Buiséad an Aontais a chosaint – Is gá úsáid níos fearr a bhaint as dúliostú
Maidir leis an tuarascáil:Is beart é “Dúliostú” atá dírithe ar chalaois a chosc. Trína bhunachar sonraí EDES, déanann an tAontas iarracht contrapháirtithe neamhiontaofa, amhail iad siúd a bhfuil baint acu le calaois, éilliú nó neamhrialtachtaí eile, a eisiamh ó chistí poiblí a fháil. Rinne ár n-iniúchadh measúnú féachaint an mbaintear úsáid éifeachtach as dúliostú chun buiséad an Aontais a chosaint. Thángamar ar an gconclúid nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair éifeachtach toisc nach bhfuil sraith oibleagáidí comhleanúnach do na modhnuithe íocaíochta éagsúla. Thairis sin, do na cistí atá faoi chúram na mBallstát, níl úsáid na gcóras eisiaimh éigeantach. Is beag cás ar dhúliosta EDES a thagann as freagrachtaí ilroinnte agus easnaimh maidir le contrapháirtithe ineisiata a shainaithint. Molaimid mar sin úsáid EDES a leathnú do chistí arna mbainistiú ag na Ballstáit, i gcás ina bhfuil meascán d’oibleagáidí dlíthiúla maidir le heisiamh i bhfeidhm faoi láthair. Molaimid freisin úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus uirlisí digiteacha chun contrapháirtithe neamhiontaofa a shainaithint
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I Tá an tAontas Eorpach agus na Ballstáit freagrach go comhpháirteach as leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i dtaca le cistí an Aontais. Is príomhuirlis é “dúliostú” (nó eisiamh) a úsáideann comhlachtaí idirnáisiúnta agus údaráis náisiúnta chun a gcistí poiblí a chosaint. Is é an cuspóir atá leis sin ná comhaontuithe airgeadais le contrapháirtithe neamhiontaofa a sheachaint, amhail comhaontuithe le contrapháirtithe a bhfuil baint acu le calaois, éilliú, mí-iompar gairmiúil, sciúradh airgid, nó gan cáin a íoc. In 2020, d'íoc an tAontas amach thart ar €150 billiún faoi chomhaontuithe airgeadais. Ó 2016, tá an Coimisiún freagrach as an gCóras Luathbhraite agus Eisiamh (EDES) a fheidhmiú don cheathrú cuid de chaiteachas an Aontais (€39 mbilliún) a bhainistíonn sé go díreach nó go hindíreach trí chomhpháirtithe cur chun feidhme i gcomhréir le rialacha airgeadais an Aontais. Don trí cheathrú cuid de chaiteachas an Aontais a bhaineann le húdaráis náisiúnta (€111 bhilliún), bíonn ar Bhallstáit déanamh de réir oibleagáidí a bhaineann le heisiaimh ach ní cheanglaítear orthu córais nó bunachar sonraí eisiaimh per se a chur ar bun.
II Ba é aidhm an iniúchta seo ná measúnú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil úsáid éifeachtach á baint as an eisiamh chun cistí an Aontais a chosaint ó contrapháirtithe neamhiontaofa. Dhíríomar go príomha ar a mheasúnú an bhfuil nó nach bhfuil EDES ag fheidhmiú go héifeachtach i mbainistíocht dhíreach agus indíreach. Go háirithe, scrúdaíomar éifeachtacht EDES i leith cásanna eisiaimh, nósanna imeachta eisiaimh, dúliosta na gcontrapháirtithe eisiata, agus socruithe maidir le contrapháirtithe a shainaithint i gcásanna eisiaimh. A mhéid a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte, roghnaíomar ceithre Bhallstáit chun athbhreithniú a dhéanamh ar a socruithe eisiaimh agus chun dea-chleachtais a shainaithint. Rinneamar an t-iniúchadh d’fhonn rannchuidiú leis na tograí ón gCoimisiúin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha airgeadais an Aontais agus úsáid uirlisí digiteacha agus sonraí a fheabhsú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
III Ba é ár gconclúid nach bhfuil eisiamh á úsáid go héifeachtach chun cistí an Aontais a chosaint ó chontrapháirtithe neamhiontaofa. Cé go bhfuil réimse leathan de chásanna eisiaimh agus nósanna imeachta urrúnta maidir le cinnteoireacht in EDES, is beag eisiaimh atá taifeadta ag seirbhísí an Choimisiúin sa chóras toisc go bhfuil easnaimh sna socruithe maidir le contrapháirtithe a shainaithint i gcásanna eisiaimh. Sa bhainistíocht chomhroinnte, nach bhfuil feidhm ag EDES ina leith, baineann cuir chuige éagsúla na mBallstát an bonn den éifeachtacht fhoriomlán atá ag úsáid an eisiaimh chun buiséad an Aontais a chosaint.
IV A mhéid a bhaineann le bainistíocht dhíreach, fuaireamar amach go bhfuil raon feidhme leathan agus nós imeachta urrúnta ag EDES, bunaithe ar mheasúnú lárnach ar chásanna ag painéal neamhspleách a áirithíonn go gcaitear le comhpháirtithe ar bhealach comhleanúnach agus cothrom. Tá easnaimh sna socruithe maidir le comhpháirtithe a shainaithint i gcásanna eisiaimh tar éis cur leis an líon íseal eisiamh, áfach. Go háirithe, tá freagracht as an eisiamh ilroinnte agus bíonn deacrachtaí dlíthiúla agus teicniúla ag ranna an Choimisiúin rochtain a fháil ar shonraí na mBallstát maidir le cásanna eisiaimh, amhail cláir ghnó agus taifid choiriúla. Fiú i gcásanna inar ann do shonraí ábhartha ag leibhéal an Aontais, mar shampla, a bhaineann le himscrúduithe calaoise, ní i gcónaí a úsáidtear na sonraí sin ná inúsáidte . I gcleachtas, tá an Coimisiún ag brath go mór ar dhearbhuithe ar onóir ó chontrapháirtithe an Aontais á rá nach bhfuil aon chás eisiaimh ann. Sa chomhthéacs sin, fuaireamar amach go bhfuil faireachán agus formhaoirseacht lárnach teoranta maidir le cásanna EDES a shainaithint agus a chlárú, agus gurb amhlaidh an scéal le deiseanna breise maidir le húsáid EDES a chur chun cinn agus maidir le huirlisí comhroinnte sonraí agus digiteacha a spreagadh.
V A mhéid a bhaineann le bainistíocht indíreach, fuaireamar amach go bhfuil rannchuidiú beag déanta ag comhpháirtithe cur chun feidhme chuig líon na gcásanna eisiaimh atá cláraithe in EDES. Is iad na tosca céanna a bhaineann le bainistíocht dhíreach is cúis leis sin cuid mhaith. Áirítear le tosca rannchuidithe eile comhaontuithe le comhpháirtithe cur chun feidhme nach gcumhdaíonn gach cás eisiaimh agus comhpháirtithe cur chun feidhme gan bheith ceadaithe contrapháirtithe a eisiaimh sula mbíonn breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin ann. Fuaireamar amach freisin go raibh moill ar an gCoimisiún a mheasúnú ar shocruithe eisiaimh na gcomhpháirtithe cur chun feidhme a thabhairt chun críche.
VI A mhéid a bhaineann le bainistíocht chomhpháirteach, a chumhdaíonn caiteachas talmhaíochta agus comhtháthaithe den chuid is mó agus nach gcumhdaítear le EDES, léirigh ár gcuairteanna ar cheithre Bhallstát éagsúlachtaí móra ina gcur chuige maidir le heisiamh, rud a chuireann le neamhchothroime i dtaca le cosaint chistí aon Aontais. Fuaireamar amach freisin go bhféadfadh roinnt Ballstát úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus uirlisí ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear sonraí maidir le calaois agus neamhrialtachtaí, agus an uirlis bainistíochta riosca agus mianadóireachta sonraí, Arachne. Ar deireadh, fuaireamar amach nach bhfuil forléargas ag an gCoimisiún ar chórais eisiaimh na mBallstát agus nach bhfuil na sonraí riachtanacha ar fáil chun straitéis a fhorbairt chun a chumas féin a fheabhsú, chomh maith le cumas comhpháirtithe cur chun feidhme agus na n-údarás sna Ballstáit, chun contrapháirtithe a shainaithint atá i gcás eisiaimh, nó ar baol dóibh a bheith i gcás eisiaimh.
VII Molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an réimse eisiaimh a fhairsingiú tuilleadh;
- cur chun feidhme EDES a neartú;
- an faireachán ar EDES faoi bhainistíocht indíreach a fheabhsú;
- EDES a fhairsingiú chun bainistíocht chomhroinnte a chumhdach;
- úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus uirlisí digiteacha chun críocha eisiaimh.
Réamhrá
Freagrachtaí an Aontais agus na mBallstát maidir le buiséad an Aontais a chosaint
01 In 2020, d’íoc an tAontas amach thart ar €150 billiún1 faoi chomhaontuithe airgeadais. Cumhdaíonn na comhaontuithe go príomha dámhachtainí deontais, conarthaí oibre, earraí nó seirbhísí, agus ionstraimí airgeadais, amhail iasachtaí, ráthaíochtaí nó infheistíochtaí cothromais. Bíonn réimse contrapháirtithe sna comhaontuithe, ó dhaoine aonair príobháideacha, amhail feirmeoirí agus taighdeoirí, go heintitis mhóra, amhail fiontair thráchtála, bardais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.
02 Tá freagracht fhoriomlán ar an gCoimisiún maidir le buiséad an Aontais a bhainistiú. In 2020, chuir an Coimisiún thart ar 19 % den chaiteachas oibríochtúil (€28 mbilliún) chun feidhme faoi chomhaontuithe go díreach trína ardstiúrthóireachtaí féin agus ranna eile, agus 7 % sa bhreis air sin go hindíreach (€11 bhilliún)2, trí “chomhpháirtithe cur chun feidhme” roghnaithe, amhail Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI). Tá lámh ag údaráis na mBallstát sa 74 % (€111 bhilliún) eile de chaiteachas bliantúil an Aontais a chur chun feidhme trí “bhainistíocht chomhroinnte” mar a thugtar uirthi, a chumhdaíonn caiteachas talmhaíochta agus comhtháthaithe den chuid is mó.
03 Déanann an Coimisiún an fhreagracht as bainistiú bhuiséad an Aontais sna réimsí beartais éagsúla a tharmligean chuig “oifigigh údarúcháin” ina ranna (ardstiúrthóirí)3. Áirítear lena ndualgais, comhaontuithe airgeadais a shíniú le comhpháirtithe an Aontais (faoi bhainistíocht dhíreach)4 nó le comhpháirtithe cur chun feidhme (faoi bhainistíocht indíreach) chun síniú comhaontuithe le comhpháirtithe thar ceann an Choimisiúin a chur ar a n-iontaoibh. Sa bhainistíocht chomhroinnte, is iad údaráis bhainistíochta agus gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát atá freagrach as comhaontuithe a dhéanamh le comhpháirtithe.
04 Faoi dhlí an Aontais, ní mór don Choimisiún, do chomhpháirtithe cur chun feidhme agus d’údaráis na mBallstát buiséad an Aontais a chosaint ó chalaois agus neamhrialtachtaí5. Chuige sin, tá sé de cheangal orthu córais rialaithe éifeachtacha a chur ar bun6. Ní mór do na Ballstáit na bearta céanna a ghlacadh chun cur in aghaidh calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais is a ghlacann siad chun cur in aghaidh calaois a dhéanann díobháil dá leasanna airgeadais féin7. Tá an Coimisiún freagrach as leibhéal cosanta comhchosúil a áirithiú i ngach cineál comhshocrú bainistíochta, bídís díreach, indíreach nó comhroinnte8.
Contrapháirtithe neamhiontaofa a eisiamh ó chistí a fháil
05 Is uirlis thábhachtach é an t-eisiamh (nó “toirmeasc”) a úsáideann eagraíochtaí, amhail comhlachtaí idirnáisiúnta agus údaráis náisiúnta, chun contrapháirtithe neamhiontaofa a chosc ó chur isteach ar dheontais nó conarthaí rialtais, agus deontais nó conarthaí rialtais a fháil. Áirítear an méid seo a leanas sna príomhghnéithe de chóras eisiaimh atá ag eagraíocht9:
- “dúliosta” de na contrapháirtithe atá eisiata ó comhaontuithe airgeadais a dhéanamh leis an eagraíocht;
- tacair d'fhorais chun contrapháirtí a eisiamh, amhail mí-iompar gairmiúil, calaois, éilliú, sciúradh airgid, nó cánacha neamhíoctha (“cásanna eisiaimh”);
- próiseas chun contrapháirtithe a chur ar an dúliosta nó a bhaint den dúliosta (“próiseas eisiaimh”);
- socruithe chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil contrapháirtithe i gcás eisiaimh, lena n-áirítear úsáid an dúliosta.
06 Léiríonn Fíor 1 an caidreamh idir na príomhghnéithe atá i gcóras eisiaimh.
07 Go bunúsach, cuireann an dúliosta ar chumas bainisteoirí airgeadais i gcuid amháin den eagraíocht brath ar sheiceálacha ar chontrapháirtí a rinne bainisteoirí airgeadais i gcodanna eile den eagraíocht chéanna roimhe sin. Trí ainmneacha na gcontrapháirtithe eisiata a fhoilsiú, leathnaítear an tairbhe sin chuig bainisteoirí airgeadais in eagraíochtaí eile agus cuireann sé éifeacht dhíspreagtha ar fáil. Tá dúliostú in úsáid le fada ag rialtas cónaidhme SAM agus ag Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus bhí sé sin mar inspioráid do chóras eisiaimh le haghaidh bhuiséad an Aontais. Cuireann Bosca 1 forléargas ar fáil ar chóras eisiaimh rialtas cónaidhme SAM a chuireann gníomhaireachtaí cónaidhme SAM chun feidhme.
Eisiamh i ngníomhaireachtaí cónaidhme SAM
Contrapháirtithe a áirítear ar an dúliosta, ní cheadaítear dóibh páirt a ghlacadh i ndámhachtain deontas de chuid ghníomhaireachtaí cónaidhme SAM ná i nósanna imeachta conartha. Úsáideann gach gníomhaireacht cónaidhme na córais chéanna, amhail an Córas Cónaidhme maidir le Faisnéis i dtaobh Feidhmíocht agus Ionracas na nDámhachtaithe agus an Córas um Bainistíocht Dámhachtana chun seiceáil a dhéanamh ar chontrapháirtithe do chásanna eisiaimh agus chun contrapháirtithe dúliostaithe a chlárú.
Tá “oifigeach toirmisc” ag gach gníomhaireacht chónaidhme, atá neamhspleách ar an bhfeidhm chonarthach agus atá freagrach as cinntí a déanamh chun contrapháirtithe a eisiamh. Tá feidhm ag eisiamh a dhéanann gníomhaireacht cónaidhme amháin i gcás na ngníomhaireachtaí cónaidhme eile go léir, agus cuirtear cosc ar chontrapháirtí ó dheontais nó conarthaí breise a fháil ó bhuiséad cónaidhme SAM. Foilsítear ainmneacha na gcontrapháirtithe eisiata ar líne.
Creat dlíthiúil an Aontais maidir le heisiamh
08 Is réamhriachtanas do chosaint leasanna airgeadais an Aontais é cosc a chur ar chistí a bheith ag dul go contrapháirtithe nach bhfuil cead acu iad a fháil10. Le rialacha airgeadais an Aontais (an Rialachán Airgeadais)11, ceanglaítear ar an gCoimisiún córas luathbhraite agus eisiaimh (EDES) a chur ar bun agus a oibriú do chistí an Aontais a chaitear faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Chuir an Coimisiún EDES ar bun in 2016.
09 Tá foráil sa Rialachán Airgeadais is féidir a úsáid chun contrapháirtithe a meastar go bhfuil siad i gcás eisiaimh a eisiamh agus/nó pionóis airgeadais a ghearradh orthu12 (Bosca 2). I gcásanna tromchúiseacha, d’fhéadfadh sé go bhfoilseofaí ainm an chontrapháirtí mar dhíspreagadh13.
Cásanna eisiaimh faoi EDES
Faoi EDES, is féidir contrapháirtí a eisiamh ar na forais seo a leanas:
- féimheacht, dócmhainneacht agus cásanna comhchosúla;
- gan cánacha ná ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc;
- mí-iompar gairmiúil tromchúiseach;
- calaois, éilliú, agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile;
- neamhrialtachtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí atá cistithe ag an Aontas;
- neamhchomhlíonadh suntasach na bpríomhoibleagáidí faoi chonarthaí atá cistithe ag buiséad an Aontais;
- dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó dlíthiúla eile nó eintiteas a chruthú chuige sin.
10 Tá oifigigh údarúcháin an Choimisiúin freagrach as contrapháirtithe ineisiata a shainaithint agus cásanna eisiaimh a chlárú14 i mbunachar sonraí EDES (an "dúliosta"). Braitheann an nós imeachta eisiaimh ar chineál an cháis eisiaimh. Ba cheart d’oifigigh údarúcháin contrapháirtithe a eisiamh go díreach i gcás féimheachta nó dócmhainneachta chomh maith le neamhíocaíocht cánacha nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta bunaithe ar bhreithiúnais chríochnaitheacha nó cinntí riaracháin.
11 I gcásanna eisiaimh eile, ba cheart don oifigeach údarúcháin iarraidh ar eisiamh a sheoladh chuig painéal EDES. Tá an comhlacht sin comhdhéanta de chathaoirleach neamhspleách, beirt Chomhaltaí bhuana arna n-ainmniú ag ardstiúrthóireacht an bhuiséid, agus ionadaí don oifigeach údarúcháin a bhfuil an iarraidh ar eisiamh á dhéanamh aige nó aici. Tá sé de chúram ar an gcomhlacht measúnú a dhéanamh ar na fíorais agus fionnachtana a shuífear, agus, i gcás nach bhfuil breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin ann, “réamh-aicmiú sa dlí” a dhéanamh15.
12 Déanann painéal EDES16 measúnú ar na cásanna a tharchuirtear chuige ó oifigigh údarúcháin agus eisíonn sé moltaí i dtaobh an bhfuil contrapháirtí le heisiamh, pionós airgeadais le cur air agus/nó an bhfuil a ainm le poibliú17. Tá an painéal freagrach freisin as cearta bunúsacha na gcontrapháirtithe a chosaint, lena n-áirítear an “ceart chun éisteacht a fháil”. Tar éis an moladh ón bpainéal a fháil, tá an fhreagracht ar an oifigeach údarúcháin a chláraigh an cás an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le bearta sriantacha a chur ar an gcontrapháirtí.
13 Tá sé mar aidhm ag an luathbhrath foláireamh a thabhairt do phobal na n-oifigeach údarúcháin maidir le contrapháirtithe ardriosca18. Ba cheart d’oifigigh údarúcháin contrapháirtí a chlárú faoin sásra luathbhraite, má ghlacann siad leis go bhfuil sé i gcás eisiaimh ach gur gá an fhianaise is gá a bhailiú chun eisiamh a dhéanamh. Ba cheart dóibh fógra a thabhairt don chontrapháirtí, seachas i gcás ina gcuirfeadh sé an t-imscrúdú atá idir lámha i mbaol. Féadfaidh contrapháirtí a shainaithnítear mar chás luathbhraite leanúint d'iarratas a dhéanamh ar chistiú ón Aontas. Ní cheart go bhfanfadh cásanna luathbhraite ar oscailt níos faide ná aon bhliain amháin. Chun síneadh a chur leis an tréimhse sin, ba cheart don oifigeach údarúcháin an cás a tharchur chuig an bpainéal.
14 Is é EDES an t-aon chóras eisiaimh atá ag oibriú ar leibhéal an Aontais faoi láthair. Cé go gceanglaítear ar Bhallstáit córais rialaithe a chur ar bun faoi bhainistíocht chomhpháirteach chun leasanna airgeadais an Aontas a chosaint, ní cheanglaítear ar Bhallstáit córais eisiaimh per se a bhunú faoi dhlí an Aontais19. Léiríonn Fíor 2 an chuid de bhuiséad an Aontais a chumhdaítear le EDES.
Raon feidhme agus cur chuige an iniúchta
15 Ba é cuspóir an iniúchta seo ná measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil nó nach bhfuil úsáid éifeachtach á baint as an eisiamh chun cistí an Aontais a chosaint ó contrapháirtithe neamhiontaofa. Clúdaíonn ár n-iniúchadh an tréimhse ó 2016 go 2020.
16 Dhíríomar go príomha ar mheasúnú a dhéanamh féachaint an raibh nó nach raibh EDES ag feidhmiú go héifeachtach i mbainistíocht dhíreach agus indíreach. Go háirithe, rinneamar measúnú ar na nithe seo a leanas:
- an gcuireann cásanna eisiaimh EDES raon feidhme leordhóthanach ar fáil chun contrapháirtithe neamhiontaofa a eisiamh;
- an ndéanann nós imeachta eisiaimh EDES foráil do chinnteoireacht urrúnta i dtaca le contrapháirtithe a sainaithnítear go bhfuil cás eisiaimh ag baint leo;
- tá dóthain ainmneacha i mbunachar sonraí de chontrapháirtithe eisiata (an “dúliosta”) chun rannchuidiú suntasach a dhéanamh i dtreo leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
- an leor socruithe EDES chun contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh a shainaithint.
17 Bhailíomar agus rinneamar anailís ar fhaisnéis maidir le hoibriú EDES ó:
- dhá roinn den Choimisiún atá freagrach as caiteachas oibríochtúil a údarú faoi bhainistíocht dhíreach – an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde (REA) – agus faoi bhainistíocht indíreach – an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA);
- dhá roinn den Choimisiún le freagrachtaí as réimsí trasbheartais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint –Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (AS BUDG) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF);
- na príomh-comhpháirtithe sa bhainistíocht indíreach atá freagrach as ionstraimí airgeadais an Aontais a chur chun feidhme, eadhon an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) agus rogha dá idirghabhálaithe airgeadais i gceithre Bhallstát (an Eastóin, an Iodáil, an Pholainn agus an Phortaingéil).
18 Chuireamar EDES i gcomparáid le córais eisiaimh rialtas cónaidhme SAM agus Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda, ar thugamar cuairt orthu i mí Feabhra 2020. Ina theannta sin, rinneamar anailís agus cros-seiceáil ar fhaisnéis maidir le contrapháirtithe agus cásanna eisiaimh in EDES, córas cuntasaíochta an Aontais agus bunachair eile ar leibhéal an Aontais, foinsí sonraí náisiúnta, agus uirlisí sonraí comhlíontachta atá ar fáil ar bhonn tráchtála20.
19 A mhéid a bhaineann leis an mbainistíocht chomhroinnte, rinneamar athbhreithniú ar cheithre Bhallstát (an Eastóin, an Iodáil, an Pholainn agus an Phortaingéil), a roghnaíomar chun éagsúlacht cur chuige a léiriú i dtaca le bainistiú cistí poiblí. Do gach ceann de na Ballstáit sin, roghnaíomar gníomhaireacht íocaíochta amháin agus údarás bainistíochta amháin atá freagrach as an gcaiteachas talmhaíochta agus comhtháthaithe. Mar gheall ar an ráig de COVID-19, bhíomar ag brath ar anailís ar dhoiciméid oifigiúla, freagraí i scríbhinn ó údaráis na mBallstát ar ár gceisteanna mar gheall ar an úsáid a bhain siad as an eisiamh, agus cianagallaimh le hoifigigh na n-údarás sin. Bhailíomar agus rinneamar anailís freisin ar fhaisnéis maidir leis an eisiamh sa bhainistíocht chomhroinnte ó phríomhranna an Choimisiúin a bhí páirteach, eadhon Ardstiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, Ard-stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaí agus Uirbigh agus an Ard-stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú. D’úsáideamar an uirlis sonraí comhlíontachta freisin chun scagthástáil a dhéanamh ar shampla srathaithe de chontrapháirtithe sa bhainistíocht chomhroinnte le haghaidh cásanna eisiaimh féideartha.
20 Rinneamar an t-iniúchadh seo d’fhonn rannchuidiú leis an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán Airgeadais in 2022 chomh maith lena phleananna chun úsáid uirlisí digiteacha agus sonraí a fheabhsú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chóras faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach a chur ar fáil lena gcumhdófar tairbhithe uile chistí an Aontais21.
Barúlacha
Bainistíocht dhíreach: In ainneoin roinnt láidreachtaí sa chóras eisiaimh, tá teorainn lena éifeachtúlacht mar gheall ar laigí
Tá raon feidhme leathan agus nósanna imeachta eisiaimh fairsing ag córas eisiaimh an Choimisiúin
Clúdaíonn EDES réimse leathan contrapháirtithe, cineálacha comhaontuithe airgeadais, agus cásanna eisiaimh
21 Chun a fhóntacht a uasmhéadú, bheimis ag súil go mbeadh feidhm ag córas eisiaimh éifeachtach maidir le gach cineál contrapháirtí a d’fhéadfadh a bheith ann, go gcumhdódh sé gach cineál comhaontú airgeadais, agus go n-áireodh sé liosta cuimsitheach de chásanna eisiaimh.
22 Fuaireamar amach go bhfuil feidhm ag an eisiamh maidir le gach cineál contrapháirtí san Aontas atá incháilithe chun cur isteach ar chistí agus chun cistí a fháil. Páirtithe gaolmhara, amhail cleamhnaithe, úinéirí tairbhiúla, agus bainisteoirí freagracha (i gcás nach bhfuil siad féin ag fáil cistí an Aontais), áfach, tá an fhéidearthacht chun iad a eisiamh sách teoranta faoin Rialachán Airgeadais22.
23 Fuaireamar amach freisin, ón athbhreithniú in 2016 ar an Rialachán Airgeadais i leith, go bhfuil feidhm ag cásanna eisiaimh maidir le gach cineál comhaontú airgeadais, go sonrach conarthaí, deontais, duaiseanna agus ionstraimí airgeadais.
24 Ar deireadh, fuaireamar amach go ndéanann an Rialachán Airgeadais foráil do réimse leathan cásanna eisiaimh, atá inchomparáide leo siúd a úsáideann rialtas cónaidhme SAM. Níor thugamar faoi deara ach éagsúlacht shuntasach amháin: Ní dhéanann rialacha airgeadais an Aontais foráil d’eisiamh contrapháirtithe a bhfuil fiacha amuigh orthu as buiséad an Aontais, ach féadfaidh oifigigh údarúcháin an riosca sin a mhaolú trí aon fhiacha a fhritháireamh in aghaidh íocaíochtaí a bheadh le déanamh amach anseo agus ní gá iad a eisiamh dá bharr sin.
Déanann nósanna imeachta EDES foráil do chinnteoireacht urrúnta maidir le heisiamh
25 Bheimis ag súil le nós imeachta urrúnta chun contrapháirtithe a chur leis na liosta nó iad a bhaint den liosta chun a áirithiú go mbíonn cinntí maidir le heisiamh bailí, comhsheasmhach, comhchothrom agus comhréireach. Tugann Tábla 1 forléargas ar an gcomparáid a rinneamar idir EDES agus córas eisiaimh SAM. Tá tréithe i gcoiteann ag córas eisiaimh Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda le EDES agus le córas eisiaimh SAM.
| Gné | EDES | Córas SAM |
|---|---|---|
| An fhianaise atá ag teastáil | Breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin. Nó fíorais agus fionnachtana leordhóthanacha gur ann do chás eisiaimh (réamh-aicmiú sa dlí) |
Bhreithiúnas sibhialta nó ciontú. Nó fianaise leordhóthanach gur dóchúla go bhfuil fíoras an cháis eisiaimh fíor ná nach bhfuil (tromlach na fianaise) |
| Cinnteoir | Oifigeach údarúcháin na roinne nó na gníomhaireachta atá freagrach (tar éis comhairliúcháin le painéal EDES) | Oifigeach fionraíochta agus toirmisc sa ghníomhaireacht atá freagrach |
| Fógra a thabhairt don contrapháirtí | Tá | Tá |
| An ceart éisteacht a fháil | Tá | Tá |
| Iarmhairtí do chontrapháirtithe | Eisiata ó chistiú nua ar feadh 1 – 5 bliana Foilsiú i gcásanna tromchúiseacha An fhéidearthacht go ngearrfar pionós airgeadais |
Eisiata ó chistiú nua ar feadh 1 – 5 bliana Foilsiú i ngach cás |
Foinse: CIE.
26 Fuaireamar amach go bhfuil nósanna imeachta cinnteoireachta urrúnta ag EDES maidir le heisiamh. Áirithítear bailíocht na cinnteoireachta trí bheith ag brath ar bhreithiúnais chríochnaitheacha nó cinntí riaracháin. Anuas air sin, in éagmais breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach (a bhféadfadh sé go dtógfadh sé míonna nó blianta fiú), ceadaítear faoin Rialachán Airgeadais contrapháirtithe a eisiamh, i gcás ina bhfuil riosca suntasach ann do leasanna airgeadais an Aontais agus go bhfuil na fíorais agus fionnachtana leordhóthanach chun tacú le cinneadh eisiaimh. Sna cásanna sin, ní mór don oifigeach údarúcháin atá freagrach an cás a tharchur chuig painéal EDES.
27 Mar an gcéanna le córas SAM, ceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais go dtabharfaí fógra roimh ré do chontrapháirtithe agus go dtabharfar deis dóibh barúil a dhéanamh sula ndéantar cinneadh eisiaimh. Breithníonn painéal EDES na barúlacha ó chontrapháirtithe in éineacht leis na fíorais agus na fionnachtana a chuireann na hoifigigh údarúcháin ar fáil agus eisíonn sé moladh. Cosnaíonn nós imeachta measúnaithe an phainéil cearta bunúsacha na gcontrapháirtithe, amhail an ceart chun éisteacht a fháil23.
28 Idir 2016 agus 2020, tharchuir oifigigh údarúcháin 98 gcás chuig an bpainéal. Rinne an painéal 57 moladh – 43 chun an contrapháirtí lena mbaineann a eisiamh agus 14 gan an contrapháirtí a eisiamh24. Áiríodh sna 41 chás eile cásanna a tharraing na hoifigigh údarúcháin siar toisc gur athraigh cúinsí, cásanna nach raibh an painéal i riocht moladh a thabhairt, agus cásanna a bhí fós ar siúl. Ó 2016 i leith, chinn oifigigh údarúcháin moladh an phainéil a leanúint i gcónaí25. Cabhraíonn comhdhéanamh an phainéil, agus a thaithí i measúnú lárnach a dhéanamh ar chásanna eisiaimh, le cinnteoireacht chomhleanúnach a áirithiú. Cabhraíonn an fhoireann d’oifigigh in AS BUDG a chuireann tacaíocht riaracháin ar fáil do phainéal EDES chun comhleanúnachas a áirithiú trí chomhairle a thabhairt d’oifigigh údarúcháin i ranna eile i dtaca leis an gcás a tharchur nó gan é a tharchur.
29 Nuair atá cinneadh eisiaimh glactha ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach, bíonn sé de cheangal ar oifigigh údarúcháin eile urraim a thabhairt dó go dtí go bhfuil an tréimhse eisiaimh críochnaithe ag an gcontrapháirtí. Chomh maith le bheith in ann rochtain a fháil ar bhunachar sonraí EDES, féadann ranna seiceáil dhíreach a dhéanamh i gcóras cuntasaíochta an Choimisiúin féachaint an bhfuil contrapháirtí liostaithe in EDES sula ndéantar gealltanas airgeadais nua. Cuirtear deireadh le dúliostú chontrapháirtí in EDES go huathoibríoch ag deireadh a thréimhse eisiaimh. Féadfaidh oifigigh údarúcháin a iarraidh ar an bpainéal athbhreithniú a dhéanamh ar mholadh eisiaimh chun fíorais nó cúinsí nua a chur san áireamh freisin – mar shampla, nuair atá an t-údarás ábhartha tar éis teacht ar an mbreithiúnas críochnaitheach nó ar an gcinneadh riaracháin, nó nuair atá beart leighis déanta ag an gcontrapháirtí.
Is beag contrapháirtí “dúliostaithe” a áirítear in EDES
30 Braitheann fóntacht “dúliosta” cuid mhór ar a mhéid agus a raon feidhme, rud a chinntear go príomha bunaithe ar phríomhghnéithe eile an chórais eisiaimh (féach Fíor 1 thuas):
- réimse na gcontrapháirtithe, cineálacha comhaontuithe airgeadais, agus cásanna eisiaimh a chumhdaítear;
- oibríocht an nós imeachta eisiaimh; agus
- na socruithe a dhéantar chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil contrapháirtithe i gcás eisiaimh, a chuireann an príomh-ionchur ar fáil don nós imeachta eisiaimh.
31 Rinneamar anailís ar na sonraí maidir le cásanna eisiaimh a bhí cláraithe i mbunachar EDES i rith na tréimhse 2016-2020. Ar an iomlán, bhí 448 gcontrapháirtí eisiata ainmnithe ar dhúliosta an Aontais an 31 Nollaig 2020, 430 mar gheall ar dhócmhainneacht agus féimheacht agus 18 a bhain le cúiseanna eile. Is beag riosca breise do leasanna airgeadais an Aontais a bhaineann le contrapháirtithe dócmhainneacha agus féimheacha, ós rud é nach dócha go ndéanfadh siad iarratas ar thuilleadh cistí ón Aontas26. Ní raibh ach dhá chás ann a bhain le calaois agus éilliú. Tugann Fíor 3 forléargas ar eisiamh de réir an chineáil eisiaimh.
Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí EDES an Choimisiúin.
32 Is beag contrapháirtí a ndéanann an tAontas eisiamh orthu i gcomparáid le rialtas cónaidhme SAM agus Grúpa an Bhainc Dhomhanda. Agus coigeartú á dhéanamh i bhfianaise luach na gcistí atá i gceist, measaimid go ndéanann rialtas cónaidhme SAM eisiamh ar os cionn 50 huaire níos mó contrapháirtithe ná a dhéanann an tAontas faoi EDES (Tábla 2). Cé go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha i mbuiséid agus contrapháirtithe rialtas SAM agus Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda i gcomparáid leis an Aontas, léiríonn ráta eisiaimh réasúnta íseal EDES go bhféadfadh sé go mbeadh easnaimh i socruithe an Aontais maidir le contrapháirtithe a shainaithint i gcásanna eisiaimh.
| Cur síos | EDES | Rialtas cónaidhme SAM | Grúpa an Bhainc Dhomhanda |
|---|---|---|---|
| Ráta eisiaimh (contrapháirtithe eisiata de réir billiún euro) | 0.5 ![]() |
25 ![]() |
27 ![]() |
| Contrapháirtithe eisiata an 31 Nollaig 2020 (gan cásanna féimheachta agus dócmhainneachta san áireamh) | 18 | 140 000 | 1 250 |
| An buiséad bliantúil gaolmhar do 2020 (i mbilliúin euro) | 39* | 5 500** | 46*** |
* Roinn 2.1.1 den Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta le haghaidh Bhuiséad AE 2020, gan “Seirbhísí eile agus riarachán” san áireamh.
** Bunaithe ar fhigiúirí ó rialtas SAM do 2020, 1 EUR=1.1922 USD (InforEuro Nollaig 2020).
*** Tuarascáil Bhliaintiúil 2020 Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda, 1 EUR=1.1922 USD (InforEuro Nollaig 2020).
Foinse: CIE.
33 Foilsíonn rialtas cónaidhme SAM gach eisiamh. Faoin Rialachán Airgeadais, meastar gur beart srianta breise é an foilsiú ar cheart é a chur i bhfeidhm go comhréireach. An 31 Nollaig 2021, bhí seacht gcontrapháirtí liostaithe i mbunachar sonraí EDES27.
34 Fuaireamar amach, ón uair a eisiatar contrapháirtithe, nach dócha go bhfaighidís tuilleadh cistithe ón Aontas más cistí iad atá i mbainistíocht dhíreach. Chuireamar liosta na gcontrapháirtithe eisiata in EDES i gcomparáid le liosta na ngealltanas airgeadais oscailte go léir atá cláraithe i gcóras cuntasaíochta an Choimisiúin. Níor shainaithníomar aon chás ina ndearna oifigigh údarúcháin gealltanais airgeadais nua le contrapháirtithe eisiata.
Cuireann easnaimh i socruithe chun seiceáil a dhéanamh ar chásanna eisiaimh teorainn le héifeachtacht EDES
35 Cé go bhfuil raon feidhme leathan agus nós imeachta eisiaimh urrúnta ag EDES, tá roinnt easnamh sna socruithe chun contrapháirtithe a shainaithint i gcásanna eisiaimh, atá tar éis cur go mór leis an ráta eisiaimh réasúnta íseal (féach na fo-ranna thíos, míreanna 36–63).
Tá an fhreagracht as contrapháirtithe ineisiata a shainaithint ilroinnte laistigh den Choimisiún
36 I gcomhréir lena mhúnla rialachais dílárnaithe do bhainistíocht airgeadais, tá an t-údarás chun cinntí eisiaimh a dhéanamh tarmligthe ag an gCoimisiún chuig oifigigh údarúcháin. Is iad na “hoifigigh údarúcháin trí tharmligean” – daoine éagsúla den fhoireann ó gach roinn atá freagrach as gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla a dhéanamh chomh maith le híocaíochtaí a údarú – a dhéanann an tasc féin chun a sheiceáil an bhfuil contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh de ghnáth.
37 Méadaíonn líon ard na n-oifigeach a d’fhéadfadh a bheith páirteach an riosca go mbeadh cuir chuige neamhréireacha ann maidir lena shainaithint an bhfuil nó nach bhfuil contrapháirtithe i gcás eisiaimh. Bhain thart ar 80 % de na cásanna go léir (lena n-áirítear cásanna féimheachta) le cúig roinn, atá freagrach as thart ar 50 % de na cistí faoi bhainistíocht dhíreach i dteannta a chéile, agus bhí beagnach leath de líon iomlán na gcásanna cláraithe ag an roinn agus an ghníomhaireacht feidhmiúcháin atá freagrach as caiteachas taighde agus nuálaíochta (AS RTD agus REA). Taispeánann Fíor 4 cásanna EDES de réir ranna an Choimisiúin. Trí bhreathnú go díreach ar chásanna nach mbaineann le féimheacht ná dócmhainneacht, fuaireamar amach gur chláraigh 17 as 56 roinn agus gníomhaireacht feidhmiúcháin an Choimisiúin cásanna eisiaimh idir 2016 agus 2020. Tá 39 roinn agus gníomhaireacht feidhmíochta de chuid an Choimisiúin ann nár chláraigh cás eisiaimh neamh-féimheachta riamh in EDES.
Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí EDES an Choimisiúin.
38 Sa chomhthéacs sin, tugaimid dár n-aire gur thuairisc Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) an Choimisiúin in 201928 go raibh cur chuige córasach in easnamh sa Choimisiún chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil contrapháirtithe i gcás eisiaimh agus ar cheart dóibh a bheith faoi réir an nós imeachta eisiaimh. Fuaireamar amach nach bhfuil aon duine ar fhoireann na ranna a ndearnamar athbhreithniú orthu a bhfuil speisialtacht acu maidir le seiceáil a dhéanamh an bhfuil contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh agus cásanna a chlárú in EDES, nó arb é sin an cúram iomlán atá orthu. Thuairiscigh IAS freisin go bhfuil easpa feasachta ar EDES ann ar fud an Choimisiúin go ginearálta. Mar fhreagairt ar an tuarascáil, tá oiliúint agus gníomhaíochtaí chun feasacht a ardú á chur ar siúl ag an gCoimisiún, lena n-áirítear ar na huirlisí nach mór d’oifigigh údarúcháin a úsáid chun contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh a shainaithint agus a thuairisciú.
39 Tá ilroinnt na freagrachta chun contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh a shainaithint le feiceáil freisin i dtaca le cásanna de chalaois amhrasta in aghaidh bhuiséad an Aontais. Sna cásanna sin, tá sé de cheangal ar an oifigeach údarúcháin atá freagrach fógra a thabhairt do OLAF maidir leis an gcalaois amhrasta agus ba cheart dó nó di seiceáil a dhéanamh ar cheart nó nár cheart cás luathbhraite a chlárú in EDES. Tá OLAF freagrach as imscrúduithe a dhéanamh agus torthaí na n-imscrúduithe sin a chur in iúl i dtuarascáil a mbeidh moltaí ag gabháil léi. Ní cheanglaítear go sainráite ar OLAF, áfach, a mholadh go ndéanfar cás luathbhraite nó eisiaimh a chlárú. Ba cheart don oifigeach údarúcháin moltaí OLAF a chur san áireamh go ginearálta29 agus ba cheart dó nó di seiceáil a dhéanamh ar cheart nó nár cheart an cás a tharchur chuig an bpainéal má dheimhníonn imscrúdú OLAF go bhfuil calaois i gceist.
40 Fuaireamar amach nach raibh aon treoirlínte ná nósanna imeachta soiléire ann i dtaca le OLAF a bheith ag tabhairt moltaí d’oifigigh údarúcháin maidir le cásanna a chlárú in EDES. Ag am an iniúchta, bhí OLAF ag athbhreithniú a nósanna imeachta maidir le moltaí a thabhairt agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Bhí OLAF ag obair le AS BUDG freisin ar threoracha nua maidir le moltaí a bhaineann le EDES a dhréachtú. Ina theannta sin, cé go sonraíonn OLAF réamh-aicmiú sa dlí maidir leis na fíricí a suíodh ina thuarascáil30, beidh tuilleadh anailíse agus níos mó sonraí ag teastáil maidir le tuairisc ar na fíricí sular féidir le hoifigigh údarúcháin cás eisiaimh a chur faoi bhráid phainéal EDES.
Bíonn deacrachtaí ag ranna an Choimisiúin maidir le rochtain a fháil ar shonraí ó na Ballstáit maidir le contrapháirtithe
41 Is minic a bhíonn socruithe an Choimisiúin maidir lena shainaithint an bhfuil contrapháirtithe i gcás eisiaimh ag brath ar rochtain ar shonraí ó Bhallstáit, ós rud é nach bhfuil cláir ná taifid ann a chuimsíonn tíortha iomlán an Aontais. Léiríonn Fíor 5 na príomhchineálacha d’fhoinsí sonraí náisiúnta le haghaidh réimse cásanna eisiaimh EDES31.
Foinse: CIE, bunaithe ar Airteagal 136 den Rialachán Airgeadais.
42 Sa bhainistíocht dhíreach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar oifigigh údarúcháin déileáil le contrapháirtithe ó réimse leathan Ballstát agus tíortha eile. A dhéanamh dóibh, bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar mhórbhacainní praiticiúla, dlíthiúla agus teicniúla ó thaobh rochtain a fháil ar shonraí. Go ginearálta, ní bhíonn rochtain phribhléideach ag ranna le freagrachtaí bainistíochta dírí ar shonraí Ballstát agus mar sin bíonn orthu brath ar bhunachair sonraí atá ar fáil go poiblí agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé bunaithe ar tháille agus nach bhfuil rochtain air ach amháin i dteanga an Bhallstáit.
43 Fuaireamar amach go bhfuil éagsúlachtaí ann i dtaca le rochtain ar shonraí ag brath ar an gcás eisiaimh agus ar na Ballstáit lena mbaineann. Mar shampla, bíonn rochtain mhaith go ginearálta ar shonraí maidir le cuideachtaí féimhithe agus dócmhainneacha. Chuir an Eastóin, an Iodáil, an Pholainn agus an Phortaingéil faisnéis ar fáil go poiblí maidir le stádas sócmhainneachta cuideachtaí. Tá éagsúlachtaí ann ó Bhallstát go Ballstát, áfach, maidir le cineál baileach na faisnéise bhíonn ann.
44 Tá éagsúlachtaí ann freisin maidir leis na socruithe chun seiceálacha a dhéanamh ar chánacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta neamhíoctha i measc na gceithre Ballstát. Mar shampla, cuireann an Eastóin rochtain phoiblí shaor in aisce ar fáil trína clár gnó ar líne maidir le cánacha neamhíoctha agus fiacha slándála sóisialta atá os cionn €100. Cuireann clár gnó na Polainne faisnéis phoiblí shaor in aisce ar fáil freisin maidir le fiacha den chineál sin, i gcás ina bhfuil siad fós neamhíoctha 60 lá tar éis tús a chur le nós imeachta chun na fiacha sin a ghnóthú. San Iodáil, soláthraíonn údarás ar leith deimhniú maidir le neamhíocaíocht chánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta trí shuíomh gréasáin tiomnaithe, ach ní dhéantar é sin ach amháin sa chás go ndéanann an té a iarrann an deimhniú a thabhairt le fios sa chlár cé iad féin. Sa Phortaingéil, tá faisnéis maidir le neamhíocaíocht chánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta teoranta d’úsáideoirí údaraithe ardán TF an rialtais.
45 Ina theannta sin, tá teorainneacha dlíthiúla ann maidir le rochtain ar thaifid choiriúla ábhartha. Go háirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le húdarú ó údaráis an Bhallstáit nó ón duine lena mbaineann fiú le haghaidh faisnéis a bhaineann le contrapháirtí. I gcásanna áirithe, níl fáil ar thaifead coiriúil duine ach amháin i bhfoirm deimhniú agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an Coimisiún in ann a bharántúlacht sin a fhíorú go héasca.
46 Fadhb eile a mbíonn ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt uirthi ná an contrapháirtí a shainaithint i roinnt cláir éagsúla. Ós rud é nach bhfuil aitheantóir uathúil AE ann do chuideachta nó do dhuine ar leith, bíonn sé deacair taifid ó thacair sonraí éagsúla a mheaitseáil le chéile. Baintear úsáid as aitheantóirí uathúla den chineál sin i ndlínsí áirithe, amhail SAM. Sna ceithre Bhallstát a rinneamar a athbhreithniú, bhí uimhreacha aitheantais cánach cuideachta nó duine ar fáil d’úsáid oifigí an rialtais náisiúnta. Ní raibh na haitheantóirí sin foilsithe i ngach clár poiblí ábhartha, áfach, agus mar sin ní raibh siad ar fáil don Choimisiún.
47 Bealach amháin chun tionchar na hilroinnte sonraí agus easnamh aitheantóirí soiléire a mhaolú is ea úsáid a bhaint as uirlisí mianadóireachta sonraí. Baintear úsáid as uirlisí den sórt sin go fairsing san earnáil airgeadais chun contrapháirtithe rioscúla a shainaithint. Níl na huirlisí mianadóireachta sonraí tráchtála atá ann faoi láthair in oiriúint rómhaith do riachtanais an Choimisiúin, áfach, toisc nach gclúdaíonn siad forais eisiaimh uile an Aontais agus go mbraitheann siad ar shonraí poiblí atá ar chaighdeán agus iomlánacht éiginnte. Cé go bhféadfadh na huirlisí sin faisnéis atá ábhartha do chásanna luathbhraite a thabhairt le chéile, ní féidir leo na fíorais agus fionnachtana is gá do chás eisiaimh in EDES a sholáthar.
48 Tá uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí á forbairt ag an gCoimisiún, chun críocha iniúchóireachta agus rialaithe sa bhainistíocht chomhroinnte go príomha (mír 84). D’fhéadfadh an uirlis sin a bheith úsáideach freisin don bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Má tá sé le bheith úsáideach chun contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh a shainaithint, áfach, beidh air réiteach a fháil ar na bacainní praiticiúla, teicniúla agus dlíthiúla ata leagtha amach thuas. Beidh reachtaíocht AE ag teastáil chun rochtain ar shonraí na mBallstát atá ann faoi láthair a oscailt, chomh maith le tuilleadh digiteála, comhroinnte sonraí agus anailíse i dtaca le bainistíocht chistiú an Aontais.
Ní bhaintear dóthain leasa as foinsí sonraí ar leibhéal an Aontais chun contrapháirtithe ineisiata a shainaithint
49 Forálann an Rialachán Airgeadais d'oifigigh údarúcháin úsáid a bhaint as roinnt foinsí sonraí ar leibhéal an Aontais cun contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh áirithe a shainaithint32. Léiríonn Fíor 6 na príomhchásanna eisiaimh a bhfuil foinsí sonraí ar fáil dóibh ar leibhéal an Aontais. I gcás ina léiríonn faisnéis ó na foinsí sonraí sin go bhfuil riosca ann go bhfuil contrapháirtí i gcás eisiaimh, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach cás luathbhraite nó eisiaimh a chlárú33. Bíonn forluí idir na foinsí go pointe áirithe, ós rud é go bhféadfadh luathbhrath agus eisiamh a bheith mar thoradh ar imscrúduithe OLAF ar cuireadh tús leo ar bhonn fianaise a bailíodh i rith iniúchtaí nó seiceálacha eile ar leibhéal an Aontais. Scrúdaíomar an úsáid a baineadh as luathbhrath agus foinsí sonraí eile ar leibhéal an Aontais chun seiceáil a dhéanamh an raibh cásanna eisiaimh ann.
Fíor 6 – Foinsí sonraí ar leibhéal an Aontais maidir le cásanna eisiaimh
Foinse: CIE, bunaithe ar Airteagal 136 den Rialachán Airgeadais.
Luathbhrath
50 Ós rud é go mbaineann luathbhrath le contrapháirtithe a nglactar leis go bhfuil siad i gcás eisiaimh, bheimis ag súil leis go mbeadh eisiamh mar thoradh orthu go minic. Ar an iomlán, níor dúnadh ach 90 cás luathbhraite idir 2016 agus 2020. As an 90 cás sin, ní raibh eisiamh mar thoradh ach ar 15 díobh, ocht mar gheall ar fhéimheacht nó dócmhainneacht agus seacht ar chúiseanna eile. As na 75 chás eile, dúnadh 13 roimh an dáta éaga d'aon bhliain amháin, gan taifead ar chúis ar bith i mbunachar sonraí EDES, agus chuaigh 62 in éag go huathoibríoch ag deireadh na tréimhse bliana. Ar an 31 Nollaig 2020, bhí 11 chás luathbhraite ar oscailt i mbunachar sonraí EDES. Tá cuma íseal ar líon na gcásanna i bhfianaise na bhfoinsí sonraí a mbíonn ar oifigigh údarúcháin úsáid a bhaint astu.
51 D’fhéadfadh éagú uathoibríoch na gcásanna tar éis bliain amháin34 an bonn a bhaint ó ról an luathbhraite san fhaireachán ar chontrapháirtithe rioscúla má thógann sé níos mó ná bliain chun breithiúnas críochnaitheach ón gcúirt nó cinneadh riaracháin a fháil. Ní fhéadfaidh oifigigh údarúcháin, áfach, síneadh a chur le dáta éaga ach amháin in gcás cás a tarchuireadh chuig painéal eisiaimh EDES35.
Sonraí OLAF maidir le himscrúduithe calaoise
52 Bheimis ag súil leis gurb é an toradh a bheadh ar sciar suntasach d'imscrúduithe OLAF ná go ndéanfaí na contrapháirtithe a bhí i gceist a chlárú mar chásanna luathbhraite. Fuaireamar amach gur beag cás a chláraíonn oifigigh údarúcháin in EDES mar fhreagairt ar imscrúduithe OLAF. As na 257 gcás a thug OLAF chun críche idir 2016 agus lár 202036 i ndáil le caiteachas faoi bhainistíocht dhíreach, bhain 143 díobh le calaois amhrasta (76 chás) nó neamhrialtacht (67 gcás). Rinneadh deich gcinn de na contrapháirtithe lena mbaineann a eisiamh – cúig mar gheall ar fhéimheacht agus cúig ar chúiseanna eile. Ina theannta sin, cláraíodh sé chontrapháirtí mar chásanna luathbhraite.
53 Mar a leagtar amach thuas (míreanna 39 agus 40), faigheann oifigigh údarúcháin faisnéis maidir le torthaí imscrúduithe OLAF i bhfoirm tuarascálacha. Bíonn na tuarascálacha bunaithe ar shonraí a choimeádtar i gcóras bainistíochta cásanna OLAF. Tá sé tábhachtach go mbeadh oifigigh údarúcháin ar an eolas faoi imscrúduithe atá idir lámha. Níl fáil dhíreach ag an gCoimisiún, áfach, ar shonraí atá ábhartha don luathbhrath agus don eisiamh.
54 Ó cuireadh tús lena oibríochtaí i mí Iúil 2021, tá Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) freagrach as imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar choireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais agus iad a thabhairt chun breithiúnais. Ag am an iniúchta, bhí OIPE i mbun a chóras bainistíochta cásanna féin a chur ar bun37. I gcomhréir le rialachán OIPE, is féidir faisnéis i dtaobh contrapháirtí a bheith faoi imscrúdú a mhalartú idir córais bainistíochta cásanna OLAF agus OIPE. Ina theannta sin, cuireann OIPE an Coimisiún ar an eolas maidir leis an obair leantach a dhéanann sé ar chásanna a tharchuirtear chuige38.
Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí
55 Forálann an Rialachán Airgeadais freisin d'oifigigh údarúcháin sa bhainistíocht dhíreach úsáid a bhaint as sonraí a bhfuil sé de cheangal ar Bhallstáit iad a thuairisciú maidir le calaois agus neamhrialtachtaí sa bhainistíocht chomhroinnte39. Déantar tuairisciú tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS), atá ar fáil do gach oifigeach údarúcháin. Tá siad freagrach as seiceáil a déanamh féachaint an bhfuil aon cheann “dá gcontrapháirtithe féin” liostaithe sa chóras40. In 2019, thuairiscigh IAS nach ndéanann na ranna atá freagrach seiceálacha ar an gcóras don fhaisnéis sin go córasach41. Níor tháinig aon fhianaise as ár n-anailís a thabharfadh le fios gur cláraíodh in EDES aon cheann den 2 473 chás a thuairiscigh na Ballstáit idir 2016-2020. Shainaithníomar seacht gcás, áfach, ina ndeachaigh an Coimisiún i mbun tuilleadh gealltanas sa bhainistíocht dhíreach le contrapháirtithe a bhí cláraithe sa chóras, ach dóibh sin níor aimsíomar aon fhianaise go ndearnadh aon mheasúnú eisiaimh roimhe sin. Léiríonn na fionnachtana sin go bhféadfaí úsáid níos fearr a bhaint as sonraí IMS ar mhaithe leis an eisiamh faoi bhainistíocht dhíreach.
Iniúchtaí agus seiceálacha ex post
56 Aithníonn an Rialachán Airgeadais iniúchtaí agus seiceálacha ex post a dhéanann an Chúirt, IAS, agus ranna an Choimisiúin freisin mar fhoinsí féideartha de chásanna EDES. Déanann an Chúirt mionsonraí maidir le neamhrialtachtaí a aimsíonn sí a tharchur chuig an gCoimisiún agus, i gcásanna calaoise amhrasta, chuig OLAF agus OIPE freisin42. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina sainaithníonn iniúchtaí an Choimisiúin nó seiceálacha ex post calaois amhrasta, tá sé de cheangal ar oifigigh údarúcháin an fhaisnéis a sheoladh chuig OLAF le haghaigh imscrúdaithe. Tá oifigigh údarúcháin freagrach as na foinsí sonraí sin a úsáid mar bhunús le haghaigh cásanna luathbhraite agus eisiaimh. Níl aon eisiamh déanta ag an gCoimisiún ar fhorais neamhrialtachta in ainneoin beagnach 8 000 neamhrialtacht a thuairisciú do 2016-202043 bunaithe ar sheiceálacha ex post agus iniúchtaí.
Tá an Coimisiún ag brath rómhór ar dhearbhuithe ó chontrapháirtithe á rá nach bhfuil cás eisiaimh ann
57 I gcleachtas, mar gheall ar dheacrachtaí maidir leis an gcontrapháirtí a sheiceáil i gcoinne na bpríomhfhoinsí sonraí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (míreanna 41–56), ní sheiceálann ranna an Choimisiúin atá freagrach as gach contrapháirtí i ngach cás eisiaimh sula ndéantar comhaontuithe airgeadais. Leis an Rialachán Airgeadais, ceanglaítear de ghnáth ar chontrapháirtithe dearbhú a dhéanamh má tá siad i gcás eisiaimh44. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheangal orthu dearbhú a dhéanamh maidir le haon45 “fhíoras a suíodh i gcomhthéacs imscrúduithe nó iniúchtaí” arna ndéanamh ag OIPE, CIE, OLAF nó an t-iniúchóir inmheánach, nó a suíodh ag “aon seiceáil, iniúchadh nó rialú eile arna dhéanamh nó arna déanamh faoi fhreagracht oifigigh údarúcháin”.
58 Tá dearbhuithe ar onóir nach bhfuil cás eisiaimh ann ag teastáil i bhformhór na gcásanna. Féadfaidh oifigeach údarúcháin a chinneadh gan ceanglas a chur ar chontrapháirtithe fianaise a sholáthar mar thacaíocht don dearbhú ar onóir. Mar shampla, ní éilíonn AS INTPA dearbhú ar onóir a dhéanamh le haghaidh deontais faoi €15 000 ná doiciméid tacaíochta a thíolacadh do dhearbhú le haghaidh deontais faoi €60 00046. I gcás conarthaí soláthair, is minic a chuireann oifigigh údarúcháin de cheangal ar chontrapháirtithe cruthúnas doiciméadach a sholáthar, nó ráitis a cheanglaítear faoi dhlí a dtíre a sholáthar, á rá nach bhfuil siad i gcás eisiaimh.
59 Ós rud é go bhfuil an Coimisiún ag brath ar dhearbhuithe ar onóir ina nós imeachta maidir le deontais a bhronnadh agus a nósanna imeachta maidir le soláthar, laghdaítear an dóchúlacht go sainaithneofaí go bhfuil contrapháirtí i cás eisiaimh sula sínítear an comhaontú airgeadais. Téann sé sin i gcoinne na réasúnaíochta príomha le haghaidh córas eisiaimh a thabhairt isteach freisin, eadhon imeacht ó mhúnla chun leasanna a chosaint atá spleách ar bhrath agus ceartú agus i dtreo múnla cosc-bhunaithe.
Tá an fhreagracht le haghaidh faireachán agus formhaoirseacht lárnach ar chontrapháirtithe ineisiata a shainaithint teoranta
60 Ós rud é go bhfuil oifigigh údarúcháin iomadúla ar fud an Choimisiúin freagrach as contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh a shainaithint, tá faireachán agus formhaoirseacht ar a ngníomhaíochtaí riachtanach chun oibriú éifeachtach EDES a áirithiú. Cé go sonraítear sa Rialachán Airgeadais gur cheart an measúnú lárnach ar chásanna eisiaimh cláraithe a dhéanamh, ní dhéanann sé foráil d’fhaireachán agus tuairisciú lárnach maidir le héifeachtacht na ranna atá freagrach as cásanna den chineál sin a shainaithint.
61 I gcleachtas, is beag faireacháin agus formhaoirseachta lárnaí a fuaireamar ar shainaithint agus clárú cásanna EDES idir 2016 agus 2020. I mí Eanáir 2021, thuairiscigh OLAF agus AS BUDG obair leantach ar mholtaí a eisíodh idir 2012 agus lár 2019 chuig Bord Bainistíochta Corparáidí an Choimisiúin47. Thug an cleachtadh aghaidh ar bharúil ó IAS maidir le heasnamh faireacháin leormhaith ar an obair leantach ar mholtaí ó OLAF48. Ag am an iniúchta, ní raibh aon fhaireachán lárnach déanta ar an úsáid a bhain oifigigh údarúcháin as foinsí sonraí eile amhail cásanna IMS, iniúchtaí CIE agus IAS, nó seiceálacha ex post ag ranna an Choimisiúin.
62 Rinne IAS trácht freisin ar an ngá atá le treoirlínte a neartú agus EDES a chur i bhfeidhm i gcleachtas49. Go háirithe, fuair IAS amach gur bhfuil gá le feabhas a chur ar na socruithe laistigh de na ranna chun cásanna a shainaithint a bheadh ina gcúis le nós imeachta EDES a ghníomhú chun go mbeadh sé mar chuid níos comhtháite den chóras rialaithe inmheánach. Tugaimid dár n-aire gur eisíodh treoir chorparáideach do EDES i mí Dheireadh Fómhair 2018. Cuireann an treoir faisnéis shoiléir ar fáil maidir le cathain ar cheart cásanna EDES a chlárú agus maidir le raon feidhme agus oibriú an nós imeachta eisiaimh. Tá an treoraíocht easnamhach, áfach, maidir le conas ar cheart d’oifigigh údarúcháin úsáid a bhaint as foinsí éagsúla sonraí chun contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh a shainaithint.
63 Baineann an easpa faireacháin lárnaigh an bun ó chumas an Choimisiúin feabhas a chur ar éifeachtacht EDES. Dhéanfadh faireacháin níos fearr bunús a sholáthar chun dea-chleachtas a shainaithint agus treoraíocht a fhorbairt d’oifigigh údarúcháin. D’fhéadfadh treoraíocht den chineál sin cabhrú le cur chuige níos córasaí a chur chun cinn maidir le húsáid a bhaint as na foinsí sonraí atá ar fáil chun contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh a shainaithint agus iad a chlárú i mbunachar sonraí EDES. Ina theannta sin, bheadh an roinn atá freagrach i riocht maith chun feabhsúcháin ar an rochtain ar sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn.
Bainistíocht indíreach: tá cur chun feidhme an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh níos faide ná mar a bhí beartaithe
Tá rannchuidiú beag déanta ag comhpháirtithe cur chun feidhme le líon na gcásanna luathbhraite agus eisiaimh
64 Ó 2016, tá EDES tar éis cur isteach ar chistí AE a bhainistíonn an Coimisiún go hindíreach faoi chomhaontuithe le comhpháirtithe cur chun feidhme. Scrúdaíomar an cur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach a rinneadh ar phríomhghnéithe EDES (an bunachar sonraí EDES , ar chontrapháirtithe dúliostaithe, cásanna agus nósanna imeachta eisiaimh, agus socruithe chun contrapháirtithe a sheiceáil).
65 Faoin Rialachán Airgeadais, d’fhéadfadh sé go mbeadh an Coimisiún ag brath ar chomhpháirtithe cur chun feidhme ar choinníoll go bhfuil sé de chumas acu leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ag leibhéal leormhaith. Leis an Rialachán Airgeadais50, tá sé de cheangal ar oifigigh údarúcháin “colún-mheasúnú” a dhéanamh ar shocruithe bainistíochta airgeadais phríomh-chomhpháirtithe cur chun feidhme an Choimisiúin.
66 Faoina gcomhaontuithe leis an gCoimisiún, níor cheart do chomhpháirtithe cur chun feidhme tacaíocht airgeadais ón Aontas a sholáthar do chontrapháirtí atá i gcás eisiaimh agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le haon chontrapháirtí is eol dóibh atá i gcás den sórt sin. Cuireann sé sin ar chumas oifigigh údarúcháin measúnú a dhéanamh féachaint ar cheart don chontrapháirtí a bheith faoi réir nós imeachta eisiaimh a chumhdaíonn gach ciste faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Idir 2016 agus 2020, áfach, ní bhfuaireamar aon fhianaise in EDES de chásanna eisiaimh a bhaineann le fógraí ó chomhpháirtithe cur chun feidhme. Mar shampla, níor shainaithin AS INTPA – an roinn den Choimisiún leis an gcuid is mó comhpháirtithe cur chun feidhme – ach cás amháin.
67 Tugtar míniú, den chuid is mó, ar an easpa cásanna EDES a bhaineann le contrapháirtithe na gcomhpháirtithe cur chun feidhme leis na tosca céanna a bhaineann leis an mbainistíocht dhíreach.
- Ilroinnt na freagrachta as eisiamh – Tá comhaontuithe ag an gCoimisiún le thart ar 200 comhpháirtí cur chun feidhme, a d’fhéadfadh iad féin a bheith ag brath ar fho-chonraitheoirí nó idirghabhálaithe eile chun gníomhaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme. Mar shampla, cuireann EIF maoiniú ar fáil d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí idirghabhálaithe airgeadais. Léiríonn Fíor 7 na gníomhaithe iomadúla agus leibhéil comhaontaithe sa bhainistíocht indíreach.
- Deacrachtaí rochtain a fháil ar shonraí náisiúnta – Tá seiceálacha na gcomhpháirtithe cur chun feidhme ar chontrapháirtithe srianta mar gheall ar infhaighteacht sonraí náisiúnta ábhartha maidir le cásanna eisiaimh áirithe. Déileáileann an-chuid de phríomh-chomhpháirtithe cur chun feidhme, amhail Grúpa BEI, le contrapháirtithe atá bunaithe i réimse leathan dlínsí.
- Foinsí sonraí ar leibhéal an Aontais – Maidir leis na srianta atá ar chomhpháirtithe cur chun feidhme, tá siad comhchosúil (nó níos mó fiú) leis na srianta atá ar an gCoimisiún maidir le húsáid foinsí sonraí ar leibhéal an Aontais. Mar shampla, murab ionann agus ranna an Choimisiúin, níl rochtain ag idirghabhálaithe ar an gcuid neamh-phoiblí de bhunachar sonraí EDES ná ar IMS.
- A bheith ag brath ar dhearbhuithe ar onóir – D’fhéadfadh comhpháirtithe cur chun feidhme, agus is minic a bhíonn orthu, a bheith ag brath ar dhearbhuithe ar onóir á rá nach bhfuil cásanna eisiaimh ann agus iad ag dul i mbun comhaontuithe le contrapháirtithe.
- Freagrachtaí lárnacha laga maidir le faireachán agus formhaoirseacht – Níl scrúdú déanta ag an gCoimisiún go dtí seo féachaint cén fáth gur lú sin cásanna de chontrapháirtithe i gcásanna eisiaimh atá tuairiscithe ag comhpháirtithe cur chun feidhme.
68 Fuaireamar amach go bhfuil roinnt tosca eile a d’fhéadfadh cur leis an leibhéal íseal fógraí ó chomhpháirtithe cur chun feidhme i dtaobh contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh do dheontais agus conarthaí:
- Ní fhéadfaidh comhaontuithe le comhpháirtithe cur chun feidhme gach cás eisiaimh a chumhdach toisc go ndéantar maoluithe a chaibidliú chun sainiúlachtaí shocruithe cur chun feidhme na gcomhpháirtithe a léiriú. Mar shampla, clúdaíonn na Creat-Chomhaontuithe Airgeadais agus Riaracháin le BEI51 agus CEI52 cúig as seacht gcás eisiaimh EDES.
- D’fhéadfadh sé nach bhfuil comhpháirtithe cur chun feidhme i riocht contrapháirtithe a eisiamh sula mbíonn breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin ann.
69 A mhéid a bhaineann le hionstraimí airgeadais, laghdaítear an dóchúlacht go bhfaigheadh contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh tacaíocht airgeadais ón Aontas má bhíonn córais éifeachtacha ann le haghaidh scagthástáil a dhéanamh ar chontrapháirtithe. Mar shampla, déanann BEI seiceáil ar iontaofacht a gcontrapháirtithe sula measann sé an bhfuil siad incháilithe le haghaigh tacaíocht ón Aontas. Cuireann idirghabhálaithe airgeadais CEI nósanna imeachta comhchosúla i bhfeidhm.
Bhí moill mhór ar na measúnuithe ar chórais eisiaimh na gcomhpháirtithe cur chun feidhme a thabhairt chun críche.
70 Ag am an iniúchta, ní raibh forléargas cuimsitheach ag an gCoimisiún ar na cásanna eisiaimh ar leith a bhíonn á gcur i bhfeidhm ag comhpháirtithe cur chun feidhme, ná ar a shocruithe eisiaimh. Bhí sé seo, i bpáirt, mar gheall ar mhoilleanna sna colún-mheasúnuithe ar shocruithe na gcomhpháirtithe cur chun feidhme maidir le bainistíocht airgeadais le haghaigh caiteachas an Aontais i rith thréimhse 2021-2027.
71 Mar chuid de na measúnuithe, bíonn ar chomhpháirtithe cur chun feidhme iniúchóirí seachtracha a fhostú chun a córais a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu. Roimh 2019, níor clúdaíodh socruithe eisiaimh na gcomhpháirtithe cur chun feidhme go sonrach sna colún-mheasúnuithe. In 2019, chuir an Coimisiún colún nua maidir le heisiaimh leis na measúnuithe ar chomhpháirtithe cur chun feidhme do thréimhse 2021-202753. Léirítear forálacha EDES i dtéarmaí tagartha an cholún-mheasúnaithe.
72 Amhail an 31 Nollaig 2020, ní raibh nuashonrú déanta ach ar 5 % de na colún-mheasúnuithe mar gheall ar mhoilleanna a d’eascair ó phaindéim COVID-19. Chuir an Coimisiún síneadh leis an spriocdháta le haghaidh measúnú a thabhairt chun críche go dtí deireadh 2021. Faoi dheireadh 2021, bhí thart ar 42 % de na colún-mheasúnuithe nuashonraithe. Táthar ag súil leis go bhfeabhsóidh na colún-mheasúnuithe tuiscint an Choimisiún ar an úsáid a bhaineann comhpháirtithe cur chun feidhme as cásanna eisiaimh ar leith, agus a socruithe chun contrapháirtithe a shainaithint le haghaidh eisiaimh. Gan faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn na comhpháirtithe ina dhiaidh sin, áfach, ní féidir leis an gCoimisiún a áirithiú go hiomlán go bhfuil a fhorléargas ar chur i bhfeidhm an chórais eisiaimh cruinn.
Bainistíocht chomhroinnte: Baineann éagsúlachtaí sa chur chuige an bonn ó éifeachtacht fhoriomlán an eisiaimh
Cuireann na héagsúlachtaí i gcur chuige na mBallstát maidir le heisiamh le neamhchothroime i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais
73 Is féidir le córais eisiaimh, amhail EDES, rannchuidiú le cosaint chothrom ar leasanna airgeadais an Aontais i gcistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a áirithiú. Scrúdaíomar oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais i ndáil le heisiamh agus rinneamar athbhreithniú ar na socruithe is infheidhme maidir leis an gcaiteachas ar an gcomhtháthú agus ar an talamhaíocht i gceithre Bhallstát (an Eastóin, an Iodáil, an Pholainn agus an Phortaingéil).
74 Ní cheanglaítear ar Bhallstáit le dlí an Aontais córais eisiaimh a bhunú atá inchomparáide le EDES do chistí ón Aontas ná dá gcistí poiblí féin. Cruthaíonn an Rialachán Airgeadais, reachtaíocht earnálach maidir le caiteachas faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus treoracha ón Aontas maidir le soláthar poiblí, áfach, roinnt oibleagáidí a bhaineann le heisiamh do Bhallstáit chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
75 Leis an Rialachán Airgeadais, ceanglaítear ar údaráis na mBallstát córais rialaithe inmheánaigh éifeachtacha a chur ar bun chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc nó a bhrath agus a cheartú54, ach ní cheanglaítear orthu dúliosta a choimeád agus cásanna eisiaimh agus nósanna imeachta de chineál EDES a chur i bhfeidhm nach gcumhdaíonn ach caiteachas faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Déanann an Rialachán Airgeadais agus an reachtaíocht earnálach55 foráil freisin go n-úsáidfeadh Ballstáit IMS chun tuairisciú a dhéanamh ar chásanna calaoise agus neamhrialtachta a bhaineann le cistí an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte56. Ní mór don Choimisiún, áfach, dul i gcomhchomhairle leis na Ballstáit sula n-úsáideann sé sonraí a thuairiscítear ar an gcaoi sin57 agus ní féidir leis na sonraí a úsáid ach amháin chun contrapháirtithe a eisiamh ó chistí faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach a fháil.
76 Leis an reachtaíocht earnálach a chumhdaíonn an bhainistíocht chomhroinnte, ní cheanglaítear ar Bhallstáit córais eisiaimh a bhunú sna réimsí comhfhreagracha, cé go bhfuil roinnt forálacha maidir le caiteachas ar an gcomhtháthú agus forbairt tuaithe ábhartha d’eisiamh. Mar shampla, leis na rialacháin chomhtháthaithe, ní cheadaítear do chuideachtaí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu cistí a fháil ón Aontas58, rud atá inchomparáide le cás eisiaimh EDES i dtaca le féimheacht agus dócmhainneacht59. Sa talmhaíocht, cé is moite de na féidearthachtaí chun eisiamh a dhéanamh ar feadh dhá bhliain60 ó na bearta céanna, níl aon cheanglais dhlíthiúla ann maidir le cásanna eisiaimh a chur i bhfeidhm ar chontrapháirtithe a chuireann isteach ar íocaíochtaí teidlíocht-bhunaithe arb ionann iad agus an chuid is mó de chaiteachas AE sa réimse sin, cé go bhféadfadh sé gur cuideachtaí measartha mór nó daoine aonair d’ardluach glan a bheadh sna faighteoirí.
77 Le treoir an Aontais maidir le soláthar poiblí61, ceanglaítear ar údaráis na mBallstáit contrapháirtithe a eisiamh i gcásanna áirithe. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis an soláthar poiblí go léir sna Ballstáit, lena n-áirítear soláthar ina bhfuil cistí an Aontais i gceist. Liostaítear sa treoir cásanna eisiaimh éigeantacha agus roghnacha atá le cur chun feidhme ina ndlí náisiúnta ag na Ballstáit. Áirítear ar na cásanna roghnacha sin, cásanna atá éigeantach le haghaigh EDES, amhail féimheacht, dócmhainneacht agus cásanna comhchosúla. I gcleachtas, is féidir le húdaráis na mBallstát i ndlínsí áirithe lánrogha leathan a bheith acu i dtaobh cásanna eisiaimh a chur i bhfeidhm i nósanna imeachta soláthair ar leith.
78 Ní bunús éifeachtach é an meascán seo d’oibleagáidí maidir le heisiamh chun an t-eisiamh a úsáid chun buiséad an Aontais a chosaint sa bhainistíocht chomhroinnte. Go háirithe, ciallaíonn sé nach bhfuil aon aicmiú comhchoiteann sa dlí ar cad is cás eisiaimh ann do chontrapháirtithe a fhaigheann cistí ón Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ní dhéanann sé foráil ach an oiread go ndéanfaí contrapháirtithe atá eisiata ó chistí an Aontais a fháil i mBallstát amháin a eisiamh ar an gcaoi chéanna i mBallstáit eile. Ina theannta sin, ní cheanglaítear ar údaráis na mBallstát breathnú ar liosta eisiaimh EDES ná é a chur i bhfeidhm (mír 83)62.
79 In éagmais tacar comhleanúnach d’oibleagáidí ar leibhéal an Aontais, chonaiceamar difríochtaí as cuimse sa chur chuige i leith eisiaimh a ghlacann na Ballstáit. A mhéid a bhaineann Ballstáit úsáid as an eisiamh chun contrapháirtithe neamhiontaofa a chosc ó chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte a fháil, braitheann sé ar an reachtaíocht náisiúnta. Ní raibh córas eisiamh lánfheidhme a chumhdaíonn na cineálacha éagsúla go léir de chistí an Aontais atá faoina bhainistíocht bunaithe ag ceann ar bith den cheithre Ballstát a cumhdaíodh inár n-iniúchadh.
80 Ciallaíonn an easpa comhleanúnachais sa bhainistíocht chomhroinnte go bhféadfadh sé go gcaithfí le contrapháirtithe i gcásanna comhchosúla ar bhealaí éagsúla. I reachtaíocht náisiúnta na Polainne maidir le hairgeadas poiblí, mar shampla, tá córas eisiamh teoranta leagtha síos a chumhdaíonn faighteoirí chistí struchtúracha an Aontais ag a bhfuil fiacha nó ciontuithe calaoise, éillithe nó aon chion coiriúil i gcoinne bhuiséad an Aontais. San Eastóin, féadtar contrapháirtithe a chosc ó chistí ón Aontas a fháil i gcás ciontuithe calaoise, éillithe nó gníomhaíochtaí coiriúla eile nach mbaineann le cistí an Aontais. I reachtaíocht náisiúnta na hIodáile, ceanglaítear ar thairbhithe deiridh pas a fháil ar sheiceálacha frith-mafia agus deimhniú a fháil sula bhfaigheann siad cistí talmhaíochta nó comhtháthaithe ón Aontas. Sa Phortaingéil, ní cheadaítear do chontrapháirtithe le fiacha i gcistí comhtháthaithe aon cistiú eile a fháil ón Aontas.
81 Caitear ar bhealaí éagsúla le contrapháirtithe i gcásanna comhchosúla faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomparáid le bainistíocht dhíreach. Go háirithe, níl aon bhunús dlí AE ann faoi bhainistíocht chomhroinnte chun coincheap an réamh-aicmithe sa dlí a chur i bhfeidhm chun contrapháirtithe a eisiamh. San ceithre Bhallstát a cumhdaíodh inár n-iniúchadh, fuaireamar amach go bhfuil éagsúlachtaí ann, i dtaca leis na cásanna eisiaimh éagsúla, sa mhéid go bhfuil breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin ag teastáil sula bhféadfaidh na húdaráis contrapháirtí a eisiamh ó iarratas a dhéanamh ar chistí ón Aontas, nó cistí a fháil ón Aontas. Go bunúsach, is lú scóip a thugann na rialacha airgeadais atá ann faoi láthair chun an t-eisiamh a úsáid chun leasanna airgeadais an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte a chosaint ná mar is féidir a dhéanamh faoi bhainistíocht dhíreach.
D’fhéadfadh Ballstáit úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus uirlisí ar leibhéal an Aontais
82 Tá trí phríomhfhoinse sonraí ar leibhéal an Aontais ar fáil d’údaráis na mBallstáit chun chríocha an eisiaimh: EDES; sonraí OLAF maidir le calaois agus neamhrialtachtaí; agus Arachne, uirlis mianadóireachta sonraí agus bainistíochta riosca. Scrúdaíomar an úsáid a bhaineann Ballstáit as na sonraí agus na huirlisí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais.
83 Cé go bhféadann údaráis na mBallstát breathnú ar EDES, níl oibleagáid orthu é sin a dhéanamh faoi rialacha airgeadais an Aontais. Mar a luaitear i dtuarascáil IAS 2019 maidir le EDES, ní raibh ach 16 Bhallstát tar éis Riarthóir Úsáideora Náisiúnta a cheapadh le haghaidh EDES agus ní raibh ach ceithre cinn acu tar éis EDES a rochtain go rialta. Ar an gcaoi chéanna, fuair IAS amach nach bhfuil údaráis bhainistíochta ar an eolas faoi imscrúduithe OLAF agus cásanna IMS a bhaineann le contrapháirtithe údarás bainistíochta na mBallstát eile.
84 Is uirlis mianadóireachta sonraí ar leibhéal an Aontais é Arachne chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá sé deartha chun contrapháirtithe rioscúla a shainaithint, ach ní iad siúd atá i gcásanna eisiaimh go sonrach. D’fhorbair an Choimisiún Arachne ar dtús chun cúnamh a thabhairt d’údaráis bhainistíochta na mBallstáit i réimse an chomhtháthaithe chun iniúchtaí agus rialuithe a dhéanamh. Faoin treoirthionscadal le haghaidh talmhaíochta, tá seacht ngníomhaireachtaí íocaíochta ag baint úsáid as Arachne agus tá ceithre ghníomhaireacht íocaíochta eile i gcéim tástála.
85 Braitheann fóntacht uirlise mianadóireachta sonraí go mór ar chainníocht agus cáilíocht na sonraí foluiteacha atá ar fáil. Fuaireamar amach go bhfuil fóntacht Arachne chun críocha eisiaimh teoranta mar gheall ar a chur i bhfeidhm teoranta sa bhainistíocht chomhroinnte (comhtháthú agus an treoirthionscadal sa talmhaíocht) agus gan na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis:
- sonraí AE ó OLAF, IMS, agus EDES;
- seiceálacha maidir le comhiomlánú agus cruinneas sna tionscadal a bheith á ndéanamh ag na Ballstáit;
- táscairí atá sainithe go soiléir agus a chumhdaíonn cásanna eisiaimh EDES.
86 Tugaimid dár n-aire gur thug an Coimisiún gealltanas go ndéanfadh sé na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le húsáid Arachne a leathnú chuig gach cineál bainistíochta (díreach, indíreach agus comhroinnte), mar chuid dá straitéis frith-chalaoise63.
87 Déanann an reachtaíocht earnálach do thréimhse 2021-2027, lena gcumhdaítear cistí rialachán na bhforálacha coiteanna agus an comhbheartas talmhaíochta chomh maith leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, An Ciste Eorpach um Choigeartú Domhanda, agus Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, foráil d’úsáid uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus riosca-bhunaithe de chuid an Choimisiúin (i.e. Arachne). Cé go leanfaidh an uirlis de bheith deonach do Bhallstáit, ceanglaítear ar an gCoimisiún leis an gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach don tréimhse an uirlis a chur ar fáil d’fhonn go mbeidh sé in úsáid ag gach Ballstát ar deireadh64.
Níl an forléargas is gá ag an gCoimisiún ar shocruithe agus sonraí na mBallstát maidir le heisiamh
88 Thug ár n-agallaimh leis na príomh-ardstiúrthóireachtaí atá freagrach as an mbainistíocht chomhroinnte chun solais nach bhfuil forléargas acu ar shocruithe eisiaimh na mBallstát. D’fhéadfadh forléargas den sórt sin cuidiú le hiarrachtaí díreacha chun úsáid an eisiaimh a fheabhsú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i ngach cineál bainistíochta. D’fhéadfaí é a úsáid freisin chun gníomhaithe airgeadais atá páirteach i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais a chur ar an eolas faoi fhoinsí sonraí náisiúnta a bheith ar fáil atá ábhartha don eisiamh. Tá úsáid níos fearr a bhaint as na sonraí atá ar fáil go náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ina réamhriachtanas chun uirlis mianadóireachta sonraí éifeachtach a chruthú atá in ann cuidiú le hoifigigh údarúcháin an Choimisiúin contrapháirtithe a shainaithint atá i gcásanna eisiaimh, nó a bhfuil riosca ann go mbeidís amhlaidh.
Conclúidí agus moltaí
89 Ba é cuspóir an iniúchta seo ná measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil nó nach bhfuil úsáid éifeachtach á baint as an eisiamh chun cistí an Aontais a chosaint ó contrapháirtithe neamhiontaofa. Ba é ár gconclúid nach amhlaidh atá. Cé go bhfuil raon feidhme leathan agus nósanna imeachta urrúnta maidir le cinnteoireacht ag EDES, ní raibh ach 18 n-eisiamh nár bhain le féimheacht taifeadta ag an gCoimisiúin sa chóras ag deireadh 2020 toisc easnaimh a bheith sna socruithe maidir le contrapháirtithe a shainaithint i gcásanna eisiaimh. Go príomha, sin mar gheall ar an bhfreagracht ilroinnte as an eisiamh, deacrachtaí le rochtain a fháil ar shonraí Bhallstát, tearcshaothrú shonraí an Aontais, róspleáchas ar fhéindearbhuithe, agus faireachán agus formhaoirseacht lárnach atá teoranta. Sa bhainistíocht chomhroinnte, nach bhfuil feidhm ag EDES ina leith, baineann na cuir chuige éagsúla a ghlacann na Ballstáit an bonn ón éifeachtacht fhoriomlán atá ag úsáid an eisiaimh chun buiséad an Aontais a chosaint.
90 A mhéid a bhaineann leis an mbainistíocht dhíreach, fuaireamar amach go gclúdaíonn EDES réimse leathan contrapháirtithe, cineálacha comhaontuithe airgeadais, agus cásanna eisiaimh. Tá scóip ann, áfach, chun réimse na gcásanna eisiaimh a fhairsingiú (míreanna 21-24).
Moladh 1 – Réimse an eisiaimh a fhairsingiú
Ba cheart don Choimisiún dul i ngleic leis an tsaincheist seo a leanas ina thogra chuig an reachtóir maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais: cleamhnaithe, úinéirí tairbhiúla agus bainisteoirí atá freagrach as contrapháirtithe de chuid an Aontais a eisiamh, fiú mura contrapháirtithe de chuid an Aontais iad féin.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2022
91 Fuaireamar amach freisin go ndéantar foráil le nósanna imeachta EDES do chinnteoireacht urrúnta maidir le contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh. Go háirithe, ceadaítear leo contrapháirtithe a eisiaimh agus gan orthu a bheith blianta ag fanacht le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin. Trí mheasúnú lárnach ar chásanna ag painéal neamhspleách, cuidítear lena áirithiú go gcaitear go comhleanúnach agus go cothrom le contrapháirtithe (míreanna 25-29).
92 Fuaireamar roinnt easnamh, áfach, sna socruithe chun a shainaithint an bhfuil contrapháirtithe i gcásanna eisiaimh. Tá na nithe seo a leanas tar éis cur leis an líon íseal eisiamh:
- Baineann an fhreagracht ilroinnte as contrapháirtithe ineisiata a shainaithint an bonn ón measúnú córasach ar chontrapháirtithe;
- Ní bhaineann an Coimisiún úsáid leordhóthanach as cuid de na príomh-fhoinsí sonraí ar leibhéal an Aontais;
- Tá deacrachtaí ag an gCoimisiún rochtain a fháil ar shonraí náisiúnta maidir le cásanna eisiaimh áirithe mar gheall ar shrianta dlíthiúla agus bacainní teicniúla;
- Is minic a bhíonn an Coimisiún ag brath ar dhearbhuithe na gcontrapháirtithe á rá nach bhfuil aon chás eisiaimh ann agus ní dhéanann sé aon seiceálacha ina thaobh sin (míreanna 30-59).
93 Mar gheall ar fhaireachán agus formhaoirseacht lárnach atá teoranta a bheith ar siúl ag ranna an Choimisiúin maidir le contrapháirtithe ineisiata a shainaithint, tá na heasnaimh sin á mbuanú. Inár dtuairim, beidh socruithe faireacháin agus formhaoirseachta níos láidre ríthábhachtach chun úsáid níos fearr a bhaint as an eisiamh. Rachadh sé chun tairbhe d’faireacháin den chineál sin córas cásbhainistíochta a bheith ann atá in ann forléargas a thabhairt ar chásanna leanúnacha agus dúnta. Rachadh na nithe seo a leanas chun tairbhe dó freisin: seiceálacha ex post féachaint an bhfuil contrapháirtithe i gcás eisiaimh, treoraíocht d’oifigigh údarúcháin maidir le húsáid na sonraí a bhfuil fáil orthu, agus úsáid EDES a chur chun cinn tuilleadh (míreanna 60-63).
Moladh 2 – Cur chun feidhme an chórais luathbhraite agus eisiaimh a neartú i mbainistíocht dhíreach agus indíreach
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Córas cásbhainistíochta a fhorbairt atá in ann forléargas a thabhairt ar chásanna leanúnacha agus dúnta.
- Maoirseacht chorparáideach ar fheidhmiú éifeachtach EDES a neartú, lena n-áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar oifigigh údarúcháin:
- obair leantach a dhéanamh ar mholtaí OLAF i dtaca le luathbhrath nó eisiamh;
- an úsáid a bhaineann oifigigh údarúcháin as foinsí sonraí chun cásanna eisiaimh a shainaithint, amhail cásanna luathbhraite, taifid IMS, cásanna imscrúdaithe calaoise OLAF agus OIPE, fionnachtana iniúchóireachta, agus fógraí comhpháirtithe a chur chun feidhme;
- moltaí phainéal EDES a chur chun feidhme.
- Seiceálacha ex post a dhéanamh chun a dhéanamh amach an bhfuil contrapháirtithe i gcás eisiaimh, go háirithe i gcás ina mbíonn oifigigh údarúcháin ag brath ar dhearbhuithe ar onóir.
- Nósanna imeachta agus treoirlínte caighdeánacha d’oifigigh údarúcháin a fhorbairt i dtaca le húsáid foinsí sonraí ar leibhéal an Aontais, amhail cásanna luathbhraite, taifid an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí, cásanna imscrúdaithe calaoise OLAF agus OIPE, fionnachtana iniúchóireachta, cásanna comórtais, agus fógraí comhpháirtithe a chur chun feidhme.
- Feasacht ar luathbhrath agus eisiamh a chur chun cinn i measc ranna an Choimisiúin, comhpháirtithe cur chun feidhme agus údaráis na mBallstát atá rannpháirteach i mbainistíocht chistí an Aontais.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2023
94 A mhéid a bhaineann le bainistíocht indíreach, fuaireamar amach go bhfuil rannchuidiú beag déanta ag roinnt comhpháirtithe cur chun feidhme i dtreo líon na gcásanna atá cláraithe in EDES. Is iad na tosca céanna a bhaineann le bainistíocht dhíreach is cúis leis sin cuid mhaith. D’aimsíomar trí thoisc rannpháirteach eile freisin: comhaontuithe le comhpháirtithe cur chun feidhme nach gclúdaíonn na cásanna eisiaimh go léir; an fíoras nach féidir le comhpháirtithe cur chun feidhme contrapháirtithe a eisiaimh sula mbíonn breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin ann; agus an nós imeachta trína ndéantar contrapháirtithe neamhiontaofa a scagthástáil sula meastar iad le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt dóibh (míreanna 64-69).
95 Tá moill ar an gCoimisiún a mheasúnú ar chórais eisiaimh comhpháirtithe cur chun feidhme a thabhairt chun críche. Nuair a bheidh sé tugtha chun críche, is fearr a bheidh an Coimisiún in ann imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna foluiteacha atá ann don líon íseal contrapháirtithe atá á n-eisiamh sa bhainistíocht indíreach, agus is fearr a bheidh sé in ann dul i ngleic leis sin. Beidh sé riachtanach ansin freisin go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán ar oibriú an chórais eisiaimh atá curtha ar bun ag comhpháirtithe cur chun feidhme (míreanna 70-72).
Moladh 3 – Feabhas a chur ar fhaireachán ar luathbhrath agus eisiamh faoi bhainistíocht indíreach
Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a bhaint amach do chistí AE faoi bhainistíocht indíreach, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcomhlíonann a chomhpháirtithe a n-oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún nuair a shainaithnítear contrapháirtithe atá i gcásanna eisiaimh.
Spriocdháta cur chun feidhme: ag tosú in 2023
96 I dtaca leis an mbainistíocht chomhroinnte, a chumhdaíonn caiteachas talmhaíochta agus comhtháthaithe, fuaireamar amach nach bhfuil aon sásra ann ar leibhéal an Aontais chun contrapháirtithe a eisiamh. In éagmais tacar comhleanúnach d’oibleagáidí chun úsáid a bhaint as an eisiamh, léirigh ár n-athbhreithniú ar cheithre Bhallstát éagsúlachtaí as cuimse ina gcur chuige, rud a rannchuidíonn le neamhchothroime i gcosaint chistí an Aontais. Fuaireamar amach freisin go bhféadfadh roinnt Ballstát úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus uirlisí ar leibhéal an Aontais, go háirithe, bunachar sonraí EDES, sonraí OLAF ar chalaois agus neamhrialtachtaí, agus an uirlis bainistíochta riosca agus mianadóireachta sonraí, Arachne, chun leasanna Airgeadais an Aontais a chosaint (míreanna 73-87).
Moladh 4 – Luathbhrath agus eisiamh a leathnú amach chuig an mbainistíocht chomhroinnte
Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo a leanas agus a thogra chuig an reachtóir á ullmhú aige maidir le hathbhreithniú an Rialacháin Airgeadais: phríomhghnéithe EDES a chur i bhfeidhm ar chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ionas go gcaitear go comhsheasmhach le contrapháirtithe a mheastar a bheith i staid eisiaimh ar fud na modhanna bainistíochta.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2022
97 Ar deireadh, fuaireamar amach nach bhfuil forléargas ag an gCoimisiún ar chórais eisiaimh agus sonraí sna Ballstáit. Chuideoidh forléargas den chineál sin le hiarrachtaí díreacha chun úsáid an eisiaimh agus sonraí a fheabhsú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i ngach cineál bainistíochta agus chun uirlis mianadóireachta sonraí a chruthú chun cuidiú le contrapháirtithe a shainaithint atá – nó a bhfuil riosca ann go mbeidís – i gcásanna eisiaimh (mír 88).
Moladh 5 – Úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus uirlisí digiteacha atá ann cheana
I gcomhthéacs a iarrachtaí níos leithne chun sonraí agus uirlisí digiteacha a úsáid chun buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart don Choimisiún bearta a dhéanamh chun úsáid na sonraí atá ábhartha don eisiamh a fheabhsú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- cleachtadh mapála a dhéanamh chun na sonraí ábhartha a shainaithint do bhuiséad an Aontais a chosaint agus cinneadh a dhéanamh conas is féidir rochtain a fháil orthu;
- bunús dlí leormhaith a mholadh le haghaigh rochtain agus úsáid sonraí ar chontrapháirtithe AE, lena n-áirítear sonraí náisiúnta, chun críocha iniúchóireachta agus rialaithe;
- uirlis mianadóireachta sonraí agus bainistíochta riosca chomhchoiteann a fhorbairt ina mbeidh rochtain ar na sonraí ábhartha náisiúnta go léir agus ar na sonraí ábhartha go léir ón Aontas leis an úinéireacht ar an leibhéal corparáideach.
- infhaighteacht sonraí a áirithiú agus a roinnt ar an leibhéal corparáideach a chur chun cinn; agus
- straitéis a fhorbairt chun a áirithiú go bhfuil sonraí náisiúnta agus sonraí an Aontais digiteach, inrochtaine, caighdeánaithe agus idir-inoibrithe.
Spriocdháta cur chun feidhme: i gcás moltaí 5(1) agus (2) faoi 2023, moladh 5(3) faoi 2025, moladh 5(4) ón gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, agus moladh 5(5) faoi 2023 maidir le sonraí AE agus faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais athbhreithnithe maidir leis na sonraí náisiúnta
Ghlac Seomra V leis an Tuarascáil Speisialta seo, faoi cheannas Tony Murphy, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, i Lucsamburg ag a chruinniú an 26 Aibreán 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Klaus-Heiner Lehne
Uachtarán
Acrainmneacha agus giorrúcháin
Arachne: Uirlis mianadóireachta sonraí agus bainistíochta riosca atá forbartha ag an gCoimisiún
AS BUDG: Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid
AS INTPA: An Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta
BEI: An Banc Eorpach Infheistíochta
CEI: An Ciste Eorpach Infheistíochta
EDES: Córas Luathbhraite agus Eisiaimh
IAS: An tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin Eorpaigh
IMS: Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí
OIPE: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
OLAF: An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
REA: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thaighde
Gluais
An Banc Eorpach Infheistíochta: Banc de chuid an Aontais, faoi úinéireacht na mBallstát, a chuireann cistiú ar fáil do thionscadail a thacaíonn le beartas an Aontais, san Aontas go príomha, ach lasmuigh de freisin.
An Ciste Eorpach Infheistíochta: Soláthraí speisialaithe maoinithe riosca d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide san Aontas agus i dtíortha áirithe lasmuigh den Aontas. Cuid de Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
Bainistíocht chomhroinnte: Modh chun buiséad an Aontais a chaitheamh, i gcodarsnacht le bainistíocht dhíreach, ina ndéanann an Coimisiún údarás a tharmligean chuig an mBallstát ach go gcoinníonn sé féin an fhreagracht deiridh.
Bainistíocht dhíreach: Bainistíocht ar chiste nó clár de chuid an Aontais ag an gCoimisiún amháin, i gcodarsnacht le bainistíocht chomhroinnte nó bainistíocht indíreach.
Calaois: Úsáid d’aon ghnó agus neamhdhleathach na meabhlaireachta chun buntáiste ábharach a ghnóthú trí mhaoin nó airgead a bhaint ó pháirtí eile.
Colún-mheasúnú: Measúnú a dhéanann an Coimisiún ar na socruithe bainistíochta airgeadais atá ag comhpháirtí cur chun feidhme.
Digiteáil: An aistriú i dtreo úsáid na teicneolaíochta digití agus na faisnéise digitithe a ionchorprú chun próisis agus tascanna a dhéanamh níos simplí, níos tapúla, níos éifeachtúla agus/nó níos eacnamúla.
Fiontair bheaga agus mheánmhéide: Sainmhíniú méide a úsáidtear i gcás cuideachtaí agus eagraíochtaí eile, bunaithe ar an líon foirne atá fostaithe agus ar chritéir airgeadais áirithe. Bíonn níos lú ná 50 ball foirne i bhfiontair bheaga, agus ní bhíonn an láimhdeachas nó iomlán an chláir comhardaithe níos mó ná €10 milliún. Bíonn níos lú ná 250 ball foirne fostaithe i bhfiontair mheánmhéide, agus bíonn láimhdeachas suas le €50 milliún acu nó iomlán an chláir comhardaithe suas le €43 mhilliún.
Gníomhaireacht Íocaíochta: Comhlacht atá ceaptha ag Ballstát chun caiteachas talmhaíochta an Aontais a riar.
Grúpa BEI: An Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta.
Ionstraim airgeadais: Tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí comhroinnte riosca eile.
Oifigeach údarúcháin: Duine atá freagrach as ioncam agus caiteachas chomhlacht de chuid an Aontais a chur chun feidhme.
Réamhaicmiú sa dlí: Measúnú dlíthiúil ar fhíorais agus fionnachtana i dtaobh ábhar sonrach atá déanta sula dtagann na húdaráis inniúla ar bhreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin.
Rialachán na bhForálacha Coiteanna: Rialachán lena leagtar amach na rialacha is infheidhme maidir le gach ceann de chúig Chiste Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa i dtréimhse 2014-2020.
Soláthar poiblí: Oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a bheith á gceannach ag comhlacht poiblí nó údarás eile trí nós imeachta oscailte agus iomaíoch, chun cáilíocht agus luach ar airgead a bhaint amach.
Údarás bainistíochta: An t-údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil (poiblí nó príobháideach) atá ainmnithe ag Ballstát chun clár atá maoinithe ag an Aontas a bhainistiú.
Freagraí ón gCoimisiún
Foireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta na Cúirte, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar topaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta V, Maoiniú agus Riar an Aontais, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta agus ba é an Comhalta den Chúirt Tony Murphy a bhí i gceannas. Bhí an t-iniúchadh faoi stiúir an Chomhalta den Chúirt Helga Berger, le tacaíocht ó Silvia Janik, Ceann na hOifige Príobháidí agus Franz Ebermann, Ataisé na hOifige Príobháidí; Judit Oroszki, Príomhbhainisteoir; James McQuade, Ceann Cúraim; Tomasz Kokot agus Attila Horvay-Kovacs, Iniúchóirí. Chuir Thomas Everett tacaíocht teanga ar fáil.
1ú ró (ó chlé go deas): Ms Judit Oroszki, Mr James McQuade, Ms Helga Berger, Ms Silvia Janik, Mr Attila Horvay-Kovács 2ú ró, ó chlé go deas: Mr Thomas Everett, Mr Tomasz Kokot, Mr Franz Ebermann
Críochnótaí
1 Roinn 2.1.1 den Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta le haghaidh Bhuiséad AE 2020, gan “Seirbhísí eile agus riarachán” san áireamh.
2 Ibid.
3 Airteagal 73 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (an Rialachán Airgeadais).
4 Airteagal 74 den Rialachán Airgeadais.
5 Airteagail 36 agus 63 den Rialachán Airgeadais.
6 Aithris 5 de Rialachán (AE) 2017/1371 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil Treoir CLA).
7 Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
8 Aithris 5 de Threoir CLA.
9 Sainaitheanta ag CIE bunaithe ar anailís ar Ghrúpa an Bhainc Domhanda agus Rialtas Cónaidhme SAM.
10 Airteagal 135 den Rialachán Airgeadais.
11 Ibid.
12 Ibid.
13 Bunachar sonraí EDES: Liosta de na hoibreoirí eacnamaíocha atá eisiata nó faoi réir phionós airgeadais.
14 Airteagal 135(3) den Rialachán Airgeadais.
15 Airteagal 143 den Rialachán Airgeadais.
16 Cinneadh (AE) 2018/1220 ón gCoimisiún.
17 Airteagal 143 den Rialachán Airgeadais.
18 Airteagal 135 den Rialachán Airgeadais.
19 Airteagal 142(5) den Rialachán Airgeadais.
20 LexisNexis Bridger Insight.
21 Mír 32 de Chomhaontú idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach.
22 Airteagal 136(4) den Rialachán Airgeadais.
23 Airteagal 143 den Rialachán Airgeadais.
24 Tuarascálacha bliantúla maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ó 2016 go 2020: SWD(2017)268, SWD(2018)382, SWD(2020)157, SWD(2021)256.
25 Pointe 7 de SWD(2020)157.
26 Airteagail 167(2) agus 198(2) den Rialachán Airgeadais.
27 Bunachar sonraí EDES: Liosta de na hoibreoirí eacnamaíocha atá eisiata nó faoi réir pionós airgeadais.
28 Tuarascáil iniúchóireachta IAS: IAS.B4-2017-BUDG-001 an 25 Eanáir 2019.
29 Airteagal 136(2) den Rialachán Airgeadais.
30 Airteagal 11 de Rialachán 883/2013 maidir le himscrúdaithe arna ndéanamh ag OLAF.
31 Airteagal 136(1) (a) go (d) den Rialachán Airgeadais.
32 Airteagail 136(1) (d), (e) agus (f) den Rialachán Airgeadais.
33 Airteagal 142(2) den Rialachán Airgeadais.
34 Airteagal 142(4) den Rialachán Airgeadais.
35 Ibid.
36 Sonraí arma soláthar ag OLAF ar iarraidh ó CIE.
37 Airteagal 44 de Rialachán AE/2017/1939.
38 Airteagal 6 den Chomhaontú lena mbunaítear modúlachtaí comhair idir an Coimisiún Eorpach agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.
39 Airteagal 142.2 (d) den Rialachán Airgeadais.
40 Airteagal 136.2 (d) den Rialachán Airgeadais.
41 Tuarascáil iniúchóireachta IAS: IAS.B4-2017-BUDG-001 an 25 Eanáir 2019.
42 Socrú Riaracháin idir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.
43 Tábla DM3 ar lch.133 de Chuid 2 de Mheastóireacht staidrimh ar neamhrialtachtaí a tuairiscíodh do 2020 – SWD(2021) 258 final.
44 Airteagal 137(1) den Rialachán Airgeadais.
45 Sampla de theimpléad de dhearbhú ar onóir de chuid an Choimisiúin.
46 Contract Procedures for European Union External Action – A practical guide [Nósanna Imeachta maidir le Conarthaí le haghaidh Gníomhaíochtaí Seachtracha – Treoir Phraiticiúil].
47 Miontuairiscí ó chruinniú an Bhoird Bainistíochta Corparáidí an 27 Eanáir 2021.
48 Tuarascáil iniúchóireachta IAS: IAS.B4-2017-BUDG-001 an 25 Eanáir 2019.
49 Ibid.
50 Airteagal 154 den Rialachán Airgeadais.
51 Creat-Chomhaontú Airgeadais agus Riaracháin an 8 Deireadh Fómhair 2019.
52 Creat-Chomhaontú Airgeadais agus Riaracháin an 14 Feabhra 2020.
53 Cinneadh 2019/C 191/02 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019.
54 Airteagal 36(2)(d) den Rialachán Airgeadais.
55 Airteagal 144 den Rialachán Airgeadais, Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1971 ón gCoimisiún, agus Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1971 ón gCoimisiún.
56 Airteagal 122(2) de Rialachán (AE) 1303/2013, Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) 1306/2013, Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 223/2014; Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 514/2014; Airteagal 21(1)(d) de Rialachán (AE) 1309/2013.
57 Airteagal 144 den Rialachán Airgeadais.
58 Rialachán (AE) 1301/2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Rialachán (AE) 1300/2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe.
59 Airteagal 136(1) (a) den Rialachán Airgeadais.
60 Airteagail 33(19) agus (35)(5) de Rialachán (AE) Uimh. 640/2014.
61 Airteagal 57 de Threoir 2014/24/AE maidir le Soláthar Poiblí.
62 Airteagal 142(5) den Rialachán Airgeadais.
63 Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin: gníomhaíocht feabhsaithe chun buiséad an Aontais a chosaint COM/2019/196 final.
64 Mír 32 de Chomhaontú idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
| ISBN 978-92-847-7784-6 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/013162 | QJ-AB-22-006-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-7739-6 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/219145 | QJ-AB-22-006-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:
Fíor 7: Íocóin arna ndéanamh ag Pixel Perfect ó https://flaticon.com.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar suíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga
Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
- le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga
Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu
Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.



