fhreagrachtaí na nArdrúnuithe agus do chinntí a dhéanann comhaltaí na hinstitiúide (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa – FPEnna, ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle, Coimisinéirí, Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta agus Cláraitheoirí CBAE).

05 Sainítear ról gach institiúide sna Conarthaí2. Cé go bhfuil na hinstitiúidí neamhspleách ar a chéile, bítear ag súil leis go mbíonn comhar dílis frithpháirteach á chleachtadh acu3. Maidir le bainistiú lucht saothair, tá sé sin sách féinrialaitheach faoi chuimsiú an chreata chomhchoitinn a leagtar amach sna rialacháin foirne4. Tá a rialacha nós imeachta féin ag gach institiúid a dhéileálann le saincheisteanna amhail eagar inmheánach, rialacha cinnteoireachta, agus an caidreamh le hinstitiúidí eile. Agus iad ag freagairt don ghéarchéim, lean na hinstitiúidí an reachtaíocht atá i bhfeidhm ina mBallstáit óstacha agus choigeartaigh siad a gcinntí dá réir sin.

06 I bhFíor 1, léirítear na cinntí a rinne na hinstitiúidí chun freagairt don éabhlóid sa staid sláinte agus do na rialacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm.

Fíor 1 - Cinntí a rinne na hinstitiúidí mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, Eanáir 2020 go Iúil 2021

Foinse: CIE, bunaithe ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), an Lárionad Eorpach um Ghalair a chosc agus a Rialú agus sonraí ó institiúidí an Aontais.

07 Déantar na hinstitiúidí a mhaoiniú faoin gceannteideal “Riarachán” den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI). Ba é €10 mbilliún an caiteachas in 2020 faoin gceannteideal sin. Baineann na costais atá i gceist go príomha le caiteachas ar acmhainní daonna (tuarastail foirne, liúntais agus pinsin) arb ionann iad sin agus 68 % den iomlán. Is ionann caiteachas ar fhoirgnimh agus thart ar 9 % den chaiteachas riaracháin, agus is ag 4 % atá an caiteachas TF.

Raon feidhme agus cur chuige na hiniúchóireachta

08 Bhí sé mar chuspóir ag an iniúchadh seo measúnú a dhéanamh ar athléimneacht institiúidí an Aontais: a leibhéal ullmhachta, conas a thug siad aghaidh ar phaindéim COVID-19 agus cad iad na ceachtanna a d’fhoghlaim siad uaithi. Go háirithe, scrúdaíomar an raibh na nithe seo a leanas déanta ag na hinstitiúidí:

  • caighdeáin aitheanta a leanúint ina bpleananna leanúnachais gnó agus ar cuireadh na pleananna sin in oiriúint don chineál cur isteach a tharla mar gheall ar an bpaindéim;
  • an raibh siad in ann feidhmiú, an cur isteach a íoslaghdú agus na róil a shanntar dóibh faoi na Conarthaí a chomhlíonadh;
  • ceachtanna a fhoghlaim chun iad a chur in oiriúint dá dtimpeallacht iar-COVID-19.

09 Dhíríomar isteach ar na cinntí a rinne riaracháin institiúidí an Aontas chun leanúnachas gnó a chothabháil agus chun a áirithiú gur chomhlíon na hinstitiúidí a róil. Ní dhearnamar measúnú ar fhreagairt bheartais an Aontais ar ghéarchéim COVID-19 ná ar an reachtaíocht a ghabhann léi.

10 Chumhdaigh an t-iniúchadh na cinntí a rinneadh ó Eanáir 2020 (na chéad bhearta chun teorainn a chur le taisteal foirne chuig limistéir ionfhabhtaithe) go dtí Iúil 2021 (na rialacha a mhaolú toisc gur tháinig feabhas ar chúrsaí sláinte). Bhreithníomar teagmhais shuntasacha a tharla i ndiaidh Iúil 2021 sa mhéid go raibh tionchar acu ar thimpeallacht iar-COVID-19 na n-institiúidí.

11 Rinneamar iniúchadh ar cheithre institiúid: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE). Is sa Fhrainc (Strasbourg) atá suíomh na Parlaiminte agus tá ionaid oibre aici sa Bheilg, agus i Lucsamburg. Tá an Chomhairle lonnaithe go hiomlán sa Bheilg, ach tagann sé le chéile i Lucsamburg i mí Aibreáin, mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair. Is sa Bheilg agus i Lucsamburg den chuid is mó atá ranna an Choimisiúin, ach tá suíomhanna sa Ghearmáin, sa Spáinn, san Iodáil agus san Ísiltír ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde. Tá an Chúirt Bhreithiúnais lonnaithe i Lucsamburg.

12 Rinneamar athbhreithniú ar chinntí agus nósanna imeachta na n-institiúidí a bhaineann lena bhfreagairt ar an ngéarchéim, chomh maith le miontuairiscí chruinnithe na gcomhlachtaí a bhíonn páirteach i mbainistiú géarchéime. Bhailíomar aiseolas ó na ranna riaracháin lena mbaineann trí cheistneoirí agus bhaineamar úsáid as suirbhéanna a rinne na hinstitiúidí chun measúnú a dhéanamh ar dearcadh a bhfoirne i dtaobh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm. Chuireamar bainisteoirí sinsearacha a raibh baint acu le bainistiú na géarchéime faoi agallamh, chomh maith le hionadaithe na gcoistí foirne.

13 Is cuid de shraith oibre iniúchóireachta atá déanta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa í ár dtuarascáil ar COVID-19. Tugann sí an chéad mheasúnú ar thionchar na géarchéime maidir le feidhmiú na n-institiúidí. Rinneamar an t-iniúchadh seo roimh dheireadh na paindéime, mar sin, tá ár gconclúidí agus moltaí tráthúil agus ábhartha chun tacú leis na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht ó thaobh feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht agus ar a n-ullmhacht i bhfianaise aon chur isteach fadtéarmach.

Barúlacha

Den chuid is mó, lean pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí na caighdeáin atá aitheanta agus tá siad mar bhonn dá bhfreagairt ar an ngéarchéim

Lean pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí na caighdeáin atá aitheanta ach ní raibh siad deartha le haghaidh cuir isteach fhadtéarmacha ná géarchéimeanna sláinte

14 Is é an ról atá ag plean leanúnachais gnó (BCP) ná ligean d’eagraíocht freagairt do chuir isteach agus an cumas chun a gníomhaíochtaí riachtanacha agus a hoibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh á choimeád ag an am céanna. In BCPanna, ba cheart go ndéanfaí na daoine atá i gceanas ar a gcur chun feidhme a shainiú agus gníomhaíochtaí riachtanacha na heagraíochta a leagan amach. Ba cheart freisin go mbeadh BCPanna oiriúnaithe do na rioscaí atá sainaitheanta ag an eagraíocht agus go ndéanfaí iad a nuashonrú agus a thástáil go rialta5.

15 Thosaigh institiúidí AE ag déanamh machnaimh ar a mbeartais leanúnachais gnó in 2006, de bharr na bagartha a d’eascair ó phaindéim fhliú na n-éan H5N1. Ba shoiléire fós an gá a bhí le beartais chuimsitheacha leanúnachais gnó in 2009, an bhliain inar tharla paindéim fhliú H1N1. Ag an am, mheas an coiste idirinstitiúideach a bhí i gceannas ar chomhar leighis (an bord liachta idirinstitiúideach –IMB) go bhféadfadh sé nach mbeadh suas le 30 % den fhoireann ar fáil, mar gheall go mbeidís tinn nó go mbeidís ag tabhairt aire do chleithiúnaithe a bheadh tinn.

16 Dhréachtaigh na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht beartais leanúnachais gnó ar dtús idir 2006 agus 2013. I gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le leanúnachas gnó (féach mír 14), bhí sainmhínithe soiléire ag na BCPanna ar róil agus ar fhreagrachtaí, liostaigh na gníomhaíochtaí riachtanacha nach mór a choimeád in am géarchéime, agus an líon íosta foirne is gá chun na críche sin. Rinne na BCPanna foráil freisin do bhainistiú dhílárnaithe éigin ar theagmhais, ach do gach theagmhas a mbeadh tionchar acu ar an institiúid ina hiomláine, dhéanfadh foireann bainistíochta géarchéime iad a bhainistiú go lárnach laistigh den institiúid. Bheadh an fhoireann sin comhdhéanta, de ghnáth, d’Ardstiúrthóir na hinstitiúide agus ionadaithe óna stiúrthóireachtaí riaracháin. Sa hinstitiúidí go léir faoi iniúchóireacht, bhí a BCP féin ag gach stiúrthóireacht nó ardstiúrthóireacht, ina raibh liosta de na gníomhaíochtaí riachtanacha, an líon íosta acmhainní ba ghá chun iad a chomhlíonadh agus an tréimhse téarnaimh dóibh go léir. Bhí BCP lárnach ann freisin do na foirne géarchéime, ina n-áiríodh na céimeanna a bheadh le glacadh i gcás teagmhais.

17 Fiú dá mba rud é go raibh paindéimí agus an cur isteach a tharlódh dá mbarr mar chuid de mhachnaimh bhunaidh na n-institiúidí ar leanúnachas gnó, ní raibh tagairt shainráite do phleananna paindéime ann a thuilleadh sna BCPanna in 2020, ach amháin i gcás na Cúirte Breithiúnais, a raibh a plean do fhliú na n-éan coimeádta aici ina BCP. Le plean na Cúirte Breithiúnais do fhliú na n-éan, bunaíodh naisc dhíreacha idir cinntí na hEagraíochta Dhomhanda Sláinte agus gníomhaíochtaí a bheadh le cur chun feidhme ag an institiúid. Sa chás ba mheasa (riosca báis do dhaoine den fhoireann), bheartaigh plean na Cúirte Breithiúnais go mbeadh fionraíocht iomlán na gníomhaíochta breithiúnaí ann agus go ndúnfaí a háitreabh.

18 I gcás na n-institiúidí eile, luadh paindéimí i measúnuithe riosca, ach ní raibh bearta maolaithe féideartha ag gabháil leis sin a bhí oiriúnaithe do chuir isteach fhadtéarmacha, nó gan fáil go fadtéarmach ar gach áitreabh. Bhí pleananna tacaíochta agus athlonnaithe chuig foirgnimh éagsúla ag na hinstitiúidí sin chun dul i ngleic le cuir isteach ar feadh cúpla lá. Níor foráladh do cásanna nach mbeadh fáil ar na foirgnimh go léir ag an am céanna, ná ina mbeadh sé dodhéanta taisteal chuig ionad oibre eile. Rinne an Pharlaimint foráil don teile-obair, ar bhealach teoranta, ach é sin amháin do ghníomhaíochtaí nach bhféadfaí a athlonnú chuig áitreabh eile. Bhí a bpleananna féin ag seirbhísí leighis na Parlaiminte agus na Comhairle do ghalair thógálacha, ach ní raibh na pleananna sin comhtháite in BCPanna na n-institiúidí.

19 Nuashonraigh na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht a BCPanna go rialta. Idir 2013 agus Eanáir 2020, rinneadh BCPanna na n-institiúidí a thástáil freisin le cleachtaí a bhí ceaptha chuige sin, nó i rith géarchéimeanna iarbhír, ó mhiontheagmhais sna foirgnimh go hionsaithe sceimhlithe (an Bhruiséil in 2016, Strasbourg in 2018).

Chuir na hinstitiúidí lena bpleananna leanúnachais gnó chun a bhfreagairt don ghéarchéim a dhearadh

20 Chun freagairt leordhóthanach ar ghéarchéim a chur chun feidhme, bíonn ar eagraíocht comhlachtaí cinnteoireachta géarchéime a bheith curtha ar bun acu, a bhfuil a gcumhachtaí in oiriúint don chás. Is gá freisin idirchaidreamh leormhaith a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus a cinntí a chur in iúl dá foireann6.

21 Faoin dara leath de mhí Feabhra 2020, bhí gach institiúid faoi iniúchóireacht tosaithe ar na struchtúir bainistíochta géarchéime ina BCPanna a ghníomhachtú. Bhí na stiúrthóireachtaí acmhainní daonna rannpháirteach i gcónaí, rud a chinntigh go raibh na seirbhísí leighis rannpháirteach, cé gur ar bhealach indíreach é. Rinne roinnt institiúidí a struchtúr bainistíochta géarchéime a oiriúnú d’imthosca COVID-19.

  • Mheas an Chomhairle nárbh é comhdhéanamh a Foirne Bainistíochta Géarchéime an comhdhéanamh b’oiriúnaí chun déileáil le géarchéim COVID-19. Ina ionad sin, bhí sí ag brath ar fhoirne bainistíochta na n-ardstiúrthóireachtaí riaracháin le tacaíocht ó chomhfhreagraithe gnó na ranna eile, agus óna príomhoifigeach leighis.
  • Ní raibh príomhoifigeach leighis na Parlaiminte mar chomhalta den Fhoireann Bainistíochta Leanúnachais agus Géarchéime (CBMT) de chuid na hinstitiúide, ach rinne an tArd-Rúnaí an príomhoifigeach leighis a thabhairt isteach mar chomhairleoir díreach.

22 Le tabhairt isteach na teilea-oibre, laghdaíodh an riosca go n-ionfhabhtófaí daoine den fhoireann. Maidir le samhailchás 2009 IMB i.e. go mbeadh 30 % den fhoireann amuigh tinn nó nach mbeidís ar fáil, níor tharla sé sin, ach fós bhí teorainn le rochtain ar áitreabh na n-institiúidí mar gheall ar dhianghlasálacha náisiúnta. Sa chás dá ndéantar foráil sna BCPanna, is gníomhaíochtaí bunriachtanacha amháin a bheadh ar na hinstitiúidí a choimeád ar siúl. Mar a tharla, áfach, bhí siad in ann leanúint dá ngníomhaíochtaí ar fad a choimeád ar siúl, ach bhí orthu cinneadh a dhéanamh maidir le cad iad na gníomhaíochtaí a choimeádfaidís ar siúl san áitreabh agus cé acu a dhéanfaí go cianda.

23 Go luath i mí Márta 2020, sular tugadh isteach na dianghlasálacha náisiúnta, chinn an Chomhairle gan ach an fhoireann a bhí bunriachtanach chun cruinnithe na Comhairle a eagrú a choimeád san áitreabh. Mhol CBAE úsáid níos mó a bhaint as malartuithe i scríbhinn. I gcásanna ina raibh éisteacht (ar an bhfód) beartaithe cheana, cuireadh fáilte roimh bhreithiúna scrúdú a dhéanamh féachaint an bhféadfaí iad a chur ar athló, nó murach sin, an bhféadfaí ceisteanna agus freagraí i scríbhinn a chur ina ionad. Choimeád an Pharlaimint agus an Coimisiún a gcuid gníomhaíochtaí san áitreabh go dtí lár mhí Márta 2020.

24 Bíonn malartú faisnéise agus comhoibriú ar siúl ag na hinstitiúidí trí roinnt coistí idirinstitiúideacha éagsúla. Ní raibh foráil ina BCP ag aon cheann de na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht, áfach, maidir le róil na gcoistí sin, seachas roinnt ráitis ghinearálta maidir leis na hinstitiúidí eile a chur ar an eolas i gcás ina ndéanfaí na BCPanna a ghníomhachtú. Agus géarchéim chomhchoiteann rompu, ní raibh fóram sainithe acu i gcomhthéacs an BCP ina bhféadfadh siad a chur in iúl dá chéile go tapa cad iad ina cinntí a bhí siad tar éis a dhéanamh.

25 Sa dara seachtain de mhí Márta 2020, d’eagraigh cathaoirleach coiste amháin – an coiste ullmhúcháin um cheisteanna reachtúla (CPQS), le hionadaithe ó na hinstitiúidí go léir – a dhéileálann le saincheisteanna a bhaineann leis na rialacháin foirne agus le dálaí fostaíochta, cruinniú neamhfhoirmiúil chun na bearta a cuireadh chun feidhme sna hinstitiúidí go léir a phlé. Lean an nós neamhfhoirmiúil sin ar aghaidh le linn na paindéime, agus bhí cruinnithe ann go rialta. Níl sainordú ag CPQS chun cinntí a dhéanamh do na hinstitiúidí, ach chuidigh an líonra neamhfhoirmiúil, go pointe áirithe, chun na cinntí a bhí déanta a chomhchuibhiú (mar shampla, maidir le conas déileáil le haistrithe foirne idirinstitiúideacha). Mar gheall ar neamhspleáchas na n-institiúidí, a dtascanna éagsúla, agus mar gheall go raibh éagsúlachtaí ann idir na rialacha a bhí bhfeidhm sna Ballstáit óstacha, bhí cur chuige éagsúil ag gach institiúid i rith na géarchéime. D’aithníomar roinnt éagsúlachtaí idir nósanna imeachta bainistíochta in acmhainní daonna, go háirithe i dtaca le coinníollacha faoinar ceadaíodh teilea-obair a dhéanamh ó lasmuigh den áit fostaíochta (féach Iarscríbhinn II).

26 Chomh maith le comhar idirinstitiúideach, rinne na hinstitiúidí idirchaidreamh rialta leis na húdaráis náisiúnta agus áitiúla sna Ballstáit óstacha chun plé a dhéanamh ar na bearta sláinte a glacadh agus ar thionchar na mbeart sin ar fheidhmíocht na n-institiúidí.

27 Bhí na hinstitiúidí ag brath ar roinnt cainéal cumarsáide a bhí beartaithe sna BCPanna i gcás teagmhais ghearrthéarmacha (ríomhphoist nó téacstheachtaireachtaí). Go déanach i mí Feabhra 2020, shocraigh siad suas leathanaigh inlín a bhí tiomnaithe chun daoine den fhoireann a chur ar an eolas maidir le bearta a bhí déanta agus chun an chomhairle leighis is déanaí a roinnt. Úsáideadh ríomhphoist chun scaipeadh na faisnéise a bhí postáilte ar an inlíon a uasmhéadú.

D’éirigh leis na hinstitiúidí an cur isteach ar a bpríomhghníomhaíochtaí a íoslaghdú

Chuaigh na hinstitiúidí in oiriúint chun leanúint dá róil faoi na Conarthaí a chomhlíonadh

28 Tá príomhghníomhaíochtaí ag gach ceann de na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht atá nasctha lena ról mar a leagtar amach sna Conarthaí iad, a bhfuil achoimre orthu i bhFíor 2. Bhí athléimneacht na n-institiúidí i rith na géarchéime ag brath ar a gcumas chun a ról mar a leagtar amach sna Conarthaí é a chomhlíonadh, agus chun urraim a thabhairt do phrionsabail bhunaithe a bhfeidhmíochta, amhail an t-ilteangachas7.

Fíor 2 – Institiúidí AE faoi iniúchóireacht agus a róil

Foinse: CIE, bunaithe ar Airteagail 14, 16, 17 agus 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Chuir na hinstitiúidí a rialacha nós imeachta in oiriúint chun leanúnachas a n-oibríochtaí i gcás géarchéime a áirithiú

29 Ní raibh na rialacha nós imeachta a bhí i bhfeidhm sna hinstitiúidí faoi iniúchóireacht i mí Eanáir 2020 deartha ar shlí a dhéanfadh cuir isteach fhadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh. Ní raibh forálacha sonracha in aon cheann díobh chun déileáil le srianta tromchúiseacha ar chumas chomhaltaí na hinstitiúide teacht le chéile i gcruinniú.

30 Feidhmíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle cumhachtaí reachtacha agus buiséadacha go comhpháirteach san Aontas8. Chun a ról a chomhlíonadh, caithfidh siad a bheith in ann plé, leasú agus vótáil a dhéanamh ar thionscnaimh bheartais a chuireann an Coimisiún ar aghaidh. Roimh géarchéim COVID-19, rinneadh na gníomhaíochtaí sin beagnach go hiomlán trí shuíonna na Parlaiminte ar an láthair, trí chruinnithe airí na Comhairle nó trí mheithleacha. Nuair a bhí dianghlasálacha agus srianta taistil curtha i bhfeidhm, bhí sé níos deacra, agus i gcásanna áirithe bhí sé dodhéanta, na cruinnithe i bpearsa agus na héisteachtaí ar an bhfód sin a eagrú. Bhí níos mó solúbthachta ionsuite i gceist le rialacha nós imeachta an Choimisiúin agus na Cúirte Breithiúnais, lenar cuireadh roghanna ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid nuair nach raibh cruinnithe ar an láthair indéanta (féach Bosca 1).

Bosca 1

Rialacha Nós Imeachta sna hinstitiúidí roimh ghéarchéim COVID-19

Tá obair reachtach, díospóireachtaí agus vótaí na Parlaiminte poiblí. Ní raibh aon fhoráil ina rialacha nós imeachta do shocruithe malartacha le haghaigh vótáil lasmuigh den áitreabh.

Is cruinnithe poiblí iad cruinnithe na Comhairle, nuair a dhéantar plé nó vótáil ar ghníomh reachtach. Féadfaidh comhalta amháin nó níos mó a bheith as láthair ó chruinniú de chuid na Comhairle: nuair a dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta amháin gníomhú thar ceann comhalta amháin eile. Bhí nósanna imeachta i scríbhinn indéanta, ach i gcásanna sonracha amháin.

Níl cruinnithe an Choimisiúin poiblí. Is cleachtas cinnteoireachta gnásúil sa Choimisiún iad nósanna imeachta i scríbhinn, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha gaolmhara go léir. Is féidearthacht amháin é sin as roinnt féidearthachtaí atá ar fáil do na hinstitiúidí chun cinntí a ghlacadh fiú nuair nach féidir lena gcomhaltaí bheith i láthair i bpearsa.

Déanann rialacha na Cúirte Breithiúnais foráil go bhfuil idir chuid i scríbhinn agus chuid ó bhéal i gceist lena nósanna imeachta, ach nach bhfuil an chuid ó bhéal éigeantach. Féadtar freagraí i scríbhinn a thabhairt ar cheisteanna i gcásanna sonracha, rud a chuireann ar chumas na hinstitiúide a gníomhaíochtaí a choimeád ar bun nuair nach féidir éisteachtaí a chur ar siúl. Leis na rialacha nós imeachta, ceadaítear fad a chur le teorainn ama chun barúlacha i scríbhinn agus doiciméid a thíolacadh.

31 Chun a áirithiú go raibh an creat ceart acu chun leanúint dá ngníomhaíochtaí, bhí ar na hinstitiúidí (seachas CBAE) a rialacha nós imeachta a chur in oiriúint. An 20 Márta 2020, leasaigh an Pharlaimint na rialacha lena rialaítear vótáil chun vótáil chianda i rith na suíonna iomlánacha a cheadú, agus, an 8 Aibreán 2020, leasaigh sí na rialacha dá réir don vótáil sna coistí. Ar deireadh, leasaigh sí a rialacha nós imeachta i mí na Nollag 2020 chun bearta le haghaidh “imthosca urghnácha” a thabhairt isteach lena gceadófaí seisiúin pharlaiminteacha a cur ar atráth, a bhogadh chuig láthair eile nó a chur ar siúl i seomraí scartha nó go cianda. Tionóladh seisiúin Parlaiminteacha i rith na tréimhse faoi iniúchóireacht le Feisirí ag vótáil go cianda, cé go raibh cuid acu i láthair ar an áitreamh. Mar gheall ar shrianta taistil, bogadh na seisiúin iomlánacha ó Strasbourg chuig an mBruiséil idir Márta 2020 agus Meitheamh 2021.

32 Leis na socruithe vótála malartacha, bhí gníomhaíochtaí reachtacha in ann leanúint ar aghaidh. Bhí ateangaireacht níos casta mar gheall ar an rannpháirtíocht chianda (mar gheall ar chaighdeán fuaime níos ísle agus easpa teagmhála amhairc) agus laghdaíodh fad na gcruinnithe chun an méid sin a chur san áireamh. Mar sin féin, bhí gníomhaíochtaí reachtacha na Parlaiminte in 2020 agus 2021 cosúil leo sin a bhí ann in 2019 (féach Tábla 1 in Iarscríbhinn I).

33 Ní dhearna an Chomhairle leasú ar a rialacha nós imeachta, ach thug sí isteach maolú sealadach an 23 Márta 2020 chun úsáid nósanna imeachta i scríbhinn a dhéanamh níos éasca i gcásanna ar leith. Bhí socruithe eile ó thaobh cinnte a ghlacadh ag teastáil san institiúid, ós rud é gur measadh gur cruinnithe neamhfhoirmiúla a bhí i bpléití na n-airí a thionóladh trí fhíschomhdháil agus, mar gheall air sin, nach bhféadfaí aon ghníomh oifigiúil ón gComhairle a ghlacadh iontu. Leis an maolú sin, cuireadh ar chumas Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha tromlaigh is infheidhme don ghníomh atá á bhreithniú, nós imeachta i scríbhinn a úsáid. I gcleachtas, phléifí an gníomh a bheadh á bhreithniú i rith cruinnithe neamhfhoirmiúla, agus d’fhéadfadh Coreper a chinneadh ansin nós imeachta i scríbhinn a úsáid.

34 Ghlac an Chomhairle an maolú ar feadh míosa i dtosach báire agus cuireadh fad leis ar feadh thréimhse na géarchéime; rachaidh an maolú reatha in éag ag deireadh mhí an Mheithimh 2022. Lean Coreper, atá lonnaithe sa Bhruiséil, de theacht le chéile i bpearsa le linn na géarchéime. Méadaíodh ualach oibre Coreper mar gheall ar an leagan amach sin, ach chuir sé ar chumas na Comhairle leanúint dá gníomhaíochtaí reachtacha ar leibhéal a bhí cosúil le blianta roimhe sin (féach Tábla 2 in Iarscríbhinn I). Tharla cruinnithe na Comhairle i bpearsa freisin nuair ab fhéidir.

35 An 22 Aibreán 2020, leasaigh an Coimisiún a rialacha nós imeachta chun a shoiléiriú go bhféadfaí a chruinnithe a thionól “trí chóras teileachumarsáide trínar féidir na Comhaltaí a shainaithint agus a ligeann dóibh a bheith rannpháirteach go héifeachtach”, chun aon chur isteach ar fheidhmiú an Choláiste a sheachaint. I mí Bealtaine 2020, oiriúnaíodh clár oibre an Choimisiúin do 2020 chun athruithe ar thosaíochtaí mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19 a léiriú. Cuireadh an ceathrú cuid de thionscnaimh bheartais a bhí beartaithe ar dtús ar atráth ar feadh idir trí agus sé mhí mar gheall ar an bpaindéim. Ag an am céanna, thug an Coimisiún tionscnaimh nua isteach mar fhreagairt bheartais ar an ngéarchéim, amhail plean NextGenerationEU (NGEU) (féach Bosca 2), a beartaíodh taobh leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027.

Bosca 2

Beartais a ghlacadh in am géarchéime: NGEU

I mí Bealtaine 2020, thíolaic an Coimisiún togra leasaithe le haghaidh CAI 2021-2027, chun na himthosca eacnamaíocha a bhí tar éis athrú mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chur san áireamh (bhí an togra bunaidh ón gCoimisiún ann ó mhí Bealtaine 2018). Nasctha leis an togra, mhol an Coimisiún ionstraim théarnaimh a thabhairt isteach, NextGenerationEU (NGEU), le buiséad de €750 billiún do 2021-2024.

Tháinig an Comhairle Eorpach le chéile i bpearsa an 17-21 Iúil 2020 (den chéad uair in 2020) agus chomhaontaigh siad a seasamh maidir le NGEU. Rinne an Pharlaimint díospóireacht ar chonclúidí na Chomhairle an 23 Iúil 2020, leis na cainteoirí sa Bhruiséil ach an vótáil ar siúl go cianda.

Lean na caibidlíochtaí idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar aghaidh, i bpearsa nó go cianda, go dtí an 10 Samhain 2020. An 16 Nollaig 2020, glacadh tograí CAI agus NGEU go críochnaitheach (vótáil i bpearsa sa Chomhairle Eorpach, agus díospóireacht i bpearsa le vótáil chianda sa Pharlaimint).

36 Déantar gníomhaíochtaí na Cúirte Breithiúnais bunaithe ar na cásanna a thugtar os a comhair. Idir 16 Márta 2020 agus 25 Bealtaine 2020, chuir an Chúirt Bhreithiúnais éisteachtaí ar fionraí, ós rud é go raibh a háitreabh fós dúnta do dhaoine den fhoireann. Ní dhearnadh gníomhaíocht bhreithiúnach a chur ar fionraí mar thoradh ar éisteachtaí a chur ar fionraí (féach Bosca 1): Le linn na tréimhse ina raibh éisteachtaí curtha ar fionraí, thug an tUachtarán breithiúnais i bpearsa uair sa tseachtain. Nuair a atosaíodh éisteachtaí, chuir an Chúirt Bhreithiúnais córas TF i bhfeidhm a chuir ar chumas páirtithe nach raibh in ann taisteal go Lucsamburg a bheith rannpháirteach go cianda. Níor chuir an institiúid gníomhaíochtaí breithiúnacha ar an láthair ar fionraí arís tar éis 25 Bealtaine 2020.

37 Bhí tionchar measctha ar an iomlán ag COVID-19 ar ghníomhaíochtaí breithiúnacha na Cúirte Breithiúnais, ós rud é go bhfuil sé nasctha le leibhéal gníomhaíochta na gcúirteanna náisiúnta, a tharchuireann cásanna chuici agus leibhéal gníomhaíochta institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. In 2020, bhí níos lú cásanna ag teacht isteach ná a bhí in 2019, tháinig méadú beag ar líon na gcásanna ar feitheamh, ach níor tharla sé sin i gcás mheánfhad na gcásanna (féach Tábla 4 in Iarscríbhinn I).

D’fhéach na hinstitiúidí leis an ilteangachas a choimeád

38 Ciallaíonn prionsabal an ilteangachais go mbíonn teangacha oifigiúla uile Bhallstát AE mar theangacha oifigiúla agus oibre ag na hinstitiúidí. Chun a áirithiú go n-urramaítear an prionsabal sin, bíonn na hinstitiúidí ag brath ar aistritheoirí agus ateangairí. Bhí srianta sonracha ann d’ateangairí mar thoradh ar COVID-19: níor féadadh lánúsáid a bhaint as bothanna ateangaireachta mar gheall ar scaradh fisiciúil, agus ní raibh saor-ateangairí in ann taisteal i gcónaí. Bhí roinnt dúshláin theicniúla i gceist leis an aistriú chuig cruinnithe cianda agus hibrideacha (féach mír 32). Ina ainneoin sin, chuir na hinstitiúidí réitigh i bhfeidhm chun an t-ilteangachas a chosaint i rith na géarchéime (féach Bosca 3).

Bosca 3

Ilteangachas in aimsir COVID-19

Chuir an Pharlaimint ateangaireacht ar fáil i dteangacha uile an Aontais i suíomhanna cianda ón 23 Márta 2020, trí ardán tiomnaithe a úsáid lenar fhéad a hateangairí féin nascadh agus ateangaireacht a dhéanamh ó áit ar bith. D'fhéadfadh na hateangairí a bheith lonnaithe i mbothanna breise san áitreabh, nó d’fhéadfaidís ateangaireacht a dhéanamh go cianda ó láthair eile de chuid na Parlaiminte, nó ó mhoil a cuireadh ar bun i roinnt cathracha Eorpacha (Londain, Ríge, Vín agus Liúibleána). Mar shampla, d'fhéadfaí ateangaireacht do na suíonna iomlánacha in Strasbourg a chur ar fáil go cianda ón mBruiséil.

D’fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais a córas féin chun a chur ar chumas páirtithe a bhí ag nascadh go cianda a bheith rannpháirteach in éisteachtaí agus tairbhiú d'ateangaireacht bheo. I mí na Bealtaine 2020, níor féadadh ach ateangaireacht go teanga amháin a chur ar fáil sa chóras sin. Ó mhí Nollaig 2020 ar aghaidh, bhíothas in ann ateangaireacht a chur ar fáil isteach go haon cheann de thrí theanga Eorpacha (bunaithe ar iarraidh ó na páirtithe), agus bhíothas in ann é sin a dhéanamh do suas go cúig theanga ó mhí Feabhra 2021.

Dhírigh an Chomhairle ar ateangaireacht a chur ar fáil d’fhíschomhdhálacha neamhfhoirmiúla i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Tugadh nasc cianda amháin go gach Ballstát; bhí ateangairí lonnaithe i mbothanna ar áitreamh na Comhairle. Maidir le cruinnithe fíorúla meithleacha, glacadh cinntí maidir le socruithe ateangaireachta de réir an cháis.

D’áirithigh an Coimisiún go raibh seirbhísí ateangaireachta ar fáil ina thrí theanga oibre (Béarla, Fraincis agus Gearmáinis) le haghaidh gníomhaíochtaí Choláiste na gCoimisinéirí.

Chomhlíon na hinstitiúidí a ndualgais chúraim i leith na foirne agus choimeád siad a n-acmhainneacht oibre

39 Bíonn ar na hinstitiúidí dálaí oibre a chur ar fáil dá bhfoireann a chomhlíonann na caighdeáin iomchuí sláinte agus sábháilteachta9. Chun leanúnachas gnó a choimeád gan gníomhaíochtaí neamh-bhunriachtanacha a chur ar fionraí, bhí ar na hinstitiúidí fáil agus feidhmíocht daoine den fhoireann a choimeád ar an leibhéal is airde agus arbh fhéidir freisin.

Ghlac na hinstitiúidí bearta iomchuí chun sláinte daoine den fhoireann a chosaint agus ionfhabhtuithe san áitreabh a chosc

40 Tá IMB comhdhéanta d’oifigigh liachta na n-institiúidí. Is é an ról atá aige ná ceannasaithe riaracháin na n-institiúidí a chur ar an eolas maidir le saincheisteanna sláinte. Ó mhí Feabhra 2020, sheol sé sraith nótaí, ag tabhairt mionsonraí faoi fhorbairt na paindéime ar dtús báire, agus ansin, sna céimeanna ina dhiadh sin den phaindéim, ag leagan amach cén comhdhearcadh a bhí ag a chomhaltaí maidir le roinnt bearta éagsúla a bhí le cur i bhfeidhm chun sábháilteacht daoine den fhoireann a áirithiú san áitreabh, agus ag tabhairt faisnéise faoi threoirlínte maidir le tacaíocht síceolaíoch, agus vacsaíní.

41 I bhFeabhra 2020, iarradh ar dhaoine den fhoireann a bhí ag filleadh ó limistéir riosca seal a chaitheamh ag teilea-oibriú chun an riosca ionfhabhtaithe a laghdú, agus thug na hinstitiúidí cuireadh do dhaoine leochaileacha den fhoireann teilea-oibriú ón dara seachtain de mhí Márta 2020. Le linn na tréimhse faoi iniúchóireacht, mhol IMB an teilea-obair mar bhealach chun an slabhra ionfhabhtaithe a bhriseadh.

42 Léiríonn Fíor 3 an fhorbairt a tháinig ar leibhéil tinrimh na foirne i rith na tréimhse faoi iniúchóireacht, bunaithe ar an bhfaireachán a rinne gach institiúid:

  • chomh fada is a choimeád na Ballstáit óstacha srianta ar an tsaorghluaiseacht (earrach 2020, geimhreadh 2020-2021), rinne na hinstitiúidí amhlaidh agus choimeád siad líon na ndaoine den fhoireann a bhí san áitreamh ag leibhéal íseal, agus é teoranta do dhaoine den fhoireann a raibh a láithreacht bunriachtanach;
  • nuair a cuireadh deireadh de réir a chéile le srianta náisiúnta (Meitheamh 2020, agus arís in earrach 2021), cheadaigh na hinstitiúidí go mbeadh níos mó daoine den fhoireann i láthair ag a n-áitreabh, dá mba rud é go raibh a láithreacht riachtanach chun tacú le príomhghníomhaíochtaí ar an láthair (amhail seisiúin, cruinnithe agus éisteachtaí);
  • ag amanna nuair a bhí an staid sláinte feabhsaithe (samhradh agus fómhar 2020), spreag na hinstitiúidí daoine den fhoireann a bhí tar éis deacrachtaí a thuairisciú nuair a bhí siad ag obair go cianda teacht isteach san oifig.

Fíor 3– Choigeartaigh na hinstitiúidí an láithreacht san áitreabh de réir na staide sláinte

*Déanann Innéacs Déine OxCGRT taifead ar dhéine na mbeartas dúnta agus imshrianta, a laghdaíonn teagmhálacha idir daoine. Léirítear é ar scála daite ó ghlas (gan aon srianta) go dearg (dianghlasálacha).

Foinse: CIE, bunaithe ar Our World in Data (líon na n-othar san ospidéal), inneács déine Oxford, agus faisnéis ó na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht (bhí éagsúlachtaí san fhaireachán idir na hinstitiúidí).

43 Chun sábháilteacht daoine den fhoireann a tháinig chuig an áitreabh a áirithiú, chuir na hinstitiúidí prótacail i bhfeidhm (scaradh fisiciúil, glanadh, aghaidhmhaisc a chaitheamh), bunaithe ar na moltaí ó IMB, óna seirbhísí leighis féin, agus ó na húdaráis náisiúnta. Rianaigh seirbhísí leighis gach institiúide na cásanna de COVID-19 (i measc dhaoine den fhoireann, conraitheoirí agus cuairteoirí) chun an riosca ionfhabhtaithe san áitreabh a laghdú. Chuir an Pharlaimint tástáil san áitreabh ar fail freisin.

44 Ó earrach 2021, spreag na hinstitiúidí an fhoireann le vacsaíní a fháil, trína n-ionaid vacsaínithe féin a cur ar bun i gcomhaontú leis na húdaráis áitiúla (sa Bhruiséil) nó trí na daoine dá bhfoireann a chur ar an eolas faoi conas a d’fhéadfadh siad a bheith rannpháirteach sna feachtais vacsaínithe náisiúnta (Lucsamburg agus tíortha eile). Lean na hinstitiúidí rialacha a mBallstát óstach maidir le vacsaíniú agus rochtain ar an ionad oibre. Chuaigh an Pharlaimint, bunaithe ar mholadh ó IMB, níos faide ná na rialacha náisiúnta agus leag sí síos go gcaithfí Pas Digiteach COVID a thaispeáint chun rochtain a fháil ar a háitreabh ó Shamhain 2021.

Thacaigh na hinstitiúidí le dea-bhail a bhfoirne agus chuidigh siad leo dul in oiriúint do na dálaí oibre nua

45 Roimh an ngéarchéim, bhí leibhéal na ndaoine d’fhoireann AE a bhí ag teilea-oibriú go rialta íseal: bhí an deis sin tugtha do theangeolaithe agus aistritheoirí ó 2009 i bhformhór na n-institiúidí, agus leathnaíodh amach í chuig na daoine ar fad den fhoireann a bhí incháilithe ó 2016, ag tosú leis an bParlaimint agus an Coimisiún. I Nollaig 2019, thuairiscigh an Coimisiún go raibh leas á bhaint ag 25 % dá lucht saothair (8 000 duine) as an bhféidearthacht teilea-oibriú ar bhonn ócáideach. Nuair a thug na hinstitiúidí isteach teilea-obair éigeantach i lár mhí Márta 2020, ní raibh sé úsáidte roimhe sin ag formhór na ndaoine dá bhfoirne.

46 Chun feidhmíocht foirne a choimeád, chuir na hinstitiúidí roinnt cúrsaí oiliúna ar siúl a bhain le teilea-obair agus uirlisí TF nua a bhí tugtha isteach. Leag siad béim ar leith ar oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do mheánbhainisteoirí chun cuidiú leo a bhfoirne a bhainistiú go cianda, agus ar dhálaí a fheabhsú maidir le hobair ón mbaile (féach Iarscríbhinn II).

47 Tháinig méadú ar infhaighteacht foirne i rith na géarchéime ar roinnt mhaith cúiseanna. Léiríonn na sonraí a fuarthas ón gComhairle agus ón gCoimisiún gur thaifead daoine den fhoireann níos mó uaireannta oibre in 2020/2021 ná sna blianta roimhe sin. Thuairiscigh na hinstitiúidí go léir laghdú ar líon na laethannta a tógadh mar shaoire breoiteachta ghearrthéarmach. Bhí laghdú freisin ar líon na n-oibrithe páirt-aimseartha sna hinstitiúidí go léir (daoine den fhoireann a bhí ag obair go páirt-aimseartha 80 %, 90 % nó 95 % den chuid is mó).

48 Lig na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht don fhoireann teilea-obair a dhéanamh lasmuigh dá n-áit oibre10, mar bheart eisceachtúil mar gheall ar na himthosca (aonrú, go gcaithfí aire a thabhairt do ghaolta etc.). Deonaíodh an fhéidearthacht sin faoi choinníollacha ar leith. I gcás na Parlaiminte, bhí an rogha d’fhostaithe obair lasmuigh den áit oibre ann chun a ligean do dhaoine den fhoireann aire a thabhairt do ghaolta agus mar sin bhí orthu oibriú go páirtaimseartha agus glacadh le laghdú dá réir sa tuarastal (féach Iarscríbhinn II). Bhí éagsúlacht sa chaoi a ndearna na hinstitiúidí faireachán ar an líon foirne a d’úsáid an fhéidearthacht seo, ach bhí na figiúirí foriomlána a taifeadadh íseal mar sin féin: níor úsáid níos mó ná 2 % d’fhoireann na Parlaiminte é sin ag aon am ar leith; is 3 % a bhí i gceist sa Chúirt Bhreithiúnais; thart ar 5 % sa Choimisiún (le teorainn de 10 lá in aghaidh na bliana), agus 5.8 % sa Chomhairle (nach ndearnadh faireachán air ach amháin i mBealtaine-Meitheamh 2021). Faoi dheireadh 2021, bhíothas tar éis scor de réir a chéile den bheart eisceachtúil sin.

Chuir na hinstitiúidí dlús le leathadh amach na dtionscadal nuachóirithe a bhí ann cheana, ach is dúshlán fós í digiteáil na seirbhísí riaracháin

49 Chun feidhmíocht na foirne a choinneáil ar bun le linn na géarchéime, bhí ar na hinstitiúidí a chinntiú go raibh na huirlisí cearta chun oibriú go cianda ag an gcuid is mó den fhoireann. Bhí ar na hinstitiúidí réitigh a fháil a d’fhéadfaí a úsáid in ionad cruinnithe fisiciúla. Bhí ar na réitigh sin a bheith slán agus leormhaith, rud a ligfeadh do na hinstitiúidí a gcúraimí tacaíochta chomh maith lena bpríomhghníomhaíochtaí a dhéanamh. Bhí orthu próisis riaracháin a chur i bhfeidhm a bhí oiriúnaithe don chianobair, agus iad ag brath níos mó ar shreabha oibre gan pháipéar.

In ainneoin leibhéil éagothroma ullmhachta a bheith ann, bhí na hinstitiúidí tapa ina chur ar chumas na foirne oibriú go cianda

50 Bhí an deis chun teilea-obair a dhéanamh á leathnú amach de réir a chéile ag na hinstitiúidí don fhoireann go léir ó 2016 (féach mír 45). Ag an am céanna, bhí siad tar éis tús a chur le trealamh a thabhairt dá bhfoireann ionas go bhféadfaidís oibriú go cianda: bíodh sin ina ríomhairí glúine corparáideacha le rochtain líonra phríobháidigh fhíorúil (VPN) nó ina gceadúnais bonneagair deisce fíorúla (VDI), ionas go bhféadfadh an fhoireann ceangal leis an timpeallacht oibre ó ghaireas príobháideach.

51 In Eanáir 2020, bhí leibhéil éagsúla de threalamh TF móibíleach ag na hinstitiúidí dá bhfoireann. Bhí ríomhairí glúine corparáideacha ag níos mó ná 90 % d’fhoireann na Comhairle agus an Choimisiúin. Bhí a ndóthain ceadúnas VPN (cinn bhuana nó éigeandála) ag an dá institiúid don fhoireann ar fad. Bhí líon teoranta ceadúnas VDI acu freisin.

52 Bhí an Pharlaimint agus an Chúirt Bhreithiúnais i lár a bpróisis siúd chun a gcuid clár soghluaisteachta TF a leathadh amach nuair a bogadh go dtí an teilea-obair. Chuir an Chúirt Bhreithiúnais dlús lena clár féin in 2019, agus é mar chuspóir aici é a chríochnú faoi earrach 2020. Is é an cuspóir a bhí ag Parlaimint na hEorpa ná ríomhairí glúine a bheith tugtha don fhoireann faoi dheireadh théarma pharlaiminteach 2019-2024. Faoi lár an Mhárta 2020, bhí réitigh VPN nó VDI curtha ar fáil cheana féin do thart ar 35 % d’fhoireann na Parlaiminte agus do 71 % d’fhoireann na Cúirte Breithiúnais a lig dóibh oibriú go cianda. Bhí rochtain ag an bhfoireann go léir ar a mboscaí isteach ríomhphoist proifisiúnta trí uirlisí poist gréasáin.

53 Chuir an Pharlaimint agus an Chúirt Bhreithiúnais dlús le dáileadh amach na ríomhairí glúine. Thug an dá institiúid tosaíocht do sheirbhísí criticiúla, amhail clárlanna na Cúirte Breithiúnais, chun crua-earraí a dháileadh amach agus, chomh maith leis sin, mhéadaigh siad an líon ceadúnas VDI a bhí ar fáil (do dhaoine den fhoireann nach raibh ríomhairí glúine corparáideacha fós acu). Faoi Bhealtaine 2020, bhí 95 % dá bhfoireann in ann teilea-obair a dhéanamh le rochtain VPN nó le ceadúnas VDI agus, faoi dheireadh an Mheithimh 2020, bhí an trealamh cuí ag gach duine den fhoireann.

54 Chomh maith leis sin, bhí ar na hinstitiúidí go léir acmhainneacht a mbonneagair a mhéadú chun go mbeadh sé in ann freastal ar an líon ceangal. Le linn na chéad seachtainí den aistriú go teilea-obair, thuairiscigh an fhoireann roinnt deacrachtaí le cáilíocht agus cobhsaíocht na nasc, ach bhí siad sin réitithe den chuid is mó faoi Aibreán 2020. Tháinig laghdú suntasach ar líon na n-iarrataí a rinneadh chuig deasca cabhrach na n-institiúidí ó Aibreán 2020 de réir mar a fuair an fhoireann cleachtach ar na huirlisí teilea-oibre agus de réir mar a tháinig méadú ar an acmhainneacht bhandaleithid.

Chuir an ghéarchéim dlús le leathadh amach uirlisí comhoibrithe néalbhunaithe agus réiteach físchomhdhála ar leith, ach chruthaigh sé sin dúshláin a bhaineann le cosaint sonraí agus le slándáil

55 Tugann uirlisí comhoibrithe TF an deis don fhoireann oibriú le chéile nuair nach bhfuil siad sa seomra céanna. Clúdaíonn an téarma réimse uirlisí ó réitigh físchomhdhála go hardáin lenar féidir doiciméid a roinnt agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu i bhfíor-am. Bhí na hinstitiúidí ag úsáid cuid de na huirlisí sin roimh an ngéarchéim; bhí an Coimisiún, mar shampla, ag úsáid suíomhanna comhoibríocha ó 2013. Ar fud na n-institiúidí, bhí réitigh físchomhdhála coitianta. D’úsáidtí iad de ghnáth ó sheomraí atá feistithe go speisialta chuige sin, chun cruinnithe a eagrú eatarthu agus le páirtithe leasmhara seachtracha.

56 Tá méadú ag teacht ar sheirbhísí néalríomhaireachta ar fud an domhain ó 2016/2017. Cuireann siad deiseanna nua comhoibrithe ar fáil, ós rud é nach bhfuil siad teoranta ag bonneagar fisiciúil. Ó 2019 i leith, tá cuid de na hinstitiúidí ag tástáil uirlisí néalbhunaithe, lena n-áirítear réitigh físchomhdhála a bhfuil gnéithe comhoibríocha ag roinnt leo (comhroinnt doiciméad agus eagarthóireacht). Mar sin féin, tá a chuid rioscaí féin ag gabháil le húsáid seirbhísí néalríomhaireachta ó thaobh slándála agus cosanta sonraí de i gcomparáid le bonneagar san áitreabh11.

57 Bíonn measúnuithe difriúla in úsáid ag na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht nuair a thagann sé chuig na rioscaí cosanta sonraí agus rioscaí slándála TF a bhaineann le huirlisí comhoibrithe néalbhunaithe, agus mar gheall air sin rinne siad cinntí éagsúla i dtaobh leathadh amach na seirbhísí néalbhunaithe. Ag teacht as breithiúnas Schrems II12 i mí Iúil 2020, agus as an moladh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)13 ina dhiaidh sin gan seirbhísí nua a úsáid trína ndéantar sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Aontas, tugadh isteach leibhéal eile srianta ar an gcineál uirlisí comhoibrithe a d’fhéadfadh na hinstitiúidí a úsáid. Bhí ar na hinstitiúidí a úsáideann néalseirbhísí agus uirlisí físchomhdhála atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe athbhreithniú a dhéanamh ar a gconarthaí lena soláthraithe chun leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí a áirithiú (féach Bosca 4).

Bosca 4

Réitigh físchomhdhála inmheánacha agus idirinstitiúideacha a leathadh amach

Lean an Coimisiún d’uirlisí comhoibrithe néalbhunaithe a leathadh amach chuig an bhfoireann go léir de réir mar a bhí beartaithe aige bunaithe ar threoirthionscadal roimhe sin, ach rinne sé idirbheartaíocht lena sholáthraí chun a áirithiú go mbeadh aon aistriú sonraí ag comhlíonadh bhreithiúnas Schrems II. Chuir sé a leibhéil bhreise slándála féin i bhfeidhm freisin.

Níor lean an Chomhairle ar aghaidh le himscaradh iomlán an uirlis físchomhdhála inmheánaí ach choimeád sé mar threoirthionscadal é ar feitheamh an measúnú tionchair agus bainistiú riosca faisnéise.

Ní dheachaigh an Pharlaimint ar aghaidh le leathadh amach iomlán na n-uirlisí sin, agus ina ionad sin choinnigh siad iad mar threoirthionscadail ag feitheamh ar athbhreithniú a bhí ar siúl ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gan dul chun cinn le haon leathadh amach eile ar uirlisí comhoibrithe néalbhunaithe ar bith, agus choinnigh sí na bogearraí físchomhdhála bunaidh a bhí aici. Rinne sí athbhreithniú freisin ar an gconradh le soláthraí na mbogearraí sin chun a áirithiú go raibh an breithiúnas á chomhlíonadh.

Mar thoradh air sin, tá na hinstitiúidí ag úsáid dhá chineál uirlis físchomhdhála éagsúil, ceann atá néalbhunaithe nó ceann san áitreabh, dá ngníomhaíochtaí tacaíochta ó lá go lá. Tá an dá chineál uirlise sin idir-inoibritheach, rud a chinntíonn fós féin gur féidir leis na hinstitiúidí idirghníomhú le chéile.

58 Chomh maith leis sin, rinne na hinstitiúidí leathadh amach ar réitigh físchomhdhála ar leith ionas go bhféadfadh príomhghníomhaíochtaí amhail díospóireachtaí parlaiminteacha, cruinnithe de chuid na Comhairle, cruinnithe de chuid Choláiste na gCoimisinéirí, agus éisteachtaí breithiúnacha tarlú go cianda. Mar gheall ar an dianghlasáil, cuireadh dlús le cur chun feidhme na dtionscadal físchomhdhála le haghaidh príomhghníomhaíochtaí sna hinstitiúidí.

59 Mar chuid dá punann de thionscadail TF do 2019-2021, bhí an Pharlaimint ag breithniú cén chaoi le comhdhálacha a eagrú ar shlí a bheadh go hiomlán cianda do na daoine a bheadh ag caint agus freisin do na daoine a bheadh ag freastal, agus fós na saoráidí ar fad a bhaineann le comhdháil i bpearsa a bheith ar fáil, amhail ateangaireacht agus plé idirghníomhach. I mí an Mhárta 2020, nuair a rinneadh an cinneadh athrú go cianobair, bhí sí i mbun soláthraí a roghnú don tionscadal seo agus b’éigean an uirlis a bheadh le húsáid a roghnú go tapa.

60 Seachtain tar éis thús na dianghlasála sa Bheilg, bhí an Pharlaimint cheana féin in ann an bonneagar riachtanach a chur ar fáil do na Feisirí Eorpacha chun cruinnithe coiste agus suíonna iomlánacha a reáchtáil go cianda le hateangaireacht chomhuaineach (féach Bosca 3). D’oibrigh an Pharlaimint chun an uirlis a roghnaigh sí agus feidhmiúlachtaí na huirlise sin a shainoiriúnú do riachtanais na hinstitiúide. Nuair a thosaigh na suíonna iomlánacha arís in Strasbourg tar éis mhí an Mheithimh 2021, bhí an institiúid in ann an líon foirne a bhí ag taisteal ann a laghdú toisc go bhféadfaí ateangaireacht a sholáthar as áit ar bith. Is bonneagar atá bunaithe go hiomlán ar an néalríomhaireacht atá ann don uirlis a úsáideann an Pharlaimint.

61 Roghnaigh an Chomhairle bogearraí eile sa mhéid gur roghnaigh sí uirlis a d’fhéadfaí a úsáid trí sheirbhísí néalríomhaireachta agus freisin trí fhreastalaí san áitreabh, rud a d’fhág go raibh smacht iomlán ar na naisc do chruinnithe na nAirí. I mí Eanáir 2021, ghlac an Chomhairle plean maidir le hardán físchomhdhála a bhunú le haghaidh pléití ar fhaisnéis íogair nó rúnaicmithe suas go dtí leibhéal rúnaicmiúcháin EU SECRET, ós rud é nach bhféadfaí na bogearraí a bhí ann cheana a úsáid ach amháin le haghaidh faisnéis nach raibh rúnaicmithe agus nach raibh íogair. Is san áitreabh a chaithfear déileáil le saincheisteanna rúnaicmithe agus íogaire.

62 Roghnaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle araon cuideachtaí atá lonnaithe san Eoraip (AE nó CSTE), atá ag feidhmiú faoi rialacháin cosanta sonraí an Aontais, le haghaidh seirbhísí físchomhdhála lenar féidir díospóireachtaí parlaiminteacha agus cruinnithe na Comhairle a reachtáil. Níor bhain an Chúirt Bhreithiúnais úsáid as seirbhísí néalríomhaireachta (féach Bosca 4). Ina ionad sin, d’fhorbair sí a réiteach físchomhdhála féin le haghaidh éisteachtaí, bunaithe ar na bogearraí a bhí i bhfeidhm cheana féin (féach Bosca 3).

In ainneoin na bhfeabhsúchán, is obair idir lámha atá fós i gceist le digiteáil na bpróiseas riaracháin

63 Chun a áirithiú go bhféadfaí leanúint de chúraimí tacaíochta, go háirithe i réimse an airgeadais agus na n-acmhainní daonna, gan aon chur isteach ná moilleanna, bhí ar na hinstitiúidí a sreabha oibre a dhigiteáil. Sular tháinig géarchéim COVID-19, bhí éagsúlacht sa leibhéal digiteála ar phróisis riaracháin idir na hinstitiúidí: bhí uirlisí amhail ríomhshonraisc agus sínithe digiteacha, chomh maith le sreabha oibre gan pháipéar, in úsáid, ach bhí difríochtaí sa mhéid úsáide a baineadh astu.

64 Tá nósanna imeachta leictreonacha soláthair (ríomhsholáthar) ar fáil ó 2009 trí ardán e-PRIOR. Ligeann ardán e-PRIOR do sholáthraithe sonraisc a eisiúint go leictreonach dá gcustaiméirí. Cuireann ríomhshonraisc sreabha oibre digiteacha airgeadais chun cinn, toisc go ndéantar iad a phróiseáil go huathoibríoch. Mar sin féin, ní bhaineann gach soláthraí úsáid as an tseirbhís seo, agus níl na hinstitiúidí réamhghníomhach ina spreagadh, rud a chiallaíonn nach n-úsáidtear ríomhshonrascadh go huilíoch ar fud na n-institiúidí.

65 Seasann ríomhshonraisc do 57 % de na sonraisc a fuair an Chomhairle in 2019. Ag an gCúirt Bhreithiúnais, ba é 60 % an sciar de shonraisc leictreonacha in 2019. An cur isteach a bhí ann de bharr na srianta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur le leathadh COVID-19, rinne sé sin difear freisin do sholáthróirí na n-institiúidí agus bhog cuid acu anonn chuig ríomhshonraisc. Thug an Chomhairle agus an Chúirt Bhreithiúnais le fios gur tháinig glanmhéadú ar an líon ríomhshonrasc a fuair siadsan, ag sroicheadh 74 % de na sonraisc ar fad sa dá institiúid in 2020. Ní dhearna an Pharlaimint ná an Coimisiún faireachán ar an gcion de ríomhshonraisc a fuair siadsan. Rinne an Pharlaimint a cuidse rialacha maidir le bainistiú sonrasc a oiriúnú ionas go bhféadfaí glacadh le sonraisc i bhformáid leictreonach fiú murar seoladh trí e-PRIOR iad.

66 Tá an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair le haghaidh ríomhshínithe ann ó 201414. Tá nasc idir úsáid mhéadaithe na sínithe leictreonacha in institiúidí an Aontais agus méadú ar an úsáid a bhaintear as bainistiú doiciméad leictreonach, lena n-áirítear chun comhaid foirne a bhainistiú.

67 Roimh an ngéarchéim, baineadh úsáid as sínithe leictreonacha sna hinstitiúidí go léir seachas sa Chúirt Bhreithiúnais, agus bhí leibhéil éagsúla deimhniúcháin i gceist ag brath ar an ngá a bhí ann. Nuair a tugadh teilea-obair fhorleathan isteach agus gur theastaigh sreabha oibre gan pháipéar a leagan síos, spreagadh úsáid na sínithe leictreonacha sin. Mar sin féin, bhí a mhéid úsáide a baineadh astu míchothrom ar fud na n-institiúidí. Bhí an Chomhairle, mar shampla, ag glacadh le sínithe leictreonacha óna soláthraithe, agus ag síniú na n-orduithe ceannaigh de láimh. Bhí tús curtha ag an gCoimisiún le sínithe leictreonacha cáilithe le haghaidh conarthaí a shíniú a leathadh amach, agus cuireadh dlús leis an gcleachtas sin le linn na géarchéime. Ós rud é nár úsáid an Chúirt Bhreithiúnais sínithe leictreonacha roimhe sin, is é an ríomhphost a bhí in úsáid ar dtús aici chun cinntí acmhainní daonna a bhailíochtú le linn na géarchéime. Níos déanaí, shínigh sí comhaontú leis an gCoimisiún chun uirlis EU Sign (seirbhís arna bainistiú ag an gCoimisiún le haghaidh sínithe leictreonacha) a úsáid, rud a chuir ar a cumas síniú leictreonach cáilithe a bheith i bhfeidhm aici faoi dheireadh 2021. Tráth na hiniúchóireachta, bhí na sínithe leictreonacha cáilithe á leathadh amach de réir a chéile sa Pharlaimint agus sa Chomhairle.

Tá tús curtha leis an measúnú ar éifeachtúlacht na mbealaí nua oibre i dtimpeallacht iar-ghéarchéime

Tá an measúnú níos faide chun cinn le haghaidh príomhghníomhaíochtaí ná mar atá le haghaidh cúraimí tacaíochta

68 Is éard is eagraíochtaí athléimneacha ann ná eagraíochtaí atá in ann foghlaim ó ghéarchéim agus teacht chun cinn níos láidre ina diaidh15. Éilíonn sé sin ceachtanna a fhoghlaim ó gach gné den fhreagairt ar ghéarchéim. Éilíonn sé freisin go sainaithneodh an eagraíocht dea-chleachtais a cuireadh i bhfeidhm le linn na géarchéime agus a bheidh fós ábhartha i ndiaidh na géarchéime.

Chuir na hinstitiúidí tús go luath le beart a dhéanamh bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh

69 A thúisce a cuireadh deireadh leis na srianta in earrach 2020, sheol na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht próisis chun beart a dhéanamh bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón bhfreagairt a thug siad ar ghéarchéim COVID-19. Dhírigh na céimeanna luatha de na próisis sin ar bhainistiú géarchéime agus ar an gcaoi ar cuireadh BCPanna na n-institiúidí chun feidhme.

70 In aon cheann de na próisis sin, níor sainaithníodh laigí móra sa chaoi a ndearna na hinstitiúidí bainistiú agus freagairt ar an ngéarchéim. Rinneadh na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 a chur san áireamh i bpróiseas measúnaithe riosca 2021 na n-institiúidí, a dhírigh isteach níos mó ná mar a rinneadh i bpróisis roimhe sin ar an riosca nach mbeadh fáil ar dhaoine den fhoireann mar gheall ar phaindéimí. Chuir na hinstitiúidí teilea-obair ar aghaidh mar ghníomh maolaitheach chun an riosca sin a laghdú.

71 Ó mhí Bealtaine 2020, rinne na hinstitiúidí suirbhéanna foirne chun aiseolas a bhailiú faoi ghnéithe éagsúla dá bhfreagairtí (cumarsáid, bearta sláinte a cuireadh i bhfeidhm) agus faoi mhianta agus ionchais na mball foirne i dtaca le heagar na hoibre amach anseo, go háirithe a mhéid a bhaineann le teilea-obair, a thúisce a bheadh sé indéanta filleadh ar an áitreabh. De réir mar a bhí cúrsaí ag athrú, rinne na hinstitiúidí suirbhéanna eile agus chuaigh siad i gcomhchomhairle leis na bainisiteoirí.

Ó thaobh a bpríomhghníomhaíochtaí de, measann na hinstitiúidí go bhfuil idirghníomhaíochtaí fisiciúla níos fearr

72 Chuir na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht bealaí nua i bhfeidhm chun a bpríomhghníomhaíochtaí a sheoladh (féach míreanna 58-62), agus iad ag brath níos mó ar úsáid físchomhdhála agus uirlisí nua comhoibríocha. Ó mhí na Bealtaine 2020, d’fhill na Coimisinéirí ar fhormáid fhisiciúil dá gcruinnithe seachtainiúla, ós rud é gur mheas siad go raibh sé níos oiriúnaí do phléití polaitiúla. Go luath in 2022, bhí an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Chúirt Bhreithiúnais fós ag machnamh ar a mhéid a choinneofaí na bealaí nua oibre ar bun tar éis na paindéime, ach bhí roinnt cinntí déanta acu cheana féin, bunaithe ar mheasúnú ar éifeachtúlacht na mbealaí nua oibre sin do phríomhghníomhaíochtaí na n-institiúidí.

73 In 2021, chuir Uachtarán na Parlaiminte tús le babhta de mhachnamh leathan ar fheidhmiú Parlaiminte i ndiaidh COVID-19, ar a tugadh “Athmhachnamh ar an daonlathas parlaiminteach”. Ag éirí as moltaí ó ghrúpaí fócais d’Fheisirí Eorpacha a bhí páirteach sa mhachnamh sin, bhí díospóireacht ar siúl i dtaobh úsáid a bhaint as cianvótáil i ngnáthchúinsí, nuair is féidir an Pharlaimint a chomóradh ach nach féidir le roinnt Feisirí Eorpacha a bheith i láthair, agus bhí an cheist sin fós á plé an tráth a tugadh an iniúchóireacht seo chun críche. Tugtar le fios i gconclúidí na ngrúpaí fócais sin go measann na Feisirí Eorpacha go raibh an díospóireacht pharlaiminteach ar chaighdeán níos airde nuair a bhí na Feisirí in ann a bheith i láthair i bpearsa.

74 Ag an am céanna, shínigh riarachán na Parlaiminte comhaontú nua le saorateangairí a ligeann dóibh oibriú ón mbaile, agus ó mhoil sna Ballstáit, agus chuir sé sin feabhas ar infhaighteacht ateangairí le haghaidh teangacha áirithe. Tá an riarachán ag leanúint den chian-ateangaireacht do na suíonna iomlánacha in Strasbourg, rud a fhágfaidh go bhféadfar an líon foirne a bheidh ag taisteal ann a laghdú.

75 Tháinig an Chomhairle ar an gconclúid freisin go bhfuil cruinnithe fisiciúla ag na hAirí níos éifeachtúla ná cruinnithe fíorúla. Mar a thaispeántar i dTábla 2 in Iarscríbhinn I, tionóladh tromlach na gcruinnithe (56 %) go fisiciúil in 2020, in ainneoin srianta a bheith i bhfeidhm. I gcás cruinnithe ardleibhéil, amhail cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí (cinn stáit nó rialtais Bhallstáit an Aontais), measann na páirtithe go léir lena mbaineann go bhfuil an fhormáid fhisiciúil níos éifeachtúla. Deimhnítear an fabhar seo le cruinnithe fisiciúla nuair a chuirtear san áireamh gur mar mhaolú sealadach agus ní mar leasuithe buana a ceapadh na rialacha a lig dóibh nósanna imeachta i scríbhinn a úsáid. A luaithe is a thagann deireadh leis an maolú, fillfear ar nósanna imeachta i scríbhinn a úsáid faoi na coinníollacha atá leagtha amach sna Rialacha Nós Imeachta. Tá sé i gceist ag an gComhairle, mar sin féin, an fhéidearthacht a choimeád chun cruinnithe neamhfhoirmiúla a reáchtáil go cianda – agus freisin do phléití íogaire nó rúnaicmithe (féach mír 61) – lena n-áirítear cruinnithe neamhfhoirmiúla na n-airí nó na meitheal, ós rud é go gceadófar comhairliúchán agus malartú faisnéise práinneach leo.

76 Measann an Chúirt Bhreithiúnais freisin gur féidir le cian-rannpháirtíocht a bheith úsáideach, ach fós nach ionann go hiomlán í agus éisteacht fhisiciúil, agus nár cheart í a choinneáil mar fhéidearthacht ach amháin nuair nach féidir le páirtí bheith i láthair ag an éisteacht i bpearsa.

Tá teilea-obair á húsáid ar bhonn níos forleithne sna hinstitiúidí, ach tá measúnú á dhéanamh fós ar a oiriúnaí atá sí i dtimpeallacht iar-ghéarchéime

77 Bhí teilea-obair agus na huirlisí TF a thacaíonn le bealaí nua oibre tugtha isteach sular thosaigh paindéim COVID-19. Mar ullmhúchán don timpeallacht iar-COVID-19, tá úsáid teilea-oibre leathnaithe amach ag na hinstitiúidí, ach bhí a measúnú ar éifeachtúlacht agus oiriúnacht na teilea-oibre i dtimpeallacht nach mbaineann géarchéim léi fós idir lámha ag tráth na hiniúchóireachta, mar nach raibh an ghéarchéim fós críochnaithe.

78 Rinne an Chúirt Bhreithiúnais suirbhé i mí na Bealtaine 2021 inar iarradh ar an bhfoireann agus ar na bainisteoirí a mheas cad iad na socruithe oibre is fearr a d’oir dá gcúraimí. Thug na torthaí le fios, a mhéid a bhain le cúraimí dréachtaithe, gur mheas níos lú ná leath na foirne (40 %) gur oibrigh siad ar bhealach níos éifeachtúla nuair a bhí siad ag teilea-obair i gcomparáid leis an uair a bhí siad san áitreabh; bhí 37 % ann a dúirt nach bhfaca siad difríocht ar bith ann. I gcás cúraimí a éilíonn idirghníomhaíocht le comhghleacaithe nó i gcás oiliúna, níor thug ach cúpla freagróir le fios gurbh fhearr leo iad sin a dhéanamh ón mbaile. Ní dhearna an Pharlaimint ná an Coimisiún aon suirbhé den sórt sin sular thosaigh siad ag athbhreithniú a gcuid rialacha teilea-oibre. Bhí an Pharlaimint fós ag déanamh measúnú ar éifeachtúlacht na teilea-oibre a bhí leathnaithe amach tráth a ndearnamar an t-iniúchadh seo, agus bhí an Coimisiún ag cur bailchríoch ar a thacar nua rialacha féin (féach Bosca 5). Bhí rialacha teilea-oibre na Comhairle díreach tar éis a bheith glactha nuair a thosaigh COVID-19 ag leathadh agus níor mheas an institiúid gur ghá iad a athbhreithniú. Níor thairg aon cheann de na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht teilea-obair lánaimseartha dá bhfoireann (féach Iarscríbhinn III).

Bosca 5

Leathnú amach na teilea-oibre sna hinstitiúidí

I mí Mheán Fómhair 2021, thug an Pharlaimint isteach rialacha nua ag ligean don fhoireann teilea-obair a dhéanamh ar feadh lá amháin, dhá lá nó trí lá in aghaidh na seachtaine. Nuair a bhí an t-iniúchadh seo á thabhairt chun críche, d’fhéadfaí teilea-obair ar feadh níos mó ná lá amháin sa tseachtain a fhormheas le haghaidh tréimhse sé mhí ag an am i roinnt seirbhísí, rud a léiríonn gur gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na socruithe oibre sin i gcúinsí nuair nach mbeidh COVID-19 i réim.

Níl tástáil déanta ar rialacha teilea-oibre na Comhairle ach ar feadh tréimhse ghearr i ngnáthchúinsí. Ligeann na rialacha sin don fhoireann teilea-obair a dhéanamh ar feadh suas le 80 % den am oibre agus nuair a bhí an t-iniúchadh seo á thabhairt chun críche, ní raibh aon phlean láithreach ann go ndéanfaí iad a choigeartú.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, faoi dheoidh, deis a thabhairt dá fhoireann teilea-obair a dhéanamh ar feadh suas le 60 % den am oibre.

I gcomhréir leis an suirbhé a rinne an Chúirt Bhreithiúnais, roghnaigh sí i Meán Fómhair 2021 cur chuige tascbhunaithe a bheith aici i leith na teilea-oibre, agus d’fhág sí an cur chun feidhme faoi na bainisteoirí bunaithe ar a riachtanais agus ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag an bhfoireann.

79 Faoi rialacha i ndiaidh COVID-19 i roinnt institiúidí, bheifí in ann teilea-obair lasmuigh den áit fostaíochta a dhéanamh go fóill i bhfoirm theoranta (féach mír 39). Bhí an teilea-obair sin ceadaithe, nó cuireadh síneadh léi, mar chuid de na bearta i ndáil le dualgas cúraim (féach Iarscríbhinn III). Cé go bhfreagraíonn an beart sin ar iarrataí ón bhfoireann go príomha, ní dhearna na hinstitiúidí measúnú ar éifeachtúlacht an bhirt amach anseo.

Ní dhéantar meastóireacht chomhsheasmhach ar fud na n-institiúidí ar thionchair bhuiséadacha agus chomhshaoil na socruithe nua oibre

80 Le blianta beaga anuas, rinne institiúidí an Aontais iarracht teorainn a chur lena gcaiteachas riaracháin agus coigilteas a dhéanamh trí bhealaí oibre níos éifeachtúla16. Sa bhreis ar theilea-obair agus soghluaisteacht TF, bhí na pleananna réamh-COVID-19 do na bealaí nua oibre ag clúdach leagan amach nua d’oifigí, spásanna comhoibríocha a thabhairt isteach agus laghdú ar líon na n-oifigí aonair. Cuireann siad sin deiseanna breise coigiltis ar fáil, chomh maith le laghdú ar lorg carbóin na n-institiúidí.

81 Bhí tionchar measctha ag na hathruithe ar na bealaí oibre le linn ghéarchéim COVID-19 ar chaiteachas riaracháin na n-institiúidí (féach Fíor 4).

  • Tháinig laghdú suntasach ar na speansais a bhain le taisteal.
  • Tháinig méadú ar chaiteachas TF mar gheall ar na hinfheistíochtaí breise a bhí ag teastáil chun tacú le teilea-obair. Bhí méid an mhéadaithe ag brath ar an infheistíocht a bhí ag teastáil i ngach institiúid (trealamh den chuid is mó, nó réitigh nua físchomhdhála a fhorbairt).
  • Bhí an caiteachas ar fhoirgnimh níos ísle le nithe áirithe (slándáil, fóntais) toisc go raibh na foirgnimh folamh den chuid is mó, ach níos airde le nithe eile (glanadh) mar gheall ar phrótacail COVID-19. Leanadh ar aghaidh leis an obair thógála (an Pharlaimint, an Coimisiún), ach uaireanta rinneadh pleananna a athdhearadh mar gheall ar an tionchar a measadh a bheadh ag na bealaí nua oibre. Bhain roinnt institiúidí úsáid as airgead a bhí fágtha ó línte buiséid nár úsáideadh ina n-iomláine chun foirgnimh a bhí in úsáid acu a cheannach (an Pharlaimint) nó chun aisíocaíochtaí roimh ré a dhéanamh ar iasachtaí (an Chúirt Bhreithiúnais).

Fíor 4 – Tionchar COVID-19 ar fhoirgnimh, TF agus caiteachas taistil sna hinstitiúidí (i milliúin euro)

Foinse: CIE bunaithe ar chur chun feidhme bhuiséad 2020 arna chur i láthair i mbuiséad an Aontais do 2022. Tá an fhoireann agus na comhaltaí clúdaithe sa chaiteachas taistil. Ní áirítear éadálacha foirgneamh a rinne an Pharlaimint in 2021 ar chreidmheasanna a tugadh anonn ó 2020.

82 Thug na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht tuairisc ar an gcoigilteas a rinneadh mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19 ina dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí 2020. Ós rud é, áfach, gur le foirgnimh agus le taisteal den chuid is mó a bhaineann siad sin, is ionann iad – á dtógáil le chéile – agus thart ar 10 % den cheannteideal do chaiteachas riaracháin i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, agus bhí an tionchar dá thoradh sin ar chostais riaracháin teoranta. Níl moltaí curtha ar aghaidh ag na hinstitiúidí go fóill faoin gcaoi ar féidir na coigiltis sin a aistriú go coigiltí níos buaine nuair a dhéanfar na bealaí nua oibre a leathnú amach.

Trí fhad a chur le reáchtáil cruinnithe cianda, d’fhéadfaí coigilteas a dhéanamh ar chaiteachas taistil

83 Tá sé i gceist ag an bParlaimint leanúint uirthi den chian-ateangaireacht a úsáid, rud a laghdóidh an riachtanas taistil d’ateangairí (féach mír 74). Níl measúnú déanta ag an bParlaimint ar an gcoigilteas a d’fhéadfadh teacht as an gcinneadh seo, agus ní raibh laghdú suntasach ar chaiteachas taistil beartaithe ag an institiúid ina buiséad do 2022 i gcomparáid leis an mbuiséad réamh-COVID-19 do 2019. Sa bhreis ar na hateangairí, d‘fhéadfadh an dul chun cinn atá déanta i bhfíschomhdhálacha deis a thabhairt don institiúid an líon foirne tacaíochta a bhíonn ag taisteal go Strasbourg do na suíonna iomlánacha a laghdú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí coigilteas breise a dhéanamh. Is in 2013 a rinneadh an anailís is déanaí ar an gcostas a bhaineann le taisteal go dtí na suíonna iomlánacha. Ag an am sin, chosain misin ateangairí go Strasbourg €3.1 milliún in aghaidh na bliana (12 % den chostas taistil iomlán go Strasbourg), agus bhí costas €12.3 milliún in aghaidh na bliana ar mhisin do dhaoine eile den fhoireann17.

84 Ní caiteachas suntasach é an taisteal don Chomhairle, agus tá sé nasctha lena príomhghníomhaíocht pholaitiúil níos mó ná lena cúraimí tacaíochta. Tá sé i gceist ag an institiúid cruinnithe neamhfhoirmiúla cianda a choimeád mar chuid dá gnáthbhealach oibre (féach mír 75). Bhíothas ag súil go mbeadh tionchar ag na bealaí oibre nua ar a caiteachas taistil, ach níl measúnú déanta go fóill ar a mhéid a bhí tionchar aige sin.

85 Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena straitéis Glasaithe, lánbhuntáiste a bhaint as na bealaí nua oibre, agus tá sí ag moladh don fhoireann gan taisteal chuig cruinnithe ach amháin sa chás nach bhfuil cruinnithe cianda oiriúnach. Ó thaobh an bhuiséid de, bhí laghdú 22 % ar an mbuiséad foriomlán do mhisin (an fhoireann agus na Coimisinéirí) le haghaidh 2022 i gcomparáid le 2019.

86 Tá caiteachas na Cúirte Breithiúnais ar thaisteal an-íseal. Mar sin féin, tá an institiúid ag beartú laghdú 17 % a bhaint amach in 2022 i gcomparáid le 2019.

Cé is moite den Choimisiún, níl aon athruithe suntasacha beartaithe ag na hinstitiúidí ar a straitéisí tógála

87 Tá éagsúlacht ó institiúid go chéile, agus ag brath ar an suíomh, sa struchtúr úinéireachta i gcás fhoirgnimh na n-institiúidí18. Ag brath ar cé acu is leis na hinstitiúidí féin na foirgnimh nó an bhfuil siad ar cíos acu, níl na srianta airgeadais céanna nó na dreasachtaí céanna acu chun spás oifige a laghdú ar mhaithe le coigiltis a dhéanamh. Bíonn tionchar ag teilea-obair ar mheánráta áitíochta na n-áitreabh. D’fhéadfadh úsáid mhéadaithe teilea-oibre tar éis na paindéime an meán-achar oifige atá áitithe sna hinstitiúidí a laghdú tuilleadh.

88 Tá formhór fhoirgnimh na Parlaiminte faoina húinéireacht féin. Ghlac sí a straitéis tógála reatha in 2018. Níl cinneadh déanta ag an institiúid faoina spás oifige a laghdú sa Bhruiséil, ach mar chuid dá beartas chun úinéireacht a cuid foirgneamh a chomhdhlúthú, cheannaigh sí foirgneamh (€74.9 milliún) gar dá háitreabh lárnach a bhí ar cíos roimhe sin aici, ag baint úsáid as cistí a bhí fágtha ó bhuiséad 2020. I Lucsamburg, rinneadh tuilleadh leasuithe ar na pleananna tógála d’fhoirgneamh KAD II, go pointe áirithe chun na hathruithe ar chleachtais oibre a chur san áireamh. Chinn an Pharlaimint gan leanúint ar aghaidh le codanna áirithe den tionscadal, a raibh an costas leo siúd measta ag an bParlaimint ag €18.6 milliún (4 % den chostas iomlán).

89 Tá cóiríocht oifige na Comhairle go léir faoina húinéireacht féin. Nuair a rinneamar ár n-iniúchadh, bhí an Chomhairle ag machnamh ar straitéis tógála nua.

90 Tá struchtúr oifigí an Choimisiúin níos ilghnéithí ná struchtúr oifige na n-institiúidí eile, le foirgnimh atá faoina úinéireacht féin, le foirgnimh ar cíos agus le foirgnimh ar léas fadtéarmach. Sin í an institiúid freisin a bhfuil an phunann maoine is mó aici agus, dá bhrí sin, tá níos mó deiseanna aici coigilteas a dhéanamh. Tugadh isteach bealaí nua oibre ag an gCoimisiún roimh ghéarchéim COVID-19 agus chinn an institiúid an coincheap sin a fhorbairt tuilleadh mar thoradh ar an ngéarchéim. Le straitéis foirgneamh 2022-2030 an Choimisiúin don Bhruiséil, tá sé beartaithe laghdú 25 % a dhéanamh ar an spás tógála oifige a bheidh áitithe faoi 2030, chomh maith le laghdú den tríú cuid i gcaiteachas a thabhairt isteach (€73.1 milliún ar an iomlán idir 2021 agus 2030). Tá na pleananna sin bunaithe ar an mbonn tuisceana go mbeidh 20 % ar a laghad den fhoireann ag teilea-oibriú, agus go dtiocfaidh spásanna comhroinnte de réir gníomhaíochtaí in ionad oifigí aonair de réir a chéile. Níl aon laghdú mór ar an spás oifige beartaithe go dtí seo d’áitreamh an Choimisiúin i Lucsamburg, ach tá pleananna ina straitéis tógála áitiúil do spásanna gníomhaíocht-bhunaithe.

91 Is é an beartas atá ag an gCúirt Bhreithiúnais ná na foirgnimh atá á n-úsáid aici a éadáil. Fágfaidh na rialacha teilea-oibrithe a glacadh in Iúil 2021 go mbeifear in ann teilea-oibriú a úsáid ar bhonn níos forleithne ná mar a rinneadh roimhe seo. Ag am na hiniúchóireachta, áfach, ní raibh an institiúid a beartú athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis tógála go gearrthéarmach, agus b’fhearr léi fanacht cúpla bliain chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais a thiocfadh chun cinn mar geall ar na modhanna nua oibre.

Níor sainaithníodh deiseanna i ndáil le tionchar ar an gcomhshaol go soiléir

92 Mar gheall ar athruithe ar shocruithe taistil agus leagan amach na bhfoirgneamh, chomh maith leis an teilea-oibriú a leathnú, tá deiseanna curtha ar fáil do na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Tá gach éinne aireach air sin, ach bhog siad ar luasanna éagsúla i dtaca leis an méid sin a léiriú ina straitéisí chomhshaoil.

93 Ag deireadh 2019, ghlac an Pharlaimint sraith táscairí chun faireachán a dhéanamh ar a feidhmíocht chomhshaoil. Sa chéad mheasúnú meántéarma eile (Nollaig 2020), cuireadh in iúl an tionchar a bhí ar na bealaí oibre nua a tugadh isteach i rith na paindéime, le cásanna maidir leis an gcaoi a d’fhéadfadh an institiúid leas a bhaint astu, go háirithe chun a hastaíochtaí a bhaineann le hiompar a laghdú. Is é an príomhchuspóir atá ag Straitéis Ghlasaithe an Choimisiúin ná neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2030 trí na nithe seo a leanas: spás oifige a laghdú, foirgnimh ísealfhuinnimh a úsáid, éifeachtúlacht fuinnimh sa Choimisiún a fheabhsú (feabhas teicniúil agus athruithe iompraíochta), agus astaíochtaí an Choimisiúin ón taisteal a laghdú. Chun an pointe deireanach sin a chur chun feidhme, tá áireamhán astaíochtaí tugtha isteach ag an gCoimisiún san ardán a úsáideann sé chun taisteal gairmiúil a bhainistiú.

Conclúidí agus moltaí

94 Thángamar ar an gconclúid gur léirigh na hinstitiúidí a n-athléimneacht in aghaidh phaindéim COVID-19. Bhí a bhfreagairt tapa agus solúbtha, agus thairbhigh siad d'infheistíochtaí roimhe seo sa digiteáil. Ní dhearna siad meastóireacht iomlán go fóill, áfach, ar cé chomh dóchúil atá sé go mbeidh toradh éifeachtúil ar na bealaí nua oibre a tugadh isteach mar fhreagairt ar COVID-19, nó go dtiocfaidh coigiltis astu sa timpeallacht i ndiaidh na géarchéime.

95 Fuaireamar amach gur lean pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí na caighdeáin a bhí leagtha síos roimh thús phaindéim COVID-19. Dearadh iad, áfach, chun dul i ngleic le teagmhais ardtionchair gearrthéarmacha, agus ní an cur isteach fadtéarmach atá ann mar gheall ar COVID-19 (míreanna 14-19).

96 Níor lean géarchéim COVID-19 patrún an chur isteach a bhí samhlaithe ag pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí. Choimeád na hinstitiúidí an chuid sin dá bpleananna leanúnachais gnó a bhí ábhartha agus chuir siad in oiriúint iad do nithe sonracha a ghabhann le COVID-19 chun a bhfreagairt a eagrú thar thréimhse ghearr. Ní raibh aon fhóram sainithe ina bpleananna leanúnachais do na hinstitiúidí chun dul i gcomhairle le chéile go tapa maidir leis na cinntí a bhí á ndéanamh acu chun dul i ngleic leis an ngéarchéim. Chun comhleanúnachas áirithe a áirithiú sna bearta a bhí á gcur chun feidhme acu, thóg siad ar struchtúir a bhí ann cheana chun faisnéis a roinnt agus d’éirigh leo teorainn a chur leis an éagsúlacht ina bhfreagairtí. Chuir a neamhspleáchas teorainn lena gcumas freagairt chomhionann a bheith acu, chomh maith lena rólanna éagsúla agus na rialacha náisiúnta éagsúla a raibh orthu a chur san áireamh (míreanna 20-27).

Moladh 1 – Cuir isteach fadtéarmacha agus comhar idirinstitiúideach a chur san áireamh sna pleananna leanúnachais gnó

Ba cheart do na hinstitiúidí tógáil ar an taithí a fuair siad maidir lena bhfreagairt ar ghéarchéim COVID-19, agus bearta a bhaineann leis an gcur isteach fad-téarmach a chur san áireamh ina bpleananna leanúnachais gnó. Ba cheart freisin do phleananna leanúnachais gnó a bheith mar chuid de na socruithe don chomhar idirinstitiúideach, más ann do chásanna a bhfuil tionchar acu ar na hinstitiúidí ar fad.

Spriocdháta cur chun feidhme: R1 2023

97 Fuaireamar amach gur lig freagairt sholúbtha na n-institiúidí ar an ngéarchéim dóibh chur isteach a íoslaghdú. Chuir siad a rialacha nós imeachta in oiriúint nuair a bhí gá leis, léirigh siad solúbthacht agus iad ag cur na bealaí oibre in oiriúint chun a bpríomhghníomhaíochtaí a dhéanamh, agus lean siad ar aghaidh leis na róil atá sannta dóibh faoi na Conarthaí a chomhlíonadh. D’éirigh leo tionscnaimh beartas tábhachtacha a ghlacadh, chomh maith leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027, agus lean siad ar aghaidh le breithiúnais a eisiúint ar leibhéal atá cosúil leis an leibhéal a bhí ann roimh bhlianta COVID-19 (míreanna 28-38).

98 Rinne na hinstitiúidí bearta chun sláinte a bhfoirne a chosaint agus leanúnachas gnó a choinneáil. Lean siad an chomhairle leighis a chuir an bord leighis idirinstitiúideach ar fáil, agus bhí siad ag teacht le – nó ag dul thar – an íosmhéid a ceanglaítear le reachtaíocht náisiúnta a dtíortha óstacha. Bhí na bearta a tugadh isteach chun tacú leis an bhfoireann (trealamh, oiliúint, bearta sóisialta) éifeachtach maidir le feidhmíocht a choimeád le linn na géarchéime (míreanna 39-48).

99 Ag tús na géarchéime, bhí leibhéil éagsúla trealaimh ag na hinstitiúidí chun ligean dá bhfoireann cianobair a dhéanamh, ach d’éirigh le gach ceann acu réitigh don teilea-oibriú a thabhairt dá bhfoirne laistigh de shé seachtaine (míreanna 49-54). Bhain na hinstitiúidí leas maith as uirlisí comhoibrithe. Mar gheall ar riachtanais shonracha, ar shaincheisteanna ar chosaint sonraí, ar shlándáil agus ar rúndacht, chuir na hinstitiúidí na huirlisí sin in úsáid ag luasanna difriúla, agus roghnaigh siad soláthraithe éagsúla (míreanna 55-62). Mhéadaigh na socruithe oibre a cuireadh i bhfeidhm le linn ghéarchéime COVID-19 an gá a bhí le sreabha oibre gan pháipéar sna hinstitiúidí Eorpacha. Bhí forbairt ar dhigiteáil sreabh, ach bhí a chur chun feidhme – in éineacht le réitigh amhail ríomhshonrascadh agus síniú leictreonach cáilithe – míchothrom idir institiúidí. In ainneoin feabhsuithe a rinneadh, níl digiteáil iomlán déanta go fóill ar sheirbhísí riaracháin. Maidir le ríomhshonraisc go háirithe, ní dhéanann na hinstitiúidí ar fad faireachán orthu ná níl siad ag spreagadh iad a úsáid go hinmheánach (míreanna 63-67).

Moladh 2 – Digiteáil na seirbhísí riaracháin a fhorbairt tuilleadh

Ba cheart do na hinstitiúidí tógáil ar an taithí a fuair siad maidir lena bhfreagairt ar ghéarchéim COVID-19, agus na seirbhísí riaracháin a dhigiteáil tuilleadh trí na nithe seo a leanas:

  1. leathadh amach na sreabh oibre gan pháipéar a chur chun cinn agus an úsáid a bhaintear as síniú leictreonach a leathnú, lena n-áirítear sínithe leictreonacha cáilithe;
  2. faireachán a dhéanamh ar shonraisc leictreonacha agus a n-úsáid a leathnú.

Spriocdháta cur chun feidhme: R4 2023

100 Chuir na hinstitiúidí tús le próisis chun beart a dhéanamh bunaithe ar na ceachtanna a fhoghlaimíodh go luath sa ghéarchéim agus lean siad den mhachnamh ar an timpeallacht i ndiaidh COVID-19 i gcaitheamh na géarchéime (míreanna 68-71). Maidir leis na hinstitiúidí go léir faoi iniúchóireacht, fuaireamar amach go raibh bealaí cianda tugtha isteach acu chun a bpríomhghníomhaíochtaí a dhéanamh agus gur tháinig siad ar chonclúid chomhchosúil: is réiteach cúltaca é cianchruinnithe nuair a bhíonn briseadh nó éigeandáil ann, ach is féidir leo a bheith úsáideach le haghaidh críocha áirithe amhail comhairliúcháin phráinneacha agus malartuithe faisnéise, ach ní féidir iad a chur in ionad cruinnithe i bpearsa le haghaidh príomhghníomhaíochtaí san fhadtéarma (míreanna 72-76). Mhéadaigh na hinstitiúidí an méid deiseanna atá ann chun teilea-oibriú a dhéanamh sna rialacha a cheap siad dá dtimpeallacht i ndiaidh COVID-19. Cé gur cruthaíodh go bhfuil ardleibhéal teilea-oibre áisiúil i gcás géarchéime, ní raibh measúnú déanta i gcónaí ar a héifeachtúlacht i gcomparáid le socruithe oibre roimh COVID-19 sa chás go mbeadh an teilea-oibriú le húsáid i gcúinsí nuair nach mbeadh géarchéim i réim (míreanna 77-79).

101 Bhí tionchar airgeadais gearrthéarmach teoranta ag géarchéim COVID-19 ar na hinstitiúidí, toisc gur úsáideadh na coigiltis a rinneadh i roinnt réimsí den chaiteachas, amhail taisteal, chun infheistíochtaí a mhaoiniú in TF. Chuir an ghéarchéim dlús leis na hathruithe ar shocruithe oibre, agus tá na hinstitiúidí ar fad ag súil leis go mbeidh cur chuige difriúil ann maidir le taisteal agus bainistiú foirgneamh i ndiaidh COVID-19. Ní dhearna siad meastóireacht leanúnach, áfach, ar choigiltis a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar bhealaí nua oibre. Ar an gcuma chéanna, níl measúnú leanúnach déanta ag na hinstitiúidí go dtí seo ar thionchar na mbealaí oibre nua ar a mbeartais comhshaoil (míreanna 80-93).

Moladh 3 – Measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na mbealaí nua oibre sa timpeallacht i ndiaidh COVID-19

Ina measúnú ar na bealaí nua oibre sa timpeallacht i ndiaidh COVID-19, ba cheart do na hinstitiúidí:

  1. measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht cruinnithe iomlán cianda agus cruinnithe hibrideacha i gcomparáid leis na cinn fisiciúla, agus treoirlínte ar shocruithe cianda a ghlacadh ag brath ar an ngníomhaíocht;
  2. measúnú a dhéanamh ar thionchar na teilea-oibre agus na rialacha i ndiaidh COVID-19 a chur in oiriúint más gá;
  3. faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar thionchar buiséadach na mbealaí nua oibre, go háirithe maidir le foirgnimh;
  4. faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar thionchar na mbealaí nua oibre ó thaobh na timpeallachta de.

Bunaithe ar na measúnaithe sin, ba cheart do na hinstitiúidí cinneadh a dhéanamh ar athruithe féideartha maidir lena socruithe nua oibre.

Spriocdháta cur chun feidhme: R2 2024

Is é Seomra V, faoi cheannas Tony Murphy (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 14 Meitheamh 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Tionchar COVID-19 ar ghníomhaíochtaí na n-institiúidí faoi iniúchóireacht

Léirítear sna táblaí seo a leanas an tionchar a bhí ag géarchéim COVID-19 ar phríomhghníomhaíochtaí na n-institiúidí faoi iniúchóireacht.

Tábla 1 – Gníomhaíocht na Parlaiminte i bhfigiúirí (2018-2021)

  An líon seisiún iomlánach Meánfhad seisiúin iomlánaigh Líon na vótaí
  Páirtseisiúin
(páirtseisiúin ceithre lá a reáchtáiltear in Strasbourg de ghnáth)
Mionseisiúin
(páirtseisiúin dhá lá a reáchtáiltear sa Bhruiséil)
Uaireanta an chloig Téacsanna reachtacha Téacsanna neamhreachtacha
2018 (bliain iomlán) 12 3 32:08 258 301
2019 (bliain iomlán) 11 5 24:09 364 182
2020 (bliain iomlán)* 11 6 15:29 202 182
2021 (suas go 11.2021) 10 2 28:24 185 224

Foinse: Sonraí PE (DG PRES agus DG IPOL). *Ríomh CIE.

Tábla 2 – Gníomhaíocht na Comhairle i bhfigiúirí (2018-2020)

Cruinniú 2018 2019 2020
Iomlán Fisiciúil Físchomhdháil
Cruinnithe Mullaigh 15 17 23 15 8
Comhairlí 75 80 116 31 85
Coreper 117 124 154 152 0
Coreper Airt. 50 (Brexit) 29 28 3 3 0
Meithleacha 4 304 3 706 2 790 1 538 1 252
Meitheal Airt. 50 (Brexit) 61 28 0 0 0
Iomlán 4 601 3 983 3 086 1 739 1 345

Foinse: CIE, bunaithe ar Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí 2020 ó AS ORG.

Tábla 3 – Gníomhaíocht an Choimisiúin i bhfigiúirí (2018-2021)

  2018 2019 2020 2021
Líon iomlán na ngníomhartha ata glactha 9 668 9 255 9 706 10 163
An líon astu sin a bhaineann le géarchéim COVID-19 N/B 1 372 (14.1 %) 1 102 (10.8 %)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

Tábla 4 – Gníomhaíocht bhreithiúnach i bhfigiúirí 2017-2021

  2017 2018 2019 2017-2019 (Meán) 2020 2021
Cásanna a tugadh isteach (an dá dhlínse) 1 656 1 683 1 905 1 748 1 582 1 720
Éisteachtaí a eagraíodh (an Chúirt Bhreithiúnais) 263 295 270 276 157 107
Éisteachtaí a eagraíodh (an Chúirt Ghinearálta) 333 333 255 307 227 240
Cásanna a dúnadh (an dá dhlínse) 1 594 1 769 1 739 1 701 1 540 1 723
Cásanna a dúnadh (an Chúirt Bhreithiúnais) 699 760 865 775 792 772
Cásanna a dúnadh (an Chúirt Ghinearálta) 895 1 009 874 926 748 951
Cásanna atá ar feitheamh (an Chúirt Bhreithiúnais) 912 1 001 1 102 1 005 1 045 1 113
Cásanna atá ar feitheamh (an Chúirt Ghinearálta) 1 508 1 333 1 398 1 413 1 497 1 428
Meánfhad na nósanna imeachta (an Chúirt Bhreithiúnais) 16.40 mí 15.70 mí 14.40 mí 15.50 mí 15.40 mí 16.60 mí
Meánfhad na nósanna imeachta (an Chúirt Ghinearálta) 16.30 mí 20.00 mí 16.90 mí 19.00 mí 15.40 mí 17.30 mí

Foinse: CIE, bunaithe ar Thuarascálacha Bliantúla maidir le Gníomhaíochtaí ó CBAE do 2017 go 2020, agus ar fhreagraí ar cheistneoir CIE.

Iarscríbhinn II – Bearta a cuireadh i bhfeidhm chun tacú leis an bhfoireann a bhí ag teilea-obair le linn ghéarchéime COVID-19 go dtí deireadh 2021

Beart An Pharlaimint An Chomhairle An Coimisiún An Chúirt Bhreithiúnais
Trealamh TF breise
2 326 scáileán, 2 069 méarchlár agus 1 968 luchóg (amhail mí na Samhna 2020).

Pacáiste don oifig sa bhaile (scáileán, méarchlár, stáisiún nasctha) a dháileadh ó mhí na Samhna 2020.

Mí na Samhna 2020: aisíocaíocht scáileáin (suas le € 150)
Meitheamh 2021: Pacáistí TF (stáisiúin nasctha, méarchláir, luchóga).

Dáileadh thart ar 1 000 pacáiste TF (scáileán, méarchlár, stáisiún nasctha) ó Bhealtaine 2021.
Trealamh breise (troscán)
Dáileadh 378 gcathaoir eirgeanamaíoch (amhail mí na Samhna 2020).
Níl
Ó mhí na Samhna 2020: aisíocaíocht cathaoireacha (suas le € 200).

Dáileadh thart ar 600 cathaoir oifige i Márta 2021.
Costais chumarsáide a íoc
€ 40 in aghaidh na míosa
Níl Níl Níl
Teilea-obair lasmuigh den áit fostaíochta I gcúinsí a bhfuil údar cuí leo (teaghlach, sláinte), go páirtaimseartha agus liúntais easaoránachta/chónaithe eachtraigh curtha ar fionraí.
Foirceannadh an 31.12.2021.
Ar an gcoinníoll go raibh sé údaraithe ag an mbainistíocht agus i gcomhréir le leas na seirbhíse.
Faoi na gnáthrialacha, is féidir 160 lá le linn gairme móide cúig lá in aghaidh na bliana a thógáil.
I gcúinsí a bhfuil údar cuí leo (teaghlach, sláinte).
I dteannta an méid thuas:
2020 10 lá nasctha le saoire na Nollag.
2021 10 lá nasctha le cúig lá saoire ar a laghad.
I gcúinsí a bhfuil údar cuí leo (teaghlach, sláinte) agus le linn tréimhsí saoire (an Cháisc, an Nollaig, an samhradh).
Tar éis Mheán Fómhair 2021: I gcúinsí a bhfuil údar cuí leo amháin.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ó dhoiciméid ó na hinstitiúidí.

Iarscríbhinn III – Socruithe teilea-oibre ag na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht i ndiaidh COVID-19

An Pharlaimint An Chomhairle An Coimisiún An Chúirt Bhreithiúnais
Rialacha i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2021.

Féadfaidh an fhoireann teilea-obair a dhéanamh mar chéatadán dá n-am oibre:
  • 20 % (mar cheart, gan gá le formheas an bhainisteora);
  • 40 % (faoi réir fhormheas an bhainisteora);
  • 60 % (faoi réir fhormheas an bhainisteora).

Tugtar formheas le haghaidh sé mhí nó bliain, agus is féidir é a athnuachan.
Ní cheadaítear teilea-obair a dhéanamh lasmuigh den áit fostaíochta.
Rialacha i bhfeidhm ó mhí Feabhra 2020.

Féadfaidh an fhoireann teilea-obair a dhéanamh suas le 80 % dá gcuid ama.
Ceadaítear teilea-obair a dhéanamh lasmuigh den áit fostaíochta, suas le cúig lá sa bhliain, chomh maith le 160 lá breise thar ghairmréim an bhaill foirne, faoi réir fhormheas an bhainisteora.
Rialacha a glacadh i mí an Mhárta 2022.

Féadfaidh an fhoireann teilea-obair a dhéanamh mar cheart 20 % dá gcuid ama.
Is é 60 % an t-uasmhéid teilea-oibre a cheadaítear, faoi réir fhormheas an bhainisteora.
Ceadaítear teilea-obair lasmuigh den áit fostaíochta ar feadh suas le 10 lá sa bhliain, nasctha le cúig lá saoire ar a laghad, agus tá sé faoi réir fhormheas an bhainisteora.
I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Acmhainní Daonna údarú a thabhairt ar feadh míosa amháin, tar éis dul i gcomhairle le bainisteoir líne an duine den fhoireann, ar féidir é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna.
Rialacha a glacadh i mí Iúil 2021, i bhfeidhm ó R2 2022.

Ceadaítear teilea-obair i ngach seirbhís.
Is í an bhainistíocht shinsearach i ngach seirbhís a shainíonn na rialacha mionsonraithe beachta (cúraimí, íosláithreacht san áitreabh, uasfhad an údaraithe don teilea-obair).
Tá teilea-obair faoi réir fhormheas an bhainisteora.
Ceadaítear teilea-obair lasmuigh den áit fostaíochta, faoi réir fhormheas an bhainisteora, má tá údar maith leis, ar feadh tréimhse theoranta, agus má tá sé ag teacht le leas na seirbhíse.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ó dhoiciméid ó na hinstitiúidí.

Giorrúcháin

BCP: Plean leanúnachais gnó

CAI: Creat airgeadais ilbhliantúil

CBAE: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Coreper: Coiste Bhuanionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

CPQS: Comité préparatoire des questions statutaires [Coiste ullmhúcháin maidir le ceisteanna a bhaineann leis na Rialacháin Foirne]

EDS: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

EFTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

FPE: Feisire de Pharlaimint na hEorpa

IMB: Bord Liachta Idirinstitiúideach

MECS: An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

NGEU: NextGenerationEU

VDI: Bonneagar deisce fíorúla

VPN: Líonra príobháideach fíorúil

Gluais

Bonneagar deisce fíorúla: Timpeallacht deisce a óstáiltear ar lárfhreastalaí agus a chuirtear ar fáil do ríomhairí pearsanta agus do ghairis eile.

Comhalta d’institiúidí an Aontais: Duine atá ceaptha nó tofa ar chomhlacht cinnteoireachta d’institiúid an Aontais Eorpaigh.

Coreper: Coiste d’ionadaithe ó na Ballstáit atá freagrach as obair Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ullmhú.

Líonra príobháideach fíorúil: Córas lena ligtear d’úsáideoirí rochtain a fháil ar líonra slán go cianda tríd an idirlíon.

Néalríomhaireacht: Sonraí a phróiseáil agus a stóráil go cianda tríd an idirlíon.

Ríomhshonrasc: Sonrasc atá eisithe, seolta agus faighte i bhformáid leictreonach struchtúrtha a fhágann gur féidir próiseáil uathoibríoch a dhéanamh.

Síniú leictreonach cáilithe: Síniú leictreonach a bhfuil an éifeacht dlí chéanna aige i ndlí AE is atá ag síniú lámhscríofa, nach bhféadfaí a shéanadh.

An fhoireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Is í an Chúirt a roghnaíonn agus a dhearann na cúraimí iniúchóireachta sin chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag baint leo, trí na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh a mheas mar aon leis an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, na forbairtí atá le teacht agus an leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta V – Maoiniú agus Riar an Aontais, atá faoi cheannas Tony Murphy (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Marek Opioła (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Kinga Wisniewska‑Danek (Ceann na hOifige Príobháidí), Bernard Witkos (Ataisé na hOifige Príobháidí), Colm Friel (Príomhbhainisteoir), Marion Kilhoffer (Ceann Cúraim), chomh maith le Andreas Dürrwanger, Tomasz Kokot agus Nikolaos Kylonis (Iniúchóirí). Thug Jesús Nieto Muñoz agus Alexandra-Mazilu tacaíocht ghrafach. Thug Richard Moore tacaíocht teanga.

Ó chlé go deas: Nikolaos Kylonis, Jesús Nieto Muñoz, Marion Kilhoffer, Marek Opioła, Kinga Wisniewska‑Danek, Tomasz Kokot, Colm Friel.

Críochnótaí

1 GUID 5330 - Treorú maidir le hiniúchóireacht a dhéanamh ar Bhainistiú Tubaistí.

2 Teideal III den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

3 Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

4 Rialachán Uimh 31 (CEE), 11(CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

5 ISO 22301:2019 Slándáil agus athléimneacht – Córais bainistíochta leanúnachais gnó – Riachtanais.

6 Ibid.

7 Féach Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 55 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Rialachán Uimh. 1/1958.

8 Airteagail 14 agus 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

9 Féach Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, Airteagal 1e.

10 Féach Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, Airteagal 20.

11 Tuarascáil speisialta 05/2022: “Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh”.

12 Cás C-311/18 – Facebook Ireland agus Schrems, 16.7.2020, lena ndearnadh an cinneadh maidir le Sciath phríobháideachais AE-SAM i dtaca le haistriú agus próiseáil sonraí pearsanta a chur ó bhail.

13 Féach Treoraíocht straitéiseach d’institiúidí AE a d’eisigh MECS i nDeireadh Fómhair 2020: “Molann MECS go láidir d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú i gcás aon oibríochtaí próiseála nua nó aon chonarthaí nua le soláthraithe seirbhísí ar bith nach mbeidh aistriú sonraí pearsanta go dtí na Stáit Aontaithe i gceist leo.”

14 Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

15 GUID 5330 - Treorú maidir le hiniúchóireacht a dhéanamh ar Bhainistiú Tubaistí.

16 Tuarascáil speisialta 15/2019: “Cur chun feidhme an phacáiste maidir le hathchóiriú foirne 2014 ag an gCoimisiún”.

17 Anailís ar choigiltí féideartha do bhuiséad AE má dhéanann Parlaimint na hEorpa a cuid oibríochtaí a lárú.

18 Tuarascáil speisialta 34/2018: “Cóiríocht oifige institiúidí AE”.

Déan teagmháil le

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
12, rue Alcide De Gasperi
1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-8400-4 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/052430 QJ-AB-22-016-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-8391-5 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/12723 QJ-AB-22-016-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.