Ráiteas príobháideachais: Ardán um Tháirgeadh Aontaithe (UPP)
Do shonraí pearsanta a chosaint
Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
Oibríocht phróiseála: Iarrataí ar sheirbhísí foilsitheoireachta le haghaidh foilseacháin ghinearálta
Rialaitheoir Sonraí: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Stiúrthóireacht B, ‘Seirbhísí Táirgthe Foilseachán’
Tagairt taifid: DPR-EC-00424
1. Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Iarrataí ar sheirbhísí foilsitheoireachta le haghaidh foilseacháin ghinearálta’ arna déanamh ag Stiúrthóireacht B, ‘Táirgeadh Foilseachán’, de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: Is í Stiúrthóireacht B, ‘Táirgeadh Foilseachán’, de chuid Oifig na bhFoilseachán, a choinníonn an tairseach údair ar bun ar an Ardán um Tháirgeadh Aontaithe (UPP), lenar féidir le seirbhísí institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais iarrataí ar sheirbhísí foilsitheoireachta le haghaidh foilseacháin ghinearálta a chur faoi bhráid Oifig na bhFoilseachán, nó úsáid a bhaint as an uirlis pleanála comhoibríche lenar féidir foilseacháin amach anseo a chomhordú ar an leibhéal áitiúil (laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht) agus ar an leibhéal corparáideach.
Bailímid do shonraí pearsanta (seoladh ríomhphoist, céadainm agus sloinne) nuair a chruthaíonn tú próifíl úsáideora in UPP agus nuair a chuireann tú iarraidh ar Thairseach Údair UPP agus/nó nuair a chuireann tú foilseachán beartaithe isteach san uirlis pleanála comhoibríche.
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:
	- freagairt d’iarrataí ar sheirbhísí foilsitheoireachta agus iad a bhainistiú agus, i gcás seirbhísí a mhuirearaítear, an tseirbhís iarrthach a shonrasc;
- pleanáil foilseachán a chomhordú i measc Ard-Stiúrthóireachtaí rannpháirteacha an Choimisiúin agus institiúidí agus comhlachtaí rannpháirteacha an Aontais;
- teagmháil a dhéanamh leat i gcomhthéacs suirbhéanna a bhaineann leis an Tairseach Údair nó le haon seirbhís eile a thairgeann Oifig na bhFoilseachán;
- cúrsaí oiliúna, malartuithe dea-chleachtais, nuachtlitreacha, imeachtaí ar thopaicí foilsitheoireachta a thairiscint duit;
- faisnéis a bhaineann le foilsitheoireacht a chomhroinnt leat agus d’aiseolas ar ár seirbhísí a lorg;
- do chearta rochtana ar an gcóras a bhainistiú agus staitisticí comhiomlánaithe úsáideoirí a tháirgeadh;
- forléargas mionsonraithe a choinneáil ar iarrataí ar rochtain tríd an uirlis MS PowerBI.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
agus
- nuair a iarrann tú próifíl úsáideora le haghaidh UPP, agus arís nuair a chuireann tú sonraí pearsanta isteach san fhoirm iarratais ar an tairseach údair, is amhlaidh a thoilíonn tú, i do cháil mar ábhar sonraí, do phróiseáil do chuid sonraí pearsanta chun na gcríoch sin.
Bunús breise dlí:
Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, is iad na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailíonn Stiúrthóireacht B, ‘Táirgeadh Foilseachán’, de chuid na hOifige Foilseachán:
Bainisteoir na hiarrata, Bainisteoir an tionscadail agus an Teagmhálaí airgeadais, Tionscnóir an phlean agus Comhordaitheoir an phlean (d’fhéadfadh sé gurbh ionann iad):
	- éigeantach: céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh (arna gabháil go huathoibríoch ar EU Login, ní féidir eagarthóireacht a dhéanamh uirthi)
- roghnach do Thionscnóir an phlean agus do Chomhordaitheoir an phlean: ríomhphost breise agus aonad.
Tá sé éigeantach sonraí pearsanta a sholáthar chun próifíl úsáideora a choinneáil i dtairseach údair an UPP agus chun go bpróiseálfadh Oifig na bhFoilseachán iarrataí ar sheirbhísí foilsitheoireachta.
5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?
Ní choinníonn Stiúrthóireacht B ‘Táirgeadh Foilseachán’ na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críche bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin ar feadh 10 mbliana tar éis dhúnadh an tionscadail.
6. Cén chaoi a ndéanaimid do shonraí pearsanta a chosaint agus a choimirciú?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, déantar rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi ar féidir leat iad a fheidhmiú?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, iad a cheartú nó iad a scriosadh, agus an ceart chun srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat freisin chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.
Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, rud a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).
Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do Stiúrthóireacht B, ‘Táirgeadh Foilseachán’ na hOifige Foilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá sonraí teagmhála an Maoirseora le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.
9. Sonraí teagmhála
An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, Stiúrthóireacht B, ‘Táirgeadh Foilseachán’ de chuid na hOifige Foilseachán, info@publications.europa.eu.
Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá sé an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. is féidir gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.
10. Cá bhfuil tuilleadh eolais le fáil?
Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/service-standards-and-principles/transparency/data-processing-register_ga.
Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00424.