DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Sa ráiteas príobháideachais seo tá eolas faoin dóigh a ndéantar sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil agus a chosaint.
An oibríocht phróiseála: Oibríochtaí cóipchirt
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, aonad D.2, ‘Conarthaí agus Cóipcheart’
Tagairt taifid: DPR-EC-00838
Clár ábhair
- Réamhrá
- Cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus conas a dhéanaimid é?
- Cé na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
- Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?
- Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
- Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
- Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
- Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
- Eolas teagmhála
- Cá háit a bhfuil eolas níos mionsonraithe le fáil?
1. Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad arna dtabhairt a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat ó thaobh do shonraí pearsanta de. Sonraítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Tugtar thíos an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Oibríochtaí cóipchirt’ a dhéanann aonad D.2 ‘Conarthaí agus Cóipcheart’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: : Bailíonn agus úsáideann aonad D.2. ‘Conarthaí agus Cóipcheart’ na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta chun (a) comhairle a thabhairt duit, mar bhall foirne d’institiúidí, de chomhlachtaí agus de ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, maidir le cúrsaí cóipchirt faoi chuimsiú do chuid tionscadal eagarthóireachta; agus/nó (b) cóipchearta atá ag an Aontas Eorpach a bhainistiú chun go bhféadfaidh saoránaigh, cuideachtaí agus comhlachtaí eile doiciméid phoiblí de chuid an Aontais Eorpaigh a athúsáid, agus ceadúnais a dheonú san áireamh.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
3. Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid de chuid an Aontais nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuilimid faoina réir a chomhlíonadh;
agus
tá cead tugtha agat i do cháil mar ábhar sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.
Na bunúis dlí bhreise atá leis an bpróiseáil:
- Treoir 2006/116/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an téarma cosanta do chóipcheart agus do chearta gaolmhara ar leith
- Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn aonad D.2 ‘Conarthaí agus Cóipcheart’ de chuid na hOifige Foilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:
Céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist agus tír an iarrthóra; ainm na heagraíochta nó an chomhlachta.
Tá sé éigeantach sonraí pearsanta a chur ar fáil le go ndéanfar d'iarratas a láimhseáil.
5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
Coinníonn aonad D.2 ‘Conarthaí agus Cóipcheart’ de chuid na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta chun críocha a mbailithe. Déanfar do shonraí pearsanta a chartlannú ansin ar feadh tréimhse an chóipchirt lena mbaineann, is é sin 70 bliain ar a mhéad.
6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla atá ann, tá rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú ionas nach mbíonn rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil riachtanas eolais dlisteanach acu chun críocha na hoibríochta próiseála sin.
7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tabharfar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise.
8. Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, iad a cheartú nó iad a scriosadh, agus an ceart chun srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta. Más infheidhme, tá an ceart agat freisin cur i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat
Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, rud a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).
Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad D.2 ‘Conarthaí agus Cóipcheart’ na hOifige Foilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.
9. Eolas teagmhála
- An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, aonad D.2 ‘Conarthaí agus Cóipcheart’ na hOifige Foilseachán, info@publications.europa.eu.
- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (is é sin is féidir gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
10. Cá háit a bhfuil eolas níos mionsonraithe le fáil?
Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála uile ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.
Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00838.