
Dearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF Tá bearna maidir le dearbhú agus cuntasacht ar leibhéal an Aontais fós sa tsamhail nua seachadta in ainneoin obair fhairsing atá á pleanáil
Maidir leis an tuarascáil:Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) á chistiú le €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) agus is í sin príomhionstraim chistithe an Aontais chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú. Rinneamar scrúdú ar dhearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a chuireann sé lena áirithiú go gcomhlíonatar garspriocanna agus spriocanna go sásúil agus go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Fuaireamar, in am réasúnta gearr, go bhfuil córas rialaithe ceaptha ag an gCoimisiún lena bhforáiltear do phróiseas fairsing chun comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna a fhíorú. Tá bearna dhearbhaithe agus chuntasachta fós ann ar leibhéal an Aontais, áfach, ó thaobh leas airgeadais an Aontais a chosaint. Molaimid don Choimisiún bearta a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna seo sa dearbhú, chomh maith le treoraíocht maidir le ceartuithe agus maidir le haisiompú birt a bhaineann le garsprioc nó sprioc a comhlíonadh roimhe seo a tharraingt suas.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) an phríomhionstraim in NextGenerationEU agus cuireadh ar bun í chun tacaíocht airgeadais ar mhórscála a sholáthar d’infheistíochtaí agus athchóirithe poiblí sna Ballstáit. Cistíodh é le €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) le haghaidh iasachtaí (€385.8 billiún) agus deontas (€338 mbilliún) chun na críche sin. Cuireadh tús le cistiú na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí sin sna Ballstáit a ag tús na paindéime i mí Feabhra 2020 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 31 Nollaig 2026. Tháinig Rialachán RRF i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021.
II Leanann RRF samhail chaiteachais atá éagsúil ón tsamhail a úsáidtear le haghaidh cláir chaiteachais eile de chuid an Aontais. Déantar íocaíochtaí le Ballstáit nuair a chomhlíontar garspriocanna agus spriocanna bunúsacha bunaithe ar mheasúnú ón gCoimisiún. Cé nach coinníoll í maidir le híocaíochtaí den sórt sin a dhéanamh, ní mór do thionscadail infheistíochta na mBallstát atá cistithe ag RRF mar sin féin rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a chomhlíonadh, e.g. maidir leis an bpróiseas soláthair phoiblí, nó forálacha lena sainmhínítear costais incháilitheachta inaisíoctha.
III Rinneamar an t-iniúchadh seo i bhfianaise líon suntasach na n-eisíocaíochtaí RRF atá fós le déanamh le linn oibríocht na saoráide go dtí deireadh 2026. Ba é cuspóir ár n-iniúchta ná measúnú a dhéanamh agus rannchuidiú le leormhaitheas dhearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF a áirithiú. Maidir leis sin, bhreathnaíomar ar an gcaoi ar cuireadh an córas ar bun chun a áirithiú go gcomhlíontar na garspriocanna agus na spriocanna agus go dtugtar cosaint do leasanna airgeadais an Aontais amhail ó dheireadh mhí Aibreáin 2022. Tá an fhianaise a fuarthas ónar scrúdú ar nósanna imeachta an Choimisiúin comhlánaithe againn le barúlacha ábhartha a rinneadh inár n-iniúchadh don ráiteas dearbhaithe ar rialtacht chaiteachas RRF 2021.
IV Thángamar ar an gconclúid, in am measartha gearr, go bhfuil córas rialaithe ceaptha ag an gCoimisiún lena bhforáiltear do phróiseas fairsing chun comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna a fhíorú. Mar sin féin, ní chuireann an córas rialaithe sin ach faisnéis fíoraithe theoranta ar leibhéal an Aontais ar fáil ina ndearbhaítear go gcomhlíonann tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta. Bíonn tionchar ag an easpa faisnéise fíoraithe sin ar an dearbhú is féidir leis an gCoimisiún a thabhairt agus, dá bharr sin, tá bearna chuntasachta ann ar leibhéal an Aontais.
V Maidir le comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna a áirithiú, fuaireamar go raibh na nósanna imeachta fairsing. Déantar seiceálacha ex ante don réamh-mheasúnú a chomhlánú le hiniúchtaí breise ar an bhfód. Ní raibh na céimeanna éagsúla sa réamh-mheasúnú sonraithe ar bhealach leordhóthanach, áfach, agus ní raibh siad lándoiciméadaithe. Tugaimid ar aire freisin nach bhfuil aon mhodh ann fós maidir leis an gcaoi is féidir an tionchar a bheadh ann mura gcomhlíonfaí garsprioc nó sprioc a chainníochtú agus níl treoraíocht ann a thugann aghaidh ar an riosca nach sainaithneofar aisiompú birt ar comhlíonadh garsprioc nó sprioc ina leith roimhe seo.
VI Maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, tugaimid ar aire go bhfuil iniúchtaí ar chórais socraithe ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. Díreoidh na hiniúchtaí seo ar chórais rialaithe na mBallstát a bhaineann le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte. Ní chlúdófar sna hiniúchtaí sin, áfach, an bhfuil seiceáil leormhaith á déanamh ag na Ballstáit féachaint an gcomhlíonann na tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta. Mar thoradh air sin, tá teorainn leis an bhfaisnéis fíoraithe ar leibhéal an Aontais atá ann maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF na rialacha sin. Bíonn tionchar ag an easpa faisnéise fíoraithe sin ar an dearbhú is féidir leis an gCoimisiún a thabhairt maidir leis sin. Ní théann an fhreagracht atá ar an gCoimisiún ó thaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint thar a áirithiú go ndéanann an Coimisiún aon mhéid atá dlite a aisghabháil i gcás calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa, más rud é nach ndéanann an Ballstát é sin nó más rud é go suitear go bhfuil sárú tromchúiseach déanta ar chomhaontú maoinithe. Thugamar ar aire freisin nach bhfuil faisnéis láraithe agus caighdeánaithe sa Chóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí maidir le calaois a bhaineann le RRF agus nach ndéantar na leibhéil éagsúla de cheartúcháin chothromráta atá le cur i bhfeidhm i gcás easnaimh i gcórais rialaithe na mBallstát a shainiú ar bhealach leordhóthanach.
VII Molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- feabhas a chur ar na nósanna imeachta maidir le fíoruithe ex ante;
- treoraíocht a tharraingt suas maidir le beart a bhaineann le garsprioc nó sprioc a comhlíonadh roimhe seo a aisiompú;
- aghaidh a thabhairt ar an mbearna sa dearbhú ar leibhéal an Aontais maidir lena mhéid atá na tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF ag comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta;
- tuairisciú maidir le calaois a bhaineann le RRF a ailíniú;
- treoraíocht inmheánach a fhorbairt maidir le ceartúcháin, de réir mar a fhoráiltear sna comhaontuithe airgeadais.
Réamhrá
RRF go hachomair
01 Is é NextGenerationEU (NGEU) ciste sealadach an Aontais a bhfuil sé mar aidhm aige tacú leis na Ballstáit chun tionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID-19 a laghdú agus dul ar ais ar an mbóthar ceart i dtreo fás inbhuanaithe. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) an phríomhionstraim faoina ndéanfar cistí NGEU a dháileadh amach. Tugann sé tacaíocht airgeadais ar mhórscála le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí, agus é mar aidhm leis dlús a chur le téarnamh eacnamaíoch na mBallstát ó iarmhairtí phaindéim COVID-19, agus chun go mbeadh teacht aniar níos fearr iontu.
02 Bunaíodh RRF le Rialachán (AE) 2021/241 (an ‘Rialachán’) a tháinig i bhfeidhm ar an 19 Feabhra 2021. Tacaíonn sé le tionscadail athchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit ó thús na paindéime i mí Feabhra 2020 agus leanfaidh sé den mhéid sin a dhéanamh go dtí an 31 Nollaig 2026. Cistíodh RRF le €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) in iasachtaí (€385.8 billiún) agus deontais (€338 mbilliún) chun na críche sin.
03 Leanann RRF samhail chaiteachais speisialta. Tá RRF á chur chun feidhme ag an gCoimisiún i mbainistíocht dhíreach, agus is tairbhithe iad na Ballstáit1. Is é an coinníoll d’íocaíocht leis na Ballstáit ón tsaoráid ná go ndéantar comhlíonadh sásúil ar gharspriocanna nó spriocanna réamhshainithe trí thionscadail athchóirithe agus infheistíochta a chur chun feidhme2.
04 Tá dlíthiúlacht agus rialtacht (rialtacht) chaiteachais faoi chláir eile an Aontais ag brath go príomha ar incháilitheacht an tairbhí, na dtionscadal agus na gcostas a éilítear. Is minic a rialaítear incháilitheacht an chistithe sin le coinníollacha maidir le costais a d’fhéadfaí a thabhú agus a éileamh, agus a bhféadfadh sé freisin go gcaithfí iad a bheith inaitheanta agus infhíoraithe. Sna coinníollacha incháilitheachta don chineál sin cistithe, áirítear freisin rialacha an Aontais a áirithíonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh aonair (i.e. rialacha soláthair phoiblí agus rialacha maidir leis an státchabhair) agus comhlíonadh na rialacha náisiúnta.
05 Cé nach bhfuil incháilitheacht an tairbhí, na dtionscadal agus na gcostas maidir le tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF a chur chun feidhme ina coinníoll le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin nuair a dhéanann sé an íocaíocht ó RRF leis an mBallstát, clúdaíonn an Rialachán an ghné sin trí chosaint leasanna airgeadais an Aontais, rud ar cheart do na Ballstáit in éineacht leis an gCoimisiún a áirithiú i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach. Sa chomhthéacs seo, foráiltear leis an Rialachán gur cheart do bhearta a thacaíonn le RRF an dlí Eorpach agus náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, go háirithe maidir le calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chomh maith leis sin, ba cheart dóibh a áirithiú nach ndéantar aon sáruithe tromchúiseacha ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú Airgeadais, go háirithe maidir le cistiú dúbailte. Chuige sin, ní mór do Bhallstáit córas rialaithe inmheánaigh a oibriú atá éifeachtach agus éifeachtúil agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil3. I gcás nach ndéanann Ballstáit aon mhéid a íocadh go míchuí a aisghabháil i gcásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachta leasa, is féidir leis an gCoimisiún an méid comhfhreagrach a aisghabháil4.
RRF a chur chun feidhme
06 Ós rud é nach ionann samhail seachadta RRF agus samhail seachadta chláir chaiteachais eile an Aontais, tá a chur chun feidhme faoi réir próiseas speisialta, a shonraítear i bhFíor 1 agus tugtar tuairisc níos mionsonraithe air anseo thíos.
07 Chun tairbhe a bhaint as RRF, ceanglaítear ar na Ballstáit pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) a tharraingt suas a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos sa Rialachán5. Ba cheart go mbeadh na RRPanna comhdhéanta de phacáiste loighciúil infheistíochtaí agus athchóirithe poiblí arna ngrúpáil i mbearta a dhéantar a ghrúpáil ina dhiaidh sin ina gcomhchodanna téamacha. Ní foláir do gach Ballstát garspriocanna agus spriocanna a leagan síos do gach tionscadal infheistíochta agus do gach athchóiriú, agus mionsonraí a thabhairt faoin mbunlíne a ghabhann leo.
08 Ní mór do Bhallstáit córais bhainistithe agus rialaithe iomchuí a dhearadh freisin. Is féidir leo córais bhainistithe agus rialaithe náisiúnta atá ann cheana a úsáid nó córais a chur ar bun go sonrach do RRF.
09 Déantar íocaíochtaí faoi RRF ar choinníoll go gcomhlíonann na Ballstáit go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos in Iarscríbhinní a ghabhann leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena ndéantar a RRPanna a fhormheas. Gné eile atá le breithniú is ea nár cheart aisiompú a bheith déanta ar spriocanna nó garspriocanna a chomhlíon an Ballstát go sásúil roimhe seo. Féadfaidh Ballstáit eisíocaíochtaí a iarraidh suas le dhá uair in aghaidh na bliana, má chuireann siad fianaise leordhóthanach ar fáil gur comhlíonadh na garspriocanna agus spriocanna gaolmhara go sásúil6.
10 Ní mór do Bhallstáit na doiciméid seo a leanas a thíolacadh le gach iarratas ar íocaíocht chun íocaíochtaí faoi RRF a fháil:
- faisnéis agus fianaise lena ndeimhnítear gur comhlíonadh na garspriocanna agus na spriocanna atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle;
- achoimre ar na hiniúchtaí a rinne údaráis an Bhallstáit, lena n-áirítear mionsonraí i dtaobh aon laigí a sainaithníodh agus i dtaobh gníomh ceartaitheach a rinneadh7.
- dearbhú bainistíochta8 a thugann le fios:
- gur úsáideadh na cistí chun na críche dá raibh siad beartaithe;
- go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa;
- go dtugann na córais rialaithe atá i bhfeidhm an dearbhú is gá a thugann le fios go raibh na cistí á mbainistiú i gcomhréir leis na rialacha go léir is infheidhme, go háirithe na rialacha atá dírithe ar an méid seo a leanas a chosc:
- coinbhleachtaí leasa, calaois, éilliú; agus
- cistiú dúbailte.
11 Is próiseas dhá chéim é measúnú an Choimisiúin. Déanann an Coimisiún measúnú ar iarrataí i gcomhair íocaíochta ar dtús bunaithe ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an Ballstát. Is é is cuspóir don réamh-mheasúnú sin ná a áirithiú go bhfuil garspriocanna agus spriocanna comhlíonta go sásúil9.
12 Bunaithe ar an obair sin, cuireann an Coimisiún an réamh-mheasúnú faoi bhráid an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (EFC) sa Chomhairle chun a thuairim a fháil. Ag éirí as tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, glacann an Coimisiún cinneadh maidir leis an íocaíocht ansin, nach mór é a chur faoi bhráid nós imeachta coiste d’ionadaithe na mBallstát ar dtús mar chuid den nós imeachta scrúdúcháin. Ar deireadh, glacann an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a údaraíonn an íocaíocht, agus eisíoctar na cistí ansin.
Creat rialaithe RRF an Choimisiúin
13 Don tsamhail seachadta speisialta do RRF agus i gcás mhéid chistí an Aontais a chuirtear ar fáil faoin tsaoráid, teastaíonn creat rialaithe tiomnaithe ar leibhéal an Choimisiúin agus na mBallstát a áirithíonn comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna agus go ndéantar leasanna airgeadais de chuid an Aontais a chosaint.
14 Tá an creat rialaithe atá curtha ar bun ag an gCoimisiún chun na críche seo leagtha amach i dtuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí (TBG) 2021 ó Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECFIN), agus áirítear an méid seo a leanas ann:
- measúnú na RRPanna a chuir Ballstáit isteach maidir lena n-ábharthacht, lena n-éifeachtacht, lena n-éifeachtúlacht agus lena gcomhleanúnachas sula ndéantar aon íocaíocht. Déantar foráil leis an measúnú seo maidir lena iomchuí atá córas rialaithe na mBallstát a sheiceáil, faoi mar a leagtar amach ina RRPanna;
- an córas rialaithe dhá chuid lena bhforáiltear d’fíoruithe ex ante ar iarrataí ar íocaíocht na mBallstát agus lena bhforáiltear d’iniúchtaí ex post comhlántacha tar éis íocaíocht a bheith déanta. Foráiltear leis freisin d’iniúchtaí ar chórais a dhíríonn ar chosaint leasanna airgeadais de chuid an Aontais. Leagtar amach i bhFíor 2 córas rialaithe an Choimisiúin a bhfuil an dá ghné seo ann a leanann an measúnú RRP.
15 Rinneamar measúnú ar mheasúnú RRP an Choimisiúin in iniúchadh roimhe seo agus chuireamar na torthaí ar fáil i dTuarascáil speisialta 21/202210. Is é is ábhar don iniúchadh agus tuarascáil seo ná an dearadh atá ar dhá ghné de chóras rialaithe an Choimisiúin, faoi mar a leagtar amach i bhFíor 2.
Ár n-obair ar RRF
16 Is cuid é an t-iniúchadh seo de shraith iniúchtaí agus athbhreithnithe ar RRF. I mBosca 1, cuirimid tuilleadh faisnéise ar fáil ar an obair atá déanta againn go dtí seo agus ar thorthaí na hoibre sin, le fócas ar nithe a bhaineann le rialú.
Ár n-obair ar RRF
Chuireamar ár dtuairim maidir le RRF ar fáil nuair a bhí sé á chur ar bun11. Cé gur thángamar ar an gconclúid ar an iomlán go bhfuil an fhéidearthacht ag RRF tacú le Ballstáit trí thionchar eacnamaíoch agus airgeadais na paindéime a mhaolú, chuireamar i bhfáth an tábhacht a bhaineann le bearta éifeachtacha in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí chun teacht roimh na rioscaí a eascraíonn ó acmhainní breise suntasacha atá le caitheamh in am gearr, faoi mar is amhlaidh an cás do RRF.
In 2022, scrúdaíomar measúnú an Choimisiúin ar RRPanna náisiúnta12. Thángamar ar an gconclúid go raibh measúnú an Choimisiúin iomchuí ar an iomlán i bhfianaise a chasta atá an próiseas agus na srianta ama atá i gceist. Mar sin féin, shainaithníomar roinnt laigí sa phróiseas mar aon le roinnt rioscaí do chur chun feidhme rathúil RRF. Chuireamar i bhfios go láidir sa chomhthéacs seo go raibh an measúnú ar fhaireachán agus ar shocruithe rialaithe a mhol na Ballstáit bunaithe go pointe áirithe ar thuairisc na gcóras nach raibh curtha ar bun go fóill.
Áiríodh i dTuarascáil bhliantúil 202113 uainn ár measúnú ar an aon íocaíocht amháin a rinne an Coimisiún in 2021, i mí na Nollag. Mheasamar nach raibh garsprioc amháin comhlíonta go sásúil. Maidir leis an tionchar a bhí ag ár measúnú, nár ghlac an Coimisiún leis, bhreithníomar nach raibh sé sin ábhartha. Sa chomhthéacs seo, thugamar ar aire nach bhfuil córas sainithe ag an gCoimisiún go fóill chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar a ghabhann le gan garsprioc nó sprioc a bhaint amach.
Léirítear inár n-anailís chomparáideach idir cistí an bheartais comhtháthaithe agus RRF go bhfuil cosúlachtaí suntasacha eatarthu14. Ag an am céanna, tá difríochtaí eatarthu ar go leor bealaí mar gheall ar a gcuspóirí éagsúla. Maidir leis na socruithe rialaithe agus iniúchóireachta, tugaimid ar aire go bhfuil RRF ag díriú isteach ar gharspriocanna agus spriocanna a bheith comhlíonta go sásúil. I gcás chistí an bheartais comhtháthaithe, bíonn na socruithe rialaithe agus iniúchóireachta ar leibhéal an Choimisiúin agus ar leibhéal na mBallstát araon ag díriú isteach den chuid is mó ar rialtacht an chaiteachais. I gcás RRF, caithfidh an Coimisiún a chinntiú go bhfuil cosaint éifeachtach á tabhairt do leasanna airgeadais an Aontais; chun é sin a dhéanamh, ní mór don Choimisiún dearbhú leordhóthanach á fháil ó na Ballstáit a thugann le fios go bhfuil RRF á chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí Eorpach agus náisiúnta.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
17 Ba é cuspóir an iniúchta seo ná measúnú a dhéanamh ar dhearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF. Chuige seo, scrúdaíomar córas rialaithe an Choimisiúin a mhéid a bhaineann lena áirithiú:
- go ndéantar íocaíochtaí leis na Ballstáit as na garspriocanna agus/nó spriocanna réamhshainithe a bheith comhlíonta acu; agus
- go bhfuil leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint.
18 Scrúdaíomar ar dtús córas rialaithe RRF an Choimisiúin ó thaobh coincheapúil, níos ginearálta de. Ba é cuspóir na hoibre seo ná a fháil amach cad a chlúdaítear sa chóras rialaithe agus cén chaoi a n-áirithíonn sé go gcomhlíontar garspriocanna agus spriocanna go sásúil agus go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Chuireamar measúnú tosaigh an Choimisiúin ar na córais rialaithe, faoi mar a leagtar amach in RRP na mBallstát, san áireamh sa scrúdú seo toisc gur cuid den chreat rialaithe é. Thugamar i gcrích ár measúnú ar dhearadh chóras rialaithe an Choimisiúin le hanailís mhionsonraithe ar an obair atá pleanáilte agus ar na nósanna imeachta atá sainithe dá dhá eilimint. Ba é cuspóir na hanailíse sin ná laigí a d’fhéadfadh a bheith sna nósanna imeachta agus in iniúchtaí a shainaithint, agus ar laigí iad a bhaineann le córas rialaithe an Choimisiúin.
19 Chun an fhianaise atá ag teastáil chun tacú lenár mbarúlacha, conclúidí agus moltaí a fháil, rinneamar an méid seo a leanas:
- bhí agallaimh agus cruinnithe againn le hionadaithe ó AS ECIN sa Choimisiún agus ón Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta (SG RECOVER);
- rinneamar nósanna imeachta an Choimisiúin agus doiciméid ábhartha eile a scrúdú, amhail comhaontuithe airgeadais agus socruithe oibríochtúla;
- rinneamar anailís ar nósanna imeachta an Choimisiúin d’fhíoruithe ex ante agus iniúchtaí ex post, chomh maith leis an straitéis iniúchóireachta, treoraíocht samplála, seicliostaí inmheánacha agus treoirlínte;
- d’fhéachamar ar TBG 2021 ó AS ECFIN.
20 Tá comhlánú déanta againn ar an bhfianaise a fuarthas tríd an iniúchadh seo le barúlacha ónár n‑iniúchadh don ráiteas dearbhaithe maidir le rialtacht chaiteachas RRF 202115. San iniúchadh don ráiteas dearbhaithe, clúdaíodh comhlíonadh sásúil na 52 gharsprioc is bun leis an aon íocaíocht amháin a rinne an Coimisiún le Ballstát (an Spáinn) in 2021. Rinneamar athbhreithniú freisin ar réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar rogha de cheithre sprioc is bun leis an íocaíocht a rinneadh leis an bhFrainc i mí an Mhárta 2022.
21 Rinneamar an t-iniúchadh ag tús chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, nuair a bhí an chéad íocaíocht déanta ach sular eisíocadh líon suntasach íocaíochtaí. Dhírigh an t-iniúchadh dá bhrí sin ar dhearadh chóras rialaithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta amhail ó dheireadh mhí Aibreáin 2022 agus ní ar oibriú iarbhír na Saoráide.
22 Thairis sin, níor chlúdaíomar dearadh ná éifeachtacht chórais rialaithe RRF na mBallstát san iniúchadh seo, ach tá sé i gceist againn é sin a dhéanamh amach anseo.
23 Leis an iniúchadh seo agus na moltaí uainn, tá sé mar chuspóir againn cabhrú lena chinntiú go bhfuil córas rialaithe leormhaith curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún don choinníoll don íocaíocht agus freisin do chosaint éifeachtach leas airgeadais an Aontais i bhfianaise líon suntasach na n‑eisíocaíochtaí RRF atá fós le déanamh le linn oibríocht na saoráide suas go dtí deireadh 2026.
Barúlacha
Tá bearna sa dearbhú agus sa chuntasacht ar leibhéal an Aontais ó thaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
24 Sa roinn seo den tuarascáil, scrúdaímid córas rialaithe RRF an Choimisiúin ó thaobh coincheapúil agus níos ginearálta de agus scrúdaímid an gcuireann sé lena áirithiú go ndéantar na garspriocanna agus spriocanna a chomhlíonadh go sásúil agus conas a dhéantar é sin agus lena áirithiú go dtugtar cosaint do leas airgeadais an Aontais. Chun na críche sin, chuireamar san áireamh freisin measúnú an Choimisiúin ar chórais rialaithe na mBallstát mar a leagtar amach ina RRPanna iad toisc gurb é an chéad ghné de chreat rialaithe RRF é16. Tá impleachtaí do dhearbhú agus cuntasacht ag ár mbarúlacha, rud a dtugaimid cuntas orthu sna míreanna anseo thíos.
Bhí measúnú an Choimisiúin ar shocruithe rialaithe cuimsitheach, ach bhí sé bunaithe go pointe áirithe ar chórais nach bhfuil fós i bhfeidhm
25 Ionas go bhféadfadh Ballstáit tairbhiú de thacaíocht faoi RRF, chuir siad dréacht dá gcuid RRPanna náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin. Rinne an Coimisiún measúnú ar na pleananna sin ar bhonn 11 chritéar a shonraítear sa Rialachán. Foráiltear le ceann amháin de na critéir sin go mbeadh córais rialaithe agus socruithe rialaithe iomchuí sna mBallstát a chinntíonn gur féidir éilliú, calaois, neamhrialtachtaí, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú.
26 Sheiceálamar i dTuarascáil speisialta 21/2022 an ndearna an Coimisiún measúnú ar shocruithe rialaithe na mBallstát, go háirithe soiléireacht a gcuid struchtúr, róil agus freagrachtaí a gcomhlachtaí éagsúla, na córais agus na próisis a bhí beartaithe agus an acmhainneacht a bhí ag teastáil.
27 Thángamar ar an gconclúid go raibh measúnú an Choimisiúin ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta, ar an iomlán, iomchuí i bhfianaise a chasta atá an próiseas agus na srianta ama atá i gceist. Go sonrach maidir le córais rialaithe, fuaireamar i gcás an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún ar na socruithe rialaithe a bhí molta ag na Ballstáit gur sainaithníodh bearnaí agus easnaimh – le ceart – a éilíonn bearta breise a dhéanamh. Mar sin féin, bhí an measúnú bunaithe go pointe áirithe ar an tuairisc ar chórais nach bhfuil curtha ar bun go fóill. Dá bhrí sin, ní mór é a dheimhniú trí obair bhreise ar an bhfód. Thairis sin, thug an Coimisiún isteach garspriocanna breise do 16 Bhallstát, ina n-éilítear i gcás na mbearnaí nó na n-easnamh sin bearta breise a chur chun feidhme roimh an gcéad íocaíocht.17 Nuair nach bhfuil córas rialaithe lánfheidhmiúil i bhfeidhm, tugann sé le tuiscint go bhféadfadh sé nach mbeidh leasanna airgeadais an Aontais cosanta go leordhóthanach go dtí go mbeadh na garspriocanna sin comhlíonta.
Measúnaítear le fíoruithe ex ante agus le hiniúchtaí ex post comhlíonadh na ngarspriocanna agus spriocanna
28 Le fíoruithe ex ante an Choimisiúin ar iarrataí ar íocaíocht na mBallstát agus leis na hiniúchtaí ex post gaolmhara, dírítear ar an gcoinníoll d’íocaíocht agus ar an bhfianaise ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus spriocanna atá curtha isteach ag Ballstáit. Ní chlúdaítear leis na fíoruithe agus iniúchtaí ex post a bhaineann le garspriocanna agus spriocanna cásanna nuair nach ndéantar rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a chomhlíonadh (mír 09).
29 Mar shampla, i gcás nach ndéanann tionscadal infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a chomhlíonadh, amhail iad siúd ar an bpróiseas soláthair phoiblí, státchabhair, nó rialacha incháilitheachta do chostais nó tionscadail, ní dhéanfaidh sé seo difear d’fhorthoradh réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar chomhlíonadh sásúil na sprice lena mbaineann. Fad agus atá an sprioc comhlíonta i gcomhréir leis an tuairisc san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an íocaíocht a dhéanamh leis an mBallstát lena mbaineann18.
30 Thairis sin, tugaimid ar aire go bhforáiltear leis an Rialachán go bhfuil prionsabail chothrománacha le hurramú19. Foráiltear leis na prionsabail sin nach nglacfaidh tacaíocht ó RRF ionad an chaiteachais náisiúnta athfhilltigh, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus go ndéanfar prionsabal na breisíochta maidir le cistiú ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH) a urramú. Ós rud é nach mbreithnítear leis an Rialachán gurb ionann comhlíonadh na bprionsabal sin agus coinníoll don íocaíocht20, ní chlúdaítear na prionsabail sin i bhfíoruithe ex ante an Choimisiúin, ach amháin más rud é go bhfuil comhlíonadh éigeantach bunaithe ar an gCinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, a d’fhéadfaidh a bheith amhlaidh do ‘DNSH’. Seiceáladh an prionsabal sin nuair a rinne an Coimisiún measúnú ar RRPanna. Maidir le comhlíonadh an phrionsabail ‘DNSH’, thugamar ar aire in iniúchadh a rinneamar roimhe seo gurb éard a d’éirigh as measúnú an Choimisiúin ná nach raibh ach bearta a chomhlíon prionsabal ‘DNSH’ san áireamh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh faoi mar is léir ó na barúlacha do na bearta inár sampla. I gcás bearta chun an tionchar comhshaoil a mhaolú, áfach, ní raibh siad sin curtha isteach mar gharsprioc nó mar sprioc sna RRPanna ar bhonn córasach; agus gur féidir bearta nach bhfuil ag comhlíonadh an phrionsabail a mhaoiniú lasmuigh den tSaoráid21.
31 I dTuarascáil speisialta 21/2022, thugamar ar aire go bhfuil garspriocanna agus spriocanna teoranta go ginearálta d’aschur seachas tionchar a thomhas22. Dá bhrí sin, níl tionchar na n‑athchóirithe agus na n-infheistíochtaí ina gcoinníoll bunúsach le haghaidh mheasúnú RRF agus le haghaidh íocaíocht le Ballstáit.
Bíonn easpa faisnéise ina chúis le bearna dhearbhaithe agus chuntasachta ar leibhéal an Aontais ó thaobh leas airgeadais an Aontais a chosaint
32 Ba cheart do Bhallstáit in éineacht leis an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach23. Déanfaidh na Ballstáit sa chomhthéacs seo ‘na bearta uile is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme á chomhlíonadh agus na cistí i ndáil le bearta a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid á n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú’24. Léirítear an oibleagáid seo freisin i gcomhaontuithe maoinithe a shínítear le Ballstáit. I gcás nach ndéanann Ballstáit aon mhéid a íocadh go míchuí a aisghabháil i gcásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachta leasa, nó i gcás go ndéanann siad sárú tromchúiseach ar bhealach tromchúiseach ar oibleagáidí faoin gcomhaontú maoinithe amhail cistiú dúbailte, d’fhéadfadh an Coimisiún an méid comhfhreagrach a aisghabháil.
33 Sa chomhthéacs seo, tá a ‘fhreagracht iarmharach’ maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint sainmhínithe ag an gCoimisiúin in TBG 2021 ó AS ECFIN. Tugann sé sin le tuiscint nach bhfuil de fhreagracht ar na Ballstáit ach ‘seiceáil a dhéanamh gur úsáideadh maoiniú RRF go cuí i gcomhréir le gach rialachán náisiúnta agus Eorpach is infheidhme’. Tá freagracht an Choimisiúin teoranta do thrí neamhrialtacht thromchúiseacha, i.e. calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa, agus do na hoibleagáidí faoin gcomhaontú maoinithe, go sonrach cistiú dúbailte25. Foráiltear leis an straitéis iniúchóireachta do RRF dá réir sin nach ndéanfaidh an Coimisiún iniúchtaí a sheiceálann comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta26. Tá iniúchtaí ar chórais a dhéanann an Coimisiún dírithe ar chórais na mBallstát chun na trí neamhrialtacht thromchúiseach agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú.
34 Léirítear ónár dtaithí go bhfuil neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta, amhail an próiseas soláthair phoiblí, státchabhair agus rialacha incháilitheachta, forleitheadach i gcláir chaiteachais eile de chuid an Aontais27 agus gur riosca suntasach é dá bhrí sin. Mar sin féin, tugaimid ar aire nach bhfuil comhlíonadh na rialacha sin clúdaithe in iniúchtaí ar chórais a dhéanann an Coimisiún agus gur beag treoraíochta atá ann do Bhallstáit maidir leis sin.
35 Mar thoradh air sin, tá an fhaisnéis fíoraithe ar leibhéal an Aontais teoranta maidir le cé acu a chlúdaíonn nó nach gclúdaíonn córais na mBallstát go leormhaith an riosca suntasach nach gcomhlíonann na tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta agus maidir leis an gcaoi a gclúdaíonn siad an riosca sin. Déanann sé seo difear d’iomláine an dearbhaithe is féidir leis an gCoimisiún a thabhairt. Ní chlúdaíonn sé comhlíontacht na dtionscadal infheistíochta atá cistithe ag RRF le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.
36 Léirítear an fhreagracht a ghlacann an Coimisiún ó thaobh leas airgeadais an Aontais a chosaint sa ráiteas dearbhaithe in TBG 2021 ó AS ECFIN. Ní théann an dearbhú thar an ngné shonrach a shainmhínítear in Airteagal 22(5) den Rialachán. Tugann an Coimisiún dearbhú go ndéanfaidh sé aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil i gcás calaoise, éillithe agus coinbhleacht leasa, más rud é nach ndearna an Ballstát amhlaidh nó más rud é go ndearnadh sárú tromchúiseach ar an gComhaontú maoinithe. Fágann sé sin go bhfuil bearna chuntasachta ann ar leibhéal an Aontais.
Chun comhlíonadh na ngarspriocanna agus spriocanna a fhíorú, tá próiseas fairsing deartha ag an gCoimisiún
37 Caithfidh córas rialaithe an Choimisiúin a áirithiú go bhfuil íocaíochtaí RRF bunaithe ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna atá réamhshainithe28. Ní mór dó a áirithiú freisin nach n-aisiompaítear garspriocanna agus spriocanna a comhlíonadh roimhe sin.
38 Chuige seo, tá próiseas curtha ar bun aige a fhorálann d’fhíoruithe ex ante sula n-íoctar Ballstát. Tá siad bunaithe den chuid is mó ar athbhreithniú deisce ar fhianaise an Bhallstáit go bhfuil garspriocanna agus spriocanna comhlíonta go sásúil. Déanann an Coimisiún iniúchtaí ex post tar éis do Bhallstát íocaíocht a fháil.
39 Rinneamar athbhreithniú ar nósanna imeachta agus doiciméadacht an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil dearadh fhíoruithe ex ante agus iniúchtaí ex post an Choimisiúin inniúil go leor chun measúnú ceart a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna. Mar chuid dár n-iniúchadh don ráiteas dearbhaithe le haghaidh RRF 2021, rinneamar scrúdú freisin ar an gcaoi a ndéanann an Coimisiún a fhíoruithe ex ante sa chleachtas, chun laigí a d’fhéadfadh a bheith ina nósanna imeachta a shainaithint.
Tá an próiseas d’fhíoruithe ex ante ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus spriocanna fairsing, ach tá saincheisteanna fós le réiteach
Le fíorú ex ante ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, foráiltear do phróiseas measúnaithe forleathan
40 Cuireann an Rialachán de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na garspriocanna agus spriocanna ábhartha atá leagtha amach i gcinneadh ábhartha cur chun feidhme na Comhairle comhlíonta go sásúil29. Ba cheart go bhfágfadh na seiceálacha ex ante atá forordaithe ag an gCoimisiún i gcás íocaíochtaí RRF go bhféadfaí a fhíorú go bhfuil fianaise ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna lena mbaineann ag tacú leis an iarraidh ar íocaíocht a dhéanann Ballstát agus gur cheart do na seiceálacha a bheith dea‑dhoiciméadaithe.
41 A luaithe is a chomhlíontar na garspriocanna agus spriocanna ábhartha comhaontaithe, cuireann Ballstáit iarraidh ar íocaíocht, a bhfuil údar cuí ag gabháil léi, faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhair a measúnaithe (mír 10). Déanann an Coimisiún an fhianaise a chuir na Ballstáit isteach a fhíorú mar chud dá réamh-mheasúnú féachaint an bhfuil na garspriocanna agus spriocanna is bun leis an iarraidh ar íocaíocht comhlíonta go sásúil.
42 Bíonn roinnt gníomhaithe bainteach le réamh-mheasúnú an Choimisiúin. Is iad na príomh‑ghníomhaithe ná deasca geografacha AS ECFIN agus SG RECOVER, a bhfuil an ról ceannais acu i‑bhfíorú ex ante agus i measúnú na n-iarrataí ar íocaíocht. Tar éis d’iarrataí ar íocaíocht na mBallstát a bheith curtha isteach, tá na deasca geografacha freagrach as athbhreithniú deisce a dhéanamh agus as measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise a ghabhann leis an iarraidh ar íocaíocht.
43 Tá gnéithe éagsúla bainteach leis an réamh-mheasúnú:
- Bíonn na deasca geografacha i dteagmháil go leanúnach le húdaráis na mBallstát maidir le dul chun cinn agus comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna go dtí tráth thíolacadh na n-iarrataí ar íocaíocht, agus ina dhiaidh sin.
- Bíonn cuid d’aonaid chothrománacha AS ECFIN páirteach sa mheasúnú, e.g. tá a aonad dlíthiúil freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar an réamh-mheasúnú chun a áirithiú go bhfuil sé fónta ó thaobh an dlí de agus go bhfuil sé ceart.
- Déanann an Coimisiún comhairliúcháin neamhfhoirmiúla teicniúla ar dtús agus ansin comhairliúcháin fhoirmiúla idirsheirbhíse leis na ASanna agus seirbhísí ábhartha. Is é is cuspóir dó sin ná feidhm a bhaint as an saineolas níos mó atá ag ranna eile an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil go díreach agus go laethúil leis na réimsí beartais ábhartha maidir le garsprioc nó sprioc shonrach a bhaint amach.
44 Bunaithe ar an bpróiseas measúnaithe ex ante mar a thuairiscítear anseo thuas agus ar ár bpléití le seirbhísí an Choimisiúin, measaimid go bhfuil fíoruithe leitheadacha ex ante deartha ag an gCoimisiúin maidir le measúnú a dhéanamh ar gharspriocanna agus spriocanna a chomhlíonadh. Fuaireamar roinnt laigí, áfach, a bhaineann le soiléireacht an phróisis agus doiciméadacht an mheasúnaithe, ar a dtugaimid tuairsc sna míreanna seo a leanas.
Ní shonraítear nó ní dhéantar doiciméadacht ar na céimeanna éagsúla sa phróiseas measúnaithe ar bhealach leordhóthanach
45 Sonraítear sa Rialachán Airgeadais go bhfuil rialú inmheánach éifeachtach le bunú ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus áirítear leo sin, go háirithe, rianta iniúchóireachta leormhaithe30. Ba cheart don rian iniúchóireachta tuiscint shoiléir a thabhairt ar a chuspóir, ar a fhoinse, agus ar na conclúidí ar thángthas orthu.
46 Roghnaigh an Coimisiún úsáid a bhaint as féilire próisis chun an próiseas do gach iarraidh ar íocaíocht a threorú, ina dtugtar achoimre ar na céimeanna atá le déanamh, na gníomhaithe freagracha agus an t-amchlár atá le leanúint ag gach foireann atá páirteach sa réamh-mheasúnú.
47 Déantar an measúnú ar gach garsprioc nó sprioc a dhoiciméadú agus a achoimriú i ‘mbileog mheasúnaithe’. Áirítear leis seo clár leis an bhfaisnéis a bhailítear agus déanann sé anailís an Choimisiúin a thaifeadadh don réamh-mheasúnú ar gharspriocanna agus spriocanna.
48 Cé go bhfuil faisnéis ábhartha maidir leis an bpróiseas measúnaithe le fáil sa bhileog mheasúnaithe agus san fhéilire próisis, ní dhéantar raon feidhme rannchuidiú na ngníomhaithe éagsúla le céimeanna éagsúla an phróisis measúnaithe, as a dtagann an réamh-mheasúnú, a shonrú agus a dhoiciméadú ar bhealach leordhóthanach. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, nach dtabharfadh sé fianaise leordhóthanach i gcónaí go ndearnadh measúnú agus doiciméadú cuí ar gharsprioc nó ar sprioc leis an leibhéal mionsonraí is gá.
Easpa soiléireachta maidir le raon feidhme an chomhairliúcháin theicniúil leis na ASanna agus seirbhísí ábhartha
49 Cé go bhfuil SG RECOVER agus AS ECFIN freagrach as measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, d’fhéadfaí a iarraidh ar na ASanna agus seirbhísí ábhartha i gcaitheamh fíoruithe ex ante ionchur teicniúil a chur ar fáil don mheasúnú.
50 Nuair a bhíonn ionchur teicniúil á lorg ó oifigigh bheartais sna ASanna agus seirbhísí, iarrtar orthu a chur in iúl go háirithe má tá aon chúis ann nach féidir a mheasúnú gur comhlíonadh garsprioc nó sprioc go sásúil. Ag deireadh an phróisis réamh-mheasúnaithe, agus chun an próiseas comhairliúcháin a thabhairt chun críche, tugtar deis eile do ASanna agus seirbhísí chun a dtuairimí a nochtadh maidir leis an measúnú foriomlán le linn comhairliúchán foirmiúil idirsheirbhíse.
51 Cé go measaimid gur cuid thábhachtach den phróiseas measúnaithe é an comhairliúchán le saineolaithe, ní dhearnadh a raon feidhme ná ról na ASanna agus seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo le linn an phróisis seo a shainiú go soiléir (mír 47). Thairis sin, níor thug doiciméadacht na gcomhairliúchán teicniúil tuiscint shoiléir i gcónaí ar eilimintí/gnéithe den gharsprioc nó den sprioc ar chuir na hArd-Stiúrthóireachtaí a dtuairimí in iúl ina leith, nó ar an gcaoi ar tháinig siad ar na tuairimí sin. In éagmais taifead soiléir ar nádúr an chomhairliúcháin theicniúil agus ar an gcinneadh measúnaithe ar thángthas air, níl sé soiléir cá mhéad atá clúdaithe ag an gcomhairliúchán go hiarbhír. Tugann Bosca 2 sampla ónár n-iniúchadh do ráiteas dearbhaithe 2021.
Sampla d’ionchur doiléir agus de dhoiciméadacht neamhleordhóthanach le linn an chomhairliúcháin theicniúil le ASanna agus seirbhísí
Garsprioc 330:
‘Tá feidhm ag an dá fhodhlí maidir le pá cothrom idir mná agus fir agus maidir le pleananna comhionannais agus a gclárú. Is iad cuspóirí na rialachán ná: (i) an prionsabal trédhearcachta pá a áirithiú chun idirdhealú mar gheall ar mheasúnuithe mícheart ar phoist a shainaithint; agus (ii) pleananna comhionannais a fhorbairt agus a gclárú i gclár poiblí a áirithiú.’
Chuathas i gcomhairle leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) agus iarradh uirthi rannchuidiú le measúnú na garsprice seo.
Cé go ndearnadh pléití ó bhéal le seirbhísí AS EMPL, agus níor ardaigh AS EMPL aon agóidí le linn an chomhairliúcháin fhoirmiúil idirsheirbhíse, níor thángamar ar aon fianaise a léireodh cén raon feidhme go barainneach a bhí ag rannchuidiú AS EMPL leis an measúnú. Níl sé soiléir ar mheas seirbhísí AS EMPL, ag tráth an chomhairliúcháin theicniúil, ar comhlíonadh an gharsprioc go sásúil. Níl sé soiléir cé acu gnéithe den gharsprioc a bhreithnigh siad, nó an é nach ndearna siad ach a dheimhniú nach raibh siad ar an eolas faoi aon rud a tharraingeodh amhras ar chomhlíonadh na garsprice.
Is é a dhála céanna é le garspriocanna eile (329 agus 333) a ndearnadh measúnú orthu ag an am céanna le garsprioc 33031.
Doiciméadacht neamhiomlán ar an measúnú
52 Bunaíonn an Coimisiún a mheasúnú maidir le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna nó na spriocanna ar ghnéithe ábhartha ina dtuairisc agus ar thuairisc an bhirt ghaolmhair, a bhfuil an dá cheann sin leagtha amach sa Chinneadh cur chun feidhme gaolmhar ón gComhairle agus cuireann sé na socruithe oibríochtúla san áireamh.
53 I dTuarascáil bhliantúil 2021 uainn, fuaireamar nach raibh an cur síos ar bheart in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle ailínithe i gcónaí leis an ngarsprioc agus/nó sprioc ábhartha. Dá bhrí sin, bhí sé débhríoch agus d’fhéadfaí bríonna éagsúla a bhaint as maidir le gnéithe a bhí ábhartha don mheasúnú32. Ní bhfuaireamar, áfach, aon údar maith maidir leis an gcúis a mheas an Coimisiún go raibh roinnt gnéithe atá sainithe sa tuairisc ar an mbeart neamhábhartha don mheasúnú. Fuaireamar freisin nach bhforáiltear le treoraíocht an Choimisiúin maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna d’údar maith den sórt sin agus, dá bhrí sin, ní raibh ceanglas sainráite ann doiciméadacht a dhéanamh air. Ós rud é nach raibh treoraíocht agus doiciméadacht shoiléir ann i gcásanna den sórt sin, bhí sé deacair, nó fiú dodhéanta, do thríú duine nach raibh páirteach sa chaibidlíocht ar RRP, nó duine nach raibh aon eolas roimh ré aige/aici ar an bpróiseas, réasúnaíocht an Choimisiúin a thuiscint agus a leanúint.
Níl aon mhodh i bhfeidhm fós chun íocaíocht a chur ar fionraí
54 Ní gá go bhfuil an méid a íoctar le Ballstát ag éirí as iarraidh ar íocaíocht a chur isteach bunaithe ar na costais mheasta chun na garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach faoi mar a cuireadh é sin san iarraidh ar íocaíocht, ach is mó gur mar thoradh ar chaibidlíochtaí leis an mBallstát i dtrácht a shocraítear é. Cuireann na caibidlíochtaí sin san áireamh an sciar de na garspriocanna agus spriocanna chomh maith lena dtábhacht ábhartha33. Nuair a shuíonn an Coimisiún nach bhfuil garspriocanna nó spriocanna comhlíonta go sásúil, foráiltear leis an Rialachán go gcuirtear ‘íocaíocht na ranníocaíochta
55 Cé nach mbeadh tionchar ag an modheolaíocht ar an measúnú ex ante ar gharspriocanna agus spriocanna, ciallaíonn easpa modheolaíochta go bhfuil gné thábhachtach de chóras rialaithe RRF a áirithíonn rialtacht íocaíochtaí RRF ar iarraidh. Gan modheolaíocht den sórt sin, laghdaítear freisin trédhearcacht na socruithe RRF maidir le Ballstáit agus geallsealbhóirí eile, toisc go bhfuil éiginnteacht ann faoi na critéir a theastaíonn chun an tionchar airgeadais a ríomh sa chás nach ndéantar na garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach. Déanaimid tagairt sa chomhthéacs seo do mholadh 10.2 i dTuarascáil bhliantúil 2021 uainn.
D’fhéadfadh iniúchtaíex post cuidiú lena áirithiú go bhfuil na sonraí a dhearbhaítear maidir le comhlíonadh na ngarspriocanna agus spriocanna cruinn
56 Cé go bhfuil fíoruithe ex ante an Choimisiúin bunaithe go príomha ar athbhreithnithe doiciméadacha, trí iniúchtaí ex post is féidir leis an gCoimisiún an cás a scrúdú ar an bhfód. Déantar foráil maidir le hiniúchtaí ex post sa Rialachán Airgeadais36 agus sna comhaontuithe maoinithe a shínítear le Ballstáit. Is é is cuspóir dóibh ná aon gharsprioc nó sprioc nár comhlíonadh a bhrath agus a cheartú sa chás nach dtiocfadh an neamhchomhlíonadh sin chun solais go dtí tráth tar éis d’íocaíochtaí a bheith déanta. Ba cheart do na hiniúchtaí sin a bheith bunaithe ar gach faisnéis ábhartha, ar nósanna imeachta soiléire agus dea-cheaptha agus ar mheasúnú riosca leormhaith.
57 Rinneamar measúnú féachaint an bhfuil dearadh iniúchtaí ex post an Choimisiúin iomchuí maidir leis an gcuspóir seo a bhaint amach. Níorbh fhéidir linn tástáil a dhéanamh ar chur chun feidhme praiticiúil iniúchtaí ex post an Choimisiúin (mír 21).
58 Maidir le comhlíonadh na ngarspriocanna agus spriocanna, déanann an Coimisiún iniúchtaí ex post rioscabhunaithe ar gharspriocanna agus spriocanna a dhéanann a fhíoruithe ex ante a chomhlánú. Ina theannta sin, déanann an Coimisiún iniúchtaí córais maidir le garspriocanna agus spriocanna, lena ndírítear ar bhailiú sonraí agus ar thuairisciú maidir le garspriocanna agus spriocanna sna Ballstáit.
59 Is é is aidhm do na hiniúchtaí córais ar gharspriocanna agus spriocanna ná measúnú a dhéanamh ar bhainistiú sonraí agus TF nó córais eile chun garspriocanna agus spriocanna a stóráil, a bhailiú, a chomhiomlánú agus a thuairisciú chomh maith le hiontaofacht na sonraí tuairiscithe maidir leis na garspriocanna agus spriocanna a baineadh amach a fhíorú, lena n-áirítear a gcomhiomlánú.
60 Tá na hiniúchtaí ar gharspriocanna agus spriocanna rioscabhunaite agus clúdaítear leo na garspriocanna agus spriocanna go léir a sainaithníodh mar ‘ard-riosca’ i measúnú riosca an Choimisiúin, agus ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, clúdaítear an méid is féidir acu atá aicmithe mar ‘mheánriosca’. Déantar é seo chun deimhniú ar an bhfód a dhéanamh ar an bhfaisnéis a thuairiscigh Ballstáit don Choimisiún ag céim an fhíoraithe ex ante.
61 Roghnaíonn an Coimisiún cad iad na húdaráis sna Ballstáit, na garspriocanna agus na spriocanna a bhfuil iniúchóireacht le déanamh orthu ar bhonn measúnú riosca uileghabhálach agus ar bhonn measúnú riosca ar an iarraidh ar íocaíocht. Tá an rogha tosaigh de na Ballstáit a bhfuil iniúchóireacht le déanamh orthu bunaithe freisin ar a n-ullmhacht agus ar uainiú na n-iarrataí ar íocaíocht atá curtha isteach.
62 Tá na measúnaithe riosca bunaithe ar roinnt tosca, lena n-áirítear:
- castacht na gcóras rialaithe náisiúnta;
- na hiniúchtaí a rinne na Ballstáit;
- an riosca go mbeadh bearta RRP á gcómhaoiniú ag cistí eile ón Aontas; agus
- cineálacha an fhaighteora deiridh.
63 Is é is cuspóir d’iniúchtaí ar gharspriocanna agus spriocanna ná dearbhú breise ex post a thabhairt go bhfuil siad comhlíonta go sásúil, cé gurb é an cuspóir atá le hiniúchtaí ar chórais a bhaineann le garpsriocanna agus spriocanna ná a áirithiú go bhfuil córais náisiúnta le haghaidh bailiú agus stóráil faisnéise chun garspriocanna agus spriocanna a thuairisciú leormhaith agus iontaofa.
64 Sa ‘Mheabhrán um Pleanáil Fiosrúchán’ de chuid AS ECFIN, tugtar treoraíocht mhionsonraithe ar na hiniúchtaí seo ar gharspriocanna agus spriocanna agus ar na hiniúchtaí ar chórais, chomh maith le roinnt teimpléid atá le húsáid sna hiniúchtaí sin.
65 Ag éirí as ár n-athbhreithniú ar na doiciméid phleanála d’iniúchtaí ex post, measaimid go bhfuil siad dea-fhorbartha ar an iomlán, ó thaobh na hoibre agus na doiciméadachta atá beartaithe, ach ní féidir a gcur chun feidhme éifeachtach a mheasúnú go dtí céim níos déanaí. Léirítear cuimsiú fairsing freisin i bpleanáil tosaigh na hoibre iniúchóireachta do 2022 agus 2023. Rinneadh iniúchtaí a phleanáil in 20 Ballstát, le 20 iniúchadh ag clúdach bainistiú sonraí agus córais TF agus seacht n-iniúchadh chun iontaofacht na sonraí tuairiscithe a fhíorú.
Mar gheall ar easpa treoraíochta, méadaítear an riosca nach ndéanfar aisiompú beart a shainaithint i gcás garspriocanna agus spriocanna a comhlíonadh roimhe seo
66 Má chomhlíontar garsprioc nó sprioc agus go ndearnadh íocaíocht bunaithe ar í a bheith fóinteach agus éifeachtach, níor cheart í a aisiompú ag céim níos déanaí. Cuireann an Rialachán an riosca seo san áireamh agus foráiltear leis go ‘[dtuigfear], ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna, nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le clocha míle agus spriocanna a comhlíonadh go sásúil roimhe sin’.37. De réir na gcomhaontuithe maoinithe, ba cheart d’iarraidh ar íocaíocht ó Bhallstát a dheimhniú gurb amhlaidh an cás go deimhin.
67 Is príomh-chomhchuid rialaithe é dearbhú deimhniúcháin na mBallstát i gcás bearta a bhaineann le garspriocanna nó spriocanna a comhlíonadh roimhe sin a aisiompú. Thairis sin, de réir an Choimisiúin, mar gheall go ndéanann deasca geografacha faireachán go leanúnach agus go bhfuil pléití acu le húdaráis na mBallstát, is féidir leo freisin garspriocanna agus spriocanna a ndearnadh aisiompú orthu a shainaithint.
68 Ní féidir le haisiompú tarlú ach amháin nuair a mheastar go bhfuil garsprioc nó sprioc comhlíonta go sásúil agus dá bhrí sin ní féidir iad a fhíorú le nósanna imeachta ex ante. Dá réir sin, aon obair athbhreithnithe maidir le haisiompú ar bhearta a bhaineann le garspriocanna a comhlíonadh roimhe sin, ní mór é a dhéanamh ar bhonn ex post.
69 Go dtí seo, níl aon treoraíocht forbartha ag an gCoimisiún maidir le cineál beacht an aisiompaithe i gcás bearta a bhaineann le garsprioc nó sprioc a comhlíonadh roimhe sin, maidir leis na himthosca ina meastar gur tharla an t-aisiompú sin nó maidir leis an gcaoi ar cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus údaráis na mBallstát faireachán a dhéanamh air seo. In éagmais na treoraíochta sin, méadaítear an riosca nach bhféadfaidh Ballstáit agus an Coimisiún gach garsprioc agus sprioc a ndearnadh aisiompú orthu a shainaithint go hiomchuí agus go comhsheasmhach.
70 Anuas air sin, níl treoraíocht tugtha ag an gCoimisiún go fóill maidir leis an tionchar a bheadh ag aisiompú birt a bhaineann le garsprioc nó sprioc a comhlíonadh roimhe sin ar iarraidh ar íocaíocht a rinneadh roimhe sin nó atá déanta faoi láthair.
D’fhéadfadh rialuithe an Choimisiúin tacú lena mheasúnú ar chórais na mBallstát, ach tá teorainneacha ag baint leis na nósanna imeachta chun calaois a thuairisciú agus laigí a cheartú
D’fhéadfadh iniúchtaí an Choimisiúin atá beartaithe a chumasú measúnú a dhéanamh ar chórais rialaithe na mBallstát a bhaineann le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte
71 Ciallaíonn leas airgeadais an Aontais a chosaint nach mór do chur chun feidhme RRF a bheith ag teacht leis an dlí Eorpach agus náisiúnta is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Tá feidhm aige seo freisin maidir leis an mbaol go mbeadh cistiú dúbailte ag tarlú.
72 Déanann an Coimisiún tagairt dá ról i ndáil le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint mar ról a bhaineann le freagracht iarmharach a ghlacadh, a theorannaítear lena áirithiú go bhfuil córais leormhaithe i bhfeidhm ag Ballstáit. Chomh maith leis sin, déanann sé idirghabháil i gcás nach n‑éiríonn le Ballstáit a n-oibleagáidí rialuithe a chomhlíonadh maidir le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa, chomh maith le cistiú dúbailte, a chosc, a bhrath agus a cheartú (mír 33).
73 Léirítear an teorainn sin sna hiniúchtaí a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún iad a dhéanamh agus díreoidh na hiniúchtaí sin ar chórais rialaithe na mBallstát maidir le calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú. Ba cheart do na hiniúchtaí sin a bheith bunaithe ar gach faisnéis ábhartha, ar nósanna imeachta soiléire agus dea-cheaptha agus ar mheasúnú riosca leormhaith. Tá athbhreithniú déanta againn ar nós imeachta agus doiciméid phleanála an Choimisiúin do na hiniúchtaí sin.
74 Tá sainiú déanta ina straitéis iniúchóireachta ag an gCoimisiún ar a chuid oibre iniúchóireachta a bhaineann le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
75 Foráiltear leis an straitéis iniúchóireachta do RRF go ndéanfaidh an Coimisiún iniúchadh amháin ar a laghad ar chóras ar leithligh in aghaidh an Bhallstáit le linn chur chun feidhme RRF. Is é is cuspóir do na hiniúchtaí seo ná dearbhú a chur ar fáil don Choimisiún go bhfuil córais rialaithe na mBallstát in ann cásanna de chalaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú. De réir phlean tosaigh na hoibre iniúchóireachta do 2022 agus 2023, beartaíodh 21 iniúchadh maidir le cosaint leasa airgeadais an Aontais a dhéanamh.
76 D’fhéadfadh na hiniúchtaí ar chórais a bhaineann le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chur ar cumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chórais na mBallstát atá i bhfeidhm chun na críche seo, ach ní féidir éifeachtacht na n-iniúchtaí sin a mheasúnú go dtí céim níos déanaí. Chomh maith leis sin, fuaireamar teorainneacha a dhéanann difear do ghnéithe aonair chóras rialaithe an Choimisiúin a dtuairiscímid orthu sna míreanna anseo thíos.
D’fhéadfadh faisnéis theoranta maidir le hiniúchtaí na mBallstát difear a dhéanamh do bhreisluach a ndearbhuithe bainistíochta agus a n-achoimrí
77 Ní mór dearbhú bainistíochta a bheith ag gabháil le hiarraidh ar íocaíocht an Bhallstáit atá tacaithe le hachoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta (mír 10), rud a ndéanann AS ECFIN athbhreithniú air chun faisnéis a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do na fíoruithe ex ante ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna nó dá iniúchtaí. Ní mór do dhearbhuithe bainistíochta na mBallstát dearbhú a chur ar fáil go ndearnadh cistí a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha uile Eorpacha agus náisiúnta is infheidhme, go háirithe na rialacha sin maidir le seachaint coinbhleachtaí leasa, cosc ar chalaois, agus éilliú. Ní mór do Bhallstáit freisin a dheimhniú go bhfuil neamhrialtachtaí a sainaithníodh le linn a n‑iniúchtaí ceartaithe de réir mar is iomchuí, agus go bhfuil na cistí aisghafa go cuí ó na faighteoirí deiridh. Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar na doiciméid sin lena seiceáil ar sainaithníodh aon laigí córais nó aon chásanna aonair de chalaois, éilliú nó coinbhleacht leasa agus an ndearnadh aon ghníomhaíocht cheartaitheach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. I gcás na gcéad iarrataí ar íocaíocht, fíoraíonn sé freisin an bhfuil garspriocanna rialaithe agus iniúchóireachta a cuireadh leis le linn mheasúnú RRP comhlíonta.
78 Beidh breisluach na ndearbhuithe bainistíochta agus achoimrí na n-iniúchtaí ag brath ar scóip agus ar cháilíocht obair iniúchóireachta na n-údarás náisiúnta. D’eisigh an Coimisiún ‘Treoraíocht do na Ballstáit le haghaidh ullmhú na hachoimre ar iniúchtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’, ina sainítear an cineál faisnéise a bhfuiltear ag dréim léi sna hachoimrí, agus ina mínítear na cineálacha iniúchtaí a bhfuiltear ag dréim leis a bheidh á ndéanamh ag údaráis na mBallstát. Tugaimid ar aire nach bhfuil aon treoraíocht bheacht maidir le cuimsiú agus dearadh na n-iniúchtaí sin ann, ós rud é nach bhfuil aon bhunús dlí sa Rialachán maidir leis sin.
79 Maidir leis na ceithre iarraidh ar íocaíocht a fuarthas in 2021, thug an Coimisiún ar aire go raibh scóip na hoibre iniúchóireachta a rinne na húdaráis náisiúnta teoranta go ginearálta mar gheall ar an tréimhse ghearr idir formheas na bpleananna agus tíolacadh na n-iarrataí ar íocaíocht sin38. Tá faisnéis an Choimisiúin maidir le cáilíocht na hoibre iniúchóireachta a thacaíonn le hachoimre iniúchóireachtaí agus cad iad na gnéithe den RRF ar a ndíreofar in iniúchtaí na mBallstát le linn shaolré RRF bunaithe ar mhalartuithe le húdaráis iniúchóireachta náisiúnta agus a measúnú ar a straitéisí iniúchóireachta náisiúnta. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn go raibh sé i gceist aige glacadh leis an dearbhú ó na torthaí iniúchóireachta náisiúnta ach nach ndéanfaidh sé amhlaidh ach amháin má bhí a n-iontaofacht deimhnithe ag obair iniúchóireachta an Choimisiúin.
Níl an tuairisciú ar chalaois ná treoirlínte chun laigí a cheartú i gcórais na mBallstát forbartha go hiomlán
Níl cur chuige láraithe agus caighdeánaithe ann maidir le tuairisciú ar chalaois
80 Maidir le cistí ‘Comhtháthaithe’, tá sé d’oibleagáid ar údaráis na mBallstát aon neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a bhraitear sa Chóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) a thuairisciú don Choimisiún. Baineann an Coimisiún úsáid as faisnéis seo IMS mar cheann de na gnéithe a úsáideann sé mar bhonn eolais dá mheasúnú riosca calaoise agus dá straitéis frithchalaoise, ar gnéithe tábhachtacha iad chun a iniúchtaí agus a rialuithe a spriocdhíriú. I‑gcodarsnacht le hoibleagáid na mBallstát tuairisciú ar chur chun feidhme an ‘Chomhtháthaithe’, foráiltear leis an oibleagáid neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a braitheadh i gcur chun feidhme RRF a thuairisciú don Choimisiún go ndéanfar tuairisciú i ndearbhú bainistíochta, ach ní fhágann sé go bhfuil ceanglas ann córas TF comhtháthaithe a úsáid.
81 Ceanglaítear ar Bhallstáit aon chásanna de chalaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a bhraitear a thuairisciú sa dearbhú bainistíochta (chomh maith leis an ngníomhaíocht feabhais a ghlactar). I gcodarsnacht le córas IMS, níl sé soiléir cathain ar cheart brath cás calaoise a thuairisciú, an bhfuil tairseach tuairiscithe ann, agus cén fhaisnéis chaighdeánach ba cheart a thuairisciú do gach cás agus maidir leis na bearta feabhais a rinneadh. Fágann an easpa faisnéise láraithe agus chaighdeánaithe ar leibhéal an Choimisiúin maidir le cásanna amhrasta de chalaois, coinbhleachtaí leasa agus éilliú atá braite ag Ballstáit go bhfuil sé deacair measúnú ceart a dhéanamh ar riosca calaoise. Tá sé seo ríthábhachtach chun iniúchtaí ex post a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais a spriocdhíriú go héifeachtach.
82 In éineacht leis na Ballstáit, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún tuairisciú go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le bearta a ghlactar chun calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac (tuarascáil PIF). Is gné thábhachtach den tuarascáil í an fhaisnéis agus na sonraí bliantúla maidir le calaois agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do chaiteachas an Aontais. Gan faisnéis láraithe agus chaighdeánaithe maidir le calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile ar leibhéal an Choimisiúin a dhéanann difear d’íocaíochtaí RRF, tá an baol ann go soláthrófar léiriú neamhiomlán i dtuarascáil bhliantúil PIF an Choimisiúin.
Ní dhéantar contrapháirtithe neamhiontaofa a thuairisciú ná a eisiamh faoi láthair
83 Níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit faoi láthair úsáid a bhaint as Córas Luathbhraite agus Eisiamh (EDES) an Choimisiúin do bhearta faoi RRF. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil ceann de na huirlisí atá ar fáil chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint infheidhme i gcás RRF.
84 Inár dtuairim i dtaca leis an athmhúnlú atá beartaithe don Rialachán Airgeadais, cuirimid fáilte dá bhrí sin roimh an moladh atá déanta ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh feidhm ag socruithe eisiata leormhaithe maidir le cláir chaiteachas faoi bhainistíocht dhíreach, amhail RRF, sa chás gurb iad na Ballstáit na tairbhithe39. Is í infhaighteacht agus iontaofacht faisnéise maidir le contrapháirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhiontaofa a bheidh ríthábhachtach d’oibriú éifeachtach EDES.
Ní dhearnadh treoraíocht inmheánach maidir le ceartuithe a tharraingt suas
85 Leis an rialachán, tá sé de cheart ag an gCoimisiún idirghábháil a dhéanamh i gcás ina bhfaightear nach ndéanann córas an Bhallstáit leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go leormhaith. Forálann sé ‘an tacaíocht faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin’40.
86 Forálann an t-airteagal céanna freisin dó seo a leanas: ‘Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid’.
87 Cé go bhfuil forálacha ginearálta maidir le ceartúcháin chothromrátaí sna comhaontuithe airgeadais, níl treoraíocht inmheánach forbartha ag an gCoimisiún go fóill maidir le cur i bhfeidhm na gcothromrátaí sin. Mar shampla, déanaimid tagairt don doiciméad dar teideal ‘Treoirlínte maidir leis na ceartuithe airgeadais a ríomh i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le comhréireacht agus imréiteach airgeadais na gcuntas’.
88 Laghdaítear trédhearcacht mar gheall nach bhfuil treoraíocht inmheánach ann maidir le cur i bhfeidhm na gcothromrátaí sin agus fágann sé sin nach féidir a áirithiú go bhfuil socruithe RRF á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach i leith Ballstát agus geallsealbhóirí eile41.
Conclúidí agus moltaí
89 Is samhail nua seachadta é RRF ina bhfuil íocaíocht an Choimisiúin leis an mBallstát bunaithe ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna. Tagaimid ar an gconclúid, laistigh de thréimhse ama sách gearr, go bhfuil córas rialaithe deartha ag an gCoimisiún a bhfuil sraith fíoruithe fairsinge ex ante aige agus a chomhlánaíonn iniúchtaí ar an bhfód chun measúnú a dhéanamh féachaint ar comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna go sásúil. Fágann an córas rialaithe sin, áfach, go bhfuil teorainn leis an bhfaisnéis fíoraithe a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais a thabharfadh le fios go gcomhlíonann tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta. Bíonn tionchar ag an easpa faisnéise sin ar an dearbhú is féidir leis an gCoimisiún a thabhairt maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus, dá bharr sin, fágtar bearna chuntasachta ann ar leibhéal an Aontais.
90 Fuaireamar go bhfuil na fíoruithe ex ante a dhéanann an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil garspriocanna agus spriocanna comhlíonta go sásúil, forleathan. Mar a thuairiscítear i gCaibidil 10 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn, bhraitheamar teorainneacha i ndoiciméadacht mheasúnú an Choimisiúin agus nach bhfuil modh ann chun an íocaíocht a chur ar fionraí (go páirteach) nó chun í a laghdú ar fáil go fóill, agus rinneamar moltaí gaolmhara 10.1 agus 10.2 ina leith sin. Thugamar ar aire freisin go bhféadfadh sainiú agus doiciméadacht ar scóip agus cuspóirí na gcéimeanna éagsúla den réamh-mheasúnú a bheith níos fearr, go háirithe maidir le comhairliúchán teicniúil le ASanna agus seirbhísí eile (míreanna 40 go 55).
Moladh 1– Feabhas a chur ar na nósanna imeachta d’fhíoruithe ex ante
Ag cur leis an taithí atá faighte aige go dtí seo, ba cheart don Choimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar nósanna imeachta, lena n-áirithítear doiciméadacht leormhaith ar a mheasúnú agus lena soiléirítear ról agus scóip an chomhairliúcháin theicniúil le ASanna agus seirbhísí eile.
Spriocdháta don chur chun feidhme: 2023
91 Tá iniúchtaí fairsinge ex post beartaithe ag an gCoimisiún i dtaobh chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna. Tugtar le fios i bpleanáil na hoibre iniúchóireachta do 2022 go mbeidh cuimsiú fairsing ar na Ballstáit i gceist leo. Ní féidir leormhaitheas na n-iniúchtaí ex post atá beartaithe a mheasúnú go dtí am éigin amach anseo (míreanna 56 go 65).
92 Tá cur chun feidhme rathúil RRF ag brath ar gharspriocanna agus spriocanna a bheith comhlíonta, agus gan iad a aisiompú ina dhiaidh sin. Tugaimid ar aire nach bhfuil aon treoraíocht ann faoi láthair chun a áirithiú go bhfuil tuiscint chomhsheasmhach ann ar cad atá i gceist le haisiompú birt a bhaineann le garsprioc nó sprioc a comhlíonadh roimhe sin, ar an gcaoi a ndéantar an baol a bhaineann leis an aisiompú sin a mhaolú, agus ar an gcaoi a mbeadh tionchar aige ar íocaíochtaí a rinneadh roimhe sin agus íocaíochtaí atá á ndéanamh faoi láthair (míreanna 66 go 70).
Moladh 2 – Treoraíocht a tharraingt suas maidir le haisiompú birt a bhaineann le garsprioc nó sprioc a comhlíonadh roimhe sin
Ba cheart don Choimisiún treoraíocht agus nósanna imeachta a fhorbairt a thugann aghaidh ar aisiompú birt a bhaineann le garsprioc agus sprioc a comhlíonadh roimhe sin chun a áirithiú go mbeidh léirthuiscint agus cur chun feidhme comhleanúnach ann ina leith.
Spriocdháta don chur chun feidhme: 2023
93 D’fhorbair an Coimisiún doiciméid phleanála d’iniúchtaí ar chórais trína bhfuil sé mar aidhm aige córas rialaithe gach Ballstáit a chlúdach chun leas airgeadais an Aontais a chosaint (míreanna 71 go 76). Tugaimid ar aire, áfach, nach ndíreoidh na hiniúchtaí seo ach amháin ar chórais na mBallstát a bhaineann le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte. Mar thoradh air sin, tá teorainn leis an bhfaisnéis fíoraithe ar leibhéal an Aontais maidir leis an gcaoi a chomhlíonann tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta. Bíonn tionchar ag easpa faisnéise den sórt sin ar an dearbhú is féidir leis an gCoimisiún a thabhairt ar leibhéal an Aontais. Léirítear an fhreagracht a ghlacann an Coimisiún ó thaobh leas airgeadais an Aontais a chosaint sa ráiteas dearbhaithe sa Tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ó AS ECFIN. Ní théann sé níos faide ná a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún aon mhéid atá dlite a aisghabháil i gcás calaoise, éillithe agus coinbhleacht leasa, más rud é nach ndéanann an Ballstát é sin nó más rud é go suitear go bhfuil sárú tromchúiseach déanta ar an gcomhaontú maoinithe (míreanna 28 go 36).
Moladh 3 – Aghaidh a thabhairt ar an mbearna dhearbhaithe ar leibhéal an Aontais maidir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a chomhlíonadh
Ba cheart don Choimisiún na bearta a shainaithint atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sa dearbhú ar leibhéal an Aontais maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.
Spriocdháta don chur chun feidhme: 2023
94 Measaimid go mbeidh fíorluach dhearbhuithe bainistíochta agus achoimrí iniúchtaí na mBallstát ag brath cuid mhór ar scóip agus ar cháilíocht na n-iniúchtaí sin agus tugaimid ar aire nach bhfuil aon treoraíocht bheacht ann maidir le cumhdach agus dearadh na n-iniúchtaí sin. Bhí scóip na hoibre iniúchóireachta a rinne údaráis náisiúnta sa chéad bhliain teoranta go ginearálta. Tá faisnéis an Choimisiúin maidir le cáilíocht na hoibre iniúchóireachta bunaithe ar mhalartuithe le húdaráis iniúchóireachta náisiúnta agus ar a mheasúnú ar a straitéisí iniúchóireachta náisiúnta (míreanna 77 go 79).
95 Maidir le calaois a thuairisciú i ndáil le RRF (míreanna 80 go 84), thugamar an méid seo a leanas ar aire:
- Ciallaíonn an easpa faisnéise láraithe agus caighdeánaithe ar chalaois a thaifeadtar sa Chóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí go bhfuil na sonraí atá ar fáil chun tacú leis na hiniúchtaí ar chórais phleanála agus spriocdhírithe neamhiomlán.
- Faoi láthair, ní thuairiscítear contrapháirtithe neamhiontaofa (faighteoirí deiridh) i gCóras Luathbhrath agus Eisiaimh agus ní dhéantar iad a eisiamh ó chistiú an Aontais a fháil. Mar sin féin, leis na leasuithe atá beartaithe ar fhorálacha an Rialacháin Airgeadais (athmhúnlú) déantar foráil maidir leis sin.
Moladh 4 – Tuairisciú a ailíniú maidir le calaois a bhaineann le RRF
Ba cheart don Choimisiún tuairisciú calaoise a bhaineann le RRF a ailíniú agus cásanna calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhaineann le RRF a thaifeadadh sa Chóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí.
Spriocdháta don chur chun feidhme: 2023
96 Leis na comhaontuithe maoinithe a shínítear leis na Ballstáit, déantar foráil maidir le leibhéil éagsúla ceartúcháin chothromráta i gcás ina n-aimsíonn an Coimisiún easnamh i gcóras rialaithe an Bhallstáit as a dtagann sárú tromchúiseach ar a oibleagáid leas airgeadais an Aontais a chosaint mar a leagtar síos sa chomhaontú maoiniúcháin. Mar sin féin, ní thacaíonn na sainmhínithe atá ann faoi láthair ar na leibhéil éagsúla go leordhóthanach le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcothromrátaí sin (míreanna 85 go 88).
Moladh 5 – Treoraíocht inmheánach maidir le ceartúcháin a fhorbairt
Ba cheart don Choimisiún critéir nó treoraíocht inmheánach a fhorbairt maidir le cur i bhfeidhm na gceartúchán cothromráta a leagtar síos i gcomhaontuithe maoiniúcháin i gcás laigí i gcórais rialaithe na mBallstát lena ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Spriocdháta don chur chun feidhme: 2023
Is é Seomra V, faoi cheannas Jan Gregor (Comhalta den Chúirt), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 15 Feabhra 2023.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
Uachtarán
Giorrúcháin
AS ECFIN: Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
AS EMPL: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
AS: Ardstiúrthóireacht
DNSH: ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’
EDES: Córas Luathbhraite agus Eisiaimh
EFC: Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais
IMS: Córas Bainistíochta Neamhrialtachta
NGEU: NextGenerationEU
PIF: Leasanna airgeadais a chosaint
RRF: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
RRP: Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta
SG RECOVER: An Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta laistigh d’Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin
Gluais
An córas bainistíochta neamhrialtachtaí: Feidhmchlár a bhíonn in úsáid ag na Ballstáit chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear cásanna amhrasta de chalaois, a thuairisciú don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Sásra tacaíochta airgeadais an Aontais chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú, agus le haghaidh claochlú glas agus digiteach.
Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais: Coiste de chuid an Aontais atá curtha ar bun chun comhordú beartais i measc na mBallstát a chur chun cinn.
EDES: An córas a bhunaigh an Coimisiún chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a threisiú agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú. Is é is cuspóir do EDES ná leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar dhaoine agus eintitis neamhiontaofa atá ag cur isteach ar chistí an Aontais nó a bhfuil gealltanais dhleachtacha tugtha chun críche acu leis an gCoimisiún nó le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais.
NextGenerationEU: Pacáiste cistithe chun cabhrú le Ballstáit an Aontais téarnamh ón tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá ag paindéim COVID-19.
Plean téarnaimh agus athléimneachta: Doiciméad ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe ag Ballstát faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistiú i dtaobh réimsí buiséadacha sonracha. Roghnaíonn agus leagann an Chúirt Iniúchóirí amach na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó is féidir acu trí bhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíontacht, ar leibhéal an ioncaim nó an chaiteachais lena mbaineann, ar fhorbairtí atá ar na bacáin agus ar an leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta V – Maoiniú agus Riar an Aontais, atá faoi cheannas Jan Gregor (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Tony Murphy (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Wolfgang Stolz (Ceann na hOifige Príobháidí), agus Brian Murphy agus Peter Borsos (Ataiséanna na hOifige Príobháidí), Judit Oroszki (Príomhbhainisteoir), Gediminas Macys (Ceann Cúraim), agus Kristina Kosor agus Raymond Larkin (Iniúchóirí). Thug Valérie Tempez cúnamh rúnaíochta.

Ó chlé go deas: Peter Borsos, Judit Oroszki, Kristina Kosor, Tony Murphy, Brian Murphy, Gediminas Macys, Wolfgang Stolz, Raymond Larkin, Valérie Tempez.
Críochnótaí
1 Airteagal 8 agus Airteagal 22(1) den Rialachán.
2 Airteagal 24(3) den Rialachán.
3 Airteagal 22(1) den Rialachán.
4 Airteagal 22(5) den Rialachán.
5 Féach Airteagal 18(4) den Rialachán le haghaidh tacar iomlán na gcoinníollacha a chaithfidh RRPanna a chomhlíonadh.
6 Airteagal 24(3) den Rialachán.
7 Airteagal 22(2) den Rialachán.
8 Idem.
9 Airteagal 24(3) den Rialachán.
10 Tuarascáil speisialta 21/2022: Measúnú an Choimisiúin ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Iomchuí ar an iomlán, ach tá rioscaí fós ann don chur chun feidhme
11 Tuairim Uimh. 06/2020 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
12 Tuarascáil speisialta 21/2022.
13 Tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2021, Caibidil 10 – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
14 Athbhreithniú 01/2023: Maoiniú AE tríd an mbeartas comhtháthaithe agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Anailís chomparáideach.
15 Caibidil 10 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.
16 Tuarascáil speisialta 21/2022.
17 TBG 2021 ó AS ECFIN, Iarscríbhinn XIV.
18 Airteagal 24(5) den Rialachán.
20 Airteagal 24 den Rialachán.
21 Míreanna 56-61 de Thuarascáil speisialta 21/2022.
22 Mír VIII de Thuarascáil speisialta 21/2022.
23 Mír 80 d’Athbhreithniú 01/2023.
24 Airteagal 22(1) agus aithris 54 den Rialachán.
25 TBG 2021 ó AS ECFIN, lch. 52.
26 Straitéis iniúchóireachta an Choimisiúin do RRF, lch. 3.
27 Fíor 1.8 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.
28 Airteagal 24(3) den Rialachán.
29 Airteagal 24(3) den Rialachán.
30 Airteagal 36(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
31 Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh cur chun feidhme ón gComhairle.
32 Míreanna 10.24-10.26 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.
33 Mír 73 de Thuarascáil speisialta 21/2022 uainn.
34 Airteagal 24(6) den Rialachán.
35 Mír 10.28 de Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn.
36 Airteagal 74(6) den Rialachán Airgeadais.
37 Airteagal 24(3) den Rialachán.
38 TBG 2021 ó AS ECFIN, lch. 60.
39 Tuairim 06/2022 (de bhun Airteagal 322(1), CFAE) i dtaca leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú).
40 Airteagal 22(5) den Rialachán.
41 Mír 106d’Athbhreithniú 01/2023.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: www.eca.europa.eu/ga/contact
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023
ISBN 978-92-847-9597-0 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/765669 | QJ-AB-23-008-GA-N | |
HTML | ISBN 978-92-847-9599-4 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/513577 | QJ-AB-23-008-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2023
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:
Fíor 2 – Deilbhíní: rinneadh na fíoracha a dhearadh ag úsáid acmhainní ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais príobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.