An caiteachas aeráide i mbuiséad AE 2014-2020: Níl sé chomh hard agus a thuairiscítear
Maidir leis an tuarascáil:Gheall an tAontas Eorpach go gcaithfeadh sé 20 % ar a laghad dá bhuiséad do thréimhse 2014-2020 ar ghníomhú ar son na haeráide. D’fhógair an Coimisiún go raibh an sprioc sin comhlíonta ag an Aontas, agus é tuairiscithe go raibh an caiteachas aeráide don tréimhse sin ag €216 bhilliún. Fuaireamar amach nach raibh an caiteachas a tuairiscíodh ábhartha i gcónaí do ghníomhú ar son na haeráide agus, ar an iomlán, go raibh ráiteas iomarcach déanta faoin méid a tuairiscíodh a caitheadh ar an aeráid. Mheasamar go raibh €72 bhilliún ar a laghad sa ráiteas iomarcach sin.
In ainneoin na bhfeabhsúchán atá beartaithe don tuairisciú ar ghníomhú ar son na haeráide do thréimhse 2021-2027, tá dúshláin fós ann. Is é is aidhm do na moltaí atá anseo againn ná feabhas a chur ar an tuairisciú ar ghníomhú ar son a haeráide, agus rannchuidiú buiséadach AE a nascadh lena chuspóirí aeráide agus fuinnimh. Táimid ag moladh freisin fianaise eolaíoch a fháil don rannchuidiú aeráide atá á dhéanamh faoi bheartas talmhaíochta an Aontais.
Tuarascáil Speisialta CIE de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.
Achoimre feidhmiúcháin
I Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais í aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, a bhfuil cuspóirí dúshlánacha fuinnimh agus aeráide leagtha síos aige dó féin. Áirítear orthu sin spriocanna 2020 agus 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, maidir le húsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Tá sprioc fhadtéarmach leagtha síos ag an Aontas freisin ina bhfuil sé i gceist neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050.
II Gheall an tAontas Eorpach go gcaithfeadh sé 20 % ar a laghad dá bhuiséad do thréimhse 2014-2020 ar ghníomhú ar son na haeráide. In 2021, thuairiscigh an Coimisiún go raibh an sprioc comhlíonta aige, tar éis €216 bhilliún (20.1 %) a chaitheamh ar bhearta a bhaineann leis an aeráid. Tá sprioc mhéadaithe de 30 % ar ghníomhú ar son na haeráide i mbuiséad AE do thréimhse 2021-2027.
III Bhí sé mar chuspóir ag an iniúchadh seo a dhéanamh amach an raibh faisnéis ábhartha agus iontaofa faoin gcaiteachas ar an aeráid do thréimhse 2014-2020 á tuairisciú ag an gCoimisiún. Scrúdaíomar an chaoi ar chuir an Coimisiún a mhodheolaíocht i measúnú an chaiteachais aeráide i bhfeidhm, agus freisin cén chaoi ar rannchuidigh an caiteachas a tuairiscíodh le gníomhú ar son na haeráide. Rinneamar athbhreithniú freisin ar na hathruithe a mbeifear ag súil leo i ndiaidh 2020 i dtaca leis an rianú a dhéantar ar chaiteachas aeráide. Rinneamar an obair ag an tráth seo chun cabhrú leis an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanfar tuairisciú ar chaiteachas aeráide amach anseo.
IV Fuaireamar amach nach raibh an caiteachas a tuairiscíodh ábhartha i gcónaí do ghníomhú ar son na haeráide. Is é ár measúnú foriomlán ná gur mheas an Coimisiún thar a cheart an rannchuidiú aeráide a bhí i gceist le comhchodanna lárnacha den mhaoiniú talmhaíochta amhail tras-chomhlíonadh, limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu agus feirmeoireacht orgánach. Tacaíonn foilseacháin de chuid an Choimisiúin, foilseacháin acadúla agus foilseacháin ó eagraíochtaí neamhrialtasacha lenár measúnú.
V Ar an gcaoi chéanna, is é ár measúnú go ndearna an Coimisiún rómheastachán ar an rannchuidiú aeráide a bhí i gceist le fo-earnálacha lárnacha den mhaoiniú bonneagair agus comhtháthaithe amhail iompar iarnróid, leictreachas agus bithmhais. Níor úsáid an Coimisiún toimhdí coimeádacha agus bhí neamhréireachtaí ina thuairisciú ar na tionscadail sin.
VI Measaimid nach raibh an tuairisciú ar chaiteachas aeráide iontaofa. Bhí cuid mhór garmheastachán i gceist leis agus ní dhearnadh rianú ach amháin ar an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith aige ar an aeráid gan meastachán a dhéanamh ar an gcaoi a rannchuideofaí i ndeireadh thiar le spriocanna aeráide AE. Bhí baol freisin ann nach gcaithfí suimeanna a bhí pleanáilte nó geallta. D’fhéadfadh sé sin an staid a chruthú a d’fhágfadh an caiteachas aeráide a tuairiscíodh níos airde. I gcás amháin, chuir an Coimisiún an rannchuidiú náisiúnta isteach sa tuairisciú AE.
VII Thug ár n-anailís le tuiscint go ndearna an Coimisiún ráiteas iomarcach de €72 bhilliún ar a laghad i dtaobh caiteachas aeráide, agus gur as cistiú talmhaíochta a tháinig 80 % de sin. Ciallaíonn sé sin gur caitheadh thart ar 13 % de bhuiséad AE 2014-2020 ar ghníomhú ar son na haeráide.
VIII Tá ábhair imní á gcur in iúl againn i dtaobh iontaofacht an tuairiscithe aeráide do thréimhse 2021-2027. In ainneoin na bhfeabhsúchán molta sa mhodheolaíocht tuairiscithe, tá an chuid is mó de na saincheisteanna a sainaithníodh do thréimhse 2014-2020 fós ann. San ionstraim chistiúcháin NextGenerationEU a tugadh isteach in 2020, tá príomhphrionsabal ann ar a dtugtar “ná déan dochar suntasach”, rud a chiallaíonn nár cheart do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheith ina mbagairt ar chuspóirí comhshaoil nó aeráide. Fuaireamar amach, áfach, go bhfuil dúshláin bhreise ag teacht le NextGenerationEU mar gheall ar na naisc dhoiléire atá idir íocaíochtaí agus cuspóirí aeráide.
IX Chun tuairisciú amach anseo ar chaiteachas aeráide a fheabhsú, molaimid don Choimisiún fianaise eolaíoch a fháil den rannchuidiú ón mbeartas talmhaíochta, an chomhchuid is mó de thuairisciú aeráide AE. Molaimid freisin go bhfeabhsófaí tuairisciú aeráide trí chaiteachas AE, a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar an aeráid a shainaithint, trí threoirlínte a eisiúint chun comhleanúnachas a áirithiú agus trí na méideanna nár úsáideadh a áireamh. Sa bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá caiteachas aeráide ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais.
Réamhrá
01 Ní fhacthas riamh roimhe seo leibhéal chomh hard d’athruithe agus atá i gceist leis na hathruithe móra atá tarlaithe le gairid sa chóras aeráide agus an tionchar daonna ar an aeráid, agus ní bheifear in ann go leor de na hathruithe sin a chúlú go ceann na gcéadta de bhlianta; sin de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide1. Is príomhthosaíocht don Aontas Eorpach í dul i ngleic leis an athrú aeráide trí bheartais inmheánacha agus trí chomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta2. Taispeánann Fíor 1 na bloic thógála atá ann do bheartas aeráide an Aontais.
Gealltanais idirnáisiúnta ar son na haeráide 
02 Faoi Phrótacal Kyoto a tháinig i bhfeidhm in 2005, gheall an tAontas go ndéanfaidh sé laghdú 8 % ar a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) i gcomparáid le leibhéil 1990 idir 2008 agus 20123. Tá sé mar aidhm leis an sprioc sin teorainn a chur leis an téamh domhanda chun tacú leis an maolú ar an athrú aeráide. Sa bhreis air sin, tugann an Prótacal aghaidh ar oiriúnú don athrú aeráide, nó coigeartú don athrú aeráide agus a chuid éifeachtaí.
03 I gComhaontú Pháras in 2015, leagadh sprioc dhomhanda don mhaolú aeráide síos lena ndéanfaí an téamh domhanda a theorannú go dtí leibhéal a bheadh “go maith faoi bhun” 2°C, agus dá bhféadfaí é go dtí 1.5°C. Bhí sé mar aidhm aige freisin go méadófaí cumas na bpáirtithe oiriúnú don athrú aeráide. Dhaingnigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an Comhaontú sin in 2016.
Na príomhfhorbairtí i gcreat aeráide an Aontais 
04 In 2011, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé de chuspóir aige an cion de bhuiséad an Aontais a bhain leis an aeráid a mhéadú go dtí ar a laghad 20 % do thréimhse 2014-20204. In 2012, rith Parlaimint na hEorpa Rún a bhí ag tacú le haidhm go mbeadh ar a laghad “20 % den chaiteachas bainteach leis an aeráid”. In 2013, tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid go mbeadh “cuspóirí maidir le gníomhaíocht i ndáil leis an aeráid comhionann le 20 % de chaiteachas AE sa tréimhse 2014-2020”5. In 2014, rinne an tAontas modheolaíocht i gcomhair tacaíocht i leith an athraithe aeráide a neadú sa reachtaíocht a mhéid a bhaineann le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa6.
05 Tá a mhodheolaíocht maidir le caiteachas aeráide a chainníochtú á bhunú ag an gCoimisiún ar chomhéifeachtaí a shannadh chuig comhchodanna de chláir AE, amhail réimsí idirghabhála nó tionscadail, de réir a mhéid a mheastar a rannchuideoidh siad le gníomhú ar son na haeráide (féach Tábla 1). Is éard atá sa mhodheolaíocht sin ná leagan oiriúnaithe de mharcóirí Rio ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a tugadh isteach in 1998 chun gníomhaíochtaí a shainaithint lena ndéantar cuspóirí choinbhinsiúin Rio a phríomhshruthú isteach sa chomhar um fhorbairt7.
| An rannchuidiú a cheaptar a dhéanfar le cuspóirí aeráide: | Suntasach | Measartha | Ní ann dó nó neamhshuntasach |
|---|---|---|---|
| Comhéifeacht aeráide AE: | ![]() |
![]() |
![]() |
Foinse: CIE, bunaithe ar an gCoimisiún, Buiséad le haghaidh Eoraip 2020, COM(2011) 500, Cuid II, lch. 15.
06 Déanann an Coimisiún an caiteachas foriomlán a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú go bliantúil ina dhréachtbhuiséid agus ina thuarascálacha bliantúla bainistíochta agus feidhmíochta le haghaidh bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Tá Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, i gcomhar le chéile, i gceannas ar an mbeart bliantúil sin. I Meitheamh 2021, thuairiscigh an Coimisiún gur “chaith an tAontas 20.1 % dá bhuiséad do 2014-2020, nó €216 bhilliún, ar chomhrac an athraithe aeráide, rud a thugann i gcrích a sprioc de 20 %”8. Taispeánann Fíor 2 na príomhchláir chaiteachais a rannchuidíonn leis an sprioc sin.
Fíor 2 – Rannchuidiú aeráide laistigh de Bhuiséad AE 2014-2020, de réir mar atá tuairiscithe ag an gCoimisiún
Nóta: Faoin iontráil ‘Eile’, áirítear an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, Cabhair Dhaonnúil etc.
Foinse: CIE, bunaithe ar: An Coimisiún, Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2020.
07 Do thréimhse 2021-2027, leag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún síos sprioc fhoriomlán de rannchuidiú 30 % le gníomhú ar son na haeráide, ar sprioc é sin atá níos airde ná mar a bhí sa chlárthréimhse roimhe sin (féach Fíor 3).
Foinse: CIE, bunaithe ar: An Coimisiún, Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a Chumhdaíonn, a Chumhachtaíonn agus a Chosnaíonn – Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, COM(2018) 321; An Chomhairle Eorpach, Conclúidí - Cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach, EUCO 10/20, 2020, lch 7; An Coimisiún, Treoraíocht do Bhallstáit, Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, SWD(2020) 205, lch. 5.
08 In 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún a Theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a bhí dírithe ar “s[h]ochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch”. Sa Chomhaontú Glas don Eoraip, leagtar amach plean aeráide an Aontais don tréimhse suas go dtí 2030 agus 2050. Thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an gcuspóir go ndéanfaí Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 20509.
09 In 2021, ghlac an tAontas a Dhlí Aeráide Eorpach, lenar leagadh síos sprioc cheangailteach AE d’astaíochtaí GCT glan-nialasacha faoi 2050. Leagadh síos sprioc idirmheánach freisin go ndéanfaí an glanmhéid astaíochtaí a laghdú 55 % faoi 2030 (i gcomparáid le 1990). Tacaíonn pacáiste an Choimisiúin ar a dtugtar “Oiriúnach do 55” leis an dul chun cinn ionsar sprioc idirmheánach 2030. Tá liosta ansin de thograí reachtacha atá bainteach le chéile agus d’athbhreithnithe agus leasuithe a chuimsíonn réimsí beartais amhail fuinneamh, aeráid, foirgnimh, úsáid talún, athrú in úsáid talún agus foraoiseacht. Foráiltear ann freisin do “Chiste Aeráide Sóisialta” a chruthú.
10 D’fhoilsigh an Coimisiún Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide in 2013, chomh maith le straitéis nua in 202110. Cuireann an Dlí Aeráide Eorpach de cheangal ar Insititiúidí agus Ballstáit an Aontais oibriú ionsar oiriúnú don athrú aeráide.
11 Tacaíonn Córas Trádála Astaíochtaí (ETS) an Aontais le laghdú astaíochtaí sna tionscail dianfhuinnimh, i nginiúint leictreachais agus téimh agus san earnáil eitlíochta11 (féach Bosca 1). Tagann earnálacha eacnamaíocha eile faoi reachtaíocht “comhroinnte díchill” an Aontais, ina leagtar síos spriocanna náisiúnta le haghaidh laghdú astaíochta mar thaca le sprioc an Aontais12.
Bosca 1 – Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais
Oibríonn ETS an Aontais mar chlár “uasteorann agus trádála”, ina gcaithfidh na hoibreoirí atá cuimsithe sa chlár aon lamháltas astaíochta amháin a ghéilleadh in aghaidh na coibhéise de thona dé-ocsaíde carbóin a astaíonn siad. Féadann na hoibreoirí sin lamháltais a fháil saor in aise, iad a fháil trí cheantanna nó iad a thrádáil ina measc féin. Gach bliain, laghdaítear an líon iomlán lamháltas atá ar fáil, agus as sin cruthaítear “uasteorainn”.
12 I gcuspóirí fuinnimh agus aeráide AE do 2020 agus 2030, áirítear spriocanna do laghduithe ar astaíochtaí GCT, méadú ar an úsáid a bhaintear as fuinneamh in-athnuaite, agus cur chun cinn a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh (féach Fíor 4, Fíor 5 agus Fíor 6). In 2021, leag an Dlí Aeráide Eorpach cuspóir ceangailteach síos go ndéanfaí Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 (féach mír 09), agus mhol an Coimisiún spriocanna nua don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh13.
13 Tá an méid seo a leanas tuairiscithe ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA):
- Tá an sprioc de laghdú 20 % ar GCT faoi 2020 comhlíonta ag an Aontas, ós rud é – faoi 2019 – go bhfuil astaíochtaí GCT laghduithe 24 % i gcomparáid le leibhéil 1990 (féach Fíor 4).
- Is 19.7 % a bhí sa sciar de thomhailt fuinnimh as foinsí in-athnuaite in 2019, agus meastar go mbeidh an figiúr sin ag 21.3 % in 2020 (féach Fíor 5).
- Bhí treocht laghdaitheach le sonrú in dtomhailt fuinnimh ó 2006, ach d’aisiompaigh sé sin in 2015. Mar sin féin, measann EEA gur chomhlíon an tAontas a sprioc do 2020 agus gur tháinig laghdú 24 % ar an tomhailt ó phríomhfhoinsí fuinnimh (féach Fíor 6).
Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar astaíochtaí GCT agus ar thomhailt fuinnimh in 202014.
Fíor 4 – Spriocanna AE le haghaidh laghdú astaíochtaí GCT (bonnlíne 1990)
Foinse: CIE, bunaithe ar: EEA: Gáis cheaptha teasa – Amharcóir sonraí, le haghaidh 1990-2019; Tuarascáil EEA Uimh. 13/2021 – Treochtaí agus réamh-mheastacháin san Eoraip 2021, le haghaidh an réamh-mheastacháin do 2020.
Fíor 5 – An sciar de thomhailt fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san Aontas
Nóta: In 2021, mhol an Coimisiún sprioc nua do 2030.
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí EEA.
Fíor 6 – Sprioc AE don éifeachtúlacht fuinnimh (i gcomparáid leis an réamh-mheastachán ar thomhailt fuinnimh in 2020)
Nóta: In 2021, mhol an Coimisiún sprioc nua do 2030.
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí EEA.
14 Thuairiscigh an Coimisiún gur tharla formhór an choigiltis fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta mar gheall ar oibleagáidí éifeachtúlachta fuinnimh nó mar gheall ar cháin fuinnimh, seachas é sin a bheith ag tarlú de dhroim infheistíochta poiblí15. I dtuarascálacha ón gCúirt Iniúchóirí roimhe seo, thángthas ar an gconclúid go raibh sé dodhéanta measúnú a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn buiséad an Aontais le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais i bhfoirgnimh agus fiontair trí úsáid a bhaint as an gcóras faireacháin atá anois ann. Ba é ár meastóireacht ná gur rannchuidiú beag i leith cuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh a thabharfaí i gcrích sna tionscadail inár sampla16.
Raon feidhme agus cur chuige an hiniúchóireachta
15 Is í an phríomhcheist iniúchóireachta ar fhéachamar uirthi ná cibé ar thuairiscigh an Coimisiún faisnéis ábhartha agus iontaofa maidir leis an gcaiteachas aeráide do thréimhse 2014-2020. Rinneamar anailís freisin ar an dul chun cinn ionsar an sprioc de 20 % ar a laghad de bhuiséad AE a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide. Scrúdaíomar an chaoi ar chuir an Coimisiún a mhodheolaíocht i bhfeidhm chun cuntas a thabhairt ar an gcaiteachas aeráide agus scrúdaíomar cé chomh hiontaofa a bhí an tuairisciú aeráide. Ar deireadh, d’fhéachamar ar an gcreat Eorpach le haghaidh caiteachas aeráide a rianú i ndiaidh 2020.
16 Chinneamar an obair seo a dhéanamh anois i bhfianaise go bhfuil a topaic seo go mór chun tosaigh sa chlár gnó polaitiúil idirnáisiúnta agus Eorpach. Thairis sin, is saincheist thrasearnálach atá i gceist le caiteachas aeráide agus tuairisciú aeráide, agus cuimsíonn sé sin sciar suntasach de bhuiséad AE (féach Fíor 1). Cabhróidh ár dtuarascáil leis an gCoimisiún chun feabhas a chur ar ábharthacht agus iontaofacht an tuairiscithe aeráide a dhéanfaidh sé i rith chlárthréimhse 2021-2027. Táimid ag súil leis go mbeidh ár bhfionnachtana agus ár moltaí úsáideach i gcomhthéacs chuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
17 Is leathnú é an t-iniúchadh seo ar obair atá déanta cheana againn sa réimse sin, inar sainaithníodh laigí sa mhodheolaíocht a úsáidtear chun gníomhú ar son na haeráide a rianú agus gur laigí iad sin is cúis le rómheastacháin ar chaiteachais aeráide17. Téitear isteach níos mine sna réimsí a ndearnamar athbhreithniú cheana orthu agus tá réimsí eile curtha leis an raon feidhme againn. San Iarscríbhinn, liostaítear na moltaí a rinneamar roimhe seo agus atá fós ábhartha do thuairisciú aeráide agus a chuireann leis an obair san iniúchadh seo.
18 Agus na trí chomhéifeacht aeráide AE i modheolaíocht an Choimisiúin (féach Tábla 2) in úsáid againn, rinneamar athmheasúnú ar an méid a bhí buiséad AE ag rannchuidiú le gníomhú ar son na haeráide. Chun é sin a dhéanamh, bhaineamar úsáid as an bhfianaise eolaíoch a bhí ar fáil, as an obair a rinneamar roimhe seo agus as tástáil iniúchóireachta ábhartha. I bhfianaise nádúr na hoibre agus na teorainneacha a bhí ag gabháil leis na sonraí a bhí ar fáil, is cainníochtú táscach atá inár gcuid cainníochtuithe. Chlúdaigh scóip na hiniúchóireachta gach clár AE a rannchuidíonn níos mó ná 2 % le tuairisciú aeráide (féach Fíor 2). Tugtar achoimre i bhFíor 7 ar ár gcur chuige iniúchóireachta agus ar na príomhfhoinsí fianaise.
Fíor 7 – Ár gcur chuige iniúchóireachta agus na príomhfhoinsí fianaise
1 ECFE, an Líonra um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Institiúid um Beartas Comhshaoil Eorpach, an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, an Banc Eorpach Infheistíochta.
2 Na hArdstiúrthóireachtaí seo a leanas: an Buiséad; Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais; Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú; Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe; an tSoghluaisteacht agus an Iompar; Fuinneamh; Gníomhú ar son na hAeráide; an Taighde agus an Nuálaíochta; an Beartas Réigiúnach agus Uirbeach; an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta; agus Tacaíocht um Athchóiriú Struchtúrach; mar aon leis an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta.
Foinse: CIE.
Breathnuithe
Ní raibh an caiteachas a tuairiscíodh ábhartha i gcónaí do ghníomhú ar son na haeráide
19 Aon chaiteachas AE a thuairiscítear mar chaiteachas atá ábhartha don aeráid, ba cheart gur caiteachas é a oibríonn ionsar maolú nó oiriúnú a dhéanamh ar an athrú aeráide, rannchuidiú a dhéanamh le cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais, nó aghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide agus na rioscaí a ghabhann leis an athrú aeráide. Ba cheart caiteachas a rannchuidíonn le gníomhú ar son na haeráide a ríomh trí úsáid a bhaint as comhéifeachtaí aeráide atá réalaíoch. Féachann an roinn seo ar na príomhréimsí de chláir chaiteachais poiblí an Aontais a tuairiscíodh a bheith ábhartha don aeráid: talmhaíocht, bonneagar agus comhtháthú.
Is as réimse na talmhaíochta a thagann leath an chaiteachais aeráide AE a tuairscíodh, ach níl aon laghdú tagtha ar astaíochtaí feirme
20 Is iad an dá phríomh-chomhchuid de Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais ná an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) augs an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Tá achoimre i mBosca 2 agus i mBosca 3 ar a bpríomhghnéithe agus a rannchuidithe le tuairisciú aeráide in 2014-2020.
Bosca 2 – Rannchuidiú le tuairisciú aeráide 2014-2020: íocaíochtaí díreacha CERT
Is tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) a mhaoinítear íocaíochtaí díreacha AE agus bearta margaidh faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Is éard atá in íocaíochtaí díreacha, arb iad sin an sciar is mó de mhaoiniú CERT, ná íocaíochtaí tacaíochta talmhaíochta a dhéantar go díreach le feirmeoirí (e.g. bunaithe ar cheantar).
Foinse: CIE, bunaithe ar thuairisciú ón gCoimisiún.
21 Is leis an talmhaíocht a bhaineann leath de chaiteachas aeráide tuairiscithe an Aontais (féach Fíor 2). Tugtar ar aire i dtuarascáil a d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí in 2021 nach bhfuil aon laghdú tagtha ar astaíochtaí GCT ón bhfeirmeoireacht san Aontas ó 201018. Tugann staidéir shamhaltaithe ar an maolú ar an athrú aeráide le tuiscint go mbeadh an líon astaíochtaí GCT ón talmhaíocht san Aontas Eorpach 2.5-4.2 % níos ísle mura mbeadh íocaíochtaí díreacha ann. Tharlódh sé sin mar gheall ar laghdú i ngníomhaíocht talmhaíochta, agus is í an fheirmeoireacht eallaigh is mó a chuirfeadh leis an ísliú19. Maidir leis na laghduithe in astaíochtaí GCT san Aontas a thiocfadh as íocaíochtaí díreacha/gníomhaíocht talmhaíochta a laghdú san Aontas, bheidís sin fritháirithe go pointe áirithe ag méadú ar an méid astaíochta a tharlódh lasmuigh den Aontas (sceitheadh carbóin)20.
22 Is féidir le cleachtais feirmeoireachta, ar nós barra cumhdaigh a shaothrú nó leibhéil an ábhair orgánaigh san ithir a chothabháil, a bheith tairbhiúil do mhaolú ar an athrú aeráide agus freisin d’oiriúnú don athrú aeráide21. Maidir le hoiriúnú, méadaíonn an t-ioncam ó íocaíochtaí díreacha cumas na bhfeirmeacha déileáil le suaití diúltacha ón athrú aeráide22. D'fhéadfadh spleáchas ar íocaíochtaí díreacha, áfach, feirmeacha neamh-inmharthana a choinneáil ag imeacht agus ar an gcaoi sin moill a chur ar athruithe struchtúracha a bheadh riachtanach don oiriúnú23.
23 Déanann an Coimisiún an rannchuidiú aeráide atá ag íocaíochtaí díreacha a ríomh ó na comhchodanna glasaithe agus neamhghlasaithe, chomh maith lena chéile24. Tagraíonn glasú do chleachtais talmhaíochta a oiriúnú chun go rachaidh siad chun tairbhe don aeráid agus don chomhshaol. Is féidir le feirmeoirí beaga tairbhiú den ghlasú agus gan aon cheanglas den ghlasú a bheith comhlíonta acu25. Níl aon cheanglas den ghlasú i bhfeidhm ach oiread i leith ghabháltais a mheastar a bheith “glas iontu féin” (e.g. feirmeoirí orgánacha). Maidir le rannchuidithe neamhghlasaithe, tugtar bonn cirt dóibh sin den chuid is mó trí thras-chomhlíonadh, a leagann síos na rialacha maidir leis an gcomhshaol, le sábháilteacht bhia, le sláinte agus leas ainmhithe agus le bainistiú talún.
24 De bhrí go bhfuil tagairtí do na cuspóirí aeráide sa ghlasú26, tá sé bainteach leis an aeráid de réir mhodheolaíocht an Choimisiúin agus é sin le haghaidh rannchuidiú foriomlán de €28 mbilliún. Ar an gcúis sin, is féidir a mheasúnú go bhfuil an rannchuidiú trí ghlasú ag teacht leis an modheolaíocht. I staidéar meastóireachta a d’fhoilsigh an Coimisiún, áfach, fuarthas go raibh an tionchar atá ag glasú ar an maolú “neamhchinnte go maith, ach gach seans íseal”27. Ar an gcaoi chéanna, tá staidéir eile ann a deir nach bhfuil ach tionchar íosta ag an nglasú, gan d’athrú ag tarlú i gcleachtais feirmeoireachta ach in 2 - 5 % den talamh feirmeoireachta28. Sin mar gheall go bhfuil na ceanglais do ghlasú ag teacht a bheag nó a mhór leis na cleachtais feirmeoireachta atá cheana ann. I dtuarascáil roimhe seo, fuaireamar gur cosaint theoranta a thugann an glasú don charbón atá stóráilte i bhféarthailte agus gur ar éigean a dhéanann sé difear ar bith d'astaíochtaí GCT29.
25 De réir an Choimisiúin, déanann 20 % den bhuiséad neamhghlasaithe rannchuidiú measartha le gníomhú ar son na haeráide (comhéifeacht 40 %), agus is ionann é sin agus €17.5 billiún. Is é an toradh atá air sin ná rannchuidiú de ghlanluach 8 % ón gcomhchuid neamhghlasaithe. Tugann an Coimisiún bonn cirt don fhachtóir ualaithe 20 % mar sheachluach don phionós as sáruithe i dtras-chomhlíonadh. Is é ár measúnú ar an rannchuidiú a rinne neamhghlasú le gníomhú ar son na haeráide ná go bhfuil sé diomaibhseach (Tábla 2).
Tábla 2 – Measúnú CIE ar rannchuidiú an neamhghlasaithe leis an ngníomhú ar son na haeráide
| Comhchuid neamhghlasaithe agus comhéifeacht aeráide i bhfeidhm | Measúnú CIE ag úsáid mhodheolaíocht an Choimisiúin agus an tionchar ar thuairisciú | |
|---|---|---|
| Rannchuidiú ón gcomhchuid neamhghlasaithe: €17.5 billiún | ||
Tras-chomhlíonadh:
(clúdach íosta ithreach)
(creimeadh ithreach)
(ábhar orgánach san ithir)
|
i gcleachtas, tá leibhéal an phionóis go suntasach faoi bhun 20 % – is minic nach mbíonn i gceist ach luathrabhadh a thabhairt d’fheirmeoirí agus nach ngearrtar pionós ar bitha,b,c;
níl feidhm ag na pionóis maidir le feirmeoirí beaga, athraíonn an leibhéal comhlíontachta agus tarlaíonn sáruitheb,c,d;
tugtar le fios i staidéar meastóireachta go bhfuil baol marbhualaigh ann mar go bhféadfadh Ballstáit na rialacha maidir le tras-chomhlíonadh a ailíniú le cleachtais reathae;
tá rannchuidiú iomlán de 8 % neamhshuntasach, seachas é a bheith measartha.
|
€17.5 billiún rómheastachán dóchúil |
Foinse: a: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, athbhreithniú 01/2020: Rianú ar chaiteachas aeráide i mbuiséad an Aontais, mír 27; b: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 26/2016: Dúshlán ag baint le traschomhlíonadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus le simpliú a dhéanamh air go fóill, lch. 29; c: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 31/2016: Euro amháin ar a laghad as gach cúig euro ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide – Obair uaillmhianach ar siúl, ach baol tromchúiseach ann go loicfear ar an gcuspóir; d: An Coimisiún, AS AGRI – Tuarascálacha Bliantúla maidir le Gníomhaíochtaí do 2019; Iarscríbhinní, lch. 192; e: An Coimisiún, Staidéar meastóireachta ar thionchar CBT ar an athrú aeráide agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; Alliance Environnement, 2019, lch. 96.
Bosca 3 – Rannchuidiú le tuairisciú aeráide 2014-2020: forbairt tuaithe
Déanann an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) cómhaoiniú ar fhorbairt tuaithe san Aontas faoi CBT. Tá sé mar aidhm leis na hearnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta a dhéanamh níos iomaíche, an comhshaol agus cáilíocht saoil i gceantair thuaithe a fheabhsú agus éagsúlú an gheilleagair thuaithe a spreagadh.
Foinse: CIE, bunaithe ar thuairisciú ón gCoimisiún.
26 Níl sé soiléir cén tionchar atá ag cistiú forbartha tuaithe ar an maolú ar an athrú aeráide. De réir staidéar amháin ón gCoimisiún, mura mbeadh caiteachas forbartha tuaithe ann, d’fhéadfadh táirgeacht talmhaíochta astaíochtaí GCT an Aontais a thagann ón talmhaíocht a laghdú 1.6 % faoi 203030. Mar sin féin, bheadh cúiteamh curtha ar fáil do laghduithe in astaíochtaí GCT an Aontais go pointe le méaduithe i dtíortha lasmuigh den Aontas (féach mír 21). Measann meastóireacht eile ón gCoimisiún go ndéanann roinnt bearta forbartha tuaithe (Natura 2000 go príomha) astaíochtaí GCT ón talmhaíocht a laghdú 1.1 %. Admhaítear san mheastóireacht sin, áfach, go bhfuil an buille faoi thuairim sin ag meas thionchar íocaíochtaí Natura 2000 thar a cheart agus go bhfuil comhaireamh dúbailte go pointe áirithe i gceist31. I dtuarascáil roimhe seo ón gCúirt Iniúchóirí, fuaireamar gur annamh a úsáideadh tacaíocht forbartha tuaithe le haghaidh cleachtais éifeachtacha maolaithe32. Is féidir le híocaíochtaí forbartha tuaithe rannchuidiú le hoiriúnú don athrú aeráide (féach mír 22 agus Tábla 3).
27 Chun an cion den chaiteachas forbartha tuaithe a rannchuidíonn le gníomhú ar son na haeráide a ríomh, sannann an Coimisiún comhéifeachtaí aeráide do thosaíochtaí agus réimsí fócais éagsúla in CETFT. Mar shampla, tá comhéifeacht aeráide 100 % ag tosaíocht 4 in CEFTF, “Éiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht a athshlánú, a bhuanú agus cur leo” agus ag tosaíocht 5 “Geilleagar a bheidh éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus athléimneach ó thaobh aeráide de”. Cé go bhfuil an aeráid mar chuspóir sainráite ag tosaíocht 5, níl an cuspóir sin ag tosaíocht 4, agus measann an Coimisiún go bhfuiltear ag súil le tionchar suntasach ar mhaolú an athraithe aeráide agus ar oiriúnú don athrú sin. I dtuarascáil roimhe seo ón gCúirt Iniúchóirí, is beag a aimsíodh i gcás-staidéir, i léirbhreithniú ar ábhar léitheoireachta ná i nótaí inmheánacha an Choimisiúin a thacódh le comhéifeacht aeráide 100 % a thabhairt do thosaíocht 433. Taispeánann Tábla 3 ár measúnú ar an bearta is suntasaí de thosaíocht 4.
Tábla 3 – Measúnú CIE ar rannchuidiú thosaíocht 4 de CEFTF leis an ngníomhú ar son na haeráide
| Beart CEFTF agus comhéifeacht aeráide i bhfeidhm | Measúnú CIE ag úsáid mhodheolaíocht an Choimisiúin agus an tionchar ar thuairisciú | |
|---|---|---|
| Limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile le sárú acu €16.1 billiún | ||
![]()
|
ní thugann sé aghaidh go díreach ar an athrú aeráidea;
coisceann sé tréigean na talúna (cosc falscaithe), ach coisceann sé míntíreachais éiceolaíoch freisin (athfhoraoisiú)b;
tugann sé dreasachtaí chun táirgeacht talmhaíochta a choinneáil ar siúl agus dá bhrí sin coimeádann sé na leibhéil astaíochtaí GCT mar atáb.
|
€16.1 billiún dóchúil rómheastachán |
| Bearta agra-chomhshaoil-aeráide €15.7 billiún | ||
![]()
|
tacaíonn sé le cleachtais atá neamhdhíobhálach don aeráid (e.g. barra cumhdaigh, inneachar carbóin na hithreach)a,b;
tá fócas láidir ar bhithéagsúlachtb;
tá cuid de na scéimeanna nach bhfuil tionchar ar bith acu ar an aeráid, nó gur tionchar an-teoranta é (e.g. éagsúlú barr)b,c.
|
€9.4 billiún dóchúil rómheastachán |
| Feirmeoireacht orgánach €7.5 billiún | ||
![]()
|
trí thiontú go feirmeoireacht orgánach, laghdaíonn astaíochtaí agus bíonn cáilíocht na hithreach níos fearr (mura n-úsáidtear an oiread céanna leasacháin)d;
is féidir leis an oiriúnú don athrú aeráide a mhéadú trí tháirgeadh éagsúil, ach ní féidir cuid de na huirlisí (e.g. biteicneolaíocht, lotnaidicídí) a úsáide;
trí bharr níos ísle ón bhfeirmeoireacht orgánach, d'fhéadfadh sé go méadófaí ar an táirgeacht ar na hastaíochtaí in áit éigin eiled.
|
€4.5 billiún dóchúil rómheastachán |
Foinse: CIE, bunaithe ar: a: An Coimisiún, Meastóireacht ar thionchar CBT ar an athrú aeráide agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, SED(2021) 115, lch. 40, 53; b: An Coimisiún, Meastóireacht ar thionchar CBT ar an athrú aeráide agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, 2019, lch. 19, 17, 129, 245; c: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 31/2016: Euro amháin ar a laghad as gach cúig euro ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide – Obair uaillmhianach ar siúl, ach baol tromchúiseach ann go loicfear ar an gcuspóir, mír 52; d: Smith, L. G. et al, Na tionchair atá ag gáis ceaptha teasa ar tháirgeadh bia i Sasana agus sa Bhreatain Bheag a thiontú go bealaí orgánacha, lch. 4, 2019; e: Purnhagen, K.P., et al, Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc na hEorpa agus a Thiomantas do Bhiteicneolaíocht agus Feirmeoireacht Orgánach: Spriocanna Contrártha nó Comhlántacha?, lch. 603, 605, 2021.
28 I dtuarascáil a d’eisíomar in 2016, d’fhéachamar ar “fhorbairt áitiúil i limistéir thuaithe a chothú” (tosaíocht 6B) agus fuaireamar nach ndearna sé aon rannchuidiú suntasach ar an iomlán le cuspóirí aeráide34. Deimhníonn ár n-anailís tionscadail (féach Tábla 4) nach raibh bonn cirt leis an gcomhéifeacht aeráide de 40 %.
Tábla 4 – Measúnú CIE ar rannchuidiú thosaíocht 6B de CEFTF leis an ngníomhú ar son na haeráide
![]() Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe |
![]() Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail |
|---|---|
| €4.8 billiún | €6.8 billiún |
| D’fhéadfadh infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite nó coigiltis fuinnimh a bheith san áireamh sna tionscadail, ach léirigh an tástáil a rinneamar nach raibh aon bhaint ag formhór na dtionscadal leis an aeráid nó fiú go bhféadfadh siad a bheith díobhálach don aeráid (e.g. bonneagar foirgnimh). | Deimhníodh inár dtástáil gur bhain na tionscadail sin den chuid is mó le gnéithe sóisialta nó eacnamaíocha agus gur rannchuidiú neamhshuntasach (má bhí rannchuidiú ar bith ann) a rinne siad le gníomhú ar son na haeráide. |
| As na 17 dtionscadal arna gcistiú faoin mbeart seo a bhí inár sampla dár ráiteas dearbhaithe do thréimhse 2014-2020: -> bhain deich gcinn acu le bóithre áitiúla (tionchar diúltach ar an aeráid); -> bhí péire acu nasctha le gníomhú ar son na haeráide. |
As na 78 dtionscadal CETFT a bhi inár sampla dár dtuarascáil speisialta ar an mbeart sin35: -> bhí ceann amháin nasctha le gníomhú ar son na haeráide. As na 18 dtionscadal arna gcistiú faoin mbeart seo a bhí inár sampla dár ráitis dearbhaithe do thréimhse 2014-2020: -> bhí ceann amháin nasctha le gníomhú ar son na haeráide. |
€11.6 billiún dóchúil rómheastachán |
|
Nóta: Úsáideadh na samplaí sin i gcomhthéacs iniúchtaí eile, agus tá siad ag tacú lenár gconclúidí ó thaobh nasc a bheith ann leis an aeráid.
Foinse: CIE.
Roinnt toimhdí neamhréireachta sa mheasúnú ar rannchuidiú aeráide atá ag cistiú bonneagar agus comhtháthaithe
29 Téann formhór chaiteachas an Aontais ar bhonneagar agus comhtháthú tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC). Tá achoimre i mBosca 4 agus i mBosca 5 ar a bpríomhghnéithe agus a rannchuidithe le tuairisciú aeráide 2014-2020.
Bosca 4 – Rannchuidiú le tuairisciú aeráide 2014-2020: an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)
Tacaíonn SCE le hinfheistíochtaí tosaíochta sna hearnálacha fuinnimh, iompair agus teileachumarsáide. Áirítear leis sin, tionscadail a bhaineann le bonneagar fuinnimh trasteorann, modhanna iompair níos glaine, ceangail leathanbhanda ardluais agus líonraí digiteacha.
Foinse: CIE, bunaithe ar thuairisciú ón gCoimisiún.
30 Tagraíonn cuspóirí ginearálta SCE do spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais (féach míreanna 12-14), agus dá réir sin clúdaíonn siad an maolú ar an athrú aeráide36. Admhaíonn an Coimisiún, áfach, go mbíonn SCE, den chuid is mó, ag cistiú tionscadal a dhéanann “dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais a áirithiú”37. Ní gá go mbeadh cuspóirí agus critéir le haghaidh gníomhú ar son na haeráide ann chun go ndéanfaí tionscadal a fhormheas: ní raibh ach 4 % de thionscadail iompair SCE de réir luacha ann (ar fiú €0.9 billiún iad) a luaigh iompar inbhuanaithe agus éifeachtúil mar a bpríomhchuspóir cistithe, de réir an Choimisiúin38. Fós, seasann an t-iompar do thart ar an ceathrú cuid d’astaíochtaí GCT an Aontais agus tá an cion is mó de sin á ghiniúint ag iompar de bhóthar39.
31 Ó thaobh oiriúnú de, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le tionscadail iarnróid a uasghrádú: infheistíochtaí spriocdhírithe chun tuilte a chosc ar feadh iarnróid, claífoirt threisithe nó bearta oiriúnaithe do thubaistí aeráide trí chórais faireacháin le haghaidh tolláin agus droichid40. I bhfianaise na sonraí atá ar fáil, ní féidir na hinfheistíochtaí sin a chainníochtú.
32 Chun an cion de chaiteachas SCE atá lipéadaithe mar chaiteachas aeráide do 2014-2020 a ríomh, chuir an Coimisiún na comhéifeachtaí aeráide ó Rialachán SCE i ndiaidh 202041 i bhfeidhm go cúlghabhálach, cé go ndéileáiltear ar bhealach eile le tionscadail chomhchosúla faoin mbeartas comhtháthaithe (féach mír 40). Léirigh ár n-anailís go raibh comhéifeachtaí flaithiúla in úsáid ag an gCoimisiún do na fo-earnálacha SCE ba shuntasaí (féach Tábla 5).
Tábla 5 – Measúnú CIE ar rannchuidiú na bhfo-earnálacha SCE is suntasaí le gníomhú ar son na haeráide
| Fo-earnáil SCE agus comhéifeacht aeráide i bhfeidhm | Measúnú CIE ag úsáid mhodheolaíocht an Choimisiúin agus an tionchar ar thuairisciú | |
|---|---|---|
| Iompar: iarnród €15.3 billiún | ||
![]() Nuachóiriú iarnróid is mó atá i gceist leis na tionscadail.
|
iompar iarnróid i measc na gcineálacha iompair is éifeachtúla ó thaobh astaíochtaí GCT dea;
níor bhain iarnróid ach laghdú measartha in astaíochtaí CO2 amach, go háirithe nuair a bhí breoslaí iontaise fós mar fhoinse don leictreachasa;
tá an méid astaíochtaí GCT ó thógáil an bhonneagair iarnróid níos mó ná do modhanna eile iompair: d’fhéadfadh ó chúig bliana go roinnt deichbhlianta a bheith i gceist sula mbeadh na hastaíochtaí sin fritháirithe ag iarnróida,b;
sannadh comhéifeacht aeráide 40 % do thionscadail iarnróid chomhchosúla faoin mbeartas comhtháthaithec.
|
€9.2 billiún dóchúil rómheastachán |
| Fuinneamh: leictreachas €2.8 billiún | ||
![]() Baineann na tionscadail den chuid is mó le ceangail fuinnimh agus staidéir ghaolmhara.
|
féadfaidh tionscadail tacú le comhtháthú fhoinsí fuinnimh in-athnuaited;
ní gá gur foinse ghlan fuinnimh é an leictreachas, mar nach raibh ach 37 % den leictreachas a ídíodh in AE-27 in 2020 ginte as foinsí fuinnimh in-athnuaited,e;
sannadh comhéifeacht aeráide 0 % do thionscadail tarchuir fuinnimh chomhchosúla faoin mbeartas comhtháthaithec.
|
€1.7 billiún dóchúil rómheastachán |
Foinse: a: Pritchard J. A., Cumas an iarnróid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, 2011, lch. 942, 945-946, 949; b: Olugbenga O., Astaíochtaí neadaithe sa bhonneagar iarnróid: léirmheas criticiúil ar an ábhar léitheoireachta, 2019, lch. 14; c: Rialachán (AE) Uimh. 215/2014 a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí i gcomhair tacaíocht i leith an athraithe aeráide; d: Tuarascáil EEA 13/2020, Treochtaí agus réamh-mheastacháin san Eoraip 2020, 2020, lch. 29; e: Eurostat, Staidreamh maidir le fuinneamh in-athnuaite (Torthaí achoimre SHARES 2020).
Bosca 5 – Rannchuidiú le tuairisciú aeráide 2014-2020: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC)
Tá sé mar aidhm ag beartas comhtháthaithe an Aontais neamhionannais eacnamaíocha, sóisialta agus críche laistigh den Aontas Eorpach a laghdú. In 2014-2020:
· mhaoinigh CFRE tionscadail a thug aghaidh ar thosaíochtaí infheistíochta amhail nuálaíocht agus taighde, an clár oibre digiteach, tacaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus an geilleagar ísealcharbóin;
· mhaoinigh CC tionscadail bhonneagair i réimsí an iompair agus an chomhshaoil i mBallstáit an Aontais a bhfuil a nOllioncam Náisiúnta in aghaidh an áitritheora faoi bhun 90 % de mheán an Aontais.
Foinse: CIE, bunaithe ar thuairisciú ón gCoimisiún.
33 Is i reachtaíocht an Aontais atá an creat chun cuntas a thabhairt ar caiteachas aeráide faoi chistí an bheartais comhtháthaithe42. Déanann an Coimisiún agus na Ballstáit CFRE agus CC a bhainistiú go comhpháirteach. Tá na Ballstáit freagrach as tionscadail a roghnú agus tuairisciú chuig an gCoimisiún. Faigheann an Coimisiún faisnéis chomhdhlúite ó na Ballstáit agus í miondealaithe de réir na réimsí idirghabhála ábhartha atá sainithe sa reachtaíocht. Sanntar comhéifeachtaí aeráide ar leith orthu sin.
34 Tá ardán cuimsitheach a bhfuil fáil go poiblí air ag an gCoimisiún ina dtiomsaítear rianú aeráide de réir ciste beartais comhtháthaithe, Ballstáit agus cláir43. I staidéar amháin, fuarthas go raibh na comhéifeachtaí aeráide do CFRE agus CC le haghaidh 2014-2020 ina léiriú go ginearálta ar an rannchuidiú a rinneadh le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide44. Thugamar faoi deara, áfach, go raibh roinnt saincheisteanna ann i gcás tionscadail bhithmhaise agus i gcás an bhonneagair gáis (féach Fíor 8).
Fíor 8 – Saincheisteanna i dtaobh rannchuidiú CFRE agus CC leis an gcaiteachas aeráide
*Nóta: Tagraíonn an méid atá i mbaol don mhéid iomlán a infheistíodh i gcalafoirt mhara, i gcalafoirt intíre nó in uiscebhealaí, i bhfianaise go bhfuil easpa faisnéise ann i dtaobh na comhchoda gáis de na tionscadail sin.
Foinse: CIE, bunaithe ar: Camia A. et al., Úsáid na bithmhaise adhmaid chun críocha fuinnimh san Aontas Eorpach, 2021, lch. 86, 143-147; Fisch-Romito, V. et al., Mapa córasach den ábhar léitheoireachta ar ghaibhniú carbóin atá spreagtha ag caipiteal fadsaolach. Environmental Research Letters; Brauers, H. et al., Pleananna do leathnú an gháis nádúrtha leachtaithe sa Ghearmáin: An baol go dtarlóidh gaibhniú gáis faoi aistrithe fuinnimh. Energy Research & Social Science.
Ní féidir brath ar an tuairisciú foriomlán ar chaiteachas aeráide
35 Maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun tuairisciú ar chaiteachas aeráide, ba cheart go gcuirfeadh sé an cistiú ábhartha ar fad don ghníomhú ar son na haeráide i gcuntas. Ba cheart go n-úsáidfeadh sí meastacháin iontaofa, bunaithe ar rannchuidithe cruthaithe le cuspóirí aeráide. Níor cheart go mbeadh ualach trom riaracháin i gceist léi. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud bhuiséad an Aontais. Ba cheart go mbeadh córas seiceála agus rialaithe i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun a áirithiú go bhfuil tuairisciú aeráide iontaofa.
Teorainneacha na modheolaíochta agus í a bheith á cur i bhfeidhm ar bhonn neamhréireach
36 Rinne an Coiste Cúnaimh Forbartha in ECFE (CCF ECFE) marcóirí Rio (féach mír 05) a dhearadh chun faireachán a dhéanamh ar chúnamh chuig tíortha i mbéal forbartha, bunaithe ar an nasc idir cuspóirí don chistiú agus maolú ar an athrú aeráid agus oiriúnú don athrú aeráide. Is marcóirí cáilíochtúla iad, mar nach raibh sé de rún ag CCF ECFE figiúirí beachta a chur ar fáil, ach díreach tuairim gharbh a thabhairt faoin leibhéal maoinithe aeráide a bhí ann.
37 Rinne an Coimisiún samhail ECFE a oiriúnú agus chuir sé i bhfeidhm é i leith a chaiteachais phoiblí, chun cainníochtú a dhéanamh ar an gcaiteachas aeráide as buiséad an Aontais (féach Fíor 2). Deir an Coimisiún gurb iad na príomhbhuntáistí atá leis an modh sin ná go bhfuil ualach íseal riaracháin ann agus gur féidir é a chur i bhfeidhm go héasca45. Mar sin féin, bíonn lear mó garmheastachán i gceist le modheolaíocht atá bunaithe ar chuspóirí luaite nó ar rannchuidiú ionchasach le gníomhú ar son na haeráide: tá marcóirí Rio ceaptha sa chaoi “nach ligtear do dhuine cainníochtú beacht a dhéanamh” ar chaiteachas rianaithe46.
38 Cuimsíonn buiséad an Aontais go leor cuspóirí a chaithfidh a bheith ann i dteannta cuspóirí aeráide, amhail comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a chur chun cinn. Is nádúrtha mar sin go mbeadh sé deacair coinbhleacht idir na cuspóirí a sheachaint agus an rannchuidiú a dhéanann clár le gach ceann díobh a chur sa mheá. Mar shampla, tá sé mar aidhm ag cistiú comhtháthaithe neamhionannais idir na Ballstáit agus na réigiúin a laghdú; ach má dhéantar bonneagair a chistiú chun tacú leis an bhforbairt eacnamaíoch, d’fhéadfadh sé sin astaíochtaí GCT a mhéadú. Sa mhodheolaíocht chun caiteachas aeráide a rianú, ní bhreithnítear ach amháin an tionchar dearfach féideartha ar an aeráid agus ní dhéantar rianú ar bith ar an tionchar diúltach féideartha ar an aeráid a bheadh ag bearta atá ag freastal ar chuspóirí eile de chuid an Aontais (féach Fíor 9).
Fíor 9 – Samplaí de ghníomhaíochtaí a cistíodh le tionchair a d'fhéadfadh a bheith díobhálach nó tairbheach ar an aeráid
Foinse: CIE.
39 Is cleachtadh a priori é an modh rianaithe reatha, nach ndéanann meastóireacht ar an rannchuidiú deiridh ionsar spriocanna aeráide an Aontais. Ní éilíonn an mhodheolaíocht sin go ndéanfaí cainníochtú ar an tionchar atá ag caiteachas ar astaíochtaí GCT ná ní shocraíonn sé aon táscairí sonracha i dtaca le hoiriúnú. Admhaíonn an Coimisiún go bhfuil faireachán ar thabhairt i gcrích na dtorthaí ríthábhachtacha chun éifeachtúlacht an díchill i leith príomhshruthú a áirithiú47, ach níl córas curtha i bhfeidhm aige chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí aeráide.
40 Tharraing an Coimisiún aird ar an ngá atá le nósanna imeachta coiteanna a bheith ann don rianú ar chaiteachas aeráide48. Léirigh ár gcuid oibre roinnt neamhréireachtaí eile i gcur i bhfeidhm na modheolaíochta chun caiteachas aeráide a ríomh:
- An bunús dlí don mhodheolaíocht: leagadh síos na comhéifeachtaí is infheidhme (agus an réasúnú maidir lena n-úsáid) sa reachtaíocht le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (féach mír 04), ach ní dhearnadh é sin do chistí eile (e.g. CERT, SCE agus Fís 2020). Bhí sé indéanta dá bhrí sin na comhéifeachtaí a choigeartú go cúlghabhálach (féach mír 46).
- Roghnú na gcomhéifeachtaí: bhí comhéifeachtaí difriúla ann do thionscadail chomhchosúla. Mar shampla, bhí marcóir níos airde faoi SCE (100 %) ann do thionscadail iompair iarnróid sa líonra tras-Eorpach ná mar a bhí ann faoi CFRE agus CC (40 %). Shainaithníomar comhéifeachtaí éagsúla do dheich dtionscadail aeriompair faoi Fís 2020, in ainneoin go raibh cur síos agus cuspóirí comhchosúla acu. Is féidir leis an mbeart forbartha tuaithe céanna comhéifeachtaí éagsúla a fháil ag brath ar an réimse fócais a bhfuil an beart sin sannta chuige.
- Gráinneacht (an leibhéal mionsonraí i dtacar sonraí): déantar comhéifeachtaí a shannadh agus leibhéil éagsúla mionsonraí ag gabháil leo e.g. leibhéal tionscadail (SCE), réimse idirghabhála (CFRE), réimse fócais nó tosaíocht (CETFT), agus imchlúdach buiséid (CERT).
41 Agus é ag tuairisciú ar chaiteachas aeráide, ní dhéanann an Coimisiún dealú ar bith idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide. Trí oiriúnú agus maolú a chomhthiomsú faoi mharcóir comónta amháin, níl sé indéanta an sciar de bhuiséad an Aontais atá á thiomnú do gach aon cheann acu a ríomh. Is eisceacht, áfach, é tuairisciú an Choimisiúin ar chúnamh don fhorbairt agus don chomhar, mar go ndéanann sé dealú idir an dá cheann díobh. I gcomhréir le modheolaíocht ECFE, sannann an Coimisiún comhéifeachtaí aeráide ar leithligh don mhaolú agus don oiriúnú, agus tuairiscíonn sé ar an dá ghné sin chuig ECFE. Léiríonn Fíor 10 na gnéithe de mhodheolaíocht an Choimisiúin.
42 Tugann an Coimisiún ar aire go bhfuil roinnt Ballstát ann – Éire, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Fhionlainn, an tSualainn agus, go pointe áirithe, an Danmhairg – a thuairiscíonn ar a mbeartas buiséadach ón dearcadh comhshaoil nó aeráide49. Úsáideann rialtas na Fraince modh cuimsitheach chun tuairisciú ar an tionchar comhshaoil atá ag a bhuiséad náisiúnta (i.e. buiséadú glas), a chlúdaíonn ioncam chomh maith le caiteachas. Déanann múnla na Fraince rianú ar an rannchuidithe comhshaoil dearfacha agus diúltacha leis an mbuiséad náisiúnta. I dTábla 6, taispeáintear anailís chomparáideach idir múnla na Fraince agus múnla an Aontais.
Tábla 6 – Anailís chomparáideach idir múnla na Fraince agus múnla an Aontais don tuairisciú aeráide/comhshaoil
| Gné | Múnla na Fraince | Múnla an Aontais | |
|---|---|---|---|
| Gnéithe den tuairisciú | ![]() |
Oiriúnú don athrú aeráide | Gníomhú ar son na haeráide |
![]() |
Maolú ar an athrú aeráide | ||
![]() |
Bithéagsúlacht | Bithéagsúlacht | |
![]() |
Bainistiú uisce | Níl sé rianaithe | |
![]() |
Truailliú | Aer glan | |
![]() |
An geilleagar ciorclach & dramhaíl | Níl sé rianaithe | |
| Tuairisciú... | ..ar an gcomhshaol agus ar an aeráid | ..ar an aeráid | |
| Dealú idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide |
Tá
|
Níl
seachas maoiniú AE do chabhair don fhorbairt agus don chomhar, i gcomhréir le hoibleagáidí tuairiscithe ECFE |
|
| An bunús don mheasúnú | Raon leathan tionchar agus tréimhsí ionchais | An rannchuidiú a cheaptar a dhéanfar le cuspóirí aeráide | |
| Cuntasú ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag caiteachas poiblí |
Tá
|
Níl
|
|
| Marcóirí | Cúig (-1 = tionchar neamhfhabhrach; 0 = gan tionchar; 1 go 3 = tionchar fabhrach) | Trí (0 %, 40 % agus 100 %) féach Tábla 1 | |
| Cainníochtú ar chaiteachas ábhartha laistigh den bhuiséad |
![]() Fabhrach 6.6 % Measctha 0.9 % Gan tionchar 90.8 % Neamhfhabhrach 1.7 % |
![]() Fabhrach 20.1 % Gan tionchar 79.9 % |
|
Foinse: CIE, bunaithe ar Rialtas na Fraince, Tuarascáil ar an Tionchar Comhshaoil atá ag Buiséad an Rialtais Láir, 2020; an Coimisiún, Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2020.
43 Admhaíonn an Coimisiún an tábhacht atá le spriocanna aeráide a leagan síos i ngach réimse beartais ábhartha50, ach fós ní raibh sprioc sannta do gach clár ábhartha. Taispeánann Tábla 7 samplaí de réimsí beartais a bhaineann leis an aeráid agus na spriocanna caiteachais atá leagtha síos dóibh sa reachtaíocht do 2014-2020. D’fhéadfadh na spriocanna sin buiséad AE a stiúradh i dtreo caiteachas níos glaise, ach níl siad leagtha síos go comhleanúnach ar fud an bhuiséid.
Tábla 7 – Samplaí de réimsí beartais a bhaineann leis an aeráid agus na spriocanna caiteachais atá leagtha síos dóibh sa reachtaíocht do 2014-2020
| Clár | Sprioc caiteachais | Bunús dlí | ||
|---|---|---|---|---|
| Gan sprioc atá ábhartha don aeráid | SCE | ![]() |
Gan sprioc aeráide | |
| Spriocanna comhshaoil agus aeráide | CERT | ![]() |
30 % le caitheamh ar “ghlasú” | Airteagal 47 de Rialachán (AE) 1307/2013. |
| CETFT | ![]() |
Ar a laghad 30 % do ghníomhú ar son na haeráide agus don chomhshaol | Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) 1305/2013. | |
| Spriocanna aeráide | CFRE | ![]() |
Ó 12 % ar a laghad go dtí 20 % ar a laghad chun tacú le bogadh ionsar geilleagar ísealcharbóin | Airteagal 4 de Rialachán (AE) 1301/2013. |
| Fís 2020 | ![]() |
Ar a laghad 35 % do ghníomhú ar son na haeráide | Aithris 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 | |
| ICF | ![]() |
Ar a laghad 20 % do ghníomhú ar son na haeráide | Aithris 20 de Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 | |
Foinse: CIE, bunaithe ar an reachtaíocht thuasluaite.
Ní móide gur caitheadh an caiteachas aeráide a tuairiscíodh
44 Le haghaidh 2014-2020, thuairiscigh an Coimisiún suim de €216 billiún mar “chaiteachas ar an aeráid”51. Is iondúil go mbunaíonn sé a thuairisciú, áfach, ar mhéideanna pleanáilte nó geallta (féach Fíor 11). Is eisceacht atá in CSE, mar sa chás sin úsáideann an Coimisiún na méideanna a caitheadh go hiarbhír – cé go gcuireann sé caiteachas AE agus caiteachas na mBallstát le chéile (féach Bosca 6).
Fíor 11 – Bonn éagsúil in úsáid do thuairisciú aeráide an Choimisiúin
Foinse: CIE, bunaithe ar thuairisciú aeráide ón gCoimisiún.
Bosca 6 – Tuairisciú aeráide do CSE in 2014-2020
Murab ionann agus cláir mhaoinithe eile, tuairiscíonn an Coimisiún caiteachas aeráide faoi CSE bunaithe ar na méideanna a caitheadh.
Ós rud é gur shonraigh na húdaráis náisiúnta líon níos mó tionscadal mar thionscadail a bhaineann leis an aeráid thar mar a bhíothas ag súil leis, mhéadaigh an caiteachas a bhaineann leis an aeráid a tuairiscíodh do CSE ó €1.1 billiún go dtí €5.5 billiún, arb ionann é sin agus méadú 400 %.
Fuaireamar amach gur chuir an Coimisiún caiteachas ón Aontas chomh maith le caiteachas ó na Ballstáit san áireamh, agus ar an gcaoi sin go raibh ráiteas á dhéanamh thar ceart de €1.5 billiún nó 38 % ann do chaiteachas aeráide AE.
Foinse: Deais phoiblí do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (arna rochtain an 22/11/2021); an Coimisiún, Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2020; doiciméid inmheánacha an Choimisiúin.
45 Nuair a bhíonn figiúirí tuairiscithe bunaithe ar mhéideanna atá pleanáilte nó geallta, tá siad boilscithe ag cistí nár úsáideach nó nár íocadh amach (e.g. moilleanna ar thionscadail, íocaíochtaí déanacha nó aibíocht íseal na dtionscadal)52, féach Fíor 12. I dtuarascáil a d’eisíomar in 2018, tugamar ar aire cén tionchar a bhí aige sin ar thréimhse 2007-201353.
Fíor 12 – Caiteachas mar chéatadán den mhéid a bhí buiséadaithe (rogha cistí bunaithe ar tionscadail 2014-2020)
Nóta: D’fhéadfadh na sonraí seo athrú mar gheall ar nuashonraithe ar an mbunachar sonraí.
Foinse: CIE, bunaithe ar: dearbhú ráithiúil caiteachais, Márta 2021 (CETFT); Deais phoiblí do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa amhail an 22/11/2021 (CFRE agus CC); an Coimisiún, Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2020, Imleabhar III, 2021, lch. 26 (SCE).
46 I roinnt cásanna, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an gcaiteachas go cúlghabhálach agus choigeartaigh sé na figiúirí don chaiteachas aeráide dá réir. Mar shampla, faoi SCE, rinne an Coimisiún athmheasúnú cúlghabhálach ar thionscadail iompair agus fuinnimh ag úsáid mhodheolaíocht 2021-2027. Ansin rinne sé méadú 91 % ar rannchuidiú aeráide SCE do 2014-2020 ó €11 bhilliún go dtí €21 bhilliún (féach mír 32). Ar an gcaoi chéanna, in 2018, is é an toradh a bhí ar mheastóireachtaí breise ar thopaicí agus tionscadail faoi Fhís 2020 ná gur tharla méadú 41 % ar rannchuidiú 2017 le caiteachas aeráide ó Fhís 2020. Fuaireamar i gcás na gcomhéifeachtaí aeráide a úsáideadh do naoi gcinn as na 24 thionscadal faoi Fhís 2020 a scrúdaíodh, nach raibh siad réasúnach mar go raibh nasc níos laige acu le gníomhú ar son na haeráide le hais mar a maíodh. I gcás na dtionscadal sin, shainaithníomar rómheastachán de thart ar €0.3 billiún (1 % den mhéid faoi Fhís 2020 a bhaineann leis an aeráid).
Táthar ag dréim le feabhsúcháin theoranta sa tuairisciú aeráide do thréimhse 2021-2027
47 Tá dhá príomh-chomhchuid i dtacaíocht airgeadais AE do 2021-2027, buiséad CAI agus NGEU (féach Fíor 3). Ba cheart do rianú agus tuairisciú aeráide tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh in 2014-2020 agus figiúirí iontaofa maidir le caiteachas aeráide a sholáthar.
Tuairisciú aeráide don CAI nua
48 Chun tacú le sprioc níos airde de 30 % le haghaidh rannchuidiú bhuiséad an Aontais le cuspóirí aeráide in 2021-2027, tá spriocanna leagtha síos i reachtaíocht AE le aghaidh rannchuidiú na gclár ar leith le gníomhú ar son na haeráide (e.g. SCE – 60 %, CFRE – 30 %, CC – 37 %, Fís Eorpach – 35 %, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – 30 %)54. Ar an iomlán, éilíonn na spriocanna sin go mbeadh fócas méadaithe ar ghníomhú ar son na haeráide i réimsí beartais éagsúla.
49 In go leor réimsí beartais (e.g. SCE, CSE, ICF) tá an rianú aeráide faoi CAI 2021-2027 mórán mar a chéile agus a bhí do 2014-2020. I réimsí eile (e.g. CERT, CETFT, CFRE, CC), choigeartaigh nó shoiléirigh an Coimisiún na comhéifeachtaí aeráide do roinnt clár cistithe chun ailíniú lena rannchuidiú iarbhír le gníomhú ar son na haeráide a fheabhsú (féach Fíor 13). Tugann an Coimisiún ar aire go bhfuil forbairt á déanamh aige ar a thuairisciú aeráide, á chur san áireamh dó na héifeachtaí a cheaptar a bheidh ag caiteachas agus é ag áirithiú go mbeadh comhleanúnachas sa gcaoi a gcuirfear comhéifeachtaí i bhfeidhm do thionscadail chomhchosúla55.
Fíor 13 – Samplaí de na feabhsúcháin i dtuairisciú aeráide do 2021-2027
Foinse: Airteagal 100(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta; Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le CFRE agus CC, i measc cistí eile.
50 Gabhann tuilleadh rioscaí agus dúshláin do thuairisciú intaofa ar chaiteachas aeráide leis na hathruithe atá beartaithe (féach Fíor 14).
Fíor 14 – Samplaí d’athruithe fadhbacha i dtuairisciú aeráide do 2021-2027
Foinse: a: Airteagal 100(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2115 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta; b: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuairim 7/2018 maidir le tograí ón gCoimisiún le haghaidh rialachán a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta don tréimhse i ndiaidh 2020, mír 387; Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Athbhreithniú 01/2020: Rianú ar chaiteachas aeráide i mbuiséad an Aontais, míreanna 44-46; c: Matthews, A., Príomhshruthú aeráide do CBT i mbuiséad AE: fíorscéal nó fabhalscéal, 2020; Bas-Defossez, F. et al., Súil a coinneáil ar sheachadadh aeráide in CBT?, Tuarascáil do NABU le IEEP, 2020; d: Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2115. Climate Action Europe, Príomhshruthú aeráide agus díonú aeráide: comhtháthú cothrománach an ghníomhuithe ar son na haeráide i mbuiséad AE – Measúnú agus moltaí, 2018.
Dúshláin NGEU
51 Is í Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) an Aontais Eorpaigh atá ag croílár NGEU agus tá sprioc de 37 % leagtha síos ansin le haghaidh caiteachas aeráide (féach Fíor 3). Áirítear ar na cuspóirí rannchuidiú le spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus 2050, agus anois tá an prionsabal “ná déan dochar suntasach” ann (féach Fíor 13)56. Go heisceachtúil, féadfaidh Ballstáit fós tacú le hinfheistíochtaí i mbreoslaí iontaise57.
52 Is cuid de chóras an Aontais chun táirgí airgeadais inbhuanaithe a shainaithint (Tacsanomaíocht AE) atá sa phrionsabal “ná déan dochar suntasach”58. I dtuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí in 2021, tarraingíodh aird ar an mbaol a bhí ann nach mbeadh caiteachas aeráide RRF ag comhlíonadh chaighdeáin Thacsanomaíocht AE. Ós rud é go bhfuil feidhm ag na caighdeáin sin maidir le bannaí glasa an Aontais, d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh do thoilteanas an mhargaidh airgeadais na bannaí sin a cheannach agus RRF a mhaoiniú59.
53 De réir Rialachán RRF, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sineirgí le cistí eile AE a chomhordú agus a chothú60. D’fhéadfadh sé sin deiseanna do ghníomhaíochtaí éifeachtacha comhlántacha a chruthú, ach tá rioscaí ag baint leis freisin mura mbíonn an comhordú éifeachtúil.
54 Beidh cistiú RRF bunaithe ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta. Ceapann na Ballstáit na pleananna sin, déanann an Coimisiún measúnú orthu agus formheasann an Chomhairle iad bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún rannchuidiú RRF le caiteachas aeráide a ríomh roimh ré, bunaithe ar an meastachán de na costais atá leagtha amach sna pleananna61.
55 Tá rioscaí agus dúshláin áirithe ag gabháil le ceapadh na bpleananna agus leis na híocaíochtaí dá réir, mar a thaispeáintear i bhFíor 15 anseo thíos. Is í an phríomhfhreagracht atá ar an gCoimisiún ná a sheiceáil an bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh íocaíochtaí.
Fíor 15 – Dúshláin maidir le dearadh RRF i gcás caiteachas aeráide
Foinse: CIE, bunaithe ar Aithris 23, Airteagal 18(4)(e), Airteagal 24, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Conclúidí agus moltaí
56 Tá reachtaíocht glactha ag an Aontas Eorpach san iomad réimse beartais chun tacú le gníomhú ar son na haeráide. Tá sé geallta aige 20 % ar a laghad dá bhuiséad do thréimhse 2014-2020 a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide, ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar mhéadú na húsáide a bhaintear as foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar fheabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh. In 2021, thuairiscigh an Coimisiún go raibh an sprioc sin bainte amach aige (míreanna 01-14).
57 Fuaireamar i roinnt cásanna nach raibh aon fhianaise ann a thabharfadh bonn cirt don rannchuidiú aeráide a bhí luaite le caiteachas AE, agus i gcásanna eile bhí ráiteas iomarcach déanta i leith an rannchuidithe. Thug ár n-anailís le tuiscint go ndearna an Coimisiún taifead míchuí ar thart ar €72 bhilliún mar chaiteachas aeráide (féach Fíor 16). Leis na comhéifeachtaí níos réasúnaithe a chuireamar i bhfeidhm, laghdaíodh an sciar dóchúil de bhuiséad AE a bhaineann leis an aeráid go dtí thart ar 13 % (isteach agus amach le €144 bhilliún) seachas 20 %.
Fíor 16 – Tuairisciú aeráide an Choimisiúin do 2014-2020 agus rómheastacháin dhóchúla
Foinse: CIE, ag úsáid mhodheolaíocht an Choimisiúin.
58 Thuairiscigh an Coimisiún gur bhain 26 % den chistiú talmhaíochta leis an aeráid, nó gurbh é sin thart ar leath de chaiteachas aeráide an Aontais. Níor tháinig aon laghdú, áfach, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheirmeacha san Aontas ó 2010. De réir ár n-anailíse, ár léirbhreithniú ar ábhar léitheoireachta ábhartha agus ár staidéar meastóireachta, is dóchúil go ndearna an Coimisiún rómheastachán de bheagnach €60 billiún ar na rannchuidithe ón mbeartas talmhaíochta, nó os cionn 80 % de na rómheastacháin dhóchúla dar linne (míreanna 19-34). Níor cheart cistiú a áireamh mar chistiú a bhaineann leis an aeráid mura bhfuil fianaise ann chun tacú leis sin.
Moladh 1 – Bonn cirt a thabhairt d’ábharthacht aeráide an chistithe talmhaíochta
Ba cheart don Choimisiún a chainníochtú ar rannchuidiú bheartas talmhaíochta 2021-2027 le gníomhú ar son na haeráide a bhunú ar fhianaise eolaíoch. I gcomhréir le hAirteagal 100(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta, ba cheart dó an rannchuidiú aeráide a choigeartú dá réir, más gá.
Spriocdháta cur chun feidhme: Meitheamh 2026.
59 Bhí neamhréireachtaí i dtuairisciú an Choimisiúin ar chaiteachas aeráide. Ní mar a chéile, mar shampla, a déileáladh le tionscadail iarnróid agus leictreachais faoin Saoráid um Chónascadh na hEorpa agus faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. I measc saincheisteanna eile, thugamar ar aire nach ndearna an Coimisiún rianú ar éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag caiteachas ar an aeráid, agus nach ndearna sé dealú idir maolú agus oiriúnú (féach míreanna 35-43).
60 Mheasc an Coimisiún figiúirí neamh-inchomparáideacha (méideanna pleanáilte, geallta agus caite ó réimsí caiteachais éagsúla) nuair a bhí an figiúr foriomlán den chaiteachas aeráide á ríomh aige. Chomh maith leis sin, rinne an Coimisiún róthuairisciú ar rannchuidiú Chiste Sóisialta na hEorpa, trí chaiteachas ó na Ballstáit a áireamh i gcaiteachas an Aontais. Sa bhreis air sin, rinne sé athmheasúnú cúlghabhálach ar chaiteachas aeráide a tuairiscíodh don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Chruthaigh sé sin méadú suntasach ar na figiúirí a tuairiscíodh roimhe sin (míreanna 44-46).
Moladh 2 – Tuairisciú aeráide a fheabhsú
- Ba cheart don Choimisiún caiteachas AE a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar an aeráid a shainaithint agus a thuairisciú. Á dhéanamh sin dó, ba cheart dó tógáil ar an bprionsabal “ná déan dochar suntasach”, mar atá sainmhínithe i dtacsanomaíocht AE.
- Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint is infheidhme maidir le gach réimse beartais a bhaineann le caiteachas aeráide. Á dhéanamh sin dó, ba cheart dó bonn chomhleanúnach don tuairisciú a leagan síos agus a fhoilsiú go soiléir, agus déileáil go comhleanúnach le tionscadail chomhchosúla (e.g. an chomhéifeacht aeráide chéanna) ar fud bhuiséad AE agus NextGenerationEU.
- I gcás gach clárthréimhse, ba cheart don Choimisiún feabhas a chur ar an tuairisciú faoi láthair maidir leis an aeráid chun na méideanna nár úsáideadh (nach bhfuil caite ná a saoradh) a áireamh.
Spriocdháta cur chun feidhme: Meitheamh 2025.
61 Do thréimhse 2021-2027, tá sé mar aidhm ag an Aontas 30 % dá bhuiséad a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide. Choimeád an Coimisiún an mhodheolaíocht chéanna, ach rinne sé leasuithe áirithe. Is feabhsúchán atá i gcuid de na hathruithe, mar shampla mionchoigeartú ar na comhéifeachtaí agus feabhsú ar sprioc-rannchuidithe le cuspóirí aeráide. Tá athruithe eile ann a chruthaíonn tuilleadh rioscaí agus saincheisteanna, amhail gan bonn cirt a bheith ag gabháil le comhéifeachtaí aeráide, neamhréireachtaí sa tuairisciú ar thuarascálacha iarnróid, agus roghanna a bheith ann breoslaí iontaise a úsáid. Ardaíonn sé sin ceisteanna faoi iontaofacht an tuairiscithe aeráide amach anseo (míreanna 47-50).
62 Ag feabhsú Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020, cuimsíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an prionsabal “ná déan dochar suntasach” agus tugann sé rogha i dtaobh critéir thacsanomaíocht AE a úsáid. Shainaithníomar saincheisteanna féideartha, áfach, i ndearadh agus maoiniú na Saoráide, go háirithe nuair nach bhfuil nasc soiléir le cuspóirí aeráide ag garspriocanna agus spriocanna a úsáidtear chun íocaíochtaí a dhéanamh (míreanna 51-55).
63 Éilíonn buiséad AE 2021-2027 go mbeadh fócas méadaithe ar ghníomhú ar son na haeráide. Ní léir, áfach, cá mhéad is féidir le spriocanna do chaiteachas aeráide a bhaint amach ó thaobh laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa de, ó thaobh méadú úsáid fuinnimh in-athnuaite agus ó thaobh chur chun cinn na héifeachtúlachta fuinnimh de. Is éard a chomhaireann faoi dheoidh ná an féidir le caiteachas an Aontais rannchuidiú go héifeachtach le cuspóirí aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Caithfidh nasc láidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith ag buiséad atá ábhartha don aeráid.
Moladh 3 – Buiséad AE a nascadh le cuspóirí aeráide agus fuinnimh
Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar a mhéid atá caiteachas aeráide ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais. Ba chóir dó díriú isteach go háirithe ar an gcaoi le tionchar an bhuiséid ar an maolú ar an athrú aeráide a thomhas.
Spriocdháta cur chun feidhme: Nollaig 2025.
Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an tuarascáil seo i Lucsamburg an 27 Aibreán 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán
Iarscríbhinn– Moltaí roimhe seo ó CIE atá ábhartha do thuairisciú aeráide
Tá na moltaí seo a rinneamar roimhe seo fós ábhartha do thuairisciú aeráide agus comhlánaíonn siad na moltaí atá déanta sa tuarascáil seo.
| Tuarascáil speisialta | Moltaí don Choimisiún | Freagra an Choimisiúin |
|---|---|---|
![]() |
3a) a nochtadh cé mhéad a rianaítear maoiniú InvestEU, agus úsáid á baint as Tacsanomaíocht an Aontais; nasctha le Moladh 3 den tuarascáil seo |
Glacadh leis. |
3b) le haghaidh InvestEU: tuairisciú ar na torthaí a bhaineann leis an aeráid, amhail laghdú iarbhír astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcás na n-oibríochtaí airgeadais atá tugtha chun críche nasctha le Moladh 3 den tuarascáil seo |
Glacadh leis. | |
5a) an prionsabal “ná déan dochar suntasach” a chur i bhfeidhm ar fud bhuiséad an Aontais; nasctha le Moladh 2 den tuarascáil seo |
Glacadh leis go pointe áirithe. I gcás inar ábhartha agus inarb infheidhme, tá an prionsabal seo curtha isteach i reachtaíocht ábhartha. Níl cur i bhfeidhm uilíoch an phrionsabail “ná déan dochar suntasach” as Tacsanomaíocht AE ar fud bhuiséad iomlán AE indéanta ná iomchuí, mar gheall ar ilghnéitheacht chláir chaiteachais an Aontais. | |
5c) critéir Thacsanomaíocht AE a chomhtháthú go hiomlán i modheolaíocht rianaithe aeráide an Aontais de réir mar a bheidh siad ar fáil agus tráth a bheidh siad ar fáil; nasctha le Moladh 2 den tuarascáil seo |
Glacadh leis go pointe áirithe. Is féidir Tacsanomaíocht AE a athrú in imeacht ama. Dá mbeifí ag brath go hiomlán air, ní bheadh sé indéanta amshraith chobhsaí a bheith ann. Níl fáil ar an bhfaisnéis mhionsonraithe atá ag teastáil chun an Tacsanomaíocht a chur i bhfeidhm agus níl sé de cheangal ar na Ballstáit/comhpháirtithe cur chun feidhme é sin a sholáthar. | |
5d) an tuairisciú reatha maidir le rannchuidiú bhuiséad an Aontais le gníomhú ar son na haeráide a chomhlánú trí chaiteachas an Aontais a bhaineann leis an aeráid agus a bhaineann le comhéifeacht 100 % a nochtadh, bunaithe ar chritéir Thacsanomaíocht an Aontais; nasctha le Moladh 2 den tuarascáil seo |
Glacadh leis. | |
![]() |
1b) measúnú a dhéanamh ar phleananna straitéiseacha CBT na mBallstáit d’fhonn teorainn a chur leis an mbaol go mbeadh scéimeanna CBT ag méadú nó ag cothabháil astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht. nasctha le Moladh 1 den tuarascáil seo |
Glacadh leis. |
1c) a áirithiú go dtugann CBT dreasachtaí éifeachtacha chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bheostoic agus ó leasacháin a rannchuidíonn le spriocanna aeráide AE a bhaint amach. nasctha le Moladh 1 den tuarascáil seo |
Glacadh leis. | |
3a) táscairí faireacháin a shocrú lenar féidir measúnú bliantúil a dhéanamh ar an éifeacht atá ag bearta um maolú ar an athrú aeráide arna gcistiú faoi CBT 2021-2027 ar an nglanmhéid astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tuairisciú orthu sin go rialta. nasctha le Moladh 3 den tuarascáil seo |
Níor glacadh leis. Chun measúnú fónta a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart sin ar an nglanmhéid astaíochtaí GCT, teastóidh sonraí a bailíodh in imeacht roinnt blianta (ós rud é nach é CBT an t-aon imthoisc a chuireann treallús le hastaíochtaí GCT). Díreofar ar na measúnuithe sin trí mheastóireachtaí, i.e. ní dhéantar go bliantúil é. | |
![]() |
2c) measúnú agus tuairisciú chuig Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide faoin tionchar atá ag príomhbheartais agus príomhbhearta AE ar astaíochtaí, amhail an scéim trádála astaíochtaí, na Rialacháin maidir le hastaíochtaí CO2 ón iompar de bhóthar agus earnálacha eile atá clúdaithe ag an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. nasctha le Moladh 3 den tuarascáil seo |
Glacadh leis. |
2c) a áirithiú go ndéanann bailiú sonraí dealú idir maolú agus oiriúnú. nasctha le Moladh 2 den tuarascáil seo |
Níor glacadh leis. Ní léir cad iad na himpleachtaí atá ag an ualach riaracháin bhreise seo don Choimisiún agus do na Ballstáit. | |
4) prionsabal an choimeádachais a chur i bhfeidhm agus rómheastacháin in CETFT a cheartú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na comhéifeachtaí aeráide AE atá socraithe. nasctha le Moladh 1 den tuarascáil seo |
Glacadh leis go pointe áirithe. Caithfidh an mhodheolaíocht rianaithe a bheith cobhsaí le linn an CAI reatha ar mhaithe le hintuarthacht, comhleanúnachas agus trédhearcacht. | |
![]() |
6a) córas comhchuibhithe agus comhréireach a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme iarbhír an ghníomhaithe ar son na haeráide. nasctha le Moladh 3 den tuarascáil seo |
Níor glacadh leis. Mhéadódh an moladh seo an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit, rud nár foráladh dó faoi na rialacháin reatha. |
Foinse: CIE.
Acrainmneacha agus giorrúcháin
AS: Ardstiúrthóireacht
CAI: Creat Airgeadais Ilbhliantúil
CBT: An Comhbheartas Talmhaíochta
CC: Ciste Comhtháthaithe
CERT: An Ciste Eorpach Um Ráthaíocht Talmhaíochta
CETFT: An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
CSE: Ciste Sóisialta na hEorpa
CTA: Córas Trádála Astaíochtaí
ECFE: An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta
ENR: Eagraíocht neamhrialtasach
GCT: Gás ceaptha teasa
ICF: An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt
LEE: An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil
NGEU: NextGenerationEU
SCE: An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
STA: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Gluais
Aeráidneodracht: Staid a fhágann nach bhfuil aon ghlanéifeacht ag gníomhaíochtaí an duine ar an aeráid.
An Comhaontú Glas don Eoraip: Straitéis fáis an Aontais a glacadh in 2019, arb é is aidhm di aeráidneodracht a bhaint amach don Aontas faoi 2050.
An Comhbheartas Talmhaíochta Beartas aonair aontaithe an Aontais Eorpaigh ar an talmhaíocht, ina bhfuil fóirdheontais agus raon de bhearta eile chun slándáil an tsoláthair bia a ráthú, chun caighdeán cothrom maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí an Aontais, chun forbairt tuaithe a chur chun cinn agus chun an comhshaol a chosaint.
An t-athrú aeráide: Athruithe in aeráid an domhain a bhfuil patrúin nua fadtéarmacha aimsire mar thoradh orthu.
Beart agra-chomhshaoil-aeráide: Aon cheann de thacar de chleachtais roghnacha a théann níos faide ná na gnáthcheanglais chomhshaoil agus a thugann teideal d’fheirmeoirí ar íocaíocht as buiséad AE.
Bithmhais: Breosla a dhíorthaítear as táirgí orgánacha agus iarmhar dramhaíola a bhíonn in úsáid chun cumhacht a ghiniúint.
Caiteachas aeráide: Aon chaiteachas a rannchuidíonn (go díreach nó go hindíreach) le cuspóirí aeráide.
Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa: Na cúig phríomh-Chiste AE a thacaíonn le forbairt eacnamaíoch ar fud an Aontais i dtréimhse 2014-2020: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh.
Coinbhinsiúin Rio: Trí chomhaontú a d’eascair as Cruinniú Mullaigh na Cruinne a d’eagraigh na Náisiúin Aontaithe in Rio de Jeneiro in 1992: an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, an Creat-Choinbhinsiún ar an Athrú Aeráide agus an Coinbhinsiún chun an Gaineamhlú a Chomhrac.
Comhéifeacht aeráide AE: Ualú atá sannta chuig caiteachas ón Aontas ar thionscadail, bearta nó gníomhaíochtaí lena léiriú a mhéid atá cúinsí aeráide curtha san áireamh iontu.
Creat Airgeadais Ilbhliantúil: Plean caiteachais an Aontais trína ndéantar tosaíochtaí (bunaithe ar chuspóirí beartais) agus uasteorainneacha a shocrú, agus a mhaireann seacht mbliana de ghnáth. Cuireann sé struchtúr ar fáil chun buiséid bhliantúla an Aontais a leagan síos laistigh de agus a chuireann teorainn ar an gcaiteachas i ngach catagóir caiteachais.
Fís 2020: Clár taighde agus nuálaíochta an Aontais do thréimhse 2014-2020.
Gás ceaptha teasa: Gás san atmaisféar – cosúil le dé-ocsaíd charbóin nó meatán – a ionsúnn agus a astaíonn radaíocht agus a dhéanann teas a ghaistiú, agus dá réir sin a bhíonn ag téamh dromchla an Domhain tríd an éifeacht cheaptha teasa.
Gníomhú ar son na haeráide: Gníomhaíocht chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le tionchar an athraithe aeráide.
Íocaíocht dhíreach: Íocaíocht tacaíochta talmhaíochta, amhail cabhair a bhaineann le limistéar, a dhéantar go díreach le feirmeoirí agus a dtugtar ‘tacaíocht ioncaim’ freisin uirthi.
Maolú ar an athrú aeráide: Astaíocht gáis cheaptha teasa a laghdú nó a theorannú mar gheall ar an éifeacht atá acu ar an aeráid.
Marbhualach: Cás ina rachadh gníomhaíocht atá maoinithe ag an Aontas ar aghaidh pé scéal é, fiú mura mbeadh cúnamh poiblí faighte lena aghaidh.
Marcóir Rio: Táscaire, arna shainiú ag ECFE, maidir lena mhéid atá gníomhaíocht ag rannchuidiú le cuspóirí choinbhinsiúin Rio.
Natura 2000: Líonra de Limistéir Chaomhantais le haghaidh speicis neamhchoitianta agus speicis i mbaol agus le haghaidh roinnt cineálacha gnáthóg nádúrtha atá neamhchoitianta, agus go bhfuil na limistéir sin cosanta faoi dhlí an Aontais.
NextGenerationEU: Pacáiste cistithe chun cabhrú le Ballstáit an Aontais teacht aniar ón tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá ag paindéim COVID-19.
Oiriúnú don athrú aeráide: A shoghonta don athrú aeráide atá tíortha agus pobail a laghdú trína gcumas chun déileáil lena thionchair a mhéadú.
Ollioncam Náisiúnta: Tomhas caighdeánach ar shaibhreas tíre, bunaithe ar ioncam ó fhoinsí baile agus ó fhoinsí eachtracha.
Príomhshruthú aeráide: Cúinsí a bhaineann leis an athrú aeráide a thabhairt isteach sna beartais, ionstraimí, cláir agus cistí uile.
Réimse fócais: Ceann de na gnéithe sa mhiondealú atá déanta ar phríomhthosaíochtaí forbartha tuaithe an Aontais.
Réimse idirghabhála: Catagóir gníomhaíochtaí atá maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ag an gCiste Comhtháthaithe nó ag Ciste Sóisialta na hEorpa.
Rianú aeráide: Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar na spriocanna maidir le caiteachas ar an athrú aeráide.
Sceitheadh carbóin: Méadú ar astaíochtaí GCT mar gheall ar tháirgeadh a aistriú ó thír a bhfuil srianta dochta astaíochtaí aici go tír nach bhfuil na rialacha chomh dian sin.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir AE, nó ar topaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta I – Úsáid Inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Ildikó Preiss (Ceann na hOifige Príobháidí), Paolo Pesce agus Charlotta Törneling (Ataiséanna na hOifige Príobháidí), Ramona Bortnowschi agus Emmanuel Rauch (Príomhbhainisteoirí), Antonella Stasia (Ceann Cúraim), chomh maith le Ernesto Roessing agus Jonas Kathage (Iniúchóirí), agus Marika Meisenzahl (Iniúchóir agus dearadh grafach). Thug Judita Frangež tacaíocht rúnaíochta.
Críochnótaí
1 IPCC, Achoimre do lucht ceaptha beartas in Athrú aeráide 2021:An Bunús Eolaíochta Fisicí. Rannchuidiú Mheitheal I leis an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, 2021, lch. 21.
2 Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin, ¡Error! Referencia de hipervínculo no válida..
3 Cinneadh 2002/358/CE maidir le formheas Phrótacal Kyoto.
4 An Coimisiún, Buiséad le haghaidh Eoraip 2020, COM(2011) 500, 2011, Cuid II, lch. 13.
5 An Chomhairle Eorpach, Conclúidí – An Creat Airgeadais Ilbhliantúil, EUCO 37/13, 2013, mír 10.
6 Rialachán (AE) Uimh. 215/2014 a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí i gcomhair tacaíocht i leith an athraithe aeráide.
7 ECFE, CCF ECFE: Marcóirí Rio don Aeráid – Lámhleabhar, lch. 2.
8 An Coimisiún, Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2020, Imleabhar I.
9 An Chomhairle Eorpach, Conclúidí, EUCO 29/19, 2019.
10 An Coimisiún, Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide COM(2021) 82.
11 Iarscríbhinn I de Threoir 2003/87/CE maidir le ETS an Aontais.
12 Cinneadh Uimh. 406/2009/CE maidir le ceangaltais i laghdú astaíochtaí GCT suas go dtí 2020, agus Rialachán (AE) 2018/842 maidir le spriocanna GCT do na Ballstáit ó 2021 go 2030.
13 An Coimisiún, Togra a bhaineann le treoracha éagsúla maidir le fuinneamh in-athnuaite a leasú, COM(2021) 557; An Coimisiún, Togra le haghaidh Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (athmhúnlú), COM(2021) 558.
14 Tuarascáil EEA Uimh. 13/2021 – Treochtaí agus réamh-mheastacháin san Eoraip 2021, le haghaidh an réamh-mheastacháin do 2020.
15 An Coimisiún, Measúnú 2019 ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh náisiúnta 2020, COM(2020) 326.
16 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 11/2020: Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh – Is mó fós a chaithfear díriú ar an gcostéifeachtacht; Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 02/2022: Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair – Roinnt coigiltis ar fhuinneamh, ach laigí i bpleanáil agus roghnú tionscadal.
17 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 17/2013: Airgeadas aeráide an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs na cabhrach seachtraí; Tuarascáil speisialta 31/2016: Euro amháin ar a laghad as gach cúig euro ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide – Obair uaillmhianach ar siúl, ach baol tromchúiseach ann go loicfear ar an gcuspóir, 2016; athbhreithniú 01/2020: Rianú ar chaiteachas aeráide i mbuiséad an Aontais.
18 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 16/2021: An Comhbheartas Talmhaíochta agus an aeráid – Leath de chaiteachas aeráide an Aontais, ach gan líon na n-astaíochtaí feirme ag laghdú.
19 Brady, M. et al.: Tionchair na nÍocaíochtaí Díreacha, 2017, lch. 70, 88-89; M’barek, R. et al.; Scenar 2030 - Conairí d’earnáil talmhaíochta agus bia na hEorpa ó 2020 ar aghaidh, 2020, lch. 144.
20 Ibid.
21 Chahal, I. et al. An tionchar carnach atá ag barra cumhdaigh ar cheapadh carbóin na hithreach agus ar bhrabúsmharacht in aeráid thais mheasartha, 2020.
22 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 23/2019: Cobhsú ioncam na bhfeirmeoirí – Sraith chuimsitheach uirlisí, ach ní mór dul i ngleic le glacadh íseal ionstraimí agus le róchúiteamh.
23 An Coimisiún, Staidéar meastóireachta ar thionchar CBT ar an athrú aeráide agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; Alliance Environnement, 2019, lch. 113.
24 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, athbhreithniú 01/2020: Rianú ar chaiteachas aeráide i mbuiséad an Aontais, Fíor 7.
25 Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí.
26 Aithrisí 42 agus 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí.
27 An Coimisiún, Staidéar meastóireachta maidir le híocaíocht do chleachtais talmhaíochta a théann chun tairbhe don aeráid agus don chomhshaol, Alliance Environnement agus Thünen Institute, 2017.
28 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 21/2017: Glasú – Scéim tacaíochta ioncaim níos casta, gan a bheith éifeachtach fós ó thaobh an chomhshaoil de,mír 28 agus Fíor 5; Gocht, A. et al.: Na Tionchair Eacnamaíocha agus Comhshaoil atá ag Glasú CBT: Torthaí Ionsamhlúcháin CAPRI, 2017; Louhichi, K. et al.: Na tionchair eacnamaíocha atá ag glasú CBT: samhail feirme aonair uile-Eorpach a chur i bhfeidhm le haghaidh anailís CBT (SFA-CBT), 2017.
29 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 21/2017: Glasú – Scéim tacaíochta ioncaim níos casta, gan a bheith éifeachtach fós ó thaobh an chomhshaoil de, míreanna 43-46.
30 M’barek, R. et al.; Scenar 2030 - Conairí d’earnáil talmhaíochta agus bia na hEorpa ó 2020 ar aghaidh, 2020, lch. 115, 144.
31 Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Meastóireacht ar thionchar an Chomhbheartais Talmhaíochta ar an athrú aeráide agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, lch. 23-24.
32 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 16/2021: An Comhbheartas Talmhaíochta agus an aeráid – Leath de chaiteachas aeráide an Aontais, ach gan líon na n-astaíochtaí feirme ag laghdú, mír VII.
33 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 31/2016: Euro amháin ar a laghad as gach cúig euro ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a chaitheamh ar ghníomhú ar son na haeráide – Obair uaillmhianach ar siúl, ach baol tromchúiseach ann go loicfear ar an gcuspóir, Iarscríbhinn.
34 Ibid.
35 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil speisialta 11/2020, ar LEADER agus ar fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.
36 Airteagal 3(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
37 An Coimisiún, Meastóireacht Lár-Téarma ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, SWD(2018) 44.
38 An Coimisiún, Infheistiú i Líonraí Eorpacha – An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Five years supporting European infrastructure, lch. 21.
39 An Coimisiún, ¡Error! Referencia de hipervínculo no válida..
40 Quinn, A. et al. Rail Adapt: An t-iarnród a oiriúnú don todhchaí. UIC (Ceardchumann Idirnáisiúnta na nIarnród), Samhain 2017.
41 Aithris 5 de Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
42 Rialachán (AE) Uimh. 215/2014 a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí i gcomhair tacaíocht i leith an athraithe aeráide.
43 Deais phoiblí do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.
44 Nesbit, M. et al. Príomhshruthú aeráide i mbuiséad AE a dhoiciméadú: an córas a dhéanamh níos trédhearcaí, níos déine agus níos cuimsithí. Parlaimint na hEorpa, 2020, lch. 18-20.
45 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, athbhreithniú 01/2020: Rianú ar chaiteachas aeráide i mbuiséad an Aontais, Fíor 5.
46 Cremins, A. agus Kevany, L., Buntreoir do Chur Chun Feidhme an Bhuiséadaithe Ghlais in Éirinn, Páipéar Foirne 2018, lch. 12.
47 An Coimisiún, Buiséad le haghaidh Eoraip 2020, COM(2011) 500, 2011, Cuid II, lch. 15.
48 Ibid.
49 An Coimisiún, Cleachtais den Bhuiséadú Glas san Aontas Eorpach: An Chéad Athbhreithniú, Plépháipéar, 2021, lch. 22.
50 An Coimisiún, Buiséad le haghaidh Eoraip 2020, COM(2011) 500, 2011, Cuid II, lch. 15.
51 An Coimisiún, Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2020, Imleabhar I, 2021, lch. 8-9.
52 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 19/2019: INEA – Sochair tugtha i gcrích ach aghaidh le tabhairt ar easnaimh a bhaineann le SCE, mír IV.
53 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 17/2018: Chuaigh gníomhartha an Choimisiúin agus na mBallstát i mblianta deireanacha chlár 2007-2013 i ngleic le hionsú íseal ach níor leor an díriú ar thorthaí.
54 Aithris 5 de Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le CFRE agus CC, i measc cistí eile; Airteagal 7(10) de Rialachán (AE) 2021/695 lena mbunaítear Fís Eorpach; Aithris 49 de Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.
55 An Coimisiún, An creat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, COM(2021) 366, lch. 7.
56 Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
57 Fógra ón gCoimisiún, Treoraíocht theicniúil maidir le “ná déan dochar suntasach” a chur i bhfeidhm faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, C(2021) 1054, lch. 7-8.
58 Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú.
59 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, tuarascáil speisialta 22/2021: Airgeadas inbhuanaithe – Tá gá le gníomh níos comhsheasmhaí ón Aontas chun airgeadas a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe, mír 90.
60 Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
61 Airteagail 18(4)(e) agus Iarscríbhinn VI de Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Idirlíon: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
| ISBN 978-92-847-7810-2 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/403872 | QJ-AB-22-007-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-7803-4 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/141977 | QJ-AB-22-007-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Fíor 2: ag an mbarr ar dheis, Fíor 11: ag an mbarr ar dheis, íocón
déanta agPixel perfect ó https://flaticon.com.
Fíor 4: íocóin ar chlé
déanta agPixel perfect ó https://flaticon.com.
Fíor 5: íocóin
ar chlé déanta agPixel perfect ó https://flaticon.com.
Fíor 6: íocóin
ar chlé déanta agPixel perfect ó https://flaticon.com.
Fíor 12: ag an mbarr ar chlé, Fíor 13: ag an mbarr ar chlé, Fíor 16: ag an mbarr ar chlé, Bosca 3: ar chlé, Tábla 7, íocón
déanta agPixel perfect ó https://flaticon.com.
Tábla 2: íocóin ![]()
![]()
déanta ag Pixel perfect ó https://flaticon.com.
Tábla 3: íocóin ![]()
![]()
déanta ag Pixel perfect ó https://flaticon.com.
Tábla 4: íocóin ag an mbarr ![]()
déanta ag Pixel perfect ó https://flaticon.com.
Tábla 5: íocón ag an mbarr ar chlé
déanta agPixel perfect ó https://flaticon.com.
Tábla 6: íocóin ag an mbarr ar chlé 




déanta ag Pixel perfect ó https://flaticon.com.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar Shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga
Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
- le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga
Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu
Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.




i gcleachtas, tá leibhéal an phionóis go suntasach faoi bhun 20 % – is minic nach mbíonn i gceist ach luathrabhadh a thabhairt d’fheirmeoirí agus nach ngearrtar pionós ar bitha,b,c;
tá rannchuidiú iomlán de 8 % neamhshuntasach, seachas é a bheith measartha.


tacaíonn sé le cleachtais atá neamhdhíobhálach don aeráid (e.g. barra cumhdaigh, inneachar carbóin na hithreach)a,b;
















nasctha le 

