Fíorú ar an Ollioncam Náisiúnta chun buiséad an Aontais a mhaoiniú Na rioscaí i dtiomsú sonraí cuimsithe go maith tríd is tríd, ach is féidir ord tosaíochta na ngníomhaíochtaí a fheabhsú tuilleadh.
Maidir leis an tuarascáil:Is í an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN an phríomhfhoinse mhaoinithe do bhuiséad an Aontais. Chun a áirithiú go n-íocann Ballstáit an méid ceart ranníocaíochtaí náisiúnta, déanann an Coimisiún seiceáil ar cháilíocht a sonraí OIN i dtimthriallta fíoraithe ilbhliantúla.
Rinneamar scrúdú ar an timthriall fíoraithe OIN iomlán is déanaí (2016-2019) chun measúnú a dhéanamh féachaint an ndearna an Coimisiún é a bhainistiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ar an iomlán, fuaireamar go raibh an Coimisiún éifeachtach i dtaca le saincheisteanna ardriosca a shainaithint, ach nár thug sé aghaidh orthu uile ar bhealach tráthúil.
Déanann muid moltaí don Choimisiún a bhfuil sé mar aidhm acu go háirithe tosaíocht saincheisteanna ardriosca a mhéadú, agus tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht an timthrialla fíoraithe.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre Feidhmiúcháin
I Is í an acmhainn dhílis bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta (OIN) an phríomhfhoinse mhaoinithe do bhuiséad an Aontais, agus ba é an t-iomlán a bhí i gceist leis sin in 2021 ná €116 billiún. Ríomhann an Coimisiún an acmhainn dhílis seo mar chéatadán de OIN bliantúil na mBallstát, ar táscaire maicreacnamaíoch í chun rachmas eacnamaíoch náisiúin a thomhas.
II Úsáideann an Coimisiún réamhaisnéisí OIN chun ranníocaíochtaí Ballstáit a ríomh, agus déanann sé athbhreithniú orthu nuair a thagann sonraí níos cruinne chun bheith ar fáil. Tá tionchar ag aon choigeartú ar na sonraí do Bhallstát áirithe ar ranníocaíochtaí na mBallstát eile. Mar sin, cuireann reachtaíocht an Aontais de cheangal ar an gCoimisiún na foinsí agus na modhanna a úsáideann Ballstáit nuair a bhíonn sonraí OIN á gcur le chéile acu a fhíorú. Déanann Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) na fíoruithe, agus ní mór dóibh a áirithiú go ndéanann Ballstáit ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN atá cothrom agus intuartha, a íoc le buiséad an Aontais. Ba cheart don phróiseas fíoraithe a bheith éifeachtach ó thaobh costais de freisin.
III Eagraíonn Eurostat a bhfíoruithe i dtimthriallta ilbhliantúla, agus bíonn an-fhad ar na próisis iontu féin. Is éard atá i gceist leo ná anailís mhionshonaithe ar na sonraí OIN atá tuairiscithe ag Ballstáit chun inchomparáideacht, beachtas, uileghabhálacht, agus ar deireadh, cruinneas na méideanna a íocadh isteach i mbuiséad an Aontais a áirithiú. Dá fhad a bhíonn an próiseas agus dá mhéad é an líon saincheisteanna a bhíonn sainaitheanta ag Eurostat, is ea is ísle an intuarthacht i dtaobh ranníocaíochtaí na mBallstát. D’fhéadfadh sé sin deacracht a chruthú do Bhallstáit ó thaobh aon íocaíocht bhreise a íoc.
IV Rinneamar scrúdú ar an timthriall fíoraithe OIN iomlán is déanaí (2016-2019) chun measúnú a dhéanamh féachaint an ndearna an Coimisiún é a bhainistiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Rinneamar anailís féachaint ar shainaithin an Coimisiún go héifeachtach na rioscaí is mó d’inchomparáideacht, beachtas agus uileghabhálacht sonraí OIN, agus ar mhaolaigh sé na rioscaí sin. Bhreithníomar freisin an raibh an timthriall fíoraithe OIN agus aon chumarsáid lena mbaineann tráthúil agus éifeachtúil. Rinneamar iniúchadh ag an tráth seo chun timthriall críochnaithe a scrúdú, lena gcuimsítear athruithe ar an gcur chuige fíoraithe atá ag an gCoimisiún. Táimid ag súil leis go gcuideoidh ár n-obair leis an gCoimisiún feabhas a chur ar a chur chuige fíoraithe don chéad timthriall eile dar tús 2025.
V Bhailíomar ár bhfianaise iniúchóireachta trí athbhreithnithe deisce ar dhoiciméid ábhartha, dhá shuirbhé, agus agallaimh leis an gCoimisiún agus le hOifigí Staidrimh Náisiúnta sna Ballstáit. Chun éifeachtúlacht Eurostat a mheasúnú, rinneamar scrúdú ar a chomhaid fíoraithe do shé Bhallstát (Éire, an Spáinn, an Fhrainc, Málta, an Ísiltír, agus an Pholainn).
VI Ar an iomlán, ba é ár gconclúid ná go raibh Eurostat éifeachtach i dtaca le saincheisteanna ardriosca a shainaithint, ach nár thug sé aghaidh orthu uile ar bhealach tráthúil.
VII Fuaireamar go raibh dearadh maith ag measúnú riosca Eurostat go ginearálta, agus gur shainaithin sé na saincheisteanna ardriosca do gach Ballstát. Mar sin féin, tá scóip ann chun tuilleadh ord tosaíochta a dhéanamh i dtaca le hobair ar na saincheisteanna a raibh an tionchar féideartha ba mhó ag gabháil leo. Ar an iomlán, thug Eurostat tacaíocht leormhaith do na hOifigí Staidrimh Náisiúnta ina n-iarrachtaí tabhairt faoi shaincheisteanna ardriosca. Thionscain sé roinnt tionscanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist an domhandaithe, ach níor fhreagair sé an tsaincheist ar bhealach tráthúil.
VIII Ar an iomlán, tugadh an timthriall fíoraithe chun críche mar a bhí pleanáilte in 2019, agus chuir an Coimisiún faisnéis thráthúil ar fáil do na Ballstáit i dtaca le coigeartuithe ar a ranníocaíochtaí mar thoradh ar fhíoraithe OIN. Mar sin féin, bhí go leor saincheisteanna fós gan réiteach faoi dheireadh an timthrialla, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar ranníocaíochtaí Ballstát amach anseo. Fuaireamar go ndearna Eurostat seiceáil ar go leor saincheisteanna a raibh tionchar íseal ar OIN acu, agus go raibh neamhéifeachtúlachtaí ann ó thaobh na n-uirlisí a d’úsáid Eurostat chun a fhíoraithe a dhoiciméadú.
IX Mar thoradh ar ár n-iniúchadh, déanaimid moltaí chun tacú leis an gCoimisiún (trí Eurostat) na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- ord tosaíochta a mhéadú i dtaca le saincheisteanna ardriosca;
- tráthúlacht na tacaíochta atá tugtha do Bhallstáit a fheabhsú, agus údar níos fearr a thabhairt do chinntí chun tréimhse chur i bhfeidhm na bhforchoimeádas a theorannú; agus
- tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht an timthrialla fíoraithe.
Réamhrá
Buiséad an Aontais agus an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN
01 Is í an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN an phríomhfhoinse mhaoinithe do bhuiséad an Aontais. Ríomhtar ar bhonn OIN í, ar táscaire maicreacnamaíoch atá ansin chun rachmas eacnamaíoch náisiúin a thomhas. Is í an fhoinse ‘iarmharach’ í de mhaoiniú an Aontais, nó an ‘mhír chomhardúcháin’. Ciallaíonn an méid sin go n-áirithítear go bhfuil ioncam leordhóthanach ann chun caiteachas an bhuiséid a chlúdach nuair a chuirtear gach foinse ioncaim eile san áireamh. Ríomhtar mar chéatadán de OIN bliantúil Ballstáit í, ar a dtugtar an glaoráta aonfhoirmeach. Mar shampla, ba é an glaoráta a rinneadh do bhliain airgeadais 2021 ná 0.84 %. Chun inchomparáideacht i measc Ballstát a áirithiú, ní foláir do thiomsú OIN an Córas Eorpach Cuntas Náisiúnta agus Réigiúnach a chomhlíonadh (CCE 2010)1.
02 I dtús ama, níor ghá an acmhainn dhílis bunaithe ar OINa bhailiú ach amháin dá mba rud é nár chlúdaigh acmhainní dílse eile an caiteachas go hiomlán. In imeacht na mblianta, áfach, tá sí anois ar an bhfoinse ioncaim is mó do bhuiséad an Aontais (féach Fíor 1). Léirítear na ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN a rinne Ballstáit do 2021 in Iarscríbhinn 1.
Nóta: Ní chuimsíonn an figiúr seo an t-ioncam buiséid a ghabhann le seoladh na hionstraime athléimneachta NextGenerationEU mar gheall ar a nádúr eisceachtúil agus sealadach.
Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais chomhdhlúite bhliantúla an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2021 (lch. 144), ioncam buiséid.
03 Tá an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN méadaithe faoi thrí i dtaca le dearbhluach ó dheireadh na 1990í, ó thart ar €40 billiún go thart ar €120 billiún. Tá an céatadán d’ioncam iomlán AE a seasann an acmhainn sin dó beagnach méadaithe faoi dhó sa tréimhse sin, ó 40 % go 71 % in 2020, agus is 63 % a bhi ann in 2021, go príomha mar gheall ar acmhainn dhílis nua bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a thabhairt isteach (féach Fíor 2). Is éard is cúis leis an méadú in imeacht na mblianta go príomha ná aontachas na mBallstát nua, an borradh leanúnach ar an mbuiséad, agus an fíoras nár mhéadaigh ioncam ó na hacmhainní dílse eile ag an luas céanna le caiteachas. Cé go bhféadfadh sé go mbeidh sciar níos lú d’ioncam iomlán AE i gceist leis an acmhainn dhílis bunaithe ar ONI go luath amach anseo mar gheall ar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, beidh an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN ina príomhfhoinse d’ioncam AE i gcónaí pé scéal é.
Nótaí:
*Is é 1991 a úsáideadh anseo mar an bhunlíne don acmhainn dhílis bunaithe ar OIN toisc go raibh sé an-íseal do 1900.
**Bunaíodh an céatadán do 2020 ar ioncam iomlán AE, gan ioncam a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas a chur san áireamh.
***Ríomhadh an céatadán do 2021 gan ioncam buiséid a ghabhann le hionstraim athléimneachta NextGenerationEU a chur san áireamh.
Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla AE – blianta airgeadais 1991, 2000, 2010, 2020 agus 2021.
04 Gabhann dhá phríomhphróiseas le bainistiú na hacmhainne dílse seo, a bhfuil nasc acu araon le staidreamh a úsáid chun na ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN a dhéanann na Ballstáit a ríomh. Is é an chéad cheann díobh sin ná an próiseas buiséadach bliantúil bunaithe ar réamhaisnéisí ar shonraí OIN, agus is é an dara ceann ná fíorú ar shonraí OIN iarbhír mar atá á dtuairisciú go bliantúil ag na Ballstáit (féach Iarscríbhinn II).
05 Is í Ardstiúrthóireacht an Bhuiséid sa Choimisiún (AS BUDG) atá freagrach as an bpróiseas buiséadach bliantúil. Is í Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) atá freagrach as sonraí OIN a fhíorú, ar bhonn bliantúil agus ilbhliantúil araon. De réir Rialachán OIN2, ba cheart do Eurostat inchomparáideacht, beachtas agus uileghabhálacht na sonraí a fhíorú nuair atá prionsabal na costéifeachtachta á chur san áireamh aige. Is éard atá i gceist leis an bprionsabal seo (a dtugtaí prionsabal na costéifeachtachta air roimhe seo) ná breithiúnas a thabhairt ar an méid agus an tábhacht a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le hidirbhearta sonracha ó thiomsú OIN. Is í an aidhm atá ann ná staid a seachaint ina mbeadh acmhainní díréireacha á ngealladh chun míreanna neamhshuntasacha a ríomh3. Úsáidtear an téarma ‘idirbhearta’ go coitianta sna cuntais náisiúnta (féach Bosca 1).
Idirbhearta sna cuntais náisiúnta
Idirbheart: sreabh geilleagair, ar idirghníomhú idir eintitis sa gheilleagar trí chomhaontú frithpháirteach é sa chuid is mó de na cásanna.
Sampla: is ionann ceannach táirgí ó chuideachta agus idirbheart nach mór taifead a dhéanamh air sna cuntais náisiúnta.
Ríomh na n-acmhainní dílse bunaithe ar OIN, agus a n-aistriú go dtí buiséad AE
06 Gach mí na Bealtaine, déanann AS BUDG ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomh ag úsáid réamhaisnéisí OIN arna soláthar ag Ardstiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sa Choimisiún (AS ECFIN), agus iarrann sé íocaíocht a dhéanamh i 12 thráthchuid mhíosúla. Déanann sé athríomh ar na ranníocaíochtaí i mí Feabhra ina dhiaidh sin, ag úsáid sonraí nuashonraithe bunaithe ar fhíoruithe Eurostat. I mí an Mhárta an bhliain ina dhiaidh sin, bailíonn AS BUDG na méideanna atá le híoc ó Bhallstáit nár íoc a ndóthain agus leithdháileann sé iad i measc na mBallstát a d’íoc an iomarca, de réir a sciar nuashonraithe d’iomlán OIN AE4.
07 Bunaítear sonraí OIN ar mheastacháin, a bhfuil athscagadh déanta orthu in imeacht roinnt blianta sula mbaintear amach an leibhéal cruinnis a mbítear ag súil leis. Dá bhrí sin, de réir rialacha AE i dtaca le hacmhainní dílse a ríomh, ceadaítear athbhreithniú a dhéanamh ar mheastacháin do bhliain airgeadais ‘N’ go dtí an 30 Samhain de bhliain ‘N + 4’. Is féidir síneadh a chur leis an tréimhse athbhreithnithe má mheasann an Coimisiún nó Ballstát gur gá cáilíocht na sonraí OIN a fheabhsú5. Baintear an méid sin amach trí ‘fhorchoimeádais’ a chur i bhfeidhm ar shonraí OIN.
08 Ós rud é gur mír chomhardúcháin í an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN, níl tionchar ag rómheastachán ná gannmheastachán sonraí OIN do Bhallstát áirithe ar an méid iomlán a bhailítear mar ioncam AE. Mar sin féin, laghdaíonn nó méadaíonn sé ranníocaíochtaí ó na Ballstáit eile, go dtí go bhfuil an fhadhb braite agus ceartaithe. Dá fhad a choimeádtar sonraí OIN ar oscailt don athbhreithniú, agus dá mhéad forchoimeádais a chuirtear i bhfeidhm air, is ea is ísle intuarthacht na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.
09 San am a caitheadh, bhí fadhbanna ann do Bhallstáit mar gheall ar mhéideanna móra a bheith curtha ar fáil ar fógra gearr don acmhainn dhílis bunaithe ar OIN. Mar shampla, in 2014 bhí leibhéal coigeartuithe ann nach rabhthas ag súil leis ar ranníocaíochtaí na mBallstát arb ionann é agus beagnach €10 mbilliún, a raibh tionchar níos mó aige ar chuid de na Ballstáit ná mar a bhí ar chinn eile. Bhí ar an Ríocht Aontaithe €2.1 billiún a íoc isteach i mbuiséad AE anuas ar a gnáth-ranníocaíocht (21 % den ranníocaíocht náisiúnta iomlán a bhí buiséadaithe aici an bhliain sin).
Fíorú ar shonraí OIN na mBallstát
10 Tá Oifigí Náisiúnta Staidrimh (NSInna) na mBallstát freagrach as sonraí OIN a thiomsú6. Cuireann siad ‘fardal OIN’ ar fáil do Eurostat ina dtugtar mionsonraí faoi na foinsí agus na modhanna a úsáidtear chun OIN agus a chomhchodanna a tháirgeadh (féach Bosca 2) i gcomhréir le CCE 2010.
Comhchodanna OIN
Comhchuid OIN: gné ar bith de OIN
Sampla: cúiteamh d'fhostaithe (ceann de na príomh-chomhchodanna OIN), a shainítear mar luach saothair in airgead tirim nó luach saothair comhchineáil d’obair a rinneadh le linn na tréimhse cuntasaíochta, iníoctha ag fostóir le fostaí. D’fhéadfaí é a bhriseadh síos mar seo a leanas:
- pá agus tuarastail, agus
- ranníocaíochtaí sóisialta an fhostóra.
11 I bhfíorú Eurostat, déantar scrúdú ar shonraí OIN a úsáidtear le haghaidh acmhainní dílse. Áirítear leis sin an dá phríomh-fhophróiseas seo a leanas:
- an fíorú bliantúil ar shonraí OIN agus athruithe ar fhoinsí agus modhanna a thuairiscíonn Ballstáit i gceistneoirí OIN agus i dtuarascálacha cáilíochta; agus
- an fíorú ilbhliantúil (‘timthriall fíoraithe’) ar fhoinsí agus modhanna staidrimh chun OIN a ríomh, a bhfuil cur síos déanta orthu i bhfardail OIN na mBallstát.
12 Faigheann Eurostat cúnamh ó Ghrúpa Saineolaithe OIN nuair a bhíonn fíoruithe á ndéanamh aige. Is éard atá ann ná grúpa ionadaithe de gach Ballstát le hionadaí ón gCoimisiún sa chathaoir. Tugann sé comhairle agus léargas don Choimisiún i dtaca le hinchomparáideacht, beachtas agus uileghabhálacht na ríomhanna OIN. Déanann sé scrúdú freisin ar ábhair a bhaineann le Rialachán OIN a chur chun feidhme, agus eisíonn sé tuairimí bliantúla i dtaca le cé chomh hiomchuí atá sonraí OIN atá curtha isteach ag an mBallstát le haghaidh acmhainní dílse. Go dtí 2019, is é an Coiste OIN a dhéanadh gníomhaíochtaí Ghrúpa Saineolaithe OIN.
Fíorú bliantúil
13 Gach bliain, seiceálann Eurostat sonraí na gcuntas náisiúnta a thuairiscíonn Ballstáit sna ceistneoirí OIN, ar táblaí iad ina bhfuil sonraí OIN le haghaidh roinnt blianta. Clúdaíonn na seiceálacha (i measc nithe eile) cé chomh ceart agus chomh comhleanúnach, ó thaobh foirmiúlachta agus uimhriúlachta de, atá na sonraí le himeacht amach, agus é sin freisin i gcomparáid leis na figiúirí atá foilsithe. Seiceálann Eurostat freisin athruithe ar na foinsí agus modhanna a úsáidtear chun OIN a thiomsú, agus atá luaite sna tuarascálacha ar cháilíocht. Is é an fíorú bliantúil an bonn do thuairim fhoirmeálta Ghrúpa Saineolaithe OIN i dtaca le húsáid sonraí chun acmhainní dílse a ríomh.
Fíorú ilbhliantúil
14 Díríonn fíorú ilbhliantúil Eurostat ar na fardail OIN, ar doiciméid chuimsitheacha iad a dhéanann cur síos ar na foinsí agus modhanna staidrimh a úsáidtear chun sonraí OIN a thiomsú in imeacht roinnt blianta. Áirítear anailís mhion agus chaighdeánach ar nósanna imeachta do thiomsú OIN leis an obair sin, d’fhonn inchomparáideacht, beachtas, agus uileghabhálacht na sonraí a áirithiú. Chuige sin, déanann Eurostat timthriallacha fíoraithe a mhaireann roinnt blianta (ceithre go cúig bliana de ghnáth). Cuireann torthaí an fhíoraithe ilbhliantúla le tuairim bhliantúil an Ghrúpa Saineolaithe i dtaca le cáilíocht shonraí OIN.
15 Is in 2016 a thosaigh Eurostat an timthriall fíoraithe ilbhliantúil is déanaí atá tugtha chun críche, timthriall 2016-2019. Chuir sé críoch lena obair roimh dheireadh 2019 i gcás gach Ballstáit seachas an Fhrainc, a raibh críoch curtha lena fhíoruithe in 2021 mar gheall gur cuireadh isteach a fardal OIN déanach7. Dhún AS BUDG an timthriall fíoraithe go foirmeálta in Aibreán 2020. Chlúdaigh an fíorú a rinneadh le linn thimthriall 2016-2019 na foinsí agus modhanna atá in úsáid ó 2010 ar aghaidh ag na Ballstáit chun a sonraí OIN a chur le chéile.
16 Fanann na sonraí OIN ar oscailt i ndiaidh forchoimeádais a chur i bhfeidhm (féach mír 07) go dtí go mbíonn na saincheisteanna atá sainaitheanta ag fíoruithe Eurostat réitithe. D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé sin roinnt blianta, ag dul thar dhúnadh foirmeálta an timthrialla fíoraithe in go leor cásanna, agus dá réir sin bíonn tionchar aige ar intuarthacht ranníocaíochtaí na mBallstát. Taispeánann sé sin a thábhachtaí atá sé fíorú a spriocdhíriú go héifeachtach ar na saincheisteanna is tábhachtaí, agus an timthriall fíoraithe a dhúnadh a luaithe is féidir.
17 In 2013, d’fhoilsíomar tuarascáil speisialta8 a bhaineann lenár n-iniúchadh feidhmíochta ar an timthriall fíoraithe roimhe sin, timthriall 2007-2012. Sa tuarascáil sin, thángthas ar an gconclúid nach raibh an timthriall fíoraithe ilbhliantúil éifeachtach ach go pointe áirithe mar gheall nach raibh pleanáil agus ord tosaíochta cuí tugtha ag Eurostat tús áite dá obair. Níor chuir sé cur chuige comhsheasmhach i bhfeidhm do gach Ballstát ach oiread. Ag leanúint as ár moltaí, agus d’fhonn prionsabal na costéifeachtachta a chur i bhfeidhm, rinne Eurostat dhá phríomhathrú ar a chur chuige fíoraithe do thimthriall 2016-2019:
- próiseas measúnaithe riosca chun ord tosaíochta a leagan síos a thabhairt dá fhíoraithe:
- tairseach ábharthachta chun a fhíoruithe a spriocdhíriú agus forchoimeádais a chur i bhfeidhm, ach gan é sin a dhéanamh ach amháin i gcás saincheisteanna a bhfuil tionchar suntasach ag gabháil leo.
18 Thosaigh timthriall fíoraithe 2016-2019 le cur isteach fhardail OIN ag deireadh mhí an Mhárta 2016. Ag tús an timthrialla sin, tugadh isteach creat cuntasaíochta nua (CCE 2010), ina raibh roinnt athruithe i gcomparáid leis an gcreat roimhe sin (CCE 959) agus, dá bhrí sin, a d'éiligh iarrachtaí breise ó Eurostat chun an cur chun feidhme a ghrinnscrúdú sna Ballstáit.
19 Bhí na céimeanna den timthriall fíoraithe a rinneadh ina dhiaidh sin comhdhéanta den mheasúnú riosca agus fíoruithe trí sheiceálacha deisce ag baint úsáid as Ceistneoir Measúnaithe Fardail OIN (GIAQ), chomh maith le cuairteanna faisnéise chuig na Ballstáit. Ba é an toradh a bhí ar na fíoruithe ná pointí gníomhaíochta agus forchoimeádais a chur i bhfeidhm, a bhfuil tionchar acu ar na sonraí OIN. Tugann Fíor 3 forléargas ar na príomhghnéithe de thimthriall fíoraithe 2016-2019, agus tá a amlíne táscach curtha i láthair in Iarscríbhinn III.
Fíor 3 – Forléargas ar na príomhghnéithe de thimthriall fíoraithe 2016-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid Eurostat a dhéanann cur síos ar a chur chuige fíoraithe.
20 Bhí trí phríomh-aschur ag measúnuithe riosca Eurostat:
- liosta de shaincheisteanna trasnacha ardriosca (féach Iarscríbhinn IV) don fhíorú i ngach Ballstát trí ‘chomparáidí ó thír go tír’, lena n-áirítear saincheisteanna amhail domhandú (féach Bosca 3), onnmhairí agus allmhairí, agus seirbhísí airgeadais;
- rátáil riosca do gach Ballstát chun ordú fíoraithe agus scóip fhíoraithe a chinneadh;
- comhthiomsú de réimsí sonracha i dtiomsú OIN a bhfuil ardriosca ag baint leo, as a raibh réimsí d’fhíorú díreach i ngach Ballstát le roghnú d’fhonn an taifead fíorúcháin ó chomhpháirt roghnaithe OIN a leanúint siar go dtí na bunsonraí agus ríomh na bpríomhfhigiúirí is bun leo a athbhreithniú.
Dúshlán an domhandaithe i gcuntais náisiúnta
Baineann ceann amháin de na saincheisteanna trasnacha a shainaithin Eurostat leis an taifead a dhéantar ar dhomhandú sna cuntais náisiúnta, ar mórdhúshlán do staitisteoirí é. Is éard atá i gceist le domhandú ná an méadú ar comhtháthú na ngeilleagar ar fud an domhain, go háirithe trí ghluaiseacht earraí, seirbhisí agus caipitil thar theorainneacha.
21 Mar thoradh ar a obair fíoraithe, cuireann an Coimisiún pointí gníomhaíochta (atá leagtha síos ag Eurostat) agus forchoimeádais (atá leagtha síos ag AS BUDG, bunaithe ar thogra teicniúil ó Eurostat) i bhfeidhm. Baineann pointí gníomhaíochta a thugann aghaidh ar NSInna le saincheisteanna lena n-éilítear athruithe modheolaíochta féideartha nó ceartú ar earráidí tiomsaithe (pointí gníomhaíochta ‘A’), nó faisnéis atá le fáil san fhardal OIN a shoiléiriú, a cheartú nó a fhorlíonadh (pointí gníomhaíochta ‘B’).
22 Athraíonn Eurostat pointí gníomhaíochta ‘A’ go forchoimeádaios nuair a mheasann sé go bhféadfadh sé go bhfuil tionchar ábharthachta acu (os cionn 0.1 % de GNI) agus nár thug na Ballstáit aghaidh orthu roimh an spriocdháta. Tarlaíonn sé sin ag deireadh an timthrialla fíoraithe de ghnáth.
23 Maidir le forchoimeádais, tugann siad deis do Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a sonraí OIN i ndiaidh an scoithphointe ceithre bliana (féach mír 07). Tá dhá phríomhchineál forchoimeádais ann:
- forchoimeádais ghinearálta, a chlúdaíonn tiomsú na gcomhchodanna OIN ar fad do Bhallstát;
- forchoimeádais shonracha, a bhaineann le gné de ríomh OIN (forchoimeádais a bhaineann go sonrach le hidirbheart), nó shaincheisteanna a éilíonn anailís inchomparáideach ar na réitigh a ghlacann Ballstáit (forchoimeádais thrasnacha). Úsáideann an Coimisiún forchoimeádais a bhaineann go sonrach le próisis chun sonraí OIN a choimeád ar oscailt i ndiaidh an scoithphointe ceithre bliana, go dtí go gcríochnaíonn sé a fhíoruithe ilbhliantúla.
24 D’fhéadfadh sé go mbeadh athbhreithnithe ar shonraí OIN na mBallstát ann mar gheall ar phointí gníomhaíochta agus forchoimeádais araon. Déantar athbhreithnithe chun cruinneas sonraí a mhéadú nuair a sholáthraíonn foinsí sonraí faisnéis nua agus/nó chun feabhsuithe modheolaíochtaí a thabhairt isteach10. Gach cúpla bliain, déanann tíortha mór-athbhreithnithe ar a gcuntais náisiúnta ar a dtugtar athbhreithnithe tagarmhairc, chun foinsí sonraí nua agus athruithe móra i modhanna staidrimh a chur san áireamh11.
25 Bhí tionchar ag athbhreithnithe tagarmhairc ar shonraí a tuairiscíodh do OIN, OTI (Olltáirge Intíre) agus roinnt mhaith táscairí maicreacnamaíocha le go leor blianta. Tugadh Beartas Comhchuibhithe Eorpach um Athbhreithniú isteach in 2012 chun athbhreithnithe comhordaithe agus comhsheasmhacha a áirithiú ar fud réimsí staidrimh, ó thír go tír agus ar fud an Aontais. Áirítear leis sin an moladh go ndéanfaí athbhreithnithe tagarmhairc gach cúig bliana, ag tosú le 2014. Ba cheart don chéad athbhreithniú tagarmhairc eile a bheith ar siúl in 2024.
26 Bhí tionchar ag fíoruithe Eurostat ar sceideal ama na n-athbhreithnithe tagarmhairc, a bhfuil tionchar acu sin ina sea ar thús an chéad thimthrialla fíoraithe eile, mar gheall go bhfuil sé bunaithe ar na fardail OIN nuashonraithe a leanann na hathbhreithnithe sin. Is iondúil go mbíonn an fhaisnéis ábhartha maidir le pointí gníomhaíochta atá curtha isteach ag Eurostat ag teastáil ó na Ballstáit ar a laghad bliain amháin sula ndéantar na hathbhreithnithe tagarmhairc, d’fhonn iad a chur san áireamh nuair a bhíonn na cuntais náisiúnta á dtiomsú acu. Tá cur i bhfeidhm thráthúil na bpointí gníomhaíochta ag brath ar fardail OIN a bheith curtha isteach in am ag na Ballstáit, agus tá sé ag brath freisin ar éifeachtúlacht an timthrialla fíoraithe.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
27 Clúdaíonn an t-iniúchadh feidhmíochta seo timthriall fíoraithe 2016-2019 i dtaca le sonraí OIN le haghaidh acmhainní dílse. Roghnaíomar an topaic seo toisc gurb í an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN an fhoinse is mó d’ioncam an Aontais, agus go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil ranníocaíochtaí na mBallstát leis an bhfoinse sin cothrom agus intuartha, i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtachta.
28 Rinneamar an t-iniúchadh ag an tráth seo d’fhonn timthriall críochnaithe a scrúdú, lena gcuimsítear dhá phríomhathrú ar chur chuige fíoraithe an Choimisiúin (measúnú riosca agus tairseach ábharthachta). Táimid ag súil leis go gcuideoidh ár n-obair leis an gCoimisiún feabhas a chur ar a chur chuige fíoraithe don chéad timthriall eile dar tús 2025.
29 Ba í an phríomhcheist iniúchóireachta a bhí againn ná ar éirigh leis an gCoimisiún timthriall fíoraithe 2016-2019 a bhainistiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Sa chéad chuid den tuarascáil seo, déanaimid scrúdú ar éifeachtacht mheasúnú riosca an Choimisiún agus a ghníomhaíochtaí chun na rioscaí is airde i dtaca le hinchomparáideacht, beachtas agus uileghabhálacht na sonraí OIN a mhaolú. Sa dara chuid, measaimid an raibh an timthriall fíoraithe agus an chaoi a ndearnadh na torthaí a chur in iúl tráthúil agus éifeachtúil.
30 Chlúdaigh an t-iniúchadh córais an Choimisiúin ó thaobh na bainistíochta agus an rialaithe de chun fíorú agus measúnú a dhéanamh ar na sonraí OIN a bhí curtha ar fáil ag Ballstáit le haghaidh acmhainní dílse. Go sonrach, scrúdaíomar cé chomh hiomchuí a bhí an modúl fíoraithe a bhí leagtha síos ag Eurostat do thimthriall fíoraithe 2016-2019. Rinneamar an t-iniúchadh ar leibhéal an Choimisiúin, ag díriú ar ghníomhaíochtaí Eurostat i ndáil le timthriall fíoraithe 2016-2019 go dtí mí Eanáir 2022.
31 Bhailíomar an fhianaise iniúchóireachta trí athbhreithnithe deisce a dhéanamh ar an doiciméadacht ábhartha (nósanna imeachta, treoraíocht, comhaid fhíorúcháin, etc.). Rinneamar athbhreithniú ar chomhaid fíorúcháin Eurostat do shé Bhallstát shamplacha (Éire, an Spáinn, an Fhrainc, Málta, an Ísiltír agus an Pholainn). Roghnaíomar na tíortha sin ar mhaithe le héagsúlacht a bheith sna réimsí seo a leanas: méid na ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN; an líon forchoimeádas agus pointí gníomhaíochta; catagóirí riosca atá sainaitheanta ag Eurostat (rioscaí ísle, meánacha agus arda); oifigigh Eurostat ar a bhfuil freagracht as fíoruithe; agus dáileadh geografach.
32 Chuireamar ionadaithe ó AS BUDG faoi agallamh freisin, chomh maith le hionadaithe ón aonad in Eurostat atá freagrach as fíoruithe, ionadaithe ó aonaid eile a bhí bainteach le ngníomhaíochtaí gaolmhara a bhaineann le cuntais náisiúnta, agus saineolaithe staidrimh ó NSInna sna sé Bhallstát a bhí roghnaithe.
33 Chuireamar suirbhé leis na foinsí thuas a thugamar do na 28 NSI (26 fhreagróir, ráta freagartha 93 %), agus do na 28 n-údarás náisiúnta atá freagrach as acmhainní dílse a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais i ngach Ballstát (10 bhfreagróir, ráta freagartha 36 %). Ba é an aidhm a bhí ag na suirbhéanna ná a dtuairimí a fháil i dtaca le cén chaoi a mbainistíonn an Coimisiún an timthriall fíoraithe agus an próiseas i dtaobh coigeartuithe sa bhuiséad a léiriú tar éis athbhreithnithe ar shonraí OIN.
34 Ní dhearnamar measúnú díreach ar cháilíocht na bhfoinsí agus na modhanna a úsáideadh chun OIN a thiomsú. Mar sin féin, chuamar i gcomhairle le dhá shaineolaí neamhspleácha faoi shaincheisteanna sonracha, amhail an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag pointí gníomhaíochta ar OIN, agus rinneamar athbhreithniú ar roinnt foilseachán ar thopaicí a bhaineann leis na cuntais náisiúnta (go háirithe domhandú agus tairseach ábharthachta a úsáid chun cáilíocht sonraí staidrimh a sheiceáil).
35 Sa chás nach ndéanaimid tagairt shonrach do na sé Bhallstát a roghnaíodh, baineann na fionnachtana leis na Ballstáit ar fad a bhí clúdaithe i dtimthriall fíoraithe 2016-2019.
Barúlacha
Bhí an Coimisiún éifeachtach nuair a shainaithin sé saincheisteanna ardriosca maidir le tiomsú sonraí OIN, ach tá scóip ann chun tuilleadh ord tosaíochta a dhéanamh ar a bhfíorú
I bpróiseas measúnaithe riosca Eurostat, sainaithníodh na saincheisteanna ardriosca go héifeachtach
36 Ar mhaithe leis an éifeachtacht, ba cheart d’fhíoruithe Eurostat (agus iarrachtaí NSI feabhas a chur ar fhigiúirí OIN dá réir sin) spriocdhíriú ar na saincheisteanna is dóchúla a mbeidh tionchar suntasach acu (“saincheisteanna ardriosca”). Fágann sé sin gur féidir leo aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar tosaíochta. Chuige sin, mholamar do Eurostat, i dtuarascáil 2013 uainn, samhail measúnaithe riosca a thabhairt isteach chun ord tosaíochta a thabhairt do na saincheisteanna atá le seiceáil12.
37 Rinneamar scrúdú ar shamhail measúnaithe riosca Eurostat agus ar an gcaoi ar cuireadh i bhfeidhm é le haghaidh thimthriall fíoraithe 2016-2019 chun saincheisteanna trasnacha ardriosca, Ballstáit agus comhchodanna OIN a shainaithint.
38 Fuaireamar amach go raibh nós imeachta do mheasúnú riosca struchtúrtha agus foirmiúil deartha agus curtha chun feidhme ag Eurostat do thimthriall fíoraithe 2016-2019 ag baint úsáid as critéir mheasúnaithe riosca ábhartha. Chuimsigh siad sin na rioscaí sonracha a bhaineann le tiomsú na gcuntas náisiúnta ag na Ballstáit, chomh maith le méid coibhneasta na gcomhchodanna OIN lena mbaineann, i gcomhréir lenár moladh. Cuireadh dóchúlacht agus tionchar na rioscaí san áireamh sna critéir a úsáideadh chun saincheisteanna trasnacha a shainaithint agus chun réimsí atá faoi réir fíoruithe díreacha a roghnú.
39 Tar éis dó pleanáil a dhéanamh, shainaithin Eurostat 18 saincheist thrasnacha ardriosca ag tús an timthrialla fíoraithe in 2016 (féach Iarscríbhinn IV). Chomh maith leis sin, shann sé trí chatagóir riosca ar na Ballstáit (seacht gcatagóir ardriosca, naoi gcatagóir mheánriosca agus 12 chatagóir ísealriosca), lenar cinneadh an líon íosta d’fhíoruithe díreacha i ngach Ballstát. Rinne Eurostat measúnú riosca a chur i gcrích agus a thabhairt cothrom le dáta freisin, agus ba é roghnú na réimsí d’fhíorú díreach a bhí mar thoradh air.
40 Chun tástáil a dhéanamh ar iomláine liosta na saincheisteanna trasnacha ardriosca a bhí sainaitheanta ag Eurostat, chuireamar na sonraí OIN do bhlianta 2010-2019, a foilsíodh ar an leibhéal náisiúnta, i gcomparáid leis na sonraí OIN le haghaidh acmhainní dílse. Roghnaíomar na blianta sin toisc gurbh í sin an tréimhse a bhí clúdaithe ag timthriall fíoraithe 2016-2019. Chuir an chomparáid sin ar ár gcumas a chinneadh ar tháinig na Ballstáit ar shaincheisteanna suntasacha (a d'fhág go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar a sonraí OIN) nár sainaithníodh i measúnú riosca Eurostat. Níor thángamar ar aon chás den sórt sin.
41 Chuir Eurostat a shamhail measúnaithe riosca i láthair Choiste OIN, mar aon le liosta de na saincheisteanna trasnacha a sainaithníodh agus rátálacha riosca na mBallstát. D’aontaigh Coiste OIN le cur i bhfeidhm na samhla sin agus lena torthaí. Tar éis an timthriall fíoraithe a thabhairt chun críche, mheas beagnach gach freagróir NSI (96 %) inár suirbhé gur shainaithin Eurostat an chuid is mó de na saincheisteanna trasnacha ardriosca nó na saincheisteanna sin go léir mar ba chuí.
42 Léiríonn na fíorais thuas (míreanna 40 agus 41) gur chlúdaigh Eurostat gach saincheist ardriosca ábhartha ina mheasúnú. Mar gheall ar shainaithint iomchuí na réimsí a raibh riosca ag baint leo, cuireadh bonn maith ar fáil chun fíoruithe Eurostat a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta, agus chun na rioscaí a mhaolú go héifeachtach.
Níor bhain Eurostat lán-úsáid as torthaí measúnaithe riosca chun tosaíochta a leagan síos dá fhíoruithe ar na saincheisteanna ba mhó riosca
43 Rinneamar scrúdú féachaint an ndearna Eurostat a chuid fíoruithe i gcomhréir le torthaí a mheasúnaithe riosca, agus ar thug sé tosaíocht do shaincheisteanna ardriosca de réir mar a bhí beartaithe. Bhíomar ag súil leis go ndéanfadh Eurostat fíoruithe ar shaincheisteanna (nó Ballstáit) a mbaineann riosca níos mó leo sula mbreathnódh sé ar shaincheisteanna (nó Ballstáit) a mbaineann riosca níos ísle leo. Ina theannta sin, bhíomar ag súil leis go bhfeicfeadh muid go raibh níos mó oibre déanta le linn an timthrialla i dtaca le saincheisteanna ardriosca ná mar a bhí déanta le saincheisteanna meánriosca nó ísealriosca. Dá mbeadh cur chuige den sórt sin ann, bheadh níos mó ama ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a raibh riosca níos mó ag baint leo sula ndúnfaí an timthriall fíoraithe. D’fhéadfadh sé sin líon na bhforchoimeádas i dtaobh na saincheisteanna sin a laghdú, rud a d’fhágfadh go mbeadh ranníocaíochtaí na mBallstát le buiséad an Aontais níos intuartha.
Tosaíocht do shaincheisteanna trasnacha
44 In 2017, bhain Eurostat úsáid as faisnéis a bailíodh trína fhíoruithe tosaigh chun athmheasúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca, agus chun meastachán a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na 18 saincheist trasnacha a sainaithníodh in 2016 (féach mír 39). Tar éis na hanailíse sin, bhain Eurostat dhá shaincheist den liosta agus laghdaigh sé an obair a bhí beartaithe le haghaidh trí shaincheist a measadh go raibh leibhéal riosca laghdaithe ag baint leo. Dheimhnigh Eurostat an t-ardleibhéal tosaíochta a bhí ann roimhe seo do na 13 shaincheist a bhí fágtha, le ráta ‘an-ard’ ag ceithre cinn agus ráta ‘ard’ ag naoi gcinn ó thaobh an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu.
45 Rinne Eurostat na comparáidí idir tíortha le haghaidh na saincheisteanna trasnacha ardriosca de reir mar a bhí beartaithe, ag déanamh anailís ar fhardail OIN agus, i roinnt cásanna, ag cur ceistneoirí chuig NSInna. I gcás na dtrí shaincheist tosaíochta níos ísle, chuir Eurostat teorainn lena chuid fíoraithe i dtaobh anailís a dhéanamh ar fhaisnéis ó na fardail OIN, agus d’ullmhaigh sé níos lú tuarascálacha ar dhul chun cinn ná mar a d’ullmhaigh sé i gcás na saincheisteanna eile. Ní raibh aon tosaíocht shonrach ann i measc na 13 shaincheist thrasnacha a bhí fágtha, cé gur mheas Eurostat go raibh riosca níos airde ag baint le ceithre shaincheist eile ná na cinn eile.
46 Chun measúnú Eurostat ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar na Ballstáit sin a sheiceáil, rinneamar anailís ar thionchar na bpointí gníomhaíochta ‘A’ atá curtha i bhfeidhm ag Eurostat i leith saincheisteanna trasnacha a bhaineann leis na sé Bhallstát atá clúdaithe ag an iniúchadh seo. Na pointí gníomhaíochta a aistríodh go forchoimeádais, chuireamar san áireamh iad sin freisin nuair a bhí faisnéis ar a dtionchar ar fáil. B’ionann na pointí gníomhaíochta a ndearnamar anailís orthu agus an ceathrú cuid d’iomlán líon na bpointí gníomhaíochta ‘A’ atá curtha i bhfeidhm i leith saincheisteanna trasnacha, rud a thugann le tuiscint cén tábhacht a bhaineann leis na saincheisteanna sin.
47 Fuaireamar amach gur chuir Eurostat pointí gníomhaíochta ‘A’ i bhfeidhm i leith 14 de na 18 saincheist thrasnacha. Léirigh ár n-anailís nach raibh an tionchar féideartha ard nó an-ard a raibh Eurostat ag súil leis ann ach amháin i gcás saincheist thrasnach amháin (i.e. seirbhísí teaghais), a raibh meántionchar de 0.39 % de OIN aige sna sé Bhallstát. Bhí tionchar measartha beag (meántionchar 0.08 % de OIN) ag gabháil leis na pointí gníomhaíochta a cuireadh i bhfeidhm i leithna 13 shaincheist eile a bhí sainaitheanta mar shaincheisteanna a raibh ‘ardriosca’ ag baint leo. Sa bhreis air sin, thug 27 % de fhreagróirí NSI ar ár suirbhé faoi deara nach raibh roinnt saincheisteanna trasnacha ábhartha do gach Ballstát, nó nach raibh ach miontionchar acu ar a sonraí OIN. Bhí cuid de na saincheisteanna sin faoi réir forchoimeádais shonracha nó thrasnacha, agus mar sin d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ann fós ar chríochnú na hoibre leanúnaí.
48 Cé go bhfuil sé deacair an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag saincheist shonrach a mheas sula gcuirtear tús leis an obair fíoraithe, is fearr atá Eurostat in ann measúnú a dhéanamh ar an tionchar le linn an timthrialla, de réir mar a bhíonn tuilleadh faisnéise ar fáil ón anailís ar fhardail OIN. Mar sin féin, níor raibh tuilleadh tosaíochta déanta ar an obair i ndiaidh na faisnéise sin.
Tosaíocht bunaithe ar leibhéal riosca na mBallstát
49 Mar a luaitear i mír 20, bheartaigh Eurostat tosaíocht a leagan síos dá fhíoruithe bunaithe ar leibhéal riosca na mBallstát. Tá sé beartaithe an méid sin a bhaint amach laistigh de phunann na mBallstát a leithdháiltear ar gach oifigeach deisce. Dá bhrí sin, bhíomar ag súil leis go ndíreodh Eurostat a chuid fíoraithe ar Bhallstáit ardriosca agus meánriosca sa chéad chuid den timthriall fíoraithe, agus na fíoruithe do na Ballstáit a mbaineann riosca íseal leo a fhágáil go dtí an chuid is déanaí den timthriall (féach Iarscríbhinn III).
50 Rinneamar anailís ar an ord inar chuir na hoifigigh deisce pointí gníomhaíochta i bhfeidhm mar thoradh ar a bhfíoruithe, chun a dhéanamh amach ar thug siad tosaíocht do Bhallstáit ar bhain riosca níos airde leo. Tá cur i bhfeidhm pointí gníomhaíochta an-tábhachtach sa timthriall fíoraithe, mar gheall gurb í seo an uair a chuireann Eurostat fógra chuig Ballstáit faoi shaincheisteanna atá sainaitheanta, agus d’fhéadfadh sé go gcuirfidís tús le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Sheachnaíomar pointí gníomhaíochta a cuireadh i bhfeidhm i leith saincheisteanna trasnacha, ós rud é go bhféadfaí cuid acu sin a chur i bhfeidhm níos déanaí sa timthriall fíoraithe mar gheall ar an ngá atá ann le comparáid a dhéanamh idir na modheolaíochtaí éagsúla a úsáideann Ballstáit.
51 Fuaireamar go ndearna oifigigh deisce na fíoruithe le haghaidh trí cinn de na seacht mBallstát ardriosca go luath sa timthriall fíoraithe, roimh Bhallstáit eile ina bpunann lena mbaineann riosca níos ísle. Maidir leis an gceithre cinn eile, fuaireamar an méid seo a leanas:
- i gcás dhá Bhallstát ardriosca, bhí tús curtha ag na hoifigigh deisce le pointí gníomhaíochta a chur i bhfeidh tar éis é sin a bheith déanta acu do Bhallstáit eile (ceann ísealriosca amháin agus ceann ardriosca amháin);
- i gcás Bhallstát ardriosca amháin, rinne an t-oifigeach deisce fíoruithe ag an am céanna leis na fíoruithe ar Bhallstát lena mbaineann riosca íseal, rud a laghdaigh an t-am a leithdháileadh ar an tír ardriosca;
- i gcás an Bhallstáit ardriosca a bhí fágtha, thosaigh an t-oifigeach deisce ag cur pointí gníomhaíochta i bhfeidhm go measartha déanach sa timthriall fíoraithe (mí an Mheithimh 2017), cé nach raibh aon Bhallstát eile ina bpunann.
52 Ar an iomlán, thug na hoifigigh dheisce tosaíocht d’fhíoruithe ar Bhallstáit meánriosca thar na tíortha sin a raibh riosca íseal ag baint leo. Mar sin féin, d’aimsíomar cás amháin ina raibh ar an oifigeach deisce trí Bhallstát a sheiceáil (Ballstát ísealriosca amháin agus dhá Bhallstát mheánriosca), agus thug an t-oifigeach sin tosaíocht do na fíoruithe ar an mBallstát a raibh riosca íseal ag baint leis.
53 Fuaireamar gur bhain thart ar an gceathrú cuid de na forchoimeádais a bhaineann go sonrach le hidirbhearta agus a bhí curtha i bhfeidhm ag Eurostat ag deireadh an timthrialla fíoraithe le ceithre Bhallstáit ardriosca, nach raibh tosaíocht éifeachtach leagtha síos dóibh (féach mír 51). Cé go bhféadfadh sé go mbíonn roinnt saincheisteanna modheolaíochta casta ó nádúr agus go mbeadh gá le forchoimeádais fiú sa chás go leagfaí tosaíocht síos dóibh, is amhlaidh dá ndéanfaí iad a shainaithint ag céim níos túisce go mbeadh seans níos fearr ag na Ballstáit ardriosca aghaidh a thabhairt orthu roimh dhúnadh an timthrialla.
Tosaíocht trí fhíoruithe díreacha
54 Mar atá luaite i mír 20, bheartaigh Eurostat na réimsí le haghaidh fíorú díreach a roghnú as comhthiomsú de na réimsí sonracha do thiomsú OIN a raibh riosca ard ag baint leo, mar a sainaithníodh ina shamhail measúnaithe riosca. Choimeád Eurostat an ceart chuige féin modhnú a dhéanamh ar chomhdhéanamh an chomhthiomsaithe a d’eascair as an tsamhail measúnaithe riosca bunaithe ar mhachnamh cáilíochtúil. Leagann an nós imeachta measúnaithe riosca amach an líon íosta d’fhíoruithe díreacha mar seo a leanas:
- Ballstáit ísealriosca: ceann amháin;
- Ballstáit meánriosca: trí cinn;
- Ballstáit ardriosca: ceithre cinn.
55 Rinneamar a sheiceáil ar chuir Eurostat an tsamhail measúnaithe riosca i bhfeidhm chun an comhthiomsú réimsí le haghaidh fíorú díreach a chinneadh, chun réimsí roghnaithe as an gcomhthiomsú a chinneadh (nó ar chuir sé bonn cirt ar fáil i gcás nárbh amhlaidh an cás), agus an ndearna sé ar a laghad an líon íosta d’fhíoruithe díreacha is gá do gach catagóir riosca.
56 Fuaireamar gur chuir Eurostat an tsamhail measúnaithe riosca i bhfeidhm chun an comhthiomsú réimsí le haghaidh fíorú díreachh a chinneadh, de réir mar a bhí beartaithe. I gcás ocht gcinn de na 28 mBallstát, áfach, chinn oifigigh dheisce Eurostat fíoruithe díreacha a dhéanamh do réimsí nár roghnaíodh sna comhaid measúnaithe riosca, d’fhonn an líon íosta fíoruithe a bhaint amach. Cé gur féidir machnamh cáilíochtúil a dhéanamh ar an nós imeachta, ní dhearnadh an t-údar leis an gcinneadh sin a dhoiciméadú. Cuireann sé sin bac ar an bhforléargas atá ag Eurostat ar na cúiseanna a bhí ag na hoifigigh dheisce le torthaí an mheasúnaithe riosca a mhodhnú, agus ar a anailís ar an bhféidearthacht atá ann chun feabhas a chur ar an tsamhail trí chritéir riosca a dhéanamh de chuid de na cúiseanna sin.
57 Rinne Eurostat ar a laghad an líon íosta d’fhíoruithe díreacha a cheanglaítear a dhéanamh de réir an leibhéal riosca do gach Ballstát. Léiríonn sé sin go ndearna Eurostat clúdach maith ar na réimsí a bhfuil riosca ag baint leo, agus go ndearna sé níos mó ama agus acmhainní a leithdháileadh le haghaidh fíoruithe díreacha i mBallstáit lena mbaineann riosca níos airde, de réir mar a bhí beartaithe. I gcás 11 de na 28 mBallstát, rinne Eurostat níos mó fíoruithe díreacha ná an líon íosta ba ghá, agus roghnaigh sé idir réimse amháin agus ceithre réimse breise le haghaidh na bhfíoruithe.
Tosaíocht na bpointí gníomhaíochta
58 Níor bhunaigh ná níor léirigh Eurostat an leibhéal tosaíochta a bhí le tabhairt ag NSInna do na pointí gníomhaíochta a raibh riosca níos mó ag gabháil leo agus a bhféadfadh tionchar níos mó a bheith acu mar sin, mar shampla, trína iarraidh ar NSInna tús a chur leis an obair níos túisce nó spriocdhátaí a shocrú níos túisce. Ba faoi gach NSI a bhí sé cinneadh a dhéanamh i dtaca leis an ord ina raibh aghaidh le tabhairt ar na pointí gníomhaíochta, bunaithe ar na spriocdhátaí a chomhaontaigh sé le Eurostat.
59 Nuair nach gcuireann Eurostat cad iad na saincheisteanna tosaíochta, féadann NSInna a chinneadh a gcuid acmhainní a leithdháileadh ar phointí gníomhaíochta a bhfuil sé níos éasca aghaidh a thabhairt orthu, agus na pointí sin atá níos casta agus a éilíonn athruithe modheolaíochta níos suntasaí a chur siar. De réir Eurostat, tá sé inchreidte glacadh leis go mbaineann na pointí gníomhaíochta atá aistrithe isteach ina bhforchoimeádais le saincheisteanna atá níos casta agus/nó níos mó ná na pointí a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu agus iad a dhúnadh ar bhealach níos tapúla, agus dá bhrí sin beidh athbhreithnithe níos mó ann mar thoradh orthu.
Thug Eurostat tacaíocht leormhaith do Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ardriosca, ach níor fhreagair sé saincheist an domhandaithe ar bhealach tráthúil
Tacaíocht agus treoraíocht do na hOifigí Staidrimh Náisiúnta
60 Chun é a chur ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ardriosca ar bhealach tráthúil, ba cheart do Eurostat tacaíocht agus treoraíocht leormhaith a chur ar fáil do NSInna.
61 Fuaireamar gur thacaigh Eurostat go héifeachtach, ar an iomlán, le NSInna ina ndícheall dul i ngleic leis na saincheisteanna trasnacha. Rinneadh an méid sin go sonrach ar an tslí seo a leanas: foghrúpaí a chur ar bun chun gnéithe modheolaíochta laistigh den Ghrúpa Saineolaithe OIN a shoiléiriú; obair a chomhordú i dtaobh treoirlínte a fhorbairt le haonaid eile laistigh de Eurostat agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta; ceardlann a eagrú; agus próiseas píolótach a sheoladh chun anailís a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí fiontar ilnáisiúnta (FINanna). D’ullmhaigh sé tuarascálacha dul chun cinn agus tuarascálacha críochnaitheacha ina bhfuil faisnéis faoin obair a rinne sé chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus ar na réitigh a ghlac NSInna éagsúla.
62 Ba mhór ag freagróirí NSI inár suirbhé an tacaíocht, an treoraíocht agus an fhaisnéis a chuir Eurostat ar fáil le linn an timthrialla fíoraithe. Thuairiscigh gach NSI go raibh dea-chomhar nó sár-chomhar acu le Eurostat, agus d’aontaigh 88 % de na NSInna go raibh treoraíocht leormhaith agus thráthúil curtha ar fáil ag Eurostat i bhformhór na gcásanna. Sa bhreis air sin, chomhaontaigh na NSInna go léir gur chuir Eurostat faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le scóip agus dul chun cinn a fhíoruithe.
63 Chuir dhá NSI i dtreis gur chuir Eurostat treoraíocht ar fáil i dtaca le liúntais laethúla tar éis an forchoimeádas a chur i bhfeidhm – in ionad roimh an forchoimeádas a chur i bhfeidhm, rud a bhí amhlaidh freisin i dtaca le corrlaigh ar shócmhainní airgeadais trádála. Mhol na NSInna freisin go gcuirfeadh Eurostat treoraíocht níos soiléire agus/nó níos praiticiúla ar fáil, go n-eagródh sé níos mó cruinnithe déthaobhacha idir oifigigh dheisce agus NSInna, agus go gcuirfeadh sé níos mó tacaíochta teicniúla ar fáil.
Freagairt Eurostat ar dhúshláin an domhandaithe
64 Ciallaíonn domhandú go n-eagraíonn gnólachtaí a ngníomhaíochtaí ar bhonn idirnáisiúnta agus go n-athlonnaíonn siad a n-oibríochtaí nó a sócmhainní chun leas a bhaint as córais chánach bhuntáisteacha. Tá sé dúshlánach do Eurostat agus do NSInna cuntas ceart a thabhairt ar na gníomhaíochtaí sin sna ríomhanna OIN, toisc nach féidir le haon NSI a fheiceáil ach gníomhaíochtaí eacnamaíocha d’eagraíochtaí a oibríonn ina ndlínse féin.
65 Sheiceáileamar ar thug Eurostat freagra ar bhonn tráthúil ar an tsaincheist sin, agus an raibh a chur chuige (treoraíocht agus tacaíocht a chur ar fáil do NSInna, agus forchoimeádas a chur i bhfeidhm ar deireadh) éifeachtach i dtaca le dearbhú réasúnach a fháil a bhaineann le hoiriúnacht na gcóras cuntas náisiúnta atá curtha ar bun chun tionchar an domhandaithe ar OIN a thomhas.
66 Fuaireamar gur tháinig na saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí FIN a thomhas i gcuntais náisiúnta roimh thús thimthriall fíoraithe OIN 2016-2019, agus go bhféadfadh Eurostat aghaidh a thabhairt orthu níos luaithe. Bhí roinnt comharthaí ann (chomh luath le 2011) go mbeadh tionchar suntasach ag an domhandú agus ag na hathruithe gaolmhara sna creataí cuntasaíochta ar chuntais náisiúnta, rud a d’éileodh anailís níos doimhne chun réitigh phraiticiúla a shainaithint, amhail próifíliú FIN arna chomhordú ar leibhéal an Aontais (féach Bosca 4).
Comharthaí go raibh gá le réitigh phraiticiúla mar gheall ar shaincheist an domhandaithe
- Thug Córas na gCuntas Náisiúnta 2008 (creat staidrimh idirnáisiúnta) agus CCE 2010 rialacha nua isteach maidir le samhlacha gnó domhandaithe a thaifeadadh.
- Thug Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ar aire in 2011 gur cheart suirbhéanna nua a spriocdhíriú ar FINanna chun tomhas díreach ar a n-idirbhearta a chumasú.
- Thug an grúpa saineolaithe de Stiúrthóirí an Staidrimh Mhaicreacnamaíoch sa Choimisiún ar aire in 2012 agus 2014 nár éirigh leis an treoraíocht a bhí ar fáil aghaidh a thabhairt ar thaighde agus forbairt in FINanna agus gur chruthaigh an domhandú agus FINanna fadhbanna nua do chuntais náisiúnta, rud a d’éiligh réitigh amhail próifíliú.
- In 2014, spreag athruithe sa chóras CBL agus deireadh a chur le roinnt scéimeanna íoslaghdaithe cánach san Aontas athruithe meara ar an tsamhail ghnó i gcás roinnt FINanna.
67 Cé gur shainaithin Eurostat an riosca a bhaineann leis an domhandú agus gur thug sé tacaíocht do na Ballstáit cheana féin i dtaca le gnéithe áirithe den domhandú, ní raibh córas i bhfeidhm aige, roimh 2016, chun cuidiú leis na Ballstáit athlonnú gníomhaíochtaí FIN a bhrath agus comhar éifeachtach a áirithiú idir na Ballstáit chun próifíliú FIN a éascú.
68 I mí Iúil 2016, thuairiscigh Éire méadú 24 % (€39 mbilliún) ar shonraí OIN do 2015 i gcomparáid le 2014, mar gheall ar athlonnú sócmhainní ag cúpla FIN mór. Scrúdaigh Eurostat an mhodheolaíocht a bhí mar bhonn leis na sonraí OIN arna dtuairisciú ag Éirinn, agus bhailíochtaigh an Coiste OIN na sonraí sin.
69 Tar éis dó an tsaincheist a shainaithint in Éirinn, thosaigh Eurostat ag tabhairt aghaidh níos praiticiúla ar shaincheist na ngníomhaíochtaí FIN. Bhunaigh sé meithleacha nua ar an ábhar, agus sheol sé próisis bailithe faisnéise agus próiseas píolótach (féach mír 60), chun cuidiú le beachtas thaifeadadh na saincheisteanna domhandaithe i sonraí OIN agus na fadhbanna a bhaineann go dlúth leo a dhéanamh amach. Mhol Eurostat freisin go dtabharfaí isteach Córas Luathrabhaidh chun athstruchtúrú FINanna a bhrath. Dá mba rud é go mbeadh na tionscnaimh sin seolta níos luaithe aige, chuirfeadh sé sin ar chumas NSInna faisnéis ábhartha a bhailiú ó FINanna ag céim luath.
70 Ag deireadh an timthrialla fíoraithe, tháinig Eurostat ar an gconclúid gur ghá do na Ballstáit uile tuilleadh oibre a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an domhandú. Chuir an Coimisiún forchoimeádas trasnach i bhfeidhm chuige sin, agus spriocdháta mhí Mheán Fómhair 2022 ag gabháil leis. Is é sin an forchoimeádas is tábhachtaí de na cúig fhorchoimeádas trasnacha a socraíodh ag deireadh thimthriall fíoraithe 2016-2019 (féach Iarscríbhinn V), mar gheall ar a chastacht agus a raon feidhme leathan. Cé go bhfuil feidhm ag na ceithre fhorchoimeádas thrasnacha eile maidir le sonraí OIN ó 2010 ar aghaidh, chinn an Coimisiún teorainn a chur ar an bhforchoimeádas trasnach i dtaca le domhandú a chur i bhfeidhm do na blianta ó 2018 ar aghaidh.
71 Is é an toradh atá ar theorainn a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an fhorchoimeádais seo ná go bhfuil lagú déanta ar inchomparáideacht, beachtas agus uileghabhálacht shonraí OIN na mBallstát atá tuairiscithe don tréimhse ó 2010 go 201713. D’fhéadfadh sé nár thug roinnt Ballstát cuntas cuí ar an bhfeiniméan sin ina gcuntais náisiúnta roimh 2018, ach gur thuairiscigh Ballstáit eile (amhail Éire) sonraí beachta don tréimhse sin.
72 Thug an Coimisiún (Eurostat agus AS BUDG) údar maith leis an teorannú ar an tréimhse trí thagairt a dhéanamh don deacracht phraiticiúil a bhain leis an bhfaisnéis riachtanach a fháil ó FINanna sna blianta roimhe sin. Mheas sé nach raibh an éiginnteacht bhuiséadach a cruthaíodh le forchoimeádas OIN a bhí fós i bhfad gan réiteach ag gabháil go comhréireach leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar OIN14. Cé go bhfuil bonn cirt le prionsabal na costéifeachtúlachta a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le raon feidhme forchoimeádais, ba cheart an méid sin a bhunú ar fhaisnéis leormhaith a bhaineann leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tsaincheist atá i gceist. D’fhógair an Coimisiún go ndearnadh tabhairt chun críche phróiseas píolótach MNE ag Eurostat, nár sainaithiníodh mórshaobhadh ar OIN ann, a chur san áireamh ina chinneadh. Mar sin féin, níor bhain an próiseas píolótach ach le sampla beag de MNEnna agus le haon bhliain amháin (2016). Ní chuireann sé sin fianaise leordhóthanach ar fáil a bhaineann leis na blianta roimh 2018.
73 Tá roinnt comharthaí ann go raibh tionchar suntasach ag an domhandú ar chuntais náisiúnta roimh 2018, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hathruithe ar OIN. Mar shampla, thuairiscigh trí Bhallstát do Eurostat in 2017 gur thug siad faoi deara, ó 2010 i leith, go raibh cásanna sonracha athlonnaithe ann ag cuideachtaí a raibh sócmhainní suntasacha acu (níos mó ná €100 milliún) chuig a dtír féin nó óna dtír féin. Chuir Ballstát amháin faisnéis ar fáil i mí Mheán Fómhair 2021 maidir leis na hathbhreithnithe suntasacha ar a shonraí OIN i gcomhthéacs trí fhorchoimeádas OIN, lena n-áirítear an forchoimeádas maidir leis an domhandú (a bhí curtha chun feidhme go páirteach ag an am). Bhí comhthionchar na trí bhforchoimeádas sin ag dul ó -2.0 % (2010) go 16.3 % de OIN (2012), idir 2010 agus 2019.
74 I dtuarascáil bhliantúil 2020, mholamar gur cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí OIN do na blianta roimhe sin i gcás ina mbeadh difríocht shuntasach idir na Ballstáit i dtaca leis an tionchar a bheadh ag gabháil leis an bhforchoimeádas thuasluaite a chealú. Is éard is cúis leis an moladh sin ná an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas faoi na himpleachtaí féideartha don bhuiséad ioncaim ó 2010 i leith a bheadh ag staidreamh athbhreithnithe a bheadh ann dá bharr. Níor ghlac an Coimisiún leis an moladh sin toisc gur mheas sé gurbh iomchuí sceideal ama an fhorchoimeádais i dtaca leis an domhandú, i.e. do na blianta ó 2018 ar aghaidh.
75 Mheas beagnach leath na NSInna a thug freagra ar ár suirbhé nár áirithíodh inchomparáideacht, beachtas agus uileghabhálacht shonraí OIN na mBallstát le raon feidhme an fhorchoimeádais thrasnaigh i dtaca leis an domhandú. Bhain cuid de na cúiseanna a tugadh dó sin leis na nithe seo a leanas: castacht agus nádúr sonrach na saincheiste seo (níos ábhartha do thíortha a bhfuil córais chánach iomaíocha acu); an líon beag FINanna a clúdaíodh ann; agus an fíoras nach bhfuil na blianta roimh 2018 clúdaithe leis an bhforchoimeádas, rud a d’fhéadfadh inchomparáideacht mheastacháin OIN na mBallstát a laghdú.
Cuireadh timthriall fíoraithe OIN i gcrích de réir mar a bhí beartaithe, ach bhí tionchar ag laigí áirithe ar a éifeachtúlacht
Ar an iomlán, chuir an Coimisiún na fíoruithe i gcrích de réir mar a bhí beartaithe, agus chuir sé a thorthaí in iúl go tráthúil
76 Braitheann intuarthacht na ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN ar thráthúlacht an timthrialla fíoraithe agus ar a thapa a chuireann an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoina thorthaí (coigeartuithe ar ranníocaíochtaí íoctha), i gcomparáid leis an spriocdháta íocaíochta le haghaidh ranníocaíochtaí. Rinneamar seiceáil an raibh timthriall fíoraithe OIN curtha i gcrích ag Eurostat de réir mar a bhí beartaithe (in 2019), agus ar chuir AS BUDG na Ballstáit ar an eolas go tráthúil i dtaobh na gcoigeartuithe ar a ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN, rud a d’fhágfadh go mbeifí in ann an buiséad a phleanáil go héifeachtach.
77 D’ainneoin líon ard na saincheisteanna modheolaíochta a d’eascair as creat nua cuntasaíochta (CCE 2010) a thabhairt isteach, chríochnaigh Eurostat na fíoruithe a bhí beartaithe do thimthriall 2016-2019 in am, ach amháin i gcás na Fraince. Tharla sé sin mar gheall gur cuireadh fardal OIN na Fraince isteach déanach (féach mír 15). Mar sin féin, tá saincheisteanna fós gan réiteach ann sa mhéid go gcuirtear forchoimeádais i bhfeidhm a chuireann síneadh leis na fíoruithe go dtí tráth i ndiaidh chríochnú oifigiúil an timthrialla fíoraithe (féach míreanna 07 agus 08).
78 Mar thoradh ar a fhíoruithe, chuir an Coimisiún thart ar 1 200 pointe gníomhaíochta agus 300 forchoimeádas i bhfeidhm, ar méadú é ar an líon díobh a bhí sa timthriall fíoraithe roimhe sin (féach Fíor 4). Baineann na forchoimeádais le breis agus 10 mbliana de shonraí OIN agus d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar ranníocaíochtaí na mBallstát amach anseo. Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na forchoimeádais sin go léir i mí Mheán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Faoi 2017, bhí formhór na bhforchoimeádas a bhain leis an timthriall fíoraithe roimhe sin (go ginearálta le tionchar ar shonraí ó 2002 go 2010) cealaithe ag Eurostat.
Fíor 4 – An t-athrú ar líon na bpointí gníomhaíochta agus na bhforchoimeádas idir dhá thimthriall fíoraithe i ndiaidh a chéile
Foinse: CIE, bunaithe ar thuarascáil deiridh Eurostat maidir le timthriall fíoraithe 2016-2019, tuarascálacha ar chuairteanna faisnéise ó thimthriall fíoraithe 2007-2012, agus Tuarascáil speisialta 11/2013 CIE.
79 Ó thaobh na cumarsáide de, fuaireamar amach gur chuir AS BUDG na Ballstáit ar an eolas go tráthúil faoi na coigeartuithe ar na ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN , go príomha toisc go ndearnadh leasuithe ar reachtaíocht ábhartha an Aontais a thug níos mó ama chun íocaíocht a dhéanamh.
80 In 2016, rinneadh leasú ar Rialachán AE chun na méideanna d’acmhainní dílse a chur ar fáil15 (‘MAR’) a d’fhág go raibh níos mó ama ann idir an dáta a gcuirfeadh AS BUDG na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna iníoctha (1 Feabhra gach bliain) agus an dáta ar ghá na méideanna sin a chur ar fáil (1 Meitheamh na bliana céanna). Glacadh leasú nua ar MAR i mí Aibreáin 202216. Chuir sé síneadh arís leis an spriocdháta chun na coigeartuithe ar acmhainní dílse bunaithe ar OIN a chur ar fáil, ó mhí an Mheithimh gach bliain go mí an Mhárta sa bhliain dár gcionn. Thacaíomar leis an athrú sin, ós rud é gur laghdaigh sé tuilleadh an éiginnteacht bhuiséadach do na Ballstáit agus, ag an am céanna, go raibh sé neodrach ó thaobh bhuiséad an Aontais de17.
81 Agus athrú 2022 ar MAR á chur san áireamh, deimhníonn na freagraí ar an suirbhé a sheolamar chuig na húdaráis náisiúnta (atá freagrach as acmhainní dílse a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais), go bhfuil an fhaisnéis a chuir an Coimisiún ar fáil faoi choigeartuithe tráthúil agus leordhóthanach chun gur féidir pleanáil bhuiséadach éifeachtach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta (de réir 9 as 10 n-údarás náisiúnta a thug freagra).
Sheiceáil Eurostat go leor saincheisteanna a raibh tionchar íseal acu ar OIN
82 Chun éifeachtúlacht a fheabhsú, is féidir tairseach ábharthachta a úsáid chun spriocdhíriú ar fhíoruithe ar shaincheisteanna ar dócha go mbeidh tionchar mór acu ar OIN. Thug Eurostat tairseach ábharthachta 0.1 % de OIN isteach do thimthriall fíoraithe 2016-2019. Mheas sé nach raibh gá le tuilleadh gníomhaíochta i dtaca le saincheisteanna a raibh tionchar acu a bhí faoi bhun na tairsí sin. Rinneamar scrúdú ar an mbonn do Eurostat lena socraítear an tairseach ábharthachta ag 0.1 % de OIN agus ar a mhéid a léiríodh é ina chuid fíoruithe.
Leibhéal na tairsí ábharthachta
83 Níor bhunaigh Eurostat an tairseach ábharthachta 0.1 % ar aon mhúnla nó tagairt ar leith ó chleachtais staidrimh idirnáisiúnta. Léirigh ár léirbhreithniú ar ábhar léitheoireachta agus suirbhé an NSI nach n-úsáidtear coincheap na hábharthachta go forleathan i gcúrsaí staidrimh. Tá údar cuí le tairseach a chur i bhfeidhm i ngeall ar chineál uathúil thimthriall fíoraithe OIN. Ní mór do thimthriall fíoraithe OIN dearbhú a thabhairt maidir le cáilíocht na sonraí staidrimh i bhfianaise an tionchair airgeadais a bheidh aige ar ranníocaíochtaí na mBallstát le buiséad an Aontais. Cuireadh an leibhéal ábharthachta atá beartaithe faoi bhráid Choiste OIN, a chomhaontaigh lena chur i bhfeidhm mar mhodh chun cur i bhfeidhm phrionsabal na costéifeachtúlachta a áirithiú (féach míreanna 05 agus 17).
84 Léiríonn rogha Eurostat 0.1 % den OIN a úsáid don tairseach ábharthachta an t-ardleibhéal grinnscrúdaithe ar shonraí OIN agus lamháltas íseal i dtaobh aon mhíchruinneas nó laigí modheolaíochta a d’fhéadfaí a bhrath le linn an timthrialla fíoraithe. Léiríonn an t-ábhar léitheoireachta a ndearnamar léirbhreithniú air18 gur sraith staidrimh eacnamaíoch an-chasta iad na cuntais náisiúnta. Ós rud é go gcomhcheanglaíonn siad líon mór foinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha, a chlúdaíonn gnéithe éagsúla den gheilleagar chun teacht ar OIN agus príomhtháscairí eile, is deacair leibhéal an-ard cruinnis a áirithiú. Sonraíonn téacsleabhar na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i dtaca le cuntais náisiúnta19 ‘gur dul amú a bheadh ann a cheapadh go bhfuil an leibhéal cruinnis i ndáil le leibhéil OTI níos lú ná roinnt pointí céatadáin’. I gcás cuid de chomhchodanna OIN, is féidir leis an gcorrlach intuigthe diallais (earráid sa tomhas) sna figiúirí measta a bheith i bhfad níos airde ná 0.1 %.
85 I ngeilleagair a bhfuil OIN réasúnta beag acu i gcomparáid le meán AE, ach atá neamhchosanta ar an ngeilleagar domhanda ag an am céanna, ciallaíonn an tairseach 0.1 %, i ndáiríre, go mbeadh beagnach aon idirbheart nó gníomhaíocht airgeadais a dhéanann cuideachtaí móra idirnáisiúnta ina idirbheart nó gníomhaíocht ábharthach. Mar shampla, i Málta ba é €13 mhilliún an tairseach ábharthachta in 2019, ach i gcás na Gearmáine bhí sé beagnach 300 uair níos airde (€3.6 billiún). Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an iarracht is gá chun imscrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna atá os cionn na hábharthachta díréireach leis na hacmhainní atá ar fáil i gcuid de na Ballstáit.
86 Sna freagraí a thug siad ar ár suirbhé, mheas 85 % de na NSInna gur tairseach ábharthachta oiriúnach a bhí in 0.1 %, cé gur mheas 11 % díobh go raibh sé ró-íseal. Mar sin féin, dúirt 39 % de na freagróirí go raibh an timthriall fíoraithe éifeachtúil i bpáirt (35 %) nó neamhéifeachtúil (4 %). Ba é an chúis ba mhó a tugadh don fhreagra ‘éifeachtach go páirteach’ (90 % de na cásanna) ná go raibh an iomarca saincheisteanna a raibh tionchar íseal acu ar OIN clúdaithe i bhfíoruithe Eurostat.
Cur i bhfeidhm na tairsí ábharthachta
87 Bhíomar ag súil go gcuirfeadh Eurostat an tairseach ábharthachta i bhfeidhm aon uair a bhí leordhóthain faisnéise ann chun measúnú réasúnach a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar OIN. Chuirfeadh sé sin deireadh le seiceálacha mionsonraithe ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith neamhábharthach sa deireadh.
88 De réir nósanna imeachta Eurostat, ba cheart an tairseach ábharthachta a chur san áireamh ag roinnt céimeanna éagsúla sa timthriall fíoraithe. Ní cheanglaítear ar na Ballstáit beart a dhéanamh má léiríonn siad nach bhfuil tionchar na saincheiste ábharthach (féach Tábla 1):
| Céim sa timthriall fíoraithe | Gníomhaíocht atá le déanamh má léiríonn NSI neamhábharthacht |
|---|---|
| Fardal OIN a ullmhú | Is féidir an tuairisc ar an bpointe ábhartha a fhágáil ar lár ón bhfardal, sa chás go bhfuil a sciar ag léiriú níos lú ná 0.1 % de OIN an Bhallstáit, agus má tá údar cuí leis. |
| Easnaimh i dtiomsú OIN a shainaithint | Ní gá tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh. |
| Pointí gníomhaíochta/ forchoimeádais a chur i bhfeidhm | Níl aon phointe gníomhaíochta ná forchoimeádas curtha i bhfeidhm. |
| Pointí gníomhaíochta/ forchoimeádais a dhúndh/a chealú | Is féidir an pointe gníomhaíochta nó an forchoimeádas a dhúnadh/a chealú gan an t-easnamh a cheartú. |
Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid Eurostat a bhaineann le cur i bhfeidhm na tairsí ábharthachta.
89 Agus a bhfardail OIN á n-ullmhú acu, fuaireamar gur roghnaigh NSInna go ginearálta tuairisc iomlán a thabhairt ar chomhchodanna OIN, gan beann ar ábharthacht. Ós rud é go n-úsáideann raon leathan páirtithe leasmhara (lena n-áirítear Eurostat) fardail OIN a bhfuil leasanna éagsúla acu san fhaisnéis a chuirtear i láthair, is cur chuige réasúnta é seo chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais.
90 Agus anailís á déanamh ar fhardail OIN chun easnaimh a shainaithint agus chun soiléiriú a fháil ó NSInna, níor bhreithnigh oifigigh dheisce Eurostat an ábharthacht – ach amháin má chuir NSInna an fhaisnéis sin ar fáil go sainráite. I gcás na sé Bhallstát a roghnaíomar, chuir na hoifigigh dheisce níos mó ná 1 100 ceist ar na NSInna chun gnéithe áirithe a shoiléiriú tar éis dóibh anailís a dhéanamh ar na fardail OIN. Rinneadh formhór na gceisteanna sin a shoiléiriú sula ndearnadh pointí gníomhaíochta díobh, toisc gur sholáthair NSInna an fhaisnéis riachtanach, nó toisc gur chruthaigh siad go raibh an tsaincheist neamhábharthach. Rinneadh pointí gníomhaíochta de na ceisteanna a bhí fágtha (thart ar an gceathrú cuid), agus rinneadh forchoimeádais de chuid acu sin (féach Fíor 5).
Fíor 5 – Pointí gníomhaíochta agus forchoimeádais mar chion de cheisteanna Eurostat (sé Bhallstát roghnaithe)
Foinse: CIE, bunaithe ar Cheistneoirí Measúnaithe Fardail OIN de chuid Eurostat le haghaidh na sé Bhallstát roghnaithe agus bunachair sonraí de phointí gníomhaíochta agus forchoimeádais.
91 Maidir leis na pointí gníomhaíochta a scrúdaíomar, ní dhearna na hoifigigh dheisce measúnú ar an tionchar féideartha ar OIN trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bhí ann cheana ón bhfardal OIN (amhail ábharthacht na comhchoda OIN lena mbaineann), faisnéis phoiblí, ná doiciméid nó tuarascálacha eile a bhí ar fáil in Eurostat. Níor chuir nósanna imeachta fíorúcháin Eurostat de cheangal ar oifigigh dheisce faisnéis tosaigh a bhailiú go córasach ó NSInna maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag pointí gníomhaíochta. Ó na sé Bhallstát a roghnaíomar, níor chuir ach an Ísiltír an cineál sin faisnéise tosaigh ar fáil do na pointí gníomhaíochta go léir, agus is i líon an-teoranta de chásanna a rinne NSInna eile amhlaidh. D’fhéadfadh sé gurb í an chúis a bhí leis sin ná go bhfuil sé deacair a chruthú go fíorshoiléir cén tionchar a bheadh ag pointe gníomhaíochta sula réitítear an bhuncheist mhodheolaíochta.
92 Chun a fháil amach an raibh na réamh-mheastacháin sin ar an tionchar féideartha a bhí ag gabháil leo déanta go beacht, bhailíomar an fhaisnéis is déanaí a bhí ar fáil i ndáil leis na meastacháin críochnaitheacha do na sé Bhallstát. I measc na bpointí gníomhaíochta a raibh tionchar neamhábharthach tuartha ag NSInna ina leith, bhí an tionchar deiridh a bhí ag 75 % díobh faoi bhun na tairsí ábharthachta. Léiríonn sé sin go raibh leibhéal ard beachtais ag gabháil leis na réamh-mheastacháin. I gcás ina bhfuair Eurostat meastacháin den sórt sin, lean na hoifigigh dheisce dá bhfíoruithe agus d’iarr siad faisnéis bhreise go dtí gur mheas siad go raibh aghaidh leordhóthanach tugtha ar shaincheist na modheolaíochta agus go raibh an fhaisnéis ar fad curtha ar fáil ag NSInna maidir leis an tionchar deiridh ar OIN.
93 I gcás na sé Bhallstát a ndearnamar anailís orthu, chuir Eurostat an tairseach ábharthachta i bhfeidhm den chuid is mó ag an gcéim dheiridh dá fhíoruithe ar phointí gníomhaíochta, chun cinneadh a dhéanamh ar cheart do na NSInna a gcuid sonraí OIN a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh. Bhí tionchar ag an gcur chuige sin ar éifeachtúlacht an timthrialla fíoraithe toisc gur thug acmhainní Eurostat agus NSInna araon faoi shaincheisteanna a réiteach nach dócha go mbeadh siad ábharthach de réir na faisnéise tosaigh.
94 Rinneamar anailís níos doimhne ar 15 phointe gníomhaíochta le tacaíocht ó shaineolaithe neamhspleácha. Thugamar faoi deara go ligfeadh an fhaisnéis a bhí ar fáil do Eurostat nuair a bhí pointí gníomhaíochta á gcur i bhfeidhm acu (nó go gairid ina dhiaidh sin) do na hoifigigh dheisce cinneadh a dhéanamh ar cheart obair leantach a dhéanamh ar an tsaincheist. Bhí an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, cuireadh i láthair í sna fardail OIN, nó chuir NSInna ar fáil í go gairid tar éis na pointí gníomhaíochta a bheidh curtha i bhfeidhm. Cuireann Bosca 5 samplaí i láthair de na pointí gníomhaíochta ina raibh faisnéis den chineál sin ar fáil go héasca, agus nár dhócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhfaisnéis sin.
Ní dócha go mbeidh tionchar suntasach ag pointí gníomhaíochta áirithe: dhá shampla
Éire – meastachán ar shéisíní
Chuir Eurostat pointe gníomhaíochta i bhfeidhm i dtaca le meastachán a dhéanamh ar shéisíní, ós rud é go raibh sé bunaithe ar fhaisnéis a bhí as dáta faoi iompar séisíní (20 % de na tuarastail iomlána sna tionscail chóiríochta agus lónadóireachta).
- B’ionann an méid measta agus thart ar €400 milliún in 2010, agus ba é €140 milliún an tairseach ábharthachta d’Éirinn sa bhliain chéanna.
- Fiú dá mbeadh athrú 25 % ar an meastachán sin (+/−€100 milliún) mar thoradh ar athruithe ar iompar séisíní thar thréimhse cúig bliana, bheadh an tionchar ar OIN neamhábharthach.
Dhún Eurostat an pointe gníomhaíochta sin dhá bhliain go leith tar éis é a chur i bhfeidhm, nuair a chuir NSI na hÉireann feabhas ar an nós imeachta tiomsaithe comhfhreagrach agus nuair a rinne sé taifead ar thionchar de 0.006 % ar OIN.
Málta – meastachán ar obair thógála a dhéanann teaghlaigh as a stuaim féin
Chuir Eurostat pointe gníomhaíochta i bhfeidhm i dtaca leis an meastachán ar obair thógála a dhéanann teaghlaigh as a stuaim féin.
- B’ionann an méid measta agus €4.5 milliún, agus ba é €9.4 milliún an tairseach ábharthachta do Mhálta in 2015.
- Ní fhéadfadh a bheith mar thoradh ar aghaidh a thabhairt ar an bpointe gníomhaíochta ach athrú íslitheach ar an gcomhchuid OIN lena mbaineann. Fiú dá ndéanfaí ceartú 100 % (–€4.5 milliún), bheadh sé sin neamhábharthach.
Dhún Eurostat an pointe gníomhaíochta bliain go leith tar éis é a chur i bhfeidhm, nuair a rinne NSI Mhálta athbhreithniú ar an nós imeachta tiomsaithe comhfhreagrach agus nuair a rinne sé taifead ar thionchar de -0.01 % ar OIN.
95 Inár suirbhé, rinne formhór na NSInna rátáil ar an ualach oibre a bhain le hiarrataí Eurostat ar shoiléiriú, ar phointí gníomhaíochta agus ar fhorchoimeádais mar ‘ard’ nó ‘an-ard’ (féach Fíor 6).
Fíor 6 – Measúnú NSI ar an ualach oibre a bhaineann leis an timthriall fíoraithe
Foinse: Suirbhé CIE curtha go NSInna.
Tionchar deiridh na bpointí gníomhaíochta agus na bhforchoimeádas
96 Chuirfeadh faisnéis maidir le tionchar deiridh na bpointí gníomhaíochta agus na bhforchoimeádas ar chumas Eurostat measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht a chur chuige fíoraithe agus cinntí bainistíochta a dhéanamh sa réimse seo. D’fhéadfadh mionchoigeartú a dhéanamh ar an measúnú riosca nó ar an gcaoi a gcuirtear an tairseach ábharthachta i bhfeidhm a bheith i gceist leis sin. Fuaireamar nár thiomsaigh Eurostat forléargas ar thionchar na bpointí gníomhaíochta ar OIN. Cuireadh faisnéis ar fáil faoi thionchar na bhforchoimeádas le haghaidh líon teoranta cásanna i gcomhad forléargais ina raibh sonraí na bhforchoimeádas go léir.
97 Rinneamar anailís ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil maidir leis an tionchar a bhí ag an 130 pointe gníomhaíochta ‘A’ a cuireadh i bhfeidhm i leith na sé Bhallstát a roghnaíodh, agus ar an méid ama a bhí ag teastáil chun aghaidh a thabhairt orthu. Léirigh ár n-anailís go raibh tionchar airmheánach de 0.02 % de OIN ag na 106 phointe gníomhaíochta a raibh an tionchar deiridh a bhí acu ar eolas, agus go raibh 75 % díobh neamhábharthach. Thóg níos mó ná leath de na 130 pointe gníomhaíochta dhá bhliain ar a laghad le dúnadh, agus, ag tráth an iniúchta, bhí 24 díobh fós oscailte i bhfoirm forchoimeádas. Tugann sé sin le tuiscint go raibh ar na NSInna obair shuntasach a dhéanamh orthu. Léiríonn Fíor 7 tionchar an 106 phointe gníomhaíochta a raibh an fhaisnéis sin ar fáil ina leith tráth an iniúchta, agus an t-am a bhí ag teastáil chun aghaidh a thabhairt orthu.
Fíor 7 – Tionchar na bpointí gníomhaíochta agus an t-am a thóg sé chun aghaidh a thabhairt orthu (sé Bhallstát roghnaithe)
Nótaí:
Cuireadh an tionchar bliantúil is airde mar dhearbhluach (gan beann ar chomhartha) san áireamh don anailís seo. I ndáil le pointí gníomhaíochta a ndearnadh forchoimeádais díobh, chuireamar an tionchar agus an líon blianta a bhí ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar an bhforchoimeádas comhfhreagrach i láthair, lena n-áirítear cásanna ina raibh raon feidhme an fhorchoimeádais níos leithne ná an pointe gníomhaíochta. I gcás nach ndearnadh na forchoimeádais chomhfhreagracha a chealú faoi mhí Eanáir 2022 (scoithdháta ár n-iniúchta), ríomhadh líon na mblianta bunaithe ar an dáta tagartha sin.
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ó chomhaid fíorúcháin Eurostat, comhfhreagras le NSInna, tuarascálacha na mBallstát ar an obair a rinneadh ar phointí gníomhaíochta agus tuarascálacha ar cháilíocht.
98 Coinníonn Eurostat liosta de na saincheisteanna a thagan chun solais le linn na dtimthriallta fíoraithe agus a mheastar a bheith neamhábharthach (ag éirí as ceisteanna, pointí gníomhaíochta nó forchoimeádais). Cuireann sé de cheangal ar Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta sin i ngach timthriall fíoraithe trína sheiceáil, i gcás gach saincheiste, an bhfuil an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann fós faoi bhun na tairsí ábharthachta. D’fhéadfadh an méid sin a bheith ina ualach breise ar NSInna, ós rud é go gcaithfidh siad faisnéis a thabhairt cothrom le dáta i dtaca le saincheisteanna a measadh a bheith neamhábharthach roimhe sin. I mí Aibreáin 2022, tar éis ár n-iniúchta, ghlac Eurostat céimeanna chun líon na saincheisteanna ar an liosta sin a laghdú agus chun simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun saincheisteanna i dtimthriallta fíoraithe a chealú amach anseo.
99 Léiríonn ár n-anailís ar thionchar na 39 bhforchoimeádas a cealaíodh faoi dheireadh 2021 (as an 300 forchoimeádas san iomlán) go raibh tionchar neamhábharthach ag 41 % díobh agus go raibh tionchar airmheánach de 0.15 % acu. Léiríonn sé sin go mbíonn claonadh ag forchoimeádais aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar beagán níos airde acu ná na pointí gníomhaíochta a dúnadh le linn an timthrialla fíoraithe.
Neamhéifeachtúlachtaí sa timthriall fíoraithe i dtaca leis na huirlisí doiciméadaithe a úsáidtear
100 Rinneamar anailís ar na huirlisí a d’úsáid Eurostat le haghaidh a fhíoruithe a dhoiciméadú chun a mheasúnú ar éascaigh siad an timthriall fíoraithe agus an t-athbhreithniú ar a thoradh chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin a theorannú.
101 Fuaireamar gur chuir na NSInna an phríomhfhaisnéis i láthair le haghaidh anailís Eurostat i roinnt cineálacha doiciméad, trí theimpléid Microsoft Word agus Excel a úsáid. Rinne oifigigh dheisce Eurostat fíoruithe a dhoiciméadú i gcomhaid Word agus Excel agus chuir siad ríomhphost chuig na NSInna faoi cheisteanna, pointí gníomhaíochta agus forchoimeádais, agus chun obair leantach a dhéanamh ar obair na NSInna.
102 Chruthaigh líon na ndoiciméad agus na n-uirlisí córas casta, lenar ceanglaíodh ar oifigigh dheisce gach faisnéis ábhartha do na tíortha nó do na saincheisteanna a raibh siad freagrach astu a rianú, agus iad a thabhairt cothrom le dáta freisin. D’fhág an córas sin go raibh sé deacair d’athbhreithneoirí, d’iniúchóirí inmheánacha/seachtracha agus d’fhoireann eile Eurostat an fhaisnéis ábhartha a aimsiú agus a anailísiú gan dul i gcomhairle leis na hoifigigh dheisce. D’ainneoin úsáid na dteimpléad chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, d’aimsíomar roinnt difríochtaí i dtaobh cén chaoi ar chuir NSInna an fhaisnéis ábhartha isteach, agus cén chaoi a ndearna oifigigh dheisce Eurostat a gcuid oibre a dhoiciméadú (féach Bosca 6). Cuireann sé sin éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht in athbhreithniú inmheánach Eurostat i mbaol.
Difríochtaí i gcur i láthair faisnéise i bhfardail OIN agus i ndoiciméadú obair Eurostat
Fardail OIN
Cé gur chloígh fardail OIN na mBallstát go ginearálta leis an teimpléad a chuir Eurostat ar fáil, ní raibh an fhaisnéis a nochtadh soiléir i gcónaí mar gheall ar an méid seo a leanas:
- uimhriú míreanna/táblaí neamhleor, agus/nó é neamhréireach;
- easpa faisnéise uimhriúla chun na céimeanna tiomsaithe le haghaidh comhchodanna OIN a thaispeáint;
- gan aonaid tomhais a bheith ann.
Ceistneoirí Measúnaithe Fardail OIN
D’úsáid oifigigh dheisce cleachtais éagsúla chun a gcuid oibre a dhoiciméadú, mar shampla, bhí éagsúlachtaí in cé chomh mion a bhí a gcuid freagraí ar cheisteanna ón teimpléad.
Uirlisí eile a thacaíonn le hobair fíorúcháin
I gcás na sé Bhallstát a roghnaíomar, bhain na hoifigigh dheisce úsáid as comhaid loga bhunúsacha chun cumarsáid ábhartha leis NSInna a rianú, mar a cheanglaítear le nósanna imeachta Eurostat. I gcás ceithre cinn de na sé Bhallstát sin, d’ullmhaigh na hoifigigh dheisce comhaid forléargais bhreise a d’éascaigh obair leantach agus athbhreithniú ar an bhfaisnéis ábhartha (liosta de phointí gníomhaíochta, spriocdhátaí, stádas, etc.). Ní raibh rochtain ag NSInna ar na comhaid sin, agus mar sin bhí orthu cuid den obair sin a dhéanamh faoi dhó.
103 B’éigean d’oifigigh dheisce Eurostat roinnt saincheisteanna a shoiléiriú leis na NSInna nach mbeadh gá leo dá mbeadh huirlis níos caighdeánaithe ann le tacaíocht ó chóras TF comhtháite, a bheadh saincheaptha le haghaidh fíoruithe OIN. Is míbhuntáiste eile a bhaineann leis na huirlisí a úsáideann Eurostat é gur chuir siad deiseanna teoranta ar fáil ó thaobh seiceálacha agus meabhrúcháin uathoibríocha de chun obair leantach a dhéanamh ar phointí gníomhaíochta. Thugamar faoi deara nach raibh aon chur chuige coiteann ag oifigigh dheisce Eurostat i dtaca le meabhrúcháin a sheoladh chuig NSInna, rud a d’fhéadfadh tráthúlacht a fheabhsú toisc nár urramaíodh spriocdhátaí i gcónaí.
104 Bíonn tionchar ag neamhéifeachtúlaí i ndáil le huirlisí doiciméadaithe ar thráthúlacht na hoibre fíoraithe, ós rud é go bhfuil am ag teastáil chun seiceálacha de láimh a dhéanamh, meabhrúcháin a sheoladh agus faisnéis ábhartha a aimsiú nuair a bhíonn athbhreithniú á dhéanamh ar phointí gníomhaíochta, etc. D’fhéadfadh sé go mbeidh moill ar aghaidh a thabhairt ar phointí gníomhaíochta agus ar na hathbhreithnithe is gá a dhéanamh ar shonraí OIN dá bharr.
Conclúidí agus moltaí
105 Nuair a tosaíodh timthriall fíoraithe Ollioncam Náisiúnta (OIN) 2016-2019, tugadh isteach creat cuntasaíochta nua do chuntais náisiúnta (CCE 2010), agus rinneadh athrú suntasach ar chur chuige fíoraithe Eurostat. Den chéad uair riamh, bhí an cur chuige sin bunaithe ar mheasúnú riosca foirmiúil agus áiríodh tairseach ábharthachta a chur chun feidhme leis. Chuidigh na hathruithe sin le Eurostat na rioscaí a bhaineann le tiomsú sonraí OIN a shainaithint agus a mhaolú, trína fhíoruithe a dhíriú ar na saincheisteanna ba thábhachtaí. Mar sin féin, níor bhain Eurostat lánúsáid as na gnéithe nua sin den timthriall fíoraithe chun spriocdhíriú níos fearr ar iarrachtaí Eurostat agus na nOifigí Staidrimh Náisiúnta (NSInna) aghaidh a thabhairt go tráthúil ar shaincheisteanna lena mbaineann rioscaí níos airde.
106 Fuaireamar go raibh dearadh maith ag measúnú riosca Eurostat, agus gur shainaithin sé na saincheisteanna ardriosca a raibh tionchar ar thiomsú OIN ag gabháil leo. Mar sin féin, níor bhain Eurostat lán-úsáid as na torthaí chun ord tosaíochta a leagan sios d’fhíoruithe le haghaidh saincheisteanna trasnacha agus Ballstáit ardriosca. Rinne Eurostat fíoruithe díreacha de réir an leibhéil riosca do gach Ballstát, ach bhí cásanna ann nár dhoiciméadaigh na hoifigigh dheisce an bonn cirt a bhí le fíorú na réimsí nach raibh ag éirí as an measúnú riosca. Níor bhunaigh Eurostat leibhéal tosaíochta na bpointí gníomhaíochta bunaithe ar riosca agus níor chuir sé é sin in iúl do NSInna. Méadaíonn sé sin an riosca go mbeadh saincheisteanna modheolaíochta ann agus aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar níos airde acu tar éis déileáil le saincheisteanna a bhfuil tionchar níos ísle acu, rud a dhéanann difear d’intuarthacht ranníocaíochtaí na mBallstát le buiséad an Aontais (féach míreanna 36-59).
Moladh 1 – Tosaíocht mhéadaithe a thabhairt do shaincheisteanna ardriosca
Ba cheart don Choimisiún, trí Eurostat, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- i gcás ina bhfuil aghaidh le tabhairt ar go leor saincheisteanna trasnacha, tosaíocht a thabhairt d’obair lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna trasnacha ar dócha go mbeidh tionchar an-ard aici i bhformhór na mBallstát, agus dul i ngleic le saincheisteanna a bhféadfadh tionchar níos ísle a bheith acu níos déanaí sa timthriall fíoraithe nó i dtimthriallta amach anseo;
- ord tosaíochta córasach a leagan síos d’fhíoruithe do Bhallstáit ardriosca trína áirithiú go ndéantar iad a luaithe is féidir sa timthriall fíoraithe;
- doiciméadú níos fearr a dhéanamh ar na cúiseanna i dtaca le réimsí a roghnú le haghaidh fíorú díreach i gcásanna a áiríonn athmhacnamh cáilíochta leo, agus anailís a dhéanamh ar na cúiseanna sin chun a fháil amach ar cheart aon chritéir ábhartha bhreise a chur san áireamh sa mheasúnú riosca atá ann cheana;
- i gcomhar leis na hOifigí Staidrimh Náisiúnta, anailís a dhéanamh ar bhealaí chun feabhas a chur ar thosaíocht na hoibre ar phointí gníomhaíochta, agus a leibhéal riosca á chur san áireamh.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2025 (tús an timthrialla fíoraithe tar éis thimthriall 2020-2024)
107 Ar an iomlán, thacaigh Eurostat go leormaith leis na NSInna ina ndícheall dul i ngleic le saincheisteanna trasnacha ardriosca, cé gur cuireadh moill ar an treoraíocht riachtanach in dhá chás. Ba í saincheist an domhandaithe lenar bhain riosca ard an tsaincheist thrasnach ba thábhachtaí do thimthriall fíoraithe 2016-2019. Thionscain Eurostat roinnt tionscnamh i réimse an domhandaithe. Mar sin féin, níor thug sé freagra tráthúil ar an tsaincheist seo a bhí ag teacht chun cinn, agus chuir sé teorainn le tréimhse chur i bhfeidhm an fhorchoimeádais thrasrannaigh a bhí ag freagairt dó sin, gan dóthain fianaise aige ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tsaincheist sin. Dá bhrí sin, níl aon dearbhú réasúnta ann i dtaca le tionchar an domhandaithe ar shonraí OIN roimh 2018. I ndáil leis an tsaincheist sin, mholamar i dtuarascáil bhliantúil 2020 gur cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí OIN do na blianta roimhe sin dá mba rud é go raibh difríocht shuntasach idir na Ballstáit ó thaobh an fhorchoimeádais ar an domhandú a chealú (féach míreanna 60-75).
Moladh 2 – Tráthúlacht na tacaíochta atá tugtha do Bhallstáit a fheabhsú, agus údar níos fearr a thabhairt do chinntí chun tréimhse chur i bhfeidhm na bhforchoimeádas a theorannú
Ba cheart don Choimisiún, trí Eurostat, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- freagairt go tapa nuair a shainaithnítear saincheist ardriosca nua trí threoraíocht thráthúil agus tacaíocht a chur ar fáil do na hOifigí Staidrimh Náisiúnta;
- i gcás inar gá cinneadh a dhéanamh faoin tréimhse chur i bhfeidhm d’fhorchoimeádais amach anseo, anailís fhónta ar chostéifeachtúlacht a dhéanamh, bunaithe ar fhaisnéis chainníochtúil agus/nó cháilíochtúil leordhóthanach agus ar an riosca sonrach i ngach Ballstát lena mbaineann.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2025 (tús an timthrialla fíoraithe tar éis thimthriall 2020-2024)
108 Ar an iomlán, cuireadh an timthriall fíoraithe i gcrích de réir mar a bhí beartaithe in 2019. Chuir an Coimisiún faisnéis thráthúil ar fáil do Bhallstáit i dtaca le coigeartuithe a d’eascair as fíoruithe OIN, agus cuireadh na hathruithe reachtacha is déanaí lena gcuirtear síneadh leis an spriocdháta chun ranníocaíochtaí a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais san áireamh freisin. Fágann sé sin gur féidir pleanáil bhuiséadach níos éifeachtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta (féach míreanna 76-81).
109 Mar sin féin, bhí go leor saincheisteanna fós gan réiteach faoi dheireadh an timthrialla i bhfoirm forchoimeádas, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar ranníocaíochtaí Ballstát amach anseo. Cé go raibh sé mar aidhm ag Eurostat spriocdhíriú ar a fhíoruithe trí thairseach ábharthachta a úsáid, rinne sé seiceáil ar go leor saincheisteanna a raibh tionchar íseal acu ar OIN. Táthar in ann úsáid níos fearr a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil i dtaca leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann chun saincheisteanna den sórt sin a dhúnadh ag céim níos luaithe. Thairis sin, bhí neamhéifeachtúlachtaí sa timthriall fíoraithe i ndáil leis na huirlisí a úsáideadh chun na fíoruithe a dhoiciméadú (féach míreanna 82-104).
Moladh 3 – Tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht an timthrialla fíoraithe
Ba cheart don Choimisiún, trí Eurostat, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- anailís a dhéanamh ar oiriúnacht leibhéal reatha na tairsí ábharthachta, bunaithe ar an taithí a fuarthas i dtaobh na bpointí gníomhaíochta agus na bhforchoimeádas a chur i bhfeidhm agus a dhúnadh/a chealú do thimthriall fíoraithe 2016-2019;
- i gcomhar leis na hOifigí Staidrimh Náisiúnta, anailís a dhéanamh ar bhealaí chun coincheap na hábharthachta a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar OIN i gcás inarb ábhartha, san obair ar phointí gníomhaíochta. Ba cheart an méid sin a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir sa phróiseas fíoraithe chun na pointí gníomhaíochta a dhúnadh;
- anailís a dhéanamh ar an bhféidearthacht uirlisí atá ann cheana a fheabhsú nó uirlisí TF nua a thabhairt isteach, chun gur féidir obair leantach, chomhtháite agus fíor-ama a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoi fhardail OIN, faoi fhíoruithe atá beartaithe agus críochnaithe, faoi phointí gníomhaíochta agus faoi fhorchoimeádais (lena n-úsáid ag oifigigh dheisce agus ag daoine i mbainistíocht Eurostat, chomh maith le daoine d’fhoireann na nOifigí Staidrimh Náisiúnta i gcás inarb iomchuí).
Spriocdháta cur chun feidhme: 2025 (tús an timthrialla fíoraithe tar éis thimthriall 2020-2024)
Is é Seomra V, faoi cheannas Jan Gregor (Comhalta den Chúirt), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 26 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Tony Murphy
Uachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I – Ranníocaíochtaí at bunaithe ar OIN ó na Ballstáit le bhuiséad AE 2021 (i mbilliún euro)
Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais chomhdhlúite bhliantúla an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2021, Tábla 3 d’Iarscríbhinn A: Ioncam.
Iarscríbhinn II – Príomhphróisis i dtaca le hacmhainní dílse bunaithe ar OIN a ríomh
Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid inmheánacha Eurostat ina ndéantar cur síos ar a chur chuige fíoraithe, Rialachán (AE) 2019/516 agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
Iarscríbhinn III – Amlíne táscach do thimthriall fíoraithe 2016-2019 Eurostat
Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid Eurostat ina ndéantar cur síos ar a chur chuige fíoraithe.
Iarscríbhinn IV – Liosta de shaincheisteanna trasnach ardriosca
| Tagairt | Saincheist thrasnach | Cur síos (cuspóir d’fhíorú Eurostat) |
|---|---|---|
| Saincheisteanna trasnacha ardriosca | ||
| A | Uileghabhálacht | |
| A1 | Neamhláithreacht agus míthuairisciú | Anailís a dhéanamh ar chur chuige na mBallstát i dtaca le heasnaimh shuntasacha i gclúdach idirbheart nár tuairiscíodh, nó a ndearnadh míthuairisciú orthu. Clúdaítear na saincheisteanna seo a leanas: ba cheart go mbeadh an táirgeoir cláraithe (táirgeoir faoi choim); níl iallach ar an táirgeoir clárú; ní áirítear daoine dlítheanacha cláriathe sa staidreamh; ní áirítear fiontraí cláraithe sa staidreamh; míthuairisciú an táirgeora. |
| A2 | Easnaimh staidrimh | Comhlíontacht na mBallstát a sheiceáil a mhéid a bhaineann le foinsí agus modhanna a bhfuil cur síos déanta orthu i bhfardail OIN, agus saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus a éilíonn tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar shonraí atá neamhiomlán, neamhbhailithe, nó nach féidir a bhreathnú go díreach, chomh maith le sonraí nár déileáladh i gceart leo, nach bhfuil próiseáil ceart déanta orthu, ná nár thiomsaigh staitisteoirí i gceart iad. |
| A3 | Calaois CBL | Taifead ceart ar mhodhnú calaoise CBL in OTI/OIN a sheiceáil, cleachtais Bhallstáit a chur i gcomparáid le chéile agus iad a mheasúnú, go háirithe i dtaca leis an modh beartaithe nó cur chuige malartach a úsáid, bunaithe ar Chinneadh Uimh 98/527/CE agus moltaí ón gCoiste OIN um chalaois CBL. Áirítear leis sin réimsí a bhfuil fadhbanna acu a shainaithint agus a chur i gcomparáid lena chéile nuair atá CBL teoiriciúil agus admhálacha iarbhír CBL á meas, comhsheasmhacht an raon feidhme agus méideanna cánach a thaifeadadh nuair a bhíonn éagsúlachtaí difriúla i gcur chuige aschuir agus caiteachais á meas, agus saincheist na gcánacha neamhbhailithe (ní áirítear calaois trádálaí ar iarraidh san anailís). |
| A4 | Faisnéis ó iniúchóireacht chánach a úsáid | Réimsí a bhfuil fadhbanna acu a shainaithint/a chur i gcomparáid le chéile nuair atá sonraí iniúchóireachta cánach á húsáid chun críocha uileghabhálachta; cásanna a shainaithint nár imscrúdaigh Ballstáit na sonraí iniúchóireachta cánach sin mar a cheanglaítear i gCinneadh 94/168 ón gCoimisiún, agus cásanna a shainaithint inar cheart imscrúdú breise a dhéanamh ar bhealaí breise chun sonraí iniúchóireachta cánach a úsáid sa bhreis ar na bealaí atá in úsáid faoi láthair. |
| A5 | Gníomhaíochtaí neamhdhleathacha | Imscrúdú a dhéanamh féachaint an ndéanann Ballstáit meastachán ar chineálacha ábhartha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha neamhdhleathacha i gcuntais náisiúnta (striapachas, táirgeadh agus gáinneáil drugaí, agus smuigleáil go príomha) i gcomhréir le moltaí ón gCoiste OIN. |
| B | Comhardúchán OTI | Measúnú a dhéanamh ar chirte na réiteach comhardúcháin a chuireann Ballstáit i bhfeidhm. |
| C | Seirbhísí teaghaise | A áirithiú go bhfuil meastacháin ar sheirbhísí teaghaise (cíosanna margaidh agus barúlacha do thithíocht) i gcuntais náisiúnta na mBallstát inchomparáideach, beacht agus uileghabhálach. Seiceáiltear meastacháin i gcomparáid le prionsabail Rialachán Uimh. 1722/2005 ón gCoimisiúin maidir le seirbhísí teaghaise agus moltaí ón gCoiste OIN ar theaghaisí comharchumainn. |
| D | Seirbhisí airgeadais, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM) | Foinsí agus modhanna a sheiceáil, chomh maith le comhlíontacht le CCE 2010 do chóireáil aschuir, leithdháileadh an aschuir agus ídiú idirmheánacha (NACE Rev. 2, Roinn K: Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais). |
| E | Foinsí do shonraí staidrimh agus riaracháin a chros-seiceáil | A mhéid a úsáideann Ballstáit foinsí riaracháin chun meastachán nó cros-seiceáil a dhéanamh ar shonraí OTI/OIN a shainaithint, chomh maith le buntáistí agus míbhuntáistí a shainaithint nuair atá sonraí suirbhé nó sonraí riaracháin á n-úsáid. |
| F | Táirgeadh domhanda, comhardú na n-íocaíochtaí | |
| F1 | Onnmhairí agus allmhairí earraí agus seirbhísí | Seiceáil a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann tomhas ar idirbhearta i dtaca le honnmhairí agus allmhairí earraí agus seirbhísí na foinsí agus na modhanna ó CCE 2010, mar a dhéanann fardail OIN cur síos orthu. |
| F2 | Sreabha trasteorann d’ioncam saothair | Seiceáil a dhéanamh ar thomhas ar chúiteamh d’fhostaithe sna Ballstáit a fuarthas ón gcuid eile den domhan nó a íocadh leis an gcuid eile den domhan. |
| F3 | Sreabha trasteorann do mhaoin saothair | Comhlíontacht na mBallstát le ceanglais CCE 2010 a bhaineann leis an tsaincheist seo a sheiceáil. Léirigh timthriall fíoraithe roimhe seo roinnt easnamh i dtaca le hinfhaighteacht na bhfoinsí sonraí, neamhréireachtaí idir réimsí staidrimh difriúla (comhardú na n-íocaíochtaí agus cuntais náisiúnta), agus roinnt cásanna neamhchomhlíontachta le CCE 95. |
| F4 | Cánacha agus fóirdheontais don Aontas/ón Aontas | Seiceáil a dhéanamh ar chánacha ar tháirgeadh agus allmhairí atá bailithe ag Ballstáit thar ceann institiúidí an Aontais mar acmhainn dhílis thraidisiúnta bhuiséad AE, agus ar fhóirdheontais a thugann an tAontas go díreach d’aonaid táirgthe chónaitheacha. |
| F5 | Eintitis Sainchuspóireacha (ESCanna) | Cóireáil cheart agus inchomparáideach ESCanna i gcuntais náisiúnta a áirithiú. Seiceáladh agus dearbhaíodh fionnachtana a bhain le timthriall fíoraithe roimhe seo, i gcás inarb ábhartha. |
| F6 | Táirgeadh domhanda agus athlonnú eintitis ilnáisiúnta (MNEnna) | I ndiaidh athrú suntasach aníos a rinneadh ar OTI agus OIN na hÉireann i mí Iúil 2016, seiceáil an bhfuil ann do MNEnna comhchosúla freisin i mBallstáit eile, agus déan scrúdú ar an gcaoi a ndéantar cóireáil orthu i meastacháin OTI/OIN. D’fhéadfadh sé go mbeadh athdháileadh Oll-luach Breise agus OIN ar fud na mBallstát ann mar thoradh air sin. |
| F7 | Nótaí bainc euro do Bhallstáit sa limistéir euro | Measúnú a dhéanamh féachaint an féidir sonraí riaracháin a fháil faoi ús arna íoc nó arna fháil a bhaineann le sócmhainní ‘teicniúla’ nó le staideanna dliteanais laistigh den Eurochóras, chun cros-seiceáil a dhéanamh le luachanna a sheol na Ballstáit. |
| G | Athruithe idir CCE 95 agus CCE 2010 | |
| G1 | Taighde agus Forbairt (Mír thrasdula 1) | Anailís a dhéanamh ar láimhseáil taighde agus forbairt i gcuntais náisiúnta de réir CCE 2010, agus an mhír thrasdula taighde agus forbairt ó CCE 95 go CCE 2010 a ríomh. |
| G2 | Córais Arm (Mír thrasdula 4) | Anailís a dhéanamh ar thaifead ceart na gcóras arm, lena n-áirítear meastachán na míre trasdula faoi seach ó CCE 95 go CCE 2010. |
Iarscríbhinn V – Forchoimeádais thrasnacha
| Ainm an fhorchoimeádais | Saincheist thrasnach/saincheisteanna trasnacha lena mbaineann | Tuairisc ghearr | Curtha i bhfeidhm ón | Spriocdháta |
|---|---|---|---|---|
| Domhandú | Eintitis Shainchuspóireacha (F5) Táirgeadh domhanda agus athlonnú MNEnna (F6) |
Iarrtar ar Bhallstáit grinnscrúdú breise a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le domhandú a thaifeadadh ina gcuntais náisiúnta, mar a fhoráiltear in CCE 2010. Ba cheart do na hiarrachtaí grinnscrúdaithe breise seo díriú go háirithe ar na gnéithe seo a leanas de ghníomhaíochtaí MNEnna: – saincheisteanna a bhaineann le haonaid a bheith in easnamh nó a bhfuil áireamh dúbáilte déanta orthu, mar a dhéileáiltear le brainsí agus eintitis shainchuspóireacha; – prionsabal na húinéireachta eacnamaíche a chur chun feidhme chun táirgeadh earraí agus seirbhísí a thaifeadadh; – taifead agus fíorú ar idirbhearta inghrúpa; – prionsabal na húinéireachta eacnamaíche a chur chun feidhme do shócmhainní maoine intleachtúla; – sreabha ioncaim do mhaoin trasteorann. |
2018 | M. Fomh.-22 |
| Corrlaigh ar shócmhainní airgeadais trádála | Seirbhisí Airgeadais (D) | Ba cheart don Bhallstát a áirithiú go ndéantar aschur ó sheirbhísí airgeadais trí shócmhainní agus dliteanais airgeadais i margaí airgeadais a fháil agus a dhiúscairt a chur san áireamh ina gcuntais náisiúnta, agus go ndéantar luacháil air de réir CCE 2010, i.e. mar chorrlach idir praghsanna íocaíochta agus díolacháin. Thairis sin, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go leithdháiltear an t-aschur sin go leormhaith de réir úsáide. Chun na críche sin, ba cheart do Bhallstáit forbairt nó modhnú (i gcás inarb iomchuí) a dhéanamh ar a modhanna i dtaca le meastachán a dhéanamh ar na sreabha sin i gcomhréir leis an treoraíocht a thiocfaidh chun cinn ón Meitheal um Staidreamh Seachtrach. Tá baint aige seo leis na Ballstáit sin a thug athbhreithnithe isteach ar a gcuntais náisiúnta le linn thimthriall fíoraithe ONI 2016-2019, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gcorrlach ar shócmhainní agus dliteanais airgeadais trádála. |
2010 | M. Fómh.-22 |
| Calaois CBL trádálaí ar iarraidh | Onnmhairí agus allmhairí earraí agus seirbhísí (F1) | Is éard atá i gceist le calaois CBL trádálaí ar iarraidh ná cineál calaoise CBL nuair a bhailíonn trádálaí CBL ón gcliant agus go dtéann an duine sin ar iarraidh gan CBT atá dlite don státchiste a íoc. Léirigh comparáid ad hoc idir tíortha i dtaca le cén chaoi a gcuirtear calaois CBL trádálaí ar iarraidh san áireamh i dtiomsú na gcuntas náisiúnta go bhfuil cur chuige staitistiúil éagsúil ag na Ballstáit éagsúla faoi láthair. Dá bhí sin, is gá tuilleadh oibre a dhéanamh ar an tsaincheist seo, ar mhaithe le hinchomparáideacht OIN ar fud na mBallstát a fheabhsú. Ba cheart do Bhallstáit tuilleadh fiosraithe a dhéanamh ar chalaois CBL ag trádálaithe ar iarraidh (go háirithe calaois fála agus calaois rothlach), agus, nuair is gá, coigeartuithe staidrimh a dhéanamh atá nasctha le sonraí na gcuntas náisiúnta do na blianta ó 2010 ar aghaidh. |
2010 | M. Fómh.-21 |
| Tuilleamh ath-infheistithe ar infheistíocht dhíreach choigríche | Sreabha trasteorann ioncam maoine (F3) | Ba cheart do Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar fhoinsí agus modhanna a úsáidtear i dtiomsú tuillimh ath-infheistithe (RIE) ar infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) agus na meastacháin a ailíniú le CCE 2010, más infheidhme. Sainmhíníonn CCE 2010 (mír 4.64) RIE ar IDC mar mhéid atá cothrom le glanbharrachas oibriúcháin an ghnóthais infheistíochta dírí coigríche, móide ioncam ó mhaoin agus aistrithe reatha atá infhaighte lúide ioncam ó mhaoin, aistrithe reatha agus cánacha ar ioncam iníoctha. |
2010 | M. Fómh.-21 |
| Liúntais laethúla a thaifeadadh | Uileghabhálacht (A) | Le linn an fhíoraithe ar fhardal OIN na mBallstát, sainaithníodh éagsúlachtaí a bhaineann le liúntais laethúla a fhaigheann fostaithe ar thurais ghnó a thaifeadadh. Déanann an chuid is mó de na Ballstáit iad a thaifeadadh mar ídiú idirmheánach, cé go leithdháileann roinnt Ballstát iad go hiomlán nó go páirteach mar phá agus tuarastail. Teastaíonn tuilleadh plé mar gheall ar na léirthuiscintí éagsúla atá glactha ag na Ballstáit éagsúla. Tá liúntais laethúla a thaifeadadh i dtaca le staidreamh airgeadais rialtais á phlé freisin. Measann Eurostat gur gá an tsaincheist a choinneáil oscailte go dtí go mbeidh treoraíocht chríochnaitheach ar thaifeadeadh iomchuí ar fáil. Ag brath ar an méid sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar roinnt Ballstát a dtaifeadadh a athbhreithniú, nó a léiriú nach bhfuil an tsaincheist ábharthach ina dtír féin. |
2010 | M. Fómh.-22 |
Giorrúcháin
AS BUDG: Ardstiúrthóireacht an Bhuiséid sa Choimisiún Eorpach
CBL: Cáin Bhreisluacha
CCE: Corás Eorpach na gCuntas
Eurostat: Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh
FIN: Fiontar Ilnáisiúnta
GIAQ: Ceistneoir Measúnaithe Fardail OIN
NSI: Oifigí Náisiúnta Staidrimh
OIN: Ollioncam Náisiúnta
OTI: Olltáirgeacht Intíre
Gluais
Athbhreithniú tagarmhairc: Athruithe a dhéantar ar chuntais náisiúnta d’fhonn foinsí sonraí nua agus athruithe móra i modheolaíocht staidrimh a chur san áireamh.
Ceistneoir Measúnaithe Fardail OIN: Seicliosta a úsáideann Eurostat chun a áirithiú go bhfuil faisnéis chomhsheasmhach in úsáid aige chun measúnú a dhéanamh ar bheachtas, inchomparáideacht agus uileghabhálacht i dtaca le meastacháin OTI agus OIN na mBallstát.
Ceistneoir OIN: Ceistneoir bliantúil a cuirtear faoi bhráid Eurostat le sonraí OIN na mBallstát don bhliain roimhe sin, agus aon athrú atá déanta ar na figiúirí do bhlianta roimhe sin.
Coiste OIN: Comhlacht atá comhdhéanta d’ionadaithe Ballstát agus a bhfuil ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach air, a bhí ann go dtí 2019 agus a chuaigh i gcabhair ar an gCoimisiún ina chuid oibre fíoraithe OIN agus le feidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme.
Comparáid idir tíortha: Anailís chomparáideach mhionshonaithe ar na réitigh a ghlac Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist atá i gcoiteann acu ar fad.
Cuntais náisiúnta: Tacar staidrimh lena dtugtar faisnéis faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch tíre.
Fardal OIN: Liosta de nósanna imeachta, staitisticí agus gnéithe eile a úsáidtear chun OIN a ríomh.
Forchoimeádas OIN: Pointe ar a bhfuil fógra curtha ag an gCoimisiún chuig Ballstát ina leith le rá go dteastaíonn athruithe ar an modheolaíocht a úsáideann sé chun a fhigiúirí OIN a thiomsú. Tá difear ann idir forchoimeádais agus pointí gníomhaíochta toisc gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí ONI lena mbaineann i ndiaidh an scoithphointe dhlíthiúil ceithre bliana.
Forchoimeádas trasnach: Forchoimeádas OIN a bhaineann le saincheist tras-rannach agus a éilíonn anailís chomparáideach ar na réitigh a bhfuil Ballstáit tar éis glacadh leo.
Grúpa Saineolaithe OIN: Comhlacht atá comhdhéanta d’ionadaithe Ballstát agus a bhfuil ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach air, a ghlac roinnt cúraimí ó Choiste OIN in 2019.
Ollioncam náisiúnta: Tomhas caighdeánach ar rachmas tíre, bunaithe ar ioncam ó fhoinsí baile agus ó fhoinsí eachtracha.
Olltáirge intíre: Tomhas caighdeánach ar rachmas tíre, bunaithe ar luach iomlán na n-earraí agus na seirbhísí a táirgeadh ann (le linn bliain amháin de ghnáth).
Saincheist thrasnach: Gné de chuntais náisiúnta a mheasann Eurostat atá ina fadhb do gach Ballstát.
Tábla próisis OIN: Úsáidtear an tábla seo mar mhodh chun faisnéis uimhriúil a chur i láthair ar gach céim den phróiseas tiomsaithe OIN, ó fhoinsí staidrimh go dtí na cuntais náisiúnta chríochnaitheacha.
Tairseach ábharthachta: Teorainn a úsáideann Eurostat chun cinneadh a dhéanamh ar a thábhachtaí atá na saincheisteanna comhlíontachta nó cáilíochta a braitheadh le linn a fhíoruithe ONI.
Timthriall fíoraithe OIN: Fíorú foinsí agus modheolaíochtaí staidrimh a úsáidtear chun OIN a ríomh in imeacht tréimhse áirithe.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta V – Maoiniú agus Riar an Aontais, atá faoi cheannas Jan Gregor (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Marek Opioła (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Kinga Wisniewska-Danek (Ceann na hOifige Príobháidí), Bernard Witkos (Ataisé na hOifige Príobháidí), Alberto Gasperoni (Príomhbhainisteoir), Diana Voinea (Ceann Cúraim); Mircea-Cristian Martinescu agus Anthony Balbi (Iniúchóirí). Thug Alexandra-Elena Mazilu agus Jesús Nieto Muñoz tacaíocht ghrafach.
Ó chlé go deas: Alberto Gasperoni, Kinga Wisniewska-Danek, Marek Opioła, Diana Voinea, Bernard Witkos, Anthony Balbi.
Críochnótaí
1 Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.
2 Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/516.
3 Airteagal 5(2)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003.
4 Airteagal 10b(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
5 Airteagal 10b(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
6 Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/516.
7 Tuarascálacha bliantúla 2018, 2019 agus 2020, míreanna 4.18, 3.21 agus 3.9 faoi seach.
8 Tuarascáil speisialta 11/2013: 'An Ollioncam Náisiúnta (OIN) a chur ina cheart – Chuirfeadh cur chuige níos struchtúrtha agus díriú níos fearr feabhas ar éifeachtacht fhíorú an Choimisiúin'.
9 Rialachán (CE) Uimh. 2223/96.
10 CCE 2010 a chur chun feidhme.
11 ‘Beartas Comhchuibhithe Eorpach um Athbhreithniú ar Staidreamh Maicreacnamaíoch’, an Coiste maidir le Staitisticí Airgeadaíochta, Airgeadais agus Staitisticí a bhaineann le Comhardú na nÍocaíochtaí.
12 Tuarascáil speisialta 11/2013, moladh 4.
13 Tuarascáil bhliantúil 2020, mír 3.11.
14 An Coimisiún Eorpach, Nóta don chomhad, Forchoimeádas OIN ar an domhandú, 24.9.2020.
15 Rialachán (AE, Euratom) 2016/804.
16 Rialachán (AE, Euratom) 2022/615.
17 Tuairim 02/2021, mír 13.
18 I measc na bpríomhstaidéar agus na bpríomhpháipéar a ndearnadh léirbhreithniú orthu tá: Tuiscint ar Chuntais Náisiúnta, ECFE, 2006 agus 2014; Athbhreithniú neamhspleách ar staidreamh eacnamaíoch na Ríochta Aontaithe, C. Bean, 2015; Staidreamh a dhoiciméadú le haghaidh na gCuntas Náisiúnta 2020, Staidreamh na Danmhairge; Gnéithe Cáilíochta de Chuntais Náisiúnta na hAstráile, Biúró Staidrimh na hAstráile, 2007; Cruinneas agus Iontaofacht a mheasúnú: Nóta Bunaithe ar Chur Chuige a Úsáidtear i gCuntas Náisiúnta agus i Staitisticí Chomhardú na nÍocaíochtaí, páipéar oibre CAI, 2002; Cáilíocht staidrimh de réir dearaidh: deimhniú, rialacha agus cultúr, Staitisticí na hÍsiltíre, 2018.
19 Tuiscint a fháil ar Chuntais Náisiúnta, An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, 2014.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
| ISBN 978-92-847-9086-9 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/92351 | QJ-AB-22-024-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-9010-4 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/02678 | QJ-AB-22-024-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is igCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Deilbhíní do Bhosca 5: Úsáideadh acmhainní ó Flaticon.com don bhosca seo. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.
