Publications Office of the EU
Legal notices: Copyright - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
legal notices - copyright notice 2024 ga

Fógra cóipchirt

© An tAontas Eorpach, 2019-2024.

Is faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh atá ábhar eagarthóireachta an tsuímh gréasáin seo agus tá sé ceadúnaithe faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International(nasc seachtrach). Ciallaíonn sé sin gur féidir é a athúsáid ar choinníoll go ndéantar an fhoinse a aithint agus aon athrú atá déanta agat a chur in iúl.

An chuid is mó de na foilseacháin ar an suíomh Gréasáin seo, tá ar fáil saor in aisce, go leor acu faoi cheadúnais Creative Commons, agus is féidir iad a íoslódáil agus a atáirgeadh ar choinníoll go n-aithnítear an fhoinse. Más mian leat iad a athúsáid, seiceáil a bhfógraí cóipchirt faoi seach.

Aon ghné atá faoi réir cearta maoine intleachtúla tríú páirtí (e.g. téacs, grianghraif, pictiúir, graif, etc.), is gá cead a fháil roimh ré ó úinéir an chóipchirt sula n-úsáidtear iad. D'fhéadfadh sé gur gá cearta breise a fháil má thaispeántar daoine aonair ar féidir iad a aithint in ábhar ar leith.

Tabhair do d’aire go bhfuil foilseacháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi réir na rialacha sonracha atá ag an nasc seo a leanas.

Bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíochta, cuir i gcás paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó na ceadanna ginearálta thuasluaite.

Tá úsáid na ngrianghraf a thaispeántar in eolaire oifigiúil an Aontais Eorpaigh (EU WhoisWho) agus sa roinn ‘Imeachtaí’ (https://op.europa.eu/ga/web/about-us/events) faoi réir údarú a fháil roimh ré freisin.

Más mian leat ábhar sonrach atá ar fáil ar shuíomhanna gréasáin EUR-Lex, Sonraí Eorpacha, Tairiscintí an AontaisCORDIS a athúsáid, féach a bhfógraí cóipchirt faoi seach sna naisc atá curtha ar fáil.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait maidir le saincheisteanna cóipchirt, lena n-áirítear na coinníollacha faoinar féidir ábhar CELLAR agus EU Vocabularies a athúsáid, déan teagmháil linn ag op-copyright@publications.europa.eu