2021 Iniúchadh AE i mbeagán focal

Léiriú ar thuarascálacha bliantúla 2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Focal i dtaobh “Iniúchadh AE 2021 i mbeagán focal”
Tugann “Iniúchadh AE 2021 i mbeagán focal” forléargas ar thuarascálacha bliantúla 2021 maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta, ina ndéanaimid ár ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a chur i láthair. I mbliana, den chéad uair, tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clúdaithe againn san obair agus tá tuairim ar leithligh tugtha againn ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a ghabhann leis an tSaoráid sin. In “Iniúchadh AE i mbeagán focal” tugtar cuntas freisin ar na príomhfhionnachtana atá againn maidir leis an ioncam agus maidir leis na príomhréimsí caiteachais faoi bhuiséad an Aontais agus faoin gCiste Eorpach Forbartha, chomh maith le fionnachtana a bhaineann le bainistiú buiséadach agus airgeadais, agus an obair leantach ar mholtaí a rinneamar roimhe seo.

Tá téacs iomlán na dtuarascálacha le fáil ag eca.europa.eu.

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais. Tugaimid rabhadh i dtaobh rioscaí, soláthraímid dearbhú iniúchóireachta, tarraingímid aird ar easnaimh agus dea-chleachtais, agus tugaimid treoraíocht do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais ó thaobh feabhas a chur ar bhainistiú bheartais agus chláir an Aontais. Tríd an obair a dhéanaimid, déanaimid deimhin de go mbíonn a fhios ag saoránaigh na hEorpa cén chaoi a bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF 2021 Iniúchadh AE i mbeagán focal

Intreoir ón Uachtarán

Is é ár dtuarascáil bhliantúil ar bhliain airgeadais 2021 an chéad tuarascáil sa chlárthréimhse nua do 2021-2027. In 2021, bhí paindéim COVID-19 fós ina luí go trom ar an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit. Mar iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh, rinneamar gach rud is féidir chun leanúint ar aghaidh agus seirbhís iniúchóireachta phoiblí atá éifeachtach san Aontas a sholáthar, in ainneoin na saincheisteanna oibríochta leanúnacha atá ag teacht chun cinn ó ghéarchéim COVID-19.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, tagaimid ar an gconclúid go dtugann cuntais an Aontais Eorpaigh léargas fíorcheart ar staid airgeadais an Aontais. Tugaimid tuairim ghlan ar bheachtas chuntais 2021 an Aontais. Bhí an t-ioncam do 2021 dlíthiúil agus rialta, agus saor ó earráid ábharthach.

Taobh amuigh de na gnáthacmhainní buiséadacha a comhaontaíodh mar chuid de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (CAI), sheol an tAontas tionscnamh dar teideal “NextGenerationEU” (NGEU) – pacáiste téarnaimh de chistí breise a bhí bunaithe ar urrúis fiachais. Freagraíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) do thart ar 90 % de chaiteachas NGEU.

Cuirimid dhá thuairim ar leithligh ar fáil faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais do 2021: ceann ar bhuiséad traidisiúnta an Aontais agus ceann eile ar RRF.

Is é ár meastachán ar an leibhéal earráide i gcaiteachas bhuiséad AE do 2021 ná 3.0 % (2020: 2.7 %).

In 2021, chlúdaigh caiteachas RRF an t-aon íocaíocht amháin a rinneadh le Ballstát (an Spáinn). Measaimid nár comhlíonadh ceann de na 52 gharsprioc a áiríodh in iarraidh íocaíochta na Spáinne. Is é ár dtuairim ná nach bhfuil an earráid lena mbaineann ábharthach. Bhunaíomar ár measúnú ar an gcoinníoll d’íocaíochtaí, i.e. go raibh na garspriocanna agus spriocanna comhlíonta go sásúil. Ní cuid den mheasúnú rialtachta é a sheiceáil an raibh rialacha AE agus náisiúnta á gcomhlíonadh.

I dtaobh na réimsí suntasacha de chaiteachas bhuiséad an Aontais a gcuirimid measúnú sonrach ar fáil dóibh, tá an leibhéal earráide ábharthach do “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach” agus do “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna”. I gcás “Acmhainní Nádúrtha”, faighimid go bhfuil an leibhéal earráide gar don ábharthacht, bunaithe ar thorthaí na tástála a rinneamar ar idirbhearta agus ar fhianaise eile a d’eascair as an gcóras rialaithe. Tugann ár dtorthaí le tuiscint freisin nach raibh an leibhéal earráide ábharthach i gcás íocaíochtaí díreacha, arb ionann iad sin agus 68 % den chaiteachas faoin gceannteideal seo de CAI, agus go raibh sé, arna thógáil ina iomláine, ábharthach do na réimsí caiteachais a shainaithníomar mar réimsí lena ngabhann riosca níos airde (forbairt tuaithe, bearta sna margaí, iascach, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide). Tá an leibhéal earráide faoi bhun an leibhéil ábharthachta i “Riarachán Poiblí Eorpach”.

Le roinnt blianta anuas, rinneamar iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas AE trí dhifreálú a dhéanamh idir na réimsí sin sa bhuiséad ina mbreithnímid go bhfuil na rioscaí do dhlíthiúlacht agus rialtacht ard, agus na réimsí eile ina mbreithnímid na rioscaí a bheith íseal. Mar gheall ar an gcaoi a gcuirtear buiséad an Aontais le chéile agus mar a fhorbraíonn sé le himeacht ama, d’ardaigh an cion de chaiteachas ard-riosca sa phobal iniúchóireachta tuilleadh i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, agus is ionann é sin agus thart ar 63 % dár bpobal iniúchóireachta in 2021 (2020: 59 %). Measaimid an leibhéal earráide sa chineál seo caiteachais a bheith ag 4.7 % (2020: 4.0 %). Sa chomhthéacs seo, eisímid tuairim dhiúltach maidir leis an gcaiteachas.

Bhí an leibhéal earráide atá measta do chaiteachas ísealriosca, arbh ionann é agus thart ar 37 % den chuid eile den phobal iniúchóireachta (2020: 41 %), faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 %.

Tháinig méadú de €146.0 billiún (111 %) ar dhliteanais theagmhasacha lena mbaineann riosca do bhuiséad an Aontais in 2021, ag dul ó €131.9 billiún go dtí €277.9 billiún. Ba é an chúis a bhí leis sin go príomha ná eisiúint €91.0 billiún in iasachtaí chun NGEU a mhaoiniú in 2021, agus méadú de €50.2 billiún i méid na n-iasachtaí a tugadh do Bhallstáit faoin Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE). Chuir cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine leis an méadú seo freisin, trí ráthaíochtaí atá tugtha ag an Aontas chun iasachtaí do thíortha lasmuigh den Aontas a chlúdach.

Sa chomhthéacs seo, tá sé níos tábhachtaí ná riamh cúrsaí airgeadais an Aontais a bhainistiú ar bhealach fónta agus éifeachtach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil freagracht níos mó ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus orainne ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa freisin.

Klaus-Heiner LEHNE
Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Torthaí foriomlána

Príomhfhionnachtana

Achoimre ar ráiteas dearbhaithe 2021

Eisímid tuairim ghlan ar bheachtas chuntais 2021 an Aontais Eorpaigh.

Eisímid tuairim ghlan freisin ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim do 2021.

Tugaimid dhá thuairim ar leithligh maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais le haghaidh 2021:

  • tá ár dtuairim maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais san Aontas neamhfhabhrach;
  • tá ár dtuairim maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta glan.
  • Tagaimid ar an gconclúid go dtugann cuntais an Aontais Eorpaigh léargas fíorcheart ar staid airgeadais an Aontais.
  • Bhí an t-ioncam do 2021 dlíthiúil agus rialta, agus saor ó earráid ábharthach. Cuirimid tuilleadh faisnéise i dtaobh bhonn ár dtuairime faoin ioncam ar fáil inár “Ráiteas dearbhaithe”.
  • Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) an chuid lárnach d’ionstraim NextGenerationEU (NGEU). Is ionstraim shealadach í a leanann múnla seachadta atá difriúil ó chaiteachas bhuiséad an Aontais faoi cheannteidil an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Íoctar Ballstáit as garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach faoi RRF, murab ionann agus an cás le caiteachas buiséadach AE atá bunaithe ar athchistiú na gcostas agus/nó coinníollacha a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, cuirimid tuairimí ar leithligh ar fáil do chaiteachas bhuiséad an Aontais agus do chaiteachas RRF do 2021.
  • Ar an iomlán, ba é an meastachán ar an leibhéal earráide i gcaiteachas bhuiséad AE3.0 % (2020: 2.7 %).
  • Inár measúnú riosca, sainaithníomar mar ardriosca caiteachas an Aontais i gcás ina mbíonn ar thairbhithe rialacha casta a leanúint go minic nuair a chuireann siad éilimh isteach ar chostais atá tabhaithe acu. Bhí méadú breise ar an sciar den chaiteachas ardriosca inár bpobal iniúchóireachta, agus bhí sé substainteach ag 63.2 % (2020: 59 %). I mbliana, tá ár meastachán den leibhéal earráide ag 4.7 % (2020: 4.0 %) sa chuid seo dár bpobal iniúchóireachta. Mar an gcéanna leis an dá bhliain roimhe seo, is earráid ábharthach agus forleatach é seo agus tá tuairim neamhfhabhrach á heisiúint againn ar chaiteachas bhuiséad an Aontais.
  • In 2021, chlúdaigh caiteachas RRF an t-aon íocaíocht amháin a rinneadh le Ballstát (an Spáinn). Measaimid nár comhlíonadh ceann de na 52 gharsprioc a áiríodh in iarraidh íocaíochta na Spáinne go sásúil. Is é ár dtuairim ná nach bhfuil an earráid lena mbaineann ábharthach. Cuirimid tuilleadh faisnéise i dtaobh bhonn ár dtuairime faoi chaiteachas RRF ar fáil inár “Ráiteas dearbhaithe”.
  • Rinneamar 15 chás (2020: sé chás) de chalaois amhrasta a shainaithníomar in 2021 a thuairisciú chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), a bhfuil cúig imscrúdú tionscanta cheana féin ag OLAF ina dtaobh sin. Rinneamar ceann de na cásanna sin a thuairisciú ag an am céanna chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), mar aon le cás breise a shainaithníomar in 2021.
  • Tugann an Coimisiún achoimre ar an bpríomhfhaisnéis maidir lena rialú inmheánach agus a bhainistiú airgeadais sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht (AMPR). Tá teorainneacha ag gabháil le seiceálacha ex post an Choimisiúin agus na mBallstát i gCeannteidil “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach”, “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna” agus “An Chomharsanacht agus an Domhan” de CAI a dhéanann difear don riosca ag tráth na híocaíochta mar atá foilsithe in AMPR, agus dá réir sin a dhéanann difear don mheasúnú riosca ón gCoimisiún.
  • Tá feabhas tagtha ar thuairisciú an AMPR ar cheartúcháin agus gnóthachain airgeadais i gcomparáid leis an mbliain roimhe seo, ach d’fhéadfadh míthuiscintí éirí as an gcur i láthair a dhéantar ar “cheartúcháin d’íocaíochtaí roimhe seo” (€5.6 billiún), mar nach mbaineann bearta coisctheacha – atá san áireamh sa tsuim sin – le híocaíochtaí roimhe sin ná leis an gcaiteachas a bhfuiltear tar éis glacadh leis. Thairis sin, ní féidir bearta coisctheacha na mBallstát a bheith inchurtha go díreach i leith an Choimisiúin.
  • Níl mionsonraí na litreach a seoladh chuig an Ungáir faoin “gcóras ginearálta coinníollachta” foilsithe ag an gCoimisiún in AMPR, ná ní insíonn sé cén chaoi a bhféadfadh sé difear a dhéanamh do rialtacht an chaiteachais lena mbaineann.
  • Is é €341.6 billiún a bhí sna gealltanais le híoc ag deireadh 2021; bhain €251.7 billiún le buiséad an Aontais agus €899 mbilliún le NGEU. Tháinig laghdú suntasach ar na gealltanais le híoc i mbuiséad an Aontais ón leibhéal is airde riamh de €303.2 billiún a bhí ann ag deireadh 2020, mar gheall go príomha ar mhoilleanna i gcur chun feidhme cistí bainistíochta comhroinnte faoi CAI 2021-2027.
  • Tháinig méadú de €146.0 billiún (111 %) in 2021 ar neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais i leith dliteanais theagmhasacha, ag dul ó €131.9 billiún go dtí €277.9 billiún. Sin go príomha mar gheall ar eisiúint €91.0 billiún i mbannaí chun NGEU a mhaoiniú in 2021, agus méadú de €50.2 billiún i méid na n-iasachtaí a tugadh do Bhallstáit faoi SURE. Chuir cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine leis an méadú seo freisin, trí ráthaíochtaí a thug an tAontas chun iasachtaí do thíortha lasmuigh den Aontas a chlúdach.

Is féidir an téacs iomlán do Thuarascálacha bliantúla 2021 ar bhuiséad an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí a maoiníodh faoin 8ú, 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a fháil ar ár suíomh gréasáin (eca.europa.eu).

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Céard iad na figiúirí do 2021?

Glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil AE, laistigh de chreat bhuiséad níos fad-téarmaí atá aontaithe do thréimhse roinnt bliana (ar a dtugtar an “Creat Airgeadais Ilbhliantúil” nó CAI). In 2021, b’ionann an caiteachas iomlán as buiséad an Aontais agus €181.5 billiún, a sheasann do 2.4 % den chaiteachas poiblí iomlán sna Ballstáit agus 1.3 % dá n-ollioncam náisiúnta.

I mí na Bealtaine 2020, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh NGEU. Is ionstraim shealadach í sin a cuireadh ar bun mar fhreagairt ar thionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID-19, agus maoinítear í trí bhannaí a eisiúint. Freagraíonn RRF do thart ar 90 % de chaiteachas NGEU. In 2021, b’ionann caiteachas ar thacaíocht neamh-inaisíoctha RRF (deontais) agus €46.5 billiún.

Ag cur caiteachas RRF san áireamh, ba é iomlán na n-íocaíochtaí ón Aontas in 2021 ná €228.0 billiún.

Cá has a dtagann an t-airgead?

Ba é €239.6 billiún an t-ioncam iomlán do 2021. Tá an sciar is mó de bhuiséad an Aontais maoinithe ag méideanna a ranníocann Ballstáit i gcomhréir lena n-ollioncam náisiúnta (€115.8 billiún). Sna foinsí eile, áirítear dleachtanna custaim (€19.0 billiún), ranníocaíocht bunaithe ar cháin bhreisluacha atá bailithe ag Ballstáit (€17.9 billiún), ranníocaíocht bunaithe ar dhramhaíl pacáistíochta plaistí neamh-athchúrsáilte a tugadh isteach in 2021 (€5.9 billiún), agus ioncam eile (€5.7 billiún).

Bhí ioncam breise de €75.3 billiún ann in 2021, lena n-áirítear €55.5 billiún d’ioncam sannta seachtrach do ráthaíochtaí buiséid, oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe (NGEU), agus €19.8 billiún de ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a d’éirigh as comhaontuithe agus cláir AE.

Cad air a chaitear an t-airgead?

Caitear buiséad bliantúil an Aontais ar raon leathan réimsí, amhail:

  • forbairt gheilleagair i dtíortha a bhfuil struchtúr níos laige acu a chothú;
  • nuálaíocht agus taighde a chur chun cinn;
  • tionscadail bhonneagair iompair;
  • oiliúint do dhaoine dífhostaithe;
  • feirmeoireacht agus bithéagsúlacht a chur chun cinn;
  • an t-athrú aeráide a chomhrac;
  • bainistiú teorainneacha;
  • cabhair do thíortha comharsanacha agus do thíortha i mbéal forbartha.

Déantar thart ar thrí cheathrú den bhuiséad a chaitheamh faoi chóras ar a dtugtar “bainistiú comhroinnte”. Faoin modh seo de chur chun feidhme an bhuiséid, déanann na Ballstáit cistí a leithdháileadh, tionscadail a roghnú, agus caiteachas AE a bhainistiú, cé go bhfanann an fhreagracht chríochnaitheach ag an gCoimisiún. Mar shampla, sin é an cás do “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol” agus “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna”.

Déanfaidh RRF infheistíochtaí agus athchóirithe i réimsí beartais atá ábhartha ar fud an Aontais a chistiú, agus tá struchtúr sé cholún ag gabháil leis na réimsí beartais sin (féach Fíor 1).

Fíor 1 – Na sé cholún

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Is iad na Ballstáit a leagann amach na hathchóirithe agus infheistíochtaí sin roimh ré ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus íocann an Coimisiún iad nuair a bhíonn garspriocanna agus spriocanna gaolmhara bainte amach.

Céard a chlúdaíomar?

Gach bliain, déanaimid iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh chun a scrúdú an bhfuil na cuntais bhliantúla beacht agus an bhfuil na hidirbhearta ioncaim agus caiteachais is bun leis na cuntais sin ag comhlíonadh rialacha Eorpacha agus náisiúnta. Scrúdaímid an caiteachas ag an bpointe a bhfuil gníomhaíochtaí déanta nó costais tabhaithe ag faighteoirí deiridh na gcistí ón Aontas, nó i gcás chaiteachas RRF, ag an bpointe a ndéanann na Ballstáit iarraidh ar íocaíocht nuair a bhíonn a ngarspriocanna nó spriocanna réamhshainithe bainte amach, agus nuair atá an Coimisiún tar éis glacadh leis an iarraidh sin. I gcleachtas, ciallaíonn sé sin go bhfuil íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí deiridh clúdaithe inár bpobal iniúchóireachta d’idirbhearta. Níor scrúdaíomar airleacain a íocadh in 2021 mura rud é go raibh siad imréitithe freisin i gcaitheamh na bliana.

Is é €154.3 billiún ar an iomlán a bhí inár bpobal iniúchóireachta do 2021. Bhí pobail iniúchóireachta ar leithligh againn do chaiteachas bhuiséad an Aontais (€142.8 billiún) agus do chaiteachas RRF (€11.5 billiún) chun tacú leis an dá thuairim a d’eisíomar ina leith (féach Fíor 2).

Fíor 2 – Pobal iniúchóireachta 2021

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

I mbliana, ba é “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol” a bhí sa sciar ba mhó dár bpobal iniúchóireachta do chaiteachas bhuiséad an Aontais (39.7 %), agus ina dhiaidh sin tháinig “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna” (33.5 %) agus “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach” (10.0 %).

Áiríodh an t-aon íocaíocht amháin (€11.5 billiún) a rinneadh le Ballstát (an Spáinn) in 2021 i bpobal iniúchóireachta RRF.

Bhí srianta taistil COVID-19 fós ag cur cosc orainn, i bhformhór na gcásanna, ónár seiceálacha ar an bhfód a dhéanamh. Mar sin, rinneamar an chuid is mó dár gcuid oibre trí athbhreithnithe deisce agus trí agallaimh chianda a dhéanamh le hiniúchaithe. Cé go bhféadfadh gan seiceálacha ar an bhfód a dhéanamh an riosca braite a mhéadú, chuir an fhianaise a fuaireamar ó na hiniúchaithe ar ár gcumas ár gcuid oibre a chur i gcrích agus teacht ar chonclúid.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoinár gcur chuige iniúchóireachta, féach Faisnéis chúlra.

Ár bhfionnachtana

Ár ráiteas dearbhaithe

I gcomhréir le hAirteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirimid ráiteas dearbhaithe ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh i dtaca le beachtas chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh agus i dtaca le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart. Is é sin an phríomhghné dár dtuarascáil bhliantúil.

Is ionstraim shealadach atá in RRF a tugadh i gcrích agus a maoiníodh ar shlí atá difriúil ó bhonn ó chaiteachas bhuiséad an Aontais. Cé go n-íoctar tairbhithe de chaiteachas bhuiséad an Aontais as gníomhaíochtaí áirithe a ghlacadh nó go ndéantar aisíocaíocht leo mar gheall ar chostais a tabhaíodh, is amhlaidh – faoin RRF – go n-íoctar Ballstáit as garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach go sásúil. Dá bhrí sin, cuirimid dhá thuairim ar leithligh ar fáil faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais: ceann ar chaiteachas as buiséad an Aontais agus ceann eile ar RRF.

Ós rud é go mbunaítear íocaíochtaí RRF ar gharspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach go sásúil, scrúdaíomar ar bhailigh an Coimisiún fianaise leordhóthanach agus iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll sin. Ní cuid den mheasúnú seo é a sheiceáil an raibh rialacha Eorpacha agus náisiúnta eile á gcomhlíonadh.

I dtaca leis an gcomhchuid acmhainní dílse traidisiúnta den ioncam, tá an baol ann nach ndéanann allmhaireoirí dleachtanna custaim a dhearbhú do na húdaráis chustaim náisiúnta, nó go ndéanann siad iad a dhearbhú go mícheart. Dá bhrí sin, beidh na dleachtanna allmhairithe a bhailítear go hiarbhír gann ar an méid ba cheart a bhailiú go teoiriciúil. Tugtar “an bhearna chustaim” ar an difríocht sin. Na méideanna sin a dhéantar a imghabháil amhlaidh, níl siad sin áirithe i gcórais chuntasaíochta ADT na mBallstát agus ní thagann siad faoin scóip dár dtuairim iniúchóireachta ar an ioncam.

Tugann cuntais an Aontais léargas fíorcheart

Ar gach slí ábharthach, cuireann cuntais AE do 2021 torthaí airgeadais an Aontais agus a sócmhainní agus dliteanais ag deireadh na bliana i láthair go fíorcheart, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta don earnáil phoiblí.

Dá bhrí sin, táimid in ann tuairim ghlan a thabhairt ar bheachtas na gcuntas, mar atá déanta againn gach bliain ó bhí 2007 ann.

I gclár comhardaithe an Aontais, tá dliteanas maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile – atá méadaithe tuilleadh i mbliana – agus tá luach €122.5 billiún ag gabháil leis sin amhail ag deireadh 2021 (2020: €116 billiún). Is mar gheall ar laghdú sa ráta lascaine ainmniúil go príomha atá méadú breise ar an meastachán sin.

An 1 Feabhra 2020, scoir an Ríocht Aontaithe (RA) de bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach. Ag dáta an chláir comhardaithe, léirigh cuntais an Aontais go raibh glansuim infhaighte dlite ón Ríocht Aontaithe de €41.8 billiún (2020: €47.5 billiún) bunaithe ar na hoibleagáidí frithpháirteacha atá sainithe sa chomhaontú um tharraingt siar. Is éard is príomhchúis leis an laghdú sin ná na híocaíochtaí a fuarthas ón Ríocht Aontaithe le linn 2021 i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe um tharraingt siar.

Tá measúnú déanta ar thionchar ionradh na Rúise ar iasachtaí agus deontais i leith na hÚcráine i gcuntais an Aontais, agus tá siad áirithe agus foilsithe go hiomchuí i gcomhréir le ceanglais na rialacha cuntasaíochta.

Eisímid tuairim ghlan ar an ioncam

Tagaimid ar an gconclúid go bhfuil an t-ioncam saor ó earráid ábharthach.

Eisímid tuairim neamhfhabhrach ar chaiteachas bhuiséad an Aontais

Is é an sainmhíniú atá againn ar earráid ná an méid airgid nár cheart a bheith íoctha amach as buiséad an Aontais. Tarlaíonn earráidí nuair nach bhfuil an t-airgead úsáidte i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus dá réir sin nach bhfuil sé úsáidte ar an gcaoi a raibh sé beartaithe ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa nuair a ghlac siad an reachtaíocht sin, nó nuair nach bhfuil sé úsáidte i gcomhréir leis na rialacha sonracha náisiúnta.

Do chaiteachas bhuiséad an Aontais, is é ár meastachán ar an leibhéal earráide ná go bhfuil sé idir 2.2 % agus 3.8 %. I gcomparáid leis an mbliain seo caite, mhéadaigh an lárphointe don raon sin, ar a dtugtaí an “earráid is dóchúla” roimhe seo, ó 2.7 % go 3.0 % (féach Fíor 3).

Fíor 3 – An leibhéal earráide measta do chaiteachas bhuiséad an Aontais (2017-2021)

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Tá earráid ábharthach ag baint le níos mó ná leath den phobal iniúchóireachta arís

In 2021, fuaireamar arís eile go raibh tionchar ag an gcaoi ar íocadh caiteachas amach ar an riosca earráide. Sa chomhthéacs seo, déanaimid idirdhealú idir aisíocaíochtaí costais agus íocaíochtaí teidlíochta (féach an Bosca anseo thíos).

Céard is aisíocaíochtaí costais agus íocaíochtaí teidlíochta ann?

Tá dhá chineál caiteachais lena mbaineann patrúin riosca ar leithligh ina saintréithe ag caiteachas bhuiséad an Aontais:

  • Aisíocaíochtaí costais – Nuair a aisíocann an tAontas costais cháilithe do ghníomhaíochtaí cáilithe (rialacha casta san áireamh), lena n-áirítear tionscadail taighde (faoi “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach”), infheistíocht i bhforbairt réigiúnach agus tuaithe (faoi “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna” agus “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”), agus tionscadail don chabhair forbartha (faoi “An Chomharsanacht agus an Domhan”). Breithnímid go bhfuil riosca ard ag baint leis an gcineál caiteachais sin.
  • Íocaíochtaí teidlíochta – Bunaithe ar choinníollacha áirithe (nach bhfuil chomh casta sin) a bheith á gcomhlíonadh ag na tairbhithe, lena n-áirítear orthu sin comhaltachtaí mac léinn agus taighde (faoi “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach”), cabhair dhíreach d’fheirmeoirí (faoi “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”), agus tuarastail agus pinsin d’fhoireann an Aontais (faoi “Riarachán Poiblí Eorpach”). Measaimid go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcineál caiteachais sin.

Seo a leanas na hearráidí ba choitianta a fuaireamar i gcaiteachas ardriosca sna príomhtheidil CAI:

  • costais agus tionscadail atá neamh-incháilithe, sáruithe ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh (go háirithe neamhchomhlíontacht le rialacha státchabhrach), easpa doiciméid tacaíochta, agus neamhchomhlíontacht le rialacha soláthair phoiblí in “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna”;
  • is iad tairbhithe, tionscadail nó caiteachas atá neamh-incháilithe, earráidí riaracháin, agus gan gealltanais agra-chomhshaoil a bheith á gcomhlíonadh na hearráidí is coitianta atá aimsithe sna réimsí caiteachais faoi fhorbairt tuaithe, bearta sna margaí, comhshaol, gníomhú ar son na haeráide agus iascach, a dhéanann thart ar 33 % den chaiteachas iomlán in “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol” nuair a thógtar le chéile iad;
  • is iad na príomhfhoinsí earráide i gcaiteachas taighde ná costais dhíreacha phearsanra agus chostais dhíreacha eile atá neamh-incháilithe (Fís 2020 agus an Seachtú Creatchlár faoi “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach”). Is iad na príomhfhoinsí earráide i gcláir agus gníomhaíochtaí eile ná neamhchomhlíontacht thromchúiseach na rialacha soláthair phoiblí agus costais dhíreacha eile atá neamh-incháilithe (an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa go príomha);
  • caiteachas nár tabhaíodh, costais neamh-incháilithe, gan doiciméid tacaíochta a bheith ann agus soláthar poiblí in “An Chomharsanacht agus an Domhan”.

In 2021, d’ardaigh caiteachas ardriosca tuilleadh i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, ag déanamh beagnach dhá thriain dár bpobal iniúchóireachta ag 63.2 % (2020: 59 %). Bhí an meastachán ar an leibhéal earráide do chaiteachas ardriosca ag 4.7 % (2020:4.0 %).

B’ionann an caiteachas ísealriosca agus an 36.8 % a bhí fágtha dár bpobal iniúchóireachta (2019: 41 %) agus áiríodh íocaíochtaí teidlíochta leis sin go príomha. Bhí an leibhéal earráide a mheastar sa chuid seo den phobal faoinár dtairseach ábharthachta de 2 % (féach Fíor 4).

Fíor 4 – Léiríonn rátaí earráide an leibhéal riosca

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Cuireann Fíor 5 ár leibhéil earráide atá measta sna réimsí éagsúla caiteachais idir 2017 agus 2021 i gcomparáid le chéile. Cuirtear tuilleadh faisnéise faoi thorthaí ar fáil sa chuid Amharc níos géire ar ár bhfionnachtana, agus sna caibidlí gaolmhara de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

Fíor 5 – Ár meastachán ar leibhéil earráide do réimsí atá roghnaithe ó chaiteachas bhuiséad an Aontais (2017-2021)

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

D’eisíomar tuairim ghlan ar an gcéad íocaíocht faoi RRF

In 2021, chlúdaigh ár n-obair dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas RRF den chéad uair. Ní raibh sa phobal iniúchóireachta ach an t-aon eisíocaíocht amháin a rinneadh in 2021, i.e. íocaíocht leis an Spáinn, agus imréiteach an réamh-mhaoinithe ghaolmhair. Bhí 52 gharsprioc san iarraidh ar íocaíocht a rinne an Spáinn, a mheas an Spáinn ina leith go raibh siad comhlíonta. Is é €11.5 billiún a bhí sa mhéid a measadh a bheith iníoctha leis an Spáinn de réir an Chinnidh Cur Chun Feidhme (CID) ón gComhairle.

Bhunaíomar ár measúnú ar an gcoinníoll don íocaíocht i.e. go raibh na garspriocanna agus spriocanna de réir mar a bhí sainithe sa CID comhlíonta go sásúil. An fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán atá faighte againn trínár n-obair, tugann sé le tuiscint nach raibh ceann de na 52 gharsprioc a ghabhann leis an gcéad eisíocaíocht don Spáinn bainte amach. Níl modh sainithe ag an gCoimisiún go fóill chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar a ghabhann le gan garsprioc nó sprioc a bhaint amach. Is é ár dtuairim féin ná nach bhfuil an earráid ábharthach. Fuarthas laigí eile in obair an Choimisiúin nuair a bhí na garspriocanna á measúnú aige, agus baineann siad sin le gan critéir atá stóinseach go leor a bheith aige don gharsprioc rialaithe breise agus gan doiciméadacht leordhóthanach a bheith ann d’obair an Choimisiúin, cé nach ndéanann sé sin difear don mheasúnú lena fháil amach ar baineadh amach garsprioc ar leith.

Comparáid idir ár leibhéal earráide measta agus meastacháin an Choimisiúin

Déanann an AMPR, a bhfuil freagracht ag coláiste na gCoimisinéirí ina leith, achoimre ar an bpríomhfhaisnéis ó na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí (AARanna) i dtaca le rialú inmheánach agus bainistiú airgeadais. Áirítear an riosca ag tráth na híocaíochta leis sin, sin le rá meastachán an Choimisiúin ar an méid atá íoctha agus nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Ar an iomlán, tá meastachán earráide an Choimisiúin ar an riosca ag tráth na híocaíochta do 2021 ag 1.9 %. Tá sé sin faoinár dtairseach ábharthachta (2.0 %) agus faoinár leibhéal measta earráide (3.0 %) do chaiteachas bhuiséad an Aontais.

Amhail ár leibhéal measta earráide, níl caiteachas RRF áirithe i meastachán an Choimisiúin, dá ndéanann sé na torthaí rialaithe a fhoilsiú ar leithligh bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil. Sa bhreis air sin, áiríonn an AAR do gach Ard-Stiúrthóireacht (AS) ráiteas ina dtugann an tArd-Stiúrthóir dearbhú go léiríonn an tuarascáil faisnéis airgeadais go cuí agus go bhfuil na hidirbhearta atá faoina bhfreagracht dlíthiúil agus rialta. Chun na críche sin, chuir gach AS meastacháin ar fáil ar an riosca ag tráth na híocaíochta ina gcaiteachas, seachas RRF, dá ndéanann an Coimisiún measúnú ar na torthaí rialaithe bunaithe ar mheascán de thorthaí ó Bhallstáit agus óna n-iniúchóireacht agus rialuithe féin.

Do gach ceannteideal CAI a bhfuil measúnú sonrach á chur ar fáil againne ina leith, tá comparáid déanta againn idir riosca ag tráth na híocaíochta do 2021 ón gCoimisiún lenár leibhéal measta earráide féin. Léiríonn an chomparáid go bhfuil an riosca ag tráth na híocaíochta ón gCoimisiún níos ísle ná ár leibhéal measta earráide do “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteacha” agus “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna”. I gcás “Acmhainní Nádúrtha”, tá meastachán an Choimisiúin den riosca ag tráth na híocaíochta (1.8 %) ag teacht lenár meastachán.

In AMPR, cuireann an Coimisiún i láthair an measúnú riosca foriomlán atá déanta aige ar chaiteachas bliantúil 2021 chun gníomhaíocht i réimsí ardriosca a shainaithint agus chun fócas a dhíriú ar an ngníomhaíocht sin. Measann an Coimisiún go bhfuil riosca íseal ann do 55 % den chaiteachas, go bhfuil sé meánach do 23 % den chaiteachas agus go bhfuil sé ard do 22 % den chaiteachas. Léirigh ár n-obair, áfach, go bhfuil teorainneacha in obair ex post an Choimisiúin, a dhéanann difear – nuair a thógtar le chéile iad – do stóinseacht mheasúnú riosca an Choimisiúin.

Rinneamar obair leantach freisin ar ár mbarúil ó anuraidh go raibh an chaoi a dtuairiscíonn an Coimisiún ar cheartúcháin airgeadais iarbhír agus ar ghnóthachain airgeadais ina AMPR casta, agus nach raibh sé soiléir i gcónaí. Fuaireamar go raibh feabhsúcháin tarlaithe, ag éirí as an athbhreithniú a rinne an Coimisiún ar an gcaoi a dtuairiscíonn sé. Mar sin féin, measaimid freisin nach bhfuil cur i láthair “ceartúcháin d’íocaíochtaí roimhe sin” (€5 620 milliún) ná an céatadán gaolmhar den chaiteachas ábhartha (3.3 %) leormhaith agus go bhféadfadh míthuiscint éirí as. Áirítear bearta coisctheacha leis, nach mbaineann le híocaíochtaí roimhe sin ná leis an gcaiteachas a bhfuiltear tar éis glacadh leis. Thairis sin, ní féidir bearta coisctheacha na mBallstát a bheith inchurtha go díreach i leith an Choimisiúin.

Tugaimid ar aire go dtuairiscíonn an Coimisiún, ina AMPR, gur sheol sé a chéad fhógra chuig an Ungáir in Aibreán 2022 faoin “gcóras ginearálta coinníollachta”. Thionscain sé sin nós imeachta trína bhféadfaí bearta a fhorchur in aghaidh Ballstáit as prionsabail an smachta reachta a shárú a bheith. Níl na mionsonraí den fhógra sin foilsithe in AMPR, áfach, ná ní fhoilsítear ann cén chaoi a bhféadfadh an fógra sin difear a dhéanamh do rialtacht an chaiteachais atá i gceist.

Thuairiscíomar cásanna de chalaois amhrasta do OLAF agus OIPE

Táimid ag obair le OLAF leis na blianta anois agus le OIPE ó thosaigh sé oibríochtaí i mí an Mheithimh 2021. Rinneamar 15 chás (2020: sé chás) de chalaois amhrasta a shainaithníomar le linn ár gcuid oibre iniúchóireachta in 2021 a thuairisciú chuig OLAF, a bhfuil cúig imscrúdú tionscanta cheana féin aige ina dtaobh sin. Rinneamar ceann de na cásanna sin a thuairisciú ag an am céanna chuig OIPE, mar aon le cás eile a bhí sainaitheanta againn le linn ár gcuid oibre iniúchóireachta in 2021. I mí an Mhárta 2022, chinneamar tosú ar chásanna de chalaois amhrasta a chur ar aghaidh chuig OLAF agus OIPE araon ag an am céanna i gcás inarbh iomchuí.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir tuilleadh faisnéise ar na príomhfhionnachtana a fháil i gCaibidlí 1 agus 10 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn. Is féidir teacht ar an téacs iomlán dár dtuarascáil bhliantúil ar ár suíomh gréasáin (eca.europa.eu).

Amharc níos géire ar ár bhfionnachtana

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

Cur chun feidhme agus úsáid an bhuiséid in 2021

Bhí cur chun feidhme an bhuiséid íseal i gcás gealltanas, ach ard i gcás íocaíochtaí

I rialachán CAI, leagtar síos na huasmhéideanna do gach ceann de na seacht mbliana de CAI. Tá feidhm ag na huasteorainneacha seo maidir le hoibleagáidí airgeadais AE nua (leithreasuithe faoi chomhair gealltanas) agus d’íocaíochtaí is féidir a dhéanamh ó bhuiséad AE (leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí). Féach Fíor 6.

Fíor 6 – Cur chun feidhme an bhuiséid in 2021

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

I rith 2021, bhí suim iomlán de €113.4 billiún geallta; agus ní raibh ansin ach 68 % den mhéid iomlán a bhí ar fáil (€166.8 billiún). Tá an ráta sin thar a bheith íseal, fiú níos ísle ná an ráta a bhí ann in 2014 – an chéad bhliain den CAI roimhe sin (77 %). In 2021, bhí moilleanna i nglacadh na rialachán earnála ina gcúis le moill a chur ar chláir nua a sheoladh, go háirithe do na hocht gciste bainistíochta comhroinnte faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Níor úsáideadh ach 2 % de mhéid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhí ar fáil do na hocht gciste bainistíochta comhroinnte sin.

In 2021, ba é uasteorainn na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in CAI ná €166.1 billiún, ba é an méid a bhí ar fáil d’íocaíochtaí sa bhuiséad chríochnaitheach ná €168.0 billiún. Is éard a bhí in iomlán na n-íocaíochtaí iarbhír ná €163.6 billiún (97 %) de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil. Nuair a dhéantar íocaíochtaí breise de €62.6 billiún ó ioncam sannta (deontais RRF den chuid is mó) agus €1.8 billiún de thabhairt anonn ó 2020 a chur san áireamh, is é €228.0 billiún ar an iomlán a bhí sna híocaíochtaí in 2021.

Mhéadaigh an ráta comhghabhála do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa i dtréimhse 2014-2020

I rith 2021, lean na Ballstáit de bheith ag comhghabháil Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (ESIF) as tréimhse CAI 2014-2020. Amhail ag deireadh 2021, is é €331.1 billiún a bhí in iomlán na n-íocaíochtaí carnacha le haghaidh cláir oibríochtúla CSIE 2014-2020, as iomlán de €492 bhilliún (67 %). Ba cheart don €160.9 billiún atá fágtha a bheith íoctha amach agus an chuid eile a bheith saortha ó ghealltanas faoin am a dhúnfar na cláir roimh dheireadh 2025, seachas do CETFT a mbeidh a dhúnadh ar siúl in 2027. Is é an méid sin atá sa chuid is mó den €251.7 bhilliún de ghealltanais le híoc as buiséad an Aontais de réir mar a bhí ag deireadh 2021.

Mar a léiríonn Fíor 7, tá éagsúlacht shuntasach i gcomhghabháil charnach na mBallstát de chistiú CSIE.

Fíor 7 – Leibhéil chomhghabhála CSIE 2014-2020 (gan acmhainní NGEU san áireamh)

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Cuireadh tús le cur chun feidhme NGEU in 2021

Thosaigh ionstraim shealadach NGEU i mí an Mheithimh 2021 nuair a tháinig cinneadh nua i bhfeidhm, i.e. an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, lena n-údaraítear an iasachtaíocht ghaolmhar a dhéanamh. Faoi dheireadh 2021, bhí gealltanais de chistí NGEU éirithe chomh hard le €143.5 billiún. Bhí níos mó ná €53.6 billiún i gceist leis an réamh-mhaoiniú agus leis na híocaíochtaí. Féach Fíor 8 le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Fíor 8 – Cur chun feidhme NGEU

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Bhí an méid is airde riamh de €341.6 billiún i gceist le gealltanais le híoc as buiséad an Aontais agus NGEU

Is é €341.6 billiún a bhí sna gealltanais le híoc ag deireadh 2021; bhain €251.7 billiún le buiséad an Aontais agus €89.9 billiún le NGEU. Tháinig laghdú suntasach ar na gealltanais le híoc i mbuiséad an Aontais ón leibhéal is airde riamh de €303.2 billiún a bhí ann ag deireadh 2020, go príomha mar gheall ar mhoilleanna ar thús chur chun feidhme na gcistí bainistíochta comhroinnte faoi CAI 2021-2027. Mar sin féin, in éineacht le gealltanais NGEU le híoc, bhain iomlán na ngealltanas le híoc an méid is airde riamh amach. Taispeánann Fíor 9 iomlán na ngealltanas le híoc ó bhuiséad AE agus ó NGEU amhail ag deireadh 2021, agus iad miondealaithe de réir na bliana tionscnaimh.

Fíor 9 – Gealltanais le híoc amhail ag deireadh 2021 de réir na bliana tionscnaimh

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Tá an Coimisiún ag tuar go sroichfidh gealltanais le híoc as buiséad an Aontais €317 mbilliún in 2027, €14 bhilliún níos airde ná an €303.2 billiún a bhí ann ag deireadh 2020. Is ann don mhéadú beag seo go príomha mar gheall ar an mbearna níos lú idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in CAI 2021-2027.

Tá éagsúlacht ann i dtaca le costais bhainistíochta d’ionstraimí airgeadais

Bhreathnaíomar freisin ar na costais bhainistíochta a íocadh ar leibhéal an Bhallstáit mar chion de na híocaíochtaí iomlána, lena n-áirítear cómhaoiniú chuig na hionstraimí airgeadais. Fuaireamar gur 3.6 % de na híocaíochtaí iomlána chuig na hionstraimí airgeadais faoi CAI 2014-2020 a bhí sna costais bhainistíochta. Is é seo an meán, áfach; tá éagsúlachtaí móra san fhigiúr iarbhír idir na Ballstáit. Sa tSualainn, mar shampla, bhí na costais bhainistíochta ag seasamh do níos mó ná 10 % d’iomlán na n-íocaíochtaí chuig ionstraimí airgeadais. San Ostair agus sa Bheilg, ar an láimh eile, ní raibh ionstraimí airgeadais i gceist le haon cheann de na costais bhainistíochta (féach Fíor 10).

Fíor 10 – Costais bhainistíochta i gcoibhneas le hiomlán na n-íocaíochtaí chuig ionstraimí airgeadais faoi CAI 2014-2020 amhail ag deireadh 2020

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Príomhrioscaí agus dúshláin do bhuiséad an Aontais sna blianta amach romhainn

Mhéadaigh an neamhchosaint iomlán do bhuiséad an Aontais in 2021, go príomha mar gheall ar NGEU a thabhairt isteach

Mhéadaigh neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais i leith dliteanais theagmhasacha ó €131.9 billiún in 2020 go dtí €277.9 billiún in 2021. Ba iad an dá chúis ba mhó a bhí leis an ardú substainteach sin ná tabhairt isteach NGEU agus méadú ar an méid iasachtaí a tugadh faoi SURE (féach Fíor 11).

Fíor 11 – Neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais amhail ag deireadh 2021, arna mhiondealú de réir catagóire

(*) Iasachtaí BEI – Ballstáit €0.6 billiún, iasachtaí le haghaidh Comhardú Íocaíochtaí €0.2 billiún, iasachtaí Euratom – Ballstáit €0.1 billiún, is mar gheall ar shlánú na bhfigiúirí atá an difríocht san iomlán.

(**) Ráthaíocht ón gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) €0.5 billiún, iasachtaí Euratom – tíortha nach balltíortha iad €0.3 billiún agus NDICI-An Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) €0.2 billiún.

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Tá cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ag méadú na rioscaí do bhuiséad an Aontais

Tá an tAontas Eorpach ag tarraingt as a bhuiséad chun go mbeadh solúbthacht bhreise ann chun freagairt do chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Méadóidh sé sin na riachtanais atá ag buiséad an Aontais agus beidh riosca níos mó ann de bharr go n-éileofar dliteanais theagmhasacha ar bhuiséad an Aontais. Amhail ag deireadh 2021, bhí iasachtaí amuigh ar an Úcráin ag a raibh luach ainmniúil de €4.7 billiún faoin gclár um Chúnamh Macrairgeadais agus faoi chlár Euratom. Sa bhreis air sin, tá iasachtaí de luach €2.1 billiún tugtha ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) don Úcráin, ar iasachtaí iad sin atá tacaithe le ráthaíochtaí AE.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas faoi na tosca a rannchuidíonn le héabhlóid na ngealltanas le híoc, agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh d’fhonn gealltanais atá fós le híoc a laghdú de réir a chéile san fhadtéarma;
  • faireachán dlúth a dhéanamh ar an riosca méadaitheach go ndéanfar dliteanais theagmhasacha ar bhuiséad an Aontais a éileamh i dtaca le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus gníomh a dhéanamh de réir mar is gá chun a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach fós sna huirlisí maolaithe riosca.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad ar na príomhfhionnachtana i dtaca le bainistiú buiséadach agus airgeadais a fháil i gCaibidil 2 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

Ioncam

€239.6 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Rinne ár n-iniúchadh an taobh ioncaim de bhuiséad an Aontais a chlúdach, a mhaoiníonn caiteachas an Aontais. Scrúdaíomar príomhchórais rialaithe áirithe do bhainistiú acmhainní dílse, agus sampla d’idirbhearta ioncaim.

Séard a bhí i ranníocaíochtaí bunaithe ar GNI ó Bhallstáit ná 48.2 % d’ioncam an Aontais in 2021, agus séard a bhí sa cháin bhreisluacha (CBL) bunaithe ar acmhainní dílse ná 7.5 %. Ríomhtar na ranníocaíochtaí seo trí úsáid a bhaint as staitisticí maicreacnamaíocha agus meastacháin arna soláthar ag Ballstáit.

Chuir acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) 7.9 % breise ar fáil d’ioncam an Aontais, lena gclúdaítear dleachtanna custaim ar allmhairí atá bailithe ag riaracháin Bhallstáit thar ceann an Aontais.

Soláthraíonn an acmhainn dhílis atá bunaithe ar phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte 2.5 % d’ioncam AE. Tugadh isteach é seo in 2021 agus déantar é a ríomh trí ráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar mheáchan na pacáistíochta plaistí neamh-athchúrsáilte a ghintear i ngach aon Bhallstát.

Seasann ioncam sannta seachtrach, a bhaineann den chuid is mó le méideanna a fhaightear ar iasacht chun tacaíocht airgeadais nach bhfuil in-aisíoctha a thabhairt do na Ballstáit i gcomhthéacs NGEU, do 23.2 % d’ioncam an Aontais.

Tá foinsí eile freisin ann le haghaidh ioncam an Aontais. Is í an ceann is suntasaí díobh sin ná na ranníocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí atá bainteach le comhaontuithe agus cláir AE (8.3 % d’ioncam AE), amhail ioncam a bhaineann le himréiteach comhréireachta CERT agus CEFTF, agus ranníocaíochtaí ó thíortha lasmuigh den Aontas le cláir agus gníomhaíochtaí AE.

Ár bhfionnachtana

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€239.6 billiún Níl – saor ó earráid ábharthach in 2021 agus 2020
Bearta coisctheacha agus ceartaitheacha

Maidir leis na córais a scrúdaíomar a bhain le hioncam, bhí siad sin éifeachtach go ginearálta. Mar sin féin, is éifeachtacht pháirteach a bhí ag na príomhrialuithe inmheánacha ADT i mBallstáit áirithe a ndearnamar measúnú orthu agus ag bainistiú fhorchoimeádais CBL agus phointí oscailte ADT ag an gCoimisiún mar gheall ar laigí atá fós ann.

Fuaireamar freisin gur cuireadh moill ar chur chun feidhme roinnt gníomhaíochtaí i bPlean Gníomhaíochta Custaim an Choimisiúin a rannchuidíonn leis an mbearna chustaim a laghdú. Ní dhéanann an laige sin difear dár dtuairim iniúchóireachta ar an ioncam, mar nach mbaineann sí leis na hidirbhearta is bun leis na cuntais ach gur mó a bhaineann sí leis an riosca go bhfuil ADT neamhiomlán.

Tá laigí fós sna córais rialaithe náisiúnta chun ráitis ADT a thiomsú. I gcás áirithe na hIodáile, tá amhras luaite againn cheana féin (ó 2011) faoi bheachtas na ráiteas ADT ón Iodáil, go príomha mar gheall ar mhoilleanna chun cuntais na ndleachtanna custaim nach bhfuil bailithe fós a uasdátú le faisnéis faoi athchóirithe fiachais.

Thugamar faoi deara freisin gur laghdaigh líon na bhforchoimeádas CBL agus na bpointí oscailte ADT, ach tá laigí fós ina mbainistiú. I gcás na bhforchoimeádas CBL, tharla sé sin mar gheall nár chuir an Coimisiún cur chuige coiteann i bhfeidhm maidir le sprioc-amanna a shocrú do Bhallstáit chun an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBL a ríomh agus na ceartúcháin airgeadais a éiríonn as sin a dhéanamh. I dtaca le pointí oscailte ADT, thug an Coimisiún a nósanna imeachta chun torthaí ón imscrúdú ADT a phróiseáil suas chun dáta. Mar sin féin, níor chlúdaigh sé córas chun easnaimh Bhallstáit a rangú de réir tosaíochta, ná níor leag sé sprioc-amanna síos dá ngníomhaíochtaí leantacha bunaithe ar fhreagraí ó na Ballstáit.

Sa bhreis air sin, thugamar faoi deara go raibh moilleanna i ngníomhaíochtaí an Choimisiúin chun feabhas a chur ar bhainistiú riosca ADT agus chun an bhearna chustaim a laghdú. Léirigh ár n-athbhreithniú ar an gcaoi a raibh an Plean Gníomhaíochta Custaim á chur chun feidhme ag an gCoimisiún nach bhfuil dul chun cinn a dhóthain déanta ar chuid de na gníomhaíochtaí.

Bhí tionchar ag moilleanna sna Ballstáit lena mbaineann ar obair an Choimisiúin chun forchoimeádais OIN a chealú. Bhain na moilleanna sin leis na fardail OIN a chur chuig an gCoimisiún faoin timthriall fíorúcháin OIN nua do 2020-2024 agus ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na forchoimeádais OIN a bhain go sonrach le hidirbhearta a bhí socraithe mar chuid de thimthriall fíorúcháin 2016-2019.

I dtaca leis an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ó AS BUDG sa Choimisiún, don séú bliain as a chéile choinnigh sí an forchoimeádas go bhfuil na suimeanna ADT a aistrítear go dtí Buiséad AE míchruinn mar gheall ar thearcluacháil ar theicstílí agus bróga a allmhairíodh ón tSín i gcaitheamh na tréimhse ó 2011 go 2017. Socraíodh an forchoimeádas den chéad uair in 2016, nuair a bhí na caillteanais ADT a d’fhéadfaí a lua leis an Ríocht Aontaithe (RA) cainníochtaithe ag €2.1 billiún, agus ansin leathnaíodh é sin amach chuig Ballstáit eile in 2018 gan aon chainníochtú a dhéanamh. Bhí suim bhreise de €2.1 billiún d’ús curtha isteach freisin i gcuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh do 2021. Ar an 8 Márta 2022, tháinig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar an gconclúid gur mhainnigh an Ríocht Aontaithe a cuid oibleagáidí a chomhall faoi dhlí an Aontais i ndáil le hacmhainní dílse. D’fhormheas CBAE modh an Choimisiúin chun caillteanais ADT a chainníochtú bunaithe ar shonraí staitistiúla. Rinne sé páirtdiúltú, áfach, ar ríomh an Choimisiúin agus thug sé treoraíocht faoin gcaoi le hathríomh a dhéanamh air. Tá tús curtha ag an gCoimisiún le hanailís ar bhreithiúnas CBAE agus ar an tionchar atá aige ar a ríomhanna.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • an beart is gá a dhéanamh (lena n-áirítear imeachtaí maidir le sárú i gcás inarb iomchuí) chun a áirithiú go réitíonn an Iodáil na laigí atá aici le fada i gcuntasaíocht ADT. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an mbeart sin aghaidh a thabhairt ar na neamhréireachtaí leanúnacha atá ag déanamh difir d’iontaofacht ráitis na tíre i dtaobh dleachtanna atá bailithe agus dleachtanna nach bhfuil bailithe fós;
  • athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid nósanna imeachta chun bainistiú a dhéanamh ar fhorchoimeádais CBL chun sprioc-amanna níos comhchuibhithe agus níos déine a leagan síos do na húdaráis náisiúnta agus chun a chuid oibre leanúnaí ar fhorchoimeádais mar aon lena phróiseas chun forchoimeádais a chealú a dhéanamh níos éifeachtúla;
  • feabhas a chur ar mheasúnú rioscaí airgeadais do ADT trí bhearta ábhartha as a Phlean Gníomhaíochta Custam a chur chun feidhme ar shlí thráthúil.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar ioncam AE a fháil i gCaibidil 3 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

Iomlán: €18.5 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Tá na cláir a mhaoinítear faoi cheannteideal 1 de CAI – “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach”, ilghnéitheach agus tá sé mar aidhm leo maoiniú a dhéanamh ar infheistíochtaí ón Aontas a rannchuidíonn le taighde agus nuálaíocht agus forbairt a dhéanamh ar na gréasáin thras-Eorpacha iompair, ar chumarsáid, ar fhuinneamh, ar an gclaochlú digiteach, agus ar an margadh aonair agus ar an mbeartas spáis. Is é Fís 2020 i gcónaí an príomhchlár le haghaidh taighde agus nuálaíocht. Chomh maith leis sin, cuimsíonn an ceannteideal seo de CAI tionscadail mhóra bonneagair faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus cláir spáis (Galileo, EGNOS agus Copernicus). Cuimsítear an ciste InvestEU leis freisin, a bhfuil sé mar aidhm aige infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh trí ráthaíocht ó bhuiséad an Aontais a thacaíonn le hinfheistíocht ó chomhpháirtithe cur chun feidhme.

I gcás 2021, bhí caiteachas €14.3 billiún faoi réir iniúchóireachta sa réimse sin. Bhí an chuid ba mhó den chaiteachas sin á bhainistiú go díreach ag an gCoimisiún. Soláthraíonn an Coimisiún airleacain do thairbhithe poiblí nó príobháideacha nuair a shínítear comhaontú deontais agus, de réir mar a bhíonn a dtionscadail maoinithe ag dul chun cinn, athchistíonn sé cuid de na costais iomlána a thuairiscíonn siad, glan ar na hairleacain sin. Is iondúil gur go hindíreach a dhéantar na cláir spáis a bhainistiú ar bhonn comhaontuithe tarmligin arna síniú idir an Coimisiún agus na comhlachtaí cur chun feidhme atá tiomnaithe don chlár (amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis). Is iad BEI nó CEI a dhéanann ionstraimí airgeadais InvestEU a chur chun feidhme go príomha, agus baineann siadsan úsáid as idirghabhálaithe airgeadais.

Ár bhfionnachtana

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide is dóchúla measta
€14.3 billiún 4.4 % (2020: 3.9 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide in “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha” ábharthach.

In 2021, bhí tionchar ag earráidí ar 55 (42 %) de na 130 idirbheart a scrúdaíomar.

Tá riosca ard ag gabháil i gcónaí le caiteachas Fís 2020 agus FP7, agus is ansin is mó a bhraitheamar earráidí. Fuaireamar earráidí inchainníochtaithe ag baint le costais neamh-incháilithe in 29 de na 87 n-idirbheart taighde agus nuálaíochta sa sampla. Seasann sé sin do 45 % dár meastachán ar an leibhéal earráide don cheannteideal seo in 2021.

I gcás cláir agus gníomhaíochtaí eile, bhraitheamar earráidí inchainníochtaithe i naoi gcinn as na 43 idirbheart sa sampla. Áiríodh orthu sin cásanna de neamhrialtacht sa nós imeachta soláthair, oibreacha a bheith éilithe agus athchistithe faoi dhó, athchistiú costas nár foráladh dóibh sa chreatchonradh, chomh maith le maoiniú ar shócmhainn neamh-incháilithe.

Tá na rialacha chun costais phearsanra a dhearbhú faoi Fís 2020 fós casta, in ainneoin iarrachtaí atá déanta chun iad a shimpliú, agus is mórfhoinse earráide sna héilimh chostais atá fós i ríomh na gcostas sin. As na 29 n-idirbheart inár sampla d’idirbhearta taighde a raibh earráidí inchainníochtaithe iontu, bhí 26, i.e. níos mó ná 89 %, ag baint le costais phearsanra neamh-incháilithe a bheith dearbhaithe agus athchistithe.

Sampla: Costais neamh-incháilithe mar gheall ar thaifid ama a bheith in easnamh

Trínár n-athbhreithniú ar chostais phearsanra a bhí dearbhaithe ag FBM, léiríodh nach raibh taifid ama ar bith ann ná aon fhianaise eile a thacódh leis an lear mór uaireanta an chloig a bhí curtha síos don tionscadal ag beirt den fhoireann. Thairis sin, bunaithe ar an anailís ar na bileoga ama a bhí curtha ar fáil don chuid eile den fhoireann a scrúdaíomar, fuaireamar go raibh duine amháin den fhoireann tar éis 225 uair an chloig a dhearbhú don tionscadal, ach nach raibh aon uair an chloig taifeadta sna bileoga ama; agus i gcás beirt eile den fhoireann, bhí éileamh déanta ar uaireanta an chloig nuair a bhí siad ar shaoire bhliantúil. Bhí iomlán de 1 277 uair an chloig (50 %) as na 2 550 uair an chloig a scrúdaíomar neamh-incháilithe.

Is iad na hiniúchóirí ar conradh ag na tairbhithe a sholáthraíonn deimhnithe maidir leis na ráitis airgeadais ag deireadh tionscadail, agus féachtar leo cuidiú leis an gCoimisiún a sheiceáil an bhfuil costais atá fógartha sna ráitis airgeadais incháilithe. Thuairiscíomar arís agus arís eile go bhfuil laigí sna deimhnithe sin. I mbliana, fuaireamar nach raibh seacht as an 12 chás d’earráidí inchainníochtaithe tugtha faoi deara ag na hiniúchóirí a sholáthair na deimhnithe ná ag an gCoimisiún.

Athbhreithniú ar chórais TF le haghaidh deontais taighde

In 2021, rinneamar athbhreithniú ar fhoireann feidhmchláir ríomhdheontais (eGrants), arb é sin réiteach gnó chorparáidigh an Choimisiúin chun bainistiú a dhéanamh ar dheontais agus ar shaineolaithe. Comhtháthaítear ann na córais atá in úsáid don phróiseas ar fad, i.e. ón gclár oibre agus ullmhú don ghlao, mar aon le bainistiú shreabh oibre an deontais.

Bunaithe ar ár n-athbhreithniú teoranta, fuaireamar go raibh na córais comhtháite go maith sa timpeallacht TF. I gcomhréir leis an mbunús dlí reatha, áfach, níl aon nasc idir córais chuntasaíochta na dtairbhithe agus an córas tuairiscithe. Tá na sonraí airgeadais ginearálta ag an gCoimisiún maidir le tionscadail de réir mar a cheanglaítear lena chreat rialaithe, agus aon fhaisnéis chuntasaíochta do thuilleadh rialaithe nó iniúchtaí nuair a iarrtar é sin. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil sé indéanta rialuithe uathoibríocha ar mhórscála a dhéanamh.

Tuairisciú an Choimisiúin ar rialtacht

Maidir le Fís 2020, thuairiscigh AS um Nuálaíocht agus Taighde (RTD) ráta earráide ionadaíoch measta de 2.3 % agus ráta earráidí iarmharacha de 1.7 % (lena n-áirítear gníomhaíocht cheartaitheach) do na hArdstiúrthóireachtaí agus comhlachtaí AE eile go léir a bhíonn ag bainistiú caiteachas taighde an Aontais. Tá na hiniúchtaí ex post is bun leo déanta ag an gComhsheirbhís Iniúchóireachta de chuid AS RTD (CAS), nó ag conraitheoirí seachtracha thar a cheann.

De bhrí gurbh é 2021 an chéad bhliain de chur chun feidhme Fís Eorpach, ní dhearnadh ach líon an-teoranta íocaíochtaí a fhorghníomhú (réamh-mhaoiniú in AS RTD amháin). Dá réir sin, níor thuairiscigh AS RTD ráta earráide braite do Fís Eorpach in 2021.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • a thathant go láidir ar na tairbhithe úsáid a bhaint as Draoi na gCostas Pearsanta (atá curtha ar fáil i dtairseach na rannpháirtithe), go háirithe i gcás catagóirí áirithe tairbhithe ar mó an claonadh atá iontu earráidí a dhéanamh, amhail FBManna agus iontrálaithe nua (le haghaidh deontais Fís 2020 agus Fís Eorpach araon);
  • treorú a thabhairt do thairbhithe i dtaobh difríochtaí sonracha, ag díriú isteach ar ghnéithe incháilitheachta faoi Fís Eorpach, i gcomparáid le Fís 2020 agus cláir chomhchosúla;
  • i gcás Fís 2020, feabhas a chur ar na rialuithe ex ante atá cheana ann chun coigeartuithe neamh-incháilithe féideartha a dhéanfaí ar chostais phearsanra a chuireann na tairbhithe isteach tar éis athríomh na rátaí in aghaidh na huaire a shainaithint agus a dhíothú;
  • tuilleadh feabhais a chur ar an treorú atá dírithe chuig na hiniúchóirí neamhspleácha atá ar conradh ag na tairbhithe chun na deimhnithe maidir leis na ráitis airgeadais a thabhairt i gcrích ionas go laghdófar an lear mór laigí atá sainaitheanta againn inár n-iniúchtaí ar na deimhnithe sin;
  • don chéad chlár taighde eile, a fhiosrú, i gcomhréir le riachtanais ghnó atá ag teacht chun cinn, an fhéidearthacht a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí san fhoireann feidhmchláir ríomhdheontais (eGrants) le haghaidh measúnú riosca agus seiceálacha uathoibríocha, e.g. trí leas a bhaint as foinsí sonraí eile chun príomhshonraí breise ag tacú le comhlíontacht a dheimhniú i bhformáid dhigiteach.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar chaiteachas AE le haghaidh “An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta” a fháil i gCaibidil 4 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

Iomlán: €80.1 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Díríonn an caiteachas faoin gceannteideal seo ar éagothromaíochtaí forbartha idir na Ballstáit agus na réigiúin éagsúla den Aontas a laghdú (fo-cheannteideal 2a), agus ar ghníomhaíochtaí chun tacú le luachanna an Aontais agus chun iad a chosaint, ionas go mbeidh an tAontas níos athléimní agus é ag dul i ngleic le dúshláin atá anois ann agus a bheidh ann amach anseo (fo-cheannteideal 2b). Tarlaíonn cistiú d’fho-cheannteideal 2a (comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach) trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), tríd an gCiste Comhtháthaithe (CC), trí Choiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). I dtaca le fo-cheannteideal 2b (athléimneacht agus luachanna), soláthraítear cistiú trí chláir amhail Erasmus+, roinnt scéimeanna níos lú agus ionstraimí sonracha a cruthaíodh mar fhreagairt do phaindéim COVID-19.

Tá cistí an bheartais chomhtháthaithe (CFRE, CC agus CSE) ag seasamh d’formhór an chaiteachais, ach is iad an Coimisiún agus na Ballstáit a roinneann bainistiú na gcistí. Déanann an tAontas cómhaoiniú ar chláir oibríochtúla ilbhliantúla (OPanna), as a dtagann cistiú do thionscadail. I gcás an Choimisiúin, tá Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) freagrach as CFRE agus CC a chur chun feidhme, agus tá an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) freagrach as CSE. Déantar cistiú an Aontais do chláir nach bhfuil faoi bhainistíocht chomhroinnte a bhainistiú go díreach ag Ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin nó go hindíreach le tacaíocht ó eagraíochtaí comhpháirtíochta nó ó údaráis eile.

Déanaimid iniúchóireacht ar chaiteachas nuair atá sé glactha ag an gCoimisiún. Do thuarascáil bhliantúil 2021, rinneamar iniúchóireacht ar chaiteachas €47.9 billiún sa réimse sin do thuarascáil bhliantúil 2021, lena n-áirítear caiteachas €44 bhilliún faoi fho-cheannteideal 2a agus €3.9 billiún faoi fho-cheannteideal 2b (2020: €48.4 billiún san iomlán). I gcomhréir lenár gcur chuige, áiríodh sa mhéid sin luach €40.8 billiún de chaiteachas ó bhlianta roimhe sin faoi fho-cheannteideal 2a a bhí glactha nó imréitithe ag an gCoimisiún in 2021.

Ár bhfionnachtana

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide is dóchúla measta
€47.9 billiún 3.6 % (2020: 3.5 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide i gceannteideal 2 de CAI ábharthach.

In 2021, rinneamar tástáil ar 243 idirbheart. Rinneamar 30 idirbheart a shainaithint agus a chainníochtú, ar bhain gach ceann acu le fo-cheannteideal 2a. Agus an 56 earráid a fuair údaráis iniúchóireachta roimhe seo á gcur san áireamh, chomh maith leis na ceartúcháin a chuir údaráis na gclár ó Bhallstáit i bhfeidhm (is é sin €458 milliún ar an iomlán don dá chlárthréimhse le chéile), measaimid gur 3.6 % atá sa leibhéal earráide. Is é 4.1 % an leibhéal measta earráide maidir le fo-cheannteideal 2a amháin.

Na tionscadail agus na costais neamh-incháilithe, sáruithe ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh (go háirithe neamhchomhlíontacht le rialacha státchabhrach) agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a bheith in easnamh is mó a chuir leis an leibhéal earráide measta. Is í cinnteoireacht lag na n-údarás bainistíochta is mó a rannchuidíonn leis an leibhéal earráide measta, mar shampla nuair a fhormheastar tionscadail neamh-incháilithe nó státchabhair neamhdhleathach. Tá sé tugtha faoi deara againn freisin go dtuairiscíonn údaráis iniúchóireachta leibhéil sách íseal den chineál seo earráide.

Léiríonn méid agus tionchar na n-earráidí a bhí braite nach ndéanann na rialuithe atá i bhfeidhm faoi láthair an riosca ard earráide fréimhíochta sa réimse seo a fhritháireamh go leordhóthanach. Is fíor sin go háirithe a mhéid a bhaineann le cás na n-údarás bainistíochta agus na gcomhlachtaí idirmheánacha, a bhfuil a bhfíoruithe fós neamhéifeachtach go pointe áirithe chun neamhrialtachtaí sa chaiteachas arna dhearbhú ag tairbhithe a chosc nó a bhrath.

Sampla: Gan aon fhíorú a bheith ann ar stádas rannpháirtithe

Sa Fhrainc, rinneadh stádas na rannpháirtithe i mbun fostaíochta, oiliúna nó oideachais in dhá thionscadal Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO) a sheiceáil bunaithe ar fhéindearbhuithe amháin.

I gcás ceann amháin de na tionscadail CSE a bhí i gceist, níorbh fhéidir leis an tairbhí aon fhianaise neamhspleách a sholáthar agus a thabharfadh le fios nach raibh na rannpháirtithe “i mbun fostaíochta, oiliúna ná oideachais” (NEET). D’iarramar tuilleadh seiceálacha ón gCoimisiún agus ó na húdaráis náisiúnta chun stádas na rannpháirtithe a shuíomh. Léirigh an méid sin go raibh naoi rannpháirtí as 37 i mbun fostaíochta, agus go raibh siad neamh-incháilithe do thacaíocht ón Aontas dá réir sin.

Sa Spáinn, fuaireamar go raibh trí cinn de na ceithre oibríocht inár sampla do TFAO neamh-incháilithe do chistiú an Aontais. Leis an reachtaíocht náisiúnta TFAO agus leis na cláir oibríochtúla a chlúdaíonn na hoibríochtaí sin, ceanglaítear ar NEETanna a bheith cláraithe leis an gcóras náisiúnta atá ann do Ráthaíocht don Aos Óg. Tugann an clárú sin rochtain ar roinnt beart cúnaimh, ach ina theannta sin fíoraíonn sé go gcomhlíonann siad ceanglais NEET. I dtrí cinn de na hoibríochtaí faoi iniúchóireacht, cláraíodh NEETanna sa chóras náisiúnta go cúlghabhálach. Mar gheall ar an gclárú cúlghabhálach sin, bhí sé dodhéanta a n-incháilitheacht mar dhaoine nach raibh i mbun oideachais ná oiliúna a bhailíochtú. Níos tábhachtaí ná aon rud eile, ciallaíonn sé go bhfuil na buntáistí breise atá ar fáil faoin dá scéim sin ceilte ar NEETanna.

Roghanna costas simplithe

D’fhéadfadh roghanna costas simplithe (SCOnna) ualach oibre agus earráidí riaracháin na dtairbhithe a laghdú. I mbliana, fuaireamar earráidí a bhaineann le húsáid SCOnna i gceithre idirbheart i mBallstát amháin. In Éirinn, fuaireamar go raibh na méideanna a d’athchistigh an Ballstát chuig na tairbhithe agus na méideanna a d’athchistigh an Coimisiún chuig an mBallstát bunaithe ar chineálacha éagsúla tacaíochta. Cé go ndearnadh athchistiú leis an tairbhí bunaithe ar chostais iarbhír, bhí cistiú an Aontais bunaithe ar SCOnna. Ní raibh an cur chuige sin i gcomhréir leis na ceanglais rialála le haghaidh SCOnna.

Laigí sonracha sa soláthar a dhéanann difear d’idirbhearta bainistíochta dírí

I mí Aibreáin 2020, chuir an Coimisiún an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (ESI) i ngníomh agus d’eisigh sé teachtaireacht inar míníodh na roghanna atá ar fáil sa phróiseas soláthair phoiblí chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann le géarchéim COVID-19. Bhain seacht gcinn de na 18 n-idirbheart inár sampla le haghaidh fho-cheannteideal 2b le híocaíochtaí a rinneadh faoi SIE in 2021. I dtaca leis na hidirbhearta sin, fuaireamar nár fhíoraigh an Coimisiún go leormhaith ar tugadh urraim do na téarmaí airgeadais dá chomhaontuithe réamhcheannaigh le monaróirí de dháileoga vacsaín COVID-19 ó thaobh íocaíochtaí do na conraitheoirí de. Fuaireamar laigí freisin i soláthar seirbhísí agus soláthairtí faoi ESI ach ní dhearnamar cainníochtú ar na hearráidí sin, ós rud é go raibh údar maith le conradh díreach a bheith ann i ngach cás a scrúdaíomar mar gheall ar nádúr neamhghnách na paindéime.

Measúnú ar obair na n-údarás iniúchóireachta

Is iad na húdaráis iniúchóireachta an ‘dara líne chosanta’ sa chreat maidir le caiteachas a dhearbhú agus a rialú. Fíoraíonn siad, ar bhonn samplach, rialtacht an chaiteachais a bhíonn dearbhaithe ag na húdaráis bhainistíochta don Choimisiún. Tríd an obair sin, déanfaidh siad deimhin de go gcoimeádtar an ráta earráidí iarmharacha faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 %. I mbliana, rinneamar measúnú ar obair 23 cinn den 116 údarás iniúchóireachta, i 19 mBallstát agus sa Ríocht Aontaithe.

Cé nach bhfuil sé i gceist lenár gcuid oibre conclúid a dhéanamh ar chruinneas rátaí earráidí iarmharacha na n-údarás iniúchóireachta iontu féin, fuaireamar earráidí nach raibh braite acu. Taispeánann ár gcuid oibre ar shampla na bliana seo go raibh an ráta earráidí iarmharacha níos airde ná 2 % in 12 as na 31 phacáiste dearbhaithe (ag freagairt do 39 % den chaiteachas sa sampla), agus earráidí breise a braitheadh tar éis fíoruithe an Choimisiúin á gcur san áireamh.

Ó 2017 i leith, tá scrúdú déanta againn ar shampla bliantúil de phacáistí dearbhaithe. Le linn na tréimhse sin, tá 69 bpacáiste dearbhaithe clúdaithe againn i 24 Bhallstát agus sa Ríocht Aontaithe uair amháin ar a laghad, agus is ionann sin gach bliain agus idir 34 % agus 62 % den chaiteachas atá deimhnithe sna cuntais bhliantúla. Agus coigeartuithe an Choimisiúin agus ár bhfionnachtana iniúchóireachta féin á gcur san áireamh, bhí rátaí iarmharacha os cionn 2 % ag 37 de na pacáistí sin (54 %) in aon bhliain amháin ar a laghad. Tá 37 bpacáiste ag seasamh go leanúnach do 39 %, ar a laghad, den chaiteachas inár sampla. Léiríonn sé sin a mhéid a thuairiscíonn údaráis iniúchóireachta go mícheart go bhfuil an ráta earráidí iarmharacha faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 %.

Tuairisciú ó AS REGIO agus AS EMPL i dtaobh rialtacht an chaiteachais ar Chomhtháthú

Is iad na Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na príomhuirlisí atá ag ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin chun tuairisciú a dhéanamh an bhfuil dearbhú réasúnach acu go bhfuil rialtacht an chaiteachais á háirithiú ag na nósanna imeachta rialaithe i mBallstáit.

Cuireann na Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí leibhéal earráide ar fáil mar phríomhtháscaire feidhmíochta ar rialtacht. Thuairiscigh AS REGIO príomhtháscaire feidhmíochta de 1.9 % agus “uasráta” de 2.5 %. Ba iad rátaí AS EMPL ná 1.7 % don phríomhtháscaire feidhmíochta agus 2.4 % don riosca uasta. D’úsáid an Coimisiún na rátaí earráide sin in AMPR 2021 chun faisnéis rialtachta a chur ar fáil. Rinne sé tuairisc ar riosca comhcheangailte maidir le híocaíocht a bhí idir 1.8 % agus 2.5 % d’fho-cheannteideal 2a de CAI ar chomhtháthú, agus idir 1.7 % agus 2.3 % do cheannteideal 2 de CAI ina iomláine.

In 2021, d’fhoilsíomar tuarascáil speisialta inar chuireamar mionsonraí ar fáil maidir le hábharthacht, iontaofacht agus comhsheasmhacht an leibhéil bhliantúil earráide a tuairiscíodh in AARanna agus san AMPR maidir le caiteachas comhtháthaithe. Thacaigh an tuarascáil leis na conclúidí a baineadh amach inár dtuarascáil bhliantúil le ceithre bliana anuas. Fuaireamar go gcuireann an Coimisiún meastachán íosta don leibhéal earráide nach bhfuil críochnaitheach ar fáil (ar leibhéal na gclár oibríochtúil, in AARanna agus in AMPR), agus go bhfuil luach teoranta ag baint le hathbhreithnithe deisce ó thaobh bhailíocht na rátaí earráidí iomlána iarmharacha arna dtuairisciú ag na húdaráis iniúchóireachta a dheimhniú.

Mar fhreagairt ar ár moltaí, tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar a mhodheolaíocht chun a rioscaí uasta a ríomh. Go háirithe, cuireann sé breisiú i bhfeidhm anois ar chláir oibríochtúla nach ndearnadh iniúchóireacht orthu, bunaithe ar rátaí earráide a thuairiscíonn an t-údarás iniúchóireachta céanna le haghaidh cláir oibríochtúla eile, nó cothromráta i gcás nach bhfuil iniúchóireacht déanta ag an údarás iniúchóireachta go fóill. Ní dhéanann an Coimisiún na coigeartuithe sin i gcás cláir oibríochtúla a ndearnadh iniúchóireacht orthu i mblianta cuntasaíochta roimhe sin, áfach. Leanann sé de bheith ag brath ar a athbhreithnithe deisce féin (dóibh sin a bhfuil teorainneacha fréimhíochta acu i gcomparáid le hiniúchtaí comhlíontachta). Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an leibhéal breisithe leordhóthanach mar mhíniú ar na hearráidí nach bhfuil braite ag an gCoimisiún trína iniúchtaí comhlíontachta.

Nós imeachta an smachta reachta

I mí Aibreáin 2022, sheol an Coimisiún fógra i scríbhinn chuig an Ungáir maidir le sáruithe líomhnaithe ar an smacht reachta. Chun na críche sin, ní mór forais réasúnacha a bheith ag an gCoimisiún chun a mheas go ndéanann na sáruithe sin difear do bhainistiú fónta airgeadais ar bhuiséad AE nó do leasanna airgeadais an Aontais, nó go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar difear dóibh. In AARanna 2021 uathu, ní dhearna AS EMPL ná AS REGIO aon tagairt don nós imeachta sin atá ar siúl faoi láthair ná conas a d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh don dearbhú is féidir leis an gCoimisiún a fháil ó chóras rialaithe agus dearbhaithe na hUngáire.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • maidir leis na ceanglais a ghabhann le tairbhithe a athchistiú trí mhodheolaíocht a úsáid atá éagsúil ó na roghanna costas simplithe (SCOnna) a úsáidtear chun íocaíochtaí chuig Ballstáit ó bhuiséad AE a ríomh, na ceanglais sin a athdhearbhú do na húdaráis bhainistíochta, agus aird ar leith a thabhairt ar an gcás a braitheadh i mbliana i gceann de chláir oibríochtúla CSE in Éirinn;
  • a chinntiú, nuair atá cláir oibríochtúla bunaithe ar scéimeanna náisiúnta atá ann cheana féin, go rannchuidíonn an oibríocht atá curtha chun feidhme go héifeachtach le cuspóirí an chláir, agus aird ar leith á tabhairt ar an gcás a braitheadh i mbliana maidir le rannpháirtithe NEET i gcláir oibríochtúla CSE/TFAO sa Spáinn;
  • a athdhearbhú d’údaráis na gclár nach mór dóibh stádas NEET na rannpháirtithe a dheimhniú sula gcuirtear isteach dearbhuithe caiteachais le haghaidh cláir CSE/TFAO ó thréimhse 2014-2020. Ba cheart go ndéanfaí na seiceálacha sin ar bhonn foinsí iontaofa agus fíoraithe, agus aird ar leith á thabhairt ar an gcás a braitheadh i mbliana i gcláir oibríochtúla CSE/TFAO sa Fhrainc agus in Éirinn;
  • a fhíorú go gcomhlíonann monaróirí vacsaíní COVID-19 téarmaí na gcomhaontuithe réamhcheannaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le costais táirgthe measta, le maoiniú tosaigh a úsáid agus, i gcás inarb infheidhme, le clásail neamhbhrabúis a urramú, agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh de réir mar is gá;
  • a athdhearbhú d’údaráis iniúchóireachta go gceanglaítear orthu leis an gcreat dlíthiúil rian iniúchóireachta a choinneáil, a fhágfaidh go mbeidh an Coimisiún in ann a fhíorú go bhfuil a nósanna imeachta samplála neamhspleách, oibiachtúil agus gan chlaontacht;
  • faisnéis a sholáthar ina thuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí i dtaobh nósanna imeachta um an smacht reachta atá ar siúl in aghaidh Ballstát, agus an chaoi a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh don dearbhú is féidir leis an gCoimisiún a fháil faoi rialtacht an chaiteachais ó chórais dearbhaithe agus rialaithe na dtíortha atá i gceist.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar chaiteachas AE le haghaidh “Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna” a fháil i gCaibidil 5 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

Acmhainní nádúrtha

Iomlán: €56.8 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Clúdaíonn an réimse caiteachais seo an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), an comhbheartas iascaigh, agus cuid de chaiteachas an Aontais don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide.

Is é CBT is cúis le 97 % den chaiteachas ar “Acmhainní nádúrtha”. Is iad na trí chuspóir ghinearálta do CBT atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais ná:

  • táirgeadh inmharthana bia agus béim ar an ioncam talmhaíochta, ar tháirgiúlacht talmhaíochta agus ar chobhsaíocht na bpraghsanna;
  • acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, gníomhú ar son na haeráide, agus béim ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa, ar an mbithéagsúlacht, ar ithir agus ar uisce; agus
  • forbairt chríochach ar mhodh cothrom.

Cuirtear caiteachas CBT faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) in dhá chatagóir leathana:

  • íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, atá lánchistithe as buiséad an Aontais; agus
  • bearta sna margaí talmhaíochta, atá lánchistithe freisin as buiséad an Aontais, cé is moite de bhearta áirithe atá cómhaoinithe ag na Ballstáit, lena n-áirítear bearta cur chun cinn.

Sa bhreis air sin, tacaíonn CBT le straitéisí agus tionscadail forbartha tuaithe tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

Clúdaíonn an ceannteideal seo de CAI freisin caiteachas an Aontais ar an mbeartas muirí agus iascaigh, agus cuid de chaiteachas an Aontais don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide a chlúdaíonn cláir EMMF agus LIFE.

I gcás 2021, bhí caiteachas €56.6 billiún faoi réir iniúchóireachta san fho-cheannteideal sin de CAI.

Roinneann an Coimisiún bainistiú an CBT leis na Ballstáit.

Ár bhfionnachtana

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide is dóchúla measta
€56.6 billiún Garr don ábharthacht 1.8 % (2020: 2.0 %)

Bunaithe ar na hearráidí atá cainníochtaithe againn agus ar fhianaise eile a tháinig as ár gcóras rialaithe, fuaireamar go raibh an leibhéal earráide le haghaidh “Acmhainní nádúrtha” gar don tairseach ábharthachta.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, léiríonn ár dtorthaí nach raibh an leibhéal earráide ábharthach i dtaca le híocaíochtaí díreacha atá bunaithe go príomha ar limistéar de thalamh talmhaíochta agus é dearbhaithe ag feirmeoirí, arb ionann é agus 67 % de chaiteachas faoi “Acmhainní nádúrtha”. Ó thaobh na réimsí eile atá fágtha (forbairt tuaithe, bearta sna margaí, iascach, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide) a sheasann do 33 % de chaiteachas faoin gceannteideal sin de CAI, tugann ár dtorthaí le fios (ina iomláine) go bhfuil leibhéal earráide ábharthach ann.

Íocaíochtaí díreacha d’fheirmeoirí: córas rialaithe éifeachtach

Is é an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR), lena n-ionchorpraítear an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (LPIS), an phríomhuirlis bhainistithe d’íocaíochtaí díreacha. Chabhraigh CCRR leis an leibhéal earráide in íocaíochtaí a ísliú, agus ranníocaíocht shuntasach ar leith á déanamh ag LPIS.

Sna 84 idirbheart íocaíochta dírí a thástálamar, ní bhfuaireamar ach trí cinn de mhionearráidí inchainníochtaithe, agus tháinig siad sin ó fheirmeoirí a bheith ag rá go raibh limistéar incháilithe de thalamh talmhaíochta acu a bhí níos mó ná mar a bhí acu dáiríre.

Seiceálacha trí fhaireachán

Ó 2018, is féidir le gníomhaireachtaí íocaíochta “seiceálacha trí fhaireachán” a dhéanamh. Leis an gcur chuige sin, baintear úsáid as uathphróisis bunaithe ar shonraí satailíte Sentinel, faoi chlár Copernicus an Aontais, chun comhlíonadh rialacha CBT a sheiceáil. I gcásanna inar féidir na critéir incháilitheachta a bhaineann le scéim íocaíochta ar leith a mheas ón spás, cuirtear ar chumas gníomhaireachtaí íocaíochta faireachán ó chian a dhéanamh ar phobal uile na bhfaighteoirí cúnaimh.

Is féidir seiceálacha trí fhaireachán a úsáid chun foláireamh a thabhairt d’fheirmeoirí tráth ar bith i rith an tséasúir fáis go mb’fhéidir nach bhfuil siad ag comhlíonadh rialacha na scéime íocaíochta. Cuireann sé sin deiseanna breise ar fáil d’fheirmeoirí chun a n-éilimh a cheartú sula mbeidh siad curtha i gcrích.

Trínár gcuid oibre, scrúdaíomar an chaoi ar cuireadh seiceálacha trí fhaireachán i bhfeidhm sa Spáinn agus san Iodáil. Tá seiceálacha den chineál sin á gcur chun feidhme ag an Spáinn ó 2019. Tá na seiceálacha seo leathnaithe amach chuig líon méadaitheach de bhearta forbartha tuaithe ag cuid de na réigiúin. San Iodáil, is íocaíochtaí díreacha amháin a bhí clúdaithe sna seiceálacha, ach tá sé i gceist ag an tír na seiceálacha sin a leathnú amach go dtí bearta forbartha tuaithe áirithe.

Tá sé geallta ag an gCoimisiún go dtabharfaidh sé tacaíocht do na Ballstáit ó thaobh seiceálacha trí fhaireachán a fhorbairt. Amhail ag deireadh 2021, bhí seiceálacha trí fhaireachán in úsáid in 13.1 % de réimse na bpríomhscéimeanna do chúnamh díreach (íocaíochtaí bunúsacha agus íocaíochtaí aonair limistéir).

Forbairt tuaithe, bearta sna margaí, iascach, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide: riosca earráide níos airde

I gcomparáid le híocaíochtaí díreacha, tá na réimsí caiteachais seo faoi réir choinníollacha incháilitheachta casta, agus méadaíonn an riosca earráide dá bharr.

As na 104 idirbheart forbartha tuaithe a thástálamar, ní raibh aon earráid in 90 díobh a rinne difear don riosca. As an 13 chás ina bhfuaireamar agus inar chainníochtaíomar earráidí, bhí tionchar níos mó ná 20 % ag sé cinn acu. Bhraitheamar saincheist chomhlíontachta amháin nach raibh aon tionchar airgeadais ag gabháil léi.

Sampla de choinníoll incháilitheachta agra-chomhshaoil-aeráide nach raibh á chomhlíonadh

Sa Pholainn, fuair feirmeoir cúnamh faoi bheart forbartha tuaithe M10 – “Arga-chomhshaoil-aeráid”. Dhearbhaigh an feirmeoir trí cinn de dháileachtaí talún faoin mbeart agus bhí ar an bhfeirmeoir roinnt gealltanais a chomhlíonadh:

  • na limistéir dhearbhaithe a lomadh uair amháin idir an 15 Iúil agus an 30 Meán Fómhair;
  • ar phéire de na dáileachtaí, 15-20 % den limistéar a fhágáil gan lomadh; agus
  • an bhithmhais bainte a bhurláil laistigh de dhá sheachtain tar éis an lomtha.

Fuaireamar amach nár léirigh formhór na sonraí taifeadta i gclár feirme an tairbhí an ghníomhaíocht talmhaíochta iarbhír. Trí úsáid a bhaint as íomhánna satailíte Sentinel, bhíomar in ann an méid seo a leanas a dheimhniú:

  • níor lomadh dáileacht amháin ar chor ar bith;
  • ceann de na dáileachtaí ar cheart go mbeadh cuid de fágtha gan lomadh, lomadh go hiomlán í; agus
  • in dhá dháileacht; bhí dáta an lomtha éagsúil ón dáta a thaifead an feirmeoir, rud a thug orainn teacht ar an gconclúid gur bailíodh nó gur burláladh an bhithmhais níos mó ná dhá sheachtain tar éis an lomtha.

Nuair a dhéantar na pionóis atá leagtha síos sna rialacha náisiúnta a chur san áireamh, bhí earráid de 57 % ann don íocaíocht faoi iniúchóireacht mar thoradh ar an neamhchomhlíonadh sin.

Cruthaíonn bearta sna margaí talmhaíochta lear scéimeanna éagsúla atá faoi réir coinníollacha incháilitheachta éagsúla. Thástálamar 14 idirbheart do bhearta sna margaí, agus fuaireamar ceithre chás nuair a bhí costais neamh-incháilithe athchistithe ag gníomhaireachtaí íocaíochta. Bhí gach ceann de na ceithre earráid sin faoi bhun 20 %.

Tá éagsúlachtaí ann freisin i dtaca le critéir roghnúcháin agus ceangaltais incháilitheachta do thionscadail san iascach, sa chomhshaol agus sa ghníomhú ar son na haeráide. Ní bhfuaireamar aon earráid i measc na gceithre idirbheart faoi bhainistiú díreach a scrúdaíomar. Do shé idirbheart eile, atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, fuaireamar trí earráid chainníochtaithe, lena n-áirítear ceann a bhí os cionn 20 %, agus a tháinig as na costais incháilithe a ríomh go mícheart.

Seiceálacha comhleanúnachais

Le haghaidh bhliain airgeadais 2021, scrúdaíomar cáilíocht agus comhleanúnachas na staitisticí rialaithe agus na sonraí íocaíochta sin ó Bhallstáit a bhí tuairiscithe chuig an gCoimisiún. Ar an iomlán, fuaireamar go ndearna na córais a bhí ag na gníomhaireachtaí íocaíochta a roghnaíodh na híocaíochtaí cúnaimh a ríomh go hiontaofa, agus gur chuir siad na coigeartuithe a bhí ag teacht as na sonraí maidir le rialú san áireamh i gceart.

Beart M21

Ba é an príomhchuspóir a bhí le beart M21 (“Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19”) ná aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna leachtachta d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide a d’fhulaing mar gheall ar ghéarchéim COVID-19. Scrúdaíomar an chaoi a ndearnadh an beart sin a chur chun feidhme i gceithre Bhallstát. Shainaithníomar líon teoranta cásanna ina raibh cistí faighte ag tairbhithe nár chomhlíon na critéir chun cúnamh a fháil. D’fhéadfadh sé sin a bheith stoptha ag na gníomhaireachtaí íocaíochta dá mba rud é gur bhain siad úsáid as córas IACS seachas bileoga Excel a úsáid.

Tuairisciú ag Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AS AGRI) ar rialtacht chaiteachas CBT

Déanann stiúrthóir gach gníomhaireachta íocaíochta dearbhú bainistíochta bliantúil maidir le héifeachtacht chórais bhainistithe agus rialaithe a ngníomhaireachta agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht a n-íocaíochtaí a chur faoi bhráid AS AGRI. Ina theannta sin, tuairiscíonn na Ballstáit ar a seiceálacha riaracháin agus ar a seiceálacha ar an bhfód (“staidreamh maidir le rialú”).

Ó 2015 i leith, chun dearbhú breise a thabhairt, tá ar chomhlachtaí deimhniúcháin tuairim a thabhairt go bliantúil do gach gníomhaireacht íocaíochta maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a bhfuil athchistiú iarrtha ag na Ballstáit ina leith.

Úsáideann AS AGRI na rátaí earráide a thuairiscítear sa staidreamh maidir le rialú, arna gcoigeartú bunaithe ar thorthaí iniúchtaí na gcomhlachtaí deimhniúcháin, mar aon lena chuid iniúchtaí féin ar chórais agus caiteachas na ngníomhaireachtaí íocaíochta chun figiúr a ríomh le haghaidh “riosca ag tráth na híocaíochta”. Mheas sé go mbeadh an riosca ag tráth na híocaíochta ag thart ar 1.8 % do chaiteachas iomlán CBT in 2021. Is é an meastachán a rinne AS AGRI den riosca ag tráth na híocaíochta (ráta earráide coigeartaithe) ná thart ar 1.4 % le haghaidh íocaíochtaí díreacha, 2.9 % le haghaidh forbairt tuaithe agus 2.1 % le haghaidh bearta sna margaí.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • bunaithe ar an taithí ar “sheiceálacha trí fhaireachán” a úsáid, comhroinnt dea-chleachtais a éascú maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua sna Ballstáit chun a seiceálacha a dhéanamh ar íocaíochtaí CBT, chun tacú leis na Ballstáit chun an Córas Faireacháin Limistéir a chur chun feidhme ó 2023;
  • iniúchtaí a dhéanamh, agus faireachán agus meastóireacht a áirithiú, chun a dheimhniú go raibh beart M21 ag spriocdhíriú go cuí ar thairbhithe incháilithe a raibh fadhbanna leachtachta acu a chuir leanúnachas a gcuid gníomhaíochtaí feirmeoireachta nó gnó i mbaol.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar chaiteachas AE le haghaidh “Acmhainní nádúrtha” a fháil i gCaibidil 6 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
Slándáil agus Cosaint

Iomlán: €3.2 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Tá an réimse caiteachais seo comhdhéanta de bheartais éagsúla a bhaineann le himirce agus bainistiú teorainneacha (Ceannteideal 4 de CAI) agus le slándáil agus cosaint (Ceannteideal 5 de CAI). Tuairiscímid ar na ceannteidil sin i gcaibidil chomhchoiteann, ós rud é gur buiséadaíodh den chuid is mó iad agus gur taifeadadh iad faoi cheannteideal aonair, CAI3 – “Slándáil agus saoránacht”, sa tréimhse CAI roimhe sin.

I gcás Cheannteideal 4 – “Imirce agus Bainistiú Teorainneacha”, bhí formhór an chaiteachais ag baint le tionscadail agus scéimeanna ón gclárthréimhse roimhe sin (2014-2020) a thabhairt chun críche, ar tionscadail agus scéimeanna iad a tháinig faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus faoin gCiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí (ISF-BV).

Is é is aidhm don dá chiste sin ná rannchuidiú le bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce agus cur chuige coiteann de chuid an Aontais a bhaint amach maidir le tearmann agus imirce (AMIF) agus ardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas agus taisteal dlisteanach á éascú, trí leibhéal rialaithe comhionann agus ard ag na teorainneacha seachtracha agus trí phróiseáil éifeachtach ar víosaí Schengen (ISF-BV). Tá bainistiú na gcistí sin roinnte, den chuid is mó, idir an Ardstiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile (AS HOME) sa Choimisiún agus na Ballstáit.

Réimse caiteachais suntasach eile do Cheannteideal 4 is ea cistiú do thrí ghníomhaireacht dhíláraithe (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann – EUAA, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta – Frontex, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais – eu-LISA) atá gníomhach i gcur chun feidhme phríomhthosaíochtaí an Aontais i réimse na himirce agus an bhainistithe teorainneacha. Déanaimid tuairisciú ar leithligh ar an gcaiteachas de réir na ngníomhaireachtaí Eorpacha inár dtuarascálacha bliantúla sonracha agus in achoimre bhliantúil dar teideal “Iniúchadh ar ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh i mbeagán focal”.

I gcás 2021, ba é €2.6 billiún a bhí i gceist lenár bpobal iniúchóireachta le haghaidh Cheannteideal 4 de CAI.

Mar a léirítear i gceannteideal 5 CAI "Slándáil agus Cosaint", áirítear leis an gcomhchuid “slándáil” cistiú ón gCiste Slándála Inmheánaí – An Ionstraim Phóilíneachta (ISF-P) do 2014-2020 a thabhairt chun críche, cistiú do dhíchoimisiúnú núicléach (Tacaíocht airgeadais ón Aontas chun suiteálacha núicléacha sa Bhulgáir, sa Liotuáin agus sa tSlóvaic a dhíchoimisiúnú) agus cistiú do thrí ghníomhaireacht dhíláraithe AE sa réimse slándála (an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí – EMCDDA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí – Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí – CEPOL). Áirítear leis an gcomhchuid “cosaint” an Ciste Eorpach Cosanta, a thacaíonn le tionscadail chomhoibríocha cosanta ag gach céim den taighde agus forbairt.

In 2021, ba é €0.6 billiún a bhí i gceist lenár bpobal iniúchóireachta le haghaidh Cheannteideal 5 de CAI.

Ár bhfionnachtana

In 2021, scrúdaíomar sampla de 28 n-idirbheart. Cé go rannchuidíonn an sampla sin leis an ráiteas dearbhaithe foriomlán, níl sé ionadaíoch ar an gcaiteachas faoi na ceannteidil 4 agus 5 de CAI. Dá bhrí sin, níl ar ár gcumas meastachán den ráta earráide a sholáthar do na ceannteidil CAI seo.

As na 28 n-idirbheart a scrúdaíodh, rinne earráidí difear do naoi gcinn (32 %) acu. Tá sé earráid cainníochtaithe againn a raibh tionchar acu ar na méideanna a cuireadh chun dochair do bhuiséad an Aontais. Thángamar ar shé chás nár comhlíon forálacha dlíthiúla agus airgeadais (ach gan aon tionchar acu ar bhuiséad an Aontais).

Sampla: Cineálacha feithiclí neamh-incháilithe a éadáil

Rinneamar iniúchóireacht ar Thionscadal Póilíneachta faoi ISF a bhí faoi bhainistíocht chomhroinnte leis an mBulgáir. Chuir roinn aireachta an tionscadal chun feidhme agus bhí 18 bhfeithicil eisbhóthair nua i gceist leis.

Roghnaíomar go randamach sampla de dheich bhfeithicil a ceannaíodh le linn an tionscadail le haghaidh seiceálacha mionsonraithe. Fuaireamar nár chomhlíon ach cúig cinn de na feithiclí sin an sainmhíniú ar fheithiclí eisbhóthair i dTreoir 2007/46/CE. Mheasamar mar sin go raibh 50 % de chostais an tionscadail neamh-incháilithe. Chomh maith leis sin, ní raibh an clár úsáide feithiclí mionsonraithe go leordhóthanach chun a léiriú gur le haghaidh an tionscadail sin, agus lena aghaidh sin amháin, a bhí na feithiclí a ceannaíodh á n-úsáid.

Léirigh ár n-athbhreithniú ar an obair a rinne trí cinn d’údaráis iniúchóireachta go raibh nósanna imeachta mionsonraithe forbartha agus curtha chun feidhme acu, a raibh cáilíocht leordhóthanach ag roinnt leis na nósanna imeachta sin a ligfeadh dóibh tuairisciú a dhéanamh ar a gcuid oibre sa tuarascáil bhliantúil ar rialú a sholáthraíonn siad don Choimisiún. Shainaithníomar easnaimh ina n-obair iniúchóireachta agus ina dtuairisciú áfach.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocraithe rialachais eile

Rinneamar athbhreithniú ar an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ó AS HOME, agus ní bhfuaireamar faisnéis ar bith a d’fhéadfadh ár gcuid fionnachtana a bhréagnú. De bhrí nach mbaineann ár seiceálacha ar 25 idirbheart ach le sciar beag de na hidirbhearta faoi fhreagracht AS HOME, nílimid in ann ráiteas dearbhaithe na hArdstiúrthóireachta a fhíorú bunaithe ar thorthaí ár gcuid oibre iniúchóireachta.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • tuilleadh treoraíochta a thabhairt do thairbhithe ó ghníomhaíocht an Aontais agus ó chúnamh éigeandála, agus d’údaráis na mBallstát atá freagrach as cistiú AS HOME a chur chun feidhme, maidir leis an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

    1. na rialacha maidir le doiciméadacht tacaíochta iomchuí a bhailiú, ar doiciméadacht í sin is féidir a tháirgeadh i gcás seiceálacha nó iniúchóireachtaí; agus
    2. an oibleagáid rialacha náisiúnta maidir le soláthar poiblí a chomhlíonadh nuair a bhíonn earraí nó seirbhísí á gceannach acu;
  • seiceálacha ex ante atá spriocdhírithe níos fearr a dhéanamh ar incháilitheacht an chaiteachais, go háirithe i gcás cúnamh éigeandála, agus ag díriú go sonrach ar na rioscaí féideartha a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    1. an cineál caiteachais (e.g. soláthar);
    2. an cineál tairbhí (e.g. tairbhithe nach bhfuil mórán taithí nó nach bhfuil aon taithí acu ar mhaoiniú ón Aontas).
    Agus é seo á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh go bhfuil teorainneacha ag baint le deimhnithe iniúchóireachta a úsáid chun tacú le héilimh ar íocaíocht a dhéanann tairbhithe.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar chaiteachas AE le haghaidh “Imirce agus Bainistiú Teorainneacha/Slándáil agus Cosaint” a fháil i gCaibidil 7 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

An Chomharsanacht agus an Domhan

Iomlán: €10.9 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Clúdaíonn an caiteachas sa réimse seo caiteachas ar gach gníomhaíocht sheachtrach atá cistithe as buiséad an Aontais (cé is moite de Chistí Forbraíochta na hEorpa). Tá sé seo a leanas mar aidhm ag na beartais: seasamh le luachanna, prionsabail agus leasanna bunúsacha an Aontais ar fud an domhain, agus iad a chur chun cinn, agus cuidiú le hiltaobhachas agus comhpháirtíochtaí níos láidre a chur chun cinn le tíortha lasmuigh den Aontas chun tacú le tíortha tairbhiúla ó thaobh athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ar athchóirithe iad sin atá orthu a dhéanamh ionas go mbeidh siad ailínithe le luachanna an Aontais d’fhonn go bhféadfaidh siad teacht isteach san Aontas, agus ar an gcaoi sin go rannchuidítear lena gcobhsaíocht, lena slándáil agus lena rathúnas.

Déantar íocaíochtaí a leithdháileadh trí úsáid a bhaint as ionstraimí éagsúla agus modhanna seachadta ar leith amhail conarthaí oibreacha/soláthair/seirbhíse, deontais, iasachtaí speisialta, ráthaíochtaí iasachta agus cúnamh airgeadais, tacaíocht bhuiséid agus foirmeacha spriocdhírithe eile de chabhair bhuiséadach in os cionn 150 tír.

I gcás 2021, is é €10 mbilliún a bhí sa chaiteachas a bhí faoi réir iniúchóireachta sa réimse seo.

Ár bhfionnachtana

Rinneamar athbhreithniú ar shampla de 67 n-idirbheart agus cé go rannchuidíonn siad sin lenár ráiteas dearbhaithe foriomlán, fós níl sé ionadaíoch ar an gcaiteachas faoin gceannteideal seo de CAI. Dá bhrí sin, níl ar ár gcumas meastachán den ráta earráide a sholáthar don cheannteideal seo.

As na 67 n-idirbheart a scrúdaíodh, rinne earráidí difear do 32 (48 %) acu. In ainneoin a theoranta a bhí méid an tsampla, dheimhnigh torthaí ár n-iniúchta go bhfuil an riosca earráide sa cheannteideal seo de CAI ard. Tá 24 earráid cainníochtaithe againn a raibh tionchar acu ar na méideanna a cuireadh chun dochair do bhuiséad an Aontais. Seo a leanas iad na catagóirí earráide ba choitianta: caiteachas nár tabhaíodh, costais neamh-incháilithe, gan doiciméid tacaíochta a bheith ann, agus earráidí sa soláthar poiblí.

Sampla: Cuid den chaiteachas nár tabhaíodh

AS NEAR

Rinneamar iniúchóireacht ar chaiteachas a éilíodh faoi chomhaontú ranníocaíochta ag eagraíocht idirnáisiúnta a bhí tiomanta do chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban le haghaidh gníomhaíocht a raibh sé mar aidhm léi dúshlán a thabhairt do steiréitíopaí inscne i dtíortha i gComhpháirtíocht an Oirthir. De réir an chomhaontaithe ranníocaíochta, is é €7.9 milliún a bhí i gcostas iomlán measta na gníomhaíochta – le ranníocaíocht ón Aontas suas le €7 milliún i gceist leis sin.

Do na chéad 12 mhí den tréimhse cur chun feidhme trí bliana, thuairiscigh an tairbhí go raibh €2.2 milliún de chaiteachas tabhaithe i gceist – mar a bhí an Coimisiún ag dréim leis. Scrúdaíomar na doiciméid tacaíochta agus fuaireamar nach raibh ach €1.2 milliún sa chaiteachas incháilithe. Bhí an eagraíocht idirnáisiúnta tar éis €977,434 a thuairisciú go mícheart mar chaiteachas tabhaithe. Cé go raibh an méid sin i gceist lena cuid gealltanas, ní raibh sé caite go hiarbhír fós aici. Bhí an Coimisiún dá bhrí sin tar éis 44 % den mhéid faoi iniúchóireacht a imréiteach go mícheart.

Idirbhearta a bhaineann le tacaíocht bhuiséid agus tionscadail arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus atá faoi réir “cur chuige barúlach” (nuair a dhéantar ranníocaíochtaí ón gCoimisiún chuig tionscadail ildeontóra a thiomsú le ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile agus gan iad curtha i leataobh le haghaidh míreanna caiteachais sonracha agus inaitheanta), is lú claonadh chun earráide a bhí iontu. In 2021, bhraitheamar aon earráid amháin i ngach ceann de na réimsí caiteachais sin.

Mar a tharla i mblianta roimhe sin, níor thug cuid de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ach rochtain theoranta ar dhoiciméid (e.g. i bhformáid inléite amháin), rud a chiallaíonn nach féidir linn cóipeanna a dhéanamh díobh. Chuir na saincheisteanna sin bac ar phleanáil agus forghníomhú ár n-iniúchta agus chruthaigh sé moilleanna inár gcuid oibre. Cé go bhfuil dlús curtha ag an gCoimisiún lena chumarsáid le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tá deacrachtaí i gcónaí againn an doiciméadacht a iarrann muid a fháil.

Staidéar RER ó AS NEAR

In 2021, rinne conraitheoir seachtrach an seachtú staidéar ar an ráta earráidí iarmharacha (RER) thar ceann na hArd-Stiúrthóireachta um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú (AS NEAR). Ba é cuspóir an staidéir sin ná meastachán a dhéanamh ar ráta na n-earráidí sin nach raibh braite ag seiceálacha bainistíochta AS NEAR ar mhaithe le hearráidí den sórt sin a chosc, a bhrath agus a cheartú ar fud a réimse freagrachtaí go léir, chun go bhféadfaí teacht ar chonclúid i dtaobh éifeachtacht na seiceálacha sin. Ní luaiteachas dearbhaithe ná iniúchadh atá ann.

Faoi mar a bhí i mblianta roimhe seo, mheas siad RER foriomlán do AS NEAR a bhí faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 % atá socraithe ag an gCoimisiún (2021: 1.05 %; 2020: 1.36 %).

I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo uainn, thugamar tuairisc cheana ar na teorainneacha atá leis na staidéir agus go bhféadfaidís rannchuidiú le gannmheastachán ar RER.

Sa phobal do phróiseas RER 2021, bhí seanchonarthaí a dúnadh i rith na tréimhse tagartha le luach iomlán de €389 milliún agus conarthaí deontais théamacha ó AS NEAR suas le €50 milliún eisiata. Ag €439 milliún, b’ionann an dá chineál conarthaí eisiata sin, á dtógáil in éineacht, agus thart ar 20 % de phunann conarthaí dúnta AS NEAR ar fiú €2.27 billiún í. Is sciar suntasach é sin le heisiamh go buan as aon athbhreithniú RER, go háirithe nuair a smaoinítear air go bhfuil luach thart ar €1.7 billiún ag gabháil le pobal samplála críochnaitheach RER an ‘ráta earráide uilíoch (díorthaithe ón Ardstiúrthóireacht)’, agus go bhféadfadh sé go mbeadh earráidí fágtha gan brath mar gheall air sin. Is teorannú nach bhfuil foilsithe in AAR 2021 ag AS NEAR atá in eisiamh na gconarthaí sin.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocraithe rialachais eile

Bunaithe ar an meastachán íseal don ráta earráidí iarmharacha, dhearbhaigh Ardstiúrthóir AS ECHO go raibh neamhchosaint airgeadais na hardstiúrthóireachta faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 %. De bhrí nach mbaineann ár seiceálacha ach le sciar beag de na hidirbhearta faoi fhreagracht AS ECHO, nílimid in ann an ráiteas sin a fhíorú bunaithe ar thorthaí ár gcuid oibre.

Tá paindéim COVID 19 agus géarchéimeanna polaitiúla tar éis riosca a chruthú ó thaobh cabhair dhaonnúil a sheachadadh, mar go bhfuil srian nó cosc curtha acu ar rochtain chuig daoine a bhfuil géarchéim dhaonnúil ag cur isteach orthu. Ní hé amháin go mbaineann an riosca seo le measúnuithe ar riachtanais dhaonnúla, ach baineann sé freisin le seachadadh na cabhrach féin chomh maith leis na rialuithe gaolmhara.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • bearta iomchuí a ghlacadh atá dírithe ar a áirithiú go ndéantar aon ghealltanas nó réamhíocaíocht arna n-éileamh ag tairbhithe mar chostais tabhaithe a asbhaint sula ndéantar íocaíochtaí nó imréitigh;
  • rialuithe a neartú nuair atá comhaontuithe airgeadais d’oibríochtaí tacaíochta buiséid á ndréachtú d’fhonn coinníollacha soiléire a leagan síos i gcomhaontuithe maoinithe maidir le cistí a aistriú go dtí cuntas ciste i mbanc ceannais na tíre tairbhiúla agus maidir leis an ráta malairte is infheidhme; ba cheart go mbeidís sin ag teacht leis na treoirlínte don tacaíocht bhuiséid;
  • a chur in iúl i dTuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí 2022 agus i dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí amach anseo cén cineál conarthaí, agus luach na gconarthaí sin, atá eisiata ó phobal an staidéir RER.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar chaiteachas AE le haghaidh “An Chomharsanacht agus an Domhan” a fháil i gCaibidil 8 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

An Riarachán Poiblí Eorpach

Iomlán: €10.7 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Chlúdaigh ár n-iniúchadh caiteachas riaracháin institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh: Parlaimint na hEorpa (PE), Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR), an tOmbudsman Eorpach agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS).

In 2021, chaith na hinstitiúidí agus comhlachtaí suim iomlán de €10.7 billiún ar riarachán. Tá an caiteachas riaracháin comhdhéanta de chaiteachas ar acmhainní daonna agus pinsin (arbh ionann é sin agus thart ar 68 % den iomlán), agus de chaiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh agus teicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise.

Scrúdaíonn iniúchóir seachtrach ár gcuidne ráiteas airgeadais. Gach bliain, déanaimid an tuairim iniúchóireachta agus an tuarascáil a éiríonn as sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar ár suíomh gréasáin.

Ár bhfionnachtana

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€10.7 billiún Níl – Gan earráid ábharthach in 2021 agus 2020

In 2021, rinneamar scrúdú ar chórais mhaoirseachta agus rialaithe na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí. Rinneamar 60 idirbheart a scrúdú chomh maith.

Mar a bhí ann i mblianta roimhe seo, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta.

Níor shainaithníomar aon saincheisteanna sonracha a bhain le Comhairle an Aontais Eorpaigh, le CBAE, le CESE, le CnaR, leis an Ombudsman Eorpach ná le MECS. Níor thuairiscigh ár n-iniúchóir seachtrach aon saincheist shonrach bunaithe ar a chuidsean oibre.

Parlaimint na hEorpa

D’aimsíomar dhá earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí a rinne Parlaimint na hEorpa. Bhain ceann acu le ró-íocaíocht bheag i gcás seirbhísí TF a tharla mar gheall go ndearnadh téarmaí conartha a chur i bhfeidhm mícheart. Bhain an earráid eile le híocaíocht a rinne Parlaimint na hEorpa le grúpa polaitiúil Eorpach. Níl rialacha soláthair inmheánacha Pharlaimint na hEorpa ag luí leis an Rialachán Airgeadais mar go gcuireann siad teorainn le hiomaíocht. Thairis sin, fuaireamar amach nach raibh na rialacha inmheánacha seo á leanúint go hiomlán ag an ngrúpa polaitiúil, sa mhéid nár lorg sé dóthain tairiscintí agus nach ndearna sé doiciméadú leormhaith ar na critéir a d’úsáid sé chun an conradh a dhámhachtain.

Sa bhreis air sin, scrúdaíomar íocaíocht de €74.9 milliún a bhain le foirgneamh a cheannach sa Bhruiséil. Thugamar ar air go raibh sé 30 % níos daoire in aghaidh an mhéadair chearnaigh ná foirgneamh eile a bhreithnigh an Pharlaimint agus gur laghdaigh na critéir dhámhachtana an tábhacht a bhaineann le praghas mar bhonn don chinneadh ceannaigh, rud a d'fhág nach dócha go bhféadfaí glacadh le haon tairiscint eile.

An Coimisiún Eorpach

D’aimsíomar aon earráid inchainníochtaithe amháin in íocaíochtaí a rinne an Coimisiún, agus bhain sé sin le mion-asbhaint mhícheart as íocaíochtaí pinsin. Sa bhreis air sin, thugamar faoi deara go raibh an Coimisiún tar éis seiceálacha fíoraithe ar dheimhnithe áirithe ar theidil phinsin a fhionraí go sealadach mar gheall ar phaindéim COVID-19.

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

D’aimsíomar dhá earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí a rinne an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. I gcás ceann amháin díobh sin, ní raibh conradh bunúsach do sheirbhísí a fuair Toscaireacht AE ann. Bhain an ceann eile le liúntais a íocadh le duine den fhoireann nach raibh tar éis athruithe a tharla le déanaí ina staid phearsanta a dhearbhú.

Sa bhreis air sin, scrúdaíomar nósanna imeachta soláthair agus earcaíochta áitiúla a bhí eagraithe ag Toscaireachtaí AE. Cé go raibh feabhsúcháin déanta ag SEGS ar an bpróiseas soláthair, fós bhraitheamar roinnt laigí ann. I gcás cúigleath de na nósanna imeachta soláthair a scrúdaíomar, fuaireamar roinnt easnamh maidir leis an gcaoi ar chuir Toscaireachtaí AE na rialacha maidir le soláthar poiblí i bhfeidhm. D’aimsíomar roinnt laigí i ngach ceann de na nósanna imeachta earcaíochta le haghaidh gníomhairí áitiúla a scrúdaíomar. D’fhéadfadh an méid sin ar fad bac a chur ar thrédhearcacht an phróisis earcaíochta, ar an tslí leis na hiarrthóirí is fearr a shainaithint agus ar chóir chomhionann.

Ár moltaí

Molaimid:

  • Ba cheart do riarachán Pharlaimint na hEorpa athbhreithniú a dhéanamh ar a threoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le soláthar poiblí ag grúpaí polaitiúla, agus ba cheart dó athbhreithniú ar na rialacha sin a mholadh do Bhiúró na Parlaiminte chun iad a ailíniú ar bhealach níos fearr leis an Rialachán Airgeadais. Ba cheart dó faireachán níos fearr a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha sin (féach mír );
  • Ba cheart do SEGS bearta iomchuí a dhéanamh, amhail feabhas a chur ar oiliúint, treoirlínte agus teimpléid, chun cur i bhfeidhm na rialacha maidir le soláthar ag Toscaireachtaí AE a áirithiú;
  • Ba cheart do SEGS feabhas a chur ar an oiliúint agus an treoraíocht a thugann sé i dtaobh na nósanna imeachta d’earcú gníomhairí áitiúla ag Toscaireachtaí AE chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta sin ag comhlíonadh phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne. Ba cheart dó freisin a fhormhaoirseacht a neartú chun a chinntiú go ndéanann Toscaireachtaí AE doiciméadú ar na céimeanna ábhartha den phróiseas earcaíochta.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar chaiteachas AE le haghaidh “Riarachán Poiblí Eorpach” a fháil i gCaibidil 9 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Iomlán: €46.4 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

In 2021, chlúdaigh ár n-obair freisin an t-aon íocaíocht amháin a rinneadh as RRF; íocaíocht a rinneadh leis an Spáinn. Is é RRF an phríomh-chomhchuid de phacáiste NGEU, a bhfuil sé mar aidhm leis tacú leis an téarnamh ó thionchar phaindéim COVID-19. Is ionstraim shealadach atá in RRF a tugadh i gcrích agus a maoiníodh ar shlí atá difriúil ó bhonn ó chaiteachas buiséid faoi na CAInna. Íoctar Ballstáit as garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach faoi RRF, murab ionann agus an cás le caiteachas buiséadach AE atá bunaithe ar athchistiú na gcostas agus/nó coinníollacha a chomhlíonadh.

Ní raibh sa phobal iniúchóireachta ach an t-aon eisíocaíocht amháin a rinneadh in 2021, i.e. íocaíocht leis an Spáinn, agus imréiteach an réamh-mhaoinithe ghaolmhair (féach Fíor 10.1).

San iarraidh ar íocaíocht a rinne an Spáinn (dar dáta an 11 Samhain 2021), bhí 52 gharsprioc a bhain go príomha le hathchóirithe agus roinnt infheistíochtaí, ar mheas an Spáinn ina leith go raibh siad comhlíonta. Is é €11.5 billiún a bhí sa mhéid a measadh a bheith iníoctha leis an Spáinn de réir CID. An 3 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún a réamh-mheasúnú dearfach agus, tar éis tuairim dhearfach a fháil ó EFC, d’údaraigh sé an eisíocaíocht ina chinneadh cur chun feidhme dar dáta an 22 Nollaig 2021. D’íoc sé €10 mbilliún leis an Spáinn ar an 27 Nollaig 2021, agus ag an am céanna d’imréitigh sé réamh-mhaoiniú de €1.5 billiún.

Is iad torthaí na hoibre sin atá mar bhunús do Thuairim 2021 uainn maidir le rialtacht chaiteachas RRF.

Ár bhfionnachtana

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€11.5 billiún Níl

Clúdaíonn ár n-iniúchadh rialtacht na híocaíochta RRF a rinneadh leis an Spáinn. Bhunaíomar ár measúnú ar an gcoinníoll don íocaíocht i.e. go raibh na garspriocanna agus spriocanna de réir mar a bhí sainithe sa CID comhlíonta go sásúil. Chun é sin a dhéanamh, scrúdaíomar ar bhailigh an Coimisiún fianaise leordhóthanach agus iomchuí chun tacú lena mheasúnú go raibh na 52 gharsprioc a bhí luaite san iarraidh ar íocaíocht ón Spáinn comhlíonta go sásúil. Ní cuid den mheasúnú seo é a sheiceáil an raibh rialacha eile AE agus náisiúnta á gcomhlíonadh.

An fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán atá faighte againn trínár n-obair agus atá curtha i láthair sa chaibidil seo againn, tugann sé le tuiscint nach raibh ceann de na garspriocanna a ghabhann leis an gcead eisíocaíocht leis an Spáinn comhlíonta go sásúil. Níl córas sainithe ag an gCoimisiún go fóill chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar a ghabhann le gan garsprioc nó sprioc a bhaint amach. Is é ár dtuairim ná nach bhfuil an earráid ábhartha.

Garsprioc 395 – “Modhnuithe ar cháin ioncaim chorparáideach in 2021”

Tuairisc ar gharsprioc 395 (athchóiriú C28.R8) san Iarscríbhinn a ghabhann leis an CID (lch. 244):

“Teacht i bhfeidhm na modhnuithe a tugadh isteach le Dlí an Bhuiséid le haghaidh 2021, agus rialacháin a bhaineann le Cáin Ioncaim Chorparáideach a fhorbairt chun ioncam ó cháin chorparáide a mhéadú.”

Tuairisc ar athchóiriú 8 (C28.R8) – Bearta cánach sa cháin chorparáide a ghlacadh sa ghearrthéarma – san Iarscríbhinn a ghabhann le CID (lch. 241):

“Leasóidh an t-athchóiriú seo an tAcht um Cháin Chorparáide chun an ranníocaíocht ón gcáin seo a mhéadú ar mhaithe le tacú le caiteachas poiblí, agus chomh maith leis sin tabharfar isteach simpliúcháin ar na díolúintí agus ar na hasbhaintí chun ráta íosta de 15 % ag cáiníocóirí a áirithiú. Ar an láimh eile, déanfar laghdú 5 % ar an díolúine le haghaidh díbhinní agus gnóthachain chaipitiúla a ghinfear lena scairshealbhaíocht i bhfochuideachtaí, idir fochuideachtaí chónaitheacha agus neamhchónaitheacha i gcríoch na Spáinne. Tabharfar cur chun feidhme an bhirt seo chun críche faoin 31 Márta 2021.”

Rinne an Coimisiún measúnú go cuí ar an ngné a bhain le laghdú ar an díolúine le haghaidh díbhinní agus gnóthachain chaipitiúla. Ní dhearna sé measúnú, áfach, ar ghné an athchóirithe de ráta íosta de 15 %, faoi mar a foráladh dó sa tuairisc sa CID ar an athchóiriú.

Fuarthas laigí eile in obair an Choimisiúin nuair a bhí na garspriocanna á measúnú aige, agus baineann siad sin le gan critéir atá stóinseach go leor a bheith aige don gharsprioc agus gan doiciméadacht leordhóthanach a bheith ann dá chuid oibre, cé nach ndéanann sé sin difear don mheasúnú ar bhaint amach na garsprice.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • bonn cirt a thabhairt go soiléir do na gnéithe sna Comhshocruithe Oibríochtúla agus sa CID nach measann siad go bhfuiltear ábhartha do chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna;
  • modheolaíocht a fhorbairt chun an méid atá le cur ar fionraí a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 24.6 agus 24.8 den Rialachán;
  • feabhas a chur ar dhoiciméadacht an mheasúnaithe ar gharspriocanna agus spriocanna trí na gnéithe go léir a scrúdaítear le linn na hoibre ex ante a dhoiciméadú go hiomlán.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar chaiteachas AE le haghaidh “An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta” a fháil i gCaibidil 10 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

Cistí Forbraíochta na hEorpa

Iomlán: €3.4 billiún

Ár n-ábhar iniúchóireachta

Seolta in 1959, ba iad na CEFanna na príomhionstraimí trínar chuir an tAontas Eorpach (AE) cúnamh comhair um fhorbairt ar fáil do thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACP) agus do thíortha agus críocha thar lear (OCTanna) go dtí deireadh 2020, leis an 11ú CEF (arb é an ceann deireanach) ag clúdach CAI 2014-2020. Ba chomhaontú comhpháirtíochta é an creat lena rialaítear caidreamh AE le tíortha ACP agus OCTanna, a síníodh in Cotonou ar an 23 Meitheamh 2000 le haghaidh tréimhse 20 bliana. Ba é a phríomhchuspóir ná bochtaineacht a laghdú agus, ar deireadh, a dhíothú, i gcomhréir leis an bpríomhchuspóir d’fhorbairt agus comhar arna leagan síos in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Do chreat airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, tá cúnamh comhair um fhorbairt do thíortha ACP ionchorpraithe san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta –An Eoraip Dhomhanda (NDICI-An Eoraip Dhomhanda) agus tá cúnamh comhair um fhorbairt do OCTanna ionchorpraithe sa Chinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn. Ní raibh an 8ú, 9ú, 10ú agus 11ú CEF iad féin ionchorpraithe i mbuiséad ginearálta AE, áfach, agus leantar dá gcur chun feidhme agus de thuairisciú a dhéanamh orthu go haonarach go dtí go ndúnfar iad.

I gcás 2021, is é €3.1 billiún a bhí i luach iomlán an chaiteachais a bhí faoi réir ár n-iniúchóireachta sa réimse seo. Baineann an caiteachas sin leis an 9ú, 10ú agus 11ú CEF.

Tá CEFanna faoi bhainistíocht an Choimisiúin, lasmuigh de chreat bhuiséad ginearálta AE, agus BEI. Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA, nó AS DEVCO mar a bhíodh) an phríomh-ardstiúrthóireacht atá i gceannas ar na cistí sin.

Ár bhfionnachtana

Ní raibh míráitis ábharthacha ann a rinne difear do na cuntais 2021.

Ní raibh leibhéal earráide ábharthach ann a rinne difear d’ioncam na CEFanna.

Is tuairim dhiúltach atá inár dtuairim ar chaiteachas do bhliain airgeadais 2021:

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide is dóchúla measta
€3.1 billiún Bhí 4.6 % (2020: 3.8 %)

Chun iniúchóireacht a dhéanamh ar rialtacht na n-idirbheart, scrúdaíomar sampla de 140 idirbheart a bhí ionadaíoch ar an réimse iomlán caiteachais ó na CEFanna. Áiríodh leis sin, 26 n-idirbheart a bhaineann leis an gCiste Iontaobhais Éigeandála don Afraic, 92 idirbheart arna údarú ag 17 dtoscaireacht AE, agus 22 íocaíocht arna bhformheas ag ceanncheathrú an Choimisiúin.

Mar gheall ar phaindéim COVID-19, níorbh fhéidir cuairteanna ar an bhfód a dhéanamh chuig toscaireachtaí AE, agus chuireamar athbhreithnithe deisce ina n-ionad. Chuir an méid sin bac orainn nósanna imeachta iniúchóireachta áirithe a dhéanamh, agus go háirithe feidhmíocht chonarthach a fhíorú le haghaidh idirbhearta roghnaithe, rud a chuir srian ar ár gcuid oibre iniúchóireachta. Bhí orainn ár gcur chuige a chur in oiriúint trí athbhreithnithe deisce a dhéanamh ar idirbhearta agus tionscadail, agus idirchaidreamh go cianda a dhéanamh lenár n-iniúchaithe. Mar sin féin, measaimid gur chuir an fhianaise a fuaireamar ar ár gcumas ár gcuid oibre a thabhairt chun críche agus teacht ar chonclúid ina taobh.

As na 140 idirbheart a scrúdaíomar, bhí earráidí in 54 (38.8 %) díobh. Bunaithe ar na 43 n-earráid atá cainníochtaithe againn, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide ag 4.8 %. Ba iad na trí chineál earráidí ba choitianta ná caiteachas neamh-incháilithe (38.6 %), gan doiciméid tacaíochta riachtanacha a bheith ann (23.3 %), agus caiteachas nach raibh tabhaithe (14.9 %).

Mar a rinne siad in 2020, rinne an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme níos mó earráidí a bhí bainteach le deontais agus le comhaontuithe ranníocaíochta agus tarmligin le tíortha is tairbhithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí na mBallstát ná mar a rinne siad le haon chineál tacaíochta eile (amhail iad siúd a chlúdaíonn oibreacha, soláthar agus conarthaí seirbhíse). As na 92 idirbheart den chineál sin a scrúdaíomar, bhí earráidí inchainníochtaithe in 39 díobh, arbh ionann an méid sin agus 81.2 % den leibhéal earráide measta.

Sampla: Caiteachas neamh-incháilithe mar thoradh ar easpa bunús dlí

Shínigh an Coimisiún conradh deontais le heagraíocht idirnáisiúnta chun feidhm bainistíochta airgid na Nígire a fheabhsú agus cuntas aonair státchiste a chur chun feidhme sa tír. Rinneadh meastachán de chostas iomlán an ghnímh ag €1.4 milliún (le ranníocaíocht 100 % ag teacht ón Aontas).

Rinneamar athbhreithniú ar an gcomhaontú maoiniúcháin (arbh fhiú €82 mhilliún é) a síníodh idir an Coimisiún agus an Nígir. Luaitear ann go raibh na cistí le caitheamh ar thacaíocht bhuiséadach agus tionscadail eile, ach ní raibh aon tagairt ann don obair a bhí le déanamh ar chuntas aonair státchiste. Ní raibh foráil sa chomhaontú maoiniúcháin chun aon chonradh gaolmhar a bhronnadh ar an eagraíocht i dtrácht nó ar aon chomhlacht eile, in ainneoin gur luadh é mar bhunús dlí don dámhachtain a bhí i gceist. Tá difear déanta ag earráid do luach iomlán an chonartha (€1.4 milliún)

Mar a tharla i mblianta roimhe sin, níor thug cuid de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ach rochtain theoranta ar dhoiciméid (e.g. i bhformáid inléite amháin), rud a chiallaíonn nach féidir linn cóipeanna a dhéanamh díobh. Chuir na saincheisteanna sin bac ar phleanáil agus forghníomhú ár n-iniúchta agus chruthaigh sé moilleanna inár gcuid oibre. Cé go bhfuil dlús curtha ag an gCoimisiún lena chumarsáid le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tá deacrachtaí i gcónaí againn le cuid acu an doiciméadacht a iarraimid a fháil.

Staidéar RER ó AS NEAR

In 2021, rinne conraitheoir seachtrach an deichiú staidéar ar ráta earráidí iarmharacha (RER) do AS INTPA chun meastachán a dhéanamh ar ráta na n-earráidí sin a d’éalaigh ó sheiceálacha bainistíochta AS INTPA ar mhaithe le hearráidí den sórt sin a chosc, a bhrath agus a cheartú ar fud a réimse freagrachtaí go léir, chun go bhféadfaí teacht ar chonclúid i dtaobh éifeachtacht na seiceálacha sin.

I gcás staidéar RER 2021, chuir AS INTPA samplamhéid de 480 idirbheart i bhfeidhm. Chuir an méid sin ar a chumas rátaí earráide ar leithligh a léiriú an athuair le haghaidh caiteachas a fuair maoiniú ó bhuiséad ginearálta AE agus le haghaidh caiteachas a fuair maoiniú ó CEF, mar aon leis an ráta earráide foriomlán don dá chaiteachas le chéile. Don séú bliain as a chéile, mheas an staidéar go raibh RER foriomlán faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 % a shocraigh ag an Coimisiún (1.14 %).

Ní luaiteachas dearbhaithe ná iniúchadh atá sa staidéar RER. Tá sé bunaithe ar mhodheolaíocht RER atá curtha ar fáil ag AS INTPA. I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo uainn ar na CEFanna, thugamar tuairisc cheana ar na teorainneacha atá leis na staidéir a d’féadfadh rannchuidiú leis an ngannmheastachán RER.

Gné amháin den staidéar RER is ea an leibhéal spleáchais ar obair iniúchóirí eile. Ar an gcaoi sin, tháinig méadú ó 15 % d’idirbhearta in 2020 go 34 % d’idirbhearta in 2021 ar an spleáchas iomlán. Seasaimid lenár dtuairim go bhfuil spleáchas chomh fairsing sin ar obair iniúchóirí eile contrártha do chuspóir staidéar RER, arb é sin meastachán a dhéanamh ar ráta na n-earráidí a d’éalaigh ó sheiceálacha bainistíochta AS INTPA chun earráidí den chineál sin a chosc, a bhrath agus a cheartú.

Athbhreithniú ar Thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ó AS INTPA.

Níl aon fhorchoimeádas san áireamh i ráiteas dearbhaithe an Ardstiúrthóra in AAR 2021. Ó 2018 i leith, laghdaigh AS INTPA scóip na bhforchoimeádas (i.e. an sciar den chaiteachas atá cumhdaithe acu) go suntasach.

Measaimid go bhfuil an easpa forchoimeádas i dTuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí 2021 ó AS INTPA gan údar agus measaimid go bhfuil sé mar thoradh go páirteach ar theorannuithe an staidéir RER.

Tá AS INTPA ag obair chun cáilíocht a shonraí a fheabhsú chun an acmhainn ceartaitheach a ríomh. Rinneamar athbhreithniú ar ríomh na hacmhainneachta ceartaithí do 2021. Tar éis 35 % (de réir luacha) den phobal iomlán gnóthachan a thástáil, níor shainaithníomar aon earráid inár sampla.

Ár moltaí

Molaimid don Choimisiún:

  • rialú inmheánach a neartú chun a áirithiú nach sínítear conarthaí gan bunús bailí dlí a bheith ann;
  • bearta iomchuí a ghlacadh atá dírithe ar a áirithiú go ndéantar aon ghealltanas nó réamhíocaíocht arna n-éileamh ag tairbhithe mar chostais tabhaithe a asbhaint sula ndéantar íocaíochtaí nó imréitigh.

An bhfuil tuilleadh faisnéise uait? Is féidir an fhaisnéis ar fad i dtaca lenár n-iniúchadh ar CEFanna a fháil i dTuarascáil bhliantúil 2021 ar ghníomhaíochtaí a maoiníodh faoin 8ú, 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.

Faisnéis chúlra

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus a cuid oibre

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais. Táimid lonnaithe i Lucsamburg agus tá thart ar 900 ball foirne gairmiúla agus tacaíochta fostaithe againn ó gach náisiúntacht AE.

Is é ár misean ná cabhrú leis an mbainistiú riaracháin agus airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú, chomh maith leis an gcuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn, agus gníomhú mar chaomhnóir neamhspleách do leasanna airgeadais shaoránaigh uile an Aontais.

Is gné ríthábhachtach de shlabhra cuntasachta an Aontais Eorpaigh iad ár dtuarascálacha iniúchóireachta agus ár dtuairimí. Úsáidtear iad chun iad siúd atá freagrach as cur chun feidhme bheartais agus chláir an Aontais a choimeád cuntasach: an Coimisiún, institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, agus riaracháin i mBallstáit.

Tugaimid rabhadh i dtaobh rioscaí, soláthraímid dearbhú iniúchóireachta, tarraingímid aird ar easnaimh agus dea-chleachtais, agus tugaimid treoraíocht do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais ó thaobh feabhas a chur ar bhainistiú bheartais agus chláir an Aontais. Tríd an obair a dhéanaimid, déanaimid deimhin de go mbíonn a fhios ag saoránaigh na hEorpa cén chaoi a bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh.

Ár n-aschur

Cuirimid na nithe seo a leanas ar fáil:

  • tuarascálacha bliantúla, ina bhfuil torthaí na hoibre iniúchóireachta airgeadais agus comhlíontachta ar bhuiséad an Aontais agus ar Chistí Eorpacha Forbraíochta go príomha; ach a bhfuil gnéithe iontu freisin a bhaineann le bainistíocht bhuiséadach agus feidhmíochta;
  • tuarascálacha speisialta, ina léirítear torthaí iniúchtaí roghnaithe maidir le beartais nó réimsí caiteachais sonracha, nó maidir le saincheisteanna buiséadacha agus bainistíochta;
  • tuarascálacha bliantúla sonracha, ar ghníomhaireachtaí, comhlachtaí díláraithe, comhghnóthais agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais;
  • tuairimí maidir le reachtaíocht nua nó nuashonraithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar an mbainistíocht airgeadais – arna iarraidh sin ag institiúid eile nó ar thioncnamh CIE féin;
  • athbhreithnithe, ina dtugtar tuairisc agus nó faisnéis ar bheartais, ar chórais, ar ionstraimí nó ar thopaicí níos fócasaithe.

Ar deireadh, tugann ár réamhléirithe iniúchóireachta faisnéis chúlra ar thasc iniúchóireachta atá ar na bacáin nó atá idir lámha.

Cur chuige iniúchóireachta dár ráiteas dearbhaithe – Spléachadh

Tá na tuairimí inár ráiteas dearbhaithe bunaithe ar fhianaise oibiachtúil a fhaighimid ó thástáil iniúchóireachta a dhéantar i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta.

Mar a luamar i Straitéis 2021-2025 atá eisithe againn, leanfaimid – le haghaidh CAI 2021-2027 – de bheith ag forbairt ár gcur chuige iniúchóireachta agus úsáid a bhaint as na sonraí agus an fhaisnéis atá ar fáil, rud a ligfidh dúinn leanúint de dhearbhú láidir a thabhairt bunaithe ar an sainordú atá againn ón gConradh agus i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta don earnáil phoiblí.

Beachtas na gcuntas

An dtugann cuntais bhliantúla an Aontais faisnéis iomlán agus cruinn?

Tá na céadta de mhílte iontráil chuntasaíochta á nginiúint gach bliain ag ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin, agus iad ag tógáil faisnéise ó go leor foinsí éagsúla (lena n-áirítear na Ballstáit). Seiceálaimid go bhfuil na próisis chuntasaíochta ag obair go cuí agus go bhfuil na sonraí cuntasaíochta a éiríonn astu iomlán, taifeadta i gceart agus curtha i láthair go cuí i ráitis airgeadais an Aontais. I gcás na hiniúchóireachta ar bheachtas na gcuntas, tá an cur chuige fianaithe á chur i bhfeidhm againn ón uair a d’eisíomar ár gcéad tuairim in 1994.

  • Déanaimid meastóireacht ar an gcóras cuntasaíochta chun a áirithiú go dtugann sé bunús maith chun sonraí beachta a tháirgeadh.
  • Déanaimid measúnú ar phríomhnósanna imeachta cuntasaíochta chun a áirithiú go bhfuil siad ag feidhmiú i gceart.
  • Déanaimid seiceálacha anailíseacha ar shonraí cuntasaíochta chun a áirithiú go bhfuil siad á gcur i láthair go comhleanúnach agus go mbreathnaíonn sé go bhfuil siad réasúnach.
  • Déanaimid seiceáil dhíreach ar shampla d’iontrálacha cuntasaíochta chun a áirithiú gur ann do na hidirbhearta is bun leo agus go bhfuil siad taifeadta go cruinn.
  • Déanaimid seiceáil ar ráitis airgeadais chun a áirithiú go dtugann siad léargas fíorcheart ar an staid airgeadais.

Rialtacht na n-idirbheart

An bhfuil na hidirbhearta don ioncam agus d’íocaíocht chaiteachais is bun le cuntais an Aontais ag comhlíonadh na rialacha?

Tá na milliúin íocaíochtaí chuig tairbhithe, san Aontas Eorpach agus sa chuid eile den domhan, i gceist le buiséad an Aontais. Is iad na Ballstáit a bhainistíonn formhór mór an chaiteachais sin. Chun an fhianaise atá ag teastáil uainn a fháil, déanaimid measúnú ar na córais trína ndéantar ioncam agus íocaíochtaí caiteachais (i.e. íocaíochtaí deiridh agus imréiteach airleacain) a riar agus a sheiceáil, agus scrúdaímid sampla de na hidirbhearta.

I gcás ina mbíonn téarmaí na gcaighdeán idirnáisiúnta iniúchóireachta ábhartha comhlíonta, déanaimid athbhreithniú ar na seiceálacha agus rialaithe atá déanta ag na daoine atá freagrach as buiséad an Aontais a chur chun feidhme agus déanaimid na seiceálacha agus rialaithe sin an athuair muid féin. Ar an gcaoi sin, déanaimid aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh ar bhonn na seiceálacha sin a chur san áireamh go hiomlán.

  • Déanaimid measúnú ar na córais don ioncam agus don chaiteachas chun a dhéanamh amach cé chomh héifeachtach atá siad ó thaobh a chinntiú go bhfuil na hidirbhearta rialta.
  • Tógaimid samplaí staitistiúla d’idirbhearta chun bunús a sholáthar do thástáil mhionsonraithe a dhéanann ár gcuid iniúchóirí. Déanaimid na hidirbhearta sa sampla a scrúdú go mion, lena n-áirítear in áitreabh na bhfaighteoirí deiridh (e.g. feirmeoirí, forais taighde nó cuideachtaí a sholáthraíonn oibreacha nó seirbhísí faoi chonradh soláthair), chun fianaise a fháil gur ann do gach ceann de na teagmhais is bun leis na hidirbhearta sin, go bhfuil siad taifeadta go cuí agus go gcomhlíonann siad na rialacha chun íocaíochtaí a dhéanamh.
  • Déanaimid anailís ar earráidí agus déanaimid iad a aicmiú mar earráidí atá inchainníochtaithe nó nach bhfuil. Déanann earráid inchainníochtaithe difear d’idirbhearta más rud é, bunaithe ar na rialacha, nár cheart an íocaíocht a bheith údaraithe. Déanaimid na hearráidí inchainníochtaithe a eachtarshuíomh chun leibhéal earráide measta a fháil do gach réimse ina ndéanaimid measúnú sonrach. Ansin, déanaimid an leibhéal earráide measta a chur i gcomparáid leis an tairseach ábharthachta de 2 % agus déanaimid measúnú féachaint an bhfuil na hearráidí forleatach.
  • Déantar na measúnuithe sin agus faisnéis ábhartha eile, amhail tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus tuarascálacha ó iniúchóirí seachtracha eile, a chur san áireamh inár dtuairimí.
  • Déanaimid ár bhfionnachtana a phlé leis na húdaráis sna Ballstáit agus leis an gCoimisiún chun a dheimhniú go bhfuil ár gcuid fíricí ceart.

Tá ár gcuid táirgí go léir foilsithe ar ár suíomh gréasáin: www.eca.europa.eu. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas iniúchóireachta a úsáidtear don dearbhú cáilíochta a fháil in Iarscríbhinn 1.1 a ghabhann le Tuarascáil bhliantúil 2021 uainn.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PRINT ISBN 978-92-847-8474-5 doi:10.2865/918932 QJ-07-22-618-GA-C
PDF ISBN 978-92-847-8488-2 doi:10.2865/81878 QJ-07-22-618-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-8527-8 doi:10.2865/332 QJ-07-22-618-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Ní mór cearta breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

I gcás na bpictiúr seo a leanas, déantar athúsáid a údarú ar choinníoll go ndéantar sealbhóir an chóipchirt, an fhoinse agus, má tá siad luaite, ainmneacha na ngrianghrafadóirí/ailtirí a thabhairt le fios:

* agus *: © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

*: © An tAontas Eorpach 2018, foinse: CE – An tSeirbhís Closamhairc.

*: © An tAontas Eorpach, 2017, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ailtirí: Paul Noël (Foirgneamh K1, 1988) agus Jim Clemes (Foirgneamh K2, 2004 agus Foirgneamh K3, 2013).

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

*, *, *, *, *, *, * agus *: © Depositphotos.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Níor cheart lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.