COSAINT DO SHONRAÍ PEARSANTA
Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar faisnéis faoin gcaoi a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
An oibríocht phróiseála: An chomhdháil ENDORSE 2025 a eagrú agus a fhoilsiú
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, aonad D.1, ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ agus aonad A.1, ‘Seirbhísí Caighdeánaithe Sonraí agus Formáide’
Tagairt taifid: DPR-EC-00491
Clár
Clár
- Réamhrá
- Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
- Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
- Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu?
- Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?
- Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
- Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
- Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
- Sonraí teagmhála
- Tuilleadh eolais
1. Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Leagtar amach thíos faisnéis maidir le hoibríocht phróiseála na comhdhála ENDORSE 2025 atá ar bun ag aonad D.1, ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ agus aonad A.1, ‘Seirbhísí um Chaighdeánú Sonraí agus Formáidí’, d’Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ agus aonad A.1 ‘Seirbhísí Caighdeánaithe Sonraí agus Formáide’ de chuid na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta chun cuireadh a thabhairt duit chuig cruinnithe, laethanta faisnéise, ceardlanna nó imeachtaí comhchosúla (dá ngairtear ‘cruinnithe’ anseo feasta) le baill foirne na n-institiúidí, na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí Eorpacha, le baill foirne riaracháin Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus leis an bpobal i gcoitinne.
Is éard atá i gceist leis an bpróiseáil do shonraí pearsanta a úsáid chun cuireadh a thabhairt duit agus/nó tú a chlárú le haghaidh cruinniú a eagraíonn Oifig na bhFoilseachán agus a reáchtáiltear ar áitribh Oifig na bhFoilseachán nó in áit eile.
In imthosca eisceachtúla a bhaineann le bagairtí don tsláinte phoiblí, d’fhéadfadh sé go mbeadh liostaí de rannpháirtithe i gcruinnithe bunriachtanacha na hOifige Foilseachán i gceist leis an bpróiseáil freisin, lena n-áirítear baill foirne sheachtracha agus inmheánacha.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;
agus
- tá cead tugtha agat i do cháil mar ábhar sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.
Na bunúis dlí bhreise atá leis an bpróiseáil:
4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu?
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, féadfaidh aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ agus aonad A.1 ‘Seirbhísí um Chaighdeánú Sonraí agus Formáide’ de chuid na hOifige Foilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú, ar sonraí iad atá riachtanach chun páirt a ghlacadh sa chruinniú:
- Inscne (ar gá í don teideal ceart)
- ainm agus sloinne
- feidhm
- seoltaí gairmiúla poist agus ríomhphoist
- uimhir ghutháin ghairmiúil
- roghanna béile/riachtanais chothaithe
- faisnéis chun críocha slándála (uimhir phearsanra nó uimhir aitheantais/pas; dáta breithe
- faisnéis chun críoch aisíocaíochta (faisnéis maidir le húsáid iompair agus cóiríocht; sonraí bainc)
- Ina theannta sin, d’fhéadfaimis grianghraif a thógáil agus/nó físeáin a thaifeadadh le linn an imeachta.
- I gcás liostaí na rannpháirtithe i gcruinnithe riachtanacha, baill foirne sheachtracha agus inmheánacha ina measc, ar liostaí iad a bunaíodh chun monatóireacht a dhéanamh ar theagmhálacha chun críocha na sláinte poiblí, tá gach catagóir sonraí éigeantach agus d’fhéadfadh uimhir ghutháin phríobháideach agus seoladh ríomhphoist, seoladh oifige agus am/dáta/seomra cruinnithe a bheith san áireamh freisin.
5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?
Ní choinníonn na haonaid D.1, ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ agus A.1, ‘Seirbhísí um Chaighdeánú Sonraí agus Formáide’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin chun an chomhdháil a eagrú agus aon ghníomhaíochtaí leantacha is gá a dhéanamh maidir le cuspóir nó cuspóirí an chruinnithe. Scriosfar na sonraí pearsanta uile ó bhunachair sonraí bliain amháin tar éis an bhirt dheireanaigh maidir leis an gcruinniú, cé is moite de thaifeadtaí de chur i láthair comhdhála, a dhéanfar a uaslódáil agus a chur ar fáil ar leathanach YouTube Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Fágfar na taifeadtaí ar YouTube. Ina theannta sin, i gcás na seimineár bliantúil a reáchtáiltear in Oifig Foilseachán Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin, i nGníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus in Ionadaíochtaí an Choimisiúin, coinnítear sonraí pearsanta mar chuid de liosta sonraí teagmhála a chomhroinntear go hinmheánach i measc sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh fad is gur duine teagmhála de chuid Oifig na bhFoilseachán é an t-ábhar sonraí. Is féidir leat a iarraidh go ndéanfar do shonraí a bhaint de liosta teagmhálaithe den sórt sin am ar bith.
Maidir le liostaí na rannpháirtithe i gcruinnithe fíor-riachtanacha lena n-áirítear foireann sheachtrach agus inmheánach a bhunaítear chun monatóireacht a dhéanamh ar theagmhálacha chun críocha na sláinte poiblí, féadfaidh tréimhse choinneála shonrach a bheith acu arna sainiú ag Ardrúnaíocht an Choimisiúin.
6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
Is ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh a stóráiltear na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.). Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, agus na bearta sin a dhéanamh ar dhóigh a chuireann san áireamh an baol a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta a phróiseáiltear. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo
7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh. Ní chomhroinnfidh Oifig na bhFoilseachán sonraí pearsanta le tríú páirtithe chun críocha a bhaineann leis an margaíocht dhíreach.
Na meáin shóisialta
Bainimid úsáid as na meáin shóisialta chun eolas a scaipeadh faoin gcomhdháil ENDORSE 2025 agus chun í a chur chun cinn trí chainéil chomhaimseartha a úsáidtear go forleathan. Mar shampla, is féidir leat féachaint ar na físeáin a uaslódálaimid chuig leathanach YouTube Oifig na bhFoilseachán, agus na naisc a leanúint ónár suíomh gréasáin chuig Twitter, Instagram agus LinkedIn.
Ní shocraíonn ár dtaispeántas cnaipí X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo), Instagram, YouTube agus LinkedIn fianáin chun nasc a dhéanamh leis na seirbhísí sin nuair a luchtaítear ár leathanaigh ghréasáin ar do ríomhaire (nó ar ghairis eile).
Is féidir féachaint ar fhíseáin a bhaineann leis an gcomhdháil ar ár suíomh gréasáin. Is le seinnteoir YouTube a thaispeánfar iad. Má chliceálann tú “seinn” ar fhíseán chun féachaint air, beidh fianán YouTube suiteáilte ar do ríomhaire nó ar do ghléas. Mura gcliceálann tú ar aon fhíseán ar chor ar bith, ní shuiteálfar aon fhianán.
Ní hionann úsáid na meán sóisialta agus léiriú tacaíochta do na meáin shóisialta ná dá mbeartais phríobháideachais. Má tharlaíonn sé nach mbíonn ceann amháin nó níos mó de na meáin shóisialta ar fáil ó am go chéile, ní ghlacaimid aon fhreagracht as an easpa seirbhíse mar gheall ar an aga neamhfhónaimh.
Molaimid duit beartais phríobháideachais X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo), LinkedIn, Instagram agus YouTube a léamh. Mínítear iontu an beartas atá ag gach cuideachta maidir le sonraí a bhailiú agus a phróiseáil, an úsáid a bhaineann siad as sonraí, do chearta agus na bealaí inar féidir leat do phríobháideachas a chosaint agus na seirbhísí sin á n-úsáid agat.
Aip na Comhdhála
Baineann Oifig na bhFoilseachán úsáid as an aip chomhdhála Sli.do (https://www.sli.do/). Tá an aip deartha chun cabhrú le daoine atá cláraithe a bheith rannpháirteach sa chomhdháil ENDORSE 2025 trí pháirt a ghlacadh i bpobalbhreitheanna, a dtuairimí a chomhroinnt agus ceisteanna a chur. Moltar do dhaoine atá cláraithe aip na comhdhála a íoslódáil agus a úsáid (ach ní gá dóibh sin a dhéanamh).
Nuair a bheidh aip na comhdhála á húsáid acu, beidh ar na rannpháirtithe cuntas logáil isteach a chruthú. Beidh céadainm, sloinne, teideal poist agus seoladh ríomhphoist sa chuntas.
Tá rannán dar teideal ‘Ask/comment/vote’ in aip na comhdhála agus is ann is féidir leis na rannpháirtithe páirt a ghlacadh sa chomhdháil. Is ar scáileán sa seomra comhdhála a thaispeánfar ceisteanna agus tuairimí na rannpháirtithe, sin agus comhiomláin na dtorthaí ó aon vóta a bheidh ar siúl le linn sheisiún poiblí na comhdhála. Sula dtaispeánfar an t-eolas sin, déanfaidh modhnóirí (an soláthraí seirbhíse agus Oifig na bhFoilseachán) anailís air chun barántúlacht chéannacht an tseoltóra agus ábharthacht ábhar na teachtaireachta/na ceiste a fhíorú, a mhéid is féidir go praiticiúil.
Níl Oifig na bhFoilseachán freagrach as seirbhísí atá clúdaithe ag an aip Slido. Molaimid duit breathnú ar Ráiteas Príobháideachais Ar Líne Cisco, a bhfuil feidhm aige maidir le gach táirge agus seirbhís de chuid Cisco, Slido ina measc: https://www.slido.com/terms#privacy-statement-full.
Baineann Oifig na bhFoilseachán úsáid as an uirlis chomhdhála EasyChair (https://easychair.org/) chomh maith. Freastalóidh an uirlis sin ar choiste an chláir agus tacóidh sé le haighneachtaí páipéir ar an gcomhdháil ENDORSE 2025, le páipéir a athbhreithniú, le heagarthóireacht a dhéanamh ar an gclár agus le himeachtaí na comhdhála a ullmhú.
Bailíonn EasyChair sonraí a theastaíonn de ghnáth ó eagraithe comhdhálacha. Ina measc sin tá ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh comhfhreagrais, leathanach gréasáin, tír, cleamhnacht, uimhir theileafóin agus pasfhocal. Níl Oifig na bhFoilseachán freagrach as seirbhísí atá clúdaithe ag an aip EasyChair. Molaimid duit breathnú ar fhógra príobháideachais EasyChair:https://easychair.org/privacy.
8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, sin agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat freisin chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.
Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad D.1, ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ agus aonad A.1, ‘Seirbhísí um Chaighdeánú Sonraí agus Formáide’ d'Oifig na bhFoilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála seo. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Mura mian leat go dtógfaí grianghraf díot nó go ndéanfaí scannánú ort le linn an imeachta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí (féach Ceannteideal 9 thíos) agus cuir ar an eolas iad faoi. Déanfaidh pearsanra an Rialaitheora Sonraí iarracht tú a chur in áit nach mbeidh tú le feiceáil i ngrianghraf.
Más mian leat, tar éis an imeachta, go mbainfí grianghraif/físeáin áirithe díot ó stór nasctha ar bith, nó go mbainfí thú féin de ghrianghraf nó d’fhíseán, seol d’iarratas chuig an Rialaitheoir Sonraí.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
Maidir le liostaí na rannpháirtithe i gcruinnithe riachtanacha, baill foirne sheachtracha agus inmheánacha a bunaíodh chun monatóireacht a dhéanamh ar theagmhálacha chun críocha na sláinte poiblí ina measc, féadfar srianta ar do chearta mar ábhar sonraí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725. I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.
9. Sonraí teagmhála
- An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, aonad D.1, ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ agus aonad A.1, ‘Seirbhísí um Chaighdeánú Sonraí agus Formáide’, d’Oifig na bhFoilseachán, OP-D1-SECRETARIAT@publications.europa.eu
- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí
10. Tuilleadh eolais
Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.
Cuirfear an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00491