Tuarascáil Speisialta Smacht reachta sna Balcáin Thiar
01 2022

Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: tá fadhbanna bunúsacha fós ann in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta

Maidir leis an tuarascáil:Tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna coiteanna de chuid na mBallstát AE agus tá sé cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is coinníoll bunúsach agus riachtanach é freisin do bhallraíocht san Aontas. Rinneamar iniúchadh féachaint an raibh tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar a bhí ag súil le haontachas leis an Aontas éifeachtach. Chinneamar, cé gur chuir gníomhaíocht an Aontais le hathchóirithe i réimsí teicniúla agus oibríochtúla, amhail feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbreithiúna agus reachtaíocht ábhartha a fhorbairt, is beag tionchar foriomlán atá aige sin ar athchóirithe bunúsacha an smachta reachta sa réigiún. Molaimid don Choimisiún an sásra chun athchóirithe ar an smacht reachta a chur chun cinn a neartú, dlús a chur leis an tacaíocht a thugtar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do na meáin neamhspleácha; an úsáid a bhaintear as coinníollacht a threisiú, chomh maith le tuairisciú agus faireachán tionscadal a neartú.

Tuarascáil Speisialta CIE de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil Speisialta Smacht reachta sna Balcáin Thiar

Achoimre feidhmiúcháin

I Shainmhínigh Comhairle na hEorpa an smacht reachta mar choincheap iltoiseach ina bhfuil gach gníomh poiblí laistigh de na srianta a leagtar amach ag an dlí i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus na gceart bunúsach agus faoi rialú cúirteanna atá neamhspleách agus neamhchlaonta. Ghlac AE an sainmhíniú sin agus tá an smacht reachta cumhdaithe aige in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar cheann de chomhluachanna na mBallstát. Is treoirphrionsabal é dá bheartas eachtrach. Is coinníoll bunúsach agus riachtanach é freisin do bhallraíocht AE.

II Faigheann na sé thír de chuid na mBalcán Thiar lasmuigh den Aontas (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia) maoiniú ó roinnt foinsí, ach is é an tAontas an deontóir is mó sa réigiún. Cuirtear cúnamh airgeadais AE ar fáil do na tíortha sin den chuid is mó tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II faoi láthair). Tá an smacht reachta ar cheann de naoi gcinn d’earnálacha tosaíochta IPA II. Mar sin, tugtar tacaíocht dó ó leithdháileadh buiséadach tiomnaithe arbh ionann é agus EUR 700 milliún don tréimhse 2014-2020.

III Rinneamar iniúchadh féachaint an raibh tacaíocht AE éifeachtach maidir leis an smacht reatha sna Balcáin Thiar le linn 2014-2020. Chumhdaigh na hiniúchóirí comhpháirteanna an cheartais i ndáil leis an smacht reachta, an bhreithiúnacht, frithéilithe agus cearta an duine, eadhon rochtain ar an gceartas agus saoirse cainte. Go háirithe, rinneamar measúnú féachaint an raibh tacaíocht deartha go maith agus ar bhain sé na torthaí a bhí beartaithe amach. Leagamar amach measúnú neamhspleách a chur ar fáil ar an ábhar seo, i bhfianaise straitéis an Aontais do na Balcáin Thiar i mí Feabhra 2018 agus i bhfianaise na n-athruithe a tháinig chun cinn in 2020 mar thoradh ar an modheolaíocht nua don chaibidlíocht aontachais.

IV Ar an iomlán, fuaireamar amach, cé gur chuir gníomhaíocht an Aontais le hathchóirithe i réimsí teicniúla agus oibríochtúla, amhail feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbreithiúna agus an reachtaíocht ábhartha a fhorbairt, is beag tionchar foriomlán atá aige sin ar athchóirithe bunúsacha an smachta reachta sa réigiún. Is í an easpa tola polaitiúla intíre chun na hathchóirithe is gá a chur chun cinn an phríomhchúis leis sin.

V Roinntear tosaíochtaí smachta reachta an Choimisiúin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ag meithleacha machnaimh agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ina ainneoin sin, ní leor tacaíocht intíre AE do ghníomhaíocht na sochaí sibhialta maidir leis an smacht reachta chun riachtanais na hearnála a chomhlíonadh agus ní dhéantar faireachán críochnúil ar a tionchar. Is gá timpeallacht shláintiúil do na meáin agus don tsochaí shibhialta chun prionsabail dhaonlathacha a chur chun cinn agus chun an gá le hathrú ar an mbealach chuig ballraíocht AE a chothú. Mar sin féin, is í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh an limistéar leis an dul chun cinn is lú i ngach ceann de na sé thír. I roinnt acu, tá an tacaíocht phoiblí do na hathchóirithe riachtanacha le haghaidh aontachais ag dul i léig.

VI Seachas easpa tola polaitiúla agus úinéireachta athchóirithe, is féidir bac a chur ar thionscadail IPA II mar gheall ar chumas riaracháin teoranta. Mar sin féin, ní bhaineann an Coimisiún úsáid chórasach as uirlisí éifeachtacha chun an riosca sin a mhaolú. Níl na rialacha maidir le cuir i bhfeidhm na coinníollachta polaitiúla soiléir. Tá clásail choinníollachta doichte in easnamh i IPA II lena ndéanfaí athchóirithe atá ina stad ar an smacht reachta a nascadh go díreach le srian a chur le cistiú in earnálacha eile.

VII Is céim sa treo ceart í an mhodheolaíocht don chaibidlíocht aontachais atá i bhfeidhm ó 2020, ós rud é go gcuireann braisliú caibidlí idirbheartaíochta ar chumas an Choimisiúin dul i ngleic le réimsí a bhaineann leis an smacht reachta ag an am céanna le linn na caibidlíochta aontachais. Tá an mhodheolaíocht nua ró-dhéanach le haghaidh torthaí suntasacha áfach.

VIII Ar bhonn na gconclúidí sin, molaimid don Choimisiún agus do SEGS an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an sásra a neartú chun athchóirithe ar an smacht reachta a chur chun cinn i bpróiseas an mhéadaithe;
  • dlús a chur leis an tacaíocht don tsochaí shibhialta atá ag gabháil d’athchóirithe ar an smacht reachta agus do neamhspleáchas na meán;
  • an úsáid a bhaintear as coinníollacht in IPA III a threisiú;
  • tuairisciú agus faireachán ar an tionscadal a neartú.

Réamhrá

01 Thug an Coimisiún “an cnámh droma atá ag gach daonlathas bunreachtúil nua-aimseartha” ar an smacht reachta[1]. De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna bunúsacha a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe orthu agus is treoirphrionsabal é an smacht reachta don ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais[2]. Tá sé fréamhaithe go láidir sa phróiseas aontachais agus is coinníoll bunúsach agus riachtanach é do bhallraíocht AE[3]. Dírítear sa chaibidlíocht aontachais ar chorpas dlí AE a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Tugtar an acquis air, tá 35 ‘chaibidil’ reachtacha ann a chruthaíonn na rialacha a bhfuiltear ag súil go n-aontóidh na Ballstáit uile AE.

02 Tagraíonn an ‘smacht reachta do luach AE atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh an Aontais. Áirítear ann prionsabail na dlíthiúlachta lena dtugtar le tuiscint go bhfuil próiséas reachtóireachta trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch ann; deimhneacht dhlíthiúil; toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cosaint bhreithiúnach éifeachtach, lena n-áirítear rochtain ar an gceartas, ag cúirteanna neamhspleách agus neamhchlaonta maidir le cearta bunúsacha freisin; scaradh na gcumhachtaí agus comhionnanas faoin dlí[4]. Tá sé bhunphrionsabal[5] (féach Figiúr 1) sa smacht reachta, atá aitheanta ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa agus ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Figiúr 1 – Prionsabail an smachta reachta

Foinse: CIE.

03 Ar cheann de phríomhghnéithe an smachta reachta fheidhmiúil, tá cumas cumhachtaí na scothaicmí polaitiúla agus eacnamaíocha a rialú.[6] I ndáil leis sin, tá dlúthnasc idir an smacht reachta a neartú agus leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe[7], atá ar cheann dá phríomhbhagairtí. Tagann treallachas agus mí-úsáid cumhachtaí as éilliú agus bíonn tionchar diúltach aige ar phrionsabail na dlíthiúlachta agus na deimhneachta dlíthiúla, rud a bhaineann bonn d’iontaobhas na saoránach as a n-institiúidí. Is cuid lárnach é an smacht reachta don fhás eacnamaíoch freisin. Cé go bhfuil acmhainneacht eacnamaíoch shuntasach ag tíortha na mBalcán Thiar, cuireann laigí sa smacht reachta, institiúidí atá ag feidhmiú go dona, agus stáit a dhéanann an iomarca bac ar fhorbairt eacnamaíoch[8].

Na Balcáin Thiar

04 Mar gheall ar ghéarchéim eacnamaíoch agus pholaitiúil na 1980idí, mar aon le hathbheochan an náisiúnachais, thit an Iúgslaiv as a chéile sna 1990idí ar theorainneacha a comhphoblachta, agus tháinig coinbhleacht armtha roimh an ngéarchéim sin go ginearálta. Bunaíodh cúig thír neamhspleácha agus ina dhiadh sin tháinig Montainéagró (2006) agus an Chosaiv (2008). Maidir leis an Albáin, deachtóireacht chumannach iomlán scoite a bhí inti go dtí 1991, nuair a bhí uirthi a riarachán poiblí a atógáil ó thús. Is ballstáit AE anois iad an tSlóivéin (2004) agus an Chróit (2013). Bhí tionchar ag coinbhleachtaí tromchúiseacha, eitneacha, polaitiúla agus eacnamaíocha ar na sé thír de chuid na mBalcán Thiar atá fágtha ach tá gach ceann acu ag iarraidh teacht isteach san Aontas Eorpach, agus is iarrthóirí nó iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht iad na sé cinn acu (féach Figiúr 2).

Figiúr 2 – Tíortha ar iarrthóirí iad agus iarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ann do bhallraíocht AE i réigiún na mBalcán Thiar.

Foinse: CIE.

05 Mar sin féin tá an babhta mhéadaithe atá ann faoi láthair i bhfad níos faide ná aon chaibidlíocht a rinneadh roimhe seo. Mar shampla, tá caibidlíocht á déanamh ag Montainéagró ó 2012 agus ag an tSeirbia ó 2014, gan ach trí chaibidil agus dhá chaibidil a dhúnadh go sealadach faoi seach. Ina theachtaireacht[9] in 2018 maidir leis an méadú agus na Balcáin Thiar, d’aithin an Coimisiún go soiléir staid thromchúiseach an smachta reachta sa réigiún, inar luadh go raibh “gnéithe soiléire de ghreamú stáit lena n-áirítear naisc leis an gcoireacht eagraithe agus leis an éilliú ar gach leibhéal rialtais agus riaracháin, mar aon le fostú láidir na leasanna poiblí agus príobháideacha”.

06 Thug roinnt staidéar faoi deara go bhfuil formhór na rialtas sa réigiún níos údarásaí le 10 mbliana anuas in ainneoin dul chun cinn foirmiúil a dhéanamh i dtreo ballraíochta AE[10]. Measann siad gur éirigh leis na rialtais sna Balcáin Thiar tiomantas foirmiúil don daonlathas agus don lánpháirtiú Eorpach a chomhcheangal le cleachtais fhorlámhacha neamhfhoirmiúla. Mar a tharlaíonn, measann Freedom House ina thuarascáil bhliantúil maidir le stádas an daonlathais, go bhfuil réimis[11] idirthréimhseacha nó hibrideacha ag na sé thír go léir sna Balcáin Thiar agus cé is moite den Mhacadóin Thuaidh, ó thaobh treochta chobhsaí nó meathlaithe de (féach Figiúr 3)[12].

Figiúr 3 – Scór an daonlathais sna Balcáin Thiar

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó Freedom House.

07 Is cúis imní i gcónaí é an t-éilliú i ngach tír sa réigiún. Tuairiscíonn Transparency International gur minic a theipeann ar chórais cheartais chóiriúil na cásanna ardleibhéil éillithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus smachtbhannaí a ghearradh ina leith go héifeachtach. Is minic a ghearrtar pianbhreitheanna atá éadrom go díréireach orthu siúd a chiontaítear. Rith rialtais sa réigiún go leor dlíthe a thugann tús áite do chairdeas fabhair, le tionchair lena n-airítear dámhachtain conarthaí pribhléide, monaplachtaí sa tionscal agus fostú oifigeach poiblí atá ar bheagán cáilíochtaí a chumasóidh éilliú[13].

08 Mar sin féin, is minic a cheistigh toghcháin sa réigiún le déanaí sothaicmí rialuithe. I Montainéagró, chaill an páirtí rialaithe na toghcháin pharlaiminteacha i mí Lúnasa 2020 do chomhghuaillíocht fhorleathan fraasúra tar éis níos mó ná 30 bliain i gcumhacht. I dtoghcháin bhardasacha i mBoisnia agus an Heirseagaivéin i mí na Samhna 2020, thréig saoránaigh iarrthóirí ó na trí pháirtithe eitneacha agus thacaíodar le daoine seachtracha polaitiúla. Choinnigh vótálaithe na Cosaive a vóta siar ó pháirtithe bunaithe, mar sin, tháinig gluaiseacht freasúra a bhí ann roimhe sin chun cinn mar phríomhbhuaiteoir coibhneasta thoghcháin na Cosaive i mí Feabhra 2021[14]. San Albáin, d’fhill toghcháin mhí na Bealtaine 2021 ar bhallóid na bpáirtithe uile, an chéad uair a tharla sé sin ó 2017. Cé gur thuairiscigh breathnóirí cúiseanna imní maidir le mí-úsáid acmhainní stáit nó feidhmeanna ag an bpáirtí rialaithe agus pearsana poiblí[15], sheol Oifig an Ard-Ionchúisitheora imscrúduithe ar roinnt cásanna tuairiscithe.

Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar:

09 I mí Feabhra 2018, ghlac an Coimisiún straitéis “Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh rannpháirtíocht fheabhsaithe ón Aontas leis na Balcáin Thiar”. Leagtar amach sa straitéis plean gníomhaíochta ina bhfuil sé thionscnaimh shuaitheanta a spriocdhíríonn ar réimsí sonracha comhleasa, an smacht reachta ina measc, a bhí le cur chun feidhme idir 2018 agus 2020.

10 In 2020, tháinig ‘braisliú’ na gcaibidlí idirbheartaíochta de bharr athrú ar an modheolaíocht don chaibidlíocht aontachais[16]. Tá ról lárnach ag an mbraisle téamach maidir le ‘bunphrionsabail’ (smacht reachta, critéir eacnamaíocha agus athchóiriú ar an riarachán poiblí). Osclaítear na caibidlí sa bhraisle seo ar dtús agus dúntar ar deireadh iad, agus is gá dul chun cinn leordhóthanach sa réimse sular féidir braislí eile a oscailt. Leis an modheolaíocht aontachais, athdhearbhaítear i measc nithe eile úsáid chórasach as misin athbhreithnithe ag piaraí ar leith. Chomh maith leis sin, sínítear misin chomhairleacha maidir leis an smacht reachta chuig gach tír agus go mbunaítear pleananna gníomhaíochta mionsonraithe i ndáil leis an smacht reachta.

11 Díríonn AE ar raon leathan réimsí a bhaineann leis an smacht reachta (féach Figiúr 4).

Figúir 4 – Smacht Reachta - réimsí cúnaimh ó AE

Foinse: CIE.

12 Tá cúnamh bunaithe ar dhá shruth gníomhaíochta atá fite fuaite ina cheile: (i) idirphlé polaitiúil agus beartais agus (ii) tacaíocht airgeadais, trí IPA II den chuid is mó (féach Figiúr 5).

Figiúr 5 – AE agus na Balcáin Thiar: ó idirphlé polaitiúil agus beartais go tacaíocht airgeadais

Foinse: CIE.

13 Tá an Chomhairle, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus an Coimisiún Eorpach (an Coimisiún, ina dhiaidh seo) i mbun idirphléite pholaitiúil agus beartais faoin bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais níos leithne an Aontais agus a bheartas i dtreo na mBalcán Thiar, lena n-áirítear aidhm na hidirbheartaíochta aontachais agus ballraíocht AE ar deireadh. Leagann an Coimisiún cuspóirí agus tosaíochtaí don athchóiriú i bpáipéir straitéise ilbhliantúla agus cuireann sé treoir trí theachtaireachtaí ar fáil (féach míreanna  14-16).

14 Faigheann na Balcáin Thiar maoiniú ó roinnt foinsí (na Stáit Aontaithe, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Ballstáit den Aontas Eorpach) ach is é an tAontas an deontóir is mó sa réigiún[17]. Cuirtear cúnamh airgeadais AE ar fáil tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II faoi láthair)[18], a thacaíonn le glacadh agus le cur chun feidhme na n-athchóirithe is gá do bhallraíocht AE. Bíonn cúnamh ar fáil i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear deontais, tacaíocht bhuiséadach, fothú acmhainneachta,nascadh, cúnamh teicniúil agus malartú faisnéise.

15 Tá an smacht reachta ar cheann de naoi gcinn d’earnálacha tosaíochta IPA II le tacaíocht ó leithdháileadh buiséadach tiomnaithe do gach tír. Le linn 2014-2020, leithdháileadh thart ar EUR 0.7 billiún ar na Balcáin Thiar chun tacú leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha arb ionann é agus 16 % de chúnamh déthaobhach uile an Aontais do na tíortha sin (féach Tábla 1)[19].

Tábla 1 - Leithdháileadh déthaobhach airgeadais ICR II don smacht reachta agus do chearta bunúsacha

  (ina milliúin euro)
Líne Bhuiséid Tír 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 Iomlán
22 02 01 01 An Albáin 4 13 23 0 59 13 23 134
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin 2 23 3 30 60 117
An Chosaiv 21 23 8 3 16 6 13 94
An Mhacadóin Thuaidh 20 0 15 0 1 1 20 57
Montainéagró 7 21 0 0 15 0 0 42
An tSeirbia 28 28 46 72 29 0 44 246
Iomlán do na Balcáin Thiar 82 108 95 105 180 20 105 690

Foinse:CIE ar bhonn na bpáipéar straitéise táscach do gach tír don tréimhse 2014-2020, ar fáil ag leathanach gréasáin AS NEAR maidir le méadú.

16 Is í an Chomhairle a ghlacann cinntí tábhachtacha sa phróiseas aontachais, ó stádas mar iarrthóir do caibidlí idirbheartaíochta a oscailt agus a dhúnadh, ag gníomhú di d'aon toil. Go praiticiúil, déanann an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta maoirseacht ar phróiseas méadaithe an Aontais agus ar chaibidlíocht aontachais agus déanann sí an staid a mheas uair sa bhliain. Bunaítear pléití agus aon chinntí a thagann astu ar an teachtaireacht bhliantúil ón gCoimisiún maidir le méadú agus tuarascálacha ar dhul chun cinn tíre aonair.

17 Ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i Sóifia i mí na Bealtaine 2018, chomhaontaigh an tAontas agus na Ballstáit le liosta gníomhaíochtaí chun tacú leis an smacht reachta a neartú agus dea-rialachais sna Balcáin Thiar. “Clár Oibre Tosaíochta Shóifia” a thugtar air sin:

  • Feabhas a chur ar an tacaíocht d’athchóiriú breithiúnach agus d’iarrachtaí chun an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac, lena n-áirítear fothú acmhainneachta chun an t-éilliú a chosc;
  • Síneadh a chur le misin chomhairliúcháin maidir leis an smacht reachta le tacaíocht mhéadaithe ó na Ballstáit agus ón Aontas;
  • Faireachán ar athchóirithe a fheabhsú trí mhisin athbhreithnithe piaraí cásbhunaithe ar thaithí níos córasaí;
  • Faireachán ar thrialacha a thabhairt isteach i réimse an éillithe thromchúisigh agus na coireachta eagraithe;
  • Obair a dhéanamh chun torthaí in athchóiriú breithiúnach a thomhas ar bhealach níos fearr;
  • Tacaíocht do na Balcáin Thiar a fheidhmiú tríd an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais i réimse na meán neamhspleách, iolraíoch agus na sochaí sibhialta.

Raon feidhme agus cur chuige na hiniúchóireachta

18 Ba é cuspóir ár n-iniúchadh ná féachaint an raibh tacaíocht AE[20] éifeachtach maidir le smacht reatha sna Balcáin Thiar. Leagamar amach measúnú neamhspleách a chur ar fáil ar an ábhar sin, i bhfianaise straitéis an Aontais maidir le méadú do na Balcáin Thiar i mí Feabhra 2018 agus i bhfianaise na n-athruithe a tháinig chun cinn in 2020 mar thoradh ar an modheolaíocht nua don chaibidlíocht aontachais.

19 Chun freagra a thabhairt ar an bpríomhcheist iniúchta, mheasamar na fo-cheisteanna seo a leanas:

  • Ar dearadh go maith tacaíocht an Aontais don smacht reachta sna Balcáin Thiar?
  • Ar éirigh le tacaíocht an Aontais na torthaí ionchasacha don smacht reachta a bhaint amach?

20 Rinneamar iniúchadh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhachtaí SEGS sna Balcáin Thiar. Maidir leis na sé thír éagsúla sna Balcáin Thiar (féach Figiúr 2), dhíríomar ar (a) IPA II arb é an phríomhionstraim ag tacú leis an smacht reachta sa réigiún agus (b) idirphlé polaitiúil agus beartais an Aontais le húdaráis náisiúnta.

21 Chuireamar teorainn lenár n-iniúchadh chun cúnamh a thabhairt do chroí-institiúidí stáit agus príomh-gheallsealbhóirí eile, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna réimsí seo a leanas:

  • Ceartas agus an bhreithiúnacht, lena n-áirítear neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, cuntasacht, gairmiúlacht agus inniúlacht, cáilíocht an cheartais agus éifeachtúlacht;
  • Bearta frith-éillithe, gnéithe coisctheacha agus imscrúdaitheacha den cheartas coiriúil agus an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe.
  • Cearta an duine - iad siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an smacht reachta, amhail an ceart chun triail chóir a fháil agus rochtain ar cheartas, agus iad siúd a bhfuil impleachtaí smacht reachta acu amhail an saoirse cainte (go háirithe neamhspleáchas na meán)[21].

22 Áiríodh inár gcuid oibre athbhreithniú ar dhoiciméadacht uile an Aontais ar mhéadú, tuarascálacha bainistíochta, conclúidí ón gComhairle agus ó na coistí cobhsaíochta agus comhlachais, páipéir straitéise náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta. Rinneamar anailís mhionsonraithe ar 20 tionscadal maidir leis an smacht reachta arna maoiniú ag an IPA II sna sé thír sna Balcáin Thiar le linn na clárthréimhse 2014-2020. Díríodh sna tionscadail sin, ar chumas na mbreithiúna a neartú nó an comhrac in aghaidh an éillithe nó coireacht eagraithe, trí chúnamh theicniúil, rinneamar iniúchadh freisin ar dhá thionscadal tógála agus ar thionscadail amháin a thacaíonn le ESSanna. Chun liosta iomlán de na tionscadail a fháil, féach Iarscríbhinn I.

23 Chuireamar agallamh ar ionadaithe ón gCoimisiún, ó SEGS agus ó phíomh-chomhpháirtithe san Albáin, sa tSeirbia agus sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin chun ár n-anailís a mholadh. Chuireamar agallamh freisin ar na príomhinstitiúidí lena mbaineann an smacht reachta san Albáin agus sa tSeirbia, chomh maith le mórpháirtithe amhail Comhairle na hEorpa, deontóirí idirnáisiúnta eile agus ESSanna (féach Iarscríbhinn I freisin). Ar deireadh, fuaireamar cúnamh ó phainéal de thriúr den lucht acadúil seachtrach atá ag sainfheidhmiú sa smacht reachta sna Balcáin Thiar.

Barúlacha

Tá tosaíochtaí an Aontais don smacht reachta sna Balcáin Thiar soiléir, ach ní thugtar aghaidh ar na príomhrioscaí ar bhealach leordhóthanach

24 Sa roinn seo, dhéanamar leagan amach thacaíocht AE a scrúdú don smacht reachta sna Balcáin Thiar. Go háirithe, déanaimid measúnú féachaint ar shainaithin an Coimisiún agus SEGS príomhthosaíochtaí an smachta reachta sa réigiún agus ar thugadar aghaidh orthu agus féachaint an bhfuil na tosaíochtaí comhsheasmhach le ráitis pholaitiúla an Aontais agus le tosaíochtaí a shainaithin eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, le saineolaithe agus meithleacha. Scrúdaímid an méid feabhas a léiríodh an t-idirphlé polaitiúil agus beartais maidir leis an smacht reachta sa stráitéis táscach arna tharraingt suas ag an gCoimisiún le gach ceann de na sé thír agus conas a rinneadh gníomhaíocht nithiúil de ina dhiaidh sin. Déanaimid measúnú freisin agus gníomhaíocht á pleanáil aige, chuir an Coimisiún na bearta nithiúla san áireamh chun na rioscaí don éifeachtúlacht agus don tionchar a mhaolú.

Léirítear i dtacaíocht IPA II tosaíochtaí polaitiúla AE, ach níor tugadh aghaidh ach i bpáirt ar phríomhról na sochaí sibhialta sa smacht reachta.

25 Ní mór tacaíocht AE a ailíniú le tosaíochtaí polaitiúla arna gcomhaontú idir an tAontas agus na tíortha ar iarrthóirí iad agus a riachtanais shonracha a fhreagairt. Chuige sin, ní mór don Choimisiún a thosaíochtaí polaitiúla a fhorbairt, bunaithe ar mheasúnuithe sonracha tíre na bpríomhbhacainní ar an smacht reachta a fheabhsú.

26 Sa mheasúnú a rinneamar ar dhoiciméid phleanála agus chur chun feidhme IPA II ón tréimhse 2014-2020, taispeántar ailíniú le doiciméid bheartais agus idirphlé pholaitiúil, amhail comhsheasaimh AE ar chomhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais (CCCanna) agus torthaí chruinnithe an fhochoiste maidir le ceartas, saoirse agus slándáil. I roinnt cásanna, chuir earnálacha an smachta reachta arna sainaithint ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún i CCCanna araon agus tuarascálacha maidir le méadú cuspóirí sonracha san áireamh sna chláir ghníomhaíochta éagsúla, agus cuireadh isteach i dtionscadail maoinithe iad. Tugann Figiúr 6 sampla den nasc idir an dá shruth gníomhaíochta. Léirigh an t-athbhreithniú a rinneamar ar shampla de thuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus meithleacha machnaimh gur chuireadar chun solais na saincheisteanna cosúil leis na saincheisteanna ar a dhírigh an Coimisiún orthu.

Figiúr 6 – An Albáin: comhsheasmhacht idir idirphlé polaitiúil agus tacaíocht airgeadais

Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid ón gCoimisiún agus ón gComhairle.

27 Foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha bliantúla ar an méadú le faisnéis faoi staid an smachta reachta i ngach tír. Sna measúnuithe bliantúla sin, cuirtear an méid a baineadh amach le linn na bliana roimhe sin i láthair sna réimsí a sainíodh i ndoiciméid phleanála IPA II agus ráitis pholaitiúla araon. Ina theannta sin, sainíodh moltaí agus treoir ar thosaíochtaí don athchóiriú, amhail reachtaíocht atá ann cheana a leasú nó reachtaíocht nua a ghlacadh ag teacht le caighdeáin AE nó moltaí Chomhairle na hEorpa. Ós rud é go gcuireann siad béim ar roinnt riachtanas an smachta reachta, tá siad úsáideach agus tacaíocht IPA á ceapadh amach anseo. Ní dhéantar nasc córasach sna tuarascálacha (nó ar easpa dul chun cinn) le gníomhaíochtaí sonracha AE ná conas a d’fhéadfadh AE cabhrú leis na moltaí a chur chun feidhme agus a n-aidhm á gcomhlíonadh acu maidir le faisnéis a chur ar fáil faoin bpróiséas méadaithe.

28 Tá ról lárnach ag ESSanna maidir le freagrúlacht an rialtais agus saoirse cainte a áirithiú. Léirigh an t-athbhreithniú a rinneamar ar chomhsheasaimh AE ar CCCanna agus miontuairiscí chruinnithe an fhochoiste maidir le ceartas, saoirse agus slándáil nár thug AE aghaidh go córasach ar ról ESSanna sna cruinnithe sin ach amháin san Albáin.

29 Mhéadaigh an Coimisiún a thacaíocht airgeadais do ESSanna tríd an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais agus ionstraimí eile (féach sampla de thionscadal a thacaíonn le ESSanna i mír  51). Mar sin féin, de réir na fianaise, ní leor an tacaíocht a thugann AE don tsochaí shibhialta maidir leis an smacht reachta chun riachtanais na hearnála a chomhlíonadh (féach mír  30-31 agus  70) agus go bhfuil sí bunaithe ar thionscadail ghearrthéarmacha go príomha. Tá tugtha dá haire ag meastóireacht neamhspleách faoin smacht reachta go gcomhchuibhíonn an dul chun cinn neamhleor le “rannpháirtíocht leordhóthanach nó imeallú na sochaí sibhialta” i measc nithe eile[22].

30 Cháin Transparency International freisin an easpa comaoine chuí a rinneadh ar ról ESSanna, san idirphlé polaitiúil agus i dtacaíocht airgeadais araon ina mheasúnú ar Theachtaireacht 2018 maidir le méadú[23]. I gcomhthéacs na ndúshlán a bhaineann le saoirse chun tuairimí a nochtadh, is ábhar imní ar leith é sin i gcónaí i ngach ceann de na sé thír sna Balcáin Thiar (féach míreanna  66-67).

31 Thairis sin, níor bhain an Coimisiún úsáid as táscaire faireacháin IPA 3 “Céadatán de phróisis ceaptha beartais agus athchóirithe ina dtéitear i gcomhairle go héifeachtach leis an tsochaí shibhialta” (faoi chuspóir sonrach 1 “athchóirithe polaitiúla”) dá thuairisciú, a laghdaigh faireachán a dhéantar ar an dul chun cinn sa réimse seo. Go deimhin, mheas meastóireacht faireacháin IPA II go bhféadfadh an táscaire “faisnéis an-úsáideach a sholáthar maidir le rannpháirtíocht ESSanna in IPA II”[24].

Ní dhéanann an Coimisiún na príomhrioscaí maidir le tionchar inbhuanaithe um ghníomhaíocht AE a mhaolú go córasach

32 Is iad toil pholaitiúil agus úinéireacht na n-athchóirithe na príomhrioscaí ó thaobh thionchar agus inbhuanaitheacht na tacaíochta AE, go háirithe nuair a bhíonn an cumas riaracháin lag. Le toil pholaitiúil neamhleor, baintear an bonn ó úinéireacht tionscadail agus lagaítear an gealltanas aschuir thionscadal a úsáid nó tógáil orthu chun an clár oibre athchóirithe a chur chun cinn tuilleadh. Cuirfear bac ar dhul chun cinn mar gheall ar chumas riaracháin lag (mar shampla, pearsanra agus oiliúint neamhleor, nó easnamh beartais maidir le coinneáil foirne as a dtagann rátaí arda láimhdeachais) mar aon le pá íseal d’oifigigh agus do bhaill foirne eile atá bainteach leis na hathchóirithe. Táthar ag súil go ndéanfaidh na rioscaí seo a shainaithint agus na coimircí riachtanacha a chur le chéile sa tacaíocht a thabharfaidh sé.

33 Léirigh an t-athbhreithniú a rinneamar ar na doiciméid i leagan amach an tionscadail inár sampla, nach ndearnadar dóthain gníomhaíochta mhaolaithe cé gur shainaithin an Coimisiún agus a chompháirtithe cur chun feidhme na rioscaí sin i ngach ceann de na sé thír sna Balcáin Thiar (féach mír  35 agus  37).

Is minic nach mbíonn na bearta éifeachtach chun dul i ngleic le cumas riaracháin lag agus le linn an tionscadal a chur chun feidhme.

34 Ba é an cuspóir don 18 dtionscadal inár sampla ná gairmiúlacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht na n-institiúidí spriocdhírithe a mhéadú agus bhí fothú acmhainneachta mar phíomhghné na ngníomhaíochtaí maoinithe. Caithfidh tíortha compháirtíochta tiomantas leordhóthanach a léiriú ionas go mbeidh na gníomhaíochtaí sin éifeachtach, trí fhoireann leormhaith, saoráidí, buiséadacha agus uirlisí TF a chur ar fáil mar shampla. Shainaithin an Coimisiún na réamhriachtanais sin agus chuireadar san áireamh iad i dtéarmaí tagartha na nglaonna ar thionscadail, ach níor mhol na comhpháirtithe cur chun feidhme aon ghníomhaíocht shonrach a chuirfeadh ar a gcumas comhlíonadh na ngealltanas a tugadh a fhorfheidhmiú.

35 Áirithíonn comhpháirtithe cur chun feidhme a áirítear sna tograí tionscadail agus sna frásaí conartha amhail “dul i rannpháirtíocht go luath leis an riarachán”, “trédhearcacht a áirithiú maidir le tionscadal a chur chun feidhme”, “dréachtú oscailte agus rannpháirteach a chinntiú”. Ós rud e nach féidir leo iallach a chur ar chomhpháirtithe cur chun feidhme gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, ní mheasaimid gur bearta éifeachtacha iad le riosca a mhaolú áfach. Thugamar faoi deara go ndearna roinnt toscaireachtaí AE iarracht idirghabhail a dhéanamh trí idirphlé beartais agus polaitiúil chun an maoiniú riachtanach agus/nó foireann a ghnóthú le haghaidh athchóirithe atá maoinithe ag an Aontas. Toisc nach bhfuil réamhriachtanais mhionsonraithe i gcomhaontuithe deontais, tá teorainn leis an méid is féidir leo a bhaint amach.

Braitheann IPA II ar thoil pholaitiúil intíre chun athrú agus úinéireacht ar athchóiriú a spreagadh

36 Beidh an toil pholaitiúil agus an úinéireacht pholaitiúil thar a bheith tábhachtach maidir le rath ar aon athchóirithe. I bprionsabal, tá tíortha na mBalcán Thiar tiomanta d’athchóiriú de bhun a stádas mar iarrthóirí/iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht AE. D’aithin[25] AE gur minic a bhíonn an gealltanas sin easpach. Mar shampla, d’iarr an teachtaireacht 2020 maidir le feabhas a chur ar an bpróiseas aontachais ar cheannairí na mBalcán Thiar a dtiomantas a chomhlíonadh ar bhealach níos inchreidte maidir lena n-athchóirithe bunúsacha is gá a bhaint amach, cibé acu idir an smacht reachta nó ar éilliú a chomhrac[26]. Sna tuarascálacha tíre mar chuid de phacáiste bliantúil an Choimisiúin maidir le méadú, níl aon roinn do mheasúnú na húinéireachta athchóirithe ná na tola polaitiúla. Mar sin féin, i ngach ceann de na sé thuarascáil, tá nasc seasta ag an gCoimisiún leis an easpa úinéireachta gan aon dul chun cinn fóinteach a bheith déanta.

37 Cé gur féidir le IPA II an bealach a réiteach don athrú institiúideach, ní féidir athchóirithe a dhéanamh ach amháin le tacaíocht pholaitiúil intíre. Taispeánann ár n-iniúchadh ar na tionscadail a bhí mar shampla dúinn go raibh tacaíocht pholaitiúil láidir. Téann na gníomhaíochtaí sin ar aghaidh de réir mar a bheartaítear nuair a dhíríonn comhpháirteanna tionscadail ar chúnamh teicniúil, acmhainneacht agus éifeachtúlacht institiúideach a fheabhsú. Mar shampla, i gcás ina ndíríonn comhpháirteanna ar leasuithe ar an gcreat reachtach d’fhonn neamhspleáchas agus cuntasacht a neartú (amhail i gcás tionscadal 14 agus 15), is minic a bhíonn gealltanas polaitiúil níos laige ann. Féach Bosca 1 do shamplaí den chaoi a dhéanann toil pholaitiúil difear d’athchóirithe sa tSeirbia.

Bosca 1

An tSeirbia: Cuirtear moill ar athchóirithe bunreachtúla tábhachtacha d’aineoinn an méid a dhéanann AE chun cuidiú le héifeachtúlacht bhreithiúnach atá méadaithe

Chomh luath le 2014, leag Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an tSeirbia béim ar an tábhacht a bhaineann le hathruithe bunreachtúla in earnáil an cheartais. Bunaíodh clár gníomhaíochta IPA II 2016 “Tacaíocht d’éarnáil an cheartais” d’fhonn tacú le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta chaibidil 23 chun breithiúna neamhspleácha, cuntasacha agus éifeachtúla a bhaint amach, lena n-áirítear trí bhíthin athchóiriú bunreachtúil.

Ag cruinnithe 2018 agus 2019 araon d’fhochoiste AE- na Seirbia um cheartas, saoirse agus slándáil áfach, thug an Coimisiún faoi deara go raibh moill ann i nglacadh na leasuithe bunreachtúla a leagadh síos mar thagarmharc eatramharch sa phlean gníomhaíochta faoi chaibidil 23. Cuireadh an t-athchóiriú bunreachtúil atá beartaithe ar athló go dtí tar éis thoghcháin pharlaiminteacha mhí an Mheithimh 2020.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’fhógair an Aireacht Dlí agus Cirt an ceathrú leagan de dhréachtleasuithe ar an mBunreacht. D’fhógair Comhlachas na n-Ionchúisitheoirí Poiblí agus Leas-Ionchúisitheoirí Poiblí na Seirbia, Cumann Bhreithiúna na Seirbia, Coiste na nDlíodóirí um Chearta an Duine, an Lárionad Taighde Breithiúnach agus Ionad Bhéalgrád um Chearta an Duine i ráiteas comhpháirteach “go neartaíonn na leasuithe atá beartaithe tionchar polaitiúil ar na breithiúna”. Ag an am céanna, chuir Comhairle na hEorpa in iúl, trína Grúpa Stát in aghaidh na hÉillitheachta (GRECO), go raibh imní uirthi faoi “an comhshaol sách achrannach inar tharla an próiseas comhairliúcháin”.

I mí na Nollag 2020, lean an rialtas nuacheaptha ar aghaidh leis an bplé maidir le hathchóiriú bunreachtúil. Glacadh an téacs sa choiste parlaiminteach an 21 Meán Fómhair 2021 agus fuair sé tuairim fhabhrach ó Choimisiún na Veinéise i mí Dheireadh Fómhair 2021, lena n-áirítear príomh-mholtaí. Caithfear aghaidh a thabhairt ar na moltaí sula nglacfar na leasuithe sa Pharlaimint agus sula mbeidh reifreann ann.

Le linn na tréimhse céanna, baineadh torthaí suntasacha as tionscadal 12 (maidir le éifeachtúlacht bhreithiúnach) a maoiníodh in 2015 agus a cuireadh chun feidhme idir 2016 agus 2018. Sa 2.5 bhliain den tionscadal, rinneadh beagnach 1 milliún cás a imréiteach ón riaráiste agus leathnaíodh na bearta éifeachtúlachta chuig cúirteanna a raibh níos mó ná 82 % de dhaonra na Seirbia á gcumhdach acu. Ina thuarascáil tíre in 2018, d’aithin an Coimisiún na hiarrachtaí a rinne an tSeirbia sa réimse oibríochtúil sin.

Ghnóthaigh coinníollacht láidir torthaí ach níor cuireadh i bhfeidhm go córasach í

38 Is mór an buntáiste iad clásail choinníollachta chun brú athchóirithe a chur i bhfeidhm agus is féidir leo rioscaí na tola neamhleoire polaitiúla nó cumas riaracháin a mhaolú. Ciallaíonn coinníollacht conarthaí nó cúnamh a dhéanamh atá ag brath ar réamhghnóthas chun coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. I gcás IPA II, rinne an Coimisiún tagairt arís agus arís eile do “choinníollacht shrianta” ar leibhéal an tionscadail ina straitéisí um méadú i ndiaidh a chéile, gan an téarma a shainiú go sonrach.

39 Foráiltear le rialachán IPA II do dhá chineál coinníollacha chun athchóirithe a chothú. Is é an chéad cheann ná úsáid a bhaintear as luach saothair feidhme, sásra dreasachtaí airgeadais do thairbhithe a dhéanann dul chun cinn ar leith chun an critéar ballraíochta a chomhlíonadh agus/nó cúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil. Ar an dara dul síos, tugtar isteach ceanglais bhreise maidir leis an gcabhair a eisíoc de réir a chéile. Chuir an Coimisiún ceanglais den sórt sin i bhfeidhm in dhá cheann de na sé thír sna Balcáin Thiar. Sa Chosaiv, rinne coiste faireacháin IPA cur i gcrích na n-athchóirithe a nascadh, go háirithe i réimse an athchóirithe ar an riarachán poiblí agus i réimse bhainistiú an airgeadais phoiblí, le cúnamh[27] airgeadais AE amach anseo. Sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, leag an Coimisiún coinníollacha sonracha chun tús a chur le hathchóirithe a cuireadh stop leo i réimse na cuntasachta agus i réimse neamhspleáchas na mbreithiúna. Léiríonn an sampla i mBosca 2 conas is féidir coinníollacht a úsáid chun brú a chur i bhfeidhm le haghaidh athchóirithe. Taispeántar inár gcuid oibre iniúchóireachta nach n-úsáideann an Coimisiún go córasach í áfach.

Bosca 2

Torthaí athchóirithe a nascadh le cúnamh airgeadais amach anseo - an Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Le 15 bliana anuas, sholáthraigh an tAontas níos mó na EUR 60 milliún do na breithiúna agus é mar aidhm aige an smacht reachta a neartú sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Tugadh thart ar EUR 18.8 milliún den chúnamh airgeadais sin i ndeontais dhíreacha don Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach (HJPC). De réir an Choimisiúin, níl uaillmhian leordhóthanach léirithe ag CJPC maidir le hathchóirithe a shaothrú agus lena n-áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí atá maoinithe ag AE inbhuanaithe a ndóthain. Ina theannta sin, thuairiscigh an Coimisiún i dtuarascáil 2020 maidir le méadú nach raibh aon ghníomhaíocht déanta ag údaráis agus breithiúna na Boisnia chun aghaidh a thabairt ar chur chun feidhme phríomhthosaíochtaí an smachta reachta. Anuas air sin, bhí bac ar athchóirithe breithiúnacha idir pholaiteoirí agus laistigh den bhreithiúna go forleathan.

An 19 Eanáir 2021, chuir an Coimisiún in iúl do CJPC:

  1. go ndéanfaí athmheasúnú ar thacaíocht bhreise faoi dheontas IPA II;
  2. roinnfí an tacaíocht faoin deontas 2019 ina dhá leath, agus bheadh an dara comhaontú deontais ag brath ar an gcéad chomhaontú deontais a chur chun feidhme go sásúil;
  3. ní mór do HJPC an costas a bhaineann lena chóras TF breithiúnach a mhaoiniú agus caithfidh an roinn TF deimhniúchán ISO a chomhlíonadh.

40 Neartaigh luach saothair feidhmíochta 2020 an nasc idir an dul chun cinn maidir leis na ‘bunphrionsabail’ agus cistiú breise IPA II. Ní raibh aon fhoráil ná coinníoll ann le nasc idir an easpa dul chun cinn nó cúlú le cistiú laghdaithe áfach, i limistéir shonracha déine ar chabhair amhail bonneagar nó forbairt tuaithe. Tá ceanglais bhreise (féach Bosca 2 agus mír  38) níos éifeachtaí mar choinníollacht, sa mhéid is gur féidir leo ceartúcháin náisiúnta a ghníomhachtú trí laghdú ar chabhair láithreach a agairt. Mar sin féin, ní chuirtear an sásra ceanglas breise i bhfeidhm go córasach. Ar an gcaoi chéanna, is annamh a bhain AE leas as an bhféidearthacht cúnamh a chur ar fionraí má theipeann ar thairbhí cloí le bunphrionsabail an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine.

41 Ina páipéar seasaimh an 27 Márta 2019, mhol Parlaimint na hEorpa rialacha coinníollachta níos déine, le clásal fionraíochta inoibrithe, chun pionós a ghearradh i réimsí an daonlathais, an smachta reachta agus na huarraime do chearta an duine.[28] Le rialachán[29] IPA III, leagtar amach an choinníollacht a threisiú, ach níl sé soiléir conas a dhéanfaidh sé sin difear do sholáthar cistiúcháin.

42 Ina phlean gníomhaíochta atá i gceangal le Teachtaireacht 2018, mhol an Coimisiún coinníollacht a chur i bhfeidhm le linn na idirbheartaíochta aontachais “[...] Dhéanfaí é sin trí thorthaí nithiúla a áirithiú maidir le hathchóiriú breithiúnach agus sa chomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe a bhaint amach sula bhféadfaí cainteanna teicniúla maidir le caibidlí eile a dhúnadh go sealadach.” Ní raibh an rogha seo léirithe ag na Ballstáit sa Dearbhú Shóifia áfach (féach mír  17).

43 Féadfar coinníollacht a úsáid freisin ar an leibhéal polaitiúil is airde trí ‘chlásal cothromaíochta foriomláin’ a thugann cead don Chomhairle cinneadh a dhéanamh gan aon chaibidil idirbheartaíochta a oscailt ná a dhúnadh mura bhfuil dul chun cinn ar chaibidlí 23 agus 24 sásúil. Agraíodh an clásal sin ag oscailt Idir-Rialtasach (CIR) maidir le haontachas Mhontainéagró agus rinneadh arís é ag CIR 2014 ar aontachas na Seirbia. Rinne an Coimisiún tagairt don chlásal ina thuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Montainéagró agus i bpáipéar straitéise maidir le méadú 2014-2015 a spreag údaráis Mhontainéagró tabhairt faoin nganntanas a sainaithníodh.

44 Cumhdaíodh an clásal foriomlán maidir le cothromaíocht go sainráite i dteachtaireacht 2020 ón gCoimisiún maidir le méadú, inar mheas an Coimisiún go n-áirithítear “[...] tá cothromaíocht fhoriomlán á deimhniú faoi láthair[...]” in ainneoin é a bheith an-chriticiúil ar an tSeirbia. Mar sin féin, tháinig an Chomhairle ar an gconclúid “nár chomhlíon an tSeirbia na coinníollacha chun caibidil nua a oscailt san idirbheartaíocht aontachais [...] ní mór don tír dul chun cinn a dhéanamh i réimsí an daonlathais, neamhspleáchas na mbreithiúna, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus na meán”[30]. Cé nár ghlac an Chomhairle cinneadh foirmiúil an clásal foriomlán cothromaíochta a úsáid, measaimid gur tháinig an chonclúid chéanna as an ráiteas sin. Músclaíodh freagairt mar gheall ar an gcinneadh i mBéalgrád, agus bhí an tUachtarán agus an rialtas nua ag plé le toscaireacht AE agus leis an Quint[31] chun an próiseas a chur chun cinn. Le linn ár n-iniúchta, ní bhfuaireamar aon treoir maidir le cathain agus conas ba cheart clásal foriomlán na cothromaíochta a chur i bhfeidhm.

45 Bhí sampla eile den Chomhairle ag socrú coinníollacha breise ag gabháil le creat ama ar leith i ndáil le hiarracht na hAlbáine tús a chur le hidirbheataíocht aontachais. I mí Aibreáín 2018, d’eisigh an Coimisiún moladh chun tús a chur le caibidlíocht gan coinníollacha breise a lua. Sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh 2018, chuir an Chomhairle an idirbheartaíocht choinníollach ar ghníomhaíocht i gcúig phríomhréimse agus d’ordaigh sí don Choimisiún faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn. Cé gur luaigh an Coimisiún i mí na Bealtaine 2019, go ndearnadh dul chun cinn suntasach agus mhol sé tús a chur leis an idirbheartaíocht, chuir an Chomhairle cinneadh ar an ábhar siar faoi dhó. Ar deireadh, chinn sí i mí an Mhárta 2020 tús a chur le cainteanna, ach níos mó ná bliain ina dhiaidh sin, tá réitigh ar chomhchreat idirbheataíochta de chuid an Aontais fós le comhaontú. Mar gheall ar luas mall na idirbheartaíochta aontachais, tá an baol ann go lagófaí an chumhacht chlaochlaitheach a bhfuil súil léi maidir le coinníollacht.

Chuir gníomhaíocht AE le hathchóirithe, ach is beag tionchar foriomlán a bhí aici ar dhul chun cinn sa smacht reachta

46 Sa roinn seo, déanaimid measúnú ar an méid a chuireann gníomhaíocht AE le hathchóirithe ar an smacht reachta sna Balcáin Thiar agus ar thionchar na n-athchóirithe sin ar dhul chun cinn foriomlán gach tíre maidir leis an smacht reachta. Scrúdaíomar ar chuir gníomhaíocht AE leis na forbairtí sin nó nár chuir, agus an dócha go leanfar leis an rannchuidiú sin le himeacht ama. Chun léargas níos fearr a fháil ar fheidhmíocht, ar inbhuanaitheacht agus ar fhaireachán an Choimisiúin ar thionscadail AE, rinneamar measúnú freisin ar aschuir agus ar thorthaí sampla de 19 dtionscadal[32]. Chun sonraí iomlána an tsampla a fháil, féach Iarscríbhinn I.

Baineadh amach aschur beartaithe na dtionscadal den chuid is mó, ach tá na torthaí teicniúil agus oibríochtúil

47 As na 19 dtionscadal a mheasamar, bhí 13[33] thionscadal curtha i gcrích tráth an iniúchta[34], agus bhí na sé cinn eile fós ar siúl. I 10[35] gcinn de na 13 thionscadal a cuireadh i gcrích, baineadh aschuir amach ina n-iomláine nó den chuid is mó mar a bhí beartaithe. I seacht gcás, áfach, rinneadh é sin trí shíneadh conartha idir mí amháin[36] agus 10[37] mí. As na 10 dtionscadal sin, sheas tionscadail 11 agus 12 amach i dtaca le cáilíocht a dtuairisce, le faisnéis shoiléir ar ghníomhaíochtaí agus ar thorthaí. D’úsáid tionscadal 11 córas soilse tráchta chun faireachán agus léiriú a dhéanamh ar bhaint amach táscairí aschuir le haghaidh gach gníomhaíochta. I dtrí cinn de na tionscadail a bhí curtha i gcrích[38], cé nach raibh na tuarascálacha final ar fáil go fóill, léiríodh an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sa tuairisciú eatramhach.

48 Ba iad na táscairí aschuir is coitianta do na tionscadail a mheasamar cainníochtúil agus bhaineadar le cúrsaí agus ceardlanna oiliúna a chur ar fáil, saineolaithe a chur ar fáil (chun cabhrú le reachtaíocht, pleananna gníomhaíochta, straitéisí agus treoirlínte modheolaíochta a dhréachtú), staidéir agus treoirthionscadail TF nó neamh-TF a thabhairt chun críche, agus comhairle dlí a chur ar fáil.

49 Rinneamar measúnú freisin ar thorthaí na 13 thionscadal sa sampla a bhí curtha i gcrích[39]. Thángamar ar an gconclúid gur bhain cúig cinn amach a raibh beartaithe[40] (féach Bosca 3) agus go raibh trí thionscadal eile ar an mbóthar ceart chun torthaí a bhaint amach[41]. Níorbh fhéidir measúnú a dhéanamh ar na tionscadail eile ar an gcaoi sin mar gheall ar easpa tuarascálacha críochnaitheacha tráth an iniúchta agus drochthuairisciú ar a bhfuil bainte amach (féach Bosca 4).

Bosca 3

Samplaí de thorthaí rathúla teicniúla agus oibríochtúla ar thionscadail AE sa Bhoisnia, sa tSeirbia agus i Montainéagró

Sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, baineadh amach torthaí thionscadal 6, a bhain le tógáil agus athchóiriú roinnt fhoirgneamh cúirte. Bhí tionchar fabhrach ag feabhsuithe ar an mbonneagar ar éifeachtúlacht na gcúirteanna agus na mbreithiúna ina n-iomláine, ós rud é go rabhthas in ann breithiúna agus foireann bhreise a bhí ag teastáil le fada an lá a cheapadh toisc gur cruthaíodh spás oifige nua, rud nárbh fhéidir a dhéanamh roimhe seo toisc nach raibh aon áitreabh ann. Chuir sé sin le laghdú seasta ar riaráiste cásanna (mar shampla, 20 % do chúirt an chantúin go dtí seo).

Tríd is tríd, tá a chuspóir bainte amach ag Tionscadal 12 sa tSeirbia chun éifeachtúlacht na gcúirteanna a fheabhsú trí chaighdeánú ar phróisis agus ar nósanna imeachta oibre, agus trí mhodheolaíochtaí nua agus feabhsaithe a thabhairt isteach. Go háirithe, tá laghdú tagtha ar an riaráiste i gcúirteanna níos ísle ná Seirbia go léir faoi 940 649 gcás. Tá laghdú beagnach 60 % tagtha ar an riaráiste ag 30 cúirt chomhpháirtíochta leis an tionscadal, ó 1 399 481 go 571 233. Leathnaíodh an tionscadal chuig níos mó cúirteanna mar gheall ar na torthaí maithe a bhí air.

Bhain Tionscadal 18, tionscadal iltíre a chuir Comhairle na hEorpa chun feidhme, amach roinnt dá chuspóirí gearrthéarmacha ó thaobh torthaí de. Mar shampla, chuidigh sé le feabhas a chur ar chreat Oifig Uachtarach Ionchúisitheora Stáit Mhontainéagró chun rialacha eiticiúla agus pleananna ionracais a chur chun feidhme maidir le coireanna eacnamaíocha a ionchúiseamh, rud a fhágfadh go bhféadfadh an institiúid moladh (ix) ó GRECO a shásamh.

In ainneoin na bhforbairtí dearfacha sin i réimse na héifeachtúlachta, tá fadhbanna tromchúiseacha fós ag na tíortha seo go léir i dtaca le neamhspleáchas na mbreithiúna (féach míreanna 60-61).

Bosca 4

Cuireann drochthuairisciú ar fheidhmíocht teorainn le measúnú na dtorthaí

Le tionscadal 3 cuireadh tacaíocht institiúideach ar fáil trí shocrú nasctha idir rialtas na hAlbáine agus Ballstáit AE le linn na tréimhse 2016-2019. Ba í an chuspóir fhoriomlán rialachas a fheabhsú trí rioscaí éillithe a laghdú, agus tacú le straitéis idir-earnála na tíre i gcoinne an éillithe a chur chun feidhme.

Ba í an chonclúid a baineadh as an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le faireachán a bhí dírithe ar thorthaí (ROM) ná: “[...] relevant outcome indicators are not fully in place to track and assess the changing level of capability in the functioning of the institutions concerned. Appropriate quantitative and qualitative targets are missing for the outcomes and for some of the output indicators.” [níl na táscairí toraidh ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine chun rianú agus measúnú a dhéanamh ar an leibhéal athraitheach cumais i bhfeidhmiú na n-institiúidí lena mbaineann. Tá spriocanna cainnníochtúla agus cáilíochtúla iomchuí in easnamh do na torthaí agus do chuid de na táscairí aschuir.] Moladh ann go bhfeabhsódh foireann nasctha na Albáine logfhráma an tionscadail agus go dtabharfadh sí isteach táscairí toraidh le spriocanna intomhaiste.

Níor ghlac an fhoireann nasctha leis an dá thogra sin chun an logfhráma a fheabhsú, rud a d'fhág gur ábhar tuairisciúil a bhí ann den chuid is mó, mar a dearbhaíodh i dtuarascáil ROM 2019: “The recommendation made by the previous ROM from 2017 on the need for introduction of relevant outcome indicators have not been taken into consideration.” [Níor cuireadh san áireamh an moladh a rinne ROM roimhe seo ó 2017 maidir leis an ngá atá le táscairí toraidh ábhartha a thabhairt isteach.]

Mar thoradh air sin, cé gur tharla formhór na ngníomhaíochtaí de réir mar a bhí sceidealaithe, ní rabhamar in ann measúnú a dhéanamh ar a n-éifeacht maidir le cuspóirí an tionscadail a bhaint amach.

50 Nuair a bhíonn an toil pholaitiúil ann is féidir le tacaíocht AE tionchar fóinteach a bheith aici. I mBosca 5 tugtar sampla de dhá thionscadal atá maoinithe ag IPA II, áit a chuidigh an pholaitíocht le tionchar thacaíocht AE a ghiaráil.

Bosca 5

De bharr dlús an athchóirithe san Albáin, tá méadú tagtha ar thionchar thacaíocht AE

Mar thoradh ar an leasú ar Bhunreacht na hAlbáine in 2016, rinneadh athchóiriú ar an gcreat dlíthiúil agus beartais maidir le feidhmiú na mbreithiúna. Tacaíodh leis an athchóiriú le roinnt tionscadal IPA II:

  • Le tionscadal 2 tacaíodh agus rinneadh faireachán ar an bpróiseas athmheastóireachta éigeantach (grinnfhiosrúchán) ina raibh breis agus 800 breitheamh, ó bhunú institiúidí grinnfhiosrúcháin go cur i gcrích an chleachtaidh athmheastóireachta iomláin.
  • Le tionscadal 4 cabhraíodh le hathchóiriú an cheartais a chur chun cinn trí chúnamh saineolach a thabhairt maidir le dréachtú reachtaíochta nua (e.g. fodhlíthe agus cóid eiticiúla nós imeachta) i ndlúthchomhar leis an Aireacht Dlí agus Cirt agus leis an bParlaimint agus i gcomhréir leis na moltaí a rinne coimisiúin na Veinéise agus coimisiún GRECO ó Chomhairle na hEorpa.

51 Fuaireamar amach go raibh saoirse cainte ar an réimse ba lú a chumhdaítear le IPA II i réimse an smachta reachta. Mar sin féin, fuaireamar amach go raibh sé tairbheach nuair a cuireadh tacaíocht ar fáil. Is sampla rathúil é tionscadal 19. Tá ag éirí leis an dtionscadal de réir mar atá beartaithe agus is dócha go mbainfear amach na torthaí atá beartaithe leis, mar gheall ar an líon méadaitheach ESSanna, gníomhaithe, iriseoirí, eagraíochtaí meán agus gníomhaithe meán eile a bhfuil tacaíocht á fáil acu agus atá ag leanúint de bheith ag feidhmiú trí bhíthin na Dearlaice Eorpaí i gcomhair tacaíochta Daonlathais[42]. Tuairiscíonn gach faighteoir deontais gur cumasaíodh dóibh a gcuid oibre sa tsochaí shibhialta agus sna meáin a neartú (nó a gcuid oibre a choimeád ar bun i dtimpeallachtaí diansmachta).

Níor éirigh leis an bhfaireachán ar thionscadail torthaí a thomhas uaireanta, agus is beag tionscadal ar dócha go mbeidh siad inbhuanaithe

52 Rinne an Coimisiún faireachán rialta ar na tionscadail ar fad sa sampla, ach ní raibh an measúnú feidhmíochta iomlán i gcónaí toisc gur ar ghníomhaíochtaí seachas ar thorthaí a bhí an tuairisciú dírithe go ginearálta. Rinneadh cur síos i gcónaí sna tuarascálacha a scrúdaíomar ar an méid a rinneadh, agus ag nascadh na ngníomhaíochtaí le cuspóirí an tionscadail, ach ní dhearnadh cur síos i gcónaí ar a raibh bainte amach agus an tionscadal curtha i gcrích, go háirithe i bhfoirm torthaí.

53 Is minic a bhíonn tuairisciú neamhiomlán mar thoradh ar easnaimh i ndearadh tionscadail, agus go háirithe sa chreat loighciúil. De ghnáth, nuair a bhíonn an logfhráma sainithe go maith ag an gcéim ullmhúcháin, le táscairí aschuir agus torthaí a áiríonn luachanna bonnlíne agus spriocluachanna, bíonn an tuairisciú níos soiléire agus is féidir faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn ar leibhéal na n-aschur ar a laghad. Bhí logfhráma dea-shainithe ag naoi dtionscadal sa sampla[43]. I naoi[44] gcinn díobh, bhí an logfhráma easnamhach i ngeall ar tháscairí a bheith in easnamh nó i ngeall ar bhonnlínte agus spriocanna a bheith in easnamh. Rinneadh athbhreithniú ar cheithre thionscadal[45] ina dhiaidh sin, rud a chuir feabhas ar an logfhráma. I gcás an dá thionscadal tógála[46], ní raibh gá le logfhráma mar gheall ar chineál an chonartha.

54 As na naoi dtionscadal a bhain a n-aschuir ar fad nó formhór a n-aschuir amach (féach mír 47), bhí cúig chinn faoi réir faireacháin neamhspleách dírithe ar thorthaí (ROM)[47], lenar léiríodh torthaí an tionscadail agus lenar cuidíodh le cur chun feidhme agus tuairisciú a fheabhsú. Cuireadh ionchur úsáideach ar fáil i dtuarascálacha ROM a tarraingíodh suas go luath maidir le tionscadail nach raibh ar an mbóthar ceart chun a gcuspóirí a bhaint amach nó nuair a bhí sé deacair dul chun cinn an tionscadail a mheas. I gcás amháin[48], níor glacadh le moladh ROM agus bhí droch-thuairisciú ann dá bharr.

55 Aithníodh saincheisteanna maidir le hinbhuanaitheacht tionscadail sna tuarascálacha ROM ar naoi dtionscadal sa sampla[49]. Dearbhaíodh freisin i meastóireacht sheachtrach 2019 ar an smacht reachta gur deacair an inbhuanaitheacht a bhaint amach in an-chuid comhthéacsanna[50]. Níor ghlac na húdaráis náisiúnta ach le trí thionscadal, rud a thug ráthaíocht éigin dóibh maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais[51]. Murach sin, bhí inbhuanaitheacht airgeadais ag brath den chuid is mó ar leanúint de thacaíocht AE[52]. Chomh maith le húinéireacht tionscadail lag (féach Bosca 6), is iad cumas lag airgeadais agus institiúideach an dá bhac is soiléire ar an inbhuanaitheacht. D’aithin coiste faireacháin IPA II an méid sin ag an gcruinniú a bhí aige in 2019: “The sustainability of the results of EU-funded actions is often at risk, notably due to poor maintenance and lack of financial resources” [Is minic a bhíonn inbhuanaitheacht thorthaí na ngníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas faoi riosca, go háirithe i ngeall ar dhroch-chothabháil agus easpa acmhainní airgeadais][53].

Bosca 6

Cuireann easpa úinéireachta tionscadail an inbhuanaitheacht i mbaol

  • I gcás thionscadal 7 (an Bhoisnia), bhí conclúidí na meastóireachta a rinneadh in 2020 ar IPA II agus ar chúnamh ó dheontóirí eile don Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach cáinteach maidir le cumas an tairbhí an tionscadal a ghlacadh ar láimh: “[...] the HJPC still heavily relies on donor support after more than fifteen years of assistance, while plans for integration of the current project staff in the Council’s permanent organizational structure have not resulted into concrete and substantive change. At the same time, HJPC’s periodical and unjustified requests to donors for additional funds to invest on IT system development, cast doubts on the overall strategic planning capacity of this institution and on its commitment towards substantive reform goals and fuller EU integration.” [tar éis níos mó ná cúig bliana déag de chúnamh, tá HJPC fós ag brath go mór ar thacaíocht ó dheontóirí, agus níl aon athrú nithiúil agus substainteach ann mar thoradh ar phleananna maidir le foireann reatha an tionscadail a chomhtháthú i struchtúr eagraíochtúil buan na Comhairle. Ag an am céanna, le hiarrataí tréimhsiúla agus gan údar ó HJPC chuig deontóirí ar chistí breise chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt córas TF, caithtear amhras ar chumas foriomlán pleanála straitéisí na hinstitiúide sin agus ar a tiomantas chun spriocanna substainteacha athchóirithe agus comhtháthú AE a dhéanamh níos iomláine.][54]

    Bhí an bonn á bhaint go mór d’ionchas inbhuanaitheachta an tionscadail le HJPC toisc easpa úinéireachta. Agus an méid sin ar intinn aici, d’iarr an Coimisiún ar HJPC plean réalaíoch aistrithe foirne a chur ar bun chun cinnteacht éigin a thabhairt d’fhoireann tionscadail IPA faoina bhfuil i ndán dóibh san institiúid.
  • Thagair an mheastóireacht sheachtrach do thionscadal 9 (an Chosaiv) d’fhadhbanna acmhainne agus drogall chun leanúnachas an méid a baineadh amach le linn chur chun feidhme an tionscadail a áirithiú. Baineann sampla amháin le moill ar bhunú ‘ciste coigistíochta’ a n-íocfar na suimeanna a fhaightear ó choigistiú sócmhainní coiriúla isteach ann agus déanfar iad a athdháileadh ar na hinstitiúidí ceartais choiriúil ina dhiaidh sin. Tá samhail agus creat dlíthiúil curtha ar fáil do rialtas na Cosaive leis an tionscadal don chiste.
  • I Montainéagró, neartaíodh cumais na mbreithiúna agus na gcomhlachtaí forfheidhmithe dlí le tionscadal 10 agus cuireadh saineolas agus tacaíocht ar fáil leis d’athbhreithniú ar an reachtaíocht lena rialaítear comhlachtaí nua breithiúnacha neamhspleácha. Mar sin féin, ag deireadh an tionscadail, bhí roinnt ábhar imní fós ann maidir le hinbhuanaitheacht agus dea-fheidhmiú na n-institiúidí nua. Luadh sa tuarascáil chríochnaitheach go raibh an Ardchomhairle Bhreithiúnach agus an Chomhairle Ionchúiseach ag streachailt chun dul in oiriúint dá ról nua agus chun a sainchumais a fheidhmiú go neamhspleách ar an gCúirt Uachtarach agus ar an Oifig Uachtarach Ionchúisimh. Bhí drogall ar na breithiúna poist ardbhainistíochta ag an gComhairle Bhreithiúnach a athnuachan fad is nach raibh aon ráthaíocht ann maidir le neamhspleáchas airgeadais na n-institiúidí.

56 Trí thuairisciú a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ag deireadh tionscadail, is féidir bacainní ar inbhuanaitheacht na dtorthaí a aithint. Tá mír maidir le ceachtanna a foghlaimíodh sna cláir ghníomhaíochta bhliantúla, ar minic iad a bheith nasctha le cúnamh a tugadh roimhe sin; agus bhí roinn sna tionscdail sa sampla ina ndéantar cur síos ar an gcaoi a rabhadar bunaithe ar thionscadail IPA a bhí ann roimhe sin. Mar sin féin, níl anailís sa réamh-mhír sin ar an méid a d’oibrigh nó nár oibrigh, le moltaí oiriúnacha. Níor aimsíomar tuairisciú mionsonraithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh i gcúig[55] cinn de na 13 thionscadal a rinneamar iniúchadh orthu a bhí curtha i gcrích. Mar shampla, thug an comhpháirtí cur chun feidhme le haghaidh thionscadal 12 chun suntais na srianta atá ar na húdaráis agus iad ag dul i ngleic le líon agus luas na n-athruithe reachtacha agus rialála, agus chuir sé in iúl go láidir gur gá na hacmhainní agus an oiliúint is gá chun athchóirithe a chur chun feidhme a bheith ag gabháil le gníomhaíocht a dhéanfar amach anseo. Tá pleananna ann freisin chun na ceachtanna a foghlaimíodh a chur san áireamh sa tuarascáil chríochnaitheach ar thionscadal amháin atá fós ar siúl[56].

In ainneoin go leor blianta de thacaíocht AE d’athchóirithe sna Balcáin Thiar, tá fadhbanna bunúsacha fós ann

57 Tar éis breis agus 20 bliain d’iarrachtaí polaitiúla agus airgeadais sna Balcáin Thiar, tuairiscíonn an Coimisiún agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile araon nach ndearnadh ach dul chun cinn teoranta maidir le staid an smachta reachta sa réigiún (féach Figiúr 7 go Figiúr 10). Is léir nár leor na hathchóirithe a bhfuil cur síos orthu thuas chun mórathrú ar an smacht reachta a chur i bhfeidhm, go príomha i ngeall ar easpa úinéireachta intíre agus tola polaitiúla (féach mír 37).

58 Aithníodh sa mheastóireacht a rinneadh in 2019 ar thacaíocht AE don smacht reachta[57] gur spreagadh, le tacaíocht AE, forbairtí dearfacha (amhail straitéisí agus pleananna gníomhaíochta earnála a fhorbairt, acmhainní institiúideacha a fhorbairt, agus neamhspleáchas, cuntasacht agus rochtain níos fearr ar cheartas). Cuireadh i dtreis inti freisin go raibh an dul chun cinn teoranta áfach, agus gur deacair an inbhuanaitheacht a bhaint amach. De réir na meastóireachta, “this is correlated to low levels of political will, institutional resistance to change, and inadequate participation or marginalisation of civil society.” [tá comhghaol idir sin agus leibhéil ísle tola polaitiúla, frithsheasmhacht institiúideach in aghaidh an athraithe, agus rannpháirtíocht neamhleordhóthanach nó imeallú na sochaí sibhialta.]

Figiúr 7 – Measúnú an Choimisiúin ar chomhpháirteanna an smachta reachta

Nóta: In 2019, níor tháirg an Coimisiún tuarascáil ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ach ghlac sé tuairim maidir lena iarratas ar bhallraíocht AE.
Foinse: CIE, bunaithe ar thuarascálacha tíre 2015, 2019 agus 2020.

59 Sna míreanna seo a leanas léirítear príomhfhadhbanna dianseasmhacha i dtaca leis an smacht reachta sna Balcáin Thiar agus léirítear leo gur beag dul chun cinn atá déanta le hathchóirithe tábhachtacha.

Feidhmiú na mbreithiúna

Figiúr 8 – Táscairí roghnaithe maidir leis an smacht reachta

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, bunaithe ar Táscairí Rialachais ar fud an Domhain (Grúpa na mBanc Domhanda) agus ar Tionscadal Ceartais Dhomhanda.

60 Tá moilleanna ann maidir le reachtaíocht nua a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm aici neamhspleáchas, gairmiúlacht agus cuntasacht na gcomhlachtaí agus na struchtúr breithiúnach agus ionchúiseach a neartú, i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe agus easpa tiomantais pholaitiúil go príomha is cúis leis na moilleanna sin. Sa réigiún (go háirithe san Albáin, i Montainéagró agus sa tSeirbia), déanann oifigigh rialtais (cuid acu ar ardchéim) agus baill den pharlaimint trácht go poiblí agus go rialta fós ar imscrúduithe agus ar imeachtaí cúirte atá ar siúl faoi láthair, agus uaireanta fiú ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí aonair. Sa tSeirbia, bíonn ailt i nuachtáin thablóideacha arb é is aidhm leo míchlú a tharraingt ar chomhaltaí den bhreithiúnacht[58] agus san Albáin, cháin Comhairle na hEorpa an cleachtas meán ar líne chun ráflaí agus ionsaithe ar dhaoine poiblí a scaipeadh[59].

61 Sa tSeirbia, d’iarr breithiúna go scaoilfí iad ó bhreith a thabhairt ar chásanna a bhaineann le polaiteoirí áitiúla, agus brú orthu féin agus ar a dteaghlaigh á lua acu[60]. I Montainéagró, léiríonn an t-athchóiriú a rinneadh le déanaí ar an gComhairle Ionchúisitheach, cinntí a rinneadh le déanaí ón gComhairle Bhreithiúnach maidir le seachtar uachtarán cúirte a athcheapadh don tríú sainordú as a chéile, d’ainneoin an teorainn dhá théarma a leagtar síos sa reachtaíocht[61], agus neamhchumas na Parlaiminte teacht ar thromlach cáilithe le haghaidh ceapacháin bhreithiúnacha ardphróifíle, go bhfuil na breithiúna agus na seirbhísí ionchúisimh fós i mbaol cur isteach polaitiúil. San Albáin, is saincheist fós í iarrachtaí cur isteach ar an mbreithiúnacht, lena n-áirítear ó na húdaráis laistigh den bhreithiúnacht, agus brú inmheánach agus seachtrach ar ionchúisitheoirí[62].

An comhrac i gcoinne an éillithe

Figiúr 9 – Táscairí roghnaithe maidir le héilliú

Foinse: CIE, bunaithe ar Transparency International agus ar Táscairí Rialachais Dhomhanda (Grúpa an Bhainc Dhomhanda).

62 Tuairiscíonn an Coimisiún go bhfuil an staid fadhbach fós in earnálacha an-leochaileacha ó thaobh éillithe de (na hearnálacha sin a mbaineann caiteachas poiblí suntasach leo nó a mbíonn teagmháil dhíreach leis an bpobal i gceist leo) ar fud an réigiúin. Tá imní mhór ann ó thaobh acmhainneacht an éillithe i dtaca le dlí a tugadh isteach le déanaí sa Seirbia maidir le nósanna imeachta speisialta do thionscadail bhonneagair lenar féidir, go háirithe, tionscadail a bhfuil ‘tábhacht straitéiseach’ acu a dhíolmhú ó rialacha soláthair phoiblí[63]. Cháin Transparency Serbia an cleachtas ‘stiúrthóirí gníomhacha’ a cheapadh chun maoin phoiblí a bhainistiú ar feadh tréimhse sé mhí as cur ar chumas an pháirtí rialaithe “súil ghéar a choinneáil ar na daoine sin”[64].

63 Sna tuarascálacha is déanaí uaidh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag Montainéagró[65] i dtreo ballraíochta, thug an Coimisiún dá aire nach ndearnadh ach “dul chun cinn teoranta” sa chomhrac i gcoinne an éillithe, agus dúirt sé go bhfuil sé “forleathan in go leor réimsí agus fós ina ábhar imní”. I measc nithe eile, luaitear sna tuarascálacha gur eisigh fear gnó fístaifeadtaí rúnda – agus, ina dhiaidh sin, taifeadtaí fuaime agus doiciméid rúnda – inar léiríodh rannpháirteacht roinnt mhaith pearsana aithnidiúla ó phríomhinstitiúidí stáit i maoiniú líomhnaithe páirtí neamhdhleathach agus i scannail bhreabaireachta.

64 San Albáin, tuairiscíonn an Ghníomhaireacht um Sholáthar Poiblí go bhfuil laghdú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar líon na nósanna imeachta idirbheartaithe nár foilsíodh roimh ré. Mar sin féin, dúirt ionadaithe gnó agus iriseoirí a cuireadh faoi agallamh (féach Iarscríbhinn II i gcomhair liosta na gcruinnithe) go bhfuil an t-éilliú forleatach sa soláthar poiblí, agus go bhfuil léiriú soiléir ann ar ghabháil stáit: is minic nach mbíonn iomaíocht éifeachtach i gceist le nósanna imeachta, bíonn na praghsanna a thairgtear ar oibreacha poiblí boilscithe, agus tá easpa trédhearcachta i gceist le soláthar le haghaidh comhaontuithe lamháltais.

65 Dearbhaíonn táscairí Transparency International agus táscairí an Bhainc Dhomhanda (féach Figiúr 9) nach bhfuil srian ar an ngabháil stáit ná ar an éilliú forleathan in ainneoin na mbeart athchóirithe atá déanta ag an Aontas le blianta anuas. Measaimid go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe agus chomhuaineach i raon leathan réimsí beartais a bhaineann leis an smacht reachta ionas go mbeidh tionchar fónta aige[66]. Ba cheart, leis an mbraisliú ar chaibidlí idirbheartaíochta 2020 (measúnú comhthreomhar ar chaibidlí 23 - Cearta breithiúna agus cearta bunúsacha, 24 - Ceartas, saoirse agus slándáil, 5 - Soláthar poiblí, 18 - Staidreamh, agus 32 - Rialú airgeadais móide critéir eacnamaíocha, feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha agus athchóiriú ar an riarachán poiblí) go gcumasófaí cur chuige[67] den sórt sin agus is céim sa treo ceart é dá bhrí sin. Mar sin féin, ní bhaineann an t-athrú sin ach le Montainéagró agus leis an tSeirbia, an dá thír atá i mbun idirbheartaíochta faoi láthair, agus tá sé fós le cur i bhfeidhm.

Saoirse chun tuairimí a nochtadh

Figiúr 10 – Táscairí roghnaithe maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh

* Tá roinnt comhpháirteanna ag an innéacs seo, ach measaimid go bhfuil ciall leo go léir maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

Foinse: CIE, bunaithe ar Freedom House agus ar Innéacs Domhanda Shaoirse an Phreasa ó Reporters Without Borders .

66 Dar le Freedom House agus le Tuairisceoirí gan Teorainneacha, ní aon feabhas tagtha ar an limistéar saoirse chun tuairimí a nochtadh, cé is moite den Mhacadóin Thuaidh agus den Chosaiv. Léiríonn na tuarascálacha bliantúla is déanaí ón gCoimisiún ar an méadú nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ag Montainéagró nó ag an tSeirbia ó 2015 i leith (féach Figiúr 7).

67 Is cúis mhór imní iad ionsaithe ar iriseoirí ar fud an réigiúin[68]. Leantar de bheith ag díriú ar iriseoirí agus ar eagraíochtaí na meán trí imeaglú, trí bhagairtí ar na meáin shóisialta agus trí ionsaithe fisiciúla, agus ag an am céanna tá imscrúduithe agus ionchúisimh mall. Tá ardán na meán an-ilroinnte i gcónaí, agus tá sásraí féinrialála fós lag. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht an mbréagaisnéis ar fud an réigiúin, a scaiptear go minic ag meáin a fhaigheann tacaíocht ón stát[69], cuirtear leis an deighilt sa sochaí le linn feachtais toghcháin go háirithe.

68 Fiú san Albáin, a bhfuil an dul chun cinn is mó déanta aici i réimse neamhspleáchas na mbreithiúna, bhí tionchar ag an gcur isteach ar an gcóras de bharr scála agus luas mall an ghrinnfhiosrúcháin ar thacaíocht an phobail d’athchóirithe breithiúnacha mar gheall ar riaráiste méadaitheach cásanna, agus tá an baol ann go mbainfí an bonn dá ndlisteanacht mheasta. Tá laghdú tagtha ar an sciar d’Albánaigh a chreideann go mbeidh tionchar dearfach ag na hathchóirithe ó 71 % in 2016 go 53 % in 2019, agus tháinig laghdú ar an sciar a cheapann go bhfuil na hathchóirithe á gcur chun feidhme mar is iomchuí ó 46 % go 32 % le linn na tréimhse céanna[70]. Den chuid is mó, faigheann pobal na hAlbáine a cuid faisnéise ó fhoinsí traidisiúnta meán[71], a mheastar go bhfuil leasanna dílsithe dóibh agus dá bhrí sin, gur féidir leo beag is fiú a dhéanamh den t-éilliú nó cur le scannail éillithe, ag brath ar a gcuid dílseachtaí polaitiúla nó gnó. Tá an baol ann leis sin, freisin, go mbainfí an bonn den dhlisteanacht a mheastar a bheith ag na hathchóirithe.

69 Tharraing ESSanna a chuireamar faoi agallamh aird ar an ngá atá le cumarsáid straitéiseach chun éifeachtaí dearfacha na n-athchóirithe a mhíniú agus chun a mhíniú freisin, cé go mbeidh cur isteach sealadach ann, go mbeidh buntáistí marthanacha ag baint le hathstruchtúrú na n-institiúidí. Chun spriocanna AE a chur in iúl go héifeachtach don phobal, tá gá le comhar agus comhordú leanúnach idir na rialtais agus an tsochaí shibhialta.

70 Thacaigh an tAontas le creat a fhorbairt don chomhar foirmiúil idir an rialtas agus an tsochaí shibhialta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtíortha uile na mBalcán Thiar. Níl ról sách mór ag an tsochaí shibhialta faoi láthair, áfach, i gceapadh beartais ná i gcinnteoireacht. Cé is moite den Mhacadóin Thuaidh agus de Mhontainéagró go pointe áirithe, áit a dtuairiscíonn toscaireacht an Aontais feabhsuithe a rinneadh le déanaí ar an timpeallacht ina bhfeidhmíonn an tsochaí shibhialta, tá ESSanna an réigiúin fós maothaithe. Dhearbhaigh na daoine a chuireamar faoi agallamh san Albáin agus sa tSeirbia go bhfuil an comhairliúchán ad hoc agus gur minic a thugtar neamhaird ar mholtaí na sochaí sibhialta sna leaganacha críochnaitheacha de dhoiciméid. Ba mhaith leo a gcomhar le toscaireachtaí AE, le pobal na meán neamhspleách agus le hiriseoirí iniúchacha a neartú d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an athchóirithe agus ar a éifeacht ar éabhlóid an éillithe, chomh maith le foláireamh a chur ar thuairim an phobail agus tuairim réigiún an stáit, i measc nithe eile.

Conclúidí agus moltaí

71 Is é príomhchonclúid na hiniúchóireachta seo maidir le héifeachtacht thacaíochta AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar, gur chuir gníomhaíocht AE le hathchóirithe i réimsí teicniúla, amhail éifeachtúlacht na mbreithiúna agus forbairt na reachtaíochta ábhartha, ach i gcomhthéacs easpa tola pholaitiúil tá tionchar foriomlán teoranta aici maidir le hathchóirithe bunúsacha ar an smacht reachta a chur chun cinn sa réigiún.

72 D’ainneoin roinnt forbairtí dearfacha a rinneadh le déanaí, san Albáin agus sa Mhacadóin Thuaidh go príomha, tuairiscíonn an Coimisiún agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta maidir leis an smacht reachta. Tá fadhbanna bunúsacha fós ann i réimsí amhail neamhspleáchas na mbreithiúna, comhchruinniú na cumhachta, cur isteach polaitiúil agus éilliú, lena n-éilítear iarrachtaí breise chun athchóirithe a chur chun cinn sna réimsí sin (féach míreanna 57-58 agus  68).

Moladh 1 – An sásra chun athchóirithe ar an smacht reachta a chur chun cinn a neartú i bpróiseas an mhéadaithe

Ba cheart don Choimisiún a chur chuige a neartú maidir le hathchóirithe bunúsacha a spreagadh agus tacú leo i bpróiseas an mhéadaithe. Ba cheart di, go háirithe, díriú ar spriocanna straitéiseacha a leagan síos do gach tír is iarrthóir trí tháscairí thionchair deiridh a bhunú i réimsí bunúsacha an smachta reachta, amhail neamhspleáchas na mbreithiúna, saoirse chun tuairimí a nochtadh, an comhrac i gcoinne an éillithe agus an ghreamaithe stáit, chomh maith le garspriocanna chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn ina leith.

Amchlár: Nollaig 2022

73 Fuaireamar amach, tríd an gcur chuige ‘bunphrionsabail ar dtús’ agus, ó 2020 i leith, trí bhraisliú na gcaibidlí idirbheartaíochta, gur mhéadaigh an Coimisiún a bhéim ar an smacht reachta sna Balcáin Thiar agus go bhfuil tosaíochtaí polaitiúla an Aontais maidir leis an smacht reachta aistrithe go gníomhaíocht shonrach faoin ionstraim réamhaontachais den chuid is mó (IPA) (féach míreanna 25-27).

74 Tá na réimsí fócais céanna sainaitheanta ag eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, ag meithleacha machnaimh agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus atá ag an gCoimisiún don smacht reachta. Fuaireamar amach, áfach, nach leor tacaíocht AE do ghníomhaíocht na sochaí sibhialta maidir leis an smacht reachta chun riachtanais na hearnála a chomhlíonadh agus ní dhéantar faireachán críochnúil ar a tionchar. Mar shampla, tá an Coimisiún tar éis fáil réidh leis táscaire IPA II maidir le faireachán a dhéanamh ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa phróiseas athchóirithe agus dá bhrí sin ní thugann sé tuairisc ar an dul chun cinn sa réimse sin (féach míreanna 28-31).

75 D’fhéadfadh timpeallacht chumasaithe do na meáin agus don tsochaí shibhialta cabhrú le poiblíocht agus soiléiriú a dhéanamh ar spriocanna agus ar thorthaí ghníomhaíochtaí AE, an bealach chuig ballraíocht AE a mhíniú agus prionsabail dhaonlathacha AE a chur chun cinn. Fuaireamar amach gurb í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh an limistéar is lú dul chun cinn i ngach ceann de na sé thír. I roinnt tíortha, tá laghdú ag teacht ar an tacaíocht phoiblí do na hathchóirithe is gá don aontachas (féach míreanna 68-70).

Moladh 2 – Dlús a chur leis an tacaíocht don tsochaí shibhialta atá ag gabháil d’athchóirithe ar an smacht reachta agus do neamhspleáchas na meán

Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí dlús a chur lena dtacaíocht d’eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta agus d’iriseoirí neamhspleácha. Go háirithe, ba cheart dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. tús áite a thabhairt do thacaíocht do na meáin neamhspleácha agus do ESSanna atá gníomhach i réimse an smachta reachta trí chistiú IPA III a chur ar leataobh do ESSanna faoi ghníomhaíochtaí an smachta reachta;
  2. tacaíocht airgeadais fhadtéarmach a chur ar fáil do ESSanna agus d’eagraíochtaí neamhspleácha meán, ar bhealach nach bhfuil bunaithe go heisiach ar chistiú tionscadal;
  3. cúnamh a thabhairt don tsochaí shibhialta agus d’eagraíochtaí neamhspleácha na meán chun cur ar a gcumas uirlisí saincheaptha a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a n-athraíonn an t-éilliú;
  4. faireachán a dhéanamh ar an méid a chuireann ESSanna le hathchóirithe ar an smacht reachta trí bhíthin táscairí sonracha.

Amchlár: Nollaig 2022

76 Cé go bhfuil sé aitheanta ag an gCoimisiún gurb iad an acmhainn riaracháin agus an toil pholaitiúil na príomhréimsí riosca i gcur chun feidhme thionscadail IPA, níor aimsíomar aon ghníomhaíocht sonrach chun na rioscaí sin a mhaolú. Go háirithe, ní úsáidtear príomhrioscaí chun réamhchoinníollacha a chruthú le haghaidh cistiú nó cur chun feidhme tionscadal, agus mar sin ní úsáidtear iad chun bearta nithiúla maolaithe a dhearadh. Is annamh a bhain toscaireachtaí AE leas as an bhféidearthacht tacaíocht airgeadais IPA a chur ar fionraí i gcás nach bhfuil na hathchóirithe ag dul chun cinn go sásúil. Tá clásail coinníollachta atá docht go cuí in easnamh maidir le IPA II a nascfadh athchóirithe ar an smacht reachta go díreach le hiarmhairtí ar chistiú earnálacha eile. Neartaítear coinníollacht leis an togra reachtach ón gCoimisiún le haghaidh rialachán IPA III. Ach níor leagadh amach go soiléir sa dréacht conas a dhéanfaidh coinníollacht difear do sholáthar maoinithe (féach míreanna 34-35 agus 38-41).

77 Fuaireamar amach freisin, aon uair a chuir an Chomhairle coinníollacht pholaitiúil i bhfeidhm i bhfoirm an chlásail chomhardaithe fhoriomláin, gur spreag sé sin na tíortha comhpháirtíochta chun a gcláir oibre maidir le hathchóiriú a chur chun cinn. Tá difríochtaí tagtha chun cinn idir an Coimisiún agus an Chomhairle maidir lena mhéid a bhfuil an clásal comhlíonta tír chomhpháirtíochta. Dar linne, cuireann an staid sin éifeachtaí dreasachta na coinníollachta i mbaol (féach míreanna 41-45).

Moladh 3 – An úsáid a bhaintear as coinníollacht in IPA II a threisiú

Ba cheart go nascfadh an Coimisiún eisíocaíocht chistiú IPA III i limistéir nach bhfuil faoi smacht reachta (mar shampla, forbairt tuaithe agus bonneagar) le dul chun cinn maidir leis an smacht reachta.

Amchlár: Nollaig 2022

78 Cumhdaíonn an smacht reachta roinnt réimsí trasearnálacha idirnasctha. Is céim sa treo ceart í an mhodheolaíocht 2020 maidir le méadú mar gheall go n-áirítear ann braisliú caibidlí idirbheartaíochta, agus dá bhrí sin go gcuireann sé ar chumas an Choimisiúin dul i ngleic le réimsí a bhaineann leis an smacht reachta ag an am céanna le linn na caibdlíochta aontachais. Mar sin féin, tá sé róluath torthaí na modheolaíchta a fheiceáil, agus níl feidhm aici ach maidir le tíortha idirbheartaíochta. Ciallaíonn cineál trasghearrtha an smachta reachta go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag easnaimh sa smacht reachta ar ghníomhaíochtaí AE arna gcistiú in earnálacha eile IPA (féach mír 65).

79 Tá an chuid is mó de na tionscadail atá curtha i gcrích tar éis a n-aschuir bheartaithe a bhaint amach, agus tá na torthaí beartaithe bainte amach ag thart ar a leath díobh. I gcás tionscadal atá fós ar siúl, tá sé róluath measúnú a dhéanamh mar gheall ar shíntí tionscadail, nó ní féidir an dul chun cinn a thomhas toisc go bhfuil faisnéis faoi fheidhmíocht ar iarraidh nó toisc nach bhfuil cáilíocht na feidhmíochta leordhóthanach. Nuair a rinneadh faireachán dírithe ar thorthaí, chabhraigh sé chun aird a tharraingt ar thorthaí na dtionscadal agus chun feabhas a chur ar a gcur chun feidhme. Ar an iomlán, fuaireamar amach gur chuidigh cúnamh IPA le héifeachtúlacht na mbreithiúna a fheabhsú agus go raibh sé ríthábhachtach chun an creat reachtach a chur chun feidhme agus chun cur chuige réamhghníomhach a chur chun cinn sa chomhrac i gcoinne an éillithe (féach míreanna 47-51).

80 Is iad drochacmhainneacht airgeadais agus institiúideach agus easpa tola polaitiúla na príomhbhacainní ar inbhuanaitheacht tionscadal. Is beag tionscadal IPA a ghlacann údaráis náisiúnta, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé nach mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de tar éis dheireadh thacaíocht AE. Thairis sin, tá an dul chun cinn beag a rinneadh sa smacht reachta le 20 bliain anuas ag bagairt ar inbhuanaitheacht fhoriomlán thacaíocht AE, ós rud é go n-ardaíonn sé ceisteanna maidir le hinchreidteacht an phróisis aontachais. Trí thuairisciú a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh, féadfar cabhrú chun saincheisteanna feidhmíochta agus bacainní ar inbhuanaitheacht na dtorthaí a shainaithint, ach ní minic gur cuid de dhearadh tionscadail é (féach míreanna 52-56).

Moladh 4 – Tuairisciú agus faireachán tionscadal a neartú

Ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. logfhrámaí fónta a thógáil do gach tionscadal atá cistithe ag IPA, lena n-áirítear, i measc nithe eile, táscairí aschuir agus toraidh atá sainithe go soiléir a bhaineann úsáid as luachanna bonnlíne agus spriocluachanna;
  2. cur leis an úsáid a bhaintear as misin faireacháin atá dírithe ar thorthaí i dtionscadail atá cistithe ag IPA III in earnáil an smachta reachta;
  3. rannóg maidir le ‘ceachtanna a foghlaimíodh’ a chur san áireamh i gcónaí i dtuairisciú críochnaitheach ar thionscadail, ina mbeidh torthaí agus moltaí chun inbhuanaitheacht thorthaí tionscadail a fheabhsú amach anseo.

Amchlár: Nollaig 2022

Ghlac Seomra IV an Tuarascáil seo, faoi cheannas Bettina Jakobsen, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, i Lucsamburg an 9 Samhain 2021.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne Uachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Tionscadail iniúchta – Aschuir agus torthaí

      N/A Ar an mbóthar cheart an 1/2021
    Tionscadal atá fós ar siúl/gan tuarascáil chríochnaitheach Níl
    Gan táscairí intomhaiste  
  Uimh Tír Teideal an tionscadail Aschuir comhlíonta Torthaí comhlíonta
1 An Albáin Conradh athchóirithe earnála don chomhrac i gcoinne an éillithe san Albáin
  2 An Albáin Oibríocht Faireacháin Idirnáisiúnta. Tacaíocht do phróiseas athmheastóireachta sealadaí na mBreithiúna agus na nIonchúisitheoirí san Albáin
  3 An Albáin Tacú le beartais frith-éillithe a fhoirmliú, a chomhordú agus a chur chun feidhme
  4 An Albáin EURALIUS IV – An Córas Ceartais san Albáin a Chomhdhlúthú
  5 An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin EU4Justice – Tacaíocht don Chomhrac i gcoinne na Coireachta Cagraithe agus an Éillithe sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin
  6 An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Tógáil. Atógáil Chúirt an Chantúin Chathrach agus Oifig na nIonchúisitheoirí i Tuzla
  7 An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Breithiúnacht Éifeachtach atá fabhrach do Shaoránaigh a thógáil
  8 An Chosaiv Éifeachtúlacht, Cuntasacht agus Trédhearcacht an Chórais Bhreithiúnaigh agus Ionchúisitheora sa Chosaiv a neartú
  9 An Chosaiv Tacaíocht bhreise d’Institiúidí na Cosaive ina gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, an éillithe agus an atoisceachais fhoréignigh
  10 Montainéagró Tacaíocht AE don smacht reachta II (EUROL II)
  11 An Mhacadóin Thuaidh Tacaíocht d’Athchóiriú Earnáil an Cheartais
  12 An tSeirbia Éifeachtúlacht Bhreithiúnach
  13 An tSeirbia Éilliú a chosc agus a chomhrac
  14 An tSeirbia Acmhainneacht na hAireachta Dlí agus Cirt a neartú i gcomhréir le Ceanglais Phróiseas IIdirbheartaíochta Aontachais an Aontais Eorpaigh
  15 An tSeirbia AE ar son na Seirbia – Tacaíocht don Ardchomhairle Bhreithiúnach
  16 An tSeirbia Atógáil Fhoirgneamh an Acadaimh Bhreithiúnaigh i mBéalgrád
  17 An tSeirbia Acmhainneacht an Rialaithe Inmheánaigh a neartú sa chomhrac i gcoinne an éillithe laistigh den Aireacht Gnóthaí Baile
18 Iltíre An tAontas Eorpach, Saoráid Chothrománach Chomhairle na hEorpa do na Balcáin Thiar agus don Tuirc
19 Iltíre Tacaíocht do na meáin neamhspleácha agus don tsochaí shibhialta sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc
20 Iltíre Cur i gcoinne na Coireachta Tromchúisí sna Balcáin Thiar

Foinse: CIE.

Iarscríbhinn II – Liosta na bpáirtithe leasmhara a cuireadh faoi agallamh (trí fhíschomhdháil)

Físchomhdháil
AS NEAR
 
SEGS
 
AN ALBÁIN
Toscaireacht AE: Idirphlé Beartais agus Peirspictíochtaí Polaitiúla
Toscaireacht AE: tionscadail shamplacha
Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID)
Clár na Stát Aontaithe um Fhorbairt, Cúnamh agus Oiliúint Ionchúisimh Thar Lear (OPDAT)
Comhairle na hEorpa
Aontas na gComhlathas Tráchtála
An Líonra um Thuairisciú Imscrúdaitheach sna Balcáin (BIRN)
Institiúid an Daonlathais agus an Idirghabhála (IDM)
Lárionad Náisiúnta Oiliúna agus Cúnaimh Theicniúil na hAlbáine (ANTTARC)
Comhpháirtithe na hAlbáine
Gníomhaireacht Tacaíochta don tSochaí Shibhialta (AMSHC)
Scoil na nGiúistísí
An Aireacht Dlí agus Cirt
An Ardchomhairle Bhreithiúnach
Comhlachais Tráchtála na Gearmáine
Comhlachais Tráchtála na hIodáile
An tascfhórsa frith-éillithe
An Oifig Speisialta um Ionchúiseamh
An Ard-Chigireacht Dearbhaithe agus Iniúchta um Shócmhainní agus Coinbhleachtaí Leasa (HIDAACI)
AN BHOISNIA agus AN HEIRSEAGAIVÉIN
Toscaireacht AE: tionscadail shamplacha
 
AN tSEIRBIA
Toscaireacht AE: Idirphlé Beartais agus Peirspictíochtaí Polaitiúla
Toscaireacht AE: tionscadail shamplacha
An Aireacht um Lánpháirtiú na hEorpa/Comhordaitheoir Náisiúnta IPA
Comhairleoir Meán an Phríomh-Aire
Comhairle na hEorpa
Comhlachais Tráchtála na Seirbia
Comhlachais Tráchtála na Gearmáine
An Líonra um Thuairisciú Imscrúdaitheach sna Balcáin (BIRN)
An Lárionad Taighde, Trédhearcachta agus Cuntasachta (CRTA)
An Coinbhinsiún Náisiúnta ar an Aontas Eorpach (NCEU)
An Aireacht Dlí agus Cirt – An Earnáil um Lánpháirtiú na Eorpa agus um Thionscadail Idirnáisiúnta
An Ghníomhaireacht um Chosc an Éillithe
An Aireacht Dlí agus Cirt – an tAire Cúnta um Bhreithiúnacht
Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID)
Oifig Ionchúiseamh Poiblí na Poblachta
Ardrúnaíocht na Comhairle Breithiúnais
An tAcadamh Breithiúnach
An tIar-Oifig um Chomhar leis an tSochaí Shibhialta
An tIonchúisitheoir um Fhrith-éilliú
An Aireacht Gnóthaí Baile – An tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, An Roinn Frithéillithe

Acrainmneacha agus giorrúcháin

An próiseas cobhsaíochta agus comhlachais: Beartas an Aontais maidir le tíortha na mBalcán Thiar atá dírithe ar athchóirithe a thabhairt i gcrích d’fhonn go mbeidh siad ina mBallstáit amach anseo

Aschur: An rud a tháirgtear nó a bhaintear amach le tionscadal, amhail cúrsa oiliúna a sheachadadh nó bóthar a thógáil

CCC: Comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais – comhaontú a thugann an tAontas i gcrích ar leithligh le gach ceann de thíortha na mBalcán Thiar mar chuid den phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais

ESS: Eagraíocht sochaí sibhialta

GRECO: Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta, an chomhlacht de chuid Chomhairle na hEorpa a dhéanann faireachán ar a mhéid a chomhlíonann na Ballstáit caighdeáin frith-éillithe na heagraíochta

HJPC: Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin)

IPA: Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, uirlis an Aontais chun acmhainneacht theicniúil agus riaracháin a fhorbairt i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha ar iarrthóirí ionchasacha iad

Logfhráma: Creat loighciúil – uirlis phleanála mhionsonraithe lena chumhdaítear cur chun feidhme, bainistíocht, monatóireacht agus meastóireacht tionscadail

ROM: Faireachán atá dírithe ar thorthaí, an t-athbhreithniú a dhéanann saineolaithe neamhspleácha ar aschuir agus ar thorthaí tionscadal atá fós ar siúl i gcomparáid le critéir amhail ábharthacht, éifeachtúlacht, éifeachtacht, tionchar agus inbhuanaitheacht

SEGS: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Toradh: Athrú láithreach nó níos fadtéarmaí, beartaithe nó neamhbheartaithe, a eascraíonn as tionscadal, amhail na tairbhí a eascraíonn as fórsa saothair a bhfuil oiliúint níos fearr air

Freagraí ón gCoimisiún agus ó SEGS

https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=60343

Foireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta CIE, leagtar amach torthaí a gcuid iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar ábhair a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha sonracha. Roghnaíonn agus ceapann CIE na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh a mheas, chomh maith leis an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá le teacht, leas pholaitiúil agus leas an phobail.

Is é Gníomhaíocht sheachtrach Sheomra Iniúchta III, slándáil agus ceartas, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta, faoi cheannas Bettina Jakobsen, Comhalta de CIE. Bhí an t-iniúchadh faoi stiúir Juhan Parts, Comhalta de CIE, le tacaíocht ó Ken Marti Vaher, Ceann na hOifige Príobháidí; Margus Kurm, Attaché na hOifige Príobháidí; Alejandro Ballester Gallardo, Príomh-Bhainisteoir; Theodoros Orfanos, Ceann Cúraim; Naiara Zabala Eguiraun agus Flavia Di Marco, Iniúchóirí. Chuir Thomas Everett tacaíocht teanga ar fáil.

 

Críochnótaí

* Ní dochar an t-ainmniú “An Cosaiv” do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

[1] Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, COM(2018) final, 2.5.2018, lch. 1.

[2] Maidir le hAirteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

[3] Féach critéir pholaitiúla le haghaidh aontachais, a shainmhínítear in 1993 ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan; Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

[4] Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coiníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

[5] Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Smacht Reachta laistigh de Staid himeartha an Aontais a neartú tuilleadh agus na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann, 3.4.2019; lch 1.

[6] Marko Kmezić, “An smacht reachta agus an smacht daonlathais sna Balcáin Thiar: dul i ngleic leis an mbearna idir beartais agus cleachtas”, Staidéir na Mara Duibhe agus Oirdheisceart na hEorpa, 2020, lch. 3.

[7] Gníomhaíocht AE i gcoinne an éillithe - Malartú tuairimí, Comhairle an Aontais, 12276/19 27.9.2019, lch. 3.

[8] COM(2018) 65 final, 6.2.2018, lch. 6.

[9] COM(2018) 65 final, 6.2.2018.

[10] Florian Bieber (2020) “Teacht chun cinn an údaráisaíochais sna Balcáin Thiar”, lch. 139, Jelena Džankić, Soeren Keil agus Marko Kmezić (2018), “Eorpú na mBalcán Thiar: Mainneachtain Choinníollacht an Aontais?”, lch. 89; Marko Kmezič (2020): “An Smacht Reachta agus an smacht daonlathais sna Balcáin Thiar: dul i ngleic leis an mbearna idir beartais agus cleachtas” Staidéir na Mara Duibhe agus Oirdheisceart na hEorpa, lch 1-2.

[11] Freedom House, Stádas an Daonlathais.

[12] Freedom House, Stádas an Daonlathais.

[13] Transparency International: Na stáit a gabhadh sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc.

[14] Tena Prelec agus Jovana Marović, “No longer voting for the devil you know? Why the Balkans’ collective action problem might be easier to break than we think” [“Ní ag vótáil a thuilleadh don diabhal a bhfuil fhios agat? Cén fáth a bhféadfadh sé go mbeadh sé níos éasca deireadh a chur le fadhb chomhghníomhachta na mBalcán ná mar a cheapaimid”] BiEPAG, Eanáir 2021.

[15] Ráiteach comhpháirteach ón Ardionadaí/Leas Uachtarán Josep Borrell agus ón gCoimisinéir um Chomharsanacht agus an Méadú Oliver Varhely maidir leis na toghcháin pharlaiminteacha misean; na Stát Aontaithe chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip

[16] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún “An próiseas aontachais a fheabhsú -peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar”, COM(2020) 57 final.

[17] Cé mhéad a d’infheistigh AE cheana féin sna Balcáin Thiar? “Ceisteanna agus Freagraí:Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar”.

[18] Rialachán Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11.3.2004.

[19] Chomh maith le tacaíocht déthaobhach, cuireann AE cúnamh trasteorann agus cúnamh ilnáisiúnta ar fáil, lena n-áirítear cláir chothrománach agus réigiúnacha maidir leis an smacht reachta. Níl aon leithdháileadh sonrach don smacht reachta amháin áfach.

[20] Tagraíonn an téarma “AE” d’Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla sa Choimisiún (ASanna), agus do SEGS ach ní bhaineann sé leis na Ballstáit.

[21] “[...] Is comharthaí rabhaidh iad iarrachtaí chun iolrachas a laghdú agus grúpaí faire riachtanacha amhail an tsochaí shibhialta agus na meáin neamhspleácha a lagú maidir le bagairtí ar an smacht reachta”; COM(2019) 343 final “an smacht reachta a neartú laistigh den Aontas - treoirphlean gníomhaíochta”, lch. 2.

[22]Meastóireacht Théamach ar Thacaíocht AE don Smacht Reachta i dTíortha Comharsanachta agus iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha don mhéadú (2010-2017)” Achoimre Feidhmiúcháin, Tuarascáil chríochnaitheach, 2019, lch. 5.

[23] Transparency International EU, “Na Balcáin Thiar: Stáit a gabhadh nó pobal dlí?

[24] Creat Faireacháin, Tuairiscithe agus Feidhmíochta IPA II, Conradh Sonrach 2014/351 964, Tuarascáil chríochnaitheach, 2016, lch 45.

[25] Teachtaireacht ón gCoimisiún, “peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe ón Aontas leis na Balcáin Thiar”, COM(2018) 65 final, lch. 8 agus” Ceisteanna agus Freagraí: Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar”.

[26]Ceisteanna agus Freagraí: Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar”.

[27] Conclúidí ó na cruinnithe choiste faireacháin IPA na Cosaive i mí an Mhárta 2018 agus mí Aibreáin 2019.

[28] Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III).

[29] Rialachán2021/1529 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPAIII).

[30] 9.12.2020 ráiteas ó Michael Roth, Aire Gnóthaí Eorpacha sa Ghearmain (uachtaránacht rothlach na Comhairle), Alt sa Serbian Monitor.

[31] Is grúpa neamhfhoirmiúil cinnteoireachta é an Quint ina bhfuil na Stáit Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ríocht Aontaithe.

[32] D’eisiamar tionscadal amháin (tionscadal 16) ón anailís toisc easpa ábharthachta, ós rud é gur tionscadal tógála a bhí ann a cuireadh ar ceal sula ndearnadh aon obair.

[33] Is iad sin tionscadail 1, 2, 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11, 12, 17, 18 agus 20. Measaimid go raibh tionscadal 1 curtha i gcrích, ós rud é gur íocadh an tráinse athraitheach deiridh den mhéid tacaíochta buiséid tosaigh. Comhaontaíodh síneadh ceithre bliana ar thacaíocht bhuiséadach in 2020.

[34] Socraítear an dáta scoir mar 31.1.2021.

[35] Tionscadail 1, 2, 3, 4, 6, 8, 11, 12, 17 agus 18.

[36] Tionscadal 11.

[37] Tionscadal 6.

[38] Tionscadail 10, 11 agus 20.

[39] Tionscadail 1, 2, 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11, 12, 17, 18 agus 20.

[40] Tionscadail 1, 4, 6, 12 agus 17.

[41] Tionscadail 2, 18 agus 20.

[42] Is eagraíocht neamhspleách í an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais a thugann deontais agus a bhunaigh an tAontas agus na Ballstáit in 2013 mar chiste iontaobhais idirnáisiúnta uathrialach chun daonlathas a chothú i gComharsanacht na hEorpa, sna Balcáin Thiar, sa Tuirc agus níos faide i gcéin.

[43] Tionscadail 2, 7, 10, 11, 12, 15, 18, 19, 20.

[44] Tionscadail 1, 3, 4, 5, 8, 9, 13, 14, 17.

[45] Tionscadail 1, 5, 9, 14.

[46] Tionscadail 6 agus 16.

[47] Tionscadail 3, 4, 12, 18, 19.

[48] Tionscadal 3.

[49] Tionscadail 3, 4, 5, 9, 10, 12, 14, 18, 19.

[50] Luacháil théamach ar thacaíocht AE don smacht reachta i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha ar iarrthóirí ionchasacha iad don mhéadú (2010-2017), Achoimre feidhmiúcháin, Tuarascáil chríochnaitheach, 2019.

[51] Tionscadail 6, 12 agus 17.

[52] Tionscadail 1, 2, 4, 10, 18.

[53] Coiste faireacháin IPA II, miontuairiscí 2019, lch. 2.

[54] Meastóireacht 2020 ar chúnamh ó IPA agus ó dheontóirí eile (deontais) do HJPC – Achoimre feidhmiúcháin, lch. 13.

[55] Tionscadail 1, 3, 9, 12, 18.

[56] Tionscadal 5.

[57] Meastóireacht théamach ar thacaíocht AE don smacht reachta i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha is iarrthóirí agus ar iarrthóirí ionchasacha iad don mhéadú (2010-2017), Tuarascáil chríochnaitheach, 2019.

[58] An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil 2020 maidir leis an tSeirbia, lch. 20.

[59] Coimisiún na Veinéise, fógra faoin tuairim i dtaca leis an Dlí maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, Meitheamh 2020.

[60] An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil 2020 maidir leis an tSeirbia, lch. 20.

[61] Freedom House, Nations in Transit, Montainéagró, 2020.

[62] An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil 2020 maidir leis an Albáin, lch. 20.

[63] An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil 2020 maidir leis an tSeirbia, lch. 29.

[64] Ráiteas ó Uachtarán Transparency Serbia tar éis fhoilsiú na tuarascála 2020.

[65] Tuarascálacha 2019 agus 2020 maidir le Montainéagró .

[66] Féach mar shampla Marko Kmezić agus Florian Bieber, “Protecting the rule of law in EU Member States and Candidate Countries” [An smacht rachta a Chosaint i mBallstáit AE agus i dTíortha ar Iarrthóirí iad], go háirithe caibidil 4 “Ways forward” [Bealaí chun cinn].

[67] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Enhancing the accession process - A credible EU perspective for the Western Balkans” [An próiseas aontachais a fheabhsú - peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar], COM(2020) 57 final, Iarscríbhinn Theicniúil.

[68] Human Rights Watch, “Attacks on journalists still a problem in the Western Balkans” [Is fadhb fós iad ionsaithe ar iriseoirí sna Balcáin Thiar].

[69] EurActiv, “In Serbia, fake news is spread by state- supported media” [Sa Serbia, scaiptear bréagnuacht ag meáin a fhaigheann tacaíocht ón stát] , 4.5.2021.

[70] IDM, “Bailiúchán tuairimí 2019:Iontaobhas sa Rialachas”.

[71] Idem.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (http://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-7423-4 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/00206 QJ-AB-21-028-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-7424-1 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/371173 QJ-AB-21-028-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022.

Is le Cinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a chuirtear beartas athúsáide Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) chun feidhme.

Mura léirítear a mhalairt (e.gh. i bhfógraí cóipchirt aonair), déanfar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Sannta Idirnáisiúnta Creative Commons 4.0 (CC BY 4.0). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear athúsáid, ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear athruithe. Níor cheart don athúsáideoir bunbhrí ná teachtaireacht na ndoiciméad a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Ní mór duit cearta breise a imréiteach má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó ina bhfuil oibreacha tríú páirtí san áireamh. I gcás ina bhfaighfear cead, cuirfear an cead ginearálta ar ceal agus beidh an cead a fuarthas in ionad an cheada ghinearálta atá thuasluaite agus léireofar aon srian ar úsáid go soiléir ann.

B’fhéidir go mbeidh ort cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh:

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, eisiatar iad ó bheartas athúsáide CIE agus ní cheadaítear duit iad.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar Shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu, moltar duit athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt.

Lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid

Níor cheart lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: http://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (http://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.