
Tacaíocht AE do réigiúin ghuail Béim theoranta ar an aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh
Maidir leis an tuarascáil:Tá sé bunriachtanach deireadh de réir a chéile a chur le gual chun cuspóirí aeráide an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, agus in 2020 bhunaigh an tAontas an Ciste um Aistriú Cóir ar fiú €19.3 billiún é. Chun ceachtanna a fhoghlaim don chur chun feidhme, rinneamar measúnú féachaint ar rannchuidigh tacaíocht ón Aontas in 2014-2020 go héifeachtach leis an aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh i réigiún an Aontais ina bhfuil an tionscal guail ag meath. Is é ár gconclúid go raibh béim agus tionchar teoranta ag tacaíocht ar chruthú fostaíochta agus aistriú fuinnimh agus, in ainneoin dul chun cinn foriomlán, gur foinse shuntasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa fós é an gual i roinnt Ballstát. Molaimid gníomhaíochtaí ar mhaithe le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil a bhaint as an gCiste um Aistriú Cóir, agus ar mhaithe le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh atá dúnta nó tréigthe a thomhas agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I Le blianta fada anuas, tá an gual ina phríomhfhoinse fuinnimh san Aontas. Mar thoradh ar an laghdú ar tháirgeadh guail, roimh 2000 den chuid is mó, tháinig laghdú suntasach ar líon na bhfostaithe san earnáil. Shainaithin an Comhaontú Glas don Eoraip gur gné ríthábhachtach é deireadh a chur de réir a chéile le gual le haghaidh táirgeadh fuinnimh chun cuspóirí aeráide 2030 a bhaint amach, agus chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050.
II Rinne ár n-iniúchadh measúnú féachaint ar rannchuidigh tacaíochta AE go héifeachtach leis an aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh i réigiúin AE ina bhfuil an tionscal guail ag meath. Áiríodh inár n-iniúchadh sampla de seacht réigiún AE agus chlúdaigh sé níos mó ná €12.5 billiún de chistí AE a deonaíodh faoin chreat airgeadais 2014-2020 faoin dara leath de 2021. Táimid ag súil go rannchuideoidh ár bhfionnachtana agus ár moltaí le cur chun feidhme costéifeachtach an Chiste um Aistriú Cóir, arb é is aidhm dó tionchar comhshaoil agus socheacnamaíoch an aistrithe chuig neodracht aeráide a mhaolú, lena n-áirítear deireadh a chur de réir a chéile le gual.
III Is é ár gconclúid go raibh tionchar teoranta ag tacaíocht AE ar chruthú fostaíochta agus aistriú fuinnimh agus, in ainneoin dul chun cinn foriomlán, gur foinse shuntasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa fós é an gual i roinnt Ballstát.
IV I bhformhór na réigiún a bhí laistigh de scóip ár n-iniúchta, bhí cás dearfach den chuid is mó ann ar mhargadh an saothair d’oibrithe a leagadh as a bpost. Bhí cúrsaí oiliúna a fuair tacaíocht ón Chiste Sóisialta na hEorpa ar fáil d’oibrithe guail a leagadh as a bpost, ach tá sonraí maidir lena rannpháirtíocht easnamhach. Bhí líon na bpost a cruthaíodh go díreach sna réigiúin sin trí infheistíochtaí faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa réasúnta íseal, go háirithe i gcomparáid leis an líon iomlán daoine dífhostaithe sna réigiúin sin. Fuaireamar amach nach raibh tionchar suntasach ag tionscadail a fuair maoiniú ar choigiltis fuinnimh ná ar acmhainneacht táirgeachta fuinnimh in-athnuaite i bhformhór na réigiún inár sampla.
V Ó 2018, tá cineálacha éagsúla saineolais á dtabhairt ag an gCoimisiún do réigiúin guail. Tá Ciste um Aistriú Cóir de €19.3 bunaithe ag an Aontas, ach ní dhearnadh measúnú ar fhairsinge na riachtanas cistithe. Thángamar ar dhúshláin do Bhallstáit maidir leis an gcistiú atá ar fáil chun tacú le haistriú éifeachtach a úsáid laistigh den tráthchlár atá leagtha síos. Tá riosca ag baint leo go gcaithfear cistiú atá ceaptha chun costais socheacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann leis an aistriú a laghdú, gan aon aistriú a bheith ann go héifeachtach. Tá méadú tagtha ar an riosca sin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022.
VI Fuaireamar amach go raibh laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 ó dhó guail, ach gur cuireadh allmhairí nó breoslaí iontaise eile in ionad guail intíre uaireannta. Níl an tuairisciú ar astaíochtaí meatáin ó mhianaigh dúnta nó tréigthe iontaofa go leor. D’fhoilsigh an Coimisiún togra i mí na Nollag 2021 chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin. Bhí úsáid meatáin ó mhianaigh atá dúnta nó tréigthe chun críche fuinnimh imeallach sna Ballstáit a áiríodh inár n-iniúchadh, seachas sa Ghearmáin.
VII Molaimid gur ceart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- seiceáil a dhéanamh go bhfuil an Ciste um Aistriú Cóir á úsáid go héifeachtúil chun tionchar socheacnamaíoch an aistrithe chuig neodracht aeráide sna réigiúin atá dian ó thaobh guail agus carbóin de; agus
- dea-chleachtais a roinnt maidir le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh atá dúnta agus tréigthe a thomhas agus a bhainistiú.
Réamhrá
Meath na hearnála guail agus an tionchar atá aige sin ar sholáthair fuinnimh agus fostaíocht
01 Bá é gual an fhoinse fuinnimh aonair is mó le haghaidh leictreachais agus giniúint teasa san Aontas go dtí 2013, nuair a tháinig fuinneamh in-athnuaite ina ionad (féach Fíor 1). In 2020, bhí gual fós ag seasamh do bheagnach 14 % de leictreachas agus teas díorthaithe san Aontas1.
Fíor 1 – An sciar de leictreachas agus giniúint teasa de réir an chineál breosla
Foinse: CIE, bunaithe ar Eurostat.
02 Tá dhá príomhchineál guail ann: gual donn (lena n-áirítear lignít) agus gual crua (lena n-áirítear gual gaile, gual cóic agus antraicít). Den chuid is mó, déantar mianadóireacht do ghual donn i mianaigh dromchla agus déantar mianadóireacht do ghual crua faoi thalamh. Taispeántar i bhFíor 2 an fhorbairt atá tagtha ar tháirgeadh guail ó 1990. Déantar gual donn a tháirgeadh agus a úsáid laistigh den Aontas, agus tá allmhairí diomaibhseach.
03 Thit an leibhéal ídithe de ghual crua sna 27 mBallstát atá san Aontas ó 390 milliún tona in 1990 go 144 mhilliún tona in 2020. In 2020, bhí 61 % den ghual crua a ídíodh san Aontas allmhairithe, agus tháinig 54 % de na hallmhairí sin ón Rúis. Tá faisnéis san Iarscríbhinn maidir le hídiú agus táirgeadh guail de réir gach Ballstát in 2010, 2015 agus 2020.
04 De réir staidéar ó 20212, in 2018 úsáideadh 76 % den ghual a ídíodh san Aontas le haghaidh leictreachais agus téimh agus úsáideadh 24 % le haghaidh táirgeadh fuinnimh agus ábhair i dtionscal (an tionscal iarainn agus cruach den chuid is mó).
05 Mar thoradh ar an laghdú ar tháirgeadh guail, tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine fostaithe san earnáil mianadóireachta guail (féach na samplaí i dTábla 1). Tharla na laghduithe is mó sa lucht saothair roimh 2000. De réir staidéar ó 20213, in 2018 bhí thart ar 159 000 duine fostaithe go díreach i mianadóireacht guail, 49 000 i ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe agus 130 000 post breise measta sa slabhra soláthair. Sa bhliain sin, sheas an earnáil guail do níos lú ná 0.2 % de dhaonra fostaithe an Aontais.
Tábla 1 – Samplaí d’idirthréimhsí in AE-27 agus an tionchar atá acu ar an bhfostaíocht san earnáil mianadóireachta guail
Ballstát (réigiún) | Príomhthréimhse meatha | Laghdú post sa phríomhthréimhse meatha | Fostaíocht in 2018*** |
---|---|---|---|
An tSeicia (roinnt réigiún)* | 1990-2000 | 100 000 | 14 000 |
An Ghearmáin (ceantar Ruhr)** | 1957-1977 | 350 000 | 7 800 |
An Ghearmáin (ceantar Lausitz in Brandenburg agus an tSacsain)** | 1990-2000 | 80 000 | 6 200 |
An Spáinn (roinnt réigiún)* | 1985-2015 | 29 000 | 1 700 |
An Ísiltír (Limburg)* | 1965-1975 | 75 000 | - |
An Pholainn (An tSiléis Uachtarach, Małopolska agus Lubelskie)* | 1990-2002 | 230 000 | 83 000 |
* IDDRI agus Straitéisí Aeráide, Ceachtanna ó “AISTRITHE GUAIL” roimhe seo, 2017, lch. 5.
** GermanWatch, Taithí Trasfhoirmithe Réigiún Guail: Moltaí don Úcráin agus tíortha Eorpacha eile, Staidéar Iomlán, 2020, lch. 21.
*** An Coimisiún – JRC, Treochtaí i réigiúin ghuail, mhóna agus scealla ola an Aontais le déanaí, 2021, Aguisín C.
06 Míníodh i staidéar ón gCoimisiún in 20214 go raibh dúnadh mianach guail mar thoradh ar roinnt tosca: táirgeadh guail neamhéifeachtúil agus costasach; gual crua allmhairithe atá níos saoire go comparáideach; agus luaineacht mhéadaithe phraghasanna guail cóic ar mhargaí idirnáisiúnta. Rinneadh meastóireacht sa staidéar freisin go raibh thart ar 86 000 post mianadóireachta guail, arb ionann sin agus níos mó ná leath den líon iomlán post san earnáil, i mbaol mór tar éis 2020 mar gheall ar an bhféidearthacht go ndúnfaí mianaigh neamhiomaíocha.
Drochthionchar na mianadóireachta agus an dó guail ar shláinte, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid
07 Tá drochthionchair shuntasacha ag mianadóireacht agus dó guail ar shláinte, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Ba í an chonclúid a bhí ag staidéar ó 20185 ná go bhfuil fianaise sheasmhach ann den nasc idir mianadóireacht guail agus réimse leathan galar i ndaoine atá ina gcónaí gar do ghníomhaíochtaí mianadóireachta.
08 Tá drochthionchar ag dó guail ar cháilíocht an aeir in an-chuid áiteana san Aontas. Dar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, mínábhar cáithníneach (PM2.5) ba chúis le níos mó ná 300 000 bás anabaí in 2109 san Aontas6. Is príomhfhoinsí iad coirí agus soirn baile a dhónn breoslaí soladacha, lena n-áirítear gual, de na hastaíochtaí sin agus is iad is cúis le leath d’astaíochtaí iomlána PM2.5 in 20197.
09 De réir fhardal gás ceaptha teasa an Aontais8, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe agus an Íoslainn, dó guail ba chúis le 15 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2019 (gan astaíochtaí agus linnte ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún ná foraoiseacht a chur san áireamh, mar aon le hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta). Ina theannta sin, bíonn astaíochtaí meatáin mar thoradh ar mhianadóireacht guail, go háirithe i mianaigh faoi thalamh, agus leanann siad ar aghaidh – mura laghdaítear é – fiú tar éis na mianaigh sin a bheith dúnta, cé go bhfuil siad i gcainníochtaí níos lú. Measadh gur sheas na hastaíochtaí meatáin ó mhianadóireacht guail agus ó mhianaigh atá dúnta do 0.7 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána de 4 067 milliún tona CO2 in 20199.
10 Áirítear leis an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag mianadóireacht ar an gcomhshaol, scrios tírdhreacha agus gnáthóga, éilliú screamhuisce, truailliú uisce, creimeadh ithreach, agus truailliú ceimiceach agus deannaigh. Le dó guail, táirgtear méideanna móra de dhramhaíl sholadach ina mbíonn éilleáin amhail mearcair, úráiniam, tóiriam, arsanaic, agus trom-mhiotail eile.
Laghdú ar státchabhair le haghaidh mianadóireacht guail
11 Ciallaíonn státchabhair tacaíocht dhíreach nó indíreach ón rialtas do ghnólacht nó eagraíocht, lena dtugtar buntáiste dó thar a iomaitheoirí. Ceadaíodh le rialacha earnáilsonracha do thréimhse 2003-201010 státchabhair a chur ar fáil don earnáil guail chun soláthar fuinnimh a dhaigniú san Aontas. De réir staidéar ó 201411, íocadh €87 mbilliún de státchabhair le táirgeoirí guail crua san Aontas le linn thréimhse 2000-2012.
12 In 2010, bheartaigh an Chomhairle rialacha idirthréimhseacha d’earnáil an ghuail chun dúnadh mianach neamhiomaíoch a éascú i dtréimhse 2011-202712. De réir an Chinnidh ón gComhairle, meastar go bhfuil státchabhair comhoiriúnach le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh má chlúdaíonn sé an méid seo a leanas:
- caillteanais táirgeachta reatha d’aonaid táirgthe guail (“cabhair dúnta”) go dtí 2018, ar choinníoll go raibh na mianaigh a fuair tacaíocht dúnta faoi dheireadh 2018;
- costais a eascraíonn ó dhúnadh aonad táirgthe guail (“costas eisceachtúil”), a tharla roimhe seo nó a tharlóidh suas go dtí 2027. Áirítear leis na cineálacha costais atá incháilithe don státchabhair sin socair leasa shóisialta d’oibrithe atá leagtha as a bpost nó atá curtha amach ar pinsean, agus costais a bhaineann le suíomhanna mianadóireachta a athchóiriú nó a gcuspóir a athrú.
13 Ó 2011, tá 21 chinneadh foilsithe ag an gCoimisiún maidir le 10 mBallstát a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na rialacha státchabhrach faoin gCinneadh ón gComhairle in 2010. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn gur íocadh beagnach €19.3 billiún de státchabhair chuig comhlachtaí mianadóireachta guail in ocht mBallstát i dtréimhse 2011-2020.
Clár oibre aeráide an Aontais atá ag éirí níos uaillmhianaí
14 IgComhaontú Pháras in 2015, leagadh sprioc dhomhanda don mhaolú aeráide síos lena ndéanfaí an téamh domhanda a theorannú go dtí leibhéal a bheadh “go maith faoi bhun” 2°C, agus – dá bhféadfaí – é a choimeád go dtí 1.5°C. Dhaingnigh an tAontas agus a Bhallstáit an Comhaontú sin in 2016. In 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún a Theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a bhí dírithe ar “shochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch”. Sainaithníodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip go bhfuil sé ríthábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le gual chun cuspóirí aeráide 2030 a bhaint amach agus chun neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050.
15 In 2021, ghlac an tAontas a Dhlí Aeráide, lena leagtar síos sprioc cheangailteach AE d’astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha faoi 2050. Leagadh síos sprioc idirmheánach freisin go ndéanfaí an glanmhéid astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 (i gcomparáid le 1990)13.
16 Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, d’aithin an Coimisiún go mb’fhéidir go mbeadh ar thíortha sa ghearrthéarma tomhaltas guail a mhéadú sula n-aistreodh siad go hathnuaiteáin chun brath ar ghás iontaise a sheachaint, ar choinníoll go n-urramófaí na spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030. Luaigh an Coimisiún freisin gur cheart don Aontas dlús a chur lena aistriú chuig athnuaiteáin14.
Cistí AE atá ar fáil do réigiúin ghuail
17 Tá táirgeadh guail san Aontais i réigiún sonracha laistigh de na Ballstáit den chuid is mó. In 2018, bhí gual fós á bhaint go gníomhach in 29 réigiún NUTS 2 in 11 thír san Aontas (féach Fíor 3).
Foinse: An Coimisiún Eorpach – JRC, Treochtaí i réigiúin ghuail, móna agus scealla ola an Aontais le déanaí, 2021, lch. 100-101.
18 Tá éagsúlachtaí ann maidir le tréithe na réigiún guail sin.
- I roinnt réigiún, tá an tionscal guail scaipthe thar limistéar mór geografach (amhail in Asturias sa Spáinn agus sa tSiléis sa Pholainn). I mBallstáit eile, tá sé níos dírithe ar limistéir níos lú (e.g. Palencia agus León sa Spáinn agus i mion-réigiún Ghleann Jiu sa Rómáin).
- Tá roinnt réigiún guail lonnaithe i limistéir fhoirgnithe nó in aice leo, agus tá roinnt eile in áiteanna tuaithe níos iargúlta.
- I roinnt réigiún guail, is minic a nasctar an tionscal guail, atá in uachtar sa gheilleagar, le táirgeadh cumhachta agus téimh, agus i réigiúin eile tá guail mar chuid de leagan amach tionsclaíoch atá níos éagsúlaithe.
- D’fhéadfadh féidearthacht shuntasach a bheith ag roinnt réigiún guail chun leas a bhaint as foinsí fuinnimh in-athnuaite mar gheall ar a dtréithe geografacha nó socheacnamaíocha15.
19 Go dtí gur tugadh isteach an Ciste um Aistriú Cóir (féach mír 45), ní raibh aon chlár cistithe sonrach curtha ar fáil ag an Aontas do réigiúin táirgthe guail a bhí ann roimhe nó atá ann faoi láthair. Chun go dtabharfadh an t-aistriú fuinnimh agus socheacnamaíoch aghaidh ar spriocanna aeráide agus ar iarmhairtí dhúnadh mianach, bhí Ballstáit agus réigiúin in ann rochtain a fháil ar acmhainní a bhí curtha ar fáil faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí ESI), ar aon lena maoiniú náisiúnta agus réigiúnach:
- Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), le leithdháileadh buiséid 2014-2020 de €228 billiún, chun comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas a fheabhsú trí éagothromaíochtaí idir réigiúin a laghdú. I measc na bpríomhréimsí a fuair tacaíocht tá nuálaíocht agus taighde, an clár oibre digiteach, gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus an geilleagar ísealcharbóin.
- Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), le leithdháileadh buiséid de €100 billiún, chun fostaíocht inbhuanaithe agus ardcháilíochta agus soghluaisteacht lucht saothair a chur chun cinn.
- Ciste Comhtháthaithe (CC), le leithdháileadh buiséid 2014-2020 de €61 bhilliún le haghaidh 15 Bhallstát, chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú agus chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Tacaíonn an ciste le feabhsuithe ar ghréasáin iompair tras-Eorpacha agus tionscadail a thagann faoi thosaíochtaí comhshaoil an Aontais.
20 Is comhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir oibríochtúla (OPanna) iad príomhdhoiciméid straitéiseacha na mBallstát d’úsáid na gcistí sin. Déantar cuid de na OPanna sin a bhainistiú go lárnach sna Ballstáit, agus déantar cuid eile a bhainistiú go réigiúnach. Tugann an Coimisiún treoraíocht, déanann sé na doiciméid pleanála sin a fhormheas agus déanann sé maoirseacht ar a gcur chun feidhme. Tá na húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta freagrach as aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh na réigiún guail a phleanáil agus a chur chun feidhme, chomh maith leis na Cistí ESI a úsáid chun na críche sin.
21 Bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ón seacht réigiún atá san áireamh i scóip ár n-iniúchta (féach Fíor 4 tar éis mír 25), beidh na Cistí ESI atá luaite i mír 19, faoi chreat airgeadais 2014-2020, tar éis tacú le tionscadail sna réigiúin sin le níos mó ná €12.5 billiún de chistiú.
Scóip agus cur chuige an iniúchta
22 Tugann an t-iniúchadh seo forléargas ar an ról atá ag cistí AE san aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh i réigiúin ina bhfuil an tionscal guail ag meath. Tagraíonn aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh na réigiún guail don phróiseas a bhaineann le geilleagar réigiúin guail a athdhíriú chun poist a chailltear mar gheall ar chéimniú amach guail a ionadú, coigiltis fuinnimh a dhéanamh agus bogadh i dtreo foinsí fuinnimh a chur i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais. Is é is aidhm do thorthaí agus moltaí an iniúchta seo ná rannchuidiú le cur chun feidhme costéifeachtach an Chiste um Aistriú Cóir (CUAC).
23 Rinneamar scrúdú féachaint ar rannchuidigh tacaíocht AE go héifeachtach leis an aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh i réigiúin an Aontais ina bhfuil an tionscal guail ag meath. Dhíríomar ar na nithe seo a leanas:
- ar cuireadh oiliúint agus cúnamh iomchuí ar fáil d’oibrithe a leagadh as a bpost i dtionscail a bhaineann le gual;
- ar shainaithin na Ballstáit, in éineacht leis an gCoimisiún, riachtanais socheacnamaíocha agus forbartha agus ar spriocdhírigh siad cistí dá réir sin; agus
- tháinig laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghual teirmeach i gcomhréir leis an titim i dtáirgeadh guail theirmigh san Aontas.
24 Bhí sampla de sheacht réigiún san Aontas inár n-iniúchadh. Agus measúnú á dhéanamh ar úsáid cistí AE, dhíríomar ar Chiste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa; agus an Ciste Comhtháthaithe i rith thréimhse 2014-2020. Chumhdaíomar gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le réigiúin ghuail, lena n-áirítear an Tionscnamh um Réigiúin Ghuail i mbun an Aistrithe agus dearadh CUAC. Ag tráth ár n-iniúchadh bhí sé róluath na Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir a áireamh, cé go dtagraítear dóibh sin i mír 47 i scóip ár gcuid oibre.
- athbhreithnithe doiciméadacha agus agallaimh le hionadaithe ó chúig Ardstiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin (Iomaíochas; Fuinneamh; Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú; Beartas Réigiúnach agus Uirbeach agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde), agus le rúnaí an Tionscnaimh le haghaidh Réigiúin Ghuail i mbun an Aistrithe;
- athbhreithniú ar shonraí maidir le táirgeadh guail AE, a úsáid agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis; éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí fuinnimh in-athnuaite; daonra réigiúnach agus cás eacnamaíoch (ó Eurostat go príomha);
- athbhreithniú ar na staidéir éagsúla a dhéanann measúnú ar an aistriú fuinnimh, astaíochtaí meatáin agus cás ginearálta na forbartha eacnamaíoch sna seacht réigiún guail inár sampla;
- agallaimh le hionadaithe na seacht réigiún guail atá i mbun aistrithe i gcúig Bhallstát (féach Fíor 4 thíos), chomh maith le hathbhreithnithe deisce ar straitéis agus doiciméid maidir le húsáid cistí AE le linn tréimhse 2014-2020. Roghnaíomar na réigiúin sin bunaithe ar líon na mianach guail a dúnadh idir 2010 agus 2018, agus líon na bhfostaithe mianadóireachta in 2014.
Foinse: Eurostat, sonraí bailithe ó Bhallstáit agus ón gCoimisiún Eorpach – JRC, Treochtaí i réigiúin ghuail, móna agus scealla ola an Aontais le déanaí, 2021, lch. 100-101.
Barúlacha
Threisigh éileamh mhargadh an tsaothair ionchais fostaíochta, ach níl na sonraí leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar conas a bhain oibrithe guail tairbhe as oiliúint a bhí cistithe ag an Aontas
26 Scrúdaíomar ar chuir údaráis na mBallstát oiliúint agus cúnamh iomchuí ar fáil d’fhostaithe sa tionscal guail a leagadh as a bpost. Rinneamar measúnú ar na nithe seo a leanas:
- ar cuireadh gníomhaíochtaí oiliúna agus cúnaimh leordhóthanach ar fáil chun cuidiú le hoibrithe a leagadh as a bpost chun post nua a aimsiú, á chur san áireamh líon na n-iomarcaíochtaí agus an staid i margaí réigiúnacha an tsaothair; agus
- arbh ann do sonraí chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidigh na gníomhaíochtaí sin.
Bhí dea-thaithí ag oibrithe guail a leagadh as a bpost ar mhargadh an tsaothair go ginearálta
27 Sna réigiúin ghuail a clúdaíodh inár n-iniúchadh, in 2020 b’ionann líon na ndaoine a bhí fostaithe go díreach sa mhianadóireacht guail agus níos lú ná 2 % den phobal fostaithe, seachas i gcás na Siléise (PL) agus Gleann Jiu (RO), áit arbh é 4 % agus 14 % a bhí sna figiúirí sin faoi seach. Léirítear i bhFíor 5 an laghdú ar líon na ndaoine fostaithe go díreach sa mhianadóireacht idir 2014 agus 2020. I roinnt réigiún, baineadh na laghduithe foirne earnálacha sin amach trí luaineacht nádúrtha na bhfostaithe agus scoir, mar shampla in Lausitz (DE) agus sa tSiléis (PL), agus i réigiúin eile, mar shampla in Moravi-Silesia (CZ), bhí ar ghnólachtaí mianadóireachta oibrithe a leagan as a bpost.
Fíor 5 – Poist dhíreacha sa mhianadóireacht guail idir 2014 agus 2020
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí a fuarthas ó na Ballstáit.
28 Léirítear i bhFíor 6 forbairt an ráta dífhostaíochta sna réigiúin táirgthe guail roghnaithe ó 2005. Léiríonn an ráta dífhostaíochta atá ag laghdú ó 2014 go raibh an staid i margadh an tsaothair dearfach go ginearálta do chuardaitheoirí poist, rud a laghdaigh an riosca go leanfadh oibrithe sa tionscal guail a leagadh as a bpost de bheith dífhostaithe. Faoi 2020, bhí an ráta dífhostaíochta laghdaithe faoi 5 % sna réigiúin go léir atá clúdaithe seachas dhá réigiún sa Spáinn. Bhí an dífhostaíocht sa dá réigiún sin faoin ráta náisiúnta (15.5 %) áfach. In ainneoin na bhfeabhsuithe sin, d’fhéadfadh sé nach gcuirtear roinnt deacrachtaí i mhargadh an tsaothair san áireamh san anailís ar an ráta dífhostaíochta (féach Bosca 1).
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí Eurostat maidir le rátaí dífhostaíochta sa daonra d’aois 15-74.
Níl post ag trí cheathrú de dhaoine idir 15 agus 65 bliana d’aois i nGleann Jiu (an Rómáin)
I nGleann Jiu, tar éis athstruchtúrú na hearnála guail, tháinig laghdú ar líon na ndaoine fostaithe ó 70 000 in 1995 go 25 000 in 2019. Bhí 100 000 duine ann a bhí idir 15 agus 65 bliana d’aois in 2019. Ní raibh ach 1 489 ann a measadh go raibh siad dífhostaithe, ós rud é go raibh siad ag lorg oibre go gníomhach agus go raibh siad cláraithe leis an oifig dífhostaíochta. Ní thugann an ráta dífhostaíochta ach íomhá neamhiomlán den chás deacair fostaíochta i nGleann Jiu.
De réir an Tionscnaimh le haghaidh Réigiúin Ghuail i mbun Aistrithe16, tá geilleagar neamhéagsúlaithe den chuid is mó ag Gleann Jiu atá fós ag brath go mór ar ghníomhaíochtaí mianadóireachta. Mar gheall ar a nascacht theoranta agus a bhonneagar iompar atá tar éis dul in olcas, a dhíghrádú comhshaoil agus dúnadh mianach i ndiaidh a chéile agus na babhtaí d’oibrithe a leagan as a bpost a ghabhann leis an dúnadh sin, tá meath foriomlán tagtha ar dhaonra Ghleann Jiu. In ainneoin méid áirithe athstruchtúrú eacnamaíoch, tá tarraingteacht theoranta ag an réigiún d’infheisteoirí príobháideacha.
29 Seachas Lausitz (DE) agus Asturias (ES), bhí imirce ghlan dhiúltach sna réigiúin eile inár sampla le linn thréimhse 2013-2020; is é sin le rá gur fhág níos mó daoine na réigiúin ná a lonnaigh iontu (féach Fíor 7). Rannchuidigh an méid sin go páirteach leis an laghdú ar an ráta dífhostaíochta freisin, ós rud é gur chinn roinnt daoine dífhostaithe imeacht ó na réigiúin chun poist nua a lorg in áiteanna eile.
Bhí oiliúint arna gcistiú ag an Aontas ar fáil d’oibrithe guail a leagadh as a bpost, ach tá sonraí maidir le rannpháirtíocht easnamhach
30 Tugtar achoimre i bhFíor 8 ar an tacaíocht a cuireadh ar fáil faoi Chiste Sóisialta na hEorpa le haghaidh cúrsaí agus gníomhaíochtaí oiliúna do dhaoine dífhostaithe, lena n-áirítear na fostaithe mianadóireachta guail a leagadh as a bpost, sna réigiúin atá clúdaithe inár n-iniúchadh. I bhformhór na réigiún, úsáideadh cistí náisiúnta freisin chun oiliúint agus athsciliú a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus oibrithe mianadóireachta guail a leagadh as a bpost.
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí a fuarthas ó na Ballstáit.
31 Déantar cur síos i mBosca 2 ar dhá thionscadal a thug tacaíocht go sonrach d’iar-oibrithe i dtionscal an ghuail. Sheas na rannpháirtithe sna tionscadail sin do níos lú ná 2 % de na poist a cailleadh in earnáil na mianadóireachta guail sna réigiúin faoi iniúchóireacht. Don dá thionscadal a fuair tacaíocht in Moravia-Silesia (CZ) agus Palencia and León (ES), is léir go raibh na tionscadail spriocdhírithe ar líon níos airde rannpháirtithe i dtosach ná líon na ndaoine a bhí rannpháirteach ar deireadh.
Sampla de bhearta arna gcistiú ag an Aontas atá spriocdhírithe ar fhostaithe i dtionscal an ghuail a leagadh as a bpost
In Moravia-Silesia (CZ), chuir CSE €370 000 ar fáil do thionscadal a chuireann diagnóisic poist, oiliúint agus athsciliú agus meatseáil poist ar fáil do rannpháirtithe. As na 338 duine a bhí rannpháirteach sa tionscnamh, bhí 260 (77 %) díobh sin ó ghnólacht mianadóireachta guail. Ag tráth an iniúchta, chríochnaigh 324 rannpháirtí na bearta a bhí beartaithe agus fuair 278 díobh post tar éis an clár a fhágáil. Bhí an buiséad tosaigh don tionscadal ceithre huaire níos mó, ach b’éigean é a laghdú mar gheall ar fhorbairt dhearfach sa mhargadh saothair a d’fhág leibhéal níos ísle spéise ó rannpháirtithe ionchasacha ná mar a bhíothas ag súil leis.
In Palencia and León (ES), chuir an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) €1.02 milliún ar fáil chun tionscadal a chistiú a bhí dírithe ar infhostaitheacht iar-oibrithe mianadóireachta a fheabhsú. Is é is aidhm leis an gciste ná aghaidh a thabhairt ar iomarcaíochtaí mórscála mar thoradh ar athstruchtúrú tionsclaíoch. Chuir an tionscadal oiliúint ar fáil do 198 iar-oibrí guail, arb ionann sin agus 58 % den sprioc tosaigh (339). De réir na faisnéise atá ar fáil, d’éirigh le 81 (41 %) oibrí post a aimsiú mar thoradh ar an oiliúint.
32 Ní raibh sé de cheangal ar na Ballstáit le reachtaíocht CSE sonraí maidir le hiar-oibrithe an tionscail guail a thuairisciú ar leithligh. Ní raibh na húdaráis ábhartha sna réigiúin roghnaithe in ann faisnéis a bhaineann le hiar-fhostaithe an tionscail guail a asbhaint. Mar thoradh air sin, ní fhéadfaí líon na bhfostaithe ó thionscal an ghuail a leagadh as a bpost agus a bhí rannpháirteach sna bearta arna gcistiú ag an Aontas a fhíorú, ná rannchuidiú na mbearta sin i dtreo cuidiú leis na rannpháirtithe poist nua a aimsiú. Ní raibh faisnéis ar fáil ach amháin don méid beag bearta spriocdhírithe, amhail iad siúd a ndéantar cur síos orthu i mBosca 2 thuas.
Bhain Ballstáit úsáid as cistí AE maidir le comhtháthú críochach gan díriú ar aistriú na réigiún guail
33 Rinneamar scrúdú féachaint ar shainaithin na Ballstáit, in éineacht leis an gCoimisiún, riachtanais socheacnamaíocha agus forbartha, agus ar spriocdhírigh siad cistí dá réir sin. Rinneamar measúnú ar na nithe seo a leanas:
- ar shainaithin na Ballstáit saincheist na meatha guail ina n-anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí (SWOT) ina OPanna agus ar fhorbair siad doiciméid straitéiseacha a thugann aghaidh ar an aistriú socheacnamaíoch;
- an ndearna na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, cistí AE a infheistiú sna nithe seo a leanas; gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leis an aistriú fuinnimh; forbairt chreatlach eacnamaíoch na réigiún guail a ndéantar difear dóibh; agus tairbhí soiléire a sheachadadh, amhail poist nua a chruthú, cumais foinsí in-athnuaite a mhéadú agus ídiú fuinnimh a laghdú; agus
- tar éis Comhaontú Pháras a bheith glactha, an ndearna an Coimisiún gníomhaíocht chun tacú le réigiúin ghuail atá i mbun aistrithe i gcomhréir lena riachtanais ar leithligh.
Rinneadh formhór na straitéisí um aistriú a fhorbairt le déanaí
34 Ní raibh aon cheanglas dlí ar leibhéal an Aontais chun straitéis um aistriú socheacnamaíocht nó fuinnimh le haghaidh réigiúin ghuail a ullmhú in 2014-2020. Bíodh sin mar atá, measaimid gur dea-chleachtas a bheadh ann straitéis den chineál sin a bheith ann, go háirithe ós rud é go raibh meath láidir i dtáirgeadh guail roimh na réigiúin go léir seachas Brandenburg, agus nach gníomhaíocht inmharthana a bhí sa mhianadóireacht guail a thuilleadh. Tugann Tábla 2 forléargas ar na straitéisí aistrithe socheacnamaíocha sna réigiúin roghnaithe Léiríonn ár n-athbhreithniú ar na straitéisí um aistriú go bhfuil measúnú ar anailísí SWOT nó anailísí comhchosúla sna cinn a foilsíodh idir 2018 agus 2021, agus go raibh príomh-gheallsealbhóirí rannpháirteach in iad a tharraingt suas.
Tábla 2 – Forléargas ar na straitéisí aistrithe socheacnamaíocha sna réigiúin roghnaithe
Réigiún | Tráchtanna |
---|---|
Moravia-Silesia (CZ) | In 2015, chinn rialtas na Seice an Clár RE:START a chur chun feidhme, atá dírithe ar athstruchtúrú eacnamaíoch ar thrí réigiún guail sa tSeicia. Rinneadh an chéad phlean gníomhaíochta RE:START a fhorbairt do 2017-2030. Leag straitéis réigiúnach do 2019-2027, a foilsíodh in 2019, béim ar an ngá atá ann le haistriú socheacnamaíoch chomh maith leis tionchar diúltach thionscal an ghuail ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. |
Lausitz (DE) | Forbraíodh straitéisí a bhí tiomnaithe d’aistrithe socheacnamaíocha le haghaidh Lausitz tar éis 2017, tar éis straitéis scoir guail a ghlacadh don Ghearmáin, rud a chuir €17 mbilliún de chúnamh náisiúnta le haghaidh Brandenburg i leataobh go dtí 2038. |
Asturias (ES) | I gcomhthéacs ina raibh líon measartha beag mianadóirí gníomhach in 2013 agus ina raibh deireadh curtha le gníomhaíochtaí mianadóireachta in 2018, caitheadh cistí faoin straitéis 2013-2018 ar iarmhianadóirí a chúiteamh den chuid is mó. Díríonn straitéisí do 2019-2027 ar athghníomhachtú eacnamaíoch agus ar fhorbairt éagsúil ar réigiúin mhianadóireachta chun a n-aistriú struchtúrach a bhaint amach. |
Palencia agus León (ES) | |
An tSiléis (PL) | Bhí béim leagtha ar an ngá atá le haistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh cheana féin i straitéis 2013, ach níor foilsíodh an plean gníomhaíochta comhfhreagrach “d'aistriú an réigiúin” go dtí 2019. In 2020, glacadh straitéis réigiúnach nua, le fócas níos mó ar aistriú socheacnamaíoch an réigiúin. |
Małopolska (PL) | Cé gur cuireadh bearta chun deileáil leis an aistriú socheacnamaíoch san áireamh i straitéis ó 2011, tugann na bearta atá beartaithe i straitéis 2020 aghaidh ar riachtanais an aistrithe ar bhealach níos fearr. |
Gleann Jiu (RO) | Bhí straitéis 2022-2030 d’fhorbairt shocheacnamaíoch agus chomhshaoil ar Ghleann Jiu sa phróiseas formheasta ag tráth an iniúchta. Forbraíodh an straitéis le cistí an Aontais, agus bunaíodh í ar anailísí ar dhúshláin agus ar dheiseanna sa mhicriréigiún, agus chuir sé san áireamh tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha. Is é seo an tríú straitéis forbartha do Ghleann Jiu. Níor cuireadh an straitéis a bhí formheasta in 2016 chun feidhme. Ní raibh tionchar suntasach ag an straitéis ar an staid shocheacnamaíoch i nGleann Jiu i rith na tréimhse 2002-2010. |
Foinse: CIE.
35 Rinneadh na gealltanais oifigiúla maidir le deireadh de réir a chéile a chur le gual idir 2016 agus 2022 (féach Fíor 9), agus chuir sé sin leis an bhforbairt is déanaí ar na straitéisí aistrithe sna réigiúin roghnaithe. Leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite (PNFAnna) do thréimhse 2021-2030, leagtar amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail fuinneamh, éifeachtúlacht, foinsí inathnuaite agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Rinneadh iad a nuashonrú an uair dheireanach in 2019, rud a chiallaíonn nach léirítear go fóill an tionchar ar na gealltanais is déanaí sna pleananna reatha. Beidh ar Bhallstáit dréacht-uasdátú a PNFAnna a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi mhí an Mheithimh 202317.
Fíor 9 -Stádas maidir le deireadh de réir a cheile a chur le gual de réir tíre (Bealtaine 2022)
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis atá ag an gCoimisiún Eorpach.
Bhí tacaíocht CFRE agus CC ar fáil, ach bhí a tionchar ar aistriú fuinnimh agus poist teoranta
36 I bhFíor 10, léirítear glacadh CFRE ag na réigiúin ghuail roghnaithe, lena n-áirítear faoi chláir ar leibhéal náisiúnta. In Lausitz (DE), Palencia agus Leon (ES), agus Malopolska (PL) tugadh sciar mór de chistiú CFRE don taighde, nuálaíocht agus forbairt gnó. I nGleann Jiu (RO), sa tSiléis (PL) agus in Moravia-Silesia (CZ), rinneadh méideanna suntasacha de na cistí a infheistiú chun feabhas a chur ar bhonneagair shóisialta, sláinte, oideachais agus iompair. I ngach réigiún seachas Lausitz, caitheadh níos mó ná 18 % de chistiú CFRE ar bhearta chun feabhas a chur ar an gcomhshaol, amhail saoráidí cóireála dramhuisce, nó gníomhaíochtaí chun cáilíocht an aeir a fheabhsú. Faoin ráithe dheireanach de 2021, rinne na seacht réigiún a bhí cumhdaithe inár n-iniúchadh tacaíocht AE de €9.5 billiún a fhormheas chun tionscadail faoi CFRE a mhaoiniú.
Fíor 10 - Úsáid de CFRE 2014-2020 i réigiúin ghuail roghnaithe
Foinse: CIE bunaithe ar fhaisnéis a chuir Ballstáit ar fáil agus na réigiúin ghuail roghnaithe.
37 Mar aon le cistiú CFRE, baineadh úsáid as €2.5 billiún ó CC chun tacú le tionscadail i gceithre réigiún. I nGleann Jiu (RO), bhí méid an chistithe seo suntasach, toisc gur sheas sé do 46 % de chaiteachas CC agus CFRE an réigiúin le chéile. Bhí sé mar aidhm ag na tionscadail a fuair tacaíocht athchóiriú agus nuachóiriú a dhéanamh ar an gcóras uisce agus fuíolluisce i gcontae Hunedoara. Sa tSiléis (PL) agus in Malopolska (PL), sheas CC do 28 % agus do 22 % faoi seach, den dá chiste le chéile, ar caitheadh a dtromlach ar iarnróid, mótarbhealaí agus bóithre a thógáil, agus tagann na cistí sin faoin nGréasán Tras-Eorpach Iompair dá bharr. In Moravia-Silesia (CZ), sheas CC do 14 % den dá chiste le chéile agus úsáideadh é chun tacú le tionscadail i réimse an bhonneagair iompair den chuid is mó.
38 I dTábla 3, léirítear líon na bpost atá le cruthú go díreach le tacaíocht CFRE de réir sonraí a fuarthas ó údaráis bhainistíochta. Tá a leibhéal íseal (faoi bhun 5 %) i gcomparáid leis an meán dífhostaíochta 2014-2020 sna réigiúin roghnaithe. Trí éileamh ar tháirgí agus ar sheirbhísí do thionscadail fhóirdheonaithe a spreagadh, cruthaíonn CFRE poist go hindíreach freisin, ach níl sonraí ar fáil ar na poist a chruthaítear go hindíreach.
Tábla 3 – Forléargas ar phoist, atá le cruthú go hindíreach le tionscadail 2014-2020 arna gcistiú ag CFRE
Réigiún | Líon na bpost (A) | Meánlíon na ndaoine dífhostaithe in 2014-2020 (B) | Sloinntear é mar % (A/B *100) |
---|---|---|---|
Moravia-Silesia (CZ) | 387 | 33 800 | 1.1 |
Lausitz (DE) | 110 | 24 000 | 0.5 |
Asturias (ES) | 668 | 74 700 | 0.9 |
An tSiléis (PL) | 3 802 | 93 600 | 4.1 |
Małopolska (PL) | 2 151 | 70 500 | 3.1 |
Gleann Jiu (RO) | 104 | 75 000 | 0.1 |
Foinse: CIE bunaithe ar fhaisnéis a chuir na Ballstáit agus Eurostat ar fáil (níl faisnéis maidir le Palencia agus Leon (ES) curtha ar fáil ag údaráis na Spáinne). Do Ghleann Jiu (RO), bainimid úsáid as líon na ndaoine i ndaonra gníomhach nach bhfuil post acu seachas meánlíon na ndaoine dífhostaithe (féach Bosca 1).
39 I dtuarascáil ón gCoimisiún in 202018, rinneadh measúnú ar acmhainneacht na n-iar-réigiún guail ar leibhéal NUTS 2 chun infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus chun poist a chruthú leis na teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain sin. Measúnaíodh na seacht réigiún roghnaithe mar seo a leanas.
- Is réigiúin iad Brandenburg (Lausitz) (DE), Asturias (ES), agus Castilla y Léon (Palencia agus León) (ES) a bhfuil acmhainneacht ardfhostaíochta acu trí theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chur in úsáid.
- D’fhéadfadh Małopolska (PL) agus Vest (Gleann Jiu) (RO) fostaíocht a fhorbairt go mall trí theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a úsáid faoi 2030, ach ní fhéadfaí na teicneolaíochtaí sin a d’fhéadfadh poist a chruthú a bhaint amach go hiomlán ach amháin faoi 2050.
- Tá cumas teoranta ag Moravia-Silesia (CZ) agus ag an tSiléis (PL) chun poist a bhaineann le gual a ionadú go hiomlán le fostaíocht in earnáil na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.
40 Is iondúil nach féidir le cistí AE fóirdheonú a dhéanamh ar thionscadail níos mó maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite aibí a shuiteáil, toisc gur cheart do na cistí sin sruthanna ioncaim leordhóthanacha a ghiniúint sa lá atá inniu ann agus ní bhfaighidís deontas19. Dá bhrí sin, is iondúil go dtacaíonn Cistí SIE le suiteálacha níos lú. Deimhníodh é seo trínár n-anailís ar chaiteachas CFRE sna seacht réigiún roghnaithe, a úsáideadh chun grianphainéal a shuiteáil den chuid is mó. Níor chistigh Gleann Jiu aon suiteálacha fuinnimh in-athnuaite, agus chaith ceithre réigiún roghnaithe níos lú ná 1 % dá gcistiú CFRE ar conradh ar chistiú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Rinne an tSiléis (PL) an sciar is airde de chaiteachas CFRE a chonrú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite thart ar 3 %, rud a chuirfidh acmhainneacht nua fuinnimh in-athnuaite ar fáil. Seasfaidh sé sin do 2.3 % den acmhainneacht theicniúil a d’fhéadfadh a bheith ann don réigiún de réir na tuarascála 2020 a luadh sa mhír roimhe seo.
41 Ciallaíonn an prionsabal “éifeachtúlacht fuinnimh ar dtús” ón Aontas aghaidh a thabhairt ar éifeachtúlacht fuinnimh roimh infheistíochtaí i soláthar fuinnimh breise. Sna réigiúin a ndearnadh iniúchadh orthu, bhí caiteachas CFRE ar thionscadail maidir le coigiltis fuinnimh i mbonneagar poiblí, i stoc tithíochta atá ann cheana, FBManna agus fiontair mhóra idir 2.4 % de chaiteachas conraithe CFRE in Palencia agus León (ES) agus 15 % in Asturias (ES).
42 Bhíomar in ann an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta éifeachtúlachta fuinnimh sin a mheas i gcás Moravia-Silesia (CZ), ina bhfuiltear ag súil go nginfidh tionscadail atá cistithe ag an Aontas do 2014-2020 coigiltis teasa bhliantúla a sheasann do bheagnach 5 % den tomhaltas bliantúil fuinnimh iomlán sa réigiún. I gcás na Siléise (PL) agus Małopolska (PL), chuir na húdaráis sonraí ar fáil maidir le tionchar na gclár réigiúnach, ach ní dhearna siad amhlaidh maidir le tionchar na gclár ar an leibhéal náisiúnta. I ngach ceann de na dhá réigiún, meastar go mbeidh coigiltis fuinnimh atá cistithe ag an Aontas níos lú ná 3 % d’ídiú teasa bliantúil agus níos lú ná 1 % d’ídiú leictreachais bliantúil. Níor chuir na réigiúin eile inár sampla sonraí sách iomlán ar fáil dúinn chun meastachán a dhéanamh.
43 Inár dtuarascáil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair, fuaireamar freisin nach gcuirfeadh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh atá cistithe ag an Aontas go mór le cuspóirí AE20. Léirítear i staidéar 2020 ón gCoimisiún Eorpach21, go dtagann an chuid is mó de na coigiltis fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta22 ó oibleagáidí éifeachtúlachta fuinnimh nó cánachas fuinnimh.
Le déanaí, mhéadaigh an tAontas a thacaíocht maidir le haistriú na réigiún guail
44 I mí na Nollag 2017, d’fhógair an Coimisiún seoladh an Tionscnaimh do Réigiúin Guail atá ag Athrú (“CRiT”), le buiséad €3.1 milliún. Is éard a bhí i gceist leis an tionscnamh ná ardán oscailte lena dtugadh le cheile gach geallsealbhóir ábhartha, lena gcuireadh malartú eolais agus taithí idir na réigiún guail chun cinn. Chuir sé cúnamh teicniúil ar fail do sheacht réigiún guail faoi leith freisin (lena n-áirítear Asturias (ES), an tSiléis (PL), Małopolska (PL) agus Gleann Jiu. I mí an Mheithimh 2020, sheol an Coimisiún an tArdán um Aistriú Cóir, ag cur leis an taithí a fuarthas ón Ardán CRiT. Sainaithníodh roinnt de na réigiúin sin i dtuarascálacha a d’fhoilsigh JRC23 agus thug siad tuairisc ar a bpróifíl.
45 Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, mhol an Coimisiún an Sásra um Aistriú Cóir chun díriú ar na réigiúin agus earnálacha a ndéanann an t-aistriú i dtreo an gheilleagair aeráidneodraigh an difear is mó dóibh, agus ar na réigiúin sin atá ag brath ar bhreoslaí iontaise, lena n-áirítear gual, móin agus sceall ola agus próisis thionsclaíocha atá dian ar gháis cheaptha teasa (“réigiúin a ndéanann an t-aistriú difear dóibh”). Tá trí cholún ann:
- Ciste um Aistriú Cóir24 a bhfuil €19.3 billiún ar fáil aige do dheontais go príomha, a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit (féach Fíor 11);
- Scéim Aistriú Cóir lena gcuirtear ráthaíochtaí buiséadacha ar fáil faoi InvestEU chun infheistíocht phríobháideach a “chomhchruinniú”; agus
- saoráid iasachta don earnáil phoiblí, ina ndéanfaí iasachtaí BEI a chomhcheangail le deontais AE.
Foinse: CIE, bunaithe ar reachtaíocht agus fhaisnéis a fuarthas ón gCoimisiún.
46 Inár dtuairim25 maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán CUAC, léiríodh nach ndearna an Coimisiún anailís chuimsitheach ar an méid atá bainte amach ag cistiú ón Aontas sna réigiúin roimhe seo ná ar a riachtanais a bhí fágtha acu. Chuir sé béim ar an tábhacht a bhaineann le comhordú agus comhlántacht fhoinsí éagsúla cistiúcháin. Chuir sé béim go go háirithe ar an riosca go ndéanfaí cistí atá ceaptha costais shocheacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe a mhaolú a chaitheamh gan an t-aistriú a chur i gcrích go héifeachtach, ós rud é nach ndéanfadh roinnt réigiún a dtionscail atá dian ar charbóin a chlaochlú. Tá an riosca méadaithe le tráthchlár teoranta an chláir. Caithfear cistí ón Ionstraim Téarnaimh AE, arb ionann iad agus €10.87 billiún, a ghealladh faoi dheireadh 2023 agus a úsáid faoi dheireadh 2026.
47 Is gné lárnach iad do chur chun feidhme CUAC na Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir. Amhail i mí Lúnasa 2022, rinneadh deich bPlean Críochacha um Aistriú Cóir a fhormheas. D’fhéadfadh ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022 agus a éifeachtaí ar an margadh fuinnimh moilleanna a chruthú maidir leis an aistriú ó ghual agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar na pleananna aistrithe a chur chun feidhme.
48 I rialachán CUAC, leagtar síos roinnt gnéithe nach mór do Bhallstáit tuairisc a thabhairt orthu ina bpleananna aistrithe córa, lena n-áirítear an próiseas aistrithe ar an leibhéal náisiúnta, dúshláin aistrithe na réigiún is mó atá buailte agus an rannchuidiú a mheastar a bheidh ag CUAC26. I ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis na pleananna críochacha um aistriú cóir27, tugtar léargas ar sheirbhísí an Choimisiúin maidir leis na ceanglais cláir. Maidir leis na coinníollacha chun glacadh leis na pleananna, déanann an doiciméad cur síos ar na cásanna ina mbeadh an Coimisiún ag súil le tograí na mBallstát a ghlacadh nó a dhiúltiú. D’fhéadfadh na coinníollacha seo roinnt de na rioscaí a sainaithníodh inár dtuairim a laghdú go pointe áirithe, ach ag tráth an iniúchta, bhí sé róluath a mheas conas a chuirfí i bhfeidhm iad i gcleachtas.
In ainneoin dul chun cinn ar an iomlán, is foinse shuntasach astaíochtaí gáis ceaptha teasa fós é gual i roinnt Ballstát
49 Scrúdaíomar éabhlóid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghual. Rinneamar measúnú ar na nithe seo a leanas:
- an bhfuil meath ag teacht ar úsáid guail chun leictreachas agus teas a tháirgeadh (agus na hastaíochtaí CO2 atá ag gabháil leo) i gcomhréir leis an titim i dtáirgeadh guail theirmigh AE; agus
- an bhfuil meastacháin iontaofa ann ar astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail atá gníomhach agus ó mhianaigh ghuail atá tréigthe ar fáil, mar aon le rialacha agus dreasachtaí chun teorainn a chur le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh atá dúnta.
Tháinig laghdú ar astaíochtaí CO2 ó dhó guail, ach cuireadh allmhairí nó breoslaí iontaise eile in ionad guail intíre uaireanta.
50 In AE-27, thit astaíochtaí C02 ó úsáid guail chun leictreachas agus teas a ghiniúint le 59 % idir 1990 agus 2020. Léirítear i bhFíor 12 go raibh cion d’ollghiniúint leictreachais agus teasa a bhí cumhachta ag gual fós os cionn 15 % i sé thír san Aontas in 2020. Sna sé thír AE ar a ndearnadh cur síos orthu i bhFíor 12, b’ionann guail maidir le giniúint leictreachais agus teasa agus 9 % agus 32 % dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2020 (gan astaíochtaí agus linnte ó úsáid talún, athrú úsáid talún agus foraoiseacht, mar aon le hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta)28.
Fíor 12 – An sciar de leictreachas agus giniúint teasa ó ghual
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí EEA arna bhfoilsiú ag Eurostat.
51 Laghdaigh cion leictreachais agus teasa a ghintear ó ghual ar fud an Aontais le 11 phointe céatadáin idir 2013 agus 2020 ó 25 % go 14 %. Mar sin féin, mhéadaigh cion leictreachais agus teasa a ghintear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite le 11 phointe céatadáin sa tréimhse chéanna, tháinig méadú 4 phointe céatadáin ar an gcion a ghintear ó bhreoslaí iontaise (féach Fíor 1). Sna réigiúin a áirítear inár n-iniúchadh agus na Ballstáit comhfhreagracha, thugamar faoi deara go ginearálta gur cuireadh níos mó ná foinsí fuinnimh in-athnuaite in ionad guail.
- Sa tSeicia, thit táirgeadh guail chrua in Moravia-Silesia (CZ) 60 % idir 2014 agus 2019. Mar gheall ar allmhairí méadaithe de ghual crua, níor thit na hastaíochtaí CO2 a tharlaíonn mar gheall ar dhócháin guail chrua sa tSeicia ach le 32 % amháin.
- I Lausitz (DE), tháirg mianaigh ghníomhacha níos mó guail chun an táirgeadh caillte a chumhdach ón mianach Cottbus atá dúnta.
- Sa Spáinn, thit astaíochtaí C02 ó ghuail a dhó chun leictreachas agus teas a ghiniúint le 63 % idir 2013 agus 2019. Mar sin féin, rinneadh thart ar 40 % den titim in astaíochtaí CO2 a fhritháireamh le méadú ar úsáid gáis iontaise.
- Sa Pholainn, bhí laghdú de 25 % ar tháirgeadh crua-ghuail idir 2014 agus 2020, agus níor thit úsáid crua-ghuail ach 15 %, toisc gur tháinig allmhairí isteach in ionad táirgeadh intíre go pointe áirithe.
- I nGleann Jiu (RO), rinneadh an laghdú i dtáirgeadh guail a fhritháireamh go pointe áirithe le méadú in allmhairí gáis iontaise.
52 Léirítear i bhFíor 13 na Ballstáit a d’allmhairigh an gual is mó arbh ionann gual crua agus 91.5 % díobh in 2019. Tá méadú suntasach tagtha ar allmhairí guail na Gearmáine agus na Polainne le 15 bliana anuas, agus tá allmhairí guail ag titim sna tíortha eile san Aontas ar an iomlán.
Is beag aird a thug Ballstáit ar astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail atá dúnta nó tréigthe
53 Léirítear i bhFíor 14 gurb í an Pholainn an t-astaíre is mó ar fad meatán ó mhianadóireacht agus láimhseáil guail agus an Rómáin agus an tSeicia ina dhiaidh sin, a sheasann do 89 % de na hastaíochtaí meatáin ar fad29. Léirítear sa léaráid freisin gurb iad mianaigh ghníomhacha faoi thalamh an deontóir príomha d’astaíochtaí meatáin. De réir mar a sheiceáiltear tiúchan meatáin go leanúnach sna mianaigh seo ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta, meastar go bhfuil na meastacháin ar astaíochtaí meatáin a thuairiscítear sna fardail gas ceaptha teasa do mhianaigh gníomhacha faoi thalamh iontaofa.
Fíor 14 - Astaíochtaí meatáin measta o mhianaigh ghuail in 2019 (i míle tona)
Foinse: CIE bunaithe ar shonraí maidir le fardail gás ceaptha teasa.
54 Ní féidir astaíochtaí ó mhianaigh dhromchla a thomhas go leanúnach, ós rud é go scaiptear ar fud cheantar leathan iad. Dá dheasca sin, tá an cur chuige meastacháin is cruinne bunaithe ar chainníochtaí guail a bhaintear i ngach mianach gníomhach arna iolrú faoi fhachtóir astaíochtaí. Is iad na meastacháin meatáin ó mhianaigh faoi thalamh atá dúnta nó tréigthe na meastacháin is lú cruinnis, ós rud é nach bhfuil aon tomhas leanúnach ar mheatán sna mianaigh atá dúnta le go bhféadfaí fachtóirí astaíochtaí atá níos iontaofa a ríomh. Rinne staidéar ó 2020 a thuar30 go dtiocfadh méadú suntasach amach anseo ar chion astaíochtaí meatáin ar fud an tionscail guail a thagann ó mhianaigh atá dúnta (nach bhfuil faoi uisce) nó tréigthe, mar gheall, den chuid is mó, ar astaíochtaí níos ísle ó mhianaigh gníomhacha agus ó shloic níos doimhne sna mianaigh a dúnadh le déanaí.
55 Chuir roinnt Ballstát dreasachtaí i bhfeidhm i bhfoirm fóirdheontais, státchabhrach agus buntáistí cánach le haghaidh infheistíochtaí i gcórais a bhaineann úsáid as meatáin ó mhianaigh atá dúnta agus tréigthe chun leictreachas agus teas a ghiniúint, lena n-áirítear sa tSeicia, sa Ghearmáin agus sa Pholainn. Ní úsáideann ach líon beag tionscadal oibríochtúil sna tíortha a áirítear inár n-iniúchadh meatáin ó mhianaigh atá dúnta nó tréigthe chun leictreachas a ghiniúint áfach, cé is moite den Ghearmáin, tír ina bhfuil níos mó ná 50 tionscadal den chineál sin i mbun oibríochta31.
56 Níl aon rialacha ar fud an Aontais faoi láthair a chuireann teorainn ar astaíochtaí meatáin ó mhianadóireacht agus láimhseáil ghuail. Mar sin féin, tá gníomhaíocht déanta ag an gCoimisiún chun faisnéis níos fearr a fháil maidir le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail atá gníomhach, dúnta nó tréigthe agus chun na hastaíochtaí sin a laghdú, trí thogra le haghaidh Rialacháin a fhoilsiú in 202132. Tugtar tuairisc i bhFíor 15 ar ghnéithe an togra seo, gnéithe atá ábhartha don earnáil guail.
Conclúidí agus moltaí
57 Rinne ár n-iniúchadh measúnú féachaint ar rannchuidigh tacaíocht ón Aontas in 2014-2020 go héifeachtach leis an aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh i seacht réigiún an Aontais a roghnaíodh ina bhfuil an tionscal guail ag meath. Is é ár gconclúid go raibh fócas agus tionchar teoranta ag tacaíocht AE do réigiúin ghuail ar chruthú fostaíochta agus ar aistriú fuinnimh agus, in ainneoin an dul chun cinn foriomlán, gur foinse shuntasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa fós é an gual i roinnt Ballstát.
58 Ar dtús, bhreathnaíomar ar cibé an raibh oiliúint chuí faighte ag oibrithe a bhí leagtha as a bpost agus ar dtugadh cúnamh iomchuí dóibh chun cuidiú leo post nua a aimsiú. Bhí údaráis réigiúnacha in ann cistí naisiúnta agus cistí an Aontais araon a úsáid chun na críche sin. Fuaireamar go raibh cúrsaí oiliúna a fuair tacaíocht ó CSE ar fáil d’oibrithe guail a leagadh as a bpost, ach go raibh sonraí maidir lena rannpháirtíocht don ghrúpa sonrach sin easnamhach. Mar gheall ar staid atá dearfach go ginearálta i margadh an tsaothair i bhformhór na réigiún a áirítear i scóip ár n-iniúchta, laghdaíodh an riosca go bhfanfaidh oibrithe guail atá leagtha as gan phost (míreanna 26-32).
59 Ina dhiaidh sin, rinneamar measúnú féachaint an raibh riachtanais shocheacnamaíocha na réigiún guail sainaitheanta ag Ballstáit in éineacht leis an gCoimisiún agus an raibh cistí dírithe acu dá réir sin. Bhain na réigiúin ghuail a bhí roghnaithe úsáid as cistí AE i mbealaí éagsúla d’fhonn aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha féin le fócas níos lú ar aistriú socheacnamaíoch agus fuinnimh. Thugamar ar aire go raibh a straitéisí aistrithe forbartha ag formhór na Réigiún i dtreo deireadh na tréimhse 2014-2020.
60 Chonaiceamar go raibh líon na bpost a cruthaíodh go díreach sna réigiúin sin trí infheistíochtaí faoi CFRE measartha íseal. Fuaireamar amach nach raibh tionchar suntasach ag tionscadail a fuair maoiniú ar choigiltis fuinnimh ná ar acmhainneacht táirgeachta fuinnimh in-athnuaite i bhformhór na réigiún inár sampla (míreanna 33-43).
61 Ó 2018, tá cineálacha éagsúla saineolais curtha ar fáil ag an gCoimisiún do na réigiúin ghuail, agus in 2010, rinne sé tograí Ciste um Aistriú Cóir a chur ar bun ar luach €19.3 billiún. Inár dtuairim maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán CUAC, tugadh chun suntais nach ndearna an Coimisiún anailís chuimsitheach ar an méid a bhain cistiú ón Aontas amach sna réigiúin roimhe seo ná ar na riachtanais a bhí fágtha acu. Thángamar ar dhúshláin do Bhallstáit freisin maidir leis an gcistiú atá ar fáil chun tacú le haistriú éifeachtach a úsáid laistigh den tráthchlár atá leagtha síos. Tá riosca ag baint leo go gcaithfear cistiú atá ceaptha chun costais socheacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann leis an aistriú a laghdú, gan aon aistriú a bheith ann go héifeachtach. Tá méadú tagtha ar an riosca sin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022 (míreanna 44-48).
Moladh 1 - Seiceáil a dhéanamh go bhfuil an Ciste um Aistriú Cóir á úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil chun an tionchar socheacnamaíoch atá ag an aistriú go dtí neodracht aeráide a mhaolú sna réigiúin atá dian ó thaobh guail agus carbóin de
Agus pleananna Críochacha um Aistriú Cóir agus Cláir agus a leasuithe á bhformheas ag an gCoimisiún, agus nuair atá faireachán agus tuairisciú á dhéanamh ar a gcur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún seiceáil a dhéanamh go bhfuil an méid seo a leanas déanta ag Ballstáit:
- na bearta agus an t-amchlár beartaithe a shonrú chun aistriú a dhéanamh ó ghual agus gníomhaíochtaí atá dian ar charbón a aistriú i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais;
- a áirithiú nach dtéann acmhainní clársceidealaithe thar na riachtanais airgeadais a sainaithníodh i gcomhréir le luas an aistrithe; agus
- comhlántacht agus comhar a áirithiú idir cistiú éagsúil an Aontais agus cistiú a thagann ó fhoinsí náisiúnta.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2022 maidir le Pleananna agus Cláir Chríochacha um Aistriú Cóir a ghlacadh; 2026 maidir le faireachán agus tuairisciú
62 Ar deireadh, rinneamar measúnú féachaint ar tháinig laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghual i gcomhréir leis an titim ar tháirgeadh guail san Aontas. Fuaireamar amach go raibh laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 ó dhó guail, ach gur cuireadh allmhairí nó breoslaí iontais eile in ionad guail intíre uaireannta. Bhí cion d’ollghiniúint leictreachais agus teasa a bhí cumhachta ag gual fós os cionn 15 % i sé thír san Aontas in 2020.
63 Fuaireamar freisin nach raibh tuairisciú ar astaíochtaí meatáin ó mhianaigh atá dúnta agus tréigthe iontaofa ar bhealach leordhóthanach agus, cé is moite den Ghearmáin, nach n-úsáidtear meatán ó na mianaigh sin ach go measartha imeallach. Ní rialáiltear go leormhaith tuairisciú agus maolú na n-astaíochtaí seo faoi láthair, ach is é is aidhm don togra ón gCoimisiún a foilsíodh i mí na Nollag 2021 ná dul i ngleic leis na saincheisteanna sin (míreanna 49-56).
Moladh 2 – Dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le hastaíochtaí meatáin a thomhas agus a bhainistiú
Ag cur le togra 2021 le haghaidh Rialachán ar laghdú astaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh, ba cheart don Choimisiún samplaí de dhea-chleachtas sna Ballstáit maidir le tomhas agus bainistiú astaíochtaí meatáin ó mhianaigh atá dúnta nó tréigthe a bhailiú agus a chomhroinnt, .
Spriocdháta cur chun feidhme: 2025
Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 14 Méan Fómhair 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
Uachtarán
Acrainmneacha agus giorrúcháin
CC: Ciste Comhtháthaithe
CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
Cistí ESI: Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa
CO: Clár oibríochtúil
CO2: Dé-ocsaíd charbóin
CSE: Ciste Sóisialta na hEorpa
CUAC: An Ciste um Aistriú Cóir
JRC: An tAirmheán Comhpháirteach Taighde
PM2.5: Mínábhar cáithníneach
PNFA: Plean Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid
SWOT: Láidreachtaí, Laigí, Deiseanna agus Bagairtí
Gluais
Aeráidneodracht: Staid nach bhfuil aon ghlanéifeacht ag gníomhaíochtaí an duine ar an aeráid.
An Comhaontú Glas don Eoraip: Straitéis fáis an Aontais a glacadh in 2019, arb é is aidhm di aeráidneodracht a bhaint amach don Aontas faoi 2050.
Anailís SWOT: Measúnú ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí atá ag eintitis, dlínse nó cláir.
Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa: Na cúig phríomhchiste AE a thacaigh le forbairt eacnamaíoch ar fud an Aontais i dtréimhse 2014-2020: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh.
Clár oibríochtúil: An bunchreat maidir le tionscadal comhtháthaithe atá cistithe ag an Aontas a chur chun feidhme, ina léirítear na tosaíochtaí agus cuspóirí a leagtar síos i gcomhaontuithe comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.
Comhaontú comhpháirtíochta: Comhaontú idir an Coimisiún agus Ballstát nó tír nach bhfuil san Aontas i gcomhthéacs chlár caiteachais an Aontais, ina leagtar amach, mar shampla, pleananna straitéiseacha, tosaíochtaí infheistíochta nó téarmaí a bhaineann le téarmaí trádála nó forálacha cúnaimh forbartha.
Comhaontú Pháras: Comhordú idirnáisiúnta a síníodh in 2015 chun teorainn níos lú ná 2 C a chur le téamh domhanda agus gach iarracht é a chur síos go 1.5 C.
Fiontar beag nó meánmhéide (FBM): Gnólacht a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe iontu agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil acu nach mó ná € 50 milliún nó clár comhardaithe bliantúil a bhfuil iomlán níos lú na € 43 milliún aige.
Gás ceaptha teasa: Gás san atmaisféar – cosúil le dé-ocsaíd charbóin nó meatán – a ionsúnn agus a astaíonn radaíocht agus a dhéanann teas a ghaistiú, agus dá réir sin a bhíonn ag téamh dromchla an Domhain tríd an éifeacht cheaptha teasa.
Gual teirmeach: Gual a úsáidtear go príomha i ngléasraí cumhachta chun leictreachas agus teas a ghiniúint.
NUTS: Aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh - córas lena n-aicmítear réigiúin AE i dtrí ghrúpa de réir mhéid an phobail chun críoch staidrimh agus ceapadh beartas, agus NUTS 1 a bheith ina cheann is mó agus NUTS 3 a bheith ina cheann is lú.
Réigiúin atá dian ar charbón: Réigiúin ina n-úsáidtear breoslaí iontaise go forleathan chun leictreachas a ghiniúint, le haghaidh téamh, nó i bpróisis thionsclaíocha, rud a fhágann gur ann d’ardleibhéal gás ceaptha teasa.
Státchabhair: Tacaíocht dhíreach nó indíreach ón rialtas do ghnólacht nó eagraíocht, lena dtugtar buntáiste dó thar a iomaitheoirí.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar topaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta I - Úsáid Inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger, Comhalta den Chúirt. Rinneadh an iniuchóireacht seo faoi stiúir Nikolaos Milionis (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Kristian Sniter (Ceann na hOife Príobháidaí), Matteo Tartaggia (Ataisé san Oifig Phríobháideach), Emmanuel Rauch (Príomhbhainisteoir), Jindrich Dolezal (Ceann Cúraim), Gareth Roberts, Kurt Bungartz, Krzystof Zalega, Pekka Ulander, Maria Eulàlia Reverté I Casas agus Mihaela Vacarasu (Iniúchóirí). Thug Marika Meisenzahl tacaíocht ghrafach. Thug Richard Moore agus Laura McMillan tacaíocht teanga.

Ó chlé: Kristian Sniter, Emmanuel Rauch, Maria Eulàlia Reverté I Casas, Nikolaos Milionis, Matteo Tartaggia, Pekka Ulander, Jindřich Doležal.
Críochnótaí
2 An Coimisiún Eorpach – JRC, Treochtaí i réigiúin guail, móna agus scealla ola an Aontais le déanaí, 2021, lch. 61.
3 An Coimisiún Eorpach – JRC, Treochtaí i réigiúin ghuail, mhóna agus scealla ola an Aontais le déanaí, 2021, lch. 2-4.
4 An Coimisiún Eorpach – JRC, Treochtaí i réigiúin ghuail, mhóna agus scealla ola an Aontais le déanaí, 2021, lgh. 50 agus 65.
5 Cortes-Ramirez et al. Sláinte Poiblí BMC, Mortlaíocht agus galracht i bpobail i gcomharsanacht mianadóireachta guail: athbhreithniú córasach, 2018, lch. 1.
6 EEA, Cáilíocht Aeir san Eoraip 2021.
7 EEA, Fardal astaíochtaí na Treorach maidir le Gealltanais chun Astaíochtaí Náisiúnta a laghdú, sonraí le haghaidh 2019.
8 EEA, Fardal bliantúil gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh 1990-2019 agus tuarascáil fardail 2021, 2021.
9 EEA, Fardal bliantúil gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh 1990-2019 agus tuarascáil fardail 2021, 2021, lch. 344.
10 Rialachán (CE) Uimh. 1407/2002 ón gComhairle an 23 Iúil 2002 maidir le státchabhair do thionscal an ghuail (IO L 205, 2.8.2002, lch. 1).
11 Jonek-Kowalska, Izabela, Státchabhair agus iomaíochas an tionscail mianadóireachta guail crua san Aontas Eorpach, 2014.
12 Cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le Státchabhair chun dúnadh mianach guail neamhiomaíoch a éascú (2010/787/AE) (IO L 336, 21.12.2010, lch. 24).
13 Airteagail 1, 2, agus 4 de Rialachán (AE) 2021/1119 maidir leis an gcreat chun aeráidneodracht a bhaint amach (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
14 Ráitis ón Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Frans Timmermans maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar ar bheartas aeráide agus fuinnimh an Aontais i gCoiste ENVI, 7 Márta 2022.
15 An Coimisiún Eorpach – JRC, “Teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain i réigiúin ghuail – Deiseanna fostaíochta agus fáis: Ionchas imlonnaithe agus tionchair”, 2020, lch. 5.
16 An Coimisiún Eorpach, “Próifíl réigiúnach Ghleann Jiu”, An Tionscnamh le haghaidh Réigiúin Ghuail atá i mbun Aistrithe, 2020.
17 Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
18 An Coimisiún Eorpach – JRC, “Teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain i réigiúin ghuail – Deiseanna fostaíochta agus fáis, 2020, lch. 5-6
19 Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
20 Tuarascáil speisialta 02/2022: Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair – Roinnt coigiltis ar fhuinneamh ach laigí i bpleanáil agus i roghnú tionscadal, míreanna 117-120.
21 An Coimisiúin Eorpach, Measúnú 2019 ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh náisiúnta 2020 agus i dtreo an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme , mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(3) ón Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 2012/27/AE, Fíor 3, 2020 COM(2020) 326 final.
22 Coigiltis faoi Airteagal 7 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.
23 An Coimisiún Eorpach – JRC, Réigiúin ghuail AE: deiseanna agus dúshláin amach anseo, 2018.Teicneolaíochtaí Fuinnimh ghlain i réigiúin ghuail: Deiseanna fostaíochta agus fáis, 2020. An Coimisiún Eorpach - JRC, Treochtaí i réigiúin ghuail, móna agus scealla ola an Aontais le déanaí, 2021.
24 Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
25 Tuairim Uimh 5/2020 maidir le moltaí ón gCoimisiún 2020/0006 (COD) an 14 Eanáir 2020 agus an 28 Bealtaine 2020 maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag bunú an Chiste um Aistriú Cóir.
26 Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056.
27 Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis na pleananna críochacha um aistriú cóir, SWD (2021) 275 final.
28 EEA, Fardal bliantúil gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh 1990-2020 agus tuarascáil fardail 2022, 2022, lch. 80 agus 102.
29 EEA, Fardal bliantúil gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh 1990-2019 agus tuarascáil fardail 2021, 2021, lch. 346.
30 N. Kholod et al., Leanfaidh astaíochtaí meatáin domhanda ó mhianadóireacht guail de bheith ag fás fiú le táirgeadh guail ag titim, Journal of Cleaner Production, Imleabhar 256, 120489, 2020.
31 Bunachar Sonraí Meatán Mianach Guail, a d’fhorbair Clár For-rochtana um Meatán Gualmhianaigh na Gníomhaireachta um Cosaint an Chomhshaoil sna Stáit Aontaithe arna iarraidh sin ag Fochoiste Guail de chuid an Tionscnaimh Meatáin Domhanda.
32 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942, COM(2021) 805 final.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
ISBN 978-92-847-8799-9 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/874 | QJ-AB-22-020-GA-N | |
HTML | ISBN 978-92-847-8796-8 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/310 | QJ-AB-22-020-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:
Fíoracha 10, 15 – Deilbhíní: Dearadh na fíoracha seo trí acmhainní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.