
Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE Tá creat i bhfeidhm, ach tá bearnaí sna bearta trédhearcachta agus braite
Maidir leis an tuarascáil:Is éard is coinbhleachtaí leasa ann ná neamhrialtachtaí a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais Eorpaigh, agus a tharlaíonn nuair a chuirtear as d’fheidhmiú neamhchlaonta agus oibiachtúil fheidhmeanna duine atá páirteach i mbainistiú bhuiséad an Aontais ar chúiseanna a bhaineann leis an teaghlach, leis an saol mothúchánach, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile.
Scrúdaíomar an bhfuil aghaidh á tabhairt go leormhaith ar choinbhleachtaí leasa sa bheartas talmhaíochta agus sa bheartas comhtháthaithe. Táimid tagtha ar an gconclúid go bhfuil creat i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, ach go bhfuil bearnaí fós ann ó thaobh trédhearcacht a chur chun cinn agus ó thaobh cásanna de riosca a bhrath.
Molaimid go ndéanfadh an Coimisiún bearta chun feabhas a chur ar an acmhainneacht coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a thuairisciú, agus chun trédhearcacht a chur chun cinn.
Tuarascáil speisialta ón gCúirt Iniúchóirí de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I Is éard is coinbhleacht leasa ann ná neamhrialtacht a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais agus a bhféadfadh sé a bheith nasctha le gníomhaíochtaí calaoiseacha. Tá sainmhíniú tugtha air i Rialachán Airgeadais an Aontais Eorpaigh agus i dTreoracha an Aontais maidir le soláthar poiblí.
II In 2018, rinneadh athbhreithniú ar Airteagal 61 den Rialachán Airgeadais trína ndearnadh na hoibleagáidí ó thaobh seachaint coinbhleachtaí leasa a leathnú amach chuig daoine atá páirteach i mbainistiú chistí an Aontais sna Ballstáit i réimse na bainistíochta comhroinnte. Is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina gcuirtear as d’fheidhmiú neamhchlaonta agus oibiachtúil fheidhmeanna na ndaoine atá páirteach i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais ar chúiseanna a bhaineann leis an teaghlach, leis an saol mothúchánach, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile, bíodh an leas sin díreach nó indíreach.
III Is é an cuspóir a bhí leis an iniúchadh seo ná a fhíorú – i bhfianaise na reachtaíochta leasaithe, cásanna a bhí ann le déanaí agus leasanna geallsealbhóirí lárnacha agus an phobail – ar thug an Coimisiún agus na Ballstáit aghaidh go leormhaith ar choinbhleachtaí leasa sa chomhbheartas talmhaíochta agus sa bheartas comhtháthaithe. Bhí sé beartaithe leis an iniúchadh aird a tharraingt ar easnaimh fhéideartha i mbainistiú coinbhleachtaí leasa ar leibhéal an Choimisiúin agus ar leibhéal na mBallstát, agus feabhsúcháin a mholadh.
IV Rinneamar measúnú ar an gcreat agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a chosc, chomh maith le bearta chun cásanna den sórt sin a bhrath, a réiteach agus a thuairisciú.
V Fuaireamar go raibh dícheall déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa, ach go raibh bearnaí fós ann, go háirithe ó thaobh trédhearcacht a chur chun cinn agus, sna Ballstáit, cásanna de riosca a bhrath, mar aon le tuairisciú cuimsitheach ar chásanna de choinbhleacht leasa a d’fhágfadh go mbeadh forléargas soiléir ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit.
VI Molaimid bearta chun cabhrú leis an gCoimisiún feabhas a chur ar a acmhainneacht coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhrath agus trédhearcacht a chur chun cinn.
Réamhrá
Coinbhleachtaí leasa agus buiséad an Aontais
01 Is éard is coinbhleacht leasa ann ná neamhrialtacht a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais agus a bhféadfadh sé a bheith nasctha le gníomhaíochtaí calaoiseacha. Deir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i rialú dá cuid ‘gurb ionann coinbhleacht leasa, go hoibiachtúil agus ann féin, agus neamhrialtacht thromchúiseach gan aon ghá a bheith ann í a cháiliú trí aird a thabhairt ar intinn na bpáirtithe lena mbaineann agus cibé acu ar de mheon macánta nó de mheon mímhacánta a bhí siad ag gníomhú’1. Tá sainmhíniú tugtha ar choinbhleacht leasa i Rialachán Airgeadais an Aontais Eorpaigh2 agus i dTreoracha an Aontais maidir le soláthar poiblí3.
02 Rinneadh athbhreithniú ar Airteagal 61 den Rialachán Airgeadais in 2018 trína ndéantar na hoibleagáidí ó thaobh seachaint coinbhleachtaí leasa a leathnú amach chuig daoine atá páirteach i mbainistiú chistí an Aontais sna Ballstáit. Tá feidhm ag an airteagal sin freisin maidir le daoine atá páirteach i gcinnteoireacht ó thaobh gníomhartha ullmhúcháin do chláir chaiteachais an Aontais, amhail comhaltaí rialtais. Faoi Airteagal 61(3), is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina gcuirtear as d’fheidhmiú neamhchlaonta agus oibiachtúil fheidhmeanna duine atá páirteach i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais ar chúiseanna a bhaineann leis an teaghlach, leis an saol mothúchánach, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile, bíodh an leas sin díreach nó indíreach.
03 Nuair a shainaithnítear coinbhleacht leasa bhraistinte nó iarbhír, ní foláir don údarás ábhartha a áirithiú go stopann an duine i dtrácht gach gníomhaíocht san ábhar. Le hAirteagal 36(3) den Rialachán Airgeadais, tá an ceanglas ann rialú inmheánach éifeachtach a dhéanamh ar bhuiséad an Aontais, bunaithe ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus seachaint coinbhleachtaí leasa a bheith i gceist leis freisin.
04 Don tuarascáil seo, is é an sainmhíniú atá againn ar ‘leas’ ná gealltanas, oibleagáid, dualgas nó sprioc a ghabhann le ról nó cleachtas sóisialta nó eacnamaíoch ar leith. Is féidir le leas den sórt sin a bheith ceaptha buntáiste nó míbhuntáiste a thabhairt do dhaoine aonair áirithe nó do ghrúpaí áirithe. Is féidir leas a chur i gcatagóirí éagsúla i.e. leas díreach nó indíreach agus leas airgeadais nó neamhairgeadais (féach Fíor 1).
Foinse: Coimisiún na hEarnála Poiblí in Victora, 2016.
05 Déanann ECFE4 dealú idir cineálacha éagsúla coinbhleachta leasa: iarbhír, féideartha agus braistinte. I bhFíor 2 anseo thíos, léirítear an difear atá eatarthu sin, difear nach bhfuil sainithe i ndlí na hEorpa, faoi mar a chuirtear i bhfeidhm é i gcomhthéacs cistiú ón Aontas:
06 Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh rialacha náisiúnta a bheith ann freisin a thugann aghaidh ar choinbhleachtaí leasa i dtaca le tairbhithe príobháideacha de thionscadail atá cistithe ag an Aontas (mar shampla idir tairbhithe agus a gcuid soláthróirí), nach bhfuil clúdaithe ag an Rialachán Airgeadais. Is í an aidhm a bhíonn leis na rialacha sin de ghnáth ná a chinntiú nach dtarlóidh boilsciú praghsanna, soláthar fianaise bréige mar réasúnú do speansais ná bearta chun dul timpeall ar rialacha incháilitheachta5. Tá cásanna den sórt sin sainaitheanta ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) le roinnt blianta anuas6.
Coinbhleachtaí leasa agus an bhainistíocht chomhroinnte
07 Tagann beagnach leath de chaiteachas an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit (féach Fíor 3). Áirítear ansin an dá chiste talmhaíochta – an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – agus na trí phríomhchiste comhtháthaithe: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC).
Fíor 3 – Caiteachas AE faoin mbainistíocht chomhroinnte in 2021
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó Chuntais Chomhdhlúite 2021 an Aontais Eorpaigh ón gCoimisiún Eorpach.
08 Faoin mbainistíocht chomhroinnte, is leis an gCoimisiún a fhanann an fhreagracht fhoriomlán as cur chun feidhme an bhuiséid. Déanann an Coimisiún an méid seo a leanas: dearbhú a ghnóthú as na córais rialaithe agus tuairiscithe atá i bhfeidhm; treoraíocht agus tacaíocht a sholáthar do na comhlachtaí cur chun feidhme agus iniúchóireachta sna Ballstáit; iniúchtaí a dhéanamh; agus ceartúcháin airgeadais a chur i bhfeidhm má mhainníonn Ballstáit buiséad an Aontais a chosaint. Ní foláir do na Ballstáit bearta éifeachtacha agus comhréireacha a dhéanamh chun neamhrialtachtaí (amhail coinbhleachtaí leasa) sa bhainistíocht chomhroinnte, lena n-áirítear neamhrialtachtaí atá ann mar gheall ar chalaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus méideanna atá íoctha go míchuí a ghnóthú.
09 Sa chomhtháthú, tá an fhreagracht ar na húdaráis bhainistíochta as na nithe seo a leanas: breithmheas a dhéanamh ar iarratais ar dheontais; tionscadail a gheobhaidh cistiú a roghnú; fíoruithe riaracháin agus ar an bhfód a dhéanamh; íocaíochtaí a údarú; sonraí maidir le gach oibríocht a bhailiú; agus bearta frithchalaoise a leagan síos. Is féidir leis na húdaráis bhainistíochta cuid dá gcuid feidhmeanna a chur ar iontaoibh comhlachtaí idirmheánacha nó tarmligthe, a bhféadfadh sé gur aireachtaí nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha a bheadh iontu sin. Seiceálann údaráis iniúchóireachta neamhspleácha feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus na rialuithe inmheánacha atá ann do chlár oibríochtúil.
10 Sa talmhaíocht (féach Fíor 4), bainistíonn na húdaráis bhainistíochta na cláir forbartha tuaithe atá cistithe trí CEFTF. Tá freagracht ar ghníomhaireachtaí íocaíochta as an gcaiteachas as CERT agus CEFTF a bhainistiú agus a rialú. Féadann siad feidhmeanna (amhail bainistiú na n-iarratas ar chúnamh nó seiceálacha ar an bhfód ar fhaighteoirí deiridh) a tharmligean chuig údaráis phoiblí nó phríobháideacha eile. Tugann comhlachtaí deimhniúcháin tuairim maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht chuntais bhliantúla na gníomhaireachta íocaíochta, maidir le dea-fheidhmiú a córais rialaithe inmheánaigh agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a bhfuil aisíocaíocht iarrtha ón gCoimisiún ina leith.
Rioscaí de choinbhleacht leasa agus cosaint don smacht reachta
11 Taispeánann tuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)7 an chaoi ar féidir le coinbhleachtaí leasa i mbainistíocht chomhroinnte riosca suntasach a chruthú i gcaitheamh an timthrialla bainistíochta a bhíonn ag tionscadal. I rith na céime ina ndéantar an t-iarratas agus ina roghnaítear an tionscadal, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí tionscadail a dhámhachtain go míchóir dá mbeadh claonpháirteachas ar siúl idir oifigigh phoiblí, iarratasóirí agus tríú páirtithe. D’fhéadfadh ciontóirí breab a thabhairt d’oifigigh phoiblí agus doiciméid a fhalsú. I rith na céime ag a ndúntar an tionscadal agus ag a ndéantar meastóireacht air, d’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa díobháil a dhéanamh d’oibiachtúlacht na dtuarascálacha meastóireachta.
12 In Eanáir 2022, d’eisigh Transparency International an t-eagrán is déanaí dá Innéacs um Braistint Éillithe (CPI). Clúdaíonn an t-innéacs sin breabaireacht, ach chomh maith leis sin clúdaíonn sé cineálacha eile d’atreorú cistí poiblí. Déanann sé measúnú ar shásraí coisctheacha amhail cumas an rialtais sásraí ionracais a chur i bhfeidhm nó an ann do dhlíthe leormhaithe i dtaobh foilsiú airgeadais, cosc coinbhleachtaí leasa agus rochtain ar fhaisnéis. Ar an iomlán, is lú a luaitear éilliú leis an Aontas Eorpach, ar an meán, ná mar a dhéantar le réigiúin eile. Is iad an Danmhairg, an tSualainn agus an Fhionlainn is fearr atá ag déanamh. Is iad an Rómáin, an Ungáir agus an Bhulgáir na tíortha den Aontas Eorpach is ísle atá rangaithe (féach Fíor 5).
Fíor 5 – Innéacs um Braistint Éillithe 2021 – An tAontas Eorpach
Foinse: CIE, bunaithe ar Innéacs um Braistint Éillithe 2021 ó Transparency International, 2022.
13 I mí na Nollag 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán 2020/2092 lena mbunaítear córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. Sa Rialachán sin, sainaithnítear roinnt cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhartha de shárú ar phrionsabail an smachta reachta. De réir Airteagal 3 den Rialachán, tá ‘mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann’ ar cheann de na cásanna sin. Nuair atá tionchar sách díreach ag sáruithe den sórt sin ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais, nó nuair atá riosca tromchúiseach ann go dtarlóidh sé sin, ní foláir don Choimisiún bearta iomchuí a mholadh. Rinneadh treoirlínte ón gCoimisiún faoin gcaoi leis na forálacha a chur i bhfeidhm a fhoilsiú i Márta 20228. An 27 April 2022, sheol an Coimisiún litir fógartha chuig an Ungáir, lena ndearnadh an nós imeachta dá bhforáiltear faoi Rialachán 2092/2020 chun buiséad an Aontais a chosaint a lainseáil go foirmiúil. An 18 Meán Fómhair 2022, mhol an Coimisiún bearta don Chomhairle chun buiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir9.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
14 Is í an aidhm a bhí againn ná a fhíorú an bhfuil aghaidh á tabhairt go leormhaith ar choinbhleachtaí leasa sa chomhbheartas talmhaíochta agus sa bheartas comhtháthaithe, i bhfianaise na reachtaíochta leasaithe, cásanna a bhí ann le déanaí agus leasanna geallsealbhóirí lárnacha amhail Parlaimint na hEorpa agus an pobal. Chun é sin a dhéanamh, rinneamar measúnú féachaint an raibh an méid seo a leanas déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit:
- creat dlíthiúil cuimsitheach a chur ar bun, nósanna imeachta leormhaithe a fhorbairt agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta a dhéanamh chun cásanna de choinbhleacht leasa a sheachaint; agus
- bearta a dhéanamh chun coinbhleachtaí leasa a bhrath, a réiteach agus tuairisciú orthu.
15 Dhíríomar isteach ar choinbhleachtaí leasa sa bhainistíocht chomhroinnte faoi mar atá sainmhínithe sa Rialachán Airgeadais agus sa Treoir maidir le Soláthar Poiblí, ach freisin chlúdaíomar coinbhleachtaí leasa a raibh baint ag tairbhithe príobháideacha de chaiteachas an Aontais leo. Chlúdaíomar bearta a bhí maoinithe as CFRE agus CC, as CSE agus as CERT agus CETFT, arb ionann iad sin agus beagnach 95 % den chaiteachas go léir faoin mbainistíocht chomhroinnte.
16 Bhailíomar fianaise iniúchóireachta trí na bealaí seo a leanas:
- athbhreithniú deisce ar dhoiciméid straitéiseacha, reachtacha, beartais agus treoraíochta maidir le coinbhleachtaí leasa;
- agallaimh le hionadaithe ó chúig Ardstiúrthóireacht (ASanna) sa Choimisiún10 agus OLAF, OIPE11, an tOmbudsman Eorpach, ECFE, GRECO12, oifig eitice na Náisiún Aontaithe, saineolaithe agus acadóirí eolaíochta, meithleacha machnaimh agus geallsealbhóirí ábhartha eile.
- agallaimh le hionadaithe ó os cionn 50 údarás náisiúnta agus réigiúnach i gceithre Bhallstát (an Ghearmáin13, an Ungáir, Málta agus an Rómáin) a bhíonn ag bainistiú cistí comhtháthaithe agus cistí airgeadais, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Roghnaíomar na ceithre Bhallstát sin de réir critéar amhail méid, struchtúr náisiúnta agus réigiúnach, clúdach geografach, a ábhartha atá cúnamh ón Aontas le haghaidh comhtháthú agus talmhaíocht, rangú na n-innéacsanna éillithe éagsúla, agus an tuairisciú a rinne na Ballstáit ar choinbhleachtaí leasa don Choimisiún (OLAF). Sa bhreis air sin, bhíomar i dteagmháil le dhá Bhallstát eile (an Iodáil agus Lucsamburg) faoi chásanna aonair de choinbhleacht leasa a bhí sainaitheanta ag na meáin agus chuireamar samplaí ábhartha as an tSeicia san áireamh, ar samplaí iad sin a d’eascair as ár gcuid oibre ar an ráiteas dearbhaithe;
- suirbhé ar Bhallstáit uile an Aontais chun faisnéis agus tuairimí a bhailiú le bheith mar chomhlánú ar ár n-obair iniúchóireachta inár sampla de Bhallstáit. Chuireamar an suirbhé chuig na comhlachtaí atá lárnach sa bhainistíocht chomhroinnte, go sonrach údaráis bhainistíochta, gníomhaireachtaí íocaíochta, údaráis iniúchóireachta, comhlachtaí deimhniúcháin agus údaráis deimhniúcháin. Bhaineamar ráta freagartha d’os cionn 90 % amach.
17 I mí na Nollag 2021, bhí plé painéil againn le saineolaithe eolaíochta, beartais agus riaracháin ar choinbhleachtaí leasa sa bhainistíocht chomhroinnte. Chabhraigh an painéal linn lenár bhfionnachtana iniúchóireachta a fhíorú agus a fhorbairt.
Barúlacha
Bearta chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus chun cosaint a thabhairt do sceithirí, níl siad ann go fóill
18 Ba cheart go mbeadh beartas fónta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc – agus é bunaithe ar chreat dlíthiúil atá soiléir agus cuimsitheach, ar straitéisí, ar nósanna imeachta agus ar ghníomhaíochtaí leanúnacha múscailte feasachta – ag na húdaráis sna Ballstáit atá páirteach sa bhainistíocht chomhroinnte. Bheadh rochtain thrédhearcach ar fhaisnéis maidir le tairbhithe de chistí ón Aontas agus cosaint do sceithirí ina chúnamh freisin chun coinbhleachtaí leasa a chosc.
19 Chun coinbhleachtaí leasa a chosc go hinmheánach, ba cheart don Choimisiún rioscaí gaolmhara a shainaithint, feasacht ar an gceist a mhúscailt agus oiliúint ábhartha a sholáthar don fhoireann. Ós rud é gur leis an gCoimisiún a luíonn an fhreagracht faoi dheoidh as buiséad an Aontais, ba cheart dó a sheiceáil go bhfuil córais rialaithe sna Ballstáit lena dtugtar aghaidh ar riosca na coinbhleachta leasa ag oibriú go héifeachtach agus ba cheart dó treoraíocht a sholáthar do na húdaráis ábhartha.
Cuireann an Coimisiún oiliúint chuimsitheach ar fáil agus éilíonn sé dearbhuithe éigeantacha, ach tá laigí ina nósanna imeachta a bhaineann le doirse imrothlacha
20 Le haghaidh cúrsaí inmheánacha, tugann an Coimisiún aghaidh ar choinbhleachtaí leasa mar chuid dá chreat eitice agus ionracais, atá clúdaithe go príomha ag Rialacháin Foirne an Aontais14, a bhforálacha cur chun feidhme15 agus cóid agus treoraíochtaí eitice. Cuireann rialacha an Choimisiúin de cheangal ar an bhfoireann dearbhuithe ad hoc de choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh cur isteach ar a neamhchlaontacht a chur isteach. Rialaíonn na rialacha sin an méid seo a leanas: glacadh le bronntanais; fáilteachas agus fabhair; gníomhaíochtaí gairmiúla a dhéanann céilí nó páirtnéirí daoine den fhoireann a fhógairt; an ceanglas údarú roimh ré a lorg sula ndéantar aon ghníomhaíochtaí seachtracha; agus gníomhaíochtaí i ndiaidh na fostaíochta a dhearbhú. Tá éagsúlacht ó ardstiúrthóireacht go chéile sna nósanna imeachta cur chun feidhme.
21 Caithfidh foireann an Choimisiúin dearbhuithe a dhéanamh i dtaobh aon choinbhleachtaí leasa féideartha ag tráthanna éagsúla dá saol gairmiúil: ar a dhul isteach sa tseirbhís dóibh; má tá siad páirteach i nós imeachta soláthair phoiblí; agus nuair a fhágann siad a n-institiúid agus nuair a fhilleann siad ó shaoire ar fhorais phearsanta. In Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) agus san Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL), cuireann iniúchóirí dearbhuithe isteach roimh gach sannachán iniúchóireachta, agus in Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AS AGRI) tá ar na hiniúchóirí cásanna ina mbeidís i gcás coinbhleachta leasa a thuairisciú.
22 Tá treoraíocht inmheánach eisithe ag an gCoimisiún16, agus tá beartas oiliúna cuimsitheach maidir leis an eitic aige, mar aon le leathanach ar leith ar an ábhar sin ar a inlíon. Aon duine den fhoireann a chreideann go bhfuil siad i staid choinbhleachta leasa, ba cheart dóibh an t-eintiteas eagraíochtúil ar a bhfuil freagracht as a gceapachán (‘an t-údarás ceapacháin’) a chur ar an eolas láithreach ina thaobh agus comhairlítear dóibh freisin a mbainisteoir líne a chur ar an eolas. Is ar an údarás ceapacháin atá an fhreagracht aon choinbhleachtaí leasa féideartha a chosc. Déantar dearbhuithe leasa na foirne a stóráil ar fheidhmchlár acmhainní daonna an Choimisiúin. Maidir le treoraíocht an Choimisiúin i ndáil le feidhmeanna íogaire a bhainistiú, tá sí sin ag díriú ar rioscaí rialaithe inmheánaigh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos forghníomhaí. Áirítear leis sin próisis a athdhearadh, rialuithe inmheánacha feabhsaithe a thabhairt isteach, bearta múscailte feasachta nó teaglaim díobh sin. Sa treoraíocht, moltar gurb é an rogha dheireanach é uainíocht éigeantach foirne a bheith i gceist le feidhmeanna íogaire.
23 Dhéileáil an tOmbudsman Eorpach, comhlacht neamhspleách agus neamhchlaonta a imscrúdaíonn gearáin faoi dhrochriarachán ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, le thart ar 70 cás a bhain le coinbhleachtaí leasa in institiúidí an Aontais ó 2013 i leith. Bhain tromlach na gcásanna sin (44 chás) le coinbhleachtaí leasa sa Choimisiún, lena n-áirítear ceist na ‘ndoirse imrothlacha’ ina mbogann duine idir ról mar oifigeach poiblí agus ról gaolmhar san earnáil phríobháideach. In 2019, tháinig an tOmbudsman ar an gconclúid, cé go raibh na rialacha á gcomhlíonadh ag cleachtais an Choimisiúin go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun na rialacha sin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos mó brí a bheith leo. Mhol an tOmbudsman gur cheart don Choimisiún cur chuige níos stóinsí a ghlacadh nuair a bhíonn sé ag déileáil le cásanna a bhfuil oifigigh shinsearacha i gceist leo17.
24 Idir an dá linn, tá 100 cinneadh ón gCoimisiún a rinneadh idir 2019 agus 2021 maidir le gluaiseachtaí ‘dorais imrothlaigh’ i measc daoine dá fhoireann scrúdaithe ag an Ombudsman18. Fuair sí go bhfuil feabhsúcháin tarlaithe óna fiosrúchán deiridh, ach tá roinnt moltaí déanta freisin aici. Ceann de na moltaí sin is ea go gcuirfeadh an Coimisiún toirmeasc sealadach ar iar-oifigigh ó phost a ghlacadh má chruthaíonn siad riosca nach bhféadfaí a mhaolú trí fhaireachán cuí agus trí shrianta forfheidhmithe19.
Faigheann an Coimisiún laigí i nósanna imeachta coisc na mBallstát agus tugann sé treoraíocht úsáideach
25 Tugann an Coimisiún aghaidh ar an riosca coinbhleachta leasa sa bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit go príomha trí iniúchtaí córais a dhéanamh ar chórais bhainistithe agus rialaithe na mBallstát, agus trí threoraíocht a thabhairt. Tá iniúchtaí córais ceaptha dearbhú a fháil go bhfuil córais bhainistithe agus rialaithe na mBallstát éifeachtach ó thaobh earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear earráidí agus neamhrialtachtaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa. Sa bhreis air sin, i réimse an chomhtháthaithe, rinne an Coimisiún – ag tosú ó dheireadh 2021 – roinnt iniúchtaí téamacha ar bhearta a rinneadh faoi chláir shonracha nó i mBallstáit shonracha chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.
26 Rinneamar athbhreithniú ar shampla de chomhaid iniúchóireachta córais an Choimisiúin – deich gcinn i réimse an chomhtháthaithe agus deich gcinn i réimse na talmhaíochta. Rinne na deich n-iniúchadh comhtháthaithe measúnú ar na córais bhainistithe agus rialaithe don phróiseas soláthair phoiblí, agus bhí fionnachtana ar leith iontu faoin easpa fianaise de sheiceálacha ar choinbhleachtaí leasa (féach Bosca 1).
Laigí sna nósanna imeachta soláthair phoiblí san Ungáir
In 2019, shainaithin an Coimisiún easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe san Ungáir i ndáil le rialuithe ar nósanna imeachta soláthair phoiblí. Chuir an Coimisiún ceartúchán cothromráta 10 % i bhfeidhm ar na conarthaí go léir a bhí i gceist.
Foinse: An Coimisiún.
27 As na deich gcomhad iniúchóireachta talmhaíochta a ndearnamar athbhreithniú orthu, bhain ceithre cinn acu le creidiúnú na ngníomhaireachtaí íocaíochta, agus bhain sé cinn acu le hinfheistíochtaí forbartha tuaithe ag tairbhithe poiblí. Bhain na fionnachtana go príomha le heasnaimh i nósanna imeachta soláthair phoiblí, ar nós dearbhuithe coinbhleachta leasa a bheith ar iarraidh nó gan dáta, nó seicliostaí na ngníomhaireachtaí íocaíochta gan a bheith mionsonraithe go leor. Fuaireamar, taobh amuigh de sheiceálacha ar chritéir chreidiúnúcháin na ngníomhaireachtaí íocaíochta, nár chlúdaigh iniúchtaí AS AGRI go sonrach bearta chun coinbhleachtaí leasa a chosc i réimse na n-íocaíochtaí díreacha go dtí 2021, cé gur féidir le coinbhleachtaí leasa tarlú i mbainistiú na n-íocaíochtaí díreacha (féach na samplaí i mBosca 2 anseo thíos).
Coinbhleachtaí leasa in íocaíochtaí díreacha
I Lucsamburg, rinneadh fostaí san Aireacht Talmhaíochta a raibh rochtain aige ar shonraí rúnda faoi dháileachtaí talmhaíochta nár éiligh aon duine tacaíocht ina leith an fhaisnéis sin a roinnt lena bhanchéile, feirmeoir. Ansin, d’éiligh a bhanchéile tacaíocht don talamh sin. Cuireadh dhá bhliain príosúin, le 18 mí ar fionraí, ar an bhfostaí nár fhoilsigh an choinbhleacht leasa sin dá bhainisteoir líne.
Sa Rómáin, rinne oifigeach sa ghníomhaireacht íocaíochta a bhí freagrach as íocaíochtaí díreacha iarratais ar chúnamh a fhormheas do chuideachta a raibh seisean ina scairshealbhóir ann. Dheimhnigh Gníomhaireacht Náisiúnta Ionracais na Rómáine gur coinbhleacht leasa a bhí ansin agus d’iarr sí ar an ngníomhaireacht íocaíochta bearta iomchuí a dhéanamh. Tar éis imeachtaí araíonachta, is é an pionós a cuireadh ar an oifigeach ná laghdú trí mhí a dhéanamh ar a thuarastal.
Foinse: CIE.
28 In Aibreán 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún treoraíocht nua maidir le coinbhleachtaí leasa a chlúdaigh gach modh bainistíochta. Na treoirlínte a bhí roimhe sin ann agus a bhí ag clúdach coinbhleachtaí leasa go sonrach, ullmhaíodh iad sin i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit agus téann siad siar go dtí 2015 don talmhaíocht agus go dtí 2013 don chomhtháthú20. Tá treoraíocht foilsithe ag an Lárionad Eolais um Chalaois sa Choimisiún maidir le coinbhleachtaí leasa faoi CFRE agus SCE a shainaithint agus a bhainistiú agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu. Ar a shuíomh gréasáin, tá leabharlann de chás-staidéir, le cásanna i ndíth ainm de bhrath calaoise agus na ceachtanna a foghlaimíodh. In 2011, d’fhoilsigh OLAF freisin coimre aonuaire de chásanna i ndíth ainm de bhrath calaoise agus na ceachtanna a foghlaimíodh, agus tá caibidil ann ar chásanna coinbhleachta leasa.
Tá creat ag na Ballstáit chun coinbhleachtaí leasa a chosc, ach níl sé sin athraithe ó glacadh an sainmhíniú Eorpach nua
29 Tá Airteagal 61 den Rialachán Airgeadais (maidir le coinbhleachtaí leasa) infheidhme go díreach sna Ballstáit go léir. Sa bhreis air sin, tá sainmhínithe agus tuairiscí náisiúnta agus réigiúnacha ar choinbhleachtaí leasa agus rialacha le haghaidh oifigigh phoiblí agus chomhaltaí an rialtais ag na Ballstáit agus réigiúin uile inár sampla. Sna Ballstáit a scrúdaíomar, fuaireamar go raibh na rialacha náisiúnta nó réigiúnacha sin scaipthe trasna an iomad dlíthe riaracháin agus coiriúla, rud a d’fhág gur creat dlíthiúil a bhí an-ilroinnte atá ann agus, de ghnáth, nach bhfuil sé chomh mionsonraithe ina raon feidhme le hAirteagal 61 den Rialachán Airgeadais.
30 Sa Ghearmáin, mar shampla, níl cásanna coinbhleachta leasa a éiríonn as ‘coibhneas polaitiúil’ nó ‘saol mothúchánach’ luaite go sainráite sna rialacha. I ngach ceann de na cheithre Bhallstát inár sampla, tá na rialacha ar choinbhleachtaí leasa ina gcuid den chreat foriomlán eitice, ionracais agus frithchalaoise is infheidhme maidir le státseirbhísigh. Fuaireamar nach raibh aon athruithe móra i rialacha agus nósanna imeachta na mBallstát inár sampla lena rialaítear cistí ón Aontas ón uair a tugadh an bhainistíocht chomhroinnte isteach sa Rialachán Airgeadais in 2018.
Tá nósanna imeachta ag na Ballstáit chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, ach tá laigí áirithe fós ann
31 Sa réimse talmhaíochta, cuireann na critéir chreidiúnúcháin de cheangal ar na gníomhaireachtaí íocaíochta bearta iomchuí a dhéanamh chun cásanna de choinbhleacht leasa a sheachaint. Níor thuairiscigh na comhlachtaí deimhniúcháin ónár sampla de Bhallstáit agus réigiúin aon laigí córasacha i dtaca leis na bearta sin i gclárthréimshe 2014-2020.
32 Sa chomhtháthú, sular thosaigh cláir 2014-2020, bhí ar na húdaráis bhainistíochta measúnuithe riosca a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag calaois ar phríomhphróisis bhainistithe na gclár agus ar an dóchúlacht go dtarlódh calaois iontu, agus bearta leormhaithe a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú. B’éigean do chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách cur ar bun na mbeart frithchalaoise a fhíorú mar chuid den phróiseas ainmniúcháin le haghaidh údaráis bhainistíochta. Rinne an Coimisiún, chomh maith leis na Ballstáit, roinnt iniúchtaí ina dhiaidh sin ar chur chun feidhme na mbeart frithchalaoise sin.
33 Is é an beart coisctheach is coitianta atá in úsáid ag na húdaráis sna Ballstáit a scrúdaíomar ná féindearbhuithe leasa. Déantar iad sin a chomhlánú de ghnáth nuair a earcaítear duine agus sula ndéantar céimeanna tábhachtacha i mbainistiú cistí an Aontais (fóirdheontais a dheonú, an próiseas soláthair poiblí, seiceálacha agus iniúchtaí), ach ní dhéanann airí ná rúnaithe stáit a bhíonn ag ullmhú na gclár Eorpach agus a dhéanann cinneadh faoi na cláir Eorpacha iad a chomhlánú. Is í an Rómáin an t-aon Bhallstát inár sampla a bhailíonn agus a fhoilsíonn dearbhuithe bliantúla ar rachmas agus leasanna na státseirbhíseach go léir. Ní dhéanann an ghníomhaireacht, áfach, anailís nó fíorú ar inneachar na ndearbhuithe sin ach amháin sa chás go dtionscnaítear imscrúdú.
34 I Málta, san Ungáir agus sa Rómáin, bíonn ar airí rialtais dearbhuithe rialta a thabhairt ar ioncam agus sócmhainní. Ní hamhlaidh an cás sa Ghearmáin, bíodh sin ar leibhéal na Cónaidhme nó ar an leibhéal réigiúnach. Níl ar na hairí dearbhuithe a chur isteach ach amháin más comhaltaí den pharlaimint freisin iad, agus is lú eilimintí atá sna dearbhuithe sin ná mar atá sna Ballstáit eile inár sampla.
35 Faoi Airteagal 61(2) den Rialachán Airgeadais, caithfidh oifigigh phoiblí sna Ballstáit cásanna a chothaíonn riosca de choinbhleachtaí leasa a fhógairt dá mbainisteoir líne, agus má dheimhnítear gur ann do choinbhleacht leasa, tá orthu stopadh de gach gníomhaíocht san ábhar. Fuaireamar amach ó na húdaráis a chuireamar faoi agallamh go ndéantar na dearbhuithe sin a bhailiú i bhfoirm pháipéir, go stórálann an roinn acmhainní daonna iad agus gur féidir iad a úsáid sa chás go dtiocfadh líomhaintí faoi choinbhleachtaí leasa chun solais tráth níos faide anonn. Ní dhéanann údaráis náisiúnta nó réigiúnacha na dearbhuithe sin a thaifeadadh i mbunachar sonraí lárnach, áfach, ach amháin sa Rómáin agus i gcás na gníomhaireachtaí íocaíochta le haghaidh cistí talmhaíochta san Ungáir.
36 Mheas na húdaráis sna Ballstáit inár sampla go raibh tábhacht le bearta oiliúna agus faisnéise maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ar an iomlán, fuaireamar gur sholáthair siad oiliúint ábhartha ar eitic agus ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus na calaoise. Tá coinbhleachtaí leasa clúdaithe go ginearálta mar chuid den oiliúint ar chalaois, cé go minic gur mar chomhchuid imeallach é.
37 Reáchtálann údaráis sna Ballstáit gníomhaíochtaí feasachta freisin i measc daoine den fhoireann a bhfuil baint acu le bainistiú cistí ón Aontas. Fuaireamar samplaí de dhea-chleachtas i ngníomhaíochtaí múscailte feasachta (féach an sampla i mBosca 3).
Gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt go hinmheánach ar an riosca coinbhleachtaí leasa in eintitis phoiblí
Sa Rómáin, trí thionscadal LINC, d’eagraigh an Ghníomhaireacht Náisiúnta Ionracais, in éineacht le Transparency International, seisiúin faisnéise sna haireachtaí, údaráis bhainistíochta agus comhlachtaí idirmheánacha maidir le calaois agus éilliú a chomhrac. Tá treoirleabhar forbartha ag an ngníomhaireacht faoin gcaoi le leasanna agus sócmhainní a dhearbhú, chomh maith le coimre de chásanna coinbhleachta leasa. Tugann na húdaráis bhainistíochta agus na gníomhaireachtaí sa Rómáin seisiúin oiliúna bhliantúla ar an gcaoi leis na dearbhuithe sin a chomhlánú.
Sa Ghearmáin, d’eagraigh dhá údarás bainistíochta réigiúnacha seisiúin oiliúna i bpáirt le chéile ar an bhfrith-éilliú agus é mar aidhm acu a dtaithí a roinnt le chéile. Cuireann réigiún eile cúrsaí ar chosc an éillithe agus coinbhleachtaí leasa ar fáil ar bhonn rialta don fhoireann phoiblí go léir ar ardán foghlama ar líne.
Foinse: CIE.
38 Eisíonn na húdaráis sa Ghearmáin tuarascálacha bliantúla maidir le héilliú agus ionracas, a bhfuil fáil go poiblí orthu, ina dtugtar le fios cad é an leibhéal foriomlán éillithe atá san earnáil phoiblí ar leibhéal na Cónaidhme. Áirítear sna tuarascálacha staitisticí ar chionta coiriúla gaolmhara agus tugtar samplaí i ndíth ainm de chásanna éillithe, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa. Ní thugann an tuarascáil sin aon fhaisnéis faoi éilliú i mbainistiú cistí ón Aontas, agus níl tuarascálacha inchomparáide ar fáil ar an leibhéal réigiúnach – an leibhéal ag a ndéantar formhór chláir chomhtháthaithe agus talmhaíochta an Aontais a bhainistiú.
39 Sa Rómáin, foilsíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta Ionracais tuarascálacha bliantúla agus ráithiúla maidir le gníomhaíochtaí ar a shuíomh gréasáin, ina gcuirtear faisnéis i láthair mar an líon cásanna de choinbhleacht leasa a deimhníodh sna cúirteanna, an líon státseirbhíseach ar cuireadh pionós orthu, an post a bhí acu agus an institiúid ina raibh siad ag obair, agus na cineálacha pionós a forchuireadh. Cé gur tuarascálacha an-mhion iad sin, is iad na cásanna atá imscrúdaithe ag cigirí na gníomhaireachta, agus iadsan amháin, atá curtha i láthair iontu.
40 Tá bearta coisctheacha eile ann a chuireann na húdaráis sna Ballstáit i bhfeidhm, mar shampla:
- imdheighilt fheidhmiúil na dtascanna (deighilt na ndualgas);
- prionsabal na ‘gceithre súl’ a chur i bhfeidhm;
- seiceálacha i rith chéim an iarratais agus i rith chéim an chur chun feidhme i gcás tionscadail;
- seiceálacha, lena n-áirítear ag iniúchóirí inmheánacha nó, i gcás fo-údaráis/údaráis áitiúla, ag údarás níos airde;
- iniúchtaí ag comhlacht deimhniúcháin/údarás iniúchóireachta, ag forais iniúchóireachta náisiúnta nó réigiúnacha, ag an gCoimisiún agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;
- uainíocht foirne nuair is féidir, nó freagrachtaí a athrú.
41 Is uirlis thábhachtach í an uainíocht foirne chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ní raibh uainíocht foirne ar bhonn rialta ná comhleanúnach á cur i bhfeidhm ag na húdaráis bainistíochta comhroinnte sna Ballstáit inár sampla, áfach. Sa Ghearmáin, is mó an bhéim a bhí ar dheighilt na ndualgas agus ar phrionsabal na gceithre súl. I Málta, ní raibh fáil ar dhóthain foirne a raibh an taithí chuí acu agus a bhí oilte go cuí chun go bhféadfadh uainíocht a bheith éifeachtach. Sa Rómáin, ní raibh na státseirbhísigh a bhí ag obair don aonad a bhí ag roghnú agus ag meastóireacht na dtionscadal le haghaidh cistiú comhtháthaithe faoi réir ag uainíocht mar gheall go gcaithfí an t-eolas agus na scileanna a bhí riachtanach don obair sin a chaomhnú.
42 D’fhéadfadh beartais maidir le ‘doirse imrothlacha’ (féach mír 23) cabhrú freisin le coinbhleachtaí leasa a chosc. Tá forálacha dlíthiúla atá ceaptha an riosca sin a theorannú tugtha isteach i dtrí cinn de na cheithre Bhallstát a scrúdaíomar, agus is í an Ungáir an eisceacht. Sa Rómáin agus sa Ghearmáin, áfach, ní sheiceálann na comhlachtaí atá páirteach i mbainistiú cistí ón Aontas an bhfuil daoine den fhoireann a fhágann a n-eagraíocht ag déanamh de réir na rialacha iarfhostaíochta. I Málta, tá daoine a bhfuil post acu lena mbaineann feidhmeanna rialála nó cigireachta faoi réir na treorach maidir leis an mbeartas dorais imrothlaigh d’fhostaithe poiblí. San iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir, áfach, ní liostaítear fostaithe na n-údarás a chuireamar faoi iniúchóireacht mar dhaoine atá ag déanamh na bhfeidhmeanna sin, rud a chiallaíonn nach bhfuil siad faoi réir na treorach. In iniúchadh inmheánach ó 2021 a rinne na húdaráis sa Rómáin atá ag bainistiú na gcistí struchtúracha, fuarthas laigí freisin i mbearta chun coinbhleachtaí leasa agus doirse imrothlacha a chosc.
Tá dícheall idir lámha chun trédhearcacht i dtaobh tairbhithe de chistiú ón Aontas a mhéadú
43 Trí fhaisnéis oscailte, inchomparáide agus trédhearcach ar thairbhithe deiridh de chistiú ón Aontas, éascaítear grinnscrúdú poiblí agus imscrúdú sa chás go dtagann coinbhleachtaí leasa amhrasta chun solais. Méadaíonn sé an dóchúlacht go mbraitear coinbhleacht leasa agus d’fhéadfadh sé, dá réir sin, éifeacht choisctheach agus athchomhairleach a bheith aige.
44 Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin náisiúnta agus réigiúnacha ina liostaítear tairbhithe de chistiú talmhaíochta agus comhtháthaithe ón Aontas le fáil ar na suímh ghréasáin atá ag na hArdstiúrthóireachtaí don bhainistíocht chomhroinnte sa Choimisiún21. Sa bhreis air sin, tá an t-ardán ar líne ar a dtugtar ‘Kohesio’, ina bhfuil faisnéis faoi na tionscadail sna Ballstáit go léir atá cistithe faoin mbeartas comhtháthaithe, curtha ar fáil go poiblí ag an gCoimisiún. Tá teorainn, áfach, leis na sonraí a fhoilsítear ar mhaithe le trédhearcacht, agus cuid den chúis atá leis sin ná ionas nach sárófar rialacháin cosanta sonraí Eorpacha agus náisiúnta. Mar shampla, ní fhoilsítear ainmneacha na dtairbhithe CBT a fhaigheann suim is lú ná €1 25022. Níl aon fhaisnéis i dtaobh faighteoirí deiridh ar daoine dlítheanacha iad ar na suíomhanna gréasáin, rud nach raibh riachtanach faoi reachtaíocht 2014-2020.
45 I staidéar le déanaí a bhí coimisiúnaithe ag Parlaimint na hEorpa, tuairiscíodh gur comhlachtaí poiblí, cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta agus daoine dlítheanacha eile a bhí i thart ar an deichiú cuid de thairbhithe CBT, agus fós go bhfuair siad níos mó ná an tríú cuid de na cistí Eorpacha23. Sa chomhtháthú, tá sé éigeantach úinéirí tairbhiúla deiridh na gcuideachtaí a fhaigheann cistiú ón Aontas a shainaithint sa chlárthréimhse i ndiaidh 2014-202024. Faoin gcreat dlíthiúil don talmhaíocht le haghaidh 2023-2027, ceanglaítear ar thairbhithe faisnéis a thabhairt maidir le grúpaí gnóthas ina bhfuil siad páirteach25, sa chás gurb infheidhme. Ní cheanglaítear leis an gcreat sin, áfach, na húinéirí tairbhiúla deiridh a shainaithint.
46 Leis an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a chomhrac, tugadh clár d’úinéirí tairbhiúla isteach in 2017. Tá aird tarraingthe ag Transparency International ar an bhfíoras nach cláir phoiblí iad na cláir san Ungáir agus sa Rómáin, agus go gcaitear táille a íoc chun rochtain a fháil ar na cláir sa Ghearmáin agus i Málta. Níl a gcuid bunachar sonraí féin a bheadh idirnasctha leis na cláir sin ag na húdaráis bainistíochta comhroinnte inár sampla de Bhallstáit, rud a mhéadaíonn an riosca nach mbeadh coinbhleachtaí leasa á mbrath. Maidir leis an méadú sin i dtrédhearcacht, áfach, caithfidh sé déanamh de réir an rialaithe a thug Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa i mí na Samhna 2022 maidir le rochtain ar shonraí úinéireachta tairbhiúla.
Moilleanna i dtrasuí na treorach maidir le sceithirí a chosaint
47 Is éard is sceithireacht ann ná nuair a fhoilsíonn duine faisnéis atá faighte aige nó aici i gcomhthéacs na hoibre do, nó le heagraíocht, agus ar faisnéis í faoi éilliú nó éagóir eile atá déanta san eagraíocht sin nó ag an eagraíocht sin. Ní cháilíonn duine mar sceithire ach amháin sa chás gur cuid den eagraíocht sin é nó í, agus go bhféadfadh sé nó sí a bheith i mbaol beart díoltais – murab ionann, mar shampla, agus cliaint nó daoine eile nach bhfuil ag obair do, nó leis an eagraíocht. Is féidir le bearta chun sceithirí a chosaint rannchuidiú le cosc agus brath an éillithe agus na calaoise. Bhí go dtí mí na Nollag 2021 ag na Ballstáit chun trasuí a dhéanamh ar fhorálacha Threoir an Aontais maidir le Sceithirí i dtaca le cosaint a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.
48 Go luath in 2022, sheol an Coimisiún litreacha ag tabhairt fógra foirmiúil do 24 Bhallstát nach raibh bearta fógartha acu chun a chinntiú go ndéanfaí an Treoir a thrasuí go hiomlán faoin spriocdháta den 17 Nollaig 2021. Amhail ó Bhealtaine 2022, ní raibh ach ocht mBallstát ann a raibh an treoir tugtha isteach ina reachtaíocht náisiúnta acu26. Tá an Coimisiún ag leanúint suas na gcásanna eile. As na Ballstáit a ndearnamar athbhreithniú orthu, is é Málta an t-aon tír a bhfuil an Treoir trasuite aige, ach tá sé tugtha ar aird ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa go bhfuil fabhtanna tromchúiseacha in Acht um Chosaint do Sceithirí Mhálta27.
Tá bearnaí sna bearta chun coinbhleachtaí leasa a bhrath, a réiteach agus a thuairisciú
49 Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis sna Ballstáit nósanna imeachta a bheith acu chun cásanna de choinbhleacht leasa a bhaineann le daoine dá bhfoireann a bhrath. Faoin mbainistíocht chomhroinnte, is ar na húdaráis náisiúnta go príomha atá an fhreagracht as coinbhleachtaí leasa a shainaithint ar leibhéal an tairbhí, agus aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin. D’fhéadfadh an Coimisiún coinbhleachtaí leasa a bhrath freisin sna Ballstáit nuair a bhíonn sé ag seiceáil cén chaoi a bhfuil na córais rialaithe náisiúnta ag feidhmiú. D’fhéadfadh mianadóireacht sonraí, trína ndéantar comparáid ar fhaisnéis as foinsí éagsúla, cabhrú le cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa a bhrath.
50 A thúisce a bhraitear neamhrialtachtaí a bhfuil coinbhleachtaí leasa i gceist leo, ba cheart déileáil leo ar bhealach iomchuí agus iad a réiteach. Chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí gaolmhara, tá sé ríthábhachtach faisnéis iontaofa ar na cásanna de choinbhleacht leasa atá braite a bhailiú.
Bíonn an Coimisiún ag díriú isteach ar chásanna amhrasta atá tuairiscithe
51 Seolann Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin (IDOC) fiosruithe riaracháin agus imeachtaí araíonachta i dtaca le foireann an Choimisiúin. Déanann IDOC fiosrúchán bunaithe ar an sainordú a fhaigheann sé ón údarás ceapacháin nuair a fhaigheann sé líomhaintí ó sceithire nó ó fhoinse eile. Tá cruinneas, beachtas agus iomláine na faisnéise a thugtar don údarás ceapacháin fós ina fhreagracht aonair ar gach aon duine den fhoireann.
52 Na hArdstiúrthóireachtaí inár sampla ar a bhfuil freagracht as réimsí beartais faoi bhainistíocht chomhroinnte, ní dhéanann siadsan ach oiread an fhaisnéis a thugtar i bhféindearbhuithe na foirne a sheiceáil (féach mír 22) mura rud é go bhfuil cúis ann lena chreidiúint go mbeadh údar maith le himscrúdú. In 2020, de réir thuarascáil maidir le gníomhaíochtaí IDOC28, bhí trí chás as an 83 chás a bhí cláraithe as an nua ag baint le coinbhleachtaí leasa laistigh den Choimisiún.
53 Féadann OLAF cionta tromchúiseacha féideartha a dhéanann foireann an Aontais agus atá nasctha lena gníomhaíochtaí gairmiúla a imscrúdú freisin, agus is féidir leis moltaí araíonachta a dhéanamh. Ina thuarascáil bhliantúil do 202029, d’fhoilsigh OLAF spléachadh ar na moltaí araíonachta a rinne sé idir 2016 agus 2020. In 21 chás, bhain siad sin le cásanna féideartha de choinbhleacht leasa.
54 Ó am go chéile, sainaithníonn an Coimisiún cásanna de choinbhleachtaí leasa le linn a chuid iniúchtaí córais ginearálta sna Ballstáit. Sa sampla de 20 iniúchadh córais de chuid an Choimisiúin a d’athbhreithníomar (féach míreanna 26 agus 27), bhí cás amháin ann inar aimsigh AS AGRI coinbhleacht leasa i gcás duine den fhoireann ar chomhlacht tarmligthe sa Spáinn, agus chuir sé ceartúchán airgeadais i bhfeidhm.
55 Na hArdstiúrthóireachtaí ar a bhfuil freagracht as réimsí beartais sonracha (amhail AS REGIO agus AS AGRI), déanann siadsan obair leantach freisin de dhroim líomhaintí ó sceithirí nó ó na meáin, faoi mar a tharla i gcás iar-Phríomh-Aire na Seicia (féach Bosca 4).
Coinbhleachtaí leasa líomhnaithe sa tSeicia
Rinne eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na meáin líomhaintí in aghaidh Phríomh-Aire na Seicia, de thráth na huaire, á rá go raibh coinbhleacht leasa ann a bhain le cuideachtaí a bhí faoina smacht agus stádas na gcuideachtaí sin mar thairbhithe de chúnamh talmhaíochta agus comhtháthaithe ón Aontas Eorpach. Rinne an Coimisiún (AS AGRI, AS EMPL agus AS REGIO) iniúchóireacht chomhordaithe ag tús 2019. D’eisigh AS EMPL agus AS REGIO a dtuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach i mí na Nollag 2019. I gcaitheamh 2020 agus 2021, rinne AS EMPL agus AS REGIO faireachán ar an gcaoi a ndearna na húdaráis sa tSeicia na conclúidí agus moltaí iniúchóireachta a chur chun feidhme. I bhfianaise an leasa phoiblí agus na hiarrata ó Pharlaimint na hEorpa, rinneadh an tuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach a chur ar fáil go poiblí an 24 Aibreán 2021. Ina thuarascáil bhliantúil do 2021, chuir AS REGIO in iúl don phobal go raibh dul chun cinn déanta ar fhormhór na moltaí, ach go raibh trí cinn ann a bhí fós á gcur chun feidhme – lena n-áirítear an moladh a bhain le cás líomhnaithe de choinbhleacht leasa. I mí Iúil 2022, dhún AS EMPL agus AS REGIO an obair leantach ar an iniúchadh sin tar éis do na moltaí go léir a bhí déanta a bheith curtha chun feidhme.
Rinne AS AGRI iniúchadh ar na bearta a bhain le hinfheistíocht CEFTF. D’eisigh sé forchoimeádas i leith ghníomhaireacht íocaíochta na Seicia a mhéid a bhaineann lena chlár forbartha tuaithe, faoi mar a bhfuil cuntas tugtha air ina thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí do 2021. As an bhforchoimeádas sin, tháinig plean gníomhaíochta inar iarradh ar údaráis na Seicia gníomhaíocht leighis a dhéanamh, rud atá idir lámha faoi láthair. Ag éirí as an iniúchadh sin, rinneadh cinneadh ceartúcháin airgeadais a fhorchur ar an tSeicia.
Foinse: An Coimisiún Eorpach:
56 Sa bhreis air sin, tá an chumhacht ag OLAF cásanna féideartha de chalaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, má tá forais leordhóthanacha ann don amhras. D’fhéadfaí clabhsúr a chur le himscrúduithe OLAF le moltaí do na hArdstiúrthóireachtaí suimeanna a caitheadh go mírialta a ghnóthú, agus d’fhéadfadh OLAF cásanna a chur ar aghaidh chuig comhlachtaí ionchúisimh náisiúnta nó chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).
57 Tá clabhsúr curtha ag OLAF le deich gcás ó na trí chlárthréimhse deiridh a bhfuil baint ag tionscadail CBT leo agus a raibh gné de choinbhleacht leasa i gceist leo (cúig cinn a bhain le cistiú réamhaontachais, ceann ó 2000-2006, trí cinn ó 2007-2013 agus ceann ó 2014-2020). Mhol OLAF go ngnóthódh AS AGRI suim iomlán de €20 347 891 ó na Ballstáit lena mbaineann.
58 Sa chomhtháthú, idir 2000 agus 2021, chuir OLAF clabhsúr le 18 gcás coinbhleachta leasa a bhain le CFRE agus CC. I 16 chás díobh sin, rinneadh moltaí airgeadais le AS REGIO lenar bhain suim iomlán de €162 970 401. I gcaitheamh thréimhse 2000 2022, níor chuir OLAF tús le haon imscrúdú coinbhleachta leasa a bhaineann le CSE.
Cuireann na Ballstáit béim mhór ar chásanna de choinbhleacht leasa sa phróiseas soláthair phoiblí a bhrath, ach ní thugann siad aird leordhóthanach ar chuid de na bratacha dearga
59 Ceanglaítear le hAirteagal 61(3) den Rialachán Airgeadais nach mbeidh daoine aonair a bhíonn ag cur cistí ón Aontas chun feidhme, agus iadsan a ullmhaíonn an creat dlíthiúil a fhreagraíonn dó sin, i riocht go gcuirtear as dá bhfeidhmiú oibiachtúil agus neamhchlaonta ‘ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí mothúcháin, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile, díreach nó indíreach’. Roinnt de na húdaráis a chuireamar faoi agallamh, dúirt siad linn go raibh sé deacair faisnéis ar shaol mothúchánach, coibhnis pholaitiúla agus leasanna pearsanta na ndaoine sin a fháil agus, in go leor cásanna, go raibh sé sin clúdaithe ag rialacha cosanta sonraí. Dá bhrí sin, ní féidir na cúiseanna go léir atá le coinbhleachtaí leasa a bhrath trí chros-seiceálacha ar chláir agus bunachair sonraí.
60 Is mó béim a chuireann na húdaráis sna Ballstáit ar choinbhleachtaí leasa i nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhrath ná sna réimsí eile gníomhaíochta. I dTreoirlínte an Choimisiúin maidir le cinneadh ceartúcháin airgeadais de bharr neamhchomhlíonadh na rialacha um sholáthar poiblí, a eisíodh in 2019, moltar ceartúchán 100 % ‘aon uair a shainaithnítear coinbhleacht leasa nach bhfuil tugtha le fios nó nach bhfuil maolú leormhaith déanta ina leith, agus ar coinbhleacht leasa é a bhfuil tionchar aige ar fhorthoradh an nós imeachta soláthair phoiblí’.
61 Inár n-iniúchtaí le haghaidh ráitis dearbhaithe le blianta beaga anuas, shainaithníomar neamhrialtachtaí nach raibh coiscthe nó ceartaithe ag údaráis náisiúnta roimhe sin, ar neamhrialtachtaí iad lenar bhain coinbhleachtaí leasa sa mhéid go raibh iarratasóirí nasctha le geallsealbhóirí eile a bhí páirteach i dtionscadail a bhí á gcistiú ag an Aontas (féach na samplaí i mBosca 5).
Samplaí de choinbhleachtaí leasa i bpróiseas soláthair phoiblí a raibh tairbhithe príobháideacha bainteach leo
Sa tSeicia, faoi thionscadal chun busanna nua a bhí á rith ar ghás nádúrtha comhbhrúite a cheannach le teacht in ionad seanbhusanna, fuaireamar go raibh an tairbhí agus an tairgeoir buaiteach, araon, faoi úinéireacht agus faoi rialú an ghrúpa chéanna. Níor chuir an tairbhí de cheangal ar thairgeoirí féideartha aon taithí a bheith acu, rud a bhí neamhghnách i bhfianaise na litreacha molta a theastaíonn de ghnáth i dtionscadail chomhchosúla. Níor léirigh an tairbhí go leordhóthanach go raibh na bearta iomchuí déanta aige chun aon choinbhleacht leasa a d’éireodh as úinéireacht agus nasc pearsanta leis an tairgeoir buaiteach a chosc, a shainaithint agus a leigheas. Ní raibh an pointe sin clúdaithe i seicliosta an údaráis iniúchóireachta.
Sa Rómáin, fuair cuideachta tacaíocht ón Aontas chun athstruchtúrú agus athchóiriú a dhéanamh ar fhíonghort (le os cionn 15 heicteár talún ann) a bhí ar léas saor in aisce ó dhuine fisiciúil ar feadh tréimhse 15 bliana, agus i ndiaidh na tréimhse sin go dtiocfadh an fíonghort ar ais chuig an duine sin. Cuireann dlí na Rómáine de cheangal ar thairbhithe gach beart is gá a dhéanamh chun cásanna as a n-éireodh coinbhleachtaí leasa a sheachaint, go háirithe nuair atá ceangal idir na tairbhithe agus a soláthróirí. Shínigh an tairbhí conradh le cuideachta eile le haghaidh gortghlanadh meicniúil agus de láimh a dhéanamh ar an talamh agus chun córas tacaíochta a shuiteáil. Fuaireamar amach gurbh é úinéir na talún scairshealbhóir aonair agus riarthóir an tsoláthróra sin. Chuireamar an cás sin chuig OLAF chun é a imscrúdú tuilleadh.
Foinse: CIE.
62 Thugamar faoi deara go raibh éagsúlacht mhór sna seiceálacha agus nósanna imeachta a bhaineann leis an bpróiseas soláthair phoiblí sna Ballstáit éagsúla. Go hiondúil, bíonn na seiceálacha sin ag díriú isteach ar ráitis choinbhleachta leasa, agus amanna déantar ainmneacha na gcinnteoirí a fhíorú i mbunachair sonraí daonra nó in uirlisí gréasánbhunaithe atá ar fáil go poiblí ar nós cláir thrádála. I mBosca 6, taispeántar samplaí eile de chásanna a thabharfadh le tuiscint go bhfuil coinbhleacht leasa ann, nó ‘bratacha dearga’ mar a thugtar go coitianta orthu.
Samplaí de bhratacha dearga le haghaidh coinbhleachtaí leasa sa phróiseas soláthair phoiblí
Rinne údaráis bhainistíochta CFRE do Saarland agus don Bhaváir, ina seiceálacha rialta ar nósanna imeachta soláthair phoiblí, roinnt cásanna de bhratacha dearga a shainaithint a thugann le tuiscint go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann. Áirítear orthu sin:
- an bua a bheith i gcónaí ag an gconraitheoir céanna i nósanna imeachta atá eagraithe ag údarás conarthach ar leith;
- claonadh ó na gnáthnósanna imeachta tairisceana gan cúis mhaith, e.g. nós imeachta idirbheartaithe a roghnú nuair a d’fhéadfaí nós imeachta oscailte a úsáid;
- an céatadán céanna de dhifríocht a bheith idir tairiscintí na dtairgeoirí, e.g. ceann amháin a bheith 10 % níos ísle ná ceann eile i gcónaí.
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh le linn na hiniúchóireachta.
63 I measc na mbratach dearg eile atá ann chun coinbhleachtaí leasa féideartha sa phróiseas soláthair phoiblí a thabhairt le fios, tá céatadán ard nósanna imeachta nach bhfuil ach tairgeoir amháin istigh orthu (nósanna imeachta ‘tairisceana aonair’) nó líon neamhghnách d’orduithe díreacha (i.e. soláthar poiblí a dhéanamh gan aon phróiseas iomaíoch tairisceana). Ina thuarascáil tíre don soláthar poiblí, chuir an Ungáir in iúl don Choimisiún go raibh, idir 2015 agus 2017, an sciar de nósanna imeachta tairisceana aonair a d’úsáid údaráis chonarthacha éagsúla na tíre ag dul ó 10 % go dtí 28 %. Ar an iomlán, úsáideadh na nósanna imeachta sin do bheagnach 17 % den thart ar 8 800 conradh a rinneadh a dhámhachtain san Ungáir. Thuairiscigh Málta céatadán comhchosúil (18.9 %) de nósanna imeachta tairisceana aonair, agus is 50 % a thuairiscigh an Rómáin30. Níl faisnéis chainníochtúil den sórt sin a thuilleadh sna tuarascálacha tíre is déanaí a foilsíodh agus a chlúdaíonn 2018-2020.
64 Taispeánann Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh ón gCoimisiún sciar ard de nósanna imeachta nach raibh ach tairgeoir amháin iontu in 2020, ag dul ó 9 % sa Liotuáin agus sa tSualainn go dtí 51 % sa Pholainn. Do na Ballstáit inár sampla, tuairiscítear ráta 41 % sa Rómáin, 39 % san Ungáir, 19 % sa Ghearmáin agus 16 % i Málta. Sa chomhthéacs sin, tá ábhair imní léirithe ag foras iniúchóireachta náisiúnta Mhálta faoin bpróiseas soláthair phoiblí, ar nós orduithe díreacha a bheith in úsáid gan na formheasanna riachtanacha a bheith déanta agus gan iad a bheith foilsithe san iris ar leith atá ann don phróiseas soláthair phoiblí sa tír31. Baineann Táscaire 2 de Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh le nósanna imeachta soláthair phoiblí lena mbaineann idirbheartaíocht le cuideachta agus gan glao ar thairiscintí a bheith foilsithe, agus is mó an claonadh chun coinbhleachtaí leasa atá iontu sin ná i nósanna imeachta oscailte. Tá na figiúirí don táscaire sin sách íseal dár sampla de Bhallstáit. Baineadh úsáid as an gcineál sin nós imeachta, áfach, i 22 % de na cásanna sa Rómáin.
Fuair comhlachtaí iniúchóireachta sna Ballstáit laigí i mbainistiú coinbhleachtaí leasa
65 Sa talmhaíocht, tugann comhlachtaí deimhniúcháin tuairim bhliantúil ar chuífheidhmiú chórais rialaithe inmheánaigh na ngníomhaireachtaí íocaíochta agus ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a bhfuil aisíocaíocht iarrtha ón gCoimisiún ina leith. De réir na dtreoirlínte ábhartha ón gCoimisiún32, ba cheart don obair seo neamhrialtachtaí amhail coinbhleachtaí leasa a chlúdach. Sna Ballstáit inár sampla, níor thuairiscigh comhlachtaí deimhniúcháin laigí sistéimeacha sa chaoi a ndearna na gníomhaireachtaí íocaíochta bainistiú ar choinbhleachtaí leasa. San Ungáir agus sa Ghearmáin (an Bhaváir) is lú ná deich n-earráid (foirmiúil den chuid is mó) a bhain le coinbhleachtaí leasa a bhraith siad le blianta beaga anuas nuair a bhí rialtacht na n-idirbheart á measúnú acu.
66 Sa chomhtháthú, rinne údaráis iniúchóireachta náisiúnta agus réigiúnacha iniúchtaí feidhmiúcháin i dtréimhse 2014-2020 chun measúnú a dhéanamh ar na córais bhainistithe agus rialaithe sna Ballstáit, lena n-áirítear bainistiú coinbhleachtaí leasa. Maidir leis na tíortha inár sampla, níor thuairiscigh na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta nó réigiúnacha sa Ghearmáin agus san Ungáir laigí ar bith. Tháinig údarás iniúchóireachta Mhálta ar an gconclúid go raibh na córais bhainistithe agus rialaithe sa tír sin ag obair, ach go raibh roinnt feabhsúcháin ag teastáil. Luaigh údaráis iniúchóireachta na Rómáine roinnt laigí sa chaoi a raibh Arachne (an uirlis scórála riosca atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún, faoi mar a mhínítear i míreanna 67 go 69) á úsáid i mbainistiú CFRE agus CC.
Níl leordhóthain úsáide á baint as mianadóireacht sonraí chun coinbhleachtaí leasa a bhrath
67 Molann an Coimisiún do na Ballstáit feidhmchlár mianadóireachta sonraí Arachne – atá á sholáthar saor in aisce ag an gCoimisiún – a úsáid chun calaois a chosc agus a bhrath. Is uirlis scórála riosca é Arachne a dtugtar roinnt foinsí sonraí le chéile ann agus a thugann foláireamh i dtaobh tionscadail agus tairbhithe a bhféadfadh sé go mbeadh riosca le lua leo.
68 Tá modúl curtha ar fáil ag an gCoimisiún in Arachne a ligeann do na húdaráis bhainistíochta agus do na gníomhaireachtaí íocaíochta measúnú a dhéanamh ar an riosca go dtarlódh calaois nó coinbhleachtaí leasa le linn chéim an roghnúcháin i dtionscadal. Níl an uirlis féin in ann coinbhleachtaí leasa iarbhír a thaispeáint, ach is féidir léi cabhrú le húdaráis bhainistíochta agus le gníomhaireachtaí íocaíochta bratacha dearga a shainaithint, rud a bheadh mar údar maith le tuilleadh fiosraithe a dhéanamh orthu. Is féidir le Arachne a bheith úsáideach chun comhartha a thabhairt go bhféadfadh cásanna de choinbhleachtaí leasa a bheith i nósanna imeachta soláthair phoiblí ar leibhéal an tairbhí / chonraitheora / fhochonraitheora. Níl faisnéis sna tacair sonraí, áfach, ar oifigigh phoiblí (sna Ballstáit inár sampla) a dhéanann iarratais ar thionscadal a fhormheas faoi bhainistíocht chomhroinnte agus arb orthu atá an fhreagracht as rialuithe.
69 Tá úsáid Arachne sa bhainistíocht chomhroinnte ar leibhéal an Bhallstáit níos coitianta sa chomhtháthú ná mar atá sé sa talmhaíocht. Bhí thart ar an gceathrú cuid de na comhlachtaí atá páirteach i mbainistiú agus rialú cistí an Aontais a d’fhreagair ár suirbhé ag úsáid Arachne chun coinbhleachtaí leasa a sheiceáil agus a bhrath (26 %). Ní raibh Arachne in úsáid ag beagnach leath na bhfreagróirí (49 %), agus bhí an ceathrú cuid ann (25 %) a dúirt nach raibh a fhios acu nó nár mhian leo a rá. Is iad na húdaráis bhainistíochta is mó a úsáideann Arachne (47 %), agus is iad na gníomhaireachtaí íocaíochta agus na comhlachtaí deimhniúcháin is lú a úsáideann é (12 % agus 6 %, faoi seach). As na 130 údarás a úsáideann Arachne, dúirt os cionn a leath (54 %) go mbíonn sé in úsáid acu ‘i gcónaí’ nó ‘go minic’, cé go ndeir an chuid eile acu nach mbíonn sé in úsáid acu ach ‘amanna’ nó ‘go hannamh’ (féach Fíor 6 anseo thíos):
Fíor 6 – Úsáid Arachne chun coinbhleachtaí leasa i dtionscadail a sheiceáil*
* 160 freagróir as na Ballstáit go léir (údaráis bhainistíochta den chuid is mó agus iadsan ag gníomhú mar chomhordaitheoirí go minic) a bhí ar an suirbhé agus thug siad freagraí thar ceann 501 institiúid ar an iomlán.
Foinse: CIE, bunaithe ar shuirbhé a rinneadh sna Ballstáit go léir.
70 In 2016, chuir an Coimisiún Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES)33 ar bun le haghaidh cistí a chaitear faoi bhainistíocht dhíreach agus faoi bhainistíocht indíreach. Cinntíonn an córas sin go ndéantar iarratasóirí atá ina riosca do leasanna airgeadais an Aontais a bhrath go luath agus a eisiamh as nósanna imeachta dámhachtana nó as roghnúchán a mhéid a bhaineann le cistí ón Aontas a chur chun feidhme. Go sonrach, tá eisiamh infheidhme maidir leo siúd a bhfuil amhras ina dtaobh, nó atá faighte ciontach, as calaois, éilliú, mí-iompar gairmiúil tromchúiseach (lena n-áirítear iarrachtaí tionchar míchuí a imirt ar an nós imeachta dámhachtana) nó gníomhaíochtaí mídhleathacha eile. Bheadh faisnéis ar iarratasóirí den sórt sin ábhartha freisin don bhainistíocht chomhroinnte. Mar a thuairiscíomar i dTuarascáil speisialta 11/2022: ‘Buiséad an Aontais a chosaint – Is gá úsáid níos fearr a bhaint as dúliostú’, níl aon sásra ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais chun contrapháirtithe faoin mbainistíocht chomhroinnte a eisiamh, agus níl Arachne idirnasctha le EDES. I bhfianaise gurb é an Coimisiún atá ag forbairt an dá fheidhmchlár sin, fágann an easpa comhtháthaithe eatarthu go bhfuil deiseanna caillte ó thaobh cásanna coinbhleachta leasa a chosc.
71 Mhínigh na húdaráis sna Ballstáit inár sampla gurbh fhearr leo bunachair sonraí náisiúnta a úsáid, ar nós cláir thrádála náisiúnta agus bunachair sonraí daonra. Dar leosan, is mó faisnéise cothrom le dáta atá sna bunachair sonraí sin agus tá an fhaisnéis atá iontu níos iomláine ná an fhaisnéis atá in Arachne. Sa bhreis air sin, ina ndícheall chun nósanna imeachta soláthair phoiblí atá cothrom a áirithiú agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, baineann roinnt údarás san Ungáir, i Málta agus sa Rómáin úsáid as uirlisí mianadóireachta sonraí náisiúnta (féach an sampla i mBosca 7). Ní bhaineann na húdaráis sa Ghearmáin úsáid as Arachne ná as aon uirlis mianadóireachta sonraí náisiúnta mar gheall ar imní faoi chosaint sonraí agus faoi chruinneas agus beachtas na sonraí atá in Arachne.
Córas PREVENT sa Rómáin
Tá PREVENT, córas faisnéise chun coinbhleachtaí leasa sa phróiseas soláthair phoiblí a chosc, curtha ar bun ag an nGníomhaireacht Náisiúnta Ionracais sa Rómáin. Tá an córas bunaithe ar ‘fhoirmeacha ionracais’, a ghintear trí chóras TF a úsáidtear le haghaidh gach nós imeachta soláthair phoiblí a reáchtáiltear trí chóras tairisceana leictreonach na tíre. Ar na foirmeacha ionracais sin, ní foláir do na húdaráis chonarthacha ainmneacha na gcinnteoirí ábhartha go léir óna n-eagraíocht féin agus ó na heagraíochtaí tairisceana a chur isteach. Seiceálann PREVENT an fhaisnéis sin go huathoibríoch, á cur i gcomparáid le sonraí atá sa chlár daonra agus sa chlár gnó. Tugann sé scór de 0 nó 1; tugann 1 le fios go bhféadfadh cás de choinbhleacht leasa a bheith ann. Sa chás sin, déanfaidh cigire ionracais anailís ar an gcás chun aon bhréagdheimhniúchán a chur as an áireamh agus, má dheimhnítear go bhfuil coinbhleacht leasa ann, seolann sé nó sí foláireamh ionracais chuig an údarás conarthach.
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh le linn na hiniúchóireachta.
72 Is sampla é córas PREVENT sa Rómáin den chaoi ar féidir an teicneolaíocht a úsáid chun grinnscrúdú a dhéanamh ar na mílte de nósanna imeachta soláthair phoiblí. Tá easnaimh i gcóras den sórt sin freisin, áfach. Mar shampla, ní féidir é a úsáid ach le haghaidh tairiscintí a fhoilsítear sa chóras tairisceana leictreonach (ní raibh 16 % de na tairiscintí idir 2018 agus 2020 ar an gcóras sin), níl aon phionóis ann do na húdaráis chonarthacha nach gcomhlánaíonn foirmeacha ionracais, agus d’fhéadfadh sé nach mbraithfí cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa mar nach ndéantar ach na cásanna a fuair scór de 1 a imscrúdú go hiarbhír. In 2020, rinneadh anailís ar 19 506 nós imeachta soláthair phoiblí trí PREVENT, agus d’eisigh cigirí ionracais 10 bhfoláireamh ionracais, lena n-áirítear ceithre cinn a bhain le cistí ón Aontas. Thairis sin, tá éifeachtacht uirlise den sórt sin ag brath go mór ar cháilíocht an algartaim atá ann agus ar na sonraí ó na foirmeacha ionracais.
73 Leis an méadú atá ag teacht ar an bhfáil atá ar ‘mhórshonraí’ maidir leis an bpróiseas soláthair phoiblí, in éineacht le forbairtí in acmhainneacht uirlisí digiteacha chun anailís a dhéanamh ar shonraí den sórt sin, tá sé indéanta anailís a dhéanamh ar phatrúin i ndámhachtain conarthaí poiblí34 a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil bratacha dearga ann a mbeadh imscrúdú breise le déanamh orthu. Baineann an rud céanna le dámhachtain deontas poiblí. Ar an iomlán, níl forbairt sách maith déanta fós ar uirlisí mianadóireachta sonraí a úsáid chun coinbhleachtaí leasa a bhrath.
Tá sásraí réitigh ann, ach d’fhéadfadh go leor ama a bheith i gceist leis na nósanna imeachta
74 D’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith nasctha le hiompraíocht eile atá neamhrialta nó calaoiseach. Léirítear é sin sa raon roghanna atá ar fáil chun déileáil le cásanna den sórt sin nuair a bhraitear iad, amhail:
- pionóis nó nósanna imeachta araíonachta in aghaidh oifigigh Eorpacha nó náisiúnta a bhfaightear ina dtaobh gur sháraigh siad rialacha nó oibleagáidí gairmiúla;
- nósanna imeachta a bhfuil sé mar aidhm leo buiséad an Aontais a chosaint, ar nós cistí a eisíocadh ar bhealach neamhrialta a ghnóthú ón tairbhí nó ceartúcháin airgeadais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún;
- imeachtaí coiriúla sna cúirteanna náisiúnta.
75 Thug na húdaráis sna Ballstáit inár sampla le fios, nuair a bhíonn pionós á ghearradh as coinbhleachtaí leasa, nach ndéanann siad aon dealú de ghnáth idir cistí ón Aontas agus cistí náisiúnta. Chuir na húdaráis sa Rómáin ar an eolas muid faoi thrí chás in 2014-2020 inar chuir siad pionós ar dhaoine den fhoireann mar gheall ar choinbhleachtaí leasa (féach Fíor 7).
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh le linn na hiniúchóireachta.
76 Nuair is fíricí iad a bheadh ina dtrúig le cion coiriúil, d’fhéadfadh ionchúisitheoirí na cásanna a thabhairt chun cúirte (féach Bosca 8).
D’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith nasctha le cionta coiriúla éagsúla atá fós á n-imscrúdú
San Iodáil, tá sé curtha i leith oifigigh ó ghníomhaireacht íocaíochta a raibh rochtain acu ar an gcóras cláraithe do dháileachtaí talún atá ag an ngníomhaireacht gur thug siad faisnéis do thríú páirtithe faoi dháileachtaí nach raibh aon éileamh déanta fós ag feirmeoir ar bith orthu. Tá na tríú páirtithe sin cúisithe in éileamh a dhéanamh ar na dáileachtaí sin gan aon teideal bailí a bheith acu ar an talamh agus gan aon ghníomhaíocht talmhaíochta a bheith ar siúl acu air. Is cuid iad na cionta líomhnaithe sin de mhórchás calaoise amhrasta a bhaineann le héilimh atá ag dul siar go dtí 2010, agus ar tionscnaíodh imeachtaí coiriúla ina leith in 2021 agus a bhfuil na himeachtaí sin fós ar siúl.
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh le linn na hiniúchóireachta.
77 Nuair a leanann eisíocaíocht neamhrialta de chistí ón Aontas as coinbhleacht leasa, ní mór na suimeanna atá i gceist a ghnóthú ón tairbhí35. Mura ndéanann Ballstát gníomhaíocht ghnóthachain leormhaith, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ceartúcháin airgeadais a chur i bhfeidhm i leith a bhuiséid náisiúnta. Féadann an Coimisiún freisin ceartúcháin airgeadais a chur i bhfeidhm nuair a shainaithníonn sé laigí i gcórais rialaithe comhlachtaí náisiúnta atá páirteach i mbainistiú agus rialú cistí ón Aontas, faoi mar a rinneadh sa chás a bhfuil tuairisc air i mBosca 1 thuas.
Níl an tuairisciú ar choinbhleachtaí leasa iomlán
78 Ní fhoilsíonn an Coimisiún agus na Ballstáit inár sampla faisnéis i dtaobh mhéid na gcoinbhleachtaí leasa i mbainistíocht chomhroinnte. Níl aon fhaisnéis chainníochtúil chuimsitheach ar chásanna de choinbhleacht leasa ná fionnachtana i dtaobh coinbhleacht leasa le fáil i dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na n-ardstiúrthóireachtaí, i dtuarascálacha bliantúla OLAF ná sna tuarascálacha bliantúla maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus níl aon táscaire comhfhreagrach ann a thomhaiseann minicíocht agus méid na neamhrialtachtaí coinbhleachta leasa sa bhainistíocht chomhroinnte.
79 Déanann na Ballstáit neamhrialtachtaí agus calaois a thuairisciú do OLAF tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS). Ó 2000, tá 440 cás de choinbhleacht leasa sa chomhtháthú agus sa talmhaíocht tuairiscithe ag na Ballstáit in IMS. Tuairiscíodh níos mó ná leath na gcásanna sin (55.4 %) faoi CFRE, 19 % faoi chistí réamhaontachais, 17 % faoi CSE, agus tuairiscíodh an líon is ísle faoi CERT agus CC (2 % agus 3.4 %, faoi seach), (féach Fíor 8 anseo thíos). Seasann na cásanna de choinbhleachtaí leasa a tuairiscíodh in IMS do 0.4 % den líon iomlán neamhrialtachtaí a tuairiscíodh (sonraí amhail i Márta 2022).
Fíor 8 – Cásanna de choinbhleachtaí leasa in IMS de réir an chiste
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó IMS.
80 Mar gheall ar mhaoluithe dlíthiúla36, áfach, níor cuireadh na neamhrialtachtaí go léir isteach in IMS. De réir Lámhleabhar an Aontais Eorpaigh maidir le neamhrialtachtaí a thuairisciú, níl aon oibleagáid ann neamhrialtachtaí a thuairisciú do OLAF má bhíonn siad braite agus ceartaithe ag na Ballstáit sula gcuireann siad an caiteachas ar aghaidh chuig an gCoimisiún le haghaidh aisíocaíochta, nó má tá an méid atá i gceist níos lú ná €10 000. Mar a fuaireamar in iniúchtaí roimhe seo37, tá éagsúlacht ó Bhallstát go chéile i gcainníocht agus cáilíocht na sonraí agus na faisnéise atá taifeadta in IMS. Ach an oiread leis sin, ní dhéantar gach cás atá á imscrúdú ag OLAF a thaifeadadh in IMS. Mar shampla, ní dhearna na Ballstáit ach sé cinn as na 18 gcás atá tionscanta ag OLAF a bhfuil gné choinbhleachta leasa ag roinnt leo a thaifeadadh in IMS. Is féidir leis na Ballstáit, freisin, breathnú ar chás coinbhleachta leasa mar chomhchuid bheag de chás calaoise níos leithne (e.g. doiciméid nó dearbhuithe falsaithe, éilliú nó breabaireacht) agus gan na cásanna sin a thuairisciú mar chásanna a bhaineann le coinbhleachtaí leasa.
81 Sa bhreis ar shonraí IMS, faigheann AS REGIO agus AS EMPL faisnéis i dtaobh cásanna coinbhleachta leasa agus gnóthachain ghaolmhara sa phróiseas soláthair phoiblí ó na Ballstáit a bhaineann le CSE, CC agus CFRE trí SFC, córas bainistithe cistí an Aontais Eorpaigh. In 2014-2020, chuir na Ballstáit in iúl go raibh 31 neamhrialtacht coinbhleachta leasa ann, a bhí ag seasamh do €3.4 milliún ar an iomlán, a raibh tionchar acu ar fhorthoradh nósanna imeachta soláthair phoiblí (ceithre cinn faoi CC, 24 faoi CFRE agus trí cinn faoi CSE). Baineann na 31 chás sin le 16 chlár in 11 Bhallstát.
82 Ní fhaigheann AS AGRI faisnéis den sórt sin faoi chásanna comhchosúla faoi CEFTF trí SFC, mar gur táblaí achoimre amháin a sheolann na Ballstáit agus ní thaispeántar an cineál neamhrialtachta i ngach cás sna táblaí sin.
Conclúidí agus moltaí
83 Is é ár gconclúid fhoriomlán ná go ndearna an Coimisiún agus na Ballstáit iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa, ach go bhfuil bearnaí fós ann – go háirithe a mhéid a bhaineann le trédhearcacht a chur chun cinn agus cásanna faoi riosca a bhrath.
84 Maidir le creat an Choimisiúin chun coinbhleachtaí leasa a chosc go hinmheánach, tá sé bunaithe ar Rialacháin Foirne an Aontais, ar fhorálacha cur chun feidhme na Rialacháin Foirne agus ar chóid agus treoraíochtaí eitice, agus tá oiliúint chuimsitheach san eitic mar chuid den chreat sin (míreanna 20 go 22). Sa bhreis air sin, rinne an tOmbudsman Eorpach anailís ar chleachtais an Choimisiúin i ndáil le doirse imrothlacha agus mhol sí toirmeasc sealadach a chur ar iar-oifigigh ó phoist a ghlacadh má bhí riosca á gcruthú acu nach bhféadfaí a mhaolú trí fhaireachán cuí agus trí shrianta forfheidhmithe (féach mír 24).
85 Clúdaíonn iniúchtaí an Choimisiúin i réimse an chomhtháthaithe agus na talmhaíochta coinbhleachtaí leasa i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí ó 2021 i leith. Cuidíonn iniúchtaí an Choimisiúin le heasnaimh i gcosc coinbhleachtaí leasa a shainaithint, ar coinbhleachtaí iad sin a bhaineann go minic le saincheisteanna nós imeachta, ach freisin laigí níos ginearálta i mbainistiú an phróisis soláthair phoiblí (míreanna 25 go 28).
86 Maidir leis na Ballstáit a scrúdaíomar, tá rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, ach ní dhearnadh aon mhórathrú orthu sin ón uair a rinneadh an Rialachán Airgeadais a nuashonrú in 2018. Is iad na féindearbhuithe an modh is mó a úsáidtear, mar aon le hoiliúint agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta i réimse na heitice agus an ionracais, cé gur lú fabhar atá le huainíocht foirne. Níl aon chall do chomhaltaí rialtais atá páirteach sa chinnteoireacht ar chláir an Aontais agus a leithdháileann cistiú do chláir an Aontais aon chineál dearbhú a dhéanamh (míreanna 29 go 42).
87 Trí fhaisnéis oscailte, inchomparáide agus trédhearcach a bheith ann i dtaobh faighteoirí deiridh cistí ón Aontas, is féidir freisin grinnscrúdú poiblí níos fearr a dhéanamh. Ar a shuíomh gréasáin, foilsíonn an Coimisiún naisc chuig suíomhanna gréasáin náisiúnta agus réigiúnacha ina liostaítear tairbhithe de chistiú talmhaíochta agus comhtháthaithe ón Aontas. Sa bhreis air sin, tá an t-ardán ar líne ar a dtugtar ‘Kohesio’, ina bhfuil faisnéis faoi na tionscadail sna Ballstáit go léir atá cistithe faoin mbeartas comhtháthaithe, curtha ar fáil go poiblí ag an gCoimisiún. I láthair na huaire, níl aon fhaisnéis faoi thairbhithe deiridh ar daoine dlítheanacha iad ar fáil ar na suíomhanna gréasáin sin, rud a chuireann teorainn leis an trédhearcacht. Beidh sainaithint úinéirí tairbhiúla deiridh cuideachtaí a thairbhíonn de chistiú ón Aontas éigeantach i gcórais bhainistithe agus rialaithe na mBallstát sa chlárthréimhse nua don chomhtháthú. Amhail ó 2023, beidh ar thairbhithe de chistiú talmhaíochta faisnéis a sholáthar i dtaobh grúpaí gnóthas a bhfuil siad páirteach iontu (míreanna 43 go 46).
88 Ón idirchaidreamh a bhí againn leis na húdaráis sna Ballstáit, tagaimid ar an gconclúid go bhfuil sé deacair faisnéis i dtaca le saol mothúchánach, coibhneas polaitiúil agus leas pearsanta a fháil, agus in go leor cásanna go bhfuil sé sin clúdaithe ag rialacha cosanta sonraí. Sa phróiseas soláthair phoiblí, thugamar faoi deara go bhfuil éagsúlacht sna nósanna imeachta fíorúcháin sna Ballstáit éagsúla, a bhíonn ag díriú isteach go ginearálta ar dhearbhuithe coinbhleachta leasa agus, amanna, go ndéantar seiceálacha ar ainmneacha cinnteoirí ar bhunachair sonraí daonra agus ar uirlisí gréasánbhunaithe atá ar fáil go poiblí amhail cláir trádála (míreanna 59 go 62).
89 Déanann údaráis bainistíochta comhroinnte seiceálacha freisin ar chásanna sa phróiseas soláthair phoiblí a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leo, rud a dtugtar ‘bratacha dearga’ orthu de ghnáth. Fuaireamar, áfach, nár tugadh aird leordhóthanach ar bhratacha dearga áirithe, amhail sciar ard nósanna imeachta nach bhfuil ach tairgeoir amháin iontu nó nuair a dhéantar conarthaí a idirbheartú le soláthróirí d’uireasa aon phróiseas iomaíoch tairisceana (míreanna 63 agus 64).
90 Tá úsáid Arachne deonach. Anuas air sin, níl aon fhaisnéis ann i dtaobh oifigigh phoiblí atá páirteach i mbainistiú agus rialú cistí ón Aontas. Cuireann sé sin teorainn leis an gcineál cásanna coinbhleachta leasa a bhféadfadh sé cuidiú lena mbrath (míreanna 67 go 69). Ar nós aon uirlis mianadóireachta sonraí, tá a úsáidí atá sé ag brath go mór ar chainníocht agus cáilíocht na sonraí bunúsacha atá ar fáil.
91 Bailíonn Ballstáit sonraí i dtaobh coinbhleachtaí leasa mar chuid dá n-oibleagáid neamhrialtachtaí a thaifeadadh agus iad a thuairisciú don Choimisiún. Mar gheall ar laigí sa tuairisciú, níl forléargas iomlán ag an gCoimisiún ná ag na Ballstáit ar na suimeanna a ndéanann coinbhleachtaí leasa sa bhainistíocht chomhroinnte difear dóibh agus níl aon táscaire comhfhreagrach ann (míreanna 78 go 82).
Moladh 1 – Feabhas a chur ar an acmhainneacht coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a thuairisciú
Ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Comhroinnt dea-chleachtais le húdaráis sna Ballstáit agus i measc údaráis sna Ballstáit a éascú agus a chur chun cinn a mhéid a bhaineann leis an gcaoi chun na cásanna éagsúla de choinbhleacht leasa a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 61(3) den Rialachán Airgeadais a shainaithint: an teaghlach, an saol mothúchánach, coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, leas eacnamaíoch nó aon leas pearsanta eile, bíodh sé díreach nó indíreach;
- Malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i dtaobh úsáid mórshonraí agus uirlisí mianadóireachta sonraí sna Ballstáit chun coinbhleachtaí leasa a bhrath, agus a iarraidh ar na Ballstáit na huirlisí sin a chur ar fáil dá gcuid údarás go léir agus iad a úsáid go córasach;
- Treoraíocht shoiléir a leagan síos do na Ballstáit faoin uair agus faoin gcaoi le calaois agus neamhrialtachtaí a bhfuil coinbhleachtaí leasa i gceist leo a thuairisciú don Choimisiún ar bhealach iomlán agus aonfhoirmeach trí IMS.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2024
Moladh 2 – Trédhearcacht a chur chun cinn
Ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- An dea-chleachtas, lena n-áirítear nósanna imeachta, atá curtha i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a chosc nuair a bhíonn cláir agus bearta á ndearadh agus á nglacadh a shainaithint agus iad a chraobhscaoileadh;
- Malartú dea-chleachtais a éascú i measc na mBallstát maidir le dearbhuithe a éileamh i dtaobh ioncam agus na sócmhainní atá ag daoine den fhoireann san earnáil phoiblí náisiúnta nó réigiúnach a bhíonn ag obair i bpoist chinnteoireachta sa bhainistíocht chomhroinnte, ionas go méadófar an trédhearcacht agus an chuntasacht agus go n-íoslaghdófar an riosca nach ndéanfaí coinbhleachtaí leasa a fhoilsiú.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2024
Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 25 Eanáir 2023.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
Uachtarán
Giorrúcháin
AS AGRI: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
AS BUDG: Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid
AS EMPL: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
AS HR: An Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil
AS REGIO: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh
CBT: An comhbheartas talmhaíochta
CC: Ciste Comhtháthaithe
CERT: An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta
CETFT: An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
CSE: Ciste Sóisialta na hEorpa
ECFE: An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta
EDES: Córas Luathbhraite agus Eisiaimh
GRECO: An Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta
IDOC: Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin
IMS: An córas bainistíochta neamhrialtachtaí
OIPE: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
OLAF: An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
SFC: Córas do Bhainistiú Cistí san Aontas Eorpach
Gluais
An córas bainistíochta neamhrialtachtaí: Feidhmchlár a bhíonn in úsáid ag na Ballstáit chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois amhrasta, a thuairisciú don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise.
Arachne: Uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí atá forbartha ag an gCoimisiún chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis bhainistíochta agus gníomhaireachtaí íocaíochta maidir le cistí SIE agus CBT a riar agus a bhainistiú.
Bainistíocht chomhroinnte: Modh a úsáidtear chun buiséad an Aontais Eorpaigh a chaitheamh, trína ndéanann an Coimisiún tarmligean chuig an mBallstát (murab ionann agus bainistíocht dhíreach), cé gurb é an Coimisiún féin a bheidh freagrach sa deireadh.
Bratach dhearg: Táscaire a chuireann in iúl go bhféadfadh idirbheart nó gníomhaíocht eile a bheith calaoiseach.
Calaois amhrasta: Neamhrialtacht óna n-eascraíonn imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha chun a fháil amach an raibh sí calaoiseach.
Calaois: Meabhlaireacht intinneach agus neamhdhleathach a dhéanamh chun buntáiste ábharthach a ghnóthú trí mhaoin nó airgead a choinneáil ó pháirtí eile.
Clár forbartha tuaithe: Tacar cuspóirí agus gníomhartha ilbhliantúla náisiúnta nó réigiúnacha, arna fhormheas ag an gCoimisiún, chun beartas forbartha tuaithe an Aontais a chur chun feidhme.
Clár oibríochtúil: Creat maidir le tionscadail chomhtháthaithe atá maoinithe ag an Aontas a chur chun feidhme, ina léirítear na tosaíochtaí agus cuspóirí a leagtar síos i gcomhaontuithe comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.
Comhlacht deimhniúcháin: I gcás caiteachas talmhaíochta, eintiteas poiblí nó príobháideach arna ainmniú ag Ballstát chun gníomhaireachtaí íocaíochta a chreidiúnú agus beachtas a gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a dheimhniú ar bhonn bliantúil.
Doirse imrothlacha: Cás ina bhfágann duine ról reachtach nó rialála chun post gaolmhar a ghlacadh san earnáil phríobháideach, nó a mhalairt go cruinn.
Earráid: Toradh ar ríomh mícheart nó neamhrialtacht a éiríonn as neamh-chomhlíonadh ceanglas dlíthiúil agus conarthach.
Éilliú: Mí-úsáid a bhaint as cumhacht phoiblí, chorparáideach nó phearsanta ar mhaithe le gnóthachan aindleathach.
Gníomhaireacht íocaíochta: Comhlacht arna bhunú ag Ballstát chun caiteachas talmhaíochta ón Aontas Eorpach a riar.
Íocaíochtaí díreacha: Íocaíochtaí tacaíochta, cúnamh a bhaineann le hachar talún den chuid is mó, a dhéantar go díreach le feirmeoirí faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta.
Mórshonraí: Méideanna móra de shonraí neamhstruchtúrtha ó fhoinsí éagsúla, agus an phróiseáil, bailiú, stóráil agus anailís a dhéantar orthu chun patrúin, treochtaí agus caidrimh fhóinteacha a nochtadh.
Neamhrialtacht: Sárú ar rialacha an Aontais Eorpaigh (nó na rialacha ábhartha náisiúnta) nó ar oibleagáidí conarthacha.
Plean gníomhaíochta: Doiciméad lena leagtar síos na céimeanna atá le glacadh chun sprioc áirithe a bhaint amach.
Ráiteas dearbhaithe: Ráiteas arna fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ina leagtar amach a tuairim iniúchóireachta i dtaobh bheachtas chuntais an Aontais agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo.
Sceithire: Duine, fostaí de ghnáth, a sceitheann faisnéis faoi éagóir atá ar siúl laistigh de ghnó nó eagraíocht.
Tairbhí: Duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann deontas nó iasacht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
Údarás bainistithe: An t-údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil (poiblí nó príobháideach) atá ainmnithe ag Ballstát chun clár atá maoinithe ag an Aontas a bhainistiú.
Úinéir tairbhiúil deiridh: Duine a thairbhíonn faoi dheoidh de ghnó nó eagraíocht, nó a bhfuil leas i ngnó nó eagraíocht ag an té sin.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistiú i dtaobh réimsí buiséadacha sonracha. Roghnaíonn agus dearann an Chúirt Iniúchóirí na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó is féidir acu trí bhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíontacht, ar leibhéal an ioncaim nó an chaiteachais lena mbaineann, ar fhorbairtí atá ar na bacáin agus ar an leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta I – Úsáid Inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Pietro Russo (Comhalta den Chúirt) agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Chiara Cipriani (Ceann na hOifige Príobháidí), Benjamin Jakob (Ataisé na hOifige Príobháidí), Richard Hardy (Príomhbhainisteoir), Jan Huth (Ceann Cúraim), Anca Florinela Cristescu (Leas-Cheann Cúraim) agus Servane de Becdelièvre, Maciej Szymura, Mihaela Vacarasu agus Lutz Venske (Iniúchóirí). Thug Marika Meisenzahl tacaíocht ghrafach. Thug Michael Pyper tacaíocht teanga.

Ó chlé go deas: Pietro Russo, Benjamin Jakob, Anca Florinela Cristescu, Richard Hardy, Servane de Becdelievre, Jan Huth
Críochnótaí
1 Ismeri Europa Srl v Cúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach.
2 Rialachán Airgeadais AE, Airteagal 61.
3 Airteagal 35 de Theoir 2014/23/AE, Airteagal 24 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 42 de Threoir 2014/25/AE.
4 ECFE, Coinbhleacht leasa san earnáil phoiblí a bhainistiú, 2005.
5 Féach mar shampla, ECFE, Claonpháirteachas agus Éilliú sa Phróiseas Soláthair Phoiblí, 2010.
6 Féach Tuarascáil OLAF 2021, lch. 18 nó Tuarascáil OLAF 2020, lgh. 14-15.
7 ECFE, Calaois agus Éilliú i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, 2019.
8 Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, C(2022) 1382 final, 2.3.2022, an Bhruiséil.
9 Togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir, COM(2022) 485 final.
10 Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AS AGRI), Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (AS BUDG), an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL), an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil (AS HR) agus Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) sa Choimisiún.
11 Is oifig ionchúisimh phoiblí neamhspleách de chuid an Aontais Eorpaigh atá in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.
12 Is comhlacht frith-éillithe i gComhairle na hEorpa é an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO).
13 Ag díriú isteach go príomha ar an mBaváir agus Saarland.
14 Rialacháin Foirne an Aontais.
15 Cinneadh ón gCoimisiún an 29.6.2018 maidir le gníomhaíochtaí agus sannacháin sheachtracha agus maidir le gníomhaíochtaí ceirde tar éis an tSeirbhís a fhágáil, C(2018) 4048 final, 29.6.2018, an Bhruiséil.
16 Treoraíocht maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú faoin rialachán airgeadais, (2021/C 121/01).
17 Cinneadh ón Ombudsman maidir leis an dóigh a mbainistíonn an Coimisiún Eorpach ‘doirse imrothlacha’.
18 Cinneadh ón Ombudsman: cásanna de dhoirse imrothlacha.
19 Preasráiteas ón Ombudsman Eorpach Uimh. 3/2022: Riarachán an Aontais ag pointe criticiúil sa chaoi a mbítear ag déileáil le ‘doirse imrothlacha’, 18 Bealtaine 2022.
20 Tairseach Frith-chalaoise an Choimisiúin Eorpaigh.
21 Don chomhtháthú, féach Leathanach Gréasáin an Choimisiúin ‘Tairbhithe de Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh’; agus don talmhaíocht, féach Leathanach Gréasáin an Choimisiúin ‘Tairbhithe de chistí CBT’.
22 I gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
23 Staidéar do Pharlaimint na hEorpa, Coiste CONT: An 50 tairbhí is mó de chistí CBT agus den Chiste Comhtháthaithe i ngach Ballstát ar leith, 2021.
24 Airteagal 69(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.
25 Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2021/2116.
26 An Chipir, an Danmhairg, an Fhrainc, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Phortaingéil agus an tSualainn.
27 Agence Europe: ‘Measann Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa nach bhfuil Acht um Chosaint do Sceithirí Mhálta ag comhlíonadh a chuspóra’, 20 Nollaig 2021.
28 Tuarascáil maidir le Gníomhaíochtaí Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin (IDOC), 2020.
29 Tuarascáil Bhliantúil OLAF, 2020.
30 Féach tuarascálacha tíre don soláthar poiblí 2018 (Tuarascálacha tíre agus faisnéis ar thíortha an Aontais), atá curtha isteach ag tíortha AE agus LEE chuig an gCoimisiún Eorpach.
31 Tuarascáil an Ard-Iniúchóra, 2019, Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta Mhálta.
32 An Coimisiún Eorpach (AS AGRI), Treoirlíne Uimh. 1 – Treoirlínte don iniúchóireacht deimhniúcháin ar chuntais CERT/CEFTF – Treoirlíne don chreidiúnú, FY 2021.
33 Córas Luathbhraite agus Eisiaimh.
34 Féach mar shampla: Elizabeth Dávid-Barrett agus Mihály Fazekas, Grand corruption and government change: an analysis of partisan favoritism in public procurement, European Journal on Criminal Policy and Research 26, 411-430 (2020).
35 Airteagal 54 de Rialachán Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 122 de Rialachán Uimh. 1303/2013.
36 Airteagal 122(2) de Rialachán Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 50(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013.
37 Tuarascálacha speisialta 01/2019 ‘Comhrac na calaoise i gcaiteachas an Aontais Eorpaigh’, míreanna 23-28, agus 06/2019 ‘Dul i ngleic le calaois i gcaiteachas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh’, míreanna 45-57.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023
ISBN 978-92-847-9568-0 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/658872 | QJ-AB-23-006-GA-N | |
HTML | ISBN 978-92-847-9538-3 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/386685 | QJ-AB-23-006-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2023
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnasCreative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:
Fíoracha 4 agus 7 – Deilbhíní: rinneadh na fíoracha a dhearadh ag úsáid acmhainní ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.