Tuarascáil speisialta
04 2023

An Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (+) Níor baineadh amach an méid a beartaíodh

Maidir leis an tuarascáil:In 2007, lainseáil an tAontas Eorpach tionscnamh dar teideal an Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide chun cabhrú leis na tíortha bochta i mbéal forbartha is soghonta don athrú aeráide a n-acmhainneacht chun oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide a mhéadú. Rinne ár n-iniúchadh measúnú féachaint ar éirigh leis na gníomhartha na torthaí a beartaíodh dóibh a bhaint amach go héifeachtúil agus ar éirigh leis an gCoimisiún an breisluach ba mhó ab fhéidir a ghnóthú as an tionscnamh. Fuaireamar, tríd is tríd, gur sheachaid na gníomhaíochtaí a tugadh i gcrích a gcuid aschur, ach go raibh deis ann le costais a laghdú agus lena léiriú cén tionchar a bhí ag an tionscnamh. Molaimid go ndíreodh an Coimisiún isteach orthu siúd is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh agus go ndéanfadh sé na ceachtanna a fhoghlaimíodh a ionchorprú i dtionscnaimh forbartha domhanda amach anseo.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Tuarascáil iniúchóireachta maidir le Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide de chuid an Aontais

Achoimre Feidhmiúcháin

I Is iad na Tíortha is Lú Forbairt agus na Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha is lú a chuireann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ach is iad is mó atá thíos le tionchair an athraithe aeráide. In 2007, lainseáil an tAontas Eorpach tionscnamh dar teideal an Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide chun cabhrú leis na tíortha sin an teacht aniar atá iontu ó thaobh éifeachtaí an athraithe aeráide a fheabhsú. In 2014, cuireadh tús le céim a dó den tionscnamh, an Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide Plus, a chlúdaigh tréimhse 2014-2020. Chuir an tAontas Eorpach cistiú iomlán de €729 milliún ar fáil don dá chéim.

II In 2020, chinn an Coimisiún gan leanúint ar aghaidh le céim eile den tionscnamh. I dtréimhse 2021-2027, beidh gníomhartha a théann i ngleic leis an athrú aeráide sna tíortha i mbéal forbartha á gcistiú ag an gCoimisiún trí thacaíocht théamach agus gheografach faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. D’fhéach an iniúchóireacht a rinneamar le foghlaim ó dhá chéim an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide, ar mhaithe le gníomhartha amach anseo a bhaineann leis an athrú aeráide agus ar mhaithe le tionscnaimh um fhorbairt dhomhanda amach anseo. Ba é cuspóir ár n-iniúchóireachta ná measúnú a dhéanamh féachaint ar éirigh leis na gníomhartha na torthaí a beartaíodh dóibh a bhaint amach go héifeachtúil agus ar éirigh leis an gCoimisiún an breisluach ba mhó ab fhéidir a ghnóthú as an tionscnamh.

III Tríd is tríd, fuaireamar nár léirigh an tionscnamh a thionchar ar athléimneacht tíortha in aghaidh an athraithe aeráide. Ó thaobh na héifeachtúlachta de, rinne gníomhartha a cuireadh i gcrích a n-aschuir a sholáthar tríd is tríd, ach bhí costas ard ag gabháil leis sin uaireanta.

IV Níor thomhais an tionscnamh na feabhsuithe ar staid na dtairbhithe ná níor dhírigh sé a dhóthain ar riachtanais na ndaoine sin is mó a ndearnadh difear dóibh. Mar gheall ar an gcostas a bhaineann le húsáid nuatheicneolaíochtaí, bhí sé níos deacra do na teaghlaigh ba bhoichte tairbhiú den chlár. Sa bhreis air sin, ní raibh ach líon beag gníomhartha ann a raibh gníomhaíochtaí san áireamh iontu a bhí ag díriú go sonrach ar riachtanais na mban.

V Dhírigh an tionscnamh ar acmhainneacht institiúideach a fhothú, cé nach raibh ach inbhuanaitheacht theoranta ag baint leis de dheasca an ardleibhéil athnuachana foirne. Ar an ábhar sin, ní ar bhonn córasach a tharla an éabhlóid ionchasach ó fhothú acmhainneachta agus treoirghníomhaíochtaí go huas-scálú breise na ngníomhartha oiriúnúcháin a shroichfeadh tairbhithe breise.

VI Níor mheall ceachtar de dhá chéim an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide an cistiú breise ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach a rabhthas ag súil leis. In ainneoin an bhearna airgeadais shuntasach sin a bheith ann, ní dhearna an Coimisiún na cuspóirí uaillmhianacha a bhí aige ón tús a athbhreithniú le linn ré 15 bliana an tionscnaimh. Thairis sin, i gcéim a dó, ba é an toradh a bhí ar chritéir an Choimisiúin maidir le leithdháileadh cistiúcháin ná go raibh níos lú tacaíochta (go cionmhar) á leithdháileadh ar na tíortha ba leochailí.

VII Ní dhearna an Coimisiún anailís leordhóthanach ar a réasúnaí a bhí costais bhuiséadaithe fhormhór na ngníomhartha inár sampla. Léirigh an anailís a rinneamar go raibh an-éagsúlacht ag baint le costais bhainistíochta na ngníomhartha, agus go raibh na costais an-ard i réigiún an Aigéin Chiúin. Fuaireamar go raibh sé indéanta ag an gCoimisiún airgead a choigilt dá mbeadh anailís níos mionsonraithe déanta ar na costais aige.

VIII Cé gur cuireadh tús leis an tionscnamh in 2007 agus go raibh tacaíocht á tabhairt do bhreis is 80 tír, is beag feasachta a bhí ann sna tíortha i mbéal forbartha agus i mBallstáit an Aontais araon. Cuid den chúis a bhí leis sin ná nach raibh sé indéanta na gníomhartha a cistíodh a idirdhealú ó ghníomhartha eile de chuid an Aontais a bhí ag díriú ar an athrú aeráide sna tíortha i mbéal forbartha. Thairis sin, bhí eagrú an tionscnaimh chomh casta sin gur baineadh dá éifeachtúlacht, go háirithe ó thaobh dúbailt saoráidí tacaíochta agus sreabha cistiúcháin.

IX Ní bheidh céimeanna breise ann den Chomhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide, ach sholáthair sé ceachtanna fónta le haghaidh tionscnaimh eile don fhorbairt dhomhanda – ar ceachtanna iad a d’fhéadfadh an tAontas Eorpach a chur chun feidhme amach anseo.

X Ar bhonn na gconclúidí sin, molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. díriú isteach orthu siúd is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh;
  2. na ceachtanna a foghlaimíodh a thabhairt isteach i dtionscnaimh don fhorbairt dhomhanda amach anseo.

Réamhrá

Téann an t-athrú aeráide i bhfeidhm go díréireach ar na tíortha i mbéal forbartha

01 Is é is aidhm do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 13 ná an t-athrú aeráide agus na tionchair a ghabhann leis a chomhrac trí bhearta oiriúnúcháin agus maolúcháin araon. Tá géarghá go háirithe le gníomh oiriúnúcháin i dtíortha i mbéal forbartha. Aithníonn Painéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IPCC) gur sna tíortha forbartha, áit a bhfuil na hastaíochtaí in aghaidh an duine níos airde, ba cheart na príomhiarrachtaí maolaithe a dhéanamh1.

02 Is iad na pobail is boichte agus is leochailí ar domhan is mó atá buailte le hiarmhairtí an athraithe aeráide de bhrí go bhfuil siad ina gcónaí i limistéir a mbíonn tuilte, sciorrthaí talún, triomach agus tubaistí eile coitianta iontu2. Tá gach cosúlacht air go ndéanfaidh rialtais agus sochaithe bearta oiriúnúcháin agus athléimneachta a fhairsingiú chun na bagairtí atá ann cheana a bhainistiú, ach is ar éigean a dháilfear na bearta sin go cothrom, rud a chiallaíonn go bhfágfar pobail áirithe chun deiridh3.

Ba é a bhí mar aidhm leis an gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide ná cabhrú leis na tíortha bochta i mbéal forbartha is mó atá i mbaol ón athrú aeráide

Thug an tionscnamh tacaíocht do raon leathan tíortha

03 Ba é an Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide, tionscnamh a seoladh in 2007, an príomhchlár téamach trínar seoladh cúnamh forbraíochta ón Aontas chun tacú leis an bhfreagairt ar an athrú aeráide4. Is é a bhí mar aidhm leis ná cabhrú leis na tíortha bochta i mbéal forbartha is mó atá i mbaol ón athrú aeráide cur lena n‑acmhainneacht dul in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide. D’fhéach an tionscnamh freisin le cabhrú le tíortha a bheith rannpháirteach san iarracht mhaolaithe. Dhírigh sé ar na Tíortha is Lú Forbairt (TLFanna)5 agus ar na Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha (SIDSanna)6. In 2014, cuireadh tús le céim a dó den tionscnamh, an Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide Plus, a chlúdaigh tréimhse 2014-2020.

04 In 2020, chinn an Coimisiún i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 nach leanfaí le céim a trí den tionscnamh. Ina ionad sin, i gcomhréir le Rialachán 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI – An Eoraip Dhomhanda), chisteodh an Coimisiún gníomhartha a rachadh i ngleic leis an athrú aeráide sna tíortha i mbéal forbartha trí thacaíocht théamach agus gheografach arna soláthar ag na Cláir Ilbhliantúla Tháscacha (MIPanna).

05 Thug an tionscnamh tacaíocht do ghníomhartha um athrú aeráide i raon leathan tíortha (féach Fíor 1).

Fíor 1 – Tíortha a ndearna an Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide idirghabháil iontu

Nóta: Tá na figiúirí bunaithe ar shonraí a chuir AS INTPA ar fáil an 15.4.2022. Is do ghníomhartha ar féidir iad a chur síos do thíortha nó réigiúin shonracha amháin a thagraítear sa léarscáil.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

Is dhá chomhchuid a bhí sa tionscnamh agus chlúdaigh sé roinnt earnálacha tosaíochta éagsúla

06 Bhí dhá chomhchuid ag baint le gach aon cheann den dá chéim a bhí sa tionscnamh:

  1. An chomhchuid dhomhanda, a chlúdaigh na tíortha i mbéal forbartha uile. Is í an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (ICF) a mhaoinigh an chomhchuid sin agus is gníomhartha a bhí ag clúdach aon tír amháin is mó a bhí á gcistiú aici.
  2. An chomhchuid laistigh de ACC, a bhí ag clúdach tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACP). Is é an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a mhaoinigh an chomhchuid sin agus is gníomhartha a bhí ag clúdach réigiún iomlán is mó a bhí á gcistiú aige.

07 Chabhraigh dhá shaoráid tacaíochta, a bhí eisfhoinsithe chuig cuibhreannais faoi stiúir grúpaí comhairleacha comhshaoil, leis an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) agus leis na toscaireachtaí Aontais cúnamh a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta ina gcuid iarrachtaí gníomhartha aeráide a fuair cistiú ón tionscnamh a chur chun feidhme:

  1. Thug an tSaoráid Tacaíochta Domhanda tacaíocht don snáithe domhanda den tionscnamh trí idirphlé agus malartú tuairimí ar an athrú aeráide a chur chun cinn. Chabhraigh sí le toscaireachtaí Aontais gníomhartha um athrú aeráide a fhoirmliú agus thug sí cúnamh teicniúil ad hoc freisin, i.e. tacaíocht agus comhairle chun gníomhartha maidir leis an athrú aeráide a cheapadh agus a chur chun feidhme sna tíortha tairbhíocha. Sa bhreis air sin, thacaigh sí le cruthú agus scaipeadh eolais agus rinne sí bainistíocht ar ardán comhoibritheach, ina raibh doiciméadacht a bhain le cláir an tionscnaimh.
  2. Thug an tSaoráid Tacaíochta laistigh de ACC tacaíocht do Rúnaíocht Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC) le comhordú shnáithe laistigh de ACC an tionscnaimh. Rinne sí bainistiú ar an tSaoráid um Thacaíocht Aeráide (CSF) freisin, a thug cúnamh teicniúil d’eagraíochtaí réigiúnacha ACC7, do chomhlachtaí rialtais agus do ghníomhaithe neamhstáit. San áireamh sa chúnamh teicniúil, bhí gníomhaíochtaí amhail staidéir indéantachta, sainaithint tionscadal agus misin, oiliúint agus ceardlanna a fhoirmliú.

08 Chun a chuspóir cabhrú le tíortha freagairt don athrú aeráide a bhaint amach, rinne an tionscnamh a chur chuige a bhunú ar dhá cholún:

  1. Idirphlé agus comhroinnt eolais a chothú, mar shampla, trí chomhdhálacha agus ceardlanna náisiúnta nó idirnáisiúnta.
  2. Tacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil le haghaidh bearta chun oiriúnú don athrú aeráide, maolú ar an athrú aeráide agus rioscaí tubaiste a laghdú. Bhí raon tacaíochta i gceist, ag dul ó fhothú acmhainneachta nó cúnamh teicniúil le haghaidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla go dtí gníomhartha nithiúla inar tástáladh cuir chuige nua nó ina ndearnadh treoirscéimeanna rathúla a uas-scálú.

09 Sholáthair an tionscnamh tacaíocht theicniúil agus airgeadais trí ghníomhartha a chlúdaíonn raon leathan earnálacha (féach Fíor 2). Ba iad ‘comhshaol agus acmhainní nádúrtha’ agus ‘talmhaíocht agus slándáil bia (iascaigh san áireamh)’ an dá phríomhearnáil ar tugadh tacaíocht dóibh.

Fíor 2 – Gníomhartha a fuair tacaíocht ón tionscnamh

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

Is trí eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe agus gníomhaireachtaí cúnaimh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh is mó a rinneadh na gníomhartha a chur chun feidhme

10 Ní raibh líne bhuiséid dá chuid féin ag an tionscnamh i gcóras cuntasaíochta an Choimisiúin. Chuir an Coimisiún an lipéad ‘Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide’ le roinnt gníomhartha um athrú aeráide a bhí á gcistiú ag ICF agus CEF. Is é €728.8 milliún an cistiú iomlán a leithdháileadh ar an tionscnamh, lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó Bhallstáit an Aontais. Bhí leithdháileadh iomlán de €308.8 milliún ann don chéad chéim (2007-2013) agus €420 milliún don dara céim (2014-2020) (féach Fíor 3).

Fíor 3 – Cistiú a leithdháileadh ar dhá chéim an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

11 Léiríonn Fíor 4 an cistiú a seoladh tríd an bpríomhchlár domhanda agus tríd an gclár laistigh de ACC, agus an cistiú le haghaidh an dá shaoráid tacaíochta. Is é €587 milliún an méid iomlán a cuireadh amach ar chonradh go dtí mí Aibreáin 2022.

Fíor 4 – Méideanna a cuireadh amach ar chonradh

Nóta: Tá na figiúirí bunaithe ar shonraí a chuir AS INTPA ar fáil an 15.4.2022. Níl an dá chlár mhóra ilnáisiúnta a bhain le bainistiú tírdhreacha inbhuanaithe agus córais agraibhia inbhuanaithe san áireamh sna méideanna a cuireadh amach ar chonradh. Maidir leis an dá chlár sin, níl sé indéanta idirdhealú idir an tionscnamh agus cistiú eile ón Aontas.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

12 Tugadh na gníomhartha i gcrích trí mhódúlachtaí cur chun feidhme éagsúla, ar comhaontuithe maoinithe le heagraíochtaí na Náisiún Aontaithe agus le gníomhaireachtaí cúnaimh forbraíochta na mBallstát a bhí sa mhódúlacht is mó a úsáideadh (féach Fíor 5).

Fíor 5 – Méideanna a cuireadh amach ar chonradh (de réir módúlachtaí cur chun feidhme)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

Scóip na hiniúchóireachta

13 Ós rud é nach leanfar den Chomhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide, scrúdaigh ár n-iniúchóireacht an chaoi ar bhainistigh an Coimisiún an dá chéim, chun ceachtanna a fhoghlaim le haghaidh gníomhartha um an athrú aeráide amach anseo agus freisin le haghaidh tionscnaimh forbraíochta dhomhanda amach anseo. Bhí sé mar aidhm leis an iniúchóireacht a mheasúnú ar baineadh úsáid éifeachtúil agus éifeachtach as na cistí, agus moltaí a dhéanamh le haghaidh feabhsuithe i gcás gníomhartha de chuid an Aontais amach anseo i réimse an athraithe aeráide.

14 Ba í an phríomhcheist iniúchóireachta ná an raibh an tionscnamh éifeachtúil agus éifeachtach. Rinneamar na focheisteanna seo a leanas as an bpríomhcheist sin:

  • Ar éirigh leis na gníomhartha na torthaí a beartaíodh a bhaint amach go héifeachtúil?
  • Ar bhain an Coimisiún an leas is fearr as breisluach an tionscnaimh?

15 Scrúdaíomar 14 ghníomh: cúig cinn san Aigéan Ciúin, péire sa Bhanglaidéis, péire san Aetóip, péire sa Bhútáin, ceann sa Nígir, ceann i gCúba, agus gníomh réigiúnach a bhain leis an Afraic ina hiomláine. Ba é €95.4 milliún luach iomlán na ngníomhartha sin, arb ionann é sin agus 16 % de na cistí a cuireadh amach ar chonradh faoin tionscnamh ó 2007 go mí Aibreáin 2022.

16 Roghnaíomar na tíortha sin bunaithe ar mhéid an chistiúcháin a cuireadh ar fáil faoin tionscnamh, agus ar a riachtanaí a bhí sé an chomhchuid dhomhanda agus an chomhchuid laistigh de ACC araon a chlúdach, mar aon le réigiúin dhifriúla agus modhanna cur chun feidhme difriúla. Chuireamar idir ghníomhartha dúnta agus ghníomhartha atá fós ar siúl san áireamh. Rinneamar measúnú freisin ar a mhéid a rannchuidigh an dá shaoráid tacaíochta. Tugann Tábla 1 agus an Iarscríbhinn forléargas ar na 16 ghníomh uile sa sampla.

Tábla 1 – Forléargas ar na gníomhartha sa sampla

1 – AN tAIGÉAN CIÚIN 2 – AN tAIGÉAN CIÚIN 3 – AN tAIGÉAN CIÚIN 4 – AN tAIGÉAN CIÚIN
Uas-scálú ar Oiriúnú an Aigéin Chiúin: An chomhchuid a chlúdaíonn Coimisiún an Aigéin Chiúin Theas agus Rúnaíocht Chlár Comhshaoil Réigiúnach an Aigéin Chiúin
Uas-scálú ar Oiriúnú an Aigéin Chiúin: An chomhchuid a chlúdaíonn Ollscoil an Aigéin Chiúin Theas
Cur le hAthléimneacht Stáit Oileánacha Bheaga an Aigéin Chiúin in aghaidh an athraithe aeráide tríd an gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (GCCA)
Tacaíocht don Chomhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide trí Fhothú Acmhainneachta, Páirteachas Pobail agus Taighde Feidhmeach
BUISÉAD SA DARA CÉIM – €12.8m BUISÉAD SA DARA CÉIM – €2.1m BUISÉAD SA CHÉAD CHÉIM – €11.4m BUISÉAD SA CHÉAD CHÉIM – €7.6m
5 – AN tAIGÉAN CIÚIN 6 – AN BHANGLAIDÉIS 7 – AN BHANGLAIDÉIS 8 – AN BHÚTÁIN
Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Fothú Athléimneachta san Aigéan Ciúin
Tionscnamh Rialtais Áitiúil um Athrú Aeráide (LoGIC): An chomhchuid a chlúdaíonn Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe
Tionscnamh Rialtais Áitiúil um Athrú Aeráide (LoGIC): An chomhchuid a chlúdaíonn Ciste Forbraíochta Caipitiúla na Náisiún Aontaithe
Oiriúnú don Athrú Aeráide in earnáil na nAcmhainní Nádúrtha Inbhuanaithe
BUISÉAD SA DARA CÉIM – €9.5m BUISÉAD SA DARA CÉIM – €7.4m BUISÉAD SA DARA CÉIM – €7.4m BUISÉAD SA CHÉAD CHÉIM – €3.7m
9 – AN BHÚTÁIN 10 – AN AETÓIP 11 – AN AETÓIP 12 – AN tAONTAS AFRACACH
An Clár um Fhorbairt Tuaithe agus um Fhreagairt ar an Athrú Aeráide
Cúnamh Teicniúil mar Thacaíocht le haghaidh GCCA+/Príomhshruthú ar Phleanáil Chliste i leith na hAeráide agus Cuir Chuige don Chur Chun Feidhme i leith an Chláir um Líontán Sábháilteachta na Táirgeachta (Céim IV) san Aetóip
Treoirthástáil ar Ghníomhaíochtaí um an Athrú Aeráide laistigh den Chlár um Bainistiú Inbhuanaithe Talún
ClimDev Africa
BUISÉAD SA DARA CÉIM – €5m BUISÉAD SA DARA CÉIM – €8.1m BUISÉAD SA CHÉAD CHÉIM – €6.2m BUISÉAD SA CHÉAD CHÉIM – €7.7m
13 – AN NÍGIR 14 – CÚBA 15 – AN tSAORÁID DHOMHANDA 16 – AN tSAORÁID LAISTIGH DE ACC
Tacú le forbairt na hathléimneachta ag líonta tí i gcoinne an athraithe aeráide i réigiún Zinder
Athléimneacht réigiúin cois cósta i gCúba a chruthú i dtaca le réitigh nádúrtha chun oiriúnú don athrú aeráide
SAORÁID TACAÍOCHTA GCAA+ Cúnamh Teicniúil do Rúnaíocht ACC le haghaidh Chlár GCCA+ laistigh de ACC agus Bainistiú na Saoráide um Thacaíocht Aeráide
BUISÉAD SA DARA CÉIM – €1.3m BUISÉAD SA DARA CÉIM – €5m BUISÉAD SA DARA CÉIM – €8.4m BUISÉAD SA DARA CÉIM – €5.5m

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

Cur chuige iniúchóireachta

17 Mar gheall ar shrianta taistil COVID-19, ní raibh ar ár gcumas cuairteanna iniúchóireachta a dhéanamh sa Bhútáin, san Aetóip agus san Aigéan Ciúin mar a beartaíodh i dtosach. Bhunaíomar ár gcuid barúlacha ar na foinsí fianaise seo a leanas:

  1. Athbhreithniú ar dhoiciméadacht agus ar fhaisnéis ghréasánbhunaithe faoin athrú aeráide i dtíortha i mbéal forbartha.
  2. Athbhreithniú ar dhoiciméadacht (e.g. conarthaí, buiséid, faireachán, tuarascálacha críochnaitheacha, meastóireachtaí) maidir le gníomhaíochtaí an tionscnaimh arna soláthar ag AS INTPA agus ag an dá shaoráid tacaíochta.
  3. Físchomhdhálacha le foireann na dToscaireachtaí Aontais, le comhpháirtithe cur chun feidhme agus le tairbhithe san Aetóip, sa Bhútáin agus san Aigéan Ciúin. Thionólamar físchomhdhálacha freisin le AS INTPA, leis an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide (AS CLIMA), leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus le saoráidí tacaíochta an tionscnaimh. Sa bhreis air sin, bhí pléití againn le hionadaithe ó shé Bhallstát de chuid an Aontais agus leis an gComhpháirtíocht maidir le Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta8, a chabhraíonn le tíortha rochtain a fháil ar acmhainní chun gníomhú ar son na haeráide a luathú.
  4. Suirbhé a sheolamar chuig pointí fócasacha an tionscnaimh i 65 Thoscaireacht de chuid an Aontais. Bhí ráta freagartha 86 % ann (56 Thoscaireacht Aontais) Bhí ceisteanna sa suirbhé faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht na ngníomhartha agus faoi láidreachtaí agus laigí an tionscnaimh.
  5. Ceistneoirí a seoladh chuig AS INTPA agus chuig an dá shaoráid tacaíochta maidir le dearadh agus cur chun feidhme gníomhartha agus maidir le bainistiú an tionscnaimh.

Barúlacha

Cé gur ar fhorbairt acmhainneachta a bhí an tionscnamh dírithe, bhí scóip ann chun costais a laghdú agus tionchar an tionscnaimh a léiriú

18 Bhí tacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthar le haghaidh bearta oiriúnúcháin agus maolúcháin ar cheann de dhá cholún sa dá chéim den Chomhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (féach mír 08). Scrúdaíomar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na tacaíochta sin. Go sonrach, rinneamar measúnú féachaint:

  1. an ndearna an Coimisiún an tionscnamh a spriocdhíriú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine, mná go háirithe, a ndéanann tionchair an athraithe aeráide difear díreach dóibh, agus an ndearna sé treoirghníomhartha rathúla a uas-scálú chun go bhféadfadh breis daoine tairbhiú díobh;
  2. an raibh na costais bhainistíochta réasúnta chun méid na tacaíochta a shroich na faighteoirí a uasmhéadú;
  3. ar bhain na gníomhartha a dtorthaí ionchasacha amach;
  4. ar baineadh sineirgí amach leis na gníomhartha, agus an raibh na riachtanais ar tugadh aghaidh orthu á gcomhlíonadh i gcónaí nuair a bhí deireadh leis an tacaíocht;
  5. ar mhéadaigh an tionscnamh ar athléimneacht tíortha i leith éifeachtaí an athraithe aeráide.

19 Tugann Fíor 6 agus an Iarscríbhinn achoimre ar na fionnachtana ónár measúnú ar na 14 ghníomh sa sampla ag an staid ina raibh siad tráth a rinneamar ár n-iniúchadh. Ní dhearnamar anailís inbhuanaitheachta ach amháin i gcás na seacht ngníomh a bhí tugtha chun críche. Tá cuntas ar an scrúdú ar an dá shaoráid tacaíochta i mír 62.

Fíor 6 – Achoimre ar na fionnachtana ónár measúnú ar na gníomhartha sa sampla

Foinse: CIE.

Ní dhearna an Coimisiún uas-scálú leordhóthanach ar na bearta oiriúnúcháin agus níor thug sé aghaidh go leordhóthanach ar riachtanais na ndaoine is mó a ndéanann tionchair an athraithe aeráide difear dóibh

20 Bunaithe ar an scrúdú a rinneamar ar na gníomhartha agus ar na meastóireachtaí cláir, ar na freagraí ar ár suirbhé agus ar na pléití a bhí againn le foireann an Choimisiúin, Toscaireachtaí Aontais agus tairbhithe, fuaireamar, ar na cúiseanna seo a leanas, nár thug an tionscnamh aghaidh leordhóthanach ar riachtanais na ndaoine a ndéanann tionchair an athraithe aeráide difear díreach dóibh:

  1. ní raibh aon aistriú córasach ann ó fhothú acmhainneachta (e.g. oiliúint chun an t‑athrú aeráide a thabhairt isteach i bpleananna náisiúnta agus áitiúla, ceardlanna do dhaoine den fhoireann a bhfuil cúraimí lárnacha orthu chun cur lena dtuiscint ar an athrú aeráide, etc.) agus ó threoirghníomhaíochtaí i dtreo uas-scálú breise ar ghníomhartha oiriúnúcháin nithiúla lena dtabharfaí tacaíocht dhíreach don phobal, faoi mar a foráladh dóibh sa nóta coincheapa a ghabhann leis an gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide Plus9;
  2. ní raibh dóthain fócais ar mhná, cé go raibh éifeachtaí díréireacha ag tionchair an athraithe aeráide orthu10, mar go bhfanfaidís sa bhaile cé go ndéanadh na fir imirce go dtí na limistéir uirbeacha, mar shampla;
  3. bhí roinnt gníomhaíochtaí thar acmhainn na líonta tí ba bhoichte.
Ní ar bhonn córasach a tharla an éabhlóid ionchasach ó fhothú acmhainneachta agus treoirghníomhaíochtaí go dtí uas-scálú breise ar ghníomhartha oiriúnúcháin

21 As na Toscaireachtaí Aontais a thug freagra ar ár suirbhé, bhí 86 % ann a bhí den tuairim go mbeadh an tacaíocht ag éabhlú ó fhothú acmhainneachta d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla go dtí bearta oiriúnúcháin nithiúla a rachadh chun tairbhe go díreach do na pobail is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh. De réir an Choimisiúin, bhí na comhpháirtithe náisiúnta sásta le gníomhaíochtaí oiriúnúcháin nithiúla toisc gur léir do na saoránaigh go rabhthas ag gníomhú chun dul in oiriúint don athrú aeráide.

22 Mar sin féin, i gcaitheamh dhá chéim an tionscnaimh, d’fhan an fothú acmhainneachta de bheith ina ghné shuntasach den tacaíocht do na tíortha a bhí i gceist ó tharla go raibh daoine oilte ag imeacht ón bhfoireann. Thug ár suirbhé an cheist sin chun suntais, óir bhraith 52 % de na freagróirí go raibh ráta athraithe ró-ard ann i gcás daoine oilte ar an bhfoireann. Mhínigh comhpháirtithe cur chun feidhme an Choimisiúin gur chiallaigh ráta ard athraithe foirne gur riachtanas leanúnach a bhí san fhothú acmhainneachta. Bhí baol ann, pointe ar tharraing an Toscaireacht Aontais san Aigéan Ciúin aird air, go mb’fhéidir gur ghlac na gníomhartha ionad na hacmhainneachta seachas iad a bheith ag fothú na hacmhainneachta. I roinnt cásanna ba é an fócas leanúnach ar fhothú acmhainneachta an rogha ab fhabharaí chun tacaíocht a thabhairt d’uas-scálú gníomhartha oiriúnúcháin nithiúla a raibh rath orthu agus a sainaithníodh le linn chéim a haon, mar bhealach chun freagairt don riachtanas leanúnach atá ag na tíortha sin. Chiallaigh sé sin gur lú acmhainní a bhí ann chun tacaíocht a thabhairt d’uas-scálú gníomhartha oiriúnúcháin nithiúla a raibh rath orthu agus a sainaithníodh le linn chéim a haon.

23 Níl ach trí cinn de na 14 ghníomh inár sampla ar bhain uas-scálú éigean ar threoirghníomhaíochtaí oiriúnúcháin leo (gníomh 5 san Aigéan Ciúin agus gníomhartha 6 agus 7 sa Bhanglaidéis), eadhon trí shuíomhanna nua agus tairbhithe breise a chlúdach. Thairis sin, ní raibh ach 38 % de na freagróirí ar ár suirbhé a shíl go ndearnadh uas-scálú córasach ar na treoirghníomhaíochtaí oiriúnúcháin. Ní i gcónaí a tharla an éabhlóid phraiticiúil a rabhthas ag dréim léi ó ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i dtreo gníomhaíochtaí oiriúnúcháin a bhí níos nithiúla sa dara céim den tionscnamh. Léiríonn Bosca 1 dhá shampla ó na gníomhartha inár sampla ina raibh uas-scálú indéanta cé nár tháinig sé sin chun fíre.

Bosca 1

Chaill an tionscnamh deis chun gníomhaíochtaí san Aetóip agus san Aigéan Ciúin a uas-scálú

San Aetóip, ní dhearnadh gníomh 11, a cistíodh le linn chéim a haon den tionscnamh agus a bhain leis an gClár Bainistithe Talún Inbhuanaithe, a scálú suas i gcéim a dó den tionscnamh. Ina ionad sin, stopadh de na treoirghníomhaíochtaí oiriúnúcháin agus is fothú acmhainneachta go príomha a bhí i gceist le gníomh 10, a dhírigh ar an bpleanáil aeráidchliste a phríomhshruthú isteach sa Chlár um Líontán Sábháilteachta na Táirgeachta le linn chéim a dó den tionscnamh.

San Aigéan Ciúin, ba é a bhí mar aidhm le gníomh 1 maidir le hUas-scálú ar Oiriúnú an Aigéin Chiúin, a cistíodh ag céim a dó den tionscnamh, ná treoirghníomhaíochtaí oiriúnúcháin rathúla ó ghníomh 3, a cistíodh ag céim a haon, a uas-scálú. In ionad na treoirghníomhaíochtaí roimhe sin a uas-scálú, áfach, is amhlaidh a thug gníomh 1 faoi threoirghníomhaíochtaí dá chuid féin. Níor thug sé an tacaíocht a bhí ag teastáil chun na bearta oiriúnúcháin a uas-scálú, amhail stóráil uisce tí, i gcás tíortha a bhfuil daonra níos mó iontu. Is é a raibh i gceist leis an ngníomh ná tástáil a dhéanamh ar an gcreat don uas-scálú, agus ansin sholáthair sé cnapshuim de €0.5 milliún do na naoi dtír chéanna a bhí i gceist faoi ghníomh 3 roimhe seo, gan beann ar an daonra atá iontu. Bhí daonra d’os cionn 100 000 i gCiribeas, mar shampla, agus daonra níos lú ná 2 000 in Niue. Thug gníomh 1 an deichiú tír isteach i.e. Fidsí, le daonra de 900 000, a fuair an tacaíocht chéanna.

Ní raibh fócas leordhóthanach ar mhná, cé go ndearna tionchair an athraithe aeráide difear díréireach dóibh

24 I ndoiciméid ón gCoimisiún a bhain leis an bpleanáil do na gníomhartha inár sampla, míníodh go raibh éifeachtaí díréireacha ag tionchair an athraithe aeráide ar mhná. Mar sin féin, ní raibh na gníomhartha ag díriú go córasach ar mhná. Ní raibh ach trí ghníomh11 inár sampla a raibh gníomhaíochtaí iontu thug aghaidh go sonrach ar riachtanais na mban. As na freagróirí ar ár suirbhé, bhí 84 % ann a shíl gur cheart go gcuirfeadh na gníomhartha béim níos mó ar chabhrú le mná. Tugann Bosca 2 samplaí den easpa fócais ar mhná.

Bosca 2

Bhí roinnt gníomhartha ann nár dhírigh go leordhóthanach ar chabhrú le mná

Sa Bhútáin, rinne gníomh 8,, a bhain le hearnáil na n-acmhainní nádúrtha inbhuanaithe arna maoiniú ag céim a haon, a mheas go raibh na héifeachtaí céanna ag tionchair an athraithe aeráide ar mhná agus fir i bpobail tuaithe. Bhí staidéar ó 2020 ann, áfach, a tháinig ar an gconclúid gur mná is mó a bhí thíos leis an athrú aeráide12, toisc gur nós leosan fanacht sna sráidbhailte in éineacht leis na leanaí agus na daoine scothaosta nuair a théann na fir óga ar imirce go dtí ceantair uirbeacha ar lorg fostaíochta. I ngníomh 9, arna chistiú ag céim a dó, tugadh isteach sprioc chun líon na mban a fuair oiliúint i dteicnící feirmeoireachta a mhéadú ó 43 % go 45 %. Ní raibh an sprioc uaillmhianach go leor, áfach, agus níor baineadh amach í. Níor mhéadaigh céatadán na mban a cuireadh faoi oiliúint ach go dtí 44 %, mar gheall ar thionchar shrianta taistil COVID-19 ar an bhféidearthacht oiliúint a sheoladh.

San fhaireachán a rinneadh ar ghníomh 5 san Aigéan Ciúin i mí an Mheithimh 2021, fuarthas nach raibh plean ar bith ann chun gnéithe inscne a chomhtháthú sna gníomhaíochtaí agus nach raibh aon táscairí inscne ann a dhéanfadh measúnú ar thionchar an ghnímh ó thaobh éagothromaíochtaí a laghdú. In Haupu, an Tíomór Thoir, níor fhreastail bean ar bith ar na chéad chruinnithe comhairliúcháin a bhí ann le haghaidh cur chun feidhme réiteach oiriúnúcháin don tslándáil uisce bunaithe ar éiceachóras.

Cé go raibh staidéar ar chúrsaí inscne i ngníomh 12, a chlúdaigh an Afraic, fuarthas sna tuarascálacha faireacháin nár thug sé aghaidh go díreach ar shaincheisteanna inscne. Bhíodh tearcionadaíocht ag mná sna gníomhaíochtaí go hiondúil.

Bhí roinnt gníomhaíochtaí thar acmhainn na líonta tí ba bhoichte

25 Ba é a bhí mar aidhm leis an tionscnamh ná an t-athrú aeráide a chomhtháthú in iarrachtaí chun laghdú ar an mbochtaineacht agus aird ar leith a thabhairt ar bhearta a théann chun tairbhe go díreach do dhaoine atá i bhfíorbhochtaineacht13. Bhíothas ag dréim leis go gcabhródh na gníomhartha leis an mbochtaineacht a laghdú trí athléimneacht a chothú i dteaghlaigh leochaileacha.

26 I dtuarascáil 2021 ar thionchar agus inbhuanaitheacht14, arna táirgeadh ag an tSaoráid Tacaíochta Domhanda, áfach, fuarthas go raibh cuid de na gníomhartha nár shroich na teaghlaigh ba bhoichte. Tharla sé sin mar gheall ar na rioscaí maireachtála atá rompu nuair a ghlacann siad páirt i dtreoirghníomhartha nó mar nach bhfuil ar a n‑acmhainn nuatheicneolaíochtaí a mhacasamhlú. Fuair staidéir ar ghníomhartha sa Chambóid, i Neipeal, san Aigéan Ciúin agus sa Tansáin go ndearnadh formhór na dteaghlach ba leochailí a eisiamh tríd is tríd mar gheall ar chostas na n-idirghabhálacha oiriúnúcháin. I gcás ghníomh 3 san Aigéan Ciúin, mar shampla, ní raibh teaghlaigh bheaga agus bhochta in ann íoc as an gcostas a bhain le humair stórála uisce báistí a iompar go dtí oileáin iargúlta amuigh in Palau.

Tugann leibhéal ard inathraitheachta na gcostas le tuiscint go bhféadfaí feabhas a chur ar an éifeachtúlacht a bhí ag roinnt le gníomhartha áirithe

27 Rinne Toscaireachtaí Aontais agus an Grúpa um Athbhreithniú Cáilíochta in INTPA an dearadh agus an buiséad do na gníomhartha a bhreithmheas. Maidir le gníomhartha 6 agus 7 (LoGIC) sa Bhanglaidéis, rinne an Toscaireacht Aontais measúnú ar a réasúnaí a bhí na costais i gcomparáid leis na torthaí beartaithe. Bhí sé mar aidhm aici na costais bhainistíochta (i.e. tuarastail, costais taistil agus chothaithe le haghaidh bainisteoirí, comhordaitheoirí, agus foireann riaracháin, airgeadais, cumarsáide agus TF, mar aon le costas áitribh oifigí agus trealaimh agus an ranníocaíocht le forchostais eagraíochtúla) a theorannú go dtí thart ar 20 %. Rinne an Toscaireacht Aontais comparáid a bhí fabhrach idir an méid sin agus idirghabháil den chineál céanna ar bhain costais bhainistíochta beagán níos airde léi. I staidéar ar LoGIC ó Mhárta 2020, fuarthas go raibh an céatadán mór cistiúcháin a chuaigh chun tairbhe go díreach don phobal áitiúil ar na láidreachtaí a bhain leis an ngníomh.

28 Mar sin féin, ní dhearna an Coimisiún measúnú leordhóthanach ar a réasúnaí a bhí na costais i gcás naoi gcinn de na gníomhartha inár sampla. I dtrí chás, ní raibh aon anailís ann féachaint an raibh na costais foirne agus iompair riachtanach nó réasúnta (féach Bosca 3).

Bosca 3

Ní raibh aon anailís chórasach ann ar a réasúnaí a bhí na costais

Mhéadaigh na costais foirne le haghaidh ghníomh 11 san Aetóip breis is a dhá oiread (ó €0.6 milliún go €1.3 milliún) le linn an chur chun feidhme. Chuir sé sin ar chumas an chomhpháirtí cur chun feidhme breis foirne a earcú ar thuarastail níos airde, ach ní raibh aon anailís ann ar an ngá a bhí leis na costais mhéadaithe ná ar iad a bheith réasúnta.

Bhí costais bhainistíochta 27 % san áireamh sa bhuiséad le haghaidh ghníomh 14 i gCúba. Bhí €2 mhilliún (39 % de na costais iomlána) sa bhuiséad freisin chun trealamh, lena n-áirítear feithiclí talmhaíochta, 11 thrucail, jíp, mionveain, trí ghluaisteán agus 13 ghluaisrothar, a cheannach agus a chothabháil. Ba le haghaidh an riaracháin an mhionveain, na gluaisteáin agus ceann de na gluaisrothair. Ní raibh aon anailís ar an mbuiséad ann chun a mheasúnú an raibh na costais sin riachtanach nó réasúnta.

I gcás ghníomh 12 a chlúdaigh an Afraic, tuairiscíodh costais taistil chríochnaitheacha de €2.4 milliún (31 % den chaiteachas). Bhí na costais taistil ard de bhrí go raibh ceardlanna agus comhdhálacha san áireamh sna gníomhaíochtaí, agus bhí taisteal i gceist chun bualadh leis na rannpháirtithe agus leis an bhfoireann. Mar sin féin, ní raibh buiséad tosaigh taistil ann mar bhonn comparáide i gcás na gcostas sin.

29 De bhrí nach ndearna an Coimisiún anailís agus comparáid leordhóthanach ar na costais, rinneamar ár n-anailís féin ar na costais bhainistíochta bunaithe ar an bhfaisnéis a raibh fáil uirthi i mbuiséid agus tuarascálacha. Léiríodh éagsúlacht mhór ó thaobh costais bhainistíochta de san anailís a rinneamar, agus léiríodh freisin go bhféadfaí gnóthachain éifeachtúlachta a shainaithint ag céim an dearaidh (féach Fíor 7).

Fíor 7 – Éagsúlacht mhór ó thaobh costais bhainistíochta de

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

30 Bhí na costais bhainistíochta san Aigéan Ciúin an-ard tríd is tríd. Mar shampla, b’ionann na costais bhainistíochta i gcás ghníomhartha 1, 2 agus 5 agus 43 %, 59 % agus 53 % den bhuiséad iomlán faoi seach. Bhí dhá phríomhchúis leis na costais bhainistíochta a bheith an-ard san Aigéan Ciúin:

  1. cuireadh leis na costais bhainistíochta mar go raibh dhá ghníomh ar leith á reáchtáil ag an am céanna (e.g. gníomhartha 1 agus 5) agus iad á gcistiú ag comhchodanna éagsúla den tionscnamh;
  2. bhí roinnt comhpháirtithe cur chun feidhme éagsúla i mbun gníomhartha ó chéim a dó (gníomhartha 1, 2 agus 5) a bhainistiú, rud a thug saineolas ó eagraíochtaí réigiúnacha difriúla isteach, ach a raibh costais bhainistíochta arda mar thoradh air.

31 Chuir an Coimisiún i bhfios go raibh costais áirithe a thit isteach sa réimse doiléir idir bainistíocht agus gníomhaíochtaí. Mar sin féin, ní raibh sé in ann a shonrú cén cion a caitheadh ar gach réimse díobh. I mBosca 4, tugtar dhá shampla atá ina léiriú ar an tsaincheist sin.

Bosca 4

Gan idirdhealú córasach ann idir costais bhainistíochta agus costais gníomhaíochtaí

B’ionann na costais bhainistíochta i gcás ghníomh 13 sa Nígir agus 24 % den bhuiséad iomlán. B’ionann gníomhaíochtaí agus 28 % de na costais. Bhí meascán de chostais bhainistíochta agus gníomhaíochtaí (acmhainní daonna, taisteal, soláthairtí agus trealamh) i gceist leis an 48 % eile de na costais, ach ní fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh amach cén méid a caitheadh i ngach aon cheann de na réimsí costais sin. San áireamh sna costais bhainistíochta, bhí an gnáthchéatadán de 7 % le haghaidh costais riaracháin. Sin í an uasteorainn le haghaidh ranníocaíochtaí cnapshuime le forchostais eagraíochtúla15. Mar sin féin, chuir siad 9 % sa bhreis san áireamh le haghaidh costais riaracháin an chomhpháirtí cur chun feidhme. Ní costais incháilithe a bhí sna costais bhreise sin, ach chinn an Coimisiún iad a íoc de bhrí gur léir go raibh siad leagtha amach sa chonradh ón tús. Dá ndéanfaí anailís níos mionsonraithe ar na costais ag céim an dearaidh bheadh buntáiste breise ann sa mhéid go mbraithfí earráid den sórt sin. Sa chás seo, is coigilt de €166 000 a bheadh ann don Choimisiún.

Bhí méid áirithe den fhothú acmhainneachta agus de ghníomhaíochtaí oiliúna san áireamh sna costais bhainistíochta i gcás ghníomh 1 san Aigéan Ciúin. Bhí cuid den fhoireann bainistíochta i gcás ghníomh 2 (Oifigigh Thaighde agus Phobail) páirteach freisin i ngníomhaíochtaí oibríochtúla. Mar sin féin, ní raibh an Coimisiún in ann a shonrú cén cion dá gcuid ama a caitheadh sa tslí sin. I gcodarsnacht leis sin, bhí bainistíocht áirithe i gceist i gcostais ghníomhaíochta ghníomh 3 roimhe seo, ach ní raibh faisnéis mhionsonraithe ag an gCoimisiún maidir le cé a bhí ag obair ar ghníomhaíochtaí agus cé a bhí á mbainistiú.

Soláthraíodh aschuir tríd is tríd mar thoradh ar ghníomhartha a cuireadh i gcrích, ach níor tomhaiseadh an chaoi ar feabhsaíodh staid na dtairbhithe

32 Tá dhá chatagóir torthaí ann:

  1. aschuir: a táirgeadh nó a rinneadh leis na hacmhainní a leithdháileadh ar ghníomh ar leith e.g. an líon daoine a oileadh, an líon teaghlach a raibh teicnící feirmeoireachta nua á gcur i bhfeidhm acu, na foilseacháin a táirgeadh, na gníomhaíochtaí oiriúnaithe a cuireadh chun feidhme;
  2. forthorthaí: feabhsuithe ar staid na dtairbhithe mar thoradh ar an idirghabháil, amhail beartais fheabhsaithe don athrú aeráide, rochtain fheabhsaithe ar uisce slán, feabhas ar an gcosaint chósta, méadú ar an talamh faoi chosaint, táirgeadh breise agus ioncam méadaithe, agus feabhsuithe ar a sláinte.

33 Bhí mar aidhm leis na 14 ghníomh inár sampla acmhainneacht a fhothú agus gníomhaíochtaí oiriúnaithe nithiúla a dhéanamh (bainistíocht chósta, slándáil uisce, cúram sláinte agus feirmeoireacht inbhuanaithe), ar treoirghníomhaíochtaí den chuid is mó a bhí iontu sin. Bhí ocht ngníomh ann16 a dhírigh ar an oiriúnú den chuid is mó, ceithre ghníomh17 a raibh fothú acmhainneachta agus oiriúnú araon i gceist iontu agus an bhéim chéanna orthu agus dhá ghníomh ar fothú acmhainneachta is mó a bhí i gceist leo18.

34 Bhí seacht ngníomh inár sampla a bhí curtha i gcrích19, agus i gcás cúig cinn20 díobh soláthraíodh na haschuir ionchasacha tríd is tríd, aschuir amhail straitéisí náisiúnta a fhorbairt don athrú aeráide nó cuidiú le pobail chun bearta oiriúnúcháin nuálacha a chur chun feidhme. Níor sholáthair gníomh 11 san Aetóip agus gníomh 3 san Aigéan Ciúin na gníomhaíochtaí a beartaíodh. Chealaigh gníomh 11 na gníomhaíochtaí a bhain le fothú acmhainneachta, agus maidir leis an gcuid eile níorbh fhéidir na haschuir a tuairiscíodh (éachtaí fisiciúla) a cheangal le suíomhanna ar leith sna 34 woreda (ceantair). Ní raibh ar chumas ghníomh 3 an t-umar náisiúnta stórála uisce a bhí beartaithe i Nárú a thógáil.

35 Mhair an tionscnamh 15 bliana, rud a thug deis na forthorthaí a thomhas (i.e. an feabhsú i staid na dtairbhithe). Dúirt na comhpháirtithe cur chun feidhme linn go spreagfaí úinéireacht dá ndíreofaí ar na forthorthaí agus go gcabhródh sé chun na hathruithe fadtéarmacha inmhianaithe a thabhairt i gcrích. B’éigean freisin obair leantach a dhéanamh ar na forthorthaí chun gníomhartha a thug tairbhí marthanacha a shainaithint ar mhaithe le dul i bhfeidhm ar an mbeartas amach anseo agus na gníomhartha ab oiriúnaí lena n-uas-scálú a roghnú.

36 Fuaireamar, áfach, nach ndearna an Coimisiún an córas riachtanach táscairí, bonnlínte agus spriocanna a chur ar bun chun forthorthaí fhormhór na ngníomhaíochtaí a thomhas (féach Bosca 5).

Bosca 5

Laigí san obair leantach i gcás forthorthaí níos fadtéarmaí

Faoi ghníomh 10, a raibh sé mar aidhm leis pleanáil aeráidchliste a phríomhshruthú isteach sa Chlár um Líontán Sábháilteachta na Táirgeachta san Aetóip, ní dhearnadh bonnlínte ná spriocanna a leagan síos i dtosach lena bhféadfaí forthorthaí níos fadtéarmaí a mheasúnú.

Faoi ghníomh 12, soláthraíodh roinnt táirgí eolais (páipéir faisnéise, coimrí beartais, páipéir theicniúla agus tuarascálacha), a bhfuil fáil orthu ar shuíomh gréasáin ClimDev Africa. Mar sin féin, níor rianaigh an suíomh gréasáin cé chomh mór a bhreathnaíodh ar na táirgí eolais sin.

I gcomhréir leis an moladh i dTuarascáil faireacháin 2015 ón gCoimisiún, rinne gníomh 4 táscairí le haghaidh forthorthaí níos fadtéarmaí a thabhairt isteach. Bhain sprioctháscaire amháin san Aigeán Ciúin lena chinntiú go mbeadh dhá thrian de na mic léinn fós ag plé go gníomhach le disciplín a bhí bainteach leis an athrú aeráide sna 12 mhí tar éis a n-oiliúint a bheith curtha i gcrích. Chuir an Coimisiún go leor samplaí ar fáil de mhic léinn a bhí fós ag obair in aireachtaí a bhain leis an athrú aeráide, sna seirbhísí meitéareolaíochta, in oifigí náisiúnta um bainistiú tubaistí agus sa chaibidlíocht faoin athrú aeráide. Rinne an gníomh beart níos cuimsithí trínar rianaíodh 72 % de na mic léinn, agus tugadh faisnéis sa tuarascáil chríochnaitheach maidir lena n-earnáil gníomhaíochta (e.g. breisoideachas, rialtas, eagraíochtaí réigiúnacha, gníomhaíochtaí idirnáisiúnta, an earnáil phríobháideach). Mar sin féin, níor léirigh an beart rianaithe sin an amhlaidh a bhí siad fós ag plé le disciplín a bhain leis an athrú aeráide.

37 Mhol comhpháirtithe cur chun feidhme san Aigéan Ciúin go bhféadfaí táscairí forthoraidh a thomhas trí leas a bhaint as gníomh leantach nó sciar de chistí an ghnímh a choinneáil siar. Mar sin féin, fuaireamar nach ndearna an tionscnamh obair leantach ar tháscairí forthoraidh ó ghníomhartha roimhe sin.

Shaothraigh an tionscnamh inbhuanaitheacht na ngníomhartha trí shineirgí, ach thug sé aird neamhdhóthanach ar straitéisí scoir

38 Tarraingíodh aird sa staidéar tionchair agus inbhuanaitheachta ar a thábhachtaí a bhí naisc le gníomhartha eile chun an inbhuanaitheacht a chothú. As na freagróirí ar ár suirbhé, bhraith 80 % gur éirigh le gníomhartha an tionscnaimh sineirgí a bhaint amach le gníomhartha eile a bhain leis an athrú aeráide. D’aimsíomar go leor sineirgí freisin sa scrúdú a rinneamar ar na gníomhartha. Mar sin féin, bhí trí chás ann21 a léirigh nach raibh comhordú agus idirghníomhú ann le gníomhartha cosúla. Léirigh an fhreagairt ó Thoscaireachtaí Aontais ar roinnt ceisteanna inár suirbhé freisin go raibh cásanna ann ina raibh dúshlán ag baint lena inbhuanaithe a bhí torthaí gníomhartha:

  1. bhraith 28 % de na freagróirí nár leag na gníomhartha béim leordhóthanach ar an inbhuanaitheacht;
  2. shíl 34 % nár lean príomhshruthú an athraithe aeráide isteach i mbeartais earnálacha as buiséid, gníomhartha reachtacha agus rialacháin;
  3. shíl 52 % de na freagróirí ar ár suirbhé go raibh an ráta athraithe foirne ard (féach mír 22).

39 I dtuarascáil tionchair agus inbhuanaitheachta 2021, fuarthas nár thug na gníomhartha i gcoitinne mórán aird ar straitéisí scoir a chruthú chun a áirithiú go leanfaí de na gníomhartha nuair a bheadh deireadh leis an gcistiú (féach Bosca 6).

Bosca 6

Níor thug na gníomhartha aird leordhóthanach ar straitéisí scoir

I dtuarascáil tionchair agus inbhuanaitheachta 2021, fuarthas nach ndearna na gníomhartha na cúraimí seo a leanas go leordhóthanach chun go leanfaí de na gníomhaíochtaí nuair a bheadh deireadh leis an ngníomh:

  • tabhairt faoi anailís ar an mbearna inbhuanaitheachta, ag féachaint ar ghnéithe teicniúla, airgeadais, institiúideacha, comhshaoil agus sóisialta;
  • meabhráin Chomhthuisceana leis na geallsealbhóirí a fhorbairt ina ndéanfaí a róil agus a bhfreagrachtaí tar éis dheireadh an ghnímh a shainiú;
  • scálú síos a dhéanamh ar an tacaíocht dhíreach le haghaidh gníomhaíochtaí le linn céimeanna deireanacha gnímh, agus deis a thabhairt do dhaoine eile dul i gceannas;
  • gníomhaíochtaí a nascadh le cláir níos mó ar féidir leo a bheith ag brath ar thacaíocht leanúnach ón rialtas, ón earnáil phríobháideach nó ó dheontóirí eile;
  • na príomhbhearnaí in acmhainneachtaí na bpríomh-chomhpháirtithe a shainaithint agus díriú isteach ar aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin;
  • ábhar cumarsáideach a fhorbairt a dhéanfadh doiciméadú ar cheachtanna a foghlaimíodh d’fhonn macasamhlú na ndea-chleachtas ón ngníomh a chur chun cinn.

Bhí deacrachtaí ag gach ceann de na naoi dtír a fuair tacaíocht faoi ghníomh 3 san Aigéan Ciúin le cothabháil na n-acmhainní teicniúla agus airgeadais a bheadh riachtanach chun na torthaí a choinneáil ar bun san fhadtéarma. Is beag macasamhlú a rinneadh ar theicneolaíochtaí bailithe uisce báistí in Palau mar gheall ar ardchostais suiteála (féach mír 26).

40 Bhí seacht ngníomh inár sampla a bhí dúnta. Fuair cúig cinn díobh22 cistiú breise ón Aontas ón tionscnamh nó ó chláir Aontais eile chun go mbeidís inbhuanaithe. Maidir leis an dá ghníomh eile a bhí dúnta23, áfach, ní raibh na hacmhainní ann chun go leanfaí de na gníomhaíochtaí nuair a bheadh deireadh leis an gcistiú. Bhí ionchais inbhuanaitheachta ghníomh 11 san Aetóip an-lag de bhrí nach ndearnadh uirlisí agus trealamh a chothabháil (féach Bosca 7).

Bosca 7

Bhí an easpa cothabhála ina bac ar an inbhuanaitheacht san Aetóip

Sa mheastóireacht ar ghníomh 11 san Aetóip, fuarthas nár leanadh de threoirghníomhaíochtaí rathúla ón uair a tháinig an gníomh chun críche mar gheall ar easpa cothabhála i gcás uirlisí agus trealaimh:

  • bhí damáiste déanta do go leor de na caidéil uisce lámhoibrithe, agus mar sin ní raibh na feirmeoirí in ann leas a bhaint astu;
  • thit formhór na dtoibreacha a soláthraíodh isteach ar a chéile;
  • theip ar phlandlann ceal síolta;
  • ní fhéadfadh na feirmeoirí stallabheathú rathúil a dhéanamh ceal farae;
  • theip ar an gcóras sil-uisciúcháin mar gheall ar an am agus dícheall a bhí ag teastáil chun uisce a iompar chomh fada leis na humair ardaithe.

Is fothú acmhainneachta go príomha a bhí i gceist le gníomh 10 ina dhiaidh sin san Aetóip agus ní dhearnadh obair leantach ar na gníomhaíochtaí sin.

Níor léirigh an tionscnamh gur chuir sé le hathléimneacht tíortha i ndáil le héifeachtaí an athraithe aeráide

41 Is iad na ‘tionchair’ ná na hiarmhairtí socheacnamaíocha is féidir a thabhairt faoi deara tamall áirithe tar éis tionscadal a bheith tugtha chun críche. Ba é an tionchar ab fhadtéarmaí a rabhthas ag dréim leis ón gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide ná go mbeadh tíortha níos athléimní i ndáil le héifeachtaí an athraithe aeráide. Mar sin féin, ní dhearnadh an córas stóinseach faireacháin agus meastóireachta a bheadh riachtanach chun tomhas a dhéanamh ar thorthaí agus tionchair an tionscnaimh a chur ar bun faoi mar a bhí molta ag an meastóireacht dhomhanda24 agus ag an nóta coincheapa in 2015 (féach míreanna 35, 36, 37 agus Bosca 5). Ní raibh aon chreat measúnaithe ann ina mbeadh táscairí comhchoiteanna a bhféadfadh na gníomhartha uile tuairisciú ina leith. Ar an ábhar sin, ní fhéadfadh an Coimisiún na torthaí a chomhiomlánú ar fud na ngníomhartha uile chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán an tionscnaimh agus níorbh fhéidir é a thabhairt chun cuntais as ar cuireadh i gcrích leis. Ina ionad sin, is amhlaidh a cuireadh síos ar thionchar na tacaíochta i dtéarmaí dothomhaiste. Mar shampla:

  1. Trí Chinneadh Vársá maidir le Caillteanas agus Damáiste25, a glacadh ag COP 19 in 2013, bunaíodh Sásra Idirnáisiúnta Vársá do Chaillteanas agus Damáiste, a thagraíonn don díobháil a dhéanann an t-athrú aeráide. I bhfoilseachán ó 2014 dar teideal ‘Caillteanas agus Damáiste san Afraic’, a táirgeadh trí ghníomh 12 (ClimDev), tugadh measúnú a bhí le cur san áireamh nuair a bheadh nósanna imeachta á mbunú chun an sásra sin a chur chun feidhme. Níorbh fhéidir a thomhas, áfach, cé chomh mór a bhí sé sin ag rannchuidiú.
  2. In alt ar an gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide ó 2019, rianaíodh mar ar rannchuidigh sé chun comhghuaillíocht fhorchéimnitheach a bhunú idir an tAontas Eorpach agus na tíortha tairbhíocha, rud a d’fhág go raibh Comhaontú Pháras indéanta26. Níorbh fhéidir a thomhas, áfach, cé chomh mór agus a rannchuidigh an tionscnamh le Comhaontú Pháras.

42 Iarracht amháin chun tionchar a thomhas ab ea gníomh 5 san Aigéan Ciúin, a raibh an t-athrú ar innéacs tíre Thionscnamh Ollscoil Notre Dame um Oiriúnú Domhanda (NG-GAIN)27 do na tíortha rannpháirteacha ar cheann de na táscairí ann. Léiríonn an t-innéacs sin a athléimní atá tír i ndáil le tionchair an athraithe aeráide. Úsáideann sé 45 tháscaire a thomhaiseann leochaileacht tíre i leith suaitheadh aeráide agus a hullmhacht chun infheistíocht a dhéanamh i ngníomhartha oiriúnúcháin. Thógamar ar an iarracht ón gCoimisiún tionchar a thomhas agus rinneamar anailís ar an athrú ar innéacsanna tíre ND-GAIN le linn ré an tionscnaimh ó 2007 go dtí an t-am i láthair. Fuaireamar gur fheabhsaigh innéacs ND-GAIN i gcás fhormhór na dtíortha a fuair cistiúchán ón tionscnamh (féach Fíor 8). I bhformhór na gcásanna, ba lú é ná ceithre phointe ar scála ND-GAIN.

Fíor 8 – Athruithe ar innéacsanna tíre ND-GAIN 2007-2019

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón ND-GAIN.

43 Níl sa tacaíocht ón tionscnamh sin ach gné amháin a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar innéacs ND-GAIN maidir le leochaileacht tíortha i leith an athraithe aeráide. Ní féidir tionchar an tionscnaimh a leithlisiú ó thionchar na rialtas náisiúnta, ó thionchar deontóirí eile agus imeachtaí saoil. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag baint le cistiú eile Aontais freisin, go háirithe ós rud é go mbíonn áit níos suntasaí sna Cláir Ilbhliantúla Tháscacha anois ag gníomhartha a bhaineann leis an aeráid. Mar shampla, rannchuidigh an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt le gníomhartha 9, 10, 11 agus 12, ar gníomhartha iad a cistíodh faoi thionscnamh GCCA freisin.

44 Rud eile a thugann le fios nach féidir feabhsuithe in innéacs ND-GAIN a chur síos don tionscnamh is ea go bhfuil feabhsú comhchosúil ann i gcás fhormhór na dtíortha leochaileacha nach bhfuair cistiú. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis na trí thír a chonaic an titim ba mheasa ina n-innéacs ND-GAIN (an Nigéir, an Bhanglaidéis agus Maenmar/Burma), is tíortha iad uile a fuair cistiú faoin tionscnamh.

Ní dhearna an Coimisiún an breisluach ón tionscnamh a uasmhéadú

45 Sa roinn seo, déantar measúnú féachaint an ndearna an Coimisiún an méid seo a leanas:

  1. dhá chéim an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide a dhíriú ar na tíortha bochta i mbéal forbartha is leochailí i leith an athraithe aeráide, go háirithe TLFanna agus SIDSanna.
  2. cistiú breise a mhealladh ó Bhallstáit an Aontais, ón earnáil phríobháideach agus ó shásraí maoinithe nuálacha eile , de réir mar a bhí beartaithe, chun tionchar an tionscnaimh a uasmhéadú;
  3. feasacht ghinearálta ar an tionscnamh a chur chun cinn;
  4. formhaoirseacht iontaofa uileghabhálach a dhéanamh ar chostais agus ghníomhaíochtaí an tionscnaimh agus sineirgí a bhaint amach idir an chomhchuid dhomhanda agus an chomhchuid laistigh de ACC;
  5. straitéis scoir a leagan amach chun a áirithiú go ndéanfar na ceachtanna a foghlaimíodh ón tionscnamh a thabhairt ar aghaidh sa CAI nua agus go mbainfear leas astu nuair a bheidh gníomhaíochtaí á gceapadh chun díriú ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide i dtíortha i mbéal forbartha.

Bhí laghdú fócais ar na tíortha ba leochailí i gcéim a dó

46 Is é a bhí mar aidhm leis an tionscnamh ná cabhrú leis na tíortha bochta i mbéal forbartha is leochailí i leith an athraithe aeráide, go háirithe TLFanna agus SIDSanna, agus cur lena n-acmhainneachtaí chun dul in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide28. I gcéim a haon, d’fhorbair an Coimisiún innéacs leochaileachta aeráide dá chuid féin chun na tíortha is mó a thairbheodh den tacaíocht a roghnú. Thug an chéim sin tacaíocht do na TLFanna agus SIDSanna ba leochailí, agus tugadh cistiú do 24 as 29 díobh (féach Fíor 9)29.

Fíor 9 – Dhírigh céim a haon ar TLFanna agus SIDSanna leochaileacha tríd is tríd

Nóta: L = TLF; S = SIDS.

Foinse: CIE, bunaithe ar innéacs 2010 ón gCoimisiún.

47 Bunaíodh innéacs an Choimisiúin ar thrí thoisc: Ollioncam Náisiúnta (OIN) in aghaidh an duine, leochaileacht a bhaineann leis an athrú aeráide agus tiomantas d’idirphlé beartais maidir leis an athrú aeráide. Níor chuir sé san áireamh, áfach, cistiú eile a bhí curtha ar fáil chun cabhrú le tíortha dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ba é an toradh a bhí air sin ná nach raibh a fhios ag an gCoimisiún an raibh sé ag tabhairt tacaíocht do thíortha a raibh cistiú suntasach faighte acu cheana féin trí na MIPanna (féach mír 04) nó ó dheontóirí eile, chun cabhrú leo dul in oiriúint do thionchair an athraithe aeráide.

48 I gcéim a dó, stop ceannáras an Choimisiúin dá innéacs leochaileachta a uasdátú agus níor bhain sé leas as a thuilleadh chun tíortha a roghnú le haghaidh cistiú. Ina ionad sin, is amhlaidh a thagair an Coimisiún don innéacs ND-GAIN chun leochaileacht tíortha i leith an athraithe aeráide a mheas, ach níor bhain sé leas as an innéacs sin mar uirlis roghnúcháin.

49 Rinne an Coimisiún cistí a leithdháileadh i gcéim a dó mar fhreagairt ar iarrataí ó Thoscaireachtaí Aontais, arna bhformhuiniú ag rialtais na dtíortha óstacha. Mar sin féin, níor éirigh leis an gcur chuige éileamh-bhunaithe sin díriú ar na tíortha leochaileacha siúd nár thairbhigh de chistiú i gcéim a haon. Go sonrach:

  1. Bhí roinnt tíortha ar lú a leibhéal leochaileachta a fuair cistiú breise sa dara céim fiú má bhí cistiú faighte cheana acu i gcéim a haon (féach Fíor 10). SIDSanna tríd is tríd a bhí sna tíortha sin, e.g. Oileán Mhuirís (an faighteoir cistí leis an innéacs ND‑GAIN ab airde agus gan é baol ar a bheith chomh leochaileach leis na faighteoirí eile), Oileáin Mhaildíve, na Séiséil agus Tíomór Thoir, ach bhí an Bhútáin san áireamh freisin, tír eile ar lú a leibhéal leochaileachta agus atá ag céimniú amach as an ngrúpa TLF in 2023.
  2. Bhí roinnt tíortha nár TLFanna ná SIDSanna iad a fuair cistiú sa dara céim freisin. Ba iad sin an Cósta Eabhair, an Namaib, an Nigéir agus Srí Lanca. Ina theannta sin, bhí dhá chlár mhóra ilnáisiúnta ann a chuir cistiú ar fáil freisin i gcéim a dó le haghaidh roinnt tíortha nár TLFanna ná SIDSanna iad (e.g. an Bhrasaíl, geilleagar ard-mheánioncaim).
  3. Bhí roinnt TLFanna ann a bhí an-leochaileach i leith thionchair an athraithe aeráide ach nach raibh tacaíocht faighte acu i gcéim a haon, agus nach bhfuair cistiú tíre i gcéim a dó ach an oiread. San áireamh ansin bhí an Afganastáin, Angóla, an Bhurúin, Poblacht na hAfraice Láir, an Eiritré, an Ghuine agus Éimin (féach Fíor 10). Ainneoin go bhfuil staid pholaitiúil éagobhsaí i gcuid de na tíortha sin, thairbhigh siad mar sin féin de thacaíocht dhéthaobhach eile ón Aontas trí na MIPanna (féach mír 04).
  4. De réir innéacs an Choimisiúin féin agus innéacs ND-GAIN araon, áiríodh leochaileacht níos lú i leith thionchair an athraithe aeráide a bheith ag baint le SIDSanna ná le TLFanna. D’fhéadfadh cuma fhrith-iomasach a bheith ag baint leis an méid sin, ag cur san áireamh go bhfuil arduithe ar leibhéil na mara ina mbagairt do bheithsine na dtíortha sin. Mar sin féin, b’ionann ardú ar leibhéal na mara agus 10 % den scór deireanach tíre ar innéacs an Choimisiúin féin, agus 4 % ar innéacs ND-GAIN. Bhí go leor tosca eile á gcur san áireamh ag na hinnéacsanna chun leochaileacht tíortha i leith an athraithe aeráide a mheasúnú, tosca amhail tuilte, triomaigh, stoirmeacha agus spleáchas ar an talmhaíocht, a raibh na TLFanna go háirithe an-neamhchosanta ina leith. I gcéim a haon agus i gcéim a dó araon, is SIDSanna a bhí sa tríú cuid de na tíortha a cistíodh, ainneoin gur rangaigh na hinnéacsanna go raibh leibhéal leochaileachta acu a bhí cuid mhaith faoi bhun leibhéal TLFanna. Ina theannta sin, fuair SIDSanna an Aigéin Chiúin a shé oiread déag níos mó de chistiú in aghaidh an duine ná TLFanna na hAfraice. Mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an bhéim sách ard ar na SIDSanna agus an cistiú ard in aghaidh an duine a fuair siad de bhrí go bhfuil siad an-bheag agus an-leithlisithe.

Fíor 10 – I gcéim a dó, bhí roinnt mhaith TLFanna a bhí an-leochaileach ach nach bhfuair cistiú mar sin féin

Nóta: L = TLF; S = SIDS. Tugtar na tíortha in ord leochaileachta de réir innéacs tíre ND-GAIN

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

Níor mheall an tionscnamh cistiú breise a rabhthas ag súil leis

50 D’aithin an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle uile go raibh rath an tionscnaimh ag brath ar acmhainní suntasacha a shlógadh (féach Bosca 8).

Bosca 8

Sainaithníodh gur toisc lárnach don rath a bhí in acmhainní suntasacha a shlógadh

Ina Theachtaireacht ó 2007, d’iarr an Coimisiún go mbeadh tiomantas láidir ag an Aontas don Chomhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide. Mheas Parlaimint na hEorpa go mbeadh €2 bhilliún in aghaidh na bliana ar a laghad ag teastáil ón tionscnamh faoi 2010 agus €5-10 mbilliún in aghaidh na bliana faoi 202030.

Cé gur thacaigh an Chomhairle le cur ar bun an tionscnaimh agus gur shainaithin sí gur thoisc lárnach don rath a bhí in acmhainní suntasacha a shlógadh, bhí sí ag dréim leis go dtiocfadh an Coimisiún ar mhodhanna nuálacha maoiniúcháin. Bhí an Coimisiún, áfach, ag brath ar na Ballstáit chun breis tacaíochta a chur ar fáil. I dTuarascáil speisialta 17/2013 ón gCúirt Iniúchóirí, fuarthas nár thug na Ballstáit tacaíocht leordhóthanach don tionscnamh agus gur cruthaíodh bearna idir an méid a beartaíodh i dtosach agus an méid a baineadh amach. Sa mheastóireacht dhomhanda ar an tionscnamh ó 2015, deimhníodh go raibh dúshlán ag baint le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit a mhéadú.

51 In ainneoin go ndearnadh roinnt iarrachtaí chun rannpháirtíocht bhreise a spreagadh, níor éirigh leis an gCoimisiún an bonn tacaíochta Aontais le haghaidh an tionscnaimh sin a leathnú. Sa deireadh, d’éirigh leis €728.8 milliún a shlógadh don tréimhse iomlán 14 bliana ó 2007-2020, cé gur tionscnamh suaitheanta Aontais a bhí i gcéim a dó. Is é sin, d’fhan an maoiniú iomlán cuid mhaith faoi bhun an leibhéil a raibh an Coimisiún ag dréim leis. Cé go raibh Ballstáit de chuid an Aontais (an Eastóin, Éire, an Chipir agus an tSualainn) ann a rinne ranníocaíochtaí breise ar leibhéal teoranta de €28.8 milliún31 leis an tionscnamh i gcéim a haon, ní dhearnadh aon ranníocaíochtaí déthaobhacha le linn chéim a dó.

52 Chomh maith leis na ranníocaíochtaí ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a mhéadú, bhí an tionscnamh ag féachaint freisin le módúlachtaí nuálacha cistiúcháin a chur chun cinn agus raon i bhfad níos leithne geallsealbhóirí, gníomhaithe neamhstáit agus an earnáil phríobháideach a mhealladh sna tíortha comhpháirtíochta. Bhí an Pharlaimint freisin á iarraidh go mbunófaí cánacha glasa, comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus sásraí maoiniúcháin nuálacha eile. Chonacthas don Choimisiún go gcruthófaí cistí iontaobhais nó bascaeid32 d’fhonn an cistiú ó fhoinsí difriúla (foinsí rialtais, deontóirí, an earnáil phríobháideach, etc.) a chomhthiomsú. Ní hé a tharla áfach. Fuair an mheastóireacht ó 2015 go raibh rannpháirtíocht na hearnála príobháidí cuibheasach lag i gcónaí.

53 Tríd is tríd, chuir an leibhéal cistiúcháin a bhí ar fáil don tionscnamh bac ar an gCoimisiún an uaillmhian a bhí aige i dtosach (i.e. go gcruthódh sé comhghuaillíocht dhomhanda) a thabhairt chun fíre, agus is amhlaidh a cuireadh teorainn leis an méid a d’fhéadfadh sé a chur i gcrích maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide sna tíortha i mbéal forbartha. In alt ó 2019 faoin gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide, míníodh gur éirigh sé soiléir sách sciobtha tar éis GCCA a lainseáil i mí Mheán Fómhair 2007, nár leor na hacmhainní breise a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a shlógadh chun éifeacht mhór a bheith acu ar an seasamh a bhí ag isteach is amach le 70 TLF/SIDS sa chaibidlíocht faoin aeráid33.

D’éirigh leis an tionscnamh go leor tíortha a shroicheadh, ach bhí an fheasacht agus an infheictheacht fós teoranta

54 Bhí na Toscaireachtaí Aontais ar fud an domhain ar an eolas faoin tionscnamh agus fuair siad bileoga faisnéise agus nuachtlitreacha go rialta ón tSaoráid Tacaíochta Domhanda. Mar sin féin, fuair ár suirbhé gur bhraith cuid mhaith (46 %) de na Toscaireachtaí Aontais nach raibh mórán ar eolas faoin tionscnamh sna tíortha i mbéal forbartha. Thairis sin, bhí 77 % de na freagróirí ann a mheas go raibh an easpa feasachta faoin gcistiú a bhí ar fáil ar cheann de na cúiseanna a stop cuid de na tíortha leochaileacha ó thacaíocht airgeadais a iarraidh.

55 Is beag feasachta ar an tionscnamh a bhí le sonrú i measc bhuanionadaíochtaí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Rud eile a chuir leis an easpa feasachta ná nár chuir an Coimisiún tuarascálacha bliantúla ar fáil don Chomhairle ina dtabharfaí achoimre ar phríomhéachtaí an tionscnaimh faoi mar a bhí beartaithe i dtosach sa Chreat Cur Chun Feidhme34.

56 Ar na cúiseanna eile nach raibh mórán feasachta ann faoin tionscnamh, in ainneoin go raibh gníomhartha cistiúcháin ann i mbreis agus 80 tír, bhí an méid seo a leanas:

  1. a bhuí le gníomhaíochtaí cumarsáide i dtíortha áirithe (gníomh 11 san Aetóip agus gníomh 13 sa Nígir), cuireadh infheictheacht ar fáil don Aontas Eorpach ach níorbh amhlaidh don tionscnamh;
  2. bhí go leor foinsí éagsúla faisnéise ann, lena n-áirítear roinnt suíomhanna gréasáin35, rud a chiallaigh go raibh an fhaisnéis faoin tionscnamh á scaipeadh tríd an iliomad cainéal cumarsáide;
  3. leis an gcur chun feidhme comhthreomhar tríd an gcomhchuid “dhomhanda” (arna cistiú ag ICF) agus tríd an gcomhchuid “Laistigh de ACC” (arna cistiú ag CEF), doiléiríodh íomhá an tionscnaimh agus a infheictheacht sa mhéid gur fhág sé go bhféadfadh mearbhall a bheith ann, go háirithe i gcás geallsealbhóirí eachtracha.

Mar gheall go raibh leagan amach casta ar an tionscnamh agus de bhrí nach ndearnadh an t-imeall a bhí leis a shainiú go soiléir, bhí an breisluach a bhí ag gabháil leis teoranta

57 Ní raibh baint ag an tionscnamh le módúlacht cúnaimh ar leith agus níor thug sé tacaíocht d’aon earnáil shonrach/d’aon bheart sonrach nach raibh ag fáil tacaíochta cheana féin ó chistí eile (AE agus neamh-AE).

58 Sa Teachtaireacht uaidh ó 2007 agus sa Doiciméad inmheánach oibre gaolmhar ó 2008, rinne an Coimisiún a fhís féin den tionscnamh a leagan amach. Mheas sé go raibh sé ina chomhlánú ar an iliomad cistí agus tionscnamh maidir leis an athrú aeráide a bhí ann cheana féin, go háirithe an Ciste do na Tíortha is Lú Forbairt, an Ciste Speisialta don Athrú Aeráide, an Ciste Oiriúnaithe agus an tSaoráid don Chomhshaol Domhanda. Ba é rún an Choimisiúin ná tromlach chistiúchán an tionscnaimh a chur ar fáil do rialtais go díreach trí thacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó earnála agus gan brath ar chur chuige tionscadalbhunaithe a bheadh á oibriú trí ghníomhaireachtaí cur chun feidhme na Náisiún Aontaithe, mar a dhéantar i gcás na gcistí eile.

59 Mar sin féin, is tionscnamh tionscadalbhunaithe a bhí ann den chuid is mó, mar a bhí i gceist leis na cistí eile a bhí ann cheana féin, agus seoladh an-chuid cúnaimh freisin trí eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe nó trí ghníomhaireachtaí forbartha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh faoi mar a léirítear i bhFíor 5 agus i mír 12. Dá bhrí sin, ní raibh aon idirdhealú soiléir ann idir an tionscnamh seo agus an iliomad cistí téamacha a bhí ag dul i ngleic cheana féin leis an athrú aeráide i dtíortha i mbéal forbartha.

60 Ní raibh forléargas iontaofa ag an gCoimisiún ar na costais agus gníomhaíochtaí a bhain leis an tionscnamh, rud a d’éascódh an phleanáil straitéiseach le haghaidh acmhainní. Maidir leis na gníomhartha a cistíodh, níorbh fhéidir idirdhealú a dhéanamh idir iad agus gníomhartha eile de chuid Aontais a bhí ag dul i ngleic leis an athrú aeráide i dtíortha i mbéal forbartha. I roinnt cásanna, úsáideadh na cistí chun mar bhreisiú ar ghníomhartha a bhí á gcistiú cheana féin le cláir Aontais eile. Ardaíonn sé sin ceisteanna faoin mbreisluach a bhaineann le tionscnamh ar leith a bheith ann a bhfuil struchtúr bainistíochta dá chuid féin aige chun na gníomhartha céanna a chistiú. I bhfianaise gur ó na cistí céanna (ICF agus CEF) a tugadh tacaíocht le haghaidh na ngníomhartha uile, níor léir cén fáth a ndearnadh an cinneadh go gcuirfí an lipéad ‘Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide’ le cásanna áirithe agus gan é a chur le cásanna eile.

61 De bhreis ar shainiú soiléir ar an imeall a bhí leis an tionscnamh a bheith in easnamh, rinneadh deighilt chasta nár ghá ar an tionscnamh: á roinnt ina dhá chomhchuid agus ina dhá shaoráid tacaíochta (féach míreanna 06 agus 07 agus Tábla 2) Ní hé amháin nach raibh sineirgí ann, ach is beag ciall ó thaobh éifeachtúlachta de a bhain le gníomhartha áirithe a bheith scartha ó chéile (mar shampla, gníomh 3 agus gníomh 4 san Aigéan Ciúin). Bheadh barainneachtaí scála ann dá ndéanfaí na gníomhartha a chumasc (tá an rud céanna i gceist le gníomh 1 agus gníomh 5 san Aigéan Ciúin), agus chabhródh sé sin leis na costais bhainistíochta arda a laghdú (féach mír 30). Bhí a chasta a bhí an leagan amach ina bhac ar an tionscnamh a bheith ina thionscnamh iomlán comhtháite.

Tábla 2 – Leagan amach an tionscnaimh

Comhchuid dhomhanda Comhchuid laistigh de ACC
+85 thír Eagraíochtaí réigiúnacha
+80 gníomh +20 gníomh
An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt Cúnamh Teicniúil, Saoráid Tacaíochta
(Tacaíocht ad hoc d’institiúidí a bhíonn ag obair i dtíortha incháilithe, oiliúint agus forbairt acmhainneachta, etc.) Cúnamh teicniúil do Rúnaíocht ESACC Cúnamh Teicniúil, an tSaoráid Tacaíochta Aeráide
Suíomhanna gréasáin:

An tsaoráid dhomhanda

Pobal an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide

Cainéal YouTube Phobal an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide
Suíomh gréasáin:

An tSaoráid laistigh de ACC

Ardán Twitter don chomhchuid laistigh de ACC
Nuachtlitreacha Aointe don Aeráid, Blúiríní nuachta Nuachtlitir Oifigiúil GCCA+ don chomhchuid laistigh de ACC
Ardán comhroinnte eolais le haghaidh geallsealbhóirí institiúideacha agus tairbhithe Ardán Bainistíochta Eolais

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

62 Chuidigh na cruinnithe réigiúnacha a bhí eagraithe ag an dá shaoráid tacaíochta le ceachtanna a foghlaimíodh agus taithí a fuarthas a mhéid a bhain leis na gníomhartha éagsúla a roinnt le chéile. Rannchuidigh na saoráidí tacaíochta le dearadh na ngníomhartha agus d’fhorbair siad uirlisí comhroinnte eolais gréasánbhunaithe dá gcuid féin. Mar sin féin, ní bhfuaireamar aon réasúnú a raibh bonn cirt leis don dúbailt struchtúr (le suíomhanna gréasáin dá gcuid féin acu, etc.), rud a chruthaigh an baol go mbeadh forluí agus mí-éifeachtúlachtaí féideartha ann. Mar shampla, bhí ceardlann réigiúnach ann i mBealtaine 2021 agus is í an tSaoráid Tacaíochta Domhanda amháin a bhí rannpháirteach inti. B’in deis nár tapaíodh, óir d’fhéadfadh an cheardlann tairbhiú den taithí a bhí ag an tSaoráid Tacaíochta don chomhchuid laistigh de ACC a mhéid a bhain le heagraíochtaí réigiúnacha.

Bhí an tionscnamh réamhghníomhach maidir le sainaithint a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh, ach ní dhearna an Coimisiún straitéis scoir shoiléir a leagan amach

63 Is iomaí ceacht a foghlaimíodh ó na gníomhartha a cistíodh leis an tionscnamh, ar nós go gcaithfí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. measúnú a dhéanamh ar an éileamh ó lucht déanta beartais ar an bhfaisnéis aeráide a tháinig chun cinn ó na gníomhartha;
  2. inbhuanaitheacht uirlisí pobail le haghaidh pleanáil gníomhartha a bhaineann leis an athrú aeráide a áirithiú trína lánpháirtiú i gcuraclaim scoileanna agus ollscoileanna;
  3. gníomhaíochtaí a ceapadh d’aon ghnó le haghaidh mná, daoine óga agus daoine scothaosta a bheith san áireamh;
  4. an comhoibriú idir aireachtaí ábhartha agus an aireacht atá freagrach as cúrsaí airgeadais a neartú; agus
  5. a bheith níos airdeallaí faoi na nithe éagsúla atá bainte amach ag na gníomhartha rathúla a thabhairt ar aghaidh.

64 As na freagróirí ar ár suirbhé, bhraith 76 % gur shainaithin an tionscnamh ceachtanna úsáideacha a d’fhéadfadh an tacaíocht i gCláir Ilbhliantúla Tháscacha na dtíortha a fheabhsú do 2021-2027. In 2021, d’eagraigh an Coimisiún an tSaoráid Tacaíochta Domhanda chun ceachtanna a chomhroinnt le Toscaireachtaí de chuid Aontais trí cheardlanna réigiúnacha agus chun na ceachtanna a foghlaimíodh a chomhtháthú in inneachar MIPanna 2021-2027. Déanfaidh an Coimisiún ceachtanna a tharraingt ón staidéar tionchair agus inbhuanaitheachta agus ó staidéar maidir le nithe a tugadh faoi deara le linn an tionscnaimh i réimse fhaireachán agus mheastóireacht an oiriúnaithe. Déantar ceachtanna gníomhshonracha a chomhroinnt ar shuíomhanna gréasáin an tionscnaimh, ar na hardáin chomhoibritheacha agus le hardán pobail Cap4Dev. Déanann an tSaoráid Tacaíochta Domhanda eolas agus ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt ar a suíomh gréasáin, ar mhéadaigh líon a úsáideoirí ó 8 000 go 30 000 laistigh de thrí bliana (féach Fíor 11).

Fíor 11 – Príomhstaitisticí maidir le húsáid shuíomh gréasáin na Saoráide Tacaíochta Domhanda

Foinse: Tuarascáil eatramhach GCCA+, Márta go Lúnasa 2021.

65 Fuaireamar nach raibh straitéis scoir shoiléir leagtha amach ag an gCoimisiún don tionscnamh. Leagtar amach i Rialachán 2021 maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI – An Eoraip Dhomhanda) do thréimhse 2021-2027 an chaoi a ndéanfaidh línte buiséid téamacha na tionscnaimh dhomhanda a chistiú. Sonraítear ann freisin go ndéanfar gníomhartha sonracha tírbhunaithe nó réigiúnacha a chistiú trí imchlúdaigh chomhair dhéthaobhacha. Sa chomhthéacs sin, chinn an Coimisiún gan leanúint den tionscnamh.

66 Faoi láthair, tá an fhaisnéis uile faoin tionscnamh a bhfuil fáil uirthi scaipthe ar fud doiciméid dhifriúla. Ní dhearna an Coimisiún straitéis scoir shoiléir a leagan amach ina dtabharfaí le chéile na céimeanna atá le teacht i gcás an tionscnaimh. Tá neamhchinnteacht ann freisin maidir le céard a dhéanfar leis na suíomhanna gréasáin dhifriúla, chomh maith le gach ceann de na páipéir theicniúla, na doiciméid chúlra, agus na hábhair oiliúna agus cheardlainne atá ullmhaithe ag na Saoráidí Tacaíochta Domhanda agus laistigh de ACC.

67 Níor mhínigh an Coimisiún cén chaoi a bhfuil sé beartaithe aige táirgí eolais a chur ar fáil nuair a bheidh deireadh leis an tionscnamh agus cén chaoi a bhfuil sé beartaithe aige na ceachtanna a foghlaimíodh a chur ar aghaidh go dtí an tSaoráid Tacaíochta Domhanda de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (NDC), ar cuireadh tús lena hoibríochtaí i nDeireadh Fómhair 2021. Níl sé soiléir ach oiread cén chaoi a ndéanfaidh an tsaoráid nua seo tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí atá idir lámha, a bhfuil sé beartaithe leanúint díobh go dtí 2025.

Conclúidí agus moltaí

68 Is é ár gconclúid ná nár léirigh an tionscnamh, ar an iomlán, an tionchar a bhí aige ar athléimneacht tíortha i leith an athraithe aeráide. I dtéarmaí éifeachtúlachta, rinne na gníomhartha a cuireadh i gcrích a n-aschuir a sholáthar tríd is tríd, ach ar chostas ard uaireanta.

69 Níor thomhais an tionscnamh na feabhsuithe ar staid na dtairbhithe ná níor dhírigh sé a dhóthain ar riachtanais na ndaoine sin is mó a ndearnadh difear dóibh. Mar gheall ar an gcostas a bhaineann le húsáid nuatheicneolaíochtaí, bhí sé níos deacra do na teaghlaigh ba bhoichte tairbhiú den chlár. Sa bhreis air sin, ní raibh ach líon beag gníomhartha ann a raibh gníomhaíochtaí san áireamh iontu a bhí ag díriú go sonrach ar riachtanais na mban.

70 Dhírigh an tionscnamh ar acmhainneacht institiúideach a fhothú, cé nach raibh ach inbhuanaitheacht theoranta ag baint leis de dheasca an ardleibhéil athnuachana foirne. Ar an ábhar sin, ní ar bhonn córasach a tharla an éabhlóid ionchasach ó fhothú acmhainneachta agus treoirghníomhaíochtaí go huas-scálú breise na ngníomhartha oiriúnúcháin a shroichfeadh tairbhithe breise (míreanna 20-26 agus 32-44).

Moladh 1 – Díriú isteach orthu siúd is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh

Nuair a bhíonn gníomhartha maidir leis an athrú aeráide á gcistiú sna tíortha i mbéal forbartha, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  1. táscairí, bonnlínte agus spriocanna a roghnú chun torthaí gníomhaíochtaí a thomhas;
  2. spriocanna uaillmhianacha a shocrú, a chuireann an comhthéacs i ngach aon tír san áireamh, don sciar de mhná a thairbheoidh go díreach de na gníomhartha agus an fócas ar na teaghlaigh is boichte a mhéadú;
  3. i gcás gníomhartha comhleanúnacha, feabhas a chur ar an gcóimheá idir fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí eile d’fhonn uas-scálú a dhéanamh ar ghníomhartha oiriúnúcháin nithiúla a shroichfidh níos mó daoine a ndéanann tionchair an athraithe aeráide difear go díreach dóibh.

Spriocdháta cur chun feidhme: Gníomhartha a chisteofar ó Eanáir 2024 ar aghaidh

71 Níor mheall ceachtar de dhá chéim an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide an cistiú breise ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach a rabhthas ag súil leis. In ainneoin an bhearna airgeadais shuntasach sin a bheith ann, ní dhearna an Coimisiún na cuspóirí uaillmhianacha a bhí aige ón tús a athbhreithniú le linn ré 15 bliana an tionscnaimh. Thairis sin, i gcéim a dó, ba é an toradh a bhí ar chritéir an Choimisiúin maidir le leithdháileadh cistiúcháin ná go raibh níos lú tacaíochta (go cionmhar) á leithdháileadh ar na tíortha ba leochailí.

72 Ní dhearna an Coimisiún anailís leordhóthanach ar a réasúnaí a bhí costais bhuiséadaithe fhormhór na ngníomhartha inár sampla. Léirigh an anailís a rinneamar go raibh an-éagsúlacht ag baint le costais bhainistíochta na ngníomhartha agus go raibh na costais an-ard i réigiún an Aigéin Chiúin. Fuaireamar go raibh sé indéanta ag an gCoimisiún airgead a choigilt dá mbeadh anailís níos mionsonraithe déanta ar na costais aige.

73 Cé gur cuireadh tús leis an tionscnamh in 2007 agus go raibh tacaíocht á tabhairt do bhreis is 80 tír, is beag feasachta a bhí ann sna tíortha i mbéal forbartha agus i mBallstáit an Aontais araon. Cuid den chúis a bhí leis sin ná nach raibh sé indéanta na gníomhartha a cistíodh a idirdhealú ó ghníomhartha eile de chuid an Aontais a bhí ag díriú ar an athrú aeráide sna tíortha i mbéal forbartha. Thairis sin, bhí eagrú an tionscnaimh chomh casta sin gur baineadh dá éifeachtúlacht, go háirithe ó thaobh dúbailt saoráidí tacaíochta agus sreabha cistiúcháin.

74 Ní bheidh céimeanna breise den Chomhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide ann, ach sholáthair sé ceachtanna fónta le haghaidh aon tionscnaimh eile um fhorbairt dhomhanda a d’fhéadfadh a bheith á gcur chun feidhme ag an Aontas Eorpach amach anseo (míreanna 27-31 agus 45-67).

Moladh 2 – Na ceachtanna a foghlaimíodh a thabhairt isteach sna tionscnaimh um fhorbairt dhomhanda amach anseo

Nuair a dhéanfar tionscnaimh um fhorbairt dhomhanda amach anseo a leagan amach, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún na ceachtanna a foghlaimíodh ón gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide a thabhairt isteach iontu, go háirithe an méid seo a leanas:

  1. cuspóirí an tionscnaimh a athbhreithniú más dealraitheach i rith an chur chun feidhme nach bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil;
  2. cistiú a leithdháileadh go straitéiseach trí chritéir oibiachtúla a chur i bhfeidhm, ar critéir iad sin a dhéanann an tacaíocht airgeadais don earnáil chéanna atá faighte ag na tíortha comhpháirtíochta ó fhoinsí eile a chur san áireamh chomh maith;
  3. anailís agus doiciméadú a dhéanamh go córasach ar a réasúnaí atá costais bhuiséadaithe na ngníomhartha;
  4. feasacht ghinearálta ar an tionscnamh a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí cumarsáide a dhíreoidh ar na tíortha tairbhíocha agus ar dheontóirí féideartha.

Spriocdháta cur chun feidhme: Aibreán 2024

Ghlac Seomra III, faoi cheannas Bettina Jakobsen, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag cruinniú a bhí aige an 10 Eanáir 2023.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
An tUachtarán

Iarscríbhinn

Forléargas ar na gníomhartha sa sampla

Uimh. Tír/ Réigiún Teideal an chonartha Comh-chuid den chistiú Luach conartha in euro Méid a íocadh in euro (an 04/2022) Módúlacht cur chun feidhme Stádas Suíomh gréasáin Measúnú ar riachtanais Anailís chostais Torthaí Inbhuan-aitheacht
1 An tAigéan Ciúin Uas-scálú ar Oiriúnú an Aigéin Chiúin: An chomhchuid a chlúdaíonn Coimisiún an Aigéin Chiúin Theas agus Rúnaíocht Chlár Comhshaoil Réigiúnach an Aigéin Chiúin Domhanda 12.790.000 6.794.115 Comhaontú maoinithe idir lámha https://gccasupa.org/ Laigí áirithe Míshásúil Laigí áirithe N/B
2 An tAigéan Ciúin Uas-scálú ar Oiriúnú an Aigéin Chiúin: An chomhchuid a chlúdaíonn Ollscoil an Aigéin Chiúin Theas Domhanda 2.100.000 1.548.306 Deontais do Ghníomhartha idir lámha https://gccasupa.org/ Laigí áirithe Míshásúil Laigí áirithe N/B
3 An tAigéan Ciúin Cur le hAthléimneacht Stáit Oileánacha Bheaga an Aigéin Chiúin in aghaidh an athraithe aeráide tríd an gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (GCCA) Domhanda 11.356.556 11.356.556 Comhaontú maoinithe dúnta https://ccprojects.gsd.spc.int/eu-gcca-psis/ Laigí áirithe Laigí áirithe Laigí áirithe Laigí áirithe
4 An tAigéan Ciúin Tacaíocht don Chomhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (GCCA) trí Fhothú Acmhainneachta, Páirteachas Pobail agus Taighde Feidhmeach Laistigh de ACC 7.602.439 7.602.439 Deontais do Ghníomhartha dúnta   Sásúil Sásúil Sásúil Sásúil
5 An tAigéan Ciúin Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Fothú Athléimneachta san Aigéan Ciúin Laistigh de ACC 9.500.000 6.314.867 Comhaontú maoinithe idir lámha   Laigí áirithe Míshásúil Sásúil N/B
6 An Bhanglaidéis Tionscnamh Rialtais Áitiúil um Athrú Aeráide (LoGIC): An chomhchuid a chlúdaíonn Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe Domhanda 7.443.312 5.385.252 Comhaontú maoinithe idir lámha https://mptf.undp.org/fund/jbd40 Sásúil Go maith Sásúil N/B
7 An Bhanglaidéis Tionscnamh Rialtais Áitiúil um Athrú Aeráide (LoGIC): An chomhchuid a chlúdaíonn Ciste Forbraíochta Caipitiúla na Náisiún Aontaithe Domhanda 7.434.392 5.373.032 Comhaontú maoinithe idir lámha https://mptf.undp.org/fund/jbd40 Sásúil Go maith Sásúil N/B
8 An Bhútáin Oiriúnú don Athrú Aeráide in earnáil na nAcmhainní Nádúrtha Inbhuanaithe Domhanda 3.746.972 3.746.972 Tacaíocht bhuiséadach dúnta   Sásúil Sásúil Sásúil Sásúil
9 An Bhútáin An Clár um Fhorbairt Tuaithe agus um Fhreagairt ar an Athrú Aeráide Domhanda 5.000.000 5.000.000 Tacaíocht bhuiséadach dúnta   Sásúil Go maith Sásúil Sásúil
10 An Aetóip Cúnamh Teicniúil mar Thacaíocht le haghaidh GCCA+/Príomhshruthú ar Phleanáil Chliste i leith na hAeráide agus Cuir Chuige don Chur Chun Feidhme i leith an Chláir um Líontán Sábháilteachta na Táirgeachta (Céim IV) san Aetóip Domhanda 8.136.790 5.632.128 Seirbhísí idir lámha   Laigí áirithe Laigí áirithe Laigí áirithe N/B
11 An Aetóip Treoirthástáil ar Ghníomhaíochtaí um an Athrú Aeráide laistigh den Chlár um Bainistiú Inbhuanaithe Talún Domhanda 6.247.634 6.247.634 Comhaontú maoinithe dúnta   Sásúil Laigí áirithe Laigí áirithe Míshásúil
12 An Afraic ClimDev Africa Laistigh de ACC 7.740.166 7.740.166 Comhaontú maoinithe dúnta https://www.climdev-africa.org/ Sásúil Laigí áirithe Sásúil Sásúil
13 An Nígir Tacú le forbairt na hathléimneachta ag líonta tí i gcoinne an athraithe aeráide i réigiún Zinder Domhanda 1.318.160 1.307.189 Deontais do Ghníomhartha dúnta   Go maith Míshásúil Sásúil Sásúil
14 Cúba Athléimneacht réigiúin cois cósta i gCúba a chruthú i dtaca le réitigh nádúrtha chun oiriúnú don athrú aeráide Domhanda 5.000.000 4.577.110 Comhaontú maoinithe idir lámha   Sásúil Míshásúil Laigí áirithe N/B
15 An tSaoráid Dhomhanda SAORÁID TACAÍOCHTA GCAA+ Domhanda 8.415.622 6.852.729 Seirbhísí idir lámha https://www.gcca.eu/gcca-support-facility        
16 An tSaoráid laistigh de ACC Cúnamh Teicniúil do Rúnaíocht ACC le haghaidh Chlár laistigh de ACC GCCA+ agus Bainistiú na Saoráide um Thacaíocht Aeráide Laistigh de ACC 5.499.320 4.181.663 Seirbhísí idir lámha https://intraacpgccaplus.org/        

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

Giorrúcháin

ACC: Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

ICF: An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt

AS INTPA: An Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta

CEF: An Ciste Eorpach Forbraíochta

GCCA(+): An Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (Plus)

IPCC: Painéal Idir-rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide

TLFanna: Na Tíortha is Lú Forbairt

LoGIC: Tionscnamh Rialtais Áitiúil um Athrú Aeráide

CAI: Creat Airgeadais Ilbhliantúil

MIPanna: Cláir ilbhliantúla tháscacha

NDC: Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta

ND-GAIN: Tionscnamh Notre Dame um Oiriúnú Domhanda

NDICI: An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta

ESACC: Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

SIDSanna: Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha

Gluais

Tacaíocht bhuiséadach: Cúnamh ón Aontas a aistriú go díreach chuig státchiste náisiúnta tíre comhpháirtíochta, faoi réir coinníollacha áirithe.

Oiriúnú don athrú aeráide: Leochaileacht tíortha agus pobail i leith an athraithe aeráide a laghdú trí chur lena gcumas déileáil lena thionchair.

Maolú ar an athrú aeráide: Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú mar gheall ar a n-éifeacht ar an aeráid.

Meastachán don chlár: Doiciméad, arna tharraingt suas ag tír chomhpháirtíochta agus arna fhormhuiniú ag an gCoimisiún Eorpach, ina leagtar amach an comhar nó obair fhorbartha atá le cur chun feidhme agus na hacmhainní airgeadais, daonna agus ábhair a bheidh ag teastáil.

An fhoireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, ar an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta III – Gníomhaíocht sheachtrach, slándáil agus ceartas, faoi stiúir Bettina Jakobsen (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí) a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Bhí an t-iniúchadh faoi stiúir Hannu Takkula (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Turo Hentila (Ceann na hOifige Príobháidí), Nita Tennilä (Ataisé na hOifige Príobháidí), Alejandro Ballester Gallardo (Príomh-Bhainisteoir), Loulla Pisais-Jauvin (Ceann Cúraim), agus Mark Marshall agus Flavia Di Marco (Iniúchóirí). Chuir Zoe Dennis tacaíocht teanga ar fáil. Chuir Alexandra Mazilu tacaíocht ghrafaice ar fáil. Chuir Britta Gauckler agus Roussalia Nikolova tacaíocht suirbhé ar fáil. Chuir Katja Dudzińska agus Gitana Letukytė tacaíocht riaracháin ar fáil.

Críochnótaí

1 Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide, Ábhar a chuir Meitheal III ar fáil don Séú Tuarascáil Mheasúnachta ó IPCC.

2 Parlaimint na hEorpa, Tuarascáil ar thionchar an athraithe aeráide ar phobail leochaileacha i dtíortha atá i mbéal forbartha, 7.4.2021.

3 Treochtaí Domhanda 2040, Márta 2021, An Chomhairle Faisnéise Náisiúnta.

4 Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide a thógáil idir an tAontas Eorpach agus na tíortha bochta i mbéal forbartha is leochailí i leith an athraithe aeráide’, COM(2007) 540.

5 Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe: Anailís Eacnamaíoch.

6 Oifig an Ard-Ionadaí le haghaidh Tíortha is lú Forbairt, Tíortha Talamhiata i mBéal Forbartha agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha.

7 Mar shampla, an tAontas Afracach, Fóram Mhuir Chairib agus Rúnaíocht Chlár Comhshaoil an Aigéin Chiúin.

8 Comhpháirtíocht NDC.

9 Sa nóta coincheapa a ghabhann leis an gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide Plus, leagtar amach tosaíochtaí chéim a dó den tionscnamh do 2015-2020. Féach: An plus in GCCA+. An Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide Plus. Tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais a thacaíonn le hathléimneacht aeráide, 18.12.2015).

10 Gréasán ‘WomenWatch’ na Náisiún Aontaithe: Mná, Comhionannas inscne agus an tAthrú Aeráide.

11 Gníomhartha 6, 7, 13.

12 An Coimisiún Náisiúnta do Mhná agus Leanaí, Rialtas Ríoga na Bútáine, 2020: ‘Inscne agus Athrú Aeráide sa Bhútáin’,

13 Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2007) 540.

14 An Comhaontais Dhomhanda um Athrú Aeráide Plus, Tuarascáil ar thionchar agus inbhuanaitheacht, 2021.

15 Airteagal 181(6) den Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, Iúil 2018.

16 Gníomhartha 1, 6, 7, 8, 9, 11, 13, 14.

17 Gníomhartha 3, 4, 5, 12.

18 Gníomhartha 2 agus 10.

19 Gníomhartha 3, 4, 8, 9, 11, 12, 13.

20 Gníomhartha 4, 8, 9, 12, 13.

21 Gníomhartha 3, 8 agus 12.

22 Gníomhartha 3, 4, 8, 9 agus 12.

23 Gníomhartha 11 agus 13.

24 Meastachán ar an gComhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (GCCA_) – An clár domhanda – Ar fud an Domhain: Tuarascáil Chríochnaitheach, 2015.

25 Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) – Caillteanas agus damáiste.

26 Walter Kennes, 2019: Bunús GCCA: ag meabhrú cén chaoi ar tháinig an comhaontas ar an bhfód.

27 Ollscoil Notre Dame – Inneács um Oiriúnú Domhanda.

28 Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2007) 540.

29 Walter Kennes, 2019.

30 Anders Wijkman, Rapóirtéir PE: ‘Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide idir an tAontas Eorpach agus na tíortha bochta i mbéal forbartha is leochailí i leith an athraithe aeráide’, 23.9. 2008.

31 An Eastóin (€0.8 milliún), Éire (€23 mhilliún), an Chipir (€0.6 milliún) agus an tSualainn (€4.4 milliún).

32 Doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún maidir le Creat Cur chun Feidhme an Chomhaontais Dhomhanda um an Athrú Aeráide, SEC(2008) 2319.

33 Walter Kennes, 2019.

34 Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SEC(2008) 2319.

35 www.gcca.eu, www.intraacpgccaplus.org, www.europa.eu/capacity4dev/gcca-community.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023

PDF ISBN 978-92-847-9486-7 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/39681 QJ-AB-23-005-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-9502-4 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/527829 QJ-AB-23-005-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2023

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

- Fíor 2 agus Tábla 1 – Deilbhíní: rinneadh na fíoracha sin a dhearadh ag úsáid acmhainní ó https://flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar Shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.