Publication document thumbnail

An tAontas Eorpach in 2016

Ar mhaith leat a bheith ar an eolas faoin méid a bhain an tAontas Eorpach amach in 2016? Cén dul chun cinn a rinneadh san Aontas chomh fada lena thosaíochtaí a bhaint amach? Cé na bearta a rinneadh chun borradh a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht? Cén ardaidhm atá ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a seoladh le déanaí? Cén dul chun cinn a rinneadh i dtaca leis an imirce? Cad chuige an chomhpháirtíocht nua trádála a rinneadh le Ceanada? Cár thairbhe dá chuid saoránach an tAontas féin? Tá freagraí ar na ceisteanna uile thuas agus tuilleadh lena chois sin le fáil in An tAontas Eorpach in 2016.

An tAontas Eorpach in 2016 ar fáil ina iomláine i bhfoirm Tuarascála Ginearálta agus mar leagan achomair sna formáidí seo a leanas:

  HTML PDF EPUB PRINT
An tAontas Eorpach in 2016 – An Tuarascáil Ghinearálta HTML PDF General Report EPUB General Report Paper General Report
An tAontas Eorpach in 2016 – Buaicphointí PDF Highlights EPUB Highlights Paper Highlights

Réamhrá

Grianghraf: Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag tabhairt óráid Staid an Aontais 2016 uaidh i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg na Fraince, an 14 Meán Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag tabhairt óráid Staid an Aontais 2016 uaidh i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg na Fraince, an 14 Meán Fómhair 2016.

 

Le linn na bliana seo atá caite, in ainneoin claochlú mór a theacht ar thírdhreach pholaitiúil na hEorpa agus an domhain — claochlú ba mhó ná mar a shíl go leor — d’fhan an tAontas dílis don teacht aniar, don diongbháilteacht agus don dul ar aghaidh ar mhaithe lena chuid saoránach. Mar gur dhíríomar ar na réimsí sin is mó tábhacht agus is mó substaint ag muintir na hEorpa, níor ligeadh ala féin amú agus sinn ag comhlíonadh ar gealladh i dtaca leis na dúshláin is géire atá roimh an Aontas.

Bhíothas in ann an dul chun cinn sin a dhéanamh mar go raibh againn, in athuair, laistigh den Aontas, spiorad an Aontais agus an tiomantais. I mí Mheán Fómhair, rinne na 27 mBallstát a bhí i láthair Dearbhú agus Treochlár na Bratasláive a chomhaontú maidir leis an gclár oibre dearfach don chomhghníomhaíocht a chuir mé i láthair i m’óráid ar Staid an Aontais. Gan ach trí mhí caite an uair sin ó bhí an reifreann sa Ríocht Aontaithe maidir lena ballraíocht san Aontas Eorpach, ba thábhachtach an deis a bhí ansin ag na Ballstáit a bhí i láthair sa Bhratasláiv teacht le chéile agus breathnú rompu. Ag treisiú dóibh leis an móiminteam sin, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, den chéad uair riamh, Dearbhú Comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2017, agus shínigh na trí institiúid sin an Dearbhú i mí na Nollag.

I dteannta a chéile, agus mar sin amháin, a bheimid in ann dul i ngleic leis na dúshláin chomónta atá romhainn, agus Aontas Eorpach a chur ar bun a dhéanann sinn a chumhdach, a dhéanann dóigh bheatha na hEorpa a chaomhnú, a dhéanann na saoránaigh a chumhachtú, a dhéanann sinn a chosaint i mbaile is i gcéin, agus a ghlacann freagracht.

Le bliain anuas, tá cuid mhaith curtha i gcrích againn ar mhaithe leis an méid sin a bhaint amach ach tá cuid mhór fós gan déanamh. Ní raibh an ráta dífhostaíochta chomh híseal san Aontas ó 2009 agus atá sé anois. Tá titim 10 % tagtha ar an ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig le bliain anuas bíodh agus go bhfuil sin fós ró-ard, go mór mór sna réigiúin sin den Aontas is moille an téarnamh eacnamaíoch.

Is ar an ábhar sin a thug an Coimisiún gealltanas in 2016 an Ráthaíocht don Aos Óg a atreisiú. Scéim atá ann sin atá tar éis cuidiú le 9 milliún den aos óg glacadh le tairiscint oibre, oideachais nó oiliúna. Mar thaca leis an méid sin, mhol an Coimisiún go dtabharfaí €2 bhilliún de mhaoiniú breise don Tionscnamh Fostaíochta don Ógra. I ngeall air sin, beifear in ann tacú le 1 mhilliún eile den aos óg faoi 2020.

Ach nuair is é an t-aos óg — todhchaí na hEorpa — atá i gceist, ní mór dúinn ábhar infheistíochta eile, seachas an t-airgead, a bheith againn. Tá tionscnamh amháin de chuid 2016 a bhfuil práinn ar leith agam as: an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Tabharfaidh an Cór deis don aos óg dul i mbun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, ar bhonn deonach, ar fud an Aontais ar mhaithe le cúnamh a thabhairt dóibh siúd is leochailí inár measc, le scileanna nua a fhoghlaim, agus le muintearas nua a shnaidhmeadh. Infheistíocht a bheidh sa mhéid sin i dtodhchaí na hEorpa. Bíodh agus nár seoladh an Cór ach i dtús na Nollag, faoi dheireadh na míosa sin féach go raibh breis agus 18 000 d’aos óg na hEorpa tar éis clárú leis. Ní baol dúinn feasta!

Ní mór dúinn tacú leis na daoine óga sin agus an geilleagar a chur chun deise arís dóibh. Sin é an fáth ar fhógair mé, i mí Mheán Fómhair, go gcuirfí síneadh le tréimhse an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, moladh ar thacaigh an Chomhairle Eorpach leis i mí na Nollag.

Féach na figiúirí: cheana féin, tá infheistíocht €164 bhilliún curtha sa siúl ar fud na 28 mBallstát agus €22.4 bhilliún de mhaoiniú curtha in áirithe do thionscadail infreastruchtúir.

Infheistíocht a bheidh sa mhéid sin freisin a fhágfaidh bord ar bhord sinn le digitiú an gheilleagair agus na sochaí. Sin é an fáth ar mhol an Coimisiún togra in 2016 maidir le margaí teileachumarsáide na hEorpa a leasú. Óir má infheistímid i líonraí nua agus i seirbhísí nua, cruthófar 1.3 mhilliún post, ar a laghad, as seo go ceann deich mbliana.

Chuathas chun cinn go maith freisin i dtaca leis an imirce in 2016. Tá straitéis chuimsitheach dá chuid féin ag an Aontas anois arb é is aidhm di beatha daoine a shábháil, na teorainneacha a dhaingniú, agus sinn a chumasú chun déileáil leo siúd a thagann chugainn ar thóir tearmainn. D’éirigh linn Garda Teorann agus Cósta Eorpach a chur ar bun gan aon mhoill. Rinneamar comhar leis an Tuirc chun an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc a chur chun feidhme chun samhail ghnó lucht na smuigleála agus gáinneála daonna a chur ó mhaith, agus chun bealaí sábháilte agus dleathacha isteach san Aontas a thabhairt dóibh siúd atá i gcall cosanta. Táthar ag dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce mídhleathaí trí chomhar a dhéanamh lenár gcairde san Afraic de bhíthin comhpháirtíochtaí nua imirce. Agus táthar ag athchóiriú chóras tearmainn an Aontais ar mhaithe le Comhchóras Eorpach tearmainn ceart a chur ar bun.

Óir is ionann Aontas a chaomhnaíonn agus Aontas a chosnaíonn agus a chumhachtaíonn — i mbaile is i gcéin. Lean an tAontas de bheith ag seasamh an fhóid anuraidh ar son luachanna an Aontais — an oscailteacht, an tsaoirse, an chaoinfhulaingt agus an dlúthpháirtíocht. Is leis atá an chuid eile den domhan ag súil ó tharla sinn inár bhfórsa dearfach domhanda. In 2016, choinníomar orainn ag snaidhmeadh muintearais lenár gcomhpháirtithe, agus an chomhpháirtíochta nua trádála a shíníomar le Ceanada ina léiriú ar ár dtiomantas comhar a dhéanamh leo siúd atá ar aon intinn linn ar mhaithe le deiseanna a chruthú laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Na gníomhartha barbartha sceimhlitheoireachta úd a chonacthas le bliain anuas, léiríonn siad go glé dúinn arís an ní sin a bhfuilimid ag comhrac ar a shon — dóigh bheatha na hEorpa. Agus sinn i ngleic leis an gcuid úd is measa den daonnacht, ní mór dúinn a bheith dílis dúinn féin agus dár gcuid luachanna. Is ionann seo agus na tuairimí sin ar a bhfuil an tsochaí seo bunaithe a chosaint: an daonlathas, an oscailteacht, an chaoinfhulaingt agus an éagsúlacht. Agus is ionann é agus sinn féin a chosaint orthu siúd arb áil leo díobháil a dhéanamh dúinn.

Sin é an fáth ar thugamar tús áite don tslándáil — rinneamar coiriúlú ar an sceimhlitheoireacht agus ar throdaithe eachtrannacha ar fud an Aontais; chuireamar an crua ar úsáid arm tine agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta; agus d’oibríomar i gcomhar le gnólachtaí idirlín chun bolscaireacht na sceimhlitheoireachta a bhaint anuas den idirlíon, agus chun an radacú i scoileanna agus i bpríosúin na hEorpa a chomhrac. Ina theannta sin, déanfaimid ár dteorainneacha a chosaint: i dtaca le gach cuairteoir gearrthéarma a thiocfaidh go dtí an tAontas, mhol an Coimisiún uair, áit agus fáth teachta nó imeachta an duine sin a chur ar taifead.

Ach más uainn an méid sin ar fad a dhéanamh, ní mór dúinn an aontacht a léirigh 27 mBallstát an Aontais agus institiúidí an Aontais in 2016 a chaomhnú.

Ní leor d’aidhm againn feasta — againne, an tAontas Eorpach — teacht le sruth an tsaoil, ní mór dúinn sruth an tsaoil a mhúnlú. Ní hé amháin is aidhm dúinn a bhfuil againn inniu a chosaint, ach is aidhm dúinn freisin sochaí níos fearr a chruthú don lá is faide anonn.

Is éard atá dlite dár gclann go ndéanfadh an Eoraip a ndóigh bheatha a chaomhnú. Is éard atá dlite dóibh go gcumhachtódh agus go gcosnódh an Eoraip iad. Is éard atá dlite dóibh go gcumhdódh an Eoraip iad. Is mithid dúinne — na hinstitiúidí, na rialtais, agus na saoránaigh — is mithid dúinn go léir an fhreagracht a ghlacadh orainn féin as an Eoraip sin a chur ar bun. I dteannta a chéile.

Jean-Claude Juncker

An tAontas Eorpach in 2016

Caibidil 1

Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht

“Is é an phríomhthosaíocht a bheidh agam agus mé i m’Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach cumas iomaíochta na hEorpa a neartú agus spreagadh a chur faoin infheistíocht ar mhaithe le poist a chruthú.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Jyrki Katainen, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, ag freagairt ceisteanna ó na meáin faoin dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an bplean infheistíochta don Eoraip, an Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2016. © An tAontas Eorpach

Jyrki Katainen, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, ag freagairt ceisteanna ó na meáin faoin dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an bplean infheistíochta don Eoraip, an Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2016.

Ó thosaigh an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais dhomhanda, tá an tAontas Eorpach buailte ag leibhéal íseal infheistíochta. Chun an tAontas a chur ar an gconair chun téarnaimh eacnamaíoch, teastaíonn bearta comhpháirteacha comhordaithe ar leibhéal an Aontais. Bhí sé ina phríomhthosaíocht ag an Aontas in 2016 borradh a chur faoi phoist agus faoi fhás, agus ar an dóigh sin cur lenar baineadh amach an bhliain roimhe sin.

De bharr an Phlean Infheistíochta don Eoraip cuireadh breis agus €163 bhilliún d’infheistíochtaí nua ar fáil ar fud an Aontais in 2016. De bharr a fheabhas a d’éirigh leis an bPlean, cinneadh síneadh a chur leis, agus i mí Mheán Fómhair d’fhógair Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go ndéanfaí an méid infheistíochta nua a bhí sé beartaithe a dhéanamh faoi chuimsiú an Phlean faoi 2020 a mhéadú ó €315 bhilliún go €500 billiún ar a laghad, agus ansin go €630 billiún faoi 2022. I mí na Nollag thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an moladh síneadh a chur le fad ama an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha. Ina cheann sin, mhol an Coimisiún Plean nua Infheistíochta Seachtraí Eorpach a chur ar bun chun infheistíocht san Afraic agus i gcomharsanacht an Aontais a spreagadh d’fhonn comhpháirtíochtaí an Aontais a neartú agus rannchuidiú le baint amach na Spriocanna maidir le Forbairt Inbhuanaithe.

Shimpligh an Coimisiún an dóigh a ndéantar míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath agus a mheas, agus chuir sé níos mó béime ar an bhfostaíocht agus ar cheisteanna sóisialta sa Seimeastar Eorpach (an comhordú timthriallach a dhéanann an tAontas ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát). Lena chois sin, rinne an Coimisiún sraith nua moltaí maidir le hathchóirithe struchtúracha a dhéanamh, agus béim sna moltaí sin murab ionann agus riamh ar nithe a chothódh fás, cuir i gcás taighde agus nuálaíocht.

Le linn na bliana, féachadh le borradh a chur faoi gheilleagar an Aontais le beartais i réimsí amhail taighde agus nuálaíocht, gnóthaí réigiúnacha, iompar, fostaíocht, an comhshaol, talmhaíocht agus iascach. Cuireadh béim ar leith ar rochtain níos mó a thabhairt do ghnólachtaí beaga ar thacaíocht airgeadais agus theicniúil. Rinneadh sin leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht, le clár an Aontais do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, clár a bhfuil rath air i gcónaí, agus leis an méadú infheistíochta atá sé beartaithe a chur ar fáil faoin bPlean Infheistíochta.

An Plean Infheistíochta don Eoraip

In 2015 sheol an Coimisiún, in éineacht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, an Plean Infheistíochta don Eoraip. Cuireadh an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha ar bun, agus buiséad tosaigh €21 bhilliún aige as cistí an Aontais.

Grianghraf: Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ag labhairt le Fóram Eacnamaíoch na Bruiséile 2016, an Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2016. © An tAontas Eorpach

Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ag labhairt le Fóram Eacnamaíoch na Bruiséile 2016, an Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2016.

In 2016 bhí ag éirí go maith leis an gciste fós an méid a gealladh a chur i gcrích, is é sin €315 bhilliún ar a laghad d’infheistíochtaí nua a chur ar fáil san fhíorgheilleagar faoi lár 2018. Baineadh úsáid as an gciste i ngach ceann de na 28 mBallstát, agus bhí coinne leis go nginfí, faoi mhí na Nollag 2016, beagán faoi bhun €164 bhilliún d’infheistíocht san iomlán dá bharr.

Faoi dheireadh 2016, bhí 175 thionscadal infreastruchtúir dar luach €22.4 bhilliún ceadaithe faoi chuimsiú an chiste. Anuas air sin, ceadaíodh 247 gcomhaontú maoiniúcháin, dar luach €8.2 bhilliún, do ghnólachtaí beaga. Bhí coinne leis go mbainfeadh tuairim agus 385 000 gnólacht beag leas as sin.

Grafaic faisnéise: An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha – infheistíocht de réir earnála

I bhfianaise a fheabhas a d’éirigh leis an bPlean Infheistíochta, mhol an Coimisiún i mí Mheán Fómhair síneadh a chur lena fhad ama agus lena bhuiséad féachaint le €500 billiún d’infheistíocht a chur ar fáil faoi 2020. Thacaigh an Chomhairle Eorpach leis sin i mí na Nollag 2016.

Físeán: San fhíorgheilleagar a fheictear tionchar an phlean infheistíochta. © An tAontas Eorpach

San fhíorgheilleagar a fheictear tionchar an phlean infheistíochta.

Tá an tAontas ag treisiú ghné shóisialta an Chiste, i réimse an mhicreamhaoiniúcháin agus na fiontraíochta sóisialta de. Meastar go méadóidh an tacaíocht iomlán a thabharfar sna réimsí sin ó €193 mhilliún (faoin gClár um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta) go tuairim agus €1 bhilliún, agus meastar go gcuirfear thart ar €3 bhilliún ar fáil d’infheistíocht bhreise. Tá comhaontú déanta le breis agus 100 soláthraí micreamhaoiniúcháin arb é is aidhm dó tacú le breis agus 100 000 micrifhiontraí sna Ballstáit.

Cuidiú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide

Is iomaí sin foinse tacaíochta atá ann do ghnólachtaí beaga.

I bhfianaise a fheabhas a bhí ag éirí leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, i mí Iúil 2016 cuireadh €500 milliún leis an gcuid sin dá bhuiséad atá in áirithe do ghnólachtaí beaga.

Le cois an Phlean Infheistíochta, tá COSME ann, clár an Aontais do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, clár arb é 2014–2020 a théarma feidhme agus ag a bhfuil buiséad €2.3 bhilliún chun cuidiú a thabhairt gnólachtaí a chruthú agus a fhorbairt. Cuidíonn sé le gnólachtaí margaí a rochtain, timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú agus an fhiontraíocht a chur chun cinn. San athbhreithniú lár téarma a rinneadh ar an mbuiséad, moladh €200 milliún a chur leis an tsuim atá in áirithe d’ionstraimí airgeadais.

In 2016, tríd an Líonra Fiontar Eorpach, cuireadh €45 mhilliún sa bhreis ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide comhpháirtithe gnó a aimsiú, reachtaíocht an Aontais a thuiscint agus maoiniú ón Aontas a fháil. Sholáthair 625 eagraíocht a bhí páirteach sa líonra seirbhísí do thuairim agus 450 000 gnólacht, i réigiúin uile an Aontais agus i 35 thír nach Ballstáit den Aontas iad.

I mí na Samhna, ghlac an Coimisiún Start-up and Scale-up, tionscnamh do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag fás, chun caoi a thabhairt don iliomad fiontraithe atá san Aontas ceannas a ghabháil ar an leibhéal domhanda. Tá tiomsaithe sa tionscnamh sin na deiseanna ar fad atá á dtairiscint cheana ag an Aontas, ach lena chois sin, tá béim úr ann ar infheistíocht i gcaipiteal fiontair, ar dhlíthe dócmhainneachta, ar chánachas agus ar mhaoin intleachtúil.

Grafaic faisnéise: An tionscnamh do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis

Borradh a chur faoin ngeilleagar

Le linn na bliana, tacaíodh le cruthú post agus le fás trí bheartais a chur i bhfeidhm i mórchuid réimsí, cuir i gcás gnóthaí réigiúnacha, taighde agus nuálaíocht, iompar, talmhaíocht, fostaíocht agus oideachas.

Grianghraf: An Coimisinéir Corina Crețu ag tabhairt cuairt ar an Smart City Experience Lab, Amstardam na hÍsiltíre, an 22 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Corina Crețu ag tabhairt cuairt ar an Smart City Experience Lab, Amstardam na hÍsiltíre, an 22 Aibreán 2016.

An beartas réigiúnach

Leanadh de bheith ag baint úsáid as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa, ag a bhfuil buiséad €454 bhilliún don tréimhse 2014–2020, chun infheistíocht a dhéanamh i réimsí tosaíochta an Aontais. Cuid ríthábhachtach de Chlár Oibre an Aontais maidir le Poist agus Fás is ea an beartas réigiúnach, agus léiriú air sin is ea an infheistíocht a dhéantar sna réimsí is mó a chothaíonn fás.

Tá sé beartaithe, faoi dheireadh na tréimhse 2014-2020, €121 bhilliún a infheistiú faoi chuimsiú na gcistí sin i dtaighde agus nuálaíocht, i dteicneolaíochtaí digiteacha agus i dtacaíocht do ghnólachtaí beaga ar fud an Aontais.

Tacófar go díreach le 2 mhilliún gnólacht, gnólachtaí nuathionscanta ina measc, de thoradh na hinfheistíochta sin d’fhonn iad a dhéanamh níos iomaíche agus a n-acmhainn taighde agus nuálaíochta a mhéadú.

In 2016 shimpligh an tAontas an dóigh a gcuirtear maoiniú ar fáil do ghnólachtaí beaga agus do chathracha. Ina theannta sin, d’fhéach sé chuige go mbainfí níos mó úsáide as ionstraimí airgeadais agus gurbh fhéidir maoiniú a fháil ó níos mó cistí de chuid an Aontais san aon am amháin, go háirithe an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.

I mí Mheán Fómhair foilsíodh an mheastóireacht ar an gCiste Forbraíochta Réigiúnaí agus ar an gCiste Comhtháthaithe (2007-2013). Ar na mórbhearta a rinneadh tá an €2.74 breise d’olltáirgeacht intíre a gineadh le gach €1 a infheistíodh mar chuid den bheartas comhtháthaithe, cruthú breis agus milliún post, 5 000 km de bhóithre nua agus 1 000 km d’iarnród nua.

Taighde agus nuálaíocht

Fís 2020 ar an gclár taighde agus nuálaíochta is mó riamh dá raibh ag an Aontas, clár lena gcuirfear €77 mbilliún de mhaoiniú ar fáil le linn na tréimhse 2014-2020. Leis an gclár tacaítear le taighde den chéad scoth, neartaítear ceannaireacht thionsclaíoch san Aontas agus féachtar le réitigh a cheapadh ar dhúshláin sa tsochaí i réimsí amhail an t-athrú aeráide, fuinneamh, sláinte agus slándáil.

Físeán: Buiséad atá dírithe ar thorthaí a bhaint amach i réimsí an taighde agus na nuálaíochta. © An tAontas Eorpach

Buiséad atá dírithe ar thorthaí a bhaint amach i réimsí an taighde agus na nuálaíochta.

Lean an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíocht Straitéiseacha de bheith ina chomhlánú ar Fhís 2020, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide nuálacha. Úsáideadh an Ciste chun freastal ar an olléileamh a bhí ar thacaíocht ón tionscnamh Maoiniú ón Aontas Eorpach do Nuálaithe, comhthionscnamh de chuid an Choimisiúin agus an Bhainc Infheistíochta Eorpaigh a cuireadh ar bun faoi chuimsiú Fhís 2020.

Leasaíodh an fócas a bhí ag beartas taighde agus nuálaíochta an Aontais, chun díriú ar thrí cinn de chuspóirí straitéiseacha, mar atá: nuálaíocht oscailte, eolaíocht oscailte agus oscailteacht don domhan. Baineadh amach iad le tionscnaimh a cuireadh i ngníomh ar thrí leibhéal: feasacht a mhéadú faoin tábhacht atá ag roinnt le taighde agus nuálaíocht ó thaobh fás eacnamaíoch agus cruthú post (go háirithe trí bhíthin an tSeimeastair Eorpaigh agus Shaoráid Tacaíochta Beartais an chláir Fhís 2020); feabhas a chur ar na coinníollacha creata ina ndéantar taighde agus nuálaíocht; leanúint de clársceidealú straitéiseach Fhís 2020. Tá tionscnaimh nua ann freisin, cuir i gcás an scéim phíolótach ar a dtugtar na “Comhshocruithe Nuálaíochta”, scéim a seoladh in 2016 ag féachaint le roinnt de na bacainní atá roimh an nuálaíocht a bhaint agus geilleagar ciorclach a neartú, agus an Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach. Tosaíodh ar obair ullmhúcháin ar bhearta fadtéarmacha arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an timpeallacht nuálaíochta san Aontas. Sampla den obair sin is ea an glao ar smaointe maidir le Comhairle Nuálaíochta Eorpach a bhunú.

An spás a chur chun sochair don nuálaíocht agus don infheistíocht

I mí Dheireadh Fómhair 2016 d’fhoilsigh an Coimisiún Straitéis Spáis don Eoraip. Is é is aidhm don straitéis a oiread leasa is féidir a bhaint as cláir spáis an Aontais don tsochaí agus poitéinseal earnáil an spáis a úsáid chun borradh a chur faoin nuálaíocht, agus faoi chruthú post agus cothú fáis i ngeilleagar an Aontais. Cuideoidh sin le tionscal spáis an Aontais leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda. Ina theannta sin, dhearbhaigh an straitéis a thábhachtaí atá earnáil an spáis ó thaobh shlándáil an Aontais agus ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a neartú.

In 2016 bhain clár Galileo, tionscnamh de chuid an Aontais arb é is aidhm dó córas domhanda loingseoireachta satailíte úrscothach a chur ar bun, bhain sé cloch mhíle amach nuair a lainseáladh go rathúil ceithre cinn breise de shatailítí leis an roicéad Eorpach Ariane 5. I mí na Nollag 2016 fógraíodh na chéad seirbhísí — loingseoireacht, cuardach agus tarrtháil agus seirbhís phoiblí rialáilte — a d’eascair uaidh sin.

Fás inbhuanaithe

In 2016 rinne an tAontas tuilleadh dul chun cinn maidir leis an bPacáiste don Gheilleagar Ciorclach, a moladh in 2015. Is iomaí sin acmhainn nádúrtha nach bhfuil ach méid teoranta di le fáil, agus nuair a chuirtear gach rud san áireamh is mó an méid fuinnimh a iompórtálann an tAontas ná a easpórtálann sé. Dá bhrí sin, chun fás inbhuanaithe a chinntiú, caithfidh sé acmhainní a úsáid ar dhóigh níos cliste agus níos inbhuanaithe. Ach bearta a dhéanamh maidir le diomailt a chosc, feabhas a chur ar dhearadh táirgí, athchúrsáil, agus athúsáid, mar shampla, d’fhéadfadh gnólachtaí an Aontais €600 billiún de ghlanchoigilteas a ghnóthú agus, san am céanna, astaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla iomlána a laghdú 2-4 %.

I mí an Mhárta, mhol an Coimisiún Rialachán a bhfuil sé de chuspóir aige margadh inmheánach a chruthú do leasacháin a mhonaraítear le hamhábhair thánaisteacha, agus ar an gcaoi sin deis eacnamaíoch a dhéanamh d’fhadhbanna bainistithe dramhaíola. D’fhéadfaí tuairim agus 120 000 post a chruthú dá bharr sin trí bhithdhramhaíl a iompú ina leasachán de bhunadh orgánach.

I mí na Samhna ghlac an Coimisiún an Plean Oibre Éicidhearthóireachta don tréimhse 2016-2019, mar chuid den phacáiste Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad. Beidh sin ina chuidiú ceanglais táirgí a leagan síos a rachaidh chun tairbhe don gheilleagar ciorclach, rud a fhágfaidh na táirgí sin níos buanfasaí agus rud a éascóidh deisiú na ndtáirgí, a n-athúsáid agus a n-athchúrsáil

Farraigí na hEorpa a chosaint

Tá earnáil iascaireachta an Aontais ar an gceathrú earnáil iascaireachta is mó ar domhan. Gach bliain soláthraíonn sí 6.4 mhilliún tonna éisc. Tá os cionn 350 000 duine fostaithe in earnáil na hiascaireachta agus na próiseála éisc. Cuid lárnach de bheartas iascaireachta agus muirí an Aontais is ea acmhainní aigéin na hEorpa a úsáid ar shlí inbhuanaithe. I mí na Samhna 2016, d’fhoilsigh an Coimisiún a chuid moltaí maidir le rialachas idirnáisiúnta níos fearr ar na haigéin. Leagtar amach sna moltaí sin cén chaoi ab fhéidir leis an Aontas cuidiú a thabhairt Spriocanna na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, trí dheimhin a dhéanamh de go mbainisteofar acmhainní aigéin an domhain ar dhóigh níos stuama. Lena chois sin, i mí Aibreáin 2016 sheol an Coimisinéir Karmenu Vella MedFish4Ever, tionscnamh atá ag tarraingt aird ar an bhfíor-dhrochbhail atá ar stoic éisc sa Mheánmhuir, áit a bhfuil ró-iascaireacht á déanamh ar 90 % de na stoic éisc a ndearnadh measúnú orthu.

Grianghraf: An Coimisinéir Karmenu Vella i láthair ag seoladh an tionscnaimh MedFish4Ever, an Bhruiséil, an 27 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Karmenu Vella i láthair ag seoladh an tionscnaimh MedFish4Ever, an Bhruiséil, an 27 Aibreán 2016.

An Eoraip a nascadh le chéile

Chun cuidiú a thabhairt córacha iompair a dhigitiú agus a dhícharbónú, i mí an Mheithimh chuir an Coimisiún i láthair liosta de 195 thionscadal iompair a dtabharfar €6.7 mbilliún de mhaoiniú dóibh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Meastar go gcruthófar oiread le 100 000 post dá bharr sin faoi 2030.

Grianghraf: An Coimisinéir Violeta Bulc ag glacadh páirt i dtaispeántas de ghluaisteáin gan tiománaí ag Innovation Expo, Amstardam na hÍsiltíre, an 14 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Violeta Bulc ag glacadh páirt i dtaispeántas de ghluaisteáin gan tiománaí ag Innovation Expo, Amstardam na hÍsiltíre, an 14 Aibreán 2016.

Tá bunús na dtionscadal sin lonnaithe laistigh den Chroíghréasán Tras-Eorpach Iompair. Ar na tionscadail dár tugadh maoiniú tá athchóiriú an iarnróid atá ag dul ó Brasov go Sighisoara sa Rómáin, an t-iarnród atá ag dul ó Aveiro go Vilar Formoso sa Phortaingéil, tógáil iarnróid chaighdeánaigh i gconair Mhuir Thuaidh-Mhuir Bhailt agus cur chun feidhme an Chláir um Chur i nGníomh an Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair. I mí Dheireadh Fómhair 2016 sheol an Coimisiún an tríú babhta de ghlaonna ar iarratais faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i réimse an iompair. Dá bharr sin cuireadh €1.9 mbilliún ar fáil chun príomhthionscadail iompair a mhaoiniú.

Poist agus fás de bharr na talmhaíochta

Cuireann earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh táirgí bia ardchaighdeáin de shaghsanna éagsúla agus earraí poiblí comhshaoil ar fáil do shaoránaigh, agus ina theannta sin, cothaíonn sé saol cultúrtha agus sóisialta ceantar tuaithe. Tá beagnach 44 mhilliún post in earnáil an agraibhia san Aontas, agus is fiú os cionn €120 billiún in aghaidh na bliana easpórtálacha na hearnála sin.

Grianghraf: Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, (i lár baill) ag bualadh le toscaireacht de tháirgeoirí déiríochta, St. Vith, an Bheilg, an 15 Samhain 2016. © An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, (i lár baill) ag bualadh le toscaireacht de tháirgeoirí déiríochta, St. Vith, an Bheilg, an 15 Samhain 2016.

Tacaíonn an comhbheartas talmhaíochta, a bhfuil buiséad tuairim agus €59 mbilliún aige, leis an earnáil sin trí thacaíocht a thabhairt d’ioncam feirmeoirí, trí chuidiú le feirmeoirí a gcuid oibre a dhéanamh ar shlí a dhéanann leas an chomhshaoil, agus trí ghníomhaíochtaí eile arb é is aidhm dóibh earnáil na talmhaíochta a dhéanamh níos iomaíche agus níos tíosaí ar acmhainní agus saol na tuaithe a fheabhsú.

Grianghraf: An Coimisinéir Violeta Bulc agus an Coimisinéir Phil Hogan, in éineacht le Dejan Židan (ar dheis), Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia na Slóivéine, ag tabhairt cuairt ar fheirm Pustotnik, feirm dhéiríochta in Gorenja vas-Poljane, mar a gcuirtear táirgí áitiúla chun cinn, an tSlóivéin, an 14 Iúil 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Violeta Bulc agus an Coimisinéir Phil Hogan, in éineacht le Dejan Židan (ar dheis), Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia na Slóivéine, ag tabhairt cuairt ar fheirm Pustotnik, feirm dhéiríochta in Gorenja vas-Poljane, mar a gcuirtear táirgí áitiúla chun cinn, an tSlóivéin, an 14 Iúil 2016.

Leis na híocaíochtaí díreacha bliantúla a dhéantar faoin gcomhbheartas, tugtar cosaint bhunúsach d’ioncam feirmeoirí ar an suaitheadh ar leith a tharlaíonn in earnáil na talmhaíochta.

I mí an Mhárta 2016 chuir an Coimisiún bearta eisceachtúla i bhfeidhm, a bhfuil sé de chuspóir acu feirmeoirí beostoic a chosaint. I mí Iúil d’fhógair sé pacáiste €500 milliún arb é is aidhm dó táirgeadh bainne a laghdú agus tacú le táirgeoirí bainne agus le feirmeoirí in earnálacha beostoic eile. Cuireadh tuilleadh tacaíochta ar fáil don earnáil torthaí agus glasraí, earnáil atá buailte ag an toirmeasc a chuir an Rúis ar iompórtáil na nithe sin.

I mí Eanáir bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa na Margaí Talmhaíochta chun moltaí a dhéanamh maidir le conas is féidir feabhas a chur ar fheidhmiú an tslabhra soláthair bia agus cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch a chinntiú d’fheirmeoirí. D’fhoilsigh an tascfhórsa a thuarascáil i mí na Samhna. Bunaíodh Faireachlann Mhargadh na Feola chun earnáil na mairteola, na laofheola agus na muiceola a dhéanamh níos trédhearcaí i margadh na feola. Cuidíodh le hoibreoirí margaidh treochtaí an mhargaidh a thuiscint níos fearr agus cuireadh ar a gcumas déileáil níos fearr le luaineacht sa mhargadh.

In éindí le baill eile den Choimisiún, chuir an Coimisinéir Phil Hogan feachtas comhbheartaithe ar bun chun dul i ngleic le bacainní neamhtharaifí atá roimh thrádáil i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bhféadfaí táirgí an Aontais a dhíol iontu. In 2016, de bharr an fheachtais sin, osclaíodh margaí sa tSín, sa Cholóim, sa tSeapáin agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá d’easpórtálacha áirithe ón Aontas. Chomh maith leis sin, cuireadh toscaireachtaí ardleibhéil chuig an Indinéis, chuig Meicsiceo, agus chuig Vítneam, chun margaí nua tairbheacha a oscailt.

Scileanna nua, cosaint níos fearr agus tuilleadh post don aos óg

A bhuí le maoiniú ón Aontas, go háirithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa, tá sé beartaithe cúnamh a thabhairt do 8 milliún oibrí san Aontas feabhas a chur ar a gcuid scileanna, idir 2014 agus 2020. De bharr Erasmus+, clár ag a bhfuil buiséad €14.7 mbilliún, tabharfar caoi do bhreis agus 4 mhilliún duine dul thar sáile chun staidéar a dhéanamh, dul faoi oiliúint, taithí a fháil nó obair dheonach a dhéanamh. Ina theannta sin, cuidíonn Erasmus+ leis na Ballstáit a gcuid córas oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus a fheabhsú.

Grianghraf: An Coimisinéir Marianne Thyssen ag bualadh le mic léinn de chuid Institiúid Ghairmoiliúna na hAithine, an Ghréig, an 21 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Marianne Thyssen ag bualadh le mic léinn de chuid Institiúid Ghairmoiliúna na hAithine, an Ghréig, an 21 Aibreán 2016.

I mí na Bealtaine, seoladh an tArdán Oibre chun Dul i nGleic le hObair Neamhdhearbhaithe. An aidhm atá ag an ardán obair dhearbhaithe a dhéanamh d’obair neamhdhearbhaithe. Cinntíonn an t-ardán cosaint shóisialta do na milliúin duine óg san Aontas atá thíos le socruithe éiginnte fostaíochta, cuir i gcás daoine a bheith ag ligean orthu gur féinfhostaithe atá siad nuair is amhlaidh gur i gcaidreamh fostaíochta spleáchais atá siad.

I mí an Mheithimh, sheol an Coimisiún an Clár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, clár oibre 10 mbeart a bhfuil sé mar chuspóir aige feabhas a chur ar scileanna agus iad a dhéanamh níos oiriúnaí do mhargadh an tsaothair. Ar na bearta sin, bhí tionscnamh arb é is aidhm dó cúnamh a thabhairt do dhaoine fásta atá ar bheagán scileanna feabhas a chur ar a gcuid scileanna litearthachta, uimhearthachta agus digiteacha agus/nó cuidiú leo cáilíocht meánscoile nó a cothrom a ghnóthú.

Chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an aosa óig, lean an tAontas de bheith ag tacú le cur i bhfeidhm na Ráthaíochta don Aos Óg sna Ballstáit. I mí Dheireadh Fómhair léirigh tuarascáil ar dhul chun cinn go bhfuil an Ráthaíocht don Aos Óg 2013, agus an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra mar thaca leis, tar éis difear nithiúil a dhéanamh. Trí bliana tar éis a seolta (in 2013), tá laghdú 1.4 mhilliún tagtha ar an líon daoine óga san Aontas atá dífhostaithe. Tá glactha ag tuairim agus 9 milliún duine óg le tairiscint poist, le tréimhse oiliúna nó le printíseacht de bharr na Ráthaíochta. Ina theannta sin, tháinig di go ndearnadh athchóirithe forleitheadacha i roinnt mhaith Ballstát agus gur tugadh cúnamh comhpháirtíochtaí idir earnáil an ghnó agus earnáil an oideachais a chur ar bun. Chun deimhin a dhéanamh de go gcuirfear an Ráthaíocht don Aos Óg chun feidhme go hiomlán agus ar dhóigh inbhuanaithe, tá sé molta ag an gCoimisiún síneadh a chur leis an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra go dtí 2020 agus na hacmhainní atá ar fáil dó a mhéadú. Chomh maith leis sin, d’fhógair an Coimisiún Erasmus Pro, scéim shoghluaisteachta do phrintísigh a mhaireann idir 6 agus 12 mhí. Beidh an scéim nua, thiomanta seo ina cuid de Erasmus+, agus é mar aidhm aici cuidiú le daoine dul ag foghlaim thar sáile san ionad oibre.

Físeán: An Ráthaíocht don Aos Óg agus an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra. © An tAontas Eorpach

An Ráthaíocht don Aos Óg agus an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra.

Daoine a nascadh

In 2016 de bharr Erasmus+, clár oideachais, oiliúna, óige agus spóirt, a bhfuil buiséad €2.2 bhilliún aige, tugadh caoi do thuairim agus 497 000 duine óg dul thar sáile chun staidéar a dhéanamh, dul faoi oiliúint nó páirt a ghlacadh i malartuithe ógra. Tugadh caoi, freisin, do 141 000 éigin ball foirne de chuid institiúidí oideachais agus eagraíochtaí ógra a gcuid inniúlachtaí a fheabhsú trí thamall a thabhairt i mbun múinteoireachta agus cúrsaí oiliúna a dhéanamh thar sáile. Le linn na bliana cuireadh breis agus €400 milliún ar fáil tríd an gclár ón ollbhuiséad atá in áirithe do thionscadail comhair, lena n-áirítear tionscadail a bhfuil béim iontu ar an tsaoránacht agus ar chomhluachanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I mí na Nollag, 3 mhí i ndiaidh don Uachtarán Juncker é a fhógairt ina óráid ar Staid an Aontais, sheol an Coimisiún an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Is féidir le daoine óga atá idir 17 agus 30 bliain d’aois clárú leis an gCór chun deis a fháil leas na sochaí a dhéanamh ar fud an Aontais, agus san am céanna, taithí agus scileanna a shealbhú. Daoine a chláraíonn leis an gclár, is féidir go dtairgfear áit dóibh i dtionscadal oibre deonaí, nó printíseacht, nó post, ar feadh tréimhse idir 2 agus 12 mhí. Féadfaidh siad bheith ag obair i réimsí amhail oideachas, sláinte, imeascadh sóisialta, cúnamh a thabhairt bia a sholáthar, tógáil dídine, tacaíocht d’imircigh agus do dhídeanaithe agus imeascadh na ndaoine sin, agus cosaint an chomhshaoil agus cosc tubaistí nádúrtha. Faoi dheireadh mhí na Nollag bhí 18 000 duine tar éis clárú.

An beartas eacnamaíoch agus fioscach

Gach bliain déantar beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú le timthriall comhordúcháin ar a dtugtar an Seimeastar Eorpach. Is i ndeireadh na bliana a sheoltar an Seimeastar Eorpach, i ndiaidh fhoilsiú an tSuirbhé Bhliantúil Fáis agus tar éis moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a bheith eisithe. I mí Feabhra 2016 d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha tíre, ina raibh anailís ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a bhí roimh gach ceann de na Ballstáit. Bhí na tuarascálacha sin mar bhonn le plé a rinneadh leis na Ballstáit faoi na roghanna beartais a bhí le déanamh ag gach ceann acu sula gcuirfidís a gclár náisiúnta um athchóiriú agus a bplean buiséadach meántéarmach i bhfeidhm i mí Aibreáin. I ndeireadh an earraigh, rinne an Coimisiún, i bhfianaise na dtuarascálacha sin, na moltaí tírshonacha a ullmhú.

Bíonn na moltaí sin ina dtreoir ag na Ballstáit maidir le conas borradh a chur faoi fhás agus poist, agus bíonn béim iontu ar athchóirithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun borradh a chur faoin bhfás i réimsí ar nós taighde agus nuálaíochta, agus san am céanna dea-bhail a choinneáil ar an airgeadas poiblí. Le linn na bliana rinneadh moltaí i leith na Cipire i ndiaidh di teacht isteach arís, san earrach, faoi chuimsiú an chreata rialachais eacnamaíoch tar éis deireadh a theacht leis an gclár coigeartaithe eacnamaíoch a raibh sí faoina réir.

Maidir le gnóthaí fioscacha, léirigh na moltaí a rinne an Coimisiún in 2016 gur féidir an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chur i bhfeidhm ar dhóigh sholúbtha chiallmhar. Agus measúnú á dhéanamh aige ar phleananna buiséadacha meántéarmacha na mBallstát chuir an Coimisiún san áireamh eisceachtúlacht an chaiteachais a bhain le himeachtaí nach raibh neart ag na rialtais orthu (e.g. géarchéim na ndídeanaithe agus bearta frithsceimhlitheoireachta). Tugadh cairde don Spáinn agus don Phortaingéil chun an t-easnamh iomarcach atá acu a chur ina cheart agus ghlac an Chomhairle le moladh an Choimisiúin gan an fhíneáil a d’fhéadfaí a ghearradh orthu, i ngeall ar an gcaoi a raibh gnóthaí fioscacha acu roimhe sin, gan í a ghearradh. Rinneadh tuilleadh dul chun cinn le linn na bliana ó thaobh easnaimh iomarcacha, agus laghdaigh an líon Ballstát a raibh easnamh iomarcach acu ó 24 cinn (in earrach 2011) go 6 cinn. Bhí trí cinn de Bhallstáit ann a chuir an t-easnamh iomarcach a bhí acu i gceart in 2015, agus dá bharr sin chuir an Chomhairle clabhsúr foirmiúil i mí an Mheithimh 2016 ar na himeachtaí a tionscnaíodh ina leith sin.

Maidir leis an limistéar euro, mhol an Coimisiún seasamh fioscach i bhfad níos dearfaí, d’fhonn an baol a leanann “fás íseal, boilsciú íseal” a sheachaint agus d’fhonn tacú le beartas airgeadaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Chomh maith leis sin mheas an Coimisiún an raibh dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro do 2017, mheas sé an raibh siad i gcomhréir lena raibh leagtha síos sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. I roinnt cásanna, chinn an Coimisiún nár leor na coigeartuithe fioscacha a bhí beartaithe chun a raibh leagtha síos sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a bhaint amach, nó go raibh an baol ann nár leor iad.

Físeán: Dea-bhail an airgeadais phoiblí a chinntiú. © An tAontas Eorpach

Dea-bhail an airgeadais phoiblí a chinntiú.

Maidir leis an monatóireacht a dhéantar ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, rinne an Coimisiún amach go raibh míchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha in 13 Bhallstát. Thug an Coimisiún dá aire an dul chun cinn a rinneadh chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí, agus ina theannta sin rinne sé an nós imeachta níos soiléire agus níos trédhearcaí tríd an líon catagóirí míchothromaíochtaí a laghdú ó shé cinn go ceithre cinn agus chuir sé tuilleadh béime sa seimeastar Eorpach ar cheisteanna fostaíochta agus sóisialta.

Tacaíocht leanúnach do na Ballstáit

Lean an idirbheartaíocht ar aghaidh idir an Pharlaimint agus an Chomhairle faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhol an Coimisiún i mí na Samhna 2015.

I ndeireadh mhí an Mhárta 2016 chuir an Chipir i gcrích go rathúil an clár coigeartaithe eacnamaíoch 3 bliana a raibh sí faoina réir. Lean an Coimisiún de bheith ag tacú le húdaráis na Cipire, trí bhíthin na Seirbhíse Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, athchóirithe struchtúracha agus riaracháin a dhéanamh a chothóidh fás.

Le linn na bliana is maith an dul chun cinn a rinneadh maidir le clár na Gréige a chur i bhfeidhm, clár a ceapadh chun na dálaí is gá a chothú chun muinín a mhúscailt agus dúshraith téarnaimh eacnamaíoch fhadtéarmaigh sa Ghréig a chur síos. I ndiaidh an chéad athbhreithniú a bheith curtha i gcrích, ceadaíodh dara tráinse maoiniúcháin an chláir (€10.3 bhilliún) a íoc. Íocadh an dara tráinse sin i gcéimeanna éagsúla, an ceann deireanach acu i mí Dheireadh Fómhair. Thacaigh an Coimisiún le hobair an Ghrúpa Euro, a chinn i mí na Bealtaine ar na bearta ba ghá a dhéanamh i leith fiachais. Déanfar na bearta sin de réir a chéile. Rinneadh céadphlé ar bhearta fiachais gearrthéarmacha i mí na Nollag. Maidir le cur chun feidhme an chláir, is maith an dul chun cinn a rinneadh ionsar chur i gcrích an dara hathbhreithniú.

Ina cheann sin, tugadh tacaíocht eacnamaíoch don Ghréig tríd an bPlean Infheistíochta don Eoraip. I mí na Bealtaine shínigh an Ghréig céadchomhaontú, ar thacaigh an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha leis. An uair sin shínigh an Ciste Eorpach Infheistíochta trí chomhaontú le bainc idirmheánacha agus le cistí Gréagacha maidir le maoiniú breise a thabhairt do ghnólachtaí an-bheag, beaga agus meánmhéide sa Ghréig.

Tacaíocht a leathnú thar theorainneacha an Aontais amach

Thacaigh an Coimisiún leis an tSeoirse, leis an gCirgeastáin, leis an Iordáin, leis an Túinéis agus leis an Úcráin trí chlár um chúnamh macra-airgeadais a chur ar bun. Is é is aidhm do na cláir sin cuidiú le tíortha atá gar don Aontas go geografach, go heacnamaíoch agus go polaitiúil staid airgeadais sheachtrach chobhsaí a bhaint amach, agus san am céanna coigeartuithe eacnamaíocha agus athchóirithe struchtúracha a spreagadh. Comhlánú ar mhaoiniú de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta atá sna cláir sin.

I mí Mheán Fómhair mhol an Coimisiún Plean nua Infheistíochta Seachtraí Eorpach a chur ar bun lena gcuirfí borradh faoin infheistíocht san Afraic agus i dtíortha comharsanacha an Aontais agus lena rachfaí i ngleic le bunchúiseanna na himirce. An cuspóir atá ag an bplean sin tacú leis an infreastruchtúr sóisialta agus eacnamaíoch agus le gnólachtaí beaga — agus béim ar leith ann ar chruthú fostaíochta — trí dheireadh a chur le bacainní atá roimh infheistíocht phríobháideach. Leis an bplean, a bhfuil €3.35 bhilliún curtha ar fáil ina chomhair ó bhuiséad an Aontais agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta, tá sé beartaithe tacú le ráthaíochtaí nuálacha agus le hionstraimí eile den saghas céanna chun infheistíocht phríobháideach a chothú.

D’fhéadfaí oiread le €44 bhilliún d’infheistíochtaí a chur ar fáil faoin bplean. Dá dtoileodh na Ballstáit agus comhpháirtithe eile an Aontais an ranníocaíocht chéanna le ranníocaíocht an Aontais a dhéanamh, d’fhéadfaí an méid sin a dhúbailt, sa chaoi gur €88 mbilliún a bheadh ann.

Buiséad an Aontais atá Dírithe ar Thorthaí

In 2016 rinne an Coimisiún dul chun cinn maidir leis an tionscnamh Buiséad an Aontais atá Dírithe ar Thorthaí, tionscnamh a bhfuil sé de chuspóir aige a chinntiú go gcaitear acmhainní an Aontais ar dhóigh a théann ar sochar don saoránach agus go bhfuil tairbhe ag baint le gach tionscadal a mhaoiníonn an tAontas.

Leanadh de bheith ag infheistiú airgead ó bhuiséad an Aontais i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais, e.g. fás, poist agus iomaíochas a chothú agus freagairt go pras agus go héifeachtach ar éigeandálaí.

Grianghraf: Kristalina Georgieva, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin (2014-2016), ag tabhairt cainte ag an gcomhdháil “Buiséad an Aontais atá Dírithe ar Thorthaí”, an Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Kristalina Georgieva, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin (2014-2016), ag tabhairt cainte ag an gcomhdháil “Buiséad an Aontais atá Dírithe ar Thorthaí”, an Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2016.

I mbunachar de thionscadail a mhaoinigh an tAontas agus a raibh rath orthu, atá ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, bhí breis agus 1 000 tionscadal liostaithe do 2016.

Le linn óráid an Uachtaráin Juncker ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair, chuir an Coimisiún i láthair a Athbhreithniú Lár Téarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (2014-2020), ina raibh pacáiste de thograí reachtacha a bhfuil sé mar aidhm acu an méid seo a dhéanamh:

  • cúnamh airgeadais a thabhairt chun dul i ngleic go héifeachtúil leis an imirce agus le contúirtí slándála agus chun fás eacnamaíoch, cruthú post agus iomaíochas a chothú;
  • buiséad an Aontais a dhéanamh níos solúbtha agus é a dhéanamh níos fusa an buiséad a úsáid chun dul i ngleic go pras agus go héifeachtúil le dálaí nach raibh coinne leo;
  • rialacha airgeadais a shimpliú agus ar an dóigh sin an t-ualach riaracháin a bhíonn orthu sin dá dtugtar maoiniú ón Aontas a laghdú.

Caibidil 2

Margadh Aonair Digiteach Idirnasctha

“Caithfimid leas níos fearr a bhaint as na mórdheiseanna a ghabhann le teicneolaíochtaí digiteacha óir níl teorainn leis na teicneolaíochtaí sin. Chun sin a dhéanamh, caithfidh sé a bheith de mhisneach againn srianta náisiúnta a bhriseadh, na srianta sin atá curtha ar bun i réimse na rialála teileachumarsáide, sa reachtaíocht maidir le cóipcheart agus cosaint sonraí, i mbainistiú aerthonnta raidió, agus i gcur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Andrus Ansip, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, (i lár baill) ag baint triail as an gcéad ghlúin eile de theicneolaíocht gan sreang ag an Mobile World Congress 2016, Barcelona na Spáinne, an 22 Feabhra 2016. © An tAontas Eorpach

Andrus Ansip, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, (i lár baill) ag baint triail as an gcéad ghlúin eile de theicneolaíocht gan sreang ag an Mobile World Congress 2016, Barcelona na Spáinne, an 22 Feabhra 2016.

Is é is aidhm don Mhargadh Aonair Digiteach deireadh a chur leis na bacainní ar líne sin a cheileann earraí agus seirbhísí ar mhuintir na hEorpa. Fágann na bacainní sin freisin nach mbíonn gnólachtaí idirlín ná nuathionscanta in ann lánbhuntáiste a bhaint as an mborradh digiteach. In 2016, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair mórán gach ceann dá thograí maidir leis an Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích, agus tá rún aige a bhfuil fanta díobh a ghlacadh i dtús na bliana 2017. Chuir an Coimisiún i láthair rialacha nua mar chuidiú do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí idir earraí agus seirbhísí a dhíol agus a cheannach ar mhodh níos fusa ar líne, agus leag sé amach pleananna lena n-áiritheofar níos mó den cheart agus den trédhearcacht ar an margadh ar líne. Leag sé amach freisin straitéis chun cuidiú le hearnáil na tionsclaíochta, le gnólachtaí, le taighdeoirí agus le húdaráis phoiblí a oiread leasa is féidir a bhaint as nua-theicneolaíochtaí.

Chun gur móide muinín an phobail as an domhan digiteach, sheol an Coimisiún mór-chomhpháirtíocht le hearnáil na tionsclaíochta, i mí Iúil, i dtaobh na cibearshlándála. Bhí aghaidh an phobail ar ealaíontóirí, ar chruthaitheoirí agus ar éagsúlacht chultúrtha an Aontais le linn na bliana a tugadh i mbun ceiliúrtha ar 25 bliana a bheith slán ag an gclár EU MEDIA. Ina theannta sin, i ngeall ar an nuashonrú a rinneadh ar dhlíthe cóipchirt agus ar rialacha craolta an Aontais, cruthaíodh tuilleadh deiseanna don nuálaíocht agus don inneachar cruthaitheach ar líne agus go trasteorainneach.

San óráid a thug sé i mí Mheán Fhómhair ar Staid an Aontais, d’fhógair an tUachtarán Juncker WiFi4EU, plean €120 milliún faoina gcuirfear Wi-Fi soar in aisce ar fáil i bpáirceanna agus i gcearnóga, i leabharlanna agus i bhfoirgnimh phoiblí i mbailte agus i sráidbhailte ó cheann ceann an Aontais. Anuas ar an méid sin, is mian leis an gCoimisiún rochtain a bheith ag gach líon tí san Aontas ar cheangal idirlín 100 meigighiotán sa soicind, ar a laghad, ceangal a fhéadfar a uasghrádú chuig luas gigighiotánach.

Grafaic faisnéise: Cén fáth a bhfuil gá le margadh digiteach aonair?

Rochtain níos fearr a thabhairt ar earraí agus ar sheirbhísí

Rialacha ríomhthráchtála nua a chuideoidh le daoine aonair agus le gnólachtaí

I mí na Bealtaine 2016, chuir an Coimisiún i láthair bearta a dhéanfadh éascaíocht do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí earraí agus seirbhísí a dhíol agus a cheannach ar líne ar fud an Aontais. Mhol an Coimisiún Rialachán maidir le geo-bhlocáil ionas nach ndéanfaí leithcheal orthu siúd a bheadh ag ceannach earraí agus seirbhísí i mBallstát eile den Aontas.

Físeán: An pacáiste ríomhthráchtála: i dtreo margadh aonair don Aontas Eorpach. © An tAontas Eorpach

An pacáiste ríomhthráchtála: i dtreo margadh aonair don Aontas Eorpach.

Is minic idir dhaoine aonair agus ghnólachtaí beaga ag clamhsán go mbíonn praghsanna arda agus fadhbanna a bhaineann le seachadadh beartán ag bacadh orthu nithe a dhíol agus a cheannach i mBallstáit eile. Is é aidhm an Rialacháin a ghlac an Coimisiún i mí na Bealtaine an trédhearcacht phraghsála agus an mhaoirseacht rialála a mhéadú. Ar mhaithe le hiontaoibh na dtomhaltóirí a spreagadh, is mian leis an gCoimisiún an Rialachán maidir le Comhar i gCosaint na dTomhaltóirí a nuashonrú.

An ríomhthráchtáil a imscrúdú

Thiomsaigh an Coimisiún fianaise ó bhreis agus 1 800 gnólacht atá gníomhach i réimse ríomhthráchtála na n-earraí do thomhaltóirí agus an inneachair dhigitigh, agus rinne sé anailís ar thart ar 8 000 conradh dáileacháin. I mí an Mhárta, léiríodh sna torthaí tosaigh go raibh an gheo-bhlocáil ar siúl go fada fairsing sa ríomhthráchtáil ar fud an Aontais, go mór mór i dtaca le hinneachar digiteach. I mí Mheán Fhómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún réamhthuarascáil inar deimhníodh go raibh an ríomhthráchtáil ag fás go tréan san Aontas — breis agus leath de phobal fásta an Aontais a d’ordaigh earraí nó seirbhísí ar líne in 2015. Sainaithníodh sa tuarascáil cleachtais áirithe ghnó a d’fhéadfadh a bheith ina srian ar an iomaíocht agus ina dteorainn ar rogha an tomhaltóra. Tá an tuarascáil deiridh le foilsiú in 2017.

Na rialacha cáin bhreisluacha (CBL) a shimpliú

Tá an córas CBL atá i réim faoi láthair i dtaca leis an ríomhthráchtáil trasteorann casta agus costasach ag na Ballstáit agus ag gnólachtaí araon. I gcás na ngnólachtaí, meastar gur thart ar €8 000 sa bhliain, ar an meán, a chosnaíonn sé orthu earraí a sholáthar do Bhallstát eile. Ní hé amháin sin ach tá gnólachtaí an Aontais faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na hiomaíochta de mar go dtig le soláthróirí nach as an Aontas iad earraí saor ó CBL a sholáthar do thomhaltóirí san Aontas de bhun na díolúine maidir le coinsíneachtaí beaga a iompórtáil. Anuas air sin, fágann castacht an chórais gur doiligh ag na Ballstáit na rialacha a chomhlíonadh, ionas go meastar gur thart ar €5 bhilliún de chaillteanas a bhíonn orthu in aghaidh na bliana.

Mar chuid den straitéis don Mhargadh Aonair Digiteach, chuir an Coimisiún i láthair pacáiste reachtach arb é is aidhm dó nuashonrú agus simpliú a dhéanamh ar na rialacha CBL maidir leis an ríomhthráchtáil trasteorann, go háirithe i dtaca le fiontair bheaga agus mheánmhéide. Fágfaidh an pacáiste sin nach mbeidh aon ghá feasta do ghnólachtaí a bhíonn ag díol le tomhaltóirí atá suite i mBallstáit eile clárú le bheith incháinithe i dtaca le CBL in aon cheann de na Ballstáit chéanna sin. A bhuí le togra eile fós, áiritheofar go mbeidh foilseacháin leictreonacha in ann leas a bhaint freisin as an ráta laghdaithe céanna a ghearrtar ar fhoilseacháin fhisiciúla.

Rialacha cóipchirt nua-aimseartha don Aontas Eorpach

Sa lá atá inniu ann, de réir Eorabharaiméadar (seirbhís suirbhéanna an Choimisiúin ar thuairimí an phobail), 73 % d’aos óg an Aontais a éisteann le ceol, a fhaireann sraitheanna teilifíse nó a imríonn cluichí ar líne. Thart ar 20 % a thriail rochtain a fháil ar sheirbhísí a chuireann ábhar ar fáil as Ballstáit eile ach is deacair ag craoltóirí freastal ar an éileamh méadaitheach sin. Ar mhaithe leis an rogha agus an rochtain a fheabhsú i dtaca leis an ábhar sin, mhol an Coimisiún Rialachán lena n-éascófaí do chraoltóirí cead craolta a fháil ó shealbhóirí cóipchirt. A bhuí leis an Rialachán sin, simplítear tarchur clár ar líne i mBallstáit eile agus tugtar caoi le cainéil as tíortha isteach a bheith sna pacáistí a thairgtear do thomhaltóirí.

Tá an togra nua le haghaidh Treoir maidir le Cóipcheart ina chomhlánú air sin. Beidh an dréacht-Threoir ina cuidiú ag iarsmalanna, ag cartlanna agus ag institiúidí eile chun leabhair agus scannáin atá fós faoi chóipcheart agus nach bhfuil fáil a thuilleadh ag an bpobal orthu a dhigitiú agus a chur ar fáil go trasteorainneach.

Bíonn fonn ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí leas a bhaint as ábhar agus teicneolaíochtaí digiteacha ach castar srianta a bhaineann le cóipcheart ar mhórán an ceathrú cuid de mhúinteoirí agus iad i mbun a gcuid digea-theagaisc. A bhuí leis an Treoir atá á beartú maidir le cóipcheart, beidh cead ag forais oideachais uirlisí digiteacha a úsáid chun leas a bhaint as ábhar, mar áis teagaisc agus mar chuid de chúrsaí ar líne trasteorainneacha. Déanfaidh sé éascaíocht do thaighdeoirí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí téacsmhianadóireachta agus sonraí-mhianadóireachta chun anailís a dhéanamh ar thacair mhóra sonraí. Tá díolúine éigeantach nua de chuid an Aontais sa dréacht-Threoir freisin a cheadóidh d’institiúidí oidhreachta cultúrtha saothair a chaomhnú go digiteach.

De réir Eorabharaiméadar, faigheann 57 % díobh siúd atá ina gcónaí san Aontas a gcuid nuachta ar líne ó na meáin shóisialta, ó innill chuardaigh nó ó chomhbhailitheoirí nua, agus éisteann 31 % díobh lena gcuid ceoil ó shuíomhanna roinnte físeán agus ceoil ar líne. Le teacht na haoise digití, is mó rogha ag tomhaltóirí, is mó lucht féachana agus éisteachta agus deiseanna úra ag sealbhóirí cóipchirt, ag cruthaitheoirí agus foilsitheoirí cé gur doiligh ag cuid acu luach saothair cóir a fháil nó dul i mbun idirbheartaíochta le hardáin chomhroinnte físeán agus ardáin eile dá sórt. Trí shoiléiriú a dhéanamh ar oibleagáidí na n-ardán ar líne, féachtar sa Treoir atá á beartú maidir le cóipcheart le margadh a chruthú ina mbeidh níos mó den chóir agus den inbhuanaitheacht. Ina theannta sin, neartóidh an Treoir seasamh na sealbhóirí cóipchirt i dtaca le hidirbheartaíocht agus luach saothair; aithnítear inti san am céanna an ról nach beag a bhíonn ag preasfhoilsitheoirí san infheistíocht a dhéantar san iriseoireacht agus i gcruthú an ábhair sin.

Na dálaí cearta a chruthú

Céad slán le táillí fánaíochta

I mí Aibreáin 2016, d’éirigh glaoch, téacsáil agus surfáil ar líne as Ballstát eile (fánaíocht) níos saoire agus gan ach beagán le híoc feasta ag daoine sa bhreis ar an táille intíre: suas le €0.05 an nóiméad ar ghlaoch a dhéanamh, €0.02 ar théacs a sheoladh agus €0.05 ar MB sonraí a úsáid (gan CBL a áireamh) ó ghléas móibíleach. Ó 15 Meitheamh 2017 amach, fágfaidh muintir an Aontais céad slán le táillí fánaíochta agus iad ag taisteal (ó am go ham) laistigh den Aontas.

Le linn na bliana, chuir an Coimisiún i láthair roinnt beart chun sin a chur i gcrích, e.g. togra chun rialú a dhéanamh ar tháillí fánaíochta mórdhíola (an costas a bhaineann na hoibreoirí dá chéile as gréasáin a chéile a úsáid) agus rialacha lena gcinnteofar go rachaidh deireadh na dtáillí fánaíochta ar sochar do chách san Aontas. Beidh fáil ag gach duine a bheidh ag taisteal san Aontas ar “fánaíocht ar tháille baile”, is é sin costas intíre a bheith ar ghlaonna móibíleacha, ar théacsanna agus ar shonraí agus iad ag taisteal i gcéin ón mbaile (i.e. an tír ina bhfuil siad lonnaithe nó ar léi atá ceangal seasmhach acu). I mí Aibreáin, tháinig rialacha nua i bhfeidhm lenar tugadh ráthaíocht den chéad uair riamh do phrionsabal na neodrachta idirlín faoi dhlí an Aontais.

Físeán: An fhánaíocht: lá caithréimeach le linn cath fada. © An tAontas Eorpach

An fhánaíocht: lá caithréimeach le linn cath fada.

An nascacht idirlín a mhéadú agus a fheabhsú

Faoi 2020, beidh nach mór a ocht oiread den trácht móibíleach idirlín ann is atá i láthair na huaire. In 2016, leag an Coimisiún Eorpach amach mórthionscnaimh reachtacha agus bheartais de fhreagairt ar an éileamh méadaitheach sin. I mí Feabhra, mhol an Coimisiún comhordú níos fearr a dhéanamh ar mhinicíochtaí raidió sa bhanda 700 meigiheirts ar mhaithe leis an rochtain idirlín mhóibíleach a fheabhsú, agus ionas go bhfeidhmeoidh carranna nasctha, cianchúram sláinte, agus seirbhísí nuálacha eile dá sórt ar fud na mór-roinne.

I mí Mheán Fómhair, mhol an Coimisiún go leasófaí ó bhonn rialacha teileachumarsáide an Aontais agus tá rún aige freastal ar na riachtanais mhéadaitheacha teileachumarsáide atá ag muintir an Aontais. Is iad seo thíos na trí chuspóir atá ag an gCoimisiún.

  • Faoi 2025, gach scoil, gach ollscoil, gach ionad taighde, gach mol iompair, gach ospidéal, gach seirbhís phoiblí agus ghnó, ba cheart go mbeadh rochtain acu ar nascacht gigighiotánach (ionas go dtig leis an úsáideoir 1 ghigighiotán sonraí sa soicind a íoslódáil/uaslódáil).
  • Faoi 2025, ba cheart go mbeadh rochtain ag gach líon tí san Aontas ar cheangal idirlín ag a mbeidh luas uaslódála 100 meigibheart sa soicind, ar a laghad, agus a mbeifear in ann é a uasghrádú chuig luas gigighiotánach.
  • Is ceart clúdach 5G (an cúigiú glúin den chóras cumarsáide gan sreang) a bheith ar fáil gan bhriseadh ag gach ceantar uirbeach faoi 2025. Faoi 2020, is ceart go mbeadh fáil ar bhonn tráchtála ar 5G i gceann amháin ar a laghad de mhórchathracha gach Ballstáit.

Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ach le mórinfheistíochtaí amháin. Cuid den Chód nua um Chumarsáid Leictreonach Eorpach is ea na rialacha a fhágann gur tarraingtí ag gach gnólacht infheistiú in infreastruchtúr úr ardchaighdeáin, i ngach cuid den Aontas, ar bhonn áitiúil agus go trasteorainneach, agus san am céanna an t-iomaíochas éifeachtúil a choinneáil slán. Leag an Coimisiún amach plean chun 5G a chur á úsáid ar fud an Aontais. San óráid a thug sé in 2016 ar Staid an Aontais, d’fhógair an tUachtarán Juncker an tionscnamh WiFi4EU, luach €120 milliún d’infheistíocht arb é is aidhm dó an rochtain idirlín in áiteanna poiblí a chur chun cinn. Faoin bplean sin, chuirfí Wi-Fi soar in aisce ar fáil i bpáirceanna agus i gcearnóga, i leabharlanna agus i bhfoirgnimh phoiblí ar mhaithe le saoránaigh agus le hinstitiúidí a bhfuil misean poiblí acu.

I mí Aibreáin, leagadh béim arís, in Dearbhú Amstardam (a phlé airí iompair na 28 mBallstát), ar a thábhachtaí atá an comhar idir lucht rialtais is le hearnáil na tionsclaíochta chun infreastruchtúr sonraí an iompair a fheabhsú. Le linn Uachtaránacht na hÍsiltíre ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, thug an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit agus tionscal an iompair gealltanas go n-ullmhóidís rialacha agus rialacháin lena gceadófaí feithiclí uathrialacha a úsáid ar bhóithre an Aontais.

Rialacha nua closamhairc don Aontas ar mhaithe leis an éagsúlacht chultúrtha

I saol an lae inniu, is minice ná a mhalairt daoine ag breathnú ar chláir — ar an nguthán cliste nó cruinn ar an teilifís sa seomra suite — le seirbhísí físeán-ar-éileamh (ar nós Netflix) agus ardáin chomhroinnte físeán (ar nós YouTube). De fhreagairt ar an scéal nua sin, chuir an Coimisiún i láthair i mí na Bealtaine togra le haghaidh Treoir nuashonraithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc.

Is é is aidhm don reachtaíocht nua cothroime níos fearr a bhaint amach sna rialacha sin a bhfuil feidhm acu i láthair na huaire i dtaca le craoltóirí traidisiúnta, soláthraithe físeán-ar-éileamh agus ardáin chomhroinnte físeán, go mór mór nuair is é cosaint na leanaí a bhíonn i gceist. Neartóidh sé sin éagsúlacht chultúrtha an Aontais — beidh ar sholáthróirí físeán-ar-éileamh a chinntiú gur ábhar Eorpach a bheidh i 20 % ar a laghad dá gcatalóg.

Ardáin

I mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún i láthair na torthaí a bhí ar an measúnú cuimsitheach a rinneadh ar ról sóisialta agus eacnamaíoch ardán ar nós margaí ar líne, innill chuardaigh, córais íocaíochta, na meáin shóisialta, suíomhanna comhroinnte inneachair agus físeán. Leag an Coimisiún amach cur chuige prionsabal-bhunaithe chun na fadhbanna a sainaithníodh sa mheasúnú a réiteach. Áirítear leis sin gealltanas gurb iad na rialacha céanna nó rialacha cosúla is ceart a bheith i bhfeidhm maidir le seirbhísí digiteacha den chineál céanna. Is ceart do na hardáin ar líne iad féin a iompar go freagrach, trí iarrachtaí a dhéanamh dá ndeoin féin, e.g. an cód iompair chun an fhuathchaint ar líne a chomhrac, a chur i bhfeidhm.

An chibearshlándáil a mhéadú

Léirítear sa Suirbhé ar Staid Dhomhanda na Slándála Sonraí (2017) gur tharla teagmhais chibearshlándála amháin, ar a laghad, do bhreis agus 80 % de ghnólachtaí an Aontais le linn na bliana a caitheadh. Laghdaíonn a leithéid muinín an phobail as Margadh Aonair Digiteach agus is bac ar fhás an Mhargaidh sin é. I mí Iúil, sheol an Coimisiún comhpháirtíocht phríobháideach-phoiblí um chibearshlándáil chun an comhar a chur chun cinn le linn luathchéim an taighde agus na nuála, agus chun réitigh cibearshlándála a cheapadh do réimsí éagsúla amhail fuinneamh, sláinte, iompar agus airgeadas. Ceann é sin de thacar tionscnamh ar fearrde comhrac an Aontais in aghaidh an chibear-ionsaithe é agus a fheabhsóidh an t-iomaíochas in earnáil na cibearshlándála. Is breis iad sin ar na chéad rialacha uile-Aontais maidir leis an gcibearshlándáil, a leagadh síos sa Treoir maidir le Slándáil Gréasán agus Córas Faisnéise a ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle i mí Iúil.

An príobháideachas ar líne a fheabhsú

I gcaitheamh an tsamhraidh, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí faoi athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir leis an ríomhphríobháideachas, ar leo, i dteannta leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, a áiritheofar cosaint níos fearr do chumarsáid leictreonach (glaonna teileafóin, glaonna idirlín, ríomhphoist, etc.) na saoránach san Aontas.

An acmhainneacht fáis a mhéadú oiread is féidir

Earnáil na tionsclaíochta san Aontas a dhigitiú

Léirítear i staidéir a rinneadh le deireanas go bhféadfaí breis agus €110 billiún d’ioncam sa bhliain a ghiniúint in earnáil tionsclaíochta an Aontais as seo go ceann 5 bliana ach táirgí agus seirbhísí a dhigitiú.

I mí Aibreáin, nocht an Coimisiún pleananna chun cuidiú le hearnáil na tionsclaíochta, le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le taighdeoirí agus le húdaráis phoiblí san Aontas a oiread leasa is féidir a bhaint as nua-theicneolaíochtaí. Tá rún ag an gCoimisiún tacú le tionscnaimh reatha na mBallstát maidir le digitiú earnáil na tionsclaíochta agus iad a cheangal le chéile, agus infheistíochtaí a dhíriú i dtreo chomhpháirtíochtaí poiblí–príobháideacha an Aontais. Mar shampla, infheisteoidh an Coimisiún €500 milliún i líonra uile-Aontais de mhoil nuálaíochta digití mar a mbeidh gnólachtaí in ann comhairle a fháil agus nuálaíochtaí digiteacha a thástáil.

Is é is ceart go mbeadh na billiúin de ghléasanna atá ceangailte leis an idirlíon, lena n-áirítear gutháin, ríomhairí agus braiteoirí, go mbeidís uile in ann cumarsáid a dhéanamh le chéile go sábháilte agus go réidh, gan aird ar mhonaróir, ar shonraíochtaí teicniúla ná ar thír a dtionscnaimh. Teanga choiteann a theastaíonn chuige sin. Is mian leis an gCoimisiún dlús a chur leis an nós imeachta um shocrú caighdeán, mar shampla trí dhíriú ar 5G, ar an néalríomhaireacht, ar idirlíon na rudaí nithiúla, ar theicneolaíochtaí sonraí agus ar an gcibearshlándáil.

Níl lántairbhe á bhaint fós as seirbhísí digiteacha poiblí ag daoine ná ag gnólachtaí. Is seirbhísí iad sin is ceart a bheith ar fáil go réidh ar fud an Aontais. Leagadh amach i bPlean Gníomhaíochta Eorpach na Ríomhsheirbhísí Rialtais 2016-2020 fiche beart arb é is aidhm dóibh seirbhísí digiteacha poiblí a nuachóiriú agus spás níos fearr a chruthú san Aontas le cónaí, le saothrú agus le hinfheistiú ann. Ar chuid den mhéid sin, tá tairseach aonair digiteach a bhunú chun rochtain so-úsáidte a thabhairt ar fhaisnéis, ar ríomhnósanna imeachta agus ar sheirbhísí comhairleoireachta ar fud an Aontais. Beidh an comhairliúchán poiblí a rinneadh in 2016 ina chuidiú maidir leis sin a fhorbairt.

Chuir an Coimisiún i láthair freisin treoirphlean maidir le seirbhísí néalbhunaithe agus infreastruchtúr sonraí den scoth a mbeidh earnáil na heolaíochta, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí in ann páirt a ghlacadh i réabhlóid na mórshonraí dá bharr. Bunóidh an Coimisiún Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach. Fágfaidh sin ag 1.7 milliún taighdeoir agus ag 70 milliún gairmí eolaíochta agus teicneolaíochta san Eoraip timpeallacht oibre fhíorúil chun go mbeidh siad in ann ollmhéideanna de staitisticí taighde a stóráil, a bhainistiú, a anailísiú agus a athúsáid. Chun tús a chur leis sin, ó 2017 amach, cuirfidh an Coimisiún na sonraí eolaíocha ar fad a tháirgfear faoin gclár Fís 2020 ar fáil go hoscailte ar bhonn réamhshocraithe. Is ag brath ar an mbonneagar Eorpach sonraí a bheidh an ríomhnéal oscailte; tiomsófar líonraí ard-bhandaleithid, saoráidí stórála ar ardscála agus an acmhainn sár-ríomhaireachta chun tacair mhóra sonraí a stóráiltear sa néal a rochtain agus a phróiseáil.

Scileanna digiteacha

Léirítear i staidéir a rinne Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus an Teicneolaíocht in 2016 go bhfuil 47 % de dhaonra an Aontais taobh le scileanna ísle digiteach nó gan scileanna ar bith, agus nach fada go dteastóidh leibhéal éigin den chumas digiteach le haghaidh 90 % de na poist agus bunáite an tsaoil a bheidh á chaitheamh ag na saoránaigh. Mar chuid den Chlár Oibre le haghaidh Scileanna Nua don Eoraip tá iarrtha ag an gCoimisiún ar rialtais na mBallstát géarú ar a ndícheall, mar shampla trí inniúlachtaí digiteacha a bheith ina gcuid den oiliúint agus den oideachas ar gach leibhéal. I mí na Nollag, seoladh Comhghuaillíocht na Scileanna Digiteacha agus na bPost, comhar idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí as earnáil na fostaíochta, na tionsclaíochta, agus an oideachais chun líon na ndaoine a bhfuil ardscileanna digiteacha acu a mhéadú go mór, agus chun a áirithiú go mbeidh ag daoine aonair agus ag lucht saothair an Aontais na scileanna digiteacha riachtanacha.

An cultúr agus an chruthaitheacht san Aontas a chothú san aois dhigiteach

Beidh neart deiseanna fáis le baint as Margadh Aonair Digiteach idirnasctha ag an earnáil chultúir agus chruthaitheach san Aontas. Ach baineann dúshláin leis na deiseanna céanna sin go mór mór i dtaca le maoiniú. I mí an Mheithimh, sheol an Coimisiún, i gcomhar leis an gCiste Eorpach Infheistíochta, saoráid ráthaíochta iasachta dar luach €121 mhilliún chun tacú le breis agus 10 000 fiontar beag agus meánmhéide in earnáil an chlosamhairc, an cheoil, an deartha, na bhféilte, na hoidhreachta cultúrtha, na dtaibhealaíon, na n-amharcealaíona, an fhoilseacháin, an raidió, agus tuilleadh nach iad.

Físeán: Ó 1991 i leith, tá infheistiú á dhéanamh ag an gClár MEDIA in earnáil an chlosamhairc sa dóigh go mbeidh rath uirthi agus go bhféadfaidh sí an éagsúlacht chultúrtha atá san Aontas a léiriú. Cuidíonn an Clár seo le daoine tallannacha oibriú i gcomhar le chéile thar theorainneacha. © An tAontas Eorpach

Ó 1991 i leith, tá infheistiú á dhéanamh ag an gClár MEDIA in earnáil an chlosamhairc sa dóigh go mbeidh rath uirthi agus go bhféadfaidh sí an éagsúlacht chultúrtha atá san Aontas a léiriú. Cuidíonn an Clár seo le daoine tallannacha oibriú i gcomhar le chéile thar theorainneacha.

In 2016, bhí 25 bliana ann ó bunaíodh an clár EU MEDIA, cuid den chlár Eoraip na Cruthaitheachta, príomhchlár an Aontais don earnáil chultúir agus chruthaitheach. Ó 1991 i leith, tá breis agus €2.4 bhilliún infheistithe ag MEDIA sa chruthaitheacht agus san éagsúlacht chultúrtha san Aontas. Gach uile bhliain, tacaíonn sé le thart ar 2 000 scannán, sraith teilifíse agus togra eile. Tá MEDIA tar éis oiliúint a chur ar bhreis agus 20 000 léiritheoir, stiúrthóir agus scriptscríbhneoir agus cuidiú leo teacht isteach ar theicneolaíochtaí nua. Tá MEDIA tar éis borradh a chur faoin lucht féachana scannán san Eoraip. De réir staidéar a rinne an Coimisiún ar MEDIA, ba scannáin as an Eoraip 33 % de na scannáin ar fad a taispeánadh san Aontas in 2014, le hais 25 % in 2010.

Caibidil 3

Aontas fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide

“Is ríshoiléir dúinn ó imeachtaí geopholaitiúla na haimsire seo go bhfuil an Eoraip ag brath an iomarca ar iompórtáil breosla agus gáis. Ar an ábhar sin teastaíonn uaim beartas fuinnimh na hEorpa a athchóiriú agus a atheagrú ina Aontas Fuinnimh Eorpach nua.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, Giovanni La Via, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ségolène Royal, Aire Comhshaoil, Fuinnimh agus Gnóthaí Muirí na Fraince, Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, an Coimisinéir Miguel Arias Cañete agus Ivan Korčok, Rúnaí Stáit in Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice, agus iad i láthair ag an searmanas síniúcháin tráth a dhaingnigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, Strasbourg na Fraince, an 4 Deireadh Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, Giovanni La Via, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ségolène Royal, Aire Comhshaoil, Fuinnimh agus Gnóthaí Muirí na Fraince, Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, an Coimisinéir Miguel Arias Cañete agus Ivan Korčok, Rúnaí Stáit in Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice, agus iad i láthair ag an searmanas síniúcháin tráth a dhaingnigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, Strasbourg na Fraince, an 4 Deireadh Fómhair 2016.

Thug an tAontas Eorpach aghaidh ar 2016 agus é tiomanta fuinneamh slán inacmhainne a sholáthar do na saoránaigh agus do ghnólachtaí féachaint dul i ngleic leis na cúiseanna leis an athrú aeráide, agus sin a dhéanamh trí bhíthin an Aontais Fuinnimh agus beartas réamhbhreathnaitheach um athrú aeráide.

Ar feadh na bliana dhírigh an tAontas ar dhlús polaitiúil a choinneáil faoi Chomhaontú Pháras, Comhaontú a tháinig i bhfeidhm go dlíthiúil i mí na Samhna, 30 lá tar éis don Aontas Eorpach é a dhaingniú, rud a d’fhág gur baineadh amach an tairseach a bhí ann le go ngabhfadh éifeacht leis an gComhaontú sin. I mí Iúil, chuir an Coimisiún spriocanna ceangailteacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i láthair don tréimhse 2021-2030 do gach Ballstát in earnáil an iompair, na bhfoirgneamh, na talmhaíochta, na dramhaíola agus na húsáide talún, agus na foraoiseachta. Chuir an Coimisiún Straitéis Eorpach um Shoghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí i láthair agus lean sé de bheith ag féachaint le dul i ngleic ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta.

I mí na Samhna chuir an Coimisiún an pacáiste “Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad” i láthair. Sa phacáiste sin tá tograí reachtacha maidir le réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, an mhargaidh inmheánaigh agus an rialachais, tograí atá ceaptha cuidiú leis an bhfuinneamh glan agus infheistíocht, poist agus fás a uasmhéadú san Aontas Eorpach.

Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad

Tá an t-aistriú domhanda chuig an bhfuinneamh glan ag leanúint ar aghaidh agus níl aon dul siar air agus ní leor ag an Aontas a bheith ag déanamh oiriúnuithe, is mian leis a bheith ar thús cadhnaíochta. Is é freagracht dhomhanda an Aontais é.

In 2015 infheistíodh breis agus €300 billiún san fhuinneamh glan ar fud an domhain. Is é an tAontas Eorpach is fearr a bhainfidh úsáid as na beartais taighde, forbartha agus nuálaíocht atá aige chun poist agus fás a ghiniúint leis an aistriú sin. Trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach €177 mbilliún in aghaidh na bliana a chur ar fáil ó 2021 ar aghaidh, féadfaidh an pacáiste Fuinnimh Ghlain an t-olltáirge intíre a uasmhéadú suas le 1 % as seo go ceann deich mbliana agus 900 000 post nua a chruthú.

Grafaic faisnéise: An t-aistriú chuig geilleagar glan

Éifeachtúlacht fuinnimh

Is é an fuinneamh is saoire agus is glaine an fuinneamh nach n-úsáidtear ar chor ar bith. Is é sin an fáth ar chuir an Coimisiún bearta éifeachtúlachta fuinnimh nua nuálacha i láthair in 2016 a bhfuil sé d’aidhm acu:

  • cur chuige a leagan síos maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i gcoitinne a fheabhsú;
  • éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a fheabhsú;
  • feidhmíocht táirgí ó thaobh fuinnimh de (Ecodesign) a fheabhsú agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi fheidhmíocht fuinnimh táirgí (lipéadú fuinnimh);
  • éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú (is chuige sin an togra Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste).

Chun taca a chur faoi na tograí seo mhol an Coimisiún sprioc éifeachtúlachta fuinnimh cheangailteach nua 30 %, a bheidh le baint amach faoi 2030. Tá spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh uaillmhianacha ceaptha spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh a laghdú, borradh a chur faoin ngeilleagar áitiúil, iomaíochas a mhéadú agus poist ghlasa bhreise a chruthú.

Ar thús cadhnaíochta maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh

Beidh ról an-tábhachtach ag na foinsí in-athnuaite fuinnimh san aistriú chuig córas fuinnimh ghlain. Tá sé curtha roimhe féin ag an Aontas fuinneamh in-athnuaite a bheith i 27 % den tomhaltas iomlán fuinnimh faoi 2030. Leis an togra le haghaidh Treoir nua maidir le Fuinneamh In-Athnuaite, cuirfear cinnteacht ar fáil do lucht infheistíochta agus cothrom iomaíochta do na teicneolaíochtaí uile. An aidhm atá ag tograí an Choimisiúin ná dálaí cearta a chruthú ina bhféadfar borradh a chur faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ina bhféadfar margadh rathúil a chruthú san Aontas don fhuinneamh glan. Tá breis agus 1 mhilliún duine fostaithe cheana in earnáil an fhuinnimh agus gineann an earnáil chéanna láimhdeachas thart ar €144 bhilliún in aghaidh na bliana.

Tháinig laghdú 80 % agus 30-40 % ar phraghsanna na teicneolaíochta gréine agus gaoithe faoi seach idir 2009 agus 2015. De bharr an laghdaithe sin tá sé ar chumas níos mó tomhaltóirí a gcuid fuinnimh in-athnuaite féin a tháirgeadh. De thoradh an Rialacháin athbhreithnithe beidh cearta níos tréine ag tomhaltóirí a gcuid leictreachais féin a tháirgeadh lena úsáid sa bhaile nó lena dhíol leis an eangach.

Cothrom na Féinne do thomhaltóirí

Is iad na tomhaltóirí croí an Aontais Fuinnimh. A bhuí leis an bhfeabhas atá tagtha ar bhainistiú faisnéise custaiméirí digiteacha, beidh sé níos fusa, níos tapa agus níos cruinne do chustaiméirí gnáthoibríochtaí a dhéanamh amhail billeáil, soláthraithe a athrú agus conradh nua a fháil agus iad ag aistriú tí. Beidh teacht ag tomhaltóirí ar fhaisnéis shoiléir iontaofa faoi na tairiscintí is fearr ar an margadh trí úsáid a bhaint as uirlisí praghas-chomparáide deimhnithe ar líne, rud a chuideoidh leo cinntí feasacha a dhéanamh.

Beidh sé níos fusa do thomhaltóirí soláthraithe a athrú, a bhuí leis an moladh atá déanta srian a chur le táillí imeachta. Is é €50 in aghaidh na bliana an mhéandifríocht idir gnáth-thairiscint an tsoláthraí reatha agus an tairiscint is saoire ar an margadh san Aontas Eorpach.

Más mian leo, féadfaidh tomhaltóirí méadar cliste a iarraidh ar a soláthraí fuinnimh agus tairbhe a bhaint as praghsanna fuinnimh margadh-bhunaithe, agus cuirfidh teicneolaíochtaí nua ar a gcumas dóibh níos mó fuinnimh a úsáid nuair a bheidh sé saor agus níos lú a úsáid nuair a bheidh praghsanna níos airde. Fágann sin go mbeidh smacht níos fearr ag tomhaltóirí ar a gcaiteachas ar sheirbhísí fuinnimh.

Slándáil fuinnimh, dlúthpháirtíocht agus iontaoibh

Chuir an pacáiste Slándáil an tSoláthair Fuinnimh, a moladh i mí Feabhra 2016, leis an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas le blianta beaga anuas dul i ngleic le bagairtí slándála fuinnimh. An gás fócas an pacáiste, agus baineadh leas as na ceachtanna a foghlaimíodh de thoradh na dtástálacha struis gáis a rinneadh in 2014 agus ar chomhaontais fuinnimh idir-rialtasacha agus ar ghnéith téimh agus fuarúcháin de ghás.

I mí na Nollag ghlac na comhreachtóirí togra an Choimisiúin maidir le comhaontais idir-rialtasacha, díreach 9 mí bheaga ón uair a rinneadh an moladh. Cuirfidh na rialacha nua ar chumas an Choimisiúin féachaint chuige nach gcuirfidh aon chomhaontú fuinnimh slándáil an tsoláthair i mbaol i mBallstát agus nach gcuirfear srian le feidhmiú mhargadh fuinnimh an Aontais Eorpaigh.

I mí an Mhárta chuir an tAontas leis an gcaidreamh atá aige leis an India, mórghníomhaí domhanda agus comhpháirtí tábhachtach de chuid an Aontais i réimse an fhuinnimh. Cuidíonn an dearbhú comhpháirteach maidir le slándáil fuinnimh agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide go mór le comhpháirtíocht fuinnimh atá inbhuanaithe glan buan a bhunú le ceann de na mórgheilleagair is mó fás.

Margadh inmheánach fuinnimh agus é lán-chomhtháite

Ba bhliain thábhachtach 2016 do thionscadail infreastruchtúir fuinnimh an Aontais, bliain inar cuireadh infheistíocht €800 milliún ar fáil tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Tá an tacaíocht ríthábhachtach chun an infheistíocht bhreise a scaoileadh is gá chun deireadh a chur le bacainní a chuireann cosc le saorshreabhadh an fhuinnimh.

San earrach, síníodh dhá chomhaontú deontais is fiú €5.6 mhilliún san iomlán, chun staidéir a dhéanamh ar thógáil na píblíne gáis Midcat. Nuair a thógfar an phíblíne seo cuideoidh sí le margaí gáis leithinis na hIbéire a chomhtháthú leis an gcuid eile den Eoraip. Chomh maith leis sin, leithdháileadh maoiniú €29.9 milliún chun líne leictreachais 140 km a thógáil sa Bhulgáir, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain níos fearr ag foinsí in-athnuaite fuinnimh ar eangach cumhachta na Bulgáire agus go bhféadfar cumas na heangaí sin a fheabhsú.

I mí Dheireadh Fómhair síníodh comhaontú deontais €187 milliún maidir le hidirnascaire Mhuir Bhailt (Balticconnector) — an chéad phíblíne gháis riamh idir an Eastóin agus an Fhionlainn. Tosóidh an gás ag sreabhadh faoi 2020 agus nascfar réigiún Mhuir Bhailt thoir leis an gcuid eile de mhargadh fuinnimh an Aontais de bharr an tionscadail seo.

Grianghraf: Taavi Veskimägi, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Elering, Andreas Boschen, Ceann na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (roinn den Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin), agus Herkko Plit, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin idirnascaire Mhuir Bhailt Oy, agus iad ag síniú comhaontú maidir le hinfheistíocht a dhéanamh in idirnascaire Mhuir Bhailt, an chéad phíblíne gháis idir an Eastóin agus an Fhionlainn, in éindí le Taavi Rõivas, Príomh-Aire na hEastóine, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Juha Sipilä, Príomh-Aire na Fionlainne, an Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2016.
 © An tAontas Eorpach

Taavi Veskimägi, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Elering, Andreas Boschen, Ceann na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (roinn den Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin), agus Herkko Plit, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin idirnascaire Mhuir Bhailt Oy, agus iad ag síniú comhaontú maidir le hinfheistíocht a dhéanamh in idirnascaire Mhuir Bhailt, an chéad phíblíne gháis idir an Eastóin agus an Fhionlainn, in éindí le Taavi Rõivas, Príomh-Aire na hEastóine, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Juha Sipilä, Príomh-Aire na Fionlainne, an Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2016.

Le linn 2016 bhí an Plean Infheistíochta don Eoraip ina uirlís ríthábhachtach ó thaobh an tAontas Fuinnimh a chur i gcrích. Leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha leanadh de phoist a chruthú agus d’infheistíocht a spreagadh san fhíorgheilleagar. Leis an gciste leanadh de thacaíocht láidir a thabhairt d’infheistíochtaí cliste réamhbhreathnaitheacha in éifeachtúlacht fuinnimh, i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, sa nuálaíocht agus in infreastruchtúr fuinnimh nua-aimseartha.

Idir 2014 agus 2020, tá cistí beartais chomhtháite €69 mbilliún ar fáil le haghaidh infheistíocht chun tacú le cuspóirí an Aontais Fuinnimh.

Dlús a chur le nuálaíocht i réimse an fhuinnimh ghlain

I ndeireadh na bliana chuir an Coimisiún a thuairimí i láthair maidir le dlús a chur le Nuálaíocht i réimse an Fhuinnimh Ghlain. Is é a mholtar sa straitéis sin tacar de bhearta praiticiúla a dhéanamh chun dlús a chur le réitigh nuálacha ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh agus chun borradh a chur fúthu d’fhonn feabhas a chur ar iomaíochas domhanda an Aontais sa réimse sin.

I mí an Mheithimh ghlac an Coimisiún páirt in Mission Innovation, tionscadal domhanda maidir le fuinneamh glan agus chláraigh sé leis an gCreat Aireachta um an bhFuinneamh Glan thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhar iltaobhach maidir le nuálaíocht a éascú. Ina theannta sin, comhaontaíodh roinnt pleananna gníomhaíochta ag cruinniú d’Airí Fuinnimh an G20 sa tSín.

Grianghraf: Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, agus an Coimisinéir Miguel Arias Cañete i mbun preasagallamh comhpháirteach faoin bpacáiste um Fhuinneamh Glan, an Bhruiséil, an 30 Samhain 2016. © An tAontas Eorpach

Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, agus an Coimisinéir Miguel Arias Cañete i mbun preasagallamh comhpháirteach faoin bpacáiste um Fhuinneamh Glan, an Bhruiséil, an 30 Samhain 2016.

In 2016 seoladh ceithre dhuais ar a dtugtar Horizon Prizes chun nuálaíocht a spreagadh agus chun teacht ar réitigh ar dhúshláin i réimse na nuálaíochta fuinnimh. Is fiú €6.75 mhilliún na duaiseanna san iomlán agus tá siad á maoiniú faoi Fhís 2020, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais. Aitheantas atá sna duaiseanna sin ar chur chuige nuálach maidir le fuinneamh gréine a chomhtháthú i bhfoirgnimh seantógtha, fuinneamh in-athnuaite a úsáid in ospidéil, táirgí a cheapadh lena bhféadfar astaíochta a laghdú trí dhé-ocsaíd charbóin a athúsáid agus tríd an inneall is glaine is féidir a cheapadh don todhchaí.

Bhí caidreamh le príomhpháirtithe fuinnimh an Aontais ina thosaíocht ar feadh na bliana go léir. I mí an Mheithimh ghlac an Coimisiún páirt sa cruinniú d’Airí Fuinnimh an G20 i mBéising. Deis ab ea é sin plé a dhéanamh ar an nuálaíocht i réimse na teicneolaíochta fuinnimh, ar an bhfuinneamh in-athnuaite, ar an éifeachtúlacht fuinnimh, ar rochtain ar fhuinneamh agus ar ról an chórais fuinnimh i gcur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Síníodh an comhaontú maidir leis an Treoirchlár Fuinnimh idir an tAontas Eorpach agus an tSín ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín i mí Iúil.

Grianghraf: Nicolae-Victor Zamfir, stiúrthóir an tionscadail “Extreme light infrastructure”, ag cur an tionscadail i láthair an Choimisinéara Carlos Moedas (ar dheis) in Măgurele, an Rómáin, an 11 Deireadh Fómhair 2016.  © An tAontas Eorpach

Nicolae-Victor Zamfir, stiúrthóir an tionscadail “Extreme light infrastructure”, ag cur an tionscadail i láthair an Choimisinéara Carlos Moedas (ar dheis) in Măgurele, an Rómáin, an 11 Deireadh Fómhair 2016.

An geilleagar a dhícharbónú

Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a thabhairt chun cinn

I mí Dheireadh Fómhair 2014 ghlac ceannairí an Aontais Eorpaigh le sprioc ceangailteach astaíochtaí sa gheilleagar i gcoitinne a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is é sin anois rannchuidiú an Aontais le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a síníodh i mí na Nollag 2015.

I mí Aibreáin 2016, chuir 175 pháirtí a síniú leis an gComhaontú, an líon is mó sínithe céadlae ar chomhaontú idirnáisiúnta riamh, rud a léiríonn an toil pholaitiúil dhomhanda atá ann beart a dhéanamh de réir na ngealltanas a tugadh i bPáras.

Agus tar éis teacht ar an gcéad chomhaontú ceangailteach domhanda riamh maidir leis an aeráid don Aontas Eorpach agus an chomhghuaillíocht de thíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha ar dá barr a tháinig an comhaontú, ba chuí gur daingníodh an comhaontú go pras ar leibhéal an Aontais i mí Dheireadh Fómhair, rud a d’fhág gur fhéad sé teacht i bhfeidhm i mí na Samhna. Tá an comhaontú daingnithe nó ar shlí a dhaingnithe ag Ballstáit an Aontais.

Físeán: Daingniú Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide á fhormheas ag Parlaimint na hEorpa. © An tAontas Eorpach

Daingniú Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide á fhormheas ag Parlaimint na hEorpa.

I mí na Samhna tháinig roinnt tíortha le chéile arís ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aeráid i Marrakech chun leanúint den obair ar na rialacha mionsonraithe i ndáil le cur i bhfeidhm Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. D’eisigh na Cinn Stáit nó na Rialtais Forógra Gníomhaíochta Marrakech, is é sin glao ar thiomantas ar an leibhéal polaitiúil is airde chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, rud a léiríonn gurb ann d’aontacht dhomhanda agus do dhiongbháilteacht leanúnach cuspóirí Pháras a chur i gcrích agus aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin domhanda.

Rinneadh dul chun cinn maidir le príomhthréithe phacáiste Pháras, cuir i gcás rochtain ar mhaoiniú, cúnamh leis an teicneolaíocht agus forbairt agus treisiú a dhéanamh ar na scileanna agus na próisis atá de dhíth ar thíortha i mbéal forbartha chun a bpleananna náisiúnta maidir leis an aeráid a chur i bhfheidhm.

Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur i bhfeidhm san Aontas Eorpach

Fiú roimh Chomhdháil Pháras, tosaíodh ar ghealltanas an Aontais a chomhlíonadh leis an togra maidir le Scéim an Aontais Eorpaigh i ndáil le Trádáil Astaíochtaí a athbhreithniú, príomhionstraim beartais an Aontais maidir le hastaíochtaí a laghdú. Chun an togra sin a fhorlíonadh chuir an Coimisiún i láthair i mí Iúil 2016 spriocanna ceangailteacha i ndáil le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa do na Ballstáit don tréimhse 2021–2030 in earnáil an iompair, na bhfoirgneamh, na talmhaíochta, na dramhaíola agus úsáid talún, agus na foraoiseachta.

Tagann de ghníomhaíocht uaillmhianach i dtaca leis an aeráid deiseanna gnó agus osclaítear margaí nua don nuálaíocht agus don teicneolaíochtaí ísealcharbóin. Tá úsáid na talún agus an fhoraoiseacht curtha san áireamh ag an gCoimisiún in iarrachtaí an Aontais astaíochtaí a laghdú faoi 2030. Ní hé amháin go ngineann an earnáil sin gáis ceaptha teasa ach is féidir leo dé-ocsaíd charbóin a bhaint den atmaisféar de bharr go n-ionsúnn foraoiseacha an Aontais coibhéis 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa gach bliain.

I mí Iúil d’fhoilsigh an Coimisiún an Straitéis Eorpach um Shoghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí, straitéis arb é is aidhm di cúrsa a leagan síos chun bearta maidir le feithiclí íseal-astaíochta agus feithiclí saor ó astaíochtaí agus breoslaí íseal-astaíochta malartacha a fhorbairt ar fud an Aontais. Leagtar amach sa Straitéis sin na tionscnaimh atá pleanáilte do na blianta atá romhainn agus leagtar na réimsí ina bhfuil roghanna á n-iniúchadh.

Leanadh den obair chun an nasc idir an dícharbónú, an t-aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach, cáilíocht an aeir agus an comhshaol a neartú. Le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach d’fhéadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla a laghdú 2-4 % agus tá an laghdú sin le sonrú cheana féin. Tiocfaidh sochair thábhachtacha as cur chun feidhme an Phacáiste Beartais d’Aer Glan, ar thángthas ar chomhaontú idirinstitiúideach faoi i mí an Mheithimh 2016, i dtaca le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Cuireadh an Plean Infheistíochta don Eoraip ar fáil chomh maith chun cuidiú leis an aistriú chuig geilleagar atá ciorclach, tíosach ar acmhainní agus saor ó charbón, agus tá 5 % de bhuiséad an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíocht Straitéiseacha in áirithe don chomhshaol agus do thíos acmhainní.

Dlús a chur faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide

I mí Dheireadh Fómhair i Kigali Ruanda, shocraigh páirtithe Phrótacal Montréal, prótacal a raibh rath air ó thaobh deireadh a chur le substaintí ídithe ózóin, shocraigh siad rialú gás hidreafluaracarbóin a théann an aeráid go mór agus a úsáidtear i gcuisniúchán agus in aerchóiriúchán a thabhairt faoi raon feidhme an phrótacail. Is bealach gasta cost-éifeachtach é sin chun cuspóirí Chomhaontú Pháras go 2020 maidir leis an Athrú Aeráide a bhaint amach. Éilítear le Leasú Kigali ar thíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha táirgeadh agus ídiú hidreafluaracarbón a theorannú de réir a chéile, agus éilítear ar na tíortha forbartha gníomhú ar dtús. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta ó thaobh srian a chur le hidreafluaracarbóin. Faoi 2030, beidh laghdú dhá thrian tagtha ar astaíochtaí na ngás sin san Aontas i gcomparáid le leibhéal an lae inniu.

Grafaic faisnéise: An chéad chomhaontú domhanda riamh chun srian a chur le hastaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta

Fairis sin, i mí Dheireadh Fómhair tháinig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, le rannpháirtíocht ghníomhach an Aontais, ar chomhaontú tábhachtach maidir le hastaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta dé-ocsaíd carbóin. Is é is aidhm don bheart margadh-bhunaithe domhanda, mar a thugtar air, astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta a choinneáil ar leibhéil 2020 agus cuirfidh sé d’oibleagáid ar aerlínte fás a n-astaíochtaí a sháraíonn an tairseach sin a fhritháireamh. Tá sé beartaithe an scéim a thosú faoi 2021 agus an chéad chéim a bhunú ar rannpháirtíocht dheonach. Sa dara céim (2027-2035) beidh an rannpháirtíocht éigeantach, ach amháin i gcás tíortha ag a bhfuil leibhéil eitlíochta ísle. Ciallaíonn sin go ndéanfar 80 % de na hastaíochtaí atá de dhíth chun cuspóir na neodrachta carbóin a chur i gcrích ó 2020 i leith a fhritháireamh idir 2021 agus 2035.

Ba iad an tAontas Eorpach agus na Ballstáit ba mhó a thacaigh le dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil mhuirí. Ag cruinniú Dheireadh Fómhair den Choiste chun an Mhuirthimpeallacht a Chosaint (cuid den Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta) aontaíodh córas éigeantach domhanda le haghaidh sonraí maidir le hídiú breosla a bhailiú ó longa. Go praiticiúil, ó 2019 i leith beidh ar longa ar mó ná tairseach áirithe a dtoilleadh sonraí maidir le hídiú breosla agus éifeachtúlacht fuinnimh a bhailiú agus iad a thuairisciú don stát brataí.

Caibidil 4

Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agus bonn tionsclaíoch níos treise faoi

“Agus an domhandú ag cruinniú nirt lá i ndiaidh lae, is é ár margadh inmheánach an acmhainn is láidre atá againn san Eoraip. Ar an ábhar sin, teastaíonn uaim go gcuirfeadh an chéad Choimisiún eile breis nirt sa mhargadh inmheánach agus go mbainfidís an leas is mó as, ar gach dóigh is féidir.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: An Coimisinéir Margrethe Vestager ag labhairt leis na meáin tar éis don Choimisiún Eorpach a chinneadh nach mór d’Éirinn státchabhair suas le €13 bhilliún a d’íoc sí le Apple a aisghabháil, an Bhruiséil, an 29 Lúnasa 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Margrethe Vestager ag labhairt leis na meáin tar éis don Choimisiún Eorpach a chinneadh nach mór d’Éirinn státchabhair suas le €13 bhilliún a d’íoc sí le Apple a aisghabháil, an Bhruiséil, an 29 Lúnasa 2016.

Tá cur ar bun an Mhargaidh Aonair ar na héachtaí is mó atá déanta ag an Aontas agus is é an acmhainn is láidre aige le linn an domhandú a bheith ag cruinniú nirt lá i ndiaidh lae. Trí ligean do dhaoine earraí, seirbhísí agus caipiteal a aistriú go saor, cuireann sé deiseanna nua ar fáil do shaoránaigh, d’oibrithe agus do thomhaltóirí, agus tagann na poist nua agus an fás atá de dhíth chomh géar sin ar an Aontas Eorpach as sin. Leanadh den obair in 2016 i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair.

I mí an Mhárta chuir an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú i láthair, athbhreithniú arb é is aidhm dó cás na n-oibrithe ar chuir a bhfostóirí ag obair iad i mBallstát eile a chur san áireamh. I mí an Mheithimh chuir an Coimisiún a thuairim in iúl ar conas dlíthe an Aontais atá ann cheana a chur i bhfeidhm maidir leis an ngeilleagar comhoibríoch. Ar na tionscnaimh eile a cuireadh ar bun bhí an tionscnamh do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis agus an Cárta Eorpach Gairmiúil.

I mí Aibreáin tháinig rialacha nua de chuid an Aontais i bhfeidhm maidir le conas a chaitheann na Ballstáit agus na húdaráis phoiblí cuid mhór den €1.9 dtrilliún a chaitear ar sholáthar poiblí in aghaidh na bliana.

Bhí sé ina thosaíocht fós bonn tionsclaíoch an Aontais a threisiú. Chuir an Coimisiún tograí reachtacha i láthair chun a chinntiú go gcomhlíonfadh monaróirí gluaisteán ceanglais sábháilteachta, timpeallachta agus táirgeachta an Aontais go docht. Cruthaíodh grúpa ardleibhéil um thionscal na ngluaisteán, GEAR 2030, chun iomaíochas agus ceannaireacht theicniúil thionscal na ngluaisteán a dhaingniú.

Leagadh amach i dTeachtaireacht conas is féidir le hearnáil cruach na hEorpa na dúshláin atá roimpi a shárú le cuidiú ón Aontas Eorpach.

Lean an Coimisiún de bheith ag cur síos clocha tógála an Aontais Margaí Caipitil, ar bhonn Phlean Gníomhaíochta 2015.

Bhí an comhrac in aghaidh seachaint cánach ina thosaíocht thábhachtach le linn 2016. I mí Eanáir chuir an Coimisiún Pacáiste in aghaidh Seachaint Cánach i láthair. Ghlac an Chomhairle dhá thogra reachtacha atá ina gcuid den phacáiste sin. I mí Aibreáin chuir sé i láthair togra maidir leis na gnólachtaí ilnáisiúnta tuairisciú de réir tíre a dhéanamh agus, ina dhiaidh sin, Pacáiste mór um Athchóiriú ar an gCáin Chorparáideach.

An Margadh Aonair

I dTeachtaireacht a d’eisigh sé i mí an Mheithimh, shoiléirigh an Coimisiún cén fheidhm atá leis na dlíthe de chuid an Aontais atá ann cheana maidir leis an ngeilleagar comhoibríoch. Bhain an soiléiriú le nithe ar nós ceanglais maidir le rochtain ar an margadh, dliteanas agus cosaint tomhaltóirí.

De bharr caighdeán laghdaítear costais, cuirtear nuálaíocht chun cinn, cinntítear idir-inoibritheacht idir gléasanna agus seirbhísí éagsúla agus is fusa do ghnólachtaí margaí a rochtain. I mí Iúil chuir an Coimisiún i láthair pacáiste tionscnamh chun an Córas Eorpach um Chaighdeánú a nuachóiriú agus a fheabhsú i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, tosaíochtaí polaitiúla agus treochtaí domhanda.

Soghluaisteacht gairmithe agus oibrithe a fheabhsú

Ceann de chuspóirí Straitéis an Mhargaidh Aonair is ea é a chur ar a gcumas do shaoránaigh an Aontais bheith ag obair cibé áit ar mian leo sna Ballstáit. Leis an gCárta Eorpach Gairmiúil simplítear na nósanna imeachta fadálacha a bhíonn roimh ghairmithe sula gceadaítear dóibh bheith ag obair i mBallstát eile. Cuireadh an Cárta ar fáil i mí Eanáir 2016 le haghaidh cúig ghairm (altraí cúraim ghinearálta, fisiteiripeoirí, poitigéirí, gníomhairí eastáit agus treoraithe sléibhe), agus is féidir go mbeidh sé ar fáil do ghairmeacha eile amach anseo.

I mí an Mhárta chuir an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú i láthair, athbhreithniú arb é is aidhm dó cás na n-oibrithe ar chuir a bhfostóirí ag obair iad i mBallstát eile a chur san áireamh. Leis an athbhreithniú tugadh isteach athruithe i dtrí phríomhréimse: luach saothair oibrithe ar postú, cásanna fochonartha san áireamh; na rialacha maidir le hoibrithe sealadacha gníomhaireachta; agus postú fadtéarma.

Níos mó éifeachtúlachta sa soláthar poiblí

Ó mhí Aibreáin i leith tá rialacha nua ann maidir le conas a chaitheann údaráis phoiblí cuid mhór den €1.9 dtrilliún a chaitear ar sholáthar poiblí in aghaidh na bliana. Ní mór an reachtaíocht náisiúnta a bheith i gcomhréir leis na trí Threoir maidir le soláthar poiblí agus lamháltais, treoireacha a bhfuil sé níos fusa agus níos saoire dá mbarr do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí agus a chinntiú go mbainfear an luach is fearr as airgead poiblí agus nach sárófar prionsabail trédhearcachta agus iomaíochta an Aontais. Is féidir gnéithe timpeallachta, sóisialta agus nuálaíochta a chur san áireamh de bharr na rialacha sin freisin.

Bonn tionsclaíoch an Aontais a threisiú

I mí Aibreáin chuir an Coimisiún tacar beart i láthair chun tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh náisiúnta arb é is aidhm dóibh earnáil na tionsclaíochta agus seirbhísí a bhaineann leis an earnáil sin a dhigitiú, na tionscnaimh sin a nascadh le chéile agus dlús a chur leis an infheistíocht.

I mí an Mheithimh cuireadh ardán téamach cliste speisialtóireachta ar bun don nuachóiriú tionsclaíoch ar leibhéal an Aontais chun tacaíocht a thabhairt don chomhar idir réigiúin, cnuasaigh gnólachtaí, líonraí gnó agus páirtithe tionsclaíochta agus chun tionscadail infheistíochta uaillmhianacha a fhorbairt a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as cláir de chuid an Aontais, as an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus as cistí príobháideacha.

Grafaic faisnéise: Soláthar poiblí san Aontas Eorpach

Tugadh isteach modhanna tástála atá níos láidre agus níos réalaíche chun astaíochtaí ocsaíde nítrigine agus dé-ocsaíde carbóin as ghluaisteáin a thomhas. Lena chois sin, chuir an Coimisiún tograí reachtacha i láthair arb é is aidhm dóibh athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcóras a úsáidtear chun gluaisteáin a chur ar an margadh. Tá an Rialachán atá beartaithe dírithe ar thástáil feithiclí a dhéanamh níos neamhspleáiche, an faireachas a dhéantar ar ghluaisteáin atá in úsáid a mhéadú, agus an mhaoirseacht a dhéanann an tAontas a leathnú.

Grianghraf: An Coimisinéir Günther Oettinger ag scrúdú meaisín le linn dó cuairt a thabhairt ar aonach trádála, Hannover na Gearmáine, an 25 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach/Deutsche Messe

An Coimisinéir Günther Oettinger ag scrúdú meaisín le linn dó cuairt a thabhairt ar aonach trádála, Hannover na Gearmáine, an 25 Aibreán 2016.

I mí Iúil d’fhoilsigh an Coimisiún an Straitéis Eorpach um Shoghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí chun bearta a cheapadh ar fud an Aontais maidir le feithiclí íseal-astaíochta agus feithiclí saor ó astaíochtaí agus breoslaí íseal-astaíochta malartacha.

Chun cuidiú le tionscal gluaisteán an Aontais a iomaíochas a choinneáil ar bun trí na dúshláin atá amach roimhe a shárú, cuireadh ar bun grúpa ardleibhéil um thionscal na ngluaisteán, GEAR 2030, chun oibriú ar na dúshláin atá roimhe, e.g. tiomáint uathoibrithe, gluaisteáin nasctha agus feithiclí saor ó astaíochtaí.

I dtionscal na cruach a ghintear 1.3 % d’olltáirge intíre an Aontais agus tá ról mór aige i gcuid mhór earnálacha tionsclaíochta eile amhail tionscal na ngluaisteán. D’ainneoin na n-iarrachtaí móra a rinneadh chun nuáil agus nuachóiriú a dhéanamh, tháinig meath ar iomaíochas an Aontais le blianta beaga anuas. Tháinig tuile de chleachtais trádála mhíchothroma as rótháirgeadh cruach i dtíortha nach tíortha den Aontas iad amhail an tSín, agus shaobh sin an margadh domhanda. I mí an Mhárta chuir an Coimisiún Teachtaireacht i láthair inar pléadh na dúshláin thromchúiseacha atá os comhair na hearnála sin. Tá an Coimisiún ag déanamh cineálacha éagsúla beart, e.g. bearta sealadacha frithdhumpála, a fhorchur, córas réamhfhaireachais le haghaidh táirgí cruach a ghlacadh, cistí a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do nuachóiriú thionscal na cruach agus lucht saothair ardoilte a chothú.

Grianghraf: An Coimisinéir Elżbieta Bieńkowska ag cur eolas ar theicneolaíochtaí a cheap lucht Institiúid Fraunhofer um Optrónaic, Teicneolaíochtaí Córais agus Úsáid Íomhánna le linn di cuairt a thabhairt ar aonach trádála, Hannover na Gearmáine, an 25 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach/Deutsche Messe

An Coimisinéir Elżbieta Bieńkowska ag cur eolas ar theicneolaíochtaí a cheap lucht Institiúid Fraunhofer um Optrónaic, Teicneolaíochtaí Córais agus Úsáid Íomhánna le linn di cuairt a thabhairt ar aonach trádála, Hannover na Gearmáine, an 25 Aibreán 2016.

Maoin intleachtúil a chosaint

Leagadh béim i Straitéis an Mhargaidh Aonair ar an ról atá ag cosaint na maoine intleachtúla i gcur chun cinn na nuálaíochta agus na cruthaíochta lena gcruthaítear poist agus lena bhfeabhsaítear an t-iomaíochas.

Sheol an Coimisiún meastóireacht ar an gcreat dlí atá ann faoi láthair maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú. Is é an cur chuige atá ag an gCoimisiún deimhin a dhéanamh de go bhfuil bearta dlí agus leighis dlí oiriúnach dá bhfeidhm, go háirithe nuair a bhíonn trasnú teorainneacha i gceist agus i dtimpeallacht an idirlín. Tá sé ag díriú ar sháruithe ar scála tráchtála agus ar an gcur chuige “leantar an t-airgead”, is é sin a sreabha ioncaim a bhaint díobh siúd a sháraíonn na rialacha ar scála tráchtála seachas dul sa tóir ar dhaoine aonair. I mí an Mheithimh shínigh comhéadain idirlín, úinéirí brandaí agus comhlachais trádála comhaontú deonach maidir le deireadh a chur le díol earraí góchumtha ar líne, agus thacaigh an tAontas leis sin.

Ina theannta sin, baineann gnólachtaí an Aontais tairbhe as an athchóiriú maidir le trádmharcanna a tháinig i bhfeidhm i mí an Mhárta, agus is fearr an rochtain atá ag gnólachtaí an Aontais ar chosaint trádmharcanna an Aontais dá bharr. Tá costais níos ísle ag baint leis, caighdeáin nua-aimseartha maidir le cineálacha nua trádmharcanna a chomhdú, laghdú ar an tréimhse chlárúcháin agus modhanna níos láidre chun góchumadh a chomhrac.

I mí na Samhna d’eisigh an Coimisiún soiléiriú ar fhorálacha áirithe den Treoir Biteicneolaíochta, agus thacaigh an Pharlaimint agus na Ballstáit go láidir leis sin, inar dúradh nach ceart táirgí a dhíorthaítear as próisis atá bitheolaíoch den chuid is mó a phaitinniú.

Seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do phaisinéirí iarnróid

Físeán: An Ceathrú Pacáiste Iarnróid. © An tAontas Eorpach

An Ceathrú Pacáiste Iarnróid.

Shocraigh an Pharlaimint agus an Chomhairle i mí Aibreáin ar bhearta chun iarnróid an Aontais a dhéanamh níos nuálaí agus níos iomaíche. Déanfaidh an Ceathrú Pacáiste Iarnróid margaí intíre paisinéirí iarnróid a oscailt roimh an iomaíochas i leaba a chéile, rud a spreagfaidh teacht chun cinn samhlacha gnó nua agus rogha níos leithne do thomhaltóirí (e.g. méadú minicíochta traenacha, feabhas ar na seirbhísí, laghdú táillí).

Calafoirt a threisiú

I mí an Mheithimh tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú faoi Chomhchreat Eorpach i ndáil le Calafoirt Mara. Le Rialachán na gCalafort, ráthófar go mbeidh trédhearcacht airgeadais ann agus go n-úsáidfear na hacmhainní chomh maith agus is féidir, rud a chuirfidh le muinín na n-infheisteoirí agus a spreagfaidh an infheistíocht. Tiocfaidh tuilleadh post agus tuilleadh ratha as an méadú ar an infheistíocht. Tá 469 000 duine ag obair go díreach san earnáil sin agus tá 3 mhilliún post tacaíochta á gcothú aici. Leis an Rialachán, cinnteofar go mbeidh seirbhísí ardcháilíochta ar fáil ag calafoirt an Aontais agus tabharfar níos mó neamhspleáchais do na calafoirt. Beidh siad in ann a dtáillí infreastruchtúir a shocrú iad féin, mar shampla.

Grianghraf: An Coimisinéir Pierre Moscovici ag tabhairt cuairt ar shaoráidí custaim chalafort Rotterdam in éineacht le Eric Wiebes, Státrúnaí Airgeadais na hÍsiltíre, Rotterdam na hÍsiltíre, an 31 Bealtaine 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Pierre Moscovici ag tabhairt cuairt ar shaoráidí custaim chalafort Rotterdam in éineacht le Eric Wiebes, Státrúnaí Airgeadais na hÍsiltíre, Rotterdam na hÍsiltíre, an 31 Bealtaine 2016.

Grafaic faisnéise: Calafoirt níos fearr ar mhaithe le geilleagar níos treise

Iomaíocht nach bhfuil saofa

Cuidíonn an beartas iomaíochta le ceartfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, margadh ina mbíonn gnólachtaí in iomaíocht le chéile ar bhonn a mbuanna agus a n-éifeachtúlachta ar dhóigh a théann chun sochair do thomhaltóirí an Aontais. Na gnólachtaí scafánta atá i ngleic le hiomaíocht láidir sna margaí intíre, is iad is fearr a fhéadfaidh dul san iomaíocht sa mhargadh domhanda.

Bealach amháin chun an iomaíocht a choinneáil láidir is ea cairtéil a chomhrac. Rinne an Coimisiún amach i mí Iúil go raibh cúig mhonaróir trucailí i mbun claonpháirtíochta le 14 bliana i leith praghsála agus chur ar aghaidh na gcostas a bhaineann le rialacha astaíochtaí níos déine a chomhlíonadh. Gearradh fíneáil €2.9 mbilliún orthu, ceann de na fíneálacha is mó riamh.

Chomh maith leis sin, tá rialacha in aghaidh trustaí ann lena gcinntítear nach saobhfaidh iompar gnólachta cheannasaigh an iomaíocht i margadh áirithe. Le linn na bliana bhí trí imscrúdú ar siúl ag an gCoimisiún in aghaidh Google maidir leis an mí-úsáid a dúradh a bhí sé a bhaint as an gceannas a bhí aige.

De bharr na dlúthmhonatóireachta a rinneadh ar an státchabhair d’éirigh an iomaíocht agus an nuálaíocht ní ba threise in 2016. Rinneadh sin chun nach dtabharfaí airgead poiblí do ghnólachtaí anásta agus chun slí a dhéanamh do ghnólachtaí níos nuálaí.

D’fhoilsigh an Coimisiún fógra freisin ar raon rialú státchabhair an Aontais ar an gcaiteachas poiblí. Beidh sin ina chuidiú ag údaráis phoiblí agus beidh a fhios ag gnólachtaí nuair nach státchabhair iad bearta tacaíochta poiblí áirithe agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad faoi réir rialacha státchabhrach.

I mí Eanáir rinne an Coimisiún amach gur sháraigh an Bheilg rialacha státchabhrach an Aontais trí bhuntáistí cánach €700 milliún ar a laghad a thabhairt do roinnt gnólachtaí ilnáisiúnta áirithe. D’fhág sin iomaitheoirí ní ba lú nár ghnólachtaí ilnáisiúnta iad faoi mhíbhuntáiste. Dá bharr sin, ní mór do 35 ghnólacht ilnáisiúnta, as an Aontas den chuid is mó, cánacha nár íocadh a thabhairt ar ais don Bheilg. I mí Lúnasa, rinne an Coimisiún amach gur thug Éire buntáistí cánach míchuí suas le €13 bhilliún do Apple, rud ab ionann agus fóirdheontas a thabhairt dó nach raibh le fáil ag gnólachtaí eile. Bhí trí chás eile ann a bhí fós ar siúl ag deireadh na bliana, cásanna a bhain leis na rialacha cánach a chuir Lucsamburg i bhfeidhm maidir le Amazon, McDonald’s agus GDF Suez (Engie).

Ceann de na cuspóirí atá ag forfheidhmiú an dlí iomaíochta a dhéanann an Coimisiún, a chinntiú nach ndéanfaidh cumaisc gnólachtaí dochar do mhargaí iomaíocha. An mhórchuid is mó de na cumaisc ar tugadh fógra fúthu a rinneadh in 2016, ní raibh aon fhadhb iomaíochta ag baint leo agus ceadaíodh iad tar éis gnáth-athbhreithniú. Mar sin féin, chinn an Coimisiún i mí Bealtaine cosc a chur ar Hutchison Telefónica UK a cheannach mar go raibh ábhair mhóra imní aige gur lú an rogha a bheadh ag custaiméirí fóin póca sa Ríocht Aontaithe agus go n-íocfaidís praghsanna ab airde dá ndéanfaí an táthcheangal sin, agus go gcuirfeadh sé isteach ar an nuálaíocht in earnáil na bhfón póca.

Trédhearcacht agus an comhrac in aghaidh seachaint cánach

I mí Eanáir ghlac an Coimisiún an Pacáiste in aghaidh Seachaint Cánach ina n-iarrtar ar na Ballstáit seasamh níos láidre agus níos comhordaithe a ghlacadh in aghaidh gnólachtaí atá ag iarraidh gan a sciar ceart féin den cháin a íoc agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme in aghaidh chreimeadh an bhoinn chánach agus idiraistriú brabúis. Seo cuid de phríomhghnéithe na dtograí sin:

  • bearta ar ceangail dlí iad chun bac a chur ar na modhanna is coitianta a úsáideann gnólachtaí chun an cháin a sheachaint (an togra le haghaidh Treoir in aghaidh Seachaint Cánach);
  • togra maidir le tuairisciú faisnéise cánach de réir tíre ar ghnólachtaí ilnáisiúnta a oibríonn san Aontas idir údaráis chánach na mBallstát (an leasú ar an Treoir maidir le Comhar Riaracháin);
  • moladh maidir le mí-úsáid comhaontuithe cánach;
  • bearta chun an dea-rialachas a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear próiseas nua de chuid an Aontais chun liosta a dhéanamh de na dlínsí lasmuigh den Aontas nach bhfuil sásta an ceart a dhéanamh.

I mí Iúil, ghlac an Chomhairle an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach. Ní mór do na Ballstáit na rialacha sin a thrasuí ina reachtaíocht féin faoi dheireadh 2018 agus iad a chur i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2019 amach. D’aontaigh an Chomhairle faoi na rialacha nua maidir le tuairisciú de réir tíre idir údaráis chánach i mí an Mhárta, agus ní mór do na Ballstáit iad a thrasuí ina ndlí náisiúnta faoi lár 2017.

Físeán: Cánachas cothrom: bearta nua ón gCoimisiún i gcoinne seachaint cánach corparáidí. © An tAontas Eorpach

Cánachas cothrom: bearta nua ón gCoimisiún i gcoinne seachaint cánach corparáidí.

Síníodh comhaontuithe le hAndóra agus Monacó faoina malartóidh Ballstáit an Aontais agus an dá thír chomharsanacha sin faisnéis le chéile ar chuntais airgeadais a gcónaitheoirí ó 2018 amach.

I mí Aibreáin mhol an Coimisiún gur cheart do ghnólachtaí móra ilnáisiúnta a ghníomhaíonn i Margadh Aonair an Aontais ag a bhfuil láimhdeachas os cionn €750 milliún, gur cheart dóibh an cháin ioncaim chorparáideach a íocann siad a nochtadh go poiblí, de réir tíre. Leis na rialacha atá beartaithe cinnteofar go mbeidh níos mó trédhearcachta ann i leith cáin chorparáideach sa chaoi go mbeidh na saoránaigh in ann straitéisí cánach na ngnólachtaí ilnáisiúnta agus an méid a chuireann siad le leas na ndaoine a mheas.

Rud eile a rinne an Coimisiún i mí Aibreáin, bearta a chur i láthair arb é is aidhm dóibh an cháin bhreisluacha san Aontas a nuachóiriú. Tá an Plean Gníomhaíochta ar an gcéad chéim i dtreo limistéar cánach breisluacha aonair san Aontas a bhfuil sé d’acmhainn aige dul i ngleic le calaois, tacaíocht a thabhairt don ghnó agus cuidiú leis an ngeilleagar digiteach agus leis an ríomhthráchtáil.

I mí Iúil chuir an Coimisiún i láthair na chéad chéimeanna eile chun cur le trédhearcacht chánach agus chun géarú ar an gcomhrac in aghaidh seachaint cánach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Bhí tionscnaimh ann a bhí dírithe ar dheireadh a chur le lúba ar lár sa chreat cánach a mbíonn seachaint cánach agus sreabha airgeadais neamhcheadaithe ann dá ndeasca.

Grianghraf: An Coimisinéir Jonathan Hill (2014-2016) ag míniú na ndlíthe nua atá beartaithe maidir le trédhearcacht cánacha poiblí i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 12 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Jonathan Hill (2014-2016) ag míniú na ndlíthe nua atá beartaithe maidir le trédhearcacht cánacha poiblí i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 12 Aibreán 2016.

I mí Mheán Fómhair chuir an Coimisiún i láthair “scórchlár táscairí” (táscairí eacnamaíochta, airgeadais, cobhsaíochta agus dea-rialachais maidir le cáin) chun cuidiú leis na Ballstáit na dlínsí lasmuigh den Aontas a shainaithint is mó ar ceart scagadh a dhéanamh orthu mar chuid de phróiseas liostúcháin coitianta an Aontais. Is mór an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo an chéad liosta choitianta de chuid an Aontais de dhlínsí lasmuigh den Aontas atá ag diúltú cloí leis na caighdeáin dea-rialachais idirnáisiúnta maidir le cáin.

I mí Dheireadh Fómhair ghlac an Coimisiún Pacáiste um Athchóiriú ar an gCáin Chorparáideach ina bhfuil trí mholadh nua: córas cánach le haghaidh gnólachtaí a cheapadh a bheidh níos nua-aimseartha agus níos cothroime; deireadh a chur le lúba ar lár idir Ballstáit de chuid an Aontais agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad; rialacha maidir le réiteach díospóidí a chur ar fáil chun fadhbanna a réiteach maidir le cáin dhúbailte ar ghnólachtaí.

Ar leibhéal níos nithiúla, ina chuid den Phacáiste tá athsheoladh an Chomhbhoinn Chomhdhlúite don Cháin Chorparáideach chun an córas cánach i leith gnólachtaí sa Mhargadh Aonair a athrú ó bhonn, rud a chinnteoidh go mbeidh córas cánach ann a bheidh níos iomaíche agus níos oiriúnaí don fhás. Tá gnéithe nua sa Chomhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáideach freisin chun a acmhainní frithsheachanta agus cothaithe fáis a fheabhsú.

Chuir an Coimisiún córas feabhsaithe chun díospóidí i leith cáin dhubáilte san Aontas a réiteach i láthair freisin, lena gcoigeartófar na sásraí réitithe díospóide atá ann cheana chun gur fearr a fhreastalófar ar riachtanais gnólachtaí a bhfuil an cháin dhúbailte ina bac mór orthu.

Moladh sa Phacáiste um Athchóiriú ar an gCáin Chorparáideach rialacha inmheánacha an Aontais in aghaidh neamhréireachtaí hibrideacha a leathnú chun neamhréireachtaí hibrideacha a bhaineann le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a chlúdach.

Na margaí airgeadais a chur ag obair ar son tomhaltóirí

Ba cheart do ghnólachtaí airgeadais a oiread sochair is féidir a bhaint as barainneachtaí scála i margadh an Aontais agus é lán-chomhtháite, agus tá deiseanna nua agus réitigh nuálacha curtha ar fáil le seirbhísí idirlín.

Bhí an Treoir maidir le Creidmheas Morgáiste le cur chun feidhme ag na Ballstáit faoi mhí an Mhárta 2016. Faoi dheireadh na bliana, bhí an Treoir sin achtaithe go hiomlán ag 19 mBallstát. Leis na rialacha nua cinnteofar go ndéanfar tomhaltóirí a cheannóidh réadmhaoin nó a gheobhaidh iasacht agus a n-áitreamh mar urrús acu a chur ar an eolas go leordhóthanach. Ba cheart go gcuirfeadh an Treoir iomaíocht chun cinn i margaí morgáistí agus deiseanna nua gnó a chur ar fáil d’iasachtóirí agus d’idirghabhálaithe araon, agus thiocfadh laghduithe ar na costais as sin a rachadh chun sochair go díreach do thomhaltóirí.

Lena chois sin, bhí ar na Ballstáit an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta a chur chun feidhme faoi mhí Mheán Fómhair. Leis an Treoir sin tugadh an ceart do gach tomhaltóir teacht a bheith aige ar sheirbhísí bunchuntais íocaíochta cibé bail atá air ó thaobh airgid de. Ní raibh sin déanta ach ag 14 Bhallstát (an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Ríocht Aontaithe) faoi dheireadh na bliana. Bhí fógra tugtha ag an bhFrainc agus ag an bhFionlainn faoi bhearta páirteacha maidir le trasuí na Treorach sa dlí náisiúnta.

An tAontas Margaí Caipitil a thógáil

Lean an Coimisiún de thógáil Aontais Margaí Caipitil ar bhonn an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an Aontas Margaí Caipitil a glacadh in 2015. Chuir sé Teachtaireacht i láthair i leith dlús a chur le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta agus tosaíochtaí eile a fhorbairt, táirge pinsean uile-Eorpach san áireamh.

Tháinig an chéad bheart i bhfeidhm i mí Aibreáin 2016. Leis an mbeart sin, déantar infheistíocht san infreastruchtúr níos tarraingtí do ghnólachtaí árachais atá breá inniúil an maoiniú fadtéarma a thabhairt atá de dhíth.

I mí Iúil bheartaigh an Coimisiún athruithe a chur ar an reachtaíocht a bhí ann cheana chun méadú ar thógáil cistí caipitil fiontair Eorpacha agus cistí fiontair shóisialta Eorpacha a spreagadh sa chaoi gurbh fhusa agus gur tharraingtí d’infheisteoirí príobháideacha infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí beaga a bhfuil fás fúthu.

I mí Mheán Fómhair d’fhógair an Coimisiún go gceapfaí straitéis ní ba leithne i leith maoiniú inbhuanaithe chun tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht i dteicneolaíochtaí glana. I mí na Samhna chuir an Coimisiún ar fáil comh-infheistíocht suas le €300 milliún i gcistí na gcistí caipitil fiontair uile-Eorpaigh. Cuideoidh sin an acmhainn atá ag tionscal caipitil fiontair an Aontais brabús tarraingteach a thairiscint d’infheisteoirí institiúideacha agus raon an chainéil sin a leathnú go dtí go gcumhdóidh sé níos mó Ballstát.

Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún togra reachtach i láthair i mí na Samhna maidir le hathstruchtúrú gnólachtaí agus maidir leis an dara deis. Tá an togra dírithe ar é a chur ar chumas fiontraithe ionraice leas a bhaint as an dara deis tar éis teacht as féimheacht, rud a chothódh timpeallacht ghnó dhinimiciúil agus a chuirfeadh an nualaíocht chun cinn.

Caibidil 5

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime

“Sna 5 bliana amach romhainn, teastaíonn uaim leanúint den athchóiriú atá á dhéanamh againn ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta chun cobhsaíocht ár n-airgeadra aonair a chosaint agus chun feabhas a chur ar an gcóineasú atá á dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fhioscacha agus margaidh saothair na mBallstát sin a bhfuil an t-airgeadra aonair acu.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, á chur faoi agallamh i Stocmhalartán Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe, an 5 Deireadh Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, á chur faoi agallamh i Stocmhalartán Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe, an 5 Deireadh Fómhair 2016.

Agus Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chur i gcrích, fágann an comhtháthú eacnamaíoch a eascraíonn as a leithéid méid níos mó, mar aon le héifeachtúlacht inmheánach agus stóinseacht ag geilleagar an Aontais agus ag geilleagair na mBallstát ar fad. Leis sin, cruthaítear deiseanna maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch, breis fáis agus tuilleadh fostaíochta — nithe a rachaidh chun tairbhe go díreach do shaoránaigh an Aontais. Bíodh agus go bhfuil neart dul chun cinn fós le déanamh, leanadh den obair sin le linn 2016, obair a bhaineann le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chur i gcrích go gasta, a bhuí le tacar tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Ba iad fós na príomhdhúshláin a bhí le sárú líon na ndaoine atá i gcontúirt an eisiaimh shóisialta a laghdú a thuilleadh, agus cur leis an titim atá ag teacht ar an ráta dífhostaíochta. Cé go bhfuil sé fós ró-ard, thit an ráta dífhostaíochta go 9.8 % i mí na Samhna sa limistéar euro, ráta nach raibh ann le 7 mbliana.

Ina theannta sin, lean an tAontas Eorpach de bheith ag saothrú chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích, ar bunchloch de chuid an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta é.

Chuathas chun cinn le linn 2016 i dtaca le cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach, an comhordú timthriallach a dhéanann an tAontas ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát. Na moltaí sin a glacadh le linn sheimeastar 2016, is treoir iad ag gach Ballstát agus ag an limistéar euro, agus is é is aidhm dóibh beartais agus athchóirithe a chur chun cinn lena gcruthófar níos mó post, lena méadófar an chothroime shóisialta agus an cóineasú, agus lena spreagfar an fás trí thacú le straitéisí infheistíochta.

I lár mhí na Samhna a seoladh timthriall Sheimeastar Eorpach na bliana 2017. D’iarr an Coimisiún arís ar na Ballstáit géarú ar a ndícheall i gcomhréir le prionsabail an “triantáin órga”, i.e. borradh a chur faoin infheistíocht, athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme, agus bainistiú fónta ar an airgeadas poiblí a áirithiú, ionas go leagfaí béim leis sin ar chaidreamh ceart cóir a bheith idir an duine aonair agus an tsochaí, agus go mbainfí amach fás eacnamaíoch atá níos cuimsithí ar bhonn sóisialta.

An státchabhair a rialú agus an iomaíocht chóir a áirithiú

Tá ról nach beag ag an státchabhair lena áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta san Aontas Baincéireachta. Ó thosaigh an ghéarchéim airgeadais in 2008, táthar tar éis 113 bhanc san Aontas Eorpach, thart ar 30 % d’acmhainní chóras baincéireachta an Aontais, a athstruchtúrú le státchabhair de réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir le státchabhair. Tá na Ballstáit tar éis tacú leis na bainc agus luach €655.3 bhilliún de chaipiteal a chur isteach iontu (4.5 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais in 2015) mar aon le €1 293.1 bhilliún, nó 9.2 % den olltáirge intíre, de ráthaíochtaí agus de thacaíocht leachtachta eile a chur ar fáil dóibh. Tugadh an cúnamh sin chun coigiltis na saoránach a chosaint, an fhéimheacht gan rialú a sheachaint, agus titim an chórais baincéireachta dá dheasca ar fud na mór-roinne a chosc. Ó shin, tá formhór na mbanc dár tugadh cúnamh le linn na géarchéime ar a mboinn arís tar éis dóibh cuid mhór dá bplean athstruchtúrúcháin a chur chun feidhme. Maidir leis na bainc sin (42 as 133 díobh) ar theip chomh mór sin ar an múnla gnó acu nárbh fhéidir iad a leigheas, rinneadh iad sin a fhoirceannadh ar dhóigh ordúil.

Grafaic faisnéise: An Seimeastar Eorpach: cur chuige nua maidir le moltaí tír-shonracha

I mí Iúil, chuir an Coimisiún ceann ar an imscrúdú aige in aghaidh trustaí maidir le babhtálacha creidmheasa agus tháinig den imscrúdú sin go mbeadh aon ghealltanas a dhéanfadh an soláthróir sonraí Markit agus an Comhlachas Idirnáisiúnta um Babhtálacha agus Díorthaigh ina cheanglas orthu. Déanfaidh an dá eintiteas sin, go ceann 10 mbliana, ceadúnú ar phríomhshonraí agus ar chearta maoine intleachtúla a fhad a bhaineann le malartuithe, agus é sin ar choinníollacha córa réasúnta neamh-idirdhealaitheacha. Beidh an beart sin ina chuidiú chun trádáil ar bhabhtálacha díorthach creidmheasa a dhéanamh níos sábháilte agus níos saoire ag infheisteoirí.

I mí an Mhárta, d’fhógair an Coimisiún réamhthuairim nár cheart an tréimhse feidhme atá ag an Rialachán maidir le Díolúine de réir Catagóire a fhadú. Tacaíodh leis an réamhthuairim sin i mí na Nollag tar éis an measúnú tionchair a dhéanamh. Dá réir sin, rachaidh an Rialachán in éag i mí an Mhárta 2017.

De réir an Bhainc Cheannais Eorpaigh, is le cárta a rinneadh 46 % de na híocaíochtaí leictreonacha san Aontas in 2014. Tig le táillí idirmhalartaithe iltaobhacha, a shocraíonn na bainc ar bhonn comhpháirteach agus a ghearrtar ar mhiondíoltóirí nuair a ghlacann siad le cártaí, tig leo sin costas níos airde a chur ar chustaiméirí. Tugtar aghaidh air sin sa Rialachán i dtaca le Táillí Idirmhalartaithe, a tháinig i bhfeidhm i ndeireadh 2015 agus a chuir caidhp (ar leibhéal iomaíoch) ar na táillí sin. Tháinig an dara tacar rialacha a ghabhann leis an Rialachán i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2016, lena ndearnadh costais íocaíochta níos trédhearcaí ag miondíoltóirí agus ag tomhaltóirí, agus lenar tugadh an deis dóibh roghanna éifeachtacha a dhéanamh.

Ag an am céanna, lean an Coimisiún dá imeachtaí in aghaidh trustaí i dtaca leis na táillí idirmhalartaithe iltaobhacha a shocraigh Visa agus MasterCard i gcás idirbheartaíochtaí idir-réigiúnacha, ar táillí iad nach gcuimsítear le Rialachán na dTáillí Idirmhalartaithe. Is éard is táillí idirmhalartaithe iltaobhacha idir-réigiúnacha ann táillí a íocann ceannaithe an Aontais nuair a ghlacann siad le híocaíochtaí a rinneadh le cártaí a eisíodh lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

I mí an Mheithimh, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta príomhthátail an Choimisiúin gur chuir Groupement des Cartes Bancaires (a bhainistíonn an córas íocaíochta cárta “CB” sa Fhrainc) srian ar an iomaíochas i margadh eisiúna na Fraince trí dheacracht a chruthú dóibh siúd ab áil leo teacht isteach sa mhargadh sin. Is ceadmhach achomharc a dhéanamh ar bhreith na Cúirte Ginearálta.

Boird nua de thaca leis an bpróiseas doimhniúcháin

Grianghraf: Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, ag bualadh le Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, an Bhruiséil, an 8 Meitheamh 2016. © An tAontas Eorpach

Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, ag bualadh le Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, an Bhruiséil, an 8 Meitheamh 2016.

Rinneadh an rialachas eacnamaíoch san Aontas Eorpach a neartú nuair a bunaíodh an bord neamhspleách comhairleach, an Bord Fioscach Eorpach. I Samhain na bliana 2016 a tháinig an Bord i bhfeidhm nuair a chuir sé chun feidhme an togra a bhí sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán — doiciméad a d’ullmhaigh Uachtarán an Choimisiúin agus a chómhaith i bParlaimint na hEorpa, sa Bhanc Ceannais Eorpach, sa Ghrúpa Euro agus i gCruinniú Mullaigh an Limistéir Euro — agus a bhí bunaithe ar an gCinneadh ón gComhairle dar dáta Deireadh Fómhair 2015. Is é an cúram a leagadh air meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh creat fioscach an Aontais chun feidhme agus comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an seasamh fioscach a d’oirfeadh don limistéar euro ina iomláine. Ina cheann sin, oibríonn an Bord i gcomhar le comhairlí fioscacha náisiúnta na mBallstát agus tugann sainchomhairle uaidh nuair a iarrann an tUachtarán Juncker sin air.

Is eintiteas neamhspleách an Bord ar a bhfuil saineolaithe gradamacha a chuireann ar fáil saineolas neamhspleách ina réimsí féin, agus a cheaptar tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, na comhairlí náisiúnta fioscacha agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

I mí Mheán Fómhair, mar chéim eile ionsar chur chun feidhme na Tuarascála ón gCúigear Uachtarán, mhol an Chomhairle go mbunódh nó go sainaithneodh Ballstáit an limistéir euro boird náisiúnta táirgiúlachta. Déanfaidh na boird sin anailís ar fhorbairtí agus ar bheartais i réimse na táirgiúlachta agus an iomaíochais agus rannchuideoidh siad le cur chun cinn na húinéireachta agus le hathchóirithe riachtanacha a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ar an gcuma sin, spreagfaidh siad an fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus an cóineasú. Foilseoidh na boird tuairiscí rialta maidir lena n-anailís.

Aontas baincéireachta

Lean an tAontas Eorpach de bheith ag saothrú chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích ar cuid ríthábhachtach é don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta atá athléimneach dinimiciúil. Ceapadh an tAontas Baincéireachta chun a áirithiú gur treise a bheadh bainc an limistéir euro agus gur fearr an mhaoirseacht a dhéanfaí orthu. I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann, beidh sé níos fusa iad a réiteach agus ní bheidh gá le hairgead an cháiníocóra a úsáid.

I mí Eanáir, tháinig cloch mhíle eile de chuid an Aontais Baincéireachta, an Sásra Réitigh Aonair, i bhfeidhm go hiomlán. Is comhlánú riachtanach é an Sásra Réitigh Aonair ar an Sásra Maoirseachta Aonair (a stiúrann an Banc Ceannais Eorpach é) má tá maoirseacht agus bainistiú géarchéime níos comhtháite le bheith ann san Aontas Baincéireachta. Neartaíonn an Sásra Réitigh Aonair an teacht aniar atá sa chóras airgeadais agus tá sé ina chuidiú chun an ghéarchéim laistigh den Aontas Baincéireachta a sheachaint feasta trína áirithiú go ndéantar na bainc a réiteach go héifeachtúil agus go pras.

Leanadh den idirbheartaíocht sa Pharlaimint agus sa Chomhairle maidir le tríú colún an Aontais Baincéireachta agus leis an scéim Eorpach árachais taiscí (a chuireann leis na scéimeanna náisiúnta árachais taiscí atá ann cheana). Leis an scéim Eorpach árachais taiscí, d’áiritheofaí go mbeadh líontán sábhála breise ag lucht coigilte ar fud an Aontais. Dá tairbhe sin, d’fheabhsófaí comhroinnt na rioscaí laistigh d’earnáil na baincéireachta i measc líonra is mó d’institiúidí. Laghdófaí a mhéid atáthar i mbaol turraingí móra áitiúla.

Físeán: An colún deiridh den Aontas Baincéireachta: ciste a chur ar bun chun coigiltis a chosaint. © An tAontas Eorpach

An colún deiridh den Aontas Baincéireachta: ciste a chur ar bun chun coigiltis a chosaint.

In éineacht leis an méid atá ar siúl i dtaca leis an scéim Eorpach árachais taiscí, thug na Ballstáit le fios nár mhór bearta eile a ghlacadh chun rioscaí a laghdú agus a roinnt in earnáil an airgeadais chun go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós le sárú. Is é is aidhm do rialacha nua an Choimisiúin maidir le cumas iomlán ionsúcháin caillteanais a áirithiú gurb iad creidiúnaithe na mbanc seachas na cáiníocóirí a íocfaidh as pé fadhbanna a tharlóidh sna bainc.

Ina theannta sin, faoi dheireadh 2016, bhí tromlach na mBallstát tar éis forálacha ábhartha dlíthiúla an leabhair rialacha aonair a thrasuí agus a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta féin. Áirithíodh leis an méid sin rialú ní ba chomhsheasmhaí agus maoirseacht ar chaighdeán ab airde ná mar a bhí i bhfeidhm laistigh den Aontas Baincéireachta go nuige sin. Bhí na Ballstáit go léir, seachas ocht gcinn acu, tar éis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc a achtú, lenar leagadh amach uirlisí comhchuibhithe feabhsaithe chun déileáil le géarchéimeanna baincéireachta; bhí scór de na Ballstáit freisin tar éis an Treoir maidir le Scéim Ráthaithe Taiscí a chur chun feidhme go hiomlán, rud a d’áirithigh go raibh coigiltis na saoránach sna Ballstáit sin slán.

Na margaí airgeadais

Tá mórthábhacht ag tagarmharcanna i dtaca le feidhmiú an mhargaidh airgeadais. Tháinig an Rialachán maidir le Tagarmharcanna i bhfeidhm i mí an Mheithimh. Feabhsaítear, leis an Rialachán sin, feidhmiú agus rialachas tagarmharcanna agus áirithítear nach ndéantar cúbláil orthu. Beidh na rialacha nua ina gcuidiú chun infheisteoirí agus tomhaltóirí a chosaint.

I mí na Samhna, mhol an Coimisiún rialacha nua i dtaca le gníomhaithe tábhachtacha an mhargaidh airgeadais chun a áirithiú go mbeadh caoi ag an dá chontrapháirtí lárnacha agus ag údaráis náisiúnta na mBallstát ar ghníomhú go cinntitheach i gcás géarchéime. Is é a dhéanann na contrapháirtithe lárnacha feidhmiú mar chontrapháirtí ag dhá thaobh na hidirbheartaíochta a bhíonn ina gcuid d’ionstraim airgeadais. Is é príomhaidhm an togra a áirithiú go gcoinnítear slán feidhmeanna criticiúla na gcontrapháirtithe lárnacha ach san am céanna a áirithiú go gcoinnítear an chobhsaíocht airgeadais ar bun agus nach ar an gcáiníocóir a thiteann na costais a bhaineann le hathstruchtúrú agus réiteach a dhéanamh ar chontrapháirtithe lárnacha a dteipeann orthu.

An mhí chéanna sin, mhol an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus ar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, ina leagtar amach faoi seach ceanglais stuamachta d’institiúidí agus rialacha maidir le rialachas institiúidí agus le maoirseacht a dhéanamh orthu. Mhol sé freisin go leasófaí an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus an Rialachán maidir le Sásra Réitigh Aonair, lena leagtar amach na rialacha a bhaineann le téarnamh agus réiteach institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu, agus lena mbunaítear an Sásra Réitigh Aonair. Tá bearta ar áireamh sna leasuithe sin a neartóidh an teacht aniar atá in earnáil baincéireachta an Aontais, rud a mhéadóidh iontaoibh na margaí aisti.

A áirithiú gur slán don iomlán

I gcaitheamh na bliana, d’fhógair an Coimisiún an obair iardain a bhaineann le príomhthorthaí Chreat Rialála an Aontais maidir le Seirbhísí Airgeadais agus na chéad bhearta eile atá le déanamh tar éis an ghlao ar fhianaise. Tionscnamh é seo darb aidhm aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí agus tionchar carnach na rialacha reatha airgeadais mar aon le hidirghníomhú na rialacha sin a thomhas. Tá rún ag an gCoimisiún díriú, inter alia, ar dheireadh a chur le srianta rialála neamhriachtanacha ar mhaoiniú bainc agus ar mhaoiniú ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ar fheabhas a chur ar chomhréireacht na rialacha in earnáil na baincéireachta, i margaí na ndíorthach, i mbainistiú acmhainní árachais agus in earnáil na rátála creidmheasa. Le bearta eile, ar moladh cuid díobh cheana féin, laghdófar ualaí míchuí riaracháin, mar shampla ceanglais maidir le tuairisciú maoirseachta agus le nochtadh poiblí do thionscail airgeadais an Aontais. Tá sé i gceist ag an gCoimisiún go mbeidh na rialacha níos comhsheasmhaí agus níos fadbhreathnaithí agus go dtabharfar aghaidh iontu ar pé idirghníomhaíochtaí agus easnaimh neamhréireacha atá i gcreat rialála an Aontais.

Comhairliúchán poiblí maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

I mí an Mhárta, chuir an Coimisiún an chéad réamhchreatlach le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i láthair. Mar a luaigh an tUachtarán Juncker ina Óráid ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2015, “Caithfimid dlús a chur leis an obair chun margadh saothair a bheidh cothrom, agus uile-Eorpach amach is amach, a chur ar bun ... Chuige sin, ba mhaith liom colún Eorpach do chearta sóisialta a leagan síos, ina gcuirfear dálaí athraitheacha shochaithe na hEorpa agus shaol na hoibre san áireamh ... agus a bheidh ina thagarphointe don chóineasú athnuaite laistigh den limistéar euro.” Ina óráid sin na bliana 2016, luaigh an tUachtarán Juncker arís a thiomantas do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta nuair a dúirt sé nár leor a raibh den Eoraip shóisialta ann agus go leanfadh an Coimisiún dá chuid oibre le flosc is le fuinneamh chun an scéal sin a chur ina cheart.

Sa Cholún sin, sainaithneofar roinnt prionsabal riachtanach i réimsí ar nós rochtain ar fhostaíocht, dálaí oibre agus an chosaint shóisialta, agus díreofar ar dhúshláin nua amhail an t-aosú, an domhandú, an t-athrú teicneolaíoch agus an éagsúlacht shóisialta laistigh den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

I gcaitheamh 2016, ghlac an Coimisiún páirt i ndíospóireacht le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus leis na húdaráis náisiúnta, na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta, lucht léinn agus leis na saoránaigh maidir le hinneachar agus ról an Cholúin i dtaca le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime a bhaint amach. Beidh torthaí na díospóireachta sin ina gcuid de thionscnamh a fhoilseofar in earrach 2017.

Ba cheart go gcuirfeadh an Colún le rialacha sóisialta an Aontais agus go bhfeabhsófaí iad dá bharr ar mhaithe le treoir a thabhairt maidir le beartais i roinnt réimsí. Is réimsí iad sin ar den riachtanas iad chun go mbeadh margaí saothair agus córais leasa córa ann agus chun go bhfeidhmeoidís mar is ceart. Ar bhunú an Cholúin, is ceart gurb é an Colún a bheadh ina chreat tagartha feasta agus feidhmíocht fostaíochta agus shóisialta na mBallstát atá páirteach ann á scagadh agus nuair a bheadh leasuithe á gcur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta; go sonrach, is é freisin is ceart a bheith ina thagarmharc feasta don nós imeachta athnuaite maidir le cóineasú laistigh den limistéar euro.

Grafaic faisnéise: Colún Eorpach na gCeart Sóisialta: trí thosaíocht

Tús nua leis an dialóg shóisialta

I mí an Mheithimh, shínigh an Coimisiún ráiteas dar teideal “Tús nua leis an dialóg shóisialta”, i gcomhar le hUachtaránacht na hÍsiltíre ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus leis na comhpháirtithe tras-tionsclaíocha Eorpacha (Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, BusinessEurope, An Comhlachas Eorpach um Fhiontair Cheardaíochta agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus Lárionad Eorpach na bhFostóirí agus na bhFiontar a sholáthraíonn Seirbhísí Poiblí). Is cuid é an ráiteas sin den tús nua leis an dialóg shóisialta a thionscain an tUachtarán Juncker ag comhdháil ardleibhéil i mí an Mhárta 2015, i gcomhar leis na comhpháirtithe Eorpacha, náisiúnta agus earnála, agus leis na hinstitiúidí Eorpacha eile.

Leagtar béim sa ráiteas ar an ról bunúsach atá ag an dialóg shóisialta Eorpach mar dhlúthchuid de cheapadh bheartas fostaíochta agus sóisialta an Aontais.

Leanfaidh an Coimisiún de pháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta sa cheapadh beartas agus sa reachtóireacht san Aontas Eorpach, i dtaca leis an rialachas eacnamaíoch agus leis an Seimeastar Eorpach. Tá na Ballstáit ar aon fhocal maidir le dlúthpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i ndearadh agus i gcur chun feidhme na leasuithe agus na mbeartas, agus maidir le feabhas a chur ar an dialóg shóisialta ar an leibhéal náisiúnta. Tá gealltanas tugtha freisin ag na Ballstáit páirt a thabhairt do na comhpháirtithe náisiúnta sóisialta le linn an tSeimeastair Eorpaigh chun rannchuidiú le cur chun feidhme rathúil na moltaí tírshonracha.

An Eoraip 2020, an Seimeastar Eorpach agus caipiteal daonna

Iad siúd a bhfuil scileanna acu, tá siad ar chuid de na daoine is mó a chuireann dlús leis an bhfás eacnamaíoch fadtéarmach agus leis an iomaíochas agus is mó a chruthaíonn poist. Leagadh tuilleadh béime ar an gceangal tábhachtach sin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an oideachas a fheabhsú agus a nuachóiriú. Agus é in iomaíocht sa gheilleagar domhanda, braitheann an tAontas Eorpach ar chaighdeán an chaipitil dhaonna atá aige. Ní ann don sochar fadtéarmach mura ndéantar infheistiú i ndaoine trí bhíthin córais ardfheidhmiúla agus éifeachtacha oideachais agus oiliúna. Is í foireann ardoilte oibre an Aontais a thiomáineann an taighde agus an fhorbairt, agus a bhaineann nuáil as an smaoineamh nua. An t-eolas agus na scileanna a fuarthas sa chóras oideachais, bíonn siad ina gcuidiú chun an fhostaíocht agus teacht isteach seasmhach a áirithiú, rud a laghdaíonn baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta.

Físeán: An Seimeastar Eorpach: uirlis lena gcoimeádtar Ballstáit an Aontais Eorpaigh ar an mbóthar ceart. © An tAontas Eorpach

An Seimeastar Eorpach: uirlis lena gcoimeádtar Ballstáit an Aontais Eorpaigh ar an mbóthar ceart.

Dá bharr sin, tá sé ar cheann dá mórthosaíochtaí ag formhór na mBallstát athchóiriú a dhéanamh ar na córais oideachais agus oiliúna; tá sin ina chroíchuid freisin den Seimeastar Eorpach don bhliain 2016. Tugadh moltaí tírshonracha do 21 Bhallstát i réimse an oideachais agus na hoiliúna.

Caibidil 6

Comhaontú saorthrádála cothrom réasúnta le Stáit Aontaithe Mheiriceá

“Le linn mo thréimhse mar Uachtarán, déanfaidh an Coimisiún comhaontú trádála cothrom réasúnta a chaibidliú le Stáit Aontaithe Mheiriceá, de mheon na hiontaoibhe frithpháirtí agus na trédhearcachta ... Is mian liom a rá go soiléir nach ngéillfear puinn, fiú dá mba ar son na saorthrádála é, i dtaca lenár gcuid caighdeán sábháilteachta, sláinte, cosanta sóisialta agus sonraí, ná i dtaca lenár n-éagsúlacht chultúrtha.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Barack Obama, Uachtarán na Stát Aontaithe, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag preasagallamh comhpháirteach le linn Cruinniú Mullaigh de chuid NATO, Vársá na Polainne, an 8 Iúil 2016. © An tAontas Eorpach

Barack Obama, Uachtarán na Stát Aontaithe, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag preasagallamh comhpháirteach le linn Cruinniú Mullaigh de chuid NATO, Vársá na Polainne, an 8 Iúil 2016.

Treisíonn an trádáil oscailte geilleagar an Aontais Eorpaigh agus cruthaítear poist dá tairbhe. Ar a bharr sin, tugann sí tuilleadh roghanna agus tuilleadh cumhachta ceannaigh do thomhaltóirí an Aontais agus cuidíonn sí le gnólachtaí agus iad i mbun iomaíochta thar lear.

In 2016 bhí os cionn 31 mhilliún post san Aontas ag brath ar easpórtálacha go tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

Tá an caidreamh eacnamaíoch idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch is mó ar domhan. Ós rud é go dtrádálann siad earraí agus seirbhísí le chéile ar fiú €2 bhilliún iad in aghaidh an lae, gach uair dá gcuirtear deireadh le bacainn roimh thrádáil agus infheistíocht baintear mórthairbhe eacnamaíoch as.

Ní hionann sin agus a rá, áfach, go mbeifear sásta comhaontú a dhéanamh faoin gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta ar ais nó ar éigean. Caomhnóidh an tAontas neamhspleáchas na rialaitheoirí, prionsabal an réamhchúraim agus ceart na rialtas rialú a dhéanamh chun a bpobal agus an comhshaol a chosaint.

Tá an tAontas réidh le bheith ag plé arís leis na Stáit Aontaithe i ndiaidh na bearna sna cainteanna a tháinig, mar a bheifí ag súil leis, i ndiaidh thoghchán na huachtaránachta i mí na Samhna.

Le linn 2016, bhí an tAontas ar a dhícheall ag iarraidh córas trádála domhanda a choinneáil ar bun agus a chinntiú go leanfadh sé de bheith á chur féin in oiriúint do shíorathruithe an domhain. Bhí ról gníomhach aige san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus é d’aidhm aige an geilleagar domhanda a choinneáil oscailte roimh an trádáil ar dhóigh a chuireann san áireamh agus a léiríonn meas ar riachtanais agus ábhair imní na dtíortha i mbéal forbartha. Aidhm eile a bhí ag an Aontas i dtaca lena bheartas trádála, a chinntiú go gcloífeadh tíortha eile leis na rialacha trádála idirnáisiúnta agus go gcothófaí an fhorbairt inbhuanaithe de bharr na trádála.

Chomh fada leis an Aontas de, ní mór an tsaorthrádáil a bheith cothrom. Sin an fáth ar tugadh céimeanna móra le linn na bliana chun ionstraimí láidre cosanta trádála a chur ar bun.

An trádáil mar fhoinse post agus fáis

Tá an tAontas ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhan. Treisíonn an trádáil oscailte geilleagar an Aontais, cruthaíonn sí poist, tugann sí tuilleadh roghanna agus tuilleadh cumhachta ceannaigh dá saoránaigh ina gcáil mar thomhaltóirí agus cuidíonn sí le gnólachtaí de chuid an Aontais agus iad i mbun iomaíochta thar lear.

Easpórtálann agus iompórtálann an tAontas earraí in aghaidh an lae ar fiú na céadta milliún euro iad. Tá an tAontas ar an easpórtálaí is mó earraí monaraithe agus seirbhísí ar domhan, agus tá sé ar an margadh easpórtála is mó ag tuairim agus 80 tír. Ar a dtógáil le chéile, is iad na 28 mBallstát is siocair le 16 % d’iompórtáil agus easpórtáil an domhain.

Grianghraf: Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Chrystia Freeland, Aire Trádála Idirnáisiúnta Cheanada, Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, an Coimisinéir Cecilia Malmström, Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Federica Mogherini, Ardionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, agus Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice, agus iad i láthair ag an searmanas síniúcháin don Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí agus don Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, an Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Chrystia Freeland, Aire Trádála Idirnáisiúnta Cheanada, Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, an Coimisinéir Cecilia Malmström, Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Federica Mogherini, Ardionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, agus Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice, agus iad i láthair ag an searmanas síniúcháin don Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí agus don Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, an Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2016.

Síníodh an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála le Ceanada i mí Dheireadh Fómhair ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Ceanada sa Bhruiséil. Tá an comhaontú sin ar an gcomhaontú trádála is nua-aimseartha agus is forásaí dá ndearnadh go dtí seo, agus is cor cinniúna é. Tá an tagarmharc le haghaidh comhaontuithe a dhéanfar amach anseo socraithe aige. Istigh ann tá na caibidlí is uaillmhianaí maidir le forbairt inbhuanaithe, lucht saothair agus an comhshaol dár cuireadh riamh i gcomhaontú trádála déthaobhach. Rachaidh an margadh a rinneadh chun sochair d’easpórtálaithe idir mhór agus bheag agus cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnólachtaí san Aontas agus i gCeanada, do na fostaithe iontu, agus do na tomhaltóirí iontu chomh maith.

Grafaic faisnéise: An Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada – cloch mhíle fhorásach i dtaca le comhaontuithe trádála an Aontais

Sa bhreis air sin, lean an tAontas den idirbheartaíocht ar roinnt comhaontuithe saorthrádála eile. Is é ab aidhm leis sin poist agus fás a chruthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais. Mar shampla, in 2016 leanadh den idirbheartaíocht leis an tSeapáin agus tosaíodh ar idirbheartaíocht a dhéanamh leis an Indinéis agus an Túinéis agus bhí an tAontas páirteach san idirbheartaíocht iltaobhach le haghaidh comhaontú maidir le hearraí comhshaoil agus trádáil seirbhísí le roinnt ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

I dtreo buanchóras cúirte infheistíochta iltaobhach

Is mian leis an Aontas go ndéanfadh gnólachtaí infheistíocht gan imní agus a fhios acu go mbeidís cosanta i gcás ina dtiocfadh fadhbanna chun cinn. Le linn na hidirbheartaíochta ar an gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta, chuir an Coimisiún moladh go mbunófaí córas cúirte infheistíochta a bheadh ar aon dul leis na córais atá leagtha síos sna comhaontuithe le Ceanada agus leis an Vítneam a rinneadh cheana féin, chuir sé sin isteach i gclár na hidirbheartaíochta agus beidh sé ina chuid den idirbheartaíocht a dhéanfar amach anseo. Agus é tógtha ar bhonn na bpríomhghnéithe céanna atá ina gcuid de chúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, tá ceart na rialtas rialú a dhéanamh cumhdaithe ann agus cinntítear an trédhearcacht agus an chuntasacht leis.

Ní mór an tsaorthrádáil a bheith ina trádáil chothrom

Chomh fada leis an Aontas de, ní mór an tsaorthrádáil a bheith cothrom. Dá bhrí sin, tugadh céimeanna móra chun ionstraimí láidre cosanta trádála a chur ar bun chun go mbeadh cothrom iomaíochta ann do tháirgeoirí an Aontais agus chun dul i ngleic leis an dochar a rinne iomaíocht eachtrach mhíchothrom ar cailleadh na mílte post dá deasca, i dtionscal na cruach go háirithe.

Go dtí seo, tá an Coimisiún ag úsáid na n-ionstraimí sin a mhéid is féidir agus chuir sé ar bun an líon is mó riamh de bhearta frithdhumpála agus frith-fhóirdheontas — 41 bheart le haghaidh táirgí cruach ar táirgí de thionscnamh na Síne 18 gcinn díobh.

Thoiligh an Chomhairle sa deireadh a sheasamh idirbheartaíochta maidir le togra chun ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú. Réiteach ar sháinn a bhí ann leis na blianta is ea é sin agus beifear in ann tosú ar an gcéim dheireanach den idirbheartaíocht leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún dá bharr. Tá sé d’aidhm ag an togra sin, a chuir an Coimisiún i láthair, go mbeidh tuilleadh trédhearcachta, nósanna imeachta níos praise agus forfheidhmiú níos éifeachtaí ag baint le hionstraimí cosanta trádála an Aontais agus in amanna, go ngearrfar dleachtanna níos airde.

Sa réimse céanna, cuireadh moladh eile chun tosaigh maidir le modh nua chun dumpáil ar iompórtálacha as tíortha ina bhfuil saobhadh mór margaidh nó ina bhfuil tionchar forleathan ag an stát ar an ngeilleagar. Is é an cuspóir atá leis sin, a chinntiú go mbeidh ionstraimí cosanta trádála ag an Aontas lenar féidir plé leis na dálaí mar atá faoi láthair sa timpeallacht trádála idirnáisiúnta gan aon oibleagáidí idirnáisiúnta atá ag an Aontas faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála a shárú.

Na nithe a bhain an tAontas amach san idirbheartaíocht leis na Stáit Aontaithe

Rochtain níos fearr ar mhargadh na Stát Aontaithe

Le linn 2016, lean an tAontas dá chuspóir rochtain níos fearr ar mhargadh na Stát Aontaithe a fháil dó féin de thoradh idirbheartaíochta trí dheireadh a chur le dleachtanna custaim agus bacainní eile roimh an trádáil agus trí dheiseanna trádála agus infheistíochta a éascú i réimsí nua. Bheadh an rochtain sin ar fáil ag na gnólachtaí uile, na cinn is mó díobh agus na cinn is lú.

Chuideodh an Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta poist agus fás a ghiniúint, praghsanna a laghdú agus tuilleadh roghanna a thabhairt do na saoránaigh ó thaobh earraí agus seirbhísí de. San am céanna, chloífeadh sí leis na hardchaighdeáin cosanta atá i bhfeidhm san Aontas. Lena chois sin, b’fhéidir go gcuideodh an chomhpháirtíocht leis an Aontas agus leis na Stáit Aontaithe na luachanna atá acu araon a chosaint agus a threisiú, ar nós an daonlathais agus an smachta reachta.

De bharr na comhpháirtíochta, thiocfadh le gnólachtaí san Aontas tuilleadh a easpórtáil chun na Stát Aontaithe agus ní ba mhó de na hearraí agus na seirbhísí a iompórtáil atá de dhíth orthu chun táirgí deiridh a dhéanamh. I gcás trí cheathrú cuid de gheilleagar an Aontais nach mór, is í an trádáil seirbhísí is bonn leo, ach, dá ainneoin sin agus uile, bíonn bacainní roimh ghnólachtaí agus iad ag iarraidh a seirbhísí a dhíol ar mhargadh na Stát Aontaithe. De réir Eurostat, ceannaíonn na Stáit Aontaithe 15 % d’easpórtálacha talmhaíochta an Aontais, táirgí a bhfuil breisluach ard leo go háirithe. Ba mhaith leis an Aontas dá mb’fhéidir na heaspórtálacha sin a mhéadú a thuilleadh de bharr na comhpháirtíochta. Ba mhaith leis an Aontas freisin dá mbeadh gnólachtaí na hEorpa in ann tairiscintí a chur isteach ar chonarthaí rialtais na Stát Aontaithe faoin gcomhaontú sin agus é sin a dhéanamh ar comhchéim le gnólachtaí de chuid na Stát Aontaithe.

Comhar rialála — laghdú ar an maorlathas agus ar na costais gan laghdú ar an gcáilíocht

Rinne an tAontas iarracht bealach nua a réiteach do mhargadh trádála trí rialaitheoirí san Aontas agus sna Stáit Aontaithe a chur ag obair i gcomhar le chéile ar dhóigh i bhfad níos dlúithe ná mar a dhéanann siad faoi láthair. Más rún leo easpórtáil chun na Stát Aontaithe, ní mór do ghnólachtaí an Aontais cloí le rialacha agus caighdeáin na Stát Aontaithe. Is minic a chinntíonn na rialacha agus na caighdeáin sin aon leibhéal amháin sábháilteachta nó cáilíochta ach go mbíonn difear eatarthu i dtaca le mionsonraí teicniúla — ar nós dhathanna na sreang sna plocóidí agus sna soicéid a úsáidtear ar dhá thaobh an Atlantaigh. I gcásanna áirithe déantar na seiceálacha céanna athuair a rinneadh ar cheanglais theicniúla cheana féin ar an taobh thall den Atlantach gan aon ghá a bheith leis sin. Baineann an-chostas leis an dúbailt sin in amanna agus fágtar an costas sin ar ghnólachtaí beaga agus ar thomhaltóirí go háirithe. Dá n-oibreofaí i gcomhar le chéile ar rialúcháin, thiocfadh na costais sin a chiorrú gan ardleibhéil cosanta daoine agus comhshaoil an Aontais a shárú.

Rialacha trádála chun gur fusa agus gur cothroime a bheidh an easpórtáil, an iompórtáil agus an infheistíocht

Lean an tAontas d’iarracht a dhéanamh rialacha trádála nua a chur ar bun nó a fhorbairt a thuilleadh chun cuidiú le gnólachtaí uile an Aontais leas iomlán a bhaint as an gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta.

Faoin gcomhaontú, is mian leis an Aontas:

  • a chinntiú gur féidir le gnólachtaí beaga leas a bhaint as an gcomhpháirtíocht;
  • iomaíocht chothrom shaor a chur chun cinn, lena n-áirítear rialacha chun cosc a chur ar ghnólachtaí dul i gclaonpháirt le chéile chun praghsanna a shocrú nó mí-úsáid a bhaint as cumhacht margaidh agus as forálacha maidir le fiontair agus fóirdheontais ar leis an stát iad;
  • cuidiú le gnólachtaí níos lú ama agus airgid a chaitheamh ar pháipéarachas ag an gcustam;
  • é a chur ar chumas gnólachtaí na hacmhainní inbhuanaithe fuinnimh agus amhábhar atá de dhíth orthu a fháil;
  • maoin intleachtúil gnólachtaí a chosaint;
  • forbairt inbhuanaithe a chur i gcroílár an chomhaontaithe.

Faoin gcomhpháirtíocht sin, mar a rinne sé i gcás gach comhaontaithe eile dár shínigh sé, cosnóidh an tAontas fóntais phoiblí ar gach leibhéal rialtais, an leibhéal áitiúil san áireamh. Ní bheidh ar thíortha seirbhísí poiblí a liobrálú, a dhírialú ná a phríobháidiú ar an leibhéal náisiúnta ná ar an leibhéal áitiúil de bharr na comhpháirtíochta sin. San áireamh ansin tá sláinte phoiblí, oideachas poiblí, iompar poiblí agus bailiú, íonú, dáileadh agus bainistiú uisce.

Físeán: Teistiméireachtaí na n-easpórtálaithe: conas a théann comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh chun tairbhe do chuideachtaí agus do phobail. © An tAontas Eorpach

Teistiméireachtaí na n-easpórtálaithe: conas a théann comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh chun tairbhe do chuideachtaí agus do phobail.

Conas a rinne an tAontas idirbheartaíocht leis na Stáit Aontaithe

Is ar bhonn sainordú lenar thoiligh rialtais na mBallstát d’aon toil a rinne an Coimisiún idirbheartaíocht i leith na Comhpháirtíochta Trasatlantaí Trádála agus Infheistíochta. Tosaíodh ar an idirbheartaíocht i mí an Mheithimh 2013. Rinneadh ceithre bhabhta cainteanna in 2016. Mar dhlús leis an idirbheartaíocht, tháinig an Coimisinéir Trádála Cecilia Malmström agus a macasamhail as na Stáit Aontaithe Michael Froman le chéile naoi n-uaire le linn na bliana. Leanadh den dul chun cinn i réimse leathan ábhar. Mar sin féin, dhearbhaigh an tAontas go soiléir ón tús gur thábhachtaí comhaontú maith a fháil ná an idirbheartaíocht a thabhairt chun críche go pras.

Lean an Coimisiún de bheith ag foilsiú tograí téacs — tograí tosaigh an Aontais le haghaidh téacs dlí ar shainábhair sa chomhpháirtíocht — ar a shuíomh gréasáin tiomanta i réimsí ar nós seirbhísí agus an chomhair rialála. Lena chois sin, d’fhoilsigh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin tuarascálacha mionsonraithe ar gach babhta den idirbheartaíocht. Sa bhreis air sin, d’fhoilsigh an Coimisiúin na dosaenacha doiciméad faoin gcomhpháirtíocht, cuid acu i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Orthu sin bhí bileoga inar míníodh go soiléir sothuigthe aidhmeanna an chomhaontaithe agus an t-ábhar ab fhéidir a bheadh ann. Ós rud é gur leanadh de na bearta sin uile de réir mar a bhí an idirbheartaíocht ag dul chun cinn tá an idirbheartaíocht sin ar an idirbheartaíocht is trédhearcaí dá ndearnadh riamh maidir le comhaontú trádála de chuid an Aontais.

Mar is gnách agus é i mbun idirbheartaíocht maidir le comhaontú trádála, choinnigh an Coimisiún rialtais na mBallstáit ar an eolas faoi dhul chun cinn na hidirbheartaíochta le linn cruinnithe seachtainiúla Choiste na Comhairle um an mBeartas Trádála. Chomh maith leis sin choinnigh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa — an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta go háirithe — cothrom le dáta i leith na hidirbheartaíochta. Tháinig an Coimisinéir Malmström agus cuid d’idirbheartaithe na comhpháirtíochta os comhair na Parlaiminte agus a coistí. Bhí rochtain ag na Ballstáit agus ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa ar dhoiciméid idirbheartaíochta comhpháirtíochta i gcomhréir leis na cleachtais a comhaontaíodh eatarthu.

Cinntíodh ar an dóigh sin go raibh maoirseacht dhaonlathach ar siúl ar feadh na hidirbheartaíochta. Chiallaigh sé freisin go raibh rialtais na mBallstát agus Feisirí Pharlaimint na hEorpa (a toghadh go díreach) go hiomlán ar an eolas faoi staid na hidirbheartaíochta agus faoi sheasaimh idirbheartaíochta an Aontais. Lean Parlaimint na hEorpa de shúil ghéar a choinneáil ar an idirphlé.

Rinne an Coimisiún obair ar leith maidir le poiblíocht a thabhairt do phléití faoin gcomhaontú atá beartaithe agus lena mhíniú cad a bhí an tAontas ag iarraidh a bhaint amach. Lena chois sin, thug sé aghaidh ar ábhair imní faoin drochthionchar a maíodh a bheadh ag an gcomhpháirtíocht. Go háirithe, rinne an Coimisiún iarracht mhór a chinntiú go dtiocfadh le geallsealbhóir leasmhar ar bith teagmháil a dhéanamh go díreach le hidirbheartaithe agus eolas a fhoilsiú ar líne faoin idirbheartaíocht. Le linn gach babhta idirbheartaíochta thionóil idirbheartaithe de chuid an Aontais agus na Stát Aontaithe comhchruinnithe leis na céadta geallsealbhóir a labhair ar son réimse leathan leasanna. D’úsáid an Coimisiúin na meáin shóisialta chun saoránaigh a choimeád ar an eolas. Bhí cuntas tiomnaithe Twitter acu, mar shampla, a raibh 26 500 duine á leanúint faoi dheireadh 2016.

Le linn na hidirbheartaíochta, lean an Coimisiún de bheith ag dul i gcomhairle leis an ngrúpa comhairleoireachta a chuir sé ar bun chun ionchur breise ó shaineolaithe a chur ar fáil d’idirbheartaithe an Aontais. Sa ghrúpa sin tá fir agus mná chun labhairt ar son leasanna comhshaoil, sláinte, tomhaltóirí agus lucht oibre chomh maith le hearnálacha gnó éagsúla.

I ndiaidh na hidirbheartaíochta

Nuair a shocrófar ar an téacs, déanfar an doiciméad maidir leis an gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta a fhoilsiú ar líne. Tíolacfar é ansin lena dhaingniú trí na nósanna imeachta cuí.

Caibidil 7

Limistéar ceartais agus ceart bunúsach bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach

“Tá sé i gceist agam úsáid a bhaint as sainchumas an Choimisiúin chun seasamh lenár gcomhluachanna, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha, laistigh dár réimse inniúlachta, agus éagsúlacht na dtraidisiún bunreachtúil agus cultúrtha sna 28 mBallstát á gcur san áireamh mar is cuí.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Daoine ag leagan bláthanna agus coinnle mar chomhartha ómóis dóibh siúd a maraíodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh 
sa Bhruiséil, an Bheilg, 
an 22 Márta 2016. © Associated Press

Daoine ag leagan bláthanna agus coinnle mar chomhartha ómóis dóibh siúd a maraíodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh sa Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Márta 2016.

In 2016 thug an tAontas Slándála freagairt phráinneach láidir ar an sceimhlitheoireacht agus, ag an am céanna, rinneadh dul chun cinn maidir le cearta na saoránach agus saincheisteanna a bhaineann leis an margadh inmheánach i réimse an cheartais shibhialta.

Tá an tAontas Eorpach faoi bhagairt thromchúiseach faoi láthair ón sceimhlitheoireacht. Tá dúshláin nua nach bhfacthas a leithéid riamh cheana roimh na Ballstáit, dúshláin ar nós ionsaithe san Eoraip, trodairí sceimhlitheoireachta eachtracha a fhilleann ar an Aontas agus an chaoi a mbíonn athrú de shíor ag teacht ar an sceimhlitheoireacht.

Is dá bharr sin a bhí an Coimisiún meáite ar fhíor-Aontas Slándála éifeachtach a fhorbairt. Glacadh roinnt beart in 2016 chun aghaidh a thabhairt ar gach gné den bhagairt sceimhlitheoireachta, mar atá: cosc a chur ar an radacú, lena n-áirítear radacú ar líne san áireamh; an taisteal ar mhaithe le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus an tacaíocht do sceimhlitheoirí a choiriúlú agus a bhrath; faisnéis a mhalartú; dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta; rochtain ar airm thine agus ar pléascáin a chosc; agus tacú le tíortha comhpháirtíochta, iad sin atá timpeall réigiún na Meánmhara go háirithe.

Ina theannta sin, ghlac an tAontas Treoracha nua maidir le cearta nós imeachta saoránach atá páirteach in imeachtaí coiriúla a fheabhsú. I réimse an cheartais shibhialta, tugadh isteach reachtaíocht chun cuidiú le teaghlaigh agus lánúineacha tríd an dlí teaghlaigh agus an dlí sibhialta a shimpliú.

Maidir le rialachas corparáideach, thángthas ar chomhaontú faoi chearta scairshealbhóirí a fheabhsú. Ina cheann sin, mhol an Coimisiún rialacha níos comhréirí maidir le luach saothair d’institiúidí creidmheasa agus do chuideachtaí infheistíochta.

Chuaigh an Coimisiún i mbun gnímh chun cosaint níos fearr a dhéanamh ar chearta bunúsacha maidir le cosaint sonraí, faisnéis phearsanta a roinnt agus cearta tomhaltóirí, agus chuir sé lena iarrachtaí an comhionannas inscne a neartú, leis an idirdhealú a chomhrac agus deireadh a chur leis an ngáinneáil ar dhaoine.

Aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála san Aontas

Grianghraf: Charles Michel, Príomh-Aire na Beilge, (coinneal á lasadh aige) agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, (i lár baill) ag tabhairt ómós dóibh siúd a maraíodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta 
a rinneadh sa Bhruiséil, 
an 22 Márta 2016. © An tAontas Eorpach

Charles Michel, Príomh-Aire na Beilge, (coinneal á lasadh aige) agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, (i lár baill) ag tabhairt ómós dóibh siúd a maraíodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2016.

In 2016 sheol an tAontas tacar tionscnamh chun cabhrú le bagairtí sceimhlitheoireachta sa bhaile is i gcéin a chomhrac.

Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i mí na Nollag faoi mholadh an Choimisiúin seiceáil a dhéanamh ar shaoránaigh an Aontais ar na bunachair sonraí ábhartha aon uair a dtrasnaíonn siad teorainneacha inmheánacha. Is éigean seiceálacha a dhéanamh ar shaoránaigh tríú tír cheana.

Físeán: Tuairimí ar an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta. © An tAontas Eorpach

Tuairimí ar an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta.

I mí Eanáir, seoladh Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa i gceanncheathrú Europol sa Háig. Is é is príomhaidhm don lárionad comhar oibríochtúil níos éifeachtúla a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an gcaoi a seoltar faisnéis slándála ó Bhallstát go chéile. Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta a chomhrac, atá deartha le hintinn rochtain na sceimhlitheoirí ar a bhfoinsí ioncaim a chosc agus iad a rianú ar bhonn a ngníomhaíochtaí airgeadais. I mí na Nollag, ghlac an Coimisiún pacáiste beart chun treisiú le hacmhainneacht an Aontais dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta agus leis an gcoireacht eagraithe. Na tograí a chuir an Coimisiún i láthair, comhlánóidh agus atreiseoidh siad creat dlí an Aontais sna réimsí seo a leanas: an sciúradh airgid, na sreafaí airgid neamhdhlisteanacha agus aitheantas frithpháirteach cinntí i dtaobh sócmhainní a chalcadh agus a choigistiú.

Tar éis an Treoir maidir le Cosc a chur ar Úsáid an Chórais Airgeadais chun críocha Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoirí a ghlacadh in 2015, chuir an Coimisiún dlús leis an tacaíocht a thugann sé do na Ballstáit chun an Treoir seo a thrasuí ar dhóigh níos éifeachtaí sa dlí náisiúnta. I mí Iúil, ghlac an Coimisiún togra nua chun an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a leasú d’fhonn creat dlí an Aontais a fheabhsú a thuilleadh ó tharla na hionsaithe sceimhlitheoireachta in 2015 agus 2016 agus i bhfianaise a tháinig chun solais i bPáipéir Phanama. Ina cheann sin, mhéadaigh an Coimisiún a raibh de thacaíocht á tabhairt aige do na Ballstáit ionas gurbh fhéidir leo taca leis an gceathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a thrasuí ar bhealach níos éifeachtaí agus bhronn sé cumhachtaí breise ar na Ballstáit chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac. I mí Iúil, ghlac an Coimisiún liosta de thíortha nach Ballstáit den Aontas iad ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha i dtaca lena gcórais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac.

Ba thosaíocht é freisin feabhas a chur ar an malartú faisnéise, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí go háirithe. Thug an Coimisiún tosaíocht chomh maith d’fhorfheidhmiú Chreat Prüm (uirlis malartaithe faisnéise lenar féidir comparáid uathoibríoch a dhéanamh idir phróifílí ADN, shonraí méarlorg agus shonraí cláraithe feithiclí) agus mhol sé tograí chun an malartú faisnéise maidir le ciontuithe coiriúla a fheabhsú tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla.

Grafaic faisnéise: Malartú Faisnéise agus comhar oibríochtúil a fheabhsú

I mí Iúil glacadh an Treoir ón Aontas maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí. Cuireann an Treoir d’oibleagáid ar aeriompróirí sonraí maidir le paisinéirí ar eitiltí idirnáisiúnta a aistriú chuig an mBallstát teacht isteach nó imeachta. Déanfar anailís ar na sonraí sin agus úsáidfear iad chun críche coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac. Thosaigh an Coimisiún ag obair i gcomhar leis na Ballstáit lena áirithiú go gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm go pras.

Rinneadh Rialachán athbhreithnithe Europol a ghlacadh go críochnaitheach i bhfómhar 2016. Leis an Rialachán sin déantar méadú breise ar chuntasacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht Europol agus cinntítear go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhar leis na parlaimintí náisiúnta, grinnscrúdú ar a chuid gníomhaíochtaí.

As Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh a reáchtáladh i mí na Nollag tháinig creat oibre faoinar féidir le hearnáil na tionsclaíochta agus le gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí a n-iarrachtaí chun dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a chomhordú, agus, ag an am céanna, dul i dteagmháil go díreach leis an tsochaí shibhialta, agus páirt a thabhairt di, i dtaca le teachtaireachtaí frithsceimhlitheoireachta agus teachtaireachtaí malartacha atá níos éifeachtúla a fhorbairt. Cuidíonn Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais a bunaíodh in Europol leis an méid mór ábhar sceimhlitheoireachta atá ar líne a laghdú.

Bunaíodh Ionad Barr Feabhais an Líonra um Fheasacht ar an Radacú chun cur leis an tacaíocht a thugtar do chleachtóirí agus chun seirbhísí tacaíochta saincheaptha a chur ar fáil do na Ballstáit agus do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

I mí Mheán Fómhair ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le slándáil a fheabhsú i ré na soghluaisteachta. I mí na Samhna bheartaigh sé Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú lena chinneadh an bhfuil náisiúnaigh a thagann as tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, agus atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, incháilithe chun taisteal chuig limistéar Schengen, agus a chinneadh an bhfuil riosca slándála nó imirce ag baint leis an taisteal sin. Cuideoidh an Córas sin le bainistiú níos éifeachtúla a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus leis an tslándáil inmheánach a fheabhsú agus cuideoidh sé, ag an am céanna, le taisteal dleathach thar theorainneacha Schengen a éascú.

Chun mionlaigh a chosaint agus chun an ráig mhéadaitheach ciníochais agus seineafóibe a chomhrac tháinig an Coimisiún ar chomhaontú i mí na Bealtaine le Facebook, YouTube, Twitter agus Microsoft maidir le cód iompair chun srian a chur le scaipeadh na fuathchainte neamhdhleathaí ar líne.

I mí Aibreáin, thosaigh an Coimisiún ar Aontas Slándála éifeachtach a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar an riachtanas atá ann cur chuige comhchoiteann a fhorbairt maidir le bagairtí trasnáisiúnta. I mí na Nollag, chuir an Coimisiún an tríú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i ndáil leis an Aontas Slándála i láthair, ina leagtar amach an Pacáiste nua i ndáil le Maoiniú Sceimhlitheoirí, ar céim thábhachtach é chun srian a chur leis na hacmhainní airgeadais a chothaíonn an sceimhlitheoireacht. Cuireadh fáilte sa tuarascáil roimh thacar tograí le haghaidh éifeachtacht agus le héifeachtúlacht Chóras Faisnéise Schengen a neartú. Sa tuarascáil leagadh béim ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh ar phríomhchomhaid reachtacha de chuid an Aontais atá dírithe ar an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac agus leis an tslándáil a atreisiú ag teorainneacha an Aontais. Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil faoin Treoir maidir leis an Sceimhlitheoireacht a chomhrac, faoin Treoir maidir le hAirm Thine a athbhreithniú agus faoin gCód Teorainneacha Schengen a athbhreithniú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí seiceálacha córasacha a dhéanamh ar shaoránaigh an Aontais.

Grafaic faisnéise: Dul i ngleic le fuathchaint agus idirdhealú, ar líne agus as líne araon

Urraim smacht reachta

Grianghraf: An Coimisinéir Vĕra Jourová, ag 
cur fáilte roimh Koen Lenaerts, Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, 
an 28 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Vĕra Jourová, ag cur fáilte roimh Koen Lenaerts, Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, an 28 Aibreán 2016.

Le linn na bliana lean an Coimisiún dá iarrachtaí an urraim don smacht reachta a chur chun cinn agus seasamh léi.

Lean an Coimisiún air de bheith ag spreagadh na mBallstát chun cáilíocht, neamhspleáchas agus éifeachtúlacht a gcóras ceartais a fheabhsú, de bhrí go dtacaíonn córas ceartais éifeachtach leis an bhfás eacnamaíoch agus go gcosnaíonn sé cearta bunúsacha. Ghlac an Coimisiún Scórchlár Ceartais an Aontais 2016, ina léirítear, d’ainneoin na treochta deimhní atá le sonrú tríd is tríd, go bhfuil dúshláin ar leith roimh roinnt de na Ballstáit sa réimse seo.

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún Moladh maidir leis an Smacht Reachta i dtaca leis an staid sa Pholainn, ina leagtar amach ábhair imní an Choimisiúin agus ina ndéantar moltaí faoin gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt orthu. Tuigtear don Choimisiún go bhfuil an smacht reachta faoi bhagairt chórasach sa Pholainn agus dá bhrí sin rinne sé measúnú ar an staid i gcoitinne agus tháinig sé ar an tuairim gurb ann fós do shaincheisteanna tábhachtacha imní maidir leis an smacht reachta sa Pholainn. Chuir an Coimisiún moltaí nithiúla breise faoi bhráid údaráis na Polainne i mí na Nollag faoin gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní seo.

Grianghraf: Frans Timmermans, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin, ag labhairt os comhair Pharlaimint na hEorpa faoinar tharla i dtrátha an ama sin sa Pholainn agus faoi thionchar na n-imeachtaí sin ar chearta bunúsacha, Strasbourg na Fraince, an 13 Meán Fómhair 2016 © An tAontas Eorpach

Frans Timmermans, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin, ag labhairt os comhair Pharlaimint na hEorpa faoinar tharla i dtrátha an ama sin sa Pholainn agus faoi thionchar na n-imeachtaí sin ar chearta bunúsacha, Strasbourg na Fraince, an 13 Meán Fómhair 2016

An ceartas coiriúil

Cearta nós imeachta agus an comhar breithiúnach a fheabhsú

Ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle trí Threoir nua maidir le cearta nós imeachta na ndaoine a bhfuil amhras ann fúthu nó atá cúisithe:

Maidir le comhar breithiúnach i réimse an dlí choiriúil, thug an tAontas athbhreithniú chun críche ar an gComhaontú um an gCúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach 2010 leis na Stáit Aontaithe agus thángthas ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí le haghaidh an comhar a fheabhsú agus luas a chur leis.

Físeán: An chéad Treoir de chuid an Aontais Eorpaigh lena gcosnaítear mionaoisigh le linn imeachtaí coiriúla. © An tAontas Eorpach

An chéad Treoir de chuid an Aontais Eorpaigh lena gcosnaítear mionaoisigh le linn imeachtaí coiriúla.

Ar deireadh, chomhaontaigh na Ballstáit tosú ar fheabhas a chur ar an rochtain ar fhianaise dhigiteach in imscrúduithe coiriúla trí Chonclúidí na Comhairle maidir le feabhas a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás a glacadh i mí an Mheithimh.

An ceartas sibhialta

An dlí teaghlaigh agus an dlí sibhialta a shimpliú

In 2016 ghlac an tAontas reachtaíocht chun cuidiú le lánúineacha idirnáisiúnta a gcuid maoine a bhainistiú agus í a chomhroinnt i gcás colscartha nó ar bhás duine amháin den lánúin.

Ghlac an tAontas reachtaíocht freisin chun simpliú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear doiciméid phoiblí áirithe sna Ballstáit i gcúrsaíocht. Ní bheidh gá feasta le stampa apastaile a chur ar dhoiciméid phoiblí ar nós teastais bhreithe, agus simpleofar an próiseas chun cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe a fháil.

Mhol an Coimisiún feabhsuithe a dhéanamh ar rialacha an Aontais faoina dtugtar cosaint do leanaí i gcás díospóidí trasteorann maidir le freagracht tuismitheoirí a bhaineann le coimeád leanaí, cearta rochtana agus fuadach leanaí. Leis na rialacha nua, cuirfear luas le nósanna imeachta dlíthiúla agus riaracháin agus cinnteofar go gcuirfear leas an linbh san áireamh i gcónaí.

Chuir an Coimisiún togra reachtaíochta i láthair freisin maidir leis an luath-athstruchtúrú agus an dara seans, mar aon le nithe eile a bhaineann le dócmhainneacht. Téann an tionscnamh i ngleic leis na bacainní is tábhachtaí ar an saorshreabhadh caipitil, agus ar an dóigh sin leis na dliteanais náisiúnta a spreagadh chun feabhais.

Rialacha maidir leis an rialachas corparáideach a fheabhsú

In 2016 tháinig den idirbheartaíocht idir an Pharlaimint agus an Chomhairle faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí, tháinig di sin comhaontú polaitiúil nach mór don dá institiúid a fhaomhadh go foirmiúil fós.

I dtaca le hinstitiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta, rinne an Coimisiún measúnú ar na rialacha maidir le luach saothair atá sa Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil agus tar éis dó an measúnú sin a dhéanamh ghlac sé leasú spriocdhírithe chun ceisteanna maidir le coimhdeacht a chur san áireamh.

Cearta bunúsacha agus córais bhreithiúnacha

An fód a sheasamh ar son chearta bunúsacha an Aontais

I mí na Bealtaine, d’fhoilsigh an Coimisiún Tuarascáil 2015 maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais ina leagtar béim ar an dóigh ar cuireadh cearta bunúsacha san áireamh agus ar cuireadh chun cinn iad ó thaobh beartais agus reachtaíochta de.

Sa Tuarascáil díríodh ar an gcéad Cholóiciam Bliantúil ar Chearta Bunúsacha, dar teideal “An Chaoinfhulaingt agus an urraim: an fuath frith-Sheimíteach agus frith-Mhoslamach san Eoraip a chosc agus a chomhrac”. Ba é ba thoradh ar an gColóiciam liosta de ghníomhaíochtaí nithiúla le haghaidh an ciníochas, an tseineafóibe, an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac agus an chaoinfhulaingt, an éagsúlacht agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn.

Ag an dara Colóiciam ar Chearta Bunúsacha díríodh ar “Iolrachas sna meáin agus an daonlathas” agus thug sin ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí leantacha a shonrú arb é is aidhm dóibh na meáin a chosaint ar bhrú polaitiúil agus a neamhspleáchas airgeadais a chaomhnú, cuidiú leis an tacaíocht a thugtar d’iriseoirí faoi bhagairt, agus cuirtear san áireamh an fhuathchaint, agus monatóireacht a dhéanamh ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh sna Ballstáit.

Cosaint sonraí a fheabhsú

Glacadh an Pacáiste maidir leis an Athchóiriú ar Chosaint Sonraí i mí Aibreáin 2016. Tiocfaidh sé i bhfeidhm in 2018. Is céim riachtanach an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí chun cearta bunúsacha na saoránach a neartú sa ré dhigiteach agus chun an trádáil a éascú trí na rialacha a shimpliú do ghnólachtaí sa Mhargadh Aonair Digiteach. Chuirfeadh aon dlí amháin deireadh leis an ilroinnt atá ann faoi láthair agus le hualaí costasacha riaracháin, rud a d’fhágfadh go mbeadh gnólachtaí in ann airgead a shábháil. Ina theannta sin, le Treoir shonrach maidir le Cosaint Sonraí do phóilíní agus d’earnáil an cheartais choiriúil cinnteofar ardleibhéal leanúnach cosanta sonraí agus ar an gcaoi sin éascófar an malartú faisnéise agus an comhoibriú idir údaráis phóilíneachta agus údaráis bhreithiúnacha na mBallstát.

Grianghraf: Giovanni Buttarelli, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag bualadh leis an gCoimisinéir 
Julian King, an Bhruiséil, 
an 24 Samhain 2016. © An tAontas Eorpach

Giovanni Buttarelli, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag bualadh leis an gCoimisinéir Julian King, an Bhruiséil, an 24 Samhain 2016.

Físeán: Cosaint sonraí: fadhbanna agus réitigh. © An tAontas Eorpach

Cosaint sonraí: fadhbanna agus réitigh.

Sonraí pearsanta shaoránaigh an Aontais a chosaint tar éis a n-aistrithe chuig lucht forfheidhmithe dlí na Stát Aontaithe

I mí an Mheithimh síníodh an Scáth-chomhaontú faoi Chosaint Sonraí idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe. Leagtar síos caighdeáin arda maidir le cosaint sonraí pearsanta arna n-aistriú ag lucht forfheidhmithe dlí. Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú maidir leis an gcomhaontú a thabhairt chun críche i mí na Nollag.

Aistriú sonraí idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a dhéanamh níos sábháilte

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún an Cinneadh chun an Sciath Príobháideachais idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a bhunú, lena gcumasófar aistrithe sábháilte sonraí pearsanta ón Aontas chuig gnólachtaí sna Stáit Aontaithe. Bunaítear leis an Sciath Príobháideachais oibleagáidí láidre ar ghnólachtaí maidir le sonraí a láimhseáil, bearta coimirce soiléire agus oibleagáidí trédhearcachta maidir le rochtain rialtas na Stát Aontaithe ar shonraí, cosaint éifeachtach do chearta an duine aonair agus meicníocht athbhreithniúcháin chomhpháirteach bhliantúil.

Cearta tomhaltóirí

Urraim do chearta tomhaltóirí a mhéadú sa saol ar líne

Mhol an Coimisiún an Rialachán maidir le Comhar um Chosaint Tomhaltóirí a athbhreithniú chun forfheidhmiú dhlíthe tomhaltais an Aontais a thabhairt bord ar bhord leis an saol ar líne. Cuireann na lárionaid Eorpacha do thomhaltóirí na húdaráis forfheidhmithe ar an eolas go rialta maidir le saincheisteanna is cás do thomhaltóirí.

Ag an gCruinniú Mullaigh trí-thaobhach idir an tAontas Eorpach, an tSín agus na Stáit Aontaithe i mí an Mheithimh d’aontaigh na húdaráis an comhar maidir le sábháilteacht táirgí a neartú, i ndáil le táirgí a dhíoltar ar líne go háirithe.

Uirlis nua ar líne le haghaidh díospóidí a réiteach

In 2016 sheol an Coimisiún Eorpach an tArdán Réitigh Díospóidí ar Líne. Cuidíonn sé le tomhaltóirí an Aontais agus trádálaithe teacht ar réiteach ar líne agus lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí eatarthu i dtaca le siopadóireacht ar líne.

Tomhaltóirí an Aontais a choinneáil slán

Leis an gCóras Mear-Rabhaidh um Tháirgí Neamh-Bhia Contúirteacha ceadaítear malartú a dhéanamh go gasta ar leibhéal an Aontais ar fhaisnéis faoi tháirgí contúirteacha a fhaightear ar an margadh agus faoi na bearta a dhéantar lena chinntiú go gcoimeádfar na táirgí ó chustaiméirí. In 2016 scaipeadh 2 126 rabhadh maidir le táirgí contúirteacha ar na 31 údarás náisiúnta Eorpach atá páirteach sa chóras agus ar an gCoimisiún Eorpach. Is méadú beag é sin ar na 2 072 rabhadh a scaipeadh in 2015. Bhain na rabhaidh seo den chuid ba mhó le táirgí ar bhaol gortaithe iad (ar nós mótarfheithiclí) nó baol ceimiceach (ar nós bréagáin ina bhfuil taláití).

Grianghraf: An Coimisinéir Vytenis Andriukaitis ag labhairt le linn seisiún dar teideal “Bia agus deochanna: conas dul i gcion ar thomhaltóirí feasacha” ag an 14ú Cruinniú Mullaigh Eorpach Gnó, an Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Vytenis Andriukaitis ag labhairt le linn seisiún dar teideal “Bia agus deochanna: conas dul i gcion ar thomhaltóirí feasacha” ag an 14ú Cruinniú Mullaigh Eorpach Gnó, an Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2016.

Tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais tráchtála mhíthreoracha nó ionsaitheacha

Lena chinntiú go bhfuil uirlisí leordhóthanacha ag na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta chun tomhaltóirí as líne agus ar líne a chosaint ar dhóigh níos fearr, ghlac an Coimisiún leagan cothrom le dáta de threoir 2009 maidir le cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma. Is é is aidhm don doiciméad cur i bhfeidhm na Treorach a shimpliú.

Comhionannas inscne

An comhionannas inscne a chur chun cinn

I mí na Nollag 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún Rannpháirtíocht Straitéiseach don Chomhionannas Inscne, chun beartas an Choimisiúin maidir le comhionannas inscne a mhúnlú as seo go 2019. I mí an Mheithimh 2016, ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le rannpháirtíocht straitéiseach an Choimisiúin.

I mí an Mhárta, mhol an Coimisiún go n-aontódh an tAontas do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ina bhfuil caighdeáin atá ceangailteach ó thaobh an dlí leagtha amach chun foréigean a chosc, íospartaigh a chosaint agus pionós a chur ar dhéantóirí coire.

Gníomhaíochtaí maidir le comhionannas inscne a leagan amach

Léiríonn Tuarascáil 2015 ar chomhionannas idir mná agus fir go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta i réimse na fostaíochta agus i réimse na cinnteoireachta. Mar sin féin, is ann fós do bhearnaí inscne i réimsí an phá agus na bpinsean.

Tá an Coimisiún tiomanta dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an gcothromaíocht idir an saol oibre agus an saol príobháideach. Ach cothromaíocht níos fearr idir saol teaghlaigh an duine agus a chuid freagrachtaí gairmiúla a chur ar fáil, déanfar freagrachtaí cúraim a roinnt ar dhóigh níos fearr idir mná agus fir, comhionannas inscne a neartú, bearnaí pá agus pinsin a laghdú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha san Aontas agus cuirfear ar chumas gnólachtaí leas iomlán a bhaint as na buanna go léir atá ag an bhfórsa saothair.

In 2016 bhronn an Coimisiún maoiniú do mhúscailt feasachta agus gníomhaíochtaí oideachais chun foréigean i gcoinne na mban a chosc agus a chomhrac, agus is iad na húdaráis náisiúnta a dhéanfaidh sin.

An comhrac i gcoinne an idirdhealaithe

Chuir an Coimisiún tús leis an liosta gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm chun cothromaíocht leispiach, aerach, dhéghnéasach, thrasinscneach agus idirghnéasach a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí i réimsí cosúil leis an neamh-idirdhealú, an t-oideachas, an tsláinte, an choireacht fuatha agus an fhuathchaint.

I dTuarascáil 2016 ar an bpobal Romach léiríodh go bhfuil bacainní tromchúiseacha rompu ar nós idirdheighilt sa chóras oideachais agus an díshealbhú éigeantach.

Cearta daoine faoi mhíchumas

Tá thart ar 80 milliún duine san Aontas a bhfuil leibhéal éigin míchumais orthu. Ach an Gníomh Eorpach Inrochtaineachta a ghlacadh, ar thosaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle á phlé in 2016, chuirfí feabhas ar inrochtaineacht gnáth-tháirgí agus ghnáth-sheirbhísí, ar nós fóin mhóibileacha, seirbhísí iompair agus seirbhísí baincéireachta. I mí Dheireadh Fómhair rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle na chéad rialacha de chuid an Aontais a fhormheas go foirmiúil lena dtabharfar rochtain ar shuíomhanna idirlín agus aipeanna móibíleacha de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí do dhaoine dalla, daoine bodhra agus daoine a bhfuil allaíre orthu. Ar na comhlachtaí san earnáil phoiblí atá i gceist, áirítear na húdaráis stáit, réigiúnacha agus áitiúla agus comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phoiblí, ar nós ospidéil phoiblí agus ollscoileanna agus leabharlanna poiblí. Mhol an Coimisiún reachtaíocht, mar chuid de Phacáiste Cóipchirt Mheán Fómhair chun Comhaontú Marrakech a chur chun feidhme chun rochtain ar shaothair fhoilsithe a éascú do dhaoine atá dall, do dhaoine lagamhairc nó do dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile.

Chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas taisteal ar bhonn níos fusa idir na Ballstáit sheol an tAontas tionscnamh i dtaca le Cárta Míchumais an Aontais. Leis an gcárta seo, cuirfear rochtain chomhionann ar fáil ar shochair áirithe i réimse an chultúir, na fóillíochta, an spóirt agus an iompair den chuid is mó, agus bunófar sin ar chóras aitheantais fhrithpháirtigh.

Dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine

I mí na Bealtaine chuir an Coimisiún i láthair an chéad tuarascáil uaidh ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine. Tá an tuarascáil seo ríthábhachtach chun líon na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh a mhéadú, chun meicníochtaí iomchuí a bhunú d’fhonn íospartaigh a aithint go luath agus a chosaint agus chun feabhas a chur ar bhearta le haghaidh gáinneáil ar dhaoine a chosc.

D’fhoilsigh an Coimisiún staidéar ar ghné na hinscne den gháinneáil ar dhaoine, i gcomhréir le ceanglais chreat dlíthiúil agus beartais an Aontais.

Tiocfaidh an Coimisiún ar eolas ar ghnéithe inscne den gháinneáil ar dhaoine, agus impleachtaí inscne na gcineálacha éagsúla gáinneála ar dhaoine agus na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir a leochailí atá fir agus mná ar íospairt agus an tionchar atá aici orthu. Is é is sainchuspóir agus is cúram dó dul i ngleic le: gné na hinscne den leochaileacht, den earcaíocht agus den íospairt; saincheisteanna inscne a bhaineann leis an lucht gáinneála agus leo sin a chruthaíonn an t-éileamh; agus scrúdú ar fhreagairtí dlíthiúla agus ar fhreagairtí beartais i leith na gáinneála ar dhaoine ó thaobh inscne de.

Caibidil 8

I dtreo beartas nua maidir le himirce

“Na tubaistí uafásacha a tharla le déanaí i réigiún na Meánmhara, léiríonn siad go gcaithfidh an Eoraip bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce, agus ar gach gné di. Thar aon rud eile is dualgas daonnúil atá ann. Táim deimhin de go gcaithfimid oibriú i gcomhar le chéile de mheon dlúthpháirtíochta.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: An Coimisinéir Dimitris Avramopoulos 
i láthair ag seoladh an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh in 
Kapitan Andreevo, an Bhulgáir, 
an 6 Deireadh Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Dimitris Avramopoulos i láthair ag seoladh an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh in Kapitan Andreevo, an Bhulgáir, an 6 Deireadh Fómhair 2016.

In 2015 agus 2016 tháinig tuile dídeanaithe agus imirceach isteach san Aontas Eorpach nach raibh a leithéid ann riamh roimhe. De réir Eurostat, rinne breis agus 1 mhilliún duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas in 2015 agus táthar ag súil go mbeidh níos mó ná sin san uimhir dheiridh do 2016. Bhí an mhórchuid acu ag teitheadh ón gcogadh agus ón sceimhle sa tSiria agus i dtíortha eile.

Tugadh isteach líon mór beart nua in 2016 chun an ghéarchéim a láimhseáil. Orthu sin bhí aird a dhíriú ar oibríochtaí tarrthála le linn faireachas a dhéanamh ar na teorainneacha, agus tacaíocht á fáil ó ghníomhaireachtaí an Aontais chuige sin, agus beatha tuilleadh daoine a shábháil ar muir; teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú, go háirithe le cur chuige na “láithreacha práinne”; dlús a chur leis na hiarrachtaí a bhíothas a dhéanamh daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu a athshuí agus a athlonnú; agus bearta nua a cheapadh sa chomhrac in aghaidh smuigleáil imirceach. Lena chois sin, bheartaigh an Coimisiún reachtaíocht tearmainn athbhreithnithe don Aontas agus chuir sé dlús leis na hiarrachtaí a bhí sé a dhéanamh lena chinntiú go gcuirfí an creat reachtach atá ag an Aontas faoi láthair chun feidhme go hiomlán agus mar ba cheart.

Dhírigh an tAontas ar chainéil nua le haghaidh imirce dhleathach a oscailt freisin. Is é an aidhm a bhí leis sin cumas an Aontais a mhéadú i leith oibrithe ardoilte a tharraingt chuige agus a choinneáil agus náisiúnaigh nach den Aontas iad a imeascadh níos fearr ann, iomaíochas gheilleagar an Aontais a fheabhsú agus dúshláin dhéimeagrafacha a láimhseáil.

In 2016 freisin méadaíodh ar an gcomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais chun cuidiú leo dul i ngleic go héifeachtach le bunchúiseanna na himirce neamhrialta.

Ar deireadh, tríd an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus tríd an gCiste um Shlándáil Inmheánach, mhéadaigh an tAontas an tacaíocht airgeadais a thugann sé do na Ballstáit chun cur chuige coiteann a fhorbairt i leith na himirce agus bhainistiú éifeachtúil na sreabh imirce.

An Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce

In 2016, lean an Coimisiún Eorpach den obair ar an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce trí bhearta a bheartú chun dul i ngleic leis na dúshláin is práinní a bhaineann le géarchéim leantach na himirce agus na ndídeanaithe. Rinne sé iarracht freisin uirlisí a chur ar fáil don Aontas lenarbh fhéidir an imirce a bhainistiú níos fearr, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, i réimsí na himirce neamhrialta, na dteorainneacha, an tearmainn agus na himirce dlíthiúla.

Físeán: Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce — conas mar atá ag éirí leis 2 bhliain i ndiaidh a bhunaithe. © An tAontas Eorpach

Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce — conas mar atá ag éirí leis 2 bhliain i ndiaidh a bhunaithe.

Na daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chosaint

I mí Aibreáin, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht inar cuireadh i láthair roghanna i dtaobh conas na rialacha atá ag an Aontas faoi láthair maidir le himirce agus tearmann a athchóiriú.

Ar bhonn an aiseolais a fuair sé, chuir an Coimisiún i láthair i mí na Bealtaine an chéad phacáiste de thograí reachtacha maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar ghné amháin den Chomhchóras Eorpach Tearmainn inar beartaíodh rialacha nua chun Córas Bhaile Átha Cliath a athchóiriú, córas lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as éileamh ar thearmann. San am céanna, bheartaigh an Coimisiún an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn a athrú ina gníomhaireacht chríochnaithe de chuid an Aontais le haghaidh tearmainn lena n-éascófaí cur chun feidhme agus lena bhfeabhsófaí feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn.

Grianghraf: An Coimisinéir Christos Stylianides ag tabhairt cuairt ar champa dídeanaithe in Elaionas, an Ghréig, an 19 Aibreán 2016.  © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Christos Stylianides ag tabhairt cuairt ar champa dídeanaithe in Elaionas, an Ghréig, an 19 Aibreán 2016.

I mí Iúil, chríochnaigh an Coimisiún an t-ollchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn nuair a chuir sé i láthair an dara Pacáiste Tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na trí chuid eile den reachtaíocht a bhaineann le Córas Tearmainn an Aontais. Leis na leasuithe sin, rinneadh an próiseas tearmainn a shimpliú, a shoiléiriú agus a ghiorrú sa chaoi go bhfuil an nós imeachta atá ag an Aontas chun éilimh ar thearmann a láimhseáil níos cothroime agus níos éifeachtúla — go bhfuil sé flaithiúil i gcás na ndaoine is mó atá i mbaol ach dian ar dhaoine a dhéanann iarracht mí-úsáid a bhaint as. Chomh maith leis sin, leis na leasuithe beifear in ann daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dáiríre a shainaithint go pras agus cosaint a chur ar fáil dóibh a fhad is gá, agus daoine a chur ar ais nach bhfuil an ceart acu cosaint a fháil san Aontas. Cinnteoidh na leasuithe freisin go mbeidh na caighdeáin chéanna i bhfeidhm i leith dínit na ndaoine atá ar lorg tearmainn a chaomhnú cibé áit ina dtiocfaidh siad isteach san Aontas.

I mí na Nollag, ghlac an Coimisiún an ceathrú Moladh i leith na mbeart sonrach nach mór don Ghréig a ghlacadh chun caighdeáin tearmainn an Aontais, a leagadh síos i Rialachán Bhaile Átha Cliath, a chur chun feidhme go hiomlán. Luadh sa Mholadh go raibh dul chun cinn mór déanta ag an nGréig, d’ainneoin a dheacra atá a cás, ó thaobh na struchtúr institiúideach agus dlíthiúil a chur ar bun ba ghá chun go mbeadh an córas tearmainn ag feidhmiú mar ba cheart agus luadh ann gurbh fhéidir bheith ag súil leis go mbeadh córas tearmainn lánfheidhmiúil ar bun aici gan mhoill. Dá bhrí sin, moladh go dtosófaí arís de réir a chéile ar imircigh a aistriú chun na Gréige i ndiaidh an 15 Márta 2017, ar bhonn gealltanais aonair le haghaidh gach iarrthóra agus gan aicmí d’imircigh i mbaol a bheith san áireamh. Is é is aidhm leis sin, iarrachtaí ar athshuí a spreagadh agus Córas Bhaile Átha Cliath a thabhairt ar ais chun lánfheidhmíochta mar phríomhghné in athbhunú ghnáthfheidhmíocht limistéar Schengen agus d’fhonn an Córas a athchóiriú amach anseo.

Grianghraf: An Coimisinéir Tibor Navracsics agus an Coimisinéir Dimitris Avramopoulos ag labhairt le dídeanaithe óga agus le himreoirí sacair in Kraainem, an Bheilg, an 2 Márta 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Tibor Navracsics agus an Coimisinéir Dimitris Avramopoulos ag labhairt le dídeanaithe óga agus le himreoirí sacair in Kraainem, an Bheilg, an 2 Márta 2016.

Athshuí agus athlonnú

I mí an Mhárta agus i mí Dheireadh Fómhair, d’iarr an Chomhairle Eorpach go gcuirfí dlús le cur chun feidhme an athlonnaithe chun an brú ollmhór a bhí ar an nGréig agus ar an Iodáil a laghdú.

Bunaíodh an scéim éigeandála athshuí shealadach in 2015 nuair a gheall na Ballstáit go mbeidís sásta 98 255 dhuine a athshuí as an Iodáil agus as an nGréig faoi mhí Mheán Fómhair 2017. In 2015 thoiligh na Ballstáit freisin 22 000 duine ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu ó lasmuigh den Aontas a athlonnú.

Faoi dheireadh 2016, athlonnaíodh 9 602 dhídeanaí — 7 198 as an nGréig agus 2 404 as an Iodáil — chuig 24 thír a bhí páirteach sa scéim. Ar a bharr sin, faoi dheireadh na bliana, bhí bealach dleathach isteach san Aontas tugtha do bheagnach 14 000 duine trína n-athlonnú in 21 stát.

I mí an Mhárta, thoiligh comhaltaí na Comhairle Eorpaí agus a macasamhla sa Tuirc deireadh a chur leis an imirce neamhrialta as an Tuirc chuig an Aontas agus cainéil dhleathacha a chur ina hionad chun dídeanaithe a athlonnú san Aontas. Glacadh Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc inar fógraíodh, le cois nithe eile, go ndéanfaí na himircigh neamhrialta nua agus na hiarrthóirí neamhrialta ar thearmann nua a bheadh ag dul trasna as an Tuirc chuig oileáin na Gréige, go ndéanfaí iad a chur ar ais chun na Tuirce, nuair a bheadh measúnú déanta ar na héilimh ar thearmann uathu, duine ar dhuine, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais agus ar an mbonn go ndéanfaí cosaint orthu sa Tuirc. Ar a bharr sin, in aghaidh gach Siriaigh a chuirfí ar ais chuig an Tuirc ó oileán na Gréige, thabharfaí Siriach eile go díreach as an Tuirc agus d’athlonnófaí é san Aontas. Faoi dheireadh na bliana, athlonnaíodh 2 672 dhídeanaí Shiriacha as an Tuirc faoin bhforáil sin.

Grafaic faisnéise: Bealaí dleathacha sábháilte a chruthú d'iarrthóirí tearmainn

I mí Mheán Fómhair, thuairiscigh an Coimisiún gur tháinig laghdú géar ar líon na ndaoine a bhí ag dul trasna na Mara Aeigéiche agus líon na ndaoine a fuair bás sa mhuir sin. Ó mhí an Mheithimh i leith, bhí 80 duine ag teacht isteach in aghaidh an lae ar an meán, i gcomparáid le breis agus 10 000 a tháinig isteach in aon lá amháin i mí Dheireadh Fómhair 2015.

Físeán: Teistiméireachtaí ó dhaoine ar bhain tairbhe as an athlonnaíocht. © An tAontas Eorpach

Teistiméireachtaí ó dhaoine ar bhain tairbhe as an athlonnaíocht.

D’oibrigh an Coimisiún i gcomhar leis an nGréig agus an Iodáil chun na nósanna imeachta a fhorbairt ba ghá chun an t-athshuí a éascú, scagadh slándála cuí a dhéanamh ar na hiarrthóirí ar athshuí lenar thacaigh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol san áireamh. Rinne na Ballstáit uile, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, rinne siad Prótacal maidir le hAthshuí a fhormhuiniú le haghaidh na Gréige agus na hIodáile araon i mí an Mheithimh 2016.

Cur ar ais agus athligean isteach

Mar chuid den phacáiste athbhreithniúcháin ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, mhol an Coimisiún go dtreiseofaí bunachar méarlorg an Aontais le haghaidh iarrthóirí ar thearmann agus lucht trasnaithe teorann neamhrialta a shainaithint. Dá nglacfaí an moladh sin, bheadh na Ballstáit in ann sonraí a stóráil agus a chuardach i ndáil le náisiúnaigh nach den Aontas iad nó daoine gan stát nach iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad agus a bhfuarthas amach ina dtaobh go bhfuil siad ag fanacht go neamhrialta san Aontas. Le Rialachán nua maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, treisíodh ról na Gníomhaireachta i dtacaíocht a thabhairt do Bhallstáit le linn oibríochtaí cur ar ais. Sa bhreis air sin, ghlac an Chomhairle an togra ón gCoimisiún le haghaidh doiciméad taistil Eorpach, lenar tugadh isteach formáid aonfhoirmeach ina bhfuil cuid de na gnéithe slándála feabhsaithe chun gur fusa náisiúnaigh nach den Aontas iad atá ag fanacht go neamhrialta ann a chur ar ais.

Laistigh de chreat Shásra Meastóireachta Schengen, rinne an Coimisiún, maille le saineolaithe ó thíortha i limistéar Schengen, meastóireacht ar na córais cur ar ais i 10 gcinn de na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe idir 2015 agus 2016. Ghlac an Coimisiún sé thuarascáil mheastóireachta, agus moladh don Chomhairle aghaidh a thabhairt ar laigí a braitheadh sna córais náisiúnta cur ar ais.

Tá feabhsú na bpróiseas cur ar ais agus athligean isteach ar cheann de phríomhchuspóirí an Chreata Comhpháirtíochta Imirce nua a sheol an Coimisiún i mí an Mheithimh 2016 chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta agus chun imirce a bhainistiú níos fearr i gcomhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bhainistiú. (Tá tuilleadh eolais ar an gCreat Comhpháirtíochta i gCaibidil 9).

An comhrac in aghaidh smuigleáil imirceach

I mí Feabhra bunaíodh an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach in Europol agus thángthas ar chomhaontú ar chomhar oibríochtúil níos dlúithe idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol. Áiríodh faoin gcomhaontú sin comhroinnt sonraí pearsanta a bailíodh in agallaimh dheonacha le himircigh a bhfuil baint acu le comhoibríochtaí a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta chun imscrúdú níos fearr a dhéanamh ar smuigléirí.

Beatha daoine a shábháil ar muir agus cur chuige na “láithreacha práinne” a chur chun feidhme

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach

Ghlac an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta páirt i dtarrtháil os cionn 169 000 duine in 2016 sa Mheánmhuir láir amháin.

Faoi dheireadh 2016, bhí os cionn 1 550 oifigeach curtha ar obair ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach chun cuidiú le Ballstáit ag na teorainneacha seachtracha, d’fhonn cur le líon na ngardaí teorann náisiúnta atá fostaithe ag na Ballstáit a bhfuil os cionn 100 000 acu ann.

Ar bhonn togra ó mhí na Nollag 2015, baineadh comhaontú polaitiúil amach i mí an Mheithimh 2016 ar an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair. Tá an Garda Teorann agus Cósta Eorpach déanta de dhá cholún — an Ghníomhaireacht threisithe um an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, gníomhaireacht a tógadh ar bhonn na “sean”-ghníomhaireachta Frontex agus údaráis bhainistithe teorainneacha na mBallstát, a mbaineann na gardaí cósta leo a mhéid a bhíonn siad ag plé le cúraimí rialaithe teorann.

Faoin sainordú nua, méadaíodh go mór ról agus gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Ó bhí mí Dheireadh Fómhair ann, rinneadh dul chun cinn mór i leith an Ghníomhaireacht a dhéanamh lánfheidhmiúil, bunú cúltacaí mearfhreagartha éigeantacha gardaí teorann agus trealaimh agus seoladh cúltacaí nua le haghaidh foirne idirghabhála. Is féidir iad sin a imscaradh chun tacú le Ballstáit ach is ag na Ballstáit atá an príomhról agus an phríomhinniúlacht i leith rialuithe ag teorainneacha seachtracha a dhaingniú.

Láithreacha práinne

Mar chuid de na hiarrachtaí a bhíothas a dhéanamh chun an ghéarchéim imirce a bhainistiú, leanadh de chur chuige na “láithreacha práinne” sa Ghréig agus san Iodáil. Chuir an tAontas agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais (an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol) tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais ar fáil. Rinneadh cuid de sin trí shaineolaithe as na Ballstáit agus aoi-oifigigh a imscaradh.

Suite mar atá siad ag príomhphointí teacht isteach sna Ballstáit is mó atá i ngleic leis an imirce, ar nós na hIodáile agus na Gréige, is limistéir ghlactha iad ina ndéantar daoine atá ag teacht isteach a shainaithint, a chlárú agus a phróiseáil mar is ceart. Ina gcuid de shreabhadh oibre na láithreacha práinne agus den phróiseas athshuí tá seiceálacha slándála comhtháite córasacha agus ní mór dálaí glactha sásúla a chur ar fáil chun nach mbeidh plódú ann agus aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí soghonta, leanaí san áireamh.

Is faoin mBallstát lena mbaineann is mó atá sé cur chuige na láithreacha práinne a chur chun feidhme. Os a choinne sin, ó bhí mí an Mhárta 2016 ann, tá baill foirne de chuid Europol ag déanamh seiceálacha slándála tánaisteacha i láithreacha práinne na Gréige. Chun an próiseas slándála ag na teorainneacha seachtracha a dhéanamh níos stóinsithe chuir Europol ar bun cúltaca de 116 aoi-oifigeach — saineolaithe ar iasacht ó sheirbhísí náisiúnta — chun tacú le Ballstáit atá i ngátar. Imscaradh an chéad dá ghrúpa d’aoi-oifigigh i láithreacha práinne na Gréige chun cuidiú le baill foirne Europol. Bhí cúig láthair práinne ar obair sa Ghréig agus ceithre cinn san Iodáil in 2016 agus bhí calafoirt tuirlingte eile san Iodáil i mbun feidhmeanna den chineál céanna.

Teorainneacha seachtracha an Aontais a rialú níos fearr

Ar ais chuig Schengen — treochlár

I mí an Mhárta, chuir an Coimisiún i láthair treochlár mionsonraithe ina bhfuil na céimeanna nithiúla is gá a thabhairt chun go mbeidh limistéar Schengen ag feidhmiú mar is ceart arís mar gur mór an fhéachaint a chuir géarchéim na himirce agus na ndídeanaithe ar an limistéar céanna.

De dheasca líon mór imirceach neamhrialta agus iarrthóirí ar thearmann a bheith ag teacht isteach sa Ghréig, cuireadh brú ollmhór ar theorainneacha seachtracha an Aontais sa Ghréig. Tháinig easnaimh mhóra chun solais dá bharr sin agus d’imir sé tionchar ar limistéar Schengen ina iomláine. Ina fhianaise sin, iarradh ar an nGréig plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun freagra a thabhairt ar na moltaí ón gComhairle agus ón gCoimisiún, agus iarradh ar Bhallstáit eile freagracht a ghabháil orthu féin agus tacaíocht a thabhairt don Ghréig láithreach.

I mí na Bealtaine, ghlac an Chomhairle Moladh don Ostair, don Ghearmáin, don Danmhairg, don tSualainn agus don Iorua lenar ceadaíodh rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha. Cé gur shíothlaigh an ghéarchéim i limistéar Schengen ina iomláine, mhol an Coimisiún don Chomhairle i mí na Samhna ligean do na tíortha sin na rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha sin a choinneáil ar bun ar feadh tamall gairid.

An Pacáiste Teorainneacha Cliste

I mí Aibreáin bheartaigh an Coimisiún Pacáiste Teorainneacha Cliste a bhí dírithe ar bhainistiú theorainneacha seachtracha limistéar Schengen a nuachóiriú agus cuidiú leis na Ballstáit an méadú a bhí ag teacht ar na sreabha taistealaithe a láimhseáil, agus cur leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na gcoireanna tromchúiseacha.

I gcroílár an Phacáiste tá bunú an Chórais Dul Isteach–Imeachta chun rialú teorainneacha a nuachóiriú agus eolas beacht uathoibrithe a chur ar fáil do na gardaí teorann le linn na seiceálacha teorann. Leis an gCóras is féidir rochtain a fháil ar údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí ainmnithe agus ar Europol chun gur fearr a dhéanfar cionta sceimhlitheoireacha nó mórchionta coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

San am céanna, bheartaigh an Coimisiún Teachtaireacht faoi “Chórais faisnéise níos láidre agus níos cliste le haghaidh teorainneacha agus slándála” ina bhfuil bearta leagtha amach chun feabhas a chur ar fheidhmiú agus idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise atá ann faoi láthair agus aon chórais nua a d’fhéadfadh bheith ann amach anseo chun dul i ngleic le bearnaí faisnéise.

I mí na Samhna, bheartaigh an Coimisiún Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a chur ar bun chun na seiceálacha slándála ar thaistealaithe saor ó víosa a threisiú.

I mí na Nollag, bheartaigh an Coimisiún éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibríochtúil Chóras Faisnéise Schengen a threisiú chun gurbh fhearr ab féidir leis an gCóras sceimhlitheoireacht agus coireanna trasteorann a chomhrac, bainistiú teorann agus bainistiú imirce a fheabhsú agus a chinntiú go ndéanfaí faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir na Ballstáit chun go mbeadh saoránaigh an Aontais níos sábháilte.

Físchomhdhálacha seachtainiúla le ceannairí sna Balcáin thiar

De bharr físchomhdhálacha seachtainiúla le ceannairí sna Balcáin thiar rinneadh comhordú láidir agus feabhsaíodh comhroinnt na faisnéise idir na Ballstáit agus na comharsana is gaire dóibh atá suite ar mhórbhealach imirce eile.

Cainéil le haghaidh imirce dhleathach a fheabhsú

togra le haghaidh feabhsú ar an gCárta Gorm, a chuir an Coimisiún i láthair i mí an Mheithimh, dírithe ar chumas an Aontais oibrithe ardoilte a tharraingt chuige agus a choinneáil chun gurb iomaíche a gheilleagar agus chun dúshláin dhéimeagrafacha a láimhseáil. Tabharfar rochtain níos solúbtha ar obair ar gá ardoiliúint lena déanamh ar fud an Aontais do shealbhóirí an Chárta Ghoirm agus beidh an deis acu gníomhaíocht féinfhostaíochta a dhéanamh sa bhreis ar an bpríomhobair, an teaghlach a thabhairt le chéile arís láithreach agus rochtain níos luaithe ar stádas cónaitheora fhadtéarmaigh san Aontas a fháil.

Náisiúnaigh nach den Aontas iad a imeascadh

I réimse an imeasctha, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir le Náisiúnaigh Tríú Tír a Imeascadh i mí an Mheithimh. Tá sé dírithe ar thacú leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh náisiúnaigh nach den Aontas iad a imeascadh. Sa Phlean Gníomhaíochta tá comhchreat beartais ar cheart go gcuideodh sé leis na Ballstáit agus iad ag leanúint den fhorbairt agus den treisiú ar a mbeartais náisiúnta maidir le himeascadh. Tá 50 gníomhaíocht nithiúil curtha i láthair ann ar nós imeascadh roimh imeacht agus imeascadh roimh theacht, oideachais, fostaíochta agus gairmoiliúna, rochtain ar bhunseirbhísí, rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú sóisialta.

Víosaí

Chuir an Coimisiún i láthair tograí reachtacha go luath in 2016 chun an tSeoirsia, an Chosaiv (rinneadh an t-ainmniú sin gan dochar do thuairimí faoi stádas agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ar dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive), an Tuirc agus an Úcráin a aistriú chuig an liosta de thíortha atá díolmhaithe ón gceanglas víosa le haghaidh cuairteanna gairide mar gheall ar an toradh dearfach a bhí ar an measúnú ar phleananna gníomhaíochta nó treochláir léirscaoilte víosaí na dtíortha sin. Bhí an tuiscint ann agus na tograí á gcur i láthair go sroichfeadh an Chosaiv agus an Tuirc na tagarmharcanna nár sroicheadh fós ina dtreochláir léirscaoilte víosaí féin sula nglacfadh an Pharlaimint agus an Chomhairle na tograí lena mbaineann. Bheartaigh an Coimisiún leasú reachtach freisin chun an sásra fionraíochta a dhaingniú sa chaoi gurbh fhéidir leis an Aontas an cead a tugadh do shaoránaigh de thír nach Ballstát den Aontas í taisteal gan víosa a chur ar fionraí dá dtiocfadh méadú mór ar rioscaí imirce nó slándála. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil idir an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an sásra fionraíochta athbhreithnithe agus ar léirscaoileadh víosaí le haghaidh na Seoirsia.

Le linn na bliana shínigh an tAontas comhaontuithe tarscaoilte víosaí le Cireabaití, leis an Micrinéis, le hOileáin Marshall, le hOileáin Sholomón, le Peiriú, agus le Tuvalu.

Tosaíodh ar idirbheartaíocht leis an Túinéis i mí Dheireadh Fómhair ar chomhaontú chun an próiseas lena n-eisítear víosaí gearrfhanachta a dhéanamh níos fusa agus ar chomhaontú chun nósanna imeachta a bhunú le haghaidh athligean isteach imirceach neamhrialta.

I mí na Samhna tosaíodh ar idirbheartaíocht leis an Iordáin ar éascú víosaí agus ar athligean isteach.

In 2016 d’fhógair rialtas Cheanada go raibh rún aige deireadh a chur leis an gceanglas víosa i gcás gach saoránaigh den Bhulgáir agus den Rómáin a bheidh ag taisteal go Ceanada ó mhí na Nollag 2017 ar aghaidh.

Tacaíocht airgeadais do bhainistiú éifeachtúil imirce

Lena chois sin, mhéadaigh an tAontas an tacaíocht airgeadais a bhí sé a thabhairt do na Ballstáit chun go bhforbrófaí cur chuige coiteann i leith na himirce agus chun go mbainisteofaí sreabha imirce go héifeachtúil, leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus leis an gCiste um Shlándáil Inmheánach den chuid is mó. Le gné an chúnaimh éigeandála de na cistí sin, bhí an tAontas in ann freagra pras solúbtha a thabhairt ar dhúshláin imirce trí thacaíocht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit sin a raibh brú ollmhór imirce orthu. I mí an Mhárta, bheartaigh an Coimisiún Ionstraim Tacaíochta Éigeandála lena húsáid laistigh den Aontas chun freagra níos praise agus níos spriocdhírithe a thabhairt ar ghéarchéimeanna móra. Tá cúnamh do na Ballstáit agus iad ag iarraidh líon mór dídeanaithe a láimhseáil ina chuid den fhreagra sin. Go dtí 2018 cuirfear maoiniú tuairim agus €700 milliún ón Aontas ar fáil leis an ionstraim sin trí eagraíochtaí comhpháirtíochta, ar nós gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, Chumann na Croise Deirge agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Tá €198 milliún leithdháilte cheana féin ar eagraíochtaí le haghaidh tionscadal atá ar siúl sa Ghréig, i ndlúthchomhairle le húdaráis na Gréige.

Ar a bharr sin, mhéadaigh an tAontas buiséid 2015-2016 le haghaidh na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn, na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol chun gurbh fhearr ab fhéidir leo freagraí ar an talamh a thabhairt ar dhúshláin imirce.

Grafaic faisnéise: Maoiniú faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus faoin gCiste um Shlándáil Inmheánach 2014–2020

Caibidil 9

Gníomhaí domhanda níos láidre

“Ní mór don Eoraip bheith níos láidre ó thaobh na mbeartas seachtrach de. I bhfianaise ghéarchéim na hÚcráine agus dhálaí an Mheánoirthir, ar ábhar imní iad, is léir a thábhachtaí atá sé go mbeidh aon seasamh amháin ag an Eoraip maidir le cúrsaí seachtracha.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Federica Mogherini, 
Ardionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin, agus Jens Stoltenberg, Ardrúnaí NATO, i mbun preasagallamh comhpháirteach tar éis an chruinnithe d’Airí Gnóthaí Eachtracha NATO, 
an Bhruiséil, an 6 Nollaig 2016. © NATO/OTAN

Federica Mogherini, Ardionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin, agus Jens Stoltenberg, Ardrúnaí NATO, i mbun preasagallamh comhpháirteach tar éis an chruinnithe d’Airí Gnóthaí Eachtracha NATO, an Bhruiséil, an 6 Nollaig 2016.

Ní mór beartas láidir comhchoiteann a bheith ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar fud an domhain, géarchéimeanna i gcomharsanacht na hEorpa san áireamh, chun a luachanna a chur ar aghaidh agus chun rannchuidiú leis an tsíocháin agus an rath ar fud an domhain.

Chuige sin, agus mar chuid lárnach dá bheartas eachtrach agus slándála, chuir an tAontas roimhe i rith 2016 an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta, an comhar um fhorbairt, cearta daonna agus freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla a chur chun cinn.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, bhain an tAontas leas as an tionchar eacnamaíoch agus taidhleoireachta atá aige chun réitigh pholaitiúla a cheapadh ar na coinbhleachtaí sa tSiria, sa Libia agus san Úcráin. Lean sé den dlúthobair a rinne sé chun an caidreamh idir an Chosaiv agus an tSeirbia a normalú.

In earrach 2016 chuaigh Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Federica Mogherini mar aon le roinnt mhaith Coimisinéirí Eorpacha, chuaigh siad chun na Iaráine chun tús a chur le plé maidir le comhar maidir le trádáil, infheistíocht, fuinneamh, an t-athrú aeráide, agus cearta daonna.

Chuir an tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Federica Mogherini Straitéis Dhomhanda Bheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais i láthair i mí an Mheithimh. Leagtar amach sa straitéis sin na tosaíochtaí agus na cuspóirí arb é is aidhm dóibh méadú chomh mór agus is féidir a dhéanamh ar chumas an Aontais dul i ngleic le dúshláin idirnáisiúnta. Rinneadh obair i réimse na slándála agus na cosanta go han-phras agus tháinig de sin gur ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí substaintiúla i mí na Samhna agus go ndearnadh moltaí maidir le comhar idir an tAontas agus NATO. Mhol an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta Cosanta don Eoraip i mí na Samhna agus é d’aidhm aige Ciste Eorpach Cosanta a bhunú. Thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an bpacáiste cosanta cuimsitheach i mí na Nollag, agus leagadh síos na cúraimí a chaithfí a dhéanamh ina leith sin in 2017.

Le linn na bliana thosaigh an tAontas ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiúnta Aontaithe a chur i bhfeidhm. Cuireadh Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic ar bun agus aontaíodh comhar níos dlúithe maidir leis an imirce le cúig cinn de thíortha san Afraic.

Agus arís ba thubaisteach an toradh a bhí ag géarchéimeanna daonnúla, agus in 2016 chuir an tAontas níos mó ná €2.1 bhilliún de chúnamh fóirithinte ar fáil chun bia, foscadh, cosaint agus cúram sláinte a sholáthar do 120 milliún duine i mbreis agus 80 tír.

Comharsanacht an Aontais

Tá ríthábhacht ag baint le caidreamh an Aontais leis na tíortha atá suite ar an taobh ó dheas den Aontas agus ar an taobh thoir de. Tá an caidreamh sin bunaithe ar bheartas comharsanachta na hEorpa, beartas a ndearnadh athbhreithniú air in 2016. Tá an tAontas ag tairiscint comhpháirtíochtaí dáiríre idir é féin agus tíortha comharsanacha an Aontais, comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar dhea-rialachas, ar shaincheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála, agus ar bheartais a bhaineann le himirce.

An chomharsanacht thoir

Tá beartais an Aontais i leith na dtíortha atá suite ar an taobh thoir de chuimsitheach agus saincheaptha do riachtanais gach ceann de na tíortha sin. Dá bhrí sin tá na beartais fairsing agus díríonn siad ar roinnt réimsí tosaíochta, an fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch mar shampla, dea-rialachas agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus cuidíonn siad le daoine san Aontas agus sa chomharsanacht thoir teacht le chéile, obair agus staidéar a dhéanamh sna réigiúin agus gluaiseacht ó réigiún go réigiún.

Tá comhaontuithe comhlachais — comhaontuithe lenar cuireadh limistéir dhoimhne cuimsitheacha saorthrádála ar bun ina measc — déanta ag an Aontas leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin. I mí Iúil a tháinig na comhaontuithe leis an tSeoirsia agus an Mholdóiv i bhfeidhm. Ina theannta sin cothaíodh caidreamh níos dlúithe leis an Airméin, leis an Asarbaiseáin agus leis an mBealarúis. Rinneadh dul chun cinn nach beag maidir le cead a thabhairt do shaoránaigh den Úcráin agus den tSeoirsia teacht isteach san Aontas agus gan gá víosa a bheith acu.

Bhí athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch san Úcráin ina thosaíocht ag an Aontas i rith na bliana agus chuige sin cuireadh tacaíocht shubstaintiúil airgeadais ar fáil faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, ionstraim ag a bhfuil buiséad do chláir nua a dhíríonn ar rialachas trédhearcach cuntasach (€200 milliún), cúnamh daonnúil (€22.4 mhilliún) agus cúnamh macra-airgeadais (€2.21 bhilliún). Tionóladh cainteanna freisin idir an tAontas agus rialtas na hÚcráine maidir le seachadadh gáis.

D’áitigh an tAontas arís gur cheart an choinbhleacht in oirthear na hÚcráine a réiteach go síochánta trí chomhaontuithe Mhionsc a chur i bhfeidhm go hiomlán. Coinníodh i bhfeidhm na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis i ngeall ar í an Chrimé agus Sevastopol a ghabháil isteach go mídhleathach sa Rúis agus i ngeall ar í a bheith ag cothú míshocrachta san Úcráin.

An Rúis

Go luath in 2016 dhearbhaigh na Ballstáit na prionsabail is bunús le cur chuige an Aontais maidir leis an Rúis. Orthu sin tá: cur i bhfeidhm iomlán chomhaontuithe Mhionsc; an caidreamh le comhpháirtithe an oirthir agus le tíortha comharsanachta eile, san Áise láir go háirithe, a neartú; athléimneacht inmheánach an Aontais a neartú; dul i gcomhar ar bhonn roghnaíoch leis an Rúis maidir le saincheisteanna a bhaineann le leas an Aontais, ar nós an bheartais eachtraigh agus gnóthaí domhanda; agus dlús a chur le tacaíocht an Aontais don tsochaí shibhialta sa Rúis agus leis an gcaidreamh a bhíonn ag saoránaigh an Aontais agus na Rúise le chéile. De bhrí nár cuireadh comhaontuithe Mhionsc i bhfeidhm go hiomlán lean na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis in 2014 mar fhreagairt ar a cuid gníomhartha san Úcráin, lean siad de bheith i bhfeidhm. Lean an meath ar staid na gceart daonna sa Rúis agus na srianta méadaitheacha ar an tsochaí shibhialta de bheith ina mórthosaíocht ag an Aontas.

Comharsanacht theas

I réigiún chomharsanacht theas an Aontais is é is aidhm do bheartas comharsanachta an Aontais tacaíocht a thabhairt do thíortha aonair i réimsí inar féidir leis an Aontas difear dearfach sonrach a dhéanamh.

Dírítear go háirithe ar na tíortha atá thíos le géarchéim na ndídeanaithe. Tá Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria á chur i bhfeidhm i gcónaí ag an gCoimisiún agus tá tús curtha aige le gníomhaíochtaí faoi Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce. Tháinig as an gcomhdháil maidir le Tacaíocht don tSiria agus don Réigiún a tionóladh i Londain i mí Feabhra comhaontuithe leis an Iordáin agus leis an Liobáin chun cuidiú leis an dá thír sin an líon mór dídeanaithe ón tSiria a láimhseáil. Chuir an tAontas leis an méid trádála a dhéanann sé leis an Iordáin chun poist a chruthú, poist do dhídeanaithe Siriacha laistigh den Iordáin go háirithe.

Bhain an Túinéis leas as cúnamh ar leith a chuir an tAontas ar fáil in 2016, mar thacaíocht leis an aistriú chuig an daonlathas.

An tSiria

Bhí an ghéarchéim sa tSiria ar cheann de na dúshláin is mó a bhí roimh an bpobal idirnáisiúnta in 2016. Lean an tAontas Eorpach dá iarrachtaí daonnúla agus taidhleoireachta i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe, Staffan de Mistura. Mhéadaigh an tAontas an cúnamh airgeadais a thug siad agus tá breis agus €9 mbilliún de chúnamh curtha ar fáil aige ó thosaigh an géarchéim. Athdhearbhaíodh tacaíocht an Aontais don tSiria nuair a tháinig ceannairí an Aontais le chéile i mí Dheireadh Fómhair chun an tSiria a phlé. Rinne an tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Federica Mogherini iarracht comhthuiscint a éascú maidir le todhchaí na Siria, trí cheannasaíocht a thabhairt do thionscnamh réigiúnach an Aontais, tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm aige teacht ar chomhthuiscint le gníomhairí réigiúnacha faoi na socruithe is féidir a chur ar bun i ndiaidh na coinbhleachta agus a dhéanamh amach conas tabhairt faoin athmhuintearas agus atógáil ach a mbeidh aistriú iontaofa polaitiúil ar bun.

An Libia

Le linn na bliana bhí an tAontas tiomanta go hiomlán don Libia agus d’aistriú na tíre sin chuig daonlathas cuimsitheach seasmhach agus thacaigh sé le hidirghabháil na Náisiún Aontaithe sa phróiseas sin. Faoi láthair cuireann an tAontas maoiniú nach beag do thionscadail agus gníomhaíochtaí i sé earnáil, i gcomhréir le tosaíochtaí an chomhair dhéthaobhaigh atá ar bun aige leis an Libia, mar atá: an tsochaí shibhialta; an rialachas daonlathach; an tsláinte; an óige, an tsaoránacht ghníomhach agus imeascadh socheacnamaíoch; an imirce agus an chosaint; an próiseas polaitiúil, an tslándáil agus an idirghabháil.

Na Balcáin thiar agus an chaibidlíocht maidir le méadú

Tá próiseas méadaithe an Aontais ríthábhachtach i dtaca le cobhsaíocht na mBalcán thiar. Is éard atá sa tacaíocht don tslándáil agus don rath sna Balcáin thiar infheistíocht i dtodhchaí an réigiúin agus is chun leasa an Aontais a rachaidh sé. Rinne an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach agus shocraigh an Chomhairle dul chun cinn leis an bpróiseas ballraíochta. Ghlac an Albáin, agus tacaíocht aici ón Aontas, dlíthe tábhachtacha maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras breithiúnach. Ba cheart go dtiocfadh feabhas ar shaol mhuintir na hAlbáine dá bharr sin agus go gcuideodh sin leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ionsar bhallraíocht san Aontas. Thug an tAontas agus an Chosaiv comhaontú comhlachais agus cobhsaíochta i gcrích. I bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine chuidigh idirghabháil an Aontais agus gníomhaithe idirnáisiúnta eile le comhaontú as ar tháinig toghcháin shíochánta ordúla i mí na Nollag.

Rinneadh dul chun cinn sna cainteanna idir an Chosaiv agus an tSeirbia chomh maith. Ag an am céanna, lean na cainteanna idir Montainéagró agus an tSeirbia go seasta.

An Tuirc

In 2016 tháinig forbairt ar an gcaidreamh i roinnt réimsí idir an tAontas agus an Tuirc, mar a comhaontaíodh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Tuirc i mí na Samhna 2015. Bhí an margadh a rinneadh idir an tAontas agus an Tuirc i mí na Mhárta ríthábhachtach, margadh arb é ab fhócas di sreafaí imirce a láimhseáil agus comhrac a chur ar smuigléirí agus ar gháinneáil ar dhaoine. Bunaíodh Saoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc chun tacú le dídeanaithe ón tSiria agus lena bpobail aíochta atá faoi bhrú ollmhór, agus chun maoiniú €3 bhilliún do 2016 agus 2017 a chomhordú. Thacaigh an tAontas leis an daonlathas sa Tuirc tar éis an iarracht ar coup a rinneadh i mí Iúil, agus d’iarr sé ar údaráis na Tuirce cloí leis na caighdeáin is airde smachta reachtaigh agus ceart bunúsach ina dhiaidh sin.

Grianghraf: An Coimisinéir Johannes Hahn ag tabhairt cuairt ar ollmhargadh do dhídeanaithe atá faoi bhainistíocht an Chláir Dhomhanda Bia, an Tuirc, 
an 26 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Johannes Hahn ag tabhairt cuairt ar ollmhargadh do dhídeanaithe atá faoi bhainistíocht an Chláir Dhomhanda Bia, an Tuirc, an 26 Aibreán 2016.

Físeán: Cuairt Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ar an Tuirc. © An tAontas Eorpach

Cuairt Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ar an Tuirc.

Iarthar na hEorpa

Tá dlúthcheangal idir tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstát den Aontas iad agus an tAontas. Tá an Iorua agus an Eilvéis ar na comhpháirtithe trádála agus infheistíochta atá ag an Aontas agus is comhpháirtithe tábhachtacha taighde agus nuálaíochta iad freisin. Mar sin féin tá dúshláin i gcónaí ann i dtaca leis an Eilvéis. Cé gur dul chun cinn a bhí sa vóta i mí na Nollag a ghlac Comhthionól Chónaidhm na hEilvéise maidir le leasuithe ar Acht na nEachtrannach, ní ann fós do chreat institiúideach chun córas casta na gcomhaontuithe earnáil-ar-earnáil a bhainistiú agus a thabhairt cothrom le dáta lena bhféadfaí leas iomlán a bhaint as an gcaidreamh déthaobhach.

Meiriceá Thuaidh

Na Stáit Aontaithe

Ar na tosaíochtaí sa chaidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe in 2016 bhí an fhrithsceimhlitheoireacht, an fás eacnamaíoch a neartú agus dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe. Léiríodh an méid sin ag an gcruinniú idir Barack Obama, Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, in Vársá i mí Iúil.

Tionóladh roinnt babhtaí de chainteanna faoin gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta (TTIP).

I mí an Mheithimh, shínigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Scáth-chomhaontú faoi Chosaint Sonraí idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe lena chinntiú go mbeadh creat cosanta sonraí ann i dtaca le haistrithe sonraí chuig na Stáit Aontaithe laistigh den chreat um chomhar breithiúnach agus smachta reachta. I mí na Nollag ghlac an Chomhairle cinneadh lenar údaraíodh don Aontas Eorpach an comhaontú a thabhairt i gcrích.

I mí Iúil glacadh Sciath Príobháideachais an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe chun sonraí pearsanta na saoránach a chosaint agus chun soiléireacht a chur ar fáil do ghnólachtaí.

Grianghraf: Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, Federica Mogherini, Ardionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin, John Kerry, Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, agus an Dr Ernest Moniz, Rúnaí Fuinnimh na Stát Aontaithe, agus iad i láthair ag cruinniú de Chomhairle Fuinnimh na Stát Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh in áitreabh na Roinne Stáit in Washington DC, na Stáit Aontaithe, an 4 Bealtaine 2016. © An tAontas Eorpach

Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, Federica Mogherini, Ardionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin, John Kerry, Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, agus an Dr Ernest Moniz, Rúnaí Fuinnimh na Stát Aontaithe, agus iad i láthair ag cruinniú de Chomhairle Fuinnimh na Stát Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh in áitreabh na Roinne Stáit in Washington DC, na Stáit Aontaithe, an 4 Bealtaine 2016.

D’oibrigh Washington agus an Bhruiséil i gcomhar le chéile i dtaca leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus chun dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe.

I mí na Nollag shínigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe comhaontú soláthair agus tras-seirbhíse maidir le tacaíocht lóistíochtúil d’oibríochtaí míleata a chéile.

Ceanada

Bliain thábhachtach a bhí ann freisin don chaidreamh idir an tAontas agus Ceanada agus síníodh dhá chomhaontú cheannródaíocha — an Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí agus an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada. Ach an dá chomhaontú a theacht i bhfeidhm tiocfaidh feabhas ar an ollchreat comhair idir an tAontas agus Ceanada. Cuirfidh an Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí feabhas ar an dialóg pholaitiúil i raon mór réimsí, lena n-áirítear an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta, forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, an ceartas, an tsaoirse agus an tslándáil. Cothóidh an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála poist agus fás agus tiocfaidh as sochair thábhachtacha eacnamaíocha ar dhá thaobh an Atlantaigh trí thrádáil agus infheistíocht a spreagadh agus trí caighdeáin dhomhanda a leagan síos maidir le cearta an lucht saothair agus an comhshaol a chosaint.

An tSín

Aontaíodh an straitéis nua maidir leis an tSín i mí Iúil. Beidh caidreamh an Aontais leis an tSín prionsabálta praiticiúil pragmatach agus ní thiocfaidh sé salach ar leas ná ar luachanna an Aontais, go háirithe i dtaca le rialacha agus noirm idirnáisiúnta agus cearta an duine.

Ag an gCruinniú Mullaigh i mBéising idir an tAontas Eorpach agus an tSín i mí Iúil bhí deis ann plé a dhéanamh ar shaincheisteanna leasa choitinn, lena n-áirítear athchóirithe eacnamaíocha agus ró-acmhainneacht in earnáil na cruach.

Tá an Clár Oibre Straitéiseach maidir le Comhar (2020) idir an tAontas Eorpach agus an tSín mar bhonn leis an gcaidreamh idir an dá dhream ó bhí 2013 ann, agus tá dialóg maidir leis an gcomhshaol ag dul ar aghaidh ó bhí 2005 ann.

Grianghraf: Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Xi Jinping, Uachtarán na Síne, agus Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus iad i láthair ag an 18ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, Béising, an 12 Iúil 2016. © An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Xi Jinping, Uachtarán na Síne, agus Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus iad i láthair ag an 18ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, Béising, an 12 Iúil 2016.

An Meánoirthear

An Iaráin

Ón uair a thángthas ar an gcomhaontú núicléach stairiúil i mí Iúil 2015 idir an pobal idirnáisiúnta agus an Iaráin thug an tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Federica Mogherini cuairt ar an Iaráin i mí Aibreáin 2016 in éineacht le seachtar Coimisinéirí Eorpacha chun an comhar a mhéadú i réimsí amhail an caidreamh eacnamaíoch, iompar, eolaíocht, saincheisteanna daonnúla, fuinneamh agus cearta daonna.

Grianghraf: Federica Mogherini, Ardionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin agus Mohamad Javad Zarif, Aire Gnóthaí Eachracha na hIaráine, ag preasagallamh comhpháirteach in Tehran, 
an Iaráin, an 16 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

Federica Mogherini, Ardionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin agus Mohamad Javad Zarif, Aire Gnóthaí Eachracha na hIaráine, ag preasagallamh comhpháirteach in Tehran, an Iaráin, an 16 Aibreán 2016.

An Iaráic

Maidir leis an Iaráic, d’fhéach an tAontas le tacú le rialtas na tíre sin athchóirithe polaitiúla eacnamaíocha agus cearta daonna a bhfuil géarghá leo a dhéanamh, laistigh de chreat an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht agus Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Iaráic. Leanadh den chomhar leis an Iaráic sa chomhrac in aghaidh SIIS/Da’esh. Tá an tAontas ag cur cúnamh daonnúil ar fáil chun freastal ar na riachtanais atá ag muintir na hIaráice agus tá sé ag tabhairt cuidiú na limistéir a saoradh a chobhsú.

Meiriceá Laidineach

In 2016 neartaigh an tAontas an caidreamh atá aige le Meiriceá Laidineach agus tíortha Mhuir Chairib. Chur an tAontas agus Meicsiceo tús le hidirbheartaíocht chun an comhaontú iomlán a nuachóiriú, d’fhonn, i measc rudaí eile, creat na dialóige déthaobhaí maidir le saincheisteanna domhanda a fheabhsú (an t-athrú aeráide, fuinneamh, slándáil bia, an geilleagar domhanda agus slándáil go háirithe) agus chun an caidreamh idir an tAontas agus Meicsiceo a oiriúnú don chor ina bhfuil gnóthaí trádála agus beartais agus sreafaí infheistíochta go fírinneach i láthair na huaire. Lean an tAontas agus Cúba dá ndialóg pholaitiúil fhoirmiúil agus i mí na Nollag shínigh siad comhaontú maidir le dialóg agus comhar polaitiúil, agus is é an comhaontú sin atá anois mar bhonn leis an gcaidreamh idir an tAontas agus Cúba. I mí na Bealtaine, chuir an tAontas agus an Cómhargadh Theas (Mercosur) beocht arís san idirbheartaíocht maidir le comhaontú comhlachais dé-réigiúnaigh agus rinneadh tairiscintí a mhalartú den chéad uair ó bhí 2004 ann.

Chuir an tAontas tacaíocht pholaitiúil ar fáil don phróiseas síochána sa Cholóim. Beidh Ciste Iontaobhais an Aontais, a seoladh i mí na Nollag 2016, ar cheann de na príomhdhóigheanna a mbainfidh an tAontas leas astu chun cuidiú a thabhairt an comhaontú síochána a chur i bhfeidhm.

I mí Dheireadh Fómhair tionóladh cruinniú d’airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus d’airí gnóthaí eachtracha Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh in Santo Domingo, an Phoblacht Dhoiminiceach. Chuidigh sé sin leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach a neartú agus réitigh sé an bealach do chruinniú mullaigh a thionólfar idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh in 2017.

Comhpháirtíocht idir an tAontas agus an Afraic

I gCorn na hAfraice thug an tAontas a bheannacht do chomhaontú polaitiúil eacnamaíoch nua leis an Aetóip agus bhí an tAontas orthu sin is mó a thacaigh leis na toghcháin sa tSomáil. Lean an tAontas den chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta sa réigiún, agus i réigiún na Saiheile chomh maith. Síníodh Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice agus tháinig an comhaontú sin i bhfeidhm an bhliain sin.

Grianghraf: Coimisinéir Neven Mimica ag bualadh 
le cuid de mhuintir na háite in Matam, 
an tSeineagáil, an 27 Aibreán 2016.
 © An tAontas Eorpach

Coimisinéir Neven Mimica ag bualadh le cuid de mhuintir na háite in Matam, an tSeineagáil, an 27 Aibreán 2016.

Imirce

In 2016 bhain an tAontas úsáid as na beartais go léir dá raibh fáil aige orthu chun comhpháirtíochtaí saincheaptha a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit den Aontais iad agus a dtíortha tionscnaimh agus idirthurais ag imircigh. I mí an Mheithimh ghlac an Chomhairle Eorpach le moladh ón Ard-Ionadaí/Leas-Uachtarán agus ón gCoimisiún chun Creat Comhpháirtíocht nua maidir leis an Imirce a chur ar bun le comhpháirtithe tábhachtacha san Afraic chun gurbh fhusa gnóthaí imirce a láimhseáil le chéile.

Is cuid den Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce an chomhpháirtíocht sin agus is iad seo a leanas a thosaíochtaí: beatha daoine a shábháil ar muir, an méid imirceach a fhilleann abhaile a mhéadú, é a chur ar chumas imirceach agus dídeanaithe fanacht ar leac a ndorais féin agus, san fhadtéarma, cuidiú le tíortha aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta.

Grafaic faisnéise: Tacaíocht an Aontais do thíortha comhpháirtíochta nach Ballstáit den Aontas iad chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce

Faoin gCreat Comhpháirtíochta, chuathas i mbun oibre le cúig thír tosaíochta — an Aetóip, Mailí, an Nígir, an Nigéir agus an tSeineagáil. Ag an am céanna, leanadh den dialóg maidir leis an imirce le tíortha tionscnaimh agus idirthurais d’fhonn toradh Chruinniú Mhullaigh Vaileite 2015 a chur i bhfeidhm.

Le linn na bliana tosaíodh ar thionscadail nithiúla a chur i ngníomh faoi Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic, agus tá torthaí luatha an chomhair idir an tAontas agus a chomhpháirtithe le sonrú.

Cearta an Duine

In 2016 rinneadh sáraithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus tháinig méadú ar ghéarleanúint agus ar ionsaithe ar chosantóirí chearta an duine agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fud an domhain. I Straitéis Dhomhanda Bheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais, a seoladh i mí an Mheithimh, athdhearbhaíodh gurb iad cearta an duine croílár ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ag teacht go huile agus go hiomlán le leas an Aontais. Sheol an tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Federica Mogherini an feachtas #EU4HumanRights chun feasacht a mhúscailt faoi iarrachtaí an Aontais agus na mBallstát na tosaíochtaí a sainaithníodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas 2015-2019 a chur i ngníomh. Ar na tosaíochtaí sin bhí cearta an duine a chur chun cinn, a chosaint agus a neartú.

Grianghraf: In 2016 sheol an Coimisiún Eorpach feachtas dírithe ar dheireadh 
a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban ar an Lá Idirnáisiúnta 
um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan (an 25 Samhain). © An tAontas Eorpach

In 2016 sheol an Coimisiún Eorpach feachtas dírithe ar dheireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban ar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan (an 25 Samhain).

Clár Oibre 2030: Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Tá an tAontas tiomanta do Chlár Oibre 2030 agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. D’fhreastail an Coimisinéir Karmenu Vella agus an tAire Sharon Dijksma ón Ísiltír ar an dara Comhthionól Comhshaoil de chuid na Náisiún Aontaithe sa Chéinia i mí na Bealtaine. D’aontaigh na hairí a bhí láthair na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur i bhfeidhm i dtaca le saincheisteanna amhail táirgeacht inbhuanaithe, tomhaltas, ceimiceán, dramhaíl, an t-athrú aeráide agus na haigéin.

Tá cur chuige straitéiseach leagtha amach ag an gCoimisiún chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach san Aontas agus ar fud an domhain. Chuir an tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Federica Mogherini, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans agus an Coimisinéir Neven Mimica moltaí i láthair an 22 Samhain. Sa chomhthéacs sin, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip, rud lena dtabharfar le chéile Spriocanna Forbartha inbhuanaithe Chlár 2030, creat beartais an Aontais agus tosaíochtaí an Choimisiúin. Dá bharr sin beifear in ann dul chun cinn a mheasúnú, na hábhair imní is tábhachtaí maidir leis an inbhuanaitheacht a shainaithint agus deimhin a dhéanamh de go gcuirfear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe san áireamh ó thosach ama i ngach gníomhaíocht agus tionscnaimh beartais, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain.

Forbairt idirnáisiúnta

In 2016 thosaigh an tAontas ag cur na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfeidhm i dtaca leis an gcomhar idirnáisiúnta.

I mí Mheán Fómhair sheol an tAontas an Plean Infheistíochta Seachtraí Eorpach chun gealltanais maidir le maoiniú don fhorbairt agus chun Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur i bhfeidhm.

I mí na Samhna mhol an Coimisiún athbhreithniú ar an gComhdhearcadh Eorpach maidir leis an bhForbairt ina leagtar amach fís agus creat gníomhaíochta comhpháirteach maidir le comhar forbartha don Aontas agus do na Ballstáit. Is é a mholtar ann treoirphlean maidir le beartas forbartha an Aontais agus Clár Oibre na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe (2030) a thabhairt i gcomhréir le chéile. Tá sin ina chuid de fhreagairt an phobail idirnáisiúnta ar threochtaí agus do dhúshláin an domhandaithe. Ba é fóram Laethanta Forbraíochta na hEorpa an chéad mhórthionól idirnáisiúnta a rinne é sin a phlé. Ina theannta sin lean an tAontas den obair ar chomhpháirtíocht nua le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin tar éis 2020. Mhol sé scáthchomhaontú, a fhorlíonfar le comhpháirtíochtaí réigiúnacha saincheaptha do thíortha na réigiún sin, a bhainfidh le deiseanna agus dúshlán na réigiún sin.

Tionóladh mór-chomhdháil idirnáisiúnta sa Bhruiséil i mí Dheireadh Fómhair chun tacaíocht leanúnach an Aontais don Afganastáin a léiriú. I mí na Samhna tionóladh comhdháil do dheontóirí a dheonaíonn airgead do Phoblacht na hAfraice Láir agus gheall deontóirí idirnáisiúnta breis agus €2 bhilliún.

Taighde agus nuálaíocht

Tá an taidhleoireacht eolaíochta ina cuid ríthábhachtach de ghníomhaíochtaí eachtracha an Aontais. Bhí an taighde sa réigiún Artach san áireamh sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir le “Beartas comhtháite an Aontais don réigiún Artach” agus leagadh béim ann ar ról na heolaíochta sa chomhar idirnáisiúnta.

Spreag an Comhar Taighde Domhanda um Ullmhacht do ghalair Thógálacha deontóirí ar fud an domhain chun taighde práinneach a dhéanamh ar an ráig Zika a bhris amach. Tar éis glao speisialta in 2016 roghnaíodh tionscadail taighde ar Zika, ar fiú €30 milliún iad, le maoiniú a fháil ó Fhís 2020.

Obair chuibhiúil ar chlár oibre domhanda an Aontais

Thug Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, gealltanas ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair i mí an Mheithimh tosaíocht a thabhairt d’Eoraip shóisialta, d’fhostaíocht don óige agus don dialóg shóisialta. Ina theannta sin chuir sé chun cinn tionscnamh an Choimisiúin maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Chuir sé béim, in éineacht leis an gCoimisinéir Marianne Thyssen, ar an tábhacht a bhaineann le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus tharraing sé aird ar an ngá atá le machnamh a dhéanamh ar thodhchaí na hoibre. Rannchuidigh an tAontas go mór le hobair agus le conclúidí na comhdhála. Glacadh treoir chuimsitheach maidir le hobair chuibhiúil i slabhraí soláthair domhanda agus tugadh aghaidh ar dhícheall cuí, dialóg shóisialta thrasteorann, trádáil agus trédhearcacht.

Slándáil agus cosaint

I mí na Samhna chomhaontaigh airí gnóthaí eachtracha agus airí cosanta an Aontais an Straitéis Dhomhanda do Bheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais i réimsí na slándála agus na cosanta, chomhaontaigh siad sin a chur i bhfeidhm. Bunaíodh sin ar phlean chur i bhfeidhm maidir le slándáil agus cosaint a rinne Federica Mogherini, an tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ceann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, a chur faoi bhráid na n-airí.

Sa straitéis sin tá tograí maidir le cumais shibhialta agus mhíleata a neartú, comhar cosanta a dhoimhniú, mearfhreagairt an Aontais do ghéarchéimeanna a fheabhsú, cumas pleanála agus iompraíochta buan a bhunú ar an leibhéal straitéiseach do mhisin mhíleata neamhfheidhmiúcháin, féachaint conas is féidir comhar slándála agus cosanta le tíortha comhpháirtíochta a leathnú, agus an obair a rinneadh ar thógáil acmhainneachta chun tacú leis an tslándáil agus an chosaint a chur i bhfeidhm a thuilleadh.

Ba é sin an chéad cheann de thrí ghné de phacáiste cosanta nua an Aontais ar thacaigh an Chomhairle leis i mí na Nollag. Is éard a bhí sa dara gné an Plean Gníomhaíochta Cosanta don Eoraip a mhol an Coimisiún agus is é is aidhm dó Ciste Eorpach Cosanta a bhunú chun tacú le hinfheistíocht i dtaighde comhpháirteach agus i bhforbairt chomhpháirteach trealamh agus teicneolaíochtaí. Rinneadh moltaí ann freisin Margadh Aonair treisithe don chosaint a bhunú. Is é a bhí sa tríú gné comhar idir an tAontas agus NATO a leanfadh as an dearbhú comhpháirteach a síníodh i Vársá i mí Iúil 2016.

I mí Aibreáin tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le tuilleadh comhordaithe chun freagairt an Aontais do bhagairtí hibrideacha a neartú, ar nós cibearionsaithe, suaitheadh sna soláthairtí fuinnimh nó sna seirbhísí airgeadais, an bonn a bhaint de mhuinín an phobail in institiúidí rialtais agus teacht i dtír ar theannas poiblí.

Freagairt do ghéarchéimeanna agus éigeandálaí daonnúla

Lean an tAontas de bheith ag cuidiú leis na daoine a bhí buailte ag tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna de dhéantús an duine ar fud an domhain trí níos mó ná €2.1 bhilliún de chúnamh fóirithinte chun bia, foscadh, cosaint agus cúram sláinte a chur ar fáil do 120 milliún duine i mbreis agus 80 tír.

Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta ó thaobh cúnamh daonnúil a thabhairt sna príomhlimistéir coinbhleachta uile ina bhfuil líon ollmhór daoine easáitithe, cuir i gcás an Iaráic agus an tSiria, Poblacht na hAfraice Láir, an tSúdáin Theas agus Éimin.

Den chéad uair riamh chuir an tAontas cúnamh daonnúil ar fáil laistigh dá theorainneacha féin nuair a chuidigh sé leis an nGréig dídeanaithe a láimhseáil. Tá sé beartaithe ag an Aontas €700 milliún ar fáil trí chomhpháirtithe daonnúla a chur ar fáil le linn na tréimhse 2016-2018.

Físeán: Múnlú nua don chabhair dhaonnúil á cheapadh, ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla. © An tAontas Eorpach

Múnlú nua don chabhair dhaonnúil á cheapadh, ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla.

Cuireadh tús le tionscnaimh nua freisin. Mar fhreagairt dhíreach ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim Ebola a bhuail an Afraic thiar in 2014 chuir an tAontas Cór Eorpach Leighis ar bun a imscaradh chun freagairt ghasta a thabhairt d’éigeandálaí a d’fhéadfadh iarmhairtí sláinte a bheith acu laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

Cuireadh thart ar 4 % d’ollbhuiséad daonnúil an Aontais in áirithe d’oideachas do leanaí a bhí buailte ag éigeandálaí, ceann de na grúpaí is lú dá dtugtar maoiniú i bhfoirm cabhair dhaonnúil. Fuair breis agus 3.8 milliún leanbh rochtain ar ghníomhaíochtaí oideachasúla in 47 dtír. D’fhógair an Coimisinéir Christos Stylianides méadú eile ar an gcuid sin den bhuiséad — ardóidh sé go 6 % in 2017.

Grafaic faisnéise: Cabhair dhaonnúil a chur ar fáil ar fud an domhain

Comhar idirnáisiúnta

An tAontas agus na Náisiúin Aontaithe

Ghlac toscaireacht ardleibhéil ón Aontas páirt i seachtain aireachta Chomhthionól Ginearálta na Náisiúnta Aontaithe agus sa Chruinniú Mullaigh maidir le Gluaiseachtaí Móra Dídeanaithe agus Imirceach, agus ag an gcruinniú sin thacaigh an tAontas le freagracht dhomhanda. Ba ag an ngéarchéim sa tSiria, an t-athrú aeráide agus cur i bhfeidhm Chlár 2030 a bhí tús áite sna pléití. Chinntigh an comhar idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe go ndearnadh comhordú i rith na bliana ar éagsúlacht mhór gníomhaíochtaí idir mhisin síochána agus iarrachtaí taidhleoireachta, cearta daonna, comhrac a chur ar an ocras, sochaí chuimsitheacha a fhorbairt, dea-rialachas agus coiriúlacht a chomhrac. Chuir an tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Federica Mogherini béim ar na dlúthnaisc atá ag an dá eagraíocht le chéile agus í ag labhairt ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i mí an Mheithimh.

Grianghraf: Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, agus Frans Timmermans, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin, agus iad i láthair ag an 71ú seisiún iomlánach de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe, an 18 Meán Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, agus Frans Timmermans, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin, agus iad i láthair ag an 71ú seisiún iomlánach de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe, an 18 Meán Fómhair 2016.

An tAontas agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh

I Vársá i mí Iúil shínigh Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí NATO an chéad dearbhú comhpháirteach idir an tAontas agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, rud a chuir dlús leis an gcomhpháirtíocht athuair. Leag sin béim ar an ngealltanas comhpháirteach a thug siad oibriú le chéile in aghaidh bagairtí hibrideacha; comhar comhoibritheach, lena n-áirítear saincheisteanna muirí; cibearshlándáil agus cosaint; taighde an tionscail chosanta; cleachtaí agus cosaint; agus tógáil acmhainneachta slándála. I mí na Nollag, thacaigh an tAontas agus NATO, i bpróiseas comhuaineach, le tacar tograí comhchoiteanna maidir leis an dearbhú comhpháirteach a chur i bhfeidhm.

Comhoibriú ar an leibhéal idirnáisiúnta

Chuaigh an tAontas i dteagmháil go gníomhach le comhpháirtithe domhanda i bhfóraim ar nós an G7 agus an G20 chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, pholaitiúla agus eacnamaíocha. Sa ráiteas a d’eisigh ceannairí an G20 tar éis chruinniú mullaigh Hangzhou i mí Mheán Fómhair leag siad béim ar an ngá atá le tuilleadh cuimsitheachta ionas gur chun tairbhe gach tíre agus gach duine a rachaidh an fás eacnamaíoch.

Grianghraf: (Ó chlé go deas) François Hollande, Uachtarán na Fraince, David Cameron, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Matteo Renzi, Príomh-Aire na hIodáile, Angela Merkel, Seansailéir na Gearmáine, Barack Obama, Uachtarán na Stát Aontaithe, agus Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, agus iad i láthair ag Cruinniú Mullaigh an G7 in Ise, an tSeapáin, an 26 Bealtaine 2016. © An tAontas Eorpach

(Ó chlé go deas) François Hollande, Uachtarán na Fraince, David Cameron, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Matteo Renzi, Príomh-Aire na hIodáile, Angela Merkel, Seansailéir na Gearmáine, Barack Obama, Uachtarán na Stát Aontaithe, agus Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, agus iad i láthair ag Cruinniú Mullaigh an G7 in Ise, an tSeapáin, an 26 Bealtaine 2016.

Caibidil 10

Aontas ina bhfuil athrú daonlathach ar siúl

“Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach gur i bhfianaise thorthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a mholtar agus a thoghtar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ach níl ann sin ach an chéad chéim i dtreo an tAontas Eorpach trí chéile a dhéanamh níos daonlathaí. Faoin gceannaireacht seo agamsa, beidh an Coimisiún Eorpach tiomanta an chomhpháirtíocht speisialta le Parlaimint na hEorpa a iomlánú … Tá mé tiomanta freisin an trédhearcacht a fheabhsú maidir le teagmháil le geallsealbhóirí agus lucht brústocaireachta.”

Jean-Claude Juncker, treoirlínte polaitiúla, 15 Iúil 2014

Grianghraf: Martin Schultz, Uachtarán Pharlaimint 
na hEorpa (ar dheis), agus é ag bronnadh 
Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2016 ar Nadia Murad Basee Taha agus 
Lamiya Aji Bashar, Strasbourg na Fraince, 
an 13 Nollaig 2016. © An tAontas Eorpach

Martin Schultz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (ar dheis), agus é ag bronnadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2016 ar Nadia Murad Basee Taha agus Lamiya Aji Bashar, Strasbourg na Fraince, an 13 Nollaig 2016.

I mí Mheán Fómhair 2016, ina óráid ar Staid an Aontais, thrácht an tUachtarán Juncker ar an méid a baineadh amach in imeacht na bliana 2015 agus leag sé amach tosaíochtaí na bliana 2017. Leag sé amach an dóigh a rachadh an Coimisiún i ngleic leis na dúshláin is práinní, mar atá an imirce, an sceimhlitheoireacht, an fás eacnamaíoch, agus an fhostaíocht. Ba é an dúbailt ar fhad agus ar luach an Phlean Infheistíochta an chuid ba shuaithinsí den ghníomhaíocht a bheartaigh an Coimisiún agus tacaíocht le fáil go forleathan aige ón bParlaimint agus ón gComhairle.

Dhá lá ina dhiaidh sin, tháinig na Ballstáit go léir (seachas an Ríocht Aontaithe) le chéile i mBratasláiv na Slóvaice chun tús a chur le dreas den mhachnamh polaitiúil maidir le forbairt a dhéanamh ar Aontas Eorpach nach mbeadh ann feasta ach 27 mBallstát. I ndiaidh an reifrinn náisiúnta maidir le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas, a bhí ar siúl i mí an Mheithimh agus inar cinneadh imeacht as an Aontas, a tharla an teacht le chéile sa Bhratasláiv.

Leagtar amach in Dearbhú agus Treochlár na Bratasláive, a chomhaontaigh ceannairí an Aontais, cuspóirí an Aontais go Márta 2017. Ar áireamh sa dearbhú, tá rialú iomlán ar na teorainneacha seachtracha a thabhairt ar ais, an tslándáil inmheánach a chinntiú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, comhar a bheith san Aontas maidir leis an tslándáil agus an chosaint sheachtrach a neartú, borradh a chur faoin Margadh Aonair, agus deiseanna níos fearr a chur ar fáil don aos óg.

Parlaimint na hEorpa

Grianghraf: Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag tabhairt óráid Staid an Aontais 2016 uaidh i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 14 Meán Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag tabhairt óráid Staid an Aontais 2016 uaidh i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 14 Meán Fómhair 2016.

In 2016, thug Parlaimint na hEorpa aghaidh ar na saincheisteanna móra ar fad a bhain le polaitíocht an Aontais agus pléadh réimse ábhar, mar atá, géarchéim na ndídeanaithe agus na himirce, an reifreann sa Ríocht Aontaithe, an tslándáil, bagairt na sceimhlitheoireachta, agus an cháin chorparáideach. Glacadh cinntí reachtacha tábhachtacha a thugann caoi don Aontas gníomhú i réimsí ar nós taifead ainmneacha paisinéirí, cosaint sonraí agus an Margadh Aonair Digiteach. Is iomaí cuairteoir mór le rá a thug óráid sa Pharlaimint le linn na bliana, ina measc: Willem-Alexander, Rí na hÍsiltíre; Toomas Hendrik Ilves, Uachtarán na hEastóine; Rosen Plevneliev, Uachtarán na Bulgáire; Reuven Rivlin, Uachtarán Iosrael; agus Mahmoud Abbas, Uachtarán Údarás Náisiúnta na Palaistíne, mar aon le cinnirí institiúidí an Aontais.

Físeán: Bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2016 ar Nadia Murad Basee Taha agus Lamiya Aji Bashar, beirt a ndearna SIIS/Da'esh foréigean orthu. © An tAontas Eorpach

Bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2016 ar Nadia Murad Basee Taha agus Lamiya Aji Bashar, beirt a ndearna SIIS/Da'esh foréigean orthu.

An Chomhairle Eorpach

In 2016, tháinig an Chomhairle Eorpach le chéile i mí Feabhra, i mí an Mhárta, i mí an Mheithimh, i mí Dheireadh Fómhair agus arís i mí na Nollag. Thug na Cinnirí Stáit nó Rialtais aghaidh ar shaincheisteanna agus thug treoir ina dtaobh. Ina measc sin, bhí borradh a chur faoin bhfás, faoi phoist agus faoin iomaíochas, an Margadh Aonair a chur i gcrích, beartas trádála an Aontais, gnéithe inmheánacha agus seachtracha an bheartais imirce, an tslándáil, cúrsaí fuinnimh agus an t-athrú aeráide. Tháinig na ceannairí le chéile go neamhfhoirmiúil freisin, agus iad sa Bhratasláiv, chun staid an Aontais agus a dtodhchaí chomónta a phlé i bhfianaise an reifrinn sa Ríocht Aontaithe.

Grafaic faisnéise: Treochlár na Bratasláive

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is ag an Ísiltír agus ag an tSlóvaic a bhí uachtaránacht rothlach na Comhairle in 2016. Ar na mórábhair a pléadh sa Chomhairle le linn na bliana, bhí géarchéim leanúnach na himirce, coinbhleachtaí armtha ar fud an domhain agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Rinne an Chomhairle dul chun cinn i roinnt réimsí, ina measc cúrsaí cánach, cúrsaí fuinnimh agus an t-athrú aeráide, maoiniú an gheilleagair agus doimhniú an Mhargaidh Aonair.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún

Grianghraf: Georges Dassis, Uachtarán 
Choiste Eacnamaíoch agus 
Sóisialta na hEorpa, ag tabhairt cuairt ar Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, (ar dheis), an Bhruiséil, 
an 26 Meán Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Georges Dassis, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ag tabhairt cuairt ar Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, (ar dheis), an Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2016.

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa cinneadh tábhachtach maidir le géarchéim na ndídeanaithe in 2016. Ar iarratas ón gCoimisiún, thug an Coiste tuairim thurgnamhach uaidh maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. I mí Mheán Fómhair, ghlac an Coiste, ar iarratas ón gCoimisiún, tuairim thurgnamhach maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.

I mí Iúil, thionóil Coiste Eorpach na Réigiún Cruinniú Mullaigh Eorpach na Réigiún agus na gCathracha sa Bhratasláiv. Glacadh ag an gcruinniú sin dearbhú inar éilíodh fís fhadbhreathnaitheach don Eoraip, fís a bhunófaí ar neartú na hinfheistíochta ar mhaithe le cur chun cinn an chomhtháthaithe, an fháis inbhuanaithe agus chruthú na fostaíochta i gcathracha agus i réigiúin an Aontais. Is é an Coiste céanna a thionóil Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha i mí Dheireadh Fómhair.

Grianghraf: An Coimisinéir Corina Crețu in 
éineacht le Markku Markkula, Uachtarán Choiste Réigiún an
 Aontais Eorpaigh ag an 14ú ceann 
de Sheachtain Eorpach na Réigiún 
agus na gCathracha, an Bhruiséil, 
an 10 Deireadh Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Corina Crețu in éineacht le Markku Markkula, Uachtarán Choiste Réigiún an Aontais Eorpaigh ag an 14ú ceann de Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, an Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2016.

Rialáil níos fearr

Comhaontú Idirinstitiúideacha maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

I mí Aibreáin, shínigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Coimisiún Eorpach Comhaontú nua Idirinstitiúideacha maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, chun feabhas a chur, sna hinstitiúidí go léir, ar chur i bhfeidhm na bprionsabal maidir le reachtóireacht níos fearr. Fágann sin nach mór gníomhú go huaillmhianach nuair is gá chun dul i ngleic le fadhbanna san Aontas agus an ghníomhaíocht sin a bheith chomh héifeachtach, chomh héifeachtúil, chomh hoscailte agus is féidir. Moltar go mór sa Chomhaontú sin gur ar bhonn fianaise a cheapfaí beartas ó thús deireadh an timthrialla reachtaigh agus go ndéanfaí measúnú córasach ar an gcaoi a bhfeidhmíonn gníomhartha reachtacha i gcleachtas. Fágfaidh an Comhaontú go mbeidh nós imeachta reachtach an Aontais níos trédhearcaí, níos fusa a leanúint, agus go mbeidh sé níos fusa ag geallsealbhóirí a dtuairimí a thabhairt ina thaobh.

Grafaic faisnéise: Rialacha níos simplí ach na caighdeáin arda chéanna

Clár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh do 2017

I mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún Clár Oibre Bliantúil do 2017, ina leagtar amach liosta na mbeart a dhéanfaidh sé le linn na bliana dár gcionn, agus ina sainaithnítear na tograí sin atáthar tar éis a thíolacadh ach ar mian leis iad a tharraingt siar, mar aon leis an reachtaíocht reatha is mian leis a athbhreithniú. Is cuid d’obair iardain 10 dtosaíocht pholaitiúil an Choimisiúin é Clár Oibre 2017.

Scórchlár REFIT

Tá léargas le fáil i Scórchlár REFIT, a cuireadh i láthair in éineacht le Clár Oibre 2017, ar obair an Choimisiúin maidir le raon leathan beart darb aidhm reachtaíocht an Aontais a mheasúnú, a athchóiriú agus a shimpliú agus an t-ualach rialála a leanann di a laghdú. Tugadh léargas le Scórchlár REFIT ar staid reatha 231 de thionscnaimh a bhaineann le reachtaíocht reatha an Aontais a shimpliú agus na hualaí riaracháin a leanann di a laghdú. Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Achoimre ar scórchlár REFIT inar leagadh amach príomhghnéithe an Scórchláir agus inar tugadh eolas faoi na chéad 22 thuairim a tugadh ar an Ardán REFIT, agus faoin dóigh a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhú ina leith.

Ardán REFIT

Ar Ardán REFIT, tugtar le chéile 48 saineolaí ardleibhéil arna dtarraingt as a measc seo a leanas: tacar mór de gheallsealbhóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus rialtais na mBallstát go léir. Cuireann an tArdán comhairle ar an gCoimisiún maidir le conas Rialacháin an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus, san am céanna, an t-ualach riaracháin a laghdú ach gan an bonn a bhaint de chuspóirí beartais an Aontais. Tá cuid mhaith den obair a dhéanann an tArdán bunaithe ar ionchur na ngeallsealbhóirí (ar minic á thabhairt é ar an suíomh gréasáin Rómhaorlathas a laghdú — Cloisimis uait). Bhí cruinnithe ann i mí Eanáir, i mí Aibreáin, i mí na Bealtaine, i mí an Mheithimh, i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna, agus glacadh 24 thuairim a bhain le go leor de na réimsí sin ina ndéanann an tAontas rialáil.

An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála

Is comhlacht neamhspleách de chuid an Choimisiúin é an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála a dhéanann grinnscrúdú ar cháilíocht dréachtmheasúnuithe tionchair, ar mheastóireachtaí móra siarghabhálacha, agus ar sheiceálacha oiriúnachta. I mí Iúil 2015 a bunaíodh é ina chomharba ar an mBord um Measúnú Tionchair. Le linn 2016, rinne an Bord measúnú ar 60 measúnú tionchair agus ar sheacht meastóireacht gur eisigh tuairimí ina leith.

Láithreacht nua ghréasáin agus meicníochtaí aiseolais

Le linn na bliana, rinne an Coimisiún tuilleadh beart chun nós imeachta cinnteoireachta an Aontais a dhéanamh níos oscailte i dtaca le hionchur ó gheallsealbhóirí agus ó shaoránaigh. Ó dheireadh mhí an Mheithimh amach, bhí dréachtaí de ghníomhartha tarmligthe agus de ghníomhartha cur chun feidhme ar fáil don phobal agus deis acu aiseolas a thabhairt ina dtaobh ar feadh tréimhse dar fad 4 seachtaine. 106 de dhréachtghníomhartha tarmligthe agus de dhréachtghníomhartha cur chun feidhme a bhí foilsithe faoi dheireadh 2016.

Ó mhí Iúil 2015 i leith, is féidir le geallsealbhóirí aighneachtaí a dhéanamh i dtaca le treochláir nó measúnuithe tionchair tosaigh a bhaineann le tionscnaimh, meastóireachtaí agus tograí reachtacha nua. Faoi dheireadh 2016, 338 dtreochlár agus measúnú tionchair tosaigh a bhí foilsithe arbh fhéidir aighneachtaí a dhéanamh ina leith. Le linn na tréimhse céanna, foilsíodh 147 dtogra reachtacha arbh fhéidir aighneachtaí a dhéanamh ina leith.

Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún an 33ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le Faireachán ar Chur I bhFeidhm Dhlí an Aontais Eorpaigh, ina ndearnadh athbhreithniú ar an gcaoi a bhfuil dlí an Aontais á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus inar tarraingíodh aird ar phríomhthreochtaí an bheartais forfheidhmiúcháin in 2015. Léiríodh sa tuarascáil gur ar leibhéal comhsheasmhach íseal, le hais mar a bhí 5 bliana roimhe sin, a bhí líon iomlán na nósanna imeachta maidir le sárú.

Tá an Coimisiún tar éis na bearta coisctheacha aige a threisiú de thaca leis na Ballstáit reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme. Nuair a chinneann ar na Ballstáit treoir a thrasuí laistigh den tréimhse a comhaontaíodh, baineann an Coimisiún lánúsáid i gcónaí as an gcóras smachtbhannaí airgeadais atá aige, cuir i gcás an fhoráil a tugadh isteach le Conradh Liospóin maidir le trasuí deireanach a dhéanamh ar threoracha.

I mí na Nollag, leag an Coimisiún amach, sa Teachtaireacht uaidh dar teideal “Dlí an Aontais Eorpaigh: torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr”, cé mar a chuirfeadh sé dlús lena chuid iarrachtaí maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme, agus forfheidhmiú dhlí an Aontais chun leasa shaoránaigh, thomhaltóirí agus ghnólachtaí an Aontais.

Trédhearcacht agus cuntasacht

Togra maidir le clár trédhearcachta éigeantach

I mí Mheán Fómhair, mhol an Coimisiún go mbunófaí clár trédhearcachta éigeantach do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, agus den chéad uair riamh, don Chomhairle.

Rochtain ar dhoiciméid

Uirlis thábhachtach i réimse na trédhearcachta is ea an ceart chun rochtana poiblí ar dhoiciméid. I mí Lúnasa, ghlac an Coimisiún a Thuarascáil don bhliain 2015 maidir le hIarratas ar Rochtain ar Dhoiciméid. Tháinig méadú breis agus 8 % (6 752 iarratas in 2015 le hais 6 227 in 2014) ar líon na n-iarratas. Rinneadh nochtadh iomlán nó páirteach ar 84 % de na doiciméid ar iarradh rochtain orthu.

Buiséad an Aontais a rialú

Tar éis di moladh dearfach a fháil ón gComhairle, thug an Pharlaimint a formheas deiridh i mí Aibreáin maidir leis an gcaoi ar chuir an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme in 2014.

I mí Iúil, chuir an Coimisiún i láthair Pacáiste Comhtháite Tuairisciúcháin Airgeadais maidir le buiséad an Aontais, inar tugadh le chéile iomlán an eolais a bhí ar fáil faoi ioncam, caiteachas, bainistiú agus feidhmíocht an Aontais in 2015. Léiríodh sa tuarascáil gur bhain buiséad an Aontais torthaí maithe amach i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin agus gur cuireadh chun feidhme i gceart é. Ba chuid thábhachtach iad na torthaí céanna de nós imeachta um urscaoileadh bliantúil 2015.

Grianghraf: Klaus-Heiner Lehne, Uachtarán 
Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, (ar 
dheis) ag cur Thuarascáil Bhliantúil 2015 na Cúirte sin faoi bhráid 
Choiste Pharlaimint na hEorpa um 
Rialú Buiséadach, an Bhruiséil, 
an 13 Deireadh Fómhair 2016. © An tAontas Eorpach

Klaus-Heiner Lehne, Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, (ar dheis) ag cur Thuarascáil Bhliantúil 2015 na Cúirte sin faoi bhráid Choiste Pharlaimint na hEorpa um Rialú Buiséadach, an Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2016.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar urscaoileadh a bhronnadh, a chur siar nó a dhiúltú, cuireann an Pharlaimint san áireamh Tuarascáil Bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. I mí Dheireadh Fómhair, chuir an Chúirt i láthair a Tuarascáil Bhliantúil maidir le Cur Chun Feidhme Bhuiséad an Aontais in 2015. Thug iniúchóir seachtrach an Choimisiúin a bheannacht do chuntais an Aontais don naoú bliain as a chéile, agus ina theannta sin, dhearbhaigh sé go raibh taobh an ioncaim mar aon leis an gcaiteachas riaracháin slán fós ar earráidí arbh fhiú trácht orthu. Anuas air sin, mheas an Chúirt go raibh an ráta foriomlán earráide laghdaithe arís (3.8 %) don tríú bliain as a chéile.

I dtaca le thart ar 80 % de bhuiséad an Aontais, go háirithe i réimsí na talmhaíochta agus an bheartais chomhtháthaithe, ní miste a thabhairt ar aird gurb iad na Ballstáit, den chuid is mó, atá freagrach as bainistiú laethúil na gcistí a fhaightear ón Aontas, agus go bhfuil feidhm rialála thábhachtach ag an gCoimisiún ina leith sin.

Na parlaimintí náisiúnta

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún dhá Thuarascáil Bhliantúla do 2015 maidir le Coimhdeacht agus Comhréireacht agus leis an gCaidreamh leis na Parlaimintí Náisiúnta.

Saincheisteanna coimhdeachta in 2016

Le linn na bliana, cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin 68 dtuairim chuí-réasúnaithe ó na parlaimintí náisiúnta faoin Meicníocht Coimhdeachta Athbhreithniúcháin, inar maíodh go raibh gníomhartha reachtacha ann, a mhol an Coimisiún, nach raibh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Bhain 14 de na tuairimí cuí-réasúnaithe sin leis an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú. Tar éis dó grinnanailís a dhéanamh, chinn an Coimisiún go raibh an togra i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus chinn sé an togra a choimeád, gur thug cúiseanna lena chinneadh i mí Iúil.

An caidreamh leis na parlaimintí náisiúnta

Lean an Coimisiún dá chaidreamh leis na parlaimintí náisiúnta a neartú le linn 2016. Tháinig méadú 75 % ar líon na dtuairimí a fuarthas ó na parlaimintí náisiúnta, 613 thuairim in 2016 le hais 350 in 2015. Bhí cruinnithe ag na Coimisinéirí le feisirí na bparlaimintí náisiúnta le linn na gcuairteanna iomadúla a thug siad ar na Ballstáit, agus le linn cruinnithe idirpharlaiminteacha agus ag ócáidí eile nach iad.

An tOmbudsman Eorpach

Déanann an tOmbudsman Eorpach imscrúdú ar ghearáin faoi dhrochriarachán in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Ar na himscrúduithe a rinneadh in 2016, bhí comhdhéanamh ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin, rialacha maidir le rochtain bhrústocairí an tobac ar an gCoimisiún, Comhairleoirí Speisialta an Choimisiúin, an Cód Iompair do Choimisinéirí agus an trédhearcacht san idirphlé trípháirteach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le linn an nós imeachta reachtaigh.

Grianghraf: Pascal Diethelm, Uachtarán OxyRomandie, an Coimisinéir Vytenis Andriukaitis, James Crisp, Eagarthóir Nuachta EurActiv, Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, agus Roberto Bertollini, Príomheolaí agus Ionadaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte chuig an Aontas Eorpach, 
agus iad ag glacadh páirt in imeacht a reáchtáil an tOmbudsman faoi bhrústocaireacht in earnáil an tobac 
a dhéanamh níos trédhearcaí, 
an Bhruiséil, an 27 Aibreán 2016. © An tAontas Eorpach

Pascal Diethelm, Uachtarán OxyRomandie, an Coimisinéir Vytenis Andriukaitis, James Crisp, Eagarthóir Nuachta EurActiv, Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, agus Roberto Bertollini, Príomheolaí agus Ionadaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte chuig an Aontas Eorpach, agus iad ag glacadh páirt in imeacht a reáchtáil an tOmbudsman faoi bhrústocaireacht in earnáil an tobac a dhéanamh níos trédhearcaí, an Bhruiséil, an 27 Aibreán 2016.

Tionscnamh Eorpach na Saoránach

Tugann Tionscnamh Eorpach na Saoránach an deis do 1 mhilliún saoránach as an gceathrú cuid, ar a laghad, de na Ballstáit cuireadh a thabhairt don Choimisiún gníomh reachtach a mholadh i réimsí ina bhfuil de chumhacht ag an gCoimisiún sin a dhéanamh. In 2016, chláraigh an Coimisiún trí thionscnamh nua, agus d’fhógair sé ina chlár oibre do 2017 pleananna maidir le reachtaíocht a bhaineann le saincheisteanna a eascraíonn as tionscnamh eile dá chuid (Right2Water).

Dialóg leis na Saoránaigh

Le linn na bliana, lean an Coimisiún de bheith i dteagmháil leis an bpobal tríd an tionscnamh “Dialóg leis na Saoránaigh”. Ghlac Uachtarán, Leas-Uachtaráin, agus Coimisinéirí an Choimisiúin, maille le roinnt Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus le polaiteoirí náisiúnta, páirt sa Dialóg le linn na bliana. Thug na 73 dhialóg a tharla deis gan diongbháil do na saoránaigh comhrá oscailte a dhéanamh leo siúd atá i mbun cinnteoireachta faoina bhfuil ag tarlú san Aontas Eorpach, faoin gcaoi a bhfuil an tAontas i ngleic leis na mórdhúshláin agus faoina leas sin do na saoránaigh. Thug siad deis do pholaiteoirí Aontais agus náisiúnta cluas a thabhairt do shaoránaigh ó cheann ceann an Aontais faoi raon leathan ábhar agus a bheith ag foghlaim uatha san am céanna.

Grianghraf: Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag labhairt le linn Comhphlé leis na Saoránaigh in St. Vith, an Bheilg, an 15 Samhain 2016. © An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag labhairt le linn Comhphlé leis na Saoránaigh in St. Vith, an Bheilg, an 15 Samhain 2016.

Conas teagmháil a dhéanamh leis an Aontas Eorpach

AR LÍNE

Tá eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh:

europa.eu

BUAIL ISTEACH TÚ FÉIN

Tá na céadta Ionad Eolais de chuid an Aontais ar fud na hEorpa.

Is féidir an t-ionad is gaire duitse a aimsiú ag: europa.eu/contact

AR AN nGUTHÁN NÓ TRÍ RÍOMHPHOST A SHEOLADH

Is seirbhís ia ea Europe Direct a thabharfaidh freagra ar aon cheist atá agat faoin Aontas Eorpach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís sin trí ghlaoch a chur ar an uimhir shaorghlao: 0800 6 7 8 9 10 11 (ní cheadaíonn oibritheoirí teileafóin soghluaiste áirithe rochtain ar uimhreacha 00800 nó d’fhéadfaí airgead a ghearradh ar na glaonna seo), nó trí ghlaoch a chur ó tháillefón lasmuigh den Aontas Eorpach: +32 22999696, nó trí r-phost a sheoladh chuig europa.eu/contact

LÉIGH TUILLEADH FAOIN EORAIP

Tá foilseacháin faoin Aontas Eorpach ar fáil ach cliceáil ar an suíomh gréasáin EU Bookshop: bookshop.europa.eu

Is féidir eolas agus leabhráin ar an Aontas Eorpach a fháil i nGaeilge ó:

Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

12-14 Sráid an Mhóta Íochta

Baile Átha Cliath 2

Tel. +353 (0) 16341111

Suíomh gréasáin: ec.europa.eu/ireland/

Ríomhphost: eu-ie-info-request@ec.europa.eu

Oifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn

12-14 Sráid an Mhóta Íochtar

Baile Átha Cliath 2

Tel. +353 (0) 16057900

Suíomh gréasáin: europarl.ie

Ríomhphost: epdublin@europarl.europa.eu

Eolas faoin bhfoilseachán seo

An tAontas Eorpach in 2016 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Faisnéis don Saoránach
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG
An tAontas Eorpach in 2016 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

a ghlac an Coimisiún Eorpach an 24 Feabhra 2017 faoi uimhir thagartha COM(2017) 1289.

Aitheantóirí

An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Print ISBN 978-92-79-62653-1 ISSN 2443-9533 doi:10.2775/04019
PDF ISBN 978-92-79-62704-0 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/316924
EPUB ISBN 978-92-79-62676-0 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/958098
HTML ISSN 2443-9541 doi:10.2775/751752

Buaicphointí

Print ISBN 978-92-79-62843-6 ISSN 2443-9517 doi:10.2775/68350
PDF ISBN 978-92-79-62854-2 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/939453
EPUB ISBN 978-92-79-62846-7 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/461665
HTML ISSN 2443-9525 doi:10.2775/639091

Lucsamburg
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
2017

Ar an gclúdach

  1. Ionadaithe de chuid an Aontais Eorpaigh, na Fraince, na Náisiún Aontaithe agus na Slóvaice, ag an searmanas síniúcháin tráth a dhaingnigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. (© An tAontas Eorpach)
  2. Daoine óga agus t-léinte de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh orthu. (© An tAontas Eorpach)
  3. Uachtarán an Choimisiúin ag cruinniú idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc. (© An tAontas Eorpach)
  4. Lucht tarrthála ag cuidiú le daoine a tháinig slán as an gcrith talún a tharla in Amatrice na hIodáile. (© Associated Press)
  5. Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán an Choimisiúin, ag preasagallamh comhpháirteach. (© An tAontas Eorpach)
  6. Daoine ag leagan bláthanna agus coinnle mar chomhartha ómóis dóibh siúd a maraíodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh sa Bhruiséil. (© Associated Press)
  7. Uachtarán an Choimisiúin agus é ag bualadh le táirgeoirí déiríochta. (© An tAontas Eorpach)
  8. Ionadaithe de chuid an Aontais Eorpaigh, Cheanada agus na Slóvaice ag an searmanas síniúcháin don Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí agus don Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada. (© An tAontas Eorpach)
  9. Léirsiú ar son an Aontais Eorpaigh, taobh amuigh de pharlaimint na Ríochta Aontaithe. (© Associated Press)
  10. Príomh-Aire na Slóvaice, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin, ag preasagallamh comhpháirteach. (© An tAontas Eorpach)
  11. An Coimisinéir um Iomaíocht agus í ag fógairt chinneadh an Aontais go gcaithfidh Éire státchabhair mhídhleathach a tugadh do Apple a aisghabháil. (© An tAontas Eorpach)
  12. An choimhlint mhíleata fós ar siúl sa tSiria. (© Associated Press)
  13. An tArdionadaí/an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, agus Ard-Rúnaí NATO, ag preasagallamh comhpháirteach. (© NATO/OTAN)

© An tAontas Eorpach, 2017

Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a admháil. Chun grianghraif nó ábhar eile nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais a úsáid nó a atáirgeadh, ní mór cead a fháil go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt.

CREIDIÚNTAÍ

Gach grianghraf agus físeán faoi © An tAontas Eorpach, ach amháin an clúdach:

An tAontas Eorpach in 2015