Publications Office of the EU
ENDORSE 2023 conference - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
Ráiteas príobháideachais ENDORSE 2023

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

An oibríocht phróiseála: An chomhdháil ENDORSE 2023 a eagrú agus a fhoilsiú

Rialaitheoir Sonraí: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, aonad A.1, ‘Caighdeánú’

Tagairt taifid: DPR-EC-00491

Clár Ábhar

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
  3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
  4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
  5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
  6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
  7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
  8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
  9. Sonraí teagmhála
  10. Cá háit a bhfuil eolas mionsonraithe le fáil?

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Cuireadh/réamhchlárú/clárú’ a bhaineann le comhdháil ENDORSE a dhéanann aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara’, i gcomhar le haonad A.1 ‘Caighdeánú’ de chuid Oifig na bhFoilseachán.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: bailíonn agus úsáideann na haonaid ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara’ agus ‘Caighdeánú’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do chuid faisnéise pearsanta chun an chomhdháil ENDORSE a eagrú agus a bhainistiú. Áirítear leis sin na hoibríochtaí próiseála seo a leanas:

  • cuirí do rannpháirtithe agus do chuairteoirí, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin ullmhúcháin:
    - liostaí teagmhálaithe agus obair leantach ar ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear suirbhéanna sástachta;
    - tuarascálacha a thiomsú, a dháileadh agus aiseolas a thabhairt orthu;
    - nuachtlitreacha agus foilseacháin;
  • i gcás cruinnithe a bhíonn ag an ngrúpa céanna arís agus arís eile, cinnte a dhéanamh de go dtabharfar cuireadh do na rannpháirtithe teacht chuig na cruinnithe a bheidh ann ina dhiaidh sin;
  • grianghraif/pictiúir, cuir i láthair, sruthú beo gréasáin agus/nó taifeadadh fuaime agus físe de sheimineáir ghréasáin nó de chainteoirí agus de rannpháirtithe san imeacht;
  • oibríochtaí próiseála choiste an Chláir:
    - liosta na gcainteoirí ar tugadh cuireadh dóibh a mhéadú;
    - comhairle a thabhairt i dtaca le heochairchainteoirí a roghnú;
  • oibríochtaí próiseála an choiste Eagrúcháin:
    - faireachán a dhéanamh ar phróiseáil na n-aighneachtaí do na cuir i láthair;
  • foilseacháin faoi na rannpháirtithe agus a dtionscadail chomh maith le comhaltaí an ghiúiré, agus tuilleadh nuachta a scaipeadh faoin imeacht ar an idirlíon/inlíon.

Ar mhaithe le trédhearcacht eolas na comhdhála agus infheictheacht na n-imeachtaí gaolmhara, foilsítear grianghraif, físeáin, cuir i láthair agus CVanna na rannpháirtithe ar na suíomhanna gréasáin ad hoc (Tairseach Oifig na bhFoilseachán agus an Coimisiún Eorpach) agus ar na meáin shóisialta (Facebook, LinkedIn, Twitter, Yammer, Connected, Instagram, Snapchat, Pinterest agus Google Plus)

Is féidir le rannpháirtithe ar mian leo nach dtaifeadfar ná nach bhfoilseofar a n-íomhánna áit ar bith a roghnú gan bheith páirteach trí theagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir, mar a thuairiscítear i rannán 9.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;

agus

- tá cead tugtha agat i do cháil mar ábhar sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha

Bunúis dlí bhreise atá leis an bpróiseáil:

  • An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagail 5, 11 agus 13; An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagail 15 agus 244-250.
  • Sainordú Oifig na bhFoilseachán, Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
  • Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid
  • Cinneadh 2011/833/EU ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le doiciméid an Choimisiúin a athúsáid
  • Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
  • Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 3(1)(e)+(g)

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, féadfaidh aonad A.1, ‘Caighdeánú’ de chuid Oifig na bhFoilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú, ar sonraí iad atá ag teastáil chun páirt a ghlacadh sa chomhdháil ENDORSE (tá gach catagóir sonraí éigeantach):

Rannpháirtithe:

  • Sonraí teagmhála: céadainm, sloinne, eagraíocht agus post, seoladh ríomhphoist (príobháideach nó gairmiúil), uimhir theileafóin, tír thionscnaimh, seoladh gairmiúil agus ainmneacha na gcuntas meán sóisialta;
  • Cúlra oideachais agus/nó oibre (beathaisnéis);
  • Sonraí faoin aighneacht a chuir siad isteach (teideal na hachoimre, cur síos gairid, spriocanna an rannchuidithe, an spriocphobal agus an t-ábhar atá ag teastáil)

Cuairteoirí ar an imeacht

  • Sonraí teagmhála: céadainm, sloinne, eagraíocht agus post, tír thionscnaimh, seoladh ríomhphoist (príobháideach nó gairmiúil), seoladh gairmiúil.

Comhaltaí choiste an chláir:

  • Sonraí teagmhála: céadainm, sloinne, eagraíocht, seoladh ríomhphoist (príobháideach nó gairmiúil), uimhir theileafóin, tír, seoladh gairmiúil agus ainmneacha na gcuntas meán sóisialta. Tá sé éigeantach sonraí pearsanta a sholáthar dá mba mhaith leat páirt a ghlacadh san imeacht i gceann de na róil atá leagtha amach thuas.

5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn na haonaid ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara’ agus ‘Caighdeánú’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin chun an chomhdháil a eagrú agus aon ghníomhaíochtaí leantacha is gá a dhéanamh maidir le cuspóir nó cuspóirí na comhdhála. Scriosfar na sonraí pearsanta go léir ó bhunachair sonraí bliain amháin tar éis na gníomhaíochta deireanaí maidir leis an gcomhdháil, cé is moite de thaifeadtaí ó chruinnithe sruthaithe gréasáin, a choinneofar ar feadh 2 bhliain sula scriosfar iad. Ina theannta sin, i gcás na seimineár bliantúil a reáchtáiltear in Oifig Foilseachán Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin, i nGníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus in Ionadaíochtaí an Choimisiúin, coinnítear sonraí pearsanta mar chuid de liosta sonraí teagmhála a chomhroinntear go hinmheánach i measc sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh fad is gur duine teagmhála de chuid Oifig na bhFoilseachán é an t-ábhar sonraí. Is féidir leat a iarraidh go ndéanfar do shonraí a bhaint de liosta teagmhálaithe den sórt sin am ar bith.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail 'ar bhonn riachtanais eolais'. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Comhroinnfear an t-eolas a bhailímid leis na conraitheoirí a chomhordaíonn an clárú don imeacht, an t-eagrúchán teicniúil agus an obair leantach, agus le EasyChair (ar mhaithe le bainistiú na comhdhála). Ní chomhroinnfidh Oifig na bhFoilseachán sonraí pearsanta le tríú páirtithe chun críocha a bhaineann leis an margaíocht dhíreach

Na meáin shóisialta

Bainimid úsáid as na meáin shóisialta chun eolas a scaipeadh faoin gcomhdháil ENDORSE agus chun í a chur chun cinn trí chainéil chomhaimseartha a úsáidtear go forleathan. Mar shampla, is féidir leat féachaint ar na físeáin a uaslódálaimid chuig leathanach YouTube Oifig na bhFoilseachán, agus na naisc a leanúint ónár suíomh gréasáin chuig Twitter, Instagram agus LinkedIn.

Ní shocraíonn Twitter, Instagram, YouTube ná LinkedIn fianáin nuair a bhíonn leathanaigh ár suímh gréasáin á luchtú ar do ghléas agat nó nuair a chliceálann tú ar na réimsí faoi seach chun nascadh leis na seirbhísí sin.

Is féidir féachaint ar fhíseáin a bhaineann leis an gcomhdháil ar ár suíomh gréasáin. Is le seinnteoir YouTube a thaispeánfar iad. Má chliceálann tú “seinn” ar fhíseán chun féachaint air, beidh fianán YouTube suiteáilte ar do ríomhaire nó ar do ghléas. Mura gcliceálann tú ar aon fhíseán ar chor ar bith, ní shuiteálfar aon fhianán.

Ní hionann úsáid na meán sóisialta agus léiriú tacaíochta do na meáin shóisialta ná dá mbeartais phríobháideachais. Má tharlaíonn sé nach mbíonn ceann amháin nó níos mó de na meáin shóisialta ar fáil ó am go chéile, ní ghlacaimid aon fhreagracht as an easpa seirbhíse mar gheall ar an aga neamhfhónaimh.

Molaimid duit beartais phríobháideachais Twitter, LinkedIn, Instagram agus YouTube a léamh. Mínítear iontu an beartas atá ag gach cuideachta maidir le sonraí a bhailiú agus a phróiseáil, an úsáid a bhaineann siad as sonraí, do chearta agus na bealaí inar féidir leat do phríobháideachas a chosaint agus na seirbhísí sin á n-úsáid agat.

Aip na Comhdhála

Baineann Oifig na bhFoilseachán úsáid as an aip chomhdhála Sli.do (https://www.sli.do/) le haghaidh gléasanna móibíleacha. Tá an aip deartha chun cabhrú le daoine atá cláraithe a bheith rannpháirteach sa chomhdháil ENDORSE trí pháirt a ghlacadh i bpobalbhreitheanna, a dtuairimí a chomhroinnt agus ceisteanna a chur. Moltar do dhaoine atá cláraithe aip na comhdhála a íoslódáil nó a úsáid (ach ní gá dóibh sin a dhéanamh).

Nuair a bheidh aip na comhdhála á húsáid acu, beidh ar na rannpháirtithe cuntas logáil isteach a chruthú. Beidh céadainm, sloinne, teideal poist agus seoladh ríomhphoist sa chuntas (féach https://accounts.sli.do/signup).

Tá rannán dar teideal ‘Ask/comment/vote’ in aip na comhdhála agus is ann is féidir leis na rannpháirtithe páirt a ghlacadh sa chomhdháil. Is ar scáileán sa seomra comhdhála a thaispeánfar ceisteanna agus tuairimí na rannpháirtithe, sin agus comhiomláin na dtorthaí ó aon vóta a bheidh ar siúl le linn sheisiún poiblí na comhdhála. Sula dtaispeánfar an t-eolas sin, déanfaidh modhnóirí (an soláthraí seirbhíse agus Oifig na bhFoilseachán) anailís air chun barántúlacht chéannacht an tseoltóra agus ábharthacht ábhar na teachtaireachta/na ceiste a fhíorú, a mhéid is féidir go praiticiúil.

Níl Oifig na bhFoilseachán freagrach as seirbhísí atá clúdaithe ag an aip Sli.do. Molaimid duit tagairt a dhéanamh d’fhógraí cosanta sonraí an tsoláthraí.

Baineann Oifig na bhFoilseachán úsáid as an uirlis chomhdhála EasyChair (https://easychair.org/) chomh maith. Freastalóidh an uirlis sin ar choiste an chláir agus tacóidh sé le haighneachtaí páipéir ar an gcomhdháil ENDORSE, le páipéir a athbhreithniú, le heagarthóireacht a dhéanamh ar an gclár agus le himeachtaí na comhdhála a ullmhú.

Bailíonn EasyChair sonraí a theastaíonn de ghnáth ó eagraithe comhdhálacha. Áirítear leis sin ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh comhfhreagrais, leathanach gréasáin, tír, cleamhnacht agus uimhir theileafóin. 6 An phróiseáil a dhéanann EasyChair ar shonraí pearsanta, cloíonn sé le RGCS agus ní úsáidtear na sonraí ach amháin chun críche na comhdhála ENDORSE.

Ardán cruinnithe ar líne

Chun cruinnithe gréasáin a óstáil, bainfimid úsáid as an uirlis tríú páirtí ‘Cisco WebEx’. Nuair a chláraíonn tú agus a cheanglaíonn tú leis an gcomhdháil ENDORSE, bailíonn Cisco WebEx d’ainm, seoladh ríomhphoist, pasfhocal, seoladh IP, brabhsálaí, uimhir theileafóin (roghnach), seoladh poist (roghnach), réigiún geografach, abhatár (roghnach), an fhaisnéis úsáideora atá san áireamh in eolaire gníomhach an chustaiméara (má tá sé sin sioncronaithe), agus an tAitheantas Uathúil Úsáideora (UUID). Tá rochtain ag Cisco WebEx agus a fhochonraitheoir ICF Next ar na sonraí sin, a óstáiltear ar fhreastalaithe laistigh den Aontas Eorpach.

Chun eolas mionsonraithe a fháil faoin úsáid a bhaineann an Coimisiún Eorpach as Cisco WebEx, féach an Taifead ar Phróiseáil DPR-EC-05006 (an tseirbhís comhdhála gréasáin (Webex)).

Tá eolas mionsonraithe ar na beartais príobháideachais sonraí atá ag CISCO WebEx le fáil anseo freisin: https://www.cisco.com/c/en/us/about/legal/privacy-full.html.

8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. Nuair is infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.

Tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do na haonaid ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara’ agus ‘Caighdeánú’ de chuid Oifig na bhFoilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a chuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d'iarratas

9. Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Dá mba mhaith leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó dá mba mhaith leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Rialaitheoir Sonraí Oifig na bhFoilseachán:

  • An t-aonad ‘Caidreamh le Páirtithe Leasmhara’ (D.1)

Ríomhphost: OP-D1-SECRETARIAT@publications.europa.eu

  • An t-aonad ‘Caighdeánú’ (A.1)

Seoladh Ríomhphoist: OP-EU-VOCABULARIES@publications.europa.eu

- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Cá háit a bhfuil eolas mionsonraithe le fáil?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Cuirfear an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00491