2023 Iniúchadh AE i mbeagán focal

Léiriú ar thuarascálacha bliantúla 2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Focal i dtaobh ‘Iniúchadh AE 2023 i mbeagán focal’
Tugann ‘Iniúchadh AE 2023 i mbeagán focal’ forléargas ar thuarascálacha bliantúla 2023 uainn maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta, ina ndéanaimid ár ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a chur i láthair. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clúdaithe freisin againn san obair a rinneamar, agus tá tuairim ar leithligh tugtha againn ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a ghabhann leis an tSaoráid sin. In ‘Iniúchadh AE i mbeagán focal’, tugtar cuntas freisin ar na príomhfhionnachtana atá againn maidir leis an ioncam agus maidir leis na príomhréimsí caiteachais faoi bhuiséad an Aontais agus faoin gCiste Eorpach Forbraíochta, chomh maith le fionnachtana a bhaineann le bainistiú buiséadach agus airgeadais.

Tá téacs iomlán na dtuarascálacha le fáil ag eca.europa.eu.

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais. Tugaimid rabhadh i dtaobh rioscaí, soláthraímid dearbhú iniúchóireachta, tarraingímid aird ar easnaimh agus dea-chleachtais, agus tugaimid treoraíocht do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais ó thaobh feabhas a chur ar bhainistiú bheartais agus chláir an Aontais. Tríd an obair a dhéanaimid, déanaimid deimhin de go mbíonn a fhios ag saoránaigh na hEorpa cén chaoi a bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF

Intreoir ón Uachtarán

Agus muid ag teannadh le lárphointe Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021‑2027 an Aontais Eorpaigh, tá an tAontas tar éis teacht trí roinnt blianta mórathraitheacha inar tharla dúshláin nach raibh ann riamh roimhe seo agus arbh éigean freagairt dóibh sin ar bhealach suntasach ó thaobh beartais agus cistithe de. Cuireann sé sin béim ar an tábhacht mhór atá le bainistiú stóinseach airgeadais agus le formhaoirseacht ag gach leibhéal den Aontas. Trína cuid oibre, rannchuidíonn an Chúirt Iniúchóirí le feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais agus ar éifeachtacht bheartais an Aontais. Is uirlis lárnach í ár dtuarascáil bhliantúil chun na spriocanna sin a bhaint amach.

Tá tuairim ghlan á heisiúint againn i ndáil le beachtas chuntais 2023, agus táimid tagtha ar an gconclúid gur léiriú cruinn iad ar staid airgeadais an Aontais. Arís eile, faightear inár dTuarascáil Bhliantúil go raibh ioncam an Aontais saor ó aon earráid ábharthach.

Den tríú bliain as a chéile, cuirimid dhá thuairim ar leithligh ar fáil faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais do bhliain airgeadais 2023: ceann ar bhuiséad traidisiúnta an Aontais agus ceann eile ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Ag tosú le buiséad traidisiúnta an Aontais (nó an CAI), is é ár meastachán ná go bhfuil an leibhéal earráide i gcaiteachas bhuiséad an Aontais méadaithe go dtí 5.6 % (2022: 4.2 %). Dá bhrí sin, tá tuairim neamhfhabhrach á heisiúint againn maidir le caiteachas bhuiséad an Aontais.

Tá earráidí suntasacha i gcónaí in ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, ag sroicheadh 9.3 % (2022: 6.4 %, 2021: 3.6 %) agus in ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ atá ag 3.3 % (2022: 2.7 %). Tá earráidí in ‘Acmhainní Nádúrtha’ fós ag 2.2 % (2022: 2.2 %). Is iad na cineálacha earráide is coitianta atá i gcónaí ann ná na hearráidí sin atá nasctha le tionscadail neamh-incháilithe, costais agus an próiseas soláthair phoiblí.

Is ábhar imní é an méadú suntasach ar an leibhéal earráide measta do bhuiséad an Aontais, a tharla den chuid is mó mar gheall ar earráidí a fuarthas sa chaiteachas faoi ‘Comhtháthú’ (é ag méadú 45 % ó bhliain go bliain). Is minic le buaiceanna den sórt sin tarlú sna tréimhsí a bhaineann le dúnadh CAI, nuair a mhéadaíonn an brú chun cistí a chaitheamh agus fágann sé sin go gcuirtear straidhn ar acmhainní riaracháin agus go méadaíonn an riosca go dtarlódh earráid. An brú sin ar acmhainní riaracháin, is déine a éiríonn sé nuair a bhíonn cistí éagsúla ón Aontas, agus cistí Eorpacha atá in iomaíocht le chéile, lena n-áirítear RRF, á n-ionsú ag an am céanna.

Faoi dheireadh 2023, ina thríú bliain dá chur chun feidhme, bhí isteach agus amach le 40 % (33 % nuair a chuirtear réamh-mhaoiniú as an áireamh) de na cistí deontais a bhí leithdháilte faoi RRF íoctha amach. In 2023, is é €53.6 billiún ar an iomlán a bhí i gcaiteachas RRF. Chlúdaigh ár n-iniúchadh gach ceann de na 23 íocaíocht deontais a rinneadh le 17 mBallstát, a raibh €46.3 billiún ag gabháil leis sin, chomh maith le himréiteach an réamh-mhaoinithe, a raibh €7.3 ar an iomlán i gceist leis sin.

Tá ár measúnú ar na hiarrataí le haghaidh íocaíochta faoi RRF bunaithe ar na coinníollacha íocaíochta atá leagtha amach i Rialachán RRF, agus is iad sin ná go gcaithfidh garspriocanna agus spriocanna a bheith bainte amach go sásúil ar dtús agus gur cheart go mbeidís ag comhlíonadh na bpríomhchoinníollacha eile don incháilitheacht. Bunaithe ar ár measúnú ar na hiarrataí le haghaidh íocaíochta agus ar fhionnachtana cáilíochtúla, amhail cásanna de dhearadh lag ar gharspriocanna agus spriocanna, chomh maith le laigí i gcórais tuairiscithe agus rialaithe na mBallstát, tá tuairim cháilithe á heisiúint againn i ndáil le caiteachas RRF.

Níl íocaíochtaí RRF le Ballstáit bunaithe ar chostais iarbhír na mbeart, agus ní dhéanann na Ballstáit an caiteachas iarbhír a rinne na faighteoirí deiridh a thuairisciú. Ina theannta sin, níl comhlíonadh rialacha Eorpacha agus náisiúnta ar cheann de na coinníollacha le haghaidh íocaíochta faoi RRF. Thug ár gcuid oibre in ‘Comhtháthú’ chun solais go bhfuil laigí tromchúiseacha ann ó thaobh neamh-chomhlíonadh na rialacha sin, agus bhí buaic mhór sa ráta earráide le trí bliana anuas. Ós rud é go bhfuil na tionscadail sin cosúil leis na tionscadail a mhaoinítear faoi RRF agus gur minic gurb iad na comhlachtaí náisiúnta céanna a bhíonn á rialú, is é ár dtuairim go bhfuil riosca ann go bhfuil earráidí den chineál céanna i gcaiteachas RRF. Faoi RRF, áfach, ní dhéantar seiceáil chórasach ar chomhlíonadh rialacha Eorpacha agus náisiúnta.

I dtuarascáil iniúchóireachta sonrach ar chreat rialaithe RRF an Choimisiúin, tharraingíomar aird roimhe seo ar an mbearna dhearbhúcháin. Ó shin, tá tuilleadh imní faoi dhearadh agus cur chun feidhme RRF léirithe againn. Ar an gcéad dul síos, fuaireamar nach leor an creat faireacháin chun a fheidhmíocht fhoriomlán a thomhas. Sa bhreis air sin, tá riosca suntasach fós ann ó thaobh ionsú agus críochnú na mbeart sa dara leath de chur chun feidhme an RRF. Anois tá an Coimisiún le CAI nua a thíolacadh in 2025, agus ba cheart do dhearadh an CAI sin a áirithiú go bhfuil cosaint leormhaith á tabhairt do leasanna airgeadais an Aontais – síos go dtí leibhéal na bhfaighteoirí deiridh.

Ag breathnú chun cinn go dtí an chéad CAI eile, tarraingíonn ár dtuarascáil bhliantúil aird ar roinnt rioscaí agus dúshlán atá ann do bhuiséad an Aontais. Tá an méid seo a leanas i gceist leo sin: an riosca de shaoradh ó ghealltanais; neamhchosaint airgeadais mhéadaithe; agus an fás atá ag teacht ar rioscaí airgeadais mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Sa bhreis air sin, teastóidh méadú suntasach sa chistiú le haghaidh tosaíochtaí nua don todhchaí, amhail slándáil agus cosaint, chomh maith le méadú an Aontais. Beidh ar na cinnteoirí bealaí chun freastal ar na riachtanais airgeadais sin a shainaithint. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair leis an gCoimisiún nuacheaptha agus le Parlaimint na hEorpa, atá nuathofa, agus féachaint le feabhas a chur ar bhainistiú agus formhaoirseacht chistí an Aontais. Is é ár misean, mar a bhí riamh, ná cur leis an muinín a chuireann na saoránaigh san Aontas Eorpach trí fheabhas a chur ar chuntasacht agus trédhearcacht i ngníomhaíochtaí uile an Aontais.

Ar deireadh, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhiongbháilteacht agus saineolas fhoireann na Cúirte Iniúchóirí. Tá a dtiomantas agus a ngairmiúlacht thar a bheith tábhachtach sa phróiseas a bhaineann lenár dtuarascáil bhliantúil a chur ar fáil agus chun ár n-institiúid a bhogadh ar aghaidh.

Tony Murphy
An tUachtarán

Torthaí foriomlána

Príomhfhionnachtana

Tá tuairim ‘ghlan’ á heisiúint againn maidir le beachtas chuntais an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2023.

Tá tuairim ‘ghlan’ á heisiúint againn freisin maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim le haghaidh 2023.

Cuirimid dhá thuairim ar leithligh ar fáil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais le haghaidh 2023:

  •  tá ár dtuairim maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais i mbuiséad an Aontais neamhfhabhrach;
  •  tá tuairim cháilithe eisithe againn maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Tugaimid tuilleadh faisnéise faoi bhonn ár dtuairime maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais le haghaidh 2023 sa roinn dar teideal ‘Ár ráiteas dearbhaithe’.

  • Ar an iomlán, bhí an leibhéal earráide measta i gcaiteachas bhuiséad an Aontais ábharthach, ag 5.6 % (2022: 4.2 %).
  • Inár measúnú riosca, sainaithnímid go raibh riosca ard ag gabháil le caiteachas an Aontais i gcás ina mbíonn ar thairbhithe rialacha casta a leanúint go minic nuair a chuireann siad éilimh isteach ar chostais atá tabhaithe acu. Bhí an sciar den chaiteachas ardriosca inár bpobal iniúchóireachta fós suntasach ag 64.4 % (2022: 66.0 %). I mbliana, measaimid go mbeidh an leibhéal earráide ag 7.9 % (2022: 6.0 %) sa chuid seo dár bpobal iniúchóireachta. Is earráid ábharthach agus fhorleatach í seo, agus tá tuairim neamhfhabhrach á heisiúint againn maidir le caiteachas bhuiséad an Aontais.
  • I gcás chaiteachas RRF in 2023, rinne an Coimisiún 23 íocaíocht deontais le Ballstáit, lenar áiríodh 542 gharsprioc agus gach ceann de na 135 sprioc. Shainaithníomar fionnachtana cainníochtúla i seacht n-íocaíocht. Bhí tionchar ag earráid ábharthach ar shé cinn de na híocaíochtaí sin, agus tá tuairim cháilithe á heisiúint againn maidir le caiteachas RRF.
  •  Tá meastachán earráide (riosca ag tráth na híocaíochta) an Choimisiúin, mar atá nochta i dTuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht (TBBF) 2023, ag 1.9 % – figiúr atá go suntasach faoi bhun an raoin atá againne. Tá teorainneacha ag gabháil le seiceálacha ex post an Choimisiúin agus na mBallstát i gCeannteidil 1, 2 agus 6 de CAI a dhéanann difear don riosca ag tráth na híocaíochta mar atá nochta in TBBF, agus dá réir sin a dhéanann difear do mheasúnú riosca an Choimisiúin.
  • In 2023, thuairiscíomar 20 cás de chalaois amhrasta (2022: 15 chás) chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), a raibh 19 gcás díobh sainaitheanta againn le linn ár n‑iniúchta ar chaiteachas 2022 agus cás amháin ónár n-iniúchadh ar chaiteachas 2021, a bhfuil ceithre imscrúdú tionscanta cheana féin ag OLAF ina leith. Ag an am céanna, rinneamar 17 gcinn de na cásanna sin a thuairisciú chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a bhfuil naoi n-imscrúdú tionscanta cheana féin ag an Oifig sin ina leith. Le linn ár n-iniúchta ar chaiteachas 2023, bhí 12 chás de chalaois amhrasta sainaitheanta againn cheana féin.
  • Shroich gealltanais le híoc ó bhuiséad an Aontais agus ó chistiú deontais NGEU – a bheidh ina bhfiachais amach anseo mura scaoiltear ó ghealltanais iad – €543 bhilliún ag deireadh 2023, leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe seo (2022: €453 billiún). Rinneadh 90.3 % de na gealltanais le híoc sin i ndiaidh 2021.
  • Maidir leis an bhfiachas AE ó iasachtaíocht atá fós amuigh (luach ainmniúil), mhéadaigh sé sin go suntasach go dtí €458.5 billiún faoi dheireadh 2023 (2022: €348 mbilliún). Baineann formhór mór na suime atá fós amuigh le hiasachtaíocht faoi NGEU, a sheasann do €268.4 billiún. I gcás NGEU, féadfaidh an tAontas suim bhreise de €443.6 billiún a fháil ar iasacht faoi dheireadh 2026. Na costais go léir a thabhaíonn an tAontas i ndáil le cistí a fháil ar iasacht le haghaidh iasachtú NGEU, lena n-áirítear iad sin atá nasctha le ráta úis agus rioscaí airgeadais eile a bhainistiú, is iad na tíortha tairbhiúla a chaithfidh iad a sheasamh. Na costais go léir a ghabhann le deontais agus cláir bhreisiúcháin NGEU, is é buiséad an Aontais a sheasann iad.
  • Tháinig méadú ar neamhchosaint bhuiséad an Aontais, atá comhdhéanta de ráthaíochtaí d’iasachtaí AE a íocadh amach le Ballstáit nó le tíortha lasmuigh den Aontas agus le haghaidh dliteanais theagmhasacha, ó €248 mbilliún in 2022 go €298 mbilliún in 2023. Sin go príomha mar gheall ar iasachtaíochtaí le haghaidh RRF do na Ballstáit agus iasachtaí MFA+ don Úcráin. Leanfaidh neamhchosaint bhuiséad an Aontais de bheith ag méadú ag éirí as comhaontuithe le haghaidh €211.7 billiún in iasachtaí RRF a bheith sínithe ach gan iad íoctha amach faoi dheireadh 2023.
  • Tharla níos mó ná dúbailt ar neamhchosaint bhuiséad an Aontais i leith na hÚcráine in 2023 i gcomparáid le 2022 (ó €16 bhilliún go €33.7 billiún). Táimid ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhféadfadh an cleachtas trína ndéantar na rioscaí go dtarlódh mainneachtain ar aisíocaíochtaí a aistriú go dtí am éigin sa todhchaí brú a chur ar bhuiséid sa todhchaí agus ar riachtanais íocaíochta.

I dtaca leis an téacs iomlán de thuarascálacha bliantúla 2023 maidir le buiséad an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí a cistíodh faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, is féidir é a fháil ar ár suíomh gréasáin (eca.europa.eu).

A raibh faoi iniúchadh againn

Buiséad AE 2023 i bhfigiúirí

Glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil AE faoi chuimsiú bhuiséad níos fadtéarmaí atá aontaithe do thréimhse roinnt blianta (ar a dtugtar an ‘an Creat Airgeadais Ilbhliantúil’ nó CAI). In 2023, is é €162.0 billiún a bhí in iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh, arb ionann é sin agus 98.1 % den mhéid a bhí ar fáil.

Nuair a dhéantar íocaíochtaí breise de €74.7 billiún ó ioncam sannta (deontais RRF de €48.0 billiún agus breisithe NGEU do chláir chistiúcháin CAI de €19.0 billiún go príomha) a chur san áireamh, mar aon le €2.4 billiún de leithreasuithe a tugadh anonn ó 2022, is é €239.2 billiún a bhí sna híocaíochtaí. Bhí úsáid an bhuiséid iomláin a bhí ar fáil le haghaidh íocaíochtaí de €265.7 ag 90.0 %.

Gan deontais RRF de €48.0 billiún a chur san áireamh, is é €191.2 billiún ar an iomlán a bhí i gcaiteachas buiséadach an Aontais le haghaidh 2023.

Cén áit a dtagann an t-airgead as?

Is é €248.4 billiún a bhí san ioncam iomlán le haghaidh 2023. Maoinítear an sciar is mó de bhuiséad an Aontais trí mhéideanna a ranníocann na Ballstáit i gcoibhneas lena n-ollioncam náisiúnta (€97.7 billiún). I measc na bhfoinsí eile áirítear ranníocaíocht bunaithe ar cháin bhreisluacha a bhailíonn na Ballstáit (€22.5 billiún), dleachtanna custaim (€22.1 billiún) agus ranníocaíocht bunaithe ar dhramhaíl pacáistíochta plaistí neamh-athchúrsáilte (€7.2 billiún). Soláthraíonn méideanna a fhaightear ar iasacht chun tacaíocht airgeadais nach bhfuil in‑aisíoctha do na Ballstáit a mhaoiniú i gcomhthéacs NGEU €67.6 billiún d’ioncam an Aontais. Tá ioncaim eile freisin ann (€31.3 billiún). Is iad na foinsí is suntasaí díobh sin ná ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí atá nasctha le comhaontuithe agus cláir de chuid an Aontais.

Cad air a chaitear an t-airgead?

Caitear buiséad an Aontais i raon leathan réimsí, mar a léirítear i bhFíor 1.

Fíor 1 – Caiteachas bhuiséad an Aontais do 2023 de réir an cheannteidil CAI

Foinse: CIE.

Déantar thart ar thrí cheathrú den bhuiséad a chaitheamh faoi chóras ar a dtugtar ‘bainistíocht chomhroinnte’. Faoin modh cur chun feidhme buiséid seo, dáileann na Ballstáit cistí, roghnaíonn siad tionscadail agus bainistíonn siad caiteachas an Aontais, cé gur leis an gCoimisiún a luíonn an fhreagracht faoi dheoidh. Is amhlaidh atá i gcás, mar shampla, ceannteidil ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ agus ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ de CAI.

Faoi RRF, leagann na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí amach roimh ré ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus íocann an Coimisiún iad as garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a bhaint amach. Féadfaidh Ballstáit eisíocaíochtaí a iarraidh suas le dhá uair in aghaidh na bliana, má chuireann siad fianaise leordhóthanach ar fáil go ndearnadh na garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a bhaint amach go sásúil. Caithfidh córas rialaithe an Choimisiúin a áirithiú go bhfuil íocaíochtaí RRF dlíthiúil agus rialta agus is rud é sin atá go príomha i gcleithiúnas ar gharspriocanna agus spriocanna a bhaint amach go sásúil. Faoi dheireadh 2023, bhí 37 n-íocaíocht deontais (ceann in 2021, 13 in 2022 agus 23 in 2023) de luach iomlán de €141.6 billiún déanta ag an gCoimisiún, lena n-áirítear €22.7 billiún de réamh-mhaoiniú nach bhfuil imréitithe fós.

Céard atá clúdaithe againn?

Gach bliain, déanaimid iniúchóireacht ar bheachtas na gcuntas bliantúil agus ar chomhlíontacht na n-idirbheart ioncaim agus caiteachais is bun leis na cuntais sin. In 2023, bhí ár bpobal iniúchóireachta chun tástáil a dhéanamh ar ioncam ag seasamh do €248.4 billiún. Ár bpobal iniúchóireachta d’idirbhearta caiteachais, clúdaíonn sé íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh chomh maith le himréiteach airleacan. Ní scrúdaímid íocaíochtaí na n-airleacan. Bhí ár bpobal iniúchóireachta chun tástáil a dhéanamh ar chaiteachas ag seasamh do €161.2 billiún ar an iomlán faoin mbuiséad ginearálta agus €53.5 billiún faoi RRF. Bhí an caiteachas RRF comhdhéanta de 23 íocaíocht deontais de €46.3 billiún ar an iomlán agus d’imréiteach an réamh-mhaoinithe de €7.2 billiún. Rinneadh na híocaíochtaí sin le 17 mBallstát agus bhain siad le 542 gharsprioc agus 135 sprioc.

Don chaiteachas faoin mbuiséad ginearálta, scrúdaímid an caiteachas ag an bpointe a mbíonn gníomhaíochtaí déanta nó costais tabhaithe ag faighteoirí deiridh na gcistí ón Aontas. Do RRF, is é an príomhchoinníoll atá ann chun go ndéanfadh an Coimisiún íocaíocht leis na Ballstáit ná go mbeadh garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe bainte amach go sásúil. Scrúdaímid caiteachas RRF ag an bpointe a n-iarrann Ballstáit íocaíocht as a gcuid garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bheith bainte amach agus ag an bpointe a mbíonn an Coimisiún tar éis glacadh leis an iarraidh sin. Dhíríomar isteach ar an raibh na garspriocanna agus spriocanna bainte amach go sásúil agus ar an raibh na coinníollacha incháilitheachta comhlíonta. Ní chlúdaíonn ár n-iniúchadh an chomhchuid iasachtaí de RRF.

A bhfuil faighte amach againn

Ár ráiteas dearbhaithe maidir le buiséad AE

I gcomhréir le hAirteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirimid ráiteas dearbhaithe ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena gclúdaítear beachtas na gcuntas comhdhlúite don Aontas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin. Is é sin an phríomhghné dár dtuarascáil bhliantúil.

Tugann cuntais an Aontais léargas fíorcheart

I gcuntais an Aontais do 2023, tugtar léiriú fíorcheart, ar gach slí ábharthach, ar thorthaí airgeadais an Aontais, chomh maith lena shócmhainní agus dliteanais ag deireadh na bliana, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta na hearnála poiblí.

Dá bhrí sin, táimid in ann tuairim ghlan a thabhairt ar bheachtas na gcuntas, mar atá déanta againn gach bliain ó bhí 2007 ann.

I gclár comhardaithe an Aontais, tá dliteanas maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile de luach €90.8 billiún ann amhail ag deireadh 2023 (2022: €80.6 billiún). Is é is cúis leis an méadú ar an dliteanas pinsin in 2023 go príomha ná an laghdú ar an ráta lascaine ainmniúil agus an nuashonrú ar Thábla Saoil Sheirbhísigh Shibhialta an Aontais. Is í an éabhlóid ar na rátaí úis agus an boilsciú a bhfuil coinne leis amach anseo, go príomha, a d’imir tionchar ar an ráta lascaine.

Ar an 1 Feabhra 2020, scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach. Ag dáta an chláir comhardaithe, léirigh cuntais an Aontais glansuim infhaighte dlite ón Ríocht Aontaithe de €15.5 billiún (2022: €23.9 billiún), bunaithe ar oibleagáidí a sainíodh sa chomhaontú um tharraingt siar.

Rinneadh measúnú ar an tionchar a bhí ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar iasachtaí agus deontais i gcuntais an Aontais, agus rinneadh cuntasú agus nochtadh go hiomchuí orthu i gcomhréir le ceanglas na rialacha cuntasaíochta.

Tá tuairim ghlan á heisiúint againn maidir le hioncam

Táimid tagtha ar an gconclúid go bhfuil an t-ioncam saor ó earráid ábharthach. Bhí na córais do bhainistiú an ioncaim a scrúdaíomar éifeachtach go ginearálta.

Tá tuairim neamhfhabhrach á heisiúint againn maidir le caiteachas bhuiséad an Aontais

Is é an sainmhíniú atá againn ar earráid ná an méid airgid nár cheart a bheith íoctha amach as buiséad an Aontais. Tarlaíonn earráidí nuair nach bhfuil an t-airgead úsáidte i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus dá réir sin nach bhfuil sé úsáidte ar an gcaoi a raibh sé beartaithe ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa nuair a ghlac siad an reachtaíocht sin, nó nuair nach bhfuil sé úsáidte i gcomhréir leis na rialacha sonracha náisiúnta.

I gcás caiteachas bhuiséad an Aontais, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide idir 4.4 % agus 6.8 %. Tá lárphointe an raoin sin, ar a dtugtaí an ‘earráid is dóchúla’ roimhe seo, méadaithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite ó 4.2 % go 5.6 % – féach Fíor 2.

Fíor 2 – An leibhéal earráide measta agus an pobal iniúchóireachta (2019‑2023)

Foinse: CIE.

Tá earráid ábharthach ag baint le níos mó ná leath den phobal iniúchóireachta arís

In 2023, bhí caiteachas ardriosca ag gabháil le 64.4 % dár bpobal iniúchóireachta, i gcomparáid le 66.0 % don bhliain roimhe sin. Fuaireamar gur lean caiteachas ísealriosca de bheith saor ó earráidí ábharthacha, ach go raibh tionchar ag earráid ábharthach ar chaiteachas ardriosca i gcónaí. Dá bhrí sin, tá tionchar ag an gcaoi a n-íoctar amach cistí ar an riosca earráide. Measaimid go bhfuil an leibhéal earráide do chaiteachas ardriosca ag 7.9 % (2022: 6.0 %) (féach Fíor 3).

Fíor 3 – Pobal iniúchóireachta 2023 arna mhiondealú de réir caiteachas ardriosca agus caiteachas ísealriosca

Foinse: CIE.

Is é ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ is mó is cúis leis an leibhéal earráide foriomlán (3.5 pointe céatadáin), agus ina dhiaidh sin tagann ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ (0.8 pointe céatadáin) agus ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ (0.8 pointe céatadáin). I bhFíor 4, déantar comparáid ar ár leibhéil earráide measta do na caibidlí ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’, ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ agus ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ idir 2019 agus 2023.

Fíor 4 – Leibhéil earráide measta do Cheannteidil 1, 2 agus 3 de CAI (2019‑2023)

Foinse: CIE.

In 2023, bhíomar fós ag fáil gur earráidí incháilitheachta is mó a bhí ag rannchuidiú leis an leibhéal earráide measta sa chaiteachas ardriosca, ag 53 %, go príomha in ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’, ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ agus ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’. Thairis sin, rannchuidigh earráidí a bhaineann le sáruithe ar rialachas soláthair phoiblí agus státchabhrach 31 % leis an leibhéal earráide measta le haghaidh caiteachas ardriosca.

Comparáid idir ár leibhéal earráide measta agus meastacháin an Choimisiúin

In TBBG, a bhfuil freagracht ar choláiste na gCoimisinéirí as, déantar achoimre ar phríomhfhaisnéis ó na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí (TBGanna) maidir le rialú inmheánach agus bainistiú airgeadais. Áirítear an riosca ag tráth na híocaíochta leis sin, eadhon meastachán an Choimisiúin ar an méid atá íoctha agus nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Is é 1.9 % an riosca ag tráth na híocaíochta do 2023 atá ag an gCoimisiún, atá níos ísle ná an leibhéal earráide measta de 5.6 % (2022: 4.2 %) atá againne agus atá faoi bhun ár raoin, atá idir 4.4 % agus 6.8 %.

Cosúil leis an leibhéal measta earráide atá againne, níl caiteachas RRF curtha san áireamh i meastachán an Choimisiúin, agus is amhlaidh go ndéanann sé na torthaí rialaithe dó sin a nochtadh astu féin bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil. Sa bhreis air sin, sa TBG do gach Ard‑Stiúrthóireacht (AS) sa Choimisiún tá ráiteas ina dtugann an tArd-Stiúrthóir dearbhú go bhfuil an fhaisnéis airgeadais á cur i láthair go cuí sa tuarascáil agus go bhfuil na hidirbhearta atá faoina bhfreagracht dlíthiúil agus rialta. Chuige sin, sholáthair gach AS meastacháin ar an riosca ag tráth na híocaíochta ina gcaiteachas, cé is moite de RRF, agus déanann an Coimisiún measúnú ar na torthaí rialuithe ina leith sin bunaithe ar mheascán de na torthaí ó Bhallstáit agus óna iniúchtaí agus rialuithe féin.

I gcás gach ceannteidil de CAI a bhfuil measúnú sonrach tugtha againn ina leith, tá comparáid déanta againn idir an riosca ag tráth na híocaíochta le haghaidh 2023 de réir an Choimisiúin agus an ráta earráide measta atá againne. Léiríonn an chomparáid go bhfuil figiúirí an Choimisiúin faoi bhun ár meastachán i gcás trí réimse beartais. Fuaireamar na nithe seo a leanas: i gcás ‘an Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’, bhí meastachán an Choimisiúin ar an riosca ag tráth na híocaíochta ag 1.4 % sa leath íochtarach dár raon agus faoi bhun an leibhéil earráide mheasta atá againne; i gcás ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, bhí meastachán an Choimisiúin ag 2.6 %, céatadán atá go suntasach faoi bhun ár raoin le haghaidh an leibhéil earráide mheasta; agus i gcás ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’, bhí meastachán an Choimisiúin ar an riosca ag tráth na híocaíochta ag 1.9 % sa leath íochtarach dár raon agus faoi bhun an leibhéil earráide mheasta atá againne.

In TBBF, cuireann an Coimisiún i láthair an measúnú riosca foriomlán atá déanta aige ar chaiteachas bliantúil 2023 chun réimsí ardriosca a shainaithint agus chun gníomhaíocht a dhíriú isteach ar na réimsí sin. Measann an Coimisiún go bhfuil an riosca íseal do 67 % den chaiteachas, gur riosca meánach atá ann do 9 %, agus gur riosca ard atá ann do 24 %. Léirigh ár n-obair, áfach, go bhfuil teorainneacha le hobair ex post an Choimisiúin, a dhéanann difear – nuair a chuirtear le chéile iad – do stóinseacht mheasúnú riosca an Choimisiúin. Ceann de na réimsí is mó a raibh tionchar aige sin air is ea ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, mar ar mheasúnaíomar go raibh riosca ard ag gabháil le tromlach an chaiteachais cé nár rangaigh an Coimisiún ach mionlach den chaiteachas sin ar an tslí sin.

D’eisíomar tuairim cháilithe maidir le caiteachas RRF in 2023

Is ionstraim shealadach atá in RRF a tugadh i gcrích agus a maoiníodh ar shlí atá difriúil ó bhonn ó chaiteachas bhuiséad an Aontais. Cé go n-íoctar tairbhithe de chaiteachas bhuiséad an Aontais as gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh nó go ndéantar athchistiú leo as costais a tabhaíodh, is amhlaidh – faoi RRF – go n-íoctar Ballstáit as garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach go sásúil. I gcás RRF mar sin, rinneamar scrúdú féachaint ar baineadh amach garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe go sásúil, agus ar comhlíonadh coinníollacha incháilitheachta cothrománacha.

Léiríonn an fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán ónár n-obair nach raibh 16 as na 452 gharsprioc agus sprioc RRF a scrúdaíomar ag comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta nó incháilitheachta. Baineann siad sin le seacht n-íocaíocht i seacht mBallstát. Shainaithníomar freisin cásanna de gharspriocanna agus spriocanna a bhí sainithe ar bhealach éideimhin, laigí i gcórais rialaithe na mBallstát agus fadhbanna le hiontaofacht na faisnéise a chuir na Ballstáit san áireamh ina ráiteas bainistíochta.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir faisnéis iomlán maidir leis na príomhfhionachtanna a fháil i gCaibidil 1 agus i gCaibidil 11 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn. Is féidir teacht ar an téacs iomlán dár dtuarascáil bhliantúil ar ár suíomh gréasáin (eca.europa.eu).

Amharc níos géire ar ár bhfionnachtana

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

Bhí cur chun feidhme an bhuiséid íseal i gcás gealltanas, ach ard i gcás íocaíochtaí

Ba é 2023 an tríú bliain de CAI 2021‑2027. I bhFíor 5, taispeántar an caiteachas foriomlán a bhí ar fáil ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear deontais NGEU.

Fíor 5 – Iomlán na leithreasuithe a bhí ar fáil faoi bhuiséad AE 2023, lena n‑áirítear deontais NGEU

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

In 2023, baineadh úsáid as beagnach na leithreasuithe go léir faoi chomhair gealltanas faoi bhuiséad bliantúil an Aontais

Bhí an buiséad críochnaitheach de €186.5 billiún le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas os cionn na huasteorann de €182.7 billiún faoi CAI. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh trí bhíthin ionstraimí speisialta, amhail Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB), an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú agus an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála. Cuireann na hionstraimí sin cistí breise ar fáil atá níos airde ná uasteorainneacha CAI, ar cistí iad atá le húsáid le haghaidh teagmhais nua nó le haghaidh teagmhais nach bhféadfaí a thuar. Is é €184.4 billiún a bhí in iomlán na ngealltanas a rinneadh faoi bhuiséad 2023.

Bhí íocaíochtaí níos ísle ná mar a bhí beartaithe ar dtús agus bhí siad faoi bhun uasteorainn CAI

In 2023, is é €165.2 billiún a bhí in iomlán an bhuiséid deiridh, ar suim é sin atá faoi bhun uasteorainn CAI. Is é €162.0 billiún a bhí in iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh faoin mbuiséad deiridh. Féach Fíor 6.

Fíor 6 – Cur chun feidhme an bhuiséid in 2023

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

Nuair a dhéantar íocaíochtaí breise de €74.7 billiún ó ioncam sannta (deontais NGEU den chuid is mó) agus €2.4 billiún de thabhairt anonn ó 2022 a chur san áireamh, shroich iomlán na n‑íocaíochtaí in 2023 €239.2 billiún. B’ionann úsáid an bhuiséid le haghaidh íocaíochtaí agus 90.0 % d’iomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí de €265.7 billiún.

Tháinig moill ar an ionsú as CSIE 2014‑2020, ach cuireadh fad bliana leis an sprioc-am le haghaidh éilimh ar íocaíochtaí agus le haghaidh dhúnadh na ndoiciméad

Is é €54.7 billiún a bhí in íocaíochtaí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) in 2023, gan acmhainní NGEU san áireamh, agus bhí an tsuim sin níos lú ná an tsuim a bhí ann sna 3 bliana roimhe sin (€64.7 billiún in 2022, €75.1 billiún in 2021 agus €72 bhilliún in 2020). Amhail ag deireadh 2023, b’ionann iomlán na n-íocaíochtaí do CSIE 2014‑2020 agus €450.6 billiún, as an leithdháileadh iomlán de €492.6 billiún; d’fhág sé sin go raibh ráta ionsúcháin de 91.5 % ann. Cé nach raibh na difríochtaí sa chaoi a ndéanann na Ballstáit cistí SIE a ionsú chomh suntasach céanna leis an ráta in 2022, bhí an ráta ionsúcháin i gceithre Bhallstát fós faoi bhun 85 % amhail ag deireadh 2023 (féach Fíor 7).

Fíor 7 – Rátaí ionsúcháin CSIE 2014‑2020 sna Ballstáit (gan acmhainní NGEU san áireamh) amhail ag deireadh 2023

Foinse: CIE, bunaithe ar ardán sonraí oscailte an Choimisiúin amhail an 8 Eanáir 2024 agus ar shonraí eile ón gCoimisiún.

Bhí íocaíochtaí as na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte ó thréimhse 2021‑2027 faoi RFC fós íseal

In 2023, is é €4.1 billiún de réamh-mhaoiniú agus €2.2 billiún in íocaíochtaí eatramhacha a bhí sna híocaíochtaí bliantúla le haghaidh cistí faoin mbainistíocht chomhroinnte a thagann faoi RFC (€6.3 billiún). In 2023, bhí 11 Bhallstát nár iarr aon íocaíocht eatramhach le haghaidh aon cheann de na cistí atá clúdaithe ag RFC. Amhail ag deireadh 2023, is é €12.8 billiún a bhí in iomlán na n-íocaíochtaí, agus níl ansin ach 3.2 % de mhéid iomlán CAI 2021‑2027.

In 2023, thug na Ballstáit tosaíocht d’iarrachtaí chun cistí faoin mbeartas comhtháthaithe le haghaidh 2014‑2020 a ionsú, agus thug siad faoi dhlús a chur le cur chun feidhme NGEU. I gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin, tugann na moilleanna, arna gcomhiomlánú, le tuiscint go bhfuil gannchion i gcur chun feidhme na gcistí faoin mbeartas comhtháthaithe atá comhionann le bearna bliana.

Thosaigh moill ag teacht ar íocaíochtaí CETFT faoin CBT nua in 2023

Ó 2023, tá CETFT clúdaithe ag rialacháin an Chomhbheartais Talmhaíochta nua. Amhail ag deireadh 2023, is é €0.7 billiún a bhí in íocaíochtaí CETFT agus gan ach ráta ionsú de 1 % ann.

In 2023, bhí íocaíochtaí as cláir bhreisiúcháin RRF agus NGEU níos ísle ná mar a bhíothas ag dréim leis

I bhFeabhra 2023, leasaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán RRF ionas go bhféadfaí caibidil REPowerEU, arna mhaoiniú as an gcóras trádála astaíochtaí (CTA) agus as CCB, a áireamh i bpleananna RRF na mBallstát. Faoi dheireadh 2023, bhí gach ceann de na gealltanais le haghaidh deontais faoi RRF a bhí á maoiniú trí NGEU déanta ag an gCoimisiún (€337.9 billiún). Is é €18.5 billiún (€17.3 billiún as CTA agus €1.2 billiún as CCB) a bhí sna gealltanais le haghaidh caibidlí REPowerEU, agus déanfar an €0.4 billiún atá fanta in CCB a ghealladh ag tráth níos faide anonn. Is é €48 mbilliún ar an iomlán a bhí sna híocaíochtaí bliantúla de dheontais RRF. I gcodarsnacht leis sin, mheas an Coimisiún i Meitheamh 2022 gur €76.4 billiún a bheadh in iomlán na n-íocaíochtaí faoi RRF in 2023 a bhí le maoiniú trí NGEU agus a bheadh nasctha le garspriocanna agus spriocanna (gan REPowerEU san áireamh). De réir an Choimisiúin, bhí roinnt tosca ann (amhail boilsciú ard, méadú ar phraghsanna fuinnimh, fadhbanna sna slabhraí soláthair domhanda, ganntanais lucht saothair nó inniúlacht riaracháin neamhleor) a rinne díobháil do chur chun feidhme RRF. Le híocaíochtaí de €141.6 billiún déanta as na gealltanais de €356.4 billiún, tá suim iomlán de €215.2 billiún de dheontais RRF fós ar fáil agus tá siad sin le híoc faoi dheireadh 2026. Féach Fíor 8.

Fíor 8 – Cur chun feidhme dheontais RRF de réir foinse, amhail ag deireadh 2023

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

Tá difríochtaí suntasacha ann ó Bhallstát go chéile maidir leis an gcaoi a ndéantar deontais RRF a ionsú. Faoi dheireadh 2023, bhí ceithre Bhallstát ann (Éire, an Ungáir, an Ísiltír agus an tSualainn) nach raibh réamh-mhaoiniú faighte acu agus nár chuir iarraidh ar íocaíocht isteach, cé go raibh trí Bhallstát ann (an Bheilg, an Pholainn agus an Fhionlainn) nach raibh ach réamh-mhaoiniú faighte acu.

Is é €82.9 billiún ar an iomlán as leithdháileadh tosaigh de €83.1 a bhí in iomlán na ngealltanas de bhreisithe NGEU ar chláir CAI. Mhéadaigh na híocaíochtaí bliantúla de bhreisithe NGEU ar chláir reatha CAI ó €16.1 billiún in 2022 go dtí €19.0 billiún in 2023. Is féidir íocaíochtaí suas go dtí €40.6 billiún a dhéanamh go dtí deireadh 2026.

Bhí an méid is airde riamh de €543 bhilliún i gceist le gealltanais le híoc as buiséad an Aontais agus NGEU

Is éard atá i gceist le gealltanais le híoc ná suim na ngealltanas atá déanta ach nach bhfuil íoctha go fóill. Faoi dheireadh 2023, shroich iomlán na ngealltanas le híoc, a chaithfear a íoc sna blianta ina dhiaidh sin mura rud é go ndéantar iad a shaoradh ó ghealltanas, an luach is airde go dtí seo de €543 bhilliún. B’in méadú de €90.2 billiún i gcomparáid le 2022 (€452.8 billiún). Baineann na gealltanais le híoc go príomha le buiséad AE agus tabhairt anonn (€263.6 billiún) agus le cistiú deontais faoi NGEU (€238.6 billiún). Rinneamar moladh in 2022 á rá gur cheart leibhéal na ngealltanas le híoc a laghdú go suntasach. Féach Fíor 9.

Fíor 9 – Iomlán na ngealltanas le híoc de réir na bliana tionscanta agus de réir an chineáil maoinithe, amhail ag deireadh 2023

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh agus ar thuarascálacha ar an gcur chun feidhme buiséadach ó chóras cuntasaíochta an Choimisiúin.

Rioscaí agus dúshláin

Tríd an athbhreithniú ar CAI tugadh isteach bearta chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le costais mhaoiniúcháin bhreise i gcás NGEU agus a bhaineann le riaráiste in íocaíochtaí

I bhFeabhra 2024, rinne an Chomhairle leasú ar CAI mar fhreagairt do roinnt dúshláin éagsúla (e.g. tacaíocht leanúnach don Úcráin, rátaí úis níos airde, méadú ar an imirce, agus an gá le teicneolaíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn). Tríd an athbhreithniú ar CAI tá méadú de €21.0 billiún déanta ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh 2024‑2027, a bhfuil €17 mbilliún de sin le maoiniú faoin tSaoráid don Úcráin a cruthaíodh le déanaí.

Tá ‘sásra cascáide’ tugtha isteach freisin ag an gComhairle. Is ann dó sin chun go gclúdódh sé costais iasachtaíochta NGEU a bhíonn níos airde ná na méideanna bliantúla atá leagtha amach i Rialachán athbhreithnithe CAI, más rud é nach féidir cistí a aimsiú laistigh de bhuiséad reatha an Aontais agus go dtí deireadh an CAI reatha. Is ionstraim speisialta atá in Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, NextGenerationEU, atá ann sa bhreis ar uasteorainn CAI agus níl aon mhéid seasta luaite leis. De réir an mheastacháin atá déanta ag an gCoimisiún, d’fhéadfadh an t-ús breise agus na híocaíochtaí cúpóin le haghaidh iasachtaíocht NGEU laistigh den CAI reatha a bheith rud éigin idir €17 mbilliún agus €27 mbilliún.

Tá an baol ann go ndéanfar saoradh ó ghealltanas i gcistí faoin mbeartas comhtháthaithe le haghaidh CAI 2021‑2027

Lean an t-ionsú ar CSIEnna agus ar an gCiste um Aistriú Cóir le haghaidh CAI 2021‑2027 de bheith íseal in 2023. Mar thoradh air sin, laghdaigh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh 2023 i gcás CFRE (- €1.1 billiún) agus i gcás CSE+ (- €0.7 billiún). D’fhéadfadh an riosca de shaoradh ó ghealltanas tarlú cheana féin ag deireadh 2025 i gcás gealltanais a rinneadh in 2022 faoi RFC le haghaidh 2021‑2027.

In 2023, ba é réamhaisnéis an Choimisiúin i gcás saoradh ó ghealltanas le haghaidh 2024‑2027 ná gur €8.1 billiún a bheadh i gceist (réamhaisnéis 2022: €7.6 billiún le haghaidh 2023‑2027). I gcás cistí faoin mbeartas comhtháthaithe a thagann faoi CC, CFRE agus CSE+, thuar an Coimisiún gur €2.2 billiún a bheadh in iomlán an tsaortha ó ghealltanas le haghaidh 2024‑2027, suim atá cúig huaire níos mó ná an €0.4 billiún a bhí i réamhaisnéis 2022. I gcás CUAC, is é an toradh a bheidh ar an moill i nglacadh CAI agus i nglacadh na reachtaíochta atá sonrach do na cláir, mar aon le ráta íseal cur chun feidhme in 2023, ná go mbeidh méideanna móra i mbaol a saortha ó ghealltanas ó 2025 ar aghaidh. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh méideanna móra de shaoradh ó ghealltanas baint amach chuspóirí an Aontais a chur i mbaol.

Tháinig méadú ar fhiachas an Aontais ó iasachtaíocht in 2023

Mhéadaigh na hiasachtaíochtaí Eorpacha atá fós amuigh níos mó ná 30 % in 2023

Amhail ag deireadh 2023, bhí luach ainmniúil na n-iasachtaíochtaí Eorpacha a bhí fós amuigh ardaithe go dtí os cionn €458.5 billiún, arb in méadú de €110.5 billiún sa bhliain. Tá an tAontas anois tagtha chun bheith ar cheann de na heisitheoirí fiachais is mó san Eoraip. I bhFíor 10, taispeántar aibíochtaí agus glanrátaí úis iasachtaíocht uile an Aontais.

Fíor 10 – Aibíochtaí agus glanrátaí úis d’iasachtaíocht bhuiséad an Aontais, amhail ag deireadh 2023

Nóta: Méideanna ag luach ainmniúil.

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

D’fhéadfadh níos mó ná dúbailt a luacha tarlú in iasachtaíocht NGEU faoi 2026, agus beidh an chuid is mó den aisíocaíocht curtha siar go dtí CAInna sa todhchaí

Amhail ag deireadh 2023, bhí bannaí AE fós amuigh ag an Aontas a raibh luach ainmniúil de €268.4 billiún ag gabháil leo chun iasachtaí agus deontais NGEU a mhaoiniú, chomh maith le cláir eile a dhéantar a chistiú faoi NGEU. I gcás NGEU, féadfaidh an tAontas suim bhreise de €443.6 billiún a fháil ar iasacht faoi dheireadh 2026, féach Fíor 11.

Fíor 11 – Iasachtaíocht agus eisíocaíochtaí NGEU, amhail ag deireadh 2023

Nóta: Níl suim de €15.2 billiún i mbillí gearrthéarmacha AE san áireamh sa mhéid atá faighte ar iasacht. Tá suim de €7.0 billiún a fuarthas ar iasacht ann nach raibh eisíoctha go fóill faoi dheireadh 2023, leis na cistí sin sealbhaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Foinse: CIE, bunaithe ar COM(2024) 93 agus ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2023 an Aontais.

Caithfear tús a chur le haisíoc iasachtaíocht NGEU roimh dheireadh 2027, má bhíonn leithreasuithe nár úsáideadh fós ar fáil sa líne bhuiséid chun costais mhaoiniúcháin NGEU a chlúdach, agus caithfear an t-aisíoc a chríochnú faoi 2058 ar a dhéanaí. Tá formhór mór na n‑aisíocaíochtaí curtha siar dá bhrí sin go dtí CAInna sa todhchaí. Na costais go léir a thabhaíonn an tAontas i ndáil le cistí a fháil ar iasacht le haghaidh iasachtú NGEU, lena n‑áirítear iad sin atá nasctha le ráta úis agus rioscaí airgeadais eile a bhainistiú, is iad na tíortha tairbhiúla a chaithfidh iad a sheasamh. Na costais go léir a ghabhann le deontais agus breisithe NGEU, is é buiséad an Aontais a sheasfaidh iad.

Chun laghdú seasta agus intuartha ar fhiachas NGEU go dtí 2058 a bhaint amach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún fiachas atá ag dul in éag a thar-rolladh trí ionstraimí fiachais nua a eisiúint chun na seanchinn a íoc de réir mar a aibíonn siad. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh athruithe féideartha i ndálaí an mhargaidh go mbeadh costais iasachtaíochta níos airde ann, ar costais iad sin – i gcás fiachas NGEU a bhaineann le deontais agus le breisithe NGEU – a bheidh le seasamh ag buiséad an Aontais.

Tá tionchar suntasach ar an toradh eacnamaíoch ag ioncam sannta seachtrach ó fhiachas NGEU

Déantar na méideanna a fhaightear ar iasacht faoi NGEU a chur ar aghaidh trí dheontais agus breisithe NGEU i ndáil le cláir AE trí bhíthin ioncam sannta seachtrach, ar ioncam é sin atá sa bhreis ar leithreasuithe vótáilte i mbuiséad an Aontais. Ní dhéanann cur chun feidhme NGEU aon difear go foirmiúil don phrionsabal gur cheart go mbeadh comhardú idir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar i mbuiséad bliantúil an Aontais (prionsabal na cothromaíochta). Mar sin féin, ó dhearcadh na cuntasaíochta de, níl an méid atá faighte ar iasacht faoi NGEU curtha isteach mar ioncam sa ráiteas ar fheidhmíocht airgeadais, cé go bhfuil na speansais a bhaineann le deontais NGEU curtha isteach sa ráiteas sin. Dá thoradh sin, tá tionchar diúltach aige ar thoradh eacnamaíoch na bliana. Méadaíonn torthaí eacnamaíocha diúltacha an t‑easnamh i nglansócmhainní de réir mar a léirítear i gclár comhardaithe an Aontais iad agus, dá bhrí sin, caitear iad a chistiú as buiséid sa todhchaí (féach Fíor 12). Is laistigh d’uasteorainneacha na n-acmhainní dílse a thugtar ráthaíocht d’aisíoc na hiasachtaíochta faoi NGEU.

Fíor 12 – Toradh eacnamaíoch (barrachas/easnamh) le haghaidh gach bliana ó 2018 go dtí 2023

Nóta: Tá €47.5 billiún d’ioncam a bhaineann le Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe san áireamh san fhigiúr do 2020.

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2018 go 2023.

Tháinig méadú ar an neamhchosaint do bhuiséad an Aontais in 2023 agus táthar ag tuar go méadóidh sé tuilleadh

Maidir le neamhchosaint bhuiséad an Aontais ó ráthaíochtaí faoi bhuiséad an Aontais le haghaidh iasachtaíocht ón margadh agus dliteanais theagmhasacha ó ráthaíochtaí buiséadacha, is é €298.0 billiún a bhí ansin ag deireadh 2023 – ar méadú é sin ón €248.3 billiún a bhí ann ag deireadh 2022. I bhFíor 13, tugtar miondealú ar an neamhchosaint (taispeánta i ndath corcra) de réir foinse. San fhíor, is mar chiorcail chomhlárnacha a léirítear na cisil de chlúdach riosca, atá ag seasamh do na leibhéil éagsúla clúdaigh. Tá an ciorcal atá buailte ar an neamhchosaint ag seasamh don chéad chiseal de chlúdach riosca a ghlaofar isteach. Ag bogadh isteach as sin, léiríonn na ciorcail ina dhiaidh sin na cisil bhreise de chlúdach riosca.

Fíor 13 – Iomlán na neamhchosanta do bhuiséad an Aontais amhail ag deireadh 2023, le foinse na neamhchosanta agus an clúdach riosca

(*) Ráthaíocht an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI): €0.5 billiún; ráthaíocht InvestEU: €1.4 billiún; ráthaíocht an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+): €0.6 billiún; agus iasachtaí EURATOM: €0.3 billiún.

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2023 an Aontais, agus ar na rialacháin is infheidhme.

Maidir le méadú 2023 sa neamhchosaint do bhuiséad an Aontais, bhain sé sin go príomha le hiasachtaíochtaí le haghaidh an €34.1 billiún breise d’iasachtú RRF a rinneadh le Ballstáit (2022: €27.2 billiún), ar le haghaidh iasachtaí REPowerEU a bhí €5.4 billiún de, móide €18.0 billiún in iasachtaí CMA+ don Úcráin. Maidir le neamhchosaint ar dhliteanais theagmhasacha atá ag eascairt as ráthaíochtaí buiséadacha, mhéadaigh siad sin go dtí €44.0 billiún faoi dheireadh 2023 ó €42.9 billiún amhail ag deireadh 2022. Bhí sé sin amhlaidh go príomha mar go raibh níos mó eisíocaíochtaí d’infheistíochtaí clúdaithe le ráthaíocht InvestEU. I nDeireadh Fómhair 2023, ba é meastachán an Choimisiúin ná go mbeadh an lamháil a bhí ar fáil le haghaidh thréimhse 2024‑2027 leormhaith chun go gclúdódh sé aon chaillteanas féideartha a d’éireodh as dliteanais le taca an lamháltais.

Maidir leis an neamhchosaint do bhuiséad an Aontais amhail ag deireadh 2023, meastar go méadóidh sé sin in 2024 agus 2025 – go príomha mar gheall ar iasachtaí nua RRF. Faoi dheireadh 2023, bhí comhaontuithe iasachtaithe RRF sínithe ag an gCoimisiún leis na Ballstáit le haghaidh suim de luach €290.9 billiún, a raibh €211.7 billiún de sin nach raibh íoctha amach fós.

Go luath in 2024, bunaigh reachtóirí an Aontais an tSaoráid don Úcráin. Déanfar iasachtaí suas go dtí €33 bhilliún a mhaoiniú trí bhíthin iasachtaíocht ón margadh airgeadais agus beidh lamháil bhuiséad an Aontais mar thaca leis, faoi mar atá i gcás iasachtaí CMA+. Inár dtuairim i dtaca leis an tSaoráid don Úcráin, tharraingíomar aird ar an bhfíoras go bhfuil rioscaí as cuimse do bhuiséad an Aontais ag gabháil leis an gcur chuige sin.

I bhFíor 14, déantar comparáid idir an neamhchosaint a bhí ann roimhe sin agus an neamhchosaint réamh-mheasta do bhuiséad an Aontais ó 2019 ar aghaidh.

Fíor 14 – Neamhchosaint roimhe sin agus neamhchosaint réamh-mheasta do bhuiséad an Aontais

Nóta: Méideanna ag luach ainmniúil.

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2019 go 2023 agus faisnéis ón gCoimisiún.

Tá cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine i gcónaí ag méadú na rioscaí airgeadais do bhuiséid an Aontais sa todhchaí

Tháinig méadú ar an neamhchosaint do bhuiséad an Aontais le haghaidh na hÚcráine ó €16 bhilliún ag deireadh 2022 go dtí €33.7 billiún ag deireadh 2023. Bhí sé sin comhdhéanta de €18 mbilliún d’iasachtaí CMA+, €11.6 billiún d’iasachtaí CMA, €0.3 billiún d’iasachtaí Euratom, agus €3.8 billiún de ráthaíochtaí buiséadacha le haghaidh iasachtaí atá amuigh agus a bhí tugtha ag BEI agus institiúidí airgeadais eile. D’aithin an Coimisiún go raibh lamháil bhearnúcháin de €8.8 billiún (€2.2 billiún in 2022) ann d’iasachtaí CMA agus CMA+ a rinneadh leis an Úcráin, rud a léirigh na caillteanais ionchasacha in imeacht shaolré na n-iasachtaí.

In 2023, chuir ionstraim CMA+ €18 mbilliún de thacaíocht ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí ar ardleibhéal lamháltais a bhí le haisíoc in imeacht uasmhéid de 35 bliana ag tosú in 2033. Ní gá soláthar a dhéanamh i gcás iasachtaí CMA+ chun an riosca mainneachtana a chlúdach mar go bhfuil ráthaíocht ag na hiasachtaí sin trí lamháil bhuiséad an Aontais. Táimid ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhféadfadh an cleachtas trína ndéantar na rioscaí go dtarlódh mainneachtain ar aisíocaíochtaí a aistriú go dtí am éigin sa todhchaí brú a chur ar bhuiséid sa todhchaí agus ar riachtanais íocaíochta. Thairis sin, is é ár dtuairim go bhfuil rioscaí as cuimse do bhuiséad an Aontais ag gabháil leis an tSaoráid don Úcráin a cuireadh ar bun chun tacaíocht airgeadais i suim bhreise de €33 bhilliún a thabhairt don Úcráin in iasachtaí le haghaidh na tréimhse ó 2024 go dtí 2027, agus nach gá soláthar a dhéanamh don tsuim sin.

Tá an boilsciú ard in 2022 agus 2023 fós ag imirt tionchar ar bhuiséad an Aontais

Bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin ar an mboilsciú, is é ár meastachán go bhféadfadh buiséad an Aontais thart ar 13 % dá chumhacht cheannaigh a chailleadh faoi 2025, féach Fíor 15.

Fíor 15 – Athruithe ar chumhacht cheannaigh bhuiséad an Aontais (2020‑2025)

Foinse: CIE, bunaithe ar Eurostat agus ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch – Earrach 2024 an Choimisiúin.

A bhfuil molta againn

Chun an riosca go dtarlódh saoradh ó ghealltanas a mhaolú, molaimid don Choimisiún faireachán dlúth a dhéanamh ar an dul chun cinn i roghnú na n-oibríochtaí agus go ndéanfadh sé na bearta is gá a ghlacadh i ndáil le cláir atá i mbaol.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar Bhainistiú Buiséadach agus Airgeadais i gCaibidil 2 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

Torthaí a fháil ó bhuiséad an Aontais

Gach bliain, déanaimid anailís ar roinnt gnéithe a bhaineann le feidhmíocht agus na torthaí a bhaintear amach le buiséad an Aontais, a chuireann an Coimisiún chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit. I mbliana, clúdaíonn ár n-anailís:

  • torthaí agus príomhtheachtaireachtaí na dtuarascálacha speisialta maidir le feidhmíocht 2023 uainn, chomh maith le faisnéis ghaolmhar ón gCoimisiún agus ó na húdaráis bhuiséadacha agus reachtacha (Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh);
  • an chaoi a ndearna an Coimisiún tuairisciú ar fheidhmíocht le haghaidh Cheannteideal 4, ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’ (tá sé mar aidhm againn ceannteidil éagsúla CAI a scrúdú de réir uainíochta sna blianta ina dhiaidh sin);
  • cur chun feidhme na moltaí a rinneadh i dtuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais 2020 uainn;
  • cur chun feidhme na moltaí a rinneamar sna tuarascálacha speisialta a d’fhoilsíomar in 2020.

Príomhtheachtaireachtaí ó thuarascálacha speisialta 2023 uainn maidir le feidhmíocht

Scrúdaítear inár dtuarascálacha speisialta cé chomh maith is a bhí prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais curtha i bhfeidhm i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais. In 2023, d’fhoilsíomar 29 dtuarascáil speisialta a thug aghaidh ar an iliomad dúshlán atá roimh an Aontas ar fud réimsí éagsúla caiteachais agus beartas an Aontais. Tá sé de cheart ag ár n‑iniúchaithe freagraí a thabhairt ar ár mbarúlacha. I dtuarascálacha speisialta 2023 uainn, bhí 220 moladh maidir le raon leathan topaicí, agus iad sin dírithe ar an gCoimisiún go príomha, ar glacadh go hiomlán le 85 % díobh.

Tugann siad aghaidh ar chúig phríomhréimse straitéiseacha, eadhon: freagairt an Aontais ar théarnamh iar-ghéarchéime; iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a mhéadú chun tairbhe na saoránach go léir; teacht aniar ó bhagairtí ar shlándáil an Aontais agus urraim do luachanna Eorpacha na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta; an t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha; agus beartais fhioscacha agus an t-airgeadas poiblí san Aontas (féach Tábla 1).

Tábla 1 – Réimsí straitéiseacha CIE atá clúdaithe ag tuarascálacha speisialta in 2023

Freagairt AE ar an téarnamh iar-ghéarchéime
  • TS 02/2023: Rialacha an bheartais comhtháthaithe a oiriúnú chun freagairt do COVID‑19
  • TS 07/2023: Dearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF
  • TS 16/2023: Bainistíocht fiachais NGEU ag an gCoimisiún
  • TS 26/2023: Creat faireacháin feidhmíochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta
Iomaíochas
  • TS 03/2023: An margadh inmheánach leictreachais a chomhtháthú
  • TS 11/2023: Tacaíocht ón Aontas le haghaidh digiteáil sna scoileanna
  • TS 13/2023: Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe
  • TS 15/2023: Beartas tionsclaíoch an Aontais maidir le ceallraí
  • TS 27/2023: Scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche san Aontas
Athléimneacht agus Luachanna Eorpacha
  • TS 01/2023: Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19
  • TS 09/2023: Slabhraí soláthair táirgí talmhaíochta a áirithiú le linn COVID‑19
  • TS 10/2023: Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta
  • TS 14/2023: An clársceidealú don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda
  • TS 20/2023: Tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas
  • TS 21/2023: An Tionscnamh Spotsolais chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní
An t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha
  • TS 04/2023: An Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (+)
  • TS 08/2023: Iompar lastais idirmhódúil
  • TS 17/2023: An geilleagar ciorclach
  • TS 18/2023: Spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais
  • TS 19/2023: Iarrachtaí an Aontais le haghaidh ithir a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe
  • TS 22/2023: Fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta san Aontas Eorpach
  • TS 23/2023: Athstruchtúrú agus plandáil fíonghort san Aontas Eorpach
  • TS 24/2023: Cathracha cliste
  • TS 25/2023: Beartas dobharshaothraithe an Aontais Eorpaigh
  • TS 29/2023: Tacaíocht an Aontais do bhithbhreoslaí inbhuanaithe san iompar
Beartais fhioscacha agus airgeadais phoiblí
  • TS 05/2023: Mór-réimse airgeadais an Aontais
  • TS 06/2023: Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE
  • TS 12/2023: Maoirseacht an Aontais ar riosca creidmheasa na mbanc
  • TS 28/2023: Soláthar poiblí san Aontas Eorpach

Foinse: CIE.

Feidhmíocht na gclár faoi Cheannteideal 4 de CAI – ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’

Chun tuilleadh faisnéise a thabhairt maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais, i mbliana rinneamar anailís ar an bhfaisnéis feidhmíochta atá ar fáil maidir le ceannteideal roghnaithe de CAI. Dhíríomar isteach ar Cheannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha, agus ar an dá chiste seo a leanas: an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL) agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), a bhfuil an Beartas um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí agus an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim ann. Bíonn faisnéis feidhmíochta chuimsitheach le haghaidh cláir a fuair maoiniú faoi cheannteideal CAI ar fáil i dtreo agus tar éis dheireadh na clárthréimhse. Thugamar an méid seo a leanas faoi deara:

  • tá creat tuairiscithe feidhmíochta feabhsaithe ann don tréimhse CAI reatha;
  • tá faisnéis maidir le feidhmíocht le haghaidh CTIL agus CBCT sa tréimhse reatha gann agus léiríonn sé dul chun cinn mall go dtí seo;
  • léiríonn formhór na dtáscairí do thréimhse 2014‑2020 go bhfuil dul chun cinn maith déanta i dtreo a spriocanna a bhaint amach. Ní móide go léiríonn táscairí a mhéid ar thug na gníomhaíochtaí cistithe aghaidh ar riachtanais. Níl faisnéis leordhóthanach ann go fóill maidir le torthaí foriomlána na gclár, lena n-áirítear a mbarainneacht agus a n‑éifeachtúlacht;
  • ní raibh na príomhtháscairí feidhmíochta ar a leag an Coimisiún béim i TBBF 2022 maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí chomh cothrom is a bhí i gcás CTIL. Tugadh míniúcháin réasúnta sna ráitis maidir le feidhmíocht na gclár nuair nár baineadh amach na spriocanna go hiomlán, ach níor chuir an Coimisiún an méid ionchasach a bhainfear amach sa todhchaí san áireamh sa chuid dar teideal ‘An clár i mbeagán focal’.

Molaimid don Choimisiún an méid atá bainte amach iarbhír a chur i láthair sa chuid dar teideal ‘An clár i mbeagán focal’ den ráiteas maidir le feidhmíocht na gclár, seachas rudaí a d’fhéadfaí a bhaint amach sa todhchaí, agus a nochtadh ina TBBF cé acu príomhtháscairí feidhmíochta a bhí bunaithe ar fhoinsí a bhí éagsúil ó na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a bhí curtha isteach ag na Ballstáit.

Obair leantach ar na moltaí a rinneadh inár dtuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais – stádas ag deireadh 2020

Inár dtuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2020, bhí cúig mholadh a bhí dírithe chuig an gCoimisiún agus ar ghlac sé leo. Ní raibh trí cinn de na cúig mholadh a ndearnamar obair leantach ina dtaobh le cur chun feidhme go fóill tráth ár n‑athbhreithnithe leantaigh. As an dá mholadh eile, bhí ceann amháin curtha chun feidhme den chuid is mó ag an gCoimisiún agus bhí an ceann eile curtha chun feidhme go pointe áirithe.

Obair leantach ar na moltaí a rinneamar inár dtuarascálacha speisialta in 2020

Gach bliain, déanaimid athbhreithniú ar a mhéid a bhfuil gníomhaíocht déanta ag na hiniúchaithe mar fhreagairt ar ár moltaí trí bliana tar éis dúinn iad a dhéanamh. I mbliana, rinneamar anailís ar 195 mholadh ó gach ceann de na 26 thuarascáil speisialta a d’fhoilsíomar in 2020. Díobh sin, bhí 185 dírithe chuig an gCoimisiún agus bhí seacht gcinn díobh sin dírithe chuig an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a fheidhmíonn mar chomhpháirtíocht idir an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta. Cuireadh na 10 moladh eile faoi bhráid ghníomhaireachtaí díláraithe agus comhlachtaí eile an Aontais agus faoi bhráid na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne. Fuaireamar an méid seo a leanas:

  • d’fhan cion na moltaí ar ghlac ár n-iniúchaithe leo ar leibhéal ard, sa mhéid is gur glacadh go hiomlán le 80 % díobh agus gur glacadh go pointe áirithe le 13 %;
  • tháinig laghdú beag ó 70 % go 68 % ar an gcion de na moltaí a cuireadh chun feidhme go hiomlán nó den chuid is mó;
  • rinneadh 68 % de na moltaí a bhí dírithe chuig an gCoimisiún a chur chun feidhme go hiomlán nó den chuid is mó;
  • bhí 78 % de na moltaí a bhí dírithe chuig iniúchaithe eile curtha chun feidhme go hiomlán nó den chuid is mó;
  • tá méadú ar an gcion de na moltaí a cuireadh chun feidhme in am ó 38 % go 52 %. Cé gur tháinig feabhas ar thráthúlacht na ngníomhaíochtaí a rinne iniúchaithe chun aghaidh a thabhairt ar ár moltaí, níor fhill sé go fóill ar an leibhéal a bhí ann roimh phaindéim COVID‑19; agus
  • léiríonn moltaí a bhaineann le dearadh beartas nó clár an leibhéal is airde glactha, cur chun feidhme agus tráthúlachta

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar ‘Torthaí a fháil ó bhuiséad an Aontais’ i gCaibidil 3 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

Ioncam

€248.4 billiún

A raibh faoi iniúchadh againn

Rinne ár n-iniúchadh an taobh ioncaim de bhuiséad an Aontais a chlúdach, a mhaoiníonn caiteachas an Aontais. Rinneamar scrúdú ar phríomhchórais rialuithe roghnaithe le haghaidh acmhainní dílse a bhainistiú, agus ar shampla d’idirbhearta ioncaim.

Miondealú 2023 (*)

(*) Is é €248.4 billiún san iomlán atá in ioncam buiséid iarbhír an Aontais. Maidir leis an tsuim de €171.9 billiún sa ráiteas um fheidhmíocht airgeadais, déantar é sin a ríomh trí úsáid a bhaint as cuntasaíocht ar bhonn fabhraithe.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

Sheas ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN ó Bhallstáit do 39 % d’ioncam an Aontais in 2023, agus sheas acmhainní dílse bunaithe ar Cháin Bhreisluacha (CBL) do 9 %. Déantar ríomh ar na ranníocaíochtaí sin trí staidrimh mhaicreacnamaíoch agus meastacháin a sholáthraíonn na Ballstáit a úsáid. Tá acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) comhdhéanta de dhleachtanna custaim ar allmhairí atá bailithe ag na Ballstáit thar ceann an Aontais, agus sholáthair siad 9 % eile d’ioncam an Aontais.

Sholáthair an acmhainn dhílis atá bunaithe ar phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte 3 % d’ioncam an Aontais. Déantar ríomh air seo trí ráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar mheáchan na pacáistíochta plaistí neamh-athchúrsáilte a ghintear i ngach aon Bhallstát.

Maidir le hioncam a mhaoiníonn NextGenerationEU, a bhaineann le méideanna a fhaightear ar iasacht chun tacaíocht airgeadais nach bhfuil in-aisíoctha a thabhairt do na Ballstáit, bhí sé ag seasamh do 27 % d’ioncam an Aontais.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi iniúchóireacht Tionchar ag earráid ábharthach?
€248.4 billiún Níl – Saor ó earráid ábharthach in 2023

Tugann an fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán le tuiscint nach raibh an leibhéal earráide sna hidirbhearta ioncaim ábharthach. Bhí na córais chun an t-ioncam a bhainistiú a scrúdaíomar éifeachtach go ginearálta. Mar sin féin, bhí cuid de na gnéithe do bhainistiú OIN agus forchoimeádais CBT, pointí oscailte ADT ag an gCoimisiún, na príomhrialuithe inmheánacha ADT a ndearnamar measúnú orthu i mBallstáit áirithe, agus na córais chun iontaofacht agus inchomparáideacht na sonraí a áirithiú maidir leis an acmhainn dhílis atá bunaithe ar phlaisteach a ríomh éifeachtach go pointe áirithe.

Déanann moilleanna ó na Ballstáit difear d’obair fíorúcháin an Choimisiúin ar OIN, rud a chuireann moill ina sheal féin ar obair an Choimisiúin chun an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a fhíorú agus deireadh a chur leis na forchoimeádais. Méadaíonn sé éiginnteacht i mbuiséid náisiúnta agus an Aontais maidir le rannchuidiú atá bunaithe ar OIN. Níor ghearr an Coimisiún ús ar íocaíocht dhéanach nuair a tugadh aghaidh go pointe áirithe ar fhorchoimeádais tar éis an spriocdháta. Chuir sé sin deireadh leis an dreasacht do na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fad a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar fhorchoimeádais laistigh den spriocdháta.

Bhí laghdú ar líon na bhforchoimeádas CBL agus na bpointí oscailte ADT, ach tá saincheisteanna atá ann le fada fós gan réiteach. Is ann i gcónaí do laigí i gcuntasaíocht agus bainistiú ADT ag na Ballstáit.

Thugamar faoi deara go raibh easnaimh in iontaofacht agus inchomparáideacht na sonraí a úsáidtear chun an acmhainn dhílis atá bunaithe ar phlaisteach a ríomh. Inár dtuarascáil speisialta ar an bhfoinse ioncaim sin, thugamar faoi deara go raibh laigí sna sonraí a úsáideadh chun ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomh agus nach raibh dearbhú ann go bhfuil athchúrsáil á déanamh go hiarbhír ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach.

Ní dhearnadh dul chun cinn leordhóthanach i ndáil le roinnt gníomhaíochtaí ón bPlean Gníomhaíochta Custaim a chur chun feidhme. Tá líon suntasach gníomhaíochtaí ón bplean sin nasctha ag an gCoimisiún leis an togra maidir le hAthchóiriú Custaim. Is é ár dtuairim nach féidir cuid de na gníomhaíochtaí moillithe a dhúnadh go dtí go gcuirfear na forálacha gaolmhara den athbhreithniú atá beartaithe ar Chód Custaim an Aontais i bhfeidhm (a meastar a tharlóidh ó 2028 ar aghaidh).

Thugamar faoi deara freisin nach ndearna an Coimisiún obair leantach leordhóthanach ar chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán riosca airgeadais ag na Ballstáit. Mar a thuairiscíomar roimhe seo, cruthaíonn an easpa comhchuibhithe ar fud an Aontais ar na critéir agus caighdeáin sin riosca don Aontas Custaim ina iomláine toisc go bhféadfadh oibritheoirí díriú fós ar phointí iontrála an Aontais ag a bhfuil leibhéil níos ísle rialuithe.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • ús ar íocaíochtaí déanacha a ghearradh ar na Ballstáit nuair nach dtugtar aghaidh go hiomlán ar fhorchoimeádais OIN faoin spriocdháta; agus
  • an dul chun cinn atá tuairiscithe ag Ballstáit a fhíorú agus na príomhghnéithe de na critéir agus caighdeáin airgeadais atá le cur chun feidhme a shainaithint.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar ‘Ioncam an Aontais’ i gCaibidil 4 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

Iomlán: €25.3 billiún (13.2 % de chaiteachas buiséid AE)

A raibh faoi iniúchadh againn

Tá na cláir a mhaoinítear faoi ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ ilghnéitheach agus tá sé mar aidhm leo maoiniú a dhéanamh ar thionscadail a rannchuidíonn, i measc nithe eile, le taighde agus nuálaíocht, le forbairt a dhéanamh ar bhonneagar Eorpach sna hearnálacha iompair, fuinnimh agus digiteacha, le córais chumarsáide, leis an gclaochlú digiteach agus an margadh aonair, agus leis an mbeartas spáis. Is iad ‘Fís 2020’, agus a chomharba ‘Fís Eorpach’, na príomhchláir le haghaidh taighde agus nuálaíocht i gcónaí, cé nach seasann Fís Eorpach ach do chion an-bheag dár bpobal iniúchóireachta do 2023.

Faoin gceannteideal seo de CAI, maoinítear freisin tionscadail mhóra bonneagair, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) agus na cláir spáis, lena n-áirítear Galileo, Breis‑seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus Copernicus – Clár an Aontais um Fhaire na Cruinne. Áirítear ann an ciste ‘InvestEU’, a thairbhíonn freisin, in éineacht le Fís Eorpach, de chistiú breise ó NextGenerationEU (NGEU).

Miondealú ar íocaíochtaí 2023 de réir cistí

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

I gcás 2023, bhí €15.5 billiún faoi réir iniúchóireachta sa réimse seo. Maidir le formhór an chaiteachais, is é an Coimisiún, lena n-áirítear trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, a dhéanann iad a bhainistiú go díreach, agus is i bhfoirm deontais chuig tairbhithe poiblí nó príobháideacha a bhíonn rannpháirteach i dtionscadail a dhéantar é sin. Soláthraíonn an Coimisiún réamh-mhaoiniú do thairbhithe nuair a shínítear comhaontú deontais agus athchistíonn sé na costais a ghabhann le cistiú ón Aontas ina dhiaidh sin, glan ar an réamh-mhaoiniú. Is iondúil gur go hindíreach a dhéantar na cláir spáis a bhainistiú ar bhonn comhaontuithe tarmligin agus comhaontuithe ranníocaíochta arna síniú idir an Coimisiún agus na comhlachtaí cur chun feidhme atá tiomnaithe don chlár (amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis). Is é an Banc Eorpach Infheistíochta nó an Ciste Eorpach Infheistíochta a dhéanann ionstraimí airgeadais InvestEU a chur chun feidhme go príomha, agus baineann siadsan úsáid as idirghabhálaithe airgeadais.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€15.5 billiún 3.3 % (2022: 2.7 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide in ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ ábharthach. In 2023, bhí tionchar ag earráidí ar 39 (31 %) de na 127 n‑idirbheart a scrúdaíomar.

Tá riosca ard ag gabháil i gcónaí le caiteachas Fís 2020 agus is ansin is mó a bhraithimid earráidí. Fuaireamar earráidí inchainníochtaithe a bhí ag baint le costais neamh-incháilithe i 30 as na 97 n-idirbheart taighde agus nuálaíochta sa sampla, agus bhí ceann acu i bhFís Eorpach. Seasann sé sin do 71 % dár meastachán ar an leibhéal earráide don cheannteideal seo in 2023.

I gcás cláir agus gníomhaíochtaí eile, bhraitheamar earráidí inchainníochtaithe i bpéire de na 30 idirbheart sa sampla, ar bhain an dá cheann acu le tionscadail CEF. Baineann ceann acu sin le sárú tromchúiseach ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais, rud a d’fhág go ndearnadh an conradh a dhámhachtain ar chuibhreannas nár chomhlíon na critéir roghnúcháin.

Tar éis 9 mbliana de chur chun feidhme chlár ‘Fís 2020’, tá ríomh na gcostas pearsanra fós mar mhórfhoinse earráide sna héilimh ar chostais. As na 30 idirbheart a raibh earráidí inchainníochtaithe ag gabháil leo inár sampla d’idirbhearta taighde, bhí tionchar ag cur i bhfeidhm mícheart na modheolaíochta chun costais phearsanra a ríomh i gceist le 22 díobh i.e. thart ar 73 %.

Áirítear an méid seo a leanas sna hearráidí eile a bhaineann le costais phearsanra: ríomh mícheart ar rátaí in aghaidh uaire in ‘Fís 2020’; ríomh mícheart ar rátaí in aghaidh an lae le haghaidh deontais ó Fhís Eorpach; agus sáruithe ar riail na huasteorann dúbailte. Fuaireamar earráidí freisin a bhaineann le costais dhíreacha neamh-incháilithe eile.

Sampla d’earráidí iomadúla in éileamh costais aonair

Dhearbhaigh tairbhí idir-rialtasach poiblí sa Fhrainc costais le haghaidh pearsanra agus seirbhísí eile. I gcás fostaí amháin, chuir an tairbhí bónas san áireamh sna costais nach raibh bunús dlí ná doiciméadacht tacaíochta leis. I gcás fostaí eile, chuir an tairbhí líon mícheart uaireanta táirgiúla i bhfeidhm, rud a d’fhág go raibh ráta in aghaidh na huaire ann a bhí níos mó ná mar ba cheart dó a bheith. Thairis sin, agus costais le haghaidh seirbhísí eile á ndearbhú, chuir an tairbhí méideanna CBL san áireamh, cé go bhféadfadh údarás cánach na Fraince an eagraíocht a aisíoc.

Ceann de na straitéisí chun borradh a chur faoi thaighde Eorpach is ea méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, go háirithe tairbhithe nua agus FBManna. B’ionann FBManna agus 11 % den sampla (14 as 127 n-idirbheart) ach sheas siad do 25 % den ráta earráide measta. Anuas air sin, fuaireamar earráidí sna héilimh ar chostais a rinne ceithre cinn de na 12 nuatheachtaí a ndearnamar iniúchóireacht orthu, a raibh péire díobh ina FBManna freisin. Tugann na torthaí sin le tuiscint go bhfuil claonadh níos mó chun earráide in FBManna agus tairbhithe nua ná mar atá i dtairbhithe eile, faoi mar atá sa chonclúid freisin in iniúchtaí an Choimisiúin agus i dtuarascálacha bliantúla roimhe seo uainne.

Córas rialaithe ex ante CINEA le haghaidh deontais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa in earnáil an iompair agus in earnáil an fhuinnimh

Tá an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) freagrach as clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) le haghaidh iompair agus fuinnimh a chur chun feidhme. Tá dhá chlárthréimhse ar siúl faoi láthair, i.e. SCE1 (2014‑2020) agus SCE2 (2021‑2027).

Rinneamar athbhreithniú ar na straitéisí rialaithe ex ante do SCE1 agus SCE2 agus ar an bhfeabhas a rinneadh idir SCE1 agus SCE2. Tá dearadh an dá straitéis bunaithe ar anailís fhónta ar rioscaí agus ar neamhrialtachtaí roimhe seo. Níl sé i gceist ag CINEA, áfach, aon seiceálacha cuimsitheacha a dhéanamh ar an bpróiseas soláthair phoiblí le haghaidh tionscadail SCE2 i gcásanna áirithe. Measaimid go bhféadfadh sé sin an leibhéal dearbhaithe a sholáthraítear leis na rialuithe ex ante a laghdú.

Tá cur chuige samplála na straitéisí rialaithe ex ante le haghaidh SCE1 agus SCE2 léirithe i gceart sna treoirlínte comhfhreagracha. Mar sin féin, níl na treoirlínte maidir leis an bpróiseas soláthair phoiblí mionsonraithe go leor toisc nach dtugtar tuairisc iontu ar mhéid na seiceálacha atá le déanamh ar na samplaí.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí ón gCoimisiún agus comhshocraithe rialachais eile

Bhí na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí a scrúdaíomar (ó AS RTD agus HaDEA) ina léiriú ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil sna hArdstiúrthóireachtaí/Gníomhaireachtaí lena mbaineann, agus bunaithe orthu sin, tugann siad measúnú ceart ar an mbainistíocht airgeadais i ndáil le rialtacht na n-idirbheart bunúsach a bhaineann le caiteachas CAI1.

Is é 1.4 % an riosca measta ag tráth na híocaíochta atá curtha i láthair ag an gCoimisiún in TBBF 2023. Tá an céatadán sin sa chuid íochtarach den raon don leibhéal earráide measta atá againne, agus tá sé faoi bhun an leibhéil ábharthachta. Dá bhrí sin, is é ár dtuairim, in ainneoin na mbeart atá déanta cheana féin ag an gCoimisiún, go bhfuil an ráta sin atá tugtha fós níos ísle ná mar atá sé ó cheart.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • comhlíontacht na dtairbhithe maidir le rialacha rátaí laethúla a fheabhsú;
  • soiléireacht a áirithiú i ndoiciméid Fís Eorpach; agus
  • na treoirlínte a fhorbairt maidir le rialuithe ex ante ar an bpróiseas soláthair phoiblí le haghaidh tionscadail SCE.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ i gCaibidil 5 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

Iomlán: €73.3 billiún (38.4 % de chaiteachas buiséid AE)

A raibh faoi iniúchadh againn

Díríonn an caiteachas faoin gceannteideal seo ar éagothromaíochtaí forbartha idir na Ballstáit agus na réigiúin éagsúla den Aontas a laghdú (fo-cheannteideal 2a), agus ar ghníomhaíochtaí chun tacú le luachanna an Aontais agus chun iad a chosaint, ionas go mbeidh an tAontas níos athléimní agus é ag dul i ngleic le dúshláin atá anois ann agus a bheidh ann amach anseo (fo‑cheannteideal 2b).

Miondealú ar íocaíochtaí 2023 de réir cistí

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

Tá cistí an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CC agus CSE) ag seasamh d’fhormhór an chaiteachais, ina roinntear bainistiú na gcistí idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ach gur ar an gCoimisiún faoi dheoidh atá an fhreagracht as buiséad an Aontais a chur chun feidhme. Cómhaoiníonn an tAontas cláir oibríochtúla (COnna) ilbhliantúla nó gníomhaíochtaí, lena dtugtar cistiú do thionscadail. Tá ról ríthábhachtach ag údaráis iniúchóireachta na mBallstát i dtaca leis an gcreat rialaithe agus dearbhaithe le haghaidh chaiteachas 2014‑2020 faoin mbainistíocht chomhroinnte. Sa Choimisiún, tá Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) freagrach as CFRE agus CC a chur chun feidhme, agus tá an Ard‑Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) freagrach as CSE. Bíonn cistiú an Aontais do chláir nach bhfuil faoi bhainistíocht chomhroinnte á mbainistiú go díreach ag ASanna an Choimisiúin, nó go hindíreach le tacaíocht ó eagraíochtaí comhpháirtíochta nó ó údaráis eile.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€60.2 billiún 9.3 % (2022: 6.4 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide in ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ ábharthach.

Tá sé sin bunaithe ar ár n-iniúchadh ar 238 n-idirbheart, inar shainaithníomar agus inar chainníochtaíomar 49 n-earráid nár bhraith na húdaráis iniúchóireachta nó nár cheartaigh siad go leordhóthanach. Áirítear inár meastachán freisin torthaí na n-údarás iniúchóireachta, a thuairiscigh 52 earráid sna hidirbhearta céanna. Agus muid ag teacht ar ár meastachán, chuireamar san áireamh na ceartúcháin a chuir údaráis an chláir i bhfeidhm (luach iomlán €337 milliún).

Tá ár meastachán ar an ráta earráide go suntasach thar an tairseach ábharthachta 2 % arís i mbliana. Tugaimid ar aire gur chuir roinnt tosca brú breise ar riaracháin na mBallstát agus gur mhéadaigh siad an riosca maidir lena n-acmhainneacht chun a áirithiú go raibh an caiteachas rialta. Áirítear ar na tosca sin na hacmhainní suntasacha breise REACT-EU atá á gcur ar fáil, agus dáta deiridh an 31 Nollaig 2023 don tréimhse incháilitheachta faoi bheartas comhtháthaithe 2014‑2020, a bhfuil forluí ann le blianta beaga anuas le tréimhse incháilitheachta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF).

Is tionscadail neamh-incháilithe is mó a rannchuidigh lenár leibhéal earráide measta.

Sampla de thionscadal a maoiníodh cé nach raibh sé incháilithe

Fuair cuideachta phríobháideach sa tSeicia maoiniú CFRE chun trealamh nua TF a cheannach d’fhonn díolacháin agus iomaíochas a mhéadú. Leis an nglao, ceanglaíodh ar iarratais cur síos leordhóthanach a thabhairt ar mhíreanna tionscadail aonair agus údar a thabhairt lena nasc le gníomhaíochtaí an tionscadail, nó mar a ndéanfaí amhlaidh go bhféadfaí iad a eisiamh.

Fuaireamar amach nach ndearna an chuideachta cur síos leordhóthanach ar an trealamh TF a bhí le ceannach ina feidhmchlár tionscadail, ná nár thug sí údar leordhóthanach leis. Thairis sin, ní raibh baint dhíreach ag formhór an trealaimh le gníomhaíochtaí an tionscadail, ná níor chomhlíon sé critéar ‘barainneachta’ an tionscadail. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás bainistíochta an t-iarratas ar thionscadal a eisiamh ó chistiú. Measaimid go bhfuil an tionscadal neamh-incháilithe dá bharr.

Thairis sin, léirigh ár gcuairt ar an láthair nár úsáid an tairbhí cuid den trealamh nuacheannaithe, ach gur úsáid a fhochuideachta é nach raibh incháilithe do chistiú tríd an nglao a eisíodh faoin gclár a bhí i gceist. Dá bhrí sin, measamar go raibh na costais a bhaineann leis an trealamh a d’úsáid an fhochuideachta neamh-incháilithe.

Bhí costais neamh-incháilithe agus sáruithe ar rialacha soláthair phoiblí ina rannchuiditheoirí mór freisin lenár leibhéal earráide measta.

Sampla de shárú ar na rialacha soláthair phoiblí

San Ungáir, fuair cuibhreannas ina bhfuil trí eintiteas (an tairbhí) deontas chun cúnamh dlí saor in aisce a sholáthar d’fhostaithe agus d’fhostóirí i ndáil le dlí an tsaothair agus saincheisteanna eile dlí agus gnó.

Sheol an tairbhí nós imeachta oscailte soláthair phoiblí ar dtús mar gheall go raibh an méid a bhí ag gabháil leis an deontas thar thairseach an Aontais. Tháinig an comhlacht rialaithe náisiúnta maidir le soláthar poiblí ar an gconclúid go bhféadfadh sé gur chuir iompar an tairgeora isteach ar an iomaíocht go neamhdhleathach, áfach, agus dá bhrí sin thug sé tuairim dhiúltach faoin nós imeachta. Ina dhiaidh sin, roinn an tairbhí an conradh tosaigh i líon conarthaí ar luach íseal. Bhí gach conradh leis féin faoin tairseach a leagadh síos le Treoir Soláthair Phoiblí an Aontais, agus dá thoradh air sin, rinne an tairbhí conarthaí trí nósanna imeachta um dhámhachtain díreacha, seachas trí thairiscint oscailte. Dhámhachtain an tairbhí ceann amháin de na conarthaí sin le tairgeoir a bhí bainteach leis an gclaonpháirteachas amhrasta sa nós imeachta tairisceana tosaigh.

Measaimid go bhfuil an caiteachas a bhaineann leis na conarthaí sin neamh-incháilithe toisc nach bhfuil nós imeachta soláthair phoiblí ann a chomhlíonann Treoir Soláthair Phoiblí an Aontais.

Measúnú ar obair na n-údarás iniúchóireachta

Is iad na húdaráis bhainistíochta an ‘chéad líne chosanta’. Tá rialú éifeachtach ag na húdaráis bhainistíochta sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí an creat dlíthiúil agus freisin chun a bhfeidhmíocht a áirithiú. Léiríonn torthaí ár n-iniúchta le 7 mbliana anuas nach bhfuil na rialuithe sin éifeachtach go leor go fóill. Is iad na húdaráis iniúchóireachta an ‘dara líne chosanta’ agus fíoraíonn siad, ar bhonn samplach, rialtacht an chaiteachais atá dearbhaithe ag na húdaráis bhainistíochta don Choimisiún. Ní mór dóibh a bheith neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis bhainistíochta.

Rinneamar measúnú ar obair 19 n-údarás iniúchóireachta as na 116 i 13 Bhallstát agus sa Ríocht Aontaithe. Cuimsíodh inár sampla 29 bpacáiste dearbhaithe. I ngach cás seachas ceithre cinn, thuairiscigh na húdaráis iniúchóireachta ráta earráidí iarmharacha arbh ionann é agus 2 % nó a bhí faoina bhun. Agus na hearráidí a bhraith an Coimisiún agus ár bhfionnachtana iniúchóireachta féin á gcur san áireamh, léiríonn ár gcuid oibre ar shampla na bliana seo go raibh an ráta earráidí iarmharacha os cionn 2 % i 16 de na 29 bpacáiste dearbhaithe a ndearnadh iniúchadh orthu.

D’aimsíomar cineálacha éagsúla laigí in obair na 19 n-údarás iniúchóireachta uile a ndearnamar iniúchóireacht orthu. Faoi mar a bhí an scéal in 2022, rinne na laigí sin difear do níos mó ná leath na n-idirbheart a scrúdaíomar. D’fhéadfadh na húdaráis iniúchóireachta na hearráidí a fuaireamar sna hidirbhearta sin a bhrath nuair a rinne siad a seiceálacha, agus ba cheart dóibh na hearráidí sin a bhrath. Laghdaíonn sé sin a mhéid is féidir leis an gCoimisiún brath ar thorthaí a chuid oibre.

Easnaimh leanúnacha i gcórais bhainistíochta agus rialaithe

Nuair a chuirtear san áireamh torthaí iniúchtaí an Choimisiúin féin agus ár dtorthaí ar 49 n‑earráid nár braitheadh agus na laigí iomadúla in obair na n-údarás iniúchóireachta, táimid tagtha ar an gconclúid, ag deireadh na tréimhse incháilitheachta (31 Nollaig 2023), nach bhfuil gach ceann de chórais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát ag feidhmiú go héifeachtach. Ós rud é go ndéanann an Coimisiún – mar an tríú líne chosanta – a chuid measúnuithe a bhunú ar líon teoranta rialuithe iontaofa a dhéantar ar bhonn náisiúnta, déantar difear freisin d’iontaofacht rátaí earráide an Choimisiúin. Taispeánann sé sin gur féidir leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanann siad a gcuid seiceálacha ar chaiteachas faoin gComhtháthú.

Dúnadh chláir 2007‑2013 agus 2014‑2020

Faoi dheireadh 2023, le haghaidh dhúnadh thréimhse 2007‑2013, bhí clár amháin faoi AS REGIO agus thrí chlár faoi AS EMPL fós go hiomlán oscailte.

Tá éiginnteachtaí ann maidir le dúnadh chlárthréimhse 2014‑2020. Ba é an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2023 a bhí i gceist mar thréimhse incháilitheachta don chaiteachas comhtháthaithe, agus rinneadh an spriocdháta do na Ballstáit chun a ndearbhú caiteachais deiridh a chur isteach a fhadú le déanaí go dtí lár 2025. Do thréimhse 2014‑2020, is ar na doiciméid a bhaineann leis an mbliain chuntasaíochta deiridh agus leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, agus orthu sin amháin, a bheidh dúnadh na gclár bunaithe. Thuairiscigh an Coimisiún go raibh dhá CO 2014‑2020 dúnta in 2023. Fuaireamar sa dá chás, áfach, go raibh an chumarsáid maidir le socrú na méideanna ar glacadh leo fós ar siúl in 2024.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • obair leantach thráthúil a dhéanamh ar na laigí uile i gcórais bhainistithe agus rialaithe na mBallstát a shainaithníomar agus ar thugamar tuairisc orthu i ndréachtú ár ráitis dearbhaithe do thréimhse 2014‑2020 atá ag críochnú suas;
  • in éineacht leis na húdaráis iniúchóireachta, na príomhcheachtanna a foghlaimíodh a shainaithint agus iad a chur i bhfeidhm ar na socruithe do thréimhse 2021‑2027, agus na gníomhaíochtaí is gá agus tacú le dea-chleachtais a chur in iúl d’údaráis chláir na mBallstát;
  • láimhseáil chomhchuibhithe neamhrialtachtaí soláthair phoiblí a bhunú do thionscadail a mhaoinítear faoin mbainistíocht dhíreach agus faoin mbainistíocht chomhroinnte araon, amhail tionscadail arna maoiniú ag SCE agus CFRE araon. Ba cheart an measúnú céanna agus an ráta ceartúcháin céanna a bheith mar thoradh ar neamhrialtachtaí a eascraíonn as sárú ar na forálacha dlíthiúla céanna;
  • a áirithiú go mbunóidh na Ballstáit próiseas chun seiceáil chórasach a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha tar éis na híocaíochta, trína bhfuil gealltanas tugtha ag an tairbhí táscairí feidhmíochta a bhaint amach atá nasctha le gníomhaíochtaí a dhéanfar tar éis chur chun feidhme an tionscadail; agus
  • nósanna imeachta mionsonraithe maidir le dúnadh a mhionsaothrú chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá sainaitheanta inár dtuarascálacha bliantúla, trí chóras faireacháin ar dhúnadh a bhunú chun stádas gach CO 2014‑2020 a rianú, chomh maith leis na méideanna a dúnadh iarbhír le linn na bliana agus go carnach, na méideanna atá fós oscailte, agus na gníomhaíochtaí atá fós ar feitheamh lena ndúnadh; agus an fhaisnéis sin a nochtadh sna TBGanna. Ba cheart saoradh ó ghealltanas i gcás cistí gan íoc i gcuntais an Choimisiúin a bheith san fhaisnéis sin maidir le dúnadh 2014‑2020 freisin.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ i gCaibidil 6 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

Acmhainní nádúrtha

Iomlán: €59.5 billiún (31.1 % de chaiteachas buiséid AE)

A raibh faoi iniúchadh againn

Clúdaíonn an réimse caiteachais seo an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), an comhbheartas iascaigh, agus cuid de chaiteachas an Aontais don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide.

Tá talmhaíocht agus forbairt tuaithe ag seasamh do 97 % de chaiteachas an Aontais ar ‘Acmhainní nádúrtha agus an Comhshaol’ agus cuirtear é sin chun feidhme trí CBT, a bhfuil trí chuspóir ghinearálta aige:

  • táirgeadh inmharthana bia agus béim ar an ioncam talmhaíochta, ar tháirgiúlacht talmhaíochta agus ar chobhsaíocht na bpraghsanna;
  • acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, le béim ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar an mbithéagsúlacht, ar ithir agus ar uisce;
  • forbairt chríochach ar mhodh cothrom.

Miondealú ar íocaíochtaí 2023 de réir cistí

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

Cé gur le hArd-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AS AGRI) sa Choimisiún a luíonn an fhreagracht deiridh as CBT, comhroinneann sé bainistiú an chomhbheartais sin le gníomhaireachtaí íocaíochta sna Ballstáit. Ó 2015 i leith, tá comhlachtaí deimhniúcháin neamhspleácha sna Ballstáit ag soláthar tuairimí bliantúla maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas na ngníomhaireachtaí íocaíochta.

Clúdaíonn an ceannteideal seo de CAI caiteachas an Aontais ar an mbeartas muirí agus iascaigh a mhaoinítear leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), faoi fhreagracht Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (AS MARE), agus clár LIFE don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide faoi fhreagracht Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (AS ENV), na hArd-Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide (AS CLIMA) agus Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (AS ENER).

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€58.6 billiún 2.2 % (2022: 2.2 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide i gCeannteideal 3 de CAI ábharthach.

As na 218 n-idirbheart a scrúdaíomar, bhí earráidí i 56 (26 %) díobh. Bunaithe ar na 37 earráid atá cainníochtaithe againn, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide do Cheannteideal 3 de CAI ag 2.2 %.

Tugann ár dtorthaí le tuiscint nach raibh an leibhéal earráide ábharthach i gcás íocaíochtaí díreacha, atá ag seasamh do 66 % den chaiteachas faoin gceannteideal seo de CAI, agus go raibh sé ábharthach fós i gcás na réimsí caiteachais eile ar an iomlán (forbairt tuaithe, bearta margaidh, an réimse muirí, iascaigh, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide), atá ag seasamh do 34 % den chaiteachas.

Is in idirbhearta forbartha tuaithe a bhí an líon ba mhó d’earráidí cainníochtaithe a fuaireamar (16). Fuaireamar 15 earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí díreacha, trí cinn i mbearta margaidh, agus trí cinn i gcaiteachas neamh-CBT. Ba í an phríomhfhoinse don leibhéal earráide measta ná tairbhithe, gníomhaíochtaí, tionscadail nó caiteachas nach raibh incháilithe.

Bhí bearta ceartaitheacha curtha i bhfeidhm ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún a rinne difear díreach do 39 de na hidirbhearta inár sampla. Bhí na bearta sin ábhartha dár ríomhanna, mar go ndearna siad laghdú de 0.5 pointe céatadáin ar an leibhéal earráide a bhí measta againn don chaibidil seo. I 30 cás d’earráidí inchainníochtaithe, bhí faisnéis leordhóthanach ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún chun an earráid a chosc, nó a bhrath agus a cheartú, sular glacadh leis an gcaiteachas. Dá mba rud é go mbeadh úsáid cheart bainte ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún as an bhfaisnéis go léir a bhí ar fáil dóibh, bheadh an leibhéal earráide measta don chaibidil seo 1.0 pointe céatadáin níos ísle.

Íocaíochtaí díreacha

Sna 88 n-idirbheart íocaíochta dírí a thástálamar, fuaireamar 15 earráid inchainníochtaithe, agus tháinig ocht gcinn díobh sin ó fheirmeoirí a bheith ag rá go raibh limistéar incháilithe de thalamh talmhaíochta acu a bhí níos mó ná mar a bhí acu dáiríre, nó ó íocaíochtaí a bhí ríofa go mícheart. I gcás amháin, rinne tairbhí an chaidhp ar an uasmhéid tacaíochta is infhaighte a sheachaint trí roinnt cuideachtaí a chur ar bun le bheith in ann níos mó ná iarratas amháin a dhéanamh ar thacaíocht ón Aontas.

Sampla de ródhearbhú ar limistéar incháilithe

Sa Liotuáin, bhí limistéar incháilithe cinntithe de 15.02 ha ag tairbhí dá ghabháltas. Le linn ár gcuairte ar an láthair, dhearbhaíomar an limistéar cinntithe, seachas dáileacht amháin (áit nár chomhlíon an tairbhí na híoscheanglais toisc go raibh an fásra imithe i bhfiántas i gcuid de). Mar thoradh ar an tomhas, bhí laghdú 1.64 ha ar limistéar incháilithe na dáileachta, arb ionann é agus earráid inchainníochtaithe os cionn 10 % d’achar foriomlán an ghabháltais. Taispeánann an grianghraf ón aer an limistéar atá imithe i bhfiántas ar an dáileacht a fuaireamar le linn ár gcuairte ar an láthair.

Forbairt tuaithe, bearta margaidh agus íocaíochtaí eile

Scrúdaíomar na nithe seo a leanas:

  • 59 íocaíocht forbartha tuaithe bunaithe ar limistéir nó ainmhithe a dhearbhaigh feirmeoirí, lena n-áirítear íocaíochtaí ar ghealltanais agra-chomhshaoil-aeráide shonracha a chomhlíonadh; íocaíochtaí cúitimh d’fheirmeoireacht orgánach; íocaíochtaí le feirmeoirí i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu agus cúiteamh as a bheith ag feirmeoireacht i limistéir atá cosanta ag Natura 2000. As na híocaíochtaí sin, bhí earráidí le fáil i 19 acu, agus b’earráidí inchainníochtaithe iad 13 acu a bhain le ródhearbhú ar limistéir incháilithe;
  • 49 n-íocaíocht forbartha tuaithe a rinneadh le tionscadail infheistíochta, amhail infheistíochtaí i sócmhainní fisiciúla, cabhair do ghnólachtaí nuathionscanta d’fheirmeoirí óga, agus bainistíocht rioscaí (árachas). Rinneamar earráidí a chainníochtú i dtrí íocaíocht mar thoradh ar chaiteachas nó gníomhaíochtaí a bheith dearbhaithe ag tairbhithe nach raibh ag comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta;
  • 14 idirbheart do bhearta sna margaí, agus fuaireamar trí chás ina raibh costais neamh-incháilithe athchistithe ag gníomhaireachtaí íocaíochta;
  • ocht n-idirbheart sna réimsí muirí, iascaigh, comhshaoil agus gníomhaíochta ar son na haeráide, agus fuaireamar trí earráid inchainníochtaithe sna hidirbhearta faoin mbainistíocht dhíreach faoi chlár LIFE maidir leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide.

Sampla de thacaíocht d’fheirmeoireacht orgánach olóige

Sa Spáinn, d’éiligh táirgeoir beag olóige tacaíocht faoi bheart forbartha tuaithe 11 don fheirmeoireacht orgánach. Chuir an tacaíocht ar chumas an táirgeora garráin olóige le crainn olóige a bhí an-sean a chaomhnú, agus ológa a tháirgeadh gan leasachán ná lotnaidicíd ar dháileachtaí a raibh ceann le fána iontu, áit nárbh fhéidir meaisíní a úsáid chun na hológa a shaothrú. Le linn ár n-iniúchta, dhearbhaíomar gur chloígh an tairbhí leis na coinníollacha incháilitheachta. Taispeánann an grianghraf ceann de na garráin olóige.

Faisnéis a bhailítear maidir le córais tuairiscithe feidhmíochta CBT nua

Is gné lárnach den tsamhail seachadta nua atá bunaithe ar fheidhmíocht le haghaidh CBT 2023‑2027 atá i dtabhairt isteach tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht (TBF). Chun bheith incháilithe do thacaíocht ón Aontas, ní mór caiteachas dearbhaithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta faoina bpleananna straitéiseacha CBT a mheaitseáil le haschur tuairiscithe atá ag freagairt dó sin. Seiceálann an Coimisiún cé chomh mór is atá an caiteachas fógartha ag freagairt d’aschuir. Scrúdaíomar an dul chun cinn atá déanta ag gníomhaireachtaí íocaíochta na Bulgáire, na Cróite agus na Gréige maidir le tuairisciú feidhmíochta bliantúil a fhorbairt agus maidir leis an gcur chuige atá acu ó thaobh a gcórais TBF a chur chun feidhme.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocruithe rialachais eile

Rinne AS AGRI, agus obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin agus a iniúchtaí féin á gcur san áireamh aige, an ‘méid measta faoi riosca ag tráth na híocaíochta’ a ríomh ag €1 064 mhilliún, i.e. thart ar 1.9 % de chaiteachas iomlán CBT in 2023. Is é an meastachán a rinne AS AGRI den riosca ag tráth na híocaíochta (ráta earráide coigeartaithe) ná thart ar 1.5 % le haghaidh íocaíochtaí díreacha, 2.8 % le haghaidh forbairt tuaithe agus 2.3 % le haghaidh bearta sna margaí.

Rinneamar athbhreithniú teoranta freisin ar an bhfaisnéis maidir le rialtacht sa tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ó AS ENV. Thugamar faoi deara go raibh an mhodheolaíocht chun an riosca a ríomh ag tráth na híocaíochta agus ag tráth an dúnta do AS AGRI agus AS ENV ag luí le treoirlínte an Choimisiúin.

Is é meastachán an Choimisiúin don riosca ag tráth na híocaíochta le haghaidh ‘Acmhainní nádúrtha’, de réir mar atá curtha i láthair ina TBBF, ná 1.9 %.

A bhfuil molta againn

I bhfianaise na freagrachta atá ar na Ballstáit chun tacaíocht ioncaim a dhíriú orthu siúd is mó a bhfuil gá acu léi, molaimid don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht bhearta na mBallstát chun íocaíochtaí díreacha d’fheirmeacha móra a theorannú.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘Acmhainní nádúrtha’ i gCaibidil 7 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha, Slándáil agus Cosaint

Iomlán: €4.1 billiún (2.1 % de chaiteachas buiséid AE)

A raibh faoi iniúchadh againn

I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na himirce agus an bhainistithe teorainneacha le blianta beaga anuas, tá Ceannteideal 4 de CAI 2021‑2027 bunaithe go sonrach ag an Aontas do na réimsí beartais sin.

Bhí cion suntasach den chaiteachas sa réimse seo in 2023 fós ag baint le tionscadail a chur i gcrích agus le scéimeanna atá fós le críochnú ó CAI 2014‑2020.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha: Miondealú ar íocaíochtaí 2023 de réir cistí

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais.

Ar an gcaoi sin, tagann an chuid is mó den chaiteachas gaolmhar ó fhoirceannadh an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) do 2014‑2020, agus ó chistiú a chur i gcrích ón gCiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí (ISF-BV). In CAI 2021‑2027, rinneadh na cistí sin ó 2014‑2020 a ionadú, faoi seach, le AMIF nua agus leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (BMVI) a thagann faoin gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha.

Réimse caiteachais eile atá suntasach do Cheannteideal 4 de CAI is ea cistiú gníomhaireachtaí díláraithe (an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA)).

Slándáil agus cosaint: Miondealú ar íocaíochtaí 2023 de réir cistí

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais.

In CAI 2021‑2027, tá Ceannteideal 5 dírithe ar shlándáil agus cosaint. Áirítear sa chomhchuid ‘slándáil’ na nithe seo a leanas: cistiú ón gCiste Slándála Inmheánaí (CSI) le haghaidh 2021‑2027 agus críochnú tionscadal agus scéimeanna a chistítear ón gCiste Slándála Inmheánaí – Ionstraim Phóilíneachta (CSI-P) le haghaidh 2014‑2020, a bhí ina chion suntasach den chaiteachas sa réimse sin in 2023. Áirítear sa chomhchuid sin freisin cistiú do dhíchoimisiúnú núicléach sa Bhulgáir, sa Liotuáin agus sa tSlóvaic, agus cistiú le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais i réimse na slándála (Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL)). Áirítear leis an gcomhchuid ‘cosaint’ an Ciste Eorpach Cosanta, a thacaíonn le tionscadail chomhoibritheacha cosanta ag gach céim den taighde agus forbairt. Tacaíonn an chomhchuid sin freisin leis an tsoghluaisteacht mhíleata trí bhuiséad tiomnaithe laistigh den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus baineann sé le stráicí den Ghréasán Tras-Eorpach Iompair a oiriúnú chun críocha dé-úsáide sibhialta agus míleata.

Tá an bhainistíocht ar an gcuid is mó de chistiúchán AMIF agus ISF le haghaidh 2014‑2020, agus an chuid is mó de chistiúchán AMIF, BMVI agus ISF le haghaidh 2021‑2027, comhroinnte idir na Ballstáit (nó tíortha comhlachaithe Schengen) agus an Ardstiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile (AS HOME) sa Choimisiún. Leis an socrú seo, déanann Ballstáit cláir náisiúnta ilbhliantúla atá formheasta ag an gCoimisiún a chur chun feidhme.

A bhfuil faighte amach againn

Rialtacht na n-idirbheart

As na 23 idirbheart a scrúdaíomar, rinne earráidí difear do sheacht gcinn acu. Rinneamar ceithre earráid a chainníochtú a raibh tionchar airgeadais acu ar na méideanna a bhí le híoc ó bhuiséad an Aontais. Bhain na hearráidí sin le caiteachas neamh-incháilithe, easpa doiciméad tacaíochta agus saincheisteanna soláthair phoiblí.

Thángamar freisin ar 10 gcás nár chomhlíon forálacha dlíthiúla agus airgeadais i seacht n‑idirbheart (ach gan aon tionchar díreach airgeadais acu ar bhuiséad an Aontais). Bhain siad sin, mar shampla, le heasnaimh i nósanna imeachta maidir le deontais a dhámhachtain, le saincheisteanna soláthair phoiblí, agus le mainneachtain paraiméadair incháilitheachta theicniúla a urramú.

Cé nach ndearna earráidí rialtachta difear dóibh, fuaireamar freisin trí idirbheart nár chomhlíon prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Bhain siad sin le saincheisteanna maidir le haisíoc cánach breisluacha le comhlachtaí poiblí, agus leis an easpa bonn oibiachtúil chun liúntais tuarastail fhorlíontacha a chur i bhfeidhm.

Scrúdú ar ghnéithe de na córais rialaithe inmheánaigh

Rinneamar measúnú ar an gcaoi ar bhunaigh AS HOME na saoráidí téamacha do CAI 2021‑2027, agus rinneamar athríomh ar na leithdháiltí agus na hualúcháin maidir le dáileadh cistiúcháin do chláir náisiúnta na mBallstát faoi AMIF, BMVI agus CSI. Dheimhníomar go raibh bunú na saoráidí téamacha ag AS HOME agus cur chun feidhme na modheolaíochtaí leithdháilte i gcomhréir le ceanglais na rialachán ábhartha.

Rinneamar measúnú freisin ar an tacaíocht agus ar an treoraíocht a chuireann AS HOME ar fáil d’údaráis na mBallstát maidir le haistriú chistí AMIF, BMVI agus CSI chuig RFC nua in CAI 2021‑2027 a bhainistiú. Bhí an tuairisc ar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe tugtha chun críche ag na cúig Bhallstát roghnaithe (an Ghearmáin agus an Fhrainc do AMIF, an Ungáir agus an Pholainn do BMVI agus an Laitvia do CSI) ag tráth ár n-iniúchta, agus bhí a bhformhór fós i mbun a straitéisí iniúchóireachta a thabhairt chun críche (déanta cheana féin ag Ballstát amháin). Bhí sé beartaithe ag na cúig Bhallstát ar thugamar cuairt orthu a gcéad chuntais bhliantúla le haghaidh AMIF, BMVI agus CSI a chur faoi bhráid an Choimisiúin in 2024 ar a luaithe. Ar an iomlán, mheas na cúig údarás iniúchóireachta go raibh an tacaíocht a thug AS HOME do na Ballstáit sásúil. Tá dul chun cinn réasúnta déanta acu ina n-ullmhúcháin do AMIF, BMVI agus CSI 2021‑2027.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocruithe rialachais eile

Do bhliain airgeadais 2023, rinneamar athbhreithniú ar TBG ó AS HOME. Dhírigh ár n-anailís isteach ar an raibh an fhaisnéis rialtachta ina TBG curtha i láthair ag AS HOME i gcomhréir le treoracha an Choimisiúin agus an raibh an fhaisnéis sin comhsheasmhach leis an eolas a fuaireamar le linn ár n-iniúchtaí. Ní bhfuaireamar aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith contrártha dár bhfionnachtana.

Rinneamar measúnú ar mheastacháin AS HOME maidir le rioscaí ag tráth na híocaíochta agus ag tráth an chlabhsúir. Fuaireamar gur ríomhadh i gcomhréir le modheolaíocht inmheánach iad agus gur tuairiscíodh i gceart iad in TBBF.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • treoraíocht bhreise a chur ar fáil do Bhallstáit maidir leis na rialacha is infheidhme; agus
  • gnéithe teicniúla na dtionscadal a fhíorú sula ndámhtar deontais.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha, Slándáil agus Cosaint’ i gCaibidil 8 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

An Chomharsanacht agus an Domhan

Iomlán: €15.2 billiún (7.9 % de chaiteachas buiséid AE)

A raibh faoi iniúchadh againn

Tá an réimse caiteachais comhdhéanta de roinnt ionstraimí cistiúcháin, go sonrach an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (‘ICFCI – An Eoraip Dhomhanda’) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. Clúdaíonn sé freisin an buiséad do chabhair dhaonnúil.

Miondealú ar íocaíochtaí 2023 de réir cistí

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

Is é cuspóir ginearálta ICFCI-An Eoraip Dhomhanda ná seasamh le luachanna, prionsabail agus leasanna bunúsacha an Aontais ar fud an domhain, agus iad a chur chun cinn, agus cuidiú le hiltaobhachas agus comhpháirtíochtaí níos láidre a chur chun cinn le tíortha lasmuigh den Aontas. Tá dhá mhór-athrú ann, i gcomparáid le CAI 2014‑2020, ó thaobh an chaoi a ndéanann an tAontas maoiniú ar ghníomhaíocht sheachtrach (beartas eachtrach):

  • tá comhar le tíortha comhpháirtíochta san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, a bhíodh á mhaoiniú roimhe seo ag na Cistí Eorpacha Forbraíochta, tugtha isteach anois faoi bhuiséad ginearálta an Aontais;
  • déantar an comhar sin agus beartas comharsanachta an Aontais a chistiú anois faoin ionstraim chéanna ICFCI-An Eoraip Dhomhanda, agus gnéithe sonracha an dá chineál tacaíochta á gcaomhnú ag an am céanna.

Is é an príomhchuspóir atá leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais ná tacú le tíortha tairbhiúla ó thaobh athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ar athchóirithe iad sin atá orthu a dhéanamh ionas go mbeidh siad ailínithe le luachanna an Aontais d’fhonn go bhféadfaidh siad teacht isteach san Aontas, agus ar an gcaoi sin go rannchuidítear lena gcobhsaíocht, lena slándáil agus lena rathúnas. Cuireann an tAontas cúnamh daonnúil bunaithe ar riachtanais ar fáil freisin do dhaoine atá buailte ag tubaistí agus guaiseacha nádúrtha de dheasca daoine agus béim ar leith ar na daoine is leochailí.

Is iad seo a leanas na príomh-ardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí atá bainteach le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chur chun feidhme: an Ardstiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta na hEorpa agus Caibidlíocht maidir le Méadú (AS NEAR), an Ardstiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA), an Ardstiúrthóireacht um Oibríochtaí Eorpacha um Chabhair Dhaonnúil agus um Chosaint Shibhialta (AS ECHO) agus an tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh (FPI).

In 2023, is é €15.2 billiún (réamh-mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí deiridh) a bhí sna híocaíochtaí faoi ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ agus íocadh amach iad sin trí úsáid a bhaint as ionstraimí éagsúla agus modhanna seachadta éagsúla. Áirítear orthu sin conarthaí oibreacha/soláthair/seirbhíse, deontais, iasachtaí speisialta, ráthaíochtaí iasachta agus cúnamh airgeadais, tacaíocht bhuiséadach agus foirmeacha spriocdhírithe eile de chúnamh buiséadach i dtíortha lasmuigh den Aontas.

A bhfuil faighte amach againn

In ainneoin a theoranta a bhí méid an tsampla, thug torthaí ár n-iniúchta le tuiscint go bhfuil an riosca earráide sa cheannteideal seo de CAI ard. As na 72 idirbheart a scrúdaíodh, rinne earráidí difear do 37 (51.4 %) acu. Tá 31 earráid cainníochtaithe againn a raibh tionchar airgeadais acu ar na méideanna a cuireadh chun dochair do bhuiséad an Aontais. Bhain na hearráidí sin le tairbhithe neamh-incháilithe, costais neamh-incháilithe, caiteachas nár tabhaíodh agus an próiseas soláthair phoiblí.

Sampla: Cur chun feidhme an bhuiséid curtha faoi chúram tairbhí neamh-incháilithe

Rinneamar iniúchadh ar shonrasc ar fiú €3.5 milliún é faoi chomhaontú tarmligin le comhpháirtí cur chun feidhme ar a ndearnadh colún-mheasúnú. Tar éis an comhaontú a shíniú, rinne an comhpháirtí cur chun feidhme an cur chun feidhme ina iomláine a fho-tharmligean chuig cuideachta phríobháideach atá cláraithe faoi dhlí náisiúnta Ballstáit de chuid an Aontais. Níorbh fhéidir leis an gcuideachta a misean seirbhíse poiblí a léiriú, agus dá bhrí sin a hincháilitheacht le haghaidh colún-mheasúnú agus chun cistí an Aontais a bhainistiú thar ceann an Choimisiúin.

Mar sin féin, níor lorg an Coimisiún ná an comhpháirtí cur chun feidhme soiléiriú maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an chuideachta sa Bhallstát incháilithe, agus go háirithe maidir le cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfai a mheas go bhfuil misean seirbhíse poiblí aici. Níor cuireadh iallach ar an gcuideachta an measúnú ex ante is gá a dhéanamh sular síníodh an conradh fo-tharmligin.

Dá bhrí sin, rinne an comhpháirtí cur chun feidhme cur chun feidhme an chomhaontaithe tarmligin a ndearnadh iniúchadh air a fho-tharmligean chuig eintiteas neamh-incháilithe, rud a d’fhág go raibh an íocaíocht ghaolmhar neamh-incháilithe.

Thángamar ar 19 chás nár chomhlíon forálacha dlíthiúla agus airgeadais (ach gan aon tionchar díreach airgeadais acu ar bhuiséad an Aontais). Bhain siad sin, mar shampla, le soláthar poiblí, leithdháileadh doiléir costas, neamhchomhlíonadh rialacha infheictheachta, agus fianaise neamhleor.

Maidir leis na hidirbhearta sin a bhaineann le conarthaí faoi bhainistíocht indíreach le heagraíochtaí a ndearnadh colún-mheasúnú orthu (eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus gníomhaireachtaí stáit), ghlac an Coimisiún le caiteachas ar bhonn tuarascáil airgeadais agus dearbhú bainistíochta. Mar sin féin, fuaireamar go raibh earráidí in idirbhearta a chuirtear chun feidhme ag eagraíochtaí a ndearnadh colún-mheasúnú orthu, agus léiríonn na hearráidí sin nach bhfuil a dtuarascálacha airgeadais saor ó earráidí agus nach dtuairiscítear na hearráidí sin ina ndearbhuithe bainistíochta.

Scrúdú ar ghnéithe de na córais rialaithe inmheánaigh

Thugamar cuairt ar chúig thoscaireacht AE (san Albáin, san Airméin, sa Chambóid, sa tSeoirsia agus san India) agus shainaithníomar roinnt easnamh i ngnéithe den chóras rialaithe inmheánaigh a bhain, mar shampla, le buiséad neamhleor do chuairteanna faireacháin agus le moill i gcur chun feidhme conarthaí measctha.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocruithe rialachais eile

Rinneamar athbhreithniú ar TBG ó FPI do bhliain airgeadais 2023. Dhíríomar isteach ar an raibh an fhaisnéis rialtachta ina TBG curtha i láthair ag FPI i gcomhréir le treoracha an Choimisiúin agus an raibh sé comhleanúnach ó thaobh chur i bhfeidhm na modheolaíochta chun meastachán a dhéanamh i dtaobh ceartúcháin agus gnóthachain sa todhchaí.

As an gcaiteachas iomlán ar glacadh leis in 2023 (€865 mhilliún), mheas FPI gurbh é €7.2 milliún (0.83 %) an méid iomlán a raibh riosca ag tráth na híocaíochta ag gabháil leis. Mheas sé gurbh é €0.9 milliún (0.1 % den chaiteachas ábhartha iomlán) luach na gceartúchán a tháinig as na seiceálacha a rinneadh sna blianta ina dhiaidh sin. Mar thoradh air sin, dhearbhaigh Ceann Seirbhíse FPI go raibh neamhchosaint airgeadais na seirbhíse níos ísle ná an tairseach ábharthachta 2 %.

Inár n-athbhreithniú ar Thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí 2023 ó FPI agus inár seiceálacha ar íocaíochtaí faoi fhreagracht FPI in 2023, níor nochtadh aon earráidí ná easnaimh.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar chórais rialaithe maidir le réamh-mhaoiniú a imréiteach;
  • treoraíocht a chur ar fáil do thairbhithe maidir le leithdháileadh na gcostas roinnte;
  • a áirithiú go ndéantar na rialacha infheictheachta a chomhlíonadh;
  • a chinntiú go dtabharfaidh toscaireachtaí AE cuairteanna faireacháin leordhóthanacha ar an láthair; agus
  • sásraí faireacháin agus stiúrtha a fheabhsú le haghaidh oibríochtaí measctha.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ i gCaibidil 9 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

An Riarachán Poiblí Eorpach

Iomlán: €12.3 billiún (6.4 % de chaiteachas buiséid AE)

A raibh faoi iniúchadh againn

Chlúdaigh ár n-iniúchóireacht caiteachas riaracháin institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais.

Miondealú ar íocaíochtaí 2023

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó chuntais chomhdhlúite 2023 an Aontais Eorpaigh.

In 2023, chaith na hinstitiúidí agus na comhlachtaí €12.3 billiún ar an iomlán ar riarachán. Tá an méid sin comhdhéanta de chaiteachas ar thuarastail agus pinsin (thart ar 70 % den iomlán), agus de chaiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, agus teicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise.

Scrúdaíonn iniúchóir seachtrach ár gcuidne caiteachais agus ráiteas airgeadais. Gach bliain, déanaimid an tuairim iniúchóireachta agus an tuarascáil a éiríonn as sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar ár suíomh gréasáin.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€12.3 billiún Níl – Saor ó earráid ábharthach in 2022 agus 2023

Scrúdaíomar 70 idirbheart inar cuimsíodh gach ceann d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Mar a bhí i mblianta roimhe seo, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta.

Níor shainaithníomar aon saincheisteanna sonracha a bhain le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ná leis an Ombudsman Eorpach. Níor thuairiscigh ár n-iniúchóir seachtrach aon saincheisteanna sonracha.

Parlaimint na hEorpa

In 2023, scrúdaíomar 16 idirbheart sa Pharlaimint, lena n-áirítear caiteachas ghrúpaí polaitiúla na Parlaiminte. Mar a thuairiscíomar in 2022, ní raibh na rialacha inmheánacha le haghaidh bhainistiú leithreasuithe na ngrúpaí polaitiúla i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Sin mar gheall nach bhfuil sé de cheangal iontu nósanna imeachta soláthair phoiblí oscailte nó srianta a úsáid le haghaidh conarthaí ardluacha, ach go n-úsáidtear nósanna imeachta soláthair phoiblí idirbheartaithe, rud a chuireann teorainn le hiomaíocht. Shainaithníomar dhá chás ina raibh conarthaí ardluacha den sórt sin dáfa ag grúpaí polaitiúla. Shainaithníomar dhá chás eile nach raibh na grúpaí polaitiúla ag leanúint rialacha inmheánacha na Parlaiminte go hiomlán iontu, toisc nár lorg siad dóthain tairiscintí i gcónaí. Bhraitheamar cásanna eile de neamhchomhlíonadh nósanna imeachta soláthair phoiblí freisin.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Níor shainaithníomar earráidí inchainníochtaithe sna ceithre íocaíocht a scrúdaíomar. I gcás amháin, measaimid nár thug an Chomhairle míniú soiléir ar an tréimhse 10 mbliana a bhí ag gabháil le conradh cothabhála foirgneamh.

An Coimisiún Eorpach

Shainaithníomar dhá earráid inchainníochtaithe sna 26 íocaíocht de chuid an Choimisiúin a scrúdaíomar; bhain ceann acu sin le ríomh tuarastail agus bhain an ceann eile le conradh foirgnimh.

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Fuaireamar earráid inchainníochtaithe amháin sna 13 íocaíocht a scrúdaíomar; bhain an earráid sin le heaspa nós imeachta soláthair phoiblí bailí sula ndearnadh conradh cíosa a shíniú do Thoscaireacht AE.

Coiste na Réigiún

I gceann amháin den dá idirbheart a scrúdaíomar, measaimid nár thug an Coiste míniú soiléir ar an tréimhse 10 mbliana a bhí ag gabháil le conradh cothabhála foirgneamh.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

I gcás na híocaíochta tuarastail a scrúdaíomar, shainaithníomar moilleanna i bhfáil agus fíorú ráitis a bhain le cearta ar liúntais teaghlaigh agus linbh.

In 2023, scrúdaíomar córais mhaoirseachta agus rialaithe i bParlaimint na hEorpa, ag díriú isteach ar an gceithre ardstiúrthóireacht is mó a chaitheann airgead, agus a bhfuil éagsúlachtaí sna rialuithe ex ante agus ex post i leith an chaiteachais iontu ó cheann go chéile. Tá tionscnaimh déanta ag Parlaimint na hEorpa chun calaois a chosc agus a bhrath, ach ní raibh aon straitéis frith-chalaoise uile-institiúide aici chun gníomhaíochtaí a chomhordú ar fud na heagraíochta.

A bhfuil molta againn

Molaimid do Pharlaimint na hEorpa tógáil ar na gníomhaíochtaí atá cheana aici chun calaois a chomhrac trí straitéis frith-chalaoise uile-institiúide a fhorbairt.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n-iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’ i gCaibidil 10 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Iomlán: €53.5 billiún

A raibh faoi iniúchadh againn

Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ag tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí sna Ballstáit ó Fheabhra 2020 (ón 1 Feabhra 2022 i gcás REPowerEU) agus mairfidh sí go dtí 2026. I dtús báire, bhí ciste de €723 bhilliún ann a bhí comhdhéanta de dheontais nach raibh le híoc ar ais (€338 mbilliún) agus d’iasachtaí (€385.8 billiún). Faoi dheireadh 2023, bhí €648 mbilliún geallta, a bhí comhdhéanta de €356.8 billiún i ndeontais agus €290.9 billiún in iasachtaí. De bhrí gur go dtí Lúnasa 2023 a d’fhéadfaí iasachtaí a iarraidh, tá €94.5 billiún ann nach bhfuil ar fáil a thuilleadh le haghaidh iasachtaí. Is é an príomhchuspóir atá le RRF ná iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID‑19 a mhaolú, ach fós geilleagair na mBallstát a dhéanamh níos athléimní agus iad a bheith ullmhaithe níos fearr le haghaidh dúshláin sa todhchaí, lena n-áirítear trí dhlús a chur lena n-aistear go dtí an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

Déanann an Coimisiún RRF a chur chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach, rud a chiallaíonn go bhfuil freagracht dhíreach ar an gCoimisiún as an gcur chun feidhme. Déantar íocaíochtaí faoi RRF ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar síos in Iarscríbhinní a ghabhann leis na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle (CCF) lena ndéantar a bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna) a fhormheas. Seo a leanas ceanglais eile: i gcás spriocanna nó garspriocanna atá bainte amach go sásúil cheana féin, níor cheart iad sin a aisiompú; agus níl aon sárú á dhéanamh ar phrionsabal an chistithe dhúbailte. I measc na gcoinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa Rialachán, tá siad seo a leanas: go ndéantar de réir na tréimhse incháilitheachta; an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; agus nach dtiocfaidh an cistiú in ionad caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach.

Féadfaidh Ballstáit eisíocaíochtaí a iarraidh suas le dhá uair in aghaidh na bliana, má chuireann siad fianaise leordhóthanach ar fáil go ndearnadh na garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a bhaint amach go sásúil. Bíonn orthu freisin achoimre dá n-iniúchtaí agus ráiteas bainistíochta i ndáil leis an bhfaisnéis atá tugtha a chur i gceangal lena n-iarrataí ar íocaíocht. Forálann córais rialaithe an Choimisiúin do réamh-mheasúnuithe (fíoruithe ex ante) ar iarrataí íocaíochta na mBallstát agus d’iniúchtaí ex post sna Ballstáit a dhéantar tar éis íocaíocht a bheith déanta.

Faoi dheireadh 2023, bhí 37 n-íocaíocht deontais (ceann in 2021, 13 in 2022 agus 23 in 2023) de luach iomlán de €141.6 billiún déanta ag an gCoimisiún. Níl aon fhaisnéis ar fáil faoin méid foriomlán atá íoctha ag na Ballstáit leis na faighteoirí deiridh.

Bhí €53.5 billiún i gceist lenár bpobal iniúchóireachta do 2023, agus chuimsigh sé sin gach ceann de na 23 íocaíocht deontais (de luach €46.3 billiún) agus imréiteach an réamh-mhaoinithe ghaolmhair (de luach €7.2 billiún). Níor chlúdaigh ár n-iniúchadh an chuid iasachtaí de RRF. Scrúdaíomar 325 gharsprioc agus 127 sprioc, lena n-áirítear réamh-mheasúnuithe an Choimisiúin, ionas go bhféadfaimis measúnú a dhéanamh féachaint ar chomhlíon siad na coinníollacha don íocaíocht agus don incháilitheacht. Sheiceálamar 30 sprioc ar an bhfód i gcúig Bhallstát. Scrúdaíomar freisin iniúchtaí ex post an Choimisiúin.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€53.5 billiún 2023: tá éifeachtaí foriomlána ár bhfionnachtana ábharthach, ach níl siad forleatach

Léiríonn an fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán ónár n-obair nach raibh 16 as na 452 gharsprioc agus sprioc a scrúdaíomar ag comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta nó incháilitheachta. Baineann siad sin le seacht n-íocaíocht i seacht mBallstát. I bhfianaise shamhail chaiteachais RRF, agus ós rud é go bhfuil modheolaíocht fionraithe íocaíochtaí an Choimisiúin ag brath ar go leor breithiúnas a bheith déanta a bhféadfadh léirmhínithe éagsúla teacht astu, ní dhéanaimid ráta earráide a chur ar fáil atá inchomparáide le réimsí caiteachais eile de chuid an Aontais.

Ag cur na dteorainneacha sin san áireamh, is é a mheasaimid go bhfuil an tionchar airgeadais atá ag na fionnachtana sin níos airde ná an tairseach ábharthachta atá againn. Bhain na fionnachtana sin le garspriocanna agus spriocanna nach raibh comhlíonta go sásúil, bearta ag tosú roimh an tréimhse incháilitheachta agus caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach a bheith á ionadú.

Sampla de sprioc nach ndearnadh a bhaint amach go sásúil

Sprioc M1C1-9 na hIodáile – ‘Tacaíocht don uasghrádú ar struchtúir shlándála T1’

Tuairisc ar an sprioc in CCF na hIodáile:

‘Cúig idirghabháil treisiúcháin ar a laghad trína ndéantar uasghrádú ar struchtúir shlándála a bheith curtha i gcrích sna hearnálacha don Chibearchóras Náisiúnta le haghaidh Imeall Slándála (PSNC) agus do na Córais Ghréasáin agus Faisnéise (NIS).’

Sholáthair an Ballstát seacht dtuarascáil mar chruthúnas ar na hidirghabhálacha treisiúcháin a bhí ag uasghrádú na struchtúr slándála. Bhí anailís ar an seasamh cibearshlándála agus anailís rioscaí agus tionchair san áireamh sna tuarascálacha sin, cé nach ndéantar na gníomhaíochtaí sin a mheas i dTreoir NIS2 ach mar cheann de na deich ngné atá riachtanach chun an riosca atá ann do shlándáil gréasán agus córas faisnéise a bhainistiú.

Bhí an Coimisiún den tuairim gur idirghabhálacha treisiúcháin a bhí sna seacht dtuarascáil sin.

Bhíomarna den tuairim nach feabhsúcháin ar acmhainneachtaí inmheánacha faireacháin agus rialaithe a bhí i sé thuarascáil, agus nach raibh iontu ach anailís ar na hacmhainneachtaí sin. Bhí na hidirghabhálacha ag fónamh mar bhunús do phleananna chun cibearchosaintí a neartú, ach ní idirghabhálacha treisiúcháin a bhí iontu trína ndéanfaí uasghrádú ar struchtúir shlándála faoi mar a éilíodh a dhéanamh de réir an CCF.

I gcás íocaíochtaí leis an Ostair, leis an tSeicia, leis an bhFrainc, leis an nGréig agus leis an bPortaingéil, fuaireamar go raibh garspriocanna/spriocanna ag gabháil leo nach ndearnadh a bhaint amach go sásúil.

Chomh maith leis sin, fuaireamar 15 chás ina raibh garspriocanna agus spriocanna sainithe ar bhealach éideimhin ar shlí a rannchuidigh le measúnú níos lánroghnaí ar iad a bheith bainte amach go sásúil agus/nó a bhain an bonn ó na torthaí a d’fhéadfadh RRF a bhaint amach.

Sampla de gharsprioc nach bhfuil sonrach a dóthain

Garsprioc 2 na Spáinne – ‘Leasuithe ar an gCód Tógála Teicniúil (TBC) agus ar an Rialachán um Leictritheicneolaíocht Íseal-Voltais (LVER) chomh maith le formheas don Fhoraithne Ríoga chun seirbhísí athluchtaithe poiblí a rialáil’.

Tuairisc ar an ngarsprioc in CCF na Spáinne:

‘Teacht i bhfeidhm: [...] ii) leasuithe ar an Rialachán um Leictritheicneolaíocht Íseal-Voltais (LVER) ionas go gcuimseodh sé oibleagáidí le haghaidh bonneagar luchtaithe i gcarrchlóis nach bhfuil nasctha le foirgneamh [...].’

I measc nithe eile, tá sé leagtha síos sa gharsprioc sin go gcaithfear leasuithe a dhéanamh ar reachtaíocht LVER ionas go mbeadh oibleagáid ann pointí luchtaithe a shuiteáil i gcarrchlóis nach bhfuil nasctha le foirgneamh. Ní shonraítear sa gharsprioc, áfach, cén scóip atá ag an oibleagáid, go sonrach an líon nó an céatadán pointí luchtaithe atá le suiteáil. Mar thoradh air sin, bheadh aon leasú – is cuma cé chomh héadrom is a bheidís – leordhóthanach chun an gharsprioc a bhaint amach go sásúil.

Rinne an Coimisiún a straitéis iniúchóireachta ex post a nuashonrú chun go mbeadh seiceálacha ar aisiompú ann, ach níor chlúdaigh sé ionadú a bheith á dhéanamh ar chaiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach. Tá roinnt seiceálacha ar chomhlíonadh na tréimhse incháilitheachta anois sna hiniúchtaí ex post, ach is é an dáta a tabhaíodh na costais seachas dáta an ghealltanais dhlíthiúil ábhartha a thógtar mar an dáta le haghaidh tús a bheith curtha le beart.

I rith athbhreithniú 2023 ar na PNTAnna, chuir an Coimisiún 10 ngarsprioc rialaithe breise leis an líon a bhí ann do sheacht mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar laigí nua-shainaitheanta ina gcórais rialaithe. I ndáil leis na Ballstáit sin a raibh an dara nó an tríú híocaíocht leo ag brath ar gharspriocanna rialaithe a bheith bainte amach acu, tá na laigí ina gcórais rialaithe ina riosca do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus d’fhéadfadh sé sin tionchar a imirt ar rialtacht an chaiteachais.

Bhí laigí fós i gcórais tuairiscithe agus rialaithe na mBallstát. Cruthaíonn sé sin riosca do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus tá tionchar féideartha aige ar rialtacht an chaiteachais.

Na laigí i gcórais rialaithe na mBallstát a thuairiscíomar in 2022 agus atá ann i gcónaí

An Spáinn: Níl faisnéis iomlán sa chóras tuairiscithe ar an dul chun cinn i ngarspriocanna/spriocanna nach bhfuil bainte amach ná faoi úinéirí tairbhiúla, ar fhoinsí de chistiú ón Aontas ná ar mhéideanna atá íoctha.

An Fhrainc: Níl comhéadan cruthaithe idir an córas bainistíochta agus tuairiscithe agus córais TF eile chun bearta RRF a bhainistiú. D’uireasa córas faisnéis comhtháite atá tiomnaithe don PNTA, níl an sreabh faisnéise ag tarlú go huathoibríoch agus dá réir sin cruthaíonn sé riosca do cháilíocht na sonraí.

An Chróit: Níl an córas stórais fós in ann sonraí a sholáthar i dtaobh na nglaonna ar thograí a rinneadh a dhámhachtain sular cuireadh an córas i bhfeidhm.

An fhaisnéis a chuir Ballstáit ina ráitis bhainistíochta, ní raibh sí sin iontaofa i gcónaí.

Rinneamar athbhreithniú freisin ar thuairisciú Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN) ar rialtacht chaiteachas RRF do 2023 atá ina Thuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí (TBG) agus ar an gcaoi a ndéantar an fhaisnéis sin a chur i láthair in TBBF. Níl ár gcuid fionnachtana agus conclúidí ag teacht leis an ráiteas a thug oifigeach údarúcháin AS ECFIN. Ní chuireann córas rialaithe RRF ach faisnéis theoranta ar leibhéal an Aontais ar fáil faoi ar chomhlíon tionscadail infheistíochta atá cistithe ag RRF rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta, agus fuaireamar go raibh tionchar aige sin ar an dearbhú a d’fhéadfadh an Coimisiún a thabhairt agus, dá bharr sin, go raibh bearna sa dearbhú. De réir TBG 2023, rinne an Coimisiún nuashonrú ar straitéisí rialaithe agus iniúchóireachta RRF, lena n‑áirítear rialuithe treisithe ar chórais rialaithe na mBallstát. Sa dearbhú le haghaidh bhliain airgeadais 2023, áfach, is é a bhfuil á rá ag AS ECFIN ná go ndéanann na Ballstáit seiceálacha rialta agus nach bhfuil sé fós ag clúdach éifeachtúlacht na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit. Is cúis imní ar leith é sin mar go bhfuil neamhchomhlíonadh rialacha Eorpacha agus náisiúnta, amhail rialacha maidir le soláthar poiblí, státchabhair agus incháilitheacht, forleitheadach i gcláir chaiteachais eile de chuid an Aontais agus go bhfuil laigí i gcórais rialaithe na mBallstát.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a mheasúnú trí dháta an chéad ghealltanais (dhlíthiúil) a thógáil mar thúsdáta don bheart;
  • critéir shonracha a shainiú trína leagtar amach cad atá i gceist go díreach le caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach a bheith á ionadú;
  • a chinntiú go ndéanann na Ballstáit gníomhaíocht leighis go pras chun aghaidh a thabhairt ar na laigí atá fós ina gcórais rialaithe; agus
  • torthaí sheiceálacha an Choimisiúin ar chórais rialaithe na mBallstát a úsáid chun conclúid shoiléir a thabhairt i ndáil lena n-éifeachtacht.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gCaibidil 11 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

Na Cistí Eorpacha Forbraíochta

Iomlán: €2.1 billiún

A raibh faoi iniúchadh againn

Seolta in 1959, ba iad na Cistí Eorpach Forbraíochta (CEFanna) na príomhionstraimí, lasmuigh de bhuiséad ginearálta an Aontais, trínar mhaoinigh an tAontas cúnamh comhair um fhorbairt le tíortha san Afraic (Fo-Shahárach), i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), agus freisin le tíortha agus críocha thar lear (OCTanna), go dtí deireadh 2020. Ba é an príomhchuspóir ná bochtaineacht a laghdú agus, ar deireadh, a dhíothú, i gcomhréir le príomhchuspóir an chomhair um fhorbairt arna leagan síos in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla 2023 an 9ú, 10ú agus 11ú CEF.

Clúdaíonn an 11ú CEF creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014‑2020. Do CAI 2021‑2027, tá comhar um fhorbairt do thíortha ACP ionchorpraithe san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, mar chuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus tá comhar le OCTanna ionchorpraithe sa Chinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn.

Seachadtar an caiteachas a chlúdaítear sa tuarascáil seo i 76 dtír trí úsáid a bhaint as réimse leathan de mhodhanna amhail oibreacha, conarthaí soláthair agus seirbhíse, deontais, tacaíocht bhuiséadach, meastacháin clár agus comhaontuithe ranníocaíochta agus comhaontuithe tarmligin atá tugtha i gcrích le heintitis cholún-mheasúnaithe (e.g. eagraíochtaí idirnáisiúnta).

Déantar na CEFanna a bhainistiú beagnach go hiomlán faoi chúram na hArdstiúrthóireachta um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) sa Choimisiún. Rinne an Ardstiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta na hEorpa agus um Chaibidlíocht maidir le Méadú (AS NEAR) sciar beag (7 %) d’íocaíochtaí CEF 2023 a bhainistiú.

A bhfuil faighte amach againn

Fuaireamar nach raibh míráitis ábharthacha ann a rinne difear do na cuntais.

Ní raibh leibhéal earráide ábharthach sna hidirbhearta ioncaim.

Tá difear ábharthach déanta ag earráid don chaiteachas le haghaidh bhliain airgeadais 2023, agus tá tuairim neamhfhabhrach á tabhairt againn.

Méid atá faoi iniúchóireacht Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€2.8 billiún 8.9 % (2022: 7.1 %)

Chun iniúchóireacht a dhéanamh ar rialtacht na n-idirbheart, scrúdaíomar sampla de 140 idirbheart a bhí ionadaíoch ar an réimse iomlán caiteachais ó na CEFanna. Bhí sé sin comhdhéanta de 31 idirbheart a bhain leis an gCiste Iontaobhais Éigeandála don Afraic, trí idirbheart a bhain le Ciste Iontaobhais Bêkou, 87 n-idirbheart a bhí údaraithe ag 14 thoscaireacht AE (Angóla, Beinin, an Chéinia, an Cósta Eabhair, Fidsí, an Ghaimbia, Gána, Guine Bissau, Madagascar, an Mhaláiv, Mósaimbíc, Oileán Mhuirís, Tóga agus Uganda) agus 19 n-idirbheart a bhí formheasta ag ceanncheathrú an Choimisiúin. Nuair a bhraitheamar earráidí sna hidirbhearta, rinneamar anailís ar na bunchúiseanna chun laigí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.

As na 140 idirbheart a scrúdaíomar, bhí earráidí i 62 (44.3 %) díobh. Ar bhonn na 52 earráid atá cainníochtaithe againn, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide ag 8.9 %. Ba iad na trí earráid ba choitianta ná caiteachas nach raibh tabhaithe (45 %), gan doiciméid tacaíochta riachtanacha a bheith ann (31 %) agus caiteachas neamh-incháilithe (23 %). In 2023, is in idirbhearta a bhaineann le meastacháin agus deontais na gclár agus le cinntí ranníocaíochtaí agus tarmligin le tíortha tairbhiúla, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí sna Ballstáit a bhí i ngach ceann de na hearráidí inchainníochtaithe a bhraitheamar. As na 112 idirbheart den chineál sin a scrúdaíomar, bhí earráidí inchainníochtaithe i 52 díobh, arbh ionann an méid sin agus 100 % den leibhéal earráide measta.

Caiteachas nár tabhaíodh: imréiteach iomarcach réamh-mhaoiniúcháin

Rinneamar iniúchóireacht ar shonrasc le haghaidh €2.3 milliún faoi chomhaontú ranníocaíochta a bhí sínithe le heagraíocht idirnáisiúnta, agus a cuireadh chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach agus a bhí cistithe go hiomlán ag an Aontas. Bhain an sonrasc le himréiteach na gcostas bunaithe ar an tuarascáil airgeadais a bhí curtha isteach ag an eagraíocht idirnáisiúnta don tréimhse suas go dtí an 15 Aibreán 2023.

Le linn ár n-iniúchóireachta, fuaireamar go raibh €1.8 milliún de réamhíocaíochtaí curtha san áireamh sa tuarascáil airgeadais sin, ar íocaíochtaí iad sin nach ndéantar a mheas mar chostais thabhaithe agus dá bhrí sin nach bhfuil incháilithe. Ina theannta sin, thugamar ar aire nach raibh rialuithe leordhóthanacha curtha chun feidhme ag an gCoimisiún chun an riosca a ghabhann le himréiteach caiteachais nach bhfuil incháilithe a mhaolú. Fuaireamar earráidí den chineál céanna i 14 idirbheart.

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, bhí moill i gceist le doiciméid a bhí iarrtha againn a fháil ó roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, d’fhág sé sin gur cuireadh moill orainne inár gcuid oibre. Níor thug na heagraíochtaí sin ach rochtain theoranta ar dhoiciméid (e.g. i bhformáid inléite amháin), rud a chuir bac ar phleanáil, ar fhorghníomhú agus ar rialú cáilíochta ár n-iniúchta. Bhí na deacrachtaí sin fós ann in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin iad a réiteach trí chumarsáid leanúnach leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann.

Tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocraithe rialachais eile

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, d’eisigh AS INTPA plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na laigí i gcur chun feidhme a chórais rialaithe. In 2021 agus 2022, thuairiscíomar ar an dul chun cinn sásúil a baineadh amach ar phleananna gníomhaíochta 2020 agus 2021.

Faoi Aibreán 2024, bhí feabhas tagtha ar stádas cur chun feidhme phlean gníomhaíochta 2021 i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Bhí gníomhaíocht amháin eile curtha i gcrích ag an gCoimisiún, rud a thug líon iomlán na ngníomhaíochtaí a bhí tugtha chun críche go dtí cúig. Tá trí ghníomhaíocht fós idir lámha. I bplean gníomhaíochta 2022, mhéadaigh AS INTPA líon na ngníomhaíochtaí arís eile; an uair seo go dtí 10. Bhí ceithre cinn tugtha chun críche agus bhí sé cinn fós idir lámha. Tá 13 ghníomhaíocht i bplean gníomhaíochta 2023, lena n-áirítear ceithre cinn nua. Amhail ó Aibreán 2024, bhí cúig ghníomhaíocht tugtha chun críche agus bhí ocht gcinn fós idir lámha.

Staidéar RER ó AS INTPA

In 2023, rinne conraitheoir seachtrach an 12ú staidéar RER a d’éiligh AS INTPA. Ba é cuspóir an staidéir sin ná meastachán a dhéanamh ar ráta na n-earráidí sin a d’éalaigh ó sheiceálacha bainistíochta AS INTPA ar mhaithe le hearráidí den sórt sin a chosc, a bhrath agus a cheartú ar fud a réimse freagrachtaí go léir, chun go bhféadfaí teacht ar chonclúid i dtaobh éifeachtacht na seiceálacha sin.

I gcás staidéar RER 2023, d’úsáid AS INTPA méid samplach de 480 idirbheart, mar a rinneadh sna blianta roimhe sin (bhí luach níos airde ag cuid de na hidirbhearta sampláilte ná an t‑eatramh samplála, dá bhrí sin, ba é 413 an méid sampla deiridh). De réir an staidéir, measadh gurb ionann an RER foriomlán agus 0.97 % – figiúr a bhí faoi bhun thairseach ábharthachta 2 % an Choimisiúin don ochtú bliain as a chéile.

luaiteachas dearbhaithe ná iniúchadh atá sa staidéar RER; tá sé bunaithe ar mhodheolaíocht agus lámhleabhar RER a chuireann AS INTPA ar fáil. I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo uainn ar na CEFanna, thugamar tuairisc cheana ar na teorainneacha atá leis na staidéir a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an ngannmheastachán RER.

Athbhreithniú ar TBG 2023

Níl aon fhorchoimeádas san áireamh i ráiteas dearbhaithe an Ardstiúrthóra i TBG 2023. Ó 2018 i leith, laghdaigh AS INTPA an scóip forchoimeádas go suntasach (i.e. an sciar den chaiteachas a chlúdaigh siad), i dtosach ó 16 % go 1 % agus ansin go náid.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • athruithe a rinneadh ar chonarthaí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe a chur san áireamh nuair a bhíonn na meastacháin do na scoithphointí á ríomh;
  • seiceálacha a neartú sula ndéantar íocaíochtaí; agus
  • bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar chórais rialuithe maidir le réamh-mhaoiniú a íoctar le heagraíochtaí colún-mheasúnaithe a imréiteach.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar CEFanna i dTuarascáil bhliantúil 2023 uainn maidir leis na gníomhaíochtaí a maoiníodh faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.

Faisnéis chúlra

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus a cuid oibre

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais. Táimid lonnaithe i Lucsamburg agus tá thart ar 900 ball foirne fostaithe againn ó gach náisiúntacht AE. Is é ár misean ná cabhrú leis an mbainistiú riaracháin agus airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú, chomh maith leis an gcuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn, agus gníomhú mar chaomhnóir neamhspleách do leasanna airgeadais shaoránaigh uile an Aontais. Is gné ríthábhachtach de shlabhra cuntasachta an Aontais Eorpaigh iad ár dtuarascálacha iniúchóireachta agus ár dtuairimí. Úsáidtear iad chun iad siúd ar a bhfuil freagracht as cur chun feidhme bheartais agus chláir an Aontais a choimeád cuntasach: an Coimisiún, institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, agus riaracháin náisiúnta. Tugaimid rabhadh i dtaobh rioscaí, soláthraímid dearbhú iniúchóireachta, léirímid easnaimh agus dea-chleachtais, agus tugaimid treoraíocht do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais maidir le cén chaoi le feabhas a chur ar bhainistiú bheartais agus chláir an Aontais. Tríd an obair a dhéanaimid, déanaimid deimhin de go mbíonn a fhios ag saoránaigh na hEorpa cén chaoi a bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh.

team

Nóta: Amhail in Iúil 2024.

Ár n-aschur

Cuirimid na nithe seo a leanas ar fáil:

  • tuarascálacha bliantúla, ina bhfuil go príomha torthaí na hoibre iniúchóireachta airgeadais agus comhlíontachta ar bhuiséad an Aontais agus ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta; ach a bhfuil gnéithe iontu freisin a bhaineann le bainistíocht bhuiséadach agus feidhmíochta;
  • tuarascálacha speisialta, ina léirítear torthaí iniúchtaí roghnaithe maidir le beartais nó réimsí caiteachais sonracha, nó maidir le saincheisteanna buiséadacha agus bainistíochta;
  • tuarascálacha bliantúla sonracha ar ghníomhaireachtaí, comhlachtaí díláraithe agus comhghnóthais an Aontais;
  • tuairimí maidir le dlíthe nua nó nuashonraithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar an mbainistíocht airgeadais – arna iarraidh sin ag institiúid eile nó ar ár dtionscnamh féin;
  • athbhreithnithe, ina dtugtar tuairisc nó faisnéis ar bheartais, ar chórais, ar ionstraimí nó ar thopaicí níos fócasaithe.

Sracfhéachaint ar an gcur chuige iniúchóireachta dár ráiteas dearbhaithe

Tá na tuairimí inár ráiteas dearbhaithe bunaithe ar fhianaise oibiachtúil a fhaighimid ó thástáil iniúchóireachta a dhéantar i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta.

Mar a fógraíodh i straitéis 2021‑2025 uainn, leanfaimid den fhorbairt ar an gcur chuige iniúchóireachta uainn le haghaidh CAI 2021‑2027 agus de shonraí agus faisnéis atá ar fáil a úsáid ionas go bhféadfaimid, bunaithe ar an sainordú atá againn faoin gConradh agus i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta don earnáil phoiblí, leanúint de dhearbhú láidir a thabhairt.

Beachtas na gcuntas

An dtugann cuntais bhliantúla an Aontais faisnéis iomlán agus cruinn?

Cruthaítear na céadta míle iontrálacha cuntasaíochta in Ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin gach bliain, ag tógáil faisnéise ó go leor foinsí éagsúla (lena n-áirítear Ballstáit). Seiceálaimid go bhfuil na próisis chuntasaíochta ag obair go cuí agus go bhfuil na sonraí cuntasaíochta a éiríonn astu iomlán, taifeadta i gceart agus curtha i láthair go cuí i ráitis airgeadais an Aontais. I gcás iniúchadh a dhéanamh ar bheachtas na gcuntas, tá an cur chuige fianaithe curtha i bhfeidhm againn ón gcéad tuairim uainn in 1994.

  • Déanaimid meastóireacht ar an gcóras cuntasaíochta chun a áirithiú go dtugann sé bunús maith chun sonraí beachta a tháirgeadh.
  • Déanaimid measúnú ar phríomhnósanna imeachta cuntasaíochta chun a áirithiú go bhfuil siad ag feidhmiú i gceart.
  • Déanaimid seiceálacha anailíseacha ar shonraí cuntasaíochta chun a áirithiú go bhfuil siad á gcur i láthair go comhleanúnach agus go bhfuil dealramh réasúnach orthu.
  • Déanaimid seiceáil dhíreach ar shampla d’iontrálacha cuntasaíochta chun a áirithiú gur ann do na hidirbhearta is bun leo agus go bhfuil siad taifeadta go cruinn.
  • Déanaimid seiceáil ar ráitis airgeadais chun a áirithiú go dtugann siad léargas fíorcheart ar an staid airgeadais.

Rialtacht na n-idirbheart

An bhfuil na hidirbhearta don ioncam agus d’íocaíocht chaiteachais is bun le cuntais an Aontais ag comhlíonadh na rialacha?

Tá na milliúin íocaíochtaí chuig tairbhithe, san Aontas Eorpach agus sa chuid eile den domhan, i gceist le buiséad an Aontais. Tá formhór an chaiteachais seo á bhainistiú ag na Ballstáit. Chun an fhianaise atá ag teastáil uainn a fháil, déanaimid measúnú ar na córais trína ndéantar ioncam agus íocaíochtaí caiteachais (i.e. íocaíochtaí deiridh agus imréiteach airleacain) a riar agus a sheiceáil, agus scrúdaímid sampla de na hidirbhearta.

I gcás ina mbíonn téarmaí na gcaighdeán idirnáisiúnta iniúchóireachta ábhartha comhlíonta, déanaimid athbhreithniú ar na seiceálacha agus rialaithe atá déanta ag na daoine atá freagrach as buiséad an Aontais a chur chun feidhme agus déanaimid na seiceálacha agus rialaithe sin an athuair muid féin. Ar an gcaoi sin, déanaimid aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh ar bhonn na seiceálacha sin a chur san áireamh go hiomlán.

  • Déanaimid measúnú ar na córais don ioncam agus don chaiteachas chun a dhéanamh amach cé chomh héifeachtach atá siad ó thaobh a chinntiú go bhfuil na hidirbhearta rialta.
  • Tógaimid samplaí staitistiúla d’idirbhearta chun bunús a sholáthar do thástáil mhionsonraithe a dhéanann ár gcuid iniúchóirí. Déanaimid na hidirbhearta sa sampla a scrúdú go mion, lena n-áirítear in áitreabh na bhfaighteoirí deiridh (e.g. feirmeoirí, forais taighde nó cuideachtaí a sholáthraíonn oibreacha nó seirbhísí faoi chonradh soláthair phoiblí), chun fianaise a fháil gur ann do gach ceann de na teagmhais is bun leis na hidirbhearta sin, go bhfuil siad taifeadta go cuí agus go gcomhlíonann siad na rialacha chun íocaíochtaí a dhéanamh.
  • Déanaimid anailís ar earráidí agus déanaimid iad a aicmiú mar earráidí atá inchainníochtaithe nó nach bhfuil. Déanann earráid inchainníochtaithe difear d’idirbhearta más rud é, bunaithe ar na rialacha, nár cheart an íocaíocht a bheith údaraithe. Déanaimid na hearráidí inchainníochtaithe a eachtarshuíomh chun leibhéal earráide measta a fháil do gach réimse ina ndéanaimid measúnú sonrach. Ansin, déanaimid an leibhéal earráide measta a chur i gcomparáid leis an tairseach ábharthachta de 2 % agus déanaimid measúnú féachaint an bhfuil na hearráidí forleatach.
  • Déantar na measúnuithe sin agus faisnéis ábhartha eile, amhail tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus tuarascálacha ó iniúchóirí seachtracha eile, a chur san áireamh inár dtuairimí.
  • Pléimid ár bhfionnachtana ar fad leis na húdaráis sna Ballstáit agus leis an gCoimisiún chun a dheimhniú go bhfuil ár bhfíricí ceart.
Cén cur chuige agus modheolaíocht iniúchóireachta atá againn le haghaidh an ráitis dearbhaithe ar rialtacht chaiteachas RRF?
  • Tá tuairim ar leithligh á heisiúint againn ar rialtacht chaiteachas RRF mar chuid dár ráiteas dearbhaithe maidir le buiséad an Aontais. Is amhlaidh atá mar gheall go measaimid go bhfuil samhail seachadta RRF difriúil agus mar gur ionstraim shealadach atá in RRF. Leis an tuairim sin, tá sé mar aidhm againn dearbhú réasúnach a thabhairt maidir leis na híocaíochtaí, agus faisnéis mhionsonraithe bunaithe ar an tuairim sin a thabhairt sa ráiteas dearbhaithe (féach Fíor 16).
  • Tá an chuid is mó dár ndearbhú á dhíorthú againn as tástáil shubstainteach agus as an measúnú ar na córais mhaoirseachta agus rialaithe. Is comhlánú ar ár ndearbhú iad na TBGanna agus TBBF, agus freisin tuarascálacha ón tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach.
  • Tá ár gcuid oibre ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus áirithíonn sí go bhfuil fianaise iniúchóireachta leordhóthanach agus iomchuí ag gabháil mar thaca lenár dtuairimí iniúchóireachta.

Fíor 16 – Tuairim iniúchóireachta RRF

Foinse: CIE.

Tá ár gcuid táirgí ar fad foilsithe ar ár suíomh gréasáin ag www.eca.europa.eu. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas iniúchóireachta nó faoin ráiteas dearbhaithe a fháil in Iarscríbhinn 1.1 de Thuarascáil bhliantúil 2023 uainn.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

NB: Tugtar do d’aire go bhféadfadh sé, mar gheall ar shlánú suas nó síos na n-uimhreacha, nach mbeadh na suimeanna atá tugtha mar ‘iomlán’ sna fíoracha atá sa doiciméad seo comhionann go baileach le suim na míreanna aonair.

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2024

PRINT ISBN 978-92-849-2727-2 ISSN 2812-1546 doi:10.2865/850870 QJ-AS-24-001-GA-C
PDF ISBN 978-92-849-2722-7 ISSN 2812-1538 doi:10.2865/171436 QJ-AS-24-001-GA-N
HTML ISBN 978-92-849-2682-4 ISSN 2812-1538 doi:10.2865/193299 QJ-AS-24-001-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2024

Is i gCinneadh Uimh. 6‑2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine atá ag baint athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, cuirfidh sé an cead ginearálta thuasluaite ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus beidh sé ráite go soiléir sa chead nua má tá aon srianta eile ann maidir le húsáid.

I gcás na bpictiúr seo a leanas, déantar athúsáid a údarú ar choinníoll go ndéantar sealbhóir an chóipchirt, an fhoinse agus, má tá siad luaite, ainmneacha na ngrianghrafadóirí a thabhairt le fios:

*: © An tAontas Eorpach, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa/Sophie Margue.

*: © An tAontas Eorpach, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

*: © An tAontas Eorpach, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ailtirí na bhfoirgneamh: Paul Noël (1988) agus Jim Clemes (2004 & 2013).

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

*: Dearadh Fíor 1 trí dheilbhíní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

*: Dearadh Tábla 1 trí dheilbhíní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

*: © Getty Images, 2017/vgajic.

*: © stock.adobe.com/Bits and Splits.

*: © NMA.

*: © depositphotos.com.

*: © stock.adobe.com/bluedesign.

*: © stock.adobe.com/Max Zolotukhin.

*: Dearadh Fíor 16 trí dheilbhíní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint, chomh maith leis sin an deilbhín de ghiar atá modhnaithe ag CIE, © stock.adobe.com/Ramziia.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.