Tuarascáil speisialta
02 2023

Rialacha an bheartais comhtháthaithe a oiriúnú chun freagairt do COVID-19 Cistí á n-úsáid ar bhealach níos solúbtha, ach ní foláir machnamh a dhéanamh ar an mbeartas comhtháthaithe mar uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna

Maidir leis an tuarascáil:Scrúdaíomar an chaoi ar chuir an Coimisiún rialacha in oiriúint chun níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit maidir le cistí an bheartais comhtháthaithe do thréimhse 2014-2020 a úsáid mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Fuaireamar gur fhreagair an Coimisiún go pras agus, ar an mórgóir, gur oiriúnaigh sé na rialacha go maith, rud a d’éascaigh na hacmhainní a bhí cheana ann a stiúradh ag tráth a raibh cruachás mór eacnamaíoch ann. Trí na hacmhainní suntasacha nua a tugadh isteach, bhí na Ballstáit in ann infheistíochtaí breise a chistiú, ach – chomh maith leis sin – cuireadh leis an mbrú a bhí orthu na cistí a chaitheamh ar bhealach maith. Molaimid go ndéanfadh an Coimisiún anailís ar an tionchar atá ag cistiú comhtháthaithe a úsáid chun dul i ngleic le géarchéimeanna a mhéid a bhaineann le cuspóirí fadtéarmacha an bheartais, agus go ndéanfadh sé faireachán ar an gcaiteachas a bhíonn ar siúl ag na Ballstáit ionas gur féidir cabhrú leo a gcuid spriocanna feidhmíochta a bhaint amach.

Tuarascáil speisialta ón gCúirt Iniúchóirí de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas & REACT-EU

Achoimre Feidhmiúcháin

I Ó thús 2020 ar aghaidh, rinne an tAontas réimse leathan gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19. Bhí ról ag an mbeartas comhtháthaithe sa fhreagairt sin trí bhíthin trí ghníomh reachtacha lena ndearnadh na rialacha a leasú do chlárthréimhse 2014-2020. I mí an Mhárta 2020, sheol an Coimisiún an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII). Thug sé sin isteach bearta simpliúcháin, leachtachta agus solúbthachta. I mí Aibreáin 2020, neartaigh an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+) na solúbthachtaí a tugadh isteach i mí an Mhárta, d’fhoráil sé freisin don fhéidearthacht go mbeadh cómhaoiniú 100 % ón Aontas ann ar feadh bliana. I mí na Nollag 2020, chuir an Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) €50.4 billiún ar fáil do na Ballstáit mar bhreisiú ar chistiú an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020.

II Inár n-iniúchadh, scrúdaíodh ar chuir an Coimisiún rialacha an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 in oiriúint go maith trí CRII/CRII+ agus trí REACT-EU chun níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit maidir le cistí an bheartais comhtháthaithe a úsáid mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Rinneamar an t-iniúchadh sin toisc go raibh na hathruithe ar an gcreat dlíthiúil don bheartas comhtháthaithe – ceann de na réimsí beartais is tábhachtaí san Aontas – suntasach, agus gur ghné de leas an phobail é a fháil amach ar chabhraigh na bearta leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim. Mar gheall ar an tráth a bhfuil ár dtuarascáil á heisiúint againn, tugann sé an deis don Choimisiún ár bhfionnachtana a chur san áireamh in am don mheastóireacht ex post ar thréimhse 2014-2020 agus don ullmhúchán do chreat an bheartais comhtháthaithe don tréimhse i ndiaidh 2027.

III Thángamar ar an gconclúid, tríd is tríd, go ndearna an Coimisiún na rialacha maidir leis an mbeartas comhtháthaithe do 2014-2020 a oiriúnú go maith ionas go bhféadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as na cistí comhtháthaithe ar bhealach níos solúbtha. D’fhreagair an tAontas Eorpach go pras tar éis mhór-ráig na paindéime san Eoraip i Márta 2020 trí bhearta reachtacha a ghlacadh laistigh de dhá mhí chun cistí nach raibh caite trí CRII/CRII+ a shlógadh, agus laistigh de bhliain chun acmhainní breise a sholáthar trí REACT-EU. D’fhág na bearta sin go ndearnadh cuid de phríomhghnéithe an bheartais comhtháthaithe a mhodhnú, amhail a fhócas ar réigiúin bheagfhorbartha. Bhí na Ballstáit sin a raibh níos mó cistí ar fáil dóibh in 2020 i riocht níos fearr chun úsáid a bhaint as bearta CRII/CRII+. I gcodarsnacht leis sin, leithdháil REACT-EU acmhainní breise ar na Ballstáit go léir a bhí le húsáid faoi 2023, arbh ionann é sin go bunúsach agus ‘cistiú idirthréimhseach’ a chur ar fáil idir tréimhse 2014-2020 agus tréimhse 2021-2027.

IV Trí chead a thabhairt acmhainní a chaitheamh i réimsí eile agus cómhaoiniú 100 % ón Aontas a dhéanamh, choinnigh CRII/CRII+ caiteachas an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 ar an mbóthar ceart nuair a bhí tionchar tromchúiseach ag an bpaindéim ar ghníomhaíocht eacnamaíoch rialta. Trí na hacmhainní suntasacha nua a tháinig isteach le REACT-EU, bhí na Ballstáit in ann infheistíochtaí breise a chistiú, ach – chomh maith leis sin – cuireadh leis an mbrú a bhí orthu an caiteachas féin a dhéanamh. Bhí obair bhreise ar an gclársceideal ann freisin mar gheall ar na hathruithe sin ar an gcreat dlíthiúil. Chuir sé sin leis an ualach oibre riaracháin do na húdaráis bhainistíochta agus rannchuidigh sé leis na moilleanna ar thús thréimhse 2021-2027.

V Chuir an Coimisiún cúnamh tráthúil ar fáil do na Ballstáit chun CRII/CRII+ agus REACT-EU a chur chun feidhme. Chuir sé feabhas ar an tréimhse ama a bhí ann chun leasuithe cláir le haghaidh CRII/CRII+ a phróiseáil agus a fhormheas, cé go raibh sé beagán as marc don sprioc a bhí leagtha síos sa rialachán maidir le REACT-EU.

VI Léirigh ár n-anailís go raibh gluaiseachtaí suntasacha cistí ann mar thoradh ar sholúbthachtaí aistrithe CRII/CRII+. D’aistrigh na Ballstáit thart ar 10 % de chistiú an bheartais comhtháthaithe, €35 bhilliún, idir réimsí infheistíochta agus laistigh díobh; is méid suntasach é sin, go háirithe nuair a smaoinítear air gur tháinig ann don phaindéim gar do dheireadh na clárthréimhse. Chuir na Ballstáit an cistiú breise sin ar fáil le haghaidh cúram sláinte agus le haghaidh tacaíocht ghnó, leis an gcistiú ag aistriú go príomha ó fhuinneamh agus an comhshaol agus ó thaighde agus nuálaíocht. I gcás REACT-EU, a raibh 86 % dá chuid acmhainní leagtha síos sa chlársceideal faoi mhí an Mheithimh 2022, tá an cistiú á dhíriú go príomha ar fhostaíocht, ar chúram sláinte agus ar thacaíocht ghnó.

VII Le córas faireacháin an Choimisiúin, is féidir rianú ar leithligh a dhéanamh ar bhearta REACT-EU, ach ní féidir é sin a dhéanamh i gcás bhearta CRII/CRII+. Is féidir leis an gCoimisiún leas a bhaint freisin as táscairí neamhéigeantacha COVID-19 chun measúnú a dhéanamh ar na nithe a baineadh amach mar thoradh ar na bearta a chuir sé i bhfeidhm chun freagairt don ghéarchéim. Ós rud é nach ann do shainmhínithe coiteanna, áfach, tá baol ann go mbeidh deacrachtaí ag an gCoimisiún brí a bhaint as na sonraí comhiomlánaithe a thuairiscíonn na Ballstáit.

VIII Tabharfar a bhfuil bainte amach ag cláir oibríochtúla 2014-2020 le chéile sa mheastóireacht ex post atá ar an gCoimisiún a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2024. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún CRII/CRII+ agus REACT-EU araon a chlúdach ina mheastóireacht ex post ar thréimhse 2014-2020, cé nach bhfuil aon cheanglas ann meastóireacht ar leith a dhéanamh ar CRII/CRII+.

IX Baineadh úsáid as an mbeartas comhtháthaithe mar uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna go minic san am a chuaigh thart, ach ní dhearnadh aon mheasúnú foirmiúil ar thionchar fadtéarmach na húsáide sin. Fágann na rialacha do thréimhse 2021-2027, ag tarraingt ar na solúbthachtaí a tugadh isteach le CRII/CRII+, go mbeidh sé níos éasca cistí an bheartais comhtháthaithe a úsáid chun freagairt d’imeachtaí gan choinne. D’fhéadfadh baol a bheith ann dá bharr sin go bhféadfadh úsáid mhinic an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt a ghéarchéimeanna tionchar a imirt ar an bpríomhsprioc straitéiseach atá ag an mbeartas sin i.e. comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta idir réigiúin a neartú.

X Molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • anailís a dhéanamh ar an tionchar atá ag úsáid chistí an bheartais comhtháthaithe chun freagairt do ghéarchéimeanna ar chuspóirí fadtéarmacha an bheartais;
  • dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ionsú REACT-EU agus, i gcás inar gá, tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil a dhíríonn ar thorthaí.

Réamhrá

Freagairt an Aontais ar éifeachtaí phaindéim COVID-19

01 Rinneadh cásanna de víreas COVID-19 a bhrath ar dtús san Eoraip go luath in 2020, nuair a sainaithníodh na chéad chásanna sa Fhrainc an 24 Eanáir 20201. Ansin scaip sé go mear ar fud na mór-roinne. Faoi lár mhí an Mhárta 2020, bhí cásanna tuairiscithe i mBallstáit uile an Aontais2 agus d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gurbh í an Eoraip eipealár na paindéime domhanda3.

02 Bhí an ráig den víreas agus na bearta sláinte poiblí a glacadh chun leathadh an víris a theorannú ina gcúis le suaitheadh sóisialta agus eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin. Bhí ganntanas leachtachta agus rioscaí sócmhainneachta ag go leor gnólachtaí. Tharla crapadh 6 % ar gheilleagar an Aontais in 20204. Ar an leibhéal domhanda, ba í an ghéarchéim sin ba shiocair leis an gcúlú eacnamaíoch is mó fós ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann5.

03 Ó go luath in 2020, thosaigh na Ballstáit ar lear mór beart eacnamaíoch agus fioscach a thabhairt isteach chun tionchar an tsuaite mhóir sin ar shaoránaigh, ar oibrithe agus ar ghnólachtaí a mhaolú. Óna thaobh siúd de, d’éascaigh an tAontas Eorpach an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as na beartais fhioscacha náisiúnta fairsinge trína bheith níos boige ar na rialacha maidir le Státchabhair agus ar na rialacha buiséadacha6 agus trí thacaíocht airgeadais dhíreach a chur ar fáil do na Ballstáit, amhail trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus tríd an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála. Chomh maith leis sin, ghlac sé sraith athruithe ar chreat reachtach an bheartais comhtháthaithe agus chruthaigh sé ionstraimí buiséadacha nua (féach Bosca 1).

Bosca 1

Ionstraimí buiséadacha nua chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19

Leagtar síos buiséad an Aontais do thréimhse seacht mbliana tríd an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), agus déantar an chuid is mó dá chuid acmhainní a leithdháileadh roimh ré ar na Ballstáit. Thug an creat buiséadach sin solúbthacht theoranta chun cistí breise a dhíriú i dtreo na géarchéime, go háirithe sa bhliain dheireanach de thréimhse CAI nuair a bhí formhór na gcistí geallta cheana féin.

Míníonn sé sin cén fáth, go príomha, trí ionstraimí nua a chruthú, amhail Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gCás Éigeandála (SURE) agus NextGenerationEU (NGEU) (le buiséid de €100 billiún agus €807 mbilliún faoi seach), ar tháinig ann do fhreagairt airgeadais an Aontais ar phaindéim COVID-19 in 2020.

Rinneadh NGEU a ghlacadh go foirmiúil an 14 Nollaig 2020. Tá sé comhdhéanta de shaoráid nua, i.e. an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) arb í sin an chuid is mó den phacáiste, den ionstraim ar a dtugtar Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) mar mhéadú ar chistí an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020, agus de bhreisithe ar ionstraimí eile de chuid an Aontais atá ann cheana.

Murab ionann agus gnáthbhuiséad an Aontais, a mhaoinítear go díreach as ranníocaíochtaí na mBallstát den chuid is mó, déantar na hionstraimí nua sin a mhaoiniú go heisceachtúil le cistí a fhaigheann an Coimisiún ar iasacht ar na margaí caipitil, thar ceann na mBallstát.

Leasuithe ar rialacha an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 trí CRII/CRII+ agus REACT-EU

04 Is é an beartas comhtháthaithe ceann de na réimsí beartais is mó atá i mbuiséad an Aontais, le leithdháileadh de €355 bhilliún (tá gach méid a luaitear sa tuarascáil i bpraghsanna reatha) do thréimhse 2014-2020. Is é is príomhaidhm dó ná éagothromaíochtaí forbartha idir réigiúin éagsúla a laghdú. Tá sé á mhaoiniú as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), as Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus as an gCiste Comhtháthaithe (CC), agus tá na rialacha lena rialaítear úsáid na gcistí sin go léir leagtha síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR).

05 Agus cláir á reáchtáil agus á gcur chun feidhme go díreach ag na Ballstáit cheana féin, bhíothas in ann cistiú an bheartais comhtháthaithe a úsáid mar chreat chun acmhainní a bhí fós ar fáil a aistriú chuig riachtanais chistiúcháin a bhí ag eascairt as géarchéim COVID-19. Chun cistí an bheartais comhtháthaithe a dhéanamh níos solúbtha agus níos éasca le húsáid chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim, thug an Coimisiún leasuithe isteach ar CPR agus ar Rialachán CFRE. Tá feidhm acu sin maidir le clárthréimhse 2014-2020, is féidir a úsáid chun infheistíochtaí a mhaoiniú go dtí deireadh 2023. Ba é príomhchuspóir an Choimisiúin ná solúbthacht agus leachtacht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit ag tráth géarchéime.

06 D’fhreagair an Coimisiún don phaindéim trí na hathruithe reachtacha seo a leanas ar rialacha an bheartais comhtháthaithe:

  • I mí an Mhárta 2020, thug an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) réimse de bhearta simpliúcháin agus leachtachta isteach, mar aon le solúbthachtaí a bhí deartha ar shlí a chabhródh leis na Ballstáit freagairt do riachtanais phráinneacha amhail riachtanais san earnáil cúraim sláinte, riachtanais a bhí ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus riachtanais a bhain leis na margaí saothair.
  • I mí Aibreáin 2020, neartaigh an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+) go mór na solúbthachtaí a tugadh isteach trí CRII. Go sonrach, d’fhoráil sé don fhéidearthacht cómhaoiniú 100 % ón Aontas a chur i bhfeidhm ar oibríochtaí ar feadh bliana amháin, agus d’éascaigh sé aistriú na gcistí a bhí ar fáil ó leithdháileadh 2020.
  • I mí na Nollag 2020, sholáthair an Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) €50.4 billiún i gcistiú breise do na Ballstáit le haghaidh bheartas comhtháthaithe 2014-2020 agus €0.2 billiún le haghaidh cúnamh teicniúil agus caiteachas riaracháin ón gCoimisiún (féach Fíor 1)7. Caithfidh cistiú REACT-EU a bheith caite faoi dheireadh 2023.

Fíor 1 – REACT-EU mar chuid de NGEU agus de bheartas comhtháthaithe 2014-2020

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

07 I bhFíor 2, tugtar achoimre ar na bearta a tugadh isteach i mbeartas comhtháthaithe 2014-2020 i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus in Iarscríbhinn I sonraítear na príomhghnéithe agus an réasúnaíocht a bhaineann leo.

Fíor 2 – Príomhbhearta CRII/CRII+ agus REACT-EU

  CRII/CRII+ REACT-EU

Leachtacht agus bearta airgeadais
  1. gan aon chistí breise
  2. neamhghnóthú €7.6 billiún de réamh-mhaoiniú
  3. cómhaoiniú 100 % ón Aontas ar feadh bliana
  1. €50.6 billiún de chistí breise
  2. réamh-mhaoiniú níos airde
  3. cómhaoiniú 100 % ón Aontas ar feadh saolré ionstraime

Solúbthacht ó thaobh cistí a atreorú nó a chur i gclársceideal
  1. níos mó deiseanna chun aistriú a dhéanamh idir CFRE, CSE agus CC agus idir catagóirí réigiún le haghaidh 2020
  2. díolúine ó cheanglais maidir le díriú téamach le haghaidh 2020
  3. solúbthacht bhreise chun cistí a ath-leithdháileadh ag tráth an dúnta
  1. lánrogha iomlán maidir le cistí REACT-EU a chur i gclársceidil faoi CFRE agus CSE (lena n-áirítear an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí agus an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg) agus de réir catagóirí réigiún
  2. díolúine ó cheanglais maidir le díriú téamach le haghaidh chistí REACT-EU

Incháilitheacht mhéadaithe
  1. incháilitheacht chúlghabhálach go dtí an 1 Feabhra 2020 le haghaidh oibríochtaí géarchéime fiú má bhí siad tugtha chun críche
  2. caipiteal oibre FBManna incháilithe trí dheontais
  3. incháilitheacht leathnaithe d’infheistíochtaí seirbhísí sláinte faoi CFRE
  1. incháilitheacht chúlghabhálach go dtí an 1 Feabhra 2020 le haghaidh na n-oibríochtaí go léir, fiú má bhí siad tugtha chun críche
  2. oibríochtaí uile CFRE agus CSE incháilithe

Simpliúcháin riaracháin
  1. aistrithe airgeadais laistigh de chlár idir aiseanna tosaíochta gan gá formheas a fháil ón gCoimisiún má bhí siad faoi thairseacha áirithe
  2. gan aon mhodhnú ar Chomhaontuithe Comhpháirtíochta chun athruithe ar an gclár a léiriú
  3. gan aon mhodhnú a dhéanamh ar mheasúnú ex ante ná ar phlean gnó nuair a bhí ionstraimí airgeadais á modhnú
  4. an spriocdháta chun tuarascálacha cur chun feidhme 2019 a thíolacadh curtha siar
  5. an fhéidearthacht ag údaráis iniúchóireachta sampláil neamhstaidrimh a úsáid
  1. gan aon mheastóireacht ex ante a dhéanamh ar aon chlár nua
  2. díolúine ó choinníollachtaí ex ante a chur i bhfeidhm
  3. gan aon cheanglas ann maidir le cúlchiste feidhmíochta nó cur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta
  4. gan aon cheanglas ann maidir le straitéis chumarsáide

Foinse: CIE, bunaithe ar Rialacháin (AE) 2020/460, (AE) 2020/558 agus (AE) 2020/2221.

Róil agus freagrachtaí

08 Tá bainistiú an bheartais comhtháthaithe comhroinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Is iad seirbhísí an Choimisiúin atá i gceannas ar an mbeartas comhtháthaithe ná Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) agus an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL). Tá údaráis bhainistíochta ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach freagrach as cistiú an bheartais comhtháthaithe a chur chun feidhme trí chláir oibríochtúla.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

09 Ba é cuspóir na hiniúchóireachta seo ná scrúdú a dhéanamh féachaint an ndearna an Coimisiún creat an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 a oiriúnú go maith trí CRII/CRII+ agus REACT-EU chun níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit ó thaobh cistí an bheartais comhtháthaithe a úsáid chun freagairt do phaindéim COVID-19. Go sonrach, scrúdaíomar:

  • an ndearna an Coimisiún creat an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 a oiriúnú go tapa;
  • ar chuir an Coimisiún cúnamh cur chun feidhme ar fáil go tráthúil do na Ballstáit;
  • ar fhág na bearta gur leithdháileadh acmhainní ar na hearnálacha a raibh siad ag teastáil uathu;
  • an éascóidh córas faireacháin an Choimisiúin meastóireacht ar na torthaí;
  • an bhfuil anailís déanta ag an gCoimisiún ar an tionchar a bhaineann leis an mbeartas comhtháthaithe a úsáid chun freagairt do ghéarchéimeanna.

Ní dhearnamar measúnú ar an úsáid a bhain na Ballstáit as na bearta ná ar a mhéid a chabhraigh siad leo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na paindéime.

10 Fuaireamar fianaise trí:

  • anailís mhionsonraithe ar shonraí ó chórais faireacháin agus tuairiscithe an Choimisiúin;
  • athbhreithniú deisce ar dhoiciméid ábhartha;
  • ceistneoirí agus cruinnithe cuimsitheacha leis an gCoimisiún;
  • scrúdú ar shampla breithiúnais (chun CRII/CRII+ agus REACT-EU araon a chlúdach agus chun ionadaíocht chothrom gheografach a bhaint amach) ar 25 leasú ar chláir oibríochtúla a bhí próiseáilte ag an gCoimisiún; agus
  • suirbhé ar na húdaráis bhainistíochta go léir do chláir oibríochtúla CFRE, CSE agus CC le haghaidh thréimhse 2014-2020 chun aiseolas a fháil maidir lena dtaithí ar CRII/CRII+ agus REACT-EU; fuaireamar 74 fhreagra a chlúdaigh 39 % de na 313 chlár (níor cuireadh cláir thrasteorann agus trasnáisiúnta san áireamh).

11 Clúdaíonn ár n-iniúchadh CFRE, CSE agus CC, laistigh den bheartas comhtháthaithe. Maidir leis na gnéithe sin atá in CRII/CRII+ ach fós atá lasmuigh den bheartas comhtháthaithe, den iascaireacht agus den fhorbairt tuaithe, níor áiríodh iad i scóip ár n-iniúchta. Is ó thús na mbeart géarchéime go luath in 2020 go dtí deireadh 2021 é an tréimhse ama atá clúdaithe. Má bhí fáil againn ar shonraí i ndiaidh na tréimhse sin, chuireamar san áireamh iad.

12 Rinneamar an t-iniúchadh seo mar gheall gur athruithe substaintiúla a bhí sna hathruithe a rinneadh ar an gcreat dlíthiúil do chistiú an bheartais comhtháthaithe agus gur léirigh Parlaimint na hEorpa spéis sa topaic seo. Mar gheall ar an tráth a bhfuil ár dtuarascáil á heisiúint againn, tugann sé an deis don Choimisiún ár bhfionnachtana a chur san áireamh in am don mheastóireacht ex post ar thréimhse 2014-2020 agus don ullmhúchán do chreat an bheartais comhtháthaithe don tréimhse i ndiaidh 2027.

13 Leanann an t-iniúchadh seo dhá thuairim uainn i dtaca le CRII+ agus REACT-EU ó 20208 agus tá sé ina chomhlánú ar Athbhreithniú 06/2020 uainn dar teideal ‘Na rioscaí, dúshláin agus deiseanna i bhfreagairt bheartas eacnamaíoch an Aontais ar ghéarchéim COVID-19’, inar tugadh léargas comhtháite ar phríomhfhreagairtí bheartas eacnamaíoch an Aontais ar an bpaindéim. Tarraingíonn sé freisin ar thuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe a foilsíodh le déanaí9.

Barúlacha

Chuir an Coimisiún na rialacha in oiriúint go tapa, ach d’fhéadfadh na bearta na dúshláin atá ann cheana a dhéanamh níos measa

14 Rinneamar scrúdú ar an gcaoi a raibh CRII/CRII+ agus REACT-EU deartha ag an gCoimisiún lena dhéanamh amach cé chomh pras a bhí an fhreagairt, cén réasúnaíocht a bhí leis na bearta, agus cad iad na dúshláin do chur chun feidhme chistiú an bheartais comhtháthaithe a d’fhéadfadh a bheith ann dá bharr. Rinneamar meastóireacht féachaint an raibh modh na freagartha iomchuí nuair a chuirtear an éigeandáil a bhí cruthaithe ag an bpaindéim san áireamh.

Freagairt thapa trí chéim ón Aontas chun creat dlíthiúil an bheartais chomhtháthaithe a athrú laistigh de níos lú ná bliain amháin

15 I bhFíor 3, tugtar an amlíne ó thús na paindéime go glacadh na bhfreagairtí reachtacha maidir leis an mbeartas comhtháthaithe. Le haghaidh gach modhnú ar na rialacháin maidir le cistí an bheartais comhtháthaithe, d’eisigh an Coimisiún togra a bheadh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle, mar chomhreachtóirí, a ghlacadh i gcomhpháirt le chéile.

Fíor 3 – Amlíne ghníomhaíocht an Aontais chun an beartas comhtháthaithe a oiriúnú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19

Foinse: CIE.

16 Go gairid tar éis ráig mhór den víreas san Eoraip, d’eisigh an Coimisiún – an 13 Márta 2020 – tionscnamh reachtach CRII, an chéad phacáiste de bhearta an bheartais comhtháthaithe a thugann aghaidh ar an ngéarchéim. Ós rud é gur iarr na Ballstáit bearta breise a thabhairt isteach, chinn an Coimisiún, an 22 Márta 2020, tuilleadh solúbthachtaí a chur ar fáil tríd an dara pacáiste, CRII+, agus d’eisigh sé é sin an 2 Aibreán 2020. Bhí an Coimisiún in ann tograí CRII agus CRII+ a fhorbairt laistigh de thréimhse an-ghearr, in ainneoin gur bhog foireann uile an Choimisiúin go dtí cianobair ó lár mhí an Mhárta 2020. De réir ár suirbhé, mheas 92 % de na freagróirí gur ghníomhaigh an Coimisiún go tapa chun an beartas comhtháthaithe a oiriúnú trí CRII agus CRII+.

17 Ghlac na comhreachtóirí na tograí ón gCoimisiún an 30 Márta (17 lá féilire tar éis don Choimisiún iad a eisiúint) agus an 23 Aibreán 2020 (21 lá féilire), faoi seach. Tá sé seo dhá uair déag níos giorra ná an meán do leasuithe eile ar CPRanna an bheartais comhtháthaithe do 2007-2013 agus 2014-2020 (féach Fíor 4).

18 Chun glacadh tapa na ngníomhartha dlí a éascú, chomhaontaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint na tograí ón gCoimisiún a ghlacadh gan iad a leasú agus úsáid a bhaint as nósanna imeachta brostaithe áirithe amhail cianvótáil. Ionas nach mbeadh moill ar an bpróiseas a bhaineann le leasuithe reachtacha, d’iarr siad bearta breise a thabhairt isteach trí phacáiste CRII+ seachas an togra tosaigh le haghaidh CRII a mhodhnú.

19 Go luath i mí Aibreáin 2020, de réir mar a bhí tionchar eacnamaíoch fadtéarmach ghéarchéim COVID-19 éirithe soiléir cheana féin, thosaigh an Coimisiún ar phacáiste a fhorbairt a dtabharfaí NGEU air, pacáiste téarnaimh €807 mbilliún ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Chinn an Coimisiún acmhainní breise ó bheartas comhtháthaithe 2014-2020 a chur isteach sa phacáiste sin chun cistí a chur ar fáil go tapa do na Ballstáit trí na cláir a bhí cheana ann. Dhréachtaigh an Coimisiún an togra le haghaidh breisiú a sholáthar do chistí an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020, ar ar tugadh REACT-EU níos déanaí, in aon seachtain amháin go luath i mí Aibreáin 2020. Eisíodh an togra sin an 28 Bealtaine 2020, a luaithe a bhí pacáiste NGEU ina iomláine tugtha chun críche.

20 Ghlac na comhreachtóirí rialachán REACT-EU go foirmiúil seacht mí ina dhiaidh sin ar an 23 Nollaig 2020, tar éis roinnt leasuithe a dhéanamh ar an togra tosaigh ón gCoimisiún. Thóg sé i bhfad níos faide REACT-EU a ghlacadh ná mar a bhí i gceist le CRII agus CRII+, ós rud é gur chuid d’ionstraim nua NGEU a bhí ann agus a raibh os cionn €800 billiún i gceist leis (Bosca 1).

21 Mar sin féin, bhí an t-am a bhí ag teastáil chun REACT-EU a ghlacadh ag teacht leis an achar a thóg sé ar an meán leasuithe eile ar CPR a ghlacadh le linn an dá chlárthréimhse dheireanacha, cé go raibh na leasuithe eile níos srianta ó thaobh raon feidhme de. Mar chomparáid, thóg na trí ghlacadh dheireanacha CPR dhá bhliain go leith ar an meán (féach Fíor 4).

Fíor 4 – An t-am a thóg sé reachtaíocht don bheartas comhtháthaithe a ghlacadh i dtréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020

Nóta: Seasann an líon laethanta don achar ama idir an togra ón gCoimisiún agus nuair a bhí an gníomh glactha ag na comhreachtóirí, arna léiriú mar mhéan le haghaidh gach catagóire cé is moite de REACT-EU ar gníomh reachtach aonair a bhí ann lena aghaidh sin. Tá CPR 2021-2027 san áireamh freisin don mheán le haghaidh glacadh gníomhartha don CPR.

Foinse: CIE, bunaithe ar Eurlex.

Chuir an Coimisiún an beartas comhtháthaithe in oiriúint chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí phaindéim COVID-19

22 Thug CRII agus CRII+ oiriúnuithe spriocdhírithe ar chuid de rialacha an bheartais comhtháthaithe isteach ionas go bhféadfaí freagairt láithreach don ghéarchéim (féach Iarscríbhinn I). Sholáthair na bearta sin leachtacht, solúbthacht agus simpliú chun éascú a dhéanamh ar chistí an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 nach raibh caite a úsáid, agus mhodhnaigh siad, le haghaidh 2020, roinnt gnéithe lárnacha a ghabhann le cistiú faoin mbeartas comhtháthaithe, lena n-áirítear a fhócas ar réigiúin bheagfhorbartha agus cómhaoiniú ón Aontas. Mheas an Coimisiún go raibh sé sin inghlactha toisc go raibh an cur chun feidhme go maith chun cinn faoin seachtú bliain den tréimhse. Níl an chuid is mó de bhearta CRII/CRII+ teoranta don fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ach is féidir iad a úsáid le haghaidh na n-oibríochtaí go léir, rud a fhágann go bhfuil leibhéal ard dá lánrogha féin ag na húdaráis náisiúnta.

23 Ós rud é nár chruthaigh CRII/CRII+ cistí nua, bhí roinnt údarás bainistíochta ann nach raibh in ann athruithe suntasacha ar a gcláir a chur chun feidhme toisc go raibh a leithdháileadh ar fad do 2014-2020 geallta do thairbhithe cheana féin acu. Thug an ceathrú cuid de na freagróirí ar ár suirbhé le fios nár bhain siad úsáid as na solúbthachtaí i gclársceideal CRII/CRII+ le haghaidh na gclár a bhí á mbainistiú acu agus, i gcás 78 % de na freagróirí sin, ba í an chúis a bhí leis sin ná go raibh cistí geallta cheana féin; dúirt beagnach a leath díobh siúd a bhain úsáid as solúbthachtaí CRII/CRII+ go raibh orthu fós féin dul i ngleic le teorainneacha mar gheall go raibh cuid mhaith de na cistí geallta cheana féin.

24 An chaibidlíocht chomhthreomhar ar phacáiste reachtach an bheartais comhtháthaithe do 2021-2027, bhí tionchar aici sin ar chuid de bhearta CRII/CRII+ a roghnaíodh, ós rud é nár theastaigh ón gCoimisiún fasach a leagan síos i réimsí áirithe. Dá bhrí sin, roghnaigh sé gan réamh-mhaoiniú breise a chur ar fáil, gan deireadh a chur le coinneáil íocaíochtaí a bhíonn i bhfeidhm ar íocaíochtaí eatramhacha, agus gan na rialacha maidir le saoradh ó ghealltanas a bhogadh.

25 Tá REACT-EU ceaptha fónamh mar ionstraim ghearrthéarmach agus mheántéarmach le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le deisiú agus téarnamh géarchéime (féach Iarscríbhinn I). I gcodarsnacht le gnáthchistí an bheartais comhtháthaithe, faoi REACT-EU, tá méid mhór dá lánrogha féin ag na Ballstáit ó thaobh na cistí breise a leithdháileadh idir CFRE agus CSE, idir réigiúin agus idir cineálacha infheistíochtaí incháilithe. Is féidir leo acmhainní REACT-EU a úsáid freisin chun tacú leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí agus leis an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg. Dá réir sin, is imeacht suntasach ó ghnáthrialacha chistí an bheartais comhtháthaithe agus ó ghnáthfhócas an bheartais comhtháthaithe ar éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú atá in REACT-EU.

26 Rinneadh acmhainní REACT-EU a dháileadh ar na Ballstáit bunaithe ar mhodheolaíocht atá éagsúil leis an modheolaíocht a úsáidtear le haghaidh gnáthchistí an bheartais comhtháthaithe. Cé go mbíonn na gnáthchistí ina léiriú cuid mhór ar éagothromaíochtaí réigiúnacha, is sonraí ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an staid a bhí ann roimh an bpaindéim agus maidir le tionchar eacnamaíoch na géarchéime ar na Ballstáit, agus é sin amháin, atá le léamh as sonraí REACT-EU. Is iad an Spáinn agus an Iodáil, le leithdháileadh os cionn €14 bhilliún an ceann, go mór fada an dá phríomhfhaighteoir, agus – le chéile – is iad a fuair 57 % den bhuiséad iomlán. I bhFíor 5, taispeántar an leithdháileadh in aghaidh an Bhallstáit, agus per capita laistigh de gach Ballstát.

Fíor 5 – Leithdháileadh REACT-EU de réir Ballstáit

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

27 Mar thoradh ar an tráth a seoladh REACT-EU, bhí d’éifeacht aige i bhformhór na mBallstát gur sholáthair sé ‘cistiú idirthréimhseach’ a chlúdódh an bhearna chistiúcháin idir 2021 agus 2023 a bhí ann mar gheall ar na moilleanna suntasacha a bhí ar thús a chur le cláir an bheartais comhtháthaithe do 2021-2027 (féach Bosca 2).

D’fhéadfadh na hathruithe reachtacha cuid de dhúshláin an bheartais comhtháthaithe a bhí ann roimh an ngéarchéim a dhéanamh níos measa chomh maith le dúshláin bhreise a chruthú

28 Cé gur thug CRII/CRII+ athruithe tráthúla ar an gcreat dlíthiúil isteach a sholáthair solúbthacht ó thaobh cistiú an bheartais chomhtháthaithe a úsáid, chuir REACT-EU acmhainní breise suntasacha ar fáil freisin, rud a mhéadaíonn na dúshláin atá roimh na Ballstáit ó thaobh úsáid a bhaint as cistí an bheartais chomhtháthaithe.

Tá úsáid chistí AE á héascú ag na bearta, ach d’fhéadfadh an cistiú breise cur le deacrachtaí ionsúcháin agus leis an mbrú an t-airgead a chaitheamh

29 Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 agus ag na bearta sláinte poiblí a rinneadh chun a leathadh a theorannú, amhail dianghlasáil náisiúnta, ar ghnáthreáchtáil na gclár do thréimhse 2014-2020. Dúirt beagnach gach duine de na freagróirí ar ár suirbhé go raibh tionchar ag an bpaindéim ar chur chun feidhme a gclár, le 81 % ag rá go raibh moilleanna ar thionscadail agus 29 % ag rá gur cuireadh tionscadail ar ceal – go minic mar gheall ar dheacrachtaí eacnamaíocha na dtairbhithe.

30 Rinneadh CRII agus CRII+, go háirithe na forálacha lena gcumasaítear cómhaoiniú 100 % ón Aontas agus lena dtugtar an cumas do na Ballstáit acmhainní a atreorú, a dhearadh chun an t-ualach ar bhuiséid náisiúnta a laghdú. Mar thoradh ar na bearta sin, chaith na Ballstáit os cionn 10 % níos mó dá gcistiú faoin mbeartas comhtháthaithe in 2020 le hais mar a bhí beartaithe acu roimh an bpaindéim10. Faoi dheireadh 2021, bhí – ar an meán – 69 % dá leithdháileadh do 2014-2020 (gan REACT-EU a áireamh) i gcomparáid le 37 % faoi dheireadh 2019 caite ag na Ballstáit (féach Fíor 7). Dá réir sin, bhí an moilliú ar an gcur chun feidhme a d’éirigh as an bpaindéim cúitithe go maith ag CRII/CRII+.

31 Ar an lámh eile, tá méid mór cistí curtha ar fáil ag REACT-EU atá le caitheamh i dtréimhse ama an-ghearr, go sonrach faoi dheireadh 2023. Is dócha gur dúshlán a bheidh ansin do roinnt Ballstát, toisc go mbaineann pleanáil fhadtéarmach go traidisiúnta leis an mbeartas comhtháthaithe agus go mbíonn an t-ionsú mall. Bliain go leith tar éis thús REACT-EU, amhail an 30 Meitheamh 2022, bhí méideanna móra fós le cur i gclársceideal ag cuid de na Ballstáit, amhail Éire agus an Phortaingéil le 38 % agus 25 %, faoi seach, d’acmhainní nach raibh curtha i gclársceideal. Ar an dáta sin, ní raibh ach 24 % de leithdháileadh REACT-EU íoctha leis na Ballstáit. Íocadh thart ar dhá thrian de sin mar réamh-mhaoiniú, agus rinneadh an chuid eile a aisíoc de dhroim caiteachas a bhí tabhaithe agus imréitithe cheana féin. Mar a thuairiscíomar roimhe seo, tá an baol ann go mbeidh rith na héille ann chun na hacmhainní atá ar fáil a chaitheamh roimh dheireadh na tréimhse, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le haird neamhleor a bheith á tabhairt ar chúrsaí feidhmíochta agus ar luach ar airgead11.

32 I measc na dtosca a mhéadaíonn an dúshlán cistí REACT-EU a chaitheamh faoi dheireadh 2023, tá:

  • Méid an leithdháilte faoi REACT-EU atá ag cuid de na Ballstáit. Ar leibhéal an Aontais, cuireann REACT-EU breisiú ar fáil atá coibhéiseach le bliain bhreise amháin de chistí an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020. Mar sin féin, tá an staid sin an-éagsúil ó Bhallstát go chéile mar gheall ar an modh éagsúil leithdháilte buiséid. Mar shampla, i gcás cúig Bhallstát, is ionann leithdháileadh REACT-EU agus breis agus trí bliana bhreise de chistí an bheartais comhtháthaithe (féach Fíor 6).
  • Na deacrachtaí atá i ndán do Bhallstáit áirithe ó thaobh na cistí ón Aontas atá ar fáil a chaitheamh. Ag tús REACT-EU i mí Eanáir 2021, b’ionann na cistí breise, ar an meán, agus méadú 32 % ar na méideanna a bhí fós le híoc leis na Ballstáit. Bhí cuid de na Ballstáit is mó a bhí buailte ag paindéim COVID-19 freisin i measc na mBallstát sin a raibh na rátaí ionsúcháin is ísle acu do chlárthréimhse 2014-2020 roimh an bpaindéim. Mar shampla, faoi dheireadh 2019, ní raibh ach 29 % dá leithdháileadh do bheartas comhtháthaithe 2014-2020 caite ag an Iodáil agus an Spáinn, an dá fhaighteoir is mó de chistí REACT-EU, i gcomparáid le meán Eorpach de 37 % (féach Fíor 7).
  • An méid suntasach de chistí RRF a bheidh ar na Ballstáit a chaitheamh ag an am céanna faoi 2026 (féach Fíor 8). Mar shampla, is iad an Spáinn agus an Iodáil príomhfhaighteoirí na gcistí sin freisin. Tharraingíomar aird ar na dúshláin a bhaineann le cistí an bheartais comhtháthaithe do 2021-2027 a chaitheamh mar gheall ar na suimeanna móra atá ann faoi RRF12. D’fhéadfadh deacrachtaí comhchosúla teacht chun cinn i mBallstáit áirithe i ndáil le cistí REACT-EU, toisc go bhfuil a thréimhse incháilitheachta ag forluí ar thús thréimhse incháilitheachta RRF.

Fíor 6 – REACT-EU agus na chéad leithdháiltí do bheartas comhtháthaithe 2014-2020

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

33 Ag an am céanna, tá roinnt tosca freisin ann a d’éascódh úsáid chistí REACT-EU:

  • i measc na bhforálacha atá an REACT-EU, tá solúbthachtaí suntasacha ó thaobh an chlársceidil de agus níl cómhaoiniú náisiúnta éigeantach;
  • roimh bhreisiú REACT-EU, bhí formhór na mBallstát ag tuairisciú don Choimisiún go raibh líon mór tionscadal acu a bhí ar feitheamh ar mhaoiniú trína gcláir do 2014-2020, agus bhí tionscadail fhéideartha a chuaigh níos faide ná an leithdháileadh cistiúcháin sainaitheanta ag dhá thrian díobh;
  • d’fhéadfadh sé nach mbeadh an dúshlán ó thaobh cistí AE a chaitheamh chomh géar céanna sna Ballstáit ar sciar beag den infheistíocht phoiblí iomlán atá i gcistí an bheartais comhtháthaithe13.

34 Amhail ag deireadh 2021, d’ainneoin chistí breise REACT-EU, bhí ráta ionsúcháin 2014-2020 cothrom le 62 %, ráta a bhí cosúil le ráta ionsúcháin 2007-2013 ag an tráth céanna den tréimhse, le dhá bhliain fágtha in incháilitheacht na tréimhse sin (féach Fíor 7).

Fíor 7 – Rátaí ionsúcháin an bheartais comhtháthaithe in aghaidh na bliana clársceidealaithe: 2014-2020 i gcomparáid le tréimhse 2007-2013

Nóta: I gclárthréimhse 2014-2020, d’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as an maoiniú do bhliain ar leith laistigh de thréimhse trí bliana (n+3), ach i dtréimhse 2007-2013 is laistigh de dhá bhliain (n+2) a d’fhéadfaidís é a úsáid. Cailltear maoiniú mura n-úsáidtear é laistigh den am sin.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

Chuir na bearta leis an ualach oibre riaracháin ar údaráis bhainistíochta agus chuir siad moill bhreise ar thús chláir 2021-2027

35 Breathnaítear go minic ar úsáid chistiú an bheartais comhtháthaithe mar rud atá casta, nach bhfuil deimhneacht dhlíthiúil leordhóthanach ag gabháil leis agus a chuireann ualach mór riaracháin ar údaráis bhainistíochta agus ar thairbhithe14. Thug CRII/CRII+ lear mór beart isteach a cheadaigh ath-chlársceidealú as cuimse a dhéanamh ar chistí, agus – níos déanaí – d’fhág breisiú REACT-EU go gcaithfí clársceidealú tapa a dhéanamh ar mhéid ábharach d’acmhainní nua. Ar ndóigh, chuir sé sin leis an ualach oibre riaracháin a bhí ar údaráis bhainistíochta.

36 De réir an Choimisiúin, is é an toradh a bhí ar thabhairt isteach CRII/CRII+ agus REACT-EU ná gur dhírigh an Coimisiún agus na húdaráis bhainistíochta araon a n-aird ar chláir 2014-2020 seachas a bheith ag ullmhú do chomhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir 2021-2027. Thug na húdaráis bhainistíochta tús áite freisin d’ullmhú agus caiteachas chistí REACT-EU thar chistí 2021-2027, mar gheall ar an tréimhse ama an-ghearr don chur chun feidhme agus na dálaí níos tarraingtí a bhí i gceist leis. Chuir sé sin leis na moilleanna suntasacha a bhí ann ag tús thréimhse 2021-2027 (féach Bosca 2).

Bosca 2

Tús déanach na gclár i dtréimhse 2021-2027

Cé nach feiniméan nua atá i moilleanna ag tús clárthréimhsí15, tá moill i bhfad níos mó ar chláir an bheartais comhtháthaithe do 2021-2027 ná mar a bhí i dtréimhsí roimhe sin. Faoi dheireadh na chéad bhliana de thréimhse 2021-2027, ní raibh clár ar bith glactha – i gcomparáid le 56 % agus 95 % de na cláir ag na céimeanna céanna i dtréimhsí 2014-2020 agus 2007-2013 faoi seach. Faoi dheireadh Mheitheamh 2022, ní raibh ach 12% de na cláir a bhí beartaithe do thréimhse 2021-2027 glactha i gcúig cinn de na Ballstáit agus le haghaidh cláir idir-réigiúnacha.

Sa bhreis ar CRII/CRII+ agus REACT-EU, toisc eile a rannchuidigh leis na moilleanna ab ea a bheith an-déanach i nglacadh an phacáiste reachtaigh16.

Tá gá le hiarrachtaí breise sa chomhordú chun sruthanna éagsúla cistiúcháin a chur chun feidhme i gcomhthráth

37 Tá forluí ann idir an tréimhse incháilitheachta do thréimhse 2014-2020, lena n-áirítear cistí atá curtha i gclársceideal eile trí CRII/CRII+ agus breisiú REACT-EU, agus tréimhse 2021-2027, ach ní hamháin sin tá forluí ann freisin le tréimhse RRF, mar a léirítear i bhFíor 8.

Fíor 8 – Tréimhse incháilitheachta chláir an bheartais comhtháthaithe agus RRF

Foinse: CIE, bunaithe ar CPR 2014-2020 agus 2021-2027, Rialachán RRF, agus Rialachán REACT-EU.

38 Toisc eile a chuireann leis an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit is ea sruthanna éagsúla cistiúcháin a bheith á gcur chun feidhme ag an am céanna agus an gá atá ann iad a chomhordú.

39 Tá roinnt deacrachtaí agus dúshlán breise d’údaráis bhainistíochta cruthaithe aige sin freisin. I bhFíor 9, tugtar léiriú ar thuairimí na n-údarás bainistíochta a ndearnamar suirbhé orthu maidir le cé chomh mór a bhí an t-ualach riaracháin agus an tionchar féideartha a chonacthas dóibhsean. Tá imní ar thromlach na bhfreagróirí ar ár suirbhé faoina n-acmhainneacht riaracháin ó thaobh sruthanna iomadúla de chistiú a bhainistiú.

Fíor 9 – Deacrachtaí maidir le sruthanna éagsúla de chistiú a chomhordú faoi mar a léirítear sna freagraí ar ár suirbhé

Foinse: Suirbhé CIE.

40 Thuairiscíomar go bhfuil cosúlachtaí idir RRF agus cistí an bheartais comhtháthaithe agus go bhfágann a gcur chun feidhme ag an am céanna go gcaithfidh na Ballstáit dícheall riaracháin breise a dhéanamh, chomh maith lena chinntiú go bhfuil comhlántacht ann agus go seachnaítear aon bhaol de chistiú dúbailte17. Tá an gá le comhordú agus comhlántacht níos láidre fós idir REACT-EU agus RRF, ós rud é gur ionstraimí infheistíochta iad araon atá dírithe ar théarnamh agus athléimneacht na mBallstát a chothú. Tá raon feidhme gníomhaíochta an-leathan ag an dá cheann acu, ní theastaíonn cómhaoiniú náisiúnta lena n-aghaidh agus tá siad le caitheamh laistigh de thréimhse ghearr (deireadh 2023 agus lár 2026, faoi seach). Is féidir tionscadail a mhaoiniú go chúlghabhálach faoin dá chlár freisin, leis an tréimhse incháilitheachta ag tosú i mí Feabhra 2020. Dá bhrí sin, rinne roinnt Ballstát (amhail an Iodáil agus an tSlóivéin) a gcuid RRPanna náisiúnta a thíolacadh in éineacht lena gcláir REACT-EU.

Rinne an Coimisiún bearta chun aghaidh a thabhairt ar an riosca méadaithe go mbeadh neamhrialtachtaí ann agus calaois ag tarlú

41 D’fhonn cothromaíocht a aimsiú idir na solúbthachtaí dá bhforáiltear d’úsáid na gcistí agus an gá atá le buiséad an Aontais a choimirciú, in ainneoin brú ó roinnt Ballstát, níor bhog an Coimisiún na rialacha a bhaineann le córais bhainistíochta agus rialaithe. Maidir leis eisceacht a bhain le sampláil ag údaráis iniúchóireachta, is réiteach teicniúil a bhí ansin ar an tsaincheist phraiticiúil go bhféadfaí leanúint den obair iniúchóireachta le linn na paindéime. Tugaimid ar aire gur tharraing tuarascáil ó fhochoiste parlaiminteach sa Ríocht Aontaithe aird ar an bhfíoras seo a leanas: cé gur ghníomhaigh an rialtas go tapa chun tacaíocht ríthábhachtach a sholáthar agus gur chinn sé rialuithe áirithe a mhaolú nó a mhodhnú, gur amhlaidh gur mhéadaigh sé sin go suntasach neamhchosaint an rialtais i leith calaoise agus earráidí18.

42 Tá sé tugtha chun suntais againn cheana féin go bhféadfadh riosca méadaithe de neamhrialtachtaí agus calaois a bheith i gceist leis na solúbthachtaí a thugtar faoi bhearta éigeandála CRII/CRII+ agus REACT-EU19. Clúdófar na saincheisteanna sin mar chuid dár n-obair rialta bhliantúil ar an Ráiteas Dearbhaithe. Rinne an Coimisiún a chláir rioscaí a nuashonrú chun rioscaí a bhaineann le bearta CRII agus REACT-EU, lena n-áirítear calaois, a chur san áireamh. Chuir sé in iúl d’údaráis bhainistíochta gur gá a measúnuithe riosca calaoise a nuashonrú agus a mbearta frithchalaoise a oiriúnú i gcomhthéacs CRII/CRII+ agus REACT-EU; mhol sé freisin bearta maolaitheacha féideartha chun rioscaí a laghdú, lena n-áirítear an riosca calaoise.

Chabhraigh cúnamh tráthúil an Choimisiúin do na Ballstáit le dlús a chur le formheas na leasuithe ar na cláir

43 Rinneamar scrúdú féachaint an ndearna an cúnamh a thug an Coimisiún do na Ballstáit úsáid thráthúil CRII/CRII+ agus REACT-EU a éascú agus ar fhormheas an Coimisiún leasuithe ar na cláir i gcomhréir le ceanglais na reachtaíochta.

Bhí cúnamh an Choimisiúin tráthúil agus shásaigh sé riachtanais na mBallstát

44 Faoin mbainistíocht chomhroinnte, is ról maoirseachta atá ag an gCoimisiún, le freagrachtaí sonracha ó thaobh faireacháin agus forfheidhmithe de. Áirítear ar ghníomhaíochtaí formhaoirseachta an Choimisiúin cúnamh a chur ar fáil do na Ballstáit ó thaobh deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, cabhrú leo dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart, agus cur chun feidhme chistiú an Aontais a éascú.

45 Chuir an Coimisiún tús lena chúnamh do na Ballstáit i gcomhthráth le próiseas glactha reachtaíocht CRII. Ag an am céanna a d’fhoilsigh sé a thogra maidir le CRII, chuir an Coimisiún tascfhórsa ar bun, ag ainmniú oifigigh AE mar phointí teagmhála do cheisteanna ó na Ballstáit. D’iarr sé ansin ar na Ballstáit pointe teagmhála a cheapadh chun gníomhú mar chainéal le haghaidh ceisteanna a bhaineann le CRII ó na húdaráis bhainistíochta.

46 Cuireadh na ceisteanna sin i dtoll a chéile i mbunachar sonraí Q&A CRII, suíomh gréasáin ina bhfuil freagraí an Choimisiúin ar cheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme CRII, agus CRII+ ina dhiaidh sin, atá ar fáil do gach údarás bainistíochta 2014-2020. Cur chuige nua a bhí sa rochtain oscailte sin, ós rud é, roimh an bpaindéim, nach raibh bunachar sonraí den sórt sin ar fáil ach go hinmheánach le haghaidh comhroinnt eolais idir aonaid gheografacha agus aonaid bheartais sa Choimisiún. Bhain an Coimisiún úsáid as a thaithí le bunachar sonraí Q&A CRII chun a chur chuige a oiriúnú i leith ceisteanna a bhaineann le tréimhse 2021-2027.

47 Sheol na Ballstáit 140 ceist sa chéad dá lá tar éis oscailt an bhunachair sonraí. Faoi dheireadh mhí Aibreáin, bhí níos mó ná 400 ceist curtha, agus freagra tugtha ar 90 % díobh faoi thús mhí na Bealtaine agus ar 98 % díobh faoi dheireadh mhí Iúil. I gcodarsnacht leis sin, roimh an bpaindéim, d’fhaigheadh an Coimisiún thart ar 100 ceist gach bliain ó údaráis bhainistíochta. Chun an lear mór ceisteanna a bhainistiú, rinne an Coimisiún daoine den fhoireann a thógáil ó sheirbhísí eile le bheith ag déileáil leis an mbunachar sonraí sna chéad dá mhí. Chuir na Ballstáit go léir ceisteanna ar aghaidh chuig an mbunachar sonraí, agus bhí os cionn 50 % de na ceisteanna a cuireadh ag baint le saincheisteanna incháilitheachta agus le leasuithe ar chláir (féach Fíor 10).

Fíor 10 – Inneachar bhunachar sonraí Q&A CRII

Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí Q&A CRII an Choimisiúin Eorpaigh.

48 Sa bhreis ar na freagraí a tugadh i mbunachar sonraí Q&A CRII, lean an Coimisiún de chúnamh a chur ar fáil do na Ballstáit ar bhonn déthaobhach trína aonaid gheografacha. Ba é seo an cur chuige a úsáideadh le haghaidh REACT-EU: ós rud é nach raibh an phráinn chéanna ag baint leis seo agus a bhí le CRII/CRII+, chinn an Coimisiún gan cur chuige an bhunachair sonraí Q&A a úsáid don ionstraim sin.

49 Thugamar ar aire cheana go bhféadfaí incháilitheacht oibríochtaí áirithe a léirthuiscint ar bhealaí éagsúla20. Inár suirbhé, chuir 42 % de na freagróirí in iúl go raibh fadhb ó thaobh na héiginnteachta dlíthiúla acu a mhéid a bhain le bearta CRII/CRII+ a úsáid. Léiríonn ár suirbhé freisin, áfach, go raibh an Coimisiún éifeachtach ó thaobh cúnamh a thabhairt do na húdaráis bhainistíochta: bhí os cionn 90 % de na freagróirí sásta nó an-sásta leis an tráthúlacht agus le substaint na tacaíochta a fuair siad maidir le CRII/CRII+ agus REACT-EU.

Bhí formheas an Choimisiúin maidir le leasuithe ar CRII, CRII+ agus REACT-EU i bhfad níos tapúla ná an meán a bhí ann roimh an bpaindéim

50 Le haghaidh cur chun feidhme fhormhór na mbeart faoi CRII/CRII+ agus le haghaidh clársceidealú acmhainní breise REACT-EU, b’éigean modhnuithe a dhéanamh ar chláir 2014-2020. Cé is moite ‘d’aistrithe nach aistrithe substaintiúla iad’21, bhí iarrataí ar leasú ó na Ballstáit agus formheas ón gCoimisiún ag teastáil le haghaidh na modhnuithe sin chun a chinntiú go mbeadh na hathruithe a bhí beartaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht, le cuspóirí an chláir agus le straitéis fhoriomlán an bheartais comhtháthaithe22.

51 Faoi dheireadh 2021, bhí 351 leasú ar chláir oibríochtúla formheasta ag an gCoimisiún le haghaidh CRII/CRII+, in 271 chlár den líon iomlán de 388 a thagann faoi chistiú an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020, ós rud é go ndearnadh níos mó ná leasú amháin ar chuid de na cláir. Thug na Ballstáit go léir, cé is moite den Ostair agus don Fhionlainn, leasuithe isteach ar chláir faoi CRII/CRII+. I gcás REACT-EU, faoi dheireadh 2021, bhí 188 leasú ar chláir formheasta, agus clár oibríochtúil nua amháin cruthaithe sa Ghearmáin.

52 Faoi rialacháin CRII/CRII+, níor tugadh isteach an ceanglas go mbeadh ar an gCoimisiún leasuithe ar chláir a fhormheas níos tapúla ná laistigh den tréimhse trí mhí a fhorordaítear le CPR23. Mar sin féin, gheall an Coimisiún go gcomhoibreoidh sé leis na Ballstáit nuair a bheadh CRII/CRII+ á n-ullmhú acu agus go ndéanfadh sé iad a fhormheas mar thosaíocht. Faoi rialachán REACT-EU, tá ar an gCoimisiún a dhícheall a dhéanamh aon chlár oibríochtúil tiomnaithe nua nó aon leasú ar chlár atá ann cheana a fhormheas laistigh de 15 lá oibre tar éis do Bhallstát é a thíolacadh24.

53 Ag tús 2020, roimh an bpaindéim, bhí an Coimisiún díreach ag tosú ag comhlíonadh an spriocdháta trí mhí a bhí leagtha síos le CPR ó thaobh iarrataí ar leasú a fhormheas. I gcás CRII/CRII+ agus REACT-EU, rinne an Coimisiún iarrataí ar leasú a phróiseáil níos tapúla trí nós imeachta mear a úsáid. Seo a leanas cuid de phríomhghnéithe an nós imeachta sin: a bheith dírithe níos mó ar oibriú leis na Ballstáit chun modhnuithe atá beartaithe a shoiléiriú agus chun fadhbanna a phlé go neamhfhoirmiúil; méadú ar líon na ndaoine den fhoireann atá sannta chuig aonaid arb éasca le scrogaill a bheith iontu de ghnáth; agus comhaontuithe inmheánacha chun amanna formheasa a laghdú. Chuidigh na céimeanna sin le laghdú suntasach a dhéanamh ar an am a thóg sé ar an gCoimisiún leasuithe ar chláir a fhormheas (féach Fíor 11).

Fíor 11 – An t-am a thóg sé leasuithe ar chláir CRII/CRII+ agus REACT-EU a fhormheas (líon laethanta)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

54 Tá an meán-am d’aon mhí amháin a d’éirigh leis an gCoimisiún a bhaint amach chun leasuithe CRII/CRII+ a fhormheas go maith i gcomparáid leis an spriocdháta trí mhí atá leagtha síos sa rialachán agus i gcomparáid leis an meán-am formheasa a bhí bainte amach aige roimh an bpaindéim. Tá sé sin ag teacht freisin le gealltanas an Choimisiúin tosaíocht a thabhairt do leasuithe CRII. Ba é 19 lá oibre an meán-am chun leasú ar chláir REACT-EU a fhormheas, rud a bhí beagán níos airde ná an sprioc de 15 lá oibre.

Rinne an Coimisiún na seiceálacha ba ghá, ach ní raibh sé sin doiciméadaithe go maith i gcónaí

55 D’ullmhaigh an Coimisiún treoraíocht inmheánach don fhoireann a raibh baint acu le measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar leasuithe ar chláir. Léirigh ár n-athbhreithniú ar an bpróiseas formheasa i gcás sampla de leasuithe ar chlár CRII agus REACT-EU go ndearna foireann an Choimisiúin de réir na treoraíochta sin nuair a bhíothas ag seiceáil an raibh na hathruithe i gcomhréir leis an reachtaíocht agus an raibh údar cuí leo, agus ar chuir siad gnéithe feidhmíochta san áireamh, amhail spriocanna táscairí a choigeartú nó a shocrú de réir mar b’iomchuí.

56 Bhain an Coimisiún úsáid freisin as seicliostaí caighdeánaithe cáilíochta chun a chuid oibre formheasa a dhoiciméadú i bhformhór na gcásanna. Baineadh úsáid as seicliostaí caighdeánacha cáilíochta i 19 as na 25 leasú a ndearnamar athbhreithniú orthu. Sna sé chás nár úsáideadh na seicliostaí lena n-aghaidh nó nár úsáideadh ina n-iomláine iad, rinne an Coimisiún an obair a rinneadh a dhoiciméadú i ndoiciméid eile ar leibhéal na n-aonad geografach. Cé nach ceanglas dlíthiúil é na seicliostaí cáilíochta a úsáid, ní féidir forléargas a choimeád agus comhordú iomlán a dhéanamh mura bhfuil cur chuige caighdeánach ann i leith na doiciméadachta.

Chuir na bearta ar chumas na mBallstát cistiú suntasach breise a leithdháileadh ar chúram sláinte, ar fhostaíocht agus ar thacaíocht ghnó

57 Rinneamar scrúdú ar an úsáid a baineadh as solúbthachtaí CRII/CRII+ agus as acmhainní REACT-EU ar leibhéal an Aontais, chun a dhéanamh amach cé chomh mór agus a chuir siad ar chumas na mBallstát acmhainní a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19.

Rinne na Ballstáit 10 % de chistiú an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 a atreorú mar thoradh ar CRII/CRII+

58 Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí €35 bhilliún aistrithe ag na Ballstáit idir réimsí infheistíochta agus laistigh de réimsí infheistíochta25. Is ionann sin agus 10 % den leithdháileadh iomlán de chistiú an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 – ar sciar suntasach é sin i bhfianaise gur tharla an phaindéim sa seachtú bliain den tréimhse incháilitheachta.

59 Tá éagsúlacht as cuimse i méid na n-aistrithe ó Bhallstát go chéile. Sin mar gheall ar roinnt tosca, lena n-áirítear beartais náisiúnta agus straitéisí infheistíochta na mBallstát, leithdháileadh iomlán an chistithe faoin mbeartas comhtháthaithe, agus an méid a bhí fós ar fáil. Ar an iomlán, rinne 74 % de chláir 2014-2020 aistrithe CRII/CRII+. D’aistrigh 11 Bhallstát níos mó ná 10 % dá leithdháileadh do thréimhse 2014-2020 idir réimsí infheistíochta nó laistigh de réimsí infheistíochta, agus d’aistrigh Éire 30 %.

60 D’úsáid na Ballstáit bearta CRII/CRII+ chun cistiú a atreorú i dtreo infheistíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na paindéime. I gcomparáid leis an leithdháileadh a bhí ann roimh an bpaindéim, tháinig méadú 80 % (€7.7 billiún) ar mhaoiniú i dtreo infheistíochtaí cúraim sláinte agus méadú 16 % (€5.7 billiún) ar infheistíochtaí i dtreo tacaíocht ghnó. Os a choinne sin, tháinig laghdú 5 % go 8 % ar mhaoiniú i dtreo infheistíochtaí in TFC, fuinneamh agus an comhshaol, cuimsiú, agus taighde agus nuálaíocht (thart ar €8.1 billiún nuair a thógtar le chéile iad). I bhFíor 12, taispeántar na glanmhéaduithe agus na glanlaghduithe sa mhaoiniú i réimsí infheistíochta ó mhí Feabhra 2020 i leith.

Fíor 12 – CRII/CRII+: ath-leithdháileadh ar chistiú idir réimsí infheistíochta

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

61 Aistríodh an cistiú ó CC go dtí CFRE agus CSE, agus freisin go dtí réigiúin níos forbartha agus réigiúin trasdula. In 2020, d’aistrigh dhá thrian de na Ballstáit (18 as 28) leithdháiltí idir CFRE, CSE agus CC. D’aistrigh cuid de na Ballstáit (amhail an Chipir, an Ghréig agus an Chróit) an leithdháileadh ar fad, nó beagnach an t-iomlán, a bhí acu faoi CC do 2020. Mar thoradh ar na haistrithe sin, tháinig méadú de thart ar €1.1 billiún (3 %) agus €0.7 billiún (5 %), faoi seach, ar leithdháileadh 2020 chuig CFRE agus CSE i nglantéarmaí, agus tháinig laghdú thart ar €1.8 billiún (18 %) ar an CC dá réir (féach Fíor 13).

Fíor 13 — Aistrithe idir CFRE, CSE agus CC

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

62 I dtréimhse 2014-2020, bhí níos mó ná aon chatagóir réigiúin amháin ag 16 Bhallstát. Rinne thart ar 80 % díobh sin (13 as na 16) aistrithe idir catagóirí réigiúin26. D’aistrigh cuid de na Ballstáit (amhail an Ghréig, an Ungáir agus an Iodáil) méideanna suntasacha ó réigiúin bheagfhorbartha chuig réigiúin níos forbartha nó chuig réigiúin trasdula. Ar an iomlán, tháinig méadú €1.7 billiún agus €82 mhilliún, faoi seach, ar leithdháiltí ar réigiúin níos forbartha agus ar réigiúin trasdula, ach tháinig laghdú de bheagán, i.e. €5.6 milliún, ar leithdháiltí chuig réigiúin bheagfhorbartha agus tháinig an chuid eile de na cistí ó CC, a thugann tacaíocht do Bhallstáit nach bhfuil chomh saibhir céanna.

63 Fuaireamar, mar thoradh ar na solúbthachtaí ó thaobh acmhainní a atreorú, go ndearna na Ballstáit coigeartuithe suntasacha i leithdháileadh a gcistí comhtháthaithe idir réimsí infheistíochta, cistí agus catagóirí réigiún. Go sonrach, mar thoradh ar tharscaoileadh an cheanglais maidir le díriú téamach, bhí sé níos éasca ag na Ballstáit cistiú a bhogadh idir oibríochtaí. Sa bhreis air sin, bhí na Ballstáit in ann tairbhiú d’incháilitheacht leathnaithe na n-oibríochtaí – rud a chothaigh acmhainneachtaí chun freagairt don ghéarchéim, lena n-áirítear le haghaidh tionscadail a bhí curtha i gcrích cheana féin. Thuairiscigh na freagróirí go léir ar ár suirbhé gur mheas siad go raibh na solúbthachtaí don chlársceideal faoi CRII/CRII+ úsáideach (37 %) nó an-úsáideach (63 %).

Tá na clársceidil faoi REACT-EU dírithe den chuid is mó ar fhostaíocht, ar chúram sláinte agus ar thacaíocht ghnó, ar bhealach cosúil go leor le hath-leithdháiltí faoi CRII/CRII+

64 Is é an 31 Nollaig 2023 deireadh na tréimhse incháilitheachta le haghaidh REACT-EU, agus is é sin an dáta céanna do dheireadh thréimhse 2014-2020 le haghaidh cistiú an bheartais comhtháthaithe. Cuireann sé sin teorainn lena mhéid atá na Ballstáit in ann an cistiú sin a úsáid le haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha a bhfuil níos mó ama ag teastáil chun iad a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Faoin 30 Meitheamh 2022, bhí €43.5 billiún (86 %) d’acmhainní REACT-EU luaite le clársceidil ag na Ballstáit faoi chláir oibríochtúla CFRE agus CSE, le deighilt 64 % agus 36 % ann idir an dá chiste faoi seach. Bhí sé sin mórán ag teacht leis an deighilt 70 % agus 30 %, faoi seach, i dtréimhse 2014-2020.

65 Rinneadh méid suntasach d’acmhainní REACT-EU a chlársceidealú i dtreo na fostaíochta (23 %), an chúraim sláinte (18 %) agus na tacaíochta gnó (18 %) (féach Fíor 14). Maidir leis an gcistiú a bhí curtha i dtreo tacaíocht ghnó, chuaigh cuid shuntasach (trí cheathrú) de sin chuig infheistíochtaí táirgiúla cineálacha amhail caipiteal oibre, cé nach raibh i gceist leis sin ach leath den réimse infheistíochta sin roimh an bpaindéim. Ar an iomlán, thugamar faoi deara go raibh éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis an gcaoi a ndearnadh na hacmhainní a chlársceidealú. Thogair cuid de na Ballstáit a leithdháileadh REACT-EU a dhíriú go príomha ar réimse infheistíochta amháin, ach rinne Ballstáit eile a n-acmhainní REACT-EU a chlársceidealú ar fud réimsí infheistíochta éagsúla.

Fíor 14 – REACT-EU: cistiú breise de réir réimse infheistíochta

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

66 Bhí an t-ionchas i rialachán REACT-EU27 go rannchuideodh REACT-EU 25 % dá imchlúdach airgeadais foriomlán le cuspóirí aeráide, cé nach ceanglas dlíthiúil a bhí ansin. Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022, áfach, ní raibh ach thart ar 15 % (€6.6 billiún) d’acmhainní REACT-EU a bhí clársceidealaithe leithdháilte ar infheistíochtaí a mheastar a rannchuideoidh le cuspóirí aeráide. Is 21.6 % agus 3.5 %, faoi seach, atá sa rannchuidiú le cuspóirí aeráide ó acmhainní REACT-EU atá tiomnaithe do clársceidil faoi CFRE agus CSE. Measaimid nach dócha go gcomhlíonfar an t-ionchas de 25 %, ós rud é go raibh 86 % d’acmhainní REACT-EU tiomnaithe do chlársceidil cheana féin faoi mhí an Mheithimh 2022.

Mar thoradh ar an tsolúbthacht a chuir CRII+ ar fáil, sábháladh beagnach €13 bhilliún do bhuiséid náisiúnta, ach d’fhág sé sin gur lú de chistiú foriomlán a bhí ann d’infheistíochtaí faoin mbeartas comhtháthaithe

67 Don bhliain chuntasaíochta dar chríoch an 30 Meitheamh 2021, bhain 18 mBallstát buntáiste as solúbthachtaí CRII/CRII+ chun an ráta cómhaoinithe a mhéadú go dtí 100 % i gcás beagnach leath de chláir 2014-2020. Bunaithe ar ríomhanna an Choimisiúin, d’fhág sé sin go bhféadfadh na Ballstáit sin €12.9 billiún breise de chistiú ón Aontas a éileamh, anuas ar a gcómhaoiniú rialta. Seasann sé sin do 11 % de na híocaíochtaí a éilíodh in 2020 agus 2021, nó 3.6 % den leithdháileadh foriomlán de chistiú an bheartais comhtháthaithe. I gcás cuid de na Ballstáit, bhí an tionchar suntasach (féach Bosca 3).

Bosca 3

Coigiltis i mbuiséid náisiúnta mar thoradh ar chómhaoiniú 100 % ón Aontas a soláthraíodh trí CRII+

D’éiligh Éire €230 milliún breise, arb ionann é sin agus níos mó ná an cúigiú cuid (22.5 %) dá leithdháileadh iomlán do thréimhse 2014-2020 agus beagnach 40 % dá maoiniú nach raibh caite ag deireadh 2019.

D’éiligh an Iodáil agus an Spáinn €3.4 billiún agus €2.7 billiún breise, faoi seach, do gach aon tír; sin thart ar 10 % agus 9 % dá leithdháileadh do 2014-2020, agus 14 % agus 13 % dá maoiniú nach raibh caite ag deireadh 2019.

68 Maidir le hacmhainní REACT-EU, d’fhéadfadh na Ballstáit ráta cómhaoinithe suas le 100 % a roghnú. D’úsáid na Ballstáit go léir, cé is moite den Laitvia, ráta cómhaoinithe níos airde le haghaidh acmhainní REACT-EU i gcomparáid lena meánráta cómhaoinithe i dtréimhse 2014-2020. Ar an iomlán, mhéadaigh an ráta cómhaoinithe ó 74 % go 95 %28. Roghnaigh dhá thrian (18 as 27) de na Ballstáit ráta cómhaoinithe sa raon 98 % go 100 % (féach Fíor 15).

Fíor 15 – Meánráta cómhaoinithe: REACT-EU i gcomparáid le gnáth-thréimhse 2014-2020

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

69 Chuidigh an ráta méadaithe cómhaoinithe ón Aontas leis an ualach ar bhuiséid náisiúnta a laghdú. Ar an lámh eile, d’fhág sé sin gur lú an cistiú foriomlán a bhí ar fáil d’infheistíochtaí sa bheartas comhtháthaithe, mar gur lú an cómhaoiniú náisiúnta agus príobháideach ar an iomlán a mheallann an leithdháileadh céanna de chistiú ón Aontas. Tá an baol ann freisin, le leibhéil níos ísle de chómhaoiniú náisiúnta, gur lú dreasacht atá ann do na húdaráis sna Ballstáit díriú isteach ar fheidhmíocht.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na mbeart, ach beidh sé deacair sonraí táscairí a chomhiomlánú ar bhealach a thabharfaidh léiriú ciallmhar

70 Rinneamar scrúdú ar chóras faireacháin an Choimisiúin le haghaidh CRII/CRII+ agus REACT-EU agus ar na pleananna atá aige meastóireacht a dhéanamh ar an bhfreagairt ar an bpaindéim trí na bearta sin. Rinneamar meastóireacht féachaint an mbeidh an Coimisiún in ann geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi thionchar na mbeart.

Le córas faireacháin an Choimisiúin, is féidir rianú ar leithligh a dhéanamh ar bhearta REACT-EU, ach ní féidir é sin a dhéanamh i gcás bhearta CRII/CRII+

71 Ní dhéanann córas faireacháin an Choimisiúin dealú idir caiteachas a bhaineann le bearta CRII/CRII+ agus caiteachas eile. Tá aghaidh tugtha cheana againn ar an ngá atá ann go gcuirfeadh an Coimisiún tuairisciú cuimsitheach ar fáil maidir le caiteachas a bhaineann le paindéim COVID-1929. Bhí an Coimisiún den tuairim gur dócha go mbeadh beagnach gach aistriú idir réimsí infheistíochta agus laistigh de réimsí infheistíochta (féach míreanna 58 agus 60) agus idir cistí agus catagóirí réigiúin (féach míreanna 61-62) ó mhí Feabhra 2020 ar aghaidh bainteach leis an bpaindéim, agus dá bhrí sin go mbeidís inchurtha i leith bhearta CRII/CRII+.

72 I gcodarsnacht leis sin, thug rialachán REACT-EU30 cuspóir téamach trasearnála tiomnaithe isteach le haghaidh na n-acmhainní breise. Cuireann sé sin ar chumas an Choimisiúin dealú a dhéanamh idir oibríochtaí REACT-EU agus oibríochtaí eile, rud a éascaíonn faireachán agus meastóireacht.

Rinne an Coimisiún táscairí COVID-19 a leagan síos, cé nár thug sé sainmhínithe ina leith agus níl a n-úsáid éigeantach

73 Ní raibh aon athruithe foirmiúla ar chreat agus córais faireacháin an bheartais comhtháthaithe ann mar thoradh ar rialacháin CRII/CRII+ agus REACT-EU. Tá na cóid idirghabhála atá ann cheana agus a úsáidtear chun ábhar na ngníomhaíochtaí a shainaithint leathan agus níl siad deartha chun caiteachas a bhaineann leis an bpaindéim a shainaithint.

74 I mí na Bealtaine 2020, sé seachtaine tar éis rialachán CRII a ghlacadh, d’fhoilsigh an Coimisiún sraith de 27 dtáscaire neamhéigeantacha COVID-1931 arb é is aidhm dóibh ná níos mó trédhearcachta agus cuntasachta a sholáthar maidir le húsáid chistiú an bheartais comhtháthaithe i ndáil le cúram sláinte, tacaíocht ghnó agus oibríochtaí CSE. I mí Feabhra 2021, cuireadh cúig tháscaire eile leis a bhaineann le tacaíocht an Aontais do vacsaíniú in aghaidh COVID-19. Déanann na 32 tháscaire seo faireachán ar ionchuir, ar aschuir agus, i gcás oibríochtaí CSE, ar thorthaí. Ar aon dul le tréimhse 2014-2020, níor mhol an Coimisiún táscairí toraidh d’oibríochtaí CFRE ach d’fhéadfadh na Ballstáit a gcuid féin a fhorbairt (féach mír 77). Thugamar cuntas roimhe seo ar easnaimh a bhaineann le táscairí toraidh CFRE i dtréimhse 2014-2020 agus na dúshláin a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar thionchair idirghabhálacha CFRE32.

75 Thogair an Coimisiún gan na táscairí a dhéanamh éigeantach, mar dá ndéanfadh sé amhlaidh chuirfeadh sé fad leis an bpróiseas glactha agus bheadh moill ar iad a bheith á ngabháil isteach ag na Ballstáit. Luadh i rialachán REACT-EU gur cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, táscairí clár-shonracha COVID-19 – atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún – a úsáid33. D’fhéadfadh na Ballstáit na táscairí sin a áireamh ina gcláir ar bhonn deonach, agus faireachán agus tuairisciú a dhéanamh orthu tríd an gcóras faireacháin atá cheana ann.

76 Níor shocraigh an Coimisiún sainmhínithe coiteanna ar tháscairí – arís d’fhonn na rialacháin a chur i bhfeidhm chomh tapa agus ab fhéidir – rud a d’fhág faoi na Ballstáit féin é iad sin a chinneadh. I staidéar ón gCoimisiún, a bhí teoranta d’oibríochtaí CSE, thángthas ar an gconclúid nach raibh forléargas iomlán ar shainmhínithe táscairí ann agus nár úsáideadh táscairí áirithe go comhsheasmhach ar fud na mBallstát34. Mar thoradh air sin, beidh sé deacair ar an gCoimisiún sonraí a chomhiomlánú go hiomlán ar leibhéal an Aontais ar bhealach comhleanúnach.

77 Níl gach oibríocht incháilithe clúdaithe ag táscairí an Choimisiúin. Bhí sé de rogha ag na Ballstáit freisin a dtáscairí clárshonracha féin a fhorbairt le haghaidh oibríochtaí a bhaineann leis an bpaindéim. Mhol an Coimisiún dóibh na táscairí sin a ionchódú ionas go bhféadfaí iad a shainaithint go héasca ar an leibhéal náisiúnta agus chun go gcuideoidís leis an meastóireacht. Ós rud é go bhfuil na táscairí sin sonrach do chlár oibríochtúil nó do Bhallstát ar leith, áfach, ní féidir iad a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais.

78 Bhí freagróirí an tsuirbhé dearfach maidir le táscairí an Choimisiúin, agus thuairiscigh trí cheathrú dár bhfreagróirí ar an suirbhé go raibh táscairí an Choimisiúin ábhartha do na cineálacha oibríochtaí a mhaoinítear, agus dúirt dhá thrian go raibh siad ábhartha do mheasúnú foriomlán. Fuaireamar, as na táscairí ar fad a d’úsáid na Ballstáit, gurbh iad táscairí an Choimisiúin a bhí i mbeagnach 80 % díobh. I ndáil le CRII/CRII+, d’úsáid 25 as 28 mBallstát agus 65 % de na cláir oibríochtúla a rinne aistrithe CRII/CRII+ táscairí an Choimisiúin. Ar an gcaoi chéanna, i gcás REACT-EU, d’úsáid 26 as 27 mBallstát agus 76 % de na cláir oibríochtúla a raibh acmhainní REACT-EU ina gclársceideal táscairí an Choimisiúin. D’fhéadfadh an úsáid fhorleathan a bhaintear as a tháscairí cabhrú leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar úsáideadh cistiú an bheartais comhtháthaithe, lena n-áirítear ó acmhainní REACT-EU, i gcomhthéacs na paindéime.

79 Thuairiscigh an Coimisiún ar chur chun feidhme bhearta CRII/CRII+ agus chlársceideal REACT-EU go sonrach trí shuíomhanna gréasáin poiblí tiomnaithe: Deais an Choróinvíris, Deais REACT-EU agus Forléargas ar Tháscairí an Choróinvíris don Bheartas Comhtháthaithe. Cuireadh na suíomhanna gréasáin sin ar bun a luaithe a bhí dóthain sonraí le tuairisciú, agus déantar iad a nuashonrú go rialta. Ag an am a raibh ár n-iniúchóireacht ar siúl againn, bhain na sonraí cur chun feidhme ba dhéanaí le deireadh 2020 agus, ag an am sin, bhí sé róluath ag na Ballstáit faisnéis fhónta a chur ar fáil maidir leis an gcur chun feidhme.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún CRII/CRII+ agus REACT-EU araon a chlúdach ina mheastóireacht ex post do thréimhse 2024-2020

80 Tá sé de cheangal ar an gCoimisiún meastóireacht ex post a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht chistí an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 faoin 31 Nollaig 202435. I gcás CRII/CRII+, níl aon fhoráil shainráite sna rialacháin maidir le meastóireacht thiomnaithe a dhéanamh, ach le rialachán REACT-EU ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh faoin 31 Márta 202536.

81 Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a fhreagairt ar an bpaindéim, a chlúdóidh CRII/CRII+ agus REACT-EU araon, mar chuid dá mheastóireacht ex post ar thréimhse 2014-2020 faoi dheireadh 2024. I dtuarascáil roimhe seo, thugamar aghaidh freisin ar an ngá atá ann an beartas comhtháthaithe agus meastóireachtaí RRF a nascadh37.

Úsáideadh an beartas comhtháthaithe go minic chun freagairt do ghéarchéimeanna, ach níl anailís déanta ag an gCoimisiún ar an tionchar ar a chuspóirí fadtéarmacha

82 Rinneamar athbhreithniú ar an tionchar a bhí ag CRII/CRII+ ar thograí reachtacha an Choimisiúin do thréimhse 2021-2027, agus an ndearna an Coimisiún anailís ar an tionchar a bheadh ag leanúint d’úsáid an bheartais comhtháthaithe chun freagairt do ghéarchéimeanna ar a chuspóirí fadtéarmacha.

83 I mí na Bealtaine 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún leasuithe ar a thograí reachtacha maidir leis an mbeartas comhtháthaithe do 2021-2027 chun solúbthacht bhreise a cheadú ag tráth géarchéime. Tugann foráil amháin den sórt sin, a glacadh níos déanaí, de chumhacht don Choimisiún leas a bhaint as bearta sealadacha sainithe áirithe nuair a bhíonn cistí an bheartais comhtháthaithe á n-úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha, de mheon an mhéid a rinneadh faoi CRII/CRII+ (féach Bosca 4).

Bosca 4

Modhnuithe ar phacáiste reachtach an bheartais chomhtháthaithe do 2021-2027 a glacadh i mí an Mheithimh 2021

Leis na hathruithe ar rialacha bheartas comhtháthaithe 2021-2027, foráiltear, i measc nithe eile, do bhreis solúbthachta chun cistí a aistriú idir CFRE, CSE+ agus CC, agus tá scóip níos mó ann oibríochtaí a chéimniú idir clárthréimhsí chun moilleanna féideartha a bhaineann le géarchéim a chur san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún freagairt do chásanna eisceachtúla trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta a chur i bhfeidhm amhail cómhaoiniú a mhéadú 10 bpointe céatadáin agus roghnú siarghabhálach na dtionscadal a cuireadh i gcrích a cheadú ar feadh uastréimhse 18 mí38.

Is féidir na bearta sin a agairt nuair a aithníonn an Chomhairle gur tharla teagmhas eacnamaíoch díobhálach gan choinne a bhfuil mórthionchar airgeadais aige. Is é is réasúnaíocht dóibh ná acmhainneacht an Aontais a neartú chun freagairt do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo trí bhíthin an bheartais comhtháthaithe trína chur ar chumas an Choimisiúin freagairt níos tapúla trí ghníomh simplí cur chun feidhme a ghlacadh nach gá do na comhreachtóirí é a fhormheas, murab ionann agus leasú ar rialachán.

84 Ní feiniméan nua é rialacha an bheartais comhtháthaithe a úsáid chun cabhrú leis na Ballstáit le linn géarchéimeanna (féach Fíor 16). Amhail i mí Dheireadh Fómhair 2022, as na 26 mhodhnú a rinneadh ar CPR do thréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020, bhí níos mó ná a leath (15) nasctha le géarchéim. Is de dhroim REACT-EU a rinneadh, den chéad uair, cistiú an bheartais comhtháthaithe a mhéadú mar fhreagairt ar ghéarchéim, rud a léiríonn cé chomh mór a bhí an cur isteach ar an ngeilleagar agus a léiríonn freisin an fhíric gur thosaigh paindéim COVID-19 ag deireadh thréimhse 2014-2020, nuair a bhí na cistí a bhí fós ar fáil teoranta. Mar sin féin, ní dhearnadh aon mheastóireachtaí fócasaithe ex post ná aon mheasúnuithe foirmiúla ar úsáid an bheartais chomhtháthaithe mar uirlis freagartha géarchéime.

Fíor 16 – Freagairt an Bheartais Comhtháthaithe ar ghéarchéimeanna i dtréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

85 Is é is príomhaidhm don bheartas comhtháthaithe ná forbairt réigiúnach fhadtéarmach a dhéanamh agus, faoi mar a leagtar amach sa Chonradh39, an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú chomh maith leis na héagothromaíochtaí idir réigiúin na hEorpa a laghdú. Eascraíonn a tarraingteacht mar uirlis ghearrthéarmach chun freagairt do ghéarchéim as an bhfíric gur féidir í a oiriúnú agus go bhfuil méid suntasach acmhainní airgeadais i gceist. Tá an Coimisiún in ann rialacha an bheartais comhtháthaithe a bhogadh chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as an gcistiú atá ar fáil, rud a laghdódh an brú ar acmhainní náisiúnta. Cuid de na modhnuithe a tugadh isteach mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna roimhe seo, tá siad anois ina ngnéithe rialta den bheartas comhtháthaithe, rud atá ag teacht le cuspóirí ginearálta an Choimisiúin go mbeadh níos mó solúbthachta agus simpliúcháin ann. Mar thoradh air sin, tá an baol ann go bhféadfadh úsáid mhinic an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna tionchar a imirt ar an bpríomhsprioc straitéiseach atá ag an mbeartas sin i.e. comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta idir réigiúin Eorpacha a neartú.

Conclúidí agus moltaí

86 Thángamar ar an gconclúid, tríd is tríd, gur chuir an Coimisiún rialacha an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020 in oiriúint go maith ionas go bhféadfadh na Ballstáit úsáid níos solúbtha a bhaint as cistí an bheartais comhtháthaithe. Mar gheall ar na solúbthachtaí atá ar fáil trí CRII/CRII+, chomh maith leis an gcistiú breise a chuirtear ar fáil trí REACT-EU, rinneadh ath-leithdháileadh suntasach ar chistiú chuig cúram sláinte, tacaíocht ghnó agus fostaíocht chun freagairt do phaindéim COVID-19. Mar sin féin, cuireann REACT-EU – in éineacht le cistiú breise faoi RRF – freisin leis na deacrachtaí a bhíonn ag cuid de na Ballstáit ó thaobh cistí ón Aontas a chaitheamh. Thairis sin, níl anailís déanta ag an gCoimisiún ar an tionchar atá ag leanúint d’úsáid chistiú an bheartais comhtháthaithe mar uirlis bhuiséadach chun freagairt do ghéarchéimeanna.

87 D’fhreagair an tAontas go pras don ghéarchéim tríd an mbeartas comhtháthaithe á úsáid chun cabhrú leis na Ballstáit. Laistigh de dhá mhí ó bhí an chéad ráig mhór den phaindéim san Eoraip, ghlac an tAontas bearta reachtacha chun cistí nach raibh caite a shlógadh trí CRII/CRII+. Laistigh d’aon bhliain amháin, ghlac sé REACT-EU, lena gcuirtear acmhainní breise ar fáil do na Ballstáit (míreanna 15-21).

88 Leis na hoiriúnuithe spriocdhírithe ar chistiú an bheartais comhtháthaithe trí CRII agus CRII+, cuireadh leachtacht, solúbthacht chun cistí a aistriú agus simpliúcháin riaracháin ar fáil chun go mbeadh sé níos éasca úsáid a bhaint as cistí nach raibh caite agus ar an gcaoi sin an t-ualach ar bhuiséid phoiblí náisiúnta a mhaolú. D’fhág na bearta go raibh roinnt príomhghnéithe éigeantacha de chistiú an bheartais chomhtháthaithe, lena n-áirítear cómhaoiniú éigeantach agus a fhócas ar réigiúin bheagfhorbartha, nach raibh i gceist a thuilleadh do 2020. I gcodarsnacht leis sin, thug REACT-EU €50.4 billiún breise isteach do chláir 2014-2020, agus bhí méid mór dá lánrogha féin ag na Ballstáit maidir le cá ndéanfaidís na cistí sin a leithdháileadh. Is é atá mar éifeacht aige sin ná go gcruthaíonn sé ‘cistiú idirthréimhseach’ idir tréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027 (míreanna 22-27).

89 Choinnigh CRII/CRII+ caiteachas faoi bheartas comhtháthaithe 2014-2020 ar an mbóthar ceart tráth a raibh paindéim COVID-19 ag cur isteach go mór ar ghníomhaíocht eacnamaíoch rialta. Mar sin féin, is dócha go gcuirfidh na hacmhainní nua suntasacha a thug REACT-EU isteach – a chaithfear a chur chun feidhme laistigh de thréimhse ghearr ama – leis an mbrú ar chumas na mBallstát an t-airgead a chaitheamh agus a chinntiú go bhfaightear luach maith ar airgead as oibríochtaí a fhaigheann cistiú ón Aontas. Na hathruithe sin ar an gcreat dlíthiúil agus an obair sa chlársceideal a d’éirigh astu, chuir siad freisin le hualach oibre riaracháin na n-údarás bainistíochta. Rannchuidigh sé sin, ina shea, le moilleanna ar thús chláir 2021-2027 (míreanna 28-42).

90 Chuir an Coimisiún cúnamh tráthúil agus oiriúnach ar fáil do na Ballstáit le haghaidh CRII/CRII+ agus REACT-EU. Laghdaigh sé go suntasach an méid ama a thóg sé leasuithe ar chláir a phróiseáil agus a fhormheas, ó thrí mhí ar an meán roimh an bpaindéim go mí amháin i gcás CRII/CRII+ agus go 19 lá oibre i gcás REACT-EU, cé go raibh an tréimhse do REACT-EU díreach os cionn na sprice atá luaite sa rialachán (míreanna 44-56).

91 Fuaireamar amach go raibh gluaiseacht shuntasach cistí ann mar thoradh ar sholúbthachtaí in aistrithe CRII/CRII+: d’aistrigh na Ballstáit 10 % de chistiú an bheartais comhtháthaithe idir réimsí infheistíochta agus laistigh díobh; is méid mór é sin go háirithe nuair a smaoinítear gur bhuail an phaindéim gar do dheireadh na clárthréimhse. Aistríodh maoiniú go príomha i dtreo cúram sláinte agus tacaíocht do ghnólachtaí; in éineacht leis an bhfostaíocht, is iad sin na príomhréimsí ar a bhfuil cistiú REACT-EU dírithe. I gcás CRII/CRII+, aistríodh an maoiniú go príomha ó fhuinneamh agus comhshaol agus ó thaighde agus nuálaíocht. Tugaimid ar aire nach dócha go gcomhlíonfar an t-ionchas atá sa rialachán go leithdháilfear 25 % de na hacmhainní nua i dtreo cuspóirí aeráide a bhaint amach. I dteannta sholúbthachtaí an aistrithe, d’fhág an úsáid a baineadh as an mbeart go mbeadh cómhaoiniú 100 % ag teacht ón Aontas go raibh beagnach €13 bhilliún de choigiltis ann do bhuiséid náisiúnta, cé go gciallaíonn sé sin gur lú an maoiniú ar an iomlán atá ann le haghaidh infheistíochtaí sa bheartas comhtháthaithe (míreanna 58-69).

92 Le córas faireacháin an Choimisiúin, is féidir rianú ar leithligh a dhéanamh ar bhearta REACT-EU, ós rud é go bhfuil cistiú breise i gceist leo. I gcomparáid leis sin, ní féidir faireachán ar leithligh a dhéanamh ar thorthaí bhearta CRII/CRII+, ar nós na mbeart a bhaineann le leasú ar aon chlár eile. Ina mheasúnuithe ar an bhfreagairt don ghéarchéim trí CRII/CRII+ agus REACT-EU, is féidir leis an gCoimisiún tarraingt ar thacar táscairí sonracha COVID-19. Thogair an Coimisiún táscairí neamhéigeantacha COVID-19 a thabhairt isteach, gan sainmhínithe coiteanna, ionas go mbeidís ar fáil go tapa. Mar thoradh air sin, tá baol ann go mbeidh sé deacair na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit don Choimisiún a chomhiomlánú ar bhealach fónta (míreanna 71-79).

93 Tabharfar an méid a baineadh amach le cláir 2014-2020 le chéile sa mheastóireacht ex post atá ar an gCoimisiún a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2024. Is díol sásaimh dúinn go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún CRII/CRII+ agus REACT-EU araon a chlúdach ina mheastóireacht ex post ar thréimhse 2014-2020, cé nach bhfuil aon cheanglas ann meastóireacht ar leith a dhéanamh ar CRII/CRII+ (míreanna 80-81).

94 Cé gur minic a úsáideadh an beartas comhtháthaithe chun freagairtí gearrthéarmacha ar ghéarchéimeanna a chur ar fáil, ní dhearnadh aon mheasúnú foirmiúil ar thionchar fadtéarmach na húsáide sin. A bhuí le rialacha nua do bheartas comhtháthaithe 2021-2027, beidh sé níos éasca cistí an bheartais comhtháthaithe a úsáid chun freagairt d’imeachtaí gan choinne. Mar thoradh air sin, tá an baol ann go bhféadfadh úsáid mhinic an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna tionchar a imirt ar an bpríomhsprioc straitéiseach atá ag an mbeartas sin i.e. comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta idir réigiúin Eorpacha a neartú (míreanna 83-85).

Moladh 1 – Anailís a dhéanamh ar oiriúnacht an bheartais chomhtháthaithe mar uirlis bhuiséadach freagartha ghéarchéime

I gcomhthéacs na meastóireachta ex post ar thréimhse 2014-2020, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh lena fháil amach cén tionchar atá ag úsáid a bhaint as an mbeartas mar uirlis ghearrthéarmach bhuiséadach freagartha géarchéime ar chuspóirí fadtéarmacha an bheartais d’fhonn go bhfónfadh an anailís sin mar bhonn eolais le haghaidh tograí beartais amach anseo.

Spriocdháta cur chun feidhme: Faoi dheireadh 2024

Moladh 2 – Dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ionsú REACT-EU chun tacaíocht a chur ar fáil, agus ag díriú ar thorthaí nuair is gá

Ós rud é go dtugann REACT-EU méid suntasach acmhainní isteach atá le húsáid i dtréimhse ama sách gearr agus go bhfuil forluí ann le cur chun feidhme RRF, ba cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn ionsú REACT-EU chun cláir a bhfuil deacrachtaí caiteachais acu a shainaithint. Ba cheart dó tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar ionas go rannchuideoidh na hoibríochtaí cómhaoinithe go héifeachtach le baint amach na gcuspóirí agus na spriocanna feidhmíochta.

Spriocdháta cur chun feidhme: Láithreach

Ghlac Seomra III, faoi cheannas Annemie Turtelboom, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag cruinniú a bhí aige an 7 Nollaig 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
Uachtarán

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I — Príomhghnéithe agus réasúnaíocht bhearta CRII/CRII+ agus REACT-EU

CRII/CRII+

Thug CRII agus CRII+ modhnuithe spriocdhírithe ar rialacha bheartas comhtháthaithe 2014-2020 isteach ionas go mbeadh sé níos éasca úsáid a bhaint as cistí nach raibh caite agus chun an t-ualach ar bhuiséid phoiblí náisiúnta a laghdú. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhbhearta mar seo a leanas:

Bearta leachtachta. Chuir CRII ar chumas na n-údarás bainistíochta €7.6 billiún de réamh-mhaoiniú 2019 a choinneáil sa mhéid nach ndearnadh é a ghnóthú in 2020. Chuaigh CRII+ níos faide chun an brú ar bhuiséid phoiblí náisiúnta a mhaolú tríd an gcómhaoiniú náisiúnta éigeantach a bhogadh ar feadh bliana cuntasaíochta, cé gur príomhphrionsabal airgeadais den bheartas comhtháthaithe é sin. In 2022, rinneadh an fhoráil sin de chómhaoiniú 100 % ón Aontas a fhadú ar feadh bliain chuntasaíochta eile ag éirí as géarchéim na hÚcráine40.

Fíor 17 – Méid an réamh-mhaoinithe nár gnóthaíodh in 2020 (milliún euro)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

Solúbthacht le haghaidh aistrithe. Chuir CRII/CRII+ solúbthacht shuntasach ar fáil d’údaráis bhainistíochta ó thaobh na hacmhainní a bhí ar fáil don chlársceideal in 2020 a ath-leithdháileadh. Bhog siad go mór na rialacha maidir le haistrithe idir cistí an bheartais comhtháthaithe agus idir catagóirí réigiúin, agus thug siad díolúine freisin ó cheanglais maidir le díriú téamach. Dá réir sin, d’fhág na bearta sin go raibh roinnt príomhghnéithe éigeantacha de chistiú an bheartais chomhtháthaithe, lena n-áirítear a fhócas ar réigiúin bheagfhorbartha, ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus ar chuspóirí téamacha amhail an geilleagar ísealcharbóin, nach raibh i bhfeidhm a thuilleadh do 2020.

Incháilitheacht mhéadaithe. Chun úsáid na gcistí AE atá ar fáil a éascú, leathnaíodh incháilitheacht na n-oibríochtaí is féidir a mhaoiniú le cistí an bheartais comhtháthaithe chun go gclúdóidís oibríochtaí cúraim sláinte i gcuspóir téamach breise CFRE agus caipiteal oibre do FBManna. Sa bhreis air sin, is féidir oibríochtaí a mhaoiniú go cúlghabhálach siar go dtí an 1 Feabhra 2020, fiú má tá siad lánchríochnaithe, ar choinníoll go raibh siad deartha chun acmhainneachtaí freagartha géarchéime a chothú i gcomhthéacs ráig COVID-19. Ní thugtar aon mhionsonraí sa rialachán, áfach, faoi na cineálacha oibríochtaí atá i gceist leis sin. D’fhéadfadh sé sin éiginnteacht dhlíthiúil a chruthú d’údaráis bhainistíochta nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le léirthuiscintí éagsúla ar oibríochtaí incháilithe.

Simpliú riaracháin. Rinneadh bearta simpliúcháin a dhearadh chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme agus chun an t-ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta a íoslaghdú, cé go raibh leasuithe ar na cláir ag teastáil chun cuid de na solúbthachtaí a úsáid, go háirithe i gcás CRII+. Mar shampla, tharscaoil siad na ceanglais go gcaithfí comhaontuithe comhpháirtíochta a leasú chun na hathruithe a rinneadh ar na cláir a léiriú agus go gcaithfí formheas a fháil ón gCoimisiún chun cistí a aistriú idir aiseanna tosaíochta fad agus go raibh na cistí sin faoi thairseacha áirithe. Bhí an dá bheart simpliúcháin sin san áireamh cheana féin i ndréachtfhorálacha CPR do 2021-2027, faoi mar a bhí comhaontaithe ag na comhreachtóirí.

REACT-EU

Téann REACT-EU níos faide chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhbhearta mar seo a leanas:

Cistí nua agus bearta leachtachta. Cuireann REACT-EU breisiú de €50.4 billiún ar fáil do chistí an bheartais comhtháthaithe do 2014-2020. Measadh gur bealach chun airgead a sheoladh go tapa chuig Ballstáit a bhí i gcistí breise a sheoladh trí ionstraim a bhí ann cheana féin agus a raibh cláir faoin ionstraim sin fós ar siúl agus a raibh creat dlíthiúil i bhfeidhm ann di cheana féin. Tiocfaidh deireadh le hincháilitheacht REACT-EU an 31 Nollaig 2023, ag an am céanna le gnáth-thréimhse cistithe 2014-2020. Dá bhrí sin, tá teorainn leis an méid ama atá ag na Ballstáit chun a leithdháiltí breise a chaitheamh. Soláthraíonn REACT-EU leibhéal measartha ard de réamh-mhaoiniú tosaigh (11 % in 2021) agus ceadaíonn sé suas le 100 % de mhaoiniú ón Aontas, chun leachtacht a sholáthar go tapa agus chun an t-ualach ar bhuiséid náisiúnta a laghdú. Méadaíodh leibhéal an réamh-mhaoinithe in 2022 ag éirí as géarchéim na hÚcráine41.

Solúbthacht don chlársceideal agus d’aistrithe. I gcodarsnacht le gnáthchistí an bheartais comhtháthaithe, tá méid mór dá lánrogha féin ag na Ballstáit ó thaobh a gcistí REACT-EU a leithdháileadh idir CFRE agus CSE, agus idir cineálacha éagsúla infheistíochtaí incháilithe. Tá méid mór dá lánrogha féin acu ó thaobh na gcineálacha tionscadal a mhaoiníonn siad, gan ceanglais maidir le díriú téamach ná oibleagáid díriú isteach ar thacaíocht a thabhairt do réigiúin bheagfhorbartha. Cosúil le CRII/CRII+, i gcás inar mian le húdaráis bhainistíochta acmhainní a ath-leithdháileadh, tugann REACT-EU féidearthacht mhéadaithe d’aistrithe airgeadais d’uireasa aon cheanglas maidir le díriú téamach.

Incháilitheacht mhéadaithe. Forálann REACT-EU d’incháilitheacht chúlghabhálach ag dul siar go dtí an 1 Feabhra 2020 d’oibríochtaí atá lánchríochnaithe, fiú mura mbaineann siad leis an ngéarchéim.

Simpliú riaracháin. Ní féidir cur chun feidhme REACT-EU a shannadh ach amháin d’údaráis bhainistíochta atá ainmnithe cheana do thréimhse 2014-2020. Is féidir cistí a chlársceidealú trí chláir 2014-2020 atá ann cheana nó trí chláir thiomnaithe nua agus ní gá comhaontuithe comhpháirtíochta a mhodhnú. Maidir le ceanglais roimhe seo a bhaineann le meastóireachtaí ex ante, coinníollachtaí ex ante agus an creat feidhmíochta, níl feidhm acu maidir le cistí REACT-EU.

Giorrúcháin

AS EMPL: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

AS REGIO: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh

CAI: Creat Airgeadais Ilbhliantúil

CC: Ciste Comhtháthaithe

CFAE: Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

CPR: Rialachán na bhForálacha Coiteanna

CRII: An Tionscnamh um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas

CRII+: An Tionscnamh um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus

CSE: Ciste Sóisialta na hEorpa

FBManna: Fiontair bheaga agus mheánmhéide

NGEU: NextGenerationEU

REACT-EU: Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa

RRF: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

RRP: Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta

Gluais

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Sásra AE don tacaíocht airgeadais chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú, agus téarnamh a spreagadh sa mheántéarma. Cuirtear an claochlú glas agus digiteach chun cinn ann freisin.

Bainistíocht chomhroinnte: Modh a úsáidtear chun buiséad an Aontais Eorpaigh a chaitheamh, trína ndéanann an Coimisiún an cur chun feidhme a tharmligean chuig an mBallstát (murab ionann agus bainistíocht dhíreach), cé gurb é an Coimisiún féin a bheidh freagrach sa deireadh.

Beartas comhtháthaithe: Beartas an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm dó éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin agus Ballstáit a laghdú trí chruthú post, iomaíochas gnó, fás eacnamaíoch, forbairt inbhuanaithe agus comhar trasteorann agus idir-réigiúnach a chur chun cinn.

Ciste Comhtháthaithe: Ciste de chuid an Aontais ar mhaithe le héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú san Aontas Eorpach trí infheistíochtaí a chistiú sna Ballstáit ina bhfuil an t-ollioncam náisiúnta in aghaidh an áitritheora níos lú ná 90 % de mheán an Aontais.

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa: Ciste AE a dhéanann comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas a neartú trí infheistíochtaí a mhaoiniú lena laghdaítear míchothromaíochtaí idir réigiúin.

Ciste Sóisialta na hEorpa: Ciste de chuid an Aontais chun deiseanna oideachais agus fostaíochta a chruthú agus chun feabhas a chur ar an riocht ina bhfuil daoine atá i mbaol na bochtaineachta.

Cistí an bheartais comhtháthaithe: Na trí chiste de chuid an Aontais a thacaíonn le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach ar fud an Aontais i dtréimhse 2014-2020: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, agus an Ciste Comhtháthaithe.

Clár oibríochtúil: Creat maidir le tionscadail chomhtháthaithe atá maoinithe ag an Aontas a chur chun feidhme, ina léirítear na tosaíochtaí agus cuspóirí a leagtar síos i gcomhaontuithe comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.

Clárthréimhse: An tréimhse ina ndéantar clár maidir le caiteachas AE a phleanáil agus a chur chun feidhme.

Cód idirghabhála: Catagóir gníomhaíochtaí atá maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ag an gCiste Comhtháthaithe nó ag Ciste Sóisialta na hEorpa.

Comhaontú comhpháirtíochta: Comhaontú idir an Coimisiún agus Ballstát i gcomhthéacs chlár caiteachais an Aontais, ina leagtar amach, mar shampla, pleananna straitéiseacha, tosaíochtaí infheistíochta nó téarmaí a bhaineann le trádáil nó le soláthar cúnaimh forbartha.

Creat airgeadais ilbhliantúil: Plean caiteachais an Aontais trína ndéantar tosaíochtaí (bunaithe ar chuspóirí beartais) agus uasteorainneacha a shocrú, agus a mhaireann seacht mbliana de ghnáth. Soláthraíonn sé an struchtúr ar laistigh de a shocraítear buiséid bhliantúla an Aontais. Clúdaíonn an CAI reatha tréimhse 2021-2027, agus chlúdaigh an ceann roimhe seo tréimhse 2014-2020.

Cuspóir téamach: An toradh iomlán a rabhthas ag súil leis ó thosaíocht infheistíochta, atá roinnte ina chuspóirí sonracha chun críocha cur chun feidhme.

Ionsú: A mhéid a dhéantar cistí ón Aontas atá leithdháilte chuig Ballstáit a chaitheamh ar thionscadail incháilithe; léirítear é seo go minic mar chéatadán (ráta ionsúite).

Rialachán na bhForálacha Coiteanna: Rialachán lena leagtar amach na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le roinnt cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte, lena n-áirítear na cistí sin a thacaíonn le beartas comhtháthaithe an Aontais.

Údarás bainistíochta: An t-údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá ainmnithe ag Ballstát chun clár atá cistithe ag an Aontas a bhainistiú.

Foireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchta II – Infheistíocht maidir le comhtháthú, fás agus cuimsiú, atá faoi cheannas Annemie Turtelboom (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Iliana Ivanova (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: James Verity (Ceann na hOifige Príobháidí), Ivan Genchev (Ataisé na hOifige Príobháidí), Friedemann Zippel (Príomhbhainisteoir), Viorel Cirje (Ceann Cúraim) agus Anna Fiteni, Marion Boulard agus Christophe Grosnickel (Iniúchóirí).

Ó chlé go deas: Ivan Genchev, James Verity, Marion Boulard, Iliana Ivanova, Friedemann Zippel, Christophe Grosnickel.

Críochnótaí

1 An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), Ráig de ghéarshiondróm riospráide a bhaineann le coróinvíreas nua — an tríú nuashonrú, 31 Eanáir 2020.

2 ECDC, Paindéim ghalar an choróinvíris nua 2019 – an séú nuashonrú, 12 Márta 2020.

3 An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), Ráitis tosaigh Ard-Stiúrthóir EDS ag seisiún faisnéise do na meáin maidir le COVID-19, taifeadta an 13 Márta 2020.

4Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa, Earrach 2021’, páipéar 149, Bealtaine 2021, lch. 20.

5 An Banc Domhanda, Tuarascáil eacnamaíoch rialta AE 7, 2021.

6 COM(2021) 105 final, ‘Bliain amháin ó thús COVID-19: freagairt an bheartais fhioscaigh’, 3 Márta 2021, lch. 4.

7 Tá feidhm ag CRII/CRII+ maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus níl feidhm ag REACT-EU maidir léi.

8 Tuairim 03/2020 i dtaca le rialacháin AE a leasú chun Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid mar fhreagairt ar an ráig de COVID-19 agus Tuairim 04/2020 i dtaca le Rialachán REACT-EU atá beartaithe agus i dtaca le Rialachán na bhForálacha Coiteanna lena rialaítear cistí SIE.

9 Tuarascáil speisialta 24/2021: ‘Maoiniú feidhmíochtbhunaithe sa bheartas comhtháthaithe – Uaillmhianta fiúntacha, ach bhí constaicí fós ann i dtréimhse 2014-2020’, Tuarascáil speisialta 08/2022: ‘Tacaíocht CFRE d’Iomaíochas FBManna – Laghdaíonn laigí sa dearadh cé chomh héifeachtach atá an maoiniú’, agus Athbhreithniú 01/2023: ‘Maoiniú AE tríd an mbeartas comhtháthaithe agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Anailís chomparáideach’.

10 Rinneadh Buiséad leasaitheach Uimh. 6, 2020/1672 (IO 380/1) a ghlacadh chun an gá breise a chumhdach, rud a chuir €5 bhilliún breise leis an leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí don beartas comhtháthaithe in 2020.

11 Tuarascáil speisialta 17/2018: ‘Chuaigh gníomhartha an Choimisiúin agus na mBallstát i mblianta deireanacha chláir 2007-2013 i ngleic le hionsú íseal ach níor leor an díriú ar thorthaí’, mír 87 agus Tuairim 03/2020, Bosca 1.

12 Athbhreithniú 01/2023, míreanna 53-54.

13 Tuarascáil bhliantúil 2016, Caibidil 2 – ‘Bainistiú Buiséadach agus Airgeadais’, míreanna 2.24-2.25 agus Athbhreithniú 01/2023, mír 53.

14 Páipéar faisnéise 2018: ‘Simpliú i seachadadh an Bheartais Comhtháthaithe i ndiaidh 2020’, mír 18 agus mír 61.

15 Tuarascáil speisialta 17/2018, Bosca 2.

16 Tuarascáil speisialta 17/2018, míreanna 16 agus 18.

17 Athbhreithniú 01/2023, mír 11 agus míreanna 52-54.

18Calaois agus earráidí’, Teach na dTeachtaí, Coiste na gCuntas Poiblí, Naoú tuarascáil de sheisiún 2021-22, 24 Meitheamh 2021.

19 Tuairim 03/2020 agus Tuairim 04/2020.

20 Tuairim 03/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, mír 11.

21 In Airteagal 30(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, is é an sainmhíniú a thugtar ar aistrithe nach aistrithe substaintiúla iad ná aistrithe chuig tosaíocht eile den chiste céanna sa chlár céanna a bhféadfaidh an méid atá i gceist leo a bheith suas go dtí 8 % den leithdháileadh de thosaíocht, amhail ón 1 Feabhra 2020, agus nach bhféadfaidh an méid sin a bheith níos mó ná 4 % de bhuiséad an chláir.

22 Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

23 Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

24 Airteagal 92b(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

25 Tá na 123 chód idirghabhála faoi mar atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. 215/2014 grúpáilte againn i 10 Réimse Infheistíochta (12 i gcás REACT-EU). Seasann an €35 bhilliún do mhéid iomlán na méaduithe ar chóid idirghabhála agus tá siad meaitseáilte le laghduithe comhfhreagracha i gcóid idirghabhála eile.

26 Mar a shainmhínítear in Airteagal 90 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

27 Rialachán (AE) 2020/2221, aithris 6.

28 Maidir le hinchomparáideacht le REACT-EU, níl cláir na Ríochta Aontaithe ná cláir um chomhar críochach san áireamh sa mheánráta cómhaoinithe AE sin do thréimhse 2014-2020.

29 Tuarascáil bhliantúil 2020, Caibidil 2 – ‘Bainistiú Buiséadach agus Airgeadais’, míreanna 2.7-2.8, Moladh 2.1.

30 Thug Rialachán (AE) 2020/2221 cuspóir téamach nua isteach ar a dtugtar ‘Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar’, (TO13),

31 EGESIF 20-00007-01, ‘Páipéar leathoifigiúil: Liosta de tháscairí clárshonracha a bhaineann le freagairt dhíreach an bheartais comhtháthaithe ar phaindéim COVID-19’, Bealtaine 2020.

32 Tuarascáil speisialta 02/2017: ‘Caibidlíocht an Choimisiúin ar Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus cláir a bhaineann leis an gComhtháthú do thréimhse 2014-2020 – Caiteachas spriocdhírithe níos mó ar thosaíochtaí Eoraip 2020, ach tá na socruithe chun feidhmíocht a thomhas ag dul chun castachta’.

33 Rialachán (AE) 2020/2221, Airteagal 1(1).

34 Staidéar ar na Conairí chun Feabhas a chur ar úsáid Táscairí Clárshonracha in CSE agus CSE+, Aibreán 2022.

35 Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

36 Rialachán (AE) 2020/2221, Airteagail 1(1) agus 2.

37 Tuarascáil speisialta 24/2021: ‘Maoiniú feidhmíochtbhunaithe sa bheartas comhtháthaithe – Uaillmhianta fiúntacha, ach bhí constaicí fós ann i dtréimhse 2014-2020’, Moladh 2.

38 Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1060 an 24 Meitheamh 2021, CPR (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159), Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/1057 an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear CSE+ (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21) agus Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2021/1058 an 24 Meitheamh 2021 maidir le CFRE agus CC (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

39 An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 174.

40 Rialachán (AE) 2022/562 an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip.

41 Rialachán (AE) 2022/613 an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU agus le costas aonaid a bhunú.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023

PDF ISBN 978-92-847-9285-6 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/857985 QJ-AB-23-002-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-9289-4 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/398425 QJ-AB-23-002-GA-Q

© An tAontas Eorpach, 2023

© An tAontas Eorpach, 2023

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.

Fíor 2 – Deilbhíní: Dearadh na fíoracha seo trí acmhainní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.