Eolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh

RÉAMHRÁ

Is comhpháirt lárnach dár saol polaitiúil agus dár sochaí é an dlíchóras a bhunaigh an tAontas Eorpach (AE). Gach bliain, ar bhonn chonarthaí an Aontais Eorpaigh, déantar na mílte cinneadh a mbíonn tionchar mór acu ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus ar shaol shaoránaigh na mBallstát sin. Ní lena thír, lena bhaile nó lena cheantar féin amháin a bhaineann an gnáthdhuine a thuilleadh; is saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh é freisin. Ar an gcúis sin amháin, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sé ar an eolas faoin dlíchóras a théann i gcion ar a haol laethúil. Ní éasca, áfach, castachtaí struchtúr an Aontais Eorpaigh agus castachtaí a dhlíchórais a thuiscint. Baineann cuid den deacracht sin sé le foclaíocht na gconarthaí féin — tá roinnt mhaith doiléire iontu agus impleachtaí ag baint leo nach éasca a shonrú. Ina theannta sin, is coincheapa coimhthíocha iad cuid mhaith de na coincheapa sin sna conarthaí lena ndéantar iarracht dul i ngleic leis an gcomhthéacs. Dá bhrí sin, tá iarracht déanta anseo thíos léargas tosaigh ar struchtúr an Aontais Eorpaigh agus ar cholúin taca dhlíchóras na hEorpa a thabhairt do na saoránaigh leasmhara. Cé go bhfuil bunstruchtúr an Aontais Eorpaigh — agus a dhlíchóras, a mbaineann spéis ar leith leis sa chás seo — an-chobhsaí, déantar athruithe gan áireamh air, mar sin féin, ar scála níos mó nó níos lú, mar shampla, mar gheall ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Clúdaítear san eagrán seo d’Eolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh gach príomhfhorbairt i ndlíchóras AE suas le 2023.

GLUAIS NA nGIORRÚCHÁN

ACC An Afraic, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin
CE An Comhphobal Eorpach
BCE An Banc Ceannais Eorpach
ECHR An Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine)
ECR Tuarascálacha na Cúirte Eorpaí
CEGC An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach
Conradh CE Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
CEE Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
CESE Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
OIPE Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
SCE An Sásra Cobhsaíochta Eorpach
AE An tAontas Eorpach
Conradh AE/CAE An Conradh ar an Aontas Eorpach
Euratom An Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
FPE Feisire de Pharlaimint na hEorpa
ECAT Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
ECFE An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta
OEEC An Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta Eorpach
ESCE An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip
SAP An Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais
CFAE Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

AMLÍNE

26 Meitheamh 1945: Síniú Chairt na Náisiún Aontaithe in San Francisco

9 Meán Fómhair 1946: Óráid Winston Churchill in Zurich ar na buntáistí a bhaineann le Stáit Aontaithe na hEorpa

17 Márta 1948: Síniú an Chonartha ag bunú Aontas Iarthar na hEorpa sa Bhruiséil

4 Aibreán 1949: Síniú Chonradh an Atlantaigh Thuaidh lenar bunaíodh ECAT in Washington

16 Aibreán 1949: Bunú na hEagraíochta um Chomhar Eacnamaíochta Eorpach i bPáras

5 Bealtaine 1949: Síniú an Chonartha lenar bunaíodh Comhairle na hEorpa in Strasbourg

9 Bealtaine 1950: Dearbhú Robert Schuman maidir le cruthú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach mar an chéad chéim i mbunú Cónaidhme Eorpaí

4 Samhain 1950: Síniú an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint sa Róimh

18 Aibreán 1951: Síniú an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (Conradh CEGC) i bPáras ag an mBeilg, ag an nGearmáin Thiar, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag Lucsamburg agus ag an Ísiltír — a mhairfidh go ceann 50 bliain

23 Iúil 1952: Teacht i bhfeidhm Chonradh CEGC

1 Meitheamh 1955: Comhdháil na nAirí Gnóthaí Eachtracha ag Messina chun ullmhú do Chonradh CEE

25 Márta 1957: Síniú na gConarthaí ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh CEE) agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA / Conradh Euratom) sa Róimh ag an mBeilg, ag an nGearmáin Thiar, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag Lucsamburg agus ag an Ísiltír (Conarthaí na Róimhe)

1 Eanáir 1958: Teacht i bhfeidhm Chonarthaí na Róimhe

4 Eanáir 1960: Bunú Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa i Stócólm ag an Ostair, ag an Danmhairg, ag an Iorua, ag an bPortaingéil, ag an tSualainn, ag an Eilvéis agus ag an Ríocht Aontaithe

14 Nollaig 1960: Síniú an Choinbhinsiúin ar an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i bPáras

8 Aibreán 1965: Síniú an Chonartha ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha (Conradh Cumaisc)

1 Iúil 1967: Teacht i bhfeidhm an Chonartha Cumaisc

1 Eanáir 1973: Aontaíonn an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe do na Comhphobail Eorpacha

1 Lúnasa 1975: Síniú Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála ar Shlándáil agus Comhar san Eoraip i Heilsincí

18 Nollaig 1978: Bunú an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta

7-10 Meitheamh 1979: An chéad thoghchán díreach do Pharlaimint na hEorpa

1 Eanáir 1981: Aontachas na Gréige do na Comhphobail Eorpacha

1 Eanáir 1985: Tarraingt siar na Graonlainne ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa

14 Meitheamh 1985: Comhaontú Schengen idir an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin Thiar, Lucsamburg agus an Ísiltír maidir le comhrialuithe teorann a dhíothú de réir a chéile

1 Eanáir 1986: Aontachas na Portaingéile agus na Spáinne do na Comhphobail Eorpacha

1 Iúil 1987: Tionscnamh na hIonstraime Eorpaí Aonair

3 Deireadh Fómhair 1990: Aontachas na Gearmáine Thoir le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus comhtháthú leis na Comhphobail Eorpacha

7 Feabhra 1992: Síniú an Chonartha ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht) in Maastricht

2 Bealtaine 1992: Síniú an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE) in Porto

1 Eanáir 1993: Tionscnamh an mhargaidh aonair Eorpaigh

1 Samhain 1993: Teacht i bhfeidhm an Chonartha ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht)

1 Eanáir 1994: Teacht i bhfeidhm Chonradh LEE

1 Eanáir 1995: Aontachas na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne don Aontas Eorpach

1 Márta 1995: Teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún Schengen (baill bhreise suas le Márta 2001: an Danmhairg, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Ostair, an Phortaingéil, an Fhionlainn agus an tSualainn)

16 Iúil 1997: Foilsiú chlár Chlár Oibre 2000 an Choimisiúin Eorpaigh atá dírithe ar an Aontas a mhéadú

2 Deireadh Fómhair 1997: Síniú Chonradh Amstardam

12 Nollaig 1997: Tús le próiseas méadaithe an Aontais Eorpaigh ag an gComhairle Eorpach i Lucsamburg

1 Deireadh Fómhair 1998: Teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún Europol (comhar póilíneachta san Aontas)

1 Eanáir 1999: Tabhairt isteach airgeadra aonair na hEorpa, an ‘euro’

1 Bealtaine 1999: Teacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam

24 Márta 2000: Glacadh le straitéis Liospóin maidir le hathnuachan eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil an Aontais Eorpaigh

8 Nollaig 2000: Forógra sollúnta maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

26 Feabhra 2001: Síniú Chonradh Nice

1 Eanáir 2002: Nótaí bainc agus boinn euro a thabhairt isteach mar mhodh íocaíochta

28 Feabhra 2002: Bunú Eurojust (ó bhí 2019 ann, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil)

1 Feabhra 2003: Teacht i bhfeidhm Chonradh Nice

1 Bealtaine 2004: Aontachas na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine, agus na Slóvaice don Aontas Eorpach

29 Deireadh Fómhair 2004: Síniú an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip

Bealtaine/Meitheamh 2005: Diúltú don Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip i reifrinn sa Fhrainc (vótáil 54.7 % ‘níl’ ) agus san Ísiltír (vótáil 61.7 % ‘níl’)

1 Eanáir 2007: Aontachas na Bulgáire agus na Rómáine don Aontas

1 Eanáir 2007: Tabhairt isteach an euro sa tSlóivéin

1 Márta 2007: Bunú Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

12 Nollaig 2007: Forógra sollúnta Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach in Strasbourg

13 Nollaig 2007: Síniú Chonradh Liospóin

21 Nollaig 2007: Teacht isteach na Seice, na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice i Limistéar Schengen

1 Eanáir 2008: Tabhairt isteach an euro sa Chipir agus i Málta

12 Meitheamh 2008: An chéad reifreann in Éirinn ar Chonradh Liospóin (vótáil 53.4 % ‘níl’)

12 Nollaig 2008: Tagann an Eilvéis isteach i Limistéar Schengen

1 Eanáir 2009: Tabhairt isteach an euro sa tSlóvaic

2 Deireadh Fómhair 2009: An dara reifreann in Éirinn ar Chonradh Liospóin (vótáil 67.1 % ‘tá’)

1 Nollaig 2009: Teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin

1 Nollaig 2009: Céad Uachtarán na Comhairle Eorpaí (Herman Van Rompuy); céad Ard-ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Banbharún Catherine Ashton)

21 Meitheamh 2010: Bunú Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí

1 Eanáir 2011: Tabhairt isteach an euro san Eastóin

1 Eanáir 2011: Seoladh an Údaráis Maoirseachta Airgeadais Eorpach

25 Márta 2011: An Comhshocrú Euro Plus maidir le comhordú na mbeartas eacnamaíoch san aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ghlacadh

19 Nollaig 2011: Tagann Lichtinstéin isteach i Limistéar Schengen

30 Eanáir 2012: Comhaontú ag 25 Bhallstát ar Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta

2 Feabhra 2012: Síniú an Chonartha lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach

1 Iúil 2013: Aontachas na Cróite leis an Aontas

1 Eanáir 2014: Tabhairt isteach an euro sa Laitvia

18 Meán Fómhair 2014: Reifreann ar neamhspleáchas na hAlban: Vótáil 55.3 % ‘níl’, vótáil 44.7 % ‘tá’

1 Eanáir 2015: Tabhairt isteach an euro sa Liotuáin

12 Márta 2015: Tarraingt siar foirmiúil iarratas na hÍoslainne ar bhallraíocht san Aontas

23 Meitheamh 2016: Reifreann sa Ríocht Aontaithe maidir le tarraingt siar (vóta 51.89 % chun fágála)

30 Nollaig 2016: Teacht i bhfeidhm Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide ag an Aontas i ndiaidh do na Ballstáit é a dhaingniú

29 Márta 2017: Fógra foirmiúil ón bPríomh-Aire Theresa May maidir le rún na Ríochta Aontaithe an tAontas a fhágáil

31 Eanáir 2020: Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach tar éis 47 mbliana de bhallraíocht

9 Bealtaine 2020: Comóradh 70 bliain de Dhearbhú Schuman

1 Eanáir 2021 : Tarraingíonn an Ríocht Aontaithe siar ó mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais agus ó bheartais agus ó chomhaontuithe trádála uile an Aontais tar éis dheireadh na hidirthréimhse. Cuireadh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ina n-ionad

10 Márta 2021: Síniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún maidir leis an gComhdháil um Thodhchaí na hEorpa

28 Meitheamh 2021: Glacann an tAontas Eorpach lena chéad Dlí Aeráide

1 Eanáir 2023: Tabhairt isteach an euro sa Chróit (20ú ball de limistéar an euro)

1 Eanáir 2023: Tagann an Chróit isteach i limistéar Schengen

Ó PHÁRAS GO LIOSPÓIN TRÍD AN RÓIMH, MAASTRICHT, AMSTARDAM AGUS NICE

Go dtí tamall beag i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ba de réir bunreachtanna agus dlíthe náisiúnta a forbraíodh ár saol polaitiúil agus coincheap an stáit. Ba ar an mbonn sin a cruthaíodh rialacha iompraíochta a bhí ina gceangal ní hamháin ar shaoránaigh agus ar pháirtithe inár stáit dhaonlathacha ach ar an stát féin agus ar a orgáin freisin. Sa deireadh thiar, ba é turnamh na hEorpa agus an meath polaitiúil agus geilleagrach a tháinig uirthi a spreag tús nua agus a chuir fuinneamh úr sa smaoineamh ord nua Eorpach a chruthú.

Ón Dara Cogadh Domhanda i leith, rinneadh a lán iarrachtaí an Eoraip a aontú. De thoradh na n-iarrachtaí sin, tháinig meascán mearaí d’eagraíochtaí ar an bhfód agus is deacair a dtuairisc a chuimsiú toisc a ilchasta atá siad. Mar shampla, tá an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ann, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach (ECAT), agus níl aon fhíornaisc eatarthu.

Ní mór cuspóirí sonracha na n-eagraíochtaí éagsúla sin a chur san áireamh chun gur léir an struchtúr loighciúil a bhaineann leo ar an iomlán. Is féidir na heagraíochtaí sin a roinnt ina dtrí phríomhghrúpa.

An chéad ghrúpa: na heagraíochtaí Eora-Atlantacha

Bunaíodh na heagraíochtaí Eora-Atlantacha mar gheall ar an gcomhghuaillíocht idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Ní haon chomhtharlú é gur ar thionscnamh na Stát Aontaithe a bunaíodh an chéad eagraíocht Eorpach in 1948, tar éis an chogaidh, mar atá an Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta Eorpach (ECEE). In 1947, d’iarr George Marshall, Stát-Rúnaí na Stát Aontaithe an tráth sin, ar thíortha na hEorpa dul i bpáirt le chéile chun a ngeilleagair a atógáil agus gheall sé go dtabharfadh na Stáit Aontaithe cúnamh dóibh. Ba faoi Phlean Marshall a tugadh an cúnamh sin agus ba é a chuir bonn faoi atógáil sciobtha Iarthar na hEorpa. Ba é príomhchuspóir an ECEE ar dtús trádáil idir tíortha a léirscaoileadh. In 1960, nuair a rinneadh baill de Cheanada agus de na Stáit Aontaithe, cuireadh cuspóir eile leis an bpríomhchuspóir sin, mar atá dul chun cinn eacnamaíoch a chothú sa Tríú Domhan trí bhíthin cúnamh forbartha. Rinneadh ECFE den OEEC ansin, agus tá 38 mball ann anois.

Paul-Henri Spaak, é ina shuí ag bord, ag síniú an chonartha, roinnt toscairí timpeall air agus iad ag cromadh thar an mbord agus beirt toscairí ina suí ar gach taobh de.

Paul-Henri Spaak, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge, agus é ag síniú an chonartha lenar tugadh le chéile feidhmeannais na dtrí Chomhphobal (CEGC, CEE, Euratom), sa Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Aibreán 1965. Leis an gconradh bunaíodh Comhairle amháin agus Coimisiún amháin le haghaidh na gComhphobal Eorpach.

In 1949, bunaíodh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) mar chomhaontas míleata le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe. Is é comhchosaint agus tacaíocht chomhchoiteann is aidhm do ECAT. Ceapadh é mar chuid de chrios slándála domhanda chun tionchar an Aontais Shóivéidigh a bhacadh. I ndiaidh don Chuirtín Iarainn titim in 1989 agus nuair a díscaoileadh an tAontas Sóivéadach ina dhiaidh sin, ghlac an eagraíocht níos mó cúraimí uirthi féin maidir le bainistíocht géarchéime agus cur chun cinn na cobhsaíochta. Tá 31 Ballstát in ECAT, ina bhfuil 22 Bhallstát AE (gan Éire, an Chipir, Málta, an Ostair agus an tSualainn san áireamh) agus an Albáin, Ceanada, an Íoslainn, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. In 1954, cuireadh Aontas Iarthar na hEorpa (AIE) ar bun chun comhar idir tíortha na hEorpa a neartú maidir le beartas slándála. Ba é AIE a chuir tús le beartas slándála agus cosanta san Eoraip. Níor tháinig aon fhorbairt ar a ról ó shin, áfach, agus aistríodh formhór a chumhachtaí chuig institiúidí idirnáisiúnta eile, go háirithe chuig ECAT, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig an Aontas. Mar thoradh air sin, díscaoileadh AIE an 30 Meitheamh 2011.

An dara grúpa: Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip

Is é an ghné atá i bpáirt ag na heagraíochtaí Eorpacha sa dara grúpa go bhfuil a struchtúr deartha ionas go bhféadfaidh a oiread tíortha agus is féidir a bheith rannpháirteach iontu. Ag an am céanna, bhí tuiscint ann nach rachadh feidhmiú na n-eagraíochtaí sin thar an ngnáthchomhar idirnáisiúnta.

Robert Schuman, é ina sheasamh i lár seomra maorga, os comhair tinteán saothraithe, ag labhairt le toscairí atá ina suí os a chomhair nó ina seasamh timpeall an bhoird.

Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950 i seomra cloig Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Fraince ar an Quai d’Orsay i bPáras: mhol Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, go ndéanfaí tionscal na cruach agus an ghuail san Eoraip a chomhthiomsú chun an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a chruthú. Bhíothas den tuairim nach bhféadfadh cogadh tarlú idir na tíortha a bheadh rannpháirteach ann. Ní doshamhlaithe amháin ach dodhéanta freisin a bheadh a leithéid de chogaíocht.

Comhairle na hEorpa ar cheann de na heagraíochtaí sin, ar bunaíodh mar institiúid pholaitiúil í an 5 Bealtaine 1949 agus tá 46 bhall inti anois, na Ballstáit uile atá san Aontas Eorpach ina measc. I reacht na Comhairle ní dhéantar aon tagairt do bhogadh i dtreo cónaidhme nó aontas a bhunú, ná ní dhéantar foráil ann go ndéanfar cearta ceannasacha a aistriú ná a chumasc. Teastaíonn aontoilíocht le cinntí ar gach ceist thábhachtach, rud a chiallaíonn go bhfuil cumhacht chrosta ag gach tír. Dá bhrí sin, ceaptar Comhairle na hEorpa agus comhar idirnáisiúnta ar intinn, agus é sin amháin.

roinnt mhaith coinbhinsiún tugtha i gcrích ag an gComhairle i réimsí na heacnamaíochta, an chultúir, an bheartais shóisialta agus an dlí. Is é an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) a tugadh i gcrích an 4 Samhain 1950 an coinbhinsiún is tábhachtaí agus is fearr aithne díobh sin; tá gach ceann de na 46 mball den Chomhairle ina bpáirtithe sa choinbhinsiún anois. Ní hamháin gurb é CECD ba chúis le híoschaighdeán a leagan síos do na balltíortha chun cearta an duine a chosaint; ach bunaíodh córas cosanta dlíthiúla leis freisin a fhágann go bhféadann na comhlachtaí a bunaíodh in Strasbourg faoin gcoinbhinsiún (is iad sin an Coimisiún Eorpach um Chearta an Duine agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine) cáineadh a dhéanamh ar sháruithe ar chearta an duine sna ballstáit.

Is sa ghrúpa seo d’eagraíochtaí freisin atá an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), a bunaíodh in 1994 mar chomharba ar an gComhdháil um Shlándáil agus Comhar san Eoraip. Na prionsabail agus na cuspóirí a leagadh amach in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí in 1975 agus i gCairt Pháras in 1990, tá siad ina gceangal ar ESCE, a bhfuil 57 stát rannpháirteacha ann faoi láthair. Chomh maith le bearta chun iontaoibh a chothú idir thíortha na hEorpa, tá sé ar cheann de na cuspóirí sin freisin ‘líontán sábhála’ a chruthú lena bhféadfar easaontais a shocrú ar bhealach síochánta.

An tríú grúpa: An tAontas Eorpach

Is é an tAontas Eorpach an tríú grúpa de na heagraíochtaí Eorpacha. An ghné atá go hiomlán nua san Aontas agus lena ndéantar é a idirdhealú ón ngnáthchineál comhlachais idirnáisiúnta stát ná gur ghéill na Ballstáit cuid dá gcearta ceannasacha don Aontas Eorpach agus gur bhronn siad cumhachtaí air gníomhú go neamhspleách. Agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag an Aontas, is féidir leis reachtaíocht Eorpach a ghlacadh a bhfuil an fheidhm dhlí chéanna aici agus atá ag dlíthe sna Stáit aonair.

Ba é Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince an tráth sin Robert Schuman a leag bunchloch an Aontais Eorpaigh sa dearbhú uaidh an 9 Bealtaine 1950, inar chuir sé chun cinn an plean a d’oibrigh sé amach le Jean Monnet chun tionscail an ghuail agus na cruach san Eoraip a thabhairt le chéile chun Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) a bhunú. Dhearbhaigh sé gurbh é a bhí sa phlean tionscnamh cinniúnach lena gcruthófaí ‘Eoraip dhea-eagraithe bheoga’, tionscnamh ‘nach dtiocfadh leis an tsibhialtacht déanamh dá uireasa’ agus ‘nach bhféadfaí an tsíocháin dhomhanda a chaomhnú’ dá uireasa.

Cuireadh ‘Plean Schuman’ i ngníomh sa deireadh nuair a thug na sé stát bhunaitheacha (an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír) an conradh ag bunú CEGC i gcrích an 18 Aibreán 1951 i bPáras (Conradh Pháras) agus nuair a tháinig sé i bhfeidhm an 23 Iúil 1952. Bunaíodh an Comhphobal sin go ceann tréimhse 50 bliain agus rinneadh é ‘a chomhcheangal’ leis an gComhphobal Eorpach nuair a chuaigh an conradh bunaidh in éag (an 23 Iúil 2002). Roinnt blianta ina dhiaidh sin, rinneadh tuilleadh forbartha le Conarthaí na Róimhe an 25 Márta 1957, lena cruthaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom); cuireadh iad sin i mbun a ngníomhaíochtaí nuair a tháinig na conarthaí i bhfeidhm an 1 Eanáir 1958.

Ba chéim eile i dtreo aontú polaitiúil na hEorpa é bunú an Aontais Eorpaigh le Conradh Maastricht. Cé gur síníodh an conradh in Maastricht an 7 Feabhra 1992, toisc gur cuireadh i gcoinne an phróisis daingniúcháin ar bhealaí éagsúla (b’éigean dhá reifreann a thionól sa Danmhairg sular formheasadh an Conradh sa tír sin; agus tugadh cúis dlí sa Ghearmáin ag lorg dearbhaithe gur ghníomhaigh an Pharlaimint go míbhunreachtúil nuair a d’fhormheas sí an Conradh) níor tháinig sé i bhfeidhm go dtí an 1 Samhain 1993. Sa chonradh féin dúradh gurbh é a bhí ann ‘céim nua sa síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir phobail na hEorpa’. Bhí an ionstraim lena mbunaítear an tAontas Eorpach ina cuid den Chonradh sin, cé nár tugadh an próiseas sin chun críche leis an gConradh. Níor tháinig an tAontas Eorpach in ionad na gComhphobal Eorpach, ach ina áit sin chuir sé faoin gcumhdach céanna leis na beartais agus na cineálacha comhair nua iad. Mar sin, tá an tAontas Eorpach tógtha ar ‘thrí cholún’. Ba iad na Comhphobail Eorpacha an chéad cholún: CEE, (a athainmníodh mar CE), CEGC (go 2002) agus Euratom. Comhar idir na Ballstáit faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a bhí sa dara colún. Sa tríú colún cumhdaíodh comhar idir na Ballstáit i réimsí an cheartais agus gnóthaí baile.

Rinneadh tuilleadh forbartha ina dhiaidh sin, le Conradh Amstardam agus Conradh Nice, conarthaí a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 1999 agus an 1 Feabhra 2003 faoi seach. Ba é cuspóir na n-athchóirithe sin a áirithiú go mbeadh cumas gníomhaíochta éifeachtaí ag an Aontas i gcónaí d’ainneoin an tAontas a bheith méadaithe le líon réasúnta mór ball nua. Mar sin, díríodh sa dá chonradh sin ar athchóirithe institiúideacha. I gcomparáid le hathchóirithe eile roimhe sin, ba bheag toil pholaitiúil a léiríodh i gConradh Nice maidir le dlús a chur leis an lánpháirtíocht Eorpach.

An lochtú a rinne dreamanna éagsúla ina dhiaidh sin, bhí de thoradh air gur chuir sé tús le díospóireacht faoina raibh i ndán don Aontas agus dá institiúidí. Mar thoradh air sin, an 5 Nollaig 2001 in Laeken (an Bheilg), ghlac na Cinn Stáit nó Rialtais Dearbhú maidir le Todhchaí an Aontais Eorpaigh, inar gheall an tAontas go n-éireodh sé níos daonlathaí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí agus go n-osclófaí an bealach do bhunreacht. Ba é an chéad rud a rinneadh chun an sprioc sin a bhaint amach Coinbhinsiún Eorpach a bhunú chun Bunreacht Eorpach a dhréachtú; ba é iar-Uachtarán na Fraince, Valéry Giscard d’Estaing, a bhí ina chathaoirleach air. An 18 Iúil 2003, cuireadh an dréacht den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip faoi bhráid Uachtarán na Comhairle Eorpaí go hoifigiúil agus ghlac na Cinn Stáit nó Rialtais é le leasuithe éagsúla an 17 agus an 18 Iúil 2004 sa Bhruiséil.

Bhí sé i gceist go n-úsáidfí an bunreacht sin chun Aontas Eorpach aonair a dhéanamh den Aontas Eorpach agus den Chomhphobal Eorpach a bhí ann cheana, agus an tAontas Eorpach nua sin a bhunú ar Chonradh Bunreachtúil aonair. Ní bheadh fágtha mar chomhphobal ar leith ina dhiaidh sin ach an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach — ach bheadh dlúthbhaint aige sin leis an Aontas Eorpach i gcónaí. Theip sa phróiseas daingniúcháin ar thug na Ballstáit faoi, áfach, ar an iarracht sin bunreacht a bhunú. I ndiaidh na chéad vótaí ina bhfabhar i 13 cinn de na 25 Bhallstát a bhí ann an tráth sin, diúltaíodh don chonradh i reifrinn sa Fhrainc (54.68 % ina choinne, ó bhallóid 69.34 %) agus san Ísiltír (61.7 %, ina choinne, ó bhallóid 63 %).

Tar éis beagnach 2 bhliain a chaitheamh i mbun athmhachnaimh, seoladh pacáiste nua d’athchóirithe sa chéad leath de 2007. Sa phacáiste athchóirithe ba léir go rabhthas ar athrú smaoinimh faoi bhunreacht Eorpach faoina gcúlghairfí na conarthaí ar fad agus faoina gcuirfí téacs amháin ina n-ionad darbh ainm an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip. Ina ionad sin, tarraingíodh suas Conradh um Athchóiriú lena ndearnadh, mar a rinneadh le Conarthaí Maastricht, Amstardam agus Nice roimhe sin, athruithe bunúsacha ar chonarthaí an Aontais a bhí ann cheana chun cumas gníomhaíochta an Aontais san Aontas féin agus lasmuigh de a neartú, chun dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a threisiú agus chun éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais ina hiomláine a fheabhsú. De réir an nóis a bhí ann, ainmníodh an Conradh um Athchóiriú as an áit inar síníodh é: Conradh Liospóin. Dréachtaíodh an conradh thar a bheith gasta, go mór mór toisc gur leag na Cinn Stáit nó Rialtais féin amach go mionsonraithe i gconclúidí chruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil an 21 agus an 22 Meitheamh 2007 conas agus cá mhéad a dhéanfaí na hathruithe a caibidlíodh don Chonradh um Athchóiriú a ionchorprú sna Conarthaí a bhí ann san am. Ba neamhghnách an cur chuige a bhí acu sa mhéid is nár theorannaigh siad iad féin do threoracha ginearálta le cur chun feidhme ag comhdháil idir-rialtasach, ach gur tharraing siad suas iad féin struchtúr agus ábhar na n-athruithe a bhí le déanamh, agus ba mhinic a leag siad amach foclaíocht bheacht na forála.

Ba iad na nithe ba mhó a bhí ina n-údar achrainn acu an teorannú inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, todhchaí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, ról nua na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas na lánpháirtíochta, ionchorprú Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndlí an Aontais agus an dul chun cinn ab fhéidir a dhéanamh maidir le comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla. Mar thoradh air sin uile, ba bheag saoirse a bhí ag an gcomhdháil idir-Rialtasach a tionóladh in 2007 agus níor cumhachtaíodh í ach chun na hathruithe ba ghá a chur chun feidhme go teicniúil. Críochnaíodh obair na comhdhála faoin 18 agus an 19 Deireadh Fómhair 2007 agus fuarthas formheas polaitiúil na Comhairle Eorpaí, a bhí ag teacht le chéile go neamhfhoirmiúil i Liospóin ag an am céanna.

Ar deireadh, an 13 Nollaig 2007 i Liospóin, shínigh Cinn Stáit nó Rialtais na 27 mBallstát a bhí san Aontas ag an am (ní dheachaigh an Chróit isteach san Aontas Eorpach go dtí 2013) an Conradh go foirmiúil. Bhí an próiseas daingnithe don chonradh seo thar a bheith deacair freisin, áfach. Murab ionann agus an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, daingníodh Conradh Liospóin gan deacracht sa Fhrainc agus san Ísiltír; chuir an chéad reifreann a tionóladh in Éirinn an 12 Meitheamh 2008 bac air (53.1 % a chaith vóta agus vótáil 53.4 % acu sin i gcoinne an Chonartha). Tar éis roinnt dearbhuithe dlíthiúla a thabhairt do mhuintir na hÉireann maidir le raon feidhme (teoranta) an Chonartha nua, iarradh orthu vóta a chaitheamh arís sa dara reifreann ar an gcoradh i mí Dheireadh Fómhair 2009. An uair sin, thug muintir na hÉireann tacaíocht leathan don Chonradh (59 % a chaith vóta agus bhí 67.1 % acu sin i bhfabhar an Chonartha). Mar gheall ar rath an reifrinn in Éirinn réitíodh an bealach le haghaidh dhaingniú Chonradh Liospóin sa Pholainn agus sa tSeicia. Sa Pholainn, bhí ráite ag an Uachtarán Kaczyński go síneofaí an ionstraim dhaingniúcháin sa Pholainn, ach sin ar acht go n-éireodh leis an reifreann in Éirinn. I dtosach, bhí Uachtarán Phoblacht na Seice, Václav Klaus, ag iarradh fanacht le torthaí an reifrinn in Éirinn freisin, ach dúirt sé ina dhiaidh sin nach síneodh sé an ionstraim dhaingniúcháin go dtí go dtabharfaí ráthaíocht nach ndéanfadh Conradh Liospóin, agus go háirithe an Chairt um Chearta Bunúsacha a d’ionchorprófaí sa Chonradh ar an Aontas, difear d’Fhoraithní Beneš 1945, lenar dícheadaíodh éilimh ar thalamh i gceantair de chuid na Seicia a bhí ina gcuid den Ghearmáin tráth. A luaithe a thángthas ar réiteach ar an éileamh sin, shínigh Klaus an ionstraim dhaingniúcháin an 3 Samhain 2009. Ar an dóigh sin, tugadh an próiseas daingniúcháin chun críche agus socraíodh go bhféadfadh Conradh Liospóin teacht i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Le Conradh Liospóin rinneadh an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach a chumasc chun Aontas Eorpach aonair a chruthú. Cuireadh an focal ‘Aontas’ in ionad an fhocail ‘Comhphobal‘ tríd síos. Ghlac an tAontas Eorpach ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus tháinig sé i gcomharbas air. Mar sin féin, tá dlí an Aontais fós á múnlú ag na trí chonradh seo a leanas.

Conarthaí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair

An Conradh ar an Aontas Eorpach

Tá an Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh AE /CAE) roinnte de réir na sé theideal seo a leanas: (I) Forálacha coiteanna (II), Forálacha maidir leis na prionsabail dhaonlathacha, (III) Forálacha maidir leis na hinstitiúidí, (IV) Forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe, (V) Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus sainfhorálacha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus (VI) Forálacha críochnaitheacha.

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tá an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunaithe ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE). Tá an struchtúr céanna acu, a bheag nó a mhór, agus atá ag an gconradh sin. Baineann na príomhathruithe le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus le tabhairt isteach caibidlí nua, go háirithe caibidlí maidir le beartas fuinnimh, comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla, an spás, an spórt agus turasóireacht.

Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh

Leasaíodh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom) ag céimeanna éagsúla. I ngach cás, cuireadh na leasuithe sonracha isteach sna Prótacail a ghabhann le Conradh Liospóin.

Is ionann an seasamh dlí do CAE agus do CFAE agus níl seasamh dlí níos airde ná níos ísle ag ceann amháin seachas ceann eile. Ní mór an soiléiriú dlíthiúil sin a dhéanamh toisc go bhféadfaí a thuiscint ó na leibhéil rialála atá sa dá chonradh agus ó theideal nua an tsean-Chonartha CE (an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) gur bunreacht nó bunchonradh atá sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go bhfuil CFAE beartaithe a bheith ina chonradh cur chun feidhme. Níl nádúr bunreachtúil foirmiúil ag an gConradh ar an Aontas Eorpaigh ná ag CFAE ach oiread. Léirítear leis na téarmaí atá in úsáid tríd is tríd sna Conarthaí an t-athrú sin ó chur chuige an tsean-dréachtbhunreachta: ní luaitear an focal ‘bunreacht’ a thuilleadh; tugtar ‘Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála’ ar ‘aire gnóthaí eachtracha an Aontais’; agus éiríodh as na sainmhínithe ar ‘dlí’ agus ‘creatdlí’ a úsáid. Mar an gcéanna, níl airteagal ar bith sna conarthaí leasaithe ina ndéantar tagairt do shiombailí an Aontais amhail an bhratach nó an t-amhrán náisiúnta. Ní leagtar tosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh síos go sainráite i gconradh; tá an tosaíocht sin bunaithe ar dhearbhú ina dtagraítear do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá ábhartha maidir le ceist na tosaíochta, amhail mar a bhí roimhe sin.

 

Le Conradh Liospóin tugtar droim láimhe freisin le ‘trí cholún’ an Aontais. Tá na nósanna imeachta speisialta a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear cosaint na hEorpa, fós i bhfeidhm, áfach — leis na dearbhuithe ó chomhdháil idir-rialtasach atá i gceangal leis an gConradh cuirtear i dtábhacht cineál speisialta an réimse beartais sin agus freagrachtaí sonracha na mBallstát ina leith sin.

Ballraíocht AE

Tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar, tá 27 mBallstát san Aontas Eorpach faoi láthair. Orthu siúd tá sé bhall bunaidh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, is iad sin an Bheilg, an Ghearmáin (agus críoch Oirthear na Gearmáine, mar a bhíodh, mar chuid di, ó athaontaíodh an Ghearmáin an 3 Deireadh Fómhair 1990), an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír. An 1 Eanáir 1973, tháinig an Danmhairg (ní áirítear an Ghraonlainn anois ós rud é gur vótáil tromlach caol de mhuintir na tíre sin i reifreann i mí Feabhra 1982 gan fanacht sa Chomhphobal Eorpach), Éire, agus an Ríocht Aontaithe (a d’fhág an tAontas an 31 Eanáir 2020) isteach sa Chomhphobal; bhí aontachas na hIorua beartaithe ach diúltaíodh dó i reifreann i mí Dheireadh Fómhair 1972 (bhí 53.5 % i gcoinne ballraíochta sa Chomhphobal Eorpach).

Cuireadh tús leis an ‘méadú ó dheas’ le haontachas na Gréige an 1 Eanáir 1981 agus tugadh chun críche é an 1 Eanáir 1986 le haontachas na Spáinne agus na Portaingéile. Rinneadh an chéad mhéadú eile an 1 Eanáir 1995 nuair a ghlac an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn ballraíocht san Aontas Eorpach. San Iorua, amhail a tharla 22 bhliain roimhe sin, bhí reifreann ann agus vótáil tromlach caol den daonra (52.4 %) i  gcoinne ballraíocht san Aontas don tír. Ar an 1 Bealtaine 2004, ghlac na stáit Bhaltacha, an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin, na stáit lár-Eorpacha agus oir-Eorpacha, an tSeicia, an Ungáir, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic agus dhá oileán sa Meánmhuir, an Chipir agus Málta ballraíocht san Aontas Eorpach. Ní dheachaigh ach corradh le 2 bhliain thart go dtí aontachas na Bulgáire agus na Rómáine an 1 Eanáir 2007, rud a lean leis an méadú soir.

An 1 Iúil 2013, tháinig an Chróit, an ballstát is nuaí, isteach san Aontas. Tá daonra an Aontais méadaithe go dtí an figiúr reatha de 447 milliún. Leis an méadú stairiúil sin ar an Aontas cuireadh an dlaoi mhullaigh ar phróiseas fada; ba é toradh an phróisis sin gur athaontaíodh an Eoraip breis agus leathchéad bliain tar éis na deighilte a tharla de dheasca an Chuirtín Iarainn agus an Chogaidh Fhuair. Thar aon ní eile, léirítear leis na méaduithe sin gur mian le muintir na hEorpa mór-roinn na hEorpa a aontú agus an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas eacnamaíoch a thabhairt i réim.

Tá an tAontas Eorpach toilteanach glacadh le haontachas tuilleadh tíortha freisin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na critéir aontachais a leag Comhairle Eorpach Chóbanhávan síos in 1993.

  • Critéir pholaitiúla. Cobhsaíocht institiúidí, daonlathas, smacht reachta, ráthú chearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus a gcosaint.
  • Critéir eacnamaíochta. Geilleagar feidhmiúil margaidh a bheith ann lenar féidir dul i ngleic leis an mbrú iomaíochta agus le fórsaí margaidh san Aontas Eorpach.
  • Critéir dhlíthiúla. An cumas a bheith ag an stát na hoibleagáidí a ghlacadh a bhaineann le ballraíocht san Aontas Eorpach, lena n-áirítear a aidhmeanna a ghlacadh i dtaca le haontas polaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadais.

Tá trí chéim i bpróiseas an aontachais agus ní mór do na Ballstáit uile atá san Aontas faoi láthair iad a fhormheas:

  1. tairgtear ionchas ballraíochta do thír;
  2. tugtar stádas oifigiúil mar thír is iarrthóir do thír chomh luath agus a chomhlíonann sí coinníollacha an aontachais, ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil tús curtha leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil;
  3. cuirtear tús le caibidlíocht fhoirmiúil leis an tír is iarrthóir, lena dtagtar ar chomhaontú maidir leis na socruithe agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais a ghlacadh.

Nuair a bheidh an chaibidlíocht agus na hathchóirithe a ghabhann leo curtha i gcrích agus an dá thaobh sásta leo, leagtar síos na cinntí agus na coinníollacha i gcomhair aontachais i gconradh aontachais. Ar an gcéad dul síos, ní mór do Pharlaimint na hEorpa toiliú leis an gconradh aontachais le tromlach glan dá cuid feisirí. Ní mór don Chomhairle a formheas a thabhairt ansin agus é sin a dhéanamh d’aon toil. Ina dhiaidh sin, ní mór do Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais agus an tír aontachais an conradh aontachais a shíniú. Ansin, ní mór do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus don tír aontachais an conradh aontachais a ‘dhaingniú’ i gcomhréir lena bhforálacha bunreachtúla féin. Le taisceadh na n-ionstraimí daingniúcháin, críochnaítear próiseas an aontachais agus tiocfaidh an conradh aontachais i bhfeidhm. Beidh an tír aontachais ina Ballstát ansin.

caibidlíocht aontachais ar siúl faoi láthair leis an Tuirc (ó bhí 2005 ann), le Montainéagró (ó bhí 2012 ann), leis an tSeirbia (ó bhí 2014 ann), agus leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh (ó bhí 2022 ann).

Rinne an Tuirc iarratas ar bhallraíocht an 14 Aibreán 1987. Bhí plé ar siúl idir an tAontas agus an Tuirc i bhfad roimhe sin, áfach. Chomh fada siar le 1963, rinne an Tuirc agus CEE comhaontú comhlachais ina ndearnadh tagairt d’ionchas ballraíochta. In 1995, bunaíodh aontas custaim, agus i Heilsincí i Nollaig 1999 chinn an Chomhairle Eorpach stádas iarrthóra ar aontachas a thabhairt don Tuirc ar bhonn oifigiúil. Léiriú ba ea é sin gur creideadh go raibh gnéithe bunúsacha córais dhaonlathaigh sa tír cé gur aithníodh freisin go raibh easnaimh thromchúiseacha ann maidir le cearta an duine agus maidir le mionlaigh a chosaint. I mí na Nollag 2004, bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún, thug an Chomhairle Eorpach cead caibidlíocht aontachais a thosú leis an Tuirc. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i mí Dheireadh Fómhair 2005, ach is dúshlán fós í. Is é is cúis leis sin go páirteach droch-thaifead leanúnach na tíre maidir le cearta an duine, an smacht reachta, saoirse na meán cumarsáide agus an comhraic i gcoinne na caimiléireachta. Is constaic bhreise é nach bhféadfar ocht gcaibidil a oscailt le haghaidh caibidlíochta go dtí go ndéanfaidh an Tuirc an prótacal breise maidir leis an gCipir atá i gceangal le Comhaontú Ancara a dhaingniú, agus go bhfuil dúnadh sealadach na gcaibidlí ar déileáladh leo cheana ag brath ar an imeacht céanna sin. Is é an t-aontachas príomhaidhm na caibidlíochta sin, ach níl aon ráthaíocht ann go mbainfear an aidhm sin amach.

Rinne an Íoslainn iarratas ar bhallraíocht an 17 Iúil 2009. Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais in 2010; rinne siad dul chun cinn maith sa chaibidlíocht freisin ar dtús, ach, tar éis athrú rialtais, cuireadh stad leo sular éiríodh astu ar fad agus ina dhiaidh sin, tharraing an Íoslainn a hiarratas ar bhallraíocht siar an 12 Márta 2015.

In 2022, dheonaigh an tAontas Eorpach stádas mar iarrthóir don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin, don Mholdóiv agus don Úcráin. Tairgeadh ionchas ballraíochta den Aontas Eorpach don Chosaiv1 agus don tSeoirsia freisin.

Tá foráil déanta freisin maidir le tarraingt siar ón Aontas. Rinneadh clásal tarraingt siar (Airteagal 50) a ionchorprú sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena dtugtar cead do Bhallstát imeacht. Níl aon choinníoll i gceist le tarraingt siar den sórt sin ón Aontas; níl gá ach le comhaontú idir an tAontas agus an Ballstát lena mbaineann maidir leis na socruithe dá tharraingt siar. Mura féidir comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích, tiocfaidh an tarraingt siar i bhfeidhm gan aon chomhaontú 2 bhliain tar éis don Bhallstát a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige tarraingt siar. Ní dhéantar aon fhoráil ann, áfach, maidir le Ballstát a chur amach as an Aontas Eorpach in aghaidh a thola agus sin dearbhaithe aige, fiú de dheasca sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na conarthaí.

Baineadh feidhm as an rogha sin chun tarraingt siar níos luaithe ná mar a d’fhéadfaí a bheith súil leis. An 23 Meitheamh 2016, i reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas, vótáil 51.9 % de phobal na Ríochta Aontaithe (as 72.2 % a vótáil) i gcoinne fanacht san Aontas Eorpach. Mar toradh air sin, an 29 Márta 2017, cuireadh fógra um tharraingt siar ón Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach faoi bhráid na Comhairle Eorpaí go foirmiúil. Trí bliana tar éis reifreann na Ríochta Aontaithe, agus tar éis caibidlíochtaí an-chorrach ar an gcomhaontú um tharraingt siar, an 31 Eanáir 2020, socraíodh an séala faoi dheireadh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, tar éis 47 mbliana de bhallraíocht san Aontas. Ar dhul in éag don idirthréimhse an 31 Nollaig 2020, d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ina hiomláine an 1 Eanáir  2021, agus go háirithe tharraing sí siar ó mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais, ó bheartais an Aontais agus ó chomhaontuithe trádála an Aontais. Is sa Chomhaontú Trádála agus Comhair déthaobhach a leagtar amach an caidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar thríú tír, agus is príomhghné den aistarraingt é in éineacht leis an gComhaontú um Tharraingt Siar lena rialaítear téarmaí an phróisis imeachta agus an Dearbhú Polaitíochta, lena leagtar amach an chreata le haghaidh caibidlíochta ar an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

Tá aird ar leith le tabhairt ar dhá ghné den Comhaontú um Tharraingt Siar.

  • An fhadhb maidir le teorainn na hÉireann

Ag féachaint le cruthú teorann crua idir Tuaisceart Éireann agus Éire a sheachaint, d’éiligh an tAontas togra ‘cúlstop’ lena gcuirfeadh iallach, áfach, ar an Ríocht Aontaithe ar fad, nach mór, dul isteach in aontas custaim leis an Aontas Eorpach. Leis an bhféidearthacht sin bhí bagairt ann go mbeadh aon chomhaontú dodhéanta, ach ag an nóiméad deireanach thángthas ar shocrú a bhí inghlactha ag an dá thaobh. I bprótacal a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar leagtar amach gan aon éideimhne gur cuid de chríoch custaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann. Beidh feidhm gan srian freisin ag comhaontuithe trádála a bheidh an Ríocht Aontaithe in ann a thabhairt i gcrích tar éis dheireadh na hidirthréimhse, agus imeacht na tíre ó aontas custaim an Aontais, i dTuaisceart Éireann. Mar sin, beidh teorainn ag Tuaisceart Éireann le hÉirinn, agus mar sin leis an margadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais, rud a d’éileodh go teoiriciúil freisin seiceálacha earraí ag an teorainn sin. Thiocfadh sé sin salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (Béal Feirste) 1998, a síníodh i ndiaidh 30 bliain d’fhoréigean i dTuaisceart Éireann, ar a dtugtar na Trioblóidí. Socraíodh mar sin sa Chomhaontú um Tharraingt Siar go n-aistreofaí an teorainn chustaim idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas go dtí an fharraige idir an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann. Mar sin tá Tuaisceart Éireann faoi réir gach rialachán custaim agus margaidh ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe na rialacháin maidir le gluaiseacht earraí, caighdeáin sláinte, caighdeáin táirgthe, na socruithe díola do tháirgí talmhaíochta, rialacháin maidir le cáin bhreisluacha agus dleacht máil agus na rialacha maidir le rialú státchabhrach. Is féidir earraí a mhonaraítear i dTuaisceart Éireann a thabhairt isteach go hÉirinn (agus a thabhairt as sin go dtí aon áit san Aontas) gan aon seiceálacha teorann. Seiceálfaidh Custaim na Ríochta Aontaithe gach earra agus táirge a allmhairítear isteach i dTuaisceart Éireann ag calafoirt nó aerfoirt. Is í an phríomhaidhm a chinneadh an bhfuil na hearraí agus na táirgí sin beartaithe do cheann de mhargaí na Ríochta Aontaithe amháin, nó an bhfuil siad ina gcúis leis an ‘riosca’ go dtabharfar isteach i limistéar margaidh an Aontais Eorpaigh iad trí dhul trí Éirinn. Gabhfaidh comhchoiste air féin teorainneacha a leagan síos ar an ‘riosca’ sin ar bhonn critéir áirithe (cineál agus luach an táirge, úsáid le haghaidh tomhaltas díreach nó le haghaidh próiseáil bhreise, dóchúlacht mí-úsáide, etc.) agus foráil a dhéanamh maidir le díolúintí. Cinnfear an láimhseáil chustaim ansin trí leithdháileadh ar an gcríoch custaim ábhartha: má tá na hearraí beartaithe don mhargadh i dTuaisceart Éireann, beidh feidhm iomlán ag rialacháin chustaim na Ríochta Aontaithe; más rud é, ar an taobh eile, go bhfuil ‘riosca’ ann go gcuirfear na hearraí i dtrácht ar mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh arís, beidh feidhm ag rialacháin chustaim an Aontais. Tar éis na hidirthréimhse, féadfaidh Parlaimint Thuaisceart Éireann cinneadh a dhéanamh trí thromlach simplí gach 4 bliana cibé acu an mian léi leanúint le rialacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm. I gcás cinneadh diúltach, scoirfidh rialacháin an Aontais Eorpaigh de bheith bailí i dTuaisceart Éireann 2 bhliain ina dhiaidh sin. I gcás dá leithéid, chaithfí teacht ar réiteach eile thar thréimhse 2 bhliain chun teorainn fhisiciúil idir Tuaisceart Éireann agus Éire a sheachaint.

  • Cearta cómhalartacha saoránach

I bhfianaise go bhfuil 3.2 milliún saoránach de chuid an Aontais ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil 1.2 milliún náisiúnach de chuid na Ríochta Aontaithe ina gcónaí san Aontas, tugtar tús áite don tsaincheist um chosaint chómhalartach chearta na saoránach. De réir an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, saoránaigh den Aontas agus saoránaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí ar an gcríoch faoi seach roimh dheireadh na hidirthréimhse (31 Nollaig 2020) agus a leanann de bheith ag maireachtáil ann ina dhiaidh sin, beidh na cearta sin ar fad a raibh siad ina dteideal roimh Brexit acu don chuid eile dá saol. Leathnaítear na cearta sin freisin chuig baill teaghlaigh na saoránach sin. Fiú nuair a thiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse, is féidir leo cónaí, oibriú nó staidéar a dhéanamh ann fós. Féadfaidh a gcéile, a gclann nó a ngarchlann atá ina gcónaí i dtír eile aistriú chuig críoch an bhall teaghlaigh sin tráth ar bith. Coinníonn na tairbhithe gach teidlíocht ar shochair cúraim sláinte agus ar shochair leasa shóisialaigh eile freisin. Cinntítear go dtabharfar aitheantas cómhalartach do cháilíochtaí gairmiúla. Leanfar le haon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta a thoirmeasc, fiú tar éis na hidirthréimhse. Baineann na saoránaigh leas as an gcóir chomhionann iomlán, go háirithe maidir le cearta agus deiseanna comhionanna maidir le rochtain ar fhostaíocht agus ar oideachas. Ní bheidh feidhm go huathoibríoch ag na cearta sin a thuilleadh, áfach. Ina ionad sin, ní mór do shaoránaigh an Aontais, mar shampla, a stádas mar chónaitheoirí sa Ríocht Aontaithe a chruthú faoi mhí an Mheithimh 2021. Má chailltear an spriocdháta, ní féidir an stádas sin a fháil ach amháin má bhíonn forais láidre le hiarratas déanach.

Síníodh an Comhaontú Trádála agus Comhair an 30 Nollaig 2020. Cuireadh i bhfeidhm go sealadach é ón 1 Eanáir 2021, agus tháinig sé i bhfeidhm go cinntitheach an 1 Bealtaine 2021.

I measc nithe eile, bunaítear comhpháirtíocht chuimsitheach trádála leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Go bunúsach, tá an chomhpháirtíocht sin bunaithe ar chomhaontú saorthrádála nach ndéanann foráil maidir le taraifí ná cuótaí agus dá bhrí sin cuireann sé deireadh le srianta suntasacha trádála. Teastaíonn coinníollacha creata cothroma le comhpháirtíocht den sórt sin freisin, áfach, agus mar sin de tháinig an dá thaobh ar chomhaontú ar rialacháin uileghabhálacha d’fhonn iomaíocht chóir a ráthú. Baineann sé sin le státchabhair agus le caighdeáin sna réimsí a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, cosaint oibrithe, an comhshaol agus an aeráid. Mar sin féin ní fhéadfadh aon cheist a bheith ann maidir le fíor-chomhpháirtíocht eacnamaíoch mura rachadh caidreamh amach anseo níos faide ná saincheisteanna trádála. Dá bhrí sin chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chreat dá gcomhar amach anseo i go leor réimsí eile: seirbhísí; cáilíochtaí gairmiúla; soláthar poiblí; saincheisteanna comhshaoil agus fuinnimh; iompar lasta d’aer, ar muir agus d’iarnród; agus forálacha maidir le slándáil shóisialta agus maidir le taighde agus forbairt. Feidhmeoidh an comhaontú freisin mar bhonn do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i roinnt clár de chuid an Aontais amach anseo. Chun na dlúthnaisc idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus a ngaireacht gheografach a léiriú, bunaítear leis an gcomhaontú freisin dlúthpháirtíocht slándála chun comhar a éascú i réimsí an cheartais agus gnóthaí baile. Go sonrach, ciallaíonn sé sin go leanfaidh an dá thaobh de bheith ag comhoibriú go dlúth ar an gcomhrac in aghaidh na coireachta, agus ag gníomhú le chéile agus sciúradh airgid, coireacht thrasnáisiúnta agus sceimhlitheoireacht á gcomhrac, mar shampla faoi choimirce Europol (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí). Ina theannta sin rialaítear leis an gComhaontú malartuithe frithpháirteacha sonraí, mar shampla sonraí na dtaifead ainmneacha paisinéirí nó taifid choiriúla. Murab ionann agus an méid a bhí an tAontas ag iarraidh, ní dhéantar aon fhoráil sa Chomhaontú maidir le comhar ar bheartas eachtrach agus slándála. Beidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe fós ina gcomhpháirtithe tábhachtacha laistigh de ECAT, an ESCE agus na Náisiúin Aontaithe.

BUNLUACHANNA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 2 CAE (luachanna an Aontais)

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Luachanna is coiteann do na Ballstáit is ea na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

Airteagal 3 CAE (aidhmeanna an Aontais)

  1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.
  2. Cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine mar aon le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac.
  3. Bunóidh an tAontas margadh inmheánach. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar fhás eacnamaíoch cothromaithe agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh atá thar a bheith iomaíoch agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht a bhaint amach. Cuirfidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch chun cinn.

    Déanfaidh sé eisiamh sóisialta agus idirdhealú a chomhrac, agus cuirfidh sé chun cinn an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus cosaint chearta an linbh.

    Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

    Urramóidh sé an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

  4. Bunóidh an tAontas aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a mbeidh an euro mar airgeadra aige.
  5. Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus cuirfidh sé le cosaint a shaoránach. Cuirfidh sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil, le forbairt inbhuanaithe na Cruinne, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh go háirithe a chosaint, chomh maith le cloí go docht leis an dlí idirnáisiúnta agus é a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

Leagadh an dúshraith d’Eoraip aontaithe ar bhunsraith de bhunidéanna agus de bhunluachanna a bhfuil na Ballstáit tiomanta dóibh in Airteagal 2 CAE agus cuireann institiúidí feidhmiúcháin an Aontais na bunidéanna agus na bunluachanna sin i ngníomh go praiticiúil. Ar na bunluachanna sin tá meas ar dhínit an duine, ar an gcomhionannas, ar an tsaoirse agus ar an dlúthpháirtíocht. Is iad aidhmeanna admhaithe an Aontais coimirce a thabhairt do phrionsabail na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta atá ina gcomhphrionsabail ag na Ballstáit, agus cosaint a thabhairt do na cearta bunúsacha agus do chearta an duine.

Ní hamháin go socraítear leis na luachanna sin an caighdeán do thíortha ar mian leo dul isteach san Aontas sa todhchaí; féadfar pionós a ghearradh freisin ar sháruithe tromchúiseacha agus leanúnacha ar na luachanna agus na prionsabail sin ag Ballstát Airteagal 7 CAE.

Ar an gcéad dul síos, ní mór do na Cinn Stáit nó Rialtais sa Chomhairle Eorpach a chinneadh d’aon ghuth go bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ar luachanna agus ar phrionsabail an Aontais. Is iad na Cinn Stáit nó Rialtais a dhéanfaidh an cinneadh sin bunaithe ar thogra ó thrian de na Ballstáit nó ón gCoimisiún Eorpach, agus tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil. Ina dhiaidh sin, féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cearta áirithe a chur ar fionraí a tugadh don Bhallstát lena mbaineann de bhun chur i bhfeidhm an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear cearta vótála sa Chomhairle. Os a choinne sin, beidh na hoibleagáidí atá ar an mBallstát lena mbaineann faoi na conarthaí ina gceangal i gcónaí. Cuirtear san áireamh go háirithe an tionchar ar chearta agus ar oibleagáidí saoránach agus fiontar.

An tAontas Eorpach mar ráthóir na síochána

Is é an dúil sa tsíocháin is mó a spreagann aontú na hEorpa (cf. Airteagal 3 CAE). Sa chéad seo a chuaigh thart, troideadh dhá chogadh dhomhanda san Eoraip agus bhí tíortha ar Ballstáit anois iad den Aontas Eorpach in aghaidh a chéile iontu. Mar sin, is ionann beartas don Eoraip agus beartas don tsíocháin. Le bunú an Aontais cruthaíodh príomheilimint creata síochána a fhágann nach féidir le Ballstáit cogadh a chur ar a chéile. Tá seachtó bliain de shíocháin san Eoraip ina bhfianaise ar an méid sin. Dá mhéad Stáit Eorpacha a thiocfaidh isteach san Aontas, is amhlaidh is láidre a bheidh an creat síochána sin. Na méaduithe is déanaí a rinneadh ar an Aontas Eorpach, chuir siad go mór le neartú na síochána san Eoraip. In 2012, bronnadh Duais Síochána Nobel ar an Aontas Eorpach as ucht an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

Ach ní féidir talamh shlán a dhéanamh den tsíocháin san Eoraip, mar a léirítear le fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin. Ina ionad sin, ní mór don Aontas ról síochánaíochta a imirt lasmuigh den chrios síochána a chruthaítear laistigh den Aontas. Ba cheart go gcuirfeadh comhar idir Bhallstáit an Aontais maidir le beartas eachtrach agus slándála féidearthachtaí feabhsaithe chuige sin.

Aontacht agus comhionannas mar na téamaí athfhillteacha

Téama athfhillteach is ea an aontacht. Ní féidir fadhbanna móra an lae inniu a réiteach mura ngníomhóidh tíortha na hEorpa in éineacht le chéile, gan an éagsúlacht eatarthu a chailleadh. Is é an dearcadh atá ag a lán daoine, murach an lánpháirtíocht Eorpach, nach bhféadfaí síocháin (san Eoraip agus ar fud an domhain), daonlathas, dlí agus ceartas, rathúnas eacnamaíoch agus slándáil shóisialta a bhaint amach agus a ráthú go mbeidh siad ann amach anseo. Is fada ó bhí an t-athrú aeráide, an dífhostaíocht, an fás neamhleordhóthanach, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus truailliú an chomhshaoil ina gceisteanna náisiúnta amháin agus ní féidir iad a réiteach ar an leibhéal náisiúnta. Is i gcomhthéacs an Aontais amháin is féidir ord cobhsaí eacnamaíoch a bhunú, agus is trí chomhiarrachtaí Eorpacha amháin is féidir beartas eacnamaíoch idirnáisiúnta a ráthú a fheabhsóidh feidhmíocht gheilleagar na hEorpa agus ag an am céanna tacú le baint amach na spriocanna aeráide agus rannchuidiú leis an gceartas sóisialta. Gan comhtháthú inmheánach, ní féidir leis an Eoraip a neamhspleáchas polaitiúil agus eacnamaíoch ar an gcuid eile den domhan a dhearbhú, a tionchar ar chúrsaí idirnáisiúnta a ghnóthú arís ná a ról sa pholaitíocht dhomhanda a bhaint amach arís.

Ní bheidh rath ar an aontacht ach san áit a bhfuil an comhionannas ina riail. Ní féidir aon saoránach den Aontas a chur faoi mhíbhuntáiste ná idirdhealú a dhéanamh ina éadan de bharr a náisiúntachta. Ní mór aon idirdhealú a dhéantar bunaithe ar inscne, ar chine, ar bhunadh eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chomhrac. Téitear céim eile i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. toirmisctear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail dath, airíonna géiniteacha, teanga, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin nó breith. Ina theannta sin, is comhionann gach saoránach de chuid an Aontais os comhair an dlí. A mhéid a bhaineann leis na Ballstáit, ciallaíonn prionsabal an chomhionannais nach bhfuil tosaíocht ag aon stát thar aon stát eile, agus maidir le difríochtaí nádúrtha idir stáit amhail méid, daonra agus struchtúir éagsúla, ní mór plé leo i gcomhréir le prionsabal an chomhionannais.

Na saoirsí bunúsacha

Is toradh í an tsaoirse ar an tsíocháin, ar an aontacht agus ar an gcomhionannas. Nuair a nascadh 27 Stát chun eintiteas níos mó a chruthú, chiallaigh sé sin go mbeadh saoirse gluaiseachta thar theorainneacha náisiúnta ann. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, saoirse gluaiseachta d’oibrithe, saoirse bunaíochta, saoirse chun seirbhísí a sholáthar, saorghluaiseacht earraí agus saorghluaiseacht caipitil. Leis na saoirsí bunúsacha sin tugtar saoirse do lucht gnó agus iad i mbun cinnteoireachta, saoirse d’oibrithe a n-áit oibre a roghnú agus saoirse do thomhaltóirí rogha a dhéanamh as réimse leathan táirgí. A bhuí le saoirse iomaíochta is féidir le lucht gnó a n-earraí agus a seirbhísí a thairiscint ar mhargadh i bhfad níos mó. Is féidir le hoibrithe fostaíocht a lorg agus post a athrú de réir a méine agus a dtola féin ar fud an Aontais ar fad. Is féidir le tomhaltóirí na táirgí is saoire agus is fearr a roghnú as an ilréimse earraí atá ar fáil a bhuí leis an iomaíocht mhéadaithe.

Is minic a leagtar síos sa chonradh aontachais rialacha aistrithe maidir le haontachas tíre leis an Aontas, áfach, go háirithe maidir le saorghluaiseacht oibrithe, an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bunaíochta. De dheasca na rialacha sin is féidir le ‘sean-Bhallstáit’ an Aontais úsáid a bhaint as an dlí náisiúnta nó as comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana chun feidhmiú na saoirsí bunúsacha sin do náisiúnaigh na mBallstát nua a rialú ar feadh suas le 7 mbliana.

Prionsabal na dlúthpháirtíochta

Is í an dlúthpháirtíocht an gníomh ceartaitheach is gá don tsaoirse, nuair a bhaintear mí-úsáid as an tsaoirse, gan beann ar chuibheas, déanann siad aimhleas daoine eile. Ar an ábhar sin, chun go mairfidh creat AE, ní mór dlúthpháirtíocht a chuid ball a aithint mar bhunphrionsabal agus sa dóigh sin ní mór idir ualaí agus bhuntáistí, i.e. an rathúnas, a roinnt go cothrom agus go cóir idir na baill.

An fhéiniúlacht náisiúnta a urramú

Urramaítear féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát. Ní hé atá i gceist le hidé an Aontais go rachadh na Ballstáit ó aithne nó i léig; ní hé ar chor ar bith, ach go roinnfeadh siad a saintréithe ar leith leis an tAontas. Is leis an éagsúlacht saintréithe agus féiniúlachtaí náisiúnta sin a thugtar údarás morálta don Aontas agus is le leas an Aontais ina iomláine an t-údarás sin.

Tábhacht na slándála

I ndeireadh na dála, braitheann na luachanna bunúsacha uile ar an tslándáil. Go háirithe ó tharla an t-ionsaí ar na Stáit Aontaithe an 11 Meán Fómhair 2001, chomh maith leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip atá ag éirí níos líonmhaire agus níos fíochmhaire, tá an cath in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe san Eoraip i mbéal an phobail arís. Tá an comhar póilíneachta agus breithiúnach á chomhdhlúthú i gcónaí agus tá an chosaint ag teorainneacha seachtracha AE neartaithe freisin.

Sa chomhthéacs Eorpach, áfach, tá ciall níos leithne le slándáil, is é sin slándáil shóisialta gach saoránaigh atá ina chónaí san Aontas, cinnteacht fostaíochta agus cobhsaíocht do dhálaí ginearálta eacnamaíocha agus gnó. Chuige sin, is faoi institiúidí an Aontais na dálaí a chruthú a bhfuil saoránaigh agus gnólachtaí ag brath orthu le réiteach a dhéanamh don todhchaí.

Na cearta bunúsacha

Áirítear leis na luachanna agus na coincheapa bunúsacha atá i gcroílár an Aontais, cearta bunúsacha na saoránach aonair. Léirítear i stair na hEorpa le breis agus 200 bliain anuas go rabhthas go leanúnach i mbun iarrachtaí chun breis cosanta a thabhairt do chearta bunúsacha. Rinneadh dearbhuithe maidir le cearta daonna agus sibhialta san 18ú haois, agus ó shin i leith rinne formhór na stát sibhialta cearta bunúsacha agus saoirsí sibhialta a chumhdach go daingean ina mbunreachtanna. Is fíor sin go háirithe i gcás Bhallstáit an Aontais, Ballstáit a bhfuil a gcórais dlí bunaithe ar an smacht reachta agus ar mheas ar dhínit an duine, ar shaoirse an duine agus ar cheart an duine chun féinfhorbartha. Tá roinnt mhaith coinbhinsiúin idirnáisiúnta ann freisin maidir le cearta an duine a chosaint, agus ina measc sin tá ECHR thar a bheith tábhachtach don Eoraip.

Is in 1969 a bhunaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh corpas cásdlí chun feidhmiú mar chreat do chearta bunúsacha. Roimhe sin, dhiúltaigh an Chúirt plé le haon bhearta a bhain le cearta bunúsacha ar an mbonn nár ghá di bacadh le hábhair a tháinig faoi raon feidhme an dlí náisiúnta bhunreachtúil. Bhí ar an gCúirt a seasamh a athrú, áfach, ar chúpla cúis; ar an gcéad dul síos, mar gur sheas sí féin do thosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta; ní féidir an phríomhacht sin a bhunú go daingean ach amháin más leor dlí an Aontais ann féin chun cosaint na gceart bunúsach a ráthú leis an bhfeidhm dhlíthiúil chéanna agus atá faoi na bunreachtanna náisiúnta.

Ba é an pointe tosaigh sa chásdlí seo ná breithiúnas Stauder, inarbh é an pointe a bhí i gceist gur mheas faighteoir sochar leasa d’íospartaigh chogaidh gur sárú ar dhínit an duine agus ar phrionsabal an chomhionannais an ceanglas go raibh air a ainm a thabhairt agus é ag clárú le him a cheannach ar lascaine um Nollaig. Cé gurbh é a chinn an Chúirt Bhreithiúnais, ar léirmhíniú fhoráil an Aontais di, nár gá d’fhaighteoirí a n-ainm a thabhairt agus ar an ábhar sin nár ghá dáiríre breithniú a dhéanamh ar an gceist faoi cheart bunúsach a shárú, dhearbhaigh sí ar deireadh go bhfuil meas ar chearta bunúsacha ar cheann de na prionsabail atá cumhdaithe faoi bhunphrionsabail ghinearálta dhlíchóras an Chomhphobail, bunphrionsabail a bhfuil sé de dhualgas ar an gCúirt Bhreithiúnais iad a choimirciú. Leis an mbreithiúnas sin, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais den chéad uair go bhfuil a chreat de chearta bunúsacha ag an Aontas.

I dtús báire, rinne an Chúirt a coimircí do chearta bunúsacha a fhorbairt ó fhorálacha sna conarthaí. Is mar sin a rinne an Chúirt go háirithe i gcás na dtoirmeasc ar idirdhealú, i gcásanna ar leith, dhírigh siad ar ghnéithe áirithe de phrionsabal ginearálta an chomhionannais. I measc na samplaí tá cosc ar aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta (Airteagal 18 CFAE); cosc a chur ar chaitheamh ar shlí dhifriúil le daoine ar fhorais inscne, cine, bunaidh eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta (Airteagal 10 CFAE); cóir chomhionann earraí nó daoine maidir leis na ceithre shaoirse bhunúsacha — saorghluaiseacht earraí (Airteagal 34 CFAE), saorghluaiseacht daoine (Airteagal 45 CFAE), ceart bunaíochta (Airteagal 49 CFAE) agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 57 CFAE); saoirse iomaíochta (Airteagal 101 et seq. CFAE); agus pá comhionann d’fhir agus do mhná (Airteagal 157 CFAE). Soláthraítear ráthaíochtaí follasacha freisin maidir leis an gceart comhlachais (Airteagal 169 CFAE), maidir leis an gceart chun achainí a dhéanamh (Airteagal 24 CFAE) agus maidir le cosaint na rúndachta gnó agus na rúndachta gairmiúla (Airteagal 339 CFAE).

Na chéad iarrachtaí sin a rinne an Chúirt Bhreithiúnais cearta bunúsacha a chosaint trí dhlí an Aontais, chuir sí leo agus rinne sí breis forbartha orthu, diaidh ar ndiaidh. Rinne sí sin trí phrionsabail ghinearálta dlí a aithint agus a chur i bhfeidhm, prionsabail a tarraingíodh ó choincheapa is coiteann do bhunreachtanna na mBallstát agus ó na coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cosaint chearta an duine a raibh lámh ag na Ballstáit ina dtabhairt i gcrích. Tá ECHR ar cheann de na coinbhinsiúin sin a chuidigh le múnlú a dhéanamh ar shubstaint na gceart bunúsach san Aontas agus ar na sásraí chun na cearta sin a chosaint. Ar an mbonn sin, tugann an Chúirt aitheantas do shaoirsí áirithe mar bhunchearta a áirithítear faoi dhlí an Aontais: an ceart úinéireachta, saoirse chun gabháil le ceard, dosháraitheacht na háite cónaithe, saoirse tuairimíochta, cearta ginearálta pearsantachta, cosaint an teaghlaigh (e.g. a cearta atá ag baill teaghlaigh athaontú le hoibrí ar imirce), saoirse eacnamaíoch agus saoirse reiligiúin nó creidimh, chomh maith le roinnt cearta bunúsacha nós imeachta amhail an ceart chun próise cuí dlíthiúla, prionsabal na rúndachta maidir le comhfhreagras idir dlíodóir agus cliant (ar a dtugtar ‘cumarsáid faoi phribhléid’ sna tíortha ina bhfuil córas an dlí choitinn), an cosc ar dhuine a phionósú faoi dhó i  leith an chiona chéanna, nó an ceanglas bonn cirt a thabhairt le haghaidh gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Íomhá gar-amhairc d’inneall traenach agus oibrí tógála in éadaí cosanta ina sheasamh ar an ardán ar thaobh na láimhe deise, ag faire ar an inneall traenach.

Bhain cás Eugen Schmidberger le hagóid ar mhótarbhealach Brenner a d’fhág gur dúnadh an mótarbhealach don trácht bóthair ar feadh 30 uair an chloig.

Prionsabal thar a bheith tábhachtach amháin a ghairtear go rialta i ndíospóidí dlí is ea prionsabal na córa comhionainne. Mar mhíniú simplí, ciallaíonn sé go gcaithfear plé le cásanna den chineál céanna sa tslí chéanna, ach amháin má tá foras ann a bhfuil údar oibiachtúil leis chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Tugann dlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais corpas fairsing de dhlí garbhunreachtúil don Aontas. Go praiticiúil, is é prionsabal na comhréireachta an chuid is tábhachtaí den dlí-eolaíocht sin. Ciallaíonn an prionsabal sin go gcaithfear na cuspóirí atá le baint amach agus na modhanna a úsáidfear chuige sin a thomhas agus iarracht a dhéanamh iad a chur i gcóimheá le chéile ionas nach gcuirfear an saoránach faoi ualaí iomarcacha. I measc na mbunphrionsabal eile is bonn do dhlí an Aontais tá prionsabail ghinearálta an dlí riaracháin agus coincheap an phróisis chuí: ní foláir prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a chosaint, coisctear forálacha aisghníomhacha lena mbaineann ualaí nó lena n-aisghairtear buntáistí a fuarthas go dlisteanach — agus ní mór an ceart chun próiseas cuí dlí, nó an ceartas aiceanta mar a thugtar air sin go traidisiúnta — a chinntiú i nósanna imeachta riaracháin an Choimisiúin agus i nósanna imeachta breithiúnacha na Cúirte Breithiúnais. Tá an trédhearcacht bhreise an-tábhachtach freisin; ciallaíonn sé gur cheart cinntí a dhéanamh ar shlí chomh hoscailte agus is féidir agus iad a dhéanamh chomh gar agus is féidir don saoránach. Gné thábhachtach den trédhearcacht sin is ea go bhféadann aon saoránach de chuid an Aontais nó aon duine dlítheanach atá cláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid na Comhairle nó an Choimisiúin. Ní mór gach deontas agus fóirdheontas ó bhuiséad an Aontais a nochtadh freisin do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha trí bhíthin bunachair shonraí atá inrochtana do gach saoránach den Aontas.

Aithnítear go bhfuil an-chuid bainte amach ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le cearta bunúsacha neamhscríofa a fhorbairt. Dá ainneoin sin, bhí míbhuntáiste mór amháin ag baint leis an bpróiseas seo lenar díorthaíodh ‘cearta bunúsacha Eorpacha’: is é sin go raibh an Chúirt Bhreithiúnais teoranta don chás áirithe a bhí faoina bráid. Dá bhrí sin, ní raibh sí in ann cearta bunúsacha a fhorbairt ó na prionsabail ghinearálta dlí do gach réimse inar chosúil gur ghá nó gurbh inmhianaithe iad a fhorbairt. Ní raibh sí ábalta ach oiread raon feidhme chosaint na gceart bunúsach ná na teorainneacha ar an gcosaint sin a leagan síos ar bhealach chomh ginearálta agus chomh sainiúil agus ba ghá. Mar gheall air sin, ní raibh institiúidí an Aontais in ann a mheas le dóthain beachtais an raibh baol ann go sáróidís ceart bunúsach. Agus an saoránach den Aontas a bheadh in amhras gur sáraíodh a chearta, ní fhéadfadh sé a mheas ach oiread ar sáraíodh ceann dá chearta bunúsacha mura dtarraingeodh sé tuilleadh dua air féin i ngach cás.

Ar feadh i bhfad, síleadh go dtiocfadh réiteach na deacrachta sin as aontachas an Aontais do ECHR. I dTuairim Uimh. 2/94 ón gCúirt, áfach, dhearbhaigh an Chúirt, agus dlí an Aontais mar a bhí ag an am sin, nach raibh aon inniúlacht ag an Aontas aontú don choinbhinsiún. Dúirt an Chúirt go raibh sé de choinníoll le dlíthiúlacht ghníomhartha an Aontais go n-urramódh siad cearta an duine. Bheadh gá athrú mór a dhéanamh ar chóras reatha an Aontais maidir le cosaint chearta an duine, áfach, sa mhéid go gciallódh aontachas don Choinbhinsiún go mbeadh ar an Aontas glacadh le córas institiúideach idirnáisiúnta ar leith agus go mbeadh air forálacha uile an Choinbhinsiúin a chomhtháthú le dlíchóras an Aontais. Bhí an Chúirt den tuairim gur athrú de chineál bunreachtúil a bheadh in athrú den sórt sin ar an gcóras do chosaint chearta an duine san Aontas, athrú a mbeadh impleachtaí bunúsacha institiúideacha leis freisin don Aontas féin agus do na Ballstáit, agus dá bhrí sin go rachadh sé thar raon feidhme na gcumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 352 CFAE. Cuireadh an t-easnamh sin ina cheart le Conradh Liospóin. Déantar foráil shonrach anois d’aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gcoinbhinsiún in Airteagal 6(2) CAE. Athosclaíodh an chaibidlíocht aontachais go pras ansin in 2010. In earrach 2013, thángthas ar chomhaontú maidir leis an dréacht-chomhaontú aontachais. Chuir an Coimisiún an dréacht sin chuig an gCúirt Bhreithiúnas agus d’iarr sé tuairim uaithi maidir le comhoiriúnacht an dréachta sin do dhlí an Aontais. Ina Tuairim 2/13, tháinig an Chúirt ar an gconclúid nach raibh an dréacht-chomhaontú ar aontachas an Aontais le ECHR, san fhoirm a moladh, ag luí le dlí an Aontais, toisc go raibh an baol ann, ar roinnt pointí, go ndéanfaí dochar do shaintréithe speisialta agus d’uathriail dhlí an Aontais.

D’iarr an chuideachta iompair Schmidberger ar Phoblacht na hOstaire — nár thoirmisc a cuid údarás an léirsiú — damáistí a íoc i leith an chaillteanais a thabhaigh sí mar thoradh ar an dúnadh. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cuireadh srian le saorghluaiseacht earraí de bhrí nár toirmisceadh an léirsiú ach go bhféadfaí an neamhthoirmeasc a chosaint go hoibiachtúil. Chuir sí in iúl go raibh meas á thabhairt leis an gcinneadh ar na cearta bunúsacha a bhí ag na léirsitheoirí an tsaoirse a bheith acu a dtuairimí a nochtadh, saoirse a ráthaítear i mBunreacht na hOstaire agus sa Choinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine. Chinn an Chúirt nach bhféadfaí a rá gur sháraigh údaráis na hOstaire an dlí sa chaoi go mbeadh dliteanas mar thoradh air.

Pointe suntasach cáinte sa chomhthéacs seo ab ea, dá n-aontódh an tAontas do ECHR, go gcaithfeadh an Cúirt Bhreithiúnais a bheith faoi réir chinntí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus go mbeadh comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais faoi réir mhaoirseacht chearta an duine freisin sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Bhí na Breithiúna den tuairim go raibh sé sin i gcoinne phrionsabail struchtúracha an Aontais, prionsabail a raibh tábhacht ag baint leo. Cé, go teoiriciúil, gur féidir leis an Aontas Eorpach aontú don Choinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine tar éis an chinnidh sin, ní tharlóidh sé sin i láthair na huaire mar nach mór roinnt sonraí teicniúla sa dréacht aontachais a leasú roimh ré. Gan beann ar aontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, le Conradh Liospóin, áfach, tugadh céim thábhachtach eile i dtreo dlí coiteann bunreachtúil don Aontas Eorpach agus cuireadh bonn nua faoi chosaint ceart bunúsach san Aontas. Le hairteagal nua maidir le cearta bunúsacha (Airteagal 6 CAE) cuirtear gníomhaíochtaí institiúidí an Aontais agus na mBallstát, a mhéid a chuireann siad dlí an Aontais i bhfeidhm agus chun feidhme, faoi réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar leibhéal an Aontais le tagairt san airteagal sin. Tá an Chairt sin um Chearta Bunúsacha bunaithe ar dhréacht a tharraing coinbhinsiún de 16 ionadaí ar Chinn Stáit nó Rialtais na mBallstát, chomh maith le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 16 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, agus 30 feisire ó na parlaimintí náisiúnta (beirt ó gach ceann de na 15 Bhallstát a bhí ann ag an am sin) faoi chathaoirleacht an Ollaimh Roman Herzog suas roimh roimhe sin. Rinne Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an dréacht sin a fhógairt go sollúnta an 7 Nollaig 2000 i dtús Chomhairle Eorpach Nice gurbh éard a bhí inti ‘Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh’. Le linn na caibidlíochta ar bhunreacht Eorpach, rinneadh athbhreithniú ar an gCairt um Chearta Bunúsacha agus cuireadh isteach í mar chuid dhílis den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip an 29 Deireadh Fómhair 2004. Mar gur theip ar an gconradh, áfach, d’fhógair Uachtarán na Parlaiminte Eorpaí, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh arís go sollúnta an 12 Nollaig 2007 in Strasbourg gurbh éard a bhí inti ‘Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh’, agus gurbh ionstraim neamhspleách í an uair seo. Sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, tagraítear don leagan sin den Chairt atá ceangailteach ó thaobh dlí de. Fágann sin go bhfuil an Chairt um Chearta Bunúsacha ceangailteach ó thaobh dlí de agus bunaítear leis an gConradh freisin go bhfuil cearta bunúsacha infheidhme i ndlí an Aontais. Níl feidhm aige sin maidir leis an bPolainn, áfach, toisc nárbh mhian leis an mBallstát sin córas um chearta bunúsacha na cairte a ghlacadh, toisc go raibh imní air go mbeadh sé d’oibleagáid air seasaimh náisiúnta áirithe a thabhairt suas nó ar a laghad a athrú maidir le saincheisteanna reiligiúin agus creidimh go háirithe. Dá bhrí sin, níl an Pholainn faoi cheangal ag cearta bunúsacha na cairte, ach ag cásdlí na Cúirte Breithiúnais, mar a bhí roimhe seo.

NA MODHANNA CHUN AN EORAIP A AONTÚ

Ó thaobh aontú na hEorpa de, tá dhá choincheap faoi leith ann maidir le sainmhíniú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn tíortha na hEorpa le chéile: comhar agus lánpháirtíocht. Tá comhar feabhsaithe tagtha chun cinn mar mhodh breise.

Comhar idir na Ballstáit

Cé go bhfuil na Ballstáit sásta bogadh amach thar a dteorainneacha féin ar mhaithe le hoibriú le Ballstáit eile, ní dhéanfaidh siad é sin ach i gcás ina ndéanfar a gceannasacht náisiúnta féin a chaomhnú mar phrionsabal — is é sin éirim an chomhair. Dá bhrí sin, níl sé mar aidhm leis na hiarrachtaí aontaithe atá bunaithe ar chomhar stát nua aonair a chruthú, ach ina ionad sin, tá siad teoranta do stáit cheannasacha a nascadh le chéile chun cónaidhm stát a chruthú, ina gcaomhnaítear struchtúir náisiúnta (cónaidhm). Tá na modhanna oibre atá ag Comhairle na hEorpa agus ag ECFE ag teacht le prionsabal an chomhair.

Coincheap na lánpháirtíochta

Riamh anall mhair náisiúnstáit i gcomhthreo lena chéile. Céim chun tosaigh air sin is ea coincheap na lánpháirtíochta. Leis an dearcadh traidisiúnta go bhfuil ceannasacht na stát dosháraithe agus doroinnte réitítear an tslí don tuairim go nach féidir ord neamhfhoirfe na cómhaireachtála daonna agus náisiúnta, neamhdhóthanacht bhunúsach an chórais náisiúnta, agus an iliomad cásanna i stair na hEorpa ina ndearbhaíonn stát amháin a chumhacht thar stát eile (mórcheannas) a shárú ach amháin má dhéantar na ceannasachtaí náisiúnta aonair a chomhthiomsú chun ceannasacht choiteann a chruthú agus, ar leibhéal níos airde, má dhéantar iad a chónascadh i gcomhphobal fornáisiúnta (cónaidhm).

D’eascair an tAontas Eorpach ó choincheap na lánpháirtíochta, ach ní dhéantar ceannasacht náisiúnta a chónascadh ann. Ní raibh na Ballstáit toilteanach struchtúr an náisiúnstáit a thabhairt suas — struchtúr nach raibh ach díreach faighte ar ais agus daingnithe acu tar éis an Dara Cogadh Domhanda — ar mhaithe le cónaidhm Eorpach. Dá bhrí sin, b’éigean teacht ar chomhréiteach arís eile, comhréiteach a chinnteodh go mbeadh níos mó i gceist ná díreach comhar idir stáit, gan an gá cónaidhm Eorpach a chruthú. Ba é an réiteach ar thángthas air laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar na bearnaí idir caomhnú an neamhspleáchais náisiúnta agus cónaidhm Eorpach. Níor iarradh ar na Ballstáit droim láimhe amach is amach a thabhairt lena gceannasacht. Ní raibh orthu ach a admháil nár chreid siad gur ceannasacht dhoroinnte a bhí inti. Dá bhrí sin, ní raibh i gceist i dtús báire ach réimsí a shainaithint ina raibh na Ballstáit toilteanach scaradh le cuid dá gceannasacht ar mhaithe le comhphobal a bhí níos airde ná iad go léir. Léiríonn na trí chonradh bhunaidh — CEGC, C(E)E agus Euratom — torthaí na n-iarrachtaí sin.

Sonraítear sna conarthaí sin agus i gConarthaí an Aontais Eorpaigh sa lá atá inniu ann na réimsí inar aistríodh cearta ceannasacha chuig an Aontas Eorpach. Sa chomhthéacs sin, ní thugtar aon chumhacht ghinearálta don Aontas ná dá chuid institiúidí tabhairt faoi na bearta atá riachtanach chun cuspóirí na gconarthaí a bhaint amach. Ina ionad sin, leagtar síos cineál agus raon na gcumhachtaí chun gníomhú sna forálacha conartha faoi seach (an prionsabal maidir le tabhairt shonrach cumhachtaí). Ar an mbealach sin, tá na Ballstáit in ann faireachán a dhéanamh ar ghéilleadh a gcuid cumhachtaí agus é a rialú.

Comhar feabhsaithe

Tá ionstraim a bhaineann le comhar feabhsaithe mar bhonn ag an smaoineamh maidir le lánpháirtíocht il-luais a chur chun feidhme. Is é an smaoineamh atá ann go dtugtar deis do ghrúpaí beaga Ballstát a bpáirtíocht a mhéadú i réimse faoi leith atá faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh, gan aon bhac ó na Ballstáit a bhfuil drogall orthu, nó nach bhfuil sásta, é sin a dhéanamh.

De bhrí go raibh na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le húsáid na hionstraime sin an-dian i dtús báire (Conradh Amstardam), maolaíodh beagán iad mar thoradh ar mhéadú an Aontais (Conradh Nice). Tugtar le chéile i gConradh Liospóin na forálacha a bhí ann roimhe sin maidir le comhar feabhsaithe in Airteagal 20 CAE (coinníollacha creata) agus in Airteagal 326 go hAirteagal 334 CFAE (coinníollacha forlíontacha, rannpháirtíocht, nósanna imeachta, rialacha vótála).

Is féidir achoimre mar seo a leanas a dhéanamh ar na rialacha maidir le comhar feabhsaithe.

  • Ní fhéadfar an comhar sin a úsáid ach faoi chuimsiú na n-inniúlachtaí atá ag an Aontas Eorpach cheana agus má chuireann siad cuspóirí an Aontais chun cinn agus má dhéanann siad próiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a dhaingniú (Airteagal 20 CAE). Leis an gcomhar sin amháin, dá bhrí sin, ní féidir maolú a dhéanamh ar laigí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta atá leabaithe i struchtúr chonarthaí an Aontais Eorpaigh. Ní mór gan ligean don chomhar feabhsaithe dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach ná do chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais. Thairis sin, níor cheart dó bac a chur ar thrádáil, a bheith ina chúis le hidirdhealú i gcúrsaí trádála idir na Ballstáit ná an iomaíocht a shaobhadh (Airteagal 326 CFAE). Ní mór inniúlachtaí, cearta, oibleagáidí agus leasanna na mBallstát siúd nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar a urramú (Airteagal 327 CFAE).
  • Ní mór cead a bheith ag na Ballstáit go léir a bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe. Ina theannta sin, ní mór cead a bheith ag na Ballstáit bheith rannpháirteach sa chomhar ag aon am, fad a chomhlíonann na Ballstáit lena mbaineann na cinntí a dhéantar faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe. Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an oiread Ballstát agus is féidir rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe (Airteagal 328 CFAE).
  • Níor chóir tabhairt faoin gcomhar feabhsaithe ach amháin mura bhfuil aon rogha eile ann agus má tá sé cinntithe laistigh den Chomhairle nach féidir na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhar sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta ama trí fhorálacha ábhartha na gconarthaí a chur i bhfeidhm. Ní mór naoi mBallstát ar a laghad a bheith rannpháirteach ann chun comhar feabhsaithe a bhunú (Airteagal 20(2) CAE).
  • Ní mheastar go bhfuil gníomhartha a ghlactar faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe ina gcuid de acquis an Aontais Eorpaigh. Is sna Ballstáit atá rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta agus iontu sin amháin atá infheidhmeacht dhíreach ag na gníomhartha sin (Airteagal 20(4) CAE). Ní fhéadfaidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa phróiseas bac a chur ar chur chun feidhme na ngníomhartha sin, áfach.
  • Is iad na Ballstáit atá rannpháirteach ann a sheasfaidh an caiteachas a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe, seachas costais riaracháin, ach amháin i gcás ina gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, agus iad ag gníomhú d’aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (Airteagal 332 CFAE).
  • Ní mór don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na gníomhartha a dtabharfar fúthu faoi chuimsiú an chomhair feabhsaithe comhsheasmhach le beartais agus gníomhartha eile de chuid an Aontais (Airteagal 334 CFAE).

Ó thaobh na praiticiúlachta de, tá an ionstraim sin á húsáid níos mó agus níos minice: Den chéad uair riamh i stair an Aontais, bhain na Ballstáit feidhm as an nós imeachta a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe chun rialachán a chruthú lena gceadaítear do chéilí ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla an dlí is infheidhme maidir le colscaradh a roghnú. Nuair a theip ar thogra ón gCoimisiún chuige sin in 2006 an aontoilíocht a bhí de dhíth a bhaint amach sa Chomhairle, thug an Chomhairle údarú dul ar aghaidh le comhar feabhsaithe le cinneadh an 12 Iúil 2010. Ar bhonn togra nua ón gCoimisiún, d’aontaigh 14 Bhallstát (an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóivéin) ar na forálacha i ndáil le colscaradh nó idirscaradh céilí ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla; chuaigh an Liotuáin (2014), an Ghréig (2015) agus an Eastóin (2018) i gcomhar leo siúd ina dhiaidh sin. Tá an toradh leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil. Leathnaíodh an comhar feabhsaithe sin in 2016 nuair a cuireadh Rialachán (AE) 2016/1103 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse na dlínse, an dlí is infheidhme agus an aitheantais agus forghníomhaithe cinntí in ábhair maidir le réimis maoine pósta.

Bhain cás eile inar cuireadh comhar feabhsaithe chun feidhme le cosaint phaitinne san Eoraip. D’uireasa na Spáinne agus na Cróite, agus le rannpháirtíocht na hIodáile ina dhiaidh sin, tháinig 25 Bhallstát de chuid an Aontais ar an iomlán ar shocrú maidir le comhar feabhsaithe chun cosaint aonadach phaitinne a chruthú. Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 i ndáil leis na socruithe aistriúcháin is infheidhme a tháinig i bhfeidhm an 20 Eanáir 2013. Ní bheidh feidhm ag na rialacháin, áfach, go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú ar Chúirt Aontaithe na bPaitinní i bhfeidhm. Chun go dtarlódh sé sin, ní mór 13 Bhallstát ar a laghad an comhaontú a dhaingniú.

Ar deireadh, bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) freisin mar thoradh ar chomhar feabhsaithe. Faoi Chonradh Liospóin, cumhachtaíodh an tAontas Eorpach chun oifig den sórt sin a bhunú (Airteagal 86 CFAE) trí rialachán arna ghlacadh d’aon toil ag an gComhairle i ndiaidh di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Le Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, bhain an Chomhairle leas sa deireadh as an inniúlacht sin faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe, toisc nárbh fhéidir an aontoilíocht riachtanach sa Chomhairle a bhaint amach. Go dtí seo, bhí 22 Bhallstát rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe seo.

‘BUNREACHT’ AN AONTAIS EORPAIGH

Tá bunreacht ag gach eagraíocht shóisialta. Is leis an mbunreacht a shainítear an struchtúr atá ag córas polaitiúil, i.e. déantar an gaol atá idir na codanna ar leith agus idir na córais ina iomláine a shonrú, sainítear na cuspóirí coiteanna agus leagtar síos na rialacha maidir le cinntí ceangailteacha a dhéanamh. Ar an ábhar sin, agus mar gur comhlachas stát é an tAontas a bhfuil cúraimí air agus feidhmeanna aige atá réasúnta sonrach, ní mór bunreacht an Aontais na freagraí a bheith aige ar na ceisteanna céanna a bpléitear leo i mbunreachtanna Stáit.

Sna Ballstáit, tá an comhlacht polaitiúil múnlaithe ag dhá phríomhphrionsabal: an smacht reachta agus an daonlathas. Mar sin, chun go mbeidh gníomhaíochtaí uile an Aontais i gcomhréir le ceanglais bhunúsacha an dlí agus an daonlathais, ní mór idir dhlisteanacht dhlíthiúil agus dlisteanacht dhaonlathach a bheith ag gach rud a bhaineann leis: na heilimintí ar a bhfuil sé bunaithe, a struchtúr, a chumhachtaí, an dóigh a bhfeidhmíonn sé, seasamh na mBallstát agus a n-institiúidí, agus seasamh an tsaoránaigh.

Toisc gur theip ar an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip an 29 Deireadh Fómhair 2004, níl ‘bunreacht’ an Aontais Eorpaigh leagtha síos go fóill i ndoiciméad cuimsitheach bunreachtúil amhail atá i gcás fhormhór bhunreachtanna Bhallstáit an Aontais, ach eascraíonn sé as iomlán na rialacha agus na mbunluachanna a measann iad siúd a bhfuil údarás acu go bhfuil siad faoina gceangal. Tá na rialacha sin le fáil go páirteach sna conarthaí Eorpacha, sna hionstraimí dlí arna dtáirgeadh ag institiúidí an Aontais nó i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, ach braitheann siad go páirteach freisin ar an gcustam.

Cineál dlítheanach an Aontais Eorpaigh

Chun cineál dlítheanach an Aontais a mheas ní mór dearcadh ar a phríomhghnéithe ar dtús. Cé gur leagadh amach cineál dlítheanach an Aontais Eorpaigh in dhá bhunbhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais in 1963 agus 1964, agus cé gur le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa mar a bhí ag an am a bhain na breithiúnais sin, tá siad bailí i gcónaí don Aontas Eorpach mar atá sé faoi láthair.

Van Gend & Loos

Sa díospóid dhlíthiúil sin, chuir an chuideachta iompair Ollannach, Van Gend & Loos, an dlí ar údaráis custaim na hÍsiltíre as dleacht ar allmhairí a chur ar tháirge ceimiceach ón nGearmáin a bhí ní b’airde ná na dleachtanna a cuireadh roimhe sin ar allmhairí. Mheas an chuideachta gur sárú é sin ar an Airteagal 12 roimhe sin den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh CEE), lenar cuireadh cosc ar dhleachtanna nua ar allmhairí nó ar aon mhéadú ar dhleachtanna custaim a bhí ann idir na Ballstáit. Rinne an chúirt san Ísiltír na himeachtaí a chur ar fionraí agus an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun soiléiriú a fháil maidir le raon feidhme agus impleachtaí dlí an Airteagail thuasluaite den Chonradh ag bunú Chonradh CEE.

Thapaigh an Chúirt Bhreithiúnais an deis sin chun roinnt barúlacha de chineál bunúsach a bhain le cineál dlítheanach CEE a leagan amach. Ina breithiúnas, luaigh an Chúirt an méid seo a leanas:

Is éard is cuspóir do Chonradh CEE, is é sin Comhmhargadh a bhunú, a mbeidh a fheidhmiú ina chúram díreach do pháirtithe leasmhara sa Chomhphobal, nach bhfuil sa Chonradh seo ach comhaontú nach gcruthaítear leis ach oibleagáidí frithpháirteacha idir na stáit chonarthacha. Dearbhaítear an tuiscint sin sa bhrollach a ghabhann leis an gConradh, i gcás ina ndéantar tagairt ní hamháin do rialtais ach don phobal freisin. Dearbhú eile níos sonraithe ar an tuiscint chéanna is ea bunú na n-institiúidí a bhfuil cearta ceannasacha bronnta orthu, ar cearta iad a bhfuil tionchar ag a bhfeidhmiú ar na Ballstáit agus ar shaoránaigh na mBallstát. […] Is é an chonclúid atá le baint as seo gur dlíchóras nua de dhlí idirnáisiúnta atá sa Chomhphobal ar chun tairbhe dó a theorannaigh na Stáit a gcearta ceannasacha, ach gur i réimsí teoranta amháin a teorannaíodh iad, agus gurb iad na Ballstáit agus a náisiúnaigh atá faoina réir.’

Costa v ENEL

Ní dheachaigh ach bliain thart gur thug Cás 6/64 Costa v ENEL deis don Chúirt Bhreithiúnais a seasamh a leagan amach go mion. Is iad seo a leanas fíorais an cháis sin. In 1962, náisiúnaíodh táirgeadh agus dáileadh an leictreachais san Iodáil agus aistríodh sócmhainní na ngnóthas leictreachais chuig an mbord náisiúnta leictreachais, ENEL. Mar scairshealbhóir de Edison Volt, ceann de na cuideachtaí a náisiúnaíodh, chreid an tUasal Costa gur baineadh a dhíbhinn de agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé bille leictreachais ITL 1 926 a íoc. Le linn na n-imeachtaí os comhair na cúirte eadrána in Milano, mhaígh an tUasal Costa agus é chun údar a thabhairt lena iompar gur sháraigh an náisiúnú roinnt forálacha de Chonradh CEE. Chun na haighneachtaí a rinne an tUasal Costa chun é féin a chosaint a mheas, d’iarr an chúirt ar an gCúirt Bhreithiúnais roinnt gnéithe de Chonradh CEE a léirmhíniú. Dúirt an Chúirt an méid seo a leanas ina breithiúnas maidir le cineál dlítheanach Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa:

Murab ionann agus gnáthchonarthaí idirnáisiúnta, tá a chóras dlí féin cruthaithe ag Conradh CEE … (córas dlí) a ionchorpraíodh i gcórais dlí na mBallstát agus a bhfuil de cheangal ar chúirteanna na mBallstát é a chur i bhfeidhm. Trí Chomhphobal a chruthú a bhfuil ré neamhtheoranta aige, ag a bhfuil a institiúidí féin, a phearsantacht féin, a inniúlacht dhlíthiúil féin agus a chumas ionadaíochta ar an stáitse idirnáisiúnta agus, go háirithe, fíorchumhachtaí a eascraíonn as teorannú ceannasacht nó as aistriú cumhachtaí ó na stáit chuig an gComhphobal, tá a gcearta ceannasacha teoranta ag na Ballstáit agus dá bhrí sin tá corpas dlí cruthaithe acu a cheanglaíonn a náisiúnaigh agus iad féin.’

Ar bhonn a barúlacha mionsonraithe, tháinig an Chúirt ar an gconclúid seo a leanas:

Is é an toradh atá ar na barúlacha seo ar fad nach bhféadfadh forálacha dlíthiúla intíre, ba chuma cén tslí a gcumfaí iad, cur go breithiúnach i gcoinne an dlí a eascraíonn ón gConradh, mar gheall ar chineál sonrach bunaidh an dlí sin, ar foinse dlí neamhspleách é, gan a chineál mar dhlí Comhphobail a bhaint de agus gan bonn dlíthiúil an Chomhphobail féin a thabhairt faoi amhras. Toisc gur aistrigh na stáit na cearta agus na hoibleagáidí a fhreagraíonn d’fhorálacha an Chonartha óna gcórais dlí intíre chuig córas dlí an Chomhphobail, cuireadh buanteorainn lena gcearta ceannasacha agus, ina dhiaidh sin, ní féidir gníomh aontaobhach nach bhfuil i gcomhréir le coincheap an Chomhphobail teacht i réim.

I bhfianaise na mbreithiúnas sin, is iad seo a leanas na heilimintí lena léirítear le chéile cineál dlítheanach speisialta an Aontais:

  • a leagan amach institiúideach, lena n-áirithítear go mbeidh an leas ginearálta Eorpach ina bhunús le gach gníomhaíocht de chuid an Aontais, i.e. go dtagann gach gníomhaíocht le leas an Aontais nó go bhfuil leas an Aontais ina thionchar uirthi mar a leagtar síos sna cuspóirí;
  • gur aistríodh níos mó cumhachtaí chuig institiúidí an Aontais ná mar a rinneadh i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, agus go mbaineann na cumhachtaí sin le réimsí inar gnách le stáit a gcearta ceannasacha a choinneáil;
  • go bhfuil a dhlíchóras féin bunaithe aige, agus an dlíchóras sin neamhspleách ar dhlíchórais na mBallstát;
  • infheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais, a chiallaíonn go bhfuil forálacha dhlí an Aontais infheidhme go huile agus go hiomlán i ngach Ballstát agus go ndéantar cearta a bhronnadh agus oibleagáidí a fhorchur ar na Ballstáit agus ar a gcuid saoránach;
  • tosaíocht dhlí an Aontais, lena n-áirithítear nach féidir dlí an Aontais a chúlghairm ná a leasú le dlí náisiúnta agus go bhfuil tosaíocht aige ar an dlí náisiúnta má thagann an dá dhlí salach ar a chéile.

Mar sin, eintiteas uathrialach is ea an tAontas ag a bhfuil a chearta ceannasacha féin agus a dhlíchóras féin atá neamhspleách ar na Ballstáit, agus tá na Ballstáit agus a gcuid náisiúnach faoi réir an dlíchórais sin, laistigh de réimsí inniúlachta an Aontais.

De bharr an chineáil comhlachta atá ann, tá gnéithe áirithe i gcoiteann ag an Aontas Eorpach leis an ngnáthchineál eagraíochta idirnáisiúnta nó ag struchtúir de chineál cónaidhme, ach tá roinnt mhaith difríochtaí eatarthu freisin.

Ní ‘táirge críochnaithe’ é an tAontas Eorpach é féin fós; tá sé ag forbairt i gcónaí agus ní fios fós cén cruth a bheidh air sa deireadh.

Is é an t-aon chosúlacht atá ag an Aontas leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta traidisiúnta gur tháinig sé chun cinn mar gheall ar chonradh idirnáisiúnta, mar a tháinig eagraíochtaí eile. Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas cheana ó na chéad chéimeanna sin, áfach. Tharla sé sin mar gur bunaíodh Aontas neamhspleách a bhfuil a chearta ceannasacha agus a fhreagrachtaí féin aige leis na conarthaí lenar bunaíodh an tAontas Eorpach. Ghéill na Ballstáit cuid dá gcumhachtaí ceannasacha don Aontas sin agus d’aistrigh siad chuig an Aontas Eorpach iad ionas gur féidir iad a fheidhmiú go comhpháirteach.

De bharr na ndifríochtaí idir an tAontas agus an gnáthchineál eagraíochta idirnáisiúnta, tá próiseas ar siúl lena bhfaighidh an tAontas stádas atá cosúil le stádas stáit aonair. Go háirithe, glacadh géilleadh páirteach na gceart ceannasach ag na Ballstáit mar chomhartha go raibh an tAontas deartha cheana féin ar nós stát cónaidhme. Ní chuireann an dearcadh sin san áireamh, áfach, gur laistigh de réimsí áirithe, agus laistigh díobh sin amháin, atá de chumhacht ag institiúidí an Aontais na cuspóirí atá sonraithe sna conarthaí a shaothrú. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil siad saor lena gcuid cuspóirí a roghnú ar an mbealach céanna le stát ceannasach; agus níl siad in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh stáit nua-aimseartha sa lá atá inniu ann. Níl an dlínse chuimsitheach ag an Aontas atá ag Stáit cheannasacha agus níl na cumhachtaí aige ach oiread réimsí nua freagrachta a bhunú (‘dlínse os cionn dlínse’).

Dá bhrí sin, ní eagraíocht idirnáisiúnta de réir na gnáthchéille é an tAontas ná comhlachas Stát, ach eintiteas uathrialach atá idir eatarthu. ‘Eagraíocht fhornáisiúnta’ an téarma a úsáideann lucht dlí anois le cur síos air.

Cúraimí an Aontais Eorpaigh

Is ríchosúil le hord bunreachtúil stáit iad liosta na gcúraimí atá ar an Aontas. Ní cúraimí faoi chuimsiú teorainneacha soiléire iad cúraimí an Aontais, den chineál is gnách a bhíonn ag eagraíochtaí idirnáisiúnta; ní hea, ach réimsí inniúlachtaí a fhágann, má dhearctar orthu ina n-iomláine, go bhfuil an tAontas cosúil le stát ina thréithe.

Tá liosta na gcúraimí a chuirtear ar an Aontas Eorpach an-leathan agus clúdaítear fúthu gníomhaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil.

Cúraimí eacnamaíocha

Is éard atá i gceist leis na cúraimí eacnamaíochacómhargadh a bhunú lena dtugtar margaí náisiúnta na mBallstát le chéile, inar féidir gach earra agus seirbhís a thairiscint agus a dhíol faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le margadh inmheánach, agus a bhfuil an tsaor-rochtain chéanna air ag gach saoránach san Aontas. Féadtar a rá gur cuireadh an plean chun cómhargadh a bhunú i gcrích agus gur tríd an gclár a bhí dírithe ar an margadh inmheánach a chur i gcrích faoi 1992 a rinneadh sin. Ba é Uachtarán an Choimisiúin ag an am, Jacques Delors, a thionscain an clár sin, agus d’fhormheas na Cinn Stáit nó Rialtais é, agus d’éirigh le hinstitiúidí an Aontais creat dlíthiúil a leagan síos le haghaidh margadh aonair a fheidhmíonn mar is ceart. Cuireadh tuilleadh feola ar an gcreat sin trí bhearta náisiúnta trasuí agus is é toradh na hoibre sin go bhfuil an margadh inmheánach ag feidhmiú anois. Is féidir tionchar an mhargaidh aonair sin a fheiceáil sa ghnáthshaol freisin, go háirithe, sa dóigh ar scoradh i bhfad ó shin de sheiceálacha a dhéanamh ag na teorainneacha náisiúnta ar dhaoine agus ar earraí agus iad ag taisteal ó thír amháin go tír eile laistigh den Aontas Eorpach.

Tá dhá chliathbhosca dhéag d'úll carntha ar a chéile, agus ‘Europe Quality’ priontáilte ar gach ceann acu.

Tá an margadh aonair, agus na ceithre shaoirse a bhaineann go dlúth leis (féach Airteagal 26 CFAE), ina phríomhghné den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: saorghluaiseacht earraí (Airteagal 34), saorghluaiseacht daoine (Airteagail 45 agus 49), saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 57) agus saorghluaiseacht chaipitil (Airteagal 63).

an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ina thaca faoin margadh inmheánach. Maidir le beartas eacnamaíoch an Aontais, ní hé cúram an Aontais beartas eacnamaíoch Eorpach a leagan síos agus a fheidhmiú, ach tá de chúram air beartais náisiúnta eacnamaíocha a chomhordú d’fhonn a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ar fheidhmiú an mhargaidh aonair as cinntí beartais a dhéanfadh Ballstát amháin nó níos mó. Chuige sin, glacadh Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ina leagtar amach na critéir mhionsonraithe is gá do na Ballstáit a chomhlíonadh agus cinntí á ndéanamh acu maidir le beartas buiséadach. Má theipeann orthu é sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún Eorpach rabhaidh a thabhairt agus, i gcás nach réiteofar an t-easnamh iomarcach buiséadach, is féidir leis an gComhairle pionóis a ghearradh.

Le linn na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais domhanda, daingníodh a thuilleadh, idir 2010 agus 2012, an comhar maidir le beartas eacnamaíoch ar leibhéal an Aontais. Rinneadh comhordú i ndáil le beartas eacnamaíoch ar leibhéal an Aontais a fhorlíonadh le sásra buan i leith géarchéime, a bhfuil na gnéithe seo a leanas ag baint leis go príomha: ról an Choimisiúin a neartú, sásraí nua ceartúcháin uathoibríocha a thabhairt isteach, comhordú na mbeartas eacnamaíoch a bhunú ar an leibhéal polaitiúil is airde, comhordú comhbheartaithe sa Seimeastar Eorpach agus oibleagáidí tuairiscithe níos doichte a leagan ar na Ballstáit, ról na bparlaimintí náisiúnta agus ról Pharlaimint na hEorpa a neartú, agus gealltanais dheonacha a leagan síos sa dlí náisiúnta.

Léiríonn an graf seo céimeanna éagsúla an tseimeastair Eorpaigh, ag tabhairt léargas ar fhreagrachtaí agus ar fheidhmeanna institiúidí an Aontais mar chuid den phróiseas.

I rith mhí na Samhna agus mhí na Nollag bíonn an chéim ullmhúcháin ann, tráth a dhéantar anailís ar an staid mar atá agus an obair leantach ar an mbliain roimhe sin. Le linn an ama sin, déanann an Coimisiún Eorpach anailís ar na beartais bhuiséadacha agus struchtúracha tríd an Suirbhé Bliantúil Fáis, dréachtaíonn sé moltaí don limistéar euro agus déanann sé meastóireacht ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh. Le linn Chéim a haon, ó mhí Eanáir go mí Márta, dírítear ar threoraíocht bheartais ar leibhéal an Aontais. Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh staidéar ar an Suirbhé Bliantúil Fáis agus glacann sí conclúidí, agus tugann Parlaimint na hEorpa tuairim maidir le treoirlínte fostaíochta. Ina dhiaidh sin, cuireann an Chomhairle Eorpach (Cinn Stáit nó Rialtais) treoshuímh bheartais ar fáil. Ina theannta sin, sainaithnítear sa tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh tíortha a bhféadfadh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bheith ag gabháil dóibh agus ar gá athbhreithniú domhain a dhéanamh orthu. I gCéim a dó, ó mhí Aibreáin go mí an Mheithimh, leagann na Ballstáit amach a gcuspóirí, a dtosaíochtaí agus a bpleananna sonracha, a bhíonn mar bhonn ag an gCoimisiún Eorpach chun moltaí tír-shonracha a dhréachtú. Tagann Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir leis na moltaí tír-shonracha deireanacha agus ansin déanann an Chomhairle Eorpach na moltaí sin a fhormhuiniú agus déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh iad a ghlacadh. Is le linn Chéim a trí a dhéantar an cur chun feidhme. Cuireann na Ballstáit na moltaí san áireamh agus cinntí buiséid náisiúnta á ndéanamh acu don bhliain dár gcionn. Tosaíonn timthriall nua arís i dtreo dheireadh na bliana, nuair a thugann an Coimisiún forléargas ar an staid eacnamaíoch ina Shuirbhé Bliantúil Fáis dár gcionn.

Tosaíonn timthriall nua arís i dtreo dheireadh na bliana, nuair a thugann an Coimisiún forléargas ar an staid eacnamaíoch ina Shuirbhé Bliantúil Fáis dár gcionn.

Foinse: https://www.consilium.europa.eu/ga/policies/european-semester/

I gcroílár an tsásra nua géarchéime sin tá an Seimeastar Eorpach. Is timthriall é an seimeastar Eorpach a ndéanann Ballstáit an Aontais Eorpaigh comhordú ar a mbeartas eacnamaíoch agus fioscach lena linn. Tá sé dírithe ar na chéad 6 mhí den bhliain agus is uaidh sin a thagann a ainm — an ‘seimeastar’. Le linn an tseimeastair Eorpaigh, cuireann na Ballstáit a mbeartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha i gcomhréir leis na cuspóirí agus na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an seimeastar Eorpach rannchuidiú le hairgeadas rialtais fónta a áirithiú, fás eacnamaíoch a chothú agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a chosc laistigh den Aontas Eorpach.

Maidir le beartas airgeadaíochta, bhí sé de chúram ar an Aontas, agus tá i gcónaí, airgeadra aonair a thabhairt isteach san Aontas agus cúrsaí airgeadaíochta a rialú go lárnach. Tá rath éigin ar an mbeartas sin cheana. An 1 Eanáir 1999, tugadh isteach the euro mar airgeadra Eorpach aonair sna Ballstáit a raibh na critéir um chóineasú a bunaíodh chun na críche sin comhlíonta acu cheana (ráta boilscithe: 1.5 %, easnamh rialtais = fiachas nua bliantúil: 3 %, ollfhiachas rialtais: 60 %, ráta úis fadtéarmach: 2 %). Ba iad sin an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn. An 1 Eanáir 2002, cuireadh nótaí bainc agus boinn euro in ionad airgeadra náisiúnta na Stát sin. Ó shin i leith, is leis an euro amháin atáthar ag déanamh íocaíochtaí agus idirbhearta airgeadais ó lá go lá. Sna blianta ina dhiaidh sin, tháinig méadú seasta ar líon na mBallstát a chomhlíon na critéir le glacadh an euro: An Ghréig (1 Eanáir 2001), an tSlóivéin (1 Eanáir 2007), an Chipir (1 Eanáir 2008), Málta (1 Eanáir 2008), an tSlóvaic (1 Eanáir 2009), an Eastóin (1 Eanáir 2011), an Laitvia (1 Eanáir 2014), Liotuáin (1 Eanáir 2015) agus ar deireadh an Chróit (1 Eanáir 2023). Clúdaíonn an limistéar euro — tíortha a bhfuil an euro mar airgeadra acu — 20 mBallstát anois.

I bprionsabal, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit atá fágtha an euro a ghlacadh mar airgeadra náisiúnta a luaithe a bheidh na critéir maidir le cóineasú comhlíonta acu. Baineann an t-aon eisceacht leis an Danmhairg, a d’éirigh léi rogha an diúltaithe a fháil lena gceadaítear di cinneadh a dhéanamh an dtionscnóidh sí an nós imeachta chun comhlíonadh na gcritéar maidir le dul isteach san airgeadra aonair a fhíorú nó cén uair a thionscnóidh sí an nós imeachta sin. Cás speisialta is ea an tSualainn, mar nach bhfuil rogha an diúltaithe aici. Ina ionad sin, tá glacadh an euro ag an tSualainn ag brath ar cé acu a mholfaidh nó nach molfaidh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) rannpháirtíocht na Sualainne don Chomhairle. Má dhéantar moladh den sórt sin agus má dhéanann an Chomhairle é a cheadú, ní bheidh an dara rogha ag an tSualainn ach glacadh leis an euro.

Ainneoin na n-ábhar imní ar fad, tá forbairt tagtha ar an euro mar airgeadra láidir ag a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta agus atá ina nasc láidir idir na Ballstáit atá i limistéar an euro. Fiú amháin géarchéim an fhiachais cheannasaigh a thosaigh in 2010 — níor athraigh sé an méid sin. A mhalairt ar fad. Mar fhreagairt ar an ngéarchéim, thug an tAontas Eorpach isteach sásraí tacaíochta sealadacha. In 2013, cuireadh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) in ionad na sásraí sin mar shásra buan. Mar chreat buan um réiteach géarchéime, cuirtear cúnamh seachtrach airgeadais ar fáil le SCE do Bhallstáit limistéar an euro agus tá acmhainn éifeachtach aige EUR 500 billiún a thabhairt ar iasacht. Ní féidir le Ballstáit an limistéir euro an cúnamh airgeadais sin a fháil ach faoi choinníollacha diana amháin. Is é an comhdhlúthú fioscach atá ina aidhm leis na coinníollacha agus déantar é sin a léiriú i gclár coigeartaithe eacnamaíoch atá le baint amach le hidirbheartaíocht ag an gCoimisiún agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach. Trí bhíthin SCE, tá sé d’acmhainn ag an Aontas Eorpach gníomhú ar mhaithe leis an euro a chosaint, fiú sna cásanna is mó brú. Is léiriú soiléir é sin ar an leas coiteann agus ar an dlúthpháirtíocht laistigh den limistéar euro agus chomh maith leis sin ar an bhfreagracht aonair atá ar gach Ballstát os comhair a chomhpháirtithe.

Chomh maith le réimse an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, tá go leor réimsí beartais eacnamaíocha eile a bhfuil freagrachtaí ar an Aontas ina leith. Ar na réimsí sin, go háirithe, tá beartas aeráide agus fuinnimh, beartas talmhaíochta agus iascaigh, beartas iompair, beartas tomhaltóirí, beartas struchtúrach agus comhtháite, beartas taighde agus forbartha, beartas spáis, beartas comhshaoil, beartas sláinte, beartas trádála agus beartas fuinnimh.

Cúraimí sóisialta

Maidir le beartas sóisialta, tá sé de chúram ar an Aontas Eorpach freisin gné shóisialta an mhargaidh aonair a mhúnlú agus a áirithiú nach iad siúd atá gníomhach sa gheilleagar agus iad siúd amháin a bhainfidh leas as an lánpháirtíocht eacnamaíoch. Mar cheann dá chéad bhearta thug sé isteach córas slándála sóisialta d’oibrithe imirceacha. Faoin gcóras sin, aon oibrí a bhí ag obair i níos mó ná aon Ballstát amháin, agus a tháinig mar sin faoi réim scéimeanna éagsúla árachais shóisialaigh, ní bheidh sé faoi mhíbhuntáiste maidir lena shlándáil shóisialta (pinsean seanaoise, pinsean easláine, cúram sláinte, sochair teaghlaigh, sochair dífhostaíochta). Tá an dífhostaíocht san Aontas ina ábhar imní le blianta beaga anuas. Ar an ábhar sin, tá sé ar cheann de thosaíochtaí an bheartais shóisialta straitéis fostaíochta a cheapadh don Eoraip. Iarrtar leis sin ar na Ballstáit agus ar an Aontas forbairt a dhéanamh ar straitéis fostaíochta agus go háirithe lucht saothair oilte agus inoiriúnaithe a chur chun cinn, ar cheart margaí saothair a chur in oiriúint d’athrú eacnamaíoch sa bhreis air sin. Féachtar ar chur chun cinn na fostaíochta mar ábhar imní coiteann agus ceanglaítear ar na Ballstáit a mbearta náisiúnta a chomhordú laistigh den Chomhairle. Cuideoidh an tAontas le hardleibhéal fostaíochta a bhaint amach; déanfaidh sé sin trí chomhar a chothú idir na Ballstáit agus, más gá, trí ghníomhaíocht na mBallstát a chomhlánú, gan cur isteach ar a n-inniúlachtaí ar ndóigh.

Cúraimí polaitiúla

Maidir leis an réimse polaitíochta iarbhír, tá cúraimí ar an Aontas i réimse an chomhraic in aghaidh an athraithe aeráide, saoránacht an Aontais, beartas maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus comhbheartas eachtrach agus slándála.

Tá an tAontas ag troid i gcoinne an athraithe aeráide trí bheartais uaillmhianacha anseo san Eoraip agus trí dhlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Tá gníomhú ar son na haeráide i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip — pacáiste uaillmhianach beart ina gcuimsítear iarrachtaí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghearradh, infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht cheannródaíoch, agus comhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú, i measc gníomhartha eile. I measc na gcéad tionscnamh um ghníomhú ar son na haeráide faoin gComhaontú Glas tá:

Le saoránacht an Aontais neartaítear tuilleadh cearta agus leasanna náisiúnaigh na mBallstát laistigh den Aontas. Tá sé de cheart ag saoránaigh gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas (Airteagal 21 CFAE), tá sé de cheart acu vóta a chaitheamh agus a bheith ina n-iarrthóirí i dtoghcháin áitiúla (Airteagal 22 CFAE), tá siad i dteideal cosaint ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit (Airteagal 23 CFAE), tá ceart achainí acu os comhair Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 24 CFAE) agus, i gcomhthéacs an choisc ghinearálta atá ar idirdhealú a dhéanamh, tá sé de cheart acu go gcaithfeadh gach Ballstát leo mar a chaitheann siad lena náisiúnaigh féin (Airteagal 20(2), i gcomhar le hAirteagal 18 CFAE).

Maidir le réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, is é príomhról an Aontais tabhairt faoi chúraimí a rachaidh chun sochair don Eoraip ina hiomláine. Áirítear orthu sin, go háirithe, coireacht eagraithe a chomhrac, gáinneáil ar dhaoine a chosc agus cionta coiriúla a ionchúiseamh. Ós rud é nach féidir an choireacht eagraithe a chomhrac go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta a thuilleadh, tá gá le freagairt chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais. Rinneadh dhá bheart dhearfacha chuige sin cheana leis an treoir maidir le sciúradh airgid agus trí údarás póilíneachta Eorpach a bhunú, is é sin Europol, atá i bhfeidhm ó bhí 1998 ann (Airteagal 88 CFAE). Tá Europol ina ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh ó bhí 2010 ann, agus tugtar Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí air anois. Tá i gceist leis an gcomhar sin freisin comhar i ndáil le himeachtaí agus forghníomhú breitheanna a éascú agus a luathú, eiseachadadh idir na Ballstáit a éascú, rialacha íosta a bhunú maidir leis na heilimintí lena gcomhdhéantar gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis sna réimsí seo: coirpeacht eagraithe, sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, gáinneáil ar dhrugaí agus ar airm, sciúradh airgid agus éillitheacht (Airteagal 83 CFAE).

Dul chun ceann suntasach i gcomhar breithiúnach an Aontais ba ea bunú OIPE. Ba í an Chomhairle a chruthaigh é le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa faoi Rialachán (AE) 2017/1939 mar chuid den chomhar feabhsaithe a bhaineann le 22 Bhallstát. I mí an Mheithimh 2021, 3 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm rialachán OIPE, sheol OIPE a chuid oibríochtaí i ndiaidh cinneadh ón gCoimisiún bunaithe ar thogra ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach. Tá suíomh OIPE suite i Lucsamburg. Eagrófar OIPE ar leibhéal lárnach agus ar leibhéal díláraithe. Is éard a bheidh ar an leibhéal lárnach ná an Lár-Oifig, ar a mbeidh an Coláiste, na Dlísheomraí Buana, an príomh-ionchúisitheoir Eorpach, na leas-phríomh-ionchúisitheoirí Eorpacha, na hionchúisitheoirí Eorpacha agus an stiúrthóir riaracháin. Beidh an leibhéal díláraithe comhdhéanta d’ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha a bheidh lonnaithe sna Ballstáit. Beidh OIPE freagrach as déantóirí cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, agus as comhchoirí leo, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnas. Chuige sin, déanfaidh OIPE imscrúduithe agus gníomhartha ionchúisimh agus feidhmeoidh sé feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát, go dtí go ndiúscrófar an cás go críochnaitheach. Áiritheoidh OIPE go n-urramóidh a gníomhaíochtaí na cearta atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Beidh sé faoi cheangal ag prionsabail an smachta reachta agus na comhréireachta ina ghníomhaíochtaí go léir. Déanfaidh OIPE a imscrúduithe ar bhealach neamhchlaonta agus lorgóidh sí gach fianaise ábhartha, bíodh sé inchoiritheach nó saorthach.

Rinneadh tuilleadh dul chun cinn le bunú an Bharántais Gabhála Eorpaigh; tá na barántais ghabhála sin bailí ar fud an Aontais ó mhí Eanáir 2004. Is féidir an barántas sin a eisiúint i leith aon duine atá cúisithe i gcion lena ngabhann íosphionós de bhreis agus 1 bhliain i bpríosún. Tháinig an Barántas Gabhála Eorpach in ionad na nósanna imeachta fada eiseachadta a bhí i bhfeidhm roimhe sin.

Maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, tá sé de chúram ar an Aontas Eorpach, na cúraimí a bhaineann le luachanna coiteanna, bunleasanna agus neamhspleáchas an Aontais a chosaint; slándáil an Aontais agus a Bhallstát a neartú; síocháin dhomhanda a áirithiú agus slándáil idirnáisiúnta a mhéadú; an daonlathas, an smacht reachta agus an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn; cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint; agus comhchosaint a bhunú.

Ós rud é nach Stát aonair é an tAontas Eorpach, níl de rogha aige ach tabhairt faoi na cúraimí sin céim ar chéim. Go traidisiúnta, is réimse é an beartas eachtrach, agus go háirithe an beartas slándála, arbh mhian leis na Ballstáit riamh a gceannasacht féin a choinneáil maidir leis. Fáth eile a bhfuil sé deacair leasanna coiteanna sa réimse seo a shainiú ná gurb í an Fhrainc an t-aon tír san Aontas a bhfuil airm núicléacha aici go fóill. Fadhb eile is ea nach bhfuil roinnt de na Ballstáit ina mbaill de ECAT. Dá bhrí sin, is ar bhonn comhar idir Stáit a dhéantar formhór na gcinntí maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Idir an dá linn, áfach, tháinig réimse uirlisí chun cinn astu féin, a fhágann gur laistigh de chreat daingean dlí a oibríonn an comhar idir na Stáit.

I bhfianaise na timpeallachta slándála atá ag athrú, le straitéis dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh cuireadh tús le próiseas comhair níos dlúithe i gcúrsaí slándála agus cosanta. D’aontaigh na Ballstáit obair an Aontais Eorpaigh a leathnú sa réimse sin agus d’aithin siad go bhfuil comhordú níos dlúithe, infheistíocht níos mó i gcosaint agus comhar chun inniúlachtaí cosanta a fhorbairt ríthábhachtach chun é sin a bhaint amach. Is é sin is príomhchuspóir don bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) i gcúrsaí slándála agus cosanta, mar a bheartaítear le hAirteagal 42(6) agus le hAirteagal 46 CAE agus le Prótacal Uimh. 10 leis. Trí PESCO, méadaíonn na Ballstáit a n-éifeachtacht maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus maidir le dul ar aghaidh i dtreo an comhar cosanta a chomhtháthú agus a neartú tuilleadh laistigh de chreat an Aontais. An 11 Nollaig 2017 ghlac an Chomhairle an cinneadh PESCO agus liosta a rannpháirtithe a bhunú, rud a ghlac céim stairiúil. Roghnaigh 25 Bhallstát san iomlán páirt a ghlacadh sa PESCO: an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn.

Cumhachtaí an Aontais Eorpaigh

Ní thugtar aon chumhacht ghinearálta d’institiúidí an Aontais leis na conarthaí lena mbunaítear an tAontas Eorpach na bearta uile is gá a dhéanamh chun cuspóirí na gconarthaí a bhaint amach, ach leagtar síos sna caibidlí éagsúla raon na gcumhachtaí chun gníomhú. Mar bhunphrionsabal, níl sé de chumhacht ag an Aontas ná ag institiúidí an a mbunús dlí agus a n-inniúlachtaí a chinneadh; tá feidhm fós ag an bprionsabal maidir le tabhairt shonrach cumhachtaí (Airteagal 2 CFAE). Roghnaigh na Ballstáit an modh sin lena áirithiú gur féidir faireachán agus rialú níos éasca a dhéanamh ar ghéilleadh a gcumhachtaí féin.

Braitheann réimse na n-ábhar atá cumhdaithe faoin tabhairt shonrach cumhachtaí ar chineál na gcúraimí a thugtar don Aontas. Tá na hinniúlachtaí nár aistríodh chuig an Aontas fós faoi chumhacht eisiach na mBallstát. Tá sé luaite go sainráite i gConradh a Aontais Eorpaigh go bhfuil cúrsaí slándála náisiúnta faoi údarás eisiach na mBallstát fós.

Tá sé le cruthú ansin, ar ndóigh, cá bhfuil an teorainn idir inniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí na mBallstát. Tá an líne roinnte sin bunaithe ar thrí chatagóir inniúlachta.

  • Inniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3 CFAE) i réimsí inar féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh beart ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí ná beart in aon Bhallstát gan chomhordú. Tá na réimsí sin leagtha amach go soiléir agus orthu sin tá an t-aontas custaim, bunú na rialacha iomaíochta is gá d’oibriú an mhargaidh inmheánaigh, beartas airgeadaíochta Bhallstáit an limistéir euro, an comhbheartas tráchtála agus codanna den chomhbheartas iascaigh. Sna réimsí beartais sin, ní fhéadfaidh ach an tAontas Eorpach reachtaíocht a dhéanamh agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh, agus ní fhéadfaidh na Ballstáit é sin a dhéanamh iad féin ach amháin má thugann an tAontas Eorpach an chumhacht dóibh nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme (Airteagal 2(1) CFAE).
  • Inniúlacht roinnte idir an tAontas agus na Ballstáit (Airteagal 4 CFAE) i réimsí ina mbeidh luach breise ag gníomhaíocht ar leibhéal Eorpach thar ghníomhaíocht ag Ballstáit. Tá inniúlacht roinnte ann maidir le rialacha an mhargaidh inmheánaigh; comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; talmhaíocht agus iascach; an comhshaol; iompar; gréasáin thras-Eorpacha; soláthar fuinnimh; agus réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Cumhdaítear faoi inniúlacht roinnte freisin ábhair imní chomhchoiteanna sábháilteachta i gcúrsaí sláinte poiblí; taighde agus forbartha teicneolaíche; an spáis; an chomhair um fhorbairt; na cabhrach daonnúla. Sna réimsí sin ar fad, féadfaidh an tAontas inniúlacht a fheidhmiú i dtosach, ach is maidir leis na hábhair atá leagtha síos san ionstraim ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh, agus maidir leo sin amháin, a fhéadfaidh sé sin a dhéanamh, agus ní maidir leis an réimse beartais iomlán. Feidhmíonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige, nó gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú (Airteagal 2(2) CFAE). Féadfaidh an méid sin tarlú i gcás ina gcinnfidh institiúidí ábhartha den Aontas gníomh reachtach a aisghairm, go háirithe d’fhonn prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thionscnamh ceann amháin nó níos mó dá comhaltaí, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh chun gníomh reachtach a aisghairm.
  • Inniúlacht gníomhaíocht thacaíochta a dhéanamh (Airteagal 6 CFAE). Is le gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú nó a fhorlíonadh, agus leo sin amháin, a bhaineann inniúlacht an Aontais chun gníomhaíochtaí tacaíochta a dhéanamh; níl inniúlacht ag an Aontas an dlí náisiúnta a chomhchuibhiú sna réimsí lena mbaineann (Airteagal 2(5) CFAE). Is ar na Ballstáit, dá bhrí sin, atá an fhreagracht as reachtaíocht a dhréachtú agus tá roinnt mhaith saoirse acu chun gníomhú. Ar na réimsí a chuimsítear sa chatagóir inniúlachta seo tá sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, tionscal, cultúr, turasóireacht, oideachas, óige, spórt, gairmoiliúint, cosaint shibhialta agus comhar riaracháin. I réimsí na fostaíochta agus an bheartais eacnamaíoch, aithníonn na Ballstáit go sainráite gur gá bearta náisiúnta a chomhordú laistigh den Aontas.

Sa bhreis ar na cumhachtaí speisialta sin chun gníomhú, tugtar cumhacht le conarthaí an Aontais freisin do na hinstitiúidí gníomhú nuair is fíor-riachtanach sin d’fheidhmiú an mhargaidh aonair nó d’fhonn iomaíocht neamhshaofa a áirithiú (féach Airteagal 352 CFAEclásal na solúbthachta). Ní thugtar aon chumhacht ghinearálta leis na hairteagail sin do na hinstitiúidí, áfach, lena gcuirfí ar a gcumas cúraimí a chur i gcrích nach dtagann faoi na cuspóirí a leagtar síos sna conarthaí, agus ní fhéadfaidh institiúidí an Aontais a gcumhachtaí a shíneadh má dhéanann sin dochar do chumhachtaí na mBallstát. Ó thaobh na praiticiúlachta de, bhainfí leas go minic as na deiseanna a tugadh leis an gcumhacht sin san am atá thart, mar go mbíodh cúraimí nua ag teacht os comhair an Aontais de shíor, cúraimí nach raibh súil ar bith leo tráth a tugadh na conarthaí bunaidh i gcrích, agus nár tugadh aon chumhacht oiriúnach ina leith sna conarthaí. Samplaí de na cúraimí sin is ea cosaint an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí nó bunú Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa mar bhealach chun an bhearna idir réigiúin forbartha agus réigiúin tearcfhorbartha an Aontas a líonadh. Anois, áfach, tá dlínse speisialta tugtha sna réimsí thuasluaite. Is éard a chiallaíonn na sainfhorálacha sin go bhfuil an tábhacht phraiticiúil a bhain le clásal na solúbthachta dulta i laghad go mór. Tá toiliú Pharlaimint na hEorpa de dhíth chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

Ar deireadh, tá cumhachtaí breise ann lenar féidir na bearta is gá a dhéanamh de réir mar atá fíor-riachtanach chun cumhachtaí a tugadh go sainráite cheana (cumhachtaí intuigthe) a chur chun feidhme ar shlí éifeachtach agus fhóinteach. Tá tábhacht faoi leith leis na cumhachtaí sin anois maidir le caidreamh seachtrach. Cuirtear ar chumas an Aontais leo oibleagáidí a ghlacadh air féin i leith tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad nó i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta eile i réimsí atá cumhdaithe sa liosta de chúraimí atá ar an Aontas. Is sampla sármhhaith é cás Kramer et al., cás ar thug an Chúirt Bhreithiúnais rialú ina leith. Bhain an cás sin le hinniúlacht an Aontais comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le socrú cuótaí iascaireachta agus, nuair a mheastar gurb iomchuí, oibleagáidí i leith an ábhair sin faoin dlí idirnáisiúnta a ghlacadh air féin. Ós rud é nach raibh aon sainfhoráil leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, ghabh an Chúirt an inniúlacht sheachtrach riachtanach de chuid an Aontais as a inniúlacht inmheánach i leith an bheartais iascaigh faoin gcomhbheartas talmhaíochta.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin, áfach, tá an tAontas á rialú ag prionsabal na coimhdeachta, prionsabal a tháinig ó theagasc sóisialta an Chaitliceachais Rómhánaigh, agus a bhfuil stádas bunreachtúil aige anois, geall leis, de bharr a chorpraithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 5(3) CAE). Tá dhá ghné chodarsnacha a bhaineann leis an bprionsabal sin: an ráiteas dearfach, is é sin nach mór don Aontas gníomhú nuair is fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, rud a chuireann lena chuid cumhachtaí; agus an ráiteas diúltach, is é sin nach ceart dó gníomhú nuair is féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a ghnóthú go leormhaith agus iad ag gníomhú astu féin, rud a chuireann srian orthu. Glacfar leis seo go huathoibríoch i réimsí inniúlacht eisiach an Aontais, agus mar thoradh air sin is féidir aon seiceáil coimhdeachta a ligean thar ceal sna réimsí sin. I gcás gach réimse eile freagrachta, áfach, is é is brí leis sin go praiticiúil go gcaithfidh gach institiúid de chuid an Aontais, agus go háirithe an Coimisiún, a léiriú i gcónaí an bhfuil fíorghá le comhrialacha agus le comhghníomhaíocht. Chun athleagan a chur ar ráiteas Montesquieu, nuair nach bhfuil aon ghá le gníomhaíocht ón Aontas, is gá dó gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh. Má léirítear go bhfuil gá le rialacha ón Aontas, is gá ansin ceist a chur faoi dhéine na rialacha agus faoin bhfoirm ina mbeidh siad. Faightear freagra na ceiste sin i bprionsabal na comhréireachta, atá bunaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach i dteannta na bhforálacha maidir le hinniúlacht (Airteagal 5(4) CAE). Ciallaíonn sé go gcaithfear an gá le hionstraim shonrach dlí a mheasúnú go grinn féachaint an bhféadfaí an toradh céanna a bhaint amach ar shlí eile nach mbainfeadh srianta chomh dian léi. Is é an tátal a bhaintear as sin i gcoitinne gur cheart tús áite a thabhairt do rialacháin réime, do chaighdeáin íosta agus d’aitheantas frithpháirteach chaighdeáin reatha na mBallstát thar fhorálacha dlíthiúla a bheadh ró-mhionsonraithe agus ba chóir forálacha comhchuibhithe a sheachaint aon uair is féidir.

Leagtar amach sa ghraf seo comhdhéanamh phríomhinstitiúidí agus phríomhchomhlachtaí an Aontais, lena n-áirítear an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, Coiste na Réigiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Banc Ceannais Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta.

Tá an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Chinn Stáit nó Rialtais seacht mBallstát is fiche an Aontais, mar aon le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin. Tá seacht n-aire is fiche i gComhairle an Aontais Eorpaigh, duine amháin acu ina ionadaí ar gach Ballstát ar leith. Tá Parlaimint na hEorpa comhdhéanta de sheacht gcéad is a cúig Fheisirí. Tá an Coimisiún Eorpach comhdhéanta de sheacht gcomhalta is fiche, ceapachán amháin as gach Ballstát. Tá trí chéad is a fiche naoi gcomhalta ar Choiste na Réigiún. Tá trí chéad is a fiche sé chomhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Tá seacht mbreitheamh is fiche i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (duine as gach Ballstát) agus ceithre bhreitheamh is caoga sa Chúirt Ghinearálta (beirt bhreithiúna as gach Ballstát). Tá seacht gcomhalta is fiche i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa, comhalta amháin in aghaidh an Bhallstáit. Tá naoi ngobharnóir déag sa Bhanc Ceannais Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar bhainc cheannais na mBallstát sa limistéar euro. Tá Bord Gobharnóirí ag an mBanc Eorpach Infheistíochta ar a bhfuil seacht gcomhalta is fiche, comhalta amháin as gach Ballstát.

Is féidir leis na parlaimintí náisiúnta comhlíonadh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a scrúdú anois freisin. Chuige sin, tugadh isteach córas réamhrabhaidh, lenar féidir leis na parlaimintí náisiúnta seasamh réasúnaithe a eisiúint laistigh de 8 seachtaine ón tráth a seoladh an togra reachtach; leagfar amach sa seasamh réasúnaithe na fáthanna nach gcomhlíonann an togra reachtach i dtrácht na ceanglais maidir le coimhdeacht agus comhréireacht. Má thacaíonn aon trian ar a laghad de na vótaí atá cionroinnte ar na parlaimintí náisiúnta leis an seasamh réasúnaithe sin, ní mór don institiúid a d’eisigh an togra reachtach (an Coimisiún Eorpach de ghnáth) an togra a athbhreithniú arís (bíonn dhá vóta ag gach parlaimint náisiúnta faoi seach, nó, i gcás córas dlísheomraí, bíonn vóta amháin ag gach dlísheomra). Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfar an togra a choimeád, a leasú nó a tharraingt siar. Má roghnaíonn an Coimisiún an dréacht a choimeád, beidh air tuairim réasúnaithe a eisiúint, ina dtabharfaidh sé le fios an fáth a measann sé go gcomhlíonann an dréacht prionsabal na coimhdeachta. Cuirtear an tuairim réasúnaithe sin maille leis na tuairimí réasúnaithe ó na parlaimintí náisiúnta faoi bhráid reachtóir an Aontais, chun go dtabharfar aird orthu sa nós imeachta reachtach. Más rud é gurb é tuairim reachtóir an Aontais, trí thromlach 55 % de chomhaltaí na Comhairle nó trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh i bParlaimint na hEorpa, nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ní dhéanfar aon scrúdú breise ar an togra reachtach.

Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh

Airteagal 13 CAE (an creat institiúideach)

  1. Beidh creat institiúideach ag an Aontas arb é is aidhm dó a luachanna a chur chun cinn, a chuspóirí a shaothrú, fónamh dá leasanna, do leasanna a shaoránach agus do leasanna a Bhallstát, mar aon le comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.

    Is iad institiúidí an Aontais:

    • Parlaimint na hEorpa,
    • an Chomhairle Eorpach,
    • an Chomhairle,
    • an Coimisiún Eorpach,
    • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
    • an Banc Ceannais Eorpach,
    • an Chúirt Iniúchóirí.
  2. Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.
  3. Déantar na forálacha a bhaineann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le forálacha mionsonraithe maidir leis na hinstitiúidí eile, a leagan amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
  4. Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.

Ceist eile a ardaítear maidir le bunreacht an Aontais Eorpaigh is ea a eagrúchán. Cad iad na hinstitiúidí de chuid an Aontais? Ós rud é gur feidhmeanna a bhíonn á bhfeidhmiú de ghnáth ag Stáit atá á bhfeidhmiú ag an Aontas, an gciallaíonn sin go bhfuil rialtas, parlaimint, údaráis riaracháin agus cúirteanna aige amhail iad siúd a bhfuilimid i dtaithí orthu sna Ballstáit? Na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cúraimí atá sannta don Aontas a chur i gcrích, agus stiúradh an phróisis lánpháirtíochta, is d’aonturas nach faoi na Ballstáit ná faoi chomhar idirnáisiúnta amháin a fágadh iad. Tá córas institiúideach ag an Aontas a fhágann go bhféadann sé spreagadh nua agus cuspóirí nua a thabhairt d’aontú na hEorpa agus go bhféadann sé corpas dlí a chruthú, sna hábhair a thagann faoi chuimsiú a fhreagrachta, atá aonfhoirmeach agus ceangailteach sna Ballstáit uile.

Is iad institiúidí an Aontais na príomhghníomhaithe i gcóras institiúideach an Aontais — Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ar na comhlachtaí coimhdeacha sa chóras institiúideach sin tá an Banc Eorpach Infheistíochta Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Coiste Eorpach na Réigiún.

Institiúidí

Parlaimint na hEorpa (Airteagal 14 CAE)

Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar shaoránaigh gach ballstáit den Aontas Eorpach. Is cónascadh atá ann de Chomhthionól CEGC, de Thionól CEE, agus de Thionól Euratom, a nascadh le chéile mar ‘thionól’ faoi Choinbhinsiún 1957 ar Institiúidí Áirithe is Coiteann do na Comhphobail Eorpacha (an chéad Chonradh Cumaisc). Níor athraíodh an t-ainm go hoifigiúil go ‘Parlaimint na hEorpa’ go dtí gur leasaíodh Conradh CE leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht), cé nach raibh sa chéim sin ach léiriú ar an úsáid a bhí coitianta cheana féin ag dul siar go dtí an t-athrú a rinne an Tionól féin ar a ainm go dtí ‘Parlaimint na hEorpa’ in 1958.

Comhdhéanamh agus toghadh

Struchtúr Pharlaimint na hEorpa 2019-2024

  • UACHTARÁN
  • 14 leas-uachtarán
  • 5 chaestóir (ar bhonn comhairleach)

Tá an Biúró, a thoghann an Parlaimint ar feadh téarmaí 2½ bliana, comhdhéanta d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, leas-uachtaráin agus caestóirí (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a leagtar cúraimí riaracháin agus airgeadais orthu). Tá Comhdháil na nUachtarán ann chomh maith, atá comhdhéanta den uachtarán agus de chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Tá freagracht ar an gcomhlacht sin as obair na Parlaiminte a eagrú, agus as an gcaidreamh le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus le hinstitiúidí nach cuid den Aontas iad.

Ballstát Suíocháin i bParlaimint na hEorpa
An Ghearmáin 96
An Fhrainc 79
An Iodáil 76
An Spáinn 59
An Pholainn 52
An Rómáin 33
An Ísiltír 29
An Bheilg 21
An tSeicia 21
An Ghréig 21
An Ungáir 21
An Phortaingéil 21
An tSualainn 21
An Ostair 19
An Bhulgáir 17
An Danmhairg 14
An tSlóvaic 14
An Fhionlainn 14
Éire 13
An Chróit 12
An Liotuáin 11
An Laitvia 8
An tSlóivéin 8
An Eastóin 7
An Chipir 6
Lucsamburg 6
Málta 6

Go dtí 1979, b’as measc chomhaltaí na bparlaimintí náisiúnta a roghnaítí ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus ba iad na parlaimintí náisiúnta a d’ainmnítí iad mar chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa. Rinneadh foráil maidir le toghadh díreach na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa ag pobail na mBallstát in olltoghchán sna conarthaí féin, ach níor reáchtáladh na chéad toghcháin dhíreacha go dtí Meitheamh 1979, agus níor baineadh toradh amach i roinnt tionscnamh roimhe sin. Bíonn toghcháin ann gach 5 bliana anois, rud a chomhfhreagraíonn d’fhad ‘tréimhse reachtaíochta’. Tar éis na mblianta fada d’iarrachtaí, tugadh isteach nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach faoi dheireadh leis an nGníomh maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach in 1976, gníomh a leasaíodh go bunúsach leis an nGníomh um Thoghcháin Dhíreacha in 2002. Faoin ngníomh sin, leagan gach Ballstát a nós imeachta toghcháin féin síos, ach ní mór dóibh na bunrialacha daonlathacha céanna a chur i bhfeidhm:

  • olltoghchán trí vótáil dhíreach,
  • ionadaíocht chionmhar,
  • saoirse ballóide agus ballóidí rúnda,
  • aois íosta (le haghaidh ceart vótála, is é sin 18 mbliana d’aois i ngach Ballstát cé is moite den Ostair agus Málta, áit arb é 16 bliana d’aois an aois vótála íosta, agus den Ghréig, ina bhfuil an aois vótála íosta socraithe ag 17 mbliana d’aois),
  • téarma oifige 5 bliana atá in-athnuaite,
  • neamhluí (ní féidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa dhá oifig a shealbhú ag an am céanna, e.g. oifig breithimh, ionchúisitheora phoiblí, aire; tá siad faoi réir dhlíthe a dtíre freisin, a d’fhéadfadh teorainn bhreise a chur lena gcumas níos mó ná post nó oifig amháin a shealbhú),
  • dáta toghcháin,
  • comhionannas idir fir agus mná.

I dtíortha áirithe (an Bheilg, an Ghréig agus Lucsamburg), tá sé éigeantach vóta a chaitheamh.

Ina theannta sin, tháinig reacht aonfhoirmeach d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhm in 2009, rud a fhágann go bhfuil téarmaí agus coinníollacha a gcuid oibre níos trédhearcaí agus tá rialacha soiléire ann. Tugtar isteach leis freisin tuarastal aonfhoirmeach do na Feisirí uile, tuarastal a íoctar ó bhuiséad an Aontais.

Ós rud é gur trí vótáil dhíreach a thoghtar an Pharlaimint anois, tá dlisteanacht dhaonlathach aici agus is féidir léi a mhaíomh go fírinneach go ndéanann sí ionadaíocht thar ceann shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, cé go bhfuil Parlaimint ann a thoghtar go díreach, ní leor é mar shásamh ar an riachtanas bunúsach a bhaineann le bunreacht daonlathach, is é sin go gcaithfidh gur ó na daoine a thiocfadh an t-údarás poiblí uile. Ciallaíonn sé sin nach mór don phróiseas cinnteoireachta a bheith trédhearcach agus nach mór do na hinstitiúidí cinnteoireachta a bheith ionadaíoch; ach ní hé sin amháin a chiallaíonn sé — tá gá le rialú parlaiminteach agus ní mór don Pharlaimint dlisteanacht a thabhairt do na hinstitiúidí sin de chuid an Aontais a bhfuil baint acu leis an bpróiseas cinnteoireachta. Tá dul chun cinn mór déanta sa réimse sin le blianta beaga anuas. Ní hamháin gur cuireadh go leanúnach le cearta na Parlaiminte, ach tá an oibleagáid fothaithe go sainráite i gConradh Liospóin go gcloífidh gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh le prionsabal an daonlathais ionadaíoch. Mar thoradh air sin, tá ionadaíocht dhíreach sa Pharlaimint ag gach saoránach san Aontas Eorpach agus is féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais. Is é an cuspóir bunúsach atá leis sin cinntí an Aontais a dhéanamh ar shlí atá chomh hoscailte agus is féidir, agus chomh gar agus is féidir don saoránach. Rannchuideoidh na páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach le féiniúlacht Eorpach a mhúnlú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl. Má tá aon easpa sa tsamhail dhaonlathach atá ag an Aontas faoi láthair, is í seo í: ní thoghann Parlaimint na hEorpa, murab ionann agus fíorpharlaimintí i ndaonlathas parlaiminteach, rialtas atá cuntasach di.

Airteagal 10 den CAE (daonlathas ionadaíoch)

  1. Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch.
  2. Ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa.

    Is iad a gCinn Stáit nó Rialtais a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus is iad a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair a bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach, a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit sa Chomhairle.

  3. Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach.
  4. Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a chruthú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

Is é is cúis leis an easpa sin, áfach, nach bhfuil aon rialtas den ghnáthdhéanamh ann ar leibhéal an Aontais. Ina ionad sin, tá na feidhmeanna de chineál rialtais dá bhforáiltear i gconarthaí an Aontais á ndéanamh ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún de réir struchtúr roinnte cúraimí. I gConradh Liospóin, mar sin féin, tugadh cumhachtaí forleathana don Pharlaimint a bhaineann le ceapacháin as Choimisiún. Orthu sin tá cumhacht na Parlaiminte Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh ar mholadh ón gComhairle Eorpach, agus vóta na Parlaiminte chun coláiste iomlán na gCoimisinéirí a fhormheas (ceart insealbhaithe). Níl aon tionchar den saghas sin, áfach, ag an bParlaimint maidir le comhaltas sa Chomhairle, atá faoi réir an rialaithe pharlaimintigh ach sa mhéid go bhfuil gach duine dá comhaltaí, ina cháil mar aire náisiúnta, freagrach don pharlaimint náisiúnta.

Tá méadú mór tagtha ar ról Pharlaimint na hEorpa i bpróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh. Le hardú an nós imeachta comhchinnteoireachta go leibhéal an ghnáthnóis imeachta reachtaigh, rinneadh ‘comhreachtóir’ den Pharlaimint i dteannta na Comhairle. Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, ní hamháin gur féidir leis an bParlaimint leasuithe ar reachtaíocht a chur ar aghaidh ag na léamha éagsúla ach is féidir léi, faoi shrianta áirithe, a áirithiú go nglacfaidh an Chomhairle leo. Ní féidir reachtaíocht an Aontais a rith gan comhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle.

Bhíodh ról tábhachtach i gcónaí ag an bParlaimint sa nós imeachta buiséadach. Le Conradh Liospóin, cuireadh go mór le cumhachtaí buiséadacha na Parlaiminte, lena leagtar síos nach mór di an plean airgeadais ilbhliantúil a fhormheas agus lena dtugtar cumhachtaí comhchinnteoireachta di maidir le gach caiteachas.

ceart an aontaithe ag an bParlaimint maidir le gach mór-chomhaontú idirnáisiúnta a bhaineann le réimse a thagann faoi chuimsiú na comhchinnteoireachta, agus maidir leis na conarthaí aontachais a thugtar i  gcrích le Ballstáit nua agus ina leagtar síos na coinníollacha maidir le ligean isteach.

Cuireadh go mór freisin de réir a chéile le cumhachtaí maoirseachta Pharlaimint na hEorpa. Is é an chaoi a bhfeidhmítear iad, go príomha, go bhfuil an Coimisiún cuntasach don Pharlaimint, go mbíonn air a thograí a chosaint os comhair na Parlaiminte agus tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur faoina bráid faoi choinne díospóireachta. Féadfaidh an Pharlaimint, le tromlach dhá thrian dá comhaltaí, tairiscint cáinte a rith agus iallach a chur ar an gCoimisiún éirí as oifig d’aon bhuíon (Airteagal 234 CFAE). Cuireadh roinnt tairiscintí den sórt sin faoi bhráid na Parlaiminte cheana, ach níor éirigh le haon cheann acu an tromlach is gá a bhaint amach2 . Ós rud é go dtugann an Chomhairle freagra freisin ar cheisteanna parlaiminte, tá deis ag an bParlaimint díospóireacht pholaitiúil a dhéanamh go díreach le dhá mhórinstitiúid.

Rinneadh cumhachtaí maoirseachta na Parlaiminte a threisiú tuilleadh ó shin. Tá sí cumhachtaithe freisin chun coistí fiosrúcháin a bhunú chun scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh ar líomhaintí go ndearnadh sárú ar dhlí an Aontais nó ar líomhaintí maidir le drochriarachán. Bunaíodh coiste amháin den sórt sin i mí an Mheithimh 2016 i bhfianaise Pháipéir Phanama inar nochtadh eolas faoi chuideachtaí eischósta agus a gcuid úinéirí rúnda. Tá sé mar chúram air imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar dhlí an Aontais maidir le sciúradh airgid, seachaint cánach agus imghabháil cánach. Dhéileáil coiste fiosrúcháin eile, a bunaíodh freisin in 2016, le scannal na n-astaíochtaí feithiclí. Ar deireadh, i mí an Mheithimh 2020 bhunaigh an Pharlaimint coiste fiosrúcháin ar iompar ainmhithe san Aontas chun sáruithe ar rialachán AE maidir le hiompar ainmhithe beo a imscrúdú (Rialachán (CE) Uimh. 1/2005). Tá sé leagtha síos sna conarthaí freisin go bhfuil an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach achainíocha a chur faoi bhráid na Parlaiminte, agus déanann an Buanchoiste um Achainíocha scrúdú orthu sin. Ar deireadh, bhain an Pharlaimint leas freisin as a cuid cumhachtaí chun Ombudsman Eorpach a cheapadh, ar féidir gearáin faoi dhrochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí nó chomhlachtaí an Aontais, cé is moite den Chúirt Bhreithiúnais, a chur faoina bhráid. Féadfaidh an tOmbudsman fiosrúcháin a dhéanamh agus ní mór dó an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann a chur ar an eolas má dhéanann sé sin, agus ní mór dó tuarascáil ar thoradh a fhiosrúchán a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

Suíomh

Tá suíomh na Parlaiminte in Strasbourg, áit ina dtionóltar an 12 thréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséid. Tionóltar na seisiúin iomlánacha bhreise sa Bhruiséil, áit a dtagann na coistí le chéile freisin. Tá Ardrúnaíocht na Parlaiminte lonnaithe i Lucsamburg, áfach. Daingníodh cinneadh na Comhairle Eorpaí maidir leis na suíomhanna sin in 1992 le Prótacal Uimh. 6 le Conradh Liospóin. Is é an toradh a bhí ar an gcinneadh sin, áfach, go mbíonn ar Fheisirí agus ar roinnt oifigeach agus fostaithe sa Pharlaimint taisteal go rialta idir Strasbourg, an Bhruiséil agus Lucsamburg — rud a bhfuil an-chostas ag baint leis.

An Chomhairle Eorpach (Airteagal 15 CAE)

Tagann Cinn Stáit nó Rialtais agus Uachtaráin na Comhairle agus an Choimisiúin le chéile sa Chomhairle Eorpach dhá uair ar a laghad gach 6 mhí sa Bhruiséil.

Comhdhéanamh agus cúraimí

Comhdhéanamh na Comhairle Eorpaí

  • Cinn Stáit nó Rialtais na mBallstát
  • Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
  • Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

CúRAIMí

Aidhmeanna ginearálta polaitiúla agus tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a shainiú

Cruthaíodh oifig Uachtarán na Comhairle Eorpaí le Conradh Liospóin. Tá ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, murab ionann agus an Uachtaránacht go dtí seo, sainordú Eorpach, ní sainordú náisiúnta, a mhaireann ar feadh 2½ bliain ar bhonn lánaimseartha. Ba cheart go mbeadh an duine a cheapfar ina uachtarán ina phearsantacht shármhaith, arna roghnú trí vótáil thromlach cháilithe chomhaltaí na Comhairle Eorpaí. Is féidir atoghadh uair amháin. Cuimsítear i gcúraimí an uachtaráin ullmhú agus obair leantach ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas ag cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála.

Ní fheidhmíonn an Chomhairle Eorpach feidhmeanna reachtacha. Is é an fheidhm atá aici treoirlínte ginearálta beartais a bhunú le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Is i bhfoirm ‘conclúidí’ a bhíonn siad agus is trí chomhdhearcadh a ghlactar iad. Bíonn cinntí bunúsacha beartais iontu chomh maith le treoracha agus treoirlínte don Chomhairle nó don Choimisiún. Stiúir an Chomhairle Eorpach, ar an mbealach sin, obair a bhain leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, leis an gcóras Eorpach airgeadaíochta, le toghcháin dhíreacha na Parlaiminte agus le roinnt saincheisteanna i dtaobh aontachais.

Comhairle an Aontais Eorpaigh (Airteagal 16)
Comhdhéanamh agus uachtaránacht

Comhairle an Aontais Eorpaigh comhdhéanta d.ionadaithe ó rialtais na mBallstát. Tá ionadaí amháin ag gach ceann de na 27 mBallstát — is gnách, cé nach dtarlaíonn sé i gcónaí, gurb é sin an t-aire sinsearach nó sóisearach a bhíonn freagrach as an ábhar atá á bhreithniú. Is tábhachtach go mbeadh sé de chumhacht ag na hionadaithe sin gníomhú le héifeacht cheangailteach ar a gcuid rialtas. Ós rud é gur féidir ionadaíocht a dhéanamh ar shlite éagsúla thar ceann na rialtas, ciallaíonn sin ar ndóigh nach bhfuil aon bhuanchomhalta sa Chomhairle; ina ionad sin, tagann na hionadaithe atá ina suí sa Chomhairle le chéile i 10 bhfoirmíocht éagsúla ag brath ar na hábhair atá á bplé.

Na 10 bhfoirmíocht de chuid na Comhairle

Ionadaí amháin ó rialtas gach Ballstáit ar leibhéal aireachta, agus comhdhéanaimh éagsúla ann ag brath ar an ábhar atá á phlé

Faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

  • Gnóthaí Eachtracha

Faoi chathaoirleacht an Bhallstáit a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aige:

  • Gnóthaí Ginearálta
  • Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
  • Ceartas agus Gnóthaí Baile
  • Fostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
  • Iomaíochas
  • Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh
  • Talmhaíocht agus Iascach
  • An comhshaol
  • Oideachas, an Óige, Cultúr agus Spórt

Déileálann an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áirithíonn sí comhchuibheas agus comhleanúnachas ghníomhaíocht an Aontais. Comhordaíonn an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, obair na Comhairle sna foirmíochtaí éagsúla agus, ullmhaíonn sí, i gcomhar le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus leis an gCoimisiún Eorpach, cruinnithe na Comhairle Eorpaí. Bíonn gach Ballstát i mbun uachtaránacht na Comhairle ar feadh 6 mhí ar a sheal — cé is moite den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, atá faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Cinneann an Chomhairle d’aon toil an t-ord ina sealbhaítear oifig an uachtaráin. Athraíonn an uachtaránacht idir an 1 Eanáir agus an 1 Iúil gach bliain (2020: an Chróit, an Ghearmáin; 2021: an Phortaingéil, an tSlóivéin; 2022: an Fhrainc, an tSeicia; 2023: an tSualainn, an Spáinn). Ós rud é go n-athraíonn seilbh na huachtaránachta go measartha rialta, bunaítear gníomhaíochtaí gach uachtaránachta ar chlár oibre a chomhaontaítear leis an dá uachtaránacht a thiocfaidh ina diaidh agus a bheidh bailí, dá bhrí sin, ar feadh 18 mí (‘uachtaránacht foirne’). Is é an phríomhfhreagracht ar an uachtaránacht obair na Comhairle agus na gcoistí a thugann cúnamh di a chomhordú go hiomlán. Tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh na polaitíochta de freisin sa mhéid is go mbaineann an Ballstát a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aige tairbhe as ról níos tábhachtaí ar an leibhéal domhanda, agus tugtar deis do Bhallstáit bheaga, go háirithe, dlúth-theagmháil a bheith acu le ‘mórghníomhaithe’ an domhain agus a lorg féin a fhágáil ar pholaitíocht na hEorpa.

Ullmhaíonn líon measartha mór de chomhlachtaí ullmhúcháin obair na Comhairle (coistí agus grúpaí oibre), atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit. Is é Coiste na mBuanionadaithe (Coreper I agus II), an comhlacht is tábhachtaí de na comhlachtaí ullmhúcháin. Tagann sé le chéile de ghnáth uair sa tseachtain ar a laghad.

Faigheann an Chomhairle tacaíocht ó Ardrúnaíocht, atá faoi údarás ardrúnaí a cheapann an Chomhairle.

Sa Bhruiséil atá suíomh na Comhairle.

Cúraimí

Tá na cúig phríomhchúram seo a leanas ag an gComhairle.

  • Is í an reachtaíocht príomhthosaíocht na Comhairle, agus feidhmíonn sí an ról sin i dteannta na Parlaiminte faoin ngnáthnós imeachta reachtach.
  • Tá freagracht ar an gComhairle freisin as comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát a áirithiú.
  • Déanann sí forbairt ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála ar bhonn treoirlínte a shocraíonn an Chomhairle Eorpach.
  • Tá an Chomhairle freagrach as comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tíortha nach tíortha den Aontas iad nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
  • Is í a bhunaíonn an buiséad ar bhonn dréachta ón gCoimisiún, agus bíonn ar an bParlaimint an buiséad a fhormheas ansin. Lena chois sin, cuireann sí moladh os comhair na Parlaiminte i dtaobh an Coimisiún a cheadú i leith chur chun feidhme an bhuiséid.

Tá freagracht uirthi freisin as comhaltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún a cheapadh.

Idirbheartaíocht agus cinnteoireacht sa Chomhairle

Is sa Chomhairle a bhaintear cothromaíocht amach idir leasanna na mBallstát agus leasanna an Aontais. Cé gur gnách leis na Ballstáit a leasanna féin a chosaint sa Chomhairle, tá dualgas ar na comhaltaí cuspóirí agus riachtanais an Aontais Eorpaigh ina iomláine a chur san áireamh freisin. Is institiúid de chuid an Aontais í an Chomhairle agus ní comhdháil idir-rialtasach í. Dá bharr sin, ní hí an chomhthuiscint is ísle idir na Ballstáit atá mar chuspóir le pléití na Comhairle, ach an chothromaíocht is foirfe idir leasanna an Aontais agus leasanna na mBallstát.

Ní dhéanann an Chomhairle ach plé agus cinntí ar dhoiciméid agus dréachtaí atá ar fáil sna 24 theanga oifigiúla (Bulgáiris, Cróitis, Seicis, Danmhairgis, Ollainnis, Béarla, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Ungáiris, Gaeilge, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis agus Sualainnis). Más ábhar práinneach atá i gceist, féadfar an riail sin a ligean ar ceal trí chomhaontú d’aon toil. Tá feidhm aige sin freisin maidir le tograí le haghaidh leasuithe a cuireadh síos ar an gclár nó a pléadh le linn an chruinnithe.

Faoi chonarthaí an Aontais, cuirtear riail an tromlaigh i bhfeidhm i vótáil na Comhairle — is leor tromlach cáilithe (Airteagal 16(3) CAE) go hiondúil. Ní bhaintear leas as tromlach simplí, i gcás ina bhfuil vóta amháin ag gach comhalta, ach amháin i réimsí ar leith, go háirithe ceisteanna a bhaineann le nós imeachta. (Baintear amach an tromlach simplí do 27 mBallstát le 14 vóta).

De réir an chórais tromlaigh dhúbailte, tá tromlach cáilithe ann nuair a thacaíonn 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle le togra an Choimisiúin, ina bhfuil cúig cinn déag de Bhallstáit, ar a laghad, ag déanamh ionadaíochta thar ceann 65 % de dhaonra an Aontais Eorpaigh ar a laghad (Airteagal 16(4) CAE)3 .

Le nach bhféadfaidh Ballstáit tearcdhaonra glacadh cinnidh a bhlocáil, ní mór ceithre Bhallstát ar a laghad a bheith i mionlach blocála a dhéanann ionadaíochta thar ceann 35 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais. Tá sásra forlíontach mar chomhlánú ar an gcóras: mura bhfuil mionlach blocála ann, féadfar an próiseas comhchinnteoireachta a chur ar fionraí. Sa chás sin, ní leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh leis an vótáil, ach leanfaidh an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh tréimhse réasúnta eile, má iarrann Comhaltaí den Chomhairle é sin agus má tá ionadaíocht ag na Comhaltaí sin thar ceann 75 % ar a laghad den daonra nó thar ceann 75 % ar a laghad de na Ballstáit a theastaíonn le haghaidh mionlach blocála.

I gcás cinntí atá le déanamh i réimsí polaitiúla atá thar a bheith leochaileach, éilíonn na conarthaí go mbeadh aontoilíocht ann. Ní féidir glacadh cinnidh a bhlocáil trí staonadh ó vótáil, áfach. Tá gá fós le haontoilíocht i gcás cinntí a bhaineann le hábhair amhail cánacha, slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a sháraigh nó nár sháraigh Ballstát a phrionsabail bhunreachtúla, agus do chinntí chun prionsabail agus treoirlínte a leagan síos i réimsí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an beartas sin a chur chun feidhme, nó i gcás cinntí áirithe sa réimse a bhaineann le comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla.

Ard-ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Airteagal 18 CAE)

Ní dhearnadh aire gnóthaí eachtracha an Aontais, mar a bhí beartaithe i dtionscadal an bhunreachta, d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála; tá a ról sa struchtúr institiúideach neartaithe agus méadaithe go mór mar sin féin. Tá seasamh ag an ardionadaí sa Chomhairle, áit a bhfuil sé mar uachtarán ar an gComhairle Ghnóthaí Eachtracha, agus sa Choimisiún, áit a bhfuil sé mar leas-uachtarán agus i bhfeighil gnóthaí eachtracha. Is í an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, agus le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, a cheapann an t-ardionadaí. Faigheann siad cúnamh ó Sheirbhís Eorpach Gníomhaíochtaí Seachtraí a cruthaíodh as an nua in 2011 trí ranna beartais eachtraigh na Comhairle agus an Choimisiúin a chumasc agus le himeascadh taidhleoirí ó na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta.

An Coimisiún Eorpach (Airteagal 17 CAE)

Comhdhéanamh

27 mball, lena n-áirítear:

  • uachtarán
  • 3 leas-uachtarán feidhmiúcháin
  • Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
  • 4 leas-uachtarán sa bhreis
  • 18 gcoimisinéir

CúRAIMí

  • Reachtaíocht an Aontais a thionscnamh
  • Faireachán a dhéanamh ar urramú agus ar chur i bhfeidhm cuí dhlí an Aontais
  • Reachtaíocht an Aontais a riar agus a chur chun feidhme
  • Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais Eorpaigh in eagraíochtaí idirnáisiúnta
Ursula von der Leyen ina seasamh ag an bpóidiam, meangadh gáire uirthi agus gotha á dhéanamh aici lena lámh sa phlé leis an lucht féachana di.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus í ag tabhairt a haithisc ar Staid an Aontais d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, an 15 Meán Fómhair 2021.

Comhdhéanamh

Tá 27 gcomhalta sa Choimisiún Eorpach, comhalta amháin do gach Ballstát, rud a chiallaíonn go bhfuil 27 gcoimisinéir (a bhfuil feidhmeanna éagsúla acu) gníomhach sa Choimisiún faoi láthair (Airteagal 17(4) CAE). Tar éis don Chomhairle Eorpach cinneadh a dhéanamh, níor cuireadh i ngníomh an fhoráil in Airteagal 17(5) CAE chun méid an Choimisiúin a laghdú go dtí dhá thrian de líon na mBallstát ón 1 Samhain 2014.

Tá uachtarán i gceannas ar an gCoimisiún, agus tá suíomh láidir ag an uachtarán sin laistigh den Choimisiún. Níl an tUachtarán ‘céim os cionn a chomhionann’ a thuilleadh, ach tá tábhacht ag baint lena ról sa mhéid is gur gá dó treoirlínte a leagan síos agus go n-oibreoidh an Coimisiún laistigh de na treoirlínte sin agus chomh maith leis sin cinneann an tUachtarán eagrúchán inmheánach an Choimisiúin (Airteagal 17(6)(a) agus (b) CAE). Dá bhrí sin, tá sé d’údarás ag an uachtarán treoirlínte agus rialú eagraíochtúil a eisiúint. Agus na cearta sin bronnta air, tá an t-uachtarán freagrach as a áirithiú go bhfuil an beart a dhéanann an Coimisiún comhsheasmhach agus éifeachtúil agus go gcomhlíonann sé prionsabal na coláisteachta. Is léiriú ar an bprionsabal sin, go háirithe, go nglactar cinntí mar chomhlacht coláisteach (Airteagal 250(1) CFAE). Cuireann an t-uachtarán struchtúr ar na freagrachtaí atá ar an gCoimisiún agus dáileann sé na freagrachtaí sin ar chomhaltaí an Choimisiúin agus féadfaidh sé dáileadh na bhfreagrachtaí sin a athrú le linn théarma oifige an Choimisiúin (Airteagal 248 CFAE). Ceapann an tUachtarán na leas-uachtaráin feidhmiúcháin agus na leas-uachtaráin eile, seachas Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, atá mar leas-uachtarán ex officio ar an gCoimisiún. Lena chois sin, foráiltear go sainráite go gcaithfidh comhalta den Choimisiún éirí as oifig má iarrann an t-uachtarán air nó uirthi sin a dhéanamh (sa dara fomhír d’Airteagal 17(6) CAE). Ar deireadh, léiriú eile ar a thábhachtaí atá ról an uachtaráin is ea go bhfuil sé de cheart aige éisteacht a fháil maidir le roghnú comhaltaí eile den Choimisiún agus de bhrí go bhfuil sé mar chomhalta den Chomhairle Eorpach. Ó mhí na Nollag 2019, den chéad uair, tá uachtarán baineann, Ursula von der Leyen, i gceannas ar an gCoimisiún Eorpach.

Faoi cheannas leas-uachtaráin, tá sé fhoireann de choimisinéirí ann a bhfuil de chúram orthu, gan beann ar phrionsabal na coláisteachta, faireachán a dhéanamh ar obair na bpríomhthosaíochtaí polaitiúla agus í a chur chun cinn:

  • Comhaontú Glas don Eoraip, faoi fhreagracht an Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin Frans Timmermans;
  • Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, faoi fhreagracht an Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin Margrethe Verstager;
  • Geilleagar a fhóireann do dhaoine, faoi fhreagracht an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Valdis Dombrovskis;
  • Eoraip níos láidre sa domhan, faoi fhreagracht an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Josep Borell Fontelles;
  • Dóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn, faoi fhreagracht an Leas-Uachtaráin Margaritis Schinas;
  • Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa, faoi fhreagracht an Leas-Uachtaráin Věra Jourová.

Ceaptar Uachtarán agus Comhaltaí an Choimisiúin ar feadh téarma 5 bliana ag baint úsáid as an nós imeachta insealbhaithe, ar athraíodh na rialacha ina leith le Conradh Liospóin in Airteagal 17(7) CAE. Baineann roinnt céimeanna leis an nós imeachta. Ar dtús, ainmnítear an t-uachtarán, agus ansin roghnaítear na daoine a cheapfar mar chomhaltaí den Choimisiún. Sa tríú céim, ceaptar go hoifigiúil Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin.

Tar éis na comhairliúcháin iomchuí a chur i gcrích, molann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa le bheith mar Uachtarán ar an gCoimisiún. Ní mór torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh nuair a bhíonn an t-iarrthóir d’oifig an uachtaráin á roghnú. Tá sé mar aidhm leis an gceanglas nua sin níos mó den pholaitíocht a thabhairt isteach sa Choimisiún. I ndeireadh na dála, ciallaíonn sé sin, nuair a bheidh an t-uachtarán á ainmniú, go mbeidh tionchar suntasach ag na grúpaí polaitiúla a bhfuil an tromlach acu sa Pharlaimint.

Nuair a bheidh an t-uachtarán tofa, glacann an Chomhairle Eorpach ‘trí chomhdhearcadh’ (Airteagal 15(4) CAE) an liosta de dhaoine eile a bhfuil sé ar intinn aici iad a cheapadh mar chomhaltaí den Choimisiún, liosta a tharraingítear suas de réir thograí na mBallstát. Ba chóir daoine a roghnú bunaithe ar a n-inniúlachtaí i gcoitinne agus a dtiomantas Eorpach agus ba chóir go mbeadh siad neamhspleách go hiomlán agus iad ag feidhmiú a gcuid dualgas. Is leor tromlach cáilithe sa Chomhairle chun Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a cheapadh (Airteagal 18(1) CAE). Ní mór don Chomhairle agus d’uachtarán tofa an Choimisiúin teacht ar chomhaontú faoi na hiarrthóirí. Ní mór fiú comhaontú sainráite a fháil ó uachtarán ainmnithe an Choimisiúin do cheapadh an ardionadaí. Ní féidir comhaltaí eile an Choimisiúin a cheapadh má chrosann an t-uachtarán tofa a leithéid.

A luaithe a thoghtar an t-uachtarán agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin ainmnithe, beidh an coláiste faoi réir vóta formheasa na Parlaiminte. Mar sin féin, ní mór do na Coimisinéirí ainmnithe freagra a thabhairt ar cheisteanna ó na Feisirí in éisteacht ar dtús. Baineann na ceisteanna go ginearálta le hábhair a thagann faoi raon feidhme na bhfreagrachtaí atá beartaithe agus dearcthaí pearsanta ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh. Tar éis don Pharlaimint a toiliú a thabhairt, ar leor tromlach simplí lena aghaidh, ceapann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di le tromlach cáilithe, an t-uachtarán agus comhaltaí eile an Choimisiúin. Téann an Coimisiún i mbun a chuid dualgas a luaithe a cheaptar a chomhaltaí.

Is sa Bhruiséil atá suíomh an Choimisiúin Eorpaigh.

Cúraimí

Ar an gcéad dul síos, is é an Coimisiún a chuireann dlús faoi bheartas an Aontais. Is ann a chuirtear tús le gach gníomhaíocht de chuid an Aontais, óir is é an Coimisiún a dhéanann tograí agus dréachtaí le haghaidh reachtaíocht an Aontais a thíolacadh don Chomhairle (tugtar ceart tionscnaimh an Choimisiúin air sin). Níl an Coimisiún saor chun a ghníomhaíochtaí féin a roghnú. Tá oibleagáid air gníomhú má éilítear amhlaidh le leas an Aontais. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa (Airteagal 225 CFAE), an Chomhairle (Airteagal 241 CFAE) agus grúpa saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh agus iad ag gníomhú thar ceann tionscnaimh ó na saoránaigh (Airteagal 11(4) CAE) a iarraidh ar an gCoimisiún togra a tharraingt suas freisin. Tá cumhachtaí príomhúla ag an gCoimisiún chun reachtaíocht a thionscnamh i réimsí áirithe (e.g. buiséad an Aontais, na Cistí Struchtúracha, bearta chun déileáil le hidirdhealú cánach, soláthar cistithe, clásail choimirce). Is forleithne fós na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún ag an gComhairle agus ag an bParlaimint chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme (Airteagal 290 CFAE).

Is é an Coimisiún caomhnóir na gconarthaí freisin, agus mar sin, is é caomhnóir dhlí an Aontais é. Déanann sé faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme reachtaíocht phríomhúil agus thánaisteach an Aontais ag na Ballstáit, tionscnaíonn sé imeachtaí sáraithe i gcás aon sárú ar dhlí an Aontais (Airteagal 258 CFAE) agus, más gá, tarchuireann sé an t-ábhar chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Déanfaidh an Coimisiún idirghabháil freisin i gcás ina sáraíonn duine nádúrtha nó dlítheanach dlí an Aontais go háirithe dlí na hiomaíochta, agus gearrann sé pionóis dhiana. Le blianta beaga anuas, is cuid mhór d’obair an Choimisiúin na hiarrachtaí chun mí-úsáid rialacha an Aontais a chosc.

Tá dlúthcheangal idir a ról caomhnóra agus an cúram atá air seasamh ar son leasanna an Aontais. Mar phrionsabal, ní fhéadfaidh an Coimisiún freastal a dhéanamh ach ar leasanna an Aontais. Bíonn air dianiarracht a dhéanamh de shíor, in idirbheartaíocht a bhíonn an-deacair uaireanta sa Chomhairle, tosaíocht a thabhairt do leasanna an Aontais agus comhréitigh a iarraidh a gcuirtear an leas sin san áireamh iontu. Chuige sin, bíonn sé ina idirghabhálaí idir na Ballstáit, ról atá oiriúnach dó agus a bhfuil sé cáilithe chuige de bhua a neodrachta.

Ar deireadh, is comhlacht feidhmiúcháin é an Coimisiún, cé go bhfuil teorainn leis an ról sin. Tá sé seo fíor go háirithe i réimse dhlí na hiomaíochta, i gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar ghnáthúdarás riaracháin, ag seiceáil fíricí, ag formheas nó ag eisiúint toirmeasc agus, más gá, ag forchur pionós. Tá a lán cumhachtaí éagsúla ag an gCoimisiún freisin maidir leis na Cistí Struchtúracha agus maidir le buiséad an Aontais. Go hiondúil, áfach, is iad na Ballstáit féin a áirithíonn go gcuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm i gcásanna ar leith. An réiteach sin a roghnaíodh i gconarthaí an Aontais, tá an buntáiste aige go dtugann sé deis do na saoránaigh aithne a chur ar an gcóras AE — córas atá ‘coimhthíoch’ acu go fóill — trí oibríocht agus fheidhmiú a gcórais náisiúnta féin, córas a bhfuil cleachtadh acu air.

Struchtúr riaracháin an Choimisiúin Eorpaigh

  • An Coimisiún (27 mball)

ARD-STIÚRTHÓIREACHTAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ

  • An Ardrúnaíocht
  • Seirbhís Dlí
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • IDEA — Inspioráid, Díospóireacht, Rannpháirtíocht agus Beart Luathaithe
  • Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid
  • Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil
  • Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta
  • An tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach
  • An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
  • Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
  • An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
  • Ard-Stiúrthóireacht Thionscal na Cosanta agus an Spáis
  • Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, um Ghnóthaí Sóisialta agus um Uilechuimsitheacht
  • Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
  • Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair
  • Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh
  • Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide
  • Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta
  • Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta
  • An tAirmheán Comhpháirteach Taighde
  • Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
  • Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh
  • Ard-Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach
  • Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia
  • An tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandálaí Sláinte
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí
  • Ard-Stiúrthóireacht na Trádála
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú
  • Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta
  • An Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla (ECHO)
  • Eurostat
  • Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
  • Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin
  • Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
  • An tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh
  • An Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla
  • An Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil
  • An Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht i Lucsamburg
  • An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne

RANNA SEIRBHÍSE EILE

  • Oifigeach Cosanta Sonraí
  • Leabharlann an Choimisiúin Eorpaigh
  • Scoil Riaracháin Eorpach
  • An tSeirbhís um Chartlann Stairiúil
  • Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta
  • Seirbhís an Urlabhraí
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Airteagal 19 CAE)

Ní éireoidh le córas ar bith ach amháin má dhéanann údarás neamhspleách maoirsiú ar a rialacha. Ina theannta sin, in aontas stát tá an baol ann go ndéanfaí na comhrialacha — má bhíonn siad faoi réir rialú na gcúirteanna náisiúnta — a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil ó stát amháin go stát eile. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach gcuirfí dlí an Aontais i bhfeidhm go comhionann sna Ballstáit go léir. Ba é ba chúis leis na breithnithe sin ná bunú Cúirt Bhreithiúnais an Chomhphobail in 1952, a luaithe a cruthaíodh an chéad Chomhphobal (CEGC). In 1957 freisin, rinneadh an comhlacht breithiúnach ar an dá Chomhphobal eile (C(E)E agus Euratom). Is i Lucsamburg atá suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Is í comhlacht breithiúnach an Aontais Eorpaigh í inniu. Tá an obair bhreithiúnach ar siúl anois ar dhá leibhéal ag na cúirteanna seo a leanas:

In 2004, chun an t-ualach a bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais a laghdú agus chun cosaint dlí a fheabhsú san Aontas, chuir Comhairle an Aontais Eorpaigh cúirt eile leis an gCúirt Ghinearálta, is é sin cúirt speisialaithe le haghaidh cásanna a bhaineann leis an tseirbhís shibhialta (féach Airteagal 257 CFAE). In 2015, áfach, chinn reachtóir an Aontais líon na mbreithiúna ag an gCúirt Ghinearálta a ardú de réir a chéile (go 54 dhuine in 2020) agus dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a aistriú chuici. Dá réir sin, díscaoileadh an Binse an 1 Meán Fómhair 2016.

Comhdhéanamh na Cúirte Breithiúnais

27 mbreitheamh

agus

11 abhcóide ginearálta

arna gceapadh ag Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar feadh téarma 6 bliana

CINEáLACHA IMEACHTAí

  • Caingne a thabhairt de thoradh teipe i ndáil le hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi na conarthaí: An Coimisiún v Ballstát (Airteagal 258 CFAE); Ballstát v Ballstát (Airteagal 259 CFAE)
  • Caingne chun neamhniú agus caingne ar bhonn neamhghnímh arna dtabhairt ag institiúid de chuid an Aontais nó ag Ballstát (in aghaidh na Parlaiminte agus/nó na Comhairle) i leith gníomh neamhdhleathach nó i leith neamhghnímh (Airteagal 263 agus Airteagal 265 CFAE)
  • Cásanna arna dtarchur ó na cúirteanna náisiúnta le haghaidh réamhrialuithe chun léirmhíniú agus bailíocht dhlí an Aontais a léirmhíniú (Airteagal 267 CFAE)
  • Achomhairc in aghaidh chinntí na Cúirte Ginearálta (Airteagal 256 CFAE)

Is í an Chúirt Bhreithiúnais an t-údarás breithiúnach is airde maidir le dlí an Aontais. I dtéarmaí ginearálta, is é an cúram atá uirthi ‘a áirithiú go gcomhlíontar an dlí i léirmhíniú agus i gcur i bhfeidhm na gconarthaí’.

Cumhdaítear trí phríomhréimse sa chur síos ginearálta a dhéantar ar fhreagrachtaí na Cúirte:

  • faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais, maidir le hiompar institiúidí an Aontais nuair a bhíonn forálacha Conartha á gcur chun feidhme acu agus maidir le comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais ag Ballstáit agus ag daoine aonair;
  • léirmhíniú ar dhlí an Aontais;
  • dlí an Aontais a mhúnlú tuilleadh.

Agus í ag comhlíonadh na gcúraimí sin, is cuid d’obair na Cúirte comhairle dhlíthiúil a thabhairt agus breithniú a dhéanamh. Soláthraítear comhairle dhlíthiúil i bhfoirm tuairimí ceangailteacha maidir le comhaontuithe a theastaíonn ón Aontas Eorpach a thabhairt i gcrích le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá tábhacht i bhfad níos mó ag baint lena feidhm mar chomhlacht a bhíonn ag plé le riar an cheartais, áfach. Agus an fheidhm sin á feidhmiú aici, pléann sí le hábhair a shannfaí sna Ballstáit do chineálacha éagsúla cúirteanna ag brath ar chórais náisiúnta na mBallstát. Feidhmíonn sí mar chúirt bhunreachtúil i gcás ina gcuirtear díospóidí idir institiúidí an Aontais faoina bráid nó i gcás ina bhfuil athbhreithniú le déanamh ar ionstraimí reachtacha ó thaobh na dlíthiúlachta de; mar chúirt riaracháin agus gníomhartha riaracháin an Choimisiúin nó na n-údarás náisiúnta a chuireann reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm á n-athbhreithniú aici; feidhmíonn sí mar chúirt oibreachais nó mar bhinse tionsclaíochta agus í ag déileáil le saorghluaiseacht, le slándáil shóisialta nó le comhionannas deiseanna; mar chúirt fhioscach agus í ag déileáil le hábhair a bhaineann le bailíocht agus léirmhíniú treoracha i réimsí an chánachais agus an dlí custaim; agus mar chúirt shibhialta agus í ag éisteacht le héilimh ar dhamáistí nó na forálacha maidir le forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léirmhíniú.

An Chúirt Ghinearálta

Tá méadú seasta tagtha ar líon na gcásanna a tarchuireadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus beidh sé ag fás i gcónaí, mar gheall ar an líon ollmhór treoracha a glacadh i gcomhthéacs an mhargaidh aonair agus a trasuíodh ina ndlí náisiúnta sna Ballstáit, agus mar gheall ar na díospóidí a d’fhéadfadh teacht as sin. Is léir cheana féin go bhfuil tuilleadh ceisteanna ardaithe leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus gur faoin gCúirt a bheidh sé na ceisteanna sin a réiteach ar deireadh. Is chuige sin a bunaíodh Cúirt Ghinearálta, in 1988, chun maolú ar an mbrú a bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais.

Comhdhéanamh na Cúirte Ginearálta

54 bhreitheamh

beirt bhreithiúna arna gceapadh ag rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar feadh téarma 6 bliana á soláthar ag gach Ballstát

CINEáLACHA IMEACHTAí

  • Caingne chun neamhniú agus gearáin maidir le neamhghníomh arna gcur isteach ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha ar bhonn neamhdhleathachta nó ar bhonn gníomhartha dlí a bheith in easnamh i ndlí an Aontais; caingne arna dtionscnamh ag na Ballstáit in aghaidh na Comhairle agus/nó an Choimisiúin i réimse na bhfóirdheontas, na frithdhumpála agus na gcumhachtaí cur chun feidhme (Airteagal 263 agus Airteagal 265 CFAE)
  • Caingne le haghaidh damáistí ar fhorais dliteanais chonarthaigh nó neamhchonarthaigh (Airteagal 268 agus Airteagal 340(1) agus (2) CFAE)

Ní institiúid nua de chuid an Aontais í an Chúirt Ghinearálta; comhchuid de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh is ea í. Mar sin féin, is comhlacht neamhspleách í atá ar leithligh ón gCúirt Bhreithiúnais i dtaca le heagrúchán de. Tá a clár féin agus a rialacha nós imeachta féin aici. Aithnítear cásanna a láimhseálann an Chúirt Ghinearálta leis an litir ‘T’ (ón bhfocal ‘Tribunal’) (e.g. t-1/20) agus aithnítear cásanna a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais leis an litir ‘C’ (ón bhfocal ‘Court’) (e.g. C-1/20).

Cé nach raibh an Chúirt Ghinearálta freagrach i dtús báire ach as réimse teoranta cásanna, tá na cúraimí seo a leanas uirthi anois.

  • Ag an gcéad chéim, i.e. faoi réir mhaoirseacht dhlíthiúil na Cúirte Breithiúnais, tá inniúlacht ag an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt ar chaingne chun neamhniú agus ar chaingne ar bhonn neamhghnímh arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha in aghaidh comhlacht de chuid an Aontais; maidir le caingne arna dtionscnamh ag na Ballstáit in aghaidh na Comhairle agus/nó an Choimisiúin i réimse na bhfóirdheontas, na frithdhumpála agus na gcumhachtaí cur chun feidhme; maidir le clásal eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach nó thar a cheann; agus maidir le caingne le haghaidh damáistí arna dtionscnamh in aghaidh an Aontais.
  • Tá sé beartaithe freisin dlínse a thabhairt don Chúirt Ghinearálta i ndáil le nósanna imeachta um réamhrialú a bhaineann le réimsí áirithe; níor úsáideadh an rogha sin fós, áfach.
An Banc Ceannais Eorpach (Airteagal 129 agus Airteagal 130 CFAE)

Tá an Banc Ceannais Eorpach, a bhfuil a cheanncheathrú in Frankfurt-am-Main, i gcroílár an aontais eacnamaíoch agus airgeadais. Is é an cúram atá air cobhsaíocht airgeadra an Aontais Eorpaigh, an euro, a chaomhnú agus an méid airgeadra atá i gcúrsaíocht a rialú (Airteagal 128 CFAE).

Chun an cúram sin a chur ar shlí a dhéanta, ráthaítear neamhspleáchas BCE leis an iliomad forálacha dlí. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí nó i gcomhlíonadh a gcúraimí agus a ndualgas, ní ghlacfaidh BCE ná banc ceannais náisiúnta treoracha ó institiúidí an Aontais, ó rialtais na mBallstát ná ó aon chomhlacht eile. Ní dhéanfaidh institiúidí an Aontais ná rialtais na mBallstát iarracht tionchar a imirt ar BCE (Airteagal 130 CFAE).

Tá an Córas Eorpach Banc Ceannais comhdhéanta de BCE agus de bhainc ceannais na mBallstát (Airteagal 129 CFAE). Tá de chúram air beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme, agus tá an ceart eisiach aige eisiúint nótaí bainc agus bonn laistigh den Aontas a údarú. Déanann sé bainistíocht freisin ar chúlchistí oifigiúla airgeadra na mBallstát agus áirithíonn sé oibríocht rianúil na gcóras íocaíochta (Airteagal 127(2) CFAE).

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (Airteagal 285 agus Airteagal 286 CFAE)

Bunaíodh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an 22 Iúil 1975 agus chuaigh sí i mbun oibre i Lucsamburg i mí Dheireadh Fómhair 1977. Is institiúid de chuid an Aontais anois í (Airteagal 13 CAE). Tá sí comhdhéanta de 27 mball, a chomhfhreagraíonn don líon reatha Ballstát. Ceapann an Chomhairle na comhaltaí ar feadh tréimhse 6 bliana, agus déanann sí, trí thromlach cáilithe agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, liosta comhaltaí, arna tharraingt suas i gcomhréir le tograí ó na Ballstáit, a fhormheas (Airteagal 286(2) CFAE). Toghann na comhaltaí Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí as measc na gcomhaltaí ar fad ar feadh téarma 3 bliana; is féidir an t-uachtarán a atoghadh.

Tá sé de chúram ar an gCúirt Iniúchóirí scrúdú a dhéanamh chun féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas. Is é an uirlis is cumhachtaí atá aici gur féidir léi na torthaí a phoibliú. Déantar achoimre ar thorthaí a himscrúduithe i dtuarascáil bhliantúil ag deireadh gach bliana airgeadais. Foilsítear an tuarascáil sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar an dóigh sin cuirtear torthaí na n-imscrúduithe faoi bhráid an phobail. Féadfaidh sí freisin tuarascálacha speisialta a thabhairt uair ar bith ar réimsí sonracha a bhaineann le bainistíocht airgeadais, agus foilseofar na tuarascálacha sin san Iris Oifigiúil.

Comhlachtaí comhairleacha

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (Airteagal 301 CFAE)

Is é cuspóir Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ionadaíocht in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a thabhairt do ghrúpaí éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta (go háirithe fostóirí agus fostaithe, feirmeoirí, iompróirí, lucht gnó, ceardaithe, lucht gairme agus bainisteoirí fiontar beag agus meánmhéide). Is fóram é freisin le haghaidh tomhaltóirí, grúpaí comhshaoil agus comhlachas.

Tá CESE comhdhéanta de 350 comhalta ar a mhéad (326 faoi láthair), is as na heagraíochtaí is mó ionadaíocht sna Ballstáit éagsúla a cheaptar iad. Ceapann an Chomhairle ar feadh 5 bliana iad; glacann sí, ag gníomhú di d’aon toil, liosta comhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí a dhéanann gach Ballstát.

Déantar na suíocháin a dháileadh mar seo a leanas:
An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil 24
An Spáinn, an Pholainn 21
An Rómáin 15
An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghréig, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an tSualainn 12
An Danmhairg, Éire, an Chróit, an Liotuáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn 9
An Laitvia, an tSlóivéin 7
An Eastóin 6
An Chipir, Lucsamburg, Málta 5

Roinntear na comhaltaí ina dtrí ghrúpa (fostóirí, oibrithe agus páirtithe eile a dhéanann ionadaíocht ar son na sochaí sibhialta). Tarraingíonn ‘grúpaí staidéir’ suas tuairimí le cur faoi bhráid na seisiún iomlánach chun go nglacfaí iad. Oibríonn CESE go dlúth le coistí Pharlaimint na hEorpa chomh maith.

In imthosca áirithe, ní mór dul i gcomhairle leis sa nós imeachta reachtach. Eisíonn sé a thuairimí ar a thionscnamh féin freisin. Eisíonn an Coiste tuairimí ar a thionscnamh féin chomh maith. Sintéis de dhearcaí a bhíonn an-difriúil uaireanta is ea na tuairimí sin agus tá siad thar a bheith úsáideach don Chomhairle agus don Choimisiún toisc go dtugann siad léargas ar na hathruithe atá ag teastáil ó na grúpaí sin a mbeidh tionchar díreach ag an togra orthu.

Tá suíomh CESE sa Bhruiséil.

Coiste na Réigiún (Airteagal 305 CFAE)

Leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht), bunaíodh comhlacht nua comhairliúcháin in éineacht le CESE: Coiste Eorpach na Réigiún. Amhail CESE, ní institiúid de chuid an Aontais é i ndáiríre, toisc gur feidhm chomhairleach amháin atá aige. Níl sé de chúram air cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéanamh ar an mbealach céanna le hinstitiúidí uile an Aontais Eorpaigh (Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais, BCE, an Chúirt Iniúchóirí).

Cosúil le CESE, tá 350 comhalta ar a mhéid ar Choiste na Réigiún (tá an líon seo ag 329 faoi láthair). Déanann a chomhaltaí ionadaíocht thar ceann údaráis réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit agus ní mór sainordú a bheith acu ó na húdaráis dá ndéanann siad ionadaíocht, bunaithe ar thoghcháin, nó caithfidh siad a bheith freagrach go polaitiúil do na húdaráis sin.

Déantar na suíocháin a dháileadh mar seo a leanas:
An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil 24
An Pholainn, an Spáinn 21
An Rómáin 15
An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghréig, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an tSualainn 12
An Danmhairg, Éire, an Chróit, an Liotuáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn 9
An Eastóin, an Laitvia, an tSlóivéin 7
An Chipir, Lucsamburg 6
Málta 5

Tá roinnt réimsí ina bhfuil sé de cheangal ar an gCoiste dul i gcomhairle le Comhairle an Aontais Eorpaigh nó leis an gCoimisiún (comhairliúchán sainordaitheach): oideachas; cultúr; an tsláinte phoiblí; gréasáin thras-Eorpacha; bonneagar iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh; comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta; beartas fostaíochta agus reachtaíocht shóisialta. Téann an Chomhairle i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún go rialta freisin, agus gan aon oibleagáid dhlíthiúil uirthi amhlaidh a dhéanamh, maidir le réimse leathan dréachtreachtaíochta (comhairliúchán neamh-shainordaitheach).

Tá suíomh Choiste Eorpach na Réigiún sa Bhruiséil freisin.

An Banc Eorpach Infheistíochta (Airteagal 308 CFAE)

Gníomhaireacht chistiúcháin le haghaidh ‘fhorbairt chothromúil rianúil’ an Aontais Eorpaigh, is ea an Banc Eorpach Infheistíochta, agus tá tarraingt ag an Aontas air dá réir. Is i Lucsamburg atá ceanncheathrú an bhainc. Soláthraíonn an Banc iasachtaí agus ráthaíochtaí sna hearnálacha eacnamaíocha ar fad, go háirithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí seo a leanas: réigiúin lagfhorbartha a chur chun cinn; gnóthais a thabhairt cothrom le dáta nó a aistriú; poist nua a chruthú; agus cúnamh a thabhairt do thionscadail ina bhfuil leas coiteann ag roinnt Ballstát.

DLÍCHÓRAS AN AONTAIS EORPAIGH

Bhí bunreacht an Aontais Eorpaigh, a bhfuil cur síos déanta air thuas, agus na luachanna bunúsacha atá corpraithe sa bhunreacht sin go háirithe, an-teibí ó thús agus is gá feoil a chur orthu trí bhíthin dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, is réaltacht dhlíthiúil é an tAontas ar dhá bhealach éagsúla: cruthaíodh le dlí é agus is comhphobal é atá bunaithe ar an dlí.

An tAontas Eorpach mar a cruthaíodh le dlí é agus mar chomhphobal atá bunaithe ar an dlí

Is le dlí a oibríonn an tAontas Eorpach agus ní le fórsa ná le cur faoi smacht. Sin an ghné atá úrnua agus an ghné a dhéanann dealú idir é agus na hiarrachtaí a rinneadh san am a chuaigh thart an Eoraip a aontú. Ní féidir a bheith ag súil go mairfidh aon chineál aontachta seachas aontacht atá bunaithe ar chinneadh faoi shaoirse — aontacht atá bunaithe ar luachanna bunúsacha amhail an tsaoirse agus an comhionannas, arna gcosaint agus arna gcur i bhfeidhm le dlí. Is é sin an léargas atá ina bhunús leis na conarthaí lenar cruthaíodh an tAontas Eorpach.

Le dlí a cruthaíodh an tAontas; ní hé amháin sin ach is trí bhíthin an dlí, agus trína bhíthin sin amháin, a dhíríonn sé ar a chuspóirí a bhaint amach. Is Aontas é atá bunaithe ar an dlí. Ní le bagairt fórsa ach le dlí an Aontais a rialaítear saol coitianta eacnamaíoch agus sóisialta phobal na mBallstát. Is é sin bunús an chórais institiúidigh. Is é sin a chinneann an nós imeachta cinnteoireachta le haghaidh institiúidí an Aontais agus a dhéanann an caidreamh idir na hinstitiúidí sin a rialú. Cuireann sé ar chumas na n-institiúidí ionstraimí dlí a achtú — i bhfoirm rialachán, treoracha agus cinntí — atá ceangailteach ar na Ballstáit agus ar a gcuid saoránach. Dá bhrí sin, is ar dhaoine aonair is mó a dhíríonn an tAontas. Tá an tionchar atá ag an dlíchóras ar shaol laethúil an duine aonair ag dul i méid i gcónaí. Tugtar cearta dóibh leis agus forchuirtear oibleagáidí orthu leis, agus toisc gur saoránaigh iad de chuid a Stáit féin agus de chuid an Aontais, tá ordlathas dlíchóras á rialú — amhail mar a bhíonn i gcás bunreachtanna cónaidhme. Amhail dlíchóras ar bith eile, soláthraítear le dlíchóras an Aontais córas uathrialach cosanta dlí ionas gur féidir dul i muinín dhlí an Aontais agus ionas gur féidir é a fhorfheidhmiú. Sainítear le dlí an Aontais freisin an caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit. Ní mór do na Ballstáit gach beart is iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thagann as na conarthaí nó atá mar thoradh ar bheart arna dhéanamh ag institiúidí an Aontais. Ní mór dóibh cabhrú leis an Aontas a chúraimí a thabhairt i gcrích agus staonadh ó aon bheart a d’fhéadfadh cur isteach ar ghnóthú chuspóirí na gconarthaí. Tá na Ballstáit freagrach do shaoránaigh an Aontais as dochar ar bith a dhéanann siad trí dhlí an Aontais a shárú.

Foinsí dlíthiúla dhlí an Aontais Eorpaigh

Tá dhá chiall éagsúla leis an téarma ‘foinse dhlíthiúil’. Tagraíonn an bhunchiall don chúis ar tháinig foráil dlí chun cinn, i.e. an rud a bhí ina spreagadh leis an ionstraim dhlíthiúil a dhéanamh. Ba é toil an dreama a chruthaigh dlí an Aontais an tsíocháin a chaomhnú agus Eoraip níos fearr a chruthú, agus é sin a dhéanamh le naisc eacnamaíocha níos dlúithe — bhí an dá bhunchuspóir sin ina gclocha coirnéil ag CEE agus is iad foinse dhlíthiúil dhlí an Aontais iad de réir an tsainmhínithe a dhéantar ar bhunchiall an téarma. Ar an láimh eile, i gcaint an lucht dlí, tagraíonn ‘foinse dhlíthiúil’ do bhunús agus do dhéanamh an dlí.

Conarthaí bunaidh an Aontais Eorpaigh mar phríomhfhoinse dhlí an Aontais

Conarthaí bunaidh an Aontais agus na hiarscríbhinní, na haguisíní agus na prótacail a ghabhann leo, mar aon le píosaí a chuirtear leo agus leasuithe a dhéantar orthu níos déanaí — is iad sin céadfhoinse dhlí an Aontais. Sna conarthaí bunaidh sin agus sna hionstraimí arna leasú agus arna bhforlíonadh (go háirithe Conradh Maastricht, Conradh Amstardam, Conradh Nice agus Conradh Liospóin) agus sna conarthaí aontachais éagsúla, tá forálacha bunúsacha maidir le cuspóirí, eagrúchán agus modus operandi an Aontais, agus codanna dá dhlí eacnamaíoch. Tá an rud céanna fíor maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an luach dlíthiúil céanna aici leis na Conarthaí ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm (Airteagal 6(1) CAE). Dá bhrí sin, leagtar síos iontu an creat bunreachtúil do shaolré an Aontais, a gcuirtear tuilleadh feola orthu ansin ar mhaithe le leas an Aontais trí ghníomhaíocht reachtach agus riaracháin ag institiúidí an Aontais. De bhrí gur ionstraimí dlí iad na Conarthaí arna gcruthú go díreach ag na Ballstáit, dlí príomha an Aontais a thugann lucht dlí orthu.

Léirítear sa ghrafaic seo foinsí dlíthiúla a bhfuil dlí an Aontais bunaithe orthu, lena n-áirítear an reachtaíocht phríomha agus thánaisteach, comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh, prionsabail ghinearálta an dlí agus coinbhinsiúin idir na Ballstáit.

Is iad seo a leanas na foinsí dlíthiúla a bhfuil dlí an Aontais bunaithe orthu. (1) An reachtaíocht phríomha, conarthaí AE mar shampla, an Chairt um Chearta Bunúsacha agus prionsabail ghinearálta an dlí (bhunreachtúil). (2) Comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. (3) An reachtaíocht thánaisteach, gníomhartha reachtacha (rialacháin, treoracha, cinntí) mar shampla, gníomhartha neamhreachtacha (ionstraimí dlíthiúla simplí, gníomhartha tarmligthe, gníomhartha cur chun feidhme), ionstraimí neamhcheangailteacha (moltaí agus tuairimí) agus gníomhartha nach gníomhartha dlí iad (comhaontuithe idirinstitiúideacha, rúin, dearbhuithe agus cláir ghníomhaíochta). (4) Prionsabail ghinearálta an dlí. (5) Coinbhinsiúin idir na Ballstáit – comhaontuithe idirnáisiúnta agus cinntí de chuid ionadaithe rialtais na mBallstát, arna ndéanamh i dtionól na Comhairle.

Ionstraimí dlí an Aontais Eorpaigh mar fhoinse thánaisteach dhlí an Aontais

Tugtar reachtaíocht thánaisteach ar an dlí a dhéanann institiúidí an Aontais trí na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh a fheidhmiú, agus is é an dara foinse is tábhachtaí de dhlí an Aontais é.

Cuimsítear inti gníomhartha reachtacha, gníomhartha neamhreachtacha (ionstraimí simplí dlíthiúla, gníomhartha tarmligthe, gníomhartha cur chun feidhme), ionstraimí neamhcheangailteacha (tuairimí, moltaí) agus gníomhartha eile nach gníomhartha dlí iad (e.g. comhaontuithe idirinstitiúideacha, rúin, dearbhuithe, cláir ghníomhaíochta). Is éard is ‘gníomhartha reachtacha’ ann (Airteagal 289 CFAE) ná gníomhartha dlí arna nglacadh trí ghnáthnós imeachta reachtach nó trí nós imeachta reachtach speisialta. Is éard is ‘gníomhartha tarmligthe’ ann (Airteagal 290 CFAE) gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta agus cheangailteach leo chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. Glacann an Coimisiún leo; ní mór gníomh reachtach a tharraingt suas lena ndéantar cumhacht a tharmligean go sainráite don Choimisiún chun na críche sin. Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, déantar sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme iomchuí, arna nglacadh ag an gCoimisiún de ghnáth, agus i gcásanna áirithe eisceachtúla, arna nglacadh ag an gComhairle (Airteagal 291 CFAE). Féadann institiúidí an Aontais moltaí agus tuairimí a eisiúint i bhfoirm ionstraimí neamhcheangailteacha. Ar deireadh, tá sraith iomlán de ‘ghníomhartha nach gníomhartha dlí iad’ ann — gníomhartha is féidir le hinstitiúidí an Aontais a úsáid chun bearta agus ráitis neamhcheangailteacha a eisiúint agus gníomhartha eile lena rialaítear córas feidhmithe inmheánach an Aontais Eorpaigh nó a institiúidí, amhail comhaontuithe nó socruithe idir na hinstitiúidí, nó rialacha inmheánacha nós imeachta.

Féadfaidh na gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha sin a bheith i bhfoirmeacha atá an-éagsúil. Déantar na gníomhartha dlí is tábhachtaí a liostáil agus a shainiú in Airteagal 288 CFAE. Trí bhíthin gníomhartha ceangailteacha dlí, cuimsítear ann rialacháin, treoracha agus cinntí. Trí bhíthin gníomhartha neamhcheangailteacha dlí, cuimsítear sa liosta moltaí agus tuairimí. Ní liosta cuimsitheach é liosta sin na ngníomhartha, áfach. Tá a lán gníomhartha dlí eile nach féidir a chur i gcatagóirí ar leith. Áirítear orthu sin rúin, dearbhuithe, cláir ghníomhaíochta nó Páipéir Bhána agus Páipéir Uaine. Tá difríochtaí suntasacha idir na gníomhartha éagsúla i dtaca le nós imeachta de, agus lena n-éifeachtaí dlíthiúla agus maidir le cé air a bhfuil siad dírithe; déanfar plé níos mionsonraithe ar na difríochtaí sin sa roinn maidir le ‘Rogha Ionstraimí an Aontais Eorpaigh’.

IONSTRAIMí CEANGAILTEACHA

  • Rialacháin
  • Treoracha
  • Cinntí

GNíOMHARTHA REACHTACHA

= gníomhartha dlí a achtaítear tríd an ngnáthnós imeachta reachtach

IONSTRAIMí SIMPLí DLí

= gníomhartha dlí nach n-achtaítear tríd an nós imeachta reachtach

GNíOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 290 CFAE

GNíOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 291 CFAE

IONSTRAIMí NEAMHCHEANGAILTEACHA

  • Moltaí
  • Tuairimí

CINEáLACHA EILE GNíOMHAíOCHTA NACH GNíOMHARTHA DLí IAD

  • Rúin
  • Dearbhuithe
  • Teachtaireachtaí ón gCoimisiún
  • Cláir ghníomhaíochta
  • Páipéir Bhána
  • Páipéir Uaine

Is de réir a chéile a dhéantar reachtaíocht thánaisteach an Aontais. Cuireann sí le neart na reachtaíochta príomha a thagann as conarthaí an Aontais agus, de réir a chéile, forbraíonn sí agus feabhsaíonn sí dlíchóras na hEorpa.

Comhaontaithe idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh

Baineann an tríú foinse ag dlí an Aontais le ról an Aontas ar an leibhéal idirnáisiúnta. Mar ghníomhaí lárnach i ngnóthaí an domhain, ní leor don Eoraip fanacht i mbun a gnóthaí inmheánacha féin, agus gan ach sin; caithfidh sí freisin dul i ngleic le gnóthaí eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla a bhaineann leis an gcuid eile den domhan. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas comhaontuithe i gcrích sa dlí idirnáisiúnta le tíortha nach Ballstáit iad (‘tríú tíortha’) agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Is fiú go háirithe na comhaontuithe seo a leanas a lua.

Comhaontuithe comhlachais

Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus tír eile: tá i bhfad níos mó i gceist leis ná díreach rialú ar bheartas trádála, ciallaíonn sé freisin dlúthchomhar eacnamaíoch leis an tír sin agus cúnamh airgeadais de chineál forleathan ón Aontas (Airteagal 217 CFAE). Féadfar idirdhealú a dhéanamh idir trí chineál comhaontaithe comhlachais.

Comhaontuithe lena gcaomhnaítear naisc speisialta idir Ballstáit áirithe agus tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

Cúis amháin a bhí le cruthú an chomhaontaithe comhlachais go raibh tíortha agus críocha ann lasmuigh den Eoraip a raibh dlúthnaisc eacnamaíocha ag an Danmhairg, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe leo fós mar thoradh ar a stair choilíneach. Dá dtabharfaí isteach comhtharaif eachtrach san Aontas, chuirfeadh sé isteach go mór ar thrádáil leis na críocha sin, agus bhí gá le socruithe speisialta dá bhrí sin. Is é is cuspóir don chomhlachas forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir iad agus an tAontas ina iomláine (Airteagal 198 CFAE). Dá bhrí sin, tá réimse mór comhaontuithe fabhracha ann lena gceadaítear earraí a allmhairiú ó na tíortha agus ó na críocha sin ag rátaí laghdaithe custaim nó ag rátaí nialais. Aistríodh cúnamh airgeadais agus teicniúil ón Aontas trí Chiste Forbraíochta na hEorpa. Is é an comhaontú is tábhachtaí ar fad atá i bhfeidhm Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE idir an tAontas Eorpach agus 70 stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC). Tá sraith de chomhaontuithe réigiúnacha um chomhpháirtíocht eacnamaíoch á déanamh den chomhaontú sin faoi láthair, agus de réir a chéile tá saor-rochtain á fáil ag tíortha ACC ar mhargadh inmheánach na hEorpa.

Comhaontuithe mar ullmhúchán le haghaidh aontachais leis an Aontas Eorpach nó chun aontas custaim a bhunú

Úsáidtear socruithe comhlachais freisin agus tíortha ag ullmhú le hiarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas. Is réamhchéim i dtreo aontachais an socrú seo agus lena linn féadann an tír iarrthach a bheith ag obair chun a geilleagar a chomhtháthú le geilleagar an Aontais. Tá an straitéis seo á cur i bhfeidhm faoi láthair do thíortha na mBalcán Thiar (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an tSeirbia). Sna cásanna sin, tá tacaíocht á fáil ag an bpróiseas aontachais ó phróiseas leathan cobhsaíochta agus comhlachais (SAP) arb ionann é agus an creat foriomlán do dhul chun cinn thíortha na mBalcán Thiar go dtí go mbainfidh siad aontachas amach ar deireadh. Tá sé mar aidhm ag SAP trí chuspóir ar leith a bhaint amach sa tionscnamh: (1) cobhsaíocht agus aistriú tapa chuig geilleagar margaidh atá ag feidhmiú; (2) comhar réigiúnach a chur chun cinn; (3) ionchas ballraíochta san Aontas. Tá SAP bunaithe ar chomhpháirtíocht fhorchéimnitheach ina dtairgeann an tAontas Eorpach lamháltais trádála, tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais agus caidreamh conarthach i bhfoirm comhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais. Ní mór do gach tír dul chun cinn sonrach a dhéanamh i gcreat SAP chun na ceanglais a bhaineann le ballraíocht ionchasach a shásamh. Déantar dul chun cinn thíortha na mBalcán Thiar i dtreo ballraíocht ionchasach san Aontas Eorpach a mheas i dtuarascálacha bliantúla.

Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)

Le Comhaontú LEE tugadh na tíortha (eile) (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) atá i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) isteach sa mhargadh inmheánach agus, trí iallach a chur orthu beagnach dhá thrian de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ionchorprú, leagadh bonn láidir le haghaidh aontachais ina dhiaidh sin. In LEE, ar bhonn an acquis communautaire (corpas iomlán reachtaíochta príomha agus reachtaíochta tánaistí an Aontais), beidh saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil ann mar aon le rialacha comhionanna maidir le hiomaíochas agus státchabhair, agus comhar níos dlúithe i ndáil le beartais chothrománacha agus beartais tionlacain (comhshaol, taighde agus forbairt, oideachas).

Beirt, in éadaí geimhridh, ag siúl i sráid atá clúdaithe le sneachta thar thithe ildaite, an fharraige thíos rompu agus sliabh faoi shneachta sa chúlra.

Tá an Iorua (oileánrach Svalbard atá sa phictiúr anseo) ina ball de LEE, limistéar a chuimsíonn an Íoslainn agus Lichtinstéin, chomh maith le 27 mBallstát AE. Tá na ceithre shaoirse (saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus chaipitil) i bhfeidhm sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Comhaontuithe comhair

Níl an tionchar atá ag comhaontuithe comhair chomh leathan leis an tionchar atá ag comhaontuithe comhlachais, toisc gur ar dhlúthchomhar eacnamaíoch, agus air sin amháin, atá siad dírithe. Tá comhaontuithe den chineál sin ag an Aontas le stáit na Magraibe (an Ailgéir, Maracó agus an Túinéis), le stáit na Maisreice (an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin agus an tSiria) agus le hIosrael, mar shampla.

Comhaontuithe trádála

Tá roinnt mhaith comhaontuithe trádála ag an Aontas freisin le tíortha ar leith nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, le grúpaí de na tíortha sin, nó laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta trádála a bhaineann le taraifí agus leis an mbeartas trádála. Is iad na comhaontuithe trádála idirnáisiúnta is tábhachtaí an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus na comhaontuithe trádála iltaobhacha a thagann as, lena n-áirítear go háirithe Comhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil; an Cód Frithdhumpála agus Fóirdheontais; an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí; an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil; agus an Tuiscint ar Rialacha agus Nósanna Imeachta lena Rialaítear Réiteach Díospóidí. Mar sin féin, tá comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ag éirí níos coitianta ná comhaontuithe iltaobhacha. Mar gheall ar na deacrachtaí ollmhóra a bhaineann le comhaontuithe iltaobhacha léirscaoilte a chur i gcrích, faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Slándála, mar shampla, chuaigh na cumhachtaí trádála ar fad, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, i mbun comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha a chur i gcrích. Is iad na samplaí is déanaí ná an chaibidlíocht trádála a tugadh chun críche go rathúil le Ceanada, leis an tSile, leis an tSeapáin, le Meicsiceo, le Singeapór, leis an gCóiré Theas, le Vítneam agus le tíortha Mercosur (an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua) agus leis an Nua-Shéalainn agus tabhairt i gcrích comhaontaithe comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS, Stáit ACC roimhe seo). Tá tuilleadh caibidlíochta trádála ar siúl, go háirithe leis an Astráil, leis an India agus leis an Indinéise.

Foinsí an dlí neamhscríofa

Tá gné choiteann ag foinsí dhlí an Aontas atá tuairiscithe go dtí seo sa mhéid is go soláthraítear dlíscríofa leo go léir. Amhail gach córas dlí eile, ní féidir le dlíchóras an Aontais a bheith i dtuilleamaí rialacha scríofa amháin: beidh bearnaí ann i gcónaí agus is leis an dlí neamhscríofa a chaithfear iad a líonadh.

Prionsabail ghinearálta an dlí

Prionsabail ghinearálta an dlí, is iad sin atá ina bhfoinsí neamhscríofa ag dlí an Aontais. Is éard atá sna prionsabail sin rialacha lena léirítear bunchoincheapa an dlí agus an cheartais agus caithfidh gach córas dlí na rialacha sin a urramú. Is le cúrsaí eacnamaíocha agus sóisialta den chuid is mó a bhaineann dlí scríofa an Aontais, agus is teoranta mar atá sé in ann rialacha den chineál sin a leagan síos. Fágann sin go bhfuil prionsabail ghinearálta an dlí ar na foinsí dlíthiúla is tábhachtaí dá bhfuil ag an Aontas. Cuidíonn siad bearnaí a líonadh agus ceisteanna i ndáil le léirmhíniú an dlí atá ann cheana a réiteach ar an dóigh is cothroime is féidir.

Tugtar éifeacht do na prionsabail sin nuair a chuirtear an dlí i bhfeidhm, go háirithe i mbreithiúnais na Cúirte Breithiúnais, mar gurb í atá freagrach as a áirithiú ‘go gcomhlíonfar an dlí i léirmhíniú an Chonartha agus ina chur chun feidhme’. Na prionsabail atá i gcoiteann ag dlíchórais na mBallstát, is iad na príomhphointí tagartha iad chun prionsabail ghinearálta an dlí a chinneadh. Soláthraítear leo an cúlra inar féidir rialacha an Aontais a theastaíonn chun fadhb a réiteach a fhorbairt.

Tá prionsabail dlí eile ann le cois phrionsabail an neamhspleáchais, na hinfheidhmeachta dírí agus thosaíocht dhlí an Aontais, mar atá cearta bunúsacha a ráthú (ar a laghad ar bith i gcás na Polainne, nach bhfuil faoi réir na Cairte um Chearta Bunúsacha de bharr go bhfuil rogha an diúltaithe aici), prionsabal na comhréireachta (atá rialaithe iarbhír ag foráil dhearfach in Airteagal 5(4) CAE), prionsabail an ionchais dhlisteanaigh, an ceart éisteacht cheart a fháil agus an prionsabal go bhfuil na Ballstáit faoi dhliteanas i leith aon sárú ar dhlí an Aontais.

Nós dlíthiúil

Is cuid de dhlí neamhscríofa an Aontais freisin an nós dlíthiúil. Tuigtear gurb éard atá i gceist leis sin cleachtas a leanadh agus ar glacadh leis, agus dá bhrí sin atá bunaithe go dlíthiúil, agus a chuireann le reachtaíocht phríomha nó le reachtaíocht thánaisteach nó a dhéanann modhnú ar an reachtaíocht sin. Aithnítear i bprionsabal go bhféadfadh sé go mbunófaí nós dlíthiúil i ndlí an Aontais. Tá teorainneacha suntasacha ar a bhunú i gcomhthéacs dhlí an Aontais, áfach. Is í an chéad chonstaic an nós imeachta speisialta atá ann i ndáil leis na Conarthaí a leasú (Airteagal 54 CAE). Ní hionann sin agus a rá nach bhféadfadh nós dlíthiúil teacht chun cinn, ach ciallaíonn sé go bhfuil sé i bhfad níos deacra na critéir a úsáidtear chun a chinneadh ar leanadh agus ar glacadh le cleachtas ar feadh tréimhse sách fada a chomhlíonadh. Baineann constaic eile le nós dlíthiúil a bhunú in institiúidí an Aontais, is é sin gur ó na conarthaí amháin a fhaigheann aon bheart a dhéanfaidh institiúid a bhailíocht; ní thugann iompar na hinstitiúide bailíocht don bheart sin ná ní fhaigheann an beart bailíocht de bhrí amháin go raibh rún ag an institiúid caidreamh dlíthiúil a chruthú. Is ionann sin agus a rá nárbh fhéidir le hinstitúidí an Aontais nós dlíthiúil, ar leibhéal na gconarthaí, a bhunú riamh ná choíche; d’fhéadfadh na Ballstáit féin nós dlíthiúil a bhunú — agus ansin féin, chaithfeadh siad é sin a dhéanamh faoi réir na ndianchoinníollacha atá luaite thuas. Féadfar, áfach, dul i muinín nósanna imeachta agus cleachtas a lean agus a chleacht institiúidí an Aontais mar chuid den dlí, agus féadfar leas a bhaint astu agus na rialacha dlíthiúla a leag na hinstitiúidí sin síos á léirmhíniú; d’fhéadfadh sé go n-athródh sin impleachtaí dlíthiúla agus raon feidhme an ghnímh dhlíthiúil lena mbaineann. Ní mór cuimhneamh freisin, áfach, ar na coinníollacha agus ar na teorainneacha atá mar thoradh ar reachtaíocht phríomha an Aontais.

Comhaontuithe idir na Ballstáit

Cuimsítear i bhfoinse deiridh dhlí an Aontais comhaontuithe idir na Ballstáit. Féadfar comhaontuithe den chineál sin a thabhairt i gcrích chun saincheisteanna a bhfuil dlúthnasc acu le gníomhaíochtaí an Aontais a réiteach, ach níor aistríodh aon chumhachtaí chuig institiúidí an Aontais chuige sin, (mar shampla Conradh 2012 ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, ar a dtugtar an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach freisin , a rinneadh gan an tSeicia). Tá comhaontuithe idirnáisiúnta iomlána (conarthaí agus coinbhinsiúin) ann idir na Ballstáit atá dírithe go háirithe ar na deacrachtaí a bhaineann le socruithe atá teoranta ó thaobh críche de a shárú agus ar dhlí a chruthú a mbeidh feidhm aige ar fud an Aontais. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh (mar shampla an Coinbhinsiún ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Conarthacha (1980).

Modhanna gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh

Chun na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas a bhaint amach ceanglaítear ar a chomhlachtaí gníomhaíochtaí a dhéanamh a fhágfaidh go bhféadfaidh an tAontas Eorpach na dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil éagsúla sna Ballstáit éagsúla a ailíniú. Ní mór, dá bhrí sin, sraith ionstraimí dlí a sholáthar le dlí an Aontais, mar atá ag teastáil freisin ó chomhlachtaí na stát féin agus atá ar fáil dóibh chun a gcúraimí náisiúnta a chomhlíonadh.

Níor measadh, áfach, go raibh an rogha fhollasach maidir leis an raon ionstraimí arna nglacadh ó na Ballstáit a chur i bhfeidhm indéanta, toisc go n-úsáideann siad cineálacha gníomhaíochta ar an leibhéal náisiúnta a athraíonn ó thír go tír, agus ní dócha go bhfreastalódh sé ar riachtanais agus leasanna an Aontais ina iomláine dá nglacfaí samhail Ballstáit aonair. Nuair a bunaíodh CEE, thug na reachtóirí aghaidh ar an gcúram deacair mar sin maidir le raon ionstraimí a ‘fhorbairt’ a bhí ailínithe le struchtúir agus freagrachtaí an Chomhphobail. Ba í an chéad tosaíocht cinneadh a dhéanamh maidir leis na foirmeacha ba cheart a bheith ag na hionstraimí dlí sin agus cad iad na héifeachtaí ar cheart a bheith acu. B’éigean do na hinstitiúidí a bheith in ann na dálaí éagsúla eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil sna Ballstáit éagsúla a ailíniú, agus é sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil, i.e. gan bheith ag brath ar dhea-thoil na mBallstát, ionas go bhféadfaí na dálaí maireachtála ab fhearr ab fhéidir a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais. Ar an láimh eile, ba mhian leo gan cur isteach ní ba mhó ná ba ghá ar na córais dlí intíre. Dá bhrí sin, tá córas iomlán reachtach an Aontais bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfear reachtaíocht an Aontais a chur in ionad socruithe náisiúnta nuair is gá an socrú mionsonraithe céanna a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát, ach nuair nach bhfuil gá leis sin, go gcaithfear aird chuí a thabhairt ar na dlíchórais atá ann cheana féin sna Ballstáit.

Ar an mbonn sin, forbraíodh réimse ionstraimí a chuir ar chumas institiúidí an Aontais tionchar a imirt ar na dlíchórais náisiúnta ar bhealaí éagsúla. Is é an beart is déine díobh siúd rialacha de chuid an Aontais a chur in ionad rialacha náisiúnta. Tá rialacha an Aontais ann freisin faoina bhfeidhmíonn institiúidí an Aontais go hindíreach, agus go hindíreach amháin, ar dhlíchórais na mBallstát. Féadfar bearta a dhéanamh freisin nach mbeidh feidhm acu ach maidir le duine sainithe nó inaitheanta, chun dul i ngleic le cás ar leith. Déantar foráil freisin maidir le gníomhartha dlí nach bhfuil ceangailteach ar na Ballstáit ná ar shaoránaigh an Aontais.

Má fhéachaimid ar réimse na n-ionstraimí dlí de réir na ndaoine a bhfuil siad dírithe orthu agus na tionchair phraiticiúla atá acu sna Ballstáit, is féidir córas ionstraimí dlí an Aontais Eorpaigh a leagan amach mar seo a leanas, ar bhonn Airteagal 288 CFAE.

Déantar miondealú sa ghrafaic seo ar na cineálacha ionstraimí dlí atá ag an Aontas bunaithe ar Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí san áireamh.

Is féidir córas ionstraimí dlí an Aontais a idirdhealú mar seo a leanas, bunaithe ar Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Rialacháin: tá feidhm acu seo maidir leis na Ballstáit uile agus maidir le gach duine nádúrtha agus dlítheanach. Tá siad infheidhme go díreach agus ina gceangal go huile agus go hiomlán. Treoracha: tá feidhm acu seo maidir leis na Ballstáit uile nó maidir le Ballstáit shonracha. Tá siad ceangailteach maidir leis an toradh atá beartaithe agus níl siad infheidhme go díreach ach amháin i gcúinsí áirithe. Cinntí (Cineál 1): tá siad sin dírithe ar gach Ballstát nó ar Bhallstáit ar leith agus ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha sonracha. Tá siad infheidhme go díreach agus ina gceangal go huile agus go hiomlán. Cinntí (Cineál 2): níl siad sin dírithe ar sheolaithe sonracha agus tá siad ina gceangal go huile agus go hiomlán. Moltaí: dírítear iad seo chuig na Ballstáit uile nó chuig Ballstáit ar leith, chuig comhlachtaí AE eile agus chuig daoine aonair. Níl siad ceangailteach. Tuairimí: dírítear iad seo chuig na Ballstáit uile nó chuig Ballstáit ar leith, chuig comhlachtaí AE eile agus chuig grúpaí seolaithe nach sonraítear. Níl siad ceangailteach.

Rialacháin mar ‘dhlíthe’ de chuid an Aontais Eorpaigh

Is iad na rialacháin na gníomhartha dlí a chuireann ar chumas institiúidí an Aontais an tionchar is mó a imirt ar na córais dlí intíre. Tá dhá ghné a bhaineann leo atá an-neamhghnách sa dlí idirnáisiúnta.

  • An chéad ghné, is de chineál AE iad, rud a chiallaíonn go leagtar síos an dlí céanna ar fud an Aontais leo, gan beann ar theorainneacha idirnáisiúnta, agus go bhfuil feidhm iomlán acu sna Ballstáit ar fad. Níl sé de chumhacht ag Ballstát rialachán a chur i bhfeidhm go neamhiomlán ná níl sé de chumhacht aige gan ach na forálacha sin a roghnú a dtacaíonn sé leo mar bhealach lena áirithiú nach dtabharfar éifeacht d’ionstraim ar chuir sé ina coinne tráth a glactha nó atá ag teacht salach ar leas an náisiúin mar a fheictear dó é. Ní féidir leis, ach oiread, forálacha ná cleachtais maidir le dlí intíre a agairt chun cur i bhfeidhm sainordaitheach rialacháin a chosc.
  • An dara gné is ea go bhfuil siad infheidhme go díreach, rud a chiallaíonn nach gá na gníomhartha dlí a thrasuí sa dlí náisiúnta, ach mar sin féin go dtugann siad cearta do shaoránaigh an Aontais nó go gcuireann siad oibleagáidí orthu amhail mar a dhéanann an dlí náisiúnta. Tá na Ballstáit agus a n-institiúidí rialaithe agus a gcúirteanna faoi cheangal díreach ag dlí an Aontais agus ní mór dóibh an dlí sin a chomhlíonadh mar a chomhlíonann siad an dlí náisiúnta.

Is ríléir na cosúlachtaí idir na gníomhartha dlí sin agus an dlí reachtúil a ritear i mBallstáit aonair. Má achtaíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle go comhpháirteach iad (faoin ‘ngnáthnós imeachta reachtach’ — féach an roinn ‘An próiseas reachtach san Aontas’), dá bhrí sin, tagraítear dóibh mar ‘ghníomhartha reachtacha’. Níl aon fhreagracht ar an bParlaimint as rialacháin arb iad an Chomhairle nó an Coimisiún Eorpach amháin a achtaíonn iad, agus dá bhrí sin, ó thaobh nós imeachta de ar a laghad, níl na buntréithe acu atá ag reachtaíocht den chineál sin.

Treoracha

Mar aon leis an rialachán, is í an treoir an ionstraim reachtach is tábhachtaí. Is é an cuspóir déach atá aici an comhionannas atá riachtanach i ndlí an Aontais a áirithiú agus éagsúlacht na dtraidisiún agus na struchtúr náisiúnta a urramú. Is é an príomhchuspóir leis an treoir, dá bhrí sin, an dlí a chomhchuibhiú agus ní an dlí a aontú, arb é sin an cuspóir leis an rialachán. Tá sé mar chuspóir leis an treoir ceal a chur i míréireachtaí agus i gcoinbhleachtaí idir dlíthe náisiúnta agus rialacháin, nó neamhréireanna a réiteach de réir a chéile ionas go mbeidh na dálaí ábhartha céanna i ngach Ballstát a mhéid agus is féidir. Tá an treoir ar cheann de na príomhbhealaí a úsáidtear chun an margadh aonair a fhorbairt.

Tá treoir ceangailteach ar na Ballstáit maidir leis an gcuspóir atá le baint amach, ach fágann sí faoi na húdaráis náisiúnta cinneadh a dhéanamh ar an gcaoi le cuspóir comhaontaithe an Aontais a ionchorprú ina gcórais dlí intíre. Is é an réasúnaíocht atá taobh thiar den fhoirm sin reachtaíochta go n-éascaítear léi idirghabháil a dhéanamh i struchtúir eacnamaíocha agus dhlíthiúla intíre, ach é sin a dhéanamh ar dhóigh níos séimhe. Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit na dálaí speisialta intíre a chur san áireamh agus iad ag cur rialacha de chuid an Aontais chun feidhme. Is é an rud a tharlaíonn nach dtagann an treoir in ionad dhlíthe na mBallstát, ach go gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit a ndlí náisiúnta a oiriúnú i gcomhréir le forálacha an Aontais. Bíonn de thoradh air sin de ghnáth próiseas reachtaíochta dhá chéim:

Ar dtús, ag an gcéad chéim, leagtar síos leis an treoir an cuspóir atá le baint amach ar leibhéal an Aontais, laistigh de thréimhse shonraithe, ag an mBallstát nó ag na Ballstáit uile ar a bhfuil an treoir dírithe. Féadfaidh institiúidí an Aontais an cuspóir a leagan amach i dtéarmaí chomh mionsonraithe agus nach mbeidh aon saoirse inlíochta ina leith sin ag na Ballstáit, agus rinneadh é sin go deimhin i dtreoracha maidir le caighdeáin theicniúla agus cosaint an chomhshaoil.

Beirt chustaiméirí i siopa fearas tí, seanlipéad fuinnimh AE agus lipéad fuinnimh nua AE á gcur taobh le taobh acu. Ar an lipéad nua tá cód QR, picteagraim nuashonraithe agus scála athbhreithnithe éifeachtúlachta fuinnimh ag dul ó A go G, scála ó A+++ go D atá ar an seanlipéad.

I dTreoir 2012/27/AE an 25 Deireadh Fómhair 2012 (an treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh) tá pacáiste de bhearta ceangailteacha a bhfuil sé mar chuspóir leis cuidiú leis an Aontas Eorpach a sprioc, is é sin méadú 20 % a dhéanamh ar an éifeachtúlacht fuinnimh, a bhaint amach faoi 2020. Bhí ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 5 Meitheamh 2014.

Ag an dara céim, nó ag an gcéim náisiúnta, aistrítear an cuspóir atá socraithe ar leibhéal an Aontais isteach i bhforálacha dlíthiúla nó riaracháin sna Ballstáit. Cé gur faoi na Ballstáit atá sé, i bprionsabal, cinneadh ar an bhfoirm agus ar na modhanna a úsáidfear chun an oibleagáid a fhorchuir an tAontas orthu a thrasuí sa dlí intíre, is de réir chritéir an Aontais a dhéanfar a mheas an ndearnadh amhlaidh i gcomhréir le dlí an Aontais. Go ginearálta, ní mór staid dhlíthiúil a chruthú faoinar féidir na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an treoir a aithint ar bhealach atá soiléir go leor agus cinnte go leor chun go mbeidh saoránaigh an Aontais in ann iad a agairt nó, más iomchuí, agóid a dhéanamh ina gcoinne sna cúirteanna náisiúnta. Go hiondúil, is gá forálacha sainordaitheacha a achtú chuige sin sa dlí náisiúnta, nó na rialacha atá ann cheana a aisghairm nó a leasú. Ní leor nós riaracháin leis féin ós rud é gur féidir leis na húdaráis lena mbaineann an cineál sin nóis a athrú de réir a dtola; agus níl próifíl ard go leor aige ach oiread.

De dhéanta na fírinne, is gnách nach dtugtar ceart leis na treoracha do shaoránaigh an Aontais ná nach gcuirtear oibleagáidí orthu leo. Is ar na Ballstáit atá siad dírithe. Is leis na bearta arna n-achtú ag údaráis na mBallstát chun an treoir a chur chun feidhme a dtugtar cearta do shaoránaigh nó a gcuirtear oibleagáidí orthu. Fad is go gcomhlíonann na Ballstáit an oibleagáid a fhorchuir an tAontas orthu, níl aon tábhacht leis an bpointe sin ar feadh a mbaineann sé leis na saoránaigh féin. Ach tá míbhuntáistí ann do shaoránaigh an Aontais i gcás nach ndéanann na Ballstát na bearta cur chun feidhme is gá chun an cuspóir atá leagtha síos sa treoir sin a bhaint amach, nó i gcás nach leor na bearta a dhéanann sé. Dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais cur suas le míbhuntáistí dá leithéid. Is é atá cinnte aici — agus é sin bunaithe ar shraith fhada cásanna — gur féidir le saoránaigh an Aontais, i gcúinsí den chineál sin, a agairt go bhfuil éifeacht dhíreach ag an treoir nó ag an moladh sin agus gur féidir leo an agairt sin a dhéanamh i gcaingne sna cúirteanna náisiúnta chun na cearta a bhronntar orthu faoin treoir nó faoin moladh sin a bhaint amach. De réir na Cúirte, is iad seo thíos coinníollacha na héifeachta dírí:

  • ní mór a leagan síos i bhforálacha na treorach, ar dhóigh atá soiléir agus beacht go leor, na cearta a bhronntar leis an treoir ar shaoránaigh agus ar ghnóthais an Aontais;
  • níl aon choinníoll le feidhmiú na gceart;
  • d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí aon saoirse do na húdaráis reachtacha náisiúnta maidir lena bhfuil sna rialacha atá le hachtú;
  • tá an tréimhse atá ceadaithe le haghaidh chur chun feidhme na treorach imithe in éag.

Tá cinntí na Cúirte Breithiúnais maidir le héifeacht dhíreach bunaithe ar an dearcadh ginearálta go bhfuil an Ballstát ag gníomhú go déchiallach agus go mídhleathach má tá sé ag cur i bhfeidhm an tseandlí gan é a chur in oiriúint do cheanglais na treorach. An Ballstát a dhéanann é sin, tá sé ag treascairt ar chearta agus déantar iarracht dul i ngleic leis an treascairt sin trí éifeacht dhíreach na treorach a aithint d’fhonn a áirithiú nach mbainfidh an Ballstát aon sochar as dlí an Aontais a shárú. Dá réir sin, tá éifeacht phionósach ag an éifeacht dhíreach ar an mBallstát nach gcuireann an treoir chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, is díol suntais é nár chuir an Chúirt Bhreithiúnais an prionsabal i bhfeidhm ach amháin i gcásanna idir saoránaigh agus Ballstáit, agus gurbh é an t-aon uair a ndearna sí sin nuair ba chun sochair an tsaoránaigh a bhí an treoir, seachas chun dochair dó — is é sin le rá nuair ba é an cás gurbh fhabhraí stádas an tsaoránaigh faoin dlí arna leasú ag an treoir ná a stádas faoin seandlí (‘éifeacht dhíreach ingearach’).

Níl glactha ag an gCúirt Bhreithiúnais le héifeacht dhíreach na dtreoracha ar an gcaidreamh idir saoránach amháin agus saoránach eile (‘éifeacht dhíreach chothrománach’). Is é conclúid na Cúirte go bhfágann gné phionósach an phrionsabail nach bhfuil sé infheidhme maidir le caidreamh idir daoine aonair, toisc nárbh fhéidir iad a chur faoi aon dliteanas i leith neamhghníomh an Bhallstáit. Ina ionad sin, is féidir le daoine aonair brath ar dheimhneacht sa dlí agus ar chosaint ionchas dlisteanach. Is gá don saoránach a bheith ábalta muinín a bheith aige go dtabharfar éifeacht do threoracha trí bhíthin beart náisiúnta cur chun feidhme. Mar sin féin, tá an Chúirt Bhreithiúnais tar éis príomhphrionsabal dlí a fhorbairt. De réir an phrionsabail sin, tá ábhar treoirlíne infheidhme freisin maidir le ceisteanna a bhaineann leis an dlí príobháideach, ar choinníoll go léireofar an toirmeasc ginearálta ar idirdhealú ann. Tá níos mó i gceist le tógán na Cúirte Breithiúnais ná idirdhealú a thoirmeasc, lena leagtar oibleagáid ar údaráis náisiúnta, faoi mar a léirítear sna treoracha ar leith, agus go háirithe ar chúirteanna náisiúnta, an chosaint dhlíthiúil atá ar fáil do dhaoine aonair ó dhlí an Aontais a chur ar fáil laistigh de theorainneacha a ndlínse féin agus éifeachtacht iomlán an dlí sin a áirithiú, agus aon fhoráil sa reachtaíocht náisiúnta atá ag teacht salach ar an bprionsabal sin a dhéanamh neamh-infheidhme más gá. Tá tosaíocht ag dlí an Aontais agus dá bhrí sin tá tosaíocht ag an toirmeasc ar idirdhealú, faoi mar atá leagtha síos sna treoracha ar leith, ar dhlí náisiúnta atá ag teacht salach air. Mar sin, cé nár chaith an Chúirt aon amhras ar a cásdlí maidir leis an easpa éifeacht cothrománach maidir le treoracha, i ndáiríre, tá sí tar éis teacht ar an gconclúid sin maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú i ngach cás ina léirítear é sin i dtreoir. Chinn an Chúirt roimhe sin gurbh amhlaidh an cás maidir le treoirlínte a bhain le gnáth-idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht, inscne nó aois. Ba chóir, áfach, feidhm a bheith aige sin maidir leis na treoirlínte go léir a ghlactar chun cur in aghaidh na bhforas i gcomhair idirdhealaithe atá liostaithe in Airteagal 19 CFAE.

Ní gá go mbainfí de thuiscint as éifeacht dhíreach treorach go dtugann foráil sa treoir sin cearta don duine aonair. Tá éifeacht dhíreach ag forálacha treorach sa mhéid is go bhfuil éifeacht dlí oibiachtúil acu. Baineann na coinníollacha céanna le haithint na héifeachta seo agus a bhaineann le héifeacht dhíreach a aithint, seachas eisceacht amháin, is é sin go gcaithfear oibleagáid shoiléir bheacht a bhunú do na Ballstáit seachas dlí soiléir beacht a leagan amach do shaoránaigh nó d’fhiontair an Aontais. Má dhéantar é sin, beidh na hinstitúidí ar fad — i.e. an reachtóir, lucht riaracháin agus cúirteanna na mBallstát — faoi cheangal ag an treoir agus caithfidh siad í a chomhlíonadh gan cheist agus í a chur i bhfeidhm mar dhlí de chuid an Aontais a bhfuil tosaíocht aige. I dtéarmaí nithiúla, tá oibleagáid orthu freisin an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha nó tosaíocht a thabhairt, i gcur chun feidhme an dlí, d’fhorálacha na treorach thar an dlí náisiúnta atá ag teacht salach uirthi. Ina theannta sin, tá éifeachtaí teorantacha áirithe ag na treoracha ar na Ballstáit — fiú amháin roimh dheireadh na tréimhse trasuímh. Toisc go bhfuil treoracha ceangailteach agus go bhfuil orthu gnóthú chúraimí an Aontais a éascú (Airteagal 4 CAE), ní mór do na Ballstáit staonadh, go dtí deireadh na tréimhse trasuímh, ó aon bheart a d’fhéadfadh cur as do chuspóir na treorach a bhaint amach.

Ina breithiúnais i gCásanna Uamtha C-6/90 agus C-9/90 Francovich agus Bonifaci in 1991, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil na Ballstáit faoi dhliteanas damáistí a íoc i gcás ina dtarlaíonn caillteanas mar gheall ar mhainneachtain treoir a thrasuí go hiomlán nó i bpáirt. Tugadh an dá chás in aghaidh na hIodáile toisc nár trasuíodh in am Treoir 80/987/CEE ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 1980 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht an fhostóra, a rinne iarracht cearta an fhostaí ar luach saothair a chosaint sa tréimhse roimh dhócmhainneacht agus dífhostú ar fhorais dócmhainneachta. Chuige sin, bhí cistí ráthaíochta le bunú a mbeadh cosaint ó chreidiúnaithe leo; ba iad na fostóirí nó na húdaráis phoiblí, nó an dá dhream, a bhí le hiad a chistiú. Ba é seo an fhadhb a bhí ag an gCúirt: cé gurbh é ba chuspóir don Treoir ceart pearsanta a thabhairt do na hoibreoirí a bhí fostaithe leanúint de bheith ag fáil íocaíocht ar son a saothair ó na cistí ráthaíochta, ní fhéadfadh na cúirteanna náisiúnta éifeacht dhíreach a thabhairt don cheart sin, i.e. ní fhéadfadh siad an ceart a fhorfheidhmiú in aghaidh na n-údarás náisiúnta, ar an ábhar nach ndearnadh bearta chun an treoir a thrasuí agus dá réir sin nach raibh aon chiste ráthaíochta curtha ar bun, rud a d’fhág nach raibh sé indéanta a dhéanamh amach cérbh é an féichiúnaí i ndáil leis an dócmhainneacht. Rialaigh an Chúirt, ar an mbonn gur theip ar an Iodáil an treoir a chur chun feidhme, go raibh sí tar éis a gcearta a shéanadh ar na hoibreoirí a bhí fostaithe, agus dá réir sin go raibh dliteanas ar Bhallstát na hIodáile na damáistí a íoc. Cé nach bhfuil an dualgas cúiteamh a íoc scríofa i ndlí an Aontais, measann an Chúirt Bhreithiúnais gur bunchuid de dhlíchóras an Aontais é an dualgas sin, ós rud é go bhfágfaí éifeacht iomlán an dlíchórais sin gan áirithiú agus na cearta arna dtabhairt faoin dlíchóras sin gan chosaint dá mba rud é nach mbeadh an deis ag saoránaigh an Aontais cúiteamh a lorg agus a fháil i gcás a ndéanann Ballstáit sárú ar a gcearta trí dhlí an Aontais shárú4.

Cinntí

Trí bhíthin ‘cinntí’, cuireadh Conradh Liospóin leis an raon ionstraimí dlí. Féadtar idirdhealú a dhéanamh idir dhá chineál cinnidh: cinntí lena sonraítear cé air a bhfuil siad dírithe, agus cinntí ginearálta nach sonraítear leo cé air a bhfuil siad dírithe (cf. Airteagal 288(4) CFAE). Cé go dtagann na cinntí lena sonraítear cé chuige a bhfuil siad dírithe in ionad na gcinntí a rinneadh roimhe sin maidir le cásanna aonair a rialú, cuimsítear sna cinntí ginearálta nach sonraítear leo cé air a bhfuil siad dírithe ionstraimí éagsúla. Tá na hionstraimí sin cosúil le chéile sa mhéid nach rialaítear cásanna aonair leo. Is trua go dtagraítear do dhá chineál ionstraime dlí atá an-neamhchosúil le chéile faoin ainm céanna, mar gur cuid mhór neamhchinnteachta dlíthiúla an toradh a bhíonn ar na ceisteanna dosheachanta maidir le sainmhíniú a thagann chun cinn. B’fhearr téarma amháin a úsáid i gcomhair bearta lena bhforáiltear i leith cásanna aonair agus go mbeadh éifeacht sheachtrach ceangailteach ó thaobh dlí acu ar an duine aonair. Ina theannta sin ba chóir téarma breise a thabhairt isteach d’ionstraimí dlí eile a bhfuil fórsa ceangailteach leo.

Is iondúil go n-úsáideann comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh (go háirithe an Chomhairle agus an Coimisiún) cinntí lena sonraítear cé air a bhfuil siad dírithe chun a bhfeidhm feidhmiúcháin a chur i gcrích. Féadfaidh cinntí den sórt sin a cheangal ar Bhallstát nó ar shaoránach de chuid an Aontais beart a dhéanamh nó staonadh ó bheart a dhéanamh, nó féadfaidh siad cearta a bhronnadh orthu nó oibleagáidí a fhorchur orthu. Is é an cás céanna é, a bheag nó a mhór, i gcórais na mBallstát; cuireann na húdaráis an reachtaíocht i bhfeidhm i gcás ar leith trí bhíthin cinneadh riaracháin.

Is iad seo thíos, go hachomair, na buntréithe atá ag cinneadh den sórt sin.

  • Ní hionann an cinneadh agus an rialachán sa mhéid is go mbaineann infheidhmeacht aonair leis an gcinneadh: ní mór na daoine ar a bhfuil sé dírithe a ainmniú ann agus is iad siúd amháin atá faoi cheangal aige. Comhlíontar an ceanglas sin más rud é, tráth a eisítear an cinneadh, gur féidir an chatagóir daoine ar a bhfuil sé dírithe a shainaithint agus nach féidir é a leathnú ina dhiaidh sin. Déantar tagairt don mhéid atá sa chinneadh, agus ba cheart tionchar díreach aonair a bheith ar chás an tsaoránaigh ag an méid atá sa chinneadh. D’fhéadfadh tríú páirtí fiú teacht faoin sainmhíniú seo más rud é, de bharr tréithe pearsanta nó dálaí lena ndéantar idirdhealú idir an duine sin agus daoine eile, go bhfuil tionchar ag an gcinneadh orthu go díreach agus dá réir sin gur féidir iad a shainaithint amhail mar a shainaithnítear na daoine chuig a bhfuil an cinneadh dírithe.
  • Déantar dealú idir an cinneadh agus an treoir sa mhéid go bhfuil an cinneadh ina cheangal go huile is go hiomlán (ach nach ndéantar sa treoir ach an cuspóir atá le baint amach a shonrú).
  • Tá an cinneadh ceangailteach go díreach orthu siúd a bhfuil sé dírithe orthu. Féadfaidh cinneadh atá dírithe ar Bhallstát an éifeacht dhíreach chéanna a bheith aige ar shaoránaigh agus a bheadh ag treoir.

Tá cinntí ginearálta nach sonraítear leo cé air a bhfuil siad dírithe ina gceangal go huile agus go hiomlán, cé nach bhfuil sé soiléir cé air a bhfuil siad ina gceangal. Ar deireadh thiar, ní féidir é sin a shuí ach amháin ón ábhar atá i ngach cinneadh. I gcomhair cinntí ginearálta, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha ionstraime seo a leanas.

  • Cinntí maidir le forálacha conartha a leasú. Tá na cinntí sin infheidhme ar bhealach ginearálta agus ar bhealach teibí. Is é sin le rá go bhfuil siad ina gceangal ar na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí uile de chuid an Aontais, agus ar na Ballstáit. Is féidir cinntí a dhéanamh chun nósanna imeachta um ghlacadh a shimpliú (Airteagal 81(3) agus Airteagal 192(2)(c) CFAE) nó chun ceanglais maidir le tromlach a mhaolú (Airteagal 312(2) agus Airteagal 333(1) CFAE).
  • Cinntí chun tuilleadh téagair a chur i ndlí na gconarthaí. Tá éifeacht cheangailteach ag na cinntí sin ar an Aontas ina iomláine, nó ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó ar na gníomhaireachtaí de chuid AE i gcás cinneadh maidir lena gcomhdhéanamh; ní bhíonn aon éifeacht sheachtrach acu ar an duine aonair.
  • Cinntí maidir leis an dlí laistigh de na hinstitiúidí agus idir na hinstitiúidí a ghlacadh. Tá na cinntí sin ceangailteach ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid AE dá ndéanann sé difear agus atá bainteach leo. I measc na samplaí tá rialacha inmheánacha nós imeachta na n-institiúidí (an dlí idirinstitiúideach) agus na comhaontuithe idirinstitiúideacha a rinneadh idir comhlachtaí an Aontais (an dlí idirinstitiúideach).
  • Cinntí i gcomhthéacs rialú eagraíochtúil. Tá na cinntí sin (e.g. ceapacháin, luach saothair) ceangailteach ar shealbhóirí oifige nó ar chomhaltaí oifige.
  • Cinntí chun beartas a dhéanamh. Tá na cinntí sin in iomaíocht le rialacháin agus le treoracha ach níl sé i gceist go mbeadh sé d’éifeacht acu a bheith ceangailteach ar an duine aonair ó thaobh dlí. I bprionsabal, ní bhaineann a n-éifeacht cheangailteach ach amháin leis na hinstitiúidí a bhí bainteach lena n-eisiúint, go háirithe nuair a bhaineann siad le treoshuíomhanna nó le treoirlínte do bheartas sa todhchaí. Ní bhíonn éifeachtaí dlí de chineál ginearálta agus teibí nó iarmhairtí airgeadais acu ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
  • Cinntí faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála. Tá na cinntí sin ceangailteach ó thaobh dlí ar an Aontas Eorpach. Tá srian ar a mhéid atá siad ina gceangal ar na Ballstáit le forálacha speisialta (e.g. Airteagal 28(2) agus (5) agus Airteagal 31(1) CAE). Níl siad faoi réir fhorlámhas chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

Moltaí agus tuairimí

Tá catagóir dheiridh de bhearta dlíthiúla ann a ndéantar foráil shainráite maidir leo sna Conarthaí, is iad sin na moltaí agus na tuairimí. Cuireann ar chumas institiúidí an Aontais leo a ndearcadh a chur in iúl do na Ballstáit, agus do shaoránaigh aonair i gcásanna áirithe. Na dearcthaí a chuireann siad in iúl ar an dóigh sin, níl siad ceangailteach agus ní chuireann siad aon oibleagáid dhlíthiúil orthu siúd a bhfuil siad dírithe orthu.

I gcás moltaí, iarrtar ar an bpáirtí a bhfuil siad dírithe air é féin a iompar ar bhealach ar leith, ach ní chuirtear aon oibleagáid dhlíthiúil air. Mar shampla, má ghlacann nó má leasaíonn Ballstát foráil dhlíthiúil nó riaracháin agus má dhéantar saobhadh ar iomaíocht i margadh inmheánach na hEorpa mar thoradh air sin, d’fhéadfadh an Coimisiún bearta iomchuí a mholadh don Stát lena mbaineann chun an saobhadh sin a sheachaint (cf. Airteagal 117(1), an dara habairt, CFAE).

Ní mar sin do na tuairimí, eisíonn institiúidí an Aontais tuairimí nuair atá measúnú á dhéanamh acu ar chás ar leith nó ar fhorbairtí san Aontas nó i mBallstát aonair. I gcásanna áirithe, réitíonn siad an bealach do ghníomhartha a dhéanfar ina dhiaidh sin agus a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, nó bíonn sé riachtanach iad a eisiúint mar réamhchoinníoll chun imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais (cf. Airteagal 258 agus Airteagal 259 CFAE).

Dáiríre, is í a dtábhacht pholaitiúil agus mhorálta an rud is suntasaí faoi mholtaí agus faoi thuairimí. D’aithin lucht dréachtaithe na gconarthaí go bhfuil léargas ar leith ag na hinstitiúidí ar chúrsaí lasmuigh de na creata cúnga náisiúnta, a bhuí lena n-údarás, lena réim leathan dearcaidh agus lena n-eolas cuimsitheach; ar an ábhar sin, nuair a chinn na dréachtóirí foráil a dhéanamh maidir le moltaí agus tuairimí, thuig siad go maith go nglacfadh siad siúd a ndíreofaí orthu iad le moltaí go toilteanach agus go dtabharfadh na daoine sin freagra oiriúnach ar an measúnú a dhéanfadh institiúidí an Aontais ar dhálaí ar leith. Mar sin féin, is féidir le moltaí agus le tuairimí éifeacht dhlíthiúil indíreach a bheith acu má dhéantar iad mar chéim réitithe roimh ionstraimí sainordaitheacha a ghlacadh nó má thugann an institiúid eisiúna féin tiomantas dóibh ar dhóigh lena gcruthaítear ionchais dhlisteanacha nach foláir a chomhlíonadh.

Rúin, dearbhuithe agus cláir ghníomhaíochta

Le cois na ngníomhartha dlí dá bhforáiltear sna conarthaí, tá dóigheanna eile ag institiúidí an Aontais chun bearta a dhéanamh d’fhonn dlíchóras an Aontais a fhoirmiú agus a mhúnlú. Is iad na rúin, na dearbhuithe agus na cláir ghníomhaíochta na cinn is tábhachtaí díobh sin.

Rúin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle rúin a eisiúint. Leagtar amach iontu dearcthaí agus aidhmeanna comhpháirteacha maidir le próiseas iomlán na lánpháirtíochta agus cúraimí sonracha laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Baineann rúin maidir le feidhmiú inmheánach an Aontais, mar shampla, le ceisteanna bunúsacha maidir le haontas polaitiúil, beartas réigiúnach, beartas fuinnimh agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (go háirithe an Córas Eorpach Airgeadaíochta). Is é an ghné is tábhachtaí de na rúin go gcuidíonn siad le stiúir pholaitiúil a thabhairt don obair atá roimh an gComhairle. Mar léiriúcháin de thoil pholaitiúil a bhíonn i gcoitinne, le rúin déantar i bhfad níos éasca é teacht ar chomhthoil sa Chomhairle, agus sa bhreis air sin ráthaítear leo íosmhéid comhghaolmhaireachta idir ordlathas cinnteoireachta sa Chomhphobal agus sna Ballstáit. Ní mór na feidhmeanna sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an tábhacht dhlíthiúil a bhaineann leo, i.e. ba cheart iad a choinneáil solúbtha mar ionstraimí agus níor chóir laincis a chur orthu le barraíocht ceanglas dlíthiúil nó oibleagáidí dlíthiúla.

Dearbhuithe. Tá trí chineál éagsúla dearbhaithe ann. Má bhaineann an dearbhú leis an Aontas a fhorbairt tuilleadh, amhail an dearbhú maidir leis an Aontas Eorpach, an Dearbhú maidir le Daonlathas agus an Dearbhú maidir le Cearta agus Saoirsí Bunúsacha, is geall le rún é, a bheag nó a mhór. Úsáidtear dearbhuithe den chineál sin de ghnáth le dul i bhfeidhm ar ghrúpa leathan daoine nó le díriú ar ghrúpa sonrach. Eisítear an cineál eile dearbhaithe i gcomhthéacs phróiseas cinnteoireachta na Comhairle, agus leagtar amach ann tuairimí chomhaltaí uile na Comhairle nó chomhaltaí aonair na Comhairle maidir le léirmhíniú chinntí na Comhairle. Is gnáthchleachtas sa Chomhairle dearbhuithe léiritheacha den chineál sin a eisiúint agus tá siad riachtanach mar dhóigh le comhréitigh a bhaint amach. Ba cheart a dtábhacht dhlíthiúil a mheasúnú faoi bhunphrionsabail an léirmhínithe, de réir na mbunphrionsabal sin, is é an rud is tábhachtaí maidir le foráil dhlíthiúil a léirmhíniú go gcaithfear a thuiscint cad é an intinn a bhí ag an té a cheap í. Níl an prionsabal sin bailí, áfach, ach amháin má tharraingíonn an dearbhú aird an phobail is gá; is é sin toisc, mar shampla, nach féidir reachtaíocht thánaisteach an Aontais a thugann cearta díreacha do dhaoine aonair a shrianadh trí chomhaontuithe tánaisteacha nach bhfuil curtha ar fáil go poiblí.

Cláir ghníomhaíochta. Is iad an Chomhairle agus an Coimisiún a tharraingíonn suas na cláir sin ar a dtionscnamh féin nó ar chomhairle na Comhairle Eorpaí. Feidhmíonn siad na cláir reachtacha agus na cuspóirí ginearálta atá leagtha síos sna conarthaí a chur i bhfeidhm. Má tá foráil shonrach déanta sna conarthaí maidir le clár ar leith, beidh institiúidí an Aontais faoi cheangal ag na forálacha sin agus iad i mbun pleanála ar an gclár sin. Ar an láimh eile, níl i gcláir eile sa chleachtas ach treoirlínte ginearálta nach bhfuil aon éifeacht cheangailteach ó thaobh dlí ag baint leo. Is comhartha iad, áfach, ar na bearta atá á mbeartú ag institiúidí an Aontais.

Chomh maith leis sin, tá tábhacht shuntasach ag baint le Páipéir Bhána agus le Páipéir Uaine san Aontas. Is é an Coimisiún a fhoilsíonn Páipéir Bhána agus bíonn tograí nithiúla iontu le haghaidh bhearta an Aontais i réimse beartais faoi leith. Má bhíonn glacadh maith ag an gComhairle leis an bPáipéar Bán, d’fhéadfadh sé a bheith mar bhonn le clár gníomhaíochta de chuid an Aontais. I measc samplaí de sin tá na Páipéir Bhána maidir le todhchaí na hEorpa (2017) agus intleacht shaorga (2020). Tá sé i gceist go spreagfaí le Páipéir Uaine comhrá ar thopaicí áirithe ar an leibhéal Eorpach agus go mbeidís mar bhonn le comhairliúchán poiblí agus le díospóireacht ar na topaicí atá faoi chaibidil sa Pháipéar Uaine. D’fhéadfadh forbairtí reachtacha eascairt uathu agus tugtar breac-chuntas orthu sin ina dhiaidh sin i bPáipéir Bhána.

Foilsiú agus cur in iúl

Foilsítear gníomhartha reachtacha agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí de de chuid an Aontais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L (L = reachtaíocht). Tagann siad i bhfeidhm ar an dáta a shonraítear iontu nó, mura sonraítear dáta ar bith, ar an 20ú lá tar éis a bhfoilsithe.

Níl aon oibleagáid annionstraimí neamhcheangailteacha a fhoilsiú agus a chur in iúl, ach foilsítear iad de ghnáth in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C (‘faisnéis agus fógraí’ (C = cumarsáid)). Foilsítear doiciméid oifigiúla uile institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais i sraith C freisin.

Cuirtear gníomhartha reachtacha lena sonraítear cé air a bhfuil siad dírithe in iúl dóibh siúd ar a bhfuil siad dírithe agus tagann siad i bhfeidhm tráth a thugtar an fógra sin.

An próiseas reachtach san Aontas Eorpach

Is gnách, i stát, gur sa pharlaimint a chuirtear toil an phobail in iúl; ar feadh i bhfad ba ag ionadaithe rialtais na mBallstát, agus iad i láthair a chéile ag cruinnithe na Comhairle, a bhí an ról cinniúnach toil an Aontais a chur in iúl. Is é ba chúis leis sin díreach nach ‘náisiún Eorpach’ atá san Aontas ach go bhfuil sé ann agus go bhfuil an cruth atá air mar gheall ar ionchur comhcheangailte na mBallstát. Ní hé amháin gur aistrigh siad cuid dá gceannasacht chuig an Aontas, ach chuir siad an cheannasacht sin uile d’aon taobh ar an tuiscint go mbeadh an chumhacht, go comhpháirteach acu féin, an cheannasacht sin a fheidhmiú. I dtús báire, bhí an roinnt cumhachtaí sin i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais dírithe ar chosaint a thabhairt do na Ballstáit ar a leas náisiúnta féin, ach de réir mar a bhí próiseas lánpháirtíocht an Aontais ag dul chun cinn agus i ndoimhne tháinig éabhlóid ar an gcóras roinnte cumhachtaí sin, agus tá níos mó cothromaíochta sa chóras atá anois ann agus tá feabhas seasta leanúnach ag teacht ar stádas Pharlaimint na hEorpa. Ar an gcéad dul síos, leathnaíodh an nós imeachta bunaidh, nós imeachta a chiallaigh nach ndearnadh ach dul i gcomhairle leis an gComhairle, chun go mbeadh comhar leis an gComhairle mar chuid de, agus ar deireadh tugadh cumhachtaí comhchinnteoireachta don Pharlaimint i bpróiseas reachtach an Aontais.

Léiríonn an ghrafaic seo an próiseas trína nglactar gníomhartha reachtacha san Aontas Eorpach.

Sa nós imeachta chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh leantar na céimeanna seo a leanas. Cuireann an Coimisiún Eorpach tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (an chéad léamh) i gcomhair a seasaimh agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste Eorpach na Réigiún chun a dtuairim a fháil. Cuirtear na tograí ar aghaidh ansin chuig an gComhairle le haghaidh an chéad léimh. Mura molfaidh an Pharlaimint aon leasuithe nó má fhormheasann an Chomhairle na leasuithe uile, agus tar éis caibidlíocht thríthaobhach ina mbeidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún rannpháirteach, féadfar an ionstraim reachtach a ghlacadh. Seachas sin, cuireann an Chomhairle a seasamh faoi bhráid na Parlaiminte agus cuirtear an togra ar ais chuig an bParlaimint don dara léamh. Má fhormheastar an seasamh ón gComhairle, glactar an ionstraim san fhoclaíocht a fhreagraíonn don seasamh ón gComhairle. Má dhiúltaíonn tromlach d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa do sheasamh na Comhairle, tiocfaidh deireadh leis an bpróiseas reachtach, agus ní ghlactar an ionstraim. Má tá leasuithe molta ag tromlach na bhFeisirí leasuithe, déanann an Coimisiún leasuithe na Parlaiminte a fhormheas nó a dhiúltú. Cuirtear an togra ar aghaidh ansin chuig an gComhairle le haghaidh an dara léamh. Má fhormheasann an Chomhairle na leasuithe trí thromlach cáilithe nó d’aon toil, tá an gníomh glactha. Má dhiúltaíonn an Chomhairle do na leasuithe, cuirtear an togra faoi bhráid an Choiste Idir-réitigh (coiste a bhfuil ionadaithe ón bParlaimint agus ón gComhairle air). Má thagann siad ar chomhaontú, deimhníonn an Pharlaimint agus an Chomhairle araon an toradh ar an tríú léamh. Má theipeann ar an gCoiste Idir-réitigh teacht ar chomhaontú, meastar gur diúltaíodh don ionstraim, agus cuirtear clabhsúr ar an bpróiseas reachtach ar an gcaoi sin.

Rinneadh atheagrú agus athstruchtúrú ar an nós imeachta reachtach san Aontas Eorpach le Conradh Liospóin. Tá idirdhealú le déanamh idir an méid seo a leanas:

  1. an gnáthnós imeachta reachtach chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh (Airteagal 289(1) CFAE,) a chomhfhreagraíonn go bunúsach don nós imeachta comhchinnteoireachta a bhí ann roimhe sin agus a bhfuil feidhm aige mar riail ghinearálta maidir le reachtóireacht ar leibhéal an Aontais, mar aon leis an nós imeachta reachtach speisialta (Airteagal 289(2) CFAE), i gcás ina nglacann Parlaimint na hEorpa gníomhartha reachtacha le rannpháirtíocht na Comhairle, nó ina nglacann an Chomhairle iad le rannpháirtíocht na Parlaiminte;
  2. ní mór gníomhartha dlí áirithe a chur trí nós imeachta toilithe sa Pharlaimint sula bhféadfaidh siad teacht i bhfeidhm;
  3. glactar gníomhartha neamhreachtacha trí nós imeachta simplithe;
  4. tá nósanna imeachta speisialta i bhfeidhm chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

Ord an nós imeachta

Céim an fhoirmlithe

I bprionsabal, is é an Coimisiún a chuireann tús leis an nós imeachta, ós é an Coimisiún a tharraingíonn suas togra le haghaidh an bhirt ón Aontas atá le déanamh (tugtar an ‘ceart tionscnaimh’ air sin). Is í roinn an Choimisiúin a dhéileálann leis an réimse áirithe atá i gceist a ullmhaíonn an togra; go minic rachaidh an Roinn i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta ag an bpointe seo. Tarlaíonn sé sin uaireanta i bhfoirm plé i gcoistí a thionóltar go speisialta; de rogha air sin, féadfaidh ranna ábhartha an Choimisiúin ceisteanna a chur orthu. Mar sin féin, níl aon oibleagáid ar an gCoimisiún glacadh le comhairle na saineolaithe náisiúnta agus a thograí á ndréachtú aige. Tar éis don Choimisiún dréacht a tharraingt suas ina leagtar ábhar agus foirm an bhirt amach go mion, cuirtear faoi bhráid an Choimisiúin ina iomláine é, agus is leor tromlach simplí lena ghlacadh. Tá sé anois mar ‘thogra de chuid an Choimisiúin’ agus seoltar chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle é go comhuaineach agus, nuair is gá comhairliúchán, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún, maille le nótaí míniúcháin mionsonraithe.

An chéad léamh sa Pharlaimint agus sa Chomhairle

Cuireann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an togra ar aghaidh chuig coiste comhordaithe parlaiminteach lena bhreithniú tuilleadh. Déantar toradh phléití an choiste a phlé ag seisiún iomlánach den Pharlaimint, agus déantar é a leagan amach i dtuairim; sa tuairim, d’fhéadfadh sé go nglacfaí leis an togra, nó go ndiúltófaí dó nó go molfaí leasuithe air. Ansin cuireann an Pharlaimint a seasamh chuig an gComhairle.

Féadfaidh an Chomhairle gníomhú anois mar a leanas ar an gcéad léamh.

  • Má fhormheasann sí seasamh na Parlaiminte, glactar an gníomh leis an bhfoclaíocht a chomhfhreagraíonn don seasamh sin; leis sin tá deireadh tagtha leis an bpróiseas reachtaíochta. Sa chleachtas, is é an riail anois go gcuirtear an próiseas reachtach i gcrích ag an gcéad léamh. Chun na críche sin, baineadh úsáid as an ‘idirphlé trípháirteach neamhfhoirmiúil’. Is éard atá i gceist leis sin go suíonn an Chomhairle agus an Coimisiún ag bord chun teacht ar chomhréiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach ag an staid sin, staid luath sa phróiseas reachtach. Is gnách go n-éiríonn leo seo, rud a chiallaíonn nach dtéann ach tionscadail reachtacha an-chonspóideach tríd an ngnáthnós imeachta reachtach ar fad.
  • Mura bhformheasann an Chomhairle seasamh na Parlaiminte, glacann an Chomhairle a seasamh féin ar an gcéad léamh agus cuireann sí in iúl don Pharlaimint é.

Cuireann an Chomhairle an Pharlaimint ar an eolas go hiomlán faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh. Cuireann an Coimisiún a sheasamh in iúl go hiomlán don Pharlaimint.

An dara léamh sa Pharlaimint agus sa Chomhairle

Ón dáta a chuirtear seasamh na Comhairle in iúl di, bíonn 3 mhí ag Parlaimint na hEorpa le ceann amháin de nithe seo a leanas a dhéanamh.

  1. Seasamh na Comhairle a fhormheas nó gan cinneadh a ghlacadh — meastar ansin go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha agus glactha de réir na foclaíochta a fhreagraíonn do sheasamh na Comhairle;
  2. Diúltú, trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, do sheasamh na Comhairle — meastar ansin nach bhfuil an gníomh beartaithe glactha agus tagann deireadh leis an bpróiseas reachtach.
  3. Leasuithe a dhéanamh, trí thromlach a comhaltaí, ar sheasamh na Comhairle — cuirtear an téacs arna leasú amhlaidh ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a thugann tuairim ar na leasuithe sin.

Pléitear an seasamh leasaithe sa Chomhairle agus ón dáta a fhaigheann sí leasuithe na Parlaiminte bíonn 3 mhí aici le ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh.

  1. Leasuithe uile na Parlaiminte a fhormheas — meastar ansin go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha. Is leor tromlach cáilithe má aontaíonn an Coimisiún leis na leasuithe; mura n-aontaíonn sé leo, ní féidir leis an gComhairle seasamh na Parlaiminte a fhormheas ach d’aon toil.
  2. A roghnú gan leasuithe uile na Parlaiminte a fhormheas, nó ní bhaint an tromlach riachtanach amach — bíonn nós imeachta idir-réitigh mar thoradh air sin.
An nós imeachta idir-réitigh

Cuireann Uachtarán na Comhairle tús leis an nós imeachta idir-réitigh le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Tá ag a chroílár an Coiste Idir-réitigh, atá comhdhéanta faoi láthair de 27 n-ionadaí ón bParlaimint agus ón gComhairle. Tá sé de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, laistigh de 6 seachtaine ón dáta a thionóltar é, teacht ar chomhaontú trí thromlach cáilithe maidir le téacs comhpháirteach, agus é sin a dhéanamh ar bhonn sheasaimh na Parlaiminte agus na Comhairle ar an dara léamh. Is comhréiteach é sin a dtagtar air ar bhonn ‘scrúdú a dhéanamh ar gach gné den easaontas’. Mar sin féin, níl i gceist ach teacht ar chomhréiteach idir an dá sheasamh éagsúla atá ag an bParlaimint agus ag an gComhairle. Chuige sin, féadfar míreanna nua a úsáid a éascóidh próiseas an chomhréitithe, ar an gcoinníoll go bhfuil siad ag teacht le toradh foriomlán an dara léamh. Ní féidir, áfach, úsáid a bhaint as leasuithe nár baineadh na móraimh a theastaíonn amach leo ag an dara léamh.

Glacann an Coimisiún páirt in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus déanann sé pé tionscnamh is gá d’fhonn seasamh na Parlaiminte agus seasamh na Comhairle a thabhairt ar aon uaim le chéile.

Más rud é nach bhformheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh de 6 seachtaine ón dáta a thionóltar é, meastar nach bhfuil an gníomh atá beartaithe glactha.

An tríú léamh sa Pharlaimint agus sa Chomhairle

Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh den tréimhse 6 seachtaine, bíonn tréimhse 6 seachtaine ag an bParlaimint, ag gníomhú di trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh, agus ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis an fhormheasa sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach. Má theipeann orthu é sin a dhéanamh, meastar nach bhfuil an gníomh atá beartaithe glactha agus cuirtear deireadh leis an bpróiseas reachtach.

Foilsiú

Síníonn Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle an téacs deiridh (i 24 theanga oifigiúla reatha an Aontais: Béarla, Bulgáiris, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris), agus foilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é nó, má tá sé dírithe chuig grúpa sonrach, tugtar fógra faoi dóibh siúd lena mbaineann.

Cuireann an nós imeachta comhchinnteoireachta dúshlán roimh an bParlaimint ach bronnann sé áiméar uirthi freisin. Le go n-éireoidh leis an nós imeachta, ní mór don Choiste Idir-réitigh teacht ar chomhaontú. Ach chomh maith leis sin, tá athrú suntasach déanta ar an ngaol idir an Pharlaimint agus an Chomhairle de bharr an nós imeachta seo. Tá an dá institiúid ar comhchéim anois sa phróiseas reachtach, agus is faoin bParlaimint agus faoin gComhairle atá sé a gcumas comhréitigh a léiriú agus a bhfuinneamh a dhíriú ar an gCoiste Idir-réitigh chun teacht ar chomhaontú.

An nós imeachta reachtach speisialta

Mar shaintréith an nós imeachta reachtach speisialta de ghnáth, tá an Chomhairle, ag gníomhú di, d’aonghuth ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ag glacadh cinnidh (e.g. Airteagal 308 CFAE: Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta) nó ag anbParlaimint ag glacadh gníomh dlí tar éis formheas a fháil ón gComhairle (e.g. Airteagal 226, an tríú mír, CFAE: feidhmiú an chirt fiosrúcháin trí choiste fiosrúcháin parlaiminte; Airteagal 228(4) CFAE: coinníollacha lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman).

Tá cineálacha eile reachtóireachta atá neamhchosúil leis na cásanna rialta sin ach is féidir a bheith ina gcuid den nós imeachta reachtach speisialta mar sin féin.

  • Cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbuiséad (Airteagal 314 CFAE): baineann rialacha mionsonraithe leis an nós imeachta agus tá sé beagnach ar aon dul leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
  • Glacann an Chomhairle cinneadh maidir le togra ón gCoimisiún tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint (nó le hinstitiúidí agus le comhlachtaí comhairliúcháin eile de chuid an Aontais). Ba é sin an nós imeachta comhairliúcháin ar dtús arbh é an nós imeachta reachtach caighdeánach ar leibhéal an Aontais é, ach ní úsáidtear anois é ach amháin i gcásanna aonaracha mar nós imeachta reachtach speisialta (e.g. Airteagal 140(2) CFAE: maoluithe i gcomhthéacs an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta; Airteagal 128(2) CFAE: boinn a eisiúint).
  • Glacann an Chomhairle cinneadh gan rannpháirtíocht na Parlaiminte. Is cás eisceachtúil é sin, áfach, agus°— seachas i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, i gcás ina bhfuil an Pharlaimint á treorú ag cinntí ón gComhairle (Airteagal 36 CAE) — ní tharlaíonn sé ach i gcásanna an-aonarach (e.g. Airteagal 31 CFAE: Comhtharaif Chustaim a shocrú; Airteagal 301(2) CFAE: comhdhéanamh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta).

Féadfar réimsí beartais ina bhfuil foráil maidir nós imeachta reachtach speisialta, a aistriú chuig an ngnáthnós imeachta reachtach le ‘clásail passerelle’, nó féadfar tromlach cáilithe a chur in ionad na haontoilíochta sa Chomhairle. Tá idirdhealú le déanamh idir dhá chineál clásail passarelle: (1) an clásal ginearálta ‘passarelle’ a bhfuil feidhm aige maidir le gach réimse beartais agus a n-éilítear cinneadh d’aon toil ón gComhairle Eorpach ina leith; agus (2) clásail shonracha passerelle a bhfuil feidhm acu maidir le réimsí beartais áirithe (e.g. an creat airgeadais ilbhliantúil: Airteagal 312 CFAE; comhar breithiúnach sa dlí teaghlaigh: Airteagal 81(3) CFAE; comhar níos dlúithe: Airteagal 333 CFAE; an fearann sóisialta: Airteagal 153 CFAE; an comhshaol: Airteagal 192 CFAE). Tá difríocht idir na clásail sin agus clásail ‘passerelle’ ghinearálta, sa mhéid nach bhfuil an ceart chun beart a chrosadh ag parlaimintí náisiúnta agus is féidir leis an gComhairle an cinneadh a dhéanamh freisin agus ní gá gurb í an Chomhairle Eorpach a dhéanfadh é.

An nós imeachta um formheas

Ceann de na príomhbhealaí eile a mbíonn baint ag an bParlaimint le próiseas reachtach an Aontais is ea an nós imeachta formheasa, trínar féidir ionstraim dlí a ghlacadh ach amháin le formheas roimh ré ón bParlaimint. De réir an nós imeachta seo ní féidir ionstraim dlí a ghlacadh gan formheas na Parlaiminte a fháil roimh ré. Mar shampla, ní fhéadfaidh sé aon leasú a mholadh ná a áirithiú go nglacfar leo le linn an nós imeachta formheasa; ní bhaineann a ról ach leis an ionstraim dlí arna cur faoina bráid a ghlacadh nó a dhiúltú. Déantar foráil maidir leis an nós imeachta seo i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích (Airteagal 218(6)(a) CFAE), comhar feabhsaithe (Airteagal 329(1) CFAE) nó feidhmiú cumhachtaí maidir le diúscairt (Airteagal 352(1) CFAE). Féadfaidh an próiseas formheasa a bheith ina chuid den nós imeachta reachtach speisialta maidir le gníomhartha reachtacha a ghlacadh agus mar chuid den nós imeachta reachtach simplithe chun gníomhartha ceangailteacha neamhreachtacha a ghlacadh.

An nós imeachta chun gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh

Glactar gníomhartha neamhreachtacha le nós imeachta simplithe ina nglacann institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh nó comhlacht eile gníomh dlíthiúil laistigh dá gcumhachtaí féin. Eascraíonn an t-údarás é sin a dhéanamh ón mbunús inniúlachta ábhartha i gconarthaí an Aontais Eorpaigh.

Baineann an nós imeachta sin i dtús báire le gníomhartha reachtacha ceangailteacha (simplí) arna nglacadh ag institiúid de chuid an Aontais laistigh dá cumhachtaí féin (e.g. gníomh maidir le cúnamh Stáit arna ghlacadh ag an gCoimisiún, Airteagal 108(2) CFAE).

Úsáidtear an nós imeachta simplithe freisin chun ionstraimí neamhcheangailteacha a ghlacadh, go háirithe moltaí agus tuairimí a eisíonn institiúidí an Aontais agus na comhlachtaí comhairliúcháin.

An nós imeachta chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

Is gnáthchleachtas de chuid na Parlaiminte agus na Comhairle le fada cumhachtaí reachtacha agus cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún. Is trí choistí coisteolaíochta a bhunú a feidhmíodh na cumhachtaí a bronnadh. Bhí difríochtaí idir tionchar na Parlaiminte, na Comhairle, an Choimisiúin agus ag na mBallstát. Ní raibh aon deighilt shoiléir, áfach, idir tarmligean cumhachtaí reachtóireachta (cumhacht reachtach) agus bronnadh cumhachtaí cur chun feidhme (cumhacht feidhmiúcháin). Rinneadh idirdhealú le Conradh Liospóin sa dlí príomhúil, a raibh sé thar am é a dhéanamh, maidir le feidhmiú cúraimí reachtacha agus cúraimí feidhmiúcháin (Airteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE).

Is é an Coimisiún a ghlacann gníomhartha tarmligthe ar bhonn údarú speisialta arna sholáthar le gníomh reachtach arna rith ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (Airteagal 290 CFAE). Ní féidir ach leasú ar ghnéithe neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach agus sin amháin a bheith in ábhar an tarmligin; ní fhéadfaidh na gnéithe riachtanacha de réimse a bheith faoi réir tarmligean cumhachta. Ciallaíonn sé sin go nglacann an brainse reachtach féin na forálacha bunúsacha agus nach bhfuil siad le tarmligean chuig an mbrainse feidhmiúcháin. Cuireann sé sin prionsabal an daonlathais agus prionsabal scaradh na gcumhachtaí san áireamh. Má tá cinntí a bhfuil tábhacht pholaitiúil ag baint leo agus a mbeidh iarmhairtí forleathana acu i gceist, ba chóir don Pharlaimint agus don Chomhairle an fhreagracht phríomhúil atá orthu a iompar, mar atá reachtaíocht a rith. Tá sé sin fíor maidir le cuspóirí polaitiúla a bheith le gníomh reachtach, go háirithe, maidir le roghnú na mbealaí chun na spriocanna sin a bhaint amach agus maidir leis na himpleachtaí a bhaineann leis na forálacha i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Lena chois sin, ní fhéadfar ach leasú nó forlíonadh a dhéanamh ar ghníomh reachtach le gníomhartha tarmligthe, ionas nach gcuirfear isteach ar chuspóir an ghnímh. Ar deireadh, ní mór na forálacha atá le leasú nó le forlíonadh leis an ngníomh tarmligthe a shonrú go soiléir sa ghníomh reachtach. Dá bhrí sin, féadfar oiriúnuithe reachtacha ar fhorbairtí nach ann dóibh fós a chuimsiú i ngníomhartha tarmligthe, amhail athruithe ar staid na teicneolaíochta, ailíniú le hathruithe intuartha ar reachtaíocht eile nó a áirithiú go gcuirfear na forálacha i ngníomh reachtach i bhfeidhm fiú amháin nuair a thiocfaidh cúinsí speisialta chun cinn nó faisnéis nua chun solais. Féadfar teorainn ama a chur le tarmligean cumhachtaí, nó má tá sé le feidhmiú ar feadh tréimhse gan teorainn, féadfar a fhoráil go bhfuil sé de cheart é a aisghairm. Chomh maith leis an deis a bheith ann tarmligean cumhachtaí a aisghairm, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle foráil a dhéanamh go mbeidh an ceart ann agóidí a dhéanamh in aghaidh theacht i bhfeidhm ghníomhartha tarmligthe an Choimisiúin. Má tá cumhacht cur chun feidhme tarmligthe ag an bParlaimint agus ag an gComhairle chuig an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Níl aon fhoráil sa dlí príomhúil lena gceadaítear institiúidí eile a chur san áireamh. Tá sé d’údarás ag an gCoimisiún, áfach, dul i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta go háirithe, agus déanann sé é sin de ghnáth sa chleachtas.

glacadh gníomhartha cur chun feidhmea dhéanann an Coimisiún (Airteagal 291 CFAE) ceaptha mar eisceacht ón bprionsabal a bhaineann le freagracht na mBallstát maidir le cur chun feidhme riaracháin dhlí an Aontais (Airteagal 197 CFAE) agus, dá bhrí sin, is faoi rialú na mBallstát atá sé. Is athrú suntasach é sin ar an seasamh sa dlí a bhí ann roimhe sin. Thug an seasamh sin, de réir nós imeachta na coisteolaíochta, cearta comhchinnteoireachta don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir le bearta cur chun feidhme a ghlacadh. Léirítear leis an athrú sin gur chiallaigh an deighilt shoiléir idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme gurbh éigean na cearta maidir le rialú agus rannpháirtíocht a atheagrú dá réir. Cé go bhfuil rochtain ag an bParlaimint agus ag an gComhairle , mar reachtóir an Aontais, ar ghníomhartha tarmligthe, is iad na Ballstáit a dhéanann é i gcás gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an bhfreagracht bhunúsach atá orthu maidir le dlí an Aontais a chur chun feidhme ó thaobh riaracháin. I gcomhréir leis an sainordú reachtach atá aige, tá rialacha agus prionsabail ghinearálta leagtha síos ag reachtóir an Aontais (i.e. an Pharlaimint agus an Chomhairle) i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (‘an rialachán coisteolaíochta’), maidir le smacht ar fheidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme. Tá líon na nósanna imeachta coisteolaíochta laghdaithe leis an rialachán seo agus níl ach dhá cheann acu ann anois: an nós imeachta comhairleach agus an nós imeachta scrúdúcháin. Cruthaíodh sainfhorálacha maidir le rogha an nós imeachta.

Sa nós imeachta comhairleach, soláthraíonn coiste comhairleach tuairimí le móramh simplí agus déantar iad sin a thaifeadadh sna miontuairiscí. Ba chóir don Choimisiún an-aird go deo a thabhairt orthu sin ach níl aon oibleagáid orthu sin a dhéanamh.

Sa nós imeachta scrúdúcháin, vótálann an coiste coisteolaíochta, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ar dhréacht an Choimisiúin i gcomhair bearta cur chun feidhme agus iad ag vótáil le tromlach cáilithe. Má dhéantar é a fhormheas, ní mór don Choimisiún na bearta a ghlacadh faoi mar a cuireadh faoina bhráid iad. Mura nglactar aon chinneadh mar nach bhfuil córam i láthair, féadfaidh an Coimisiún, i bprionsabal, a dhréacht a ghlacadh. I gcás ina dtagann tuairim dhiúltach ón gcoiste nó nach ndéantar é a fhormheas, féadfaidh an Coimisiún dréacht nua a chur faoi bhráid an choiste scrúdúcháin nó an dréacht bunaidh a chur ar aghaidh chuig coiste achomhairc.

Is é an coiste achomhairc an dara céim sa nós imeachta scrúdaithe. Is é an cuspóir atá le tarchur chuig an gcoiste achomhairc ná teacht ar chomhréiteach idir an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát mura féidir teacht ar thoradh sa choiste scrúdúcháin. I gcás ina dtugann an coiste achomhairc tuairim dhearfach, glacann an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Féadfaidh sé é sin a dhéanamh i gcás nach bhfaightear aon tuairim.

Córas an Aontais Eorpaigh um chosaint dlí

In Aontas ar mian leis a bheith faoi rialú an dlí, ní mór córas cosanta dlíthiúla atá iomlán agus éifeachtach a chur ar fáil do na saoránaigh. Sásaíonn córas cosanta dlíthiúla an Aontais Eorpaigh an riachtanas sin. Aithnítear ann ceart an duine aonair chun cosaint dlí éifeachtach ar na cearta a díorthaíodh ó dhlí an Aontais. Tá an chosaint sin, atá códaithe in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, ar cheann de na prionsabail bhunúsacha dlí a eascraíonn ó na traidisiúin bhunreachtúla atá na Ballstáit uile agus ag an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine agus ECHR (Airteagal 6 agus Airteagal 13). Ráthaítear an chosaint sin le córas dlí an Aontais Eorpaigh é (an Chúirt Bhreithiúnas agus an Chúirt Ghinearálta — Airteagal 19(1) CAE). Chun na críche sin, tá sraith nósanna imeachta ar fáil, mar a thuairiscítear thíos.

Imeachtaí i gcás sárú ar chonradh (Airteagal 258 CFAE)

Nós imeachta is ea é seo chun a shuíomh ar theip ar Bhallstát oibleagáid a chomhlíonadh atá air faoi dhlí an Aontais. Is os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a dhéantar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an líomhain, sula dtarchuirfear chuig an gCúirt Bhreithiúnais í ní mór réamhnós imeachta a chur i bhfeidhm ina dtabharfar deis don Bhallstát a bharúlacha a thabhairt. Mura socraítear an díospóid ag an gcéim sin, féadann an Coimisiún (Airteagal 258 CFAE) nó Ballstát eile (Airteagal 259 CFAE) caingean a thionscnamh os comhair na Cúirte. Sa chleachtas, is é an Coimisiún a thionscnaíonn é de ghnáth. Imscrúdaíonn an Chúirt an gearán agus cinneann sí ar sáraíodh conradh. Más amhlaidh gur sáraíodh, ní mór don Bhallstát atá ciontach as an sárú sin na bearta is gá a dhéanamh chun an Conradh a chomhlíonadh. Mura gcomhlíonann Ballstát breithiúnas a rinneadh ina choinne, féadann an Coimisiún an dara rialú a fháil ón gCúirt lena n-ordófar don Stát sin fíneáil chnapshuime nó pionós a íoc (Airteagal 260 CFAE). Dá bhrí sin, bíonn impleachtaí móra airgeadais ann do Bhallstáit a leanann de neamhaird a thabhairt ar bhreithiúnais Cúirte ina gcoinne maidir le sárú conartha. Fotheideal: I gcás Jégo-Quéré , rinne cuideachta iascaireachta iarratas go gcuirfí codanna de threoir maidir le colmóirí óga a chosaint ar neamhní. Go sonrach, bhain sé leis an toirmeasc ar eangacha a mbeadh mogaill 8 cm iontu, amhail na cinn a bhí in úsáid ag Jégo-Quéré. Ar mhaithe le cosaint dlí éifeachtach a áirithiú, rinne an Chúirt Ghinearálta forléiriú fairsing ar choincheap na leithleachta agus chinn sí go raibh an chaingean inghlactha. Níor aontaigh an Chúirt Bhreithiúnais leis sin. Chinn sí nárbh ionann in aon chor leithleacht agus a bheith faoi ualach díreach rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta aige.

Caingne le haghaidh neamhniú (Airteagal 263 CFAE)

Bealach is ea caingne le haghaidh neamhniú chun rialú breithiúnach oibiachtúil a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíocht institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais (athbhreithniú breithiúnach teibí) agus rochtain ar cheartas an Aontais a thabhairt don saoránach, cé go bhfuil roinnt srianta i gceist (ráthú chosaint dhlí an duine aonair).

Féadtar caingne a thaisceadh in aghaidh aon bheart a dhéanann institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ar beart é lena mbaineann éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha is dócha go ndéanfaidh siad difear do leasanna an iarratasóra trína sheasamh sa dlí a athrú go mór. Maille leis na Ballstáit, féadann an Pharlaimint, an Chomhairle, an Coimisiún, Cúirt na n-Iniúchóirí, BCE agus Coiste Eorpach na Réigiún caingne le haghaidh neamhniú a thaisceadh ar choinníoll go n-agraíonn siad gur sáraíodh na cearta atá tugtha dóibh.

Mar sin féin, ní féidir le saoránaigh ná le gnóthais caingean a thaisceadh ach i gcoinne cinntí atá dírithe orthusan go sonrach nó a bhfuil éifeacht dhíreach indibhidiúil acu orthu féin cé gur chuig dream eile atá siad dírithe. Measfaidh an Chúirt Bhreithiúnais gurb amhlaidh an cás má tá an éifeacht ar dhuine chomh sonrach sin gur léir go bhfuil dealú soiléir ann idir an duine sin agus daoine nó gnóthais eile. Le critéar sin na ‘neamh-mheánachta’ táthar ag beartú a áirithiú nach dtarchuirfear ábhar chuig an gCúirt Bhreithiúnais ná chuig an gCúirt Ghinearálta gan é a bheith léirithe go follasach roimh ré go ndearnadh díobháil do sheasamh an ghearánaí sa dlí, agus cineál na díobhála sin a bheith léirithe. Leis an gceanglas maidir le ‘leithleacht’ tá sé beartaithe ‘caingne insteora’ a chosc.

Chomh maith leis sin, tugadh isteach catagóir bhreise de ghníomhartha le Conradh Liospóin, ar féidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha caingne chun neamhniú a thionscnamh ina gcoinne go díreach. Tá seasamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha anois chun imeachtaí a thionscnamh in aghaidh ‘beart rialála’ ar choinníoll go bhfuil ‘baint dhíreach aige leo agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis’. Leis an gcatagóir nua sin, dúnadh ‘bearna sa chosaint dhlíthiúil’ a bhí tugtha chun solais ag an gCúirt i gcás Jégo Quéré. Roimhe sin, níor ráthaíodh cosaint dlí sa chás nárbh fhéidir athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ghnímh sin ag úsáid na leigheasanna a bhí ar fáil chun na críche sin, cé go raibh tionchar díreach ag gníomh reachtach de chuid an Aontais ar oibreoir eacnamaíoch: níor éirigh le dúshláin trí chaingne chun neamhniú (Airteagal 263 CFAE) mar nár bhain siad leis an duine aonair; ní fhéadfaí an nós imeachta chun réamhrialú (Airteagal 267 CFAE) a úsáid mar nárbh ann do bhearta cur chun feidhme náisiúnta (ach amháin in imeachtaí coiriúla áirithe maidir le mainneachtain oibleagáidí faoi dhlí an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch, mainneachtain nach mór neamhshuim a dhéanamh di, áfach, mar nach féidir a bheith ag súil go gcuirfeadh an t-oibreoir eacnamaíoch athbhreithniú ar dhlíthiúlacht i gcrích trí iompar neamhdhleathach); ar deireadh, ní fhéadfadh réiteach a bheith mar thoradh ar chaingne chun damáistí a ghnóthú ar aon nós atá chun leasa shaoránach an Aontais, mar nach féidir ach oiread iad a úsáid chun gníomh reachtach mídhleathach a bhaint de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh.

De bhrí gur cuireadh an gá a bhí le ‘leithleacht’ nuair a bhíonn agóid á déanamh in aghaidh gníomhartha rialála ar leataobh le hAirteagal 263(4) CFAE agus ina ionad sin nach bhfuil gá ach le baint dhíreach agus gan aon bhearta cur chun feidhme náisiúnta a bheith ann, dúnadh cuid den bhearna sin.

Baineann fadhb leis an gciall atá le ‘gníomhartha rialála’, áfach. Nuair a dhéantar léirmhíniú sriantach air, tuigtear nach dtagraíonn an téarma ach do ghníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta amháin acu agus nach gníomhartha reachtacha iad, ach, nuair a dhéantar léirmhíniú níos leithne air, tuigtear go gcuimsíonn sé na gníomhartha go léir a bhfuil feidhm ghinearálta acu, gníomhartha reachtacha san áireamh. Sa bhreith a thug an Chúirt Ghinearálta i gcás Inuit Tapiriit Kanatami, phléigh an Chúirt Ghinearálta go mion leis an dá chur chuige agus, bunaithe ar léirmhíniú gramadaí, stairiúil agus teileolaíoch, chinn sí nach féidir féachaint ar ‘ghníomhartha rialála’ ach amháin mar ghníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus nach gníomhartha reachtacha iad. Chomh maith le gníomhartha tarmligthe (cf. Airteagal 290 CFAE) agus gníomhartha cur chun feidhme (cf. Airteagal 291 CFAE), cuimsíonn siad sin treoracha freisin, ar choinníoll go bhfuil siad infheidhme go díreach de réir cásdlí, agus gur cinntí de chineál teibí agus ginearálta iad, chomh fada agus nár glacadh sa nós imeachta reachtach iad. Dá bhrí sin, tá sé soiléir gur ghlac an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú cúng ar choincheap na ‘rialála’. Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais an cinneadh sin ina breith ar achomharc in 2013. Is trua é sin ó thaobh cosaint éifeachtach dhlíthiúil a ráthú, mar nach féidir ach cuid den bhearna sa chosaint dhlíthiúil a dhúnadh agus feidhm á baint as an gcur chuige sriantach.

Iascairí in éadaí gairme ag obair ar eangach iascaigh ar thrálaer, i measc báid eile i gcalafort iascaigh.

I gcás Jégo-Quéré, rinne cuideachta iascaireachta iarratas go gcuirfí ar neamhní codanna de rialachán a bhain le colmóirí óga a chosaint. Go sonrach, bhain sé leis an toirmeasc ar eangacha a raibh mogall 8 cm iontu, fearacht na n-eangacha a bhí á n-úsáid ag Jégo-Quéré. Ar mhaithe le cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú, rinne an Chúirt Ghinearálta forléiriú fairsing ar choincheap na bainte leithlí agus chinn sí go raibh an chaingean inghlactha. Níor aontaigh an Chúirt Bhreithiúnais leis sin. Chinn sí nárbh ionann in aon chor baint leithleach agus a bheith faoi ualach rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta leis.

Maidir le gníomhartha chomhlachtaí an Aontais agus oifigí eile, go háirithe gníomhartha go leor gníomhaireachtaí, féadfar iad a athbhreithniú anois freisin maidir le dlíthiúlacht (Airteagal 263, an cúigiú mír, CFAE). Ina theannta sin, cuirtear san áireamh sa dlí príomhúil gur bronnadh cumhachtaí ar chuid de na comhlachtaí sin lena gcuirtear ar a gcumas gníomhartha a fheidhmiú a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla acu ar thríú páirtithe. Mar sin, ar mhaithe le córas cosanta dlíthiúla a sholáthar nach bhfuil aon bhearnaí ann, ní mór an deis a bheith ann dul in iontaoibh caingean dlí i ndáil leis na gníomhartha sin freisin.

Má éiríonn leis an gcaingean, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Ghinearálta a dhearbhú go bhfuil an ionstraim ar neamhní le héifeacht aisghníomhach. In imthosca áirithe, féadfaidh sí a dhearbhú go bhfuil sí ar neamhní ó dháta an bhreithiúnais amach. Chun cosaint a thabhairt do chearta agus leasanna na ndaoine sin a thugann caingne dlí os comhair na cúirte áfach, féadfar an dearbhú neamhnithe a dhíolmhú ó aon srianta den sórt sin.

Gearáin maidir le neamhghníomh (Airteagal 265 CFAE)

Comhlánann an sórt seo gníomhaíochta an chosaint dhlíthiúil atá ar fáil in aghaidh na Parlaiminte, na Comhairle Eorpaí, na Comhairle, an Choimisiúin agus BCE. Cuirtear réamhnós imeachta i bhfeidhm faoina dtugann an gearánaí fógra don institiúid go bhfuil uirthi a dualgas a chomhlíonadh. Sna caingne a thugann na hinstitiúidí is é an t-ordú a bhíonn á lorg acu dearbhú gur sháraigh an comhlacht i dtrácht an conradh de bhrí gur theip air cinneadh a dhéanamh a raibh sé de cheangal air é a dhéanamh. I gcás ina dtugann saoránach nó gnóthas de chuid an Aontais caingean, bítear ag lorg dearbhaithe gur sháraigh institiúid de chuid an Aontais an conradh de bhrí gur theip uirthi cinneadh áirithe a dhíriú orthu. Ní bhíonn sa bhreithiúnas ach é seo, go simplí: gur chinn an Chúirt go raibh an fhaillí sin neamhdhleathach. Níl aon dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais / ag an gCúirt Ghinearálta a ordú go ndéanfaí cinneadh: níl de cheangal ar an bpáirtí a ndéantar an breithiúnas ina choinne ach bearta a dhéanamh chun an breithiúnas a chomhlíonadh (Airteagal 266 CFAE).

Gníomhaíochtaí le haghaidh damáistí (Airteagal 268 agus Airteagal 340, an dara mír, CFAE)

Saoránaigh agus gnóthais — agus Ballstáit freisin — dá ndéantar dochar de dheasca locht arb í foireann an Aontais is cúis leis, bíonn an deis acu caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun damáistí a ghnóthú. Níl bonn leagtha amach ina iomláine sna Conarthaí i gcomhair dhliteanas an Aontais agus i gcás nach bhfuil sé cumhdaithe iontu rialaítear é leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát. Chomhlánaigh an Chúirt an méid sin nuair a mhaígh sí nach mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sula bhféadtar damáistí a dheonú.

  1. Ní mór gníomh neamhdhleathach a bheith déanta ag institiúid an Aontais nó ag ball dá foireann i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. Is gníomh neamhdhleathach é má dhéantar sárú tromchúiseach ar riail de chuid dhlí an Aontais lena dtugtar cearta do dhuine aonair, do ghnóthais nó do Bhallstát nó a ritheadh chun iad a chosaint. I measc na ndlíthe a aithnítear mar dhlíthe cosantacha tá, go háirithe, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh nó prionsabail bhunúsacha an ionchais dhlisteanaigh agus na comhréireachta, ach ina theannta sin, aon smacht reachta eile atá infheidhme go díreach agus a bhronnann cearta pearsanta ar shaoránach den Aontas. Bíonn sárú tromchúiseach i gceist má théann an institiúid lena mbaineann méid suntasach thar theorainneacha a cumhachta lánroghnaí. Tá sé de nós ag an gCúirt a cuid cinntí a chur in oiriúint do chúinge na chatagóire daoine dá ndéanann an beart i gceist difear agus do mhéid an damáiste a rinneadh. Ní mór don damáiste sin a bheith níos mó ná an riosca tráchtála a mbeadh súil leis go réasúnta san earnáil gnó lena mbaineann.
  2. Ní mór díobháil a bheith déanta iarbhír.
  3. Ní mór nasc cúisíoch a bheith ann idir an gníomh a rinne an institiúid de chuid an Aontais agus an damáiste a rinneadh.
  4. Ní gá drochintinn ná faillí a chruthú.

Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag foireann an Aontais Eorpaigh (Airteagal 270 CFAE)

Díospóidí idir an tAontas agus a bhaill foirne nó a mbaill teaghlaigh mharthanacha a eascraíonn ón gcaidreamh fostaíochta, is féidir iad a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Tá dlínse maidir leis na gníomhartha sin ag an gCúirt Ghinearálta.

Nós imeachta achomhairc (Airteagal 256 CFAE)

Ceapadh an gaol idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta sa chaoi gur ar phointí dlí, agus orthu sin amháin, a bheadh breithiúnais na Cúirte Ginearálta faoi réir ceart achomhairc chun na Cúirte Breithiúnais. Easpa inniúlachta na Cúirte Ginearálta, sárú nós imeachta a théann chun dochair do leasanna an achomharcóra nó sárú ar dhlí an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta, is iad sin na forais a fhéadann bheith mar bhonn le hachomharc. Má tá údar maith leis an achomharc agus má tá sé inghlactha faoin nós imeachta, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas na Cúirte Ginearálta ar ceal. Má fheictear don Chúirt gur ábhar é a dteastaíonn rialú ón gcúirt ina leith, féadann an Chúirt Bhreithiúnas a breithiúnas féin a eisiúint; nuair nach bhfeictear sin di, ní mór di an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus beidh sé de cheangal ar an gCúirt Ghinearálta cloí le measúnú dlíthiúil na Cúirte Breithiúnais.

Cosaint dhlíthiúil shealadach (Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE)

Ní bhíonn éifeacht fionraíochta le caingne a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, ná le hachomhairc a thaisctear in aghaidh a gcuid breithiúnas. Is féidir, áfach, iarratas ar ordú a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta chun go bhfionrófar feidhm an ghnímh a chonspóidtear (Airteagal 278 CFAE) nó ar ordú idirlinne cúirte (Airteagal 279 CFAE).

Measann na cúirteanna tuillteanais aon iarratais ar bhearta idirlinne ar bhonn na gcritéar seo a leanas.

  1. An t-ionchas go n-éireoidh leis an bpríomh-shaincheist (fumus boni juris). Measann an chúirt é sin i réamhscrúdú achomair ar na hargóintí arna gcur faoina bráid ag an achomharcóir.
  2. A phráinní atá an t-ordú. Meastar é seo ar an mbonn an gá an t-ordú arna iarraidh ag an achomharcóir chun díobháil thromchúiseach agus dholeasaithe a chosc. I measc na gcritéar a úsáidtear chun an measúnú sin a dhéanamh tá cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe, agus an díobháil dho-aisiompaithe shonrach a dhéanann sé do mhaoin an achomharcóra agus dá earraí eile atá faoi chosaint dhlíthiúil. Ní mheastar gur de chineál tromchúiseach agus doleasaithe atá caillteanas airgeadais ach amháin más amhlaidh nach bhféadfaí é a leigheas fiú dá n-éireodh leis an achomharcóir sna príomh-imeachtaí.
  3. Leasanna a mheá. An díobháil is dócha a dhéanfaí don achomharcóir dá ndiúltófaí an t-iarratas ar ordú idirlinne, déantar í a mheá lena mhéid a bheadh sé le leas an Aontais an beart a chur chun feidhme láithreach, agus leis an díobháil a dhéanfaí do thríú páirtithe dá n-eiseofaí an t-ordú idirlinne.

Réamhrialú (Airteagal 267 CFAE)

Is é seo an nós imeachta faoinar féidir le cúirteanna náisiúnta treoir a lorg ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le dlí an Aontais. I gcás go n-éilítear ar chúirt náisiúnta forálacha de chuid dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gcás atá os a comhair, féadann sí bac a chur ar na himeachtaí agus a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais léirmhíniú a thabhairt i dtaobh bhailíocht na hionstraime de chuid an Aontais atá i dtreis agus/nó i dtaobh léirmhíniú na hionstraime agus na gconarthaí. Is i bhfoirm breithiúnais a bhíonn freagra na Cúirte Breithiúnais seachas i bhfoirm tuairime comhairlí; cuirtear i dtábhacht leis sin gur rialú ceangailteach atá ann. Murab ionann agus na nósanna imeachta eile faoi chaibidil anseo, ní nós imeachta cointinneach é an nós imeachta chun réamhrialú. Níl ann ach céim amháin sna himeachtaí a thosaíonn agus a chríochnaíonn sna cúirteanna náisiúnta.

Is é cuspóir an nós imeachta sin ar an gcéad dul síos léirmhíniú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais a áirithiú agus, dá bhíthin sin, aontacht dhlíchóras an Aontais Eorpaigh a áirithiú. Is é cuspóir nós imeachta an réamhrialaithe léiriú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais a áirithiú agus, dá bhíthin sin, aontacht dhlíchóras an Aontais a áirithiú. Ní féidir leis na cúirteanna náisiúnta ach measúnú a dhéanamh ar an gcomhchuibheas idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais agus, i gcás nach bhfuil siad de réir a chéile, dlí an Aontais a fhorfheidhmiú — toisc go bhfuil tosaíocht aige thar an dlí náisiúnta agus go bhfuil sé infheidhme go díreach — má tá ábhar agus raon feidhme fhorálacha an Aontais leagtha amach go soiléir. Ní féidir an tsoiléireacht sin a chruthú ach amháin trí réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais, de ghnáth. Dá bhrí sin, leis na himeachtaí i gcomhair rialú den sórt sin tugtar deis do shaoránaigh an Aontais agóid a dhéanamh in aghaidh bearta a sháraíonn dlí an Aontais arna ndéanamh ag a mBallstát féin, agus forfheidhmiú dhlí an Aontais a áirithiú sna cúirteanna náisiúnta. A bhuí leis an bhfeidhm dhéach sin atá ag nósanna imeachta chun réamhrialú, cúitítear go pointe áirithe na srianta ar dhaoine aonair maidir le caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais agus dá bhrí sin tá sí fíor-riachtanach i gcomhair chosaint dhlíthiúil an duine aonair. Braitheann rath na n-imeachtaí sin, áfach, ar na breithiúna náisiúnta agus ar na cúirteanna náisiúnta agus ar chomh ‘fonnmhar’ agus a bhíonn siad cásanna a tharchur chuig údarás níos airde.

Ábhar. Tugann an Chúirt Bhreithiúnais rialuithe maidir lena léirmhíniú ar ionstraimí de dhlí an Aontais agus scrúdaíonn sí bailíocht gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais lena mbaineann tábhacht dhlíthiúil. Ní féidir forálacha dlí náisiúnta a bheith ina n-ábhair ag réamhrialuithe. Le linn imeachtaí chun réamhrialú, níl de chumhacht ag an gCúirt Bhreithiúnais dlí náisiúnta a léirmhíniú ná an comhchuibheas idir an dlí sin agus dlí an Aontais a mheas. Is minic a thugtar neamhaird ar an méid sin sna ceisteanna a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, cúirt a n-iarrtar uirthi breathnú ar an-chuid ceisteanna a bhaineann go sonrach le comhchuibheas idir forálacha den dlí náisiúnta agus forálacha de dhlí an Aontais, nó iarrtar uirthi cinneadh a dhéanamh an infheidhme sainfhoráil de dhlí an Aontais in imeachtaí atá ar feitheamh os comhair cúirte náisiúnta. Cé go bhfuil na ceisteanna seo neamh-inghlactha ó thaobh nós imeachta de, ní hamháin go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais iad a tharchur ar ais chuig an gcúirt náisiúnta; ina ionad sin, déanann sí ath-léirmhíniú ar an gceist a tarchuireadh chuici — glacann sí léi mar iarratas ón gcúirt náisiúnta ar chritéir bhunúsacha nó riachtanacha chun na forálacha dlí de chuid an Aontais atá i dtrácht a léirmhíniú, sa chaoi go bhféadfaidh an chúirt náisiúnta a measúnú féin a dhéanamh ar an gcomhchuibheas idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais. Is é seo an nós imeachta a leanann an Chúirt Bhreithiúnais: aimsíonn sí sna doiciméid atá curtha faoina bráid — go háirithe sna forais atá leis an tarchur — na heilimintí sin de dhlí an Aontais is gá a léirmhíniú chun críche na díospóide dlíthiúla i dtreis.

Inniúlacht dul i mbun imeachta. Tá an nós imeachta ar fáil do gach ‘cúirt de chuid na mBallstát’. Is ceart an nath sin a thuiscint de réir bhrí dhlí an Aontais agus is ar an bhfeidhm agus ar an seasamh, seachas ar an ainm, atá ag comhlacht breithiúnach laistigh de chórais cosanta dlíthiúla na mBallstát atá sé dírithe. Ar an mbonn sin, tuigtear gur ‘cúirt’ í gach institiúid neamhspleách (i.e. nach bhfuil faoi réir treoracha) a bhfuil sé de chumhacht aici díospóidí a shocrú i Stát bunreachtúil faoi phróis chuí. De réir an tsainmhínithe sin, tá na cúirteanna bunreachtúla sna Ballstáit agus údaráis socraithe díospóidí lasmuigh de chóras breithiúnach an stáit i dteideal cásanna a tharchur — ach níl boird eadrána phríobháideacha. Braithfidh cinneadh na cúirte náisiúnta cás a tharchur nó gan é a tharchur ar ábharthacht an phointe i ndlí an Aontais atá i dtreis chun an díospóid atá os a comhair a shocrú, agus is faoin gcúirt náisiúnta atá sé é sin a mheas. Féadann na páirtithe a iarraidh uirthi an cás a tharchur, ach ní féidir aon iallach a chur uirthi, déanamh amhlaidh. Is ar na téarmaí seo a leanas agus orthu sin amháin a bhunaíonn an Chúirt Bhreithiúnais a breithniú ar ábharthacht an phointe: an bhfuil an cheist lena mbaineann in-tarchurtha (i.e. an mbaineann sí iarbhír le léirmhíniú Chonarthaí an Aontais nó le bailíocht dhlíthiúil gnímh a dhéanann institiúid de chuid an Aontais), nó an bhfuil fíordhíospóid dhlíthiúil i gceist (i.e. an ceisteanna barúlacha nó ceisteanna a bhaineann le pointí dlí a socraíodh cheana iad na ceisteanna a bhfuiltear ag iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais a tuairim dhlíthiúil a thabhairt ina leith i réamhrialú). Is annamh a dhiúltaíonn an Chúirt ábhar a bhreithniú ar na cúiseanna sin, mar, i bhfianaise na tábhachta speisialta a bhaineann le comhar idir údaráis bhreithiúnacha, cuireann an Chúirt srian léi féin agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm aici. Mar sin féin, is léir ó bhreithiúnais a thug an Chúirt le déanaí go bhfuil sí éirithe níos déine maidir le hincháilitheacht i  gcomhair tarchuireadh; bíonn sí an-phointeáilte faoin gceanglas atá bunaithe cheana gur ceart míniú soiléir mionsonraithe ar chúlra fíorasach agus dlíthiúil na n-imeachtaí bunaidh a bheith ar áireamh san ordú le haghaidh tarchurtha, agus i gcás nach dtugtar an fhaisnéis sin dearbhaíonn an Chúirt nach bhfuil sí in ann léirmhíniú cuí a thabhairt ar dhlí an Aontais agus diúltaíonn sí an t-iarratas ar réamhrialú de dheasca é a bheith doghlactha.

Oibleagáid tarchur a dhéanamh. Cúirteanna náisiúnta nó binsí náisiúnta nach bhfuil fáil faoin dlí náisiúnta ar leigheas breithiúnach maidir lena gcinntí, tá sé d’oibleagáid orthu an tarchur a dhéanamh. Cuimsíonn coincheap an chirt achomhairc na deiseanna sásaimh dhlíthiúil uile atá ar fáil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialú cúirte; áirítear leis sin athbhreithniú i dtaca le fíoras agus dlí (achomharc a dhéanamh), agus i dtaca leis an dlí amháin (achomharc a dhéanamh ar phointí dlí). Ní chuimsítear sa choincheap, áfach, gnáthleigheasanna dlíthiúla lena mbaineann éifeachtaí atá teoranta agus sonrach (e.g. imeachtaí nua, gearáin bhunreachtúla). Ní fhéadfaidh cúirt ar a bhfuil oibleagáid cás a tharchur tarchur den sórt sin a sheachaint ach amháin mura bhfuil aon tábhacht ábhartha ag baint leis an gceist maidir le toradh an cháis os a comhair nó má tá freagra tugtha aici cheana féin ag an gCúirt Bhreithiúnais nó mura bhfuil amhras réasúnach ann faoi léiriú dhlí an Aontais. Mar sin féin, tá an oibleagáid cás a tharchur neamhchoinníollach i gcás ina bhfuil bailíocht ionstraim de chuid an Aontais i gceist. Thug an Chúirt Bhreithiúnais le fios go soiléir maidir leis sin gur ag an gCúirt seo amháin atá an chumhacht forálacha neamhdhleathacha dhlí an Aontais a dhiúltú. Tá oibleagáid neamhchoinníollach ann an tarchur a dhéanamh i gcás ina bhfuil bailíocht ionstraime de chuid an Aontais i dtreis, áfach. Tá feidhm ag socrú speisialta do chúirteanna a bhfuil imeachtaí faoina bráid maidir le cosaint dhlíthiúil shealadach a dheonú. De réir breithiúnais a thug an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí tá sé de chumhacht ag na cúirteanna sin, faoi réir coinníollacha áirithe, forfheidhmiú gnímh náisiúnta riaracháin a thagann ó rialachán de chuid an Aontais a chur ar fionraí, nó orduithe idirlinne a eisiúint chun socruithe a bhaineann le caidreamh dlí a chinneadh go sealadach agus neamhshuim a dhéanamh d’fhoráil atá i ndlí an Aontais cheana féin.

An oibleagáid sin cás a tharchur, mura chomhlíontar í, is sárú ar Chonarthaí an Aontais é sin, agus d’fhéadfaí imeachtaí um shárú a thionscnamh maidir leis an mBallstát lena mbaineann. Sa chleachtas, áfach, bíonn tionchar an-teoranta ag beart den sórt sin, ós rud é nach féidir le rialtas an Bhallstáit lena mbaineann aon ordú a eisíonn an Chúirt Bhreithiúnais a chomhlíonadh, ar an ábhar, as siocair neamhspleáchas a bhreithiúna agus as siocair phrionsabal scaradh na gcumhachtaí, nach bhfuil sé ar chumas an Bhallstáit treoracha a thabhairt do na cúirteanna náisiúnta. Ós rud é go n-aithnítear anois an prionsabal maidir le dliteanas na mBallstát faoi dhlí an Aontais i leith aon teip maidir le comhlíonadh an dlí sin (féach an roinn ‘Dliteanas na mBallstát maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais’), is móide go n-éireodh le duine aonair cúiteamh a fháil as damáistí arbh fhéidir gurbh é ba chúis leo gur theip ar an mBallstát i gceist a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cás a tharchur.

Éifeacht. Is mar ordú cúirte a eisítear an réamhrialú agus bíonn sé ina cheangal go díreach ar an gcúirt a tharchuir an cás agus ar gach cúirt eile atá ag éisteacht an cháis chéanna. Sa chleachtas, bíonn ardstádas ag baint leis mar fhasach i gcásanna den sórt céanna ina dhiaidh sin.

Dliteanas na mBallstát i leith sáruithe ar dhlí an Aontais

Sa bhreithiúnas a thug sí an 5 Márta 1996 i gCásanna Uamtha Brasserie du pêcheur agus C-46/93 Factortame, shuigh an Chúirt Bhreithiúnais i bprionsabal go bhfuil Ballstát faoi dhliteanas i leith díobháil a dhéanfaí do dhaoine aonair de thoradh sárú ar dhlí an Aontais ar féidir a chruthú go ndearna an Stát sin é. Leagadh síos fasach leis an mbreithiúnas sin agus tá sé ar aon dul de thairbhe tábhachta de le breithiúnais leagtha fasach a thug an Chúirt roimhe sin, mar shampla, na breithiúnais maidir le tosaíocht dhlí an Aontais, maidir le hinfheidhmeacht dhíreach fhorálacha dhlí an Aontais, agus an breithiúnas lenar thug sí aitheantas don tsraith de chearta bunúsacha atá ag an Aontas féin. Tagraíonn an Chúirt don bhreithiúnas mar ‘atoradh riachtanach thionchar díreach na bhforálacha de chuid an Chomhphobail arbh é a sárú ba thrúig leis an damáiste a rinneadh‘, agus cuireann sé go mór leis na deiseanna atá ag an duine aonair iallach a chur ar chomhlachtaí stáit sna trí lárionad cumhachta (i.e. cumhacht reachtach, forfheidhmitheach agus breithiúnach) dlí an Aontais a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm. Is forbairt bhreise é an breithiúnas ar rialú na Cúirte i gCásanna Uamtha C-6/90 agus C-9/90 Francovich agus Bonifaci. Cé gur cuireadh srian le breithiúnais níos luaithe ar dhliteanas na mBallstát maidir le cásanna ina ndearnadh díobháil do dhaoine aonair toisc nár trasuíodh treoir in am trátha lena ndeonaítear cearta pearsanta dóibh ach nach raibh sé dírithe go díreach orthu, bhunaigh an breithiúnas sin prionsabal an dliteanais ghinearálta ina gcuimsítear aon sárú ar dhlí an Aontais is inchurtha i leith Ballstáit.

Sainítear dliteanas na mBallstát i leith sáruithe ar dhlí an Aontais le trí chritéar atá comhionann den chuid is mó leis na critéir a bhaineann leis an Aontas i gcás comhchosúil.

  1. Ní mór don fhoráil de chuid an Aontais a sáraíodh é a bheith mar aidhm aici cearta a dheonú don duine aonair.
  2. Ní mór an sárú a bheith tromchúiseach go leor, i.e. caithfidh teorainneacha a chumhachtaí lánroghnacha a bheith sáraithe ag an mBallstát ar dhóigh shuntasach fhollasach. Is iad na cúirteanna náisiúnta ba cheart é sin chinneadh, arb orthu siúd atá an fhreagracht na fíorais a fháil amach agus measúnú a dhéanamh ar thromchúis na sáruithe ar dhlí an Aontais. Mar sin féin, i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais in Brasserie du pêcheur, tugtar roinnt bun-treoirlínte do na cúirteanna náisiúnta, faoi mar a leanas:
    Áirítear ar na tosca a fhéadfaidh an chúirt inniúil a chur san áireamh soiléireacht agus beachtas na rialach a sáraíodh, an méid lánrogha a d’fhág an riail sin ar na húdaráis náisiúnta nó ar údaráis , cibé acu an sárú agus an damáiste a rinneadh d’aon ghnó nó ainneonach, cibé acu an raibh aon earráid dlí incheadaithe nó do-ghlactha, an bhféadfadh an seasamh a ghlac institiúid de chuid an [Aontais] rannchuidiú leis an easnamh, agus glacadh bearta náisiúnta nó cleachtais náisiúnta atá contrártha do dhlí . Ar aon tuairim, is léir go mbeidh sárú ar dhlí tromchúiseach a dhóthain má tá sé tar éis leanúint d’ainneoin breithiúnais a chinneann an sárú atá i gceist a bheith bunaithe, nó réamhrialú nó cásdlí socraithe de chuid na Cúirte ar an ábhar ónar aimsigh sé gur léir gur sárú é an t-iompar atá i gceist.’
  3. Ní mór nasc cúisíoch díreach a bheith ann idir sárú na hoibleagáide atá ar an mBallstát agus an díobháil a rinneadh don pháirtí dá ndearnadh díobháil (an páirtí díobhálaithe). locht (intinn nó faillí) a léiriú chomh maith lena shuíomh go ndearnadh sárú sách tromchúiseach ar dhlí an Aontais.

Chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go ríshoiléir maidir leis na prionsabail a bhunaigh sí chun dliteanas a chinneadh go bhfuil feidhm acu maidir leis an tríú cumhacht lárnach freisin, is é sin na breithiúna. Ar ndóigh, tá na breithiúnais a thugann na breithiúna faoi réir athbhreithniú ag céimeanna leantacha an achomhairc; ach chomh maith leis sin, dá mba rud é go dtabharfaidís neamhaird ar dhlí an Aontais i mbreithiúnas, nó go sáróidís é, d’fhéadfadh sé go dtiocfaidís faoi réir caingne le haghaidh damáistí freisin, os comhair na gcúirteanna inniúla sna Ballstáit. Le linn imeachtaí den sórt sin, má táthar ag iarraidh a fháil amach cad iad na fíorais a bhaineann le sárú a rinneadh ar dhlí an Aontais de dheasca breithiúnais, ní mór breathnú arís ar na ceisteanna a bhaineann le substaint dhlí an Aontais. Agus an méid sin á dhéanamh aici, ní féidir leis an gcúirt i gceist gan feidhm a bhaint ach as éifeachtaí ceangailteacha bhreithiúnas na cúirte speisialaithe chuig ar tharchuir sí an cás. Mar an gcéanna, is chuig an gCúirt Bhreithiúnais a mbeadh ar na cúirteanna náisiúnta inniúla ceisteanna a tharchur maidir le léirmhíniú agus/nó bailíocht forálacha de chuid an Aontais, agus maidir le comhchuibheas idir na córais náisiúnta dliteanais agus dlí an Aontais, agus is féidir na ceisteanna sin a tharchur chuici faoin nós imeachta chun réamhrialú (Airteagal 267 CFAE). Leanfaidh dliteanas i leith sárú trí bhreithiúnas de bheith eisceachtúil, áfach. De bharr na ndianchoinníollacha a ghabhann leis, ní féidir a mheas go bhfuil dliteanas i gceist ach amháin má thugann cúirt neamhaird ar dhlí an Aontais d’aon toisc nó, mar a rinneadh i gCás C-224/01 Köbler, má thugann cúirt céime deiridh, de shárú ar dhlí an Aontais, feidhm dhlíthiúil do chinneadh a dhéanfaidh dochar don duine aonair, gan a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais roimh ré an staid a shoiléiriú maidir leis na dlíthe de chuid an Aontais atá ábhartha i dtaobh an chinnidh. Sa chás deireanach sin, d’fhonn cosaint a thabhairt do chearta shaoránaigh an Aontais a agraíonn dlí an Aontais, tá sé fíor-riachtanach go leigheasfaí an damáiste a rinne an chúirt chéime deiridh dóibh.

SEASAMH DHLÍ AN AONTAIS EORPAIGH SA DLÍCHÓRAS INA IOMLÁINE

D’ainneoin an méid atá foghlamtha againn faoi struchtúr an Aontais agus a leagan amach dlíthiúil, ní éasca an rud é a áit cheart a shannadh do dhlí an Aontais sa dlíchóras ina iomláine agus na teorainneacha idir é agus dlíchórais eile a shainiú. Tá dhá chur chuige nach mór a dhiúltú scun scan. Ní cóir a shamhlú nach bhfuil i ndlí an Aontais ach cnuasach de chomhaontuithe idirnáisiúnta; agus ní cóir dearcadh air ach oiread mar chuid de na córais dlí náisiúnta ná mar bhreiseán a ceanglaíodh díobh.

Neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais Eorpaigh

Tríd an Aontas a bhunú, theorannaigh na Ballstáit a gceannasacht reachtach agus leis sin chruthaigh siad corpas dlí neamhthuilleamaíoch atá ina cheangal orthu féin, ar a saoránaigh agus ar a gcúirteanna.

Tá an Cás 6/64 Costa v ENEL, a éisteadh in 1964, ar cheann de na cásanna is iomráití dár tháinig riamh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Sa chás sin, thug an tUasal Costa caingean os comhair na cúirte in aghaidh an náisiúnaithe ar ghiniúint agus ar dháileadh leictreachais, agus in aghaidh an dílsithe a rinneadh dá éis sin ar ghnó na n-iarchuideachtaí leictreachais don chorparáid phoiblí nua, ENEL.

Die Eigenständigkeit der Rechtsordnung der EU ist für den Bestand der EU von grundlegender Bedeutung, da nur durch sie die Aushöhlung des Unionsrechts durch nationales Recht verhindert und die einheitliche Geltung des Unionsrechts in allen Mitgliedstaaten gewährleistet werden kann. So werden aufgrund der Eigenständigkeit der Rechtsordnung der EU die unionsrechtlichen Begriffe grundsätzlich nach den Erfordernissen des Unionsrechts und den Zielen der Union bestimmt. Diese unionsspezifische Festlegung der Begriffe ist unerlässlich, da die unionsrechtlich garantierten Rechte in Gefahr Tá tábhacht bhunúsach do chineál an Aontais ag baint le neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais, ós rud é gurb é sin amháin a ráthaíonn nach ndéanfar dlí an Aontais a thanú trí bhíthin an imoibrithe leis an dlí náisiúnta, agus go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais é. Sin an fáth gur i bhfianaise aidhmeanna dhlíchóras an Aontais agus an Aontais go ginearálta a dhéantar an léiriú ar choincheapa dhlí an Aontais. Tá an léirmhíniú sin — léirmhíniú atá sainiúil don Aontas — sár-riachtanach, ós rud é go n-áirithítear le dlí an Aontais cearta ar leith agus go mbeadh na cearta sin i mbaol ina éagmais; gan an léirmhíniú sainiúil sin, d’fhéadfadh gach Ballstát, trína léirmhíniú féin ar fhorálacha, cinneadh leithleach a dhéanamh i ndáil le substaint na saoirsí atá dlí an Aontais ceaptha a ráthú. Sampla is ea coincheap an ‘oibrí’, coincheap a bhfuil raon feidhme choincheap na saorghluaiseachta bunaithe air. An coincheap sonrach den oibrí atá i ndlí an Aontais, is féidir leis a bheith an-difriúil leis na coincheapa a nglactar leo agus a chuirtear i bhfeidhm i ndlíchórais na mBallstát. Thairis sin, is é dlí an Aontais féin an t-aon chaighdeán lena dtomhaistear ionstraimí dlí an Aontais, agus ní le reachtaíocht náisiúnta ná le dlí bunreachtúil náisiúnta.

I bhfianaise an choincheapa sin de neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais, cad é an gaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta?

Fiú más dlíchóras é dlí an Aontais atá neamhthuilleamaíoch i ndáil le dlíchórais na mBallstát, ní féidir a thuiscint as sin go bhfuil dlíchóras an Aontais agus córais dlí na mBallstát forshuite ar a chéile ar nós cisil bhuncharraige. Toisc go bhfuil siad infheidhme maidir leis na daoine céanna, a bhíonn ina saoránaigh de stát náisiúnta agus den Aontas ag an am céanna, ní dhéantar teorannú chomh docht sin ar na horduithe dlí sin. Ar an dara dul síos, déantar neamhaird le cur chuige den sórt sin nach féidir le dlí an Aontais dul i bhfeidhm ach amháin má tá sé ina chuid d’orduithe dlí na mBallstát. De dhéanta na fírinne, tá dlíchóras an Aontais agus na dlíchórais náisiúnta fite fuaite ina chéile agus spleách ar a chéile.

Idirghníomhaíocht idir dlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí náisiúnta

Cumhdaíonn an ghné seo den ghaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta na réimsí sin ina gcomhlánann an dá chóras a chéile. Tá Airteagal 4(3) CAE soiléir go leor:

‘De bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a chinneann ó na Conarthaí a chur i gcrích.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart, ginearálta nó leithleach, is cuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig den Chonradh seo nó de dhroim gníomhaíochta a rinne institiúidí an Chomhphobail.

Éascóidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh siad ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i mbaol.’

Is éard a spreag prionsabal ginearálta an chomhair dhílis gur tuigeadh nach leor dlíchóras an Aontais leis féin chun na cuspóirí a bhí le bunú an Aontais a bhaint amach. Ní hionann agus dlíchóras náisiúnta, ní córas lánscartha é dlíchóras an Aontais. Dá bhrí sin, is gá do na trí bhrainse rialtais — an reachtóir, an forfheidhmeannas agus na breithiúna — a admháil nach córas ‘eachtrannach’ é dlíchóras an Aontais agus go bhfuil naisc dhoscaoilte bunaithe ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais eatarthu féin d’fhonn a gcuspóirí coitianta a bhaint amach. Ní comhphobal leasanna amháin atá san Aontas Eorpach; comhphobal atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht is ea é. Dá réir sin, ní amháin go bhfuil sé de cheangal ar údaráis náisiúnta conarthaí an Aontais agus a reachtaíocht thánaisteach a urramú; ní mór dóibh, freisin, iad a chur chun feidhme agus a bheochan. Tá an caidreamh idir an dá chóras chomh hilghnéitheach sin agus nach miste roinnt samplaí a thabhairt.

Is é an chéad léiriú ar an dóigh a bhfeileann orduithe dlí an Aontais agus orduithe dlí náisiúnta dá chéile agus a chomhlánaíonn siad a chéile an treoir, rud a pléadh cheana sa chaibidil ar reachtaíocht. Is é an toradh a bheidh le baint amach ag an mBallstát é an treoir go léir a shocraítear i dtéarmaí ceangailteacha; Is faoi na húdaráis náisiúnta, tríd an dlí intíre, atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le conas agus cad iad na bealaí a mbaintear an toradh amach. Sa réimse breithiúnach, nascann an dá chóras tríd an nós imeachta um réamhrialú dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE, trína bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta, nó go gceanglaítear orthu uaireanta, ceisteanna ar léiriú agus ar bhailíocht dhlí an Aontais a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, a bhféadfadh a rialú a bheith cinntitheach chun an díospóid atá os a gcomhair a réiteach. Tá dhá rud soiléir: ar an gcéad dul síos, tá sé de cheangal ar na cúirteanna sna Ballstáit dlí an Aontais a urramú agus a chur i bhfeidhm; agus ar an dara dul síos, tá inniúlacht eisiach ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le dlí an Aontais a léiriú agus maidir le dearbhuithe a dhéanamh faoina bhailíocht. Sampla eile d’idirspleáchas dhlí an AE agus an dlí náisiúnta is ea an méid a tharlaíonn nuair is gá bearnaí i ndlí an Aontais a líonadh: tagraíonn dlí an Aontais siar do rialacha atá sa dlí náisiúnta cheana chun na rialacha lena gcinntear dlí an Aontais féin a chomhlánú. Ón uair a théitear thar phointe áirithe, déantar cinniúint forála de chuid dhlí an Aontais a chinneadh le forálacha sa dlí náisiúnta faoi seach. Tá feidhm ag an bprionsabal sin maidir le raon iomlán na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais murab amhlaidh go bhfuil rialacha leagtha síos i ndlí an Aontais a thig leis féin a fhorfheidhmiú. In aon chás den sórt sin, forfheidhmíonn na húdaráis náisiúnta dlí an Aontais trí fhorálacha a gcóras dlí féin. Baineann coinníoll amháin leis an bprionsabal, áfach: ní mór cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a chaomhnú; ní fhéadfaí glacadh ar chor ar bith le breith a bheith á tabhairt ar shaoránaigh agus ar ghnóthais de réir critéir éagsúil, ar an ábhar go ndéanfadh sin éagóir orthu.

Coinbhleacht idir dlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí náisiúnta

Mar sin féin, ó am go ham, baineann dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta ‘tuairt’ as a chéile bíonn coinbhleacht ócáideach idir dlíchóras an Aontais agus na dlíchórais náisiúnta. Tagann cás den sórt seo chun cinn má dhéanann foráil de chuid dhlí an Aontais cearta a dheonú agus oibleagáidí a chur ar shaoránaigh an Aontais agus má thagann inneachar na forála sin salach ar riail den dlí náisiúnta. Cé go bhfuil cuma shimplí go leor an bhfadhb sin, féach go bhfuil fáil inti ar dhá cheist bhunúsacha a bhaineann le struchtúr an Aontais. Freagraí na gceisteanna sin, bhí sé i ndán dóibh géarthástáil chinntitheach a chur ar mharthanacht dhlíchóras an Aontais: infheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais agus tosaíocht dhlí an Aontais ar dhlí náisiúnta a thagann salach air.

Infheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais Eorpaigh ar an dlí náisiúnta

Ar an gcéad dul síos, ciallaíonn prionsabal na hinfheidhmeachta dírí go ndéantar cearta a dheonú agus oibleagáidí a chur go díreach ní hamháin ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit ach ar shaoránaigh an Aontais freisin le dlí an Aontais.

Ceann de na héachtaí atá déanta ag an gCúirt Bhreithiúnais is ea gur fhorfheidhmigh sí infheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais d’ainneoin gur chuir Ballstáit áirithe ina aghaidh sin ar dtús, agus ar an dóigh sin, gur ráthaigh sí go mairfeadh dlíchóras an Aontais. Cuireadh tús lena chásdlí ar an bpointe seo le cás a luadh cheana, is é sin cás an ghnóthais iompair de chuid na hÍsiltíre Van Gend & Loos. Thionscain an gnóthas caingean i gcúirt de chuid na hÍsiltíre in aghaidh údaráis chustaim na hÍsiltíre, a bhí tar éis dleachtanna custaim méadaithe a ghearradh ar tháirge ceimiceach a allmhairíodh ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Sa deireadh thiar, bhí toradh na n-imeachtaí sin ag brath ar an gceist an bhféadfadh daoine aonair, freisin, Airteagal 12 de Chonradh CEE a agairt; airteagal é sin lena gcuirtear toirmeasc sonrach ar na Ballstáit dleachtanna custaim nua a thabhairt isteach nó dleachtanna atá ann cheana a ardú sa chómhargadh. D’ainneoin comhairle roinnt rialtas agus chomhairle a abhcóide ghinearálta féin, rialaigh an Chúirt, i bhfianaise chineál agus chuspóir an Aontais, go raibh forálacha dhlí an Aontais infheidhme go díreach i ngach cás. Dúirt an Chúirt an méid seo a leanas sna forais a thug sí lena breithiúnas:

... Dlíchóras nua is ea an Comhphobal... a gcuimsítear ina chuid ábhar ní hamháin na Ballstáit ach a náisiúnaigh freisin. Gan spleáchas ar reachtaíocht na mBallstát, ní hamháin go bhforchuireann dlí an Chomhphobail oibleagáidí ar dhaoine aonair ach tá sé ceaptha cearta a thabhairt dóibh freisin … Is ann do na cearta sin ní hamháin i gcás ina bhfuil siad tugtha go sainráite sa Chonradh, ach freisin de bharr oibleagáidí a fhorchuirtear leis an gConradh, ar bhealach atá sainithe go ríshoiléir, ar dhaoine aonair agus ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Chomhphobail chomh maith.’

Ní leor an ráiteas lom sin, áfach, mar níl sé sainithe ann cad iad na forálacha de chuid dhlí an Aontais atá infheidhme go díreach. I dtús báire dhearc an Chúirt ar an gceist seo i ndáil le príomhreachtaíocht an Aontais, agus dhearbhaigh sí go bhféadfadh daoine aonair a bheith go díreach faoi réir na bhforálacha sin ar fad de chuid Chonarthaí an Aontais (i) ina leagtar amach dearbhchoinníollacha, (ii) atá iomlán iontu féin agus lánscartha ó thaobh an dlí de, agus dá bhrí sin, (iii) nach bhfuil aon ghníomhaíocht bhreise ó na Ballstáit ná ó institiúidí an Aontais ag teastáil le go bhféadfaí iad a chomhlíonadh nó éifeacht dhlíthiúil a thabhairt dóibh.Rialaigh an Chúirt gur shásaigh sean-Airteagal 12 de Chonradh CEE na critéir sin, agus go bhféadfadh an gnóthas Van Gend & Loos, dá bhrí sin, cearta a fháil uaidh a mbeadh iallach ar an gcúirt san Ísiltír iad a chosaint. Dá thoradh sin, chuir an chúirt san Ísiltír ar ceal na dleachtanna custaim sin a toibhíodh de shárú ar an gconradh. Ina dhiaidh sin, lean an Chúirt den réasúnaíocht chéanna sin a chur i bhfeidhm maidir le forálacha eile de Chonradh CEE ar mó i bhfad a dtábhacht do shaoránaigh an Aontais ná tábhacht Airteagal 12. Díobh sin, is iad na breithiúnais is mó a bhaineann le hábhar anseo, na cinn a bhaineann le hinfheidhmeacht dhíreach forálacha maidir le saorghluaiseacht (Airteagal 45 CFAE), le saoirse bunaíochta (Airteagal 49 CFAE) agus le saoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 56 CFAE).

Maidir leis na ráthaíochtaí i dtaca le saorghluaiseacht, thug an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas i gCás 41/74 van Duyn inar dhearbhaigh sí go raibh siad infheidhme go díreach. Is iad seo a leanas fíorais an cháis sin. I mí na Bealtaine 1973 diúltaíodh cead d’Iníon van Duyn, náisiúnach de chuid na hÍsiltíre, dul isteach sa Ríocht Aontaithe, a bhí ina Ballstát den Aontas ag an am sin, chun post a ghlacadh mar rúnaí in Eaglais na hEoleolaíochta, eagraíocht ar mheas an Oifig Gnóthaí Baile go raibh ‘díobháil shóisialta’ ag roinnt léi. Ag agairt rialacha an Aontais maidir le saorghluaiseacht oibrithe, thug an Iníon van Duyn caingean os comhair na hArd-Chúirte, inar iarr sí rialú go raibh sí i dteideal fanacht sa Ríocht Aontaithe chun críche fostaíochta agus go dtabharfaí cead di dul isteach sa Ríocht Aontaithe. Mar fhreagra ar cheist a tharchuir an Ardchúirt, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh Airteagal°48 de Chonradh CEE (anois Airteagal 45 CFAE) infheidhme go díreach agus dá bhrí sin, gur thug sé cearta do dhaoine aonair a bhí infheidhmithe os comhair chúirteanna na mBallstát.

D’iarr Conseil d’État na Beilge ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt maidir le hinfheidhmeacht dhíreach forálacha lena ráthaítear saoirse bunaíochta. Bhí cinneadh le déanamh ag an Conseil d’État maidir le caingean a thug dlíodóir de chuid na hÍsiltíre, J. Reyners, os comhair na cúirte. Bhí an tUasal Reyners ag iarraidh na cearta a bhí aige de bharr Airteagal 52 de Chonradh CEE (Airteagal 49 CFAE) a dhearbhú. Mheas an tUasal Reyners go raibh air an chaingean a thabhairt os comhair na cúirte nuair a diúltaíodh cead dó dul le gairm an dlí sa Bheilg as siocair a náisiúntachta iasachta, d’ainneoin gur éirigh leis sna scrúduithe ba ghá sa Bheilg. Ina breithiúnas an 21 Meitheamh 1974, chinn an Chúirt nach bhféadfaí leanúint de chaitheamh go neamhionann le náisiúnaigh agus le daoine ón iasacht ós rud é go raibh Airteagal 52 de Chonradh CEE infheidhme go díreach ó dheireadh na hidirthréimhse, agus ós rud é, dá bhrí sin, go raibh saoránaigh an Aontais i dteideal fostaíocht shochrach a ghlacadh agus a shaothrú i mBallstát eile ar an dóigh chéanna le náisiúnach de chuid an stáit sin. De thoradh an bhreithiúnais sin b’éigean an tUasal Reyners a ligean isteach i ngairm an dlí sa Bheilg.

Tugadh deis don Chúirt Bhreithiúnais i gCás 33/74 van Binsbergen a leagan síos go sonrach go bhfuil infheidhmeacht dhíreach ag forálacha a bhaineann le tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ceann de na nithe a bhain leis na himeachtaí sin ba ea í an cheist an raibh foráil i ndlí na hÍsiltíre nach bhféadfadh ach daoine a raibh gnáthchónaí orthu sa tír sin a bheith ina n-ionadaithe dlíthiúla os comhair na cúirte ag luí le rialacha an Aontais maidir le saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Rialaigh an Chúirt nach raibh an fhoráil sin ag luí leis na rialacha; ba é an foras a thug an Chúirt lena rialú gur sárú ar Airteagal 59 de Chonradh CEE (Airteagal 56 CFAE) é aon srian a chur le saoránaigh an Aontais de bharr a náisiúntachta nó a n-áit chónaithe agus go raibh srianta dá leithéid ar neamhní dá bhrí sin.

Tá tábhacht nach beag freisin i dtéarmaí praiticiúla le haitheantas a thabhairt d’infheidhmeacht dhíreach na bhforálacha maidir le saorghluaiseacht earraí (Airteagal 26 CFAE), prionsabal an phá chomhionainn d’fhir agus do mhná (Airteagal 157 CFAE), an toirmeasc ginearálta ar idirdhealú (Airteagal 45 CFAE) agus saoirse iomaíochta (Airteagal 101 CFAE).

Maidir le reachtaíocht thánaisteach, ní thagann ceist na hinfheidhmeachta dírí chun cinn ach i dtaca le treoracha agus cinntí atá dírithe ar na Ballstáit, ós rud é go ndíorthaíonn, cheana féin, infheidhmeacht dhíreach ó chonarthaí an Aontais (Airteagal 288, an dara mír agus an ceathrú mír, CFAE). Ó bhí 1970 ann, tá leathnaithe ag an gCúirt ar na prionsabail maidir le hinfheidhmeacht dhíreach ionas go bhfuil infheidhmeacht dhíreach anois ag forálacha i dtreoracha agus i gcinntí atá dírithe ar Bhallstáit.

Ba dhoiligh an iomarca béime a leagan ar a thábhachtaí sa chleachtas atá éifeacht dhíreach dhlí an Aontais san fhoirm inar fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais í agus inar chuir sí rath uirthi. Cuireann sí feabhas ar sheasamh an duine aonair mar go ndéanann sí cearta is féidir a fhorfheidhmiú i gcúirt dlí náisiúnta de na saoirsí a ghabhann leis an gcómhargadh. Tá éifeacht dhíreach dhlí an Aontais, dá bhrí sin, ar cheann de cholúin dhlíchóras an Aontais, mar a déarfá.

Tosaíocht Dhlí an Aontais Eorpaigh thar an Dlí Náisiúnta

Eascraíonn an dara ceist bhunúsach ó infheidhmeacht dhíreach forálacha de dhlí an Aontais: cad a tharlaíonn má thugann foráil de dhlí an Aontais cearta agus oibleagáidí díreacha do shaoránaigh an Aontais ach go dtagann an fhoráil chéanna salach ar riail dlí náisiúnta mar gheall air sin?

Chun coinbhleacht den sórt sin idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a shocrú, ní mór do cheann amháin acu géilleadh don cheann eile. Níl aon fhoráil shonrach ina leith i reachtaíocht an Aontais. Níl foráil ar bith i gceann ar bith de chonarthaí an Aontais ina ndeirtear, mar shampla, cé acu atá nó nach bhfuil forlámhas ag dlí an Aontais ar an dlí náisiúnta. Mar sin féin, níl dóigh ar bith le coinbhleachtaí idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a shocrú ach tosaíocht a thabhairt do dhlí an Aontais agus é a chur sna dlíchórais náisiúnta in ionad aon fhorálacha den dlí náisiúnta nach bhfuil ag teacht le riail de chuid an Aontais. I ndiaidh an iomláin, ní bheadh ach iarsma de dhlíchóras an Aontais fágtha dá dtugtaí tosaíocht don dlí náisiúnta. D’fhéadfadh aon dlí náisiúnta rialacha an Aontais a chur i leataobh. Ní bheadh aon seans ann a thuilleadh go gcuirfí dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go comhionann i ngach Ballstát. Ní bheadh an Aontais in ann na cúraimí a thug na Ballstáit dó a dhéanamh ach oiread. Bheadh an baol ann nach mbeadh sé ar chumas an Aontais feidhmiú, agus ní bhainfí amach choíche an mhian sin ar a bhfuil dóchas móráin ag brath, mar atá córas coiteann dlí don Eoraip a thógáil.

Níl aon fhadhb den sórt sin ann maidir leis an ngaol idir an dlí idirnáisiúnta agus an dlí náisiúnta. Ós rud é nach ndéantar cuid de dhlíchóras tíre den dlí idirnáisiúnta go dtí go dtugtar isteach é trí bhíthin acht ionchorprúcháin nó trasuite, is ar bhonn an dlí náisiúnta amháin a chinntear ceist na tosaíochta. Féadann an dlí idirnáisiúnta tosaíocht a bheith aige thar an dlí bunreachtúil nó a bheith rangaithe áit éigin idir an dlí bunreachtúil agus an gnáthdhlí reachtach, nó féadann sé a bheith ar comhchéim leis an dlí reachtach; braitheann sin ar an ionad a shannann an córas dlí náisiúnta dó san ord tosaíochta. Is é an riail a chinneann an gaol idir an dlí idirnáisiúnta atá ionchorpraithe nó trasuite agus an dlí náisiúnta, go mbíonn feidhm ag na forálacha dlí sin is déanaí a ritheadh thar na cinn sin a bhí ann rompu (lex posterior derogat legi priori). Na rialacha náisiúnta sin maidir le coinbhleacht idir dlíthe, níl baint acu leis an ngaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, áfach, mar níl dlí an Aontais ina chuid d’aon dlíchóras náisiúnta. Is ar bhonn dhlíchóras an Aontais, agus ar an mbonn sin amháin, is féidir aon choinbhleacht idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a shocrú.

I bhfianaise na n-impleachtaí sin, is ar an gCúirt Bhreithiúnais a thit sé arís eile — d’ainneoin go raibh roinnt Ballstát ina éadan — an prionsabal a bhunú a bhfuil marthanacht dhlíchóras an Aontais ag brath air, is é sin an prionsabal go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais. Le linn í an prionsabal sin a bhunú, chuir an Chúirt suas an dara colún le hais cholún na hinfheidhmeachta dírí; dhéanfadh seo déanmhas daingean den dlíchóras céanna, faoi dheoidh.

In Costa v ENEL, thug an Chúirt dhá thuairim thábhachtacha maidir leis an ngaol idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta.

Ar an gcéad dul síos, tá na Ballstáit tar éis cearta ceannasacha a aistriú go cinntitheach chuig Comhphobal a chruthaigh siad, agus bheadh sé ar neamhréir le coincheap dhlí an Aontais bearta aontaobhacha a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Ar an dara dul síos, tá sé ar cheann de phrionsabail an chonartha nach bhféadfaidh aon Bhallstát amhras a chur i stádas dhlí an Aontais mar chóras atá infheidhme go haonfhoirmeach agus go ginearálta ar fud an Aontais.

Dá thoradh sin tá tosaíocht ag dlí an Aontais, ó tharla gur ritheadh é i gcomhréir leis na cumhachtaí atá leagtha síos sna conarthaí, thar aon dlí de chuid na mBallstát a thagann salach air. Ní hamháin go bhfuil sé níos láidre ná an dlí náisiúnta roimhe seo, ach tá éifeacht theorannach leis freisin maidir le dlíthe a glacadh ina dhiaidh sin.

I ndeireadh na dála, sa bhreithiúnas a thug sí sa chás Costa v ENEL, níor chuir an Chúirt Bhreithiúnais aon amhras ar náisiúnú thionscal leictreachais na hIodáile; ach bhunaigh sí, go láidir agus go deimhin, tosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta.

Is é seo toradh dlí na rialach sin faoi thosaíocht: i gcás coinbhleacht idir dlíthe, scoireann dlí náisiúnta a sháraíonn dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige agus ní féidir aon reachtaíocht nua náisiúnta a thabhairt isteach ach amháin má thagann sí le dlí an Aontais.

Ó shin i leith, chloígh an Chúirt leis an mbreith sin go leanúnach agus go fiú nár chuir sí tuilleadh léi ó thaobh gné amháin de. Cé nár bhain an breithiúnas i gcás Costa ach leis an gceist faoi thosaíocht dhlí an Aontais thar an ngnáthdhlí náisiúnta, dheimhnigh an Chúirt freisin prionsabal na tosaíochta maidir leis an ngaol idir dlí an Aontais agus an dlí bunreachtúil náisiúnta. Cé go ndearna siad roinnt dóbartaíola ar dtús, ghlac na cúirteanna náisiúnta i bprionsabal le léirmhíniú na Cúirte Breithiúnais. Ní fhéadfadh aon deacrachtaí a bheith ann san Ísiltír pé scéal é, mar tá tosaíocht dhlí na gconarthaí thar an dlí reachtach náisiúnta leagtha síos go sainráite i mbunreacht na tíre sin (Airteagail 65 go 67). Sna Ballstáit eile, tá prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta aitheanta ag na cúirteanna náisiúnta, mar an gcéanna. Ach dhiúltaigh cúirteanna bunreachtúla na Gearmáine agus na hIodáile, i dtús báire, glacadh le tosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí bunreachtúil náisiúnta, go háirithe i ndáil leis an gcosaint ráthaithe ar chearta bunúsacha. Níor tharraing siad a n-agóid siar go dtí go raibh caighdeán na cosanta ar chearta bunúsacha i ndlíchóras an Aontais tagtha ar aon dul, ina bhuntréithe, leis an gcosaint a ráthaigh a mbunreachtanna náisiúnta. Mar sin féin, lean Cúirt Bhunreachtúil Chónaidhme na Gearmáine ar aghaidh le hamhras a thabhairt faoi lánpháirtiú breise, mar a léirigh sé go soiléir ina bhreithiúnais ar Chonradh Maastricht agus, le déanaí, ar Chonradh Liospóin, ag cur lena argóint i dtéarmaí ‘athbhreithniú ultra vires’ trína gcuireann an Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme a rún in iúl scrúdú a dhéanamh an bhfuil ionstraimí dlí na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí Eorpacha, lena n-áirítear breithiúnais na Cúirte Breithiúnais Eorpaí, laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí ceannasacha a thugtar dóibh nó cibé acu an ndéanann cúirteanna an Aontais a léirmhíniú i ndáiríre na conarthaí ar bhealach níos forleithne, rud a bheadh comhionann le leasú conartha uathrialach neamh-inghlactha. Rinne an Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme an t-athbhreithniú ultra vires sin a chatagóiriú ina dhiaidh sin faoin ngá atá le ‘cúram cuí’, ar choinníoll nach bhféadfaidh ach an Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme an t-athbhreithniú sin a dhéanamh (agus ní, mar shampla, ag cúirteanna náisiúnta eile), agus gan é sin a dhéanamh, ach amháin le srianadh agus ar bhealach atá oscailte do dhlí an Aontais. Go háirithe an méid seo a leanas:

  1. ní mór don Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme, i bprionsabal, breitheanna na Cúirte Breithiúnais a chur san áireamh mar léiriú ceangailteach ar dhlí an Aontais;
  2. sula nglacfar gníomh ultra vires tabharfar an deis don Chúirt Bhreithiúnais, faoi chreat nós imeachta chun réamhrialú (Airteagal 267 CFAE), an comhaontú a léirmhíniú agus cinneadh a dhéanamh maidir le bailíocht agus léiriú an ghníomh dlí atá i gceist;
  3. ní chuirfear athbhreithniú i bhfeidhm ach amháin más léir gur sháraigh gníomhaíocht a rinne comhlachtaí an Aontais na cumhachtaí a thugtar do na comhlachtaí sin.

Leis an líonra dlúth coinníollacha seo, bheadh gach cúis ann chun a chreidiúint nach mbeadh ann fós in aon ghníomh dlíthiúil ultra vires ná coincheap teoiriciúil. Mar sin féin, taispeánadh a mhalairt dúinn, i ndáiríre. Ina breithiúnas an 5 Bealtaine 2020 ar chlár ceannaigh éigeandála BCE, cháin an Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme ceannach bannaí rialtais ag BCE mar rud a sháraigh inniúlachtaí agus a sháraigh Dlí Bunúsach na Gearmáine. Ba shaintréith ag an gCúirt Bhunreachtúil Chónaidhme breithiúnas ar an dlíthiúlacht AE maidir leis an gclár ceannaigh bannaí a d’iarr an Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme roimhe sin ón gCúirt Bhreithiúnais mar réamhrialú mar ‘go hiomlán dothuigthe’ maidir le seiceáil comhréireachta gníomhartha dlí a ritheadh chun an clár ceannaigh a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin diúltaíodh dó. Agus an breithiúnas seo á tabhairt aici, tá an Chúirt Bhunreachtúil Feidearálach tar éis í féin a shocrú ar chúrsa imbhuailte soiléir leis an gCúirt Bhreithiúnais, agus ag an am céanna á cur in iúl go soiléir gur mian léi athbhreithniú a dhéanamh di féin, ar bhonn cás ar chás, ar thosaíocht chur i bhfeidhm dhlí an Aontais ar an dlí náisiúnta, a mheas sé féin, i gcinneadh níos luaithe, a bheith riachtanach d’fheidhmiú an Aontais. Ina theannta sin, is léir nach bhfuil aon leisce uirthi neamhaird a thabhairt ar bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais san ábhar. Táthar ag súil go mbeidh an dá chúirt in ann an scoilt a d’oscail rialú na Cúirte Bunreachtúla Cónaidhme a cheartú go luath agus a mbealach a fháil ar ais go dtí oibriú le comhar daingean agus le meas frithpháirteach, go háirithe toisc nach gceistíonn an Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme ar bhealach tromchúiseach a chur faoi thosaíocht dhlí an Aontais, lena n-áirítear thar an dlí bunreachtúil náisiúnta, ach ina ionad sin forchoimeádann sí an ceart grinnscrúdú críochnaitheach i gcásanna fíor-annamh áirithe. Ní hionann an cás maidir le breithiúnas a thug Binse Bunreachtúil na Polainne an 7 Deireadh Fómhair 2021, a dhearbhaigh ailt de dhlí an Aontais nach raibh ag luí le Bunreacht na Polainne. I dtuairim Bhinse Bunreachtúil na Polainne, sáraíonn iarracht na Cúirte Breithiúnais cur isteach ar chóras breithiúnach na Polainne prionsabal na príomhachta bunreachtúla agus ceannasacht na Polainne. I mí an Mhárta 2021, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh an tAontas i dteideal oibleagáid a chur ar na Ballstáit neamhaird a dhéanamh ar fhorálacha aonair an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an dlí bunreachtúil. I dtéarmaí nithiúla, bhí imní ar bhreithiúna an Aontais go bhféadfadh an nós imeachta chun ceapacháin a dhéanamh chuig Cúirt Uachtarach na Polainne dlí an Aontais a shárú. Chiallódh sé sin go bhféadfadh an Chúirt Bhreithiúnais iallach a chur ar an bPolainn codanna den athchóiriú conspóideach a aisghairm. I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug an Coimisiún Eorpach le fios láithreach nach mbeadh na cúirteanna náisiúnta, na cúirteanna bunreachtúla san áireamh, i mbun idirbheartaíocht maidir le prionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais agus go raibh tosaíocht ag dlí an tAontas ar an dlí náisiúnta, lena n-áirítear dlí bunreachtúil náisiúnta. Ní dhearna an Coimisiún aon chinneadh go fóill d’fhonn úsáid a bhaint as a chumhachtaí faoi na conarthaí agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus sláine dhlí an Aontais a ráthú.

Éadaí comhraiceora dóiteáin i dtaisceadán, iad faoi réir lena n-úsáid.

I gcás Pfeiffer et al. shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais, in 2004, go bhfuil na hoibrithe éigeandála faoi raon feidhme na cosanta a thugtar sa Treoir maidir le hAm Oibre (Treoir 93/104/CE). Níor mhór an t-am ar glao-dhualgas a chur san áireamh go hiomlán nuair a bhíodh uasmhéid na n-uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine, is é sin 48 n-uair an chloig, á ríomh.

Léiriú ar an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh

Gach comhlacht stáit a chuireann an dlí chun feidhme go sonrach nó a rialaíonn go sonrach maidir leis an dlí, tá teacht aige ar léirmhíniú ar an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; tá sin amhlaidh d’fhonn coinbhleacht idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chosc, coinbhleacht a d’éireodh de dhroim riail na tosaíochta a bheith curtha i bhfeidhm.

Thóg sé tamall fada don Chúirt Bhreithiúnais coincheap an léirmhínithe i gcomhréir le dlí an Aontais a aithint agus é a ionchorprú i ndlíchóras an Aontais. Ba é a mheas an Chúirt Bhreithiúnais ar dtús nárbh iomchuí di a áirithiú go raibh comhchuibheas idir dlíthe náisiúnta agus treoir, ach amháin sa chás a n-iarrfadh cúirt náisiúnta uirthi sin a dhéanamh. Ach in 1984 bhunaigh sí den chéad uair oibleagáid an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha i gCás 14/83 von Colson agus Kamann. Tugadh rialú sa chás sin maidir leis an méid cúitimh a bhronnfaí i gcás idirdhealú in aghaidh na mban i dtaca le rochtain ar fhostaíocht. Sna forálacha dlí ábhartha sa Ghearmáin níor luadh ach cúiteamh i gcás Vertrauensschaden (iontaoibh éadairbheach in ionchas dlisteanach), ach i dTreoir 76/207/CEE tá sé leagtha síos nach mór don dlí náisiúnta foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha chun a áirithiú go gcuirtear deiseanna comhionanna ar fáil maidir le rochtain ar fhostaíocht. Ós rud é, áfach, nár leagadh amach sa Treoir tuilleadh mionsonraí i ndáil leis na pionóis ábhartha, ní fhéadfaí a mheas go raibh an Treoir infheidhme go díreach ag an gcéim sin, agus bhí baol ann, cé gur theip ar an dlí náisiúnta dlí an Aontais a chomhlíonadh, go mbeadh ar an gCúirt Bhreithiúnais a rialú nach raibh aon bhonn ar a bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta gan an dlí náisiúnta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go raibh iallach ar na cúirteanna náisiúnta reachtaíocht náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm in ábhair shibhialta ionas go mbeadh pionóis éifeachtacha ann i gcás idirdhealaithe ar bhonn inscne. Níor leor cúiteamh siombalach chun ceanglais na Treorach a chur i bhfeidhm go héifeachtach., shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais, in 2004, go dtagann oibrithe éigeandála faoi raon feidhme na cosanta sa treoir maidir le ham oibre (Treoir 93/104/CE). Níor mhór an t-am ar glao-dhualgas a chur san áireamh go hiomlán nuair a bheadh uasmhéid na n-uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine, is é sin 48 n-uair an chloig, á ríomh.

Is é prionsabal ginearálta an chomhair dhílis (Airteagal 4(3) CAE) an bunús dlí dá dtagraíonn an Chúirt Bhreithiúnais maidir le léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Faoin Airteagal sin, glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thagann as Conradh ar an Aontas nó a thagann de thoradh gníomhaíochta a rinne institiúidí an Aontais. Dá bhrí sin, tá dualgas ar na húdaráis náisiúnta freisin léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta, dlí atá tánaisteach do dhlí an Aontais, a chur i gcomhréir le foclaíocht agus cuspóir dhlí an Aontais (dualgas comhair — Cásanna Uamtha C-397/01 go C-403/01 Pfeiffer agus eile). I gcás na gcúirteanna náisiúnta, tá an méid sin le sonrú ar a ról mar chúirteanna Eorpacha sa mhéid is go n-áirithíonn siad go gcuirtear i bhfeidhm agus go n-urramaítear dlí an Aontais mar is ceart.

Caoi amháin a léirítear an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais is ea an léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha, faoina bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit treoracha a chur chun feidhme. Ní mór do dhlíodóirí agus do na cúirteanna cuidiú lena mBallstáit an oibleagáid sin a chomhlíonadh ina hiomláine, trí phrionsabal an léirithe i gcomhréir leis na treoracha a chur i bhfeidhm. Tríd an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoracha, áirithítear comhchuibheas idir an dlí sin agus na treoracha ar an leibhéal ar a gcuirtear an dlí i bhfeidhm, agus ar an dóigh sin áirithítear go léirítear an dlí náisiúnta cur chun feidhme, agus go gcuirtear i bhfeidhm é, go haonfhoirmeach sna Ballstáit ar fad. Fágann sin nach ndéantar dealú ar an leibhéal náisiúnta idir ábhair a ndearnadh comhchuibhiú eatarthu roimhe sin ar leibhéal an Aontais trí bhíthin treorach.

Tá na teorainneacha maidir le léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais i bhfoclaíocht gan athbhrí dlí náisiúnta nach bhfuil ach aon léamh amháin air; cé go bhfuil oibleagáid ann faoi dhlí an Aontais dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais, ní féidir dlí náisiúnta a léirmhíniú contralegem. Is amhlaidh atá freisin i gcásanna ina ndiúltaíonn an reachtóir náisiúnta go sainráite treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta. Na coinbhleachtaí a thagann i dtreis idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta i gcásanna mar sin, ní féidir iad a shocrú ach trí bhíthin imeachtaí dlíthiúla in aghaidh an Bhallstáit as mainneachtain ina oibleagáidí faoin gConradh (Airteagal 258 agus Airteagal 259 CFAE).

CONCLÚIDÍ

Cad é an léargas foriomlán a nochtann chugainn ar dhlíchóras an Aontais?

Is le dlíchóras an Aontais a chuirtear fíorbhonn láidir faoin Aontas. Cuirtear córas coiteann dlí ar fáil leis i gcomhair oibriú an Aontais. Is trí dhlí nua a chruthú agus a fhorfheidhmiú, agus tríd sin amháin, is féidir bunchuspóirí an Aontais a bhaint amach. Ón taobh sin de, tá cuid mhaith bainte amach cheana ag dlíchóras an Aontais. De dheasca an dlíchórais nua go sonrach, tá na teorainneacha oscailte go hiomlán beagnach, tá trádáil shubstaintiúil ar siúl in earraí agus i seirbhísí, tá oibrithe in ann gluaiseacht ar fud an Aontais, agus tá an-chuid nasc trasnáisiúnta ag cuideachtaí le chéile; dá bharr sin, tá an cómhargadh ina ghnáthchuid den saol ag 447 milliún duine. Gné eile de dhlíchóras an Aontais lena mbaineann tábhacht stairiúil is ea a ról i ndéanamh na síochána. Agus é de chuspóir leis an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú, is le rialacha dlí seachas le fórsa a réitíonn sé coinbhleachtaí; tarraingíonn na rialacha dlí sin idir daoine aonair agus Bhallstáit le chéile in aon Chomhphobal amháin. Mar thoradh air sin, is ionstraim thábhachtach é dlíchóras an Aontais chun an tsíocháin a chaomhnú agus a chruthú.

Infheidhmeacht dhlí an Aontais agus tosaíocht dhlí an Aontais thar an dlí náisiúnta, is iad sin an dá chloch choirnéil a ráthóidh go gcomhlíonfar agus go gcosnófar dlíchoras an Aontais: infheidhmeacht dhíreach dhlí an Aontais agus tosaíocht dhlí an Aontais ar an dlí náisiúnta. Déanann an Chúirt Bhreithiúnais an dá phrionsabal sin a chosaint go diongbháilte, agus ar an dóigh sin ráthaítear go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go dtugtar tosaíocht dó i ngach Ballstát.

D’ainneoin a neamhfhoirfeachta, is mór agus is luachmhar an cion a dhéanann dlíchóras an Aontais chun fadhbanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a réiteach.

AN CÁSDLÍ A LUADH

Is féidir teacht ar na cinntí go léir a d’eisigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar líne (www.eur-lex.europa.eu). Ina theannta sin, soláthraíonn EUR-Lex rochtain saor in aisce duit, sna 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais, chucu seo a leanas:

  • Dlí an Aontais Eorpaigh (conarthaí an Aontais Eorpaigh, rialacháin, treoracha, cinntí, reachtaíocht chomhdhlúite, etc.);
  • obair ullmhúcháin, (tograí reachtacha, tuarascálacha, Páipéir Bhána agus Páipéir Uaine, etc.);
  • coinbhinsiúin idirnáisiúnta;
  • achoimrí ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh lena léirítear comhthéacs polaitiúil na ngníomhartha reachtacha.

Cineál agus tosaíocht dhlí an Aontais

Cás 26/62 Van Gend & Loos [1963] ECR 1 (cineál dhlí an Aontais; cearta agus oibleagáidí daoine aonair).

Cás 6/64 Costa v ENEL [1964] ECR 1251 (cineál dhlí an Aontais; infheidhmeacht dhíreach, tosaíocht dhlí an Aontais).

Cás 14/83 von Colson and Kamann [1984] ECR 1891 (léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais).

Cás C-213/89 Factortame [1990] ECR I-2433 (infheidhmeacht dhíreach agus tosaíocht dhlí an Aontais).

Cásanna Uamtha C-6/90 Francovich agus C-9/90 Bonifaci [1991] ECR I-5357 (éifeacht dhlí an Aontais; dliteanas na mBallstát as mainneachtain oibleagáidí an Aontais a chomhlíonadh; anseo: neamh-trasuí treorach).

Cásanna Uamtha C-46/93 Brasserie du pêcheur agus C-48/93 Factortame [1996] ECR I-1029 (éifeacht dhlí an Aontais; dliteanas ginearálta na mBallstát as mainneachtain oibleagáidí an Aontais a chomhlíonadh).

Cásanna Uamtha C-397/01 go C-403/01 Pfeiffer agus eile [2004] ECR I-8835 (léirmhíniú an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais).

Cumhachtaí an Aontais

Cás 6/76 Kramer et al. [1976] ECR 1279 (caidreamh eachtrach; gealltanais idirnáisiúnta; údarás an Aontais Eorpaigh).

Tuairim 2/91 [1993] ECR I-1061 (dáileadh cumhachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit).

Tuairim 2/94 [1996] ECR I-1759 (aontachas an CE leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; éagmais cumhachtaí).

Tuairim 2/13 EU:C:2014:2454 (neamh-chomhoiriúnacht idir an dréacht-chomhaontú maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh do CECD agus dlí an Aontais).

Éifeachtaí gníomhartha dlí

Cás 2/74 Reyners [1974] ECR 631 (infheidhmeacht dhíreach; saoirse bunaíochta).

Cás 33/74 van Binsbergen [1974] ECR 1299 (infheidhmeacht dhíreach; soláthar seirbhísí).

Cás 41/74 van Duyn [1974] ECR 1337 (infheidhmeacht dhíreach; saorghluaiseacht).

Cearta bunúsacha

Cás 29/69 Stauder [1969] ECR 419 (cearta bunúsacha; prionsabail ghinearálta an dlí).

Cás C-112/00 Eugen Schmidberger [2003] ECR I-5659 (saorghluaiseacht earraí, cearta bunúsacha).

Cosaint dhlíthiúil

Cás T-177/01 Jégo-Quéré et Cie v an Coimisiún [2002] ECR II-2265 (bearna sa chosaint dhlíthiúil i ngníomhartha a bhfuil éifeacht dhíreach acu ach nach bhfuil leithleacht ag baint leo); seasamh éagsúil arna ghlacadh ag an gCúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas ar achomharc an 1 Aibreán 2004 i gCás C-263/02 P An Coimisiún v Jégo-Quéré et Cie [2004], ECR I-3425.

Cás T-18/10 Inuit Tapiriit Kanatami [2010] ECR II-5599 (sainmhíniú ar ‘ghníomh rialála’); deimhnithe ag an gCúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas ar achomharc an 3 Deireadh Fómhair 2013 i gCás C-583/11 P.

CRÍOCHNÓTAÍ

1 Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

2 Ba é ba bhun le Coimisiún Santer éirí as oifig in 1999 gur dhiúltaigh an Pharlaimint an buiséad a urscaoileadh ar chúis a bhain le hamhras i leith bainistíocht airgeadais; níor éirigh ach oiread leis an tairiscint cáinte a ritheadh, cé gur bheag a bhí sa difríocht idir dhá thaobh na vótála.

3 Is féidir teacht ar na figiúirí daonra agus ar an ríomh tríd an hipearnasc seo a leanas: https://www.consilium.europa.eu/ga/council-eu/voting-system/voting-calculator/

4 Tá tuilleadh sonraí sa roinn faoi 'Dhliteanas na mBallstát i leith sáruithe ar dhlí an Aontais'.

EOLAS FAOIN bhFOILSEACHÁN SEO

Tá an foilseachán Eolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh le fáil ar an idirlíon ag https://op.europa.eu/ga/publications

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhísí Eagarthóireachta agus For-rochtain Spriocdhírithe
1049 an Bhruiséil
AN BHEILG

Lámhscríbhinn arna críochnú i mí an Mhárta 2023

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023

Is le húdar an fhoilseacháin seo amháin í an fhaisnéis agus na dearcthaí atá ann agus ní gá gurb ionann iad agus dearcadh oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Print ISBN 978-92-76-10157-4 doi:10.2775/154624 NA-03-19-655-GA-C
PDF ISBN 978-92-76-10113-0 doi:10.2775/996010 NA-03-19-655-GA-N
HTML ISBN 978-92-76-11139-9 doi:10.2775/41895 NA-03-19-655-GA-Q

© An tAontas Eorpach, 2023

Creative Commons BY licence icon

Déantar beartas athúsáide dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a rialú le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39). Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

Údaraítear atáirgeadh a dhéanamh air ar choinníoll go dtabharfar aitheantas don fhoinse. Chun eilimintí nach leis an Aontas Eorpach iad a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go mbeadh cead le lorg go díreach ó na sealbhóirí cirt féin.

 

Eolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh

Múnlaítear leis an dlíchóras a chruthaigh an tAontas Eorpach ár saol polaitiúil agus ár sochaí. Ní saoránaigh de chuid a dtíre, a mbaile nó a gceantar amháin iad daoine aonair níos mó; is saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad freisin.

Scrúdaítear leis an Eolaire ar Dhlí an Aontais Eorpaigh leis an Ollamh Klaus-Dieter Borchardt fréamhacha an tionscadail Eorpaigh agus an fhorbairt a tháinig air mar dhlíchóras, agus is saothar críochnaitheach ar an ábhar é.

Cuireadh ar fáil é chun léargas tosaigh a thabhairt do na léitheoirí siúd ar suim leo a leithéid ar struchtúr an Aontais Eorpaigh agus ar cholúin taca dhlíchóras na hEorpa.

 

Bhí róil éagsúla ag an Ollamh Klaus-Dieter Borchardt laistigh den Choimisiún Eorpach go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2019. Is Ollamh Oinigh é in Ollscoil Würzburg agus tá roinnt mhaith saothar foilsithe aige faoin dlí Eorpach.