Publications Office of the EU
Multimedia and Publications - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
Na hIlmheáin agus Foilseacháin

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo, tugtar eolas duit faoi
phróiseáil agus cosaint do shonraí pearsanta.

An oibríocht phróiseála: Seirbhísí Closamhairc a chuireann Oifig na bhFoilseachán ar fáil

Rialaitheoir Sonraí: Oifig na bhFoilseachán, aonad B2, ‘Na hIlmheáin agus Foilseacháin’

Tagairt taifid: DPR-EC-13869

Clár Ábhar

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
  3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
  4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
  5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
  6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
  7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
  8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
  9. Sonraí teagmhála
  10. Tuilleadh eolais

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do chuid sonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach sa chás gur mian leatsa do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Seirbhísí Closamhairc a chuireann Oifig na bhFoilseachán ar fáil’ a dhéanann aonad B2 ‘Na hilmheáin agus foilseacháin’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann aonad B2, ‘Na hIlmheáin agus Foilseacháin’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta chun oibriú, cothabháil agus bainistiú na seirbhísí closamhairc a éascú a chuireann Oifig na bhFoilseachán ar fáil.

Baileofar do shonraí pearsanta má ghlacann tú páirt i léiriú closamhairc arna dhéanamh ag Oifig na bhFoilseachán nó thar a ceann, chun do thoiliú a thaifeadadh d’íomhá agus/nó do ghuth a úsáid i léiriú den sórt sin. Bailítear do shonraí pearsanta trí fhoirm eisiúna shamplach.

Cumhdaíonn na sonraí pearsanta a thaifeadtar aisteoirí gairmiúla/aisteoirí gutha chomh maith le saoránaigh a taifeadadh/a scannánaíodh le linn agallaimh. D’fhéadfadh mionaoisigh agus daoine faoi mhíchumas (meabhrach) a bheith san áireamh ann.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

- má shínítear foirm eisiúna idir tú féin mar aisteoir/aisteoir gutha agus an conraitheoir a tháirgeann an t-ábhar closamhairc, is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a bhfuil tú páirteach ann a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ort sula ndéanfaidh tú conradh

agus

tá cead tugtha agat i do cháil mar ábhar sonraí (nó i gcás mionaoiseach, tusa agus na caomhnóirí dlíthiúla) do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

Bunús dlí breise atá leis an bpróiseáil:

sainordú Oifig na bhFoilseachán, Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara’ san Oifig Foilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

  • Sonraí pearsanta arna dtaifeadadh mar ábhar closamhairc: taifeadtaí fuaime, amhairc agus/nó closamhairc díot
  • Sonraí aitheantais: ainm, sloinne, síniú, sonraí suímh (tír nó cathair chónaithe)

Tá sé éigeantach na sonraí pearsanta sin a sholáthar chun páirt a ghlacadh in aon tionscadal closamhairc.

I ngeall go léiríonn ábhar amhairc agus closamhairc bunadh ciníoch nó eitneach, baineann an phróiseáil leis na catagóirí speisialta sonraí pearsanta sin. Ina theannta sin, in imthosca áirithe (ábhar closamhairc ar thopaicí leighis) is féidir sonraí a bhaineann le sláinte a ghabháil. Ní dhéanaimid na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ach amháin nuair a fhaighimid do thoiliú sainráite san fhoirm chaighdeánach toilithe CE.

D’fhéadfadh sonraí a bhaineann le daoine leochaileacha is ábhar do na sonraí a bheith i gceist leis an bpróiseáil freisin (i.e. mionaoisigh, agus/nó daoine faoi mhíchumas):

  • Grianghraif, fístaifeadtaí agus taifeadtaí fuaime de dhaoine faoi mhíchumas a thaispeánfar sna meáin chlosamhairc;
  • Grianghraif, fístaifeadtaí agus taifeadtaí fuaime de mhionaoisigh atá le feiceáil sna meáin chlosamhairc
  • Grianghriaf, fístaifeadtaí agus taifeadtaí fuaime de dhídeanaithe ó thíortha nach tíortha den Eoraip iad

Ní dhéanaimid sonraí pearsanta mionaoiseach agus/nó daoine faoi mhíchumas meabhrach a phróiseáil ach amháin má tá toiliú faighte againn roimh ré ó ionadaí foirmiúil nó ó chaomhnóir dlíthiúil tríd an bhfoirm chaighdeánach thoilithe CE le haghaidh taifeadadh fuaime agus físe, sruthú gréasáin le linn cruinnithe, imeachtaí agus comhdhálacha. Tá an phróiseáil dleathach ansin de réir bhrí Airteagal 10.2 (a) de Rialachán (AE) 2018/1725.

5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn aonad B2 ‘Na hIlmheáin agus Foilseacháin’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise.

Féadfar sonraí pearsanta atá sa léiriú closamhairc féin a chaomhnú go buan chun críocha stairiúla.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Ina theannta sin, déanfaidh na conraitheoirí seo a leanas do shonraí pearsanta a phróiseáil:

  • cine plus Mediaservice GmbH & Co.KG, Beirlín na Gearmáine
  • European Service network SA (Consortium), Bruiséil na Beilge
  • Markenfilm Crossing, Hamburg na Gearmáine
  • Actimage S.A., Lucsamburg, Lucsamburg

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Trí aontú do shonraí a chur ar fáil, thoiligh tú go n-úsáideann aonad B2, ‘Na hIlmheáin agus Foilseacháin’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarraidh.

9. Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, aonad B2 ‘Na hIlmheáin agus Foilseacháin’ de chuid Oifige na bhFoilseachán, info@publications.europa.eu.

  • Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar an dóigh ar phróiseáil an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta.

10. Tuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-13869