Eolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh

RÉAMHRÁ

Is comhpháirt lárnach dár saol polaitiúil agus dár sochaí é an dlíchóras a bhunaigh an tAontas Eorpach (AE). Gach bliain, ar bhonn Chonarthaí an Aontais, déantar na mílte cinneadh a mbíonn tionchar mór acu ar Bhallstáit an Aontais agus ar shaol shaoránaigh na mBallstát sin. Ní lena dtír, lena mbaile ná lena gceantar féin amháin a bhaineann na gnáthdhaoine a thuilleadh; is saoránaigh den Aontais iad freisin. Mura mbeadh de chúis ann ach é sin amháin, tá sé fíorthábhachtach iad a chur ar an eolas faoin dlíchóras seo a théann i gcion ar a saol laethúil. Ní éasca, áfach, castachtaí struchtúr an Aontais agus castachtaí a dhlíchórais a thuiscint. Cuid den deacracht sin, baineann sé leis an dóigh ar scríobhadh na Conarthaí féin — tá roinnt mhaith doiléire iontu agus impleachtaí acu nach éasca a shonrú. Ina theannta sin, is coincheapa coimhthíocha iad cuid mhaith de na coincheapa sin sna Conarthaí lena ndéantar iarracht dul i ngleic leis an gcomhthéacs. Dá bhrí sin, tá iarracht déanta anseo thíos léargas tosaigh ar struchtúr an Aontais agus ar cholúin taca dhlíchóras na hEorpa a thabhairt do na saoránaigh.

LIOSTA GIORRÚCHÁN

CBAE Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
CEFA An Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
CE An Comhphobal Eorpach
BCE An Banc Ceannais Eorpach
CECD An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
ECR Tuairiscí ar Chásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus os comhair na Cúirte Ginearálta
CEGC An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach
CEE Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
CSTE Comhlachas Saorthrádála na hEorpa
EGC An Chúirt Ghinearálta
PE Parlaimint na hEorpa
SCE An Sásra Cobhsaíochta Eorpach
AE An tAontas Eorpach
OECD An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta
CAE An Conradh ar an Aontas Eorpach
CFAE An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Ó PHÁRAS GO LIOSPÓIN TRÍD AN RÓIMH, MAASTRICHT, AMSTARDAM AGUS NICE

Go ceann tamall beag i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ba de réir bunreachtanna agus dlíthe náisiúnta a forbraíodh ár saol polaitiúil agus coincheap an Stáit. Ba ar an mbonn sin a cruthaíodh na rialacha iompraíochta atá ina gceangal ní hamháin ar shaoránaigh agus ar pháirtithe inár stáit dhaonlathacha ach ar an stát féin agus ar a chuid orgán freisin. Sa deireadh thiar, ba é turnamh na hEorpa agus an meath polaitiúil agus geilleagrach a tháinig uirthi a spreag tús nua agus a chuir fuinneamh úr sa smaoineamh ord nua Eorpach a chruthú.

Ón Dara Cogadh Domhanda i leith, rinneadh a lán iarrachtaí an Eoraip a aontú. De thoradh na n-iarrachtaí sin, tháinig meascán mearaí d’eagraíochtaí ar an bhfód agus is deacair a dtuairisc a chuimsiú toisc a ilchasta atá siad. Mar shampla, tá ECFE (an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta) ann, ECAT (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh), Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach, agus níl aon nasc eatarthu, dáiríre.

Ní mór cuspóirí sonracha na n-eagraíochtaí éagsúla sin a chur san áireamh chun gur léir an struchtúr loighciúil a bhaineann leo ar an iomlán. Is féidir na heagraíochtaí sin a roinnt ina dtrí phríomhghrúpa.

Grúpa 1: Na heagraíochtaí Eora-Atlantacha

Bunaíodh na heagraíochtaí Eora-Atlantacha mar gheall ar an gcomhghuaillíocht idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Eoraip i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Ní haon chomhtharlú é gur ar thionscnamh na Stát Aontaithe a bunaíodh an chéad eagraíocht Eorpach in 1948, tar éis an chogaidh, mar atá an Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta Eorpach (an ECEE). In 1947, d’iarr George Marshall, Stát-Rúnaí na Stát Aontaithe an tráth sin, ar thíortha na hEorpa dul i leith a chéile chun a ngeilleagair a atógáil agus gheall sé go dtabharfadh na Stáit Aontaithe cúnamh dóibh. Ba faoi Phlean Marshall a tugadh an cúnamh sin agus ba é a chuir bonn faoi atógáil sciobtha Iarthar na hEorpa. Ar dtús, ba é príomhchuspóir ECEE trádáil a léirscaoileadh idir tíortha. In 1960, nuair a tháinig SAM agus Ceanada isteach san eagraíocht, cuireadh cuspóir eile leis an bpríomhchuspóir sin, mar atá dul chun cinn eacnamaíoch a chothú sa Tríú Domhan trí bhíthin cúnamh forbartha. Athraíodh ainm na heagraíochta ansin ó ECEE go ECFE, ina bhfuil 35 bhall anois.

Cuirtear fáilte chroíúil roimh Winston Churchill ag Comhdháil na hEorpa. Rinne iar-Phríomh-Aire na Breataine, a bhí ina cheannaire ar an bhfreasúra an tráth sin, cathaoirleacht ar sheisiún tionscnaimh na Comhdhála. 19 Meán Fómhair 1946, ina aitheasc in Zürich, d’iarr sé go n-aontófaí an Eoraip.

7 Bealtaine 1948, An Háig

Cuirtear fáilte chroíúil roimh Winston Churchill ag Comhdháil na hEorpa. Rinne iar-Phríomh-Aire na Breataine, a bhí ina cheannaire ar an bhfreasúra an tráth sin, cathaoirleacht ar sheisiún tionscnaimh na Comhdhála. 19 Meán Fómhair 1946, ina aitheasc in Zürich, d’iarr sé go n-aontófaí an Eoraip.

In 1949, bunaíodh ECAT mar chomhaontas míleata leis na Stáit Aontaithe agus le Ceanada. Tá sé mar aidhm ag ECAT cosaint agus tacaíocht chomhchoiteann a chur ar fáil. Ceapadh é mar chuid de chrios slándála domhanda chun tionchar an Aontais Shóivéidigh a bhacadh. I ndiaidh don Chuirtín Iarainn titim in 1989 agus nuair a díscaoileadh an tAontas Sóivéadach ina dhiaidh sin, ghlac an eagraíocht níos mó cúraimí uirthi féin maidir le bainistíocht géarchéime agus cur chun cinn na cobhsaíochta. Tá 28 mBall in ECAT, 22 bhall den Aontas Eorpach (níl an Ostair, an tSualainn, an Fhionlainn, Éire, Málta ná an Chipir ina mbaill de) agus na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Tuirc, an Iorua, an Íoslainn agus an Albáin. In 1954, cuireadh Aontas Iarthar na hEorpa (AIE) ar bun chun comhar idir tíortha na hEorpa a neartú maidir le beartas slándála. Ba é AIE a chuir tús le beartas slándála agus cosanta san Eoraip. Níor tháinig aon fhorbairt ar a ról ó shin, áfach, toisc gur aistríodh formhór a chumhachtaí chuig institiúidí idirnáisiúnta eile, go háirithe chuig ECAT, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig an Aontas. Mar thoradh air sin, díscaoileadh AIE an 30 Meitheamh 2011.

Grúpa 2: Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE)

Is é an ghné atá i gcoiteann ag na heagraíochtaí Eorpacha sa dara grúpa go bhfuil a struchtúr ar dhul áirithe ionas go bhféadfaidh a oiread tíortha agus is féidir a bheith rannpháirteach iontu. Agus chomh maith leis sin, bhí tuigthe i gcónaí nach rachadh feidhmiú na n-eagraíochtaí seo thar an ngnáthchomhar idirnáisiúnta.

Tá Comhairle na hEorpa ar cheann de na heagraíochtaí sin. Bunaíodh mar institiúid pholaitiúil í an 5 Bealtaine 1949 agus tá 47 mball inti anois, na Ballstáit uile atá san Aontas Eorpach ina measc. I reacht na Comhairle ní dhéantar aon tagairt do bhogadh i dtreo cónaidhm nó aontas a bhunú, ná ní fhoráiltear ann go ndéanfar cearta ceannasacha a aistriú ná a chumasc. Ní féidir cinntí faoi cheisteanna tábhachtacha a dhéanamh ach má thoilíonn gach stát atá i gComhairle na hEorpa leo, rud a fhágann go bhfuil an chumhacht ag gach tír cinntí a chrosadh. Dá bhrí sin, nuair a ceapadh Comhairle na hEorpa ní raibh ar iúl lucht a cheaptha ach comhar idirnáisiúnta, agus é sin amháin.

Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950 i seomra an chloig in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Fraince ar an Quai d’Orsay i bPáras: Mhol Robert Schuman, aire gnóthaí eachtracha na Fraince, go ndéanfaí tionscal na cruach agus an ghuail san Eoraip a chomhthiomsú chun an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a chruthú. Bhíothas den tuairim nach bhféadfadh cogadh tarlú idir na tíortha a bheadh rannpháirteach ann. Ní doshamhlaithe amháin ach dodhéanta freisin a bheadh a leithéid de chogaíocht.

Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950 i seomra an chloig in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Fraince ar an Quai d’Orsay i bPáras: Mhol Robert Schuman, aire gnóthaí eachtracha na Fraince, go ndéanfaí tionscal na cruach agus an ghuail san Eoraip a chomhthiomsú chun an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a chruthú. Bhíothas den tuairim nach bhféadfadh cogadh tarlú idir na tíortha a bheadh rannpháirteach ann. Ní doshamhlaithe amháin ach dodhéanta freisin a bheadh a leithéid de chogaíocht.

Tá roinnt mhaith coinbhinsiún tugtha i gcrích ag an gComhairle i réimsí na heacnamaíochta, an chultúir, an bheartais shóisialta agus an dlí. Is é an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD) a tugadh i gcrích an 4 Samhain 1950 an coinbhinsiún is tábhachtaí agus is fearr aithne díobh sin. Tá gach ceann de na 47 mball den Chomhairle ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún anois. Ní hamháin gurb é an Coinbhinsiún sin ba chúis le híoschaighdeán a leagan síos do na balltíortha chun cearta an duine a chosaint; ach bunaíodh córas cosanta dlíthiúla leis freisin a fhágann go bhféadann na comhlachtaí a bunaíodh in Strasbourg faoin gCoinbhinsiún (is iad sin an Coimisiún Eorpach um Chearta an Duine agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine) cáineadh a dhéanamh ar sháruithe ar chearta an duine sna balltíortha.

Is sa ghrúpa seo d’eagraíochtaí freisin atá an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), a bunaíodh in 1994 mar chomharba ar an gComhdháil um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (CSCE). Na prionsabail agus na cuspóirí a leagadh amach in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí in 1975 agus i gCairt Pháras in 1990, tá siad ina gceangal ar ESCE, a bhfuil 57 stát páirteach ann faoi láthair. Chomh maith le bearta chun iontaoibh a chothú idir tíortha na hEorpa, tá sé ar cheann de na cuspóirí sin freisin “líontán sábhála” a chruthú lena bhféadfar easaontais a shocrú ar bhealach síochánta.

Grúpa 3: An tAontas Eorpach

Is é an tAontas Eorpach an tríú grúpa de na heagraíochtaí Eorpacha. Coincheap úrnua atá san Aontas. Go háirithe, is é an difríocht mhór atá idir an tAontas agus an gnáthchineál comhlachais idirnáisiúnta stát gur ghéill na Ballstáit cuid dá gcearta ceannasacha don Aontas agus gur bhronn siad cumhachtaí air gníomhú go neamhspleách. Agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag an Aontas, is féidir leis reachtaíocht Eorpach a ghlacadh a bhfuil an fheidhm dhlí chéanna aici agus atá ag dlíthe sna Stáit aonair.

Ba é Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince an tráth sin, a leag bunchloch an Aontais Eorpaigh leis an dearbhú a rinne sé an 9 Bealtaine 1950. Chuir sé i láthair an plean a bhí ullmhaithe aige i gcomhar le Jean Monnet tionscail an ghuail agus na cruach san Eoraip a thabhairt le chéile agus an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bhunú. Dhearbhaigh sé gurbh é a bhí sa phlean tionscnamh cinniúnach lena gcruthófaí “Eoraip dhea-eagraithe bheoga”, tionscnamh “nach dtiocfadh leis an tsibhialtacht déanamh dá uireasa” agus “nach bhféadfaí an tsíocháin dhomhanda a chaomhnú” dá uireasa.

Cuireadh “Plean Schuman” i ngníomh sa deireadh nuair a thug na 6 stát bhunaitheacha (an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír) an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) i gcrích an 18 Aibreán 1951 i bPáras (Conradh Pháras) agus nuair a tháinig sé i bhfeidhm an 23 Iúil 1952. Bunaíodh an Comhphobal sin go ceann tréimhse 50 bliain agus rinneadh é “a chomhcheangal” leis an gComhphobal Eorpach nuair a chuaigh an conradh bunaidh in éag an 23 Iúil 2002. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, tharla tuilleadh forbartha le Conarthaí na Róimhe an 25 Márta 1957, conarthaí lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom). le teacht i bhfeidhm na gConarthaí an 1 Eanáir 1958 chuaigh na Comhphobail sin i mbun gníomhaíochta.

Ba chéim eile i dtreo aontú polaitiúil na hEorpa é bunú an Aontais Eorpaigh le Conradh Maastricht. Cé gur síníodh an Conradh in Maastricht an 7 Feabhra 1992, níor tháinig sé i bhfeidhm go dtí an 1 Samhain 1993 toisc gur cuireadh i gcoinne an phróisis daingniúcháin ar bhealaí éagsúla (b’éigean dhá reifreann a thionól sa Danmhairg sular formheasadh an Conradh sa tír sin; agus tugadh cúis dlí sa Ghearmáin ag lorg dearbhú gur ghníomhaigh an Pharlaimint go míbhunreachtúil nuair a d’fhormheas sí an Conradh). Sa Chonradh féin dúradh gurbh é a bhí ann “céim nua sa síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir phobail na hEorpa”. Bhí an ionstraim lena mbunaítear an tAontas Eorpach ina cuid den Chonradh sin, cé nár tugadh an próiseas sin chun críche leis an gConradh. Níor tháinig an tAontas Eorpach in ionad na gComhphobal Eorpach ach ina áit sin cuireadh faoin gcumhdach céanna é leis na beartais agus na cineálacha comhair nua. Mar sin, tá an tAontas Eorpach tógtha ar “thrí cholún”. Ba iad na Comhphobail Eorpacha an chéad cholún: CEE, (a athainmníodh mar CE), CEGC (go 2002) agus Euratom. Comhar idir na Ballstáit faoin gComhbheartas eachtrach agus slándála a bhí sa dara colún. Cumhdaíodh comhar idir na Ballstáit i réimsí an cheartais agus gnóthaí baile.

Tháinig tuilleadh forbartha ina dhiaidh sin, le Conradh Amstardam agus ina dhiaidh sin fós le Conradh Nice, conarthaí a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 1999 agus an 1 Feabhra 2003 faoi seach. Ba é cuspóir na n-athchóirithe sin a áirithiú go mbeadh cumas gníomhaíochta éifeachtaí ag an Aontas i gcónaí d’ainneoin an tAontas a bheith méadaithe ag líon réasúnta mór de bhaill nua. Mar sin de, díríodh sa dá Chonradh sin ar athchóirithe institiúideacha. I gcomparáid le hathchóirithe eile roimhe sin, ba bheag toil pholaitiúil a léiríodh i gConradh Nice dlús a chur leis an lánpháirtíocht Eorpach.

An lochtú a rinne dreamanna éagsúla air seo ina dhiaidh sin, bhí de thoradh air gur chuir sé tús le díospóireacht faoina raibh i ndán don Aontas agus dá institiúidí. Mar gheall air sin, ghlac na Ceannairí Stáit nó Rialtais Dearbhú maidir le Todhchaí an Aontais Eorpaigh an 5 Nollaig 2001 in Laeken na Beilge, inar ghabh an tAontas air féin cur roimhe a bheith níos daonlathaí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí agus an tslí a réiteach do bhunú bunreachta. Ba é an chéad rud a rinneadh chun an sprioc sin a bhaint amach Coinbhinsiún Eorpach a chur ar bun chun Bunreacht Eorpach a dhréachtú; ba é iar-Uachtarán na Fraince, Valéry Giscard d’Estaing, a bhí ina chathaoirleach air. An 18 Iúil 2003, cuireadh an dréacht den “Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip” faoi bhráid Uachtarán na Comhairle Eorpaí go hoifigiúil agus ghlac na ceannairí Stáit nó Rialtais é le leasuithe éagsúla an 17 agus an 18 Iúil 2004 sa Bhruiséil.

Bhí sé i gceist go n-úsáidfí an bunreacht sin chun Aontas Eorpach aonair a dhéanamh den Aontas Eorpach agus den Chomhphobal Eorpach a bhí ann cheana, agus an tAontas Eorpach nua sin a bhunú ar Chonradh Bunreachtúil aonair. Ní bheadh fágtha mar Chomhphobal ar leith ina dhiaidh sin ach an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach — ach bheadh dlúthbhaint aige sin leis an Aontas Eorpach i gcónaí. Theip sa phróiseas daingniúcháin ar thug na Ballstáit faoi, áfach, ar an iarracht seo bunreacht a bhunú. Cé gur bhuaigh an vóta ar a shon in 13 Bhallstát den 25 Bhallstát an chéad bhabhta, diúltaíodh don Chonradh i reifreann sa Fhrainc (chaith 69.34 % den phobal vóta agus vótáil 54.68 % de na vótálaithe i gcoinne an Chonartha) agus san Ísiltír (chaith 63 % den phobal vóta agus vótáil 61.7 % de na vótálaithe ina choinne).

Tar éis beagnach dhá bhliain a chaitheamh i mbun athmhachnaimh, seoladh pacáiste nua d’athchóirithe sa chéad leath de 2007. Sa phacáiste athchóirithe ba léir go rabhthas ar athrú smaoinimh faoi bhunreacht Eorpach faoina gcúlghairfí na Conarthaí ar fad agus faoina gcuirfí téacs amháin ina n-ionad darbh ainm “an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip”. Ina áit sin, tarraingíodh suas Conradh um Athchóiriú lena ndearnadh, mar a rinne Conarthaí Maastricht, Amstardam agus Nice roimhe, athruithe bunúsacha ar Chonarthaí an Aontais a bhí ann cheana chun cumas gníomhaíochta an Aontais san Aontas féin agus lasmuigh de a neartú, chun dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a threisiú agus chun éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais ina hiomláine a fheabhsú. De réir an nóis a bhí ann, ainmníodh an Conradh um Athchóiriú as an áit inar síníodh é: Conradh Liospóin. Dréachtaíodh an Conradh go ríthapa, go mór mór toisc gur leag na Ceannairí Stáit nó Rialtais féin amach go mionsonraithe i gconclúidí chruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil an 21 agus an 22 Meitheamh 2007 conas agus cá mhéad a dhéanfaí na hathruithe a caibidlíodh don Chonradh um Athchóiriú a ionchorprú sna Conarthaí a bhí ann san am. Cur chuige neamhghnách a bhí acu. Níor leor leo treoracha ginearálta a thabhairt do Chomhdháil Idir-Rialtasach le go gcuirfeadh sí sin chun feidhme iad; is amhlaidh a tharraing siad féin suas struchtúr agus ábhar na n-athruithe a bhí le déanamh.

Go deimhin, ba iad féin go minic a leag amach an fhoclaíocht chruinn a bhí le húsáid i bhforálacha ar leith. Ba iad na nithe ba mhó a bhí ina n-údar achrainn acu an teorannú inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, todhchaí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, ról nua na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas na lánpháirtíochta, ionchorprú na Cairte um Chearta Bunúsacha i ndlí an Aontais agus an dul chun cinn ab fhéidir a dhéanamh maidir le comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla. Mar thoradh air sin uile, ba bheag saoirse a bhí ag an gComhdháil Idir-Rialtasach a tionóladh in 2007 agus ba é ar tugadh de chumhacht di an méid a bhain le cur i bhfeidhm teicniúil na n-athruithe ba ghá. Tugadh obair na Comhdhála Idir-Rialtasaí i gcrích faoin 18 agus faoin 19 Deireadh Fómhair 2007, agus thug an Chomhairle Eorpach a formheas polaitiúil; tugadh an formheas sin ag cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle a bhí aici i Liospóin ag an am céanna.

Agus ar deireadh, an 13 Nollaig 2007 i Liospóin, shínigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na 27 mBallstát a bhí san Aontas ag an am (ní dheachaigh an Chróit isteach san Aontas Eorpach go 2013) an Conradh go foirmiúil. Ba le dua mór a daingníodh an Conradh sa deireadh, áfach. Murab ionann agus an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, daingníodh Conradh Liospóin gan deacracht sa Fhrainc agus san Ísiltír; chuir an chéad reifreann a tionóladh in Éirinn an 12 Meitheamh 2008 bac air (53.1 % a chaith vóta agus vótáil 53.4 % acu sin i gcoinne an Chonartha). Tar éis roinnt dearbhuithe dlíthiúla a thabhairt do mhuintir na hÉireann maidir le raon feidhme (teoranta) an Chonartha nua, iarradh orthu vóta a chaitheamh arís sa dara reifreann ar Chonradh Liospóin i mí Dheireadh Fómhair 2009. Sa dara reifreann sin, thug muintir na hÉireann tacaíocht leathan don Chonradh (59 % a chaith vóta agus bhí 67.1 % acu sin ar son an Chonartha). Réitigh toradh dearfach an reifrinn in Éirinn an bealach roimh dhaingniú Chonradh Liospóin sa Pholainn agus i bPoblacht na Seice freisin. Sa Pholainn, bhí ráite ag an Uachtarán Kaczyński go síneofaí an ionstraim dhaingniúcháin sa Pholainn, ach sin ar acht go n-éireodh leis an reifreann in Éirinn. I dtosach, bhí Uachtarán Phoblacht na Seice, Václav Klaus, ag iarradh fanacht le torthaí an reifrinn in Éirinn freisin, ach dúirt sé ina dhiaidh sin nach síneodh sé an ionstraim dhaingniúcháin go dtí go dtabharfaí ráthaíocht nach ndéanfadh Conradh Liospóin, agus go háirithe an Chairt um Chearta Bunúsacha a d’ionchorprófaí sa Chonradh ar an Aontas, difear d’Fhoraithní Beneš na bliana 1945, lenar dícheadaíodh éilimh ar thalamh i gceantair de chuid Phoblacht na Seice a bhí ina gcuid den Ghearmáin tráth. A luaithe a thángthas ar réiteach ar an éileamh sin, shínigh Uachtarán Phoblacht na Seice an ionstraim dhaingniúcháin an 3 Samhain 2009. Ar an dóigh sin, tugadh an próiseas daingniúcháin chun críche agus socraíodh go bhféadfadh Conradh Liospóin teacht i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Le Conradh Liospóin déantar an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach a chumasc chun Aontas Eorpach aonair a dhéanamh. Úsáidtear an focal “Aontas” in ionad an fhocail “Comhphobal” tríd síos. Gabhann an tAontas ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus tagann sé i gcomharbas air. Mar sin féin, tá dlí an Aontais fréamhaithe go fóill sna trí Chonradh seo a leanas.

Na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm faoi láthair

AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH

Rinneadh an Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh ar an Aontas Eorpach – “CAE”) a roinnt de réir na sé theideal seo a leanas: Forálacha Coiteanna (I), Forálacha maidir leis na Prionsabail Dhaonlathacha (II), Forálacha maidir leis na hInstitiúidí (III), Forálacha maidir leis an gComhar Feabhsaithe (IV), Forálacha Ginearálta maidir le Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais agus Forálacha Sonracha maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (V), agus Forálacha Críochnaitheacha (VI).

AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH

Tá an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunaithe ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Tá an struchtúr céanna acu, a bheag nó a mhór, agus atá ag Conradh CE. Baineann na príomhathruithe le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus le tabhairt isteach caibidlí nua, go háirithe caibidlí maidir le beartas fuinnimh, maidir le comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla, maidir leis an spás, maidir leis an spórt agus maidir leis an turasóireacht.

AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

Leasaíodh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA) roinnt uaireanta. I ngach cás, cuireadh na leasuithe sonracha isteach sna Prótacail a ghabhann le Conradh Liospóin.

Is ionann stádas dlí do CAE agus do CFAE agus níl stádas dlí níos airde ná níos ísle ag ceann amháin seachas ceann eile. Ní mór an soiléiriú dlíthiúil sin a dhéanamh toisc go bhféadfaí a thuiscint ó na leibhéil rialála atá sa dá Chonradh agus ó theideal nua an tsean-Chonartha CE (an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) gur bunreacht nó bunchonradh atá i CAE agus go bhfuil CFAE beartaithe a bheith ina chonradh cur chun feidhme. Níl nádúr bunreachtúil foirmiúil ag CAE ná ag CFAE ach oiread. Léiríonn na téarmaí atá in úsáid tríd is tríd sna Conarthaí an t-athrú sin ó chur chuige an tsean-dréachtbhunreachta: ní luaitear an focal “bunreacht” a thuilleadh; tugtar “Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála” ar “aire gnóthaí eachtracha an Aontais”; agus éiríodh as na sainmhínithe ar “dlí” agus “creatdlí” a úsáid. Mar an gcéanna, níl airteagal ar bith sna Conarthaí leasaithe ina ndéantar tagairt do shiombailí an Aontais amhail an bhratach nó an t-aintiún. Ní leagtar tosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh síos go sainráite i gconradh ar bith; tá an tosaíocht sin bunaithe ar dhearbhú ina dtagraítear do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá ábhartha maidir le ceist na tosaíochta, amhail mar a bhí roimhe sin.

Le Conradh Liospóin tugtar droim láimhe freisin le “trí cholún” an Aontais. Mar sin féin, tá feidhm i gcónaí ag na nósanna imeachta speisialta a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an Chosaint Eorpach; i nDearbhuithe na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghabhann leis an gConradh, leagtar béim ar chineál speisialta an réimse beartais sin agus ar na freagrachtaí ar leith atá ar na Ballstáit maidir leis sin.

Tá 28 mBallstát san Aontas Eorpach faoi láthair. Orthu siúd tá sé bhall bunaidh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar atá an Bheilg, an Ghearmáin (agus críoch Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine mar chuid di, ó athaontaíodh an Ghearmáin an 3 Deireadh Fómhair 1990), an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír. An 1 Eanáir 1973, tháinig an Danmhairg (ní áirítear an Ghraonlainn anois ós rud é gur vótáil tromlach caol de mhuintir na tíre sin i reifreann i mí Feabhra 1982 gan fanacht sa Chomhphobal Eorpach), Éire, agus an Ríocht Aontaithe isteach sa Chomhphobal. Bhí aontachas na hIorua beartaithe ach diúltaíodh dó i reifreann i mí Dheireadh Fómhair 1972 (bhí 53.5 % i gcoinne ballraíocht sa Chomhphobal Eorpach).

Cuireadh tús leis an “méadú ó dheas” le haontachas na Gréige an 1 Eanáir 1981 agus tugadh chun críche é an 1 Eanáir 1986 le haontachas na Spáinne agus na Portaingéile. Tharla an chéad mhéadú eile an 1 Eanáir 1995 nuair a tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas. San Iorua, amhail a tharla 22 bhliain roimhe sin, bhí reifreann ann agus vótáil tromlach caol den daonra (52.4 %) i gcoinne ballraíocht san Aontas don tír. An 1 Bealtaine 2004 tháinig na Stáit Bhaltacha an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin isteach san Aontas, in éineacht le stáit in oirthear agus i lár na hEorpa Poblacht na Seice, an Ungáir, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic agus an dá oileán Meánmhara an Chipir agus Málta. Ní dheachaigh ach corradh beag agus dhá bhliain thart go dtí aontachas na Bulgáire agus na Rómáine an 1 Eanáir 2007, rud a lean leis an méadú soir.

An 1 Iúil 2013 tháinig an Chróit, an ballstát is nuaí, isteach san Aontas. Leis sin uile, méadaíodh líon na mBallstát go 28 gcinn agus tá 510 milliún saoránach ann san Aontas anois. Leis an méadú stairiúil sin ar an Aontas cuireadh an dlaoi mhullaigh ar phróiseas fada; ba é toradh an phróisis sin gur athaontaíodh an Eoraip breis agus leathchéad bliain tar éis na deighilte a tharla de dheasca an Chuirtín Iarainn agus an Chogaidh Fhuair. Thar aon ní eile, léiríonn na méaduithe sin gur mian le muintir na hEorpa mór-roinn na hEorpa a aontú agus an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas eacnamaíoch a thabhairt i réim.

Tá an tAontas Eorpach toilteanach glacadh le haontachas tuilleadh tíortha freisin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad na critéir aontachais a leag Comhairle Eorpach Chóbanhávan síos in 1993:

  • na critéir pholaitiúla: cobhsaíocht institiúidí, daonlathas, smacht reachta, ráthú chearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus a gcosaint;
  • na critéir eacnamaíochta: geilleagar feidhmiúil margaidh a bheith ann lenar féidir dul i ngleic leis an mbrú iomaíochta agus le fórsaí margaidh san Aontas Eorpach;
  • na critéir dhlíthiúla: an cumas a bheith ag an stát na hoibleagáidí a ghlacadh a bhaineann le ballraíocht den Aontas Eorpach, lena n-áirítear aidhmeanna an Aontais a ghlacadh i dtaca le haontas polaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadais.

Tá trí chéim i bpróiseas an aontachais agus ní mór do na Ballstáit uile atá san Aontas iad a fhormheas:

  1. Tairgtear ionchas ballraíochta do thír.
  2. Tugtar stádas oifigiúil mar thír is iarrthóir do thír chomh luath agus a chomhlíonann sí coinníollacha an aontachais — ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil tús curtha leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil.
  3. Cuirtear tús le caibidlíocht fhoirmiúil leis an tír is iarrthóir, lena dtagtar ar chomhaontú maidir leis na socruithe agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais a ghlacadh.

Nuair a bhíonn an chaibidlíocht agus na hathchóirithe a ghabhann leo curtha i gcrích agus an dá thaobh sásta leo, leagtar síos na cinntí agus na coinníollacha i gcomhair aontachais i gConradh Aontachais. Ar an gcéad dul síos, ní mór do Pharlaimint na hEorpa toiliú leis an gconradh aontachais le tromlach glan dá cuid feisirí. Ní mór don Chomhairle a formheas a thabhairt ansin agus é sin a dhéanamh d’aon toil. Ina dhiaidh sin, ní mór Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais agus an tír aontachais an Conradh Aontachais a shíniú. Ansin, ní mór Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tír aontachais an Conradh Aontachais a “dhaingniú” i gcomhréir leis na forálacha bunreachtúla faoi seach. Nuair a bhíonn na hionstraimí ndaingniúcháin taiscthe, bíonn próiseas an aontachais críochnaithe agus tagann an conradh aontachais i bhfeidhm. Bíonn an tír aontachais ina Ballstát ansin.

Tá caibidlíocht aontachais ar siúl faoi láthair leis an Tuirc (ó 2005), leis an tSeirbia (ó 2014) agus le Montainéagró (ó 2014).

Rinne an Tuirc iarratas ar bhallraíocht an 14 Aibreán 1987. Bhí plé ar siúl idir an tAontas agus an Tuirc i bhfad roimhe sin, áfach. Chomh fada siar leis an mbliain 1963, rinne an Tuirc agus CEE comhaontú comhlachais ina ndearnadh tagairt d’ionchas ballraíochta. In 1995, bunaíodh aontas custaim, agus i Heilsincí i Nollaig 1999 chinn an Chomhairle Eorpach stádas iarrthóra ar aontachas a thabhairt go hoifigiúil don Tuirc. Léiriú ba ea é sin gur creideadh go raibh gnéithe bunúsacha córais dhaonlathaigh sa tír cé gur aithníodh freisin go raibh easnaimh thromchúiseacha ann maidir le cearta an duine agus maidir le mionlaigh a chosaint. I mí na Nollag 2004, ar bhonn moladh ón gCoimisiún, thug an Chomhairle Eorpach cead caibidlíocht aontachais a thosú leis an Tuirc; tá an chaibidlíocht sin ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2005. Is é aontachas na Tuirce príomhchuspóir na caibidlíochta sin ach ní féidir a bheith cinnte go mbainfear an cuspóir sin amach. D’imigh an spriocdháta le haontachas ionchasach, a socraíodh in 1999 tharainn in 2014. Níl aon amlíne nua comhaontaithe. Ní mór aontachas na Tuirce a réiteach go lánchúramach chun gur féidir léi a bheith lánpháirteach san Aontas gan an méid atá bainte amach le seasca bliain anuas ó thaobh na lánpháirtíochta Eorpaí de a chur i mbaol.

Rinne an Íoslainn iarratas ar bhallraíocht an 17 Iúil 2009. Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais in 2010; rinneadh dul chun cinn maith sa chaibidlíocht sin freisin i dtús ama, ach, tar éis athrú rialtais, baineadh stad astu agus éiríodh astu ar fad sa deireadh. Ina dhiaidh sin, tharraing an Íoslainn a hiarratas ar bhallraíocht siar an 12 Márta 2015.

Tá stádas oifigiúil mar thír is iarrthóir ag Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine agus ag an Albáin. Tugadh an stádas sin dóibh in 2009 agus 2014 faoi seach. Tairgeadh ionchas ballraíochta den Aontas Eorpach don Bhoisnia-Heirseagaivéin agus don Chosaiv freisin1.

Tá foráil déanta freisin maidir le tarraingt siar as an Aontas. Cuireadh clásal tarraingthe siar isteach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena dtugtar cead do Bhallstát imeacht. Níl aon choinníollacha i gceist le tarraingt siar den sórt sin ón Aontas; níl gá ach le comhaontú idir an tAontas agus an Ballstát lena mbaineann maidir leis na socruithe dá tharraingt siar. Mura féidir an comhaontú sin a thabhairt i gcrích, tiocfaidh an tarraingt siar i bhfeidhm gan aon chomhaontú dhá bhliain tar éis don Bhallstát a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige tarraingt siar. Baineadh feidhm as an rogha sin níos túisce ná mar a cheap duine ar bith. An 23 Meitheamh 2016, vótáil 52 % de phobal na Breataine (vótáil 71.8 % den phobal sa reifreann) in aghaidh an Ríochta Aontaithe a fhanacht san Aontas Eorpach. Is faoi Rialtas na Ríochta Aontaithe atá sé anois tús a chur leis an bpróiseas imeachta (Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach) trí fhógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar.

Ní dhéantar foráil ar bith ann, áfach, maidir le Ballstát a chur amach as an Aontas Eorpach in aghaidh a thola agus sin dearbhaithe aige, fiú de dheasca sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na Conarthaí.

BUNLUACHANNA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 2 CAE (luachanna an Aontais)

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

Airteagal 3 CAE (aidhmeanna an Aontais)

  1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.
  2. Cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac.
  3. Bunóidh an tAontas margadh inmheánach. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb iad aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht. Déanfaidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chothú.

    Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac agus déanfaidh sé an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn.

    Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

    Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

  4. Bunóidh an tAontas aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhfuil an euro mar airgeadra aige.
  5. Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus rannchuideoidh sé le cosaint a shaoránach. Rannchuideoidh sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil, le forbairt inbhuanaithe na Cruinne, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh go háirithe a chosaint, leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

[…]

Leagadh an dúshraith d’Eoraip aontaithe ar bhunsraith de bhunidéanna agus de bhunluachanna a bhfuil an Comhphobal agus na Ballstáit tiomanta dóibh in Airteagal 2 CAE agus cuireann institiúidí feidhmiúcháin an Aontais na bunidéanna agus na bunluachanna sin i ngníomh go praiticiúil. Ar na bunluachanna sin tá meas ar dhínit an duine, an comhionannas, an tsaoirse agus an dlúthpháirtíocht. Is iad aidhmeanna admhaithe an Aontais coimirce a thabhairt do phrionsabail na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta atá ina gcomhphrionsabail ag na Ballstáit, agus cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha agus do chearta an duine.

Maidir le haon tír ar mian léi dul isteach san Aontas Eorpach amach anseo, is iad sin na híoschaighdeáin ar cheart di iad a chomhlíonadh; féadfar pionós a ghearradh freisin ar Bhallstát a dhéanann sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na luachanna agus ar na prionsabail sin de bhun Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ar an gcéad dul síos, ní mór do na Ceannairí Stáit nó Rialtais sa Chomhairle Eorpach a chinneadh d’aon ghuth go ndearnadh sárú tromchúiseach leanúnach ar luachanna agus ar phrionsabail an Aontais. Is iad na Ceannairí Stáit nó Rialtais a dhéanfaidh an cinneadh sin ar thogra ó thrian de na Ballstáit nó ón gCoimisiún Eorpach, agus tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cearta áirithe a chur ar fionraí a tugadh don Bhallstát atá i gceist de bhun chur i bhfeidhm an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear cearta vótála sa Chomhairle. Os a choinne sin, leanfaidh na hoibleagáidí atá ar an mBallstát i gceist faoi na Conarthaí de bheith ina gceangal i gcónaí. Cuirtear san áireamh go háirithe an tionchar ar chearta agus ar oibleagáidí saoránach agus fiontar.

An tAontas agus mar a ráthaíonn sé an tsíocháin

Is é an dúil sa tsíocháin is mó a spreagann aontú na hEorpa (cf. Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach). Sa chéad seo a chuaigh thart, troideadh dhá chogadh dhomhanda san Eoraip agus bhí tíortha ar Ballstáit anois iad den Aontas Eorpach in aghaidh a chéile iontu. Mar sin de, is ionann beartas don Eoraip agus beartas don tsíocháin. Le bunú an Aontais Eorpaigh cruthaíodh príomheilimint creata síochána a fhágann nach féidir le Ballstáit cogadh a chur ar a chéile. Tá caoga bliain de shíocháin san Eoraip ina bhfianaise ar an méid sin. Dá mhéad Stát Eorpach a thiocfaidh isteach san Aontas, is amhlaidh is láidre a bheidh an creat síochána sin. Na méaduithe is déanaí a rinneadh ar an Aontas Eorpach, chuir siad go mór le neartú na síochána san Eoraip. In 2012, bronnadh Duais Síochána Nobel ar an Aontas as ucht an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

Aontacht agus comhionannas — téama athfhillteach

Aontacht — is í sin leitmóitíf an Aontais. Ní féidir fadhbanna móra an lae inniu a réiteach mura ngníomhóidh tíortha na hEorpa in éineacht le chéile, gan an éagsúlacht eatarthu a chailleadh. Is é an dearcadh atá ag a lán daoine, murach an lánpháirtíocht Eorpach, nach bhféadfaí síocháin (san Eoraip agus ar fud an domhain), daonlathas, dlí agus ceartas, rathúnas eacnamaíoch agus slándáil shóisialta a bhaint amach agus a ráthú go mbeidh siad ann amach anseo. Is fada ó bhí an dífhostaíocht, an fás neamhleordhóthanach, cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus truailliú an chomhshaoil ina gceisteanna náisiúnta amháin agus ní féidir iad a réiteach ar an leibhéal náisiúnta. Is faoi scáth an Aontais amháin is féidir ord cobhsaí eacnamaíoch a bhunú agus is trí chomhiarrachtaí Eorpacha amháin is féidir beartas eacnamaíoch idirnáisiúnta a ráthú a fheabhsóidh feidhmíocht gheilleagar na hEorpa agus a chuirfidh le ceartas sóisialta. Gan comhtháthú inmheánach, ní féidir leis an Eoraip a neamhspleáchas polaitiúil agus eacnamaíoch ar an gcuid eile den domhan a dhearbhú, a tionchar ar chúrsaí idirnáisiúnta a ghnóthú arís ná a ról sa pholaitíocht dhomhanda a bhaint amach arís.

In 2012, bronnadh Duais Síochána Nobel ar an Aontas as ucht an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip. Ghlac Herman van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí ó 2009 go 2014, José Manuel Barroso, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ó 2004 go 2014, agus Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ó 2012 go 2017, an duais in Osló an 10 Nollaig 2012.

In 2012, bronnadh Duais Síochána Nobel ar an Aontas as ucht an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip. Ghlac Herman van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí ó 2009 go 2014, José Manuel Barroso, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ó 2004 go 2014, agus Martin Schulz, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ó 2012 go 2017, an duais in Osló an 10 Nollaig 2012.

Ní bheidh rath ar an aontacht ach san áit a bhfuil an comhionannas ina riail. Ní féidir aon saoránach den Aontas a chur faoi mhíbhuntáiste ná idirdhealú a dhéanamh ina éadan de bharr a náisiúntachta. Ní mór aon idirdhealú a dhéantar bunaithe ar inscne, ar chine, ar bhunadh eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chomhrac. Cuirtear tuilleadh béime air sin arís i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Toirmisctear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail dath, airíonna géiniteacha, teanga, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin nó breith. Ina theannta sin, is comhionann gach saoránach os comhair an dlí. A mhéid a bhaineann leis na Ballstáit, ciallaíonn prionsabal an chomhionannais nach bhfuil tosaíocht ag aon Bhallstát thar aon Bhallstát eile, agus maidir le difríochtaí nádúrtha idir Ballstáit amhail méid, daonra agus struchtúir éagsúla, ní mór plé leo i gcomhréir le prionsabal an chomhionannais.

Na saoirsí bunúsacha

Is toradh í an tsaoirse ar an tsíocháin, ar an aontacht agus ar an gcomhionannas. Nuair a nascadh 28 Stát chun eintiteas níos mó a chruthú, chiallaigh sin go mbeadh saoirse gluaiseachta thar theorainneacha náisiúnta ann. Is é is ciall leis sin, go sonrach, saoirse gluaiseachta d’oibrithe, saoirse bhunaíochta, saoirse chun seirbhísí a sholáthar, saorghluaiseacht earraí agus saorghluaiseacht chaipitil. Tugann na saoirsí bunúsacha sin saoirse do lucht gnó agus iad i mbun cinnteoireachta, saoirse d’oibrithe a n-áit oibre a roghnú agus saoirse do thomhaltóirí rogha a dhéanamh as réimse leathan táirgí. A bhuí le saoirse iomaíochta is féidir le lucht gnó a n-earraí agus a seirbhísí a thairiscint ar mhargadh i bhfad níos mó. Is féidir le hoibrithe fostaíocht a lorg agus post a athrú de réir a méine agus a dtola féin ar fud an Aontais ar fad. Is féidir le tomhaltóirí na táirgí is saoire agus is fearr a roghnú as an ilréimse earraí atá ar fáil a bhuí leis an iomaíocht mhéadaithe.

Is minic a leagtar síos sa Chonradh Aontachais rialacha idirthréimhse i dtaca le haontachas tíre le hAontas na hEorpa, go háirithe maidir le saorghluaiseacht oibrithe, leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus leis an tsaoirse bhunaíochta. Tugtar leis na rialacha sin cead do “shean-Bhallstáit” de chuid an Aontais feidhm a bhaint as an dlí náisiúnta nó as comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana féin chun feidhmiú na saoirsí bunúsacha sin a rialú i gcás náisiúnaigh ó Bhallstáit nua go ceann suas le 7 mbliana.

Prionsabal na dlúthpháirtíochta

Nuair a bhaineann daoine mí-úsáid as an tsaoirse, gan beann ar chuibheas, déanann siad aimhleas daoine eile; ní mór an dlúthpháirtíocht a chur i gcothromaíocht leis an tsaoirse. Ar an ábhar sin, le go n-éireoidh le creat Comhphobail, ní mór dlúthpháirtíocht a chuid ball a aithint mar bhunphrionsabal agus sa dóigh sin ní mór idir ualaí agus bhuntáistí, i.e. an rathúnas, a roinnt go cothrom agus go cóir idir na baill.

An fhéiniúlacht náisiúnta a urramú

Urramaítear féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát. Ní hé atá i gceist le hidé an Aontais go rachadh na Ballstáit ó aithne nó i léig; ní hé ar chor ar bith, ach go roinnfeadh siad a saintréithe ar leith leis an Aontas. Is í an éagsúlacht saintréithe agus féiniúlachtaí náisiúnta sin a thugann údarás morálta don Aontas agus is le leas an Aontais ina iomláine an t-údarás sin.

Tábhacht na slándála

I ndeireadh na dála, braitheann na luachanna bunúsacha uile ar an tslándáil. Go háirithe ó tharla an t-ionsaí ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an 11 Meán Fómhair 2001, chomh maith leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip atá ag éirí níos líonmhaire agus níos fíochmhaire, tá an cath in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe san Eoraip i mbéal an phobail arís. Tá an comhar póilíneachta agus breithiúnach á chomhdhlúthú i gcónaí agus tá an chosaint ag teorainneacha seachtracha an Aontais á neartú freisin.

Sa chomhthéacs Eorpach, áfach, tá ciall níos leithne le slándáil, mar atá slándáil shóisialta gach saoránaigh atá ina chónaí san Aontas, cinnteacht fostaíochta agus cobhsaíocht sna dálaí ginearálta eacnamaíocha agus gnó. Chuige sin, is faoi institiúidí an Aontais na dálaí a chruthú a bhfuil saoránaigh agus gnólachtaí ag brath orthu le réiteach a dhéanamh don todhchaí.

Na cearta bunúsacha

Ar na luachanna agus na coincheapa bunúsacha atá ag croílár an Aontais, áirítear cearta bunúsacha shaoránaigh aonair an Aontais. Léiríonn stair na hEorpa le breis agus 200 bliain anuas go rabhthas go leanúnach i mbun iarrachtaí le breis cosanta a thabhairt do chearta bunúsacha. Rinneadh dearbhuithe maidir le cearta daonna agus sibhialta san ochtú haois déag, agus ó shin i leith rinne formhór na stát sibhialta cearta bunúsacha agus saoirsí sibhialta a chumhdach go daingean ina mbunreachtanna. Is fíor sin go háirithe i gcás Bhallstáit an Aontais; tá a gcórais dlí bunaithe ar an smacht reachta agus ar an urraim do dhínit an duine, do shaoirse an duine agus dá cheart chun féinfhorbartha. Tá roinnt mhaith coinbhinsiún idirnáisiúnta ann freisin maidir le cosaint chearta an duine, agus tá an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na cinn is tábhachtaí don Eoraip.

Is in 1969 a bhunaigh an Chúirt Bhreithiúnais corpas cásdlí chun fónamh mar chreat do chearta bunúsacha. Roimhe sin, dhiúltaigh an Chúirt plé le haon bhearta a bhain le cearta bunúsacha ar an mbonn nár ghá di bacadh le hábhair a tháinig faoi raon feidhme an dlí náisiúnta bhunreachtúil. Bhí ar an gCúirt a seasamh a athrú, áfach, ar chúpla cúis; ar an gcéad dul síos, mar gur sheas sí féin do thosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta; agus de bhreis air sin, ar an ábhar nach féidir an tosaíocht sin a bhunú go daingean ach amháin más leor dlí an Aontais ann féin chun cosaint do chearta bunúsacha a ráthú agus é sin a dhéanamh le feidhm dhlíthiúil atá ionann leis an bhfeidhm dhlíthiúil faoi na bunreachtanna náisiúnta.

Ba é an breithiúnas i gcás Stauder a chuir tús leis an gcásdlí sin. Ba é a bhí i gceist sa chás sin gur bhraith duine a bhí ag fáil sochair leasa shóisialta d’íospartaigh chogaidh gur shárú ar a dhínit agus ar phrionsabal an chomhionannais é go raibh air a ainm a thabhairt agus é ag clárú le him a cheannach ar lascaine um Nollaig. Cé gurbh é a chinn an Chúirt Bhreithiúnais, ar léirmhíniú fhoráil an Aontais di, nach raibh aon iallach ar fhaighteoirí a n-ainm a thabhairt agus ar an ábhar sin nár ghá dáiríre breithniú a dhéanamh ar an gceist faoi cheart bunúsach a shárú, dhearbhaigh sí ar deireadh go bhfuil an urraim do chearta bunúsacha ar cheann de na prionsabail atá cumhdaithe faoi bhunphrionsabail ghinearálta dhlíchóras an Chomhphobail, bunphrionsabail a bhfuil sé d’fhiacha ar an gCúirt Bhreithiúnais iad a choimirciú. Leis an mbreithiúnas sin, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais den chéad uair go bhfuil a chreat féin de chearta bunúsacha ag an Aontas.

I dtús báire, rinne an Chúirt a coimircí do chearta bunúsacha a fhorbairt ó fhorálacha sna Conarthaí. Is mar sin a rinne an Chúirt go háirithe i gcás na dtoirmeasc ar idirdhealú; i gcásanna ar leith, dhírigh siad ar ghnéithe áirithe de phrionsabal ginearálta an chomhionannais. Samplaí díobh sin is ea an toirmeasc ar aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta (Airteagal 18 CFAE), an cosc ar idirdhealú a dhéanamh idir daoine bunaithe ar ghnéas, ar chine, ar thionscnamh eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach (Airteagal 10 CFAE), cóir chomhionann d’earraí nó do dhaoine maidir leis na ceithre shaoirse bhunúsacha (saoirse ghluaiseachta d’earraí — Airteagal 34 CFAE; saoirse ghluaiseachta do dhaoine — Airteagal 45 CFAE; saoirse bhunaíochta — Airteagal 49 CFAE; agus saoirse chun earraí a sholáthar — Airteagal 57 CFAE), saoirse iomaíochta (Airteagal 101 et seq. CFAE) agus pá comhionann d’fhir agus mná (Airteagal 157 CFAE). Is féidir a mheas freisin gur ceart bunúsach de chuid an Aontais iad na ceithre shaoirse bhunúsacha de chuid an Aontais lena ráthaítear saoirsí bunúsacha an tsaoil ghairmiúil, mar atá an ceart chun saorghluaiseachta agus an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus a chleachtadh. Tugtar ráthaíochtaí sainráite freisin maidir leis an gceart comhlachais (Airteagal 153 CFAE maidir leis), an gceart achainí (Airteagal 24 CFAE) agus maidir le rúndacht ghairmiúil agus ghnó a chosaint (Airteagal 339 CFAE).

Na chéad iarrachtaí sin a rinne an Chúirt Bhreithiúnais cearta bunúsacha a chosaint trí dhlí an Aontais, chuir sí leo agus rinne sí breis forbartha orthu, diaidh ar ndiaidh. Rinne sí sin trí phrionsabail ghinearálta dlí a aithint agus a chur i bhfeidhm, prionsabail a tarraingíodh ó choincheapa atá i gcoitinne ag bunreachtanna na mBallstát agus ó na coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cosaint chearta an duine a raibh lámh ag na Ballstáit ina dtabhairt i gcrích. Tá an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na coinbhinsiúin sin; chuidigh sé le múnlú a dhéanamh ar shubstaint na gceart bunúsach san Aontas agus ar na sásraí chun na cearta sin a chosaint. Ar an mbonn sin, tugann an Chúirt aitheantas do shaoirsí áirithe mar bhunchearta a áirithítear faoi dhlí an Aontais: an ceart úinéireachta, saoirse chun obair a dhéanamh, dosháraitheacht na háite cónaithe, saoirse tuairimíochta, cearta ginearálta pearsantachta, cosaint an teaghlaigh (e.g. cearta atá ag baill teaghlaigh athaontú le hoibrí ar imirce), saoirse eacnamaíoch, saoirse reiligiúin nó creidimh, chomh maith le roinnt ceart bunúsach nós imeachta amhail an ceart chun próis chuí dhlíthiúil, prionsabal na rúndachta maidir le comhfhreagras idir dlíodóir agus cliant (ar a dtugtar “cumarsáid faoi phribhléid” sna tíortha ina bhfuil córas an dlí choitinn), an cosc ar dhuine a phionósú faoi dhó i leith an chiona chéanna, nó an ceanglas bonn cirt a thabhairt le haghaidh gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal fíorthábhachtach amháin a mbaintear leas as go minic i ndíospóidí dlí is ea prionsabal na córa comhionainne. Mar mhíniú simplí, ciallaíonn sé go gcaithfear plé le cásanna den chineál céanna sa tslí chéanna, ach amháin má tá foras is féidir a chosaint go hoibiachtúil ann chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu. De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, áfach, ní chiallaíonn an prionsabal sin nach bhféadtar náisiúnaigh agus earraí de tháirgeadh intíre a chur faoi réir ceanglas níos déine ná na ceanglais atá ar shaoránaigh nó ar tháirgí ó Bhallstáit eile (tugtar “idirdhealú aisiompaithe” air sin i gcaint an lucht dlí). Is é an chúis a mheastar atá leis an toradh sin go bhfuil teorainn le cumhachtaí an Aontais agus nach mbaineann na cumhachtaí sin, i bprionsabal, ach le trádáil trasteorann. Ní dhéanann dlí an Aontais difear do rialacha lena rialaítear táirgeadh agus margaíocht earraí de tháirgeadh intíre nó stádas dlíthiúil náisiúnach ina mBallstát féin ach amháin i gcás ina bhfuil bearta comhchuibhithe tugtha isteach ag an Aontas.

Tugann dlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais corpas fairsing de dhlí garbhunreachtúil don Aontas. Go praiticiúil, is é prionsabal na comhréireachta an chuid is tábhachtaí den dlí-eolaíocht sin. Ciallaíonn an prionsabal sin go gcaithfear na cuspóirí atá le saothrú agus na modhanna a úsáidfear chuige sin a mheá agus iarracht a dhéanamh iad a chur i gcóimheá le chéile ionas nach gcuirfear an saoránach faoi ualaí iomarcacha. Prionsabail bhunúsacha eile ar a bhfuil dlí an Aontais fothaithe is ea prionsabail ghinearálta an dlí riaracháin agus coincheap na próise cuí: ní foláir ionchais dhlisteanacha a chosaint, coisctear forálacha aisghníomhacha lena mbaineann ualaí nó lena n-aisghairtear buntáistí a fuarthas go dlisteanach, agus ní mór an ceart chun próis chuí dhlíthiúil, nó an ceartas aiceanta mar a thugtar air sin go traidisiúnta, a chinntiú i nósanna imeachta riaracháin an Choimisiúin agus i nósanna imeachta breithiúnacha na Cúirte Breithiúnais. Tá an trédhearcacht bhreise an-tábhachtach freisin; ciallaíonn sé gur cheart cinntí a dhéanamh ar shlí chomh hoscailte agus is féidir agus iad a dhéanamh chomh gar agus is féidir don saoránach. Gné thábhachtach den trédhearcacht sin is ea go bhféadann aon saoránach de chuid an Aontais nó aon duine dlítheanach atá cláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid na Comhairle nó an Choimisiúin. Ní mór freisin na deontais agus na fóirdheontais ar fad ó bhuiséad an Aontais a nochtadh do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha trí bhíthin bunachair sonraí a bhfuil fáil ag gach saoránach de chuid an Aontais orthu.

Bhain cás Eugen Schmidberger le léirsiú ar mhótarbhealach Brenner a raibh sé mar thoradh air gur dúnadh an mótarbhealach agus nárbh fhéidir le feithiclí taisteal air ar feadh 30 uair an chloig. D’iarr an chuideachta iompair Schmidberger ar Phoblacht na hOstaire — nár thoirmisc a cuid údarás an léirsiú — damáistí a íoc i leith an chaillteanais a thabhaigh sí mar thoradh ar an dúnadh. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cuireadh srian le saorghluaiseacht earraí de bhrí nár toirmisceadh an léirsiú ach go bhféadfaí é an neamhthoirmeasc a chosaint go hoibiachtúil. Chuir sí in iúl go raibh an cinneadh ag urramú na cearta bunúsacha a bhí ag na léirsitheoirí an tsaoirse a bheith acu a dtuairimí a nochtadh, saoirse a ráthaítear i mBunreacht na hOstaire agus sa Choinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine. Chinn an Chúirt nach bhféadfaí a rá gur sháraigh údaráis na hOstaire an dlí sa chaoi go mbeadh dliteanas mar thoradh air.

Bhain cás Eugen Schmidberger le léirsiú ar mhótarbhealach Brenner a raibh sé mar thoradh air gur dúnadh an mótarbhealach agus nárbh fhéidir le feithiclí taisteal air ar feadh 30 uair an chloig. D’iarr an chuideachta iompair Schmidberger ar Phoblacht na hOstaire — nár thoirmisc a cuid údarás an léirsiú — damáistí a íoc i leith an chaillteanais a thabhaigh sí mar thoradh ar an dúnadh. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cuireadh srian le saorghluaiseacht earraí de bhrí nár toirmisceadh an léirsiú ach go bhféadfaí é an neamhthoirmeasc a chosaint go hoibiachtúil. Chuir sí in iúl go raibh an cinneadh ag urramú na cearta bunúsacha a bhí ag na léirsitheoirí an tsaoirse a bheith acu a dtuairimí a nochtadh, saoirse a ráthaítear i mBunreacht na hOstaire agus sa Choinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine. Chinn an Chúirt nach bhféadfaí a rá gur sháraigh údaráis na hOstaire an dlí sa chaoi go mbeadh dliteanas mar thoradh air.

Aithnítear go bhfuil an-chuid bainte amach ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le cearta bunúsacha neamhscríofa a fhorbairt. Dá ainneoin sin, bhí míbhuntáiste mór amháin ag baint leis an bpróiseas seo lenar díorthaíodh “cearta bunúsacha Eorpacha”: is é sin go raibh an Chúirt Bhreithiúnais teoranta don chás áirithe a bhí faoina bráid. Dá bhrí sin, ní raibh sí in ann cearta bunúsacha a fhorbairt ó na prionsabail ghinearálta dlí do gach réimse inar chosúil gur ghá nó gurbh inmhianaithe iad a fhorbairt. Ní raibh sí ábalta ach oiread raon feidhme chosaint na gceart bunúsach ná na teorainneacha ar an gcosaint sin a mhionléiriú ar bhealach chomh ginearálta agus chomh sainiúil agus ba ghá. Mar gheall air sin, ní raibh institiúidí an Aontais in ann a mheas le dóthain beachtais an raibh baol ann go sáróidís ceart bunúsach. Agus an saoránach den Aontas a bheadh in amhras gur sáraíodh a chearta, ní fhéadfadh sé a mheas ar sáraíodh ceann dá chearta bunúsacha mura dtarraingeodh sé tuilleadh dua air féin i ngach cás.

Ar feadh i bhfad, síleadh go dtiocfadh réiteach na deacrachta seo as aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. I dTuairim Uimh. 2/94 ón gCúirt, áfach, is é a chinn an Chúirt, agus dlí an Aontais mar a bhí ag an am sin, nach raibh aon inniúlacht ag an Aontas dul in aontachas leis an gcoinbhinsiún. Dúirt an Chúirt go raibh sé de choinníoll le dlíthiúlacht ghníomhartha an Aontais go n-urramódh siad cearta an duine. Níor mhór córas cosanta chearta an duine mar atá ag an Aontas faoi láthair a athrú go substaintiúil, áfach, sa mhéid go gciallódh aontachas leis an gCoinbhinsiún go mbeadh ar an Aontas glacadh le córas institiúideach idirnáisiúnta ar leith agus go mbeadh air forálacha uile an Choinbhinsiúin a chomhtháthú le dlíchóras an Aontais. Bhí an Chúirt den tuairim gur athrú de chineál bunreachtúil a bheadh in athrú den sórt sin ar an gcóras do chosaint chearta an duine san Aontas a mbeadh impleachtaí bunúsacha institiúideacha aige freisin don Aontas agus do na Ballstáit, agus dá bhrí sin go rachadh sé thar raon feidhme na gcumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 352 CFAE. Cuireadh an t-easnamh sin ina cheart le Conradh Liospóin. Déantar foráil shonrach anois d’aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gcoinbhinsiún in Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ansin, cuireadh tús tapa an athuair le caibidlíocht aontachais in 2010. In earrach na bliana 2013, thángthas ar chomhaontú maidir leis an dréacht-chomhaontú aontachais. Chuir an Coimisiún an dréacht sin chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus d’iarr sé tuairim uaithi maidir le comhoiriúnacht an dréachta sin do dhlí an Aontais. Chinn an Chúirt i dTuairim 2/13 uaithi nach raibh an dréacht-chomhaontú maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh, san fhoirm a bhí beartaithe, don Choinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine ná dlí an Aontais. Ábhar cáinte ba ea an riachtanas go ngéillfeadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do chinntí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine dá n-aontódh an tAontas Eorpach leis an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine. Bheadh comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais faoi réir maoirseacht ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine maidir le cearta an duine freisin. Bhí na Breithiúna den tuairim go raibh sé sin i gcoinne prionsabail struchtúracha de chuid an Aontais, prionsabail a raibh tábhacht ag baint leo. Cé, go teoiriciúil, gur féidir leis an Aontas Eorpach aontú leis an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine tar éis an chinnidh sin, ní tharlóidh sé sin i láthair na huaire mar nach mór roinnt sonraí teicniúla sa dréacht aontachais a leasú roimh ré.

Beag beann ar aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, le Conradh Liospóin, áfach, tugadh céim thábhachtach eile i dtreo dlí coiteann bunreachtúil don Aontas Eorpach agus cuireadh bonn nua faoi chosaint ceart bunúsach san Aontas. Le hairteagal nua maidir le cearta bunúsacha (Airteagal 6 CAE) cuirtear gníomhartha institiúidí an Aontais agus na mBallstát, a mhéid a chuireann siad dlí an Aontais i bhfeidhm agus chun feidhme, faoi réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar leibhéal an Aontais le tagairt san airteagal sin. Tá an Chairt sin um Chearta Bunúsacha bunaithe ar dhréacht a tarraingíodh suas roimhe sin ag coinbhinsiún de 16 ionadaí ó Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát, chomh maith le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 16 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, agus 30 feisire ó na parlaimintí náisiúnta (beirt ó gach ceann de na 15 Bhallstát a bhí ann ag an am sin) faoi chathaoirleacht an Ollaimh Roman Herzog. Rinne Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an dréacht sin a fhógairt go sollúnta an 7 Nollaig 2000 i dtús Chomhairle Eorpach Nice gurbh éard a bhí inti “Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh”. Le linn na caibidlíochta ar bhunreacht Eorpach, rinneadh athbhreithniú ar an gCairt sin um Chearta Bunúsacha agus cuireadh isteach í mar chuid dhílis den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip an 29 Deireadh Fómhair 2004. Mar gur theip ar an gConradh, áfach, d’fhógair Uachtarán na Parlaiminte Eorpaí, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh arís go sollúnta an 12 Nollaig 2007 in Strasbourg gurbh éard a bhí inti “Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh”, agus gurbh ionstraim neamhspleách í an uair seo. Sa Chonradh ar an Aontas, tagraítear don leagan sin den Chairt atá ceangailteach ó thaobh dlí. Fágann sin go bhfuil an Chairt um Chearta Bunúsacha ceangailteach ó thaobh dlí agus bunaítear leis an gConradh freisin go bhfuil cearta bunúsacha infheidhme i ndlí an Aontais. Níl feidhm aige sin, áfach, sa Pholainn ná sa Ríocht Aontaithe. Ní raibh an dá Bhallstát sin ábalta, nó níor mhian leo, córas chearta bunúsacha na Cairte a ghlacadh, toisc go raibh imní orthu go mbeadh d’oibleagáid orthu seasaimh náisiúnta áirithe a ghéilleadh nó a athrú ar a laghad; bhain na seasaimh seo le saincheisteanna reiligiúnacha, mar shampla, nó leis an dóigh a gcaitear le grúpaí mionlaigh. Dá bhrí sin, níl cearta bunúsacha na cairte ina gceangal ar na tíortha sin, ach tá cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal orthu mar a bhí roimhe.

NA MODHANNA CHUN AN EORAIP A AONTÚ

Ó thaobh aontú na hEorpa de, tá dhá choincheap faoi leith ann maidir le sainmhíniú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn tíortha na hEorpa le chéile: comhar agus lánpháirtíocht. Tá “comhar feabhsaithe” tagtha chun cinn mar mhodh breise.

Comhar idir na Ballstáit

Cé go bhfuil na Ballstáit sásta bogadh amach thar a dteorainneacha féin ar mhaithe le hoibriú le Ballstáit eile, ní dhéanfaidh siad é sin ach i gcás ina ndéanfar a gceannasacht náisiúnta féin a chaomhnú mar phrionsabal — is é sin éirim an chomhair. Dá bhrí sin, níl sé mar aidhm leis na hiarrachtaí aontaithe atá bunaithe ar chomhar stát nua aonair a chruthú. Ina ionad sin, níl sé mar aidhm leo ach stáit cheannasacha a nascadh le chéile chun cónaidhm stát a chruthú. Choinneofaí na struchtúir náisiúnta sna stáit sin (cónaidhm). Tá na modhanna oibre atá ag Comhairle na hEorpa agus ag ECFE ag teacht le prionsabal an chomhair.

Coincheap na lánpháirtíochta

Riamh anall mhair náisiúnstáit i gcomhthreo lena chéile. Céim chun tosaigh air sin is ea coincheap na lánpháirtíochta. Is é an dearcadh seanbhunaithe go bhfuil ceannasacht stát dosháraithe agus doroinnte. Ina ionad sin, meastar go bhfuil córas na cómhaireachtála mar dhaoine agus mar náisiúin lochtach. Ceaptar nach bhfuil córas an náisiúin leordhóthanach agus gur cruthúnas air sin a liacht uair i stair na hEorpa a fuair stát amháin forlámhas ar stát eile (“mórcheannas”). Táthar den tuairim gurb é comhroinnt na ceannasachta náisiúnta chun ceannasacht chomhchoiteann a chruthú agus cónascadh mar chomhphobal fornáisiúnta a bhaint amach ar an ardleibhéal (cónaidhm) an t-aon bhealach amháin chun an mórcheannas a sheachaint.

D’eascair an tAontas Eorpach ó choincheap na lánpháirtíochta, ach ní dhéantar ceannasacht náisiúnta a chónascadh ann. Ní raibh na Ballstáit toilteanach struchtúr an náisiúnstáit a thabhairt suas — struchtúr nach raibh ach díreach faighte ar ais agus daingnithe acu tar éis an Dara Cogadh Domhanda — ar mhaithe le cónaidhm Eorpach. Dá bhrí sin, b’éigean teacht ar chomhréiteach arís eile a chinnteodh nach gcruthófaí cónaidhm Eorpach ach ag an am céanna go mbeadh níos mó i gceist ná comhar idir stáit. Ba é an réiteach ar thángthas air laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar na bearnaí idir caomhnú an neamhspleáchais náisiúnta agus cónaidhm Eorpach. Níor iarradh ar na Ballstáit droim láimhe amach is amach a thabhairt lena gceannasacht. Ní raibh orthu ach a admháil nár chreid siad gur ceannasacht dhoroinnte a bhí inti. Dá bhrí sin, ní raibh i gceist i dtús báire ach réimsí a shainaithint ina raibh na Ballstáit toilteanach scaradh le cuid dá gceannasacht ar mhaithe le comhphobal a bhí níos airde ná iad go léir. Léiríonn na trí chonradh bhunaidh — CEGC, C(E)E agus Euratom — torthaí na n-iarrachtaí sin.

Sonraítear sna conarthaí sin agus i gConarthaí an Aontais sa lá atá inniu ann na réimsí inar aistríodh cearta ceannasacha chuig an Aontas Eorpach. Sa chomhthéacs sin, ní thugtar aon chumhacht ghinearálta don Aontas ná dá chuid institiúidí tabhairt faoi na bearta atá riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Ina ionad sin, leagtar síos cineál agus raon na gcumhachtaí chun gníomhú sna forálacha Conartha faoi seach (an prionsabal maidir le tabhairt shonrach cumhachtaí). Ar an mbealach sin, tá na Ballstáit in ann faireachán a dhéanamh ar ghéilleadh a gcuid cumhachtaí agus é a rialú.

Comhar feabhsaithe

Tá ionstraim a bhaineann le comhar feabhsaithe mar bhonn ag an smaoineamh maidir le lánpháirtíocht il-luais a chur chun feidhme. Is é an smaoineamh atá ann go dtugtar deis do ghrúpaí beaga Ballstát a bpáirtíocht a mhéadú i réimse faoi leith atá faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh, gan aon bhac ó na Ballstáit a bhfuil drogall orthu, nó nach bhfuil sásta, é sin a dhéanamh.

De bhrí go raibh na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le húsáid na hionstraime sin an-dian i dtús báire (Conradh Amstardam), maolaíodh beagán iad mar thoradh ar mhéadú an Aontais (Conradh Nice). Tugtar le chéile i gConradh Liospóin na forálacha a bhí ann roimhe sin maidir le comhar feabhsaithe in Airteagal 20 CAE (coinníollacha creata) agus in Airteagail 326 go 334 CFAE (coinníollacha forlíontacha, rannpháirtíocht, nósanna imeachta, rialacha vótála).

Is féidir achoimre mar seo a leanas a dhéanamh ar na rialacha maidir le comhar feabhsaithe.

  • Ní fhéadfar an comhar sin a úsáid ach faoi chuimsiú na n-inniúlachtaí atá ag an Aontas Eorpach cheana agus má chuireann siad cuspóirí an Aontais chun cinn agus má dhéanann siad próiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a dhaingniú (Airteagal 20 CAE). Leis an gcomhar sin amháin, dá bhrí sin, ní féidir maolú a dhéanamh ar laigí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta atá leabaithe i struchtúr Chonarthaí an Aontais Eorpaigh. Ní mór gan ligean don chomhar feabhsaithe dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach ná do chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais. Lena chois sin, ní mór gan ligean dó bac a chur ar thrádáil, a bheith ina chúis le hidirdhealú i gcúrsaí trádála idir na Ballstáit ná an iomaíocht a shaobhadh (Airteagal 326 CFAE). Ní mór inniúlachtaí, cearta, oibleagáidí agus leasanna na mBallstát siúd nach bhfuil páirteach sa chomhar a urramú (Airteagal 327 CFAE).
  • Ní mór cead a bheith ag na Ballstáit go léir bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe. Ina theannta sin, ní mór cead a bheith ag na Ballstáit bheith rannpháirteach sa chomhar ag aon am, fad a chomhlíonann na Ballstáit lena mbaineann na cinntí a dhéantar faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe. Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an oiread Ballstát agus is féidir rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe (Airteagal 328 CFAE).
  • Níor chóir tabhairt faoin gcomhar feabhsaithe ach amháin mura bhfuil aon rogha eile ann agus má tá sé cinntithe laistigh den Chomhairle nach féidir na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhar sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta ama trí fhorálacha ábhartha na gConarthaí a chur i bhfeidhm. Ní mór naoi mBallstát ar a laghad a bheith rannpháirteach ann chun comhar feabhsaithe a bhunú (Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach).
  • Ní mheastar go bhfuil gníomhartha a ghlactar faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe ina gcuid de acquis an Aontais Eorpaigh. Is sna Ballstáit atá rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta agus iontu sin amháin atá infheidhmeacht dhíreach ag na gníomhartha sin (Airteagal 20(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach). Ní mór gan é a bheith de chumhacht ag na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach ann bac ar a chur chun feidhme, áfach.
  • Is iad na Ballstáit atá rannpháirteach ann a iompróidh an caiteachas a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe, seachas costais riaracháin, ach amháin i gcás ina gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, agus iad ag gníomhú d’aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (Airteagal 332 CFAE).
  • Ní mór don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na gníomhartha a dtabharfar fúthu faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe comhsheasmhach le beartais agus gníomhartha eile de chuid an Aontais (Airteagal 334 CFAE).

Is amhlaidh nár baineadh feidhm as an ionstraim sin ach in dhá chás go dtí seo. Den chéad uair riamh i stair an Aontais, bhain na Ballstáit feidhm as an nós imeachta a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe chun rialachán a chruthú lena gceadaítear do chéilí ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla an dlí is infheidhme maidir le colscaradh a roghnú. Nuair a theip ar thogra ón gCoimisiún chuige sin in 2006 an aontoilíocht a bhí de dhíth a bhaint amach sa Chomhairle, thug an Chomhairle údarú dul ar aghaidh le comhar feabhsaithe le cinneadh an 12 Iúil 2010. Ar bhonn togra nua ón gCoimisiún, d’aontaigh 14 Bhallstát (an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Ungáir) ar na forálacha i ndáil le colscaradh nó idirscaradh céilí ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla. Leagtar síos an toradh i Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010 ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil.

Bhain an dara cás inar cuireadh comhar feabhsaithe chun feidhme le cosaint phaitinne san Eoraip. D’uireasa na Cróite agus na Spáinne agus le rannpháirtíocht na hIodáile ina dhiaidh sin, d’aontaigh 26 Bhallstát san iomlán de chuid an Aontais ar chomhar feabhsaithe chun cosaint aonadach phaitinne a chruthú. Tháinig an Rialachán lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le cosaint aonadach phaitinne agus an Rialachán maidir leis na socruithe aistriúcháin is infheidhme i bhfeidhm an 20 Eanáir 2013. Ní bheidh feidhm ag na rialacháin, áfach, ach amháin nuair a thiocfaidh an Comhaontú ar Chúirt Aontaithe na bPaitinní i bhfeidhm. Chun go dtarlódh sé sin, ní mór 13 Bhallstát ar a laghad é a dhaingniú; Tá sé daingnithe ag 11 Bhallstát go dtí seo.

“BUNREACHT” AN AONTAIS EORPAIGH

Tá bunreacht ag gach eagraíocht shóisialta. Is leis an mbunreacht a shainítear an struchtúr atá ag córas polaitiúil, i.e. déantar an bhaint atá ag na codanna ar leith lena chéile agus leis an gcóras ina iomláine a shonrú, sainítear na cuspóirí coiteanna agus leagtar síos na rialacha maidir le cinntí ceangailteacha a dhéanamh. Ar an ábhar sin, agus mar gur comhlachas Stát é an tAontas a bhfuil cúraimí air agus feidhmeanna aige atá réasúnta sonrach, ní mór bunreacht an Aontais na freagraí a bheith aige ar na ceisteanna céanna a bpléitear leo i mbunreachtanna Stáit.

Sna Ballstáit, tá an comhlacht polaiteach fréamhaithe in dhá phríomhphrionsabal: an smacht reachta agus an daonlathas. Mar sin de, le go mbeidh gníomhaíochtaí an Aontais i gcomhréir le ceanglais bhunúsacha an dlí agus an daonlathais, ní mór idir dhlisteanacht dhlíthiúil agus dlisteanacht dhaonlathach a bheith ag gach rud a bhaineann leis: na heilimintí ar a bhfuil sé bunaithe, a struchtúr, a chumhachtaí, an dóigh a bhfeidhmíonn sé, seasamh na mBallstát agus a n-institiúidí, agus seasamh an tsaoránaigh.

Toisc gur theip ar an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip an 29 Deireadh Fómhair 2004, níl “bunreacht” an Aontais Eorpaigh leagtha síos go fóill i ndoiciméad cuimsitheach bunreachtúil amhail atá i gcás fhormhór bhunreachtanna Bhallstáit an Aontais; ina áit sin, eascraíonn sé ó iomlán na rialacha agus na luachanna bunúsacha a chreideann na húdaráis a bheith ina gceangal orthu. Tá cuid de na rialacha sin le fáil sna Conarthaí Eorpacha nó in ionstraimí dlí a mhol institiúidí an Aontais, ach tá cuid eile acu bunaithe ar an nós dlí.

Cineál dlítheanach an Aontais

Chun cineál dlítheanach an Aontais a mheas ní mór dearcadh ar a phríomhghnéithe ar dtús. Cé gur leagadh amach cineál dlítheanach an Aontais Eorpaigh in dhá bhunbhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais in 1963 agus in 1964, agus cé gur le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa mar a bhí ag an am a bhain na breithiúnais sin, tá siad bailí i gcónaí don Aontas Eorpach mar atá sé faoi láthair.

Van Gend & Loos

Sa díospóid dhlíthiúil seo, chuir an chuideachta iompair Ollannach, Van Gend & Loos, an dlí ar údaráis custaim na hÍsiltíre as dleacht ar allmhairí a chur ar tháirge ceimiceach ón nGearmáin a bhí ní b’airde ná na dleachtanna a cuireadh roimhe sin ar allmhairí. Cheap an chuideachta gur sháraigh sé sin Airteagal 12 de Chonradh CEE lena dtoirmeasctar dleachtanna nua ar allmhairí nó aon mhéadú ar dhleachtanna custaim atá ann cheana idir na Ballstáit. Rinne an chúirt san Ísiltír na himeachtaí a chur ar fionraí agus an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun soiléiriú a fháil maidir le raon feidhme agus impleachtaí dlí an Airteagail thuasluaite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Thapaigh an Chúirt Bhreithiúnais an deis sin chun roinnt barúlacha de chineál bunúsach a bhain le cineál dlítheanach an Aontais a leagan amach. Dúirt an Chúirt an méid seo a leanas ina breithiúnas:

Maidir le cuspóir Chonradh CEE, mar atá cómhargadh a bhunú a bhfuil baint dhíreach ag a fheidhmiú le páirtithe leasmhara sa Chomhphobal, tugann an cuspóir sin le tuiscint go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an gConradh sin ná comhaontú lena gcruthaítear comhoibleagáidí idir na Stáit Chonarthacha. Dearbhaítear an tuiscint sin sa bhrollach a ghabhann leis an gConradh, áit a ndéantar tagairt ní hamháin do rialtais ach don phobal freisin. Dearbhú eile níos sonraithe ar an tuiscint chéanna is ea bunú na n-institiúidí a bhfuil cearta ceannasacha bronnta orthu, ar cearta iad a bhfuil tionchar ag a bhfeidhmiú ar na Ballstáit agus ar shaoránaigh na mBallstát…. Is é an chonclúid atá le baint as seo gur dlíchóras nua de dhlí idirnáisiúnta atá sa Chomhphobal ar chun tairbhe dó a theorannaigh na Stáit a gcearta ceannasacha, ach gur i réimsí teoranta amháin a teorannaíodh iad, agus gurb iad na Ballstáit agus a náisiúnaigh atá faoina réir.”

Costa v ENEL

Ní dheachaidh ach bliain thart gur thug an cás COSTA v ENELdeis don Chúirt Bhreithiúnais a seasamh a leagan amach ar dhóigh níos iomláine. Is iad seo a leanas fíricí an cháis sin: In 1962, náisiúnaíodh táirgeadh agus dáileadh an leictreachais san Iodáil agus aistríodh sócmhainní na ngnóthas leictreachais chuig an mbord náisiúnta leictreachais, ENEL. Mar scairshealbhóir de Edison Volt, ceann de na cuideachtaí a náisiúnaíodh, chreid an tUasal Costa gur baineadh a dhíbhinn de agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé bille leictreachais 1,926 lira a íoc. Le linn na n-imeachtaí os comhair na cúirte eadrána in Milano, mhaígh an tUasal Costa agus é chun údar a thabhairt lena iompar gur sháraigh an náisiúnú roinnt forálacha de Chonradh CEE. Chun na haighneachtaí a rinne an tUasal Costa chun é féin a chosaint a mheas, d’iarr an chúirt ar an gCúirt Bhreithiúnais roinnt gnéithe de Chonradh CEE a léirmhíniú. Dúirt an Chúirt an méid seo a leanas ina breithiúnas maidir le cineál dlítheanach Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa:

Murab ionann agus gnáthchonarthaí idirnáisiúnta, tá a chóras dlí féin cruthaithe ag Conradh CEE … [córas dlí] a ionchorpraíodh i gcórais dlí na mBallstát agus a bhfuil sé de cheangal ar chúirteanna na mBallstát é a chur i bhfeidhm. Trí Chomhphobal a mhairfidh ar feadh tréimhse neamhtheoranta a chruthú a bhfuil a institiúidí féin aige, a phearsantacht féin, a inniúlacht dhlíthiúil féin agus a bhfuil ar a chumas ionadaíocht a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus, go háirithe, a bhfuil cumhachtaí iarbhír aige a earcaíonn ó cheannasacht a theorannú nó cumhachtaí a aistriú ó na Stáit chuig an gComhphobal, tríd an méid sin theorannaigh na Ballstáit a gcearta ceannasacha… agus mar sin tá corpas dlí cruthaithe acu atá de cheangal ar a náisiúnaigh agus orthu féin araon.”

Ar bhonn a barúlacha mionsonraithe, tháinig an Chúirt ar an gconclúid a leanas:

Is é an toradh atá ar na barúlacha seo ar fad nach bhféadfadh forálacha dlíthiúla intíre, ba chuma cén tslí a gcumfaí iad, cur go breithiúnach i gcoinne an dlí a eascraíonn ón gConradh, mar gheall ar chineál sonrach bunaidh an dlí sin, ar foinse dlí neamhspleách é, gan a chineál mar dhlí Comhphobail a bhaint de agus gan bonn dlíthiúil an Chomhphobail féin a thabhairt faoi amhras. Mar gur aistrigh na Stáit na cearta agus na hoibleagáidí a fhreagraíonn d’fhorálacha an Chonartha óna gcórais dlí intíre chuig córas dlí an Chomhphobail, cuireadh buanteorainn lena gcearta ceannasacha agus, ina dhiaidh sin, ní féidir gníomh aontaobhach nach bhfuil i gcomhréir le coincheap an Chomhphobail a theacht i réim.”

I bhfianaise na mbreithiúnas sin, is iad seo a leanas na heilimintí a léiríonn le chéile cineál dlítheanach speisialta an Aontais:

  • a leagan amach institiúideach, a áirithíonn go mbeidh an leas ginearálta Eorpach ina bhunús le gach gníomhaíocht de chuid an Aontais, i.e. go léiríonn gach gníomhaíocht leas an Aontais nó go bhfuil leas an Aontais ina thionchar uirthi mar atá leagtha síos sna cuspóirí;
  • gur aistríodh níos mó cumhachtaí chuig institiúidí an Aontais ná mar a rinneadh i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, agus go mbaineann na cumhachtaí sin le réimsí inar gnách le Stáit a gcearta ceannasacha a choinneáil;
  • go bhfuil a dhlíchóras féin bunaithe aige agus an dlíchóras sin neamhspleách ar dhlíchórais na mBallstát;
  • infheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais, a chiallaíonn go bhfuil forálacha dhlí an Aontais infheidhme go huile agus go hiomlán i ngach Ballstát agus go ndéantar cearta a bhronnadh agus oibleagáidí a fhorchur ar na Ballstáit agus ar a gcuid saoránach;
  • tosaíocht dhlí an Aontais, a áirithíonn nach féidir dlí an Aontais a chúlghairm ná a leasú le dlí náisiúnta agus go bhfuil tosaíocht aige ar an dlí náisiúnta má thagann an dá dhlí salach ar a chéile.

Mar sin de, eintiteas uathrialach is ea an tAontas a bhfuil a chearta ceannasacha féin aige agus a dhlíchóras féin atá neamhspleách ar na Ballstáit; agus tá na Ballstáit agus a gcuid náisiúnach faoi réir an dlíchórais sin, laistigh de réimsí inniúlachta an Aontais.

De bharr an chineáil comhlachta atá ann, tá gnéithe áirithe i gcoiteann ag an Aontas Eorpach leis an ngnáthchineál eagraíochta idirnáisiúnta nó ag struchtúir de chineál cónaidhme. Ach tá roinnt mhaith difríochtaí eatarthu freisin.

“Obair gan bhailchríochnú” atá san Aontas go fóill féin; tá sé ag forbairt i gcónaí agus ní fios fós cén chosúlacht a bheidh air sa deireadh.

Is é an t-aon chosúlacht atá ag an Aontas leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta traidisiúnta gur tháinig sé chun cinn mar gheall ar chonradh idirnáisiúnta, mar a tháinig eagraíochtaí eile. Is fada an t-achar a tháinig an tAontas ar aghaidh ó na chéad chéimeanna sin, áfach. Tharla sé sin mar gur bunaíodh Aontas neamhspleách a bhfuil a chearta ceannasacha agus a fhreagrachtaí féin aige leis na Conarthaí lenar bunaíodh an tAontas Eorpach. Ghéill na Ballstáit cuid dá gcearta ceannasacha don Aontas sin agus d’aistrigh siad chuig an Aontas Eorpach iad ionas gur féidir iad a fheidhmiú go comhpháirteach.

De bharr na ndifríochtaí idir an tAontas agus an gnáthchineál eagraíochta idirnáisiúnta, tá próiseas ar siúl lena bhfaighidh an tAontas stádas atá cosúil le stádas stáit aonair. Go háirithe, nuair a ghéill na Ballstáit cuid dá gcearta ceannasacha, glacadh leis gur chomhartha é sin go raibh struchtúr an sAontais ar aon dul cheana féin le struchtúr stáit cónaidhme. Ní thugann an dearcadh sin san áireamh áfach gur laistigh de réimsí áirithe, agus laistigh díobh sin amháin, atá de chumhacht ag institiúidí an Aontais na cuspóirí atá sonraithe sna Conarthaí a shaothrú. Fágann sin nach bhfuil de shaoirse ag an Aontas a chuspóirí a roghnú mar a roghnódh Stát ceannasach a chuspóirí; agus fágann sé nach bhfuil an tAontas ábalta dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh Stáit sa saol atá inniu ann. Níl an dlínse chuimsitheach ag an Aontas atá ag Stáit cheannasacha agus níl na cumhachtaí aige ach oiread réimsí nua freagrachta a bhunú (“dlínse os cionn dlínse”).

Dá bhrí sin, ní eagraíocht idirnáisiúnta de réir na gnáthchéille é an tAontas ná comhlachas Stát, ach eintiteas uathrialach atá idir eatarthu. “Eagraíocht fhornáisiúnta” an téarma a úsáideann lucht dlí anois le cur síos air.

Cúraimí an Aontais

Is ríchosúil le hord bunreachtúil stáit é liosta na gcúraimí atá ar an Aontas. Ní cúraimí faoi chuimsiú teorainneacha soiléire iad cúraimí an Aontais, den chineál is gnách a bheith ag eagraíochtaí idirnáisiúnta; ní hea, ach réimsí inniúlachtaí a fhágann, má dhearctar orthu ina n-iomláine, go bhfuil an tAontas cosúil le stát ina thréithe.

Liosta forleathan is ea liosta cúraimí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear cúraimí eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla.

Cúraimí eacnamaíocha

Is é atá i gceist leis na cúraimí eacnamaíocha: cómhargadh a bhunú lena dtugtar margaí náisiúnta na mBallstát le chéile, inar féidir gach earra agus seirbhís a chur ar tairiscint agus ar díol faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le margadh inmheánach, agus a bhfuil an tsaor-rochtain chéanna air ag gach saoránach san Aontas. Féadtar a rá gur cuireadh an plean chun cómhargadh a bhunú i gcrích agus gur tríd an gclár a bhí dírithe ar an margadh inmheánach a chomhlánú faoi 1992 a rinneadh sin. Ba é Uachtarán an Choimisiúin ag an am, Jacques Delors, a thionscain an clár sin, agus d’fhormheas na Ceannairí Stáit nó Rialtais é. D’éirigh le hinstitiúidí an Aontais creat dlí a leagan síos do mhargadh aonair a bheadh ábalta feidhmiú go cuí. Tugadh breis tathaig don chreat sin trí bhearta náisiúnta trasuí agus is é toradh na hoibre sin go bhfuil an margadh inmheánach ann anois, agus ag feidhmiú. Is féidir tionchar an mhargaidh aonair sin a fheiceáil sa ghnáthshaol freisin, go háirithe, sa dóigh ar scoradh i bhfad ó shin de sheiceálacha a dhéanamh ag na teorainneacha náisiúnta ar dhaoine agus ar earraí agus iad ag taisteal ó thír amháin go tír eile laistigh den Aontas Eorpach.

an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ina thaca ag an margadh inmheánach.

Tá an margadh aonair agus a cheithre shaoirse shainiúla (cf. Airteagal 26 CFAE) ina phríomhghné den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: saorghluaiseacht earraí (Airteagal 34), saorghluaiseacht daoine (Airteagal 45 agus Airteagal 49), saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 57) agus saorghluaiseacht chaipitil (Airteagal 63).

Tá an margadh aonair agus a cheithre shaoirse shainiúla (cf. Airteagal 26 CFAE) ina phríomhghné den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: saorghluaiseacht earraí (Airteagal 34), saorghluaiseacht daoine (Airteagal 45 agus Airteagal 49), saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 57) agus saorghluaiseacht chaipitil (Airteagal 63).

Maidir le beartas eacnamaíoch an Aontais, ní hé cúram an Aontais beartas eacnamaíoch Eorpach a leagan síos agus a fheidhmiú; tá de chúram air beartais náisiúnta eacnamaíocha a chomhordú d’fhonn a chinntiú nach dtiocfaidh tionchar diúltach ar fheidhmiú an mhargaidh aonair as cinntí beartais a dhéanfadh Ballstát amháin nó níos mó. Chuige sin, glacadh Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ina leagtar amach na critéir mhionsonraithe is gá do na Ballstáit a chomhlíonadh agus cinntí á ndéanamh acu maidir le beartas buiséadach. Mura gcomhlíona siad na critéir sin is féidir leis an gCoimisiún Eorpach rabhaidh a thabhairt agus, i gcás nach réiteofar an t-easnamh iomarcach buiséadach, is féidir leis an gComhairle pionóis a ghearradh. Le linn na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais domhanda, daingníodh a thuilleadh, idir 2010 agus 2012, an comhar maidir le beartas eacnamaíoch ar leibhéal an Aontais. Rinneadh comhordú i ndáil le beartas eacnamaíoch ar leibhéal an Aontais a fhorlíonadh le sásra buan i leith géarchéime, a bhfuil na gnéithe seo a leanas ag baint leis go príomha: ról an Choimisiúin a neartú, sásraí nua i leith ceartú uathoibríoch a thabhairt isteach, comhordú maidir le beartas eacnamaíoch a bhunú ar an leibhéal polaitiúil is airde, comhordú comhbheartaithe sa Seimeastar Eorpach agus oibleagáidí tuairiscithe níos déine a leagan ar na Ballstáit, ról na bparlaimintí náisiúnta agus ról Pharlaimint na hEorpa a neartú, agus gealltanais dheonacha a leagan síos sa dlí náisiúnta. Ag croílár an tsásra nua géarchéime sin tá an Seimeastar Eorpach.

Is timthriall é an Seimeastar Eorpach a ndéanann Ballstáit an Aontais Eorpaigh comhordú ar a mbeartas eacnamaíoch agus airgeadais lena linn. Tá sé dírithe ar na chéad sé mhí den bhliain agus is uaidh sin a thagann a ainm — an “Seimeastar”. Le linn an tSeimeastair Eorpaigh, cuireann na Ballstáit a mbeartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha i gcomhréir leis na cuspóirí agus na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, is é an aidhm atá leis an Seimeastar Eorpach cabhair a thabhairt maidir le státchistí sláintiúla a áirithiú, fás eacnamaíoch a chothú agus éagothromaíochtaí maicreacnamaíocha atá iomarcach a chosc laistigh den Aontas Eorpach.

Measfar gur rogha dheiridh é an sásra géarchéime sin; is é an príomhchúram a bhaineann leis an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chosaint. Fágadh an treoshuíomh bunúsach beartais gan athrú, áfach, is é sin: freagracht náisiúnta a ghlacadh i leith beartas eacnamaíoch agus airgeadais, freagracht a chiallaíonn go gcaithfidh na Ballstáit plé lena gcuid gníomhartha mar ábhar leasa choitinn.

Cad iad na cúraimí éagsúla atá ar lucht an tSeimeastair Eorpaigh?

Cad iad na cúraimí éagsúla atá ar lucht an tSeimeastair Eorpaigh?

Tosaíonn timthriall nua arís i dtreo dheireadh na bliana, nuair a thugann an Coimisiún forléargas ar an staid eacnamaíoch ina Shuirbhé Bliantúil Fáis don bhliain dár gcionn.

Tá an léaráid le fáil i 24 theanga ag http://www.consilium.europa.eu/ga/policies/european-semester

Maidir le beartas airgeadaíochta an Aontais, bhí sé de chúram ar an Aontas, agus tá i gcónaí, airgeadra aonair a thabhairt isteach san Aontas agus cúrsaí airgeadaíochta a rialú go lárnach. Tá rath éigin ar an mbeartas sin cheana. An 1 Eanáir 1999, tugadh an euro isteach mar airgeadra aonair Eorpach sna Ballstáit ar éirigh leo na critéir um chóineasú a bunaíodh chuige sin a chomhlíonadh (ráta boilscithe 1.5 %, easnamh rialtais = fiachas nua bliantúil: 3 %, fiachas rialtais: 60 %, ráta úis fadtéarmach: 2 %). Ba iad sin an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn. An 1 Eanáir 2002, cuireadh nótaí bainc agus boinn euro in ionad airgeadra náisiúnta na Stát sin. Ó shin i leith, is leis an euro amháin atáthar ag déanamh íocaíochtaí agus idirbheart airgeadais ó lá go lá. Sna blianta ina dhiaidh sin, tháinig méadú seasta ar líon na mBallstát a chomhlíon na critéir le glacadh an euro: an Ghréig (1 Eanáir 2001), an tSlóivéin (1 Eanáir 2007), an Chipir (1 Eanáir 2008), Málta (1 Eanáir 2008), an tSlóvaic (1 Eanáir 2009), an Eastóin (1 Eanáir 2011), an Laitvia (1 Eanáir 2014) agus ar deireadh an Liotuáin (1 Eanáir 2015). Tá 19 mBallstát i “limistéar an euro” anois — tíortha a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

I bprionsabal, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit atá fágtha an euro a ghlacadh mar airgeadra náisiúnta a luaithe a bheidh na critéir le cóineasú comhlíonta acu. Is eisceachtaí iad an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe agus iad sin amháin. D’éirigh leis na Ballstáit sin rogha an diúltaithe a fháil dóibh féin agus, mar sin de, is fúthu féin atá sé a chinneadh cé acu a thionscnóidh siad nó nach dtionscnóidh, agus cén uair a thionscnóidh siad, an nós imeachta chun comhlíonadh na gcritéar maidir le dul isteach san airgeadra aonair a fhíorú. Cás speisialta is ea an tSualainn, mar nach bhfuil rogha an diúltaithe aici. Ina ionad sin, Tá glacadh an euro ag an tSualainn ag brath ar cé acu a mholfaidh nó nach molfaidh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach rannpháirtíocht na Sualainne don Chomhairle. Le tuarascáil acu sin, is féidir leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Ceannais Eorpach rannpháirtíocht na Sualainne i limistéar an euro a mholadh don Chomhairle. Má dhéantar an moladh sin agus má dhéanann an Chomhairle é a cheadú, ní bheidh an dara rogha ag an tSualainn ach glacadh leis an euro. Mar sin féin, ní mór an fonn atá ar mhuintir na Sualainne féin dul isteach i limistéar an euro. I reifreann in 2003, vótáil 55.9 % den daonra i gcoinne an euro a thabhairt isteach. I suirbhé a rinneadh i Nollaig na bliana 2005, léiríodh go raibh 49 % go fóill i gcoinne an euro a thabhairt isteach agus 36 % ina fhabhar.

Ainneoin na n-ábhar imní ar fad, tá forbairt tagtha ar an euro mar airgeadra láidir ag a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta agus atá ina nasc láidir idir na Ballstáit atá i limistéar an euro. Fiú amháin géarchéim an fhiachais cheannasaigh a thosaigh in 2010 — níor athraigh sé an méid sin. A mhalairt ar fad a tharla. Mar fhreagairt ar an ngéarchéim, thug an tAontas Eorpach isteach sásraí tacaíochta sealadacha. In 2013, cuireadh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) in ionad na sásraí sin mar shásra buan. Mar chreat buan um réiteach géarchéime, cuirtear cúnamh seachtrach airgeadais ar fáil le SCE do Bhallstáit limistéar an euro agus tá acmhainn éifeachtach aige EUR 500 billiún a thabhairt ar iasacht. Ní féidir le Ballstáit an euro an cúnamh airgeadais sin a fháil ach amháin ar choinníollacha diana. Is é an comhdhlúthú fioscach atá ina aidhm leis na coinníollacha agus déantar é sin a léiriú i gclár coigeartaithe eacnamaíoch atá le baint amach le hidirbheartaíocht ag an gCoimisiún agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach. Le SCE, tá sé d’acmhainn ag an Aontas Eorpach gníomhú ar mhaithe leis an euro a chosaint, fiú sna cásanna is mó brú. Is léiriú soiléir é sin ar an leas coiteann agus ar an dlúthpháirtíocht laistigh de limistéar an euro agus chomh maith leis sin ar an bhfreagracht aonair atá ar gach Ballstát os comhair a chomhpháirtithe.

Tá freagrachtaí ag an Aontas ina lán réimsí beartais eacnamaíoch, ní hamháin i réimse an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Ar na réimsí sin tá beartas talmhaíochta agus iascaigh, beartas iompair, beartas tomhaltóirí, beartas struchtúrach agus comhtháite, beartas taighde agus forbartha, beartas spáis, beartas comhshaoil, beartas sláinte, beartas trádála agus beartas fuinnimh.

Cúraimí sóisialta

Maidir le beartas sóisialta, tá sé de chúram ar an Aontas Eorpach freisin gné shóisialta an mhargaidh aonair a mhúnlú agus a áirithiú nach iad siúd atá gníomhach sa gheilleagar agus iad siúd amháin a bhainfidh leas as an lánpháirtíocht eacnamaíoch. Mar cheann dá chéad bhearta thug sé isteach córas slándála sóisialta d’oibrithe imirceacha. Faoin gcóras sin, aon oibrithe a bhí ag obair i níos mó ná aon Bhallstát amháin, agus a tháinig mar sin faoi réim scéimeanna éagsúla árachais shóisialaigh, ní bheidh siad faoi mhíbhuntáiste maidir lena slándáil shóisialta (pinsean seanaoise, pinsean easláine, cúram sláinte, sochair teaghlaigh, sochair dífhostaíochta). Tá an dífhostaíocht san Aontas ina ábhar imní le blianta beaga anuas. Ar an ábhar sin, tá sé ar cheann de thosaíochtaí an bheartais shóisialta straitéis fostaíochta a cheapadh don Eoraip. Dá réir sin, ní mór do na Ballstáit agus don Aontas Eorpach straitéis fostaíochta a fhorbairt agus an straitéis sin a dhíriú ar an lucht saothair d’fhonn go mbeidh scileanna acu, oiliúint orthu agus inoiriúnaitheacht iontu agus, ina theannta sin, a chinntiú gur féidir na margaí saothair ábalta a chur in oiriúint d’athruithe eacnamaíocha. Meastar gur ábhar leasa choitinn é cur chun cinn na fostaíochta agus, dá bhrí sin, nach mór do na Ballstáit a mbearta náisiúnta a chomhordú laistigh den Chomhairle. Cuideoidh an tAontas ardleibhéal fostaíochta a bhaint amach; déanfaidh sé sin trí chomhar a chothú idir na Ballstáit agus, más gá, trí ghníomhaíocht na mBallstát a chomhlánú, gan cur isteach ar a n-inniúlachtaí ar ndóigh.

Cúraimí polaitiúla

Maidir le réimse na polaitíochta féin, tá cúraimí ar an Aontas i ndáil le saoránacht an Aontais, le beartais maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le comhbheartais eachtracha agus slándála. De bharr gur saoránaigh den Aontas anois iad, tá cearta agus leasanna náisiúnaigh na mBallstát laistigh de dulta i neart. Tá sé de cheart ag saoránaigh gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas (Airteagal 21 CFAE), tá sé de cheart acu vóta a chaitheamh agus a bheith ina n-iarrthóirí i dtoghcháin áitiúla (Airteagal 22 CFAE), tá siad i dteideal cosaint ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit (Airteagal 23 CFAE), tá ceart achainí acu os comhair Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 24 CFAE) agus, i gcomhthéacs an choisc ghinearálta atá ar idirdhealú a dhéanamh, tá sé de cheart acu go gcaithfeadh gach Ballstát leo mar a chaitheann siad lena náisiúnaigh féin (Airteagal 20(2) i gcomhar le hAirteagal 18 CFAE).

Maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, tá cúraimí ar leith ar an Aontas Eorpach, go háirithe na cúraimí a bhaineann le luachanna coiteanna, bunleasanna agus neamhspleáchas an Aontais a chosaint, slándáil an Aontais agus a chuid Ballstát a neartú, an tsíocháin dhomhanda a áirithiú agus an tslándáil idirnáisiúnta a mhéadú, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint agus comhchosaint a bhunú.

Ós rud é nach Stát aonair é an tAontas, níl de rogha aige ach tabhairt faoi na cúraimí sin céim ar chéim. Go traidisiúnta, bíonn na Ballstáit ag iarraidh a gceannasacht (náisiúnta) féin a choimeád sna réimsí a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus, go háirithe, leis an mbeartas slándála. Tá fáth eile ann ar deacair leasanna coiteanna sa réimse sin a shainiú — is iad an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe an t-aon dá Bhallstát a bhfuil airm núicléacha acu. Fadhb eile is ea nach bhfuil roinnt de na Ballstáit ina mbaill d’ECAT. Dá bhrí sin, is ar bhonn comhair idir Stáit a dhéantar formhór na gcinntí maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Idir an dá linn, áfach, tháinig réimse uirlisí chun cinn astu féin, a fhágann gur laistigh de chreat daingean dlí a oibríonn an comhar idir na Stáit.

Maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, is é príomhról an Aontais tabhairt faoi chúraimí a rachaidh chun sochair don Eoraip ina hiomláine. Áirítear orthu sin, go háirithe, coireacht eagraithe a chomhrac, gáinneáil ar dhaoine a chosc agus cionta coiriúla a ionchúiseamh. Toisc nach féidir coireacht eagraithe a chomhrac ar dhóigh éifeachtach ar leibhéal náisiúnta a thuilleadh, tá gá le freagairt chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais. Rinneadh dhá bheart dhearfacha chuige sin cheana, i.e. glacadh an treoir maidir le sciúradh airgid agus bunaíodh údarás póilíneachta Eorpach, Europol, atá ag feidhmiú ó 1998 (Airteagal 88 CFAE). Tá i gceist freisin leis an gcomhar sin éascú agus luathú a dhéanamh ar an gcomhar i ndáil le himeachtaí agus forghníomhú breitheanna, eiseachadadh idir na Ballstáit a éascú, rialacha íosta a bhunú maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis sna réimsí seo: coirpeacht eagraithe, sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, gáinneáil aindleathach ar dhrugaí agus ar airm, sciúradh airgid agus éillitheacht (Airteagal 83 CFAE).

Chuaigh comhar breithiúnach an Aontais chun cinn go mór in Aibreán 2003 le bunú Eurojust (Airteagal 85 CFAE). Is éard atá in Eurojust foireann de ghiúistísí agus d’ionchúisitheoirí ó thíortha uile an Aontais; is sa Háig atá a cheanncheathrú aige. Tá de chúram air tacú le comhordú a dhéanamh ar imscrúduithe agus ar ionchúisimh i leith coireanna tromchúiseacha trasteorann. Féadfaidh an Chomhairle Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust d’fhonn coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac (Airteagal 86 CFAE). Rinneadh tuilleadh dul chun cinn le bunú an bharántais gabhála Eorpaigh; tá na barántais ghabhála sin bailí ar fud an Aontais ó mhí Eanáir 2004. Is féidir an barántas sin a eisiúint i leith aon duine atá cúisithe i gcion lena ngabhann íosphionós de bhreis agus bliain i bpríosún. Tháinig an barántas gabhála Eorpach in ionad na nósanna imeachta fada eiseachadta a bhí i bhfeidhm roimhe sin.

Institiúidí an Aontais

Ní thugann na Conarthaí lena mbunaítear an tAontas aon chumhacht ghinearálta d’institiúidí an Aontais na bearta uile is gá a dhéanamh chun cuspóirí an Chonartha a ghnóthú, ach leagtar síos sna caibidlí éagsúla raon na gcumhachtaí chun gníomhú. Mar bhunphrionsabal, níl sé de chumhacht ag an Aontas ná ag institiúidí a mbunús dlí agus a n-inniúlachtaí a chinneadh; tá feidhm ag an bprionsabal maidir le tabhairt shonrach cumhachtaí (Airteagal 2 CFAE) i gcónaí. Roghnaigh na Ballstáit an modh sin lena áirithiú gur féidir faireachán agus rialú níos éasca a dhéanamh ar ghéilleadh a gcumhachtaí féin.

Braitheann réimse na n-ábhar atá cumhdaithe faoin tabhairt shonrach cumhachtaí ar chineál na gcúraimí a thugtar don Aontas. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas, fanann siad faoi chumhacht eisiach na mBallstát. Tá sé luaite go sainráite i gConradh an Aontais Eorpaigh go bhfuil cúrsaí slándála náisiúnta faoi údarás eisiach na mBallstát fós.

Tá sé le cruthú ansin, ar ndóigh, cá bhfuil an teorainn idir inniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí na mBallstát. Tá an teorainn sin bunaithe ar thrí chatagóir inniúlachta:

  • Inniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3 CFAE) i réimsí inar féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh beart ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí ná beart in aon Bhallstát gan chomhordú. Tá na réimsí sin leagtha amach go soiléir agus orthu sin tá an t-aontas custaim, bunú na rialacha iomaíochta is gá d’oibriú an mhargaidh inmheánaigh, beartas airgeadaíochta Bhallstáit an limistéir euro, an comhbheartas tráchtála agus codanna den chomhbheartas iascaigh. Sna réimsí beartais sin, is é an tAontas Eorpach amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, agus níl na Ballstáit in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má thugann an tAontas Eorpach cumhachtaí dóibh chuige sin nó más gá gníomhú amhlaidh chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme (Airteagal 2(1) CFAE).
  • Inniúlacht a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit (Airteagal 4 CFAE) i réimsí ina mbeidh luach breise ag gníomhaíocht ar leibhéal Eorpach thar ghníomhaíocht ag Ballstáit. Ar na réimsí ina ndéanfar inniúlacht a roinnt tá rialacha an mhargaidh inmheánaigh, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus iascach, comhshaol, iompar, gréasáin thras-Eorpacha, soláthar fuinnimh agus limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, agus gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, taighde agus forbartha teicneolaíochta, spáis, comhair um fhorbairt agus cabhrach daonnúla. Sna réimsí sin ar fad, féadfaidh an tAontas inniúlacht a fheidhmiú i dtosach, ach is maidir leis na hábhair atá leagtha síos san ionstraim ábhartha de chuid an Aontais, agus maidir leo sin amháin, a fhéadfaidh sé sin a dhéanamh, agus ní maidir leis an réimse beartais iomlán. Feidhmíonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige, nó gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú (Airteagal 2(2) CFAE). Féadfaidh an méid sin tarlú i gcás ina gcinnfidh institiúidí ábhartha an Aontais gníomh reachtach a aisghairm, go háirithe d’fhonn prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thionscnamh ceann amháin nó níos mó dá comhaltaí, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh chun gníomh reachtach a aisghairm.
  • Inniúlacht chun gníomhaíocht tacaíochta a chur i gcrích (Airteagal 6 CFAE). Is le gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú nó a fhorlíonadh, agus leo sin amháin, a bhaineann inniúlacht an Aontais chun gníomhaíochtaí tacaíochta a chur i gcrích; níl inniúlacht ag an Aontas an dlí náisiúnta a chomhchuibhiú sna réimsí lena mbaineann (Airteagal 2(5) CFAE). Is ar na Ballstáit, dá bhrí sin, atá an fhreagracht as reachtaíocht a dhréachtú agus tá roinnt mhaith saoirse acu chun gníomhú. Ar na réimsí a chuimsítear sa chatagóir inniúlachta seo tá sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, tionscal, cultúr, turasóireacht, oideachas, óige, spórt agus gairmoiliúint, cosaint shibhialta agus comhar riaracháin. I réimsí na fostaíochta agus an bheartais eacnamaíoch, aithníonn na Ballstáit go sainráite gur gá bearta náisiúnta a chomhordú laistigh den Aontas.

Sa bhreis ar na cumhachtaí speisialta sin chun gníomhú, tugann Conarthaí an Aontais de chumhacht freisin do na hinstitiúidí gníomhú nuair is sár-riachtanach sin d’fheidhmiú an mhargaidh aonair nó d’fhonn iomaíocht neamhshaofa a áirithiú (féach Airteagal 352 CFAE — clásal na solúbthachta). Ní thugann na hairteagail sin aon chumhacht ghinearálta do na hinstitiúidí, áfach, lena gcumasófaí iad cúraimí a chur i gcrích nach dtagann faoi na cuspóirí atá leagtha síos sna Conarthaí, agus ní fhéadfaidh institiúidí an Aontais a gcumhachtaí a shíneadh má dhéanann sin dochar do chumhachtaí na mBallstát. Sa chleachtas, ba mhinic a baineadh leas as na deiseanna a thug an chumhacht sin, mar go mbíodh cúraimí nua de shíor ag teacht os comhair an Aontais, cúraimí nach raibh súil ar bith leo tráth a tugadh na Conarthaí bunaidh i gcrích, agus nach raibh aon chumhachtaí oiriúnacha foráilte ina leith sna Conarthaí. Samplaí de na cúraimí sin is ea cosaint an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí nó bunú Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa mar bhealach chun an bhearna idir réigiúin forbartha agus réigiúin tearcfhorbartha an Aontas a líonadh. Anois, áfach, tá dlínse speisialta tugtha sna réimsí thuasluaite. Is éard a chiallaíonn na forálacha sonracha sin go bhfuil an tábhacht phraiticiúil a bhain le clásal na solúbthachta dulta i laghad go mór. Tá toiliú Pharlaimint na hEorpa de dhíth chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

Ar deireadh, tá cumhachtaí breise ann lenar féidir na bearta is gá a dhéanamh de réir mar atá fíor-riachtanach chun cumhachtaí a tugadh go sainráite cheana (cumhachtaí intuigthe) a chur chun feidhme ar shlí éifeachtach agus fhóinteach. Tá tábhacht faoi leith ag na cumhachtaí sin anois maidir le caidreamh seachtrach. Cuireann siad ar chumas an Aontais oibleagáidí a ghlacadh air féin i leith tíortha nach Ballstáit iad nó i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta eile i réimsí atá cumhdaithe sa liosta de chúraimí atá ar an Aontas. Is sampla sármhhaith é cás Kramer, cás ar thug an Chúirt Bhreithiúnais rialú ina leith. Bhain an cás sin le hinniúlacht an Aontais comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le socrú cuótaí iascaireachta agus, nuair a mheastar gurb iomchuí, oibleagáidí i leith an ábhair sin a ghlacadh air féin faoin dlí náisiúnta. Ós rud é nach raibh aon fhoráil shonrach leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, ghabh an Chúirt inniúlacht sheachtrach an Aontais as a inniúlacht inmheánach i leith an bheartais iascaigh faoin gcomhbheartas talmhaíochta.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin, áfach, tá an tAontas faoi rialú ag prionsabal na coimhdeachta, prionsabal a tháinig ó theagasc sóisialta an Chaitliceachais Rómhánaigh, agus a bhfuil stádas bunreachtúil aige anois, geall leis, de bharr a chorpraithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 5(3)). Tá dhá ghné chodarsnacha a bhaineann leis an bprionsabal sin: gné dhearfach, is é sin nach mór don Aontas Eorpach gníomhú nuair is fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, rud a chuireann le hinniúlachtaí an Aontais Eorpaigh; agus gné dhiúltach, is é sin nach ceart dó gníomhú nuair is féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a ghnóthú go leormhaith agus iad ag gníomhú astu féin, rud a chuireann srian ar a chumhachtaí. Is éard a chiallaíonn sé sin sa chleachtas go mbíonn ar institiúidí uile an Aontais, agus go háirithe an Coimisiún, a léiriú i gcónaí an bhfuil fíorghá le comhrialacha agus le comhghníomhaíochtaí. Mar a dúirt Montesquieu, ach friotal eile a chur air: nuair nach bhfuil aon ghá le gníomhaíocht ón Aontas, is gá dó gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh. Má léirítear go bhfuil gá le rialacha ón Aontas, is gá ansin ceist a chur faoi dhéine na rialacha agus faoin bhfoirm ina mbeidh siad. Faightear freagra na ceiste sin i bprionsabal na comhréireachta, atá bunaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach i dteannta na bhforálacha maidir le hinniúlacht (Airteagal 5(4)). Fágann an prionsabal sin go gcaithfear an gá atá le hionstraim shonrach dlí a mheasúnú go grinn féachaint an bhféadfaí an toradh céanna a bhaint amach ar shlí eile nach mbainfeadh srianta chomh dian léi. Is é an tátal a bhaintear as sin i gcoitinne gur cheart tús áite a thabhairt do rialacháin réime, do chaighdeáin íosta agus d’aitheantas frithpháirteach chaighdeáin reatha na mBallstát thar fhorálacha dlíthiúla a bheadh ró-mhionsonraithe agus ba chóir forálacha comhchuibhithe a sheachaint aon uair is féidir.

Is féidir leis na parlaimintí náisiúnta comhlíonadh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a scrúdú anois freisin. Chuige sin, tugadh isteach córas réamhrabhaidh, lenar féidir leis na parlaimintí náisiúnta seasamh réasúnaithe a eisiúint laistigh d’ocht seachtaine ón tráth a seoladh an togra reachtach; leagfar amach sa seasamh réasúnaithe na fáthanna nach gcomhlíonann an togra reachtach i dtrácht na ceanglais maidir le coimhdeacht agus comhréireacht. Má thacaíonn aon trian ar a laghad de na vótaí atá cionroinnte ar na parlaimintí náisiúnta leis an seasamh réasúnaithe sin, ní mór don institiúid a d’eisigh an togra reachtach (an Coimisiún de ghnáth) an togra a athbhreithniú arís (— bíonn dhá vóta ag gach parlaimint náisiúnta faoi seach, nó, i gcás córas dlísheomraí, vóta ag gach dlísheomra). Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfar an togra a choimeád, a leasú nó a tharraingt siar. Má roghnaíonn an Coimisiún Eorpach an dréacht a choimeád, beidh air tuairim réasúnaithe a eisiúint, ina dtabharfaidh sé le fios an fáth a mheasann sé go gcomhlíonann an dréacht prionsabal na coimhdeachta. Cuirtear an tuairim réasúnaithe sin maille leis na tuairimí réasúnaithe ó na parlaimintí náisiúnta faoi bhráid reachtóir an Aontais chun go dtabharfar aird orthu sa nós imeachta reachtach. Más rud é gurb é tuairim reachtóir an Aontais, trí thromlach 55 % de Chomhaltaí Chomhairle an Aontais nó trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh i bParlaimint na hEorpa, nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ní dhéanfar aon scrúdú breise ar an togra reachtach.

Na hinstitiúidí:

Airteagal 13 de CAE (an creat institiúideach)

  1. Beidh creat institiúideach ag an Aontas arb é is aidhm dó a luachanna a chur chun cinn, a chuspóirí a shaothrú, fónamh dá leasanna, do leasanna a shaoránach agus do leasanna a Bhallstát, mar aon le comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.

    Is iad institiúidí an Aontais:

    • Parlaimint na hEorpa,
    • an Chomhairle Eorpach,
    • an Chomhairle,
    • an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear “an Coimisiún” anseo feasta),
    • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
    • an Banc Ceannais Eorpach,
    • an Chúirt Iniúchóirí.
  2. Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.
  3. Déantar na forálacha a bhaineann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le forálacha mionsonraithe maidir leis na hinstitiúidí eile, a leagan amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
  4. Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.
Forbhreathnú ar institiúidí an Aontais Eorpaigh de réir CFAE

Ceist eile a thagann chun cinn i ndáil le Bunreacht don Aontas Eorpach is ea eagrúchán an Aontais. Cad iad institiúidí an Aontais? Ós rud é gur feidhmeanna a bhíonn á bhfeidhmiú de ghnáth ag Stáit atá á bhfeidhmiú ag an Aontas, an gciallaíonn sin go bhfuil rialtas, parlaimint, údaráis riaracháin agus cúirteanna aige amhail iad siúd a bhfuilimid i dtaithí orthu sna Ballstáit? Na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cúraimí atá sannta don Aontas a chur i gcrích, agus stiúradh an phróisis lánpháirtíochta, is d’aon turas nach faoi na Ballstáit ná faoi chomhar idirnáisiúnta amháin a fágadh iad. Leoga, tá córas institiúideach ag an Aontas a fhágann go bhféadann sé spreagadh nua agus cuspóirí nua a thabhairt d’aontú na hEorpa agus go bhféadann sé corpas dlí a chruthú, sna hábhair a thagann faoi chuimsiú a fhreagrachta, atá aonfhoirmeach agus ceangailteach sna Ballstáit uile.

Is iad institiúidí an Aontais na príomhghníomhaithe i gcóras institiúideach an AE. Ar na príomhghníomhaithe sin tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Chúirt Iniúchóirí. Ar na comhlachtaí coimhdeacha sa chóras institiúideach sin tá an Banc Eorpach Infheistíochta, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Coiste na Réigiún.

NA hINSTITIÚIDÍ

Parlaimint na hEorpa (Airteagal 14 CAE)

Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht thar ceann phobail Bhallstáit an Aontais. Is cónascadh atá ann de Chomhthionól CEGC, de Thionól CEE, agus de Thionól Euratom, a nascadh le chéile mar “thionól” faoi Choinbhinsiún 1957 ar Institiúidí Áirithe is Coiteann do na Comhphobail Eorpacha (“an chéad Chonradh cumaisc”). Níor athraíodh an t-ainm go “Parlaimint na hEorpa” go dtí gur leasaíodh Conradh CE leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht), ach ní raibh i gceist leis an athrú sin dáiríre ach dearbhú oifigiúil a dhéanamh ar an ainm a bhí in úsáid go coitianta ón uair a chinn an Tionól in 1958 “Parlaimint na hEorpa” a thabhairt mar ainm air féin.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA

AN tUACHTARÁN
14 Leas-Uachtarán
5 Chaestóir (ar bhonn comhairleach)

Gairtear an Biúró den Uachtarán, de na Leas-Uachtaráin agus de na Caestóirí (comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa a leagtar cúraimí riaracháin agus airgeadais orthu) le chéile, agus toghann an Pharlaimint iad go ceann téarmaí 2 bhliain go leith. Tá Comhdháil na nUachtarán ann chomh maith, atá comhdhéanta d’Uachtarán na Parlaiminte agus de chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Tá freagracht ar an gcomhlacht sin as obair na Parlaiminte a eagrú, agus as an gcaidreamh le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus le hinstitiúidí nach cuid den Aontas iad.

BALLSTÁT SUÍOCHÁIN I bPARLAIMINT NA hEORPA
An Ghearmáin 96
An Fhrainc 74
An Iodáil 73
An Ríocht Aontaithe 73
An Spáinn 54
An Pholainn 51
An Rómáin 32
An Ísiltír 26
An Bheilg 21
Poblacht Na Seice 21
An Ghréig 21
An Ungáir 21
An Phortaingéil 21
An tSualainn 20
An Ostair 18
An Bhulgáir 17
An Danmhairg 13
An tSlóvaic 13
An Fhionlainn 13
Éire 11
An Chróit 11
An Liotuáin 11
An Laitvia 8
An tSlóivéin 8
An Eastóin 6
An Chipir 6
Lucsamburg 6
Málta 6
Comhdhéanamh agus toghadh

Taispeántar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa ar mhodh grafach thíos; Sa tábla thíos don téarma parlaiminte reatha, 2014-14, léirítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa.

Go dtí 1979, b’as measc chomhaltaí na bparlaimintí náisiúnta a roghnaíodh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus ba iad na parlaimintí náisiúnta a d’ainmnigh iad mar chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa. Bhí foráil déanta sna Conarthaí féin gurbh iad pobail na mBallstát a thoghfadh na Feisirí in olltoghchán díreach, ach níor eagraíodh na chéad toghcháin dhíreacha go dtí Meitheamh 1979; rinneadh roinnt iarrachtaí roimhe sin, ach ní raibh toradh ar bith orthu. Eagraítear na toghcháin anois uair gach 5 bliana; tá sé sin ag teacht le fad “téarma parlaiminte” — 5 bliana. Tar éis na mblianta fada d’iarrachtaí, tugadh isteach nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach faoi dheireadh leis an ngníomh maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach in 1976, gníomh a leasaíodh go bunúsach leis an nGníomh um Thoghcháin Dhíreacha) in 2002. Faoin nGníomh sin, tá ar gach Ballstát a nós imeachta toghcháin féin a leagan síos, ach tá orthu na bunrialacha daonlathacha céanna a chur i bhfeidhm:

  • olltoghchán trí vótáil dhíreach,
  • ionadaíocht chionmhar,
  • saoirse ballóide agus ballóidí rúnda,
  • aois íosta (18 mbliana an aois íosta vótála i ngach Ballstát, seachas san Ostair áit ar laghdaíodh an aois vótála go 16 bliana),
  • téarma oifige cúig bliana atá in-athnuaite,
  • neamhluí (ní féidir leis an bhFeisire bheith i seilbh dhá oifig ag an am céanna, e.g. breitheamh, ionchúisitheoir poiblí, Aire, etc.; tá siad faoi réir dhlí a dtíre féin freisin, rud a d’fhéadfadh srian breise a chur orthu breis agus post nó oifig amháin a bheith ina seilbh),
  • dáta toghcháin,
  • comhionannas idir fir agus mná. I dtíortha áirithe, ar nós na Beilge, na Gréige agus Lucsamburg, tá sé éigeantach vóta a chaitheamh.

Ina theannta sin, tháinig reacht aonfhoirmeach d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhm in 2009, rud a dhéanann na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le hobair na bhFeisirí níos trédhearcaí agus a bhfuil rialacha soiléire luaite ann. Tugtar isteach leis freisin tuarastal aonfhoirmeach do na Feisirí uile, tuarastal a íoctar ó bhuiséad an Aontais.

Ós rud é gur trí vótáil dhíreach a thoghtar an Pharlaimint anois, tá dlisteanacht dhaonlathach aici agus is féidir léi a mhaíomh go fírinneach go ndéanann sí ionadaíocht thar ceann shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, cé go bhfuil Parlaimint ann a thoghtar go díreach, ní leor é mar shásamh ar an riachtanas bunúsach a bhaineann le bunreacht daonlathach, is é sin go gcaithfidh gur ó na daoine a thiocfadh an t-údarás poiblí uile. Ciallaíonn sé sin nach mór don phróiseas cinnteoireachta bheith trédhearcach agus do na hinstitiúidí cinnteoireachta bheith ionadaíoch; tá gá le rialú parlaiminteach agus ní mór don Pharlaimint dlisteanacht a thabhairt do na hinstitiúidí sin de chuid an Aontais a bhfuil baint acu leis an bpróiseas cinnteoireachta. Tá dul chun cinn mór déanta sa réimse sin le blianta beaga anuas. Ní hamháin gur cuireadh go leanúnach le cearta na Parlaiminte ach tá an oibleagáid fothaithe go sainráite i gConradh Liospóin go gcloífidh gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh le prionsabal an daonlathais ionadaíoch. Mar thoradh air sin, tá ionadaíocht dhíreach sa Pharlaimint ag gach saoránach san Aontas agus is féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais. Is é an cuspóir bunúsach atá leis sin cinntí an Aontais a dhéanamh ar shlí atá chomh hoscailte agus is féidir, agus chomh gar agus is féidir don saoránach. Rannchuideoidh na páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach le féiniúlacht Eorpach a mhúnlú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl. Má tá aon easpa sa tsamhail dhaonlathach atá ag an Aontas faoi láthair, is í seo í: ní thoghann Parlaimint na hEorpa, murab ionann agus fíorpharlaimintí i ndaonlathas parlaiminteach, rialtas atá cuntasach di.

Airteagal 10 CAE (daonlathas ionadaíoch)

  1. Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch.
  2. Ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa.
  3. Ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach ag a gCeannairí Stáit nó Rialtais agus sa Chomhairle ag a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach.

  4. Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach.
  5. Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

Is é a bhfuil de chúis leis an easpa sin, áfach, nach bhfuil aon rialtas den ghnáthdhéanamh ann ar leibhéal an Aontais. Ina ionad sin, tá na feidhmeanna de chineál rialtais dá bhforáiltear i gConarthaí an Aontais á ndéanamh ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach de réir struchtúir roinnte cúraimí. I gConradh Liospóin, mar sin féin, tugadh cumhachtaí forleathana don Pharlaimint a bhaineann le ceapacháin chuig an gCoimisiún. Orthu sin tá cumhacht na Parlaiminte Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh ar mholadh ón gComhairle Eorpach, agus vóta na Parlaiminte chun coláiste iomlán na gCoimisinéirí a fhormheas (“ceart insealbhaithe”). Níl aon tionchar den saghas sin, áfach, ag an bParlaimint maidir le comhaltas sa Chomhairle; níl comhaltas sa Chomhairle faoi réir an rialaithe pharlaimintigh ach sa mhéid go bhfuil gach duine dá comhaltaí, ina gcáil Aire náisiúnta, cuntasach don pharlaimint náisiúnta.

Tá méadú suntasach tagtha ar ról Pharlaimint na hEorpa i bpróiseas reachtach an Aontais. De bharr go bhfuil an nós imeachta comhchinnteoireachta ina ghnáthnós imeachta reachtach anois, is “comhreachtóir” anois í Parlaimint na hEorpa i dteannta na Comhairle. Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, ní hamháin gur féidir leis an bParlaimint leasuithe ar reachtaíocht a chur ar aghaidh ag na léamha éagsúla ach is féidir léi, faoi shrianta áirithe, a áirithiú go nglacfaidh an Chomhairle leo. Ní féidir reachtaíocht an Aontais a rith gan comhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa.

Bhí ról tábhachtach i gcónaí ag an bParlaimint sa nós imeachta buiséadach. Chuir Conradh Liospóin go mór le cumhachtaí buiséadacha Pharlaimint na hEorpa, agus ordaíodh go bhfuil ar an bParlaimint an plean airgeadais ilbhliantúil a fhormheas agus tugadh cumhachtaí comhchinnteoireachta di maidir leis an gcaiteachas uile.

Tá ceart an aontaithe ag an bParlaimint maidir le gach mór-chomhaontú idirnáisiúnta a bhaineann le réimse a thagann faoi chuimsiú na comhchinnteoireachta, agus maidir leis na Conarthaí Aontachais a thugtar i gcrích le Ballstáit nua agus ina leagtar síos na coinníollacha ar a ligfear Stát isteach.

Cuireadh go mór freisin de réir a chéile le cumhachtaí maoirseachta Pharlaimint na hEorpa. Is é an chaoi a bhfeidhmítear iad, go príomha, go bhfuil an Coimisiún cuntasach don Pharlaimint, go mbíonn air a thograí a chosaint os comhair na Parlaiminte agus tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur faoina bráid faoi choinne díospóireachta. Féadfaidh an Pharlaimint, le tromlach dhá thrian dá comhaltaí, tairiscint cháinte a rith agus iallach a chur ar an gCoimisiún éirí as oifig d’aon bhuíon (Airteagal 234 CFAE). Cuireadh roinnt tairiscintí den sórt sin faoi bhráid na Parlaiminte cheana, ach níor éirigh le haon cheann acu an tromlach is gá a bhaint amach2. Ós rud é go dtugann an Chomhairle freagra freisin ar cheisteanna parlaiminte, tá deis ag an bParlaimint díospóireacht pholaitiúil a dhéanamh go díreach le dhá mhórinstitiúid.

Tá an t-earrach ag teacht thart ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa

Tá an t-earrach ag teacht thart ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa

Ó shin i leith, rinneadh cumhachtaí maoirseachta na Parlaiminte a threisiú a thuilleadh. Tá sé de chumhacht aici anois freisin Coistí Fiosrúcháin a bhunú chun scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh ar líomhaintí go ndearnadh sárú ar dhlí an Chomhphobail nó ar líomhaintí maidir le drochriarachán. Bunaíodh coiste amháin den sórt sin i mí an Mheithimh 2016 i bhfianaise “Pháipéir Phanama” inar nochtadh eolas faoi chuideachtaí eischósta agus a gcuid úinéirí rúnda. Tá sé mar chúram air imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar dhlí an Aontais maidir le sciúradh airgid, seachaint cánach agus imghabháil cánach. Tá sé leagtha síos sna Conarthaí freisin go bhfuil an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach achainíocha a chur faoi bhráid na Parlaiminte, agus déanann an Buanchoiste um Achainíocha scrúdú orthu sin. Ar deireadh, bhain an Pharlaimint leas freisin as a cuid cumhachtaí chun Ombudsman a cheapadh. Is féidir gearáin faoi dhrochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí nó chomhlachtaí an Aontais, cé is moite den Chúirt Bhreithiúnais, a chur faoi bhráid an Ombudsman. Féadfaidh an tOmbudsman fiosrúcháin a dhéanamh agus ní mór dó an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann a chur ar an eolas má dhéanann sé sin, agus ní mór dó tuarascáil ar thoradh na bhfiosrúchán a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

Suíomh

Tá an Pharlaimint suite in Strasbourg, áit a dtionóltar an 12 thréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear seisiún an bhuiséid. Tionóltar na seisiúin iomlánacha bhreise sa Bhruiséil, áit a dtagann na coistí le chéile freisin. Tá Ardrúnaíocht na Parlaiminte lonnaithe i Lucsamburg, áfach. Daingníodh cinneadh na Comhairle maidir leis na suíomhanna sin in 1992 le Prótacal Uimh. 6 le Conradh Liospóin. Is é an toradh neamhshásúil a bhí ar an gcinneadh sin, áfach, go mbíonn ar Fheisirí agus ar roinnt oifigeach agus fostaithe sa Pharlaimint taisteal go rialta idir Strasbourg, an Bhruiséil agus Lucsamburg — rud a bhfuil an-chostas ag baint leis.

An Chomhairle Eorpach (Airteagal 15 CAE)

Tagann na Ceannairí Stáit nó Rialtais agus Uachtaráin an Choimisiúin agus na Comhairle le chéile sa Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil ar a laghad faoi dhó gach leathbhliain.

Comhdhéanamh agus Cúraimí

COMHDHÉANAMH NA COMHAIRLE EORPAÍ

Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát
Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Cúraimí

Aidhmeanna ginearálta polaitiúla agus tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a shainiú

Cruthaíodh oifig Uachtarán na Comhairle Eorpaí le Conradh Liospóin. Murab ionann agus an Uachtaránacht a bhíodh ann roimhe sin, tá sainordú Eorpach seachas sainordú náisiúnta ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus maireann an sainordú sin dhá bhliain go leith ar bhonn lánaimseartha. Ba cheart gur duine a bhfuil meas mór air a cheapfaí ina Uachtarán, agus ba cheart de Chomhaltaí na Comhairle Eorpaí é a roghnú le tromlach cáilithe. Féadfar an duine céanna a atoghadh uair amháin. Ar chúraimí an Uachtaráin tá ullmhú chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus aon bhearta a leanfaidh ó na cruinnithe sin a dhéanamh agus a bheith ina ionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála.

Ní fheidhmíonn an Chomhairle Eorpach feidhmeanna reachtacha. Is é an fheidhm atá aici treoirlínte ginearálta beartais a bhunú le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Is i bhfoirm “conclúidí” a bhíonn siad agus is trí chomhdhearcadh a ghlactar iad. Bíonn cinntí bunúsacha beartais iontu chomh maith le treoracha agus treoirlínte don Chomhairle nó don Choimisiún Eorpach. Stiúir an Chomhairle Eorpach, ar an mbealach sin, obair a bhain leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, leis an gCóras Eorpach Airgeadaíochta, le toghcháin dhíreacha na Parlaiminte agus le roinnt saincheisteanna i dtaobh aontachais.

An Chomhairle (Airteagal 16)

Comhdhéanamh agus Uachtaránacht

an Chomhairle comhdhéanta d’ionadaithe ó rialtais na mBallstát. Tá ionadaí amháin ag gach ceann de na 28 mBallstát; is gnách, cé nach dtarlaíonn sé i gcónaí, gurb é sin an t-aire sinsearach nó sóisearach atá freagrach as an ábhar atá á bhreithniú. Is tábhachtach go mbeadh sé de chumhacht ag na hionadaithe sin gníomhú le héifeacht cheangailteach ar a gcuid rialtas. Ós rud é gur féidir ionadaíocht a dhéanamh ar shlite éagsúla thar ceann na rialtas, ciallaíonn sin ar ndóigh nach bhfuil aon bhuanchomhaltaí sa Chomhairle; na hionadaithe a shuíonn sa Chomhairle tagann siad le chéile i 10 bhfoirmíocht éagsúla ag brath ar an ábhar atá faoi chaibidil.

10 bhFOIRMÍOCHT NA COMHAIRLE

Ionadaí amháin ó gach Rialtas Ballstáit ar leibhéal aireachta, agus comhdhéanaimh éagsúla ag brath ar an ábhar atá á phlé

Faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

  • Gnóthaí Eachtracha

Faoi chathaoirleacht an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle ina sheilbh aige:

  • Gnóthaí Ginearálta
  • Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
  • Ceartas agus Gnóthaí Baile
  • Fostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
  • Iomaíochas
  • Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh
  • Talmhaíocht agus Iascach
  • Comhshaol
  • Oideachas, Cultúr agus an Óige

Pléann “Comhairle um Ghnóthaí Eachtracha” le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áirithíonn sí comhchuibheas agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí an Aontais. Comhordaíonn an “Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta” obair na Comhairle sna foirmíochtaí éagsúla agus, ullmhaíonn sí, i gcomhar le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus leis an gCoimisiún Eorpach, cruinnithe na Comhairle Eorpaí; Bíonn gach Ballstát i mbun Uachtaránacht na Comhairle ar feadh sé mhí ar a sheal — cé is moite den “Chomhairle um Ghnóthaí Eachtracha” — atá faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Cinneann an Chomhairle d’aon toil an t-ord ina sealbhaítear oifig an Uachtaráin. Aistrítear an Uachtaránacht ó thír go tír an 1 Eanáir agus an 1 Iúil gach bliain (2016: an Ísiltír agus an tSlóvaic; 2017 Málta agus an Eastóin3; 2018 an Bhulgáir agus an Ostair; 2019 an Rómáin agus an Fhionlainn; 2020 an Chróit agus an Ghearmáin, etc.). Ós rud é go n-athraíonn seilbh na hUachtaránachta go measartha rialta, bunaítear gníomhaíochtaí gach Uachtaránachta ar chlár oibre a chomhaontaítear leis an dá Uachtaránacht a thiocfaidh ina diaidh agus a bheidh bailí, dá bhrí sin, ar feadh 18 mí (“Uachtaránacht foirne”). Is é an phríomhfhreagracht ar an Uachtaránacht obair na Comhairle agus na gcoistí a thugann cúnamh di a chomhordú go hiomlán. Tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh na polaitíochta de freisin sa mhéid is go mbaineann an Ballstát a bhfuil Uachtaránacht an Aontais ina sheilbh aige tairbhe as ról níos tábhachtaí ar an leibhéal domhanda, agus tugtar deis do Bhallstáit bheaga, go háirithe, dlúth-theagmháil a bheith acu le “mórghníomhaithe” an domhain agus a lorg féin a fhágáil ar pholaitíocht na hEorpa.

Ullmhaíonn líon measartha mór de chomhlachtaí ullmhúcháin obair na Comhairle (coistí agus grúpaí oibre), atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit. Is é Coiste na mBuanionadaithe (“Coreper I agus II”), an comhlacht is tábhachtaí de na comhlachtaí ullmhúcháin. Tagann sé le chéile de ghnáth uair sa tseachtain ar a laghad.

Faigheann an Chomhairle tacaíocht ó Ardrúnaíocht. Tá thart ar 2,800 oifigeach san Ardrúnaíocht agus tá sí faoi údarás Ard-Rúnaí atá ceaptha ag an gComhairle.

Sa Bhruiséil atá suíomh na Comhairle.

Cúraimí

cúig phríomhchúram ar an gComhairle:

  • Is í an reachtaíocht príomhthosaíocht na Comhairle, agus feidhmíonn sí an ról sin i dteannta na Parlaiminte faoin ngnáthnós imeachta reachtach.
  • Tá freagracht ar an gComhairle freisin as comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát a áirithiú.
  • Déanann sí forbairt ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála ar bhonn treoirlínte a shocraíonn an Chomhairle Eorpach.
  • Tá an Chomhairle freagrach as comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tíortha nach Ballstáit iad nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
  • Is í a bhunaíonn an buiséad ar bhonn réamhdhréachta ón gCoimisiún, agus tá ar an bParlaimint an buiséad a fhormheas ansin. Lena chois sin, cuireann sí moladh os comhair na Parlaiminte i dtaobh an Coimisiún a cheadú i leith chur chun feidhme an bhuiséid,

agus tá freagracht uirthi as comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún a cheapadh.

Idirbheartaíocht agus cinnteoireacht sa Chomhairle

Is sa Chomhairle a bhaintear cothromaíocht amach idir leasanna na mBallstát agus leasanna an Aontais. Cé gur gnách leis na Ballstáit a leasanna féin a chosaint sa Chomhairle, tá dualgas ar na comhaltaí cuspóirí agus riachtanais an Aontais ina iomláine a chur san áireamh freisin. Is institiúid de chuid an Aontais í an Chomhairle; ní comhdháil idir-rialtasach í. Dá bhrí sin, ní hí an chomhthuiscint is ísle idir na Ballstáit atá mar chuspóir le pléití na Comhairle, ach an chothromaíocht is foirfe idir leasanna an Aontais agus leasanna na mBallstát.

Ní dhéanfaidh an Chomhairle plé ar dhoiciméid ná ar dhréachtaí ná ní dhéanfaidh sí cinneadh ar bith fúthu mura bhfuil siad ar fáil sa 24 theanga oifigiúla (an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris). Más ábhar práinneach atá i gceist, féadfar an riail sin a ligean ar ceal trí chomhaontú d’aon toil. Is é a dhála sin freisin é ag tograí le haghaidh leasuithe a cuireadh síos ar an gclár nó a pléadh le linn an chruinnithe.

Faoi Chonarthaí an Aontais Eorpaigh, tá riail an tromlaigh i bhfeidhm i vótáil na Comhairle — mar riail ghinearálta, is leor tromlach cáilithe (Airteagal 16(3) CAE). í bhaintear leas as tromlach simplí, tráth a bhíonn vóta amháin ag gach comhalta, ach amháin i réimsí ar leith, go háirithe ceisteanna a bhaineann le nós imeachta. (Baintear amach an tromlach simplí do 28 mBallstát le 15 vóta).

De réir an chórais tromlaigh dhúbailte, tá tromlach cáilithe ann nuair a thacaíonn ar a laghad 55 % de chomhaltaí na Comhairle le togra an Choimisiúin, ina bhfuil sé cinn déag de Bhallstáit, ar a laghad, ag déanamh ionadaíochta thar ceann 65 % de dhaonra an Aontais Eorpaigh ar a laghad (Airteagal 16(4) CAE).

Le nach bhféadfaidh Ballstáit tearcdhaonra glacadh cinnidh a bhlocáil, ní mór 4 Bhallstát ar a laghad a bheith i mionlach blocála atá ag déanamh ionadaíochta thar ceann 35 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais. Tá sásra forlíontach mar chomhlánú ar an gcóras: mura bhfuil mionlach blocála ann, féadfar an próiseas comhchinnteoireachta a chur ar fionraí. Sa chás sin, ní leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh leis an vótáil, ach leanfaidh an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh tréimhse réasúnta eile, má iarrann Comhaltaí den Chomhairle é sin agus má tá ionadaíocht ag na Comhaltaí sin thar ceann 75 % ar a laghad den daonra nó thar ceann 75 % ar a laghad de na Ballstáit a theastaíonn le haghaidh mionlaigh bhlocála.

Staitisticí daonra a úsáidtear mar bhonn do vótaí sa Chomhairle
Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, in éineacht le Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí ECAT, ag Cruinniú Mullaigh ECAT i Vársá an 8/9 Iúil 2016

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, in éineacht le Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí ECAT, ag Cruinniú Mullaigh ECAT i Vársá an 8/9 Iúil 2016

I gcás cinntí atá le déanamh i réimsí polaitiúla atá thar a bheith leochaileach, éilíonn na Conarthaí go mbeadh aontoilíocht ann. Ní féidir glacadh cinnidh a bhlocáil trí staonadh ó vótáil, áfach. Tá gá fós le haontoilíocht i gcás cinntí a bhaineann le hábhair amhail cánacha, slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a sháraigh nó nár sháraigh Ballstát a phrionsabail bhunreachtúla, agus do chinntí chun prionsabail agus treoirlínte a leagan síos i réimsí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an beartas sin a chur chun feidhme, nó i gcás cinntí áirithe sa réimse a bhaineann le comhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla.

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Airteagal 18 CAE)

Ní dhearnadh aire gnóthaí eachtracha an Aontais, mar a bhí beartaithe i dtionscadal an bhunreachta, d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála; ach tá a ról sa struchtúr institiúideach neartaithe agus méadaithe go mór mar sin féin. Tá seasamh ag an Ardionadaí sa Chomhairle áit a bhfuil siad mar Uachtarán ar an gComhairle um Ghnóthaí Eachtracha, agus sa Choimisiún áit a bhfuil siad mar Leas-Uachtarán agus i bhfeighil gnóthaí eachtracha. Is í an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, agus le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, a cheapann an tArdionadaí. Faigheann sé nó sí cúnamh ó Sheirbhís Eorpach Gníomhaíochtaí Seachtraí (SEGS) a cruthaíodh as an nua in 2011 trí ranna beartais eachtraigh an Choimisiúin a chumasc agus le himeascadh taidhleoirí ó na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta.

An Coimisiún Eorpach (Airteagal 17 CAE)

COMHDHÉANAMH

28 Comhalta
lena n-áirítear
Uachtarán
An Chéad Leas-Uachtarán
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
5 Leas-Uachtarán sa bhreis
20 Coimisinéir

Cúraimí

Reachtaíocht an Aontais a thionscnamh

Faireachán a dhéanamh ar urramú agus ar chur i bhfeidhm cuí dhlí an Aontais

Reachtaíocht an Aontais a riar agus a chur chun feidhme

Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais Eorpaigh in eagraíochtaí idirnáisiúnta

COMHDHÉANAMH

Tá 28 gcomhalta sa Choimisiún Eorpach, comhalta amháin do gach Ballstát, i.e. tá 28 gcoimisinéir (a bhfuil feidhmeanna éagsúla acu gníomhach sa Choimisiún faoi láthair (Airteagal 17(4) CAE). Tar éis don Chomhairle Eorpach cinneadh a dhéanamh, níor cuireadh i ngníomh an fhoráil in Airteagal 17(5) CAE chun méid an Choimisiúin a laghdú go dtí dhá thrian de líon na mBallstát ón 1 Samhain 2011.

Tá Uachtarán i gceannas ar an gCoimisiún, agus tá suíomh láidir ag an Uachtarán sin laistigh den Choimisiún. Níl an tUachtarán “céim os cionn a chomhionann” a thuilleadh, ach tá tábhacht ag baint lena ról sa mhéid is gur gá dó treoirlínte a leagan síos agus go n-oibreoidh an Coimisiún laistigh de na treoirlínte sin agus chomh maith leis sin cinneann an tUachtarán eagrúchán inmheánach an Choimisiúin (Airteagal 17(6)(a) agus (b) CAE). Dá bhrí sin, tá sé d’údarás ag an Uachtarán treoirlínte agus rialú eagraíochtúil a eisiúint. Agus na cearta sin bronnta air nó uirthi, tá an tUachtarán freagrach as a áirithiú go bhfuil an beart a dhéanann an Coimisiún comhsheasmhach agus éifeachtúil agus go gcomhlíonann sé prionsabal na coláistíochta. Is léiriú ar an bprionsabal sin, go háirithe, go nglactar cinntí mar chomhlacht coláisteach (Airteagal 250(1) CFAE). Cuireann sé nó sí struchtúr ar na freagrachtaí atá ar an gCoimisiún agus dáileann sé nó sí na freagrachtaí sin ar chomhaltaí an Choimisiúin agus féadfaidh sé nó sí dáileadh na bhfreagrachtaí sin a athrú le linn théarma oifige an Choimisiúin (Airteagal 248 CFAE). Ceapann an tUachtarán an Chéad Leas-Uachtarán agus na Leas-Uachtaráin eile, seachas Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, atá mar Leas-Uachtarán ex-officio ar an gCoimisiún. Lena chois sin, foráiltear go sainráite go gcaithfidh comhalta den Choimisiún éirí as oifig má iarrann an tUachtarán air nó uirthi sin a dhéanamh (an dara fomhír d’Airteagal 17(6) CAE). Ar deireadh, léiriú eile ar a thábhachtaí atá ról an Uachtaráin is ea go bhfuil sé de cheart aige nó aici éisteacht a fháil maidir le roghnú comhaltaí eile den Choimisiún agus de bhrí go bhfuil sé nó sí mar chomhalta den Chomhairle Eorpach.

Cruthaíonn na Coimisinéirí foirne tionscadail faoi cheannas Leas-Uachtaráin, agus déileálann gach duine acu le ceann amháin de na réimsí beartais seo a leanas: 1. Aontas Athléimneach Fuinnimh a bhfuil Beartas Réamhbhreathnaitheach aige i leith an Athraithe Aeráide; 2. Poist, Fás, Infheistíocht agus Iomaíochas; 3. An Margadh Aonair Digiteach; 4. An Euro agus Comhphlé Sóisialta; 5. Buiséad agus Acmhainní daonna.

Gníomhaíonn na Leas-Uachtaráin thar ceann an Uachtaráin mar a ionadaithe nó a hionadaithe. Stiúrann agus comhordaíonn siad an obair a dhéanann roinnt Coimisinéirí ina réimse freagrachta. Bíonn ról speisialta ag an gCéad Leas-Uachtarán. Gníomhaíonn sé nó sí mar “chrann taca” an Uachtaráin agus bíonn cúraimí amhail an clár “Rialáil Níos Fearr,” caidreamh idirinstitiúideach, smacht reachta agus an Chairt um Chearta Bunúsacha air nó uirthi. Ní thiocfaidh togra ón gCoimisiún chomh fada le comhráite an Choimisiúin fiú, mura n-aithneoidh an Chéad Leas-Uachtarán é mar bheart riachtanach.

Ceaptar an tUachtarán agus Comhaltaí an Choimisiúin ar feadh téarma 5 bliana tríd an nós imeachta insealbhaithe, ar athraíodh na rialacha ina leith le Conradh Liospóin in Airteagal 17(6) CAE. Baineann roinnt céimeanna leis an nós imeachta. Ar an gcéad dul síos, ainmnítear an tUachtarán, agus ansin roghnaítear iad siúd atá le ceapadh mar chomhaltaí den Choimisiún. Sa tríú céim, ceaptar go hoifigiúil Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Comhaltaí eile an Choimisiúin.

Tar éis na comhairliúcháin iomchuí a chur i gcrích, molann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa le bheith mar Uachtarán ar an gCoimisiún. Ní mór torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh nuair a bhíonn an t-iarrthóir d’oifig an Uachtaráin á roghnú. Tá sé mar aidhm ag an gceanglas nua sin níos mó den pholaitíocht a thabhairt isteach sa Choimisiún. I ndeireadh na dála, ciallaíonn sé sin, nuair a bheidh an tUachtarán á ainmniú nó á hainmniú, go mbeidh tionchar suntasach ag na grúpaí polaitiúla a bhfuil an tromlach acu sa Pharlaimint.

Nuair a bhí Jean-Claude Juncker á ainmniú, chuir an Pharlaimint iallach ar an gComhairle fiú an t-iarrthóir a chuir an grúpa polaitiúil a raibh an tromlach acu sa Pharlaimint (PPE) chun cinn a mholadh di. Chuige sin, bhain an Pharlaimint feidhm as an riail a shonraíonn i gcás ina ndiúltaíonn an Pharlaimint don iarrthóir ar oifig an Uachtaráin, nach mór don Chomhairle, ag gníomhú di le tromlach cáilithe, iarrthóir nua a mholadh laistigh de 1 mhí amháin de chinneadh na Parlaiminte, a ainmnítear i gcomhréir leis an nós imeachta céanna. Cuireann sé sin luach suntasach le hainmniú Spitzenkandidaten, nó iarrthóirí tosaigh, ag na páirtithe do thoghchán na Parlaiminte agus dá réir sin bíonn an tábhacht a bhaineann le bheith rannpháirteach níos soiléire do shaoránaigh, mar go dtugann a vóta guth indíreach dóibh freisin i dtoghadh Uachtarán an Choimisiúin. Toghann an Pharlaimint an t-iarrthóir a mholtar le tromlach dá cuid feisirí.

Tar éis don Uachtarán a bheith tofa, glacann an Chomhairle “trí chomhdhearcadh” (Airteagal 15(4) CAE) an liosta de dhaoine eile a bhfuil sé ar intinn aici iad a cheapadh mar chomhaltaí den Choimisiún, liosta a tharraingítear suas de réir thograí na mBallstát. Ba chóir daoine a roghnú bunaithe ar a n-inniúlachtaí i gcoitinne agus a dtiomantas Eorpach agus ba chóir iad a bheith neamhspleách go hiomlán agus iad ag feidhmiú a gcuid dualgas. Is leor tromlach cáilithe sa Chomhairle chun Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a cheapadh (Airteagal 18(1) CAE). Ní mór don Chomhairle agus d’Uachtarán tofa an Choimisiúin teacht ar chomhaontú faoi na hiarrthóirí. Ní mór fiú -comhaontú sainráite a fháil ó Uachtarán ainmnithe an Choimisiúin do cheapadh an Ardionadaí. Ní féidir comhaltaí eile an Choimisiúin a cheapadh má chrosann an tUachtarán tofa a leithéid.

A luaithe atá an tUachtarán tofa agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin ainmnithe, tá an coláiste faoi réir vóta formheasa na Parlaiminte. Mar sin féin, ní mór do na Coimisinéirí ainmnithe freagairt i dtús báire do cheisteanna ó pharlaiminteoirí in éisteacht. De ghnáth, baineann na ceisteanna le topaicí atá faoi raon feidhme beartaithe na bhfreagrachtaí agus le dearcthaí pearsanta ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh. Tar éis don Pharlaimint a toiliú a thabhairt, ar leor tromlach simplí lena aghaidh, ceapann an Chomhairle, ag gníomhú di le tromlach cáilithe, an tUachtarán agus comhaltaí eile an Choimisiúin. Téann an Coimisiún i mbun a chuid dualgas a luaithe a cheaptar a Chomhaltaí.

Is sa Bhruiséil atá suíomh an Choimisiúin Eorpaigh.

Cúraimí

Ar an gcéad dul síos, is é an Coimisiún a chuireann dlús faoi bheartas an Aontais. Is ann a chuirtear tús le gach gníomhaíocht Aontais, óir is é an Coimisiún a dhéanann tograí agus dréachtaí le haghaidh reachtaíocht an Aontais a thíolacadh don Chomhairle (tugtar ceart tionscnaimh an Choimisiúin air sin). Níl sé de shaoirse ag an gCoimisiún, áfach, a ghníomhaíochtaí féin a roghnú. Tá oibleagáid air gníomhú más gá sin chun leas an Aontais. Féadfaidh an Chomhairle (Airteagal 241 CFAE), Parlaimint na hEorpa (Airteagal 225 CFAE) agus grúpa saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh agus iad ag gníomhú thar ceann tionscnaimh ó na saoránaigh (Airteagal 11(4) CAE) a iarraidh freisin ar an gCoimisiún togra a tharraingt suas. Tá cumhachtaí príomhúla ag an gCoimisiún le reachtaíocht a thionscnamh i réimsí áirithe (amhail buiséad an Aontais, na Cistí Struchtúracha, bearta chun déileáil le hidirdhealú cánach, soláthar cistithe, agus clásail choimirce). Is forleithne fós na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún ag an gComhairle agus ag an bParlaimint chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme (Airteagal 290 CFAE).

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le linn an aithisc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016 i bParlaimint na hEorpa. Le feiceáil sa chúlra tá Frans Timmermans, an ChéadLeas-Uachtarán, Federica Mogherini, Leas-Uachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chomh maith le Comhaltaí eile den Choimisiún Eorpach.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le linn an aithisc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016 i bParlaimint na hEorpa. Le feiceáil sa chúlra tá Frans Timmermans, an ChéadLeas-Uachtarán, Federica Mogherini, Leas-Uachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chomh maith le Comhaltaí eile den Choimisiún Eorpach.

Is é an Coimisiún “caomhnóir dhlí an Aontais” freisin. Déanann sé faireachán ar an tslí a gcuireann na Ballstáit reachtaíocht phríomha agus thánaisteach an Aontais i bhfeidhm agus chun feidhme, tionscnaíonn sé imeachtaí maidir le sárú má sháraítear aon dlí de chuid an Aontais (Airteagal 258 CFAE) agus, más gá, cuireann sé an cás os comhair na Cúirte Breithiúnais. Déanfaidh an Coimisiún idirghabháil freisin i gcás ina sáraíonn duine nádúrtha nó dlítheanach dlí an Aontais go háirithe dlí na hiomaíochta san Eoraip, agus gearrann sé pionóis dhiana. Le blianta beaga anuas, is cuid mhór d’obair an Choimisiúin na hiarrachtaí chun mí-úsáid rialacha an Aontais a chosc.

Tá dlúthcheangal idir a ról caomhnóra agus an cúram atá air seasamh ar son leasanna an Aontais. Mar phrionsabal, ní fhéadfaidh an Coimisiún freastal a dhéanamh ach ar leasanna an Aontais. Bíonn air dianiarracht a dhéanamh de shíor, in idirbheartaíocht a bhíonn an-deacair uaireanta sa Chomhairle, tosaíocht a thabhairt do leasanna an Aontais agus comhréitigh a iarraidh a gcuirtear an leas sin san áireamh iontu. Chuige sin, bíonn sé ina idirghabhálaí idir na Ballstáit, ról atá oiriúnach dó agus a bhfuil sé cáilithe chuige de bhua a neodrachta.

Ar deireadh, is comhlacht feidhmiúcháin é an Coimisiún, cé go bhfuil teorainn leis an ról sin. Tá an méid sin fíor go háirithe i réimse dhlí na hiomaíochta, agus gníomhaíonn an Coimisiún mar ghnáthúdarás riaracháin sa réimse sin; bíonn air fíorais a sheiceáil, ceadanna a bhronnadh nó toirmisc a eisiúint agus pionóis a ghearradh, más gá. Tá a lán cumhachtaí éagsúla ag an gCoimisiún freisin maidir leis na Cistí Struchtúracha agus maidir le buiséad an Aontais. De ghnáth, áfach, is iad na Ballstáit féin a áirithíonn go gcuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm i gcásanna ar leith. An réiteach sin a roghnaíodh i gConarthaí an Aontais, tá an buntáiste aige go dtugann sé deis do na saoránaigh aithne a chur ar an gcóras Eorpach — córas atá “coimhthíoch” acu go fóill — trí oibríocht agus fheidhmiú a gcórais náisiúnta féin, córas a bhfuil cleachtadh acu air.

STRUCHTÚR RIARACHÁIN AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

An Coimisiún
(28 Comhalta) (Comh-aireachtaí)
An Ard-Rúnaíocht
An tSeirbhís Dlí
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Ard-Stiúrthóireachtaí:

  • Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AGRI)
  • Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (BUDG)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide (CLIMA)
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (COMM)
  • Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (CNECT)
  • Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (COMP)
  • Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECFIN)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas agus Cultúr (EAC)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (EMPL)
  • Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (ENER)
  • Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (ENV)
  • Eurostat (ESTAT)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (FISMA)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (SANTE)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus Slándáil (HR)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (ECHO)
  • Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (GROW)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt (DEVCO)
  • Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (SCIC)
  • An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí (JUST)
  • Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (MARE)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile (HOME)
  • Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (MOVE)
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú (NEAR)
  • Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (REGIO)
  • Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta (RDT)
  • An Ard-Rúnaíocht (SG)
  • An tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh (FPI)
  • Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim (TAXUD)
  • Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (TRADE)
  • Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (DG)

Oifigí

  • An Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO)
  • Oifig na bhFoilseachán (OP)
  • Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO) an Choimisiúin
  • An tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSS)
  • An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
  • An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
  • An Lárionad Eorpach um Straitéis Pholaitiúil (EPSC)
  • An Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht (sa Bhruiséil, i Lucsamburg) (OIB, OIL)
  • Cartlann Stairiúil
  • An Oifig um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS)
  • An tSeirbhís Dlí (SJ)
  • An Phríomhleabharlann
Seisiún de Mhórdhlísheomra na Cúirte

Seisiún de Mhórdhlísheomra na Cúirte

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Airteagal 19 CAE)

Ní éireoidh le córas ar bith ach amháin má dhéanann údarás neamhspleách maoirsiú ar a rialacha. In aontas Stát déantar na rialacha coiteanna — má tá siad faoi réir rialú na gcúirteanna náisiúnta — a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil ó Stát go Stát. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach gcuirfí dlí an Aontais i bhfeidhm go comhionann sna Ballstáit go léir. Is chuige sin a bunaíodh Cúirt Bhreithiúnais an Chomhphobail in 1952, tráth a bunaíodh an chéad Chomhphobal (an CEGC). Ó 1957, ba í a bhí ina comhlacht breithiúnach ag an dá Chomhphobal eile (CEE agus Euratom). Inniu, is í comhlacht breithiúnach an Aontais í.

Tá an obair bhreithiúnach á déanamh anois ar dhá leibhéal mar seo a leanas:

In 2004, chun an t-ualach a bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais a laghdú agus chun cosaint dlí a fheabhsú san Aontas, chuir Comhairle an Aontais Eorpaigh cúirt eile leis an gCúirt Ghinearálta, is é sin cúirt speisialaithe le haghaidh cásanna a bhaineann leis an tseirbhís shibhialta (féach Airteagal 257 CFAE). In 2015, áfach, chinn reachtóir an Aontais líon na mBreithiúna ag an gCúirt Ghinearálta a ardú de réir a chéile go 56 dhuine agus dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a aistriú chuici. Dá réir sin, díscaoileadh an Binse an 1 Meán Fómhair 2016.

AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS

COMHDHÉANAMH

28 mbreitheamh agus
11 abhcóid ghinearálta
arna gceapadh ag Rialtais na mBallstát
de thoil a chéile ar feadh téarma 6 bliana

Cineálacha imeachtaí

Caingne a thabhairt de thoradh mainneachtana i ndáil le hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi na Conarthaí: An Coimisiún v Ballstát (Airteagal 258 CFAE); Ballstát v Ballstát (Airteagal 259 CFAE)

Caingne chun neamhniú agus caingne ar bhonn neamhghnímh arna dtabhairt ag institiúid de chuid an Aontais nó ag Ballstát (in aghaidh PE agus/nó na Comhairle) i leith gníomh neamhdhleathach nó i leith neamhghnímh (Airteagal 263 agus Airteagal 265 CFAE)

Cásanna arna dtarchur ó na cúirteanna náisiúnta le haghaidh réamhrialuithe chun léirmhíniú agus bailíocht dhlí an Aontais a léirmhíniú (Airteagal 267 CFAE)

Achomhairc
Achomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta (Airteagal 256 CFAE)

Is í an Chúirt Bhreithiúnais an t-údarás breithiúnach is airde maidir le dlí an Aontais. I dtéarmaí ginearálta, is é an cúram atá uirthi “a áirithiú go gcomhlíontar an dlí i léirmhíniú agus i gcur i bhfeidhm na gConarthaí”.

Cumhdaítear trí phríomhréimse sa chur síos ginearálta a dhéantar ar fhreagrachtaí na Cúirte:

  • faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais, maidir le hiompar institiúidí an Aontais nuair a bhíonn forálacha Conartha á gcur chun feidhme acu agus maidir le comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais ag Ballstáit agus ag daoine aonair.
  • léirmhíniú ar dhlí an Aontais;
  • dlí an Aontais a fhorbairt.

Agus í ag comhlíonadh na bhfreagrachtaí sin, is cuid d’obair na Cúirte comhairle dhlíthiúil a thabhairt agus breithniú a dhéanamh. Cuirtear comhairle dhlíthiúil ar fáil i bhfoirm tuairimí ceangailteacha maidir le comhaontuithe a theastaíonn ón Aontas a thabhairt i gcrích le tíortha nach Ballstáit iad nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá tábhacht i bhfad níos mó ag baint lena feidhm mar chomhlacht a bhíonn ag plé le riar an cheartais, áfach. Agus an fheidhm sin á feidhmiú aici, pléann sí le hábhair a shannfaí sna Ballstáit do chineálacha éagsúla cúirteanna ag brath ar chórais náisiúnta na mBallstát. Feidhmíonn sí mar chúirt bhunreachtúil i gcás ina gcuirtear díospóidí idir institiúidí an Aontais faoina bráid nó i gcás ina bhfuil athbhreithniú le déanamh ar ionstraimí reachtacha ó thaobh na dlíthiúlachta de; feidhmíonn sí mar chúirt riaracháin agus gníomhartha riaracháin an Choimisiúin nó na n-údarás náisiúnta a chuireann reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm á n-athbhreithniú aici; feidhmíonn sí mar chúirt oibreachais nó mar bhinse tionsclaíochta agus í ag déileáil le saorghluaiseacht, le slándáil shóisialta nó le comhionannas deiseanna; feidhmíonn sí mar chúirt fhioscach agus í ag déileáil le cúrsaí a bhaineann le bailíocht agus le léirmhíniú treoracha i réimse an chánachais agus an dlí chustaim; agus feidhmíonn sí mar chúirt shibhialta agus í ag éisteacht éileamh ar dhamáistí nó ag léirmhíniú forálacha maidir le forfheidhmiú breithiúnas in ábhair choiriúla agus thráchtála.

An Chúirt Ghinearálta

Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna a chuirtear faoina bráid. Is léir go dtiocfaidh tuilleadh méadaithe ar líon na gcásanna mar gheall ar an líon ollmhór treoracha a glacadh i gcomhthéacs an mhargaidh aonair agus a trasuíodh ina ndlí náisiúnta sna Ballstáit, agus mar gheall ar na díospóidí a d’fhéadfadh teacht as sin. Is léir cheana féin go bhfuil tuilleadh ceisteanna ardaithe ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus gur faoin gCúirt a bheidh sé na ceisteanna sin a réiteach ar deireadh. Is chuige sin a bunaíodh Cúirt Ghinearálta, in 1988, chun maolú ar an mbrú a bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais.

COMHDHÉANAMH

 

44 bhreitheamh faoi láthair
tá ar gach Ballstát breitheamh amháin ar a laghad a cheapadh arna gceapadh ag Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar feadh téarma 6 bliana

Cineálacha imeachtaí

Caingne chun neamhniú agus gearáin maidir le neamhghníomh arna gcur isteach ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha ar bhonn neamhdhleathachta nó ar bhonn gníomhartha dlíthiúla a bheith in easnamh i ndlí an Aontais;
Caingne arna dtabhairt ag Ballstáit i gcoinne an Choimisiúin agus/nó na Comhairle i réimse na bhfóirdheontas, na frithdhumpála agus na gcumhachtaí cur chun feidhme (Airteagal 263 agus Airteagal 265 CFAE)

Caingne chun cúiteamh i ndamáistí a ghnóthú
ar bhonn dliteanas conarthach nó neamhchonarthach (Airteagail 268 agus 340(1) agus (2) CFAE)

Ní institiúid nua de chuid an Aontais í an Chúirt Ghinearálta; comhchuid de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh is ea í. Mar sin féin, is comhlacht neamhspleách í atá ar leithligh ón gCúirt Bhreithiúnais i dtaca le heagrúchán de. Tá a clár féin agus a rialacha nós imeachta féin aici. Aithnítear cásanna a láimhseálann an Chúirt Ghinearálta leis an litir “T” (ón bhfocal Béarla agus Fraincise “Tribunal”) (e.g. t-1/99) agus aithnítear cásanna a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais leis an litir “C” (= Cúirt) (e.g. C-1/99).

Cé nach raibh an Chúirt Ghinearálta freagrach i dtús báire ach as réimse teoranta cásanna, tá na cúraimí seo a leanas uirthi anois.

  • Ag an gcéad chéim, i.e. faoi réir mhaoirseacht dhlíthiúil na Cúirte Breithiúnais, tá sé d’inniúlacht ag an gCúirt Ghinearálta rialú a thabhairt ar chaingne chun neamhniú agus ar chaingne ar bhonn neamhghnímh arna dtabhairt ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha i gcoinne comhlacht de chuid an Aontais, ar chaingne arna dtabhairt ag Ballstáit i gcoinne an Choimisiúin agus/nó na Comhairle i réimse na bhfóirdheontas, na frithdhumpála agus na gcumhachtaí cur chun feidhme, ar chlásal eadrána atá mar chuid de chonradh arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó ar a shon, agus rialú a thabhairt ar chaingne arna dtabhairt i gcoinne an Aontais chun damáistí a ghnóthú.
  • Tá sé beartaithe freisin dlínse a thabhairt don Chúirt Ghinearálta i ndáil le himeachtaí réamhrialaithe a bhaineann le réimsí áirithe; níor úsáideadh an deis sin fós, áfach.

An Banc Ceannais Eorpach (Airteagal 129 CFAE agus Airteagal 130 CFAE)

Tá an Banc Ceannais Eorpach (BCE), a bhfuil a cheanncheathrú in Frankfurt-am-Main, ag croílár an aontais eacnamaíoch agus airgeadais. Is é an cúram atá air cobhsaíocht an airgeadra Eorpaigh, an euro, a chaomhnú agus an méid airgeadra atá i gcúrsaíocht a rialú (Airteagal 128 CFAE).

Chun an cúram sin a chur ar shlí a dhéanta, ráthaítear neamhspleáchas BCE leis an iliomad forálacha dlí. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí nó i gcomhlíonadh a gcúraimí agus a ndualgas, ní ghlacfaidh BCE ná banc ceannais náisiúnta treoracha ó institiúidí an Aontais, ó rialtais na mBallstát ná ó aon chomhlacht eile. Ní dhéanfaidh institiúidí an Aontais ná rialtais na mBallstát iarracht tionchar a imirt ar BCE (Airteagal 130 CFAE).

an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) comhdhéanta de BCE agus de bhainc ceannais na mBallstát (Airteagal 129 CFAE). Tá sé de chúram air beartas airgeadaíochta an Aontais a shainmhíniú agus a chur chun feidhme, agus is aige atá an ceart eisiach eisiúint nótaí bainc agus bonn a údarú laistigh den Aontas. Déanann sé bainistíocht freisin ar chúlchistí oifigiúla airgeadra na mBallstát agus áirithíonn sé oibríocht rianúil na gcóras íocaíochta (Airteagal 127(2) CFAE).

An Chúirt Iniúchóirí (Airteagal 285 CFAE agus Airteagal 286 CFAE)

Bunaíodh an Chúirt Iniúchóirí an 22 Iúil 1975 agus chuaigh sí i mbun oibre i Lucsamburg i mí Dheireadh Fómhair 1977. Is institiúid de chuid an Aontais anois í (Airteagal 13 CAE). Tá sí comhdhéanta de 28 gcomhalta, duine as gach Ballstát. Ceapann an Chomhairle na comhaltaí ar feadh tréimhse 6 bliana, agus déanann sí, trí thromlach cáilithe agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, liosta comhaltaí, arna tharraingt suas i gcomhréir le tograí ó na Ballstáit, a fhormheas (Airteagal 286(2) CFAE). Toghann na comhaltaí Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí as measc na gcomhaltaí ar fad ar feadh téarma 3 bliana; is féidir an tUachtarán a atoghadh.

Is é cúram na Cúirte Iniúchóirí scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuarthas an t-ioncam ar fad agus ar tabhaíodh an caiteachas ar fad ar bhealach dleathach rialta, agus an ndearnadh an bhainistíocht airgeadais go hiontaofa. Is é an uirlis is cumhachtaí atá aici gur féidir léi na torthaí a phoibliú. Déantar achoimre ar thorthaí a himscrúduithe i dtuarascáil bhliantúil ag deireadh gach bliana airgeadais. Foilsítear an tuarascáil sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar an dóigh sin cuirtear torthaí na n-imscrúduithe faoi bhráid an phobail. Féadfaidh sí freisin tuarascálacha speisialta a thabhairt uair ar bith ar réimsí sonracha a bhaineann le bainistíocht airgeadais, agus foilseofar na tuarascálacha sin san Iris Oifigiúil.

COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (Airteagal 301 CFAE)

Is é cuspóir Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ionadaíocht in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a thabhairt do ghrúpaí éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta (go háirithe fostóirí agus fostaithe, feirmeoirí, iompróirí, lucht gnó, ceardaithe, lucht gairme agus bainisteoirí fiontar beag agus meánmhéide). Is fóram é freisin le haghaidh tomhaltóirí, grúpaí comhshaoil agus comhlachas.

350 comhalta (comhairleoirí) ar a mhéad atá ar CESE; is as na heagraíochtaí is mó ionadaíocht sna Ballstáit éagsúla a cheaptar iad. Ceapann an Chomhairle ar feadh cúig bliana iad; glacann sí, ag gníomhú di d’aon toil, liosta comhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí a dhéanann gach Ballstát.

Déantar na suíocháin a dháileadh mar seo a leanas:

Líon na gcomhaltaí ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus ar Choiste na Réigiún faoi seach
An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe 24
An Pholainn, an Spáinn 21
An Rómáin 15
An Bheilg, an Bhulgáir, an Ghréig, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an tSualainn, Poblacht na Seice, an Ungáir 12
An Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, an Chróit, an Liotuáin, an tSlóvaic 9
An Laitvia, an tSlóivéin 7
An Eastóin 6
Lucsamburg, Málta, an Chipir 5

Roinntear na comhaltaí ina dtrí ghrúpa (fostóirí, oibrithe agus páirtithe eile a dhéanann ionadaíocht ar son na sochaí sibhialta). Tarraingíonn “grúpaí staidéir” suas tuairimí le cur faoi bhráid na seisiún iomlánach chun go nglacfaí iad. Féadann malartaigh na gcomhaltaí sin a bheith rannpháirteach mar shaineolaithe freisin. Bíonn CESE ag obair i ndlúthchomhar le coistí Pharlaimint na hEorpa chomh maith.

In imthosca áirithe, ní mór dul i gcomhairle leis sa nós imeachta reachtach. Eisíonn sé tuairimí dá thionscnamh féin freisin. Bíonn na tuairimí sin ina gcuidiú mór ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle toisc go dtugann siad léargas ar na hathruithe atá ag teastáil ó na grúpaí sin a mbeidh tionchar díreach ag an togra orthu.

Coiste na Réigiún (Airteagal 305 CFAE)

Leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht), bunaíodh comhlacht nua comhairliúcháin in éineacht le CESE: is é sin Coiste na Réigiún (CoR). Amhail an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, ní institiúid de chuid an Aontais é i ndáiríre, mar gur feidhm chomhairleach amháin atá aige. Níl sé de chúram air cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéanamh mar a dhéanann institiúidí “lánfhásta” an Aontais Eorpaigh (Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Iniúchóirí, an Banc Ceannais Eorpach).

Amhail CESE, tá 350 comhalta ar Choiste na Réigiún. Déanann a chomhaltaí ionadaíocht thar ceann údarás réigiúnach agus áitiúil sna Ballstáit agus ní mór sainordú a bheith acu ó na húdaráis dá ndéanann siad ionadaíocht, bunaithe ar thoghcháin, nó caithfidh siad a bheith freagrach go polaitiúil do na húdaráis sin.

Tá roinnt réimsí ina bhfuil sé de cheangal ar an gCoiste dul i gcomhairle le Comhairle an Aontais Eorpaigh nó leis an gCoimisiún (“comhairliúchán sainordaitheach”): oideachas; cultúr; sláinte phoiblí; gréasáin thras-Eorpacha; bonneagar iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh; comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta; beartas fostaíochta agus reachtaíocht shóisialta. Téann an Chomhairle i gcomhairle le Coiste na Réigiún go rialta freisin, gan aon oibleagáid dhlíthiúil uirthi sin a dhéanamh, maidir le réimse leathan dréachtreachtaíochta (“comhairliúchán neamh-shainordaitheach”).

An Banc Eorpach Infheistíochta (Airteagal 308 CFAE)

Gníomhaireacht chistiúcháin le haghaidh “fhorbairt chothromúil rianúil” an Aontais Eorpaigh, is ea an Banc Eorpach Infheistíochta, agus tá tarraingt ag an Aontas air dá réir. Is i Lucsamburg atá ceanncheathrú an bhainc. Cuireann BEI iasachtaí agus ráthaíochtaí ar fáil sna hearnálacha eacnamaíocha ar fad, go háirithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí seo a leanas: réigiúin lagfhorbartha a chur chun cinn; gnóthais a thabhairt cothrom le dáta nó a aistriú; poist nua a chruthú; agus cúnamh a thabhairt do thionscadail ina bhfuil leas coiteann ag roinnt Ballstát.

DLÍCHÓRAS AN AONTAIS EORPAIGH

Bhí bunreacht an Aontais Eorpaigh, a bhfuil cur síos déanta air thuas, agus na luachanna bunúsacha atá corpraithe sa bhunreacht sin go háirithe, an-teibí ó thús agus is gá feoil a chur orthu trí bhíthin dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, is réaltacht dhlíthiúil é an tAontas ar dhá bhealach éagsúla: cruthaíodh le dlí é agus is comhphobal é atá bunaithe ar an dlí.

An tAontas Eorpach mar a cruthaíodh le dlí é agus mar chomhphobal atá bunaithe ar an dlí

Is le dlí a oibríonn an tAontas Eorpach agus ní le fórsa ná le cur faoi smacht. Sin an ghné atá úrnua agus an ghné a dhéanann dealú idir é agus na hiarrachtaí a rinneadh san am a chuaigh thart an Eoraip a aontú. Ní féidir a bheith ag súil go mairfidh aon chineál aontachta seachas aontacht atá bunaithe ar chinneadh faoi shaoirse: aontacht atá bunaithe ar luachanna bunúsacha amhail an tsaoirse agus an comhionannas, arna gcosaint agus arna gcur i bhfeidhm le dlí. Is é sin an léargas atá ina bhunús leis na Conarthaí lenar cruthaíodh an tAontas Eorpach.

Le dlí a cruthaíodh an tAontas; ní hé amháin sin ach is trí bhíthin an dlí, agus trína bhíthin sin amháin, a dhíríonn sé ar a chuspóirí a bhaint amach. Is Aontas é atá bunaithe ar an dlí. Ní le bagairt fórsa ach le dlí an Aontais a rialaítear saol coitianta eacnamaíoch agus sóisialta phobal na mBallstát. Is é sin bunús an chórais institiúidigh. Is é sin a chinneann an nós imeachta cinnteoireachta le haghaidh institiúidí an Aontais agus a dhéanann an caidreamh idir na hinstitiúidí sin a rialú. Cuireann sé ar chumas na n-institiúidí ionstraimí dlí a achtú — i bhfoirm rialachán, treoracha agus cinntí — atá ceangailteach ar na Ballstáit agus ar a gcuid saoránach. Dá bhrí sin, is ar dhaoine aonair is mó a dhíríonn an tAontas. Tá an tionchar atá ag an dlíchóras ar shaol laethúil an duine aonair ag dul i méid i gcónaí. Tugann sé cearta dóibh agus forchuireann sé oibleagáidí orthu; agus toisc gur saoránaigh iad de chuid a Stát féin agus de chuid an Aontais, tá ordlathas dlíchóras á rialú — amhail mar a bhíonn i gcás bunreachtanna cónaidhme. Amhail dlíchóras ar bith eile, soláthraíonn dlíchóras an Aontais córas uathrialach cosanta dlí ionas gur féidir dul i muinín dhlí an Aontais agus ionas gur féidir é a fhorfheidhmiú. Déanann dlí an Aontais an gaol idir an tAontas agus na Ballstáit a shainiú freisin. Ní mór do na Ballstáit na bearta iomchuí ar fad is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a thagann as na Conarthaí nó atá mar thoradh ar bheart arna dhéanamh ag institiúidí an Aontais. Ní mór dóibh cabhrú leis an Aontas a chúraimí a thabhairt i gcrích agus staonadh ó aon bheart a d’fhéadfadh cur isteach ar ghnóthú chuspóirí na gConarthaí. Tá na Ballstáit freagrach do shaoránaigh an Aontais as dochar ar bith a dhéanann siad trí dhlí an Aontais a shárú.

Foinsí dlíthiúla dhlí an Aontais

Tá dhá chiall éagsúla leis an téarma “foinse dhlíthiúil”: tagraíonn an bhunchiall don chúis ar tháinig foráil dlí chun cinn, i.e. an rud a bhí ina spreagadh leis an ionstraim dhlíthiúil a dhéanamh. Ba é toil an dreama a chruthaigh dlí an Aontais an tsíocháin a chaomhnú agus Eoraip níos fearr a chruthú, agus é sin a dhéanamh le naisc eacnamaíocha níos dlúithe; bhí an dá bhunchuspóir sin ina gclocha coirnéil ag CEE agus is iad foinse dhlíthiúil dhlí an Aontais iad de réir an tsainmhínithe a dhéantar ar bhunchiall an téarma. Ar an láimh eile, i gcaint an lucht dlí, tagraíonn “foinse dhlíthiúil” do bhunús agus do dhéanamh an dlí.

Na conarthaí bunaidh mar phríomhfhoinse ag dlí an Aontais

Conarthaí bunaidh an Aontais agus na hiarscríbhinní, na foscríbhinní agus na prótacail a ghabhann leo, mar aon le píosaí a chuirtear leo agus leasuithe a dhéantar orthu níos déanaí — is iad sin céadfhoinse dhlí an Aontais. Sna conarthaí bunaidh sin agus sna hionstraimí arna leasú agus arna bhforlíonadh (go háirithe Conradh Maastricht, Conradh Amstardam, Conradh Nice agus Conradh Liospóin) agus sna conarthaí aontachais éagsúla, tá forálacha bunúsacha maidir le cuspóirí, eagrúchán agus modus operandi an Aontais, agus codanna dá dhlí eacnamaíoch. Tá an rud céanna fíor maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an luach dlíthiúil céanna aici leis na Conarthaí ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm (Airteagal 6(1) CAE). Is iad sin is bunús le creat bunreachtúil an Aontais, dá bhrí sin, agus déanann institiúidí an Aontais comhlánú ar an gcreat sin chun leasa an Aontais trí bhíthin a gcuid gníomhaíochta reachtaí agus riaracháin. De bhrí gur ionstraimí dlí iad na Conarthaí arna gcruthú go díreach ag na Ballstáit, dlí príomha an Aontais a thugann lucht dlí orthu.

IONSTRAIMÍ DLÍ AN AONTAIS MAR FHOINSE THÁNAISTEACH AG DLÍ AN AONTAIS

Tugtar reachtaíocht thánaisteach ar an dlí a dhéanann institiúidí an Aontais trí na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh a fheidhmiú, agus is í an dara foinse is tábhachtaí ag dlí an Aontais í.

Foinsí dlíthiúla dhlí an Aontais

Cuimsíonn sí gníomhartha reachtacha, gníomhartha neamhreachtacha (ionstraimí simplí dlíthiúla, gníomhartha tarmligthe, gníomhartha cur chun feidhme), ionstraimí neamhcheangailteacha (tuairimí, moltaí) agus gníomhartha eile nach gníomhartha dlíthiúla iad (e.g. comhaontuithe idirinstitiúideacha, rúin, dearbhuithe, cláir ghníomhaíochta). Is éard is “gníomhartha reachtacha” ann, gníomhartha dlí arna nglacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach nó faoin nós imeachta reachtach speisialta (Airteagal 289 CFAE). Is éard is “gníomhartha tarmligthe ann” (Airteagal 290 CFAE) gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta agus cheangailteach leo chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. Glacann an Coimisiún iad; ní mór gníomh reachtach a tharraingt suas lena ndéantar cumhacht a tharmligean go sainráite don Choimisiún chun na críche sin. Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, déantar sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme iomchuí, arna nglacadh ag an gCoimisiún de ghnáth, agus i gcásanna áirithe eisceachtúla, arna nglacadh ag an gComhairle (Airteagal 291 CFAE). Féadann institiúidí an Aontais moltaí agus tuairimí a eisiúint i bhfoirm ionstraimí neamhcheangailteacha. Ar deireadh, tá sraith iomlán de “ghníomhartha nach gníomhartha dlíthiúla iad” ann — gníomhartha is féidir le hinstitiúidí an Aontais a úsáid chun bearta agus ráitis neamhcheangailteacha a eisiúint agus gníomhartha eile a rialaíonn córas feidhmithe inmheánach an Aontais Eorpaigh nó a institiúidí, amhail comhaontuithe nó socruithe idir na hinstitiúidí, nó rialacha inmheánacha nós imeachta.

Féadfaidh na gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha sin a bheith i bhfoirmeacha atá an-éagsúil. Déantar na gníomhartha dlíthiúla is tábhachtaí a liostáil agus a shainiú in Airteagal 288 CFAE. Trí bhíthin gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí, cuimsíonn sé rialacháin, treoirlínte agus cinntí. Trí bhíthin gníomhartha nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí, cuimsíonn an liosta moltaí agus tuairimí. Ní liosta cuimsitheach é liosta sin na ngníomhartha, áfach. Tá a lán gníomhartha dlíthiúla eile nach féidir a chur i gcatagóirí ar leith. Áirítear orthu sin rúin, dearbhuithe, cláir ghníomhaíochta nó Páipéir Bhána agus Uaine. Tá difríochtaí suntasacha idir na gníomhartha éagsúla i dtaca le nós imeachta de, agus lena n-éifeachtaí dlíthiúla agus maidir le cé air a bhfuil siad dírithe; déanfar plé níos mionsonraithe ar na difríochtaí sin sa roinn maidir le “rogha ionstraimí”.

Is de réir a chéile a dhéantar reachtaíocht thánaisteach an Aontais. Cuireann sé le neart na reachtaíochta príomha a thagann as Conarthaí an Aontais agus, de réir a chéile, forbraíonn sé agus feabhsaíonn sé dlíchóras na hEorpa.

Comhaontuithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais Eorpaigh

Tá foinse eile, an tríú ceann, ag dlí an Aontais a bhaineann le ról an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal idirnáisiúnta. Mar ghníomhaí lárnach i ngnóthaí an domhain, ní leor don Eoraip fanacht i mbun a gnóthaí inmheánacha féin, agus gan ach sin; caithfidh sí freisin dul i ngleic le gnóthaí eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla a bhaineann leis an gcuid eile den domhan. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas Eorpach comhaontuithe i gcrích sa dlí idirnáisiúnta le tíortha nach Ballstáit iad (“tríú tíortha”) agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile; is fiú na comhaontuithe seo a leanas a lua, go háirithe:

Comhaontuithe comhlachais

Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus tír eile: tá i bhfad níos mó i gceist leis ná go díreach rialú ar bheartas trádála, ciallaíonn sé freisin dlúthchomhar eacnamaíoch leis an tír sin agus cúnamh airgeadais de chineál forleathan ón Aontas (Airteagal 217 CFAE). Féadfar dealú idir trí chineál comhaontuithe comhlachais:

Comhaontuithe lena gcaomhnaítear naisc speisialta idir Ballstáit áirithe agus tíortha nach Ballstáit iad

Cúis amháin a bhí le cruthú an chomhaontaithe comhlachais go raibh tíortha agus críocha ann lasmuigh den Eoraip a raibh dlúthnaisc eacnamaíocha ag an mBeilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe leo fós mar thoradh ar a stair choilíneach. Dá dtabharfaí isteach comhtharaif eachtrach san Aontas, chuirfeadh sé isteach go mór ar thrádáil leis na críocha sin, agus bhí gá le socruithe speisialta dá bhrí sin. Is é is cuspóir don chomhlachas forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir iad agus an tAontas ina iomláine (Airteagal 198 CFAE). Dá bhrí sin, tá réimse mór comhaontuithe fabhracha ann lena gceadaítear earraí a allmhairiú ó na tíortha agus ó na críocha sin ag rátaí laghdaithe custaim nó ag rátaí nialais. Aistríodh cúnamh airgeadais agus teicniúil ón Aontas trí Chiste Forbraíochta na hEorpa. Is é an comhaontú is tábhachtaí ar fad atá i bhfeidhm Comhaontú Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh idir an tAontas Eorpach agus 70 Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (“ACC”). Faoi láthair, tá sraith de chomhaontuithe réigiúnacha um chomhpháirtíocht eacnamaíoch á déanamh den chomhaontú sin, agus de réir a chéile tá saor-rochtain faighte ag tíortha ACC ar mhargadh inmheánach na hEorpa.

Comhaontuithe mar ullmhúchán le haghaidh aontachais leis an Aontas nó chun aontas custaim a bhunú

Úsáidtear socruithe comhlachais freisin agus tíortha ag ullmhú le hiarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas. Is réamhchéim i dtreo aontachais an socrú seo agus lena linn féadann an tír is iarrthóir a bheith ag obair chun a geilleagar a chomhtháthú le geilleagar an Aontais. Tá an straitéis sin á cur chun feidhme faoi láthair do thíortha na mBalcán thiar (an Albáin, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an tSeirbia, Montainéagró, an Chosaiv). Sna cásanna sin, tá tacaíocht á fáil ag an bpróiseas aontachais ó phróiseas leathan cobhsaíochta agus comhlachais (SAP) arb ionann é agus an creat foriomlán do dhul chun cinn thíortha na mBalcán Thiar go dtí go mbainfidh siad aontachas amach ar deireadh. Tá sé mar aidhm le SAP trí chuspóir ar leith a bhaint amach sa tionscnamh: 1. cobhsaíocht agus aistriú tapa chuig geilleagar margaidh atá ag feidhmiú; 2. comhar réigiúnach a chur chun cinn; 3. ionchas ballraíochta san Aontas Eorpach. Tá SAP bunaithe ar chomhpháirtíocht fhorchéimnitheach ina dtairgeann an tAontas Eorpach lamháltais trádála, tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais agus caidreamh conarthach i bhfoirm Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais. Ní mór do gach tír dul chun cinn sonrach a dhéanamh i gcreat SAP chun na ceanglais a bhaineann le ballraíocht ionchasach a shásamh. Déantar dul chun cinn thíortha na mBalcán Thiar i dtreo ballraíocht ionchasach san Aontas Eorpach a mheas i dtuarascálacha bliantúla.

Tá an Iorua (radharc ar Fhiord Geiranger, i gcúige Møre og Romsdal) ina ball den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Tá an Íoslainn agus Lichtinstéin chomh maith leis na 28 mBallstát atá san Aontas Eorpach ina mbaill freisin. Tá na ceithre shaoirse (saorghluaiseacht earraí, daoine agus chaipitil) i bhfeidhm sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Tá an Iorua (radharc ar Fhiord Geiranger, i gcúige Møre og Romsdal) ina ball den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Tá an Íoslainn agus Lichtinstéin chomh maith leis na 28 mBallstát atá san Aontas Eorpach ina mbaill freisin. Tá na ceithre shaoirse (saorghluaiseacht earraí, daoine agus chaipitil) i bhfeidhm sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)

Leis an gComhaontú ar LEE tugadh na tíortha (eile) (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) atá i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) isteach sa mhargadh inmheánach agus, trí iallach a chur orthu beagnach dhá thrian de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ionchorprú, leagadh bonn láidir le haghaidh aontachais ina dhiaidh sin. In LEE, ar bhonn an acquis communautaire (corpas iomlán reachtaíochta príomha agus reachtaíochta tánaistí an Aontais), beidh saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil ann mar aon le rialacha comhionanna maidir le hiomaíochas agus cúnamh Stáit, agus comhar níos dlúithe i ndáil le beartais chothrománacha agus beartais tionlacain (comhshaol, taighde agus forbairt, oideachas).

Comhaontuithe comhair

Níl an tionchar atá ag comhaontuithe comhair chomh leathan leis an tionchar atá ag comhaontuithe comhlachais, toisc gur ar dhlúthchomhar eacnamaíoch, agus air sin amháin, atá siad dírithe. Tá comhaontuithe comhair ag an Aontas le Stáit na Magraibe (an Ailgéir, Maracó agus an Túinéis), le Stáit na Maisreice (an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin agus an tSiria) agus le hIosrael, mar shampla.

Comhaontuithe trádála

Tá roinnt mhaith comhaontuithe trádála ag an Aontas freisin le tíortha ar leith nach Ballstáit iad, le grúpaí de na tíortha sin, nó laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta trádála a bhaineann le taraifí agus leis an mbeartas trádála. Is iad seo na comhaontuithe trádála idirnáisiúnta is tábhachtaí: an Comhaontú lena mbunaítear Eagraíocht Dhomhanda Trádála (Comhaontú EDT) agus na comhaontuithe trádála iltaobhacha a thagann as, lena n-áirítear an Comhaontú Ginearálta ar Tharaifí agus Trádáil (CGTT 1994); an Cód Frithdhumpála agus Fóirdheontas, an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (Comhaontú GATS); an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhaontú TRIPS); agus an Comhaontú maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta a Rialaíonn Socrú Díospóidí. Mar sin féin, tá comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ag éirí níos coitianta ná comhaontuithe iltaobhacha. Mar gheall ar na deacrachtaí ollmhóra a bhaineann le comhaontuithe iltaobhacha léirscaoilte a chur i gcrích, faoi chuimsiú EDT, mar shampla, chuaigh na cumhachtaí trádála ar fad, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, i mbun comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha a chur i gcrích. Ar na samplaí is déanaí de sin tá an idirbheartaíocht le Ceanada a cuireadh i gcrích go rathúil (CETA — an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála) agus le Singeapór, chomh maith leis an idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh fós leis na Stáit Aontaithe (TTIP – Comhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Trasatlantaí) agus leis an tSeapáin.

Foinsí an Dlí Neamhscríofa

Tá gné amháin i gcoiteann ag na foinsí ar fad a ndearnadh cur síos orthu thuas, mar atá go bhfuil siad ina bhfoinsí ag an dlí scríofa. Ach amhail gach córas eile dlí, ní féidir le dlíchóras an Aontais a bheith i dtuilleamaí rialacha scríofa amháin; beidh bearnaí ann i gcónaí agus is leis an dlí neamhscríofa a chaithfear iad a líonadh.

Prionsabail ghinearálta an dlí

Prionsabail ghinearálta an dlí, is iad sin atá ina bhfoinsí neamhscríofa ag dlí an Aontais. Is éard atá sna prionsabail sin rialacha a léiríonn bunchoincheapa an dlí agus an cheartais; caithfidh gach córas dlí na rialacha sin a urramú. Is le cúrsaí eacnamaíocha agus sóisialta den chuid is mó a bhaineann dlí scríofa an Aontais, agus is teoranta mar atá sé in ann rialacha den chineál sin a leagan síos. Fágann sin go bhfuil prionsabail ghinearálta an dlí ar na foinsí dlíthiúla is tábhachtaí dá bhfuil ag an Aontas. Cuidíonn siad bearnaí a líonadh agus ceisteanna i ndáil le léirmhíniú an dlí atá ann cheana a réiteach ar an dóigh is cothroime is féidir.

Tugtar éifeacht do na prionsabail sin nuair a chuirtear an dlí i bhfeidhm, go háirithe i mbreithiúnais na Cúirte Breithiúnais, mar gurb í atá freagrach as a áirithiú “go gcomhlíonfar an dlí i léirmhíniú an Chonartha agus ina chur chun feidhme”. Na prionsabail atá i gcoiteann ag dlíchórais na mBallstát, is iad na príomhphointí tagartha iad chun prionsabail ghinearálta an dlí a chinneadh. Is ar an gcúlra sin — na prionsabail choiteanna i ndlíchórais na mBallstát — a fhorbraítear na rialacha chun fadhb a réiteach.

Tá prionsabail dlí eile ann le cois phrionsabail an neamhspleáchais, na hinfheidhmeachta dírí agus thosaíocht dhlí an Aontais, mar atá cearta bunúsacha a ráthú (ar a laghad ar bith i gcás na Polainne agus na Ríochta Aontaithe, tíortha nach bhfuil faoi réir na Cairte um Chearta Bunúsacha de bharr go bhfuil rogha an diúltaithe acu), prionsabal na comhréireachta (atá rialaithe iarbhír ag foráil dhearfach in Airteagal 5(4) CAE), ionchais dhlisteanacha a chosaint, an ceart éisteacht cheart a fháil agus an prionsabal go bhfuil na Ballstáit faoi dhliteanas i leith aon sárú ar dhlí an Aontais.

Nós dlíthiúil

Is cuid de dhlí neamhscríofa an Aontais freisin an nós dlíthiúil. Is é an chiall a thuigtear atá le nós dlíthiúil, cleachtas a leanadh agus ar glacadh leis, agus dá bhrí sin atá bunaithe go dlíthiúil, agus a chuireann le reachtaíocht phríomha nó le reachtaíocht thánaisteach nó a dhéanann modhnú ar an reachtaíocht sin. Aithnítear i bprionsabal go bhféadfadh sé go mbunófaí nós dlíthiúil i ndlí an Aontais. Tá teorainneacha suntasacha ar bhunú nóis i gcomhthéacs dhlí an Aontais, áfach. Is í an chéad chonstaic an nós imeachta speisialta atá ann i ndáil leis na Conarthaí a leasú (Airteagal 54 CAE). Ní ionann sin agus a rá nach bhféadfadh nós dlíthiúil teacht chun cinn, ach ciallaíonn sé go bhfuil sé i bhfad níos deacra na critéir a úsáidtear chun a chinneadh ar leanadh agus ar glacadh le cleachtas ar feadh tréimhse sách fada a chomhlíonadh. Tá constaic eile roimh nós dlíthiúil a bhunú in institiúidí an Aontais, is é sin gur ó na Conarthaí amháin a fhaigheann aon bheart a dhéanfaidh institiúid a bhailíocht; ní thugann iompar na hinstitiúide bailíocht don bheart sin ná ní fhaigheann an beart bailíocht de bhrí amháin go raibh rún ag an institiúid caidreamh dlíthiúil a chruthú. Is ionann sin agus a rá nárbh fhéidir le hinstitúidí an Aontais nós dlíthiúil, ar leibhéal na gConarthaí, a bhunú riamh ná choíche; d’fhéadfadh na Ballstáit féin nós dlíthiúil a bhunú, agus ansin féin, chaithfeadh siad é sin a dhéanamh faoi réir na ndianchoinníollacha atá luaite thuas. Féadfar, áfach, dul i muinín nósanna imeachta agus cleachtas a lean agus a chleacht institiúidí an Aontais mar chuid den dlí, agus féadfar tarraingt orthu agus na rialacha dlíthiúla a leag na hinstitiúidí sin síos á léirmhíniú; d’fhéadfadh sé go n-athródh sin impleachtaí dlíthiúla agus raon feidhme an ghnímh dhlíthiúil lena mbaineann. Ní mór cuimhneamh freisin, áfach, ar na coinníollacha agus ar na teorainneacha atá mar thoradh ar reachtaíocht phríomha an Aontais.

Comhaontuithe idir na Ballstáit

Tá foinse eile ag dlí an Aontais — an fhoinse dheiridh — is iad sin comhaontuithe idir na Ballstáit. Féadfar comhaontuithe den chineál sin a thabhairt i gcrích chun saincheisteanna a bhfuil dlúthnasc acu le gníomhaíochtaí an Aontais a réiteach, ach níor aistríodh aon chumhachtaí chuig institiúidí an Aontais chuige sin, (mar shampla an Conradh ar chobhsaíocht, ar chomhordú agus ar rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, “an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach 2012”, a rinneadh gan an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Seice). Tá comhaontuithe idirnáisiúnta iomlána (conarthaí agus coinbhinsiúin) ann idir na Ballstáit atá dírithe go háirithe ar na deacrachtaí a bhaineann le socruithe atá teoranta ó thaobh críche de a shárú agus ar dhlí a chruthú a mbeidh feidhm aige ar fud an Aontais. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh (mar shampla an Coinbhinsiún ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Conarthacha (1980).

Rogha ionstraimí an Aontais Eorpaigh

B’éigean córas reachtaíochta an Aontais a cheapadh as an nua nuair a bunaíodh an tAontas Eorpach. I dtús báire, b’éigean a chinneadh cé na cineálacha reachtaíochta ba cheart a bheith ann agus cé na héifeachtaí ba cheart a bheith ag an reachtaíocht sin. B’éigean do na hinstitiúidí a bheith in ann na dálaí éagsúla eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil sna Ballstáit éagsúla a chur ag luí le chéile, agus é sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil, i.e. gan a bheith ag brath ar dhea-thoil na mBallstát, ionas go bhféadfaí na dálaí maireachtála ab fhearr ab fhéidir a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais. Ar an láimh eile, ba mhian leo gan cur isteach ní ba mhó ná ba ghá ar na córais dlí intíre. Dá bhrí sin, tá córas iomlán reachtach an Aontais bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfear reachtaíocht an Aontais a chur in ionad socruithe náisiúnta nuair is gá an socrú mionsonraithe céanna a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát, ach nuair nach bhfuil gá leis sin, go gcaithfear aird chuí a thabhairt ar na dlíchórais atá ann cheana féin sna Ballstáit.

Ar an mbonn sin, forbraíodh réimse ionstraimí a chuir ar chumas institiúidí an Aontais tionchar a imirt ar na dlíchórais náisiúnta ar bhealaí éagsúla. Is é an beart is déine díobh siúd rialacha de chuid an Aontais a chur in ionad rialacha náisiúnta. Tá rialacha Aontais ann freisin faoina bhfeidhmíonn institiúidí an Aontais go hindíreach, agus gan ach go hindíreach, ar dhlíchórais na mBallstát. Féadfar bearta a dhéanamh freisin nach mbeidh feidhm acu ach maidir le duine sainithe nó inaitheanta, chun dul i ngleic le cás ar leith. Déantar foráil freisin maidir le gníomhartha dlíthiúla nach bhfuil ceangailteach ar na Ballstáit ná ar shaoránaigh an Aontais.

Má fhéachaimid ar réimse na n-ionstraimí dlí de réir na ndaoine a bhfuil siad dírithe orthu agus na tionchair phraiticiúla atá acu sna Ballstáit, is féidir córas ionstraimí dlí an Aontais Eorpaigh a leagan amach mar seo a leanas, ar bhonn Airteagal 288 CFAE.

Córas ionstraimí dlí an Aontais Eorpaigh

Rialacháin mar “Dhlíthe” de chuid an Aontais

Is iad na rialacháin na gníomhartha dlíthiúla is mó a chuireann ar chumas institiúidí an Aontais tionchar a imirt ar na córais dlí intíre. Tá dhá ghné a bhaineann leo atá neamhghnách sa dlí idirnáisiúnta:

  • An chéad ghné — is de chineál Aontais iad, rud a chiallaíonn go leagtar síos an dlí céanna ar fud an Aontais, beag beann ar theorainneacha idirnáisiúnta, agus go bhfuil feidhm iomlán aige sna Ballstáit ar fad. Níl sé de chumhacht ag Ballstát rialachán a chur i bhfeidhm go neamhiomlán. Níl sé de chumhacht ag Ballstát ach oiread gan ach na forálacha sin a roghnú a dtacaíonn sé leo agus é sin mar dhóigh lena áirithiú nach dtabharfar éifeacht d’ionstraim ar chuir sé ina coinne tráth a glactha nó atá ag teacht salach ar leas an náisiúin mar a fheictear dó é. Ní féidir leis, ach oiread, forálacha ná cleachtais maidir le dlí intíre a agairt chun cur i bhfeidhm sainordaitheach rialacháin a chosc;
  • An dara gné — tá siad infheidhme go díreach, rud a chiallaíonn nach gá na gníomhartha dlíthiúla a thrasuí sa dlí náisiúnta, ach mar sin féin go dtugann siad cearta do shaoránaigh an Aontais nó go gcuireann siad oibleagáidí orthu amhail mar a dhéanann an dlí náisiúnta. Tá na Ballstáit agus a n-institiúidí rialaithe agus a gcúirteanna faoi cheangal díreach ag dlí an Aontais agus ní mór dóibh an dlí sin a chomhlíonadh mar a chomhlíonann siad an dlí náisiúnta.

Is ríléir na cosúlachtaí idir na gníomhartha dlíthiúla sin agus an dlí reachtúil a ritear i mBallstáit aonair. Más le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa (faoin “ngnáthnós imeachta reachtach” — féach an chéad roinn eile) a achtaítear iad, tugtar “gníomhartha reachtacha” orthu. Níl aon fhreagracht ag an bParlaimint as rialacháin arb iad an Chomhairle nó an Coimisiún Eorpach amháin a achtaíonn iad, agus dá bhrí sin, ó thaobh nós imeachta de ar a laghad, níl na buntréithe acu atá ag reachtaíocht den chineál sin.

Treoracha

Is í an treoir an dara hionstraim reachtach is tábhachtaí tar éis an rialacháin. Is é an cuspóir déach atá aici an comhionannas atá riachtanach i ndlí an Aontais a áirithiú agus éagsúlacht na dtraidisiún agus na struchtúr náisiúnta a urramú. Is é príomhchuspóir na treorach an dlí a chomhchuibhiú; ní hé is cuspóir dó an dlí a aontú — sin é cuspóir an rialacháin. Tá sé mar chuspóir ag an treoir ceal a chur i míréireachtaí agus i gcoinbhleachtaí idir dlíthe náisiúnta agus rialacháin, nó neamhréireanna a réiteach de réir a chéile ionas go mbeidh na dálaí ábharacha céanna ann i ngach Ballstát, a mhéid agus is féidir sin. Tá an treoir ar cheann de na príomhionstraimí a úsáidtear i bhforbairt an mhargaidh aonair.

Tá treoir ceangailteach ar na Ballstáit maidir leis an gcuspóir atá le baint amach, ach fágann sí faoi na húdaráis náisiúnta cinneadh ar an gcaoi leis an gcuspóir Comhphobail comhaontaithe a ionchorprú ina gcórais dlí intíre. Is é an réasúnaíocht atá taobh thiar den fhoirm sin reachtaíochta go gceadaíonn sí idirghabháil a dhéanamh i struchtúir eacnamaíocha agus dhlíthiúla intíre, ach é sin a dhéanamh ar dhóigh níos séimhe. Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit na dálaí speisialta intíre a chur san áireamh agus iad ag cur rialacha de chuid an Aontais chun feidhme. Is mar seo a oibríonn an treoir — ní théann sí in ionad dhlíthe na mBallstát ach cuireann sí na Ballstáit faoi oibleagáid a ndlí náisiúnta a chur in oiriúint d’fhorálacha an Aontais. Ciallaíonn sin go mbíonn dhá chéim sa phróiseas reachtóireachta de ghnáth.

Ag an gcéad chéim, leagann an treoir síos an cuspóir atá le baint amach ar leibhéal an Aontais, laistigh de thréimhse shonraithe, ag an mBallstát nó ag na Ballstáit ar a bhfuil an treoir dírithe. Féadfaidh institiúidí an Aontais mionsonraí an chuspóra a leagan amach sa dóigh nach mbeidh aon saoirse inlíochta ina leith sin ag na Ballstáit. Leoga, rinneadh sin roimhe i dtreoracha maidir le caighdeáin theicniúla agus cosaint chomhshaoil.

Ag an dara céim, nó ag an gcéim náisiúnta, aistrítear an cuspóir atá socraithe ar leibhéal an Aontais isteach i bhforálacha dlíthiúla nó riaracháin sna Ballstáit. Cé gur faoi na Ballstáit atá sé, i bprionsabal, cinneadh ar an bhfoirm agus ar na modhanna a úsáidfear chun an oibleagáid a fhorchuir an tAontas orthu a thrasuí sa dlí intíre, is de réir critéar an Aontais a dhéanfar a mheas an ndearnadh amhlaidh i gcomhréir le dlí an Aontais. Go ginearálta, ní mór staid dhlíthiúil a chruthú faoinar féidir na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an treoir a aithint ar bhealach atá soiléir go leor agus cinnte go leor chun go mbeidh saoránaigh an Aontais in ann iad a agairt nó, más iomchuí, agóid a dhéanamh ina gcoinne sna cúirteanna náisiúnta. De ghnáth, is gá forálacha sainordaitheacha a achtú chuige sin sa dlí náisiúnta, nó na rialacha atá ann cheana a aisghairm nó a leasú. Ní leor nós riaracháin leis féin ós rud é gur féidir leis na húdaráis lena mbaineann an cineál sin nóis a athrú de réir a dtola; agus níl próifíl ard go leor aige ach oiread.

De dhéanta na fírinne, ní thugann treoracha cearta do shaoránaigh an Aontais ná ní chuireann siad oibleagáidí orthu. Is ar na Ballstáit atá siad dírithe. Is iad na bearta arna n-achtú ag údaráis na mBallstát chun an treoir a chur chun feidhme a thugann cearta do shaoránaigh nó a chuireann oibleagáidí orthu. Fad is go gcomhlíonann na Ballstáit an oibleagáid a fhorchuir an tAontas orthu, níl aon tábhacht leis an bpointe sin ar feadh a mbaineann sé leis na saoránaigh féin. Ach más chun leas na saoránach cuspóir na treorach, tá míbhuntáistí ann do shaoránaigh an Aontais mura ndéana Ballstát na bearta cur chun feidhme is gá chun an cuspóir atá leagtha síos sa treoir sin a bhaint amach, nó i gcás nach leor na bearta a dhéanann sé. Dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais cur suas le míbhuntáistí dá leithéid sin. Is é atá cinnte aici — agus é sin bunaithe ar shraith fhada cásanna — gur féidir le saoránaigh an Aontais, i ndálaí den chineál sin, a agairt go bhfuil éifeacht dhíreach ag an treoir nó ag an moladh sin agus gur féidir leo an agairt sin a dhéanamh i gcaingne sna cúirteanna náisiúnta chun na cearta a bhronntar orthu faoin treoir nó faoin moladh sin a bhaint amach. De réir na Cúirte, is iad seo thíos coinníollacha na héifeachta dírí:

  • Ní mór a leagan síos i bhforálacha na treorach, ar dhóigh atá soiléir agus beacht go leor, na cearta a bhronnann an treoir ar shaoránaigh agus ar ghnóthais an Aontais;
  • Níl aon choinníoll le feidhmiú na gceart;
  • Caithfear gan aon “saoirse inlíochta” a thabhairt do na húdaráis reachtacha náisiúnta maidir le hábhar na rialacha atá le hachtú;
  • Tá an tréimhse atá ceadaithe le haghaidh chur chun feidhme na treorach imithe in éag.

Tá cinntí na Cúirte Breithiúnais maidir le héifeacht dhíreach bunaithe ar an dearcadh ginearálta go bhfuil an Ballstát ag gníomhú go déchiallach agus go mídhleathach má tá sé ag cur i bhfeidhm an tseandlí gan é a chur in oiriúint do cheanglais na treorach. An Ballstát a dhéanann é sin, tá sé ag treascairt ar chearta agus déantar iarracht dul i ngleic leis an treascairt sin trí éifeacht dhíreach na treorach a aithint d’fhonn a áirithiú nach mbainfidh an Ballstát aon sochar as dlí an Aontais a shárú. Dá réir sin, tá éifeacht phionósach ag an éifeacht dhíreach ar an mBallstát nach gcuireann an treoir chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, is díol suntais é nár chuir an Chúirt Bhreithiúnais an prionsabal i bhfeidhm ach amháin i gcásanna idir saoránaigh agus Ballstáit, agus gurbh é an t-aon uair a ndearna sí sin nuair ba chun sochair an tsaoránaigh a bhí an treoir, seachas chun dochair dó, is é sin le rá nuair ba é an cás gurbh fhabhraí stádas an tsaoránaigh faoin dlí arna leasú ag an treoir ná a stádas faoin seandlí (“éifeacht dhíreach ingearach”).

Tá pacáiste de bhearta ceangailteacha i dTreoir 2012/27/AE an 25 Deireadh Fómhair 2012 (an Treoir um Éifeachtúlacht Fuinnimh) a bhfuil sé mar chuspóir léi cuidiú leis an Aontas Eorpach a sprioc — is é sin méadú 20 % a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh — a bhaint amach faoin mbliain 2020. Bhí ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 5 Meitheamh 2014.

Tá pacáiste de bhearta ceangailteacha i dTreoir 2012/27/AE an 25 Deireadh Fómhair 2012 (an Treoir um Éifeachtúlacht Fuinnimh) a bhfuil sé mar chuspóir léi cuidiú leis an Aontas Eorpach a sprioc — is é sin méadú 20 % a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh — a bhaint amach faoin mbliain 2020. Bhí ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 5 Meitheamh 2014.

Níl glactha ag an gCúirt Bhreithiúnais leis an bprionsabal gur chóir aitheantas a thabhairt d’éifeacht dhíreach na dtreoracha ar an gcaidreamh idir saoránach amháin agus saoránach eile (“éifeacht dhíreach chothrománach”). Is é conclúid na Cúirte go bhfágann gné phionósach an phrionsabail nach bhfuil sé infheidhme maidir le caidreamh idir daoine aonair, toisc nárbh fhéidir iad a chur faoi aon dliteanas i leith neamhghníomh an Bhallstáit. Caithfidh an saoránach a bheith ábalta iontaoibh a chur sa dlí, is é sin le rá go gcaithfidh an dlí a bheith deimhin (“deimhneacht dhlíthiúil”) agus go gcaithfidh cosaint a bheith ag an saoránach ar a ionchais dhlisteanacha. Is gá don saoránach a bheith ábalta muinín a bheith aige go dtabharfar éifeacht do threoracha trí bhíthin beart náisiúnta cur chun feidhme. Mar sin féin, tá an Chúirt Bhreithiúnais tar éis príomhphrionsabal dlí a fhorbairt. De réir an phrionsabail sin, tá ábhar treoirlíne infheidhme freisin maidir le ceisteanna a bhaineann leis an dlí príobháideach, chomh fada agus go léirítear an toirmeasc ginearálta ar idirdhealú ann. Tá níos mó i gceist le tógán na Cúirte Breithiúnais ná idirdhealú a thoirmeasc. Leagtar oibleagáid ar údaráis náisiúnta, faoi mar a léirítear sna treoracha ar leith, agus go háirithe ar chúirteanna náisiúnta, an chosaint dhlíthiúil atá ar fáil do dhaoine aonair ó dhlí an Aontais a chur ar fáil laistigh de theorainneacha a ndlínse féin agus chun éifeachtacht iomlán an dlí sin a áirithiú, aon fhoráil sa reachtaíocht náisiúnta atá ag teacht salach ar an bprionsabal sin a dhéanamh neamh-infheidhme más gá. Tá tosaíocht ag dlí an Aontais agus dá bhrí sin tá tosaíocht ag an toirmeasc ar idirdhealú, faoi mar atá leagtha síos sna treoracha ar leith, ar dhlí náisiúnta atá ag teacht salach air. Mar sin, cé nár chaith an Chúirt aon amhras ar a cásdlí maidir leis an easpa éifeachta cothrománaí atá ag treoracha, i ndáiríre, tá sí tar éis teacht ar an gconclúid sin maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú i ngach cás ina léirítear é sin i dtreoir. Chinn an Chúirt roimhe sin gurbh amhlaidh an cás maidir le treoirlínte a bhain le gnáth-idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht, inscne nó aois. Ba chóir, áfach, feidhm a bheith aige sin maidir leis na treoirlínte go léir a ghlactar chun cur i gcoinne na bhforas i gcomhair idirdhealaithe atá liostaithe in Airteagal 19 CFAE.

Ní gá go mbainfí de thuiscint as éifeacht dhíreach treorach go dtugann foráil sa treoir sin cearta don duine aonair. Tá éifeacht dhíreach ag forálacha treorach sa mhéid is go bhfuil éifeacht dlí oibiachtúil acu. Baineann na coinníollacha céanna le haithint na héifeachta seo agus a bhaineann le héifeacht dhíreach a aithint, seachas eisceacht amháin, is é sin go gcaithfear oibleagáid shoiléir bheacht a bhunú do na Ballstáit seachas dlí soiléir beacht a leagan amach do shaoránaigh nó d’fhiontair an Aontais. Má dhéantar sin, tá na hinstitúidí ar fad, i.e. an reachtóir, lucht riaracháin agus cúirteanna na mBallstát, faoi cheangal ag an treoir agus caithfidh siad í a chomhlíonadh gan cheist agus í a chur i bhfeidhm mar dhlí de chuid an Aontais a bhfuil tosaíocht aige. I dtéarmaí nithiúla, tá oibleagáid orthu freisin an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha nó tosaíocht a thabhairt, i gcur chun feidhme an dlí, d’fhorálacha na treorach thar an dlí náisiúnta atá ag teacht salach uirthi. Ina theannta sin, tá éifeachtaí teorantacha áirithe ag na treoracha ar na Ballstáit — fiú amháin roimh dheireadh na tréimhse trasuímh. Toisc go bhfuil treoracha ceangailteach agus go bhfuil orthu gnóthú chúraimí an Aontais a éascú (Airteagal 4 CAE), ní mór do na Ballstáit staonadh, go dtí deireadh na tréimhse trasuímh, ó aon bheart a d’fhéadfadh cur as do chuspóir na treorach a bhaint amach.

Sna breithiúnais a thug sí ar chás Francovich agus ar chás Bonifaci in 1991, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil dliteanas ar na Ballstáit damáistí a íoc nuair is é an Ballstát is trúig leis an damáiste sin trí mhainneachtain i dtrasuí na treorach ina hiomláine nó i bpáirt. Tugadh an dá chás i gcoinne na hIodáile toisc nár thrasuigh sí Treoir 80/987/CEE ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 1980 maidir le fostaithe a chosaint ar dhócmhainnneacht an fhostóra. Ba é cuspóir na Treorach sin cosaint a thabhairt don cheart atá ag an bhfostaí luach saothair a fháil ar feadh na tréimhse suas go dócmhainneacht an fhostóra agus go dífhostú an fhostaí ar bhonn dócmhainneachta. Chuige sin, bhí cistí ráthaíochta le bunú a mbeadh cosaint ó chreidiúnaithe acu; ba iad na fostóirí nó na húdaráis phoiblí, nó an dá dhream, a bhí le hiad a chistiú. Seo an fhadhb a bhí ag an gCúirt: cé gurbh é cuspóir na Treorach ceart pearsanta a thabhairt do na hoibreoirí a bhí fostaithe leanúint de bheith ag fáil íocaíocht ar son a saothair ó na cistí ráthaíochta, ní fhéadfadh na cúirteanna náisiúnta éifeacht dhíreach a thabhairt don cheart sin, i.e. ní fhéadfadh siad an ceart a fhorfheidhmiú i gcoinne na n-údarás náisiúnta, ar an ábhar nach ndearnadh bearta chun an Treoir a thrasuí agus dá réir sin nach raibh aon chiste ráthaíochta curtha ar bun, rud a d’fhág nach raibh sé indéanta a dhéanamh amach cérbh é an féichiúnaí i ndáil leis an dócmhainneacht. Rialaigh an Chúirt, ar an mbonn gur theip ar an Iodáil an Treoir a chur chun feidhme, go raibh sí tar éis a gcearta a shéanadh ar na hoibreoirí a bhí fostaithe, agus dá réir sin go raibh dliteanas ar Bhallstát na hIodáile na damáistí a íoc. Cé nach bhfuil an dualgas cúiteamh a íoc scríofa i ndlí an Aontais, measann an Chúirt Bhreithiúnais gur bunchuid de dhlíchóras an Aontais é an dualgas sin, ós rud é go bhfágfaí éifeacht iomlán an dlíchórais sin gan áirithiú agus na cearta arna dtabhairt faoin dlíchóras sin gan chosaint dá mba rud é nach mbeadh an deis ag saoránaigh an Aontais cúiteamh a lorg agus a fháil i gcás a ndéanann Ballstáit sárú ar a gcearta trí dhlí an Aontais a shárú4.

Cinntí

Le “cinntí”, cuireadh le réimse na n-ionstraimí dlíthiúla le Conradh Liospóin. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir dhá chineál cinnidh; cinntí a shonraíonn cé air a bhfuil siad dírithe, agus cinntí ginearálta nach sonraíonn cé air a bhfuil siad dírithe (cf. Airteagal 288(4) CFAE). Cé go dtagann na cinntí a shonraíonn cé chuige a bhfuil siad dírithe in ionad na gcinntí a rinneadh roimhe sin maidir le cásanna aonair a rialú, cuimsíonn na cinntí ginearálta nach sonraíonn cé air a bhfuil siad dírithe ionstraimí éagsúla. Tá na hionstraimí sin cosúil le chéile sa mhéid nach rialaítear cásanna aonair leo. Is trua go dtagraítear do dhá chineál ionstraime dlí atá an-neamhchosúil le chéile faoin ainm céanna, mar gur cuid mhór neamhchinnteachta dlíthiúla an toradh a bhíonn ar na ceisteanna dosheachanta maidir le teorannú a thagann chun cinn. B’fhearr téarma amháin a úsáid i gcomhair bearta a fhorálann maidir le cásanna aonair agus go mbeadh éifeacht sheachtrach a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí acu ar an duine aonair. Ina theannta sin ba chóir téarma breise a thabhairt isteach d’ionstraimí dlí eile a bhfuil fórsa ceangailteach leo.

Is iondúil go n-úsáideann comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh (go háirithe an Chomhairle agus an Coimisiún) cinntí a shonraíonn cé air a bhfuil siad dírithe chun a bhfeidhm feidhmiúcháin a chur i gcrích. Féadfaidh cinntí den sórt sin a cheangal ar Bhallstát nó ar shaoránach de chuid an Aontais beart a dhéanamh nó staonadh ó bheart a dhéanamh, nó féadfaidh siad cearta a bhronnadh orthu nó oibleagáidí a fhorchur orthu. Is é an cás céanna é, a bheag nó a mhór, i gcórais na mBallstát; cuireann na húdaráis an reachtaíocht i bhfeidhm i gcás ar leith trí bhíthin cinneadh riaracháin.

Is iad seo thíos, go hachomair, na buntréithe atá ag cinneadh den sórt sin.

  • Ní hionann an cinneadh agus an rialachán sa mhéid is go mbaineann infheidhmeacht aonair leis an gcinneadh: ní mór na daoine ar a bhfuil sé dírithe a ainmniú ann agus is iad siúd amháin atá faoi cheangal aige. Comhlíontar an ceanglas sin más rud é, tráth a eisítear an cinneadh, gur féidir an catagóir daoine ar a bhfuil sé dírithe a shainaithint agus nach féidir é a leathnú ina dhiaidh sin. Déantar tagairt don mhéid atá sa chinneadh, agus ba cheart tionchar díreach aonair a bheith ar chás an tsaoránaigh ag an méid atá sa chinneadh. D’fhéadfadh tríú páirtí fiú teacht faoin sainmhíniú seo más rud é, de bharr tréithe pearsanta nó dálaí a dhéanann dealú idir an duine sin agus daoine eile, go bhfuil tionchar ag an gcinneadh orthu go díreach agus dá réir sin gur féidir iad a shainaithint amhail mar a shainaithnítear na daoine chuig a bhfuil an cinneadh dírithe.
  • Déantar dealú idir an cinneadh agus an treoir sa mhéid go bhfuil an cinneadh ina cheangal go huile is go hiomlán (ach nach ndéantar sa treoir ach an cuspóir atá le baint amach a shonrú).
  • Tá an cinneadh ceangailteach go díreach orthu siúd a bhfuil sé dírithe orthu. Féadfaidh cinneadh atá dírithe ar Bhallstát an éifeacht dhíreach chéanna a bheith aige ar shaoránaigh is a bheadh ag treoir.

Tá cinntí ginearálta nach sonraíonn cé air a bhfuil siad dírithe ina gceangal go huile is go hiomlán, cé nach bhfuil sé soiléir cé air a bhfuil siad ina gceangal. Ar deireadh thiar, ní féidir é sin a bhunú ach amháin ón ábhar atá i ngach cinneadh. I gcomhair cinntí ginearálta, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha ionstraime seo a leanas:

  • Cinntí maidir le forálacha Conartha a leasú: Tá na cinntí sin infheidhme ar bhealach ginearálta agus ar bhealach teibí. Is é sin le rá go bhfuil siad ina gceangal ar na hinstitiúidí go léir de chuid an Aontais, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí chomh maith leis na Ballstáit. Is féidir cinntí chun nósanna imeachta a bhaineann le glacadh a shimpliú a lua (Airteagal 81(3), Airteagal 192(2)(c) CFAE) nó chun ceanglais maidir le móraimh a mhaolú (Airteagal 312(2), Airteagal 333(1) CFAE);
  • Cinntí chun tuilleadh téagair a chur i ndlí Conartha: Tá éifeacht cheangailteach ag na cinntí sin ar an Aontas ina iomláine, nó ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó ar na gníomhaireachtaí i gcás cinneadh maidir lena gcomhdhéanamh; ní bhíonn aon éifeacht sheachtrach acu ar an duine aonair;
  • Cinntí maidir leis an dlí laistigh de na hinstitiúidí agus idir na hinstitiúidí a ghlacadh: Tá na cinntí sin ceangailteach ar institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí dá ndéanann sé difear agus atá bainteach leo. I measc na samplaí tá rialacha inmheánacha a bhaineann le nósanna imeachta, chomh maith le comhaontuithe idir na hinstitiúidí a rinneadh idir comhlachtaí an Aontais Eorpaigh;
  • Cinntí i gcomhthéacs rialú eagraíochtúil: Tá na cinntí sin (e.g. ceapacháin, luach saothair) ceangailteach ar shealbhóirí oifige nó ar chomhaltaí oifige;
  • Cinntí a dhéanann beartas: Tá na cinntí sin in iomaíocht le rialacháin agus le treoracha ach níl sé i gceist go mbeadh sé d’éifeacht acu a bheith ceangailteach ar an duine aonair ó thaobh dlí. I bprionsabal, ní bhaineann a n-éifeacht cheangailteach ach amháin leis na hinstitiúidí a bhí bainteach lena n-eisiúint, go háirithe nuair a bhaineann siad le treoshuíomhanna nó le treoirlínte do bheartas sa todhchaí. Ní bhíonn éifeachtaí dlí de chineál ginearálta agus teibí nó iarmhairtí airgeadais acu ach amháin i gcásanna eisceachtúla;
  • Cinntí faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála: Tá na cinntí sin ceangailteach ó thaobh dlí ar an Aontas Eorpach. Tá forálacha speisialta ann a shrianann a mhéad atá siad ceangailteach ar na Ballstáit (e.g. Airteagal 28(2) agus (5); Airteagal 31(1) CAE). Níl siad faoi réir fhorlámhas chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

Moltaí agus Tuairimí

Tá catagóir eile de bhearta dlíthiúla ann a ndéantar foráil shainráite maidir leo sna Conarthaí — an chatagóir dheireanach — is iad sin na moltaí agus na tuairimí. Cuireann siad ar chumas institiúidí an Aontais a ndearcadh a chur in iúl do na Ballstáit, agus do shaoránaigh aonair i gcásanna áirithe; na dearcthaí a chuireann siad in iúl ar an dóigh sin, níl siad ceangailteach agus ní chuireann siad aon oibleagáid dhlíthiúil orthu siúd a bhfuil siad dírithe chucu.

I gcás moltaí, iarrtar ar an bpáirtí a bhfuil siad dírithe air é féin a iompar ar bhealach ar leith, ach ní chuirtear aon oibleagáid dhlíthiúil air. Mar shampla, má ghlacann nó má leasaíonn Ballstát foráil dhlíthiúil nó riaracháin agus má dhéantar saobhadh ar iomaíocht i margadh inmheánach na hEorpa mar thoradh air sin, d’fhéadfadh an Coimisiún bearta iomchuí a mholadh don Stát lena mbaineann chun an saobhadh sin a sheachaint (an dara habairt d’Airteagal 117(1) CFAE).

Ní mar sin do na tuairimí: eisíonn institiúidí an Aontais tuairimí nuair atá measúnú á dhéanamh acu ar chás ar leith nó ar fhorbairtí san Aontas nó i mBallstát aonair. I gcásanna áirithe, réitíonn siad an bealach do ghníomhartha a dhéanfar ina dhiaidh sin agus a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, nó bíonn sé riachtanach iad a eisiúint mar réamhchoinníoll chun imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais (Airteagal 258 CFAE agus Airteagal 259 CFAE).

Dáiríre, is í a dtábhacht pholaitiúil agus mhorálta an rud is suntasaí faoi mholtaí agus tuairimí. D’aithin lucht dréachtaithe na gConarthaí go bhfuil léargas ar leith ag na hinstitiúidí ar chúrsaí lasmuigh de na creata cúnga náisiúnta, a bhuí lena n-údarás, lena réim leathan radhairc agus lena n-eolas cuimsitheach; ar an ábhar sin, nuair a chinn na dréachtóirí foráil a dhéanamh maidir le moltaí agus le tuairimí, thuig siad go maith go nglacfadh siad siúd a ndíreofaí orthu iad le moltaí go toilteanach agus go dtabharfadh na daoine sin freagra oiriúnach ar an measúnú a dhéanfadh na hinstitiúidí ar dhálaí ar leith. Mar sin féin, is féidir le moltaí agus le tuairimí éifeacht dhlíthiúil indíreach a bheith acu má dhéantar iad mar chéim réitithe roimh ionstraimí sainordaitheacha a ghlacadh nó má thugann an institiúid eisiúna féin tiomantas dóibh ar dhóigh a chruthaíonn ionchais dhlisteanacha nach foláir a chomhlíonadh.

Rúin, Dearbhuithe agus Cláir Ghníomhaíochta

Le cois na ngníomhartha dlíthiúla dá bhforáiltear sna Conarthaí, tá dóigheanna eile ag institiúidí an Aontais chun bearta a dhéanamh d’fhonn dlíchóras an Aontais a fhoirmiú agus a mhúnlú. Is iad na rúin, na dearbhuithe agus na cláir ghníomhaíochta na cinn is tábhachtaí díobh sin.

Rúin: Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa rúin a eisiúint. Leagtar amach iontu na dearcthaí agus na haidhmeanna comhpháirteacha maidir le próiseas iomlán na lánpháirtíochta agus cúraimí sonracha laistigh agus lasmuigh den Aontas. Baineann rúin maidir le feidhmiú inmheánach an Aontais, mar shampla, le ceisteanna bunúsacha maidir le haontas polaitiúil, beartas réigiúnach, beartas fuinnimh agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (go háirithe an Córas Eorpach Airgeadaíochta). Is é an ghné is tábhachtaí de na rúin go gcuidíonn siad stiúir pholaitiúil a thabhairt don obair atá roimh an gComhairle. Ar an ábhar gur foilsiú ar an toil choiteann pholaitiúil iad, is mór a chuidíonn rúin le teacht ar chomhthoil sa Chomhairle. Chomh maith leis sin, ráthaíonn siad go mbeidh comhghaol éigin, fiú mura gcomhghaol foirfe é, idir na hordlathais chinnteoireachta sa Chomhphobal agus sna Ballstáit. Ní mór na feidhmeanna sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an tábhacht dhlíthiúil a bhaineann leo, i.e. ba cheart iad a choinneáil solúbtha mar ionstraimí agus níor chóir laincis a chur orthu le barraíocht ceanglas dlíthiúil nó oibleagáidí dlíthiúla.

Dearbhuithe: Tá dhá chineál dearbhaithe ann: má bhaineann an dearbhú leis an Aontas a fhorbairt a thuilleadh, amhail an Dearbhú maidir leis an Aontas, an Dearbhú maidir le Daonlathas agus an Dearbhú maidir le Cearta agus Saoirsí Bunúsacha, is geall le rún é, a bheag nó a mhór. Úsáidtear dearbhuithe den chineál sin de ghnáth le dul i bhfeidhm ar ghrúpa leathan daoine nó le díriú ar ghrúpa sonrach. Eisítear dearbhuithe de chineál eile i gcomhthéacs phróiseas cinnteoireachta na Comhairle agus leagtar amach iontu dearcadh chomhaltaí ar fad na Comhairle, nó cuid acu, maidir leis an léirmhíniú ar chinntí na Comhairle. Is gnáthchleachtas sa Chomhairle dearbhuithe léirmhíniúcháin den chineál sin a eisiúint agus tá siad riachtanach mar dhóigh le comhréitigh a bhaint amach. Is faoi réir na mbunphrionsabal a bhaineann le léirmhíniú ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tábhacht dhlíthiúil a bhaineann leis na dearbhuithe sin. De réir na mbunphrionsabal sin, is é an rud is tábhachtaí maidir le foráil dhlíthiúil a léirmhíniú go gcaithfear a thuiscint cad é an intinn a bhí ag an té a cheap í. Níl an prionsabal sin bailí, áfach, ach amháin má fhaigheann an dearbhú an aird is gá ón bpobal; fáth amháin atá leis sin, mar shampla, ionas nach gcuirfeadh comhaontuithe tánaisteacha a bheadh fós gan phoibliú srian ar reachtaíocht thánaisteach de chuid an Aontais a thugann cearta díreacha do dhaoine aonair.

Cláir ghníomhaíochta: Is iad an Chomhairle agus an Coimisiún a tharraingíonn suas na cláir seo ar a dtionscnamh féin nó ar chomhairle na Comhairle Eorpaí. Fónann siad do chur i bhfeidhm na gclár reachtach agus na gcuspóirí ginearálta atá leagtha síos sna Conarthaí. Má tá foráil shonrach déanta sna Conarthaí maidir le clár ar leith, beidh institiúidí an Aontais faoi cheangal ag na forálacha sin agus iad i mbun pleanála ar an gclár sin. Sa chleachtas, breathnaítear ar chláir seachas iad mar threoirlínte ginearálta nach bhfuil ceangailteach ar chor ar bith ó thaobh dlí. Is comhartha iad, áfach, ar na bearta atá á mbeartú ag institiúidí an Aontais.

Chomh maith leis sin, tá tábhacht shuntasach ag baint le “Páipéir Bhána” agus le “Páipéir Uaine” san Aontas. Is é an Coimisiún a fhoilsíonn Páipéir Bhána agus bíonn tograí nithiúla iontu le haghaidh bhearta an Aontais i réimse beartais faoi leith. Má bhíonn glacadh maith ag an gComhairle leis an bPáipéar Bán, d’fhéadfadh sé a bheith mar bhonn le clár gníomhaíochta de chuid an Aontais. I measc na samplaí de sin tá Páipéir Bhána ar sheirbhísí a bhfuil spéis ghinearálta iontu (2004), ar bheartas cumarsáide Eorpaí (2006) nó ar thodhchaí na hEorpa (2017). Tá sé i gceist go spreagfadh Páipéir Uaine comhrá ar thopaicí áirithe ar an leibhéal Eorpach agus go mbeidís mar bhonn le comhairliúchán poiblí agus le díospóireacht ar na topaicí atá faoi chaibidil sa Pháipéar Uaine. D’fhéadfadh forbairtí reachtacha eascairt uathu agus tugtar breac-chuntas orthu sin ina dhiaidh sin i bPáipéir Bhána.
Foilsiú agus Cumarsáid

Foilsítear gníomhartha reachtacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith L (Reachtaíocht). Tagann siad i bhfeidhm ar an dáta arna shonrú iontu nó, in éagmais dáta sonraithe, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

Síníonn Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha neamhreachtacha. Foilsítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C (“faisnéis agus fógraí” [C = Cumarsáid]).

Tugtar fógra faoi ghníomhartha reachtacha dóibh siúd a bhfuil siad dírithe orthu agus tagann siad i bhfeidhm tráth a thugtar an fógra sin.

Níl aon oibleagáid ionstraimí neamhcheangailteacha a fhoilsiú ná faisnéis a thabhairt fúthu, ach is gnách iad sin a fhoilsiú chomh maith san Iris Oifigiúil (“faisnéis agus fógraí”).

Próiseas reachtach an Aontais

Is gnách, i stát, gur sa pharlaimint a chuirtear toil an phobail in iúl; ar feadh i bhfad ba ag ionadaithe rialtais na mBallstát, agus iad i láthair a chéile ag cruinnithe na Comhairle, a bhí an ról cinniúnach toil an Aontais a chur in iúl. Bhí sin amhlaidh toisc nach “náisiún Eorpach” é an tAontas; is iad na Ballstáit, agus iad ag obair i gcomhar le chéile, is cúis leis an Aontas a bheith ann agus is iad freisin a shocraigh an fhoirm atá air. Ní hé amháin gur aistrigh siad cuid dá gceannasacht chuig an Aontas, ach chuir siad an cheannasacht sin uile d’aon taobh ar an tuiscint go mbeadh an chumhacht, go comhpháirteach acu féin, an cheannasacht sin a fheidhmiú. I dtús báire, bhí an roinnt cumhachtaí sin i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais dírithe ar chosaint a thabhairt do na Ballstáit ar a leas náisiúnta féin, ach de réir mar a bhí próiseas lánpháirtíocht an Aontais ag dul chun cinn agus i ndoimhne tháinig éabhlóid ar an gcóras roinnte cumhachtaí sin, agus tá níos mó cothromaíochta sa chóras atá anois ann agus tá feabhas seasta leanúnach ag teacht ar stádas Pharlaimint na hEorpa. Ar an gcéad dul síos, leathnaíodh an nós imeachta bunaidh — nós imeachta a chiallaigh nach ndearnadh ach dul i gcomhairle leis an gComhairle — chun go mbeadh comhar leis an gComhairle mar chuid de, agus ar deireadh tugadh cumhachtaí comhchinnteoireachta don Pharlaimint i bpróiseas reachtach an Aontais.

An nós imeachta chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh

An Gnáthnós Imeachta Reachtach
(Airteagal 294 Cfae)

An nós imeachta chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh

Rinneadh atheagrú agus athstruchtúrú ar an nós imeachta reachtach san Aontas Eorpach le Conradh Liospóin. Déantar idirdhealú idir: 1. An gnáthnós imeachta reachtach chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh (Airteagal 289(1) CFAE), a fhreagraíonn go bunúsach don nós imeachta comhchinnteoireachta a bhí ann roimhe sin agus a bhfuil feidhm aige de ghnáth maidir le reachtóireacht ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an nós imeachta reachtach speisialta (Airteagal 289(2) CFAE), nós imeachta ina nglacann Parlaimint na hEorpa gníomhartha reachtacha le rannpháirtíocht ón gComhairle nó ina nglacann an Chomhairle gníomhartha reachtacha le rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa. 2. Ní mór gníomhartha dlíthiúla áirithe a chur trí nós imeachta toilithe sa Pharlaimint sula bhféadfaidh siad teacht i bhfeidhm. 3. Déantar gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh trí nós imeachta simplithe. 4. Tá nósanna imeachta speisialta i bhfeidhm chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

Ord an nós imeachta
Céim an fhoirmlithe

I bprionsabal, is é an Coimisiún a chuireann tús leis an nós imeachta, ós é an Coimisiún a tharraingíonn suas tograí le haghaidh an bhirt ón Aontas atá le déanamh (tugtar an “ceart tionscnaimh” air sin). An roinn den Choimisiún a bhfuil cúram an réimse ábhartha uirthi, is í a ullmhaíonn an togra; ag an gcéim seo is minic a théann an roinn sin i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta freisin. Pléití i gcoistí a thionóltar go speisialta a bhíonn i gceist leis an gcomhairliúchán sin in amanna; uaireanta eile, cuireann na ranna ábhartha den Choimisiún ceisteanna ar na saineolaithe. Níl aon iallach ar an gCoimisiún comhairle na saineolaithe náisiúnta a ghlacadh agus tograí á dtarraingt suas aige, áfach. Tar éis don Choimisiún dréacht a tharraingt suas ina leagtar ábhar agus foirm an bhirt amach go mion, cuirtear faoi bhráid an Choimisiúin ina iomláine é, agus is leor tromlach simplí le hé a ghlacadh. Is “togra ón gCoimisiún” uaidh sin amach é agus cuirtear go comhuaineach chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa é agus, má tá gá le comhairliúchán, cuirtear chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún é maille le míniúchán mionsonraithe.

An chéad léamh sa Pharlaimint agus sa Chomhairle

Cuireann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an togra ar aghaidh chuig coiste comhordaithe parlaiminteach le hé a bhreithniú tuilleadh. Déantar toradh phléití an choiste a dhíospóireacht ag seisiún iomlánach den Pharlaimint, agus déantar é a leagan amach i dtuairim; sa tuairim, d’fhéadfadh sé go nglacfaí leis an togra, nó go ndiúltófaí dó nó go molfaí leasuithe air. Cuireann an Pharlaimint a seasamh ar aghaidh chuig an gComhairle ansin.

Féadann an Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh ar an gcéad léamh:

  • Má fhormheasann sí seasamh na Parlaiminte, glactar an gníomh san fhoclaíocht a fhreagraíonn do sheasamh na Parlaiminte; is é sin deireadh an phróisis reachtaigh sa chás sin. Sa chleachtas, is é an riail anois go gcuirtear an próiseas reachtach i gcrích ag an gcéad léamh. Chun na críche sin, baineadh úsáid as an “idirphlé trípháirteach neamhfhoirmiúil”. Is éard atá i gceist leis sin go suíonn an Chomhairle agus an Coimisiún ag bord chun teacht ar chomhréiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach ag an staid sin, staid luath sa phróiseas reachtach.
  • Mura bhformheasa an Chomhairle seasamh na Parlaiminte, glacann an Chomhairle a seasamh féin ar an gcéad léamh agus cuireann sí in iúl do Pharlaimint na hEorpa é.

Cuireann an Chomhairle Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh. Tugann an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina sheasamh.

An dara léamh sa Pharlaimint agus sa Chomhairle

Ón dáta a chuirtear seasamh na Comhairle in iúl di, bíonn 3 mhí ag Parlaimint na hEorpa le ceann amháin de nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. Seasamh na Comhairle a fhormheas nó gan cinneadh a dhéanamh; meastar ansin go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha agus glactha de réir na foclaíochta a fhreagraíonn do sheasamh na Comhairle;
  2. Seasamh na Comhairle a dhiúltú trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í; sa chás sin meastar nach bhfuil an gníomh atá beartaithe glactha agus is é sin deireadh an phróisis reachtaigh;
  3. Seasamh na Comhairle a leasú trí thromlach dá comhaltaí; sa chás sin cuirtear an téacs leasaithe ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Tugann an Coimisiún tuairim i dtaobh na leasuithe sin.

Pléitear an seasamh leasaithe sa Chomhairle agus ón dáta a fhaigheann sí leasuithe na Parlaiminte bíonn trí mhí aici le ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. Na leasuithe ar fad a rinne an Pharlaimint a fhormheas; sa chás sin meastar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha. Is leor tromlach cáilithe má aontaíonn an Coimisiún leis na leasuithe; mura n-aontaí sé leo, ní féidir leis an gComhairle seasamh na Parlaiminte a fhormheas ach d’aon toil;
  2. Is féidir léi cinneadh a dhéanamh gan na leasuithe ar fad a rinne an Pharlaimint a fhormheas; má dhéanann sí amhlaidh, nó mura bhfaightear an tromlach is gá, is nós imeachta idir-réitigh a bhíonn de thoradh air sin.
An nós imeachta idir-réitigh

Cuireann Uachtarán na Comhairle tús leis an nós imeachta idir-réitigh le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. I gcroílár an nós imeachta sin tá an Coiste Idir-réitigh. Tá 28 n-ionadaí ón gComhairle ar an gcoiste sin faoi láthair, agus an líon céanna ó Pharlaimint na hEorpa. Tá sé de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, laistigh de 6 seachtaine ón dáta a thionóltar é, teacht ar chomhaontú trí thromlach cáilithe maidir le téacs comhpháirteach, agus é sin a dhéanamh ar bhonn sheasaimh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dara léamh. Is comhréiteach é sin a dtagtar air ar bhonn “scrúdú a dhéanamh ar gach gné den easaontas”. Mar sin féin, níl i gceist ach teacht ar chomhréiteach idir an dá sheasamh éagsúla atá ag an bParlaimint agus ag an gComhairle. Chuige sin, féadfar míreanna nua a úsáid a éascóidh próiseas an chomhréitithe, ar an gcoinníoll go bhfuil siad ag teacht le toradh foriomlán an dara léamh. Ní féidir, áfach, úsáid a bhaint as leasuithe nár baineadh na móraimh a theastaíonn amach leo ag an dara léamh.

Glacann an Coimisiún páirt in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus déanann sé pé tionscnamh is gá d’fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt ar aon uaim le chéile.

Más rud é nach bhformheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh de shé seachtaine ón dáta a thionóltar é, meastar nach bhfuil an gníomh atá beartaithe glactha.

An tríú léamh sa Pharlaimint agus sa Chomhairle

Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh den tréimhse sé seachtaine, bíonn tréimhse sé seachtaine ag Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh, agus ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis an fhormheasa sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach. Má theipeann orthu é sin a dhéanamh, meastar nach bhfuil an gníomh atá beartaithe glactha agus cuirtear deireadh leis an bpróiseas reachtach.

Foilsiú

Síníonn Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle an téacs deiridh (sna 24 theanga oifigiúla atá ag an Aontas faoi láthair: an Bhulgáiris, an Chróitis, an tSeicis, an Danmhairgis, an Ollainnis an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Ungáiris, an Ghaeilge, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Spáinnis, agus an tSualainnis), agus foilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é nó, má tá sé dírithe ar ghrúpa sonrach, tugtar fógra faoi dóibh siúd lena mbaineann.

Cuireann an nós imeachta comhchinnteoireachta dúshlán roimh an bParlaimint ach bronnann sé áiméar uirthi freisin. Le go n-éireoidh leis an nós imeachta, ní mór don Choiste Idir-réitigh teacht ar chomhaontú. Ach chomh maith leis sin, tá athrú suntasach déanta ar an ngaol idir an Pharlaimint agus an Chomhairle de bharr an nós imeachta seo. Tá an dá institiúid ar chomhchéim le chéile sa phróiseas reachtach anois, agus is faoin bParlaimint agus faoin gComhairle atá sé a thaispeáint go bhfuil siad in ann teacht ar chomhréiteach agus a dteanndícheall a dhéanamh sa Choiste Idir-réitigh comhaontú a aimsiú.

An nós imeachta reachtach speisialta

De ghnáth, is éard a bhíonn i gceist leis an nós imeachta reachtach speisialta, go nglacann an Chomhairle cinneadh agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (e.g. Airteagal 308 CFAE: Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta) nó go nglacann Parlaimint na hEorpa gníomh dlíthiúil tar éis di formheas na Comhairle a fháil (e.g. Airteagal 226(3) CFAE: ceart fiosrúcháin a fheidhmiú trí choiste fiosrúcháin parlaiminteach; Airteagal 228(4) CFAE: na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Ombudsman).

Tá dhá chineál eile reachtóireachta atá neamhchosúil leis na cásanna rialta sin ach mar sin féin is féidir a bheith ina gcuid den nós imeachta reachtach speisialta:

  • Cinneadh a ghlacadh maidir leis an mbuiséad (Airteagal 314 CFAE): baineann rialacha mionsonraithe leis an nós imeachta agus tá sé beagnach ar aon dul leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
  • Glacann an Chomhairle cinneadh maidir le togra ón gCoimisiún tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (nó le hinstitiúidí agus le comhlachtaí comhairliúcháin eile de chuid an Aontais); ba é sin an nós imeachta comhairliúcháin a bhí mar nós imeachta reachtach caighdeánach ar leibhéal an Aontais i dtús báire ach ní bhaintear feidhm as anois mar nós imeachta reachtach speisialta ach i gcásanna aon uaire (e.g. Airteagal 140(2) CFAE: maoluithe i gcomhthéacs an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta; Airteagal 128(2) CFAE: boinn a eisiúint).
  • Glacann an Chomhairle cinneadh gan rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa. Is cás eisceachtúil é sin, áfach, agus — seachas i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, áit a bhfuil an Pharlaimint á treorú ag cinntí ón gComhairle (Airteagal 36 CFAE) — ní tharlaíonn sé ach i gcásanna an-aonarach (e.g. Airteagal 31 CFAE: Comhtharaif Chustaim a shocrú; Airteagal 301(2) CFAE: comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta).

Féadfar réimsí beartais ina bhfuil foráil maidir le nós imeachta reachtach speisialta, a aistriú chuig an ngnáthnós imeachta reachtach le “clásal passerelle”, nó féadfar tromlach cáilithe a chur in ionad na haontoilíochta sa Chomhairle. Tá idirdhealú le déanamh idir dhá chineál cinnidh. Ar an gcéad dul síos, tá clásal passerelle ginearálta ann a bhfuil feidhm aige maidir le gach réimse beartais; ní mór cinneadh d’aon toil ón gComhairle Eorpach chun feidhm a bhaint as an gclásal sin. Ar an dara dul síos, tá clásail passerelle shonracha ann a bhaineann le réimsí beartais áirithe (e.g. an creat airgeadais ilbhliantúil — Airteagal 312 CFAE; comhar breithiúnach sa dlí teaghlaigh — Airteagal 81 CFAE; comhar feabhsaithe — Airteagal 333 CFAE; an réimse sóisialta — Airteagal 153 CFAE agus an comhshaol — Airteagal 192 CFAE). Tá difríocht idir na clásail sin agus clásail passerelle ghinearálta, sa mhéid nach bhfuil an ceart chun beart a chrosadh ag parlaimintí náisiúnta agus is féidir leis an gComhairle an cinneadh a dhéanamh freisin agus ní gá gurb í an Chomhairle Eorpach a dhéanfadh é.

An Nós Imeachta Formheasa

Ceann de na príomhbhealaí eile a mbíonn baint ag an bParlaimint le próiseas reachtach an Aontais is ea an nós imeachta formheasa. De réir an nós imeachta seo ní féidir ionstraim dlí a ghlacadh gan formheas na Parlaiminte a fháil roimh ré. Ní thugann an nós imeachta aon scóip don Pharlaimint tionchar díreach a imirt ar chineál na bhforálacha reachtacha, áfach. Mar shampla, ní féidir léi aon leasuithe a mholadh, ná a áirithiú go nglactar iad le linn an nós imeachta formheasa; níl i gceist lena ról ach glacadh leis an ionstraim dlí a chuirtear faoina bráid, nó í a dhiúltú. Déantar foráil maidir leis an nós imeachta sin i ndáil le comhaontuithe náisiúnta a chur i gcrích (Airteagal 218(6)a) CFAE), comhar feabhsaithe (Airteagal 329(1) CFAE) nó chun cumhachtaí a bhaineann le diúscairt a fheidhmiú (Airteagal 352(1) CFAE). Féadfaidh an próiseas formheasa a bheith mar chuid den nós imeachta reachtach speisialta maidir le gníomhartha reachtacha a ghlacadh agus mar chuid den nós imeachta reachtach simplithe chun gníomhartha ceangailteacha neamhreachtacha a ghlacadh.

An nós imeachta chun gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh

Glactar gníomhartha neamhreachtacha le nós imeachta simplithe ina nglacann institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh nó comhlacht eile gníomh dlíthiúil laistigh dá gcumhachtaí féin. Eascraíonn an t-údarás é sin a dhéanamh ón mbunús inniúlachta ábhartha i gconarthaí an Aontais Eorpaigh.

Baineann an nós imeachta sin i dtús báire le gníomhartha reachtacha ceangailteacha (simplí) arna nglacadh ag institiúid de chuid an Aontais laistigh dá cumhachtaí féin (e.g. Coimisiún maidir le cúnamh Stáit — Airteagal 108(2) CFAE).

Úsáidtear an nós imeachta simplithe freisin chun ionstraimí neamhcheangailteacha a ghlacadh, go háirithe moltaí agus tuairimí a eisíonn institiúidí an Aontais agus na comhlachtaí comhairliúcháin.

An nós imeachta chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Is gnáthchleachtas de chuid na Comhairle agus na Parlaiminte le fada cumhachtaí reachtacha agus cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún. Is trí choistí coisteolaíochta a bhunú a feidhmíodh na cumhachtaí a bronnadh. Bhí éagsúlacht ag baint le tionchar an Choimisiúin, na Comhairle, na mBallstát agus na Parlaiminte sna coistí sin. Ní raibh aon deighilt shoiléir, áfach, idir tarmligean cumhachtaí reachtóireachta (cumhacht reachtach) agus bronnadh cumhachtaí cur chun feidhme (cumhacht feidhmiúcháin). Rinneadh idirdhealú le Conradh Liospóin sa dlí príomhúil, a raibh sé thar am é a dhéanamh, maidir le feidhmiú cúraimí reachtacha agus cúraimí feidhmiúcháin (Airteagal 290 CFAE agus Airteagal 291 CFAE).

Is é an Coimisiún a ghlacann gníomhartha tarmligthe ar bhonn údarú speisialta a sholáthraítear sa ghníomh reachtach a rith an Chomhairle agus an Pharlaimint (Airteagal 290 CFAE). Ní féidir ach leasú ar ghnéithe neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach agus sin amháin a bheith in ábhar an tarmligin; ní fhéadfaidh na gnéithe riachtanacha de réimse a bheith faoi réir tarmligean cumhachta. Ciallaíonn sé sin go nglacann an brainse reachtach féin na forálacha bunúsacha agus nach bhfuil siad le tarmligean chuig an mbrainse feidhmiúcháin. Cuireann sé sin prionsabal an daonlathais agus prionsabal scaradh na gcumhachtaí san áireamh. Má tá cinntí a bhfuil tábhacht pholaitiúil ag baint leo agus a mbeidh iarmhairtí forleathana acu i gceist, ba chóir don Pharlaimint agus don Chomhairle an fhreagracht phríomhúil atá orthu a iompar, mar atá reachtaíocht a rith. Tá sé sin fíor maidir le cuspóirí polaitiúla a bheith le gníomh reachtach, go háirithe, maidir le roghnú na mbealaí chun na spriocanna sin a bhaint amach agus maidir leis na himpleachtaí a bhaineann leis na forálacha i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Lena chois sin, ní fhéadfar ach leasú nó forlíonadh a dhéanamh ar ghníomh reachtach le gníomhartha tarmligthe, ionas nach gcuirfear isteach ar chuspóir an ghníomh. Ar deireadh, ní mór na forálacha atá le leasú nó le forlíonadh leis an ngníomh tarmligthe a shonrú go soiléir sa ghníomh reachtach. Dá bhrí sin, féadfar oiriúnuithe reachtacha ar fhorbairtí nach ann dóibh fós a chuimsiú i ngníomhartha tarmligthe, amhail athruithe ar staid na teicneolaíochta, ailíniú le hathruithe intuartha ar reachtaíocht eile nó a áirithiú go gcuirfear na forálacha i ngníomh reachtach i bhfeidhm fiú amháin nuair a thiocfaidh cúinsí speisialta chun cinn nó faisnéis nua chun solais. Féadfar teorainn ama a chur le tarmligean cumhachtaí, nó má tá sé le feidhmiú ar feadh tréimhse gan teorainn, féadfar a fhoráil go bhfuil sé de cheart é a aisghairm. Chomh maith leis an deis a bheith ann tarmligean cumhachtaí a aisghairm, féadfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint foráil a dhéanamh go mbeidh an ceart ann agóidí a dhéanamh in aghaidh theacht i bhfeidhm ghníomhartha tarmligthe an Choimisiúin. Má tá cumhacht cur chun feidhme tarmligthe ag an gComhairle agus ag an bParlaimint chuig an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Níl aon fhoráil sa dlí príomhúil lenar ceadaíodh institiúidí eile a chur san áireamh. Tá sé d’údarás ag an gCoimisiún, áfach, dul i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta faoi leith, agus déanann sé é sin de ghnáth sa chleachtas.

glacadh gníomhartha cur chun feidhme a dhéanann an Coimisiún (Airteagal 291 CFAE) ceaptha mar eisceacht ón bprionsabal a bhaineann le freagracht na mBallstát maidir le cur chun feidhme riaracháin dhlí an Aontais (Airteagal 289(1) CFAE) agus dá bhrí sin is faoi rialú na mBallstát atá sé. Is athrú suntasach é sin ar an seasamh sa dlí a bhí ann roimhe sin. Thug an seasamh sin, de réir nós imeachta na coisteolaíochta, cearta comhchinnteoireachta don Chomhairle agus don Pharlaimint maidir le bearta cur chun feidhme a ghlacadh. Léiríonn an t-athrú sin gur chiallaigh an deighilt shoiléir idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme gurbh éigean na cearta maidir le rialú agus rannpháirtíocht a atheagrú dá réir. Cé go bhfuil rochtain ag an gComhairle agus ag an bParlaimint, mar reachtóir an Aontais, ar ghníomhartha tarmligthe, is iad na Ballstáit a dhéanann é i gcás gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an bhfreagracht bhunúsach atá orthu maidir le dlí an Aontais a chur chun feidhme ó thaobh riaracháin. I gcomhréir leis an sainordú reachtach atá aige, tá rialacha agus prionsabail ghinearálta leagtha síos ag reachtóir an Aontais (i.e. an Chomhairle agus an Pharlaimint) i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (“Rialachán Coisteolaíochta”), maidir le smacht ar fheidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme. Tá líon na nósanna imeachta coisteolaíochta laghdaithe leis an Rialachán Coisteolaíochta agus níl ach dhá cheann acu ann anois; an nós imeachta comhairleach agus an nós imeachta scrúdaithe. Cruthaíodh forálacha sonracha maidir le rogha an nóis imeachta.

Sa nós imeachta comhairleach, soláthraíonn coiste comhairleach tuairimí le móramh simplí agus déantar iad sin a thaifeadadh sna miontuairiscí. Ba chóir don Choimisiún an-aird go deo a thabhairt orthu sin ach níl aon oibleagáid orthu sin a dhéanamh.

Sa nós imeachta scrúdaithe, vótálann an coiste coisteolaíochta, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ar dhréacht an Choimisiúin i gcomhair bearta cur chun feidhme agus iad ag vótáil le tromlach cáilithe. Má dhéantar é a fhormheas, ní mór don Choimisiún na bearta a ghlacadh faoi mar a cuireadh faoina bhráid iad. Mura nglactar aon chinneadh mar nach bhfuil córam i láthair, féadfaidh an Coimisiún, i bprionsabal, a dhréacht a ghlacadh. I gcás ina dtagann tuairim dhiúltach ón gcoiste nó nach ndéantar é a fhormheas, féadfaidh an Coimisiún dréacht nua a chur faoi bhráid an choiste scrúdúcháin nó an dréacht bunaidh a chur ar aghaidh chuig coiste achomhairc.

Is é an coiste achomhairc an dara céim sa nós imeachta scrúdaithe. Is é atá mar chuspóir leis an gcur ar aghaidh chuig an gcoiste achomhairc teacht ar chomhréiteach idir an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát mura féidir toradh a bhaint amach sa choiste scrúdúcháin. I gcás ina soláthraíonn an coiste achomhairc toradh dearfach, glacann an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme. Féadfaidh sé é sin a dhéanamh i gcás nach bhfaightear aon tuairim.

Córas cosanta dlíthiúla an Aontais

In Aontas ar mian leis a bheith faoi rialú an dlí, ní mór córas cosanta dlíthiúla atá iomlán agus éifeachtach a chur ar fáil do na saoránaigh. Sásaíonn córas cosanta dlíthiúla an Aontais Eorpaigh an riachtanas sin. Aithnítear ann ceart an duine aonair chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach ar na cearta a díorthaíodh ó dhlí an Aontais. Tá an chosaint sin, atá códaithe in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, ar cheann de na prionsabail bhunúsacha dlí a eascraíonn ó na traidisiúin bhunreachtúla atá na Ballstáit uile agus ag an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine (Airteagal 6 agus Airteagal 13 CECD). Ráthaítear an chosaint sin le córas dlí an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnas agus an Chúirt Ghinearálta) (Airteagal 19(1) CFAE). Chun na críche sin tá sraith nósanna imeachta ar fáil. Tá tuairisc ar na nósanna imeachta sin thíos.

Imeachtaí i gcás sárú ar chonradh (Airteagal 258 CFAE)

Nós imeachta is ea é seo chun a shuíomh ar mhainnigh Ballstát oibleagáid a chomhlíonadh atá air faoi dhlí an Aontais. Is os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a dhéantar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an líomhain, sula dtarchuirtear chuig an gCúirt Bhreithiúnais í ní mór réamhnós imeachta a chur i bhfeidhm ina dtabharfar deis don Bhallstát a bharúlacha a thabhairt. Mura socraítear an díospóid ag an gcéim sin, féadann an Coimisiún (Airteagal 258 CFAE) nó Ballstát eile (Airteagal 259 CFAE) caingean a thionscamh os comhair na Cúirte. Sa chleachtas, is é an Coimisiún a thionscnaíonn é de ghnáth. Imscrúdaíonn an Chúirt an líomhain agus cinneann sí ar sáraíodh Conradh. Más amhlaidh gur sáraíodh, ní mór don Bhallstát atá ciontach as an sárú sin na bearta is gá a dhéanamh chun an Conradh a chomhlíonadh. Mura gcomhlíona Ballstát breithiúnas a rinneadh ina choinne, féadann an Coimisiún an dara rialú a fháil ón gCúirt lena n-ordófar don Stát sin fíneáil chnapshuime nó pionós a íoc (Airteagal 260 CFAE). Dá bhrí sin, bíonn impleachtaí móra airgeadais ann do Bhallstáit a leanann de neamhaird a thabhairt ar bhreithiúnais Cúirte ina gcoinne maidir le sárú Conartha.

I gcás Jégo-Quéré, rinne cuideachta iascaireachta iarratas go gcuirfí codanna de threoir maidir le colmóirí óga a chosaint ar neamhní. Go sonrach, bhain sé leis an toirmeasc ar eangacha a mbeadh mogaill 8 cm iontu, amhail na cinn a bhí in úsáid ag Jégo-Quéré. Ar mhaithe le cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú, rinne an Chúirt Ghinearálta forléiriú fairsing ar choincheap na leithleachta agus chinn sí go raibh an chaingean inghlactha. Níor aontaigh an Chúirt Bhreithiúnais leis sin. Chinn sí nárbh ionann in aon chor leithleacht agus a bheith faoi ualach rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta aige.

I gcás Jégo-Quéré, rinne cuideachta iascaireachta iarratas go gcuirfí codanna de threoir maidir le colmóirí óga a chosaint ar neamhní. Go sonrach, bhain sé leis an toirmeasc ar eangacha a mbeadh mogaill 8 cm iontu, amhail na cinn a bhí in úsáid ag Jégo-Quéré. Ar mhaithe le cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú, rinne an Chúirt Ghinearálta forléiriú fairsing ar choincheap na leithleachta agus chinn sí go raibh an chaingean inghlactha. Níor aontaigh an Chúirt Bhreithiúnais leis sin. Chinn sí nárbh ionann in aon chor leithleacht agus a bheith faoi ualach rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta aige.

Caingne chun neamhniú (Airteagal 263 CFAE)

Bealach is ea caingne chun neamhniú chun rialú breithiúnach oibiachtúil a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíocht institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais (athbhreithniú breithiúnach teibí) agus rochtain ar cheartas an Aontais a thabhairt don saoránach, cé go bhfuil roinnt srianta i gceist (ráthú chosaint dhlíthiúil an duine aonair).

Féadtar caingne a thaisceadh i gcoinne aon bheart a dhéanann institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ar beart é lena mbaineann éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an iarratasóra trína sheasamh sa dlí a athrú go mór. Maille leis na Ballstáit, féadann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, Cúirt na nIniúchóirí, an Banc Ceannais Eorpach agus Coiste na Réigiún caingne chun neamhniú a thaisceadh ar choinníoll go n-agraíonn siad gur sáraíodh na cearta atá tugtha dóibh.

Mar sin féin, ní féidir le saoránaigh ná le gnóthais caingean a thaisceadh ach i gcoinne cinntí atá dírithe orthusan go sonrach nó a bhfuil éifeacht dhíreach indibhidiúil acu orthu féin cé gur chuig dream eile atá siad dírithe. Measfaidh an Chúirt Bhreithiúnais gurb amhlaidh an cás má tá an éifeacht ar dhuine chomh sonrach sin gur léir go bhfuil dealú soiléir ann idir an duine sin agus daoine nó gnóthais eile. Le critéar sin na “neamh-mheánachta” táthar ag beartú a áirithiú nach dtarchuirfear ábhar chuig an gCúirt Bhreithiúnais ná chuig an gCúirt Ghinearálta gan é a bheith léirithe go follasach roimh ré go ndearnadh díobháil do sheasamh an ghearánaí sa dlí, agus cineál na díobhála sin a bheith léirithe. Leis an gceanglas maidir le “leithleacht” tá sé beartaithe “caingne insteora” a chosc.

Chomh maith leis sin, tugadh isteach catagóir bhreise de ghníomhartha le Conradh Liospóin, ar féidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha caingne chun neamhniú a thionscnamh ina gcoinne go díreach. Tá seasamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha anois chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne “beart rialála” ar choinníoll go bhfuil “baint dhíreach aige leis nó léi” agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis”. Leis an gcatagóir nua sin, dúnadh “bearna sa chosaint dhlíthiúil” a bhí tugtha chun solais ag an gCúirt i gcás Jégo Quéré. Roimhe sin, níor ráthaíodh cosaint bhreithiúnach sa chás nárbh fhéidir athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ghnímh sin ag úsáid na leigheasanna a bhí ar fáil chun na críche sin, cé go raibh tionchar díreach ag gníomh reachtach de chuid an Aontais ar oibreoir eacnamaíoch. Níor éirigh le dúshláin trí chaingne chun neamhniú (Airteagal 263 CFAE) mar nár bhain siad leis an duine aonair; ní fhéadfaí an nós imeachta réamhrialaithe (Airteagal 267 CFAE) a úsáid mar nárbh ann do bhearta cur chun feidhme náisiúnta (ach amháin in imeachtaí coiriúla áirithe maidir le mainneachtain oibleagáidí faoi dhlí an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch, mainneachtain nach mór neamhshuim a dhéanamh di, áfach, mar nach féidir a bheith ag súil go gcuirfeadh an t-oibreoir eacnamaíoch athbhreithniú ar dhlíthiúlacht i gcrích trí iompar neamhdhleathach). Ar deireadh, ní fhéadfadh réiteach a bheith mar thoradh ar chaingne chun damáistí a ghnóthú ar aon nós atá chun leasa shaoránach an Aontais, mar nach féidir ach oiread iad a úsáid chun gníomh reachtach mídhleathach a bhaint de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh.

De bhrí gur cuireadh an gá a bhí le “leithleacht” nuair a bhíonn agóid á déanamh i gcoinne gníomhartha rialála ar leataobh le hAirteagal 263(4) CFAE agus ina ionad sin nach bhfuil gá ach le baint dhíreach agus gan aon bhearta cur chun feidhme náisiúnta a bheith ann, dúnadh cuid den bhearna sin.

Baineann fadhb leis an gciall atá le “gníomhartha rialála”, áfach. Nuair a dhéantar léirmhíniú sriantach air, tuigtear nach dtagraíonn an téarma ach amháin do ghníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus nach gníomhartha reachtacha iad, ach, nuair a thugtar léirmhíniú níos leithne air, tuigtear go gcuimsíonn sé na gníomhartha go léir a bhfuil feidhm ghinearálta acu, gníomhartha reachtacha san áireamh. Sa bhreith a thug an Chúirt Ghinearálta i gcás Inuit Tapiriit Kanatam, chuaigh an Chúirt Ghinearálta i ngleic go mion leis an dá chur chuige agus, bunaithe ar léirmhíniú gramadaí, stairiúil agus teileolaíoch, chinn sí nach féidir féachaint ar “ghníomhartha rialála” ach amháin mar ghníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus nach gníomhartha reachtacha iad. Chomh maith le gníomhartha tarmligthe (cf. Airteagal 290 CFAE) agus gníomhartha cur chun feidhme (cf. Airteagal 291 CFAE), cuimsíonn siad sin treoracha freisin, ar choinníoll go bhfuil siad infheidhme go díreach de réir cásdlí, agus gur cinntí de chineál teibí agus ginearálta iad, chomh fada agus nár glacadh sa nós imeachta reachtach iad. Dá bhrí sin, tá sé soiléir gur ghlac an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú cúng ar choincheap na “rialála”. Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais an cinneadh sin ina breith ar achomharc in 2013. Is trua é sin ó thaobh cosaint éifeachtach dhlíthiúil a ráthú, mar nach féidir ach cuid den bhearna sa chosaint dhlíthiúil a dhúnadh agus feidhm á baint as an gcur chuige sriantach.

Is féidir anois gníomhartha de chuid chomhlachtaí agus oifigí eile an Aontais chomh maith le gníomhartha na ngníomhaireachtaí iomadúla, a athbhreithniú maidir le dlíthiúlacht (Airteagal 263(5) CFAE). Tá an bhearna sa chosaint dhlíthiúil, nach ndearnadh ach réiteach sealadach a fháil air roimhe seo leis an gcásdlí, leigheasta. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh sa dlí príomhúil gur bronnadh cumhachtaí ar chuid de na comhlachtaí sin a chuireann ar a gcumas gníomhartha a fheidhmiú a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla acu ar thríú páirtithe. Mar sin, ar mhaithe le córas cosanta dlíthiúla a sholáthar nach bhfuil aon bhearnaí ann, ní mór an deis a bheith ann dul in iontaoibh caingean dlí i ndáil leis na gníomhartha sin freisin.

Má éiríonn leis an gcaingean, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Ghinearálta a dhearbhú go bhfuil an ionstraim ar neamhní le héifeacht aisghníomhach. In imthosca áirithe, féadfaidh an Chúirt a dhearbhú go bhfuil sí ar neamhní ó dháta an bhreithiúnais amach i.e. gan aon aisghníomhacht. Chun cosaint a dhéanamh ar chearta agus leasanna na ndaoine sin a thugann caingne dlí os comhair na cúirte áfach, féadfar an dearbhú neamhnithe a dhíolmhú ó aon srianta den sórt sin.

Gearáin maidir le neamhghníomh (Airteagal 265 CFAE)

Comhlánann an sórt seo gníomhaíochta an chosaint dhlíthiúil atá ar fáil i gcoinne Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí, na Comhairle, an Choimisiúin agus Bhanc Ceannais na hEorpa. Cuirtear réamhnós imeachta i bhfeidhm faoina dtugann an gearánaí fógra don institiúid go bhfuil uirthi a dualgas a chomhlíonadh. Sna caingne a thugann na hinstitiúidí is é an t-ordú a bhíonn á lorg acu dearbhú gur sháraigh an comhlacht i dtrácht an Conradh de bhrí gur mhainnigh sé cinneadh a dhéanamh a raibh sé de cheangal air é a dhéanamh. I gcás ina dtugann saoránach nó gnóthas de chuid an Aontais caingean, bítear ag lorg dearbhaithe gur sháraigh institiúid de chuid an Aontais an Conradh de bhrí gur mhainnigh sí cinneadh áirithe a dhíriú orthu. Ní bhíonn sa bhreithiúnas ach é seo, go simplí: gur chinn an Chúirt go raibh an fhaillí sin neamhdhleathach. Níl aon dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ná ag an gCúirt Ghinearálta a ordú go ndéanfaí cinneadh: níl de cheangal ar an bpáirtí a ndéantar an breithiúnas ina choinne ach bearta a dhéanamh chun an breithiúnas a chomhlíonadh (Airteagal 266 CFAE).

Caingne chun damáistí a ghnóthú (Airteagal 268 CFAE agus Airteagal 340(2) CFAE)

Saoránaigh agus gnóthais — agus Ballstáit freisin — dá ndéantar dochar de dheasca locht arb í foireann an Aontais is cúis leis, bíonn an deis acu caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun damáistí a ghnóthú. Níl bonn leagtha amach ina iomláine sna Conarthaí i gcomhair dhliteanas an Aontais agus i gcás nach bhfuil sé cumhdaithe iontu rialaítear é leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát. Chomhlánaigh an Chúirt an méid sin nuair a mhaígh sí nach mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sula bhféadtar damáistí a dheonú: (1) ní mór gníomh neamhdhleathach a bheith déanta ag institiúid de chuid an Aontais nó ag ball dá foireann i bhfeidhmiú a fheidhmeanna; Is gníomh neamhdhleathach é má dhéantar sárú tromchúiseach ar riail de chuid dhlí an Aontais lena dtugtar cearta do dhuine aonair, do ghnóthais nó do Bhallstát nó a ritheadh chun iad a chosaint. I measc na ndlíthe a aithnítear mar dhlíthe cosantacha tá go háirithe cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh nó prionsabail bhunúsacha na cosanta ar ionchais dhlisteanacha agus ar an gcomhréireacht, ach ina theannta sin, aon smacht reachta eile atá infheidhme go díreach agus a bhronnann cearta pearsanta ar shaoránach an Aontais. Bíonn sárú tromchúiseach i gceist má théann an institiúid i dtrácht thar theorainneacha a cumhachta lánroghnaí go suntasach. Tá sé de nós ag an gCúirt a cuid cinntí a chur in oiriúint do chúinge an chatagóra daoine dá ndéanann an beart i gceist difear agus do mhéid an damáiste a rinneadh. Ní mór don damáiste sin a bheith níos mó ná an riosca tráchtála a mbeadh súil leis go réasúnta san earnáil gnó i dtrácht; (2) ní mór díobháil iarbhír a bheith déanta; (3) ní mór nasc cúisíoch a bheith ann idir an gníomh a rinne an institiúid de chuid an Aontais agus an damáiste a rinneadh; (4) ní gá drochintinn ná faillí a chruthú.

Caingne arna dtionscnamh ag foireann oibre an Aontais (Airteagal 270 CFAE)

Díospóidí idir an tAontas agus a bhaill foirne nó a mbaill teaghlaigh mharthanacha a eascraíonn ón gcaidreamh fostaíochta, is féidir iad a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Tá dlínse maidir leis na gníomhartha sin ag an gCúirt Ghinearálta.

Réamhrialuithe (Airteagal 256 CFAE)

Ceapadh an gaol idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta sa chaoi gur ar phointí dlí, agus orthu sin amháin, a bheadh breithiúnais na Cúirte Ginearálta faoi réir ceart achomhairc chun na Cúirte Breithiúnais. Easpa inniúlachta na Cúirte Ginearálta, sárú nós imeachta a théann chun dochair do leasanna an achomharcóra nó sárú ar dhlí an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta, is iad sin na forais a fhéadann bheith mar bhonn le hachomharc. Má tá údar maith leis an achomharc agus má tá sé inghlactha faoin nós imeachta, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas na Cúirte Ginearálta ar ceal. Má fheictear don Chúirt gur ábhar é a dteastaíonn rialú ón gcúirt ina leith, féadann an Chúirt Bhreithiúnas a breithiúnas féin a eisiúint; nuair nach bhfeictear sin di, ní mór di an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus beidh sé de cheangal ar an gCúirt Ghinearálta cloí le measúnú dlíthiúil na Cúirte Breithiúnais.

Cosaint dhlíthiúil shealadach (Airteagal 278 CFAE agus Airteagal 279 CFAE)

Ní bhíonn éifeacht fionraíochta le caingne a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, ná le hachomhairc a thaisctear i gcoinne a gcuid breithiúnas. Mar sin féin, féadtar a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais nó ar an gCúirt Ghinearálta a ordú go gcuirfí ar fionraí feidhm an ghnímh a chonspóidtear (Airteagal 278 CFAE) nó a iarraidh orthu bearta idirlinne a ordú (Airteagal 279 CFAE).

Measann na cúirteanna tuillteanais aon iarratais ar bhearta idirlinne ar bhonn na gcritéar seo a leanas: (1) an t-ionchas go n-éireoidh leis an tsaincheist phríomha (fumus boni juris): measann an chúirt é sin i réamhscrúdú achomair ar na hargóintí arna gcur faoina bráid ag an achomharcóir; (2) a phráinní atá an t-ordú: meastar é seo ar an mbonn an gá an t-ordú arna iarraidh ag an achomharcóir chun díobháil thromchúiseach agus dholeasaithe a chosc. I measc na gcritéar a úsáidtear chun an measúnú sin a dhéanamh tá cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe, agus an díobháil dho-aisiompaithe shonrach a dhéanann sé do mhaoin an achomharcóra agus dá earraí eile atá faoi chosaint dhlíthiúil. Ní mheastar gur de chineál tromchúiseach agus doleasaithe caillteanas airgeadais ach amháin más amhlaidh nach bhféadfaí é a leigheas fiú dá n-éireodh leis an achomharcóir sna himeachtaí príomha; (3) leasanna a mheá: an díobháil is dócha a dhéanfaí don achomharcóir dá ndiúltófaí an t-iarratas ar ordú idirlinne, déantar í a mheá lena mhéid a bheadh sé le leas an Aontais an beart a chur chun feidhme láithreach, agus leis an díobháil a dhéanfaí do thríú páirtithe dá n-eiseofaí an t-ordú idirlinne.

Réamhrialuithe (Airteagal 267 CFAE)

Is é seo an nós imeachta faoinar féidir le cúirteanna náisiúnta treoir a lorg ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le dlí an Aontais. Má tá ar chúirt náisiúnta forálacha de chuid dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gcás atá os a comhair, féadann sí bac a chur ar na himeachtaí agus a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais léirmhíniú a thabhairt i dtaobh bhailíocht na hionstraime de chuid an Aontais atá i dtreis agus/nó i dtaobh léirmhíniú na hionstraime agus na gConarthaí. Is i bhfoirm breithiúnais a bhíonn freagra na Cúirte Breithiúnais seachas i bhfoirm tuairime comhairlí; ar an dóigh sin, aibhsítear gur rialú ceangailteach atá ann. Murab ionann agus na nósanna imeachta eile faoi chaibidil anseo, ní nós imeachta cointinneach é an nós imeachta réamhrialaithe. Níl ann ach céim amháin sna himeachtaí a thosaíonn agus a chríochnaíonn sna cúirteanna náisiúnta.

Is é cuspóir an nós imeachta sin ar an gcéad dul síos léirmhíniú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais a áirithiú agus, dá bhíthin sin, aontacht dhlíchóras an Aontais Eorpaigh a áirithiú. Maille leis an bhfeidhm sin, tá tábhacht leis an nós imeachta freisin chun cearta daoine aonair a chosaint. Is é ar féidir leis na cúirteanna náisiúnta a dhéanamh an comhchuibheas idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais a mheas agus, i gcás nach bhfuil siad de réir a chéile, dlí an Aontais a fhorfheidhmiú — toisc go bhfuil tosaíocht aige thar an dlí náisiúnta agus go bhfuil sé infheidhme go díreach — má tá ábhar agus raon feidhme fhorálacha an Aontais leagtha amach go soiléir. De ghnáth, ní féidir an tsoiléireacht sin a chruthú ach amháin trí réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais. Dá bhrí sin, tugann na himeachtaí i gcomhair rialú den sórt sin deis do shaoránaigh an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne bearta a sháraíonn dlí an Aontais arna ndéanamh ag a mBallstát féin, agus forfheidhmiú dhlí an Aontais a áirithiú sna cúirteanna náisiúnta. A bhuí leis an bhfeidhm dhéach sin atá ag nósanna imeachta réamhrialaithe, cúitítear go pointe áirithe na srianta ar dhaoine aonair maidir le caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais agus dá bhrí sin tá sí sár-riachtanach i gcomhair chosaint dhlíthiúil an duine aonair. Braitheann rath na n-imeachtaí sin, áfach, ar na breithiúna náisiúnta agus ar na cúirteanna náisiúnta agus ar an méid “foinn” atá orthu cásanna a tharchur chuig údarás níos airde.

Ábhar: Tugann an Chúirt Bhreithiúnais rialuithe maidir lena léirmhíniú ar ionstraimí de dhlí an Aontais agus scrúdaíonn sí bailíocht gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais lena mbaineann tábhacht dhlíthiúil. Ní féidir forálacha dlí náisiúnta a bheith ina n-ábhair ag réamhrialuithe. Le linn imeachtaí i gcomhair réamhrialú, níl de chumhacht ag an gCúirt Bhreithiúnais dlí náisiúnta a léirmhíniú ná an comhchuibheas idir an dlí sin agus dlí an Aontais a mheas. Is minic a dhéantar dearmad ar an méid sin sna ceisteanna a tharchuirtear chuig an gCúirt Bhreithiúnais; iarrtar uirthi mar chúirt an-chuid ceisteanna a bhreathnú a bhaineann go sonrach le comhchuibheas idir forálacha den dlí náisiúnta agus forálacha de dhlí an Aontais, nó iarrtar uirthi cinneadh a dhéanamh an infheidhme foráil shonrach de dhlí an Aontais in imeachtaí atá ar feitheamh os comhair cúirte náisiúnta. Tá na ceisteanna sin neamh-inghlactha faoin nós imeachta. Dá ainneoin sin, ní sheolann an Chúirt Bhreithiúnais ar ais chun na cúirte náisiúnta iad; ina ionad sin, déanann sí ath-léirmhíniú ar an gceist a tarchuireadh chuici — glacann sí léi mar iarratas ón gcúirt náisiúnta ar chritéir bhunúsacha nó riachtanacha chun na forálacha dlí de chuid an Aontais atá i dtrácht a léirmhíniú, sa chaoi go bhféadfaidh an chúirt náisiúnta a measúnú féin a dhéanamh ar an gcomhchuibheas idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais. Is é seo an nós imeachta a leanann an Chúirt Bhreithiúnais: aimsíonn sí sna doiciméid atá curtha faoina bráid — go háirithe sna forais atá leis an tarchur — na heilimintí sin de dhlí an Aontais is gá a léirmhíniú chun críche na díospóide dlíthiúla i dtreis.

Inniúlacht dul i mbun imeachta: Tá an nós imeachta ar fáil do gach “cúirt de chuid na mBallstát”. Is ceart an nath sin a thuiscint de réir bhrí dhlí an Aontais agus is ar an bhfeidhm agus ar an seasamh, seachas ar an ainm, atá ag comhlacht breithiúnach laistigh de chórais cosanta dlíthiúla na mBallstát atá sé dírithe. Ar an mbonn sin, tuigtear gur “cúirt” í gach institiúid neamhspleách (i.e. nach bhfuil faoi réir treoracha) a bhfuil sé de chumhacht aici díospóidí a shocrú i Stát bunreachtúil faoi phróis chuí. De réir an tsainmhínithe sin, tá na cúirteanna bunreachtúla sna Ballstáit agus údaráis socraithe díospóidí lasmuigh de chóras breithiúnach an stáit i dteideal cásanna a tharchur, ach níl boird eadrána príobháideach. Braithfidh cinneadh na cúirte náisiúnta cás a tharchur nó gan é a tharchur ar ábharthacht an phointe i ndlí an Aontais atá i dtreis chun an díospóid atá os a comhair a shocrú, agus is faoin gcúirt náisiúnta atá sé é sin a mheas. Féadann na páirtithe a iarraidh uirthi an cás a tharchur, ach ní féidir aon iallach a chur uirthi déanamh amhlaidh. Is ar na téarmaí seo a leanas agus orthu sin amháin a bhunaíonn an Chúirt Bhreithiúnais a breithniú ar ábharthacht an phointe: an bhfuil an cheist atá i dtrácht in-tarchurtha (i.e. an mbaineann sí iarbhír le léirmhíniú Chonarthaí an Aontais nó le bailíocht dhlithiúil gnímh institiúide de chuid an Aontais), nó an bhfuil fíordhíospóid dhlíthiúil i gceist (i.e. an ceisteanna barúlacha nó ceisteanna a bhaineann le pointí dlí a socraíodh cheana na ceisteanna a bhfuiltear ag iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais a tuairim dhlíthiúil i réamhrialú a thabhairt ina leith). Is annamh a dhiúltaíonn an Chúirt ábhar a bhreithniú ar na cúiseanna sin, mar, i bhfianaise na tábhachta speisialta a bhaineann le comhar idir údaráis bhreithiúnacha, cuireann an Chúirt srian léi féin agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm aici. Mar sin féin, is léir ó bhreithiúnais a thug an Chúirt le déanaí go bhfuil sí éirithe níos déine maidir le hincháilitheacht i gcomhair tarchuireadh; bíonn sí an-phointeáilte faoin gceanglas atá bunaithe cheana gur ceart míniú soiléir mionsonraithe ar chúlra fíorasach agus dlíthiúil na n-imeachtaí bunaidh a bheith ar áireamh san ordú le haghaidh tarchurtha, agus i gcás nach dtugtar an fhaisnéis sin dearbhaíonn an Chúirt nach bhfuil sí in ann léirmhíniú cuí a thabhairt ar dhlí an Aontais agus diúltaíonn sí an t-iarratas ar réamhrialú de dheasca é a bheith doghlactha.

Oibleagáid tarchur a dhéanamh: Cúirteanna náisiúnta nó binsí náisiúnta nach bhfuil fáil faoin dlí náisiúnta ar leigheas breithiúnach maidir lena gcinntí, tá sé d’oibleagáid orthu an tarchur a dhéanamh. Cuimsíonn coincheap an chirt achomhairc na deiseanna sásaimh dhlíthiúil uile atá ar fáil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialú cúirte; áirítear leis sin athbreithniú i dtaca le fíoras agus dlí (achomharc a dhéanamh), agus i dtaca leis an dlí amháin (achomharc a dhéanamh ar phointí dlí). Ní chuimsítear sa choincheap, áfach, gnáthleigheasanna dlíthiúla lena mbaineann éifeachtaí atá teoranta agus sonrach (e.g. imeachtaí nua, gearán bunreachtúil). Cúirt atá faoi oibleagáid cás a tharchur, ní féidir léi é sin a sheachaint ach amháin sna cásanna seo: nuair nach bhfuil aon tábhacht ábharach leis an gceist do thoradh an cháis atá os a comhair; nuair a d’fhreagair an Chúirt Bhreithiúnais an cheist cheana; nó, nuair nach bhfuil amhras réasúnach ann maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais. Tá oibleagáid neamhchoinníollach ann an tarchur a dhéanamh i gcás ina bhfuil bailíocht ionstraime de chuid an Aontais i dtreis, áfach. Chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go ríshoiléir ina thaobh sin gur aici féin amháin atá an chumhacht forálacha neamhdhleathacha de chuid dhlí an Aontais a dhiúltú. Dá bhrí sin, ní mór do na cúirteanna náisiúnta dlí an Aontais a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm go dtí go ndearbhóidh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil sé neamhbhailí. Tá feidhm ag socrú speisialta do chúirteanna a bhfuil imeachtaí faoina bráid maidir le cosaint dhlíthiúil shealadach a dheonú. De réir breithiúnais a thug an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí tá sé de chumhacht ag na cúirteanna sin, faoi réir coinníollacha áirithe, forfheidhmiú gníomh náisiúnta riaracháin a thagann ó rialachán de chuid an Aontais a chur ar fionraí, nó orduithe eatramhacha a eisiúint chun socruithe a bhaineann le caidreamh dlí a chinneadh go sealadach agus neamhshuim a dhéanamh d’fhoráil atá i ndlí an Aontais cheana féin.

An oibleagáid sin cás a tharchur, má mhainnítear í a chomhlíonadh, is sárú ar Chonarthaí an Aontais é sin, agus d’fhéadfaí imeachtaí maidir le sárú a thionscnamh maidir leis an mBallstát a mhainnigh. Sa chleachtas, áfach, bíonn tionchar an-teoranta ag beart den sórt sin, ós rud é nach féidir le rialtas an Bhallstáit i gceist aon ordú a eisíonn an Chúirt Bhreithiúnais a chomhlíonadh, ar an ábhar, as siocair neamhspleáchas a bhreithiúna agus as siocair phrionsabal scartha na gcumhachtaí, nach bhfuil sé ar chumas an Bhallstáit treoracha a thabhairt do na cúirteanna náisiúnta. Ós rud é go n-aithnítear anois an prionsabal go bhfuil na Ballstáit faoi dhliteanas faoi dhlí an Aontais i leith aon mhainneachtain ar chomhlíonadh an dlí sin (féach an chéad cheannteideal eile), is móide anois go n-éireodh le duine aonair cúiteamh a fháil as damáistí arbh fhéidir gurbh é ba chúis leo gur mhainnigh an Ballstát i gceist a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cás a tharchur.

Tionchar: Is i bhfoirm ordaithe cúirte a eisítear an réamhrialú agus bíonn sé ina cheangal go díreach ar an gcúirt a tharchuir an cás agus ar gach cúirt eile atá ag éisteacht an cháis chéanna. Sa chleachtas, bíonn ardstádas ag baint leis mar fhasach i gcásanna den sórt céanna ina dhiaidh sin.

Dliteanas na mBallstát i leith sáruithe ar dhlí an Aontais

Sa bhreithiúnas a thug sí an 5 Márta 1996 i gCásanna Uamtha C-46/93 Brasserie du pêcheur Brasserie du pêcheur agus C-48/93 C 46/93 Brasserie du pêcheur agus C- 48/93 Factortam, bhunaigh an Chúirt Bhreithiúnais i bprionsabal go bhfuil Ballstát faoi dhliteanas i leith díobháil a dhéanfaí do dhaoine aonair de thoradh sárú ar dhlí an Aontais ar féidir a chruthú go ndearna an Stát sin é. Leagadh síos fasach leis an mbreithiúnas sin agus tá sé ar aon dul de thairbhe tábhachta de le breithiúnais leagtha fasach a thug an Chúirt roimhe sin, mar shampla, na breithiúnais maidir le tosaíocht dhlí an Aontais, maidir le hinfheidhmeacht dhíreach fhorálacha dhlí an Aontais, agus an breithiúnas lenar thug sí aitheantas don tsraith de chearta bunúsacha atá ag an Aontas féin. Tagraíonn an Chúirt don bhreithiúnas mar “atoradh riachtanach thionchar díreach na bhforálacha de chuid an Chomhphobail arbh é a sárú ba thrúig leis an damáiste a rinneadh”, agus cuireann sé go mór leis na deiseanna atá ag an duine aonair iallach a chur ar chomhlachtaí Stáit sna trí lárionad cumhachta (i.e. cumhacht reachtach, forfheidhmitheach agus breithiúnach) dlí an Aontais a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm. Forbairt is ea an breithiúnas ar rialuithe na Cúirte i gcás Francovich agus Bonifaci. De réir na mbreithiúnas a tugadh go dtí sin bhí srian le dliteanas na mBallstát; bhí an Ballstát faoi dhliteanas sna cásanna sin amháin ina ndearnadh díobháil do dhaoine aonair de dheasca mhainneachtain an Bhallstáit treoir lenar deonaíodh cearta pearsanta do na daoine sin, ach nach raibh dírithe orthusan féin, a thrasuí in am trátha. Sa bhreithiúnas deireanach sin, áfach, bunaíodh prionsabal an dliteanais ghinearálta; cuimsíonn an prionsabal sin aon sárú ar dhlí an Aontais is inchurtha i leith Ballstáit.

Tá trí chritéar lena sainítear dliteanais na mBallstát maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais. Tríd is tríd, is iad na critéir chéanna iad a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aontas, ina leithéid de chás.

  1. ní mór é a bheith mar aidhm leis an bhforáil de chuid an Aontais a sáraíodh cearta a dheonú don duine aonair;
  2. ní mór an sárú a bheith tromchúiseach go leor, i.e. caithfidh teorainneacha a chumhachtaí lánroghnacha a bheith sáraithe ag an mBallstát ar dhóigh shuntasach fhollasach. Ní mór an méid sin a chinneadh sna cúirteanna náisiúnta; Ní mór an méid sin a chinneadh sna cúirteanna náisiúnta, is orthu sin atá an fhreagracht na fíorais a fháil amach agus measúnú a dhéanamh ar thromchúiseacht na sáruithe ar dhlí an Aontais. Mar sin féin, tá roinnt bun-treoirlínte do na cúirteanna náisiúnta i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais:
    I measc na dtosca nach mór don chúirt inniúil a chur san áireamh tá siad seo: a shoiléire agus a chruinne atá an riail a sáraíodh; an rogha a fhágann an riail sin ag na húdaráis náisiúnta nó ag údaráis an [Aontais]; an ndearna an sárú nó an damáiste go toiliúil nó go neamhthoiliúil; an raibh aon earráid dlí a rinneadh inleithscéil nó neamh-inleithscéil; an amhlaidh a chuir an seasamh a ghlac institiúid de chuid an [Aontais] leis an bhfaillí; agus, glacadh nó coinneáil ar bun beart náisiúnta nó cleachtas náisiúnta a thagann salach ar dhlí an Aontais. In aon chor, is léir gur leor tromchúiseacht sáraithe ar dhlí an Chomhphobail tromchúiseach má leanadh de d’ainneoin breithiúnais inar cinneadh go raibh an sárú i dtrácht ann, nó d’ainneoin réamhrialú nó cásdlí socraithe de chuid na Cúirte a léirigh gur shárú í an iompraíocht i dtrácht.”
  3. Ní mór nasc cúisíoch díreach a bheith ann idir sárú na hoibleagáide atá ar an mBallstát agus an díobháil a rinneadh don pháirtí dá ndearnadh díobháíl (an páirtí díobhálaithe). Is leor a chruthú go ndearnadh sárú ar dhlí an Aontais ar leor a thromchúiseacht; ní gá, de bhreis air sin, locht (drochintinn nó faillí) a léiriú.

Chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go ríshoiléir maidir leis na prionsabail a bhunaigh sí chun dliteanas a chinneadh go bhfuil feidhm acu maidir leis an tríú cumhacht lárnach freisin, mar atá na breithiúna. Ar ndóigh, tá na breithiúnais a thugann na breithiúna faoi réir athbhreithniú ag céimeanna leantacha an achomhairc; ach chomh maith leis sin, dá mba rud é go dtabharfaidís neamhaird ar dhlí an Aontais i mbreithiúnas, nó go sáróidís é, d’fhéadfadh sé go dtiocfaidís faoi réir caingne le haghaidh damáistí freisin, os comhair na gcúirteanna inniúla sna Ballstáit. Le linn imeachtaí den sórt sin, má táthar ag iarraidh a fháil amach cé na fíorais a bhaineann le sárú a rinneadh ar dhlí an Aontais de dheasca breithiúnais, ní mór breathnú arís ar na ceisteanna a bhaineann le substaint dhlí an Aontais. Agus an méid sin á dhéanamh aici, ní féidir leis an gcúirt i gceist gan feidhm a bhaint ach as éifeachtaí ceangailteacha bhreithiúnas na cúirte speisialaithe chuig ar tharchuir sí an cás. Mar an gcéanna, is chuig an gCúirt Bhreithiúnais a bheadh ar na cúirteanna náisiúnta ceisteanna a tharchur maidir le léirmhíniú agus/nó bailíocht forálacha de chuid an Aontais, agus maidir le comhchuibheas idir na córais náisiúnta dliteanais agus dlí an Aontais; is féidir na ceisteanna sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais faoin nós imeachta réamhrialaithe (Airteagal 267 CFAE). Leanfaidh dliteanas i leith sárú trí bhreithiúnas de bheith eisceachtúil, áfach. De bharr na ndianchoinníollacha a ghabhann leis, ní féidir a mheas go bhfuil dliteanas i gceist ach amháin má thugann cúirt neamhaird ar dhlí an Aontais d’aon toisc nó, mar a rinneadh i gcás Köbler, má thugann cúirt céime deiridh, de shárú ar dhlí an Aontais, feidhm dhlíthiúil do chinneadh a dhéanfaidh dochar don duine aonair, gan a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais roimh ré an staid a shoiléiriú maidir leis na dlíthe de chuid an Aontais atá ábhartha i dtaobh an chinnidh. Sa chás deireanach sin, d’fhonn cosaint a thabhairt do chearta saoránach de chuid an Aontais a agraíonn dlí an Aontais, tá sé sár-riachtanach go leigheasfaí an damáiste a rinne an chúirt chéime deiridh dóibh.

SEASAMH DHLÍ AN AONTAIS SA DLÍCHÓRAS INA IOMLÁINE

D’ainneoin an méid atá foghlamtha againn faoi struchtúr an Aontais agus a leagan amach dlíthiúil, ní éasca an rud é a áit cheart a shannadh do dhlí an Aontais sa dlíchóras ina iomláine agus na teorainneacha idir é agus dlíchórais eile a shainiú. Tá dhá chur chuige nach mór a dhiúltú scun scan. Ní cóir a shamhlú nach bhfuil i ndlí an Aontais ach cnuasach de chomhaontuithe idirnáisiúnta; agus ní cóir dearcadh air ach oiread mar chuid de na córais dlí náisiúnta ná mar bhreiseán a ceanglaíodh díobh.

Neamhspleáchas dhlíchóras an AE

Le linn iad an tAontas a bhunú, theorannaigh na Ballstáit a gceannasacht reachtach agus leis sin chruthaigh siad corpas dlí neamhthuilleamaíoch atá ina cheangal orthu féin, ar a saoránaigh agus ar a gcúirteanna.

Tá an cás Costa v ENEL, a éisteadh in 1964, ar cheann de na cásanna is iomráití dár tháinig riamh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Sa chás sin, thug an tUasal Costa caingean os comhair na cúirte i gcoinne an náisiúnaithe ar ghiniúint agus ar dháileadh leictreachais, agus i gcoinne an dílsithe a rinneadh dá éis sin ar ghnó na n-iarchuideachtaí leictreachais don chorparáid phoiblí nua, ENEL.

Tá tábhacht bhunúsach do chineál an Aontais ag baint le neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais, ós rud é gurb é sin amháin a ráthaíonn nach ndéanfar dlí an Aontais a thanú trí bhíthin an imoibrithe leis an dlí náisiúnta, agus go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais é. Sin an fáth ar i bhfianaise aidhmeanna dhlíchóras an Aontais agus aidhmeanna an Aontais go ginearálta a dhéantar an léirmhíniú ar choincheapa dhlí an Aontais. Tá an léirmhíniú sin — léirmhíniú atá sainiúil don Aontas — sár-riachtanach, ós rud é go n-áirithíonn dlí an Aontais cearta ar leith agus go mbeadh na cearta sin i mbaol ina éagmais; gan an léirmhíniú sainiúil sin, d’fhéadfadh gach Ballstát, trína léirmhíniú féin a dhéanamh ar fhorálacha, cinneadh leithleach a dhéanamh i ndáil le substaint na saoirsí atá dlí an Aontais ceaptha a ráthú. Sampla is ea coincheap an “oibrí”, coincheap a bhfuil raon feidhme choincheap na saorghluaiseachta bunaithe air. An coincheap sonrach den oibrí atá i ndlí an Aontais, is féidir dó a bheith an-difriúil leis na coincheapa a nglactar leo agus a chuirtear i bhfeidhm i ndlíchórais na mBallstát. Thairis sin, is é dlí an Aontais féin an t-aon chaighdeán lena dtomhaistear ionstraimí dlí an Aontais, agus ní le reachtaíocht náisiúnta ná le dlí bunreachtúil náisiúnta.

I bhfianaise an choincheapa sin de neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais, cad é an gaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta?

Fiú más dlíchóras é dlí an Aontais atá neamhthuilleamaíoch i ndáil le dlíchórais na mBallstát, ní féidir a thuiscint as sin go bhfuil dlíchóras an Aontais agus córais dlí na mBallstát forshuite ar a chéile ar nós cisil bhuncharraige. Ar an ábhar go bhfuil siad araon infheidhme maidir leis na daoine céanna, daoine atá dá bhrí sin ina saoránaigh den Stát náisiúnta chomh maith le bheith ina saoránaigh den Aontas, ní féidir na dlíchórais seo a scaradh ó chéile ar dhóigh chomh glan sin. Ar an dara dul síos, ní thugann cur chuige den sórt sin aird ar an bhfíric nach féidir dlí an Aontais a oibriú ach amháin má tá sé ina chuid de dhlíchórais na mBallstát. De dhéanta na fírinne, tá dlíchóras an Aontais agus na dlíchórais náisiúnta fite fuaite ina chéile agus spleách ar a chéile.

Idirghníomhaíocht idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta

Cumhdaíonn an ghné seo den ghaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta na réimsí sin ina gcomhlánann an dá chóras a chéile. Tá Airteagal 4(3) CAE soiléir go leor:

De bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a chineann ó na Conarthaí a chur i gcrích. Glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn ó na Conarthaí nó ó ghníomhartha de chuid institiúidí an Aontais. Éascóidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt.”

Is éard a spreag prionsabal ginearálta an chomhair dhílis gur tuigeadh nach leor dlíchóras an Aontais leis féin chun na cuspóirí a bhí le bunú an Aontais a bhaint amach. Ní hionann agus dlíchóras náisiúnta, ní córas lánscartha é dlíchóras an Aontais; tá sé ag brath ar thacaíocht na gcóras náisiúnta le go n-oibreoidh sé. Dá bhrí sin, is gá do na trí bhrainse rialtais — an reachtóir, an forfheidhmeannas agus na breithiúna — a admháil nach córas “eachtrannach” é dlíchóras an Aontais agus go bhfuil naisc dhoscaoilte bunaithe ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais eatarthu féin d’fhonn a gcuspóirí coitianta a bhaint amach. Comhphobal is ea an tAontas de phobail atá i gcomhar ar mhaithe lena leas coiteann. Is mó ná sin é áfach; comhphobal atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht is ea é. Dá réir sin, ní hamháin go bhfuil sé de cheangal ar údaráis náisiúnta Conarthaí an Aontais agus a reachtaíocht thánaisteach a urramú; ní mór dóibh, freisin, iad a chur chun feidhme agus a bheochan. Tá an caidreamh idir an dá chóras chomh hilghnéitheach sin agus nach miste roinnt samplaí a thabhairt.

Sampla maith is ea an treoir (pléadh cheana í sa chaibidil faoi reachtaíocht) den chaoi a bhfuil dlíchóras an Aontais agus na dlíchórais náisiúnta fite fuaite ina chéile agus a gcomhlánann siad a chéile. Ní leagtar síos go ceangailteach i dtreoir ach an toradh nach mór do na Ballstáit a bhaint amach; is iad na húdaráis náisiúnta a chinneann, trína ndlí intíre, conas a bhainfear an toradh sin amach. Sa réimse breithiúnach, fágann an nós imeachta réamhrialaithe dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE go bhfuil an dá chóras fite fuaite ina chéile. Faoin nós imeachta sin féadann cúirteanna náisiúnta, agus go deimhin ar uairibh ní mór dóibh, ceisteanna faoi léirmhíniú agus faoi bhailíocht dhlí an Aontais a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais; agus d’fhéadfadh breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a bheith cinntitheach maidir le socrú na díospóide os comhair na gcúirteanna sin. Is léir dhá rud: ar an gcéad dul síos, tá sé de cheangal ar na cúirteanna sna Ballstáit dlí an Aontais a urramú agus a chur i bhfeidhm; agus ar an dara dul síos, tá inniúlacht eisiach ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le dlí an Aontais a léirmhíniú agus maidir le dearbhuithe a dhéanamh faoina bhailíocht. Sampla eile d’idirspleáchas dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is ea an méid a tharlaíonn nuair is gá bearnaí i ndlí an Aontais a líonadh: tagraíonn dlí an Aontais siar do rialacha atá sa dlí náisiúnta cheana chun comhlánú a dhéanamh ar na rialacha a chinneann dlí an Aontais féin. Ón uair a théitear thar phointe áirithe, déantar cinniúint forála de chuid dhlí an Aontais a chinneadh le forálacha sa dlí náisiúnta faoi seach. Tá feidhm ag an bprionsabal sin maidir le raon iomlán na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais murab amhlaidh atá rialacha leagtha síos i ndlí an Aontais is féidir leis féin a fhorfheidhmiú. In aon chás den sórt sin, forfheidhmíonn na húdaráis náisiúnta dlí an Aontais trí fhorálacha a gcóras dlí féin. Baineann coinníoll amháin leis an bprionsabal, áfach: ní mór cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a chaomhnú; ní fhéadfaí glacadh ar chor ar bith le breith a bheith á tabhairt ar shaoránaigh agus ar ghnóthais de réir critéir éagsúil, ar an ábhar go ndéanfadh sin éagóir orthu.

Coinbhleacht idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta

Mar sin féin, ó am go ham, baineann dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta “tuairt” as a chéile — tagann siad i gcoinbhleacht; is gné den ghaol idir dlí an Aontais agus an dlí naisiúnta é sin. Tagann cás den sórt seo chun cinn má dhéanann foráil de chuid dhlí an Aontais cearta a dheonú agus oibleagáidí a chur ar shaoránaigh an Aontais agus má thagann inneachar na forála sin salach ar riail den dlí náisiúnta. Cé go bhfuil cuma shimplí go leor an bhfadhb sin, féach go bhfuil fáil inti ar dhá cheist bhunúsacha a bhaineann le struchtúr an Aontais. Freagraí na gceisteanna sin, bhí sé i ndan dóibh géarthástáil chinntitheach a chur ar mharthanacht dhlíchóras an Aontais. Bhain na ceisteanna sin le hinfheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais agus le tosaíocht dhlí an Aontais thar dhlí náisiúnta a thiocfadh salach air.

Infheidhmeacht Dhíreach Dhlí an Aontais ar an Dlí Náisiúnta

Ar an gcéad dul síos, ciallaíonn prionsabal na hinfheidhmeachta dírí go ndéanann dlí an Aontais cearta a dheonú agus oibleagáidí a chur go díreach ní amháin ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit ach ar shaoránaigh an Aontais freisin.

Ceann de na héachtaí atá déanta ag an gCúirt Bhreithiúnais is ea gur fhorfheidhmigh sí infheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais d’ainneoin gur chuir Ballstáit áirithe ina aghaidh sin ar dtús, agus ar an dóigh sin, gur ráthaigh sí go mairfeadh dlíchóras an Aontais. Cuireadh tús lena chásdlí maidir leis an bpointe sin le cás a luadh cheana féin, is é sin an cás a bhain leis an gcuideachta iompair Ollannach Van Gend & Loos. Thug an chuideachta caingean os comhair cúirte san Ísiltír in aghaidh údaráis chustaim na hÍsiltíre a ghearr dleachtanna custaim sa bhreis ar tháirge ceimiceach ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Sa deireadh thiar, bhí toradh na n-imeachtaí sin ag brath ar an gceist an bhféadfadh daoine aonair, freisin, Airteagal 12 de Chonradh CEE a agairt; airteagal é sin lena gcuirtear toirmeasc sonrach ar na Ballstáit dleachtanna custaim nua a thabhairt isteach nó dleachtanna atá ann cheana a ardú sa chómhargadh. D’ainneoin comhairle roinnt rialtas agus chomhairle a Abhcóide Ghinearálta féin, rialaigh an Chúirt, i bhfianaise chineál agus chuspóir an Aontais, go raibh forálacha dhlí an Aontais infheidhme go díreach i ngach cás. Dúirt an Chúirt an méid seo a leanas sna forais a thug sí lena breithiúnas:

dlíchóras nua atá sa Chomhphobal… ní hiad na Ballstáit amháin atá ina ngéillsinigh aige ach a náisiúnaigh freisin. Gan spleáchas ar reachtaíocht na mBallstát, ní hamháin go bhforchuireann dlí an Chomhphobail oibleagáidí ar dhaoine aonair ach tá sé ceaptha cearta a thabhairt dóibh freisin. Is ann do na cearta sin ní hamháin i gcás ina bhfuil siad tugtha go sainráite sa Chonradh, ach freisin de bharr oibleagáidí a fhorchuireann an Conradh, ar bhealach atá sainithe go ríshoiléir, ar dhaoine aonair agus ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Chomhphobail chomh maith”.

Ní leor an ráiteas lom sin, áfach, mar níl sé sainithe ann cé na forálacha de chuid dhlí an Aontais atá infheidhme go díreach. I dtús báire dhearc an Chúirt ar an gceist seo i ndáil le príomhreachtaíocht an Aontais, agus dhearbhaigh sí go bhféadfadh daoine aonair a bheith go díreach faoi réir na bhforálacha sin ar fad de chuid Chonarthaí an Aontais (i) ina leagtar amach dearbhchoinníollacha, (ii) atá iomlán iontu féin agus lánscartha ó thaobh an dlí de, agus dá bhrí sin, (iii) nach bhfuil aon ghníomhaíocht bhreise ó na Ballstáit ná ó institiúidí an Aontais ag teastáil le go bhféadfaí iad a chomhlíonadh nó éifeacht dhlíthiúil a thabhairt dóibh.

Rialaigh an Chúirt gur shásaigh iar-Airteagal 12 de Chonradh CEE na critéir sin, agus go bhféadfadh an gnóthas Van Gend & Loos, dá bhrí sin, cearta a fháil uaidh a mbeadh iallach ar an gcúirt san Ísiltír iad a chosaint. Dá thoradh sin, chuir an chúirt san Ísiltír ar ceal na dleachtanna custaim sin a toibhíodh de shárú ar an gConradh. Ina dhiaidh sin, lean an Chúirt den réasúnaíocht chéanna sin a chur i bhfeidhm maidir le forálacha eile de Chonradh CEE ar mó i bhfad a dtábhacht do shaoránaigh an Aontais ná tábhacht Airteagal 12. Díobh sin, is iad na breithiúnais is mó a bhaineann le hábhar anseo, na cinn a bhaineann le hinfheidhmeacht dhíreach forálacha maidir le saorghluaiseacht (Airteagal 45 CFAE), le saoirse bhunaíochta (Airteagal 49 CFAE) agus le saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 56 CFAE).

Maidir leis na ráthaíochtaí i dtaca le saorghluaiseacht, thug an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas i gcás Van Duyn inar dhearbhaigh sí go raibh siad infheidhme go díreach. Is iad seo a leanas fíricí an cháis sin: i mí Bealtaine 1973 diúltaíodh cead d’Iníon van Duyn, náisiúnach de chuid na hÍsiltíre, dul isteach sa Ríocht Aontaithe chun post a ghlacadh mar rúnaí in Eaglais na hEoleolaíochta, eagraíocht ar mheas an Oifig Gnóthaí Baile go raibh “díobháil shóisialta” ag roinnt léi. D’agair Iníon van Duyn rialacha an Aontais maidir le saorghluaiseacht oibrithe agus thug sí caingean os comhair na hArdchúirte inar iarr sí rialú go raibh sí i dteideal fanacht sa Ríocht Aontaithe chun críche fostaíochta agus go dtabharfaí cead di dul isteach sa Ríocht Aontaithe. Mar fhreagra ar cheist a tharchuir an Ardchúirt, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh Airteagal 48 de Chonradh CEE (Airteagal 45 CFAE) infheidhme go díreach agus dá bhrí sin, gur thug sé cearta do dhaoine aonair a bhí infheidhmithe os comhair chúirteanna na mBallstát.

D’iarr Conseil d’État na Beilge ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt maidir le hinfheidhmeacht dhíreach forálacha lena ráthaítear saoirse bhunaíochta. Bhí cinneadh le déanamh ag an Conseil d’État maidir le caingean a thug dlíodóir Ollannach, J. Reyners, os comhair na cúirte. Bhí cinneadh le déanamh ag an Conseil d’État maidir le caingean a thug dlíodóir Ollannach, J. Reyners, os comhair na cúirte. Bhí an tUasal Reyners ag iarraidh na cearta a bhí aige de bharr Airteagal 52 de Chonradh CEE (Airteagal 49 CFAE) a dhearbhú. Mheas sé go raibh air an chaingean a thabhairt os comhair na cúirte nuair a diúltaíodh cead dó dul le gairm an dlí sa Bheilg as siocair a náisiúntachta iasachta, d’ainneoin gur éirigh leis sna scrúduithe ba ghá sa Bheilg. Ina breithiúnas an 21 Iúil 1974, chinn an Chúirt nach bhféadfaí leanúint de chaitheamh go neamhionann le náisiúnaigh agus le daoine ón iasacht ós rud é go raibh Airteagal 52 de Chonradh CEE infheidhme go díreach ó dheireadh na hidirthréimhse, agus ós rud é, dá bhrí sin, go raibh saoránaigh an Aontais i dteideal fostaíocht shochrach a ghlacadh agus a shaothrú i mBallstát eile ar an dóigh chéanna le náisiúnach de chuid an Stáit sin. De thoradh an bhreithiúnais sin b’éigean an tUasal Reyners a ligean isteach i ngairm an dlí sa Bheilg.

Tugadh deis don Chúirt Bhreithiúnais i gcás Van Binsbergen a leagan síos go sonrach go bhfuil infheidhmeacht dhíreach ag forálacha a bhaineann le saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ceann de na nithe a bhain leis na himeachtaí sin ba ea í an cheist an raibh foráil i ndlí na hÍsiltíre nach bhféadfadh ach daoine a raibh gnáthchónaí orthu sa tír sin a bheith ina n-ionadaithe dlíthiúla os comhair na cúirte ag luí le rialacha an Aontais maidir le saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Rialaigh an Chúirt nach raibh an fhoráil sin ag luí leis na rialacha; ba é an foras a thug an Chúirt lena rialú gur sárú ar Airteagal 59 de Chonradh CEE (Airteagal 56 CFAE) é aon srian a chur le saoránaigh an Aontais de bharr a náisiúntachta nó a n-áit chónaithe agus go raibh srianta dá leithéid ar neamhní dá bhrí sin.

Thairis sin, baineann tábhacht nach beag ó thaobh na praiticiúlachta de le haithint infheidhmeachta dírí forálacha maidir le saorghluaiseacht earraí (Airteagal 41 CFAE), prionsabal an phá chomhionann d’fhir agus mná (Airteagal 157 CFAE), an toirmeasc ginearálta ar idirdhealú (Airteagal 25 CFAE) agus saoirse iomaíochta (Airteagal 101 CFAE).

Maidir le reachtaíocht thánaisteach, ní thagann ceist na hinfheidhmeachta dírí chun cinn ach i dtaca le treoracha agus cinntí atá dírithe ar na Ballstáit, ós rud é go ndíorthaíonn, cheana féin, infheidhmeacht dhíreach ó Chonarthaí an Aontais (Airteagal 288(2) agus (4) CFAE) i gcás rialachán agus cinntí atá dírithe ar dhaoine aonair. Ó 1970 i leith tá leathnaithe ag an gCúirt ar na prionsabail maidir le hinfheidhmeacht dhíreach ionas go bhfuil infheidhmeacht dhíreach anois ag forálacha i dtreoracha agus i gcinntí atá dírithe ar Bhallstáit.

Ba dhoiligh an iomarca béime a leagan ar a thábhachtaí sa chleachtas atá éifeacht dhíreach dhlí an Aontais san fhoirm inar fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais í agus inar chuir sí rath uirthi. Cuireann sí feabhas ar sheasamh an duine aonair mar go ndéanann sí cearta is féidir a fhorfheidhmiú i gcúirt dlí náisiúnta de na saoirsí a ghabhann leis an gcómhargadh. Féadaimid a rá, dá bhrí sin, gur colún de dhlíchóras an Aontais is ea éifeacht dhíreach dhlí an Aontais.

Tosaíocht Dhlí an Aontais thar an Dlí Náisiúnta

Eascraíonn an dara ceist bhunúsach ó infheidhmeacht dhíreach forálacha de dhlí an Aontais: cad a tharlaíonn má thugann foráil de dhlí an Aontais cearta agus oibleagáidí díreacha do shaoránaigh an Aontais ach go dtagann an fhoráil chéanna salach ar riail dlí náisiúnta mar gheall air sin?

Chun coinbhleacht den sórt sin idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a shocrú, ní mór do cheann amháin acu géilleadh don cheann eile. Níl aon fhoráil shonrach ina leith i reachtaíocht an Aontais. Níl foráil ar bith i gceann ar bith de Chonarthaí an Aontais ina ndeirtear, mar shampla, cé acu atá nó nach bhfuil forlámhas ag dlí an Aontais ar an dlí náisiúnta. Mar sin féin, níl dóigh ar bith le coinbhleachtaí idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a shocrú ach tosaíocht a thabhairt do dhlí an Aontais agus é a chur sna dlíchórais náisiúnta in ionad aon fhorálacha den dlí náisiúnta nach bhfuil ag teacht le riail de chuid an Aontais. I ndiaidh an iomláin, ní bheadh ach iarsma de dhlíchóras an Aontais fágtha dá dtugtaí tosaíocht don dlí náisiúnta. D’fhéadfadh aon dlí náisiúnta rialacha an Aontais a chur i leataobh. Ní bheadh aon seans ann go gcuirfí dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go comhionann i ngach Ballstát. Ní bheadh an Aontais in ann na cúraimí a thug na Ballstáit dó a dhéanamh ach oiread. Bheadh an baol ann nach mbeadh sé ar chumas an Aontais feidhmiú, agus ní bhainfí amach choíche an mhian sin ar a bhfuil dóchas móráin ag brath, mar atá córas coiteann dlí don Eoraip a thógáil.

Níl aon fhadhb den sórt sin ann maidir leis an ngaol idir an dlí idirnáisiúnta agus an dlí náisiúnta. Ós rud é nach ndéantar cuid de dhlíchóras tíre den dlí idirnáisiúnta go dtí go dtugtar isteach é trí bhíthin acht ionchorprúcháin nó trasuite, is ar bhonn an dlí náisiúnta amháin a chinntear ceist na tosaíochta. Féadann an dlí idirnáisiúnta tosaíocht a bheith aige thar an dlí bunreachtúil nó a bheith rangaithe áit éigin idir an dlí bunreachtúil agus an gnáthdhlí reachtach, nó féadann sé a bheith ar comhchéim leis an dlí reachtach; braitheann sin ar an ionad a shannann an córas dlí náisiúnta dó san ord tosaíochta. Is é an riail a chinneann an gaol idir an dlí idirnáisiúnta atá ionchorpraithe nó trasuite agus an dlí náisiúnta, go mbíonn feidhm ag na forálacha dlí sin is déanaí a ritheadh thar na cinn sin a bhí ann rompu (lex posterior derogat legi priori). Na rialacha náisiúnta sin maidir le coinbhleacht idir dlíthe, níl baint acu leis an ngaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, áfach, mar níl dlí an Aontais ina chuid d’aon dlíchóras náisiúnta. Is ar bhonn dhlíchóras an Aontais, agus ar an mbonn sin amháin, is féidir aon choinbhleacht idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a shocrú.

I bhfianaise na n-impleachtaí sin, is ar an gCúirt Bhreithiúnais a thit sé arís eile — d’ainneoin go raibh roinnt Ballstát ina éadan — an prionsabal a bhunú a bhfuil marthanacht dhlíchóras an Aontais ag brath air, is é sin an prionsabal go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais. Le linn í an prionsabal sin a bhunú, chuir an Chúirt suas an dara colún le hais cholún na hinfheidhmeachta dírí; dhéanfadh seo déanmhas daingean den dlíchóras céanna, faoi dheoidh.

Sa chás Costa v ENEL, thug an Chúirt dhá bharúil thábhachtacha maidir leis an ngaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta:

  • Ar an gcéad dul síos: Tá na Ballstáit tar éis cearta ceannasacha a aistriú go cinntitheach chuig Comhphobal a chruthaigh siad, agus bheadh sé ar neamhréir le coincheap dhlí an Aontais bearta aontaobhacha a dhéanamh ina dhiaidh sin.
  • Ar an dara dul síos: Tá sé ar cheann de phrionsabail an Chonartha nach bhféadfaidh aon Bhallstát amhras a chur i stádas dhlí an Aontais mar chóras atá infheidhme go haonfhoirmeach agus go ginearálta ar fud an Aontais.

Dá réir sin: tá tosaíocht ag dlí an Aontais, ó tharla gur ritheadh é i gcomhréir leis na cumhachtaí atá leagtha síos sna Conarthaí, thar aon dlí de chuid na mBallstát a thagann salach air. Ní amháin gur láidre é ná an dlí náisiúnta a bhí ann roimhe, ach ón uair a thagann ann dó bíonn éifeacht teorannaithe aige ar dhlíthe arna ndéanamh ó sin amach.

I ndeireadh na dála, sa bhreithiúnas a thug sí sa chás Costa v ENEL, níor chuir an Chúirt Bhreithiúnais aon amhras ar náisiúnú thionscal leictreachais na hIodáile; ach bhunaigh sí, go láidir agus go deimhin, tosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta.

Is é seo toradh dlí na rialach sin faoi thosaíocht: i gcás coinbhleacht idir dlíthe, scoireann dlí náisiúnta a sháraíonn dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige agus ní féidir aon reachtaíocht nua náisiúnta a thabhairt isteach ach amháin má thagann sí le dlí an Aontais.

Ó shin i leith, chloígh an Chúirt leis an mbreith sin go leanúnach agus go fiú nár chuir sí tuilleadh léi ó thaobh gné amháin de. Cé nár bhain an breithiúnas i gcás Costa ach leis an gceist faoi thosaíocht dhlí an Aontais thar an ngnáthdhlí náisiúnta, dheimhnigh an Chúirt freisin prionsabal na tosaíochta maidir leis an ngaol idir dlí an Aontais agus an dlí bunreachtúil náisiúnta. Cé go ndearna siad roinnt dóbartaíola ar dtús, ghlac na cúirteanna náisiúnta i bprionsabal le léirmhíniú na Cúirte Breithiúnais. Ní fhéadfadh aon deacrachtaí a bheith ann san Ísiltír pé scéal é, mar tá tosaíocht dhlí na gConarthaí thar an dlí reachtach náisiúnta leagtha síos go sainráite i mbunreacht na tíre sin (Airteagail 65 go 67). Sna Ballstáit eile, tá prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta aitheanta ag na cúirteanna náisiúnta, mar an gcéanna. Ach dhiúltaigh cúirteanna bunreachtúla na Gearmáine agus na hIodáile, i dtús báire, glacadh le tosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí bunreachtúil náisiúnta, go háirithe i ndáil leis an gcosaint ráthaithe ar chearta bunúsacha. Níor tharraing siad a n-agóid siar go dtí go raibh caighdeán na cosanta ar chearta bunúsacha i ndlíchóras an Aontais tagtha ar aon dul, ina bhuntréithe, leis an gcosaint a ráthaigh a mbunreachtanna náisiúnta. Mar sin féin, tá Cúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme sa Ghearmáin drochamhrasach i gcónaí faoi thuilleadh lánpháirtíochta, agus tá sin curtha in iúl aici go soiléir sna breithiúnais a thug sí maidir le Conradh Maastricht agus, níos déanaí, maidir le Conradh Liospóin.

I gcás Pfeiffer, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais, in 2004, go dtagann oibrithe éigeandála faoi raon feidhme na cosanta sa Treoir um Am Oibre (Treoir 93/104/CE). Níor mhór an t-am ar glao-dhualgas a chur san áireamh go hiomlán nuair a bheadh uasmhéid na n-uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine, is é sin 48 n-uaire an chloig, á ríomh.

I gcás Pfeiffer, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais, in 2004, go dtagann oibrithe éigeandála faoi raon feidhme na cosanta sa Treoir um Am Oibre (Treoir 93/104/CE). Níor mhór an t-am ar glao-dhualgas a chur san áireamh go hiomlán nuair a bheadh uasmhéid na n-uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine, is é sin 48 n-uaire an chloig, á ríomh.

Léirmhíniú an Dlí Náisiúnta i gcomhréir le Dlí an Aontais

Gach comhlacht Stáit a chuireann an dlí chun feidhme go sonrach nó a rialaíonn go sonrach maidir leis an dlí, tá teacht aige ar léirmhíniú ar an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; tá sin amhlaidh d’fhonn coinbhleacht idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chosc, coinbhleacht a d’éireodh de dhroim riail na tosaíochta a bheith curtha i bhfeidhm.

Thóg sé i bhfad ar an gCúirt Bhreithiúnais aitheantas a thabhairt do choincheap an léirmhínithe i gcomhréir le dlí an Aontais, le go n-ionchorprófaí i ndlíchóras an Aontais é. Ba é a mheas an Chúirt Bhreithiúnais ar dtús nárbh iomchuí di a áirithiú go raibh comhchuibheas idir dlíthe náisiúnta agus treoir, ach amháin sa chás a n-iarrfadh cúirt náisiúnta uirthi sin a dhéanamh. Ach i 1984 bhunaigh sí den chéad uair oibleagáid an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha i gcás Von Colson agus Kamann. Tugadh rialú sa chás sin maidir leis an méid cúitimh a bhronnfaí i gcás idirdhealú i gcoinne ban i dtaca le rochtain ar fhostaíocht. Sna forálacha dlí ábhartha sa Ghearmáin níor luadh ach cúiteamh i gcás “Vertrauensschaden” (iontaoibh éadairbheach in ionchas dlisteanach), ach i dTreoir 76/207/CEE tá sé leagtha síos nach mór don dlí náisiúnta foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha chun a áirithiú go gcuirtear deiseanna comhionanna ar fáil maidir le rochtain ar fhostaíocht. Ós rud é, áfach, nár leagadh amach sa Treoir tuilleadh mionsonraí i ndáil leis na pionóis ábhartha, ní fhéadfaí a mheas go raibh an Treoir infheidhme go díreach ag an gcéim sin, agus bhí baol ann, cé gur mhainnigh an dlí náisiúnta dlí an Aontais a chomhlíonadh, go mbeadh ar an gCúirt Bhreithiúnais a rialú nach raibh aon bhonn ar a bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta gan an dlí náisiúnta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go raibh iallach ar na cúirteanna náisiúnta reachtaíocht náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm in ábhair shibhialta ionas go mbeadh pionóis éifeachtacha ann i gcás idirdhealaithe ar bhonn inscne. Níor leor cúiteamh siombalach chun ceanglais na Treorach a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Is é prionsabal ginearálta an chomhair dhílis (Airteagal 4(3) CAE) an bunús dlí dá dtagraíonn an Chúirt Bhreithiúnais maidir le léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Faoin Airteagal sin, glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a thagann den Chonradh ar an Aontas nó a thagann de thoradh gníomhaíochta a rinne institiúidí an Aontais. Dá bhrí sin, tá na húdaráis náisiúnta faoi oibleagáid freisin léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta — dlí atá tánaisteach do dhlí an Aontais — a chur i gcomhréir le foclaíocht agus cuspóir dhlí an Aontais (dualgas an chomhair — cás Pfeiffer). I gcás na gcúirteanna náisiúnta, tá an méid sin le sonrú ar a ról mar chúirteanna Eorpacha sa mhéid is go n-áirithíonn siad go gcuirtear i bhfeidhm agus go n-urramaítear dlí an Chomhphobail mar is ceart.

Caoi amháin a léirmhínítear an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais is ea an léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha; caithfidh na Ballstáit treoracha a chur chun feidhme de réir an léirmhínithe sin. Ní mór do dhlíodóirí agus do na cúirteanna cuidiú lena mBallstáit an oibleagáid sin a chomhlíonadh ina hiomláine, trí phrionsabal an léirithe i gcomhréir leis na treoracha a chur i bhfeidhm. Tríd an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha, áirithítear comhchuibheas idir an dlí sin agus na treoracha ar an leibhéal ar a gcuirtear an dlí i bhfeidhm, agus ar an dóigh sin áirithítear go léirítear an dlí náisiúnta cur chun feidhme, agus go gcuirtear i bhfeidhm é, go haonfhoirmeach sna Ballstáit ar fad. Fágann sin nach ndéantar dealú ar an leibhéal náisiúnta idir ábhair a ndearnadh comhchuibhiú eatarthu roimhe sin ar leibhéal an Aontais trí bhíthin treorach.

Cuireann foclaíocht neamhdhébhríoch dlí náisiúnta ar leith, foclaíocht nach bhfuil ach léirmhíniú amháin uirthi — teorainn le léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Chomhphobail; cé go bhfuil oibleagáid ann faoi dhlí an Aontais dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais, ní féidir dlí náisiúnta a léirmhíniú “contra legem”. Is amhlaidh atá freisin i gcásanna ina ndiúltaíonn an reachtóir náisiúnta go sainráite treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta. Na coinbhleachtaí a thagann i dtreis idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta i gcásanna mar sin, ní féidir iad a shocrú ach trí bhíthin imeachtaí dlíthiúla i gcoinne an Bhallstáit as mainneachtain ina oibleagáidí faoin gConradh (Airteagal 258 CFAE agus Airteagal 259 CFAE) a chomhlíonadh.

CONCLÚIDÍ

Cad é an léargas foriomlán a nochtann chugainn ar dhlíchóras an Aontais?

Is é dlíchóras an Aontais a choinníonn dúshraith dhaingean faoin Aontas. Cuireann sé córas coiteann dlí ar fáil i gcomhair oibríocht an Aontais. Is trí dhlí nua a chruthú agus a fhorfheidhmiú, agus tríd sin amháin, is féidir bunchuspóirí an Aontais a bhaint amach. Ón taobh sin de, tá cuid mhaith bainte amach cheana ag dlíchóras an Aontais. Tá na teorainneacha oscailte go hiomlán beagnach, tá trádáil shubstaintiúil ar siúl in earraí agus i seirbhísí, tá oibrithe in ann gluaiseacht ar fud an Aontais, agus tá an-chuid nasc trasnáisiúnta ag cuideachtaí le chéile; dá bharr sin, tá an cómhargadh ina ghnáthchuid den saol ag 510 milliún duine. Agus is ag an dlíchóras nua atá cuid mhaith dár mbuíochas tuillte as sin. Gné eile de dhlíchóras an Aontais lena mbaineann tábhacht stairiúil is ea a ról i ndéanamh na síochána. Agus é de chuspóir aige an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú, is le rialacha dlí seachas le fórsa a réitíonn sé coinbhleachtaí; tarraingíonn na rialacha dlí sin idir daoine aonair agus Bhallstáit le chéile in aon Chomhphobal amháin. Dá thoradh sin, uirlis thábhachtach is ea dlíchóras an Aontais chun an tsíocháin a chruthú agus a bhuanú.

Infheidhmeacht dhlí an Aontais agus tosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta, is iad sin an dá chloch choirnéil a ráthóidh go gcomhlíonfar agus go gcosnófar dlíchoras an Aontais. Gan iad ní mhairfidh an dlíchóras sin ná an comhphobal dlí atá bunaithe air. Déanann an Chúirt Bhreithiúnais an dá phrionsabal sin a chosaint go diongbháilte, agus ar an dóigh sin ráthaítear go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go dtugtar tosaíocht dó i ngach Ballstát.

D’ainneoin a neamhfhoirfeachta, is mór agus is luachmhar an cion a dhéanann dlíchóras an Aontais chun fadhbanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta Bhallstáit an Aontais a réiteach.

AN CÁSDLÍ A LUADH

Is féidir teacht ar na cinntí go léir a d’eisigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag: www.eur-lex.europa.eu. Ina theannta sin, cuireann EUR-Lex.europa rochtain saor in aisce ar fáil duit, sna 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais, chucu seo a leanas:

  • Dlí an Aontais Eorpaigh (Conarthaí an Aontais Eorpaigh, rialacháin, treoracha, cinntí, reachtaíocht chomhdhlúite, etc),
  • obair ullmhúcháin, (tograí reachtacha, tuarascálacha, Páipéir Bhána agus Páipéir Uaine, etc.),
  • coinbhinsiúin idirnáisiúnta,
  • achoimrí ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh lena léirítear comhthéacs polaitiúil na ngníomhartha reachtacha.

Cineál agus tosaíocht dhlí an Aontais

Cás 26/62 Van Gend & Loos [1963] ECR 1 (cineál dhlí an Aontais; cearta agus oibleagáidí daoine aonair).

Cás 6/64 Costa v ENEL [1964] ECR 1251 (cineál dhlí an Aontais; infheidhmeacht dhíreach, tosaíocht dhlí an Aontais).

Cás 14/83 Von Colson agus Kamann [1984] ECR 1891 (léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais).

Cás C-213/89 Factortame [1990] ECR I-2433 (infheidhmeacht dhíreach agus tosaíocht dhlí an Aontais).

Cás Uamtha C-6/90 Francovich agus Cás Uamtha C-9/90 Bonifaci [1991] ECR I-5357 (éifeacht dhlí an Aontais; dliteanas Ballstát i leith mainneachtain oibleagáidí a chuir an tAontas orthu a chomhlíonadh); anseo: gan treoir a thrasuí).

Cás Uamtha C-46/93 Brasserie du pêcheur agus Cás Uamtha C-48/93 Factortame [1996] ECR I-1029 (éifeacht dhlí an Aontais; dliteanas ginearálta Ballstát i leith mainneachtain in oibleagáidí a chuir an tAontas orthu a chomhlíonadh).

Cásanna Uamtha C-397/01 go C-403/01 Pfeiffer agus eile [2004] ECR I-8835 (léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais).

Cumhachtaí an Aontais

Cás 6/76 Kramer [1976] ECR 1279 (caidreamh seachtrach; gealltanais idirnáisiúnta; údarás an Aontais Eorpaigh).

Tuairim 2/91 [1993] ECR I-1061 (dáileadh cumhachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit).

Tuairim 2/94 [1996] ECR I-1759 (aontachas CE leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine); easpa cumhachtaí).

Tuairim 2/13 – AE:C:2014:2454 (neamh-chomhoiriúnacht idir an dréacht-chomhaontú maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh do CECD agus dlí an Aontais).

Éifeachtaí gníomhartha dlíthiúla

Cás 2/74 Reyners [1974] ECR 631 (infheidhmeacht dhíreach; saoirse bhunaíochta).

Cás 33/74 van Binsbergen [1974] ECR 1299 (infheidhmeacht dhíreach; soláthar seirbhísí).

Cás 41/74 van Duyn [1974] ECR 1337 (infheidhmeacht dhíreach; saorghluaiseacht).

Cearta bunúsacha

Cás 29/69 Stauder [1969] ECR 419 (cearta bunúsacha; prionsabail ghinearálta an dlí).

Cás C-112/00 Eugen Schmidberger [2003] ECR I-5659 (saorghluaiseacht earraí, cearta bunúsacha).

Cosaint dhlíthiúil

Cás t-177/01, Jégo-Quéré et Cie v an Coimisiún [2002] ECR II-2265 (bearna sa chosaint dhlíthiúil i ngníomhartha a bhfuil éifeacht dhíreach acu ach nach bhfuil leithleacht ag baint leo); seasamh difriúil a thóg CBAE ina breithiúnas ar achomharc, Cás C-263/02 P, an Coimisiún v Jégo-Quéré et Cie, [2004], ECR I-3425.

Cás t-18/10, Inuit Tapiriit Kanatami [2010] ECR II-5599 (sainmhíniú ar “ghníomh rialála”); deimhnithe ag CBAE ina bhreithiúnas ar achomharc an 3.10.2013, Cás C-583/11 P.

FONÓTAÍ

1 De bhun Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999.

2 Ba é ba bhun le Coimisiún Santer éirí as oifig in 1999 gur dhiúltaigh an Pharlaimint an buiséad a urscaoileadh ar chúis a bhain le hamhras i leith bainistíocht airgeadais; níor éirigh ach oiread leis an tairiscint cháinte a ritheadh, cé gur bheag a bhí sa difríocht idir dhá thaobh na vótála.

3 Tar éis reifreann an Bhreatimeachta, thug an Ríocht Aontaithe suas a hUachtaránacht ar an gComhairle a bhí le tosú sa dara leath de 2017.

4 Tá tuilleadh sonraí sa roinn faoi dhliteanas Ballstát i leith sáruithe ar dhlí an Aontais.

EOLAS FAOIN bhFOILSEACHÁN SEO

Tá an foilseachán Eolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh le fáil ar an idirlíon ag https://publications.europa.eu/ga/web/general-publications/publications

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An tAonad um Fhaisnéis do Shaoránaigh
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG

Críochnaíodh an lámhscríbhinn i mí na Nollag 2016

Lucsamburg Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2017

Ní gá gurb ionann a bhfuil san fhoilseachán seo agus seasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is é an t-údar amháin atá freagrach as an bhfaisnéis agus as na tuairimí a nochtar ann.

Sonraí na bpictiúr

Print NA-07-16-024-GA-C ISBN 978-92-79-64383-5 doi:10.2775/309639
PDF NA-07-16-024-GA-N ISBN 978-92-79-64382-8 doi:10.2775/9917
EPUB NA-07-16-024-GA-E ISBN 978-92-79-64384-2 doi:10.2775/091986
Site NA-07-16-024-GA-Q ISBN 978-92-79-71674-4 doi:10.2775/794646

© An tAontas Eorpach, 2017

Tá atáirgeadh údaraithe. Chun aon úsáid a bhaint as grianghraif faoi leith nó chun iad a atáirgeadh, ní mór cead a iarraidh go díreach ar na sealbhóirí cóipchirt.