Tuarascáil speisialta
16 2022

Sonraí sa Chomhbheartas Talmhaíochta Níl an fhéidearthacht iomlán atá ag mórshonraí i gcás meastóireachtaí beartais bainte amach

Maidir leis an tuarascáil:Chun cur chuige fianaise-bhunaithe i gcinntí beartais a úsáid, teastaíonn sonraí ó fhoinsí éagsúla agus ní mór anailís a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin. Rinneamar measúnú féachaint an bhfuil an Coimisiún ag baint úsáid mhaith as sonraí agus anailísíocht sonraí: le haghaidh ceapadh beartais, faireachán agus meastóireacht ar an gComhbheartas Talmhaíochta, arb ionann iad agus an tríú cuid de bhuiséad AE. Fuaireamar gur ghlac an Coimisiún roinnt tionscnamh chun úsáid níos fearr a bhaint as sonraí atá ann cheana féin. Tá bacainní fós ann, áfach, maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as sonraí bailithe. Tá bacainní ann, amhail easpa caighdeánaithe agus an teorannú a ghabhann le comhiomlánú sonraí, a laghdaíonn fáil agus inúsáideacht sonraí. Déanaimid roinnt moltaí, lena n-áirítear úsáid sonraí dí-chomhiomlánaithe ó Bhallstáit a fheabhsú.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Mórshonraí a úsáid sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT)

Achoimre feidhmiúcháin

I Seasann an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) do níos mó ná an trian de bhuiséad an Aontais. Tá an iliomad cuspóirí, atá casta agus idirghaolmhar, ag gabháil leis an mbeartas, ag dul ó chaighdeáin mhaireachtála sa phobal talmhaíochta go dtí gnéithe comhshaoil agus aeráidbhainteacha agus forbairt ceantar tuaithe. Chun cur chuige fianaise-bhunaithe i gcinntí beartais a úsáid, teastaíonn sonraí ó fhoinsí éagsúla agus ní mór anailís a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin.

II Ba é an cuspóir a bhí ag an iniúchadh ná a mheasúnú an bhfuil an Coimisiún ag baint úsáid mhaith as sonraí agus as anailísíocht don anailís ar bheartas CBT. Tá an measúnú seo ábhartha don CBT a thosóidh in 2023 agus freisin don CBT i ndiaidh 2027.

III Ar dtús, scrúdaíomar an chaoi ar úsáid an Coimisiún, le blianta beaga anuas, na sonraí atá ar fáil le haghaidh anailís bheartais agus scrúdaíomar an bhfuil na sonraí atá ar fáil leordhóthanach. Ansin, scrúdaíomar cad atá á dhéanamh ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sonraí, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as mórshonraí.

IV Fuaireamar amach go bhfuil méideanna móra sonraí ag an gCoimisiún is féidir leis a úsáid i ndearadh, faireachán agus meastóireacht CBT. Úsáideann an Coimisiún gnáthuirlisí, amhail scarbhileoga, chun anailís a dhéanamh ar na sonraí a bhailíonn sé ó na Ballstáit. Na sonraí agus uirlisí atá faoi láthair ann, ní dhéanann siad gnéithe suntasacha áirithe (e.g. mionsonraí faoi na cleachtais chomhshaoil a chuirtear i bhfeidhm, agus ioncam lasmuigh den fheirm), atá ag teastáil le haghaidh ceapadh beartais ar bhonn eolasach, a thabhairt i gcrích. Tá roinnt tionscnamh glactha ag an gCoimisiún, idir reachtach agus eile, chun na sonraí atá cheana ann a úsáid ar bhealach níos fearr, ach tá bacainní fós ann maidir leis an gcaoi leis an úsáid is fearr a bhaint as na sonraí atá bailithe. Tá bacainní ann, amhail easpa caighdeánaithe agus an teorannú a ghabhann le comhiomlánú sonraí, a laghdaíonn fáil agus inúsáideacht sonraí.

V Molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • creat a bhunú le haghaigh sonraí imdhealaithe ó na Ballstáit a úsáid; agus
  • úsáid níos mó a bhaint as foinsí sonraí agus iad a fhorbairt chun riachtanais beartais a chomhlíonadh.

Réamhrá

Is réimse beartais leathan é an Comhbheartas Talmhaíochta

01 Seoladh an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) in 1962 agus is ionann é agus níos mó ná an trian de bhuiséad an Aontais; do thréimhse 2014-2020, is é €408 mbilliún ar an iomlán a bhí sa chaiteachas talmhaíochta. Tá cuspóirí leathana an Chonartha1 don bheartas sonraithe tuilleadh i rialacháin CBT (féach Fíor 1). Féachann an beartas le tionchar a imirt, ní hamháin ar tháirgeadh talmhaíochta agus feirmeoirí, ach freisin ar ghnéithe comhshaoil, aeráidbhainteacha agus sóisialta.

Fíor 1 — Cuspóirí ginearálta thréimhsí CBT 2014-2020 agus 2023-2027

Foinse: CIE, bunaithe ar Airteagal 110(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/2115.

02 Faoi CBT, faigheann tairbhithe an sciar is mó de na fóirdheontais bunaithe ar an talamh atá ar fáil dóibh. Féadtar cion eile den fhóirdheontas a íoc mar aisíocaíocht as costais a thabhaítear i ngníomhaíochtaí ar leith a dhéanamh agus chun infheistíochtaí a mhaoiniú. Tá formhór na n-íocaíochtaí leagtha síos i ndlí an Aontais. Cruthaítear agus bailítear sonraí i dtaobh feirmeacha ar bhealaí éagsúla (Fíor 2).

Fíor 2 — Samplaí de na sonraí a cruthaíodh agus a bailíodh atá ábhartha do CBT

Foinse: CIE.

An ról atá ag sonraí i dtimthriall beartais

03 Sna Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr ón gCoimisiún, éilítear cur chuige fianaise-bhunaithe, rud a chiallaíonn gur gá do chinntí beartais a bheith bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil. Is é an sainmhíniú atá ag an gCoimisiún ar fhianaise ná “sonraí, faisnéis agus eolas ón iliomad foinsí, lena n-áirítear sonraí cainníochtúla amhail staitisticí agus tomhais, sonraí cáilíochtúla amhail tuairimí, ionchur ó gheallsealbhóirí, conclúidí meastóireachtaí, chomh maith le comhairle eolaíoch agus sainchomhairle”2. Bíonn na céimeanna éagsúla a thaispeántar i bhFíor 3 i ngnáth-thimthriall beartais. I gcás beartas fianaise-bhunaithe, bíonn sonraí ábhartha ag teastáil ag gach céim den timthriall.

Fíor 3 — Úsáid sonraí sa timthriall beartais

Foinse: CIE, bunaithe ar na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr.

04 Tá eagraíochtaí ar fud an domhain ag baint úsáid níos mó as "mórshonraí", rud a chuireann ar a gcumas sonraí a ghabhann siad ar bhealaí éagsúla a úsáid. Sa tuarascáil seo, measaimid gurb ionann "mórshonraí" agus sonraí atá róchasta nó rómhór do chórais thraidisiúnta próiseála sonraí agus a dteastaíonn uirlisí agus ríomhchumhacht shárfhorbartha lena n-aghaidh.

05 Is earnáil í an talmhaíocht ina bhfuil nuálaíochtaí agus teicneolaíochtaí digiteacha á gcur i bhfeidhm inti ar bhonn méadaitheach. I bhFíor 4, tugtar samplaí de theicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht. Is féidir leis an earnáil phoiblí go leor de na teicneolaíochtaí sin a úsáid. Is féidir le dul chun cinn sa teicneolaíocht an méid ama a ghlacann sé beartas a chur le chéile a laghdú, agus is féidir leis an bonn fianaise le haghaidh cinntí beartais a mhéadú3. Tugann na feabhsúcháin sin an deis do rialtais beartais atá faoi threallús sonraí a ghlacadh, go háirithe trí na nithe seo a leanas a chumasú4:

  • tuiscint níos fearr ar na tionchair chomhshaoil atá ag an talmhaíocht, agus cuspóirí beartais a chur le chéile a thugann aghaidh go hiomlánaíoch ar na tionchair sin;
  • beartais difreálaithe agus spriocdhírithe a dhearadh; agus
  • córais faireacháin nua faoi threallús sonraí a chur i bhfeidhm.

Fíor 4 — Teicneolaíochtaí digiteacha don talmhaíocht

Foinse: CIE, bunaithe ar Thábla 2.1 de dhoiciméad ECFA dar teideal “Deiseanna Digiteacha le haghaidh Beartais Talmhaíochta níos Fearr”, OECD Publishing, Páras, 2019.

Uaillmhianta sonraí an Aontais

06 Tá roinnt doiciméad eisithe ag an gCoimisiún Eorpach ina gcuirtear béim ar an ngá atá le feabhas a chur ar úsáid sonraí do cheapadh beartais ar bhealach níos fearr, agus an gá atá leis an úsáid sin a uasmhéadú, nó a bhfuil tionchar acu ar chomhroinnt sonraí nó uirlisí sonraí san Aontas Eorpach (féach Fíor 5).

Fíor 5 — Príomhthionscnaimh an Choimisiúin a bhaineann le sonraí

Foinse: CIE, bunaithe ar C(2016) 6626, DataStrategy@EC, C(2018) 7118, COM(2021) 37, COM (2018) 234/Treoir (AE) 2019/1024, COM(2020) 66, COM(2020) 767, COM(2021) 118, COM(2021) 205 agus COM(2021) 206.

07 Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2016 dar teideal “Bainistiú sonraí, faisnéise agus eolais ag an gCoimisiún”, cuireadh béim ar an ngá atá le feabhas a chur ar aisghabháil agus seachadadh faisnéise agus ar úsáid sonraí a uasmhéadú le haghaidh ceapadh beartais ar bhealach níos fearr. Dúradh ann i dtaobh mórshonraí “gur féidir leo méadú suntasach a dhéanamh ar chumais an Choimisiúin trí dheis a thabhairt treochtaí a bhrath go luath agus aiseolas a thabhairt níos tapa ar shlí a thacódh le Rialáil Níos Fearr agus le ceapadh beartais fianaise-bhunaithe, chomh maith le feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear torthaí i láthair na ngeallsealbhóirí go léir”. Bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún na scileanna, uirlisí agus ríomh-bhonneagar ba ghá a fhorbairt chun tacú le cumas mórshonraí. Tarraingíodh aird freisin ar an bhfíoras go gcaitear riachtanais sonraí agus bearnaí eolais a thuar ar bhealach níos fearr chun a áirithiú go bhfuil sonraí ar fáil, inúsáidte agus úsáideach do mheasúnuithe tionchair, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht5. Is é straitéis sonraí inmheánach an Choimisiúin (DataStrategy@EC) an phríomhuirlis atá in úsáid chun an Teachtaireacht sin ón gCoimisiún a chur i ngníomh.

08 I mí na Samhna 2018, ghlac an Coimisiún Straitéis Dhigiteach an Choimisiúin Eorpaigh chun go dtiocfadh sé, faoi 2022, chun bheith ina riarachán a bheadh claochlaithe go digiteach, dírithe isteach ar an úsáideoir agus faoi threallús sonraí. Deimhníodh leis sin an treo a bhí leagtha síos i dTeachtaireacht 2016. De na naoi ngníomhaíocht atá liostaithe sa straitéis, measaimid gurb iad an dá cheann seo a leanas na cinn is ábharthaí do raon feidhme ár n-iniúchta:

  • nuatheicneolaíochtaí a chomhtháthú isteach i dtimpeallacht TF an Choimisiúin; agus
  • saorshreabhadh sonraí a éascú idir riaracháin phoiblí Eorpacha a mhéid a bhaineann le beartais a bhfuil feidhm acu ar fud an Aontais.

09 I bhFeabhra 2020, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal “Straitéis Eorpach maidir le Sonraí6 do thréimhse 2021-2027, agus bhí raon feidhme na straitéise sin ag dul níos faide ná cúrsaí laistigh den Choimisiún féin. Tá sé mar aidhm ag an straitéis “fís maidir le fíormhargadh aonair do shonraí” a thabhairt chun fíre trí ghníomhaíochtaí amhail creat rialachais a leagan síos le haghaidh rochtain agus úsáid sonraí, agus infheistiú i mbonneagar sonraí agus i scileanna a ghabhann le sonraí. I measc na saincheisteanna a bhfuiltear le dul i ngleic leo, tá siad seo a leanas: infhaighteacht sonraí, idir-inoibritheacht agus cáilíocht sonraí, bonneagar agus teicneolaíochtaí sonraí (e.g. an acmhainn próiseála sonraí agus bonneagar néalríomhaireachta), agus cibearshlándáil.

10 Bhí sé mar aidhm ag an togra ón gCoimisiún in 2020 le haghaidh Gníomh um Rialachas Sonraí7 athúsáid catagóirí áirithe de shonraí earnála poiblí atá faoi chosaint a éascú, iontaoibh as seirbhísí idirghabhála sonraí a mhéadú, agus altrúchas ó thaobh sonraí de a chur chun cinn san Aontas.

Raon feidhme agus cur chuige na hiniúchóireachta

11 Bhí sé mar aidhm lenár n-iniúchadh a mheasúnú an mbaineann an Coimisiún úsáid mhaith as sonraí agus as anailíseacht sonraí don anailís bheartais ar CBT. Ar dtús, scrúdaíomar an chaoi ar úsáid an Coimisiún na sonraí a bhí ar fáil le haghaidh anailís bheartais, agus an raibh na sonraí sin leordhóthanach. Ansin, scrúdaíomar an raibh aghaidh á tabhairt ag an gCoimisiún ar bhearnaí sonraí, lena n-áirítear in úsáid mórshonraí, agus an raibh tionscadail taighde AE ann, a rinneadh le déanaí nó a bhí fós ar siúl, a chuideodh le haghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin agus feabhas a chur ar anailís bheartais CBT.

12 Chuimsigh raon feidhme ár n-iniúchóireachta ceapadh beartais, faireachán le linn an chur chun feidhme agus meastóireacht. Chlúdaigh an iniúchóireacht an tréimhse ó 2015 go dtí Feabhra 2022. Tá an measúnú ar rialachas sonraí CBT ábhartha, mar go bhféadfadh ár dtuarascáil tionchar a imirt ar an CBT a thosóidh in 2023 agus an CBT a bheidh ann i ndiaidh 2027. Is le hArd-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe sa Choimisiún (AS AGRI) a luíonn an phríomhfhreagracht as CBT.

13 Mar chuid dár n-obair iniúchóireachta, rinneamar na nithe seo a leanas:

  • athbhreithniú ar shonraí agus doiciméid ábhartha, lena n-áirítear doiciméid eolaíocha, straitéiseacha, reachtacha, beartais agus tionscadail;
  • agallamh a chur ar dhaoine den fhoireann i gceithre ardstiúrthóireacht sa Choimisiún (Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe, Eurostat, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), agus Líonraí Cumarsáide, Ábhar Digiteach agus Teicneolaíocht);
  • agallaimh a dhéanamh leis an mbrateagraíocht talmhaíochta COPA-COGECA faoin gcód iompair Eorpach maidir le comhroinnt sonraí talmhaíochta trí chomhaontú conarthach, agus le hionadaithe ó thionscadal Sen4CAP;
  • comhchomhairle le gach ceann de 27 mBallstát an Aontais trí shuirbhé a bhí dírithe chuig an aireacht/roinn atá freagrach as CBT, agus bunaithe ar na freagraí ar an suirbhé sin bhí pléití leantacha againn leis na húdaráis sa Bheilg, san Eastóin, sa Ghearmáin, in Éirinn, san Ísiltír agus sa Spáinn;
  • athbhreithniú ag an deasc ar thrí thír lasmuigh den Aontas (na Stáit Aontaithe, an Astráil agus an tSeapáin) ar mhaithe le tagarmharcáil. Roghnaigh an fhoireann iniúchóireachta na tíortha sin bunaithe ar gheilleagar suntasach talmhaíochta a bheith iontu, tionscnaimh nuálacha nó digiteacha le haghaigh bainistiú talmhaíochta a bheith acu, agus an fháil a bhí ar shonraí poiblí; agus
  • pléphainéal le saineolaithe eolaíocha, beartais agus riaracháin.

Barúlacha

Déanann na sonraí agus uirlisí reatha an fhaisnéis atá ag teastáil le haghaidh ceapadh beartais ar bhonn eolasach ar leibhéal an Aontais a thabhairt i gcrích go páirteach

14 Tá sé de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht CBT de réir trí chuspóir ghinearálta atá aige8 (féach Fíor 1). Maidir leis an bhfianaise a bhailíonn an Coimisiún le haghaidh ceapadh beartais, ba cheart di a bheith comhréireach agus iomchuí chun cinntí beartais a threorú agus aghaidh a thabhairt ar cheisteanna meastóireachta9. De réir na dTreoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, ba cheart go n-áiritheodh na meastóireachtaí freisin go bhfuil fianaise ábhartha ar fáil chun tacú le tionscnaimh nua a fhorbairt (an prionsabal “déan meastóireacht ar dtús”).

15 Scrúdaíomar an úsáideann AS AGRI raon leordhóthanach foinsí sonraí agus sonraí don anailís bheartais ar CBT, agus an ndéanann sé uirlisí anailíseacha ábhartha a chur i bhfeidhm. D’fhiosraíomar cén cineál sonraí, córas TF agus anailísíocht sonraí atá ag an gCoimisiún agus a bhíonn in úsáid aige. Lena dhéanamh amach an bhfuil na sonraí agus na huirlisí leordhóthanach, rinneamar athbhreithniú ar mheastóireachtaí agus ar dhoiciméid a bhain le hullmhú beartais.

Is sonraí riaracháin is mó a bhailíonn AS AGRI, agus baineann sé úsáid go príomha as gnáthuirlisí le haghaidh anailís sonraí

16 Chun CBT a dhearadh, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air, tá lear mór sonraí riaracháin, den chuid is mó, ag AS AGRI (e.g. praghsanna margaidh agus íocaíochtaí, agus sonraí um chuntasaíocht feirme) a fhaigheann sé go príomha ó na Ballstáit, agus ar sonraí iad sin a bhailíonn siad chun an beartas a chur i ngníomh. Tagann staitisticí talmhaíochta AE a bhailíonn Eurostat ó fhoinsí éagsúla: suirbhéanna, sonraí riaracháin, sonraí ó fheirmeacha agus gnólachtaí eile, chomh maith le sonraí ar leibhéal na feirme ó mhóráirimh agus samplaí talmhaíochta10.

17 Déanann AS AGRI de réir straitéis sonraí inmheánach an Choimisiúin. Tá fardal sonraí ag an gCoimisiún ina dtugtar eolas faoi úinéireacht, inrochtaineacht, stóráil agus athúsáid gach sócmhainne sonraí. Ní luann an cleachtas stocáirimh seo aon bhearnaí ná forluí san fhaisnéis.

18 Amhail Feabhra 2022, bhí 57 sócmhainn sonraí a bhí stóráilte i gcórais agus bunachair sonraí TF éagsúla i bhfardal sonraí AS AGRI (le haghaidh samplaí, féach Fíor 6). Is é atá go príomha sna bunachair sonraí ná sonraí riaracháin atá struchtúrtha, agus go bunúsach baineann AS AGRI úsáid as uirlisí staidrimh chun iad a phróiseáil. Tá sonraí neamhstruchtúrtha le fáil i roinnt doiciméad a bhailíonn AS AGRI ó na Ballstáit (e.g. tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme), agus níl aon uirlisí próiseála uathoibrithe nó leath-uathoibrithe ag AS AGRI dóibh sin.

Fíor 6 — Samplaí de na príomhchórais agus príomhbhunachair shonraí TF le haghaidh sonraí CBT

Foinse: CIE.

19 Tá comhaontú ag AS AGRI le JRC le haghaidh anailís sonraí agus chun bealaí a fhiosrú le húsáid níos fearr a bhaint as na sonraí atá ann cheana. Ar an mbonn sin, úsáideann sé roinnt modhanna sárfhorbartha san anailís a dhéanann sé ar bheartas CBT (amhail samhail IFM-CAP, samhlacha eacnaiméadracha, agus anailísíocht thuarthach). Is éard atá i samhail IFM-CAP ná samhail bunaithe ar fheirmeacha aonair chun anailís a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta, agus tá sé mar aidhm léi measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bhíonn ag CBT ar eacnamaíocht feirme agus a éifeachtaí comhshaoil.

20 Lenár n-athbhreithniú ar na ceithre chóras TF (ISAMM, CATS/COMBO, AGRIVIEW agus SFC) agus bunachar sonraí FADN a bhíonn ag fothú isteach sa tairseach sonraí Agrai-Bhia (féach Fíor 6), suíodh gur sonraí comhiomlánaithe den chuid is mó a bhailíonn AS AGRI. Díobh sin, is é CATS/COMBO amháin a bhfuil sonraí imdhealaithe ar leibhéal na feirme ann.

21 Foilsíonn AS AGRI sonraí comhdhlúite ar an Tairseach Sonraí Agrai-Bhia, a thugann faisnéis ó go leor sócmhainní sonraí atá ag AS AGRI agus ó staitisticí talmhaíochta, léirshamhluithe idirghníomhacha agus deaiseanna Eurostat. Is féidir le húsáideoirí féachaint ar amshraitheanna, léarscáileanna idirghníomhacha, cairteacha agus táblaí, chomh maith le sonraí neamhphróiseáilte a íoslódáil chun iad a athúsáid nó chun anailís as líne a dhéanamh. Déanann AS AGRI an tairseach a nuashonrú go leanúnach. Measaimid gur cleachtas maith atá sa tairseach i gcás sonraí a bhfuil fáil go poiblí orthu, mar go dtugann sé pointe aonair rochtana do thacar mór sonraí faoi mhargaí agraibhia, anailísí, táscairí CBT agus maoiniú ón Aontas.

22 Maidir leis na príomhchórais TF a úsáideann an Coimisiún agus na Ballstáit do CBT, díríonn siad isteach ar anailísíocht thuairisciúil agus dhiagnóiseach; is beag acu atá tuarthach nó forordaitheach (féach Fíor 7).

Fíor 7 — Ceithre chineál anailísíochta sonraí agus an chaoi a n-úsáidtear iad

Foinse: ECA, bunaithe ar Gartner agus ar dhoiciméid an Choimisiúin.

23 Bunaithe ar agallaimh agus ar fhreagraí ó Bhallstáit ar ár suirbhé, d’aimsíomar roinnt constaicí don Choimisiún agus do Bhallstáit maidir le húsáid a bhaint as mórshonraí (féach mír 04), agus as ardanailísíocht chun críocha anailís do bhearta CBT, amhail:

  1. difríochtaí i gcaighdeáin cháilíochta nó ceanglais idir foinsí sonraí éagsúla;
  2. rialacha rúndachta a chuireann srian ar shonraí ar leibhéal feirme a úsáid;
  3. infhaighteacht theoranta ar sonraí agus sonraí nach bhfuil san fhormáid chéanna nó cheart; agus
  4. litearthacht sonraí atá íseal agus easpa foirne cáilithe.

24 Déanann easpa tagairtí coitianta amhail aitheantóir uathúil an scéal níos deacra, maidir le sonraí ar an leibhéal feirme ó fhoinsí sonraí difriúla a chomhcheangal le chéile chun críoch anailís CBT. Le haitheantóir uathúil nó teicnící malartacha teaglama sonraí, bheadh sé indéanta sonraí ó fhoinsí sonraí difriúla a bhaineann leis an bhfeirm chéanna a nascadh le chéile (féach Bosca 1).

Bosca 1 — Sampla amháin ina mbeadh teicnící teaglama sonraí áisiúil

D’fhéadfadh sé go mbeadh aitheantóir uathúil nó teicnící eile teaglama sonraí áisiúil chun sonraí ar leibhéal na feirme atá bailithe i suirbhéanna ag an FADN a nascadh agus a chomhcheangal le samplaí ithreacha ón Suirbhé Fráma Limistéir ar Chumhdach/Úsáid Talún (LUCAS). Chuirfeadh sé sin tuilleadh faisnéise ar fáil ar an nasc idir cleachtais feirmeoireachta agus an stádas bithfhisiciúil dáileachtaí talún, go háirithe maidir le bailiúchán sonraí amach anseo a d’fhéadfadh a bheith ann, e.g. a ghabhann le bainistíocht ithreach bharrshonrach nó uainíocht na mbarr.

25 Déanann AS AGRI measúnú de láimh ar fhaisnéis théacsúil a sholáthraíonn Ballstáit ina tuarascálacha bliantúla, agus ní úsáideann sí teicnící mórshonraí amhail anailísíocht théacsúil nó asbhaintí uathoibríocha. Léiríonn ár n-anailís go bhfuil tuilleadh uathoibrithe indéanta (féach Bosca 2 mar shampla).

Bosca 2 — Asbhaint sonraí a uathoibriú chun críocha tuarascála

Cuireann Ballstáit tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme isteach chuig an gCoimisiún trí chóras bainistíochta ciste ar a dtugtar SFC. Cumhdaítear faisnéis théacsúil agus uimhriúil sna tuarascálacha sin, sna teangacha náisiúnta den chuid is mó.

Cuireann foireann AS AGRI sonraí isteach de láimh ó thart ar 115 thuarascáil ar thábla Excel chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis. Rinneamar scrúdú féachaint an raibh sé indéanta uirlis uathoibríoch a úsáid do chuid den obair sin. Rinneamar réiteach róbatach a logálann isteach ar SFC a fhorbairt chun na críche sin, agus ansin téann sé go réimsí sonraí ábhartha agus déanann sé iad a asbhaint go huathoibríoch. Rinne na bogearraí sin asbhaint sonraí uathoibríoch ó SFC agus tiomsú uathoibríoch d’uirlis scagtha Excel, a bhí déanta de láimh ag AS AGRI roimhe sin.

Cuireann gnéithe áirithe de shonraí agus córais atá ann faoi láthair teorainn ar a n-úsáid maidir le hanailísíocht bheartais

26 Rinneamar measúnú ar úsáid agus ar theorainneacha maidir le trí fhoinse sonraí an-éagsúla a n-úsáideann an Coimisiún agus Ballstáit go forleathan iad (féach Tábla 1).

Tábla 1 – Sampla d’úsáid foinsí sonraí faoi láthair i gcéimeanna beartais éagsúla

  CCRR
Sonraí riaracháin ar leibhéal na feirme agus sonraí spásúla
Copernicus
Sonraí satailíte
FADN
Sonraí suirbhé
Pleanáil/ceapadh beartais Ballstáit: roinnt úsáide, e.g. chun meastachán a dhéanamh ar líon féideartha na n-iarratasóirí do bhearta sonracha Ballstáit agus an Coimisiún: úsáid theoranta, seachas sonraí faireacháin agus meastóireachta a úsáid arís An Coimisiún: anailísíocht geilleagair éagsúil agus roinnt anailísíocht agus samhaltú timpeallachta
Rialú agus bainistíocht Ballstáit: chun iarratasóirí ar chúnamh a bhaineann le limistéir agus ainmhithe a sheiceáil, agus chun faisnéis a sheiceáil agus a stóráil. Tá faisnéis a sheolann Ballstáit chuig an gCoimisiún trí CATS/COMBO bunaithe ar fhaisnéis in CCRR den chuid is mó Ballstáit: Tá "Seiceálacha trí Fhaireachán" le dul in ionad seiceálacha ar an láthair Ní úsáidtear é
Faireachán do thuairisciú feidhmíochta Ballstáit: táscairí aschuir agus toraidh, e.g. an méid heicteár faoi scéim shonrach tacaíochta An Coimisiún: táscairí comhthéacs agus tionchair, e.g. cumhdach talún An Coimisiún: táscairí comhthéacs agus tionchair, e.g. breisluach glan feirme
Meastóireacht Ballstáit agus an Coimisiún: úsáidtear na táscairí ón bhfaireachán mar aon fhoinse sonraí amháin don mheastóireacht An Coimisiún: agus sonraí faireacháin á n-úsáid do mheastóireachtaí An Coimisiún: anailísíochtaí geilleagair éagsúla agus roinnt anailísíochtaí agus samhaltuithe timpeallachta

Foinse: CIE.

Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe

27 Tá rochtain theoranta ag an gCoimisiún ar Chóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) na mBallstát, arb é an príomhbhloc tógála maidir le híocaíochtaí CBT a bhainistiú sna Ballstáit. Maidir le CBT 2014-2020, cuimsítear roinnt bunachar sonraí atá digiteach agus idirnasctha, go háirithe11:

  1. córas le haghaidh na dáileachtaí talún ar fad i dtíortha AE a shainaithint, ar a dtugtar an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (LPIS);
  2. córas a ligeann d'fheirmeoirí na limistéir talmhaíochta, a bhfuil siad ag cur isteach ar chabhair dóibh, a chur in iúl go grafach (an t-iarratas geospásúil, nó GSAA);
  3. córas chun taifeadadh a dhéanamh ar aitheantas gach tairbhí a chuireann isteach iarratas ar chabhair nó éileamh íocaíochta;
  4. córas comhtháite rialaithe chun iarratais ar chabhair a sheiceáil, bunaithe ar chros-seiceálacha agus rialaithe fisiciúla ar an bhfeirm.

28 Úsáideann Ballstáit CCRR chun iarratais ar chabhair a fháil, chun críocha seiceálacha riaracháin agus rialuithe eile (e.g. seiceálacha ar an láthair agus seiceálacha le faireachán), agus chun íocaíochtaí a dhéanamh12. Féadfaidh Ballstáit réitigh theicniúla dhifriúla a úsáid dá CCRR. Is deacair sonraí a chur i gcomparáid le chéile mar gheall ar easpa caighdeánaithe, ar úinéirí sonraí difriúla (i.e. ní bhíonn an cineál údaráis céanna acu i gcónaí), agus ar fhorbairtí TF neamhspleácha a chruthaíonn ilroinnt. Cuireann na nithe sin teorainn freisin leis an gcaoi ar féidir sonraí a roinnt nó a athúsáid. Laghdaíonn an méid sin na féidearthachtaí chun ardanailísíocht nó teicnící mórshonraí eile a úsáid i ndáil le tionchar chistí AE a mheasúnú13. Tá rochtain theoranta ag an gCoimisiún ar chórais 42 Bhallstát difriúla (go náisiúnta nó go réigiúnach), lena n-áirítear sonraí mionchruinne ar fheirmeacha agus ar ghnóthaí14. Fágann sé sin deacair é, mar shampla, faisnéis mhionsonraithe a fháil ar dháileadh chistí AE.

29 Bunaithe ar ár n-athbhreithniú ar thionscadail éagsúla taighde atá maoinithe ag an Aontas15, fuaireamar amach go gcuireann cur chuige díláraithe CCRR teorainn le lánpháirtiú agus trasnascadh breise a dhéanamh ar na foinsí sonraí sin le foinsí sonraí eile ón gCoimisiún, mar gheall ar na nithe seo a leanas den chuid is mó:

  1. fadhbanna comhoiriúnachta (réitigh theicniúla dhifriúla) agus easpa idir-inoibritheachta idir córais sonraí;
  2. rialacha iontaoibhe nach gceadaíonn sonraí feirme a nascadh le chéile ó fhoinsí sonraí éagsúla (e.g. CCRR agus FADN); agus
  3. gráinneacht íseal bhunachair sonraí eile, i.e. sonraí nach bhfuil leibhéal sonraí leordhóthanach ag baint leo, agus easpa chomhtháscairí le meaitseáil le sonraí CCRR.

30 Chun comhroinnt agus infhaighteacht sonraí a fheabhsú, tá AS AGRI ag moladh do Bhallstáit a sonraí CCRR neamhphearsanta geospásúla a chomhroinnt trí gheo-thairseach INSPIRE (féach Fíor 8), le tacaíocht theicniúil ó JRC. Cuireann an tairseach rochtain ar na seirbhísí íoslódála agus amhairc ar fáil le haghaidh sonraí comhshaoil geospásúla atá tiontaithe ag na Ballstáit.

Fíor 8 — Geo-thairseach INSPIRE

Foinse: CIE, bunaithe ar JRC.

31 Bíonn éagsúlacht ann idir an méid sonraí a chomhroinntear trí gheo-thairseach INSPIRE ó Bhallstát go Ballstát. Cuirtear samplaí i láthair i bhFíor 9 den mhéid taifead ar mheiteashonraí faoi thrí théama roghnaithe. Foilsíonn Ballstáit freisin roinnt sonraí geospásúla trína ngeo-thairseacha neamhspleácha náisiúnta (nó réigiúnacha).

Fíor 9 — Taifid ar mheiteashonraí ar gheo-thairseach INSPIRE faoi thrí théama (de réir líon agus scair iomlán na dtaifead in aghaidh an téama)

Foinse: CIE, bunaithe ar gheo-thairseach INSPIRE (amhail an 17.2.2022).

Sonraí satailíte Copernicus

32 Tá sonraí satailíte Copernicus ag teacht leis an sainmhíniú ar mhórshonraí (féach mír 04). Déanann an Coimisiún comhordú ar an gcur chuige "Seiceálacha le Faireachán" (bunaithe ar shonraí Copernicus), ar sampla é d’fhaireachán uathoibrithe ar CBT sna Ballstáit.

33 Le "Seiceálacha le Faireachán", déantar anailís ar shruthanna sonraí satailíte Copernicus atá leanúnach chun a sheiceáil an gcomhlíonann dáileachtaí talún áirithe critéir incháilitheachta. Ó 2018 i leith, tá údaráis náisiúnta in ann sonraí Copernicus a úsáid chun iad a chur in ionad cigireachtaí traidisiúnta ar an bhfód. Bhí feidhm ag "Seiceálacha le Faireachán" ar 13.1 % den achar iomlán a fhaigheann íocaíochtaí díreacha in 2021, de réir an Choimisiúin. Is é 50 % an sprioc atá ann do 202416. In 2021, chuir 10 mBallstát an próiseas i bhfeidhm ar scéim cabhrach amháin ar a laghad i gcuid den chríoch ar a laghad. In 2020 áfach, nuair a d’eisíomar tuarascáil speisialta lena gcumhdaítear "Seiceálacha le Faireachán"17 (féach Bosca 3), ní raibh i gceist ach cúig Bhallstát.

Bosca 3 — Moladh ó Thuarascáil speisialta 04/2020

Inár dTuarascáil speisialta 04/2020 ar theicneolaíochtaí nua íomháithe a úsáid18, molaimid don Choimisiún úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun faireachán a dhéanamh ar cheanglais chomhshaoil agus aeráide, agus mholamar mí na Nollag 2021 mar sprioc-am dó sin. Ghlac an Coimisiún leis an moladh.

Go sonrach, mholamar faisnéis ó theicneolaíochtaí nua a úsáid chun léargas níos fearr a chur ar fáil ar fheidhmíocht bheartais CBT i ndiaidh 2020. Trí Chóras Faireacháin Limistéir (éigeantach) a chur in ionad "Seiceálacha le Faireachán" (roghnach), molann an Coimisiún úsáid níos fearr a bhaint as sonraí satailíte Copernicus chun críoch idirghabhálacha a bhaineann le limistéir maidir le CBT i ndiaidh 2020. Cuireann an córas nua próiseáil uathoibrithe sonraí ar fáil ó shatailítí Copernicus agus ó ghrianghraif ar an láthair.

An Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme

34 Is í an phríomhfhoinse sonraí geilleagair ná FADN. Úsáideann an Coimisiún agus na Ballstáit FADN go forleathan do shamhaltú, do mheastóireachtaí agus do thuairisciú.

35 Ó 1965 i leith, tá sé mar aidhm ag FADN “faisnéis oibiachtúil agus ábhartha ar ioncaim [...] agus ar fheidhmiú ghnó ghabháltais” a chur ar fáil do CBT19. Is é FADN an fhoinse do shonraí micreacnamaíochta atá comhchuibhithe agus ar fáil chun tionchar CBT a thomhas. Tá sé bunaithe ar shuirbhéanna náisiúnta, tá sé deonach do ghabháltais talmhaíochta, agus clúdaíonn sé gabháltais talmhaíochta AE atá chomh mór sin gur féidir iad a mheas mar ghabháltais talmhaíochta tráchtála20.

36 Déanann eisiamh feirmeacha neamhthráchtála agus beaga ionadaíocht FADN ar thairbhithe CBT a laghdú. In 2015, áiríodh thart ar 83 000 gabháltas sa suirbhé. Cé go léiríonn an méid sin thart ar 90 % den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear agus den táirgeadh talmhaíochta iomlán21, is ionann é agus 4.7 milliún gabháltas as an iomlán de 10.8 milliún gabháltas san Aontas22. Níor dearadh FADN le bheith ionadaíoch ar thairbhithe CBT. De réir an Choimisiúin, bhí éagsúlacht ann, in 2019, idir sciar na dtairbhithe ar íocaíochtaí díreacha CBT gan ionadaíocht; bhí sé sin ag dul ó 5 % san Ísiltír go 78 % sa tSlóvaic.

Cuireann easpa sonraí leormhaithe teorainn ar mheastóireacht fheidhmíocht CBT

37 Ba cheart do na meastóireachtaí an fhianaise is fearr atá ar fáil a úsáid, ar fianaise í sin a thagann as raon leathan modheolaíochtaí agus foinsí ábhartha (triantánú)23. Éascaíonn sonraí gráinneacha cuspóirí beartais a nascadh le torthaí/tionchar24. De réir na reachtaíochta, ba cheart don fhaisnéis a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht CBT a bhunú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí sonraí aitheanta amhail FADN agus Eurostat25. Le dea-fhaireachán, ba cheart sonraí amshraitheanna fíorasacha a ghiniúint chun cáilíocht mheastóireachta agus mheasúnú tionchair sa todhchaí a fheabhsú26.

38 Rinneamar athbhreithniú ar chúig mheastóireacht nó staidéar tacaíochta meastóireachta ón gCoimisiún, lena gcumhdaítear meastóireacht amháin ar a laghad do gach ceann de thrí chuspóir ghinearálta CBT mar a léirítear i bhFíor 1. Fuaireamar amach gur bhain na meastóireachtaí leas as réimse leathan sonraí a bailíodh chun an beartas a bhainistiú nó faireachán a dhéanamh air, e.g. táscairí CBT27, FADN, CATS/COMBO, staitisticí Eurostat, agus an Córas Faisnéise do Bhainistíocht Margaí Talmhaíochta (ISAMM). Is minic go mbíonn sonraí seachtracha (e.g. ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, ó na Náisiúin Aontaithe, ón Eagraíocht um Bhia agus Talmhaíocht), cás-staidéir, ceistneoirí agus agallaimh ag cur leis na sonraí sin.

39 Maidir le gach ceann de thrí chuspóir CBT, úsáideann an Coimisiún agus meastóirí an mheastóireacht tionchair frithfhíorasach28. Éilíonn sé sin sonraí i dtaobh grúpaí rialaithe, i.e. eintitis nach gcuireann an beartas i bhfeidhm. Cuireann FADN sonraí ar fáil ar an dá ghrúpa, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith áisiúil d’anailís den chineál sin. Mar shampla, cuireann easpa sonraí frithfhíorasacha teorainn ar mheastacháin rannchuidiú CBT leis an maolú aeráide. De réir an Choimisiúin, tá CBT á chur i bhfeidhm le tréimhse rófhada agus clúdaíonn sé réimse rómhór chun go bhféadfaí teacht ar shonraí comparáideacha29, i.e. níl aon scóip ann chun comparáid a dhéanamh idir an staid roimh CBT agus an staid i ndiaidh CBT, ná idir an staid leis an mbeartas agus gan an beartas. Tá sé deacair freisin modheolaíochtaí frithfhíorasacha a úsáid d’fhorbairt críochach, mar gheall go bhfaigheann an chuid is mó de na réigiúin tacaíocht CBT. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, d’fhorbair JRC creat anailíseach cainníochtúil bunaithe ar mhodhanna meastóireachta tionchair frithfhíorasacha chun léargas a chur ar fáil ar an nasc idir an beartas agus a thorthaí, lena dtugtar aird ar an réimse éagsúil de bhearta atá in úsáid i gceantair thuaithe30.

Táirgeadh inmharthana bia

40 Is iad FADN agus Cuntais Eacnamaíochta na Talmhaíochta (CET) na príomhfhoinsí sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar chuspóir an táirgthe inmharthana bia (féach Tábla 2). Bhunaigh an Coimisiún an dá fhoinse sonraí sin chun sonraí a chur ar fáil do mheasúnú CBT. Mar shampla, chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil tionchar ag tacaíocht CBT ar ioncaim feirmeoirí, úsáideann an Coimisiún staitisticí ar ioncam feirmeoirí ó Eurostat (i.e. ioncam a thagann as talamh, caipiteal agus saothar), agus ó FADN31.

Tábla 2 — Sonraí don chuspóir "táirgeadh inmharthana bia"

Eochairfhoinsí fianaise a úsáideadh Samplaí de bhearnaí sonraí agus teorainneacha atá sainaitheanta ag na meastóirí nó ag an gCoimisiún
  • FADN
  • Eurostat: CET agus staitisticí ionchuir saothair
  • Sonraí íocaíochtaí ó CATS/COMBO
  • AGRIVIEW
  • Ní léiríonn bunachar sonraí FADN feirmeacha neamhthráchtála nó an-bheag.
  • Bíonn sonraí FADN agus CATS/COMBO ar fáil de réir a chéile laistigh de tréimhse dhá bhliain ón mbunbhliain nó ó bhliain an éilimh.
  • Níl sonraí ar fáil atá eagraithe de réir an táirge ar leibhéal AE, maidir le méideanna atá curtha ar an margadh ag eagraíochtaí táirgeora do thorthaí agus glasraí.
  • Mar gheall ar an gcomhiomlánú sonraí, tá sé dodhéanta feirmeoirí a tháirgeann péitseoga agus neachtairíní, mar shampla, a shainaithint as feirmeoirí a bhfuil speisialtóireacht acu i dtorthaí.

Foinse: CIE, bunaithe ar mheastóireacht agus staidéar tacaíochta meastóireachta ar "tháirgeadh inmharthana bia".

41 Tógann sé bliain ar Bhallstáit sonraí FADN a bhailiú agus a fhíorú, agus tógann sé bliain ar an gCoimisiún sonraí FADN ó Bhallstáit a fhíorú agus a bhailíochtú. Mar thoradh air sin, tógann sé dhá bhliain ar a laghad sula mbeidh na sonraí ar fáil i mbunachar sonraí FADN. Nuair a rinne an Coimisiún an togra reachtach le haghaidh CBT i ndiaidh 2020 a thíolacadh in 2018, ní raibh ach sonraí ó bhliain amháin de CBT reatha ar fáil (sonraí ó shuirbhé FADN 2015). Ciallaíonn sé sin go ndearna an Coimisiún a thogra sula raibh na sonraí FADN is déanaí aige faoi fheidhmíocht agus tionchair an bheartais atá ann faoi láthair.

Bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide

42 Maidir le cuspóir CBT maidir le hacmhainní nádúrtha agus leis an aeráid, is féidir le tréimhse fhada a bheith ann ón uair a dhéantar beart ó bheartas a chur i bhfeidhm go dtí go mbíonn tionchar an bhirt sin le feiceáil. D’fhonn nasc cúisíoch a dheimhniú idir beart ó CBT agus a thorthaí, ní mór sonraí éagsúla a chur le chéile agus aird a thabhairt ar thosca seachtracha. As na ceithre chomhchuid den chuspóir (féach Fíor 1), rinneamar scrúdú ar bhithéagsúlacht. Ní raibh na Ballstáit ná an Coimisiún in ann fianaise mhaith a chur ar fáil i dtaobh nasc cúisíoch idir caighdeáin maidir le dálaí maithe talmhaíochta agus comhshaoil32 agus stádas bithéagsúlachta33. Cuireann Tábla 3 samplaí i láthair den fhianaise a úsáideadh agus na teorainneacha ar mheasúnú a dhéanamh ar an gcomhchuid bhithéagsúlachta.

Tábla 3 — Sonraí ar an gcomhchuid bhithéagsúlachta den chuspóir "bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha"

Eochairfhoinsí fianaise a úsáideadh Samplaí de bhearnaí sonraí agus teorainneacha atá sainaitheanta ag na meastóirí nó ag an gCoimisiún
  • Comhthéacs, aschur, torthaí agus táscairí tionchair CBT
  • Sruthlíniú Táscairí Eorpacha na Bithéagsúlachta (SEBI)
  • Táscairí do Bhainistíocht Inbhuanaithe ar Fhoraoisí arna dtuairisciú ag Ballstáit do Forest Europe
  • Táscairí agra-chomhshaoil ón gCoimisiún
  • Sonraí FADN ar leibhéal feirme maidir le táirgeacht, brabúsacht, suíomh (laistigh nó lasmuigh de limistéir Natura 2000), agus a mhéid a bhítear ag glacadh bhearta CBT.
  • Níl sonraí ar fáil faoina mhéid a bhítear ag glacadh gnéithe tírdhreacha faoi bhearta a bhaineann le talmhaíocht, comhshaol nó aeráid.
  • Ní leor iad na sonraí faireacháin maidir le tionchair iarbhír ar bhearta aonair CBT.
  • Níl sonraí a fuarthas le déanaí ann le haghaidh go leor de na táscairí staitisticiúla.
  • Níl sonraí ar fáil i dtaobh cainníochtaí leasachán agus lotnaidicíd a úsáidtear ar thalamh talmhaíochtaí san Aontas.

Foinse: CIE, bunaithe ar Staidéar tacaíochta meastóireachta ar thionchar CBT ar ghnáthóga, tírdhreacha agus bithéagsúlacht.

43 Maidir le meastóireacht a rinneadh in 2019, thángthas ar an gconclúid nárbh fhéidir measúnú foriomlán a dhéanamh ar an tionchar beartais ar an mbithéagsúlacht toisc nach raibh sonraí oiriúnacha faireacháin ann34. Ní chuirtear sonraí ar fáil go rialta do roinnt de tháscairí faireacháin an Choimisiúin. Mar shampla, ní bhailíonn na Ballstáit uile sonraí ar an táscaire tionchair le haghaidh astarraingt uisce sa talmhaíocht, agus ní tuairiscíonn siad na sonraí sin ach oiread.

44 Teorannú eile atá ann maidir leis an gcuspóir comhshaoil a mheas ná nach raibh sonraí cuimsitheacha ar fáil maidir le cainníochtaí na leasachán agus na lotnaidicídí a úsáidtear san Aontas ar thalamh talmhaíochta. Ó 2021 i leith, tá sonraí maidir le cainníochtaí lotnaidicídí a úsáidtear ar thalamh talmhaíochta ar fáil, ach i gcás níos lú ná leath na mBallstát. Bhain an Coimisiún agus na meastóirí úsáid as sonraí FADN faoi chaiteachas ar leasacháin agus táirgí cosanta plandaí in aghaidh an heicteáir mar shamhail ionadach.

45 Baineann staitisticí AE atá ar fáil go poiblí maidir le táirgí cosanta plandaí leis na méideanna (kg) de shubstaintí gníomhacha atá i dtáirgí cosanta plandaí a dhíoltar35. I dTuarascáil speisialta 05/202036, thuairiscigh muid go bhfuil grúpáil na substaintí gníomhacha sin ar an mbealach a cheanglaítear le reachtaíocht ón Aontas ag cur teorainn leis an bhfaisnéis is féidir le Eurostat a fhoilsiú nó fiú a roinnt le hArd-Stiúrthóireachtaí eile de chuid an Choimisiúin. Níl na staitisticí a thiomsaítear maidir le húsáid talmhaíochta táirgí cosanta plandaí faoi reachtaíocht reatha an Aontais inchomparáide, agus níl Eurostat in ann staitisticí i dtaobh úsáid ar fud an Aontais a fhoilsiú go fóill.

Forbairt chríochach ar mhodh cothrom

46 I meastóireacht a rinneadh in 202137, bhain an Coimisiún agus meastóirí úsáid as táscairí aschuir CBT, sonraí íocaíochta ó CATS/COMBO, bunachar sonraí ARDECO de chuid AS REGIO, agus bunachar sonraí réigiúnach Eurostat le haghaidh an tríú cuspóir de CBT. Chuaigh an infhaighteacht theoranta a bhí ar shonraí iomlána, mionsonraithe agus nuashonraithe maidir le stádas socheacnamaíoch limistéar tuaithe i bhfeidhm ar stóinseacht na meastóireachta38. Mhaígh na conraitheoirí go raibh na sonraí gann i gcás cuid de na croíghnéithe sochaíocha, agus, má bhí siad ar fáil, gur mhinic nach ndearnadh iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ach gur táirgeadh iad ar bhonn ad hoc ó thionscadail taighde ar leith39. I roinnt cásanna, bhí táscairí ionadacha curtha i bhfeidhm ag na meastóirí. Ar an iomlán, luaigh siad gurb iad infhaighteacht agus cáilíocht táscairí agus easpa sonraí maidir le réigiúin bheaga na príomhtheorainneacha ar anailísí cainníochtúla.

47 Cé is moite de na sonraí íocaíochta in CATS/COMBO agus na sonraí feirme aonair in FADN, bíonn formhór na sonraí a bhailíonn an Coimisiún ó na Ballstáit comhiomlánaithe, rud a fhágann figiúr aonair do Bhallstát nó réigiún ar fad. Cuireann an méid sin teorainn leis an bhféidearthacht go n-athúsáidfear na sonraí chun críocha meastóireachta breise nó chun críocha ceaptha beartais. I gcás roinnt gnéithe socheacnamaíocha (e.g. cuimsiú sóisialta), ní raibh sonraí ar fáil ach amháin ar an leibhéal náisiúnta nó ar réiteach geografach íseal, rud nach leor chun anailís a dhéanamh ar dhifreáil chríochach40. Níl dóthain mionsonraí ar fáil faoi shonraí faireacháin CBT le go bhféadfaí anailís níos spriocdhírithe a dhéanamh, e.g. faisnéis faoi aois nó inscne na dtairbhithe41. Bíonn na sonraí sin ar fáil de ghnáth i mbunachair sonraí na mBallstát, ach níl rochtain ag an gCoimisiún orthu.

Níl a dhóthain fianaise ag an gCoimisiún dá mheasúnú ar riachtanais bheartais CBT

48 Faoi na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, ba cheart tús a chur leis an measúnú tionchair a ghabhann le togra reachtach trína fhíorú an ann d’fhadhb42. Ní mór dó an réasúnaíocht loighciúil a leagan amach lena nasctar an fhadhb leis na bunchúiseanna atá léi agus leis na cuspóirí gaolmhara, chomh maith le réimse roghanna beartais a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

49 Chun scrúdú a dhéanamh ar úsáid sonraí ag céim cheapadh an bheartais nó ag céim phleanáil an bheartais, rinneamar athbhreithniú ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra reachtach le haghaidh CBT i ndiaidh 202043 agus ar dhoiciméid éagsúla de chuid an Choimisiúin a thacaíonn leis. D’aithníomar laigí sa chaoi ar cuireadh sonraí ábhartha ar fáil chun tacú leis an gcur síos ar an bhfadhb atá an beartas ceaptha a réiteach, faoin gcuspóir sonrach "ioncam feirme inmharthana". Dhearbhaíomar inár dtuairim maidir leis na tograí reachtacha le haghaidh CBT i ndiaidh 2020 nach raibh na sonraí agus na hargóintí a d’úsáid an Coimisiún leordhóthanach chun tacú leis an measúnú ar riachtanais ioncaim feirmeoirí44. Níl faisnéis ag an gCoimisiún ar ioncam feirmeoirí ná ar ioncam na dteaghlach feirmeoireachta lasmuigh den fheirmeoireacht, agus folaíonn an meán an éagsúlacht mhór atá i staid an ioncaim. Ina theannta sin, inár dtuarascáil in 2021 maidir le príomhshruthú inscne, chuireamar in iúl go láidir gur bearna mhór sonraí freisin é neamh-infhaighteacht staidrimh maidir le hioncam teaghlaigh feirmeoirí agus maidir le hioncaim indiúscartha feirme arna mhiondealú de réir gnéis, agus aird á tabhairt ar éifeachtaí na n-íocaíochtaí díreacha ar chomhionannas inscne45.

50 In 2018, mholamar gur cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar áit ioncaim do na grúpaí feirmeoirí go léir agus anailís a dhéanamh ar a dtacaíocht ioncaim, ag cur gnéithe amhail ioncam ó bheatha agus táirgeadh talmhaíochta eile san áireamh, chomh maith le foinsí neamhthalmhaíochta, sula ndéanann sé aon togra maidir le ceapadh CBT amach anseo46. Ghlac an Coimisiún go páirteach leis an moladh sin, luaigh sé go bhfuil an beartas dírithe ar na feirmeoirí sin atá go gníomhach i mbun feirmeoireachta chun a slí bheatha a thuilleamh. Léiríodh i staidéar in 201547 ar ioncaim teaghlaigh feirme go raibh bearna mhór san fhaisnéis a bhaineann le feidhmíocht CBT, toisc nach raibh aon chóras staitistiúil ná faireacháin de chuid an Aontais ann chun ioncaim iomlána teaghlaigh na bhfeirmeoirí a mheasúnú agus iad a chur i gcomparáid le grúpaí eile sa tsochaí. Amhail i mí Feabhra 2022, níl aon dul chun cinn déanta ag an gCoimisiún sa réimse seo.

51 Gach trí go ceithre bliana, faigheann Eurostat sonraí faoi ghníomhaíochtaí sochracha eile ar fheirmeacha i ndáil le"Suirbhéireacht ar Struchtúr Feirme" na mBallstát. Léiríonn na sonraí suirbhéireachta más príomhghníomhaíocht nó gníomhaíocht thánaisteach de chuid an tsealbhóra-bainisteora iad na ghníomhaíochtaí sochracha eile, ach ní léiríonn sí an sciar nó an raon ioncaim aisti. Is do bliain 2016 iad na sonraí is déanaí a foilsíodh ar shuíomh idirlín Eurostat48.

52 Ní áirítear faisnéis ar ioncam lasmuigh den fheirm i mbunliosta na sonraí FADN, toisc go bhfuil an suirbhé bunaithe ar fheirmeacha agus ní ar fheirmeoirí. Ní leor ann féin sonraí i dtaobh cáin ioncaim i gclárlanna na n-údarás cánach náisiúnta chun na sonraí sin a sholáthar, toisc nach bhfuil faisnéis iontu ar shaintréithe feirme agus toisc go bhfuil ioncaim talmhaíochta iontu ó na daoine sin freisin nach í an fheirmeoireacht a bpríomhghníomhaíocht49.

53 Bailíonn roinnt Ballstát (e.g. Éire agus an Ísiltír) sonraí maidir le hioncam lasmuigh den fheirm trí úsáid a bhaint as suirbhéanna an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme, rud a d’fhéadfadh ceann amháin de na bearnaí sna sonraí a líonadh a bhaineann le fíorioncaim na bhfeirmeoirí. Foilsíonn údaráis na hÉireann sonraí maidir le hioncam indíreach lasmuigh den fheirm go rialta, lena n-áirítear "fostaíocht lasmuigh den fheirm a bheith ann", "na laethanta agus na huaireanta a oibríodh lasmuigh den fheirm' agus ‘an earnáil a bhfuiltear ag obair inti".

Tá tionscnaimh éagsúla ag an gCoimisiún maidir le húsáid níos fearr a bhaint as sonraí atá ann cheana, ach tá bacainní fós ann

54 Ba cheart don Choimisiún tionscnaimh eile a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar laigí agus feabhas a chur ar bhailiúchán agus próiseáil sonraí d’fhonn CBT a mheas agus chun tacú le forbairt an bheartais amach anseo. Ba cheart na tionscnaimh sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an amchlár sainithe agus leis na haschuir. Ní mór don Choimisiún foinsí sonraí atá ann cheana a ghlacadh agus a neartú do CBT nua. Ba cheart dó freisin foinsí sonraí nua a fhiosrú agus a shlógadh chun an t-ualach ar fheirmeoirí agus riaracháin a laghdú, agus an bonn fianaise beartais a fheabhsú ag an am céanna50.

55 Ina phlean gníomhaíochta maidir lena stráitéis inmheánach sonraí, tá cuspóirí leagtha amach ag an gCoimisiún chun rochtain ar shonraí atá ábhartha do chinnteoireacht agus feidhmíocht ar fud na heagraíochta a ráthú agus chun úsáid na teicneolaíochtaí anailísíochta sonraí a chothú chun patrúin agus treochtaí a shainaithint níos tapa agus níos éifeachtaí.

56 Scrúdaíomar na tionscnaimh sin atá glactha ag an gCoimisiún maidir le húsáid níos fearr a bhaint as sonraí atá ar fáil agus teicneolaíochtaí nua chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sonraí agus na dúshláin a sainaithníodh thuas. Ina theannta sin, bhreathnaíomar ar thionscadail taighde a mhaoiníonn an tAontas agus tionscnaimh na mBallstát a d’fhéadfadh cur le hanailís ar bheartas CBT agus roinnt de na bearnaí a líonadh.

Tá foinsí sonraí á leathnú ag an gCoimisiún agus ag spreagadh comhroinnt sonraí chun dul i ngleic le bearnaí sonraí agus riachtanais sonraí a chomhlíonadh do CBT

57 Cuireann sonraí inmheánacha an Choimisiúin in iúl nach mór leas a bhaint as “foinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha a mhéid is féidir chun fianaise a thacaíonn le cinntí a ghiniúint”. Ní mór na costais agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le bailiú sonraí chun faireachán a dhéanamh ar bheartais a bheith i gcomhréir le riachtanais sonraí. De réir an Bhosca Uirlisí um Rialáil níos Fearr51, ní chaitear na sonraí beartais ar fad a líonadh.

58 Chuir an Coimisiún tús lena stráitéis sonraí a chur i bhfeidhm in 2018. I measc na ngníomhaíochtaí, tá fardal sonraí á chruthú (féach míreanna 17-18) go rialacha maidir le rialachas sonraí, anailísíocht sonraí agus oiliúint agus scileanna. Ag deireadh 2020, chuir AS AGRI bord agus grúpa oibre ar bun chun stráitéis a chur chun feidhme. Ó mhí Eanáir 2022, bhí aonad "Rialachas Sonraí" ar leith aige chun comhordú na bainistíochta sonraí a fheabhsú.

59 Thionscain an Coimisiún roinnt gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur le hanailís beartais níos fearr trí bhonneagair sonraí agus úsáid sonraí a fheabhsú do CBT (e.g. réitigh dhigiteacha, ríomhuirlisí, algartaim agus dea-chleachtais). Féach an Iarscríbhinn le haghaidh samplaí.

60 Tháinig meastóireacht Eurostat 2016 ar staidreamh talmhaíochta52 ar an gconclúid nach bhfuil staidreamh talmhaíochta, foraoiseachta, úsáide talún agus comhshaoil sách comhchuibhithe agus comhleanúnach. Ar na cúiseanna atá leis sin, áirítear an fíoras go ndearnadh reachtaíocht a fhorbairt ar bhealach neamh-chomhtháite ach chomh maith leis sin go bhfuil sainmhínithe agus coincheapa éagsúla ann i réimsí talmhaíochta éagsúla. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, thug an Coimisiún isteach dhá rialachán nua agus leasaigh sé rialachán amháin a bhí ann cheana (féach Fíor 10).

Fíor 10 — Creat dlíthiúil chóras staidrimh talmhaíochta na hEorpa

Foinse: CIE, bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1091, COM(2021) 37 , Rialachán (AE) 2022/590.

61 In 2019, d’eisigh an Coimisiún glao ar thograí chun líonra d’institiúidí náisiúnta staidrimh a chur ar bun a mbeadh suim acu modhanna a fhorbairt chun staidreamh talmhaíochta a nuachóiriú. Ceann den dá thosaíocht lena mbaineann is ea “an úsáid a bhaintear as foinsí sonraí nua do staidreamh talmhaíochta a fhiosrú (e.g. mórshonraí, íomhánna satailíte, faisnéis geoshuite, feirmeoireacht bheacht), lena n-áirítear rochtain, rúndacht agus gnéithe measúnaithe cáilíochta”. Ní dhearnadh aon iarratas ag éirí as an nglao sin. De réir an Choimisiúin, dúirt Ballstáit gur chúis amháin a bhí leis sin ná nach raibh dóthain foinsí ag oifigí staidrimh náisiúnta chun líonra den sórt sin a chur ar bun agus a chomhordú.

62 Tá tionscnaimh eile chun dul i ngleic le bearnaí sonraí le fáil in dhá chatagóir leathana: comhroinnt sonraí ó Bhallstáit nó geallsealbhóirí, agus athróga nua a chur le foinsí sonraí atá ann cheana.

63 Faoin tionscadal “Próiseas AS AGRI le haghaidh comhroinnt sonraí CCRR faoi INSPIRE”, tá AS AGRI, i gcomhar le JRC, an Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol agus an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide ag tógáil creata agus nósanna imeachta tacaíochta chun sonraí spásúla neamhphearsanta CCRR a roinnt ar fud an Aontais. Is é is cuspóir leis sin ná a áirithiú gur féidir shonraí spásúla CCRR a aimsiú go héasca, a rochtain go héifeachtúil (trí phointe iontrála aonair) agus a athúsáid go héifeachtach i dtimpeallacht bheartais comhtháite (féach Fíor 11).

Fíor 11 — Trí sprioc idirnasctha ar tugadh aghaidh orthu sa nós imeachta taiscéalaíochta sonraí CCRR

Foinse: CIE, bunaithe ar Thuarascáil Chomhpháirteach Theicniúil: Taiscéalaíocht agus comhtháthú sonraí CCRR, CE, 2021, lch. 7.

64 Sa Straitéis Eorpach um Shonraí53, aithníonn an Coimisiún an tábhacht a bhaineann le comhroinnt sonraí chun feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí. Sa stráitéis, d’fhógair an Coimisiún a phlean chun naoi spás sonraí coiteanna earnálacha ar fud an Aontais a bhunú, lena n-áirítear “Spás coiteann sonraí an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip” agus “Spás coiteann sonraí do shonraí talmhaíochta na hEorpa”. Tá sé mar aidhm ag an dara ceann acu é a dhéanamh níos éasca comhroinnt, próiseáil agus anailís a dhéanamh ar shonraí táirgthe, sonraí oscailte agus sonraí poiblí eile a d’fhéadfadh a bheith ann (e.g. sonraí ithreach)54.

65 Liostaítear sa stráitéis dhá ghníomhaíocht ullmhúcháin shonracha ar leithligh le haghaidh an spáis sonraí talmhaíochta: an taithí a fuarthas le "cód iompair geallsealbhóirí maidir le comhroinnt sonraí talmhaíochta55" a mheas agus spásanna sonraí talmhaíochta atá cheana ann a mheas in 2020 agus i dtús 2021. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún faoi láthair na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh mar chuid den Chlár Oibre don Eoraip Dhigiteach do 2021-22, a d’fhormheas sé i mí na Samhna 2021. Dar leis an gCoimisiún, áireofar an spás sonraí i gclár oibre 2023-2-24, le fréamhsamhail féideartha in 2024 agus spás dáta a rolladh amach a thuilleadh san blianta ina dhiaidh sin.

66 Faoin Straitéis “Ón bhfeirm go dtí an forc56”, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún FADN a thiontú isteach ina Líonra Sonraí Inbhuanaitheachta Feirme (FSDN), d’fhonn sonraí a bhaineann le leibhéal na feirme maidir le spriocanna na straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta, agus táscairí inbhuanaitheachta eile, a bhailiú. D’fhoilsigh an Coimisiún treochlár i mí an Mheithimh 2021 agus tá sé i gceist aige togra le haghaidh rialacháin a thíolacadh sa dara ráithe de 202157.

Tá gníomhaíochtaí sonracha i gcomhthéacs CBT 2023-2027 dírithe ar shonraí faireacháin a fheabhsú

67 Seachas an aistriú ó FADN go FSDN, níl athruithe suntasacha beartaithe ag an gCoimisiún sna príomhchórais TF a chuirtear i láthair i bhFíor 6. Mar sin féin, tá sé ag obair chun feidhmiúlacht ARACHNE a mhéadú, ar uirlis mianadóireachta sonraí í a úsáideann Ballstáit ar bhonn deonach ina rialuithe riaracháin. Is uirlis úsáideach í, mar shampla, chun tionscadail nó tairbhithe a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith soghabhálach i leith rioscaí calaoise nó coinbhleachtaí leasa cé go bhféadfadh úsáid neamhéigeantach teorann a chur lena sochair. Braitheann a éifeachtaí atá anailísíocht sonraí na huirlise ar an ionchur sonraí. Ciallaíonn sé sin dá mhéad sonraí cáilíochta a uaslódáiltear, is amhlaidh is cruinne, is cuimsithí agus is faisnéisí a bheidh aschuir an chórais.

68 Baineann AS AGRI úsáid as teicneolaíochtaí nua agus sonraí satailíte chun feabhas a chur ar tháscairí faireacháin. Mar shampla, thug sé isteach táscaire tionchair nua chun faireachán a dhéanamh ar ghnéithe tírdhreacha do thréimhse 2023-2027. Ní áirítear i CBT 2014-2020 táscaire tionchair maidir le tírdhreacha; lagaigh sé sin an measúnú ar thionchar CBT ar ghnáthóga, tírdhreacha agus bhithéagsúlacht (féach Tábla 3). Maidir leis an táscaire nua (an sciar den talamh talmaíochta a chumhdaítear le gnéithe tírdhreacha), bainfidh an Coimisiún úsáid as sonraí ó Sheirbhís Faireacháin Copernicus ar Thalamh, ina mbeidh faisnéis faoi fhálta sceach líneacha agus scrobarnaí, sraitheanna crann, agus paistí scoite crann.

69 Do CBT 2023-2027, saineoidh an Coimisiún creat nua, lena n-áirítear gníomh cur chun feidhme chun sonraí a fháil ar idirbhearta aonair le haghaidh faireacháin, meastóireachta agus dearadh beartais. De réir an Choimisiúin, trí shonraí aonair a bhailiú ar an iarratas/éileamh, agus faisnéis faoin tairbhí agus a fheirm/ghnó, déanfaidh sé iarracht saincheist an imdhealaithe sonraí a réiteach.

Fiosraíonn tionscnaimh taighde an raon feidhme maidir le sonraí agus uirlisí a nuachóiriú

70 Faoi Fhís 2020 (H2020), maoiníonn an Coimisiún taighde agus tionscadail nuálaíochta. D’aithníomar roinnt tionscadal H2020 a rinneadh le déanaí nó atá ar siúl faoi láthair agus tionscadail taighde eile a d’fhéadfadh cabhrú le feabhas a chur ar an mbonneagar sonraí agus ar úsáid sonraí (e.g. réitigh dhigiteacha, ríomhuirlisí, agus algartaim) a bhfuil gá leo chun sonraí níos fearr a chur ar fáil do CBT (féach Fíor 12). Tá torthaí ábhartha táirgthe ag roinnt tionscadal (amhail NIVA agus SEN4CAP) cheana, rud a d’fhéadfadh a bheith úsáideach d’fhorbairtí amach anseo.

Fíor 12 — Samplaí de thionscadail taighde le gné anailíse beartais

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí i mbunachar sonraí CORDIS an Choimisiúin Eorpaigh.

71 Téann tionscadal NIVA (Fís Nua CCRR i mbun gníomhaíochta) i ngleic le roinnt de na teorannuithe atá le CCRR (féach míreanna 28-29), go háirithe tríd an ualach riaracháin a laghdú agus úsáid a bhaint as acmhainn sonraí. Tá sé mar chuspóir ag an tionscadal CCRR a nuachóiriú trí úsáid éifeachtúil a bhaint as réitigh dhigiteacha agus ríomhuirlisí, rud a chruthóidh modheolaíochtaí iontaofa agus sonraí nuachóirithe chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht talmhaíochta.

72 Thug tionscadal eile maoinithe ón Aontas, FLINT (Táscairí ar Leibhéal na Feirme le haghaidh Topaicí Nua i meastóireacht beartais) aghaidh ar an mbearna idir riachtanais sonraí le haghaidh meastóireacht bheartais agus an staidreamh talmhaíochta atá ar fáil58. D’fhéadfadh an tionscadal a bheith ábhartha don athbhreithniú a bheartaítear ar FADN, mar gheall gur chumhdaigh an tionscadal táscairí inbhuanaitheachta agus gur úsáid sé FADN mar chreat. Mhol an tionscadal 33 thopaic nó táscaire a bhaineann le gnéithe comhshaoil, sóisialta, eacnamaíocha agus nuálaíochta a bhailiú sa todhchaí59. Ina threochlár60, luaigh an Coimisiún go gcuirfidh an t-athrú go dtí FSDN le tionscadal FLINT. I mí Feabhra 2022, áfach, bhí sé ró-luath an t-éileamh sin a mheas.

Tá a dtionscnaimh sonraí féin ag na Ballstáit do CBT

73 Sa suirbhé a rinneamar ar na 27 mBallstát ar fad, fuarthas go n-aithníonn an tromlach díobh an breisluach atá le hardanailísíocht. Roghnaigh an chuid is mó díobh cinnteoireacht níos tapa, anailís thuarthach agus tras-fhearainn, laghdú costais, agus cumarsáid níos éifeachtaí le feirmeoirí agus geallsealbhóirí, as liosta de ghnéithe féideartha a cuireadh ar fáil dóibh.

74 Ina bhfreagraí ar ár suirbhé, mhol níos mó ná leath de na Ballstáit na bearta seo a leanas mar thosaíochtaí chun tacú leis an úsáid a bhaineann siad as mórshonraí: níos mó maoiniú ón gCoimisiún d’uirlisí TF agus tionscadail anailísíochta sonraí (67 %), treoirlínte/lámhleabhair bhreise (56 %), agus tacaíocht d’fhorbairt modheolaíochtaí nó caighdeánú (52 %). Roghnaigh níos lú Ballstát tacaíocht do theicneolaíochtaí anailíseacha (48 %), réitigh rochtana ar shonraí (41 %) agus tacaíocht taighde agus comhthionscadail taighde (48 %).

75 Léirigh ár suirbhé agus agallaimh leantacha difríochtaí idir Ballstáit agus an bealach a thugann siad isteach foinsí sonraí nua agus ard-teicnící anailísíochta sonraí. Áirítear i mBosca 4 agus i mBosca 5 samplaí de ghníomhaíochtaí Ballstát.

Bosca 4 — Samplaí d’fhoinsí sonraí a chomhcheangal le hanailísíocht nua-aimseartha

An Spáinn

  • Tá réigiún Spáinneach amháin (Castile agus Leon) ina ardúsáideoir den chur chuige "Seiceálacha le Faireachán" ó 2019. Tá a mhodheolaíocht faireacháin bunaithe ar phróiseáil agus ar anailísíocht trí bhíthin na hintleachta saorga ar íomhánna a chuireann satailítí Fhairtheoir Copernicus ar fáil. Trí úsáid a bhaint as innéacsanna agus marcóirí sonracha agus trí shraith rialacha a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, is féidir leis na húdaráis teacht ar chonclúid faoin incháilitheacht i limistéir dhearbhaithe.
  • Cuireann údaráis na Spáinne léiriú uathoibríoch grianghraf i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as teicnící aicmithe "Domhainfhoghlama", mar shampla algartam foraoise randamach le haghaidh aicmiú barr. Úsáideann siad freisin é chun an riosca táscach maidir le tréigean talún a mheas.
  • Cuireann arduirlisí anailíseacha chun fómhair a thuar trí bhíthin meaisínfhoghlama ar chumas na n-údarás measúnú a dhéanamh ar láithreacht na gníomhaíochta talmhaíochta agus chun iompraíocht an mhargaidh a thuar.

Foinse: CIE agus údaráis na Spáinne.

Bosca 5 — Iarracht chun bunachar sonraí éagsúla a nascadh

Chuir údaráis na hEastóine tús le clár mórshonraí talmhaíochta, arb é is aidhm dó “breisluach breise a chruthú san earnáil talmhaíochta trí uirlisí sonraíbhunaithe a sholáthar d’fheirmeoirí”. Is éard atá i gceist leis seo ná córas leictreonach (uirlis) a bhunú do mhórshonraí talmhaíochta, lenar cheart na sonraí atá ann cheana a nascadh le samhlacha anailíseacha ábhartha agus leis na feidhmchláir phraiticiúla.

D’fhéadfadh an córas mórshonraí bailiú sonraí ar fheidhmíocht agranamaíoch ar leibhéal na feirme a éascú le haghaidh anailís bheartais.

Baineadh de thátal as staidéar féidearthachta:

  • nach bhfuil gá le hathruithe forleitheadacha sa chóras dlí, ach gur cheart do na rialacháin maidir le próiseáil sonraí talmhaíochta a mhodhnú agus gur cheart creat comhchoiteann a bhunú;
  • go bhfuil sé ábhartha agus indéanta 83 % de na 41 bhunachar sonraí a ndearnadh anailís orthu a áireamh sa Chóras Mórshonraí, ach nach bhféadfaí ach 10 % de na bunachair sonraí a áireamh ann gan tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu;
  • go bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh i seirbhísí ionchasacha don Aireacht Gnóthaí Tuaithe:
  • treochtaí faireacháin san fheidhmíocht eacnamaíoch do ghabháltais talmhaíochta;
  • forléargas a thabhairt ar úsáid leasachán agus táirgí cosanta plandaí (is réamhriachtanas é leabhar allamuigh digiteach).

Amhail i mí Feabhra, ní raibh tús curtha fós le forbairt an chórais. Is é an plean atá ann ná córas leictreonach a fhorbairt, lena n-áirítear leabhar allamuigh agus b’fhéidir roinnt ríomhuirlisí eile, e.g. áireamhán cothromaíochta húmais agus moltaí maidir le cosaint plandaí.

Foinse: CIE, Clár um Aistriú Eolais Fhadtéarmaigh ar mhórshonraí a bhaineann le talmhaíocht agus údaráis na hEastóine.

Níor tugadh aghaidh ar roinnt bearnaí sonraí suntasacha fós

76 Aithníonn an Coimisiún gur príomhdhúshlán é foinsí sonraí atá ann cheana a thras-nascadh chun a áirithiú go bhfuil sonraí iomchuí ann chun CBT a mheas61. Tá sé i mbun sonraí CCRR a athúsáid agus FADN a leathnú ach níor thug sé isteach gníomhaíochtaí ar leith chun an bhearna sonraí maidir le hioncam feirmeoirí lasmuigh den fheirmeoireacht (“ioncam lasmuigh den fheirm”) a líonadh, nó chun foinsí sonraí éagsúla de shonraí dí-chomhiomlánaithe a thabhairt le chéile le luach na sonraí a bailíodh cheana féin a mhéadú.

77 Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún go bhfuil ga le haitheantóir uathúil coiteann le haghaidh gabháltais talmhaíochta (feirmeacha) lena bhféadfaí sonraí ar leibhéal na feirme a nascadh ó fhoinsí sonraí éagsúla (e.g. cláir riaracháin agus suirbhéanna)62. Bheadh ar an aitheantóir córais éagsúla na mBallstát agus struchtúir chasta feirme ina bhfuil teaglamaí agus suíomhanna éagsúla a chur san áireamh. Éilíonn sé sin sainmhíniú coiteann ar cad is feirm ann, agus tá tionchar ag sainmhíniú den sórt sin ar tháscairí airgeadais amhail ioncam feirme63. D’fhéadfadh aitheantóir uathúil cabhrú le hinrochtaineacht sonraí a mhéadú agus faisnéis níos iontaofa maidir le tionchar beartais a chur ar fáil. Amhail ó mhí Feabhra 2022, níl aon dul chun cinn déanta ar aitheantóir den sórt sin.

78 Is foinse nua agus shaibhir faisnéise iad sonraí a bhaineann le leibhéal na feirme ó chórais agus feidhmchláir bainistíochta. Is iomaí réiteach tráchtála a chuireann seirbhísí éagsúla ar fáil le haghaidh taifid dhigiteacha a choimeád, le haghaidh faireachán allamuigh agus le haghaidh rianú saothair, agus is féidir feabhas a chur ar mhórán gnéithe d'oibríochtaí na feirme leis na feidhmchláir sin (féach an sampla i mBosca 6). Níl a fhios ag an gCoimisiún cá mhéad feirmeoir a bhaineann úsáid as bogearraí bainistíochta, ach d’fhéadfadh an feachtas um Staidreamh Comhtháite Feirme64 atá beartaithe do 2023 cabhrú le heolas a chur ar fáil maidir le húsáid na gcóras faisnéise bainistíochta agus maidir le trealamh feirmeoireachta beacht.

Bosca 6 — Sampla de shonraí a bhailiú ag leibhéal na feirme

Is dea-shampla é Akkerweb san Ísiltír d’fheidhmchlár chun sonraí a bhailiú ó fheirmeacha. Tacaíonn struchtúr an ardáin le roinnt feidhmchlár agus úsáideann sé sonraí ó fheirmeacha aonair agus táirgeadh. Tá feirmeoirí in ann a roghnú cad iad na feidhmchláir is ceart a úsáid agus an deis a bheith acu é a nascadh le córais eile.

Faoi láthair, cabhraíonn Akkerweb le feirmeoirí cinntí a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis phoiblí agus ar a sonraí feirme féin. Amach anseo, tá sé beartaithe ag údaráis na hÍsiltíre comhroinnt sonraí a fheabhsú idir foinsí sonraí riaracháin phoiblí agus ardáin sonraí príobháideacha.

Foinse: CIE agus údaráis na hÍsiltíre.

79 Céim chun tosaigh a bheadh ann dá n-úsáidfí leabhar allamuigh digiteach, ina gcláraíonn feirmeoirí a ngníomhaíochtaí, chun feirmeacha a dhigiteáil agus chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar thomhailt agus ar an tionchar a mhéid a bhaineann le lotnaidicídí, leasacháin, uisce agus ithir. Is uirlis é ardán FaST (Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothathaigh) atá beartaithe ag an gCoimisiún a bhfuil ailtireacht sholúbtha aige a chuireann anailísíocht agus idir-inoibritheacht nua-aimseartha le go leor foinsí sonraí ar fáil. Cuireann FaST le roinnt foinsí sonraí, atá nasctha (foinsí beo) nó allmhairithe (foinsí statacha) ar an ardán. Chun rochtain ar a gcuid sonraí féin a chur ar fáil d’fheirmeoirí, nascann FaST le CCRR réigiúnach/náisiúnta (nó clár coibhéiseach feirme) ina bhfuil sonraí na bhfeirmeoirí stóráilte.

80 Is féidir le sonraí feirmeoireachta beaichte a bheith ina bhfoinse luachmhar sonraí65. I measc na sonraí sin, tá sonraí braiteora agus innealra faoi bhogthaise na hithreach agus faoi chothaithigh na hithreach agus sonraí a bhaineann go sonrach le suíomh faoi úsáid lotnaidicídí. Féachann tionscadal NIVA thuasluaite ar na féidearthachtaí do chlár feirme leictreonach is féidir a nascadh le CCRR. Is é is aidhm dó freisin sonraí feirmeoireachta innealra/beaichte a chomhtháthú le CCRR. Tá bacainní ag gabháil leis sin, áfach, amhail nádúr éagsúil na meaisíní feirme agus easpa caighdeánaithe.

81 D’fhéadfadh sé a bheith deacair rochtain a fháil ar shonraí aonair chun anailís a dhéanamh ar bheartais agus níl aon chreat dlíthiúil ná teicniúil ann chun faisnéis tráchtála a úsáid chun anailís a dhéanamh ar bheartais. De réir staidéir amháin66, tá drogall ar fheirmeoirí sonraí a roinnt mar gheall ar chúiseanna amhail an baol atá ann maidir le sonraí a bheith á roinnt chun críocha eile, easpa soiléireachta maidir leis an mbrí atá le "sonraí pearsanta" agus "a bheith ag seasamh in aghaidh teicneolaíochtaí ardáin sonraí nua-aimseartha". Faoi CBT 2023-2027, beidh sé de cheangal ar na seirbhísí comhairleacha feirme d'fheirmeoirí teicneolaíochtaí digiteacha a chumhdach67.

82 I bhFíor 13 thíos, déantar achoimre ar na príomhdhúshláin a bhaineann le sonraí atá roimh an gCoimisiún agus ar ár measúnú ar a mhéid a tugadh aghaidh orthu sin.

Fíor 13 — Measúnú ar a mhéid a dtugann na tionscnaimh aghaidh ar na dúshláin

Foinse: CIE.

83 Inár n-athbhreithniú ón deasc ar chleachtais inchomparáide lasmuigh den Aontas, d’fhéachamar ar trí thír nach bhfuil in AE: an Astráil, an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe. Cuireann na tíortha sin faisnéis i láthair san fhearann poiblí maidir le teicnící sonraí nua-aimseartha a chomhtháthú i dtalmhaíocht, tá roinnt dá dtionscnaimh curtha i láthair i mBosca 7.

Bosca 7 — Samplaí de chleachtais lasmuigh den Aontas

An Astráil

Déanann bunachar sonraí FLAD-BLADE68 réamhfhaisnéis ar tháirgeadh talmhaíochta ar leibhéil feirme, bunaithe ar ghnáthdhálaí aeráide (e.g. titim báistí agus teocht), praghsanna tráchtearraí agus saintréithe feirme (e.g. suíomh agus méid). Féadann an bunachar sonraí faisnéis ar an leibhéal feirme a ghiniúint maidir le táirgeadh agus forthorthaí airgeadais do bheagnach gach fheirm san Astráil69.

Ina theannta sin, tá Eagraíocht Taighde Eolaíoch agus Tionsclaíoch an Chomhlathais san Astráile tar éis scrúdú a dhéanamh ar úsáid na ríomhaireachta rúnaicmithe chun rochtain a fheabhsú ar shonraí ar an leibhéal feirme le haghaidh beartais nó taighde, agus rúndacht agus slándáil sonraí á gcoimeád ag an am céanna. Cumasaíonn ríomhaireacht rúnaicmithe modh nua atá ar bheagán frithchuimilte le haghaigh nascaire taiscéalaíoch agus anailís ar fhoinsí sonraí. D’fhéadfadh an cur chuige sin aimsiú naisc nua idir fhoinsí sonraí a chumasú, agus rúndacht sonraí á coimeád ag an am céanna70.

An tSeapáin

Tá Ardán Comhair do Shonraí Talmhaíochta (WAGRI) curtha ar bun ag údaráis na Seapáine71. Comhordaíonn, roinneann agus cuireann an t-ardán sonraí ar fáil a bhaineann le talmhaíocht. Áirítear ann sonraí poiblí, amhail suíomh agus méid na talún talmhaíochta, agus faisnéis mheitéireolaíochta. Áirítear i bpleananna forbartha don todhchaí sonraí atá ag feirmeoirí, monaróirí innealra talmhaíochta, díoltóirí ICT agus daoine eile a comhtháthú, agus mórshonraí a úsáid chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as táirgeadh agus bainistíocht talmhaíochta.

SAM

Is feidhmchlár geospásúil gréasánbhunaithe é Crop-CASMA (Anailísíocht ar Dhálaí Barr agus Taise Ithreach) lenar féidir sonraí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar dhálaí fhásra na mbarr agus ar dhálaí taise ithreach in SAM72.

Conclúidí agus moltaí

84 Scrúdaíomar an mbaineann an Coimisiún úsáid mhaith as sonraí agus anailísíocht sonraí chun anailís a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Tá an-chuid cuspóirí casta, idirghaolmhara ag CBT. Tá gá le sonraí agus faisnéis ó réimse foinsí, idir inmheánach agus sheachtrach, chun a chinneadh an bhfuil na hionstraimí beartais ábhartha agus an dtugann siad aghaidh go héifeachtúil ar na cuspóirí sin.

85 Fuaireamar amach, cé go bhfuil an Coimisiún ag baint úsáid as méid suntasach sonraí ar ghnéithe eacnamaíocha, comhshaoil, aeráide agus sóisialta, i roinnt réimsí ní chuireann na sonraí agus na huirlisí atá faoi láthair ann gnéithe suntasacha ar leith den fhaisnéis ar fáil atá ag teastáil do cheapadh beartais eolasach (míreanna 16-53). Tá roinnt tionscnamh glactha ag an gCoimisiún freisin chun úsáid níos fearr a bhaint as na sonraí atá cheana ann (míreanna 57-69), ach anuas ar mhoilleanna ar an bhfáil ar shonraí (mír 41), tá bacainní fós ann (míreanna 76-81).

86 Is iad seo a leanas na príomhbhacainní sonraí, de réir chéimeanna an bhailithe agus na próiseála sonraí:

  • sonraí gan bheith á mbailiú: mar shampla, maidir le hionchur feirme (e.g. cainníocht na lotnaidicídí ceimiceacha agus neamhcheimiceacha a úsáidtear, cainníocht na leasachán mianrach/orgánach a úsáidtear agus i leith cad iad na barra), agus cleachtais feirmeoireachta le tionchar ar an gcomhshaol (féach Tábla 3, míreanna 42-45);
  • sonraí gan a bheith inrochtaine: tá faisnéis ar an leibhéil feirme faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht na mBallstáit, agus stóráiltear í i gCórais Chomhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) áitiúla na mBallstát, a bhfuil rochtain theoranta ag an gCoimisiún orthu (féach míreanna 27-29);
  • comhtháthú iomarcach: is sonraí comhiomlánaithe den chuid is mó a fhaigheann an Coimisiún ó na Ballstáit, rud a chuireann teorainn lena chumas luach a bhaint astu (féach Tábla 2, mír 47);
  • srianta ar fhoinsí sonraí a chomhcheangal, e.g. mar gheall ar easpa comhaitheantóra (féach mír 24).

87 Mar thoradh air sin, tá eolas srianta ag an gCoimisiún ar an mbunlíne nó a tionchar beartais i réimsí amhail ioncaim feirmeoirí lasmuigh den fheirm, faisnéis/cleachtais chomhshaoil, agus forbairt shocheacnamaíoch. Déanann na bearnaí sin sna sonraí difear do chaighdeán na fianaise i roinnt meastóireachtaí (féach míreanna 39-47) agus bíonn tionchar acu ar mheasúnuithe (féach míreanna 48-53).

Moladh 1 — Creat a bhunú le haghaigh úsáid sonraí imdhealaithe ó CCRR

Ba cheart don Choimisiún creat teicniúil agus riaracháin a bhunú chun sonraí comhiomlánaithe ó CCRR (sa bhreis orthu sin atá ag teastáil do thuarascálacha feidhmíochta bliantúla) a roinnt agus a athúsáid d’fhonn faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartas agus, i ndeireadh na dála, beartas a cheapadh. Ba cheart don mhéid sin urraim a thabhairt do phrionsabail na héifeachtúlachta, agus ar an gcaoi sin an t-ualach agus na costais riaracháin ar thairbhithe agus ar údaráis na mBallstát a íoslaghdú.

Tráthchlár: 2024

Moladh 2 — Úsáid níos mó a bhaint as foinsí sonraí agus iad a fhorbairt chun riachtanais bheartais a chomhlíonadh

Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sonraí a sainaithníodh i meastóireachtaí ar CBT 2014-2020 agus sa mheasúnú tionchair ar CBT i ndiaidh 2020 trí na bearta seo a leanas a dhéanamh:

  1. úsáid níos mó a bhaint as na foinsí sonraí atá ann cheana (e.g. sonraí riaracháin agus suirbhéanna staidrimh, agus sonraí Copernicus), féachaint ar fhoinsí sonraí nua, nó cinn atá ann cheana a chomhcheangal;
  2. scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann chun seachfhreastalaithe nó foinsí sonraí indíreacha a úsáid i gcás nach bhfuil úsáid foinsí díreacha indéanta chun measúnú a dhéanamh ar príomhtháscairí nó gnéithe; agus
  3. measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht chun úsáid sonraí innealra feirme a uas-scálú.

Tráthchlár: 2025

88 Ag an gCoimisiún, tá comhaontú ag Ardstiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir le hanailís sonraí agus féachaint ar bhealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as sonraí atá ann cheana. Bunaithe ar an gcomhaontú sin, úsáideann an Coimisiún anailís chainníochtúil sárfhorbartha agus samhlacha sárfhorbartha le haghaidh anailís ar bheartas CBT. Ní úsáideann Ardstiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe teicnící mórshonraí, áfach, le haghaidh anailís théacsúil, mianadóireacht téacsanna nó asbhaint uathoibrithe ann féin. D’fhéadfadh tairbhí a bheith i gceist le huirlisí uathoibrithe a chur in ionad nósanna imeachta láimhe agus am-íditheacha (féach míreanna 19, 25 agus Bosca 2).

89 Ar fud an Aontais, tá roinnt tionscnamh ann, a chistíonn an tAontas uaireannta faoi Fhís 2020 nó cláir eile, a bhreathnaíonn ar na féidearthachtaí atá ann chun sonraí agus uirlisí TF a nuachóiriú chun CBT a cheapadh agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air. Tá inseachadáin i réimse na hidir-inoibritheachta agus táscairí nua agus níos cuimsithí táirgthe ag cuid de na tionscnaimh sin cheana féin. Tá na tionscnaimh ag céimeanna éagsúla, agus d’fhéadfadh sé go bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar shaincheisteanna comhchosúla ó dhearcaí éagsúla (míreanna 70-75). Níl na gnéithe a d’fhéadfaí a chur i gcleachtas le haghaigh CBT sainaitheanta ag an gCoimisiún go fóill.

90 Mar sin, tá scóip shuntasach ann don Choimisiún chun anailísíocht chostéifeachtach ardleibhéil agus uirlisí gaolmhara agus/nó réitigh TF eile le haghaidh próiseáil faisnéise uathoibrithe a ionchorprú sna córais TF atá cheana ann (e.g. nósanna imeachta nua a chur in ionad nósanna imeachta láimhe nó neamh-inatáirgthe) agus úsáid níos fearr a bhaint as sócmhainní sonraí (e.g. aschuir próiseála sonraí a mhéadú) le haghaidh anailís ar bheartas.

Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an tuarascáil seo i Lucsamburg an 18 Bealtaine 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán

Iarscríbhinn – Gníomhaíochtaí agus uaillmhianta roghnaithe bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún

- críochnaithe - ró luath chun measúnú a dhéanamh nó moill níos lú ná bliain - moill de níos mó ná bliain

Topaic/ dúshlán Foinse Uaillmhian/
gníomhaíocht
Cuspóir Sprioc Céim sa chur chun feidhme Na céad céimeanna eile, lena n-áirítear amchlár
Nuachóiriú ar staidreamh talmhaíochta Eorpach Straitéis le haghaidh staidreamh talmhaíochta do 2020 agus ina dhiaidh sin Tiocfaidh an creatrialachán nua um Staidreamh Comhtháite Feirme i bhfeidhm in 2018 ar a dhéanaí. A áirithiú go leantar de shraith suirbhéanna na hEorpa maidir le struchtúr feirme, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbíonn amshraith chomhleanúnach ann, agus riachtanais nua agus riachtanais atá ag teacht chun cinn maidir le sonraí ar leibhéil feirme a chomhlíonadh ag an am céanna. 2018 Tháinig Rialachán (AE) 2018/1091 i bhfeidhm i mí Lúnasa 2018. Rinneadh móráireamh feirme in 2020 agus beidh an chéad bhailiúchán sonraí eile ann in 2023.
Creatrialachán maidir le Staidreamh ar Ionchur/Aschur Talmhaíochta (SAIO) a bheith curtha ar bun faoi 2022. Staidreamh a chomhchuibhiú agus a chomhtháthú ar bhealach níos fearr in ionchuir sa talmhaíocht agus in aschuir ón talmhaíocht (e.g. barra agus ainmhithe, lotnaidicídí, cothaithigh, praghsanna talmhaíochta); riachtanais sonraí nua a chur san áireamh; sonraí bailithe a bheith sa riocht go mbeidh sé níos éasca iad a chur i gcomparáid le chéile. 2022 Ghlac an Coimisiún togra (COM(2021) 37) i mí Feabhra 2021, atá á chur tríd an bpróiseas reachtach faoi láthair. Seolfaidh an Coimisiún nósanna imeachta reachtacha le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe faoin gcreatrialachán.
Nósanna imeachta reachtacha a sheoladh le haghaidh gníomhartha tarmligthe/cur chun feidhme ar chreatrialachán SAIO. Tacair sonraí a shainiú le haghaidh SAIO. 2021 Tá glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme indéanta tar éis do na chomhreachtóirí an príomhghníomh reachtach a ghlacadh. Nuair a mheastar a bheidh an príomhghníomh reachtach glactha: 2022. Is é 2022-2023 an tráthchlár reatha le haghaidh glacadh na rialachán cur chun feidhme.
Rialachán Leasaitheach Uimh. 138/2004 maidir le Cuntais Eacnamaíocha na Talmhaíochta Cuntais eacnamaíocha réigiúnacha a chur san áireamh (NUTS 2). 2021 Thángthas ar chomhaontú, ach níl sé glactha go fóill  
Teicneolaíochtaí le haghaidh anailísíocht sonraí Teachtaireacht: Plean Comhordaithe um Intleacht Shaorga (COM(2018) 795)

agus athbhreithniú 2021 (COM(2021) 205)
Féachann an Coimisiún agus na Ballstáit le láithreacha tástála agus turgnaimh ceannródaíocha domhanda a bhunú ar fud na hEorpa le haghaidh táirgí agus seirbhísí atá cumhachtaithe ag an Intleacht Shaorga. Chun an tairbhe is fearr a bhaint as infheistíocht agus chun dúbailt ar iarrachtaí coimhlinteacha a sheachaint, ba cheart líon teoranta láithreacha tagartha speisialaithe Intleachta Saorga ar mhórscála a fhorbairt agus a oscailt do na geallsealbhóirí go léir ar fud na hEorpa. 2020 Tá an tSaoráid Tástála agus Turgnamhaíochta Intleachta Saorga le haghaidh Agrai-Bhia san áireamh i gClár Oibre do 2021-2020 de chuid an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Seoladh an glao in R1 2022.

(Nóta: tá moill ghinearálta ann maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach a chur chun feidhme)
 
Comhroinnt sonraí/sonraí a dhéanamh oscailte Teachtaireacht: Straitéis na hEorpa maidir le sonraí (COM/2020/66) Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar an taithí atá faighte leis an gcód iompair do gheallsealbhóirí maidir le comhroinnt sonraí talmhaíochta trí chomhaontú conarthach, agus freisin bunaithe ar an margadh atá faoi láthair ann do réitigh dhigiteacha feirme agus a gceanglas i dtaca le hinfhaighteacht agus úsáid sonraí. Réamhbhearta do spás sonraí talmhaíochta. R3/R4 2020 Níor comhlíonadh an sprioc-am. Tá an comhlacht a dhéanfaidh an méid sin fós le cur ar bun.

Seoladh an glao ar Ghníomhaíocht Chomhordaithe agus Tacaíochta (an “réamhbheart”) ag deireadh 2021 agus cuirfear deireadh leis i mí Feabhra 2022. Meastar go dtarlóidh an mheastóireacht iardain ar thograí, cur amach ar conradh agus seoladh an tionscadail i rith 2022.

(Nóta: tá moill ghinearálta ann maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach a chur chun feidhme)
Beidh torthaí na Gníomhaíochta Comhordaithe agus Tacaíochta mar bhonn eolais do leathadh amach na gníomhaíochta cur chun feidhme atá maoinithe go hiardain faoin dara clár oibre den Chlár don Eoraip Dhigiteach.
Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar na spásanna sonraí talmhaíochta atá in úsáid faoi láthair, lena n-áirítear iad siúd a mhaoinítear faoin gclár Fís 2020, i gcomhchomhairle le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí sna Ballstáit agus déanfaidh sé cinneadh ansin maidir le cur chuige an Aontais. Réamhbhearta don spás sonraí talmhaíochta. R4 2020/ R1 2021 Níor comhlíonadh an sprioc-am. Tá an comhlacht a dhéanfaidh an méid sin fós le cur ar bun.

(Nóta: tá moill ghinearálta ann maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach a chur chun feidhme)
Beidh torthaí na Gníomhaíochta Comhordaithe agus Tacaíochta mar bhonn eolais do leathadh amach na gníomhaíochta cur chun feidhme atá maoinithe go hiardain faoin dara clár oibre den Chlár don Eoraip Dhigiteach.
Tús a chur le nós imeachta chun an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le tacair sonraí ardluacha. Príomhthacair sonraí tagartha san earnáil phoiblí a oscailt suas don nuálaíocht agus iad a chur ar fáil ar fud an Aontais saor in aisce, i bhformáid meaisín-inléite agus trí Chomhéadain Feidhmchláir (APInna) chaighdeánaithe. R1 2021 Amhail ó mhí Feabhra 2020, tá plé fós á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an dréachtghníomh Comhairliúchán poiblí in 2022
Athbhreithniú 2021 ar an bPlean Comhordaithe um Intleacht Shaorga Spás sonraí talmhaíochta a chur ar bun. Inbhuanaitheacht, feidhmíocht agus iomaíochas na hearnála talmhaíochta a fheabhsú trí tháirgeadh agus sonraí eile a phróiseáil agus anailís a dhéanamh orthu, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí cuir chuige táirgthe ar leibhéal feirme a chur i bhfeidhm go beacht agus ar bhealach sainoiriúnaithe. 2024 Tá sé róluath chun measúnú a dhéanamh.  
An ilroinnt agus an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú Teachtaireacht: Fís fhad-téarmach do Limistéir Thuaithe an Aontais - I dtreo limistéir thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040 (COM(2021) 345) Bailiú sonraí agus anailís ar limistéir thuaithe a fheabhsú tuilleadh 2022 Tá sé róluath chun measúnú a dhéanamh.

Cruthófar an fhaireachlann faoin Lárionad Eolais um Beartais Chríochacha.
Tá na chéad phainéil ionstraimí den ardán sonraí tuaithe sceidealaithe go sealadach do dheireadh 2022.
Úsáid sonraí leordhóthanacha le haghaigh anailís bheartais Anailís ar naisc idir Athchóiriú CBT agus an Comhaontú Glas don Eoraip (SWD(2020) 93) Molfaidh an Coimisiún reachtaíocht chun an FADN a thiontú isteach sa Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme. Freisin, sonraí a bhailiú maidir le cuspóirí “Ón bhfeirm go dtí an forc” agus táscairí inbhuanaitheacha eile, i gcomhréir iomlán leis na rialacha cosanta sonraí. Níl aon sprioc-am ar leith ann Níl aon sprioc-am ar leith ann. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh in R2 de 2022.  
Measúnú tionchair a ghabhann leis na tograí reachtacha do CBT i ndiaidh 2020 (SWD(2018) 301) Ba cheart foinsí nua sonraí amhail faireachán satailíte (Copernicus), réitigh mórshonraí, agus comhar le soláthraithe sonraí áirithe a úsáid ar bhealach níos fearr. An t-ualach ar fheirmeoirí agus riaracháin a laghdú, agus an bunús fianaise beartais a fheabhsú ag an am céanna. Níl aon sprioc-am ar leith ann Tabharfar an Córas Faireacháin Limistéir (AMS) isteach sa CBT i ndiaidh 2020. Bainfidh AMS úsáid as sonraí Copernicus Sentinel agus foinsí sonraí eile den luach céanna ar a laghad, amhail grianghraif gheo-chlibeáilte, íomhánna ortachoigeartaithe agus/nó íomhánna ardtaifigh spásúla. Neamhbhainteach – próiseas leanúnach gan deireadh sonraithe.
Faisnéis agus bainistíocht in AS AGRI Clár Oibre Bainistíochta Sonraí AS AGRI 2021-2022 Cur chun feidhme prionsabal rialaithe sonraí corparáideacha le haghaidh príomhshócmhainní sonraí AS AGRI. Straitéis sonraí corparáideacha a chur chun feidhme. Eanáir 2021 – Nollaig 2024 Tá sé róluath chun measúnú a dhéanamh. Tá an mheastóireacht ar bheartais sonraí ISAMM tugtha i gcrích. Tá an mheastóireacht le haghaidh córas AGRIVIEW tosaithe, agus déanfar meastóireacht ar FADN ina dhiaidh sin.
Scaipeadh sonraí AS AGRI a leathnú tríd an tairseach sonraí Agrai-Bhia.   Eanáir 2021 – Nollaig 2022 Tá sé róluath chun measúnú a dhéanamh.

Tá plean ilbhliantúil ag AS AGRI don tairseach.
 
Comhroinnt agus anailísíocht sonraí in AS AGRI a chur chun cinn agus a chumasú:
  • Tairseach/painéal ionstraimí eolais do shonraí tíre
  • Painéil ionstraimí théamacha
Comhroinnt sonraí a chur chun cinn agus a chumasú Márta 2021 – Nollaig 2022 Tá sé róluath chun measúnú a dhéanamh.

Tá sonraí tíre foilsithe mar bhileoga eolais anailíseacha.
 

R = ráithe

Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid ón gCoimisiún agus agallaimh.

Acrainmneacha agus giorrúcháin

AMS: Córas Faireacháin Limistéir

ATLAS: Córas Idir-inoibritheachta agus Anailíse Talmhaíochta

CATS: Córas na Rianta Iniúchóireachta d’Imréiteach na gCuntas

CBC: Córas Bainistíochta Ciste

CCRR: Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe

CROP-CASMA: Anailísíocht ar Dhálaí na mBarr agus Taise Ithreach

FADN: An Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme

FaST: Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothathaigh

FSDN: An Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme

GSAA: Iarratas Geospásúil

IFM-CAP Samhail Feirme Aonair don Comhbheartas talmhaíochta

IFS: Staidreamh Comhtháite Feirme

ISAMM: Córas Faisnéise do Bhainistíocht Margaí Talmhaíochta

LPIS: An Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún

LUCAS: Suirbhé Staidrimh Fráma Limistéir ar Chumhdach/Úsáid Talún

MEF4CAP: Creataí Faireacháin agus Meastóireachta don Chomhbheartas Talmhaíochta

NIVA: Fís Nua CCRR i mbun Gníomhaíochta

SAIO: Staidreamh ar Ionchur agus Aschur Talmhaíochta

SEN4CAP: Fairtheoirí don Chomhbheartas Talmhaíochta

Gluais

Anailís sonraí: An próiseas trína mbailítear, trína samhaltaítear agus trína scrúdaítear sonraí chun léargas a bhaint astu a thacaíonn leis an gcinnteoireacht.

Anailísíocht sonraí: An eolaíocht trína ndéantar anailís ar shonraí le húsáid modhanna córasacha ríomhaireachtúla chun léargais a tháirgeadh.

Ardanailísíocht: Úsáid modhanna ardteicneolaíochta amhail samhaltú réamhfháistineach agus meaisínfhoghlaim chun anailís a dhéanamh ar mhórshonraí.

Athúsáideacht sonraí: An éascaíocht a bhaineann le sonraí a bailíodh chun críche áirithe a úsáid chun críche eile.

Bearna sonraí: Sonraí de chineál ar bith atá ag teastáil chun críche ar leith ach nach bhfuil ar fáil.

Bunachar sonraí: Tacar struchtúrtha sonraí atá stóráilte go leictreonach agus atá ar fáil chun iad a cheadú agus a asbhaint.

Domhainfhoghlaim: Teicníc intleachta saorga trína gcuirtear oiliúint ar chóras bogearraí trí úsáid a bhaint as na milliúin samplaí.

Idir-inoibritheacht: Cumas atá ag córas cumarsáid a dhéanamh le córais eile agus oibriú leo, lena n-áirítear trí mhalartú sonraí.

Mórshonraí: Tacair sonraí de luach, treoluach agus cineál méadaitheach. Is minic a bhíonn mórshonraí neamhstruchtúrtha den chuid is mó.

Sócmhainn sonraí: An córas, feidhmchlár nó bunachar sonraí TF atá faoi úinéireacht eintitis.

Sonraí neamhstruchtúrtha: Faisnéis atá stóráilte ina bunfhormáid gan catagóiriú ná eagrú réamhshainithe, rud a thugann gur minic a bhíonn sé níos casta anailís a dhéanamh uirthi. Is féidir idir fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a áireamh inti, amhail íomhánna, téacsanna, dátaí, ríomhphoist, nó uimhreacha.

Sonraí spásúla: Sonraí a thagraíonn do shuíomh nó limistéar geografach sonrach agus a ghnéithe nádúrtha nó tógtha.

Sonraí struchtúrtha: Faisnéis chaighdeánaithe chainníochtúil a leanann struchtúr sonraí réamhshainithe, rud a thugann go bhfuil sé éasca anailís a dhéanamh uirthi.

Sonraí: Fíorais, tomhais nó breathnuithe nithiúla agus oibiachtúla nach mór iad a phróiseáil chun faisnéis a ghiniúint.

Suirbhé Fráma Limistéir ar Chumhdach/Úsáid talún (LUCAS): Suirbhé rialta, comhchuibhithe a dhéantar ar an bhfód ar fud Bhallstáit an Aontais chun faisnéis a bhailiú ar an gcaoi a n-úsáidtear talamh agus cad atá á bhfás ann, lena n-áirítear anailís ar an bhfo-ithir.

Foireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na tascanna iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta I — Úsáid Inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Liia Laanes (Ceann Cúraim), Dimitrios Maniopoulos (Leas-Cheann Cúraim), Ildikó Preiss (Ceann na hOifige Príobháidí), Paolo Pesce agus Charlotta Törneling (Ataiséanna na hOifige Príobháidí), Emmanuel Rauch (Príomhbhainisteoir), Claudia Albanese (Iniúchóir agus eolaí sonraí), Marika Meisenzahl (Iniúchóir agus dearadh grafach), agus Michał Szwed (Iniúchóir). Thug Alexandra-Elena Mazilu agus tacaíocht ghrafach. Thug Mark Smith tacaíocht teanga.

Críochnótaí

1 Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2 An Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr, 2021, lch. 20.

3 Höchtl, J., Parycek, P. & Schöllhammer, R., “Big data in the policy cycle: Policy decision making in the digital era”, Journal of Organizational Computing and Electronic Commerce, 2016, 26(1-2), lch. 147-169.

4 ECFE: Deiseanna Digiteacha le haghaidh Beartais Talmhaíochta níos Fearr, 2019, OECD Publishing, lch. 13.

5 C(2016) 6626, Teachtaireacht dar teideal “Bainistiú Sonraí, Faisnéise agus Eolais ag an gCoimisiún”.

6 COM(2020) 66.

7 COM(2020) 767.

8 Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

9 An Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fear, lch. 20.

10 Meabhrán Míniúcháin COM(2016) 786.

11 Airteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

12 Airteagail 67-78 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

13 Tuairisciú, faireachán agus iniúchadh Eorpach a dhigitiú, EPRS. Meán Fómhair 2021.

14 Treochlár NIVA le haghaidh claochlú CCRR, lch. 24.

15 Inseachadáin ó thionscadail NIVA agus IoF2020, doiciméid de chuid thionscadail ATLAS agus DEMETER; Tuairisciú, faireachán agus iniúchadh Eorpach a dhigitiú, EPRS. Meán Fómhair 2021.

16 Tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí AS AGRI, Iarscríbhinn 2, lch. 25.

17 Tuarascáil speisialta 04/2020: Teicneolaíochtaí nua íomháithe a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta – Dul chun cinn seasta ar an iomlán, ach níos moille i gcás faireachán a dhéanamh ar an aeráid agus ar an gcomhshaol.

18 Ibid., moladh 2.

19 Rialachán Uimh. 79/65/CEE ón gComhairle.

20 An Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme.

21 Deasc Chabhrach don Mheastóireacht, “An leas is fearr a bhaint as FADN chun Measúnú a dhéanamh ar Éifeachtaí RDP ar an Iomaíochas sa Talmhaíocht a Chothú”, 2021, lch. 9.

22 An Coimisiún, Forbhreathnú ar Eacnamaíocht Feirme AE bunaithe ar shonraí FADN 2015 (agus 2016), 2018, lch. 5.

23 Treoirlínte um Rialáil níos Fearr, lch. 6 agus 26.

24 An Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fear, lch. 572.

25 Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

26 Treoirlínte um Rialáil Níos Fear, lch. 45.

27 Le haghaidh forbairt tuaithe, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014.

28 An Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fear, Caibidil VIII – Uirlis 68.

29 SWD(2021) 115, lch 20.

30 Dumangane, M. et al., Meastachán ar thionchar CBT: anailís ar mheascán beart discréideach, 2021.

31 Staidéar tacaíochta meastóireachta ar "tháirgeadh inmharthana bia", lch. 30-32.

32 Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

33 Tuarascáil speisialta 13/2020: Bithéagsúlacht ar thalamh feirme — Níor chuir rannchuidiú CBT stop leis an meath, míreanna 48-50.

34 Meastóireacht ar thionchar CBT ar ghnáthóga, tírdhreacha agus bithéagsúlacht, Achoimre feidhmiúcháin,, 2019.

35 Tuarascáil speisialta 05/2020: Úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí – Dul chun cinn teoranta maidir le rioscaí a thomhas agus a laghdú.

36 Ibid.

37 Meastóireacht ar thionchar CBT ar fhorbairt chríochach i gceantair thuaithe.

38 SWD(2021) 394.

39 Staidéar tacaíochta meastóireachta ar thionchar CBT ar fhorbairt chríochach i gceantair thuaithe, 2020.

40 Staidéar tacaíochta meastóireachta ar thionchar CBT ar fhorbairt chríochach i gceantair thuaithe, 2020.

41 SWD(2021) 394 agus Meastóireacht staidéar tacaíochta ar thionchar CBT ar fhorbairt chríochach i ceantair thuaithe: gnéithe socheacnamaíocha; Tuarascáil speisialta 10/2021: Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE – Ní mór dúinn anois beart a dhéanamh, mír 90.

42 Treoirlínte um Rialáil Níos Fear, lch. 10.

43 SWD(2018) 301.

44 Tuairim 07/2018, mír 2.

45 Tuarascáil speisialta 10/2021: Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE – Ní mór dúinn anois beart a dhéanamh, míreanna 89 agus 90.

46 Tuarascáil speisialta 10/2018: Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí d’fheirmeoirí – Ar an mbóthar ceart ó thaobh oibríochta de, ach tionchar teoranta ar shimpliú, spriocdhíriú agus cóineasú na leibhéal cabhrach, moladh 3.

47 Hill, B. & Dylan Bradley, B. (2015), “Comparáid idir ioncaim feirmeoirí i mBallstáit an Aontais”. Staidéar a ullmhaíodh do Pharlaimint na hEorpa.

48 Tacar sonraí ar ghníomhaíochtaí sochracha eile (ef_oga_main).

49 Hansen, H. Agus Forstner, B (2021), “Léargas difreáilte ar staid eacnamaíoch fheirmeoirí na Gearmáine”, cur i láthair ag 27ú cruinniú de Líonra ECFE d’Anailís Feirme.

50 SWD(2018) 301, lch. 51.

51 An Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr, lch. 363.

52 SWD(2017) 96 — Meastóireacht a ghabhann leis an doiciméad “An Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin agus cásanna reachtacha ionchais ina dhiaidh sin”.

53 COM(2020) 66.

54 C(2021) 7914, Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le maoiniú an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus glacadh an chláir oibre ilbhliantúil do 2021-2022, lch. 54.

55 Cód Iompair AE maidir le sonraí talmhaíochta a chomhroinnt trí chomhaontú conarthach.

56 COM(2020) 381.

57 Treochlár: FADN a athrú go Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (FSDN).

58 Poppe, K., Vrolijk, H., Dolman, M , agus Silvis, H., 2016, FLINT – Táscairí ar Leibhéal na Feirme le haghaidh Topaicí Nua i meastóireacht beartais: réamhrá. Staidéir in Eacnamaíocht Talmhaíochta, 118, lch. 116-122.

59 Achoimre ar an tuarascáil chríochnaitheach maidir le tionscadal FLINT.

60 Treochlár: FADN a athrú go Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (FSDN).

61 SWD(2018) 301, Cuid I, lch 51.

62 Féach, mar shampla, Stráitéis le haghaidh staidreamh talmhaíochta do 2020 agus ina dhiaidh sin, lch. 8, 12 agus 16-17.

63 Poppe, K. J agus Vrolijk, H.C.J. (2019), Conas ioncam feirme a thomhas i ré na bhfeirmeacha casta, Páipéar a ullmhaíodh do chur i láthair ag 171ú seimineár EAAE.

64 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2286 ón gCoimisiún.

65 Punt, T. agus Snijkers, G, Sonraí feirmeoireachta beaichte a iniúchadh: foinse nua sonraí atá luachmhar? An chéad treoraíocht, 2020. Páipéar a cuireadh i láthair ag Ceardlann UNECE 2019 ar Bhailiú Sonraí Staidrimh dar teideal "Foinsí nua agus teicneolaíochtaí nua".

66 Idirlíon Bia agus Feirme 2020: Moltaí Beartais ó IoF2020.

67 Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2115.

68 Tionscnamh Comhtháthaithe Sonraí Talmhaíochta.

69 Hughes, N. et al. (2020), An Tionscnamh Comhtháthaithe Sonraí Talmhaíochta, tuarascáil taighde ABARES, Canberra.

70 Deiseanna Digiteacha le haghaidh Beartais Talmhaíochta níos Fearr, 2019, ECFE.

71 Suíomh gréasáin WAGRI.

72 Treoir d’úsáideoirí Crop-CASMA.

Déan teagmháil le

Cúirt Inúchóirí na hEorpa
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Idirlíon: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-8281-9 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/898983 QJ-AB-22-014-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-8253-6 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/451869 QJ-AB-22-014-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

Fíoracha 1, 4, 8, 11: Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

Lógónna Fíor 12: Gach ceart ar cosaint.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh, laistigh den fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.