Publications Office of the EU
Virtual assistant, the explainability notice - Maidir leis an Oifig Foilseachán
DisplayCustomHeader
Dockbar
fógra inmhínitheachta leagan nua

Cúntóir fíorúil: Fógra inmhínitheachta

Publio – Cúntóir cliste Thairseach Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (Tairseach OP)

An nuashonrú is déanaí: 11/03/2026

Is uirlis intleachta saorga (IS) é Publio, cúntóir fíorúil Thairseach Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (Tairseach OP). Idirghníomhaíonn sé le daoine nádúrtha agus déanann sé cuardaigh trí eochairfhocail a úsáid a bhraitheann ar eolas atá ar fáil go poiblí ar Thairseach OP.
Tugtar san Fógra Inmhínitheachta seo eolas d’úsáideoirí faoin gcreat rialála maidir leis an intleacht shaorga agus faoi na prionsabail lena rialaítear feidhmiú Publio sa chomhthéacs sin. Tá Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh tiomanta don trédhearcacht agus d’intleacht shaorga iontaofa inmhínithe.

Trédhearcacht maidir leis an intleacht shaorga (IS) – prionsabail ghinearálta

Is cuid lárnach iad an trédhearcacht agus an oscailteacht i ngníomhaíochtaí institiúidí an Aontais maidir leis an dea-rialachas agus i rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, mar atá leagtha síos in Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena bhforáiltear an méid seo a leanas:

‘1. D'fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir.’

Leagtar amach in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ceart chun dea-riaracháin) an oibleagáid atá ar an riarachán údar a thabhairt lena chinntí.

Sa doiciméad Ethics Guidelines for Trustworthy AI [‘Treoirlínte Eitice le haghaidh IS Iontaofa’] (Aguisín 1), sraith treoirlínte a d’ullmhaigh an Sainghrúpa Ardleibhéil um an Intleacht Shaorga in 2019 arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach, liostaítear an trédhearcacht mar cheann amháin de sheacht gceanglas (Aguisín 2) ar cheart do chórais IS a chomhlíonadh. Foráiltear leis na treoirlínte sin gur cuid de phrionsabal na hinmhínitheachta í an trédhearcacht, lena gceanglaítear go mbeidh tacair sonraí agus próisis theicniúla lena mbaineann trédhearcach, agus go gcuirfear cumais agus cuspóir na gcóras IS in iúl go hoscailte. Dá bhrí sin, ní mór tacair sonraí agus próisis theicniúla a dhoiciméadú, agus ní mór iad a bheith inrianaithe, inmhínithe agus inléirmhínithe.

Tá na prionsabail thuasluaite le cur i bhfeidhm ag institiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir le forbairt, imlonnú agus úsáid na réiteach agus na n-uirlisí atá bunaithe ar IS.

Bunaithe ar na prionsabail ghinearálta sin, nuair a bhíonn daoine ag idirghníomhú le córas IS, ní mór iad a chur ar an eolas roimh ré gur córas IS atá ann. Fágann sé sin gur féidir le húsáideoirí rogha eolasach a dhéanamh leanúint leis an idirghníomhaíocht nó seasamh siar ón uirlis.

I gcomhréir leis na rialacha maidir le trédhearcacht, ní mór an t-eolas is gá a thabhairt d’úsáideoirí chun cuidiú leo aschur an chórais a thuiscint agus an t-aschur sin a úsáid mar is iomchuí.

Intleacht shaorga iontaofa inmhínithe

Príomhchuspóirí de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an intleacht shaorga iontaofa inmhínithe. Chun tacú leis sin, tá creat rialála le haghaidh na hintleachta saorga curtha ar bun ag an Aontas. Le Rialachán (AE) 2024/1689 an 13 Meitheamh 2024 (dá ngairtear ‘Gníomh IS’ anseo feasta) (Aguisín 3), cuirtear i bhfeidhm dhá phríomhchineál gealltanas ó sholáthraithe réitigh agus uirlisí atá bunaithe ar IS – an trédhearcacht agus soláthar faisnéise.

Tá sé de cheart ag úsáideoirí na gcóras IS eolas a fháil. Téann an ceart sin in éineacht le hoibleagáidí comhfhreagracha, amhail an oibleagáid an córas a úsáid i gcomhréir le treoracha agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na huirlise IS lena mbaineann. Is é an toradh a bhíonn ar chomhlíonadh na rialacha sin go mbeidh freagracht ar na gníomhaithe uile lena mbaineann.

Sonraítear in Airteagal 50 (Oibleagáidí trédhearcachta le haghaidh córais intleachta saorga áirithe) den Ghníomh IS: “1. Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a gcuirfidh na daoine nádúrtha lena mbaineann ar an eolas go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó thaobh duine nádúrtha atá measartha eolasach, géarchúiseach agus cáiréiseach, agus na himthosca agus comhthéacs na húsáide á gcur san áireamh. ‘

Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, leantar cur chuige rioscabhunaithe, agus déantar idirdhealú idir córais intleachta saorga ardriosca agus córais intleachta saorga eile.

Idirghníomhaíonn Publio, cúntóir fíorúil Thairseach OP, le daoine nádúrtha agus déanann sé cuardaigh trí eochairfhocail a úsáid a bhraitheann ar eolas atá ar fáil go poiblí ar Thairseach OP. Foilsítear an t-eolas sin de réir phrionsabal na trédhearcachta is bun le beartais agus reachtaíocht uile an Aontais. Ní ghineann an cúntóir fíorúil ábhar nua, ná ní dhéanann sé ionramháil ná tionchar a imirt ar roghanna úsáideoirí, seachas roghanna scagtha féideartha a mholadh do chuardach na n-úsáideoirí. Dá bhrí sin, ní mheasfar gur córas ardriosca é Publio mar a shainmhínítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga.

Sonraítear sa Ghníomh IS nach mór na rioscaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh i ndearadh agus i bhfeidhmiú na gcóras IS maidir le 1) ionramháil trí theicnící fo-thairseachúla, i.e. teicnící taobh amuigh de chomhfhiosacht na n-úsáideoirí, nó 2) saothrú grúpaí leochaileacha ar dócha go ndéanfaí dochar síceolaíoch nó fisiciúil dóibh. Beidh feidhm ag oibleagáidí trédhearcachta níos déine maidir le córais (i) a idirghníomhaíonn le daoine, (ii) a úsáidtear chun mothúcháin a bhrath nó chun comhlachas le catagóirí (sóisialta) a chinneadh bunaithe ar shonraí bithmhéadracha, nó (iii) a dhéanann ábhar a ghiniúint nó a ionramháil (‘domhainbhrionnuithe’). Cé go n-idirghníomhaíonn Publio le daoine nádúrtha, níl an cúntóir fíorúil deartha chun mothúcháin a bhrath d’fhonn ionramháil a dhéanamh ná níl aon ghné san uirlis as a bhféadfadh toradh den sórt sin eascairt. Dá bhrí sin, níl Publio ag teacht leis na critéir thuasluaite.

Eolas faoi Publio

Téarmaí agus sainmhínithe

Téarma Sainmhíniú
Táblaí údaráis Úsáidtear táblaí údaráis (ar a dtugtar Liostaí Údaráis Ainmnithe nó NALanna freisin) chun comhchuibhiú agus caighdeánú a dhéanamh ar na cóid agus ar na lipéid ghaolmhara a úsáidtear i dtimpeallachtaí éagsúla (ardáin, córais agus feidhmchláir ghréasáin) agus chun éascú a dhéanamh ar mhalartuithe sonraí idir institiúidí an Aontais, mar shampla i gcomhthéacs na bpróiseas cinnteoireachta. Samplaí de tháblaí údaráis den sórt sin is ea liostaí códaithe de theangacha, tíortha, comhlachtaí corparáideacha, etc.
Bota comhrá Is éard is bota comhrá ann córas intleachta saorga (IS) atá deartha chun comhrá daonna a ionsamhlú agus chun idirghníomhú le húsáideoirí trí théacs nó trí chaint. Úsáideann sé teicnící próiseála teanga nádúrtha (PTN) chun ionchur úsáideoirí a thuiscint agus freagra a thabhairt dóibh, cúnamh uathoibrithe a thabhairt, eolas a thabhairt, nó cúraimí sonracha a dhéanamh bunaithe ar rialacha nó algartaim réamhshainithe. Úsáidtear botaí comhrá go coitianta i bhfeidhmchláir éagsúla, mar shampla tacaíocht custaiméirí, cúntóirí fíorúla, agus ardáin teachtaireachtaí ar líne, chun an chumarsáid a éascú agus freagraí láithreacha a chur ar fáil ar cheisteanna úsáideoirí.
IS chomhráiteach Cineál intleachta saorga atá san IS chomhráiteach. Éascaíonn sí comhrá fíor-ama ar nós duine daonna idir ríomhaire agus duine.
Sreabhadh comhrá Tagraíonn an téarma ‘sreabhadh comhrá’ do dhul chun cinn réidh loighciúil an chomhrá (aistear an úsáideora) idir an bota comhrá agus an t-úsáideoir. Tagraíonn sé don dóigh a dtuigeann bota comhrá rún an úsáideora, soláthraíonn sé freagraí cuí, agus treoraíonn sé an comhrá chun spriocanna nó cuspóir sonraithe an úsáideora a bhaint amach.
Eintiteas Ciallaíonn an téarma ‘aonán’, agus é á úsáid sa chomhthéacs seo, píosa eolais is féidir a bhaint as ionchur an úsáideora a bhaineann le cuspóir an úsáideora, i.e. rud lenar féidir tuiscint a fháil ar chuspóir an úsáideora. Déanfar na píosaí eolais sin a shainaithint agus a stóráil chun an t-eolas sin atá á lorg ag an úsáideoir a bhaint amach go beacht. An t-údar a scríobh alt ar leith, sin sampla d’aonán a d’fhéadfadh a bheith ann.
EU Vocabularies nó EuroVoc Is éard atá in Eurovoc (EU Vocabularies) tacar sonrach táblaí údaráis ilteangacha ildisciplíneacha atá á mbainistiú ag Oifig na bhFoilseachán agus a chlúdaíonn gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Tá téarmaí ann sna 24 theanga oifigiúla den Aontas Eorpach, agus i dtrí theanga na dtíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas Eorpach: an Albáinis, an Mhacadóinis agus an tSeirbis.
Rún Tagraíonn an téarma ‘rún’, agus é á úsáid sa chomhthéacs seo, don chuspóir atá ar intinn ag an úsáideoir agus ceist nó trácht (iarratas) á chlóscríobh nó á rá os ard aige. Is éard atá i rún smaoineamh nó coincheap laistigh de theachtaireacht (ráiteas) a thugann an t-úsáideoir uaidh. Gur mian leis an úsáideoir cuardach a dhéanamh ar ábhar ar leith, foilseachán ar leith nó duine ar leith, sin sampla de rún.
Samhail teanga Is éard is samhail teanga ann cineál ríomhchláir intleachta saorga (IS) atá ceaptha chun anailís a dhéanamh ar theanga nádúrtha agus í a thuiscint. Úsáideann sí teicnící staitistiúla agus dóchúlaíocha chun na focail nó na frásaí a thuar is dócha a thiocfaidh aníos in abairt nó i seicheamh téacs ar leith. Lena rá ar bhealach eile, uirlis is ea an tsamhail teanga is féidir a úsáid chun abairtí a ghiniúint nó a iomlánú bunaithe ar chomhthéacs agus ar ábhar an ionchuir.
Tuiscint Teanga (CLU) Seirbhís IS comhrá néalbhunaithe a úsáideann ardtuiscint teanga nádúrtha chun rúin úsáideoirí a shainaithint, an bhrí fhoriomlán a thuar, agus faisnéis struchtúrtha a bhaint as téacs comhrá.
Téarma Samhail Teanga Mhór Is cineál ardintleachta saorga í Samhail Teanga Mhór atá oilte ar shonraí fairsinge téacs chun teanga an duine a thuiscint agus a ghiniúint. Baineann Samhlacha Teanga Móra úsáid as teicnící domhainfhoghlama chun anailís a dhéanamh ar chomhthéacs, chun bríonna caolchúiseacha a ghabháil, agus chun patrúin i dteanga a shainaithint, rud a chuireann ar a gcumas frásaí casta a phróiseáil agus freagairtí comhleanúnacha atá iomchuí ó thaobh an chomhthéacs de a sholáthar.
An mheaisínfhoghlaim (MF) Cineál intleachta saorga is ea an mheaisínfhoghlaim (MF) lenar féidir le feidhmchláir bogearraí ‘foghlaim’ ó chleachtas roimhe seo agus ó aiseolas, agus ar an dóigh sin, éirí níos cruinne maidir le torthaí a thuar gan bheith cláraithe go sainráite chun déanamh amhlaidh.
Próiseáil teanga nádúrtha (PTN) Is réimse den intleacht shaorga (IS) í an Phróiseáil Teanga Nádúrtha (NLP) lenar féidir le ríomhairí anailís a dhéanamh ar theanga an duine agus í a thuiscint, idir theanga scríofa agus theanga labhartha.
Aistear cuardaigh Tagraíonn an téarma ‘aistear cuardaigh’ do sheicheamh na n-idirghníomhaíochtaí a dtugann úsáideoir faoi agus eolas sonrach á chuardach aige. Is é sin an próiseas chun an t-úsáideoir a threorú trí shraith ceisteanna agus freagraí chun a rún cuardaigh a aithint agus a chomhlíonadh. Is éard atá i gceist le haistear cuardaigh i mbota comhrá ceist an úsáideora a thuiscint, eolas ábhartha a fháil ó bhunachar sonraí nó ó bhunachar eolais, agus an t-eolas a chur i láthair an úsáideora ar bhealach atá éasca a thuiscint agus atá ábhartha do riachtanais an úsáideora.
Aistear an úsáideora Taithí an duine le linn seisiún amháin de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár a úsáid, ina ndéantar sraith gníomhaíochtaí chun sprioc ar leith a bhaint amach ar an suíomh gréasáin nó feidhmchlár sin.
Ráiteas Ionchur ón úsáideoir, is é sin aon teachtaireacht chlóscríofa nó labhartha i gcomhrá. D’fhéadfadh focal amháin, nó roinnt focal amhail ceist nó frása, a bheith i ráiteas amháin.

Cad é Publio?

Is uirlis IS é Publio, cúntóir fíorúil Oifig na bhFoilseachán (Tairseach OP), a idirghníomhaíonn le daoine nádúrtha agus a dhéanann cuardaigh trí eochairfhocail a úsáid a bhraitheann ar eolas atá ar fáil go poiblí ar Thairseach OP. Úsáideann Publio teicnící intleachta saorga (IS) comhrá amhail próiseáil teanga nádúrtha (PTN) agus an mheaisínfhoghlaim (ML) maille le haithint gutha idirghníomhach agus córais chuardaigh thraidisiúnta chun cabhrú le húsáideoirí foilseacháin an Aontais, reachtaíocht an Aontais agus daoine teagmhála sna hInstitiúidí Eorpacha a aimsiú.

Éascaíonn an cúntóir fíorúil comhráite labhartha nó clóscríofa go sonrach idir úsáideoirí deiridh agus Tairseach OP. Tá an cúntóir fíorúil ar fáil faoi láthair i mBéarla, i bhFraincis agus i Spáinnis. Cé gur féidir le gach duine é a úsáid, cuireann an cúntóir fíorúil réiteach ar fáil freisin atá oiriúnaithe do riachtanais daoine faoi mhíchumas léitheoireachta, rud a chuireann leis an inrochtaineacht. Ina theannta sin, is féidir cuardach comhrá a dhéanamh, bealach nua chun cuardach a dhéanamh lena bhféadfaidh úsáideoirí labhairt in abairtí iomlána – díreach mar a dhéanfaidís i ngnáthchomhrá – le guthchúntóir atá cumhachtaithe leis an IS agus a thugann freagraí ar ais. Is i bhfoirm comhrá a bhíonn an t-idirghníomhú idir an t-úsáideoir agus an cúntóir fíorúil.

Cén cineál sonraí a úsáideann Publio?

Úsáideann Publio an t-eolas atá ar fáil go poiblí ar Thairseach OP. Foilsítear an t-eolas sin bunaithe ar phrionsabal na trédhearcachta is infheidhme maidir le beartais agus reachtaíocht uile an Aontais. Bunaithe ar an gcorpas sin, úsáideann Publio aicmithe agus catagóirí atá ar fáil ar Thairseach OP amhail ábhair, údair nó formáid Eurovoc chun an comhrá a threorú agus a bheachtú chun cabhrú leis an úsáideoir cuardach a dhéanamh ar fud na dtrí phríomhbhailiúchán de Thairseach OP: Foilseacháin an Aontais, dlí an Aontais agus eolaire oifigiúil an Aontais (EU Whoiswho).

Úsáideann Publio samhail teanga atá ann cheana chun tuiscint a fháil ar cheisteanna úsáideoirí agus chun úsáideoirí a threorú le linn a n-aistear cuardaigh. Bunaithe ar aiseolas úsáideoirí, déantar samhail teanga Publio a fheabhsú agus a oiliúint i gcónaí chun freastal ar ionchais úsáideoirí agus chun déileáil le héagsúlacht na n-ionchur úsáideoirí sna trí theanga a dtacaítear leo.

Clúdaíonn an oiliúint sin gnéithe iomadúla de bhunchóras Publio:

  • Sraith réamhshainithe de ráitis a bhaineann le foirmeacha éagsúla rúin a d’fhéadfadh a bheith ann chun gur féidir le Publio tuiscint a fháil ar sprioc deiridh an úsáideora ar an gcéad dul síos, agus chun an t-úsáideoir a threorú céim ar chéim i dtreo an sprioc sin a bhaint amach ar an dara dul síos.
  • Sraith réamhshainithe de cheisteanna seasta a ‘thuigeann’ Publio agus ar féidir leis freagra réamhshainithe a thabhairt d’úsáideoirí ina leith. Sampla: Conas is féidir liom foilseacháin a ordú?
  • Aonáin mheaisínfhoghlama a bhféadfaidh Publio iad a shainaithint agus iad a úsáid ina phróisis chúlra chun paraiméadair chuardaigh a bhrath, torthaí cuardaigh níos cruinne nó roghanna cuardaigh níos cruinne a chur ar fáil chun an cuardach a bheachtú tuilleadh. Tá na haonáin sin bunaithe ar an aicmiú agus ar na catagóirí sonraí atá ann cheana amhail teasárais Eurovoc nó táblaí údaráis eile arna mbainistiú ag Eurovoc: údair, formáidí, teangacha, comhlachtaí de chuid an Aontais (eagraíochtaí), róil fheidhmiúla i seirbhís phoiblí an Aontais, etc. Ar an mbonn sin, mar shampla, féadfaidh Publio a thuiscint ó cheist an úsáideora go bhfuil an t-úsáideoir ag lorg foilseachán a bhfuil ábhar ar leith ann nó foilseachán le húdar ar leith.

Cén chaoi a n-oibríonn Publio?

Baineann Publio úsáid as ‘conversational language understanding (CLU)’ (Aguisín 4) in éineacht le córas asbhainte eintiteas bunaithe ar shamhail teanga mhór chun ionchur úsáideora (ráiteas scríofa nó labhartha) a phróiseáil go cruinn agus go héifeachtúil.
Tugann CLU léargais tosaigh ar rún agus eintitis an úsáideora, agus le haghaidh fiosruithe níos casta, déanann comhpháirt na samhla teanga mhóir aitheantas eintitis a bheachtú, rud a chinntíonn torthaí níos fearr le haghaidh frásaí caolchúiseacha nó iarrataí casta. Bunaithe ar an rún agus na heintitis aitheanta, cuireann Publio tús le sreabhadh comhrá saincheaptha atá dírithe ar thacú le húsáideoirí an toradh spriocdhírithe a bhaint amach i roinnt céimeanna simplí.

Faoi láthair, cuireann Publio 4 phríomhshreabhadh comhrá i bhfeidhm:

  • Cuardach doiciméid chun cuidiú le húsáideoirí a bhfuil foilseacháin an Aontais nó doiciméid dhlíthiúla an Aontais á gcuardach acu.
  • Cuardach duine chun cuidiú le húsáideoirí a bhfuil fostaithe sa tseirbhís phoiblí in institiúidí an Aontais á gcuardach acu.
  • Cuardach eagraíochta chun cuidiú le húsáideoirí a bhfuil comhlachtaí (eagraíochtaí) an Aontais á gcuardach acu.
  • Ceisteanna agus freagraí chun freagra réamhshainithe a thabhairt ar cheisteanna coitianta.

Má aithnítear sreabhadh cuardaigh, tabharfaidh an cúntóir fíorúil treoraíocht don úsáideoir maidir le taighde a dhéanamh ar dhoiciméad, ar dhuine nó ar eagraíocht ábhartha trí cheisteanna simplí a chur ar an úsáideoir agus, bunaithe ar fhreagra an úsáideora, roghanna scagtha a mholadh.

Maidir leis an sreabhadh Ceisteanna agus Freagraí, coinníonn foireann Oifig na bhFoilseachán liosta de phéirí ceisteanna coitianta agus freagraí réamhshainithe. I gcás ina n-aithnítear rún Ceisteanna agus Freagraí agus go bhfuil ardleibhéal cosúlachta ann idir ceist shonrach an úsáideora agus ceann de na ceisteanna atá stóráilte sa chóras, tabharfar freagra iomchuí ar an úsáideoir go díreach. Mar shampla,

- má aithnítear rún Ceisteanna agus Freagraí trí cheist ar nós ‘Is mian liom comhad a íoslódáil’, freagróidh an cúntóir ‘Chun doiciméad a íoslódáil, téigh chuig leathanach sonraí an fhoilseacháin agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Íoslódáil agus teangacha’.’

- má aithnítear rún Ceisteanna agus Freagraí trí cheist ar nós ‘Cá bhfaighidh mé doiciméid le haghaidh páistí?’, freagróidh an cúntóir ‘Tá foilseacháin le haghaidh páistí ar fáil i gCúinne na bPáistí’.

Is féidir le húsáideoirí ceisteanna a chur i scríbhinn nó ó bhéal. Gabhann an bota comhrá an t-ionchur fuaime (ceisteanna an úsáideora ó bhéal) agus cuireann sé chuig inneall aitheanta cainte é a athraíonn an chaint sin go téacs. Is í an tseirbhís ‘Microsoft Azure speech to text’ (Aguisín 5) a phróiseálann an t-ionchur fuaime. Taispeánann Publio an t-ionchur fuaime, mar fhocail arna léirmhíniú ag an inneall aitheanta cainte, sula dtaispeántar an freagra i scríbhinn agus i bhfoirm labhartha trí ghuth sintéisithe araon. Tarlaíonn an malartú sin ar an toirt agus is gearr a mhaireann sé (ní fhágtar aon rian de ann).

Conas a dhéanann Publio anailís ar an gceist agus conas a mholann sé torthaí?

Ní úsáideann Publio samhail teanga mhór ná aon teicneolaíocht intleachta saorga giniúnaí eile chun na freagraí a thugtar d’úsáideoirí a ghiniúint. Tá gach teachtaireacht Publio bunaithe ar theimpléid réamhshainithe. Úsáideann Publio samhail teanga meaisínfhoghlama atá oilte (samhail teanga oilte) chun foghlaim conas ionchur úsáideoirí a aithint agus a fhreagairt. Tá an tsamhail sin freagrach as teachtaireacht nó ceist an úsáideora a phróiseáil, rún na teachtaireachta a aithint, agus freagra cuí a thabhairt. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas chun Publio a oiliúint cuid mhór sonraí oiliúna lipéadaithe a chur ar fáil don tsamhail mheaisínfhoghlama, lena n-áirítear samplaí d’ionchur úsáideoirí agus a rúin chomhfhreagracha agus freagraí inchreidte.

Úsáideann Publio Próiseáil Teanga Nádúrtha (PTN), an tsamhail teanga oilte agus samhail teanga mhór chun rún an úsáideora a thuiscint agus chun na haonáin aitheanta a bhaint as ceist an úsáideora (mar shampla téarma cuardaigh, ábhar, údar, dáta an doiciméid, formáid an doiciméid). Úsáideann Publio na haonáin sin chun an cuardach a dhéanamh agus chun toradh an chuardaigh a thaispeáint.





Má tá toradh an chuardaigh róleathan, leanann Publio leis an gcomhrá trí cheisteanna breise a chur ar an úsáideoir chun an toradh cuardaigh a chaolú trí aonáin eile a scagadh.

Tá na ceisteanna a ghineann Publio teoranta do rún an úsáideora a shainaithint, a chuspóir a ghabháil agus an t-iarratas cuardaigh ceart a fhoirmliú i gcorpas an ábhair atá foilsithe ar Thairseach OP. Tagann na torthaí a mholann Publio go hiomlán ón gcorpas seo.

Aiseolas úsáideoirí



Tráth ar bith le linn an chomhrá, is féidir leis an úsáideoir deiridh aiseolas dearfach, neodrach nó diúltach a thabhairt ar a (h)eispéireas maidir le Publio a úsáid. Is féidir leis an úsáideoir aiseolas de láimh a thabhairt tráth ar bith, nó mar fhreagra ar mhír aníos uathoibríoch a thaispeántar tar éis cúpla soicind neamhghníomhaíochta a iarrann aiseolas ar an úsáideoir. Ina theannta sin, ceisteanna ‘nach dtuigeann’ Publio mar is ceart, déanann foireann daoine daonna in Oifig na bhFoilseachán iad a logáil agus a phróiseáil go huathoibríoch go tráthrialta. An t-aiseolas úsáideora agus an anailís ar cheisteanna nach dtuigeann Publio i gceart, úsáidtear an méid sin chun an tsamhail teanga a athoiliúint d’fhonn na seirbhísí a chuirtear ar fáil d’úsáideoirí deiridh a fheabhsú tuilleadh.

Próiseáil sonraí príobháideacha

Déantar na sonraí atá ar fáil ar Thairseach OP a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus leis an Rialachán maidir le institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil (Aguisín 6).

Ní dhéanann Publio aon eilimintí a stóráil, a choinneáil ná a chartlannú, ná ní dhéanann sé ionchur an úsáideora a chuirtear ar fáil trí fhreagraí Publio a stóráil, a choinneáil ná a chartlannú.

Anaithnidítear an t-aiseolas a bhailítear ar dhóigh nach féidir an t-aiseolas a nascadh leis an úsáideoir ónar bailíodh é

Ní úsáidtear aon sonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht, rianú ná próifíliú uathoibrithe ar aon bhealach. Agus Samhlacha Teanga Móra á n-úsáid le haghaidh eastóscadh eintiteas, is iad na sonraí a mhalartaítear idir Publio agus an tsamhail teanga mhór ná ceist an úsáideora agus réamhthoradh eastósctha an eintitis a ghineann CLU. Ní roinntear ná ní tharchuirtear aon sonraí pearsanta de chuid úsáideora.

Déantar na seirbhísí go léir a úsáideann Publio a óstáil in ionaid sonraí Eorpacha, agus comhlíonann gach próiseáil sonraí rialacháin phríobháideachta sonraí an Aontais.

Teorainneacha san am i láthair

  • Tras-scríobh ainmneacha trí ghuth a úsáid: cé ‘go dtuigtear’ an chuid is mó de na hainmneacha agus go ndéantar iad a thras-scríobh i gceart, tá asbhaint na n-ainmneacha bunaithe ar an meaisínfhoghlaim agus níl sé 100% cruinn. Mar gheall ar theorainneacha CLU, ní asbhaintear roinnt ainmneacha i gceart fiú tar éis oiliúint a chur ar an tsamhail leis na samplaí sonracha ón tacar sonraí.
  • Dátaí sa Fhraincis agus sa Spáinnis: níl an tuiscint ar dhátaí chomh cruinn céanna sa Spáinnis agus sa Fhraincis i gcomhthéacsanna níos casta. Mar shampla, aithneofar an bhliain sa Spáinnis trí ‘entre 2016 y 2017’ gan comhthéacs breise, ach ní aithneofar é trí ‘entre el año 2019 y 2020’
  • Ní oibríonn an aithint cainte ach in aon teanga amháin san am amháin.
  • Níl modh litrithe ag an aithint cainte, rud a chiallaíonn nach bhfuil gné ann a chuirfeadh ar a gcumas d’úsáideoirí focail a litriú de réir carachtair chun tras-scríobh cruinn a chinntiú.
  • Ní oibríonn aithint an aonáin ainm go maith i bhfrásaí móra nuair a bhíonn ‘Mrs/Miss’ iontu.

 

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, an 16 Bealtaine 2023

1 Ar fáil ag https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/ethics-guidelines-trustworthy-ai

2 Is iad seo a leanas na seacht gceanglas sin ba cheart don intleacht shaorga iontaofa a chomhlíonadh: 1) gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna; 2) stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht; 3) príobháideachas agus dea-rialachas sonraí; 4) trédhearcacht; 5) éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime; 6) folláine shochaíoch agus chomhshaoil; 7) cuntasacht.

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais. Is féidir teacht ar an ngníomh a glacadh agus a síníodh anseo.

4 https://language.cognitive.azure.com/clu/projects/

5 https://query.prod.cms.rt.microsoft.com/cms/api/am/binary/RE5cCGB.

6 Rialachán (AE) 2016/679, IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88 agus Rialachán (AE) 2018/1725, IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39–98.