2022 Iniúchadh AE i mbeagán focal

Léiriú ar thuarascálacha bliantúla 2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Focal i dtaobh “Iniúchadh AE 2022 i mbeagán focal”
Tugann “Iniúchadh AE 2022 i mbeagán focal” forléargas ar thuarascálacha bliantúla 2022 maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta, ina ndéanaimid ár ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a chur i láthair. I mbliana, den chéad uair, tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clúdaithe againn san obair agus tá tuairim ar leithligh tugtha againn ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a ghabhann leis an tSaoráid sin. In “Iniúchadh AE i mbeagán focal” tugtar cuntas freisin ar na príomhfhionnachtana atá againn maidir leis an ioncam agus maidir leis na príomhréimsí caiteachais faoi bhuiséad an Aontais agus faoin gCiste Eorpach Forbartha, chomh maith le fionnachtana a bhaineann le bainistiú buiséadach agus airgeadais, agus an obair leantach ar mholtaí a rinneamar roimhe seo.

Tá téacs iomlán na dtuarascálacha le fáil ag eca.europa.eu.

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais. Tugaimid rabhadh i dtaobh rioscaí, soláthraímid dearbhú iniúchóireachta, tarraingímid aird ar easnaimh agus dea-chleachtais, agus tugaimid treoraíocht do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais ó thaobh feabhas a chur ar bhainistiú bheartais agus chláir an Aontais. Tríd an obair a dhéanaimid, déanaimid deimhin de go mbíonn a fhios ag saoránaigh na hEorpa cén chaoi a bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF

Intreoir ón Uachtarán

Is í an tuarascáil bhliantúil croíthárige na Cúirte Iniúchóirí. Tá iarracht chomhbheartaithe agus lear mór oibre ó thaobh na hiniúchóireachta agus na tacaíochta de ag teastáil chun í a eisiúint. Táimid tagtha ar an gconclúid i mbliana, mar a bhí i mblianta roimhe seo, go dtugann cuntais an Aontais Eorpaigh léargas fíorcheart ar staid airgeadais an Aontais. Tá tuairim iniúchóireachta ‘ghlan’ á tabhairt againn maidir le beachtas na gcuntas do 2022. Bhí an t‑ioncam do 2022 dlíthiúil, rialta, agus saor ó earráid ábharthach.

Tá an pacáiste do bhuiséad fadtéarmach an Aontais comhdhéanta de Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021‑2027, in éineacht le NextGenerationEU (NGEU), ar pacáiste sealadach téarnaimh é a bhfuil cistí breise maoinithe ann trí bhannaí a eisiúint. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ag seasamh do thart ar 90 % de chistiú NGEU. Don dara bliain i ndiaidh a chéile, cuirimid dhá thuairim ar leithligh ar fáil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais do 2022: ceann ar bhuiséad traidisiúnta an Aontais, agus ceann eile ar RRF.

I gcás 2022, mhéadaigh ár meastachán ar an leibhéal foriomlán earráide i gcaiteachas bhuiséad an Aontais go dtí 4.2 % (2021: 3.0 %). Dá bhrí sin, tá tuairim neamhfhabhrach á heisiúint againn maidir leis an gcaiteachas. Tá an leibhéal earráide ábharthach i bpríomhréimsí caiteachais a bhfuil measúnú sonrach orthu curtha ar fáil againn. Tá méadú suntasach tagtha ar an leibhéal seo i gcás ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ ag 6.4 % (2021: 3.6 %). Tá an leibhéal earráide le haghaidh ‘Acmhainní nádúrtha’ ag 2.2 % (2021: 1.8 %).

Ba é 2022 an dara bliain de chur chun feidhme RRF, agus mhéadaigh leibhéal na n‑íocaíochtaí i gcaitheamh na bliana. Thug sé sin níos mó léargais dúinne freisin maidir le cén chaoi ar cuireadh RRF chun feidhme. Cé go raibh an dul chun cinn níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis, fuair 11 Bhallstát 13 íocaíocht deontais, arbh ionann a luach iomlán agus €46.9 billiún. Sa bhreis air sin, imréitíodh réamh‑mhaoiniú de €6.8 billiún. I gcás ár n‑iniúchta, rinneamar scrúdú ar 244 as 274 gharsprioc, agus ar gach ceann de na 37 sprioc a bhaineann leis na 13 íocaíocht a rinneadh in 2022.

Ba é an coinníoll a leagadh síos i Rialachán RRF le haghaidh íocaíochtaí a bhí mar bhonn dár measúnú go príomha, ina gcaithfear garspriocanna agus spriocanna a chomhlíonadh go leordhóthanach i dtosach, ach rinneamar measúnú freisin ar chomhlíonadh na bpríomhchoinníollacha incháilitheachta sa Rialachán. Thángamar ar an gconclúid go raibh tionchar ag saincheisteanna rialtachta ar 15 de na 281 gharsprioc agus sprioc a bhí faoi scrúdú. Níor comhlíonadh go sásúil iad, nó ní raibh na bearta gaolmhara incháilithe. Thairis sin, cuimsítear lenar measúnú tionchar na bhfionnachtana cáilíochtúla, amhail cásanna de dhearadh lag sna bearta agus sna garspriocanna/spriocanna is bun leo, agus laigí i dtuairisciú agus córais rialuithe na mBallstát. Dá bhrí sin, tá tuairim cháilithe á heisiúint againn maidir le caiteachas RRF le haghaidh 2022, bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla araon.

Léiríonn an tuairim cháilithe sin toradh ár n‑iniúchta comhlíontachta bhliantúil maidir le rialtacht chaiteachas RRF. Is dúshlán leanúnach é rialtacht a mheasúnú, óir bíonn an iliomad breithiúnas le déanamh sa bhreithmheas ar a bhfuil bainte amach go cáilíochtúil, agus d’fhéadfadh léirmhínithe éagsúla a bheith ann dá bharr. Thairis sin, inár n‑obair iniúchóireachta tagaimid ar gharspriocanna nó spriocanna go minic atá sainmhínithe ar bhealach doiléir, agus is deacair a mheasúnú ar baineadh amach iad.

Is fiú a lua gur aon ghné amháin dár gcuid oibre cuimsithí é an t‑iniúchadh comhlíontachta uainn maidir le rialtacht chaiteachas RRF, i measc na nithe eile atá ar siúl againn chun an ionstraim nua seo a mheasúnú. I dtosach báire, tá roinnt tuarascálacha iniúchóireachta foilsithe againn cheana féin a chuireann béim ar easnaimh thromchúiseacha agus ábhair imní a bhaineann le dearadh agus cur chun feidhme RRF. Cuirfidh iniúchtaí eile atá idir lámha agus beartaithe leis an obair sna tuarascálacha sin, ar iniúchtaí iad sin a bhaineann le hábhair amhail ionsúchán, córais rialuithe, an t‑aistriú digiteach agus an claochlú glas. Ní bheimid in ann measúnú foriomlán a dhéanamh ar fheidhmíocht RRF go dtí go gcuirfear torthaí na hoibre iniúchóireachta seo ar fad le chéile.

Agus muid ag cur tús le géarchéim a fhágáil inár ndiaidh – a measadh uaireanta nach raibh aon staonadh léi – is fiú a lua gur fhreagair an tAontas don ghéarchéim sin ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, i dtaobh ionstraimí agus tionscnaimh i ngach réimse den bhuiséad. Tá na Ballstáit ag ionsú cistí faoi láthair ó roinnt ionstraimí éagsúla ag an am céanna. Agus iad ag dúnadh na gclár ó thréimhse 2014‑2020, ní mór dóibh freisin tús a chur leis an gcúram moillithe de CAI 2021‑2027 a chur chun feidhme. Tá an chuid is mó de Bhallstáit anois ag cur airgeadas NGEU chun feidhme, agus tá méid suntasach airgid le heisíoc fós ina leith sin.

Méadaíonn an brú ar chaiteachas an brú ar acmhainní riaracháin, agus dá thoradh sin, méadaítear an riosca earráide. Thairis sin, mura rud é go gcuirtear dlús suntasach le cur chun feidhme na gcistí faoin mbainistíocht chomhroinnte in 2024 agus 2025, tiocfaidh méadú as cuimse ar an riosca i leith saoradh ó ghealltanais níos déanaí i dtimthriall CAI.

Léiríonn ár bhfionnachtana le haghaidh 2022 nach mór dúinn a bheith aireach i gcónaí, agus go dteastaíonn seiceálacha éifeachtacha ar gach leibhéal chun fáil amach cén chaoi a bhfuil cistí an Aontais á gcaitheamh, agus an bhfuil na torthaí a bhí beartaithe á mbaint amach. Leanfaimid de bheith ag obair le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit chun bainistíocht agus maoirseacht ar chistí an Aontais a fheabhsú. Mar is iondúil, is é an misean atá againne ná muinín na saoránach a neartú trí chuntasaíocht agus thrédhearcacht a fheabhsú i ngach réimse d’obair an Aontais, ionas gur féidir leis freagairt go héifeachtach do dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Ar deireadh, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhiongbháilteacht agus saineolas fhoireann na Cúirte Iniúchóirí. Is cuid lárnach do tháirgeadh ár dtuarascála bliantúla agus do thabhairt chun cinn ár n‑institiúide é a ngealltanas agus a ngairmiúlacht.

Tony Murphy
An tUachtarán

Torthaí foriomlána

Príomhfhionnachtana

Achoimre ar ráiteas dearbhaithe 2022

Tá tuairim iniúchóireachta ‘ghlan’ á heisiúint againn maidir le beachtas chuntais an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2022.

Tá tuairim iniúchóireachta ‘ghlan’ á heisiúint againn freisin maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim le haghaidh 2022.

Cuirimid dhá thuairim ar leithligh ar fáil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais le haghaidh 2022:

  •  tá ár dtuairim maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais i mbuiséad an Aontais neamhfhabhrach;
  •  tá tuairim cháilithe eisithe againn maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Tugaimid tuilleadh faisnéise faoi bhonn ár dtuairime maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais le haghaidh 2022 in ‘Ár ráiteas dearbhaithe’.

  • Táimid tagtha ar an gconclúid go dtugann cuntais an Aontais Eorpaigh léargas fíorcheart ar staid airgeadais an Aontais.
  • Bhí an t‑ioncam le haghaidh 2022 dlíthiúil, rialta, agus saor ó earráid ábharthach.
  • Ar an iomlán, bhí an leibhéal earráide measta i gcaiteachas bhuiséad an Aontais ábharthach, ag 4.2 % (2021: 3.0 %).
  • Inár measúnú riosca, sainaithnímid go raibh riosca ard ag gabháil le caiteachas an Aontais i gcás ina mbíonn ar thairbhithe rialacha casta a leanúint go minic nuair a chuireann siad éilimh isteach ar chostais atá tabhaithe acu. Mhéadaigh an sciar den chaiteachas ardriosca inár bpobal iniúchóireachta tuilleadh agus bhí sé sin ag leibhéal suntasach de 66.0 % (2021 63.2 %). I mbliana, measaimid go mbeidh an leibhéal earráide ag 6.0 % (2021: 4.7 %) sa chuid seo dár bpobal iniúchóireachta. Is earráid ábharthach agus fhorleatach í seo, agus tá tuairim neamhfhabhrach á heisiúint againn maidir le caiteachas bhuiséad an Aontais.
  • I gcás chaiteachas RRF in 2022, rinne an Coimisiún 13 íocaíocht deontais le Ballstáit, lenar áiríodh 274 gharsprioc agus gach ceann de na 37 sprioc. Shainaithníomar fionnachtana cainníochtúla in 11 íocaíocht. Bhí tionchar ag earráid ábharthach ar shé cinn de na híocaíochtaí sin, agus tá tuairim cháilithe á heisiúint againn maidir le caiteachas RRF.
  • meastachán earráide (riosca ag tráth na híocaíochta) an Choimisiúin, mar atá nochta i dTuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht (TBBF) 2022, ag 1.9 % – figiúr atá go suntasach faoi bhun an raoin atá againne. Tá teorainneacha ag gabháil le seiceálacha ex post an Choimisiúin agus na mBallstát i gCeannteidil 1, 2 agus 6 de CAI a dhéanann difear don riosca ag tráth na híocaíochta mar atá nochta in TBBF, agus dá réir sin a dhéanann difear do mheasúnú riosca an Choimisiúin.
  • In 2022, thuairiscíomar 14 chás (2021: 15 chás) chuig an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) de chalaois amhrasta a shainaithníomar le linn ár n‑iniúchta ar chaiteachas 2021, a bhfuil dhá imscrúdú tionscanta cheana féin ag OLAF ina leith sin. Thuairiscíomar sé cinn de na cásanna sin ag an am céanna le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a bhfuil trí imscrúdú tionscanta ag OIPE ina leith sin. Le linn ár n‑iniúchta ar chaiteachas 2022, shainaithníomar 14 chás de chalaois amhrasta.
  • Shroich gealltanais le híoc ó bhuiséad an Aontais agus ó chistiú deontais NGEU – a bheidh ina bhfiachais amach anseo mura scaoiltear ó ghealltanais iad – €453 bhilliún ag deireadh 2022, leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe seo. Tharla sé sin go príomha mar gheall ar ghealltanais nua le haghaidh NGEU, mar aon le gealltanais nua le haghaidh na gcistí faoi bhainistíocht comhroinnte do thréimhse 2021‑2027.
  • Mhéadaigh fiachas an Aontais go suntasach in 2022 go €344.3 billiún faoi dheireadh na bliana (2021: €236.7 billiún), mar gheall go príomha ar iasachtaíochtaí nua le haghaidh NGEU, an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE), agus Cúnamh Macrairgeadais (MFA). As na hiasachtaíochtaí sin, ní raibh riosca úis do bhuiséad an Aontais i gceist ach le hionstraim NGEU. In 2022, b’ionann an t‑ús glan a íocadh ar iasachtaíochtaí NGEU agus €0.5 billiún.
  • Tháinig méadú ar neamhchosaint bhuiséad an Aontais, atá comhdhéanta de dhliteanais a bhaineann le hiasachtaí a íocadh amach trí roinnt ionstraimí cistiúcháin éagsúla agus le dliteanais theagmhasacha, ó €205 bhilliún in 2021 go €248 mbilliún in 2022. Tharla sé sin go príomha mar gheall ar iasachtaí breise NGEU agus SURE do na Ballstáit agus iasachtaí MFA a tugadh don Úcráin. Sa bhreis air sin, ag deireadh 2022, bhí €126 bhilliún breise ann in iasachtaí a bhí deonaithe cheana féin ach nach raibh íocadh amach go fóill. Dá bhrí sin, leanfaidh neamhchosaint bhuiséad an Aontais de bheith ag dul in airde.
  • Tháinig breis is méadú faoi dhó ar neamhchosaint bhuiséad an Aontais i leith na hÚcráine in 2022 i gcomparáid le 2021 (ó €7 mbilliún go €16 bhilliún). Leis an bhformheas ar €18 mbilliún breise do MFA+ ag deireadh 2022, tiocfaidh méadú suntasach ar an neamhchosaint sin do bhuiséid amach anseo.

I dtaca leis an téacs iomlán de thuarascálacha bliantúla 2022 maidir le buiséad an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí a cistíodh faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, is féidir é a fháil ar ár suíomh gréasáin (eca.europa.eu).

A raibh faoi iniúchadh againn

Buiséad AE 2022 i bhfigiúirí

Glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil AE, faoi chuimsiú bhuiséad níos fad‑téarmaí atá aontaithe do thréimhse roinnt blianta (ar a dtugtar an ‘an Creat Airgeadais Ilbhliantúil’ nó CAI). In 2022, b’ionann an caiteachas iomlán as buiséad an Aontais agus €196.0 billiún, a sheasann do 2.5 % den chaiteachas poiblí iomlán sna Ballstáit agus 1.3 % dá n‑ollioncam náisiúnta.

I mí na Bealtaine 2020, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh NGEU, ar ionstraim shealadach í sin a cuireadh ar bun le bheith mar fhreagairt ar thionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID‑19 agus maoinítear é trí bhannaí a eisiúint. Tá RRF ag seasamh do thart ar 90 % de chaiteachas NGEU. In 2022, b’ionann caiteachas ar thacaíocht (deontais) neamh‑inaisíoctha RRF agus €47.2 billiún.

Ag cur caiteachas RRF san áireamh, ba é iomlán na n‑íocaíochtaí ón Aontas in 2022 ná €243.3 billiún.

Cén áit a dtagann an t‑airgead as?

Is é €245.3 billiún a bhí san ioncam iomlán le haghaidh 2022. Maoinítear an sciar is mó de bhuiséad an Aontais trí mhéideanna a ranníocann na Ballstáit i gcoibhneas lena n‑ollioncam náisiúnta (€103.9 billiún). I measc na bhfoinsí eile áirítear dleachtanna custaim (€25.9 billiún), ranníocaíocht bunaithe ar cháin bhreisluacha a bhailíonn na Ballstáit (€19.7 billiún), ranníocaíocht bunaithe ar dhramhaíl pacáistíochta plaistí neamh‑athchúrsáilte (€6.3 billiún), agus ioncam eile (€6.4 billiún). Is é €83.1 billiún a bhí san ioncam breise in 2022, lena n‑áirítear €62.2 billiún d’ioncam sannta seachtrach le haghaidh ráthaíochtaí buiséid, oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe (NGEU), agus €20.9 billiún de ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a eascraíonn as comhaontuithe agus cláir ón Aontas.

Cad air a chaitear an t‑airgead?

Caitear buiséad an Aontais i raon leathan réimsí, mar a léirítear i bhFíor 1.

Fíor 1 – Caiteachas bhuiséad an Aontais do 2022 de réir an cheannteidil CAI

Fíor 1 – Caiteachas bhuiséad an Aontais do 2022 de réir an cheannteidil CAI

Foinse: CIE.

Déantar thart ar thrí cheathrú den bhuiséad a chaitheamh faoi chóras ar a dtugtar ‘bainistíocht chomhroinnte’. Faoin modh cur chun feidhme buiséid seo, dáileann na Ballstáit cistí, roghnaíonn siad tionscadail agus bainistíonn siad caiteachas an Aontais, cé gur leis an gCoimisiún a luíonn an fhreagracht faoi dheoidh. Is amhlaidh atá i gcás, mar shampla, ceannteidil ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ agus ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ de CAI.

Maoiníonn caiteachas RRF infheistíochtaí agus athchóirithe i réimsí beartais atá ábhartha don Aontas ina iomláine, agus tá struchtúr sé cholún ag gabháil leis (féach Fíor 2).

Fíor 2 – Sé cholún RRF

Fíor 2 – Sé cholún RRF

Foinse: CIE.

Leagann na Ballstáit na hathchóirithe agus infheistíochtaí seo amach roimh ré ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus íocann an Coimisiún iad as garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a bhaint amach.

Céard atá clúdaithe againn?

Gach bliain, déanaimid iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas an Aontais chun a scrúdú an bhfuil na cuntais bhliantúla beacht agus an bhfuil na hidirbhearta ioncaim agus caiteachais is bun leis na cuntais sin ag comhlíonadh rialacha Eorpacha agus náisiúnta. Scrúdaímid an caiteachas ag an bpointe a bhfuil gníomhaíochtaí déanta nó costais tabhaithe ag faighteoirí deiridh na gcistí ón Aontas, nó i gcás chaiteachas RRF, ag an bpointe a bhfuil Ballstáit ag iarraidh íocaíocht as a ngarspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bheith baint amach acu, agus ag an bpointe a bhfuil an Coimisiún tar éis glacadh leis sin. Go hiarbhír, ciallaíonn sé sin go bhfuil íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí deiridh clúdaithe inár bpobal iniúchóireachta d’idirbhearta. Níor scrúdaíomar airleacain a íocadh in 2022, mura rud é gur imréitíodh iad freisin sa bhliain chéanna.

In 2022, bhí ár bpobal iniúchóireachta chun tástáil a dhéanamh ar ioncam ag seasamh do €245.3 billiún. Bhí ár bpobal iniúchóireachta chun tástáil a dhéanamh ar chaiteachas ag seasamh do €220.5 billiún. Bhí pobail iniúchóireachta ar leithligh againn le haghaidh caiteachais bhuiséad an Aontais (€166.8 billiún) agus le haghaidh caiteachas RRF (€53.7 billiún) chun tacú lenár dtuairimí faoi seach.

A bhfuil faighte amach againn

Ár ráiteas dearbhaithe maidir le buiséad AE

I gcomhréir le hAirteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirimid ráiteas dearbhaithe ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lena gclúdaítear beachtas na gcuntas comhdhlúite don Aontas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leis na cuntais sin. Is é sin an phríomhghné dár dtuarascáil bhliantúil.

Is ionstraim shealadach atá in RRF a tugadh i gcrích agus a maoiníodh ar shlí atá difriúil ó bhonn ó chaiteachas bhuiséad an Aontais. Cé go n‑íoctar tairbhithe de chaiteachas bhuiséad an Aontais as gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh nó go ndéantar athchistiú leo as costais a tabhaíodh, is amhlaidh – faoi RRF – go n‑íoctar Ballstáit as garspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach go sásúil. I gcás RRF mar sin, rinneamar scrúdú féachaint ar baineadh amach garscpriocanna nó spriocanna réamhshainithe go sásúil, agus ar comhlíonadh coinníollacha incháilitheachta cothrománacha. Dá bhrí sin, cuirimid dhá thuairim ar leithligh ar fáil faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais: ceann ar chaiteachas bhuiséad an Aontais agus ceann eile ar chaiteachas RRF.

Tugann cuntais an Aontais léargas fíorcheart

I gcuntais an Aontais do 2022, tugtar léiriú fíorcheart, ar gach slí ábharthach, ar thorthaí airgeadais an Aontais, chomh maith lena shócmhainní agus dliteanais ag deireadh na bliana, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta na hearnála poiblí.

Dá bhrí sin, táimid in ann tuairim ghlan a thabhairt ar bheachtas na gcuntas, mar atá déanta againn gach bliain ó bhí 2007 ann.

I gclár comhardaithe an Aontais, tá dliteanas maidir le pinsean agus sochair fostaithe eile de luach €80.6 billiún ann amhail ag deireadh 2022 (2021: €122.5 billiún). Is ann don laghdú sa dliteanas pinsean in 2022 go príomha mar gheall ar an méadú sa ráta lascaine ainmniúil, a ndéanann rátaí úis domhanda atá ag ardú difear dó.

Ar an 1 Feabhra 2020, scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach. Ag dáta an chláir comhardaithe, léirigh cuntais an Aontais glansuim infhaighte dlite ón Ríocht Aontaithe de €23.9 billiún (2021: €41.8 billiún), bunaithe ar oibleagáidí a sainíodh sa chomhaontú um tharraingt siar.

Rinneadh measúnú ar an tionchar a bhí ag ionradh na Rúise ar iasachtaí agus deontais i ndáil leis an Úcráin i gcuntais an Aontais, agus rinneadh cuntasú agus nochtadh go hiomchuí orthu i gcomhréir le ceanglas na rialacha cuntasaíochta.

Tá tuairim ghlan á heisiúint againn maidir le hioncam

Táimid tagtha ar an gconclúid go bhfuil an t‑ioncam saor ó earráid ábharthach. Bhí na córais do bhainistiú an ioncaim a scrúdaíomar éifeachtach go ginearálta.

Tá tuairim neamhfhabhrach á heisiúint againn maidir le caiteachas bhuiséad an Aontais

Is é an sainmhíniú atá againn ar earráid ná an méid airgid nár cheart a bheith íoctha amach as buiséad an Aontais. Tarlaíonn earráidí nuair nach bhfuil an t‑airgead úsáidte i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus dá réir sin nach bhfuil sé úsáidte ar an gcaoi a raibh sé beartaithe ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa nuair a ghlac siad an reachtaíocht sin, nó nuair nach bhfuil sé úsáidte i gcomhréir leis na rialacha sonracha náisiúnta.

I gcás caiteachas bhuiséad an Aontais, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide idir 3.1 % agus 5.3 %. Tá lárphointe an raoin sin, ar a dtugtaí an ‘earráid is dóchúla’ roimhe seo, méadaithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite ó 3.0 % go 4.2 % (féach Fíor 3).

Fíor 3 – An leibhéal earráide measta agus an pobal iniúchóireachta (2018‑2022)

Fíor 3 – An leibhéal earráide measta agus an pobal iniúchóireachta (2018‑2022)

Foinse: CIE.

Tá earráid ábharthach ag baint le níos mó ná leath den phobal iniúchóireachta arís

In 2022, bhí caiteachas ardriosca ag gabháil le 66.0 % dár bpobal iniúchóireachta, méadú ó 63.2 % don bhliain roimhe sin. Fuaireamar gur lean caiteachas ísealriosca de bheith saor ó earráidí ábharthacha, ach go raibh tionchar ag earráid ábharthach ar chaiteachas ardriosca i gcónaí. Dá bhrí sin, tá tionchar ag an gcaoi a n‑íoctar amach cistí ar an riosca earráide. Measaimid go bhfuil an leibhéal earráide do chaiteachas ardriosca ag 6.0 % (2021: 4.7 %) (féach Fíor 4).

Fíor 4 – Miondealú ar phobal iniúchóireachta 2022 de réir caiteachas ardriosca agus caiteachas ísealriosca

Fíor 4 – Miondealú ar phobal iniúchóireachta 2022 de réir caiteachas ardriosca agus caiteachas ísealriosca

Foinse: CIE.

Is é ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ is mó is cúis leis an leibhéal earráide, agus ina dhiaidh sin tagann ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’, ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteacha’, agus ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ (féach Fíor 5).

Fíor 5 – Leibhéil earráide measta do Cheannteidil 1, 2 agus 3 de CAI (2018‑2022)

Fíor 5 – Leibhéil earráide measta do Cheannteidil 1, 2 agus 3 de CAI (2018‑2022)

Foinse: CIE.

Is earráidí incháilitheachta is mó atá fós ag rannchuidiú leis an leibhéal earráide measta le haghaidh caiteachas ardriosca. Níl patrún geografach ag an méadú ar an leibhéal measta earráide do ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’. Mar sin féin, bhí méadú ar earráidí sonracha (amhail costais neamh‑incháilithe agus neamhchomhlíonadh rialacha soláthair phoiblí).

Comparáid idir ár leibhéal earráide measta agus meastacháin an Choimisiúin

I TBBG, a bhfuil freagracht ar choláiste na gCoimisinéirí as, déantar achoimre ar phríomhfhaisnéis ó na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí (TBGanna) maidir le rialú inmheánach agus bainistiú airgeadais. Áirítear an riosca ag tráth na híocaíochta leis sin, eadhon meastachán an Choimisiúin ar an méid atá íoctha agus nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Is é 1.9 % an riosca ag tráth na híocaíochta do 2022 atá ag an gCoimisiún, atá níos ísle ná an leibhéal earráide measta de 4.2 % (2021: 3.0 %) atá againne agus atá faoi bhun ár raoin, atá idir 3.1 % agus 5.3 %.

Cosúil leis an leibhéal measta earráide atá againne, níl caiteachas RRF curtha san áireamh i meastachán an Choimisiúin, agus is amhlaidh go ndéanann sé na torthaí rialaithe dó sin a nochtadh astu féin bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil. Sa bhreis air sin, sa TBG do gach Ard‑Stiúrthóireacht (AS) sa Choimisiún tá ráiteas ina dtugann an tArd‑Stiúrthóir dearbhú go bhfuil an fhaisnéis airgeadais á cur i láthair go cuí sa tuarascáil agus go bhfuil na hidirbhearta atá faoina bhfreagracht dhlíthiúil agus rialta. Chuige sin, sholáthair gach AS meastacháin ar an riosca ag tráth na híocaíochta ina gcaiteachas, cé is moite de RRF, agus déanann an Coimisiún measúnú ar na torthaí rialuithe ina leith sin bunaithe ar mheascán de na torthaí ó Bhallstáit agus óna iniúchtaí agus rialuithe féin.

I gcás gach ceannteidil de CAI a bhfuil measúnú sonrach tugtha againn ina leith, tá comparáid déanta againn idir an riosca ag tráth na híocaíochta le haghaidh 2022 de réir an Choimisiúin agus an ráta earráide measta atá againne. Léiríonn an chomparáid go bhfuil figiúirí an Choimisiúin faoi bhun ár meastachán i gcás trí réimse beartais. Fuaireamar na nithe seo a leanas amach: i gcás ‘an Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’, bhí meastachán an Choimisiúin ar an riosca ag tráth na híocaíochta ag 1.5 % sa leath íochtarach dár raon, faoi bhun an leibhéil earráide mheasta atá againne; i gcás ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, bhí meastachán an Choimisiúin ag 2.6 %, céatadán atá go suntasach faoi bhun ár raoin le haghaidh an leibhéil earráide mheasta; agus i gcás ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’, bhí meastachán an Choimisiúin ar an riosca ag tráth na híocaíochta ag 1.7 % sa leath íochtarach dár raon, faoi bhun an leibhéil earráide mheasta atá againne.

In TBBF, cuireann an Coimisiún i láthair an measúnú riosca foriomlán atá déanta aige ar chaiteachas bliantúil 2022 chun réimsí ardriosca a shainaithint agus chun gníomhaíocht a dhíriú isteach ar na réimsí sin. Measann an Coimisiún go bhfuil an riosca íseal do 63 % den chaiteachas, meánach do 12 % den chaiteachas, agus ard do 25 % den chaiteachas. Léirigh ár n‑obair, áfach, go bhfuil teorainneacha le hobair ex post an Choimisiúin, a dhéanann difear – nuair a chuirtear le chéile iad – do stóinseacht mheasúnú riosca an Choimisiúin.

D’eisíomar tuairim cháilithe maidir le caiteachas RRF in 2022

Léiríonn an fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán ónár n‑obair go raibh tionchar ag fionnachtana cainníochtúla ar 11 as 13 íocaíocht RRF (chomh maith le himréitigh ghaolmhara an réamh‑mhaoinithe). Bhí tionchar ag earráid ábharthach ar shé cinn de na híocaíochtaí sin. Shainaithníomar freisin cásanna ina raibh dearadh lag sna garspriocanna nó spriocanna agus shainaithníomar fadhbanna le beachtas na faisnéise a chuir Ballstáit ina ndearbhú bainistíochta.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir faisnéis iomlán maidir leis na príomhfhionachtanna a fháil i gCaibidil 1 agus Caibidil 11 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn. Is féidir teacht ar an téacs iomlán dár dtuarascáil bhliantúil ar ár suíomh gréasáin (eca.europa.eu).

Amharc níos géire ar ár bhfionnachtana

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

Bhí cur chun feidhme an bhuiséid ard i gcás gealltanas agus íocaíochtaí

Ba é 2022 an dara bliain de CAI 2021‑2027. I bhFíor 6 taispeántar an caiteachas foriomlán a bhí ar fáil ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear deontais NGEU.

Fíor 6 – Caiteachas foriomlán a bhí ar fáil ó bhuiséad an Aontais in 2022, lena n‑áirítear deontais NGEU

Fíor 6 – Caiteachas foriomlán a bhí ar fáil ó bhuiséad an Aontais in 2022, lena n‑áirítear deontais NGEU

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2022 an Aontais.

In 2022, úsáideadh formhór na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

D’fhormheas an t‑údarás buiséadach buiséad tosaigh de €169.5 billiún le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Le linn 2022, bhí cúig leasú a mhéadaigh an buiséad go €182.2 billiún, suim atá os cionn uasteorainn CAI de €179.8 billiún. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh trí ionstraimí speisialta a úsáid, amhail an Ionstraim Sholúbthachta, Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, agus an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála. Sa bhuiséad críochnaitheach, gealladh €179.4 billiún i rith 2022, agus ar an gcaoi sin úsáideadh 98 % den mhéid a bhí ar fáil.

Úsáideadh na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí críochnaitheacha nach mór ina n‑iomláine

Socraíodh an buiséad tosaigh le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ag €170.6 billiún, agus laghdaíodh é sin de réir a chéile go dtí €170.0 billiún. Bhí riachtanais íocaíochta breise i gceist mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, chomh maith le boilsciú ard agus méadú ar phraghsanna fuinnimh. Úsáideadh €167.3 billiún as an €170.0 billiún de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil i mbuiséad an Aontais. Féach Fíor 7.

Fíor 7 – Cur chun feidhme an bhuiséid in 2022

Fíor 7 – Cur chun feidhme an bhuiséid in 2022

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2022 an Aontais.

Nuair a dhéantar íocaíochtaí breise ó ioncam sannta de €71.8 billiún, agus €4.2 billiún de thabhairt anonn ó 2021 a chur san áireamh, shroich na híocaíochtaí iomlána €243.3 billiún in 2022. Dá bhrí sin, b’ionann úsáid an bhuiséid le haghaidh íocaíochtaí agus 93 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí de €261.3 billiún.

Lean ionsú CSIE 2014‑2020 ar aghaidh in 2022, cé go raibh sé níos moille ná mar a bhí in 2021 agus 2020

B’ionann íocaíochtaí ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEnna), gan acmhainní NGEU san áireamh, agus €64.9 billiún, méid a bhí níos ísle ná an méid in 2021 (€75.1 billiún) agus 2020 (€72.0 billiún). Amhail ag deireadh 2022, b’ionann na híocaíochtaí do chláir oibríochtúla CSIE 2014‑2020 agus €396.1 billiún, as an leithdháileadh iomlán de €492.6 billiún (80.4 %). Tá difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit maidir le hionsúchán CSIE (féach Fíor 8).

Fíor 8 – Leibhéil ionsú CSIE 2014‑2020 (gan acmhainní NGEU san áireamh)

Fíor 8 – Leibhéil ionsú CSIE 2014‑2020 (gan acmhainní NGEU san áireamh)

Nóta: Is éard atá i gceist le méideanna ‘atá le hionsú’ ná íocaíochtaí a d’fhéadfadh Ballstáit a iarraidh fós ar an gCoimisiún. Ní gá go mbeidís ionadaíoch ar dhul chun cinn iomlán chur chun feidhme an tionscadail sna Ballstáit. Is ann do na difríochtaí mar gheall ar shlánú suas nó síos na bhfigiúirí.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ón gCoimisiún.

Gheall an Coimisiún tuilleadh acmhainní ó chistí bainistíochta comhroinnte 2021‑2027 faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, ach bhí íocaíochtaí íseal mar gheall gur formheasadh cláir na mBallstát déanach

Ag tús an CAI nua, bhí aistriú ar bun ó CSIE 2014‑2020 go dtí cistí bainistíochta comhroinnte 2021‑2027. I gcás na gcistí bainistíochta comhroinnte sin, gheall na Ballstáit €65.4 billiún in 2022, i.e. 90 % de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhí ar fáil (in 2021, níor gheall siad ach 2 % den €50.1 billiún a bhí ar fáil).

Úsáideadh roinnt ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais mar fhreagairt éigeandála

In 2022, úsáideadh roinnt ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais mar fhreagairt éigeandála ar theagmhais nach rabhthas ag súil leo. Tugadh bearta solúbachta nua isteach chun cabhrú le húdaráis na mBallstát agus iad ag déileáil le paindéim COVID‑19, le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus leis an ngéarchéim fuinnimh. Féach Fíor 9.

Fíor 9 – Príomhbhearta an Aontais chun freagairt do ghéarchéimeanna in 2020‑2023

Fíor 9 – Príomhbhearta an Aontais chun freagairt do ghéarchéimeanna in 2020‑2023

Foinse: CIE, bunaithe ar reachtaíocht an Aontais.

Cuireadh dlús le cur chun feidhme NGEU in 2022, ach bhí an dul chun cinn níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis

Cuireadh dlús le gealltanais NGEU in 2022, agus méadaíodh go €306.0 billiún iad faoi dheireadh na bliana (2021: €143.5 billiún). Beidh ar na Ballstáit an €115.1 billiún atá fágtha a ghealladh in 2023, ós rud é nach bhféadfaidh siad é sin a dhéanamh i ndiaidh na bliana sin. In 2022, fuair Ballstáit €47.1 billiún in íocaíochtaí deontais RRF (2021: €46.4 billiún). Cé go raibh an méid sin beagán níos mó ná mar a bhí in 2021, bhí sé níos lú ná an €63.0 billiún a cheap an Coimisiún a bheadh i gceist. Mar sin féin, bhain na híocaíochtaí in 2022 beagnach go hiomlán le garspriocanna agus spriocanna a chomhlíonadh, cé in 2021 gur bhain siad go príomha le réamh‑mhaoiniú. Féach Fíor 10.

Fíor 10 – Nasc idir cur chun feidhme NGEU agus RRF

Fíor 10 – Nasc idir cur chun feidhme NGEU agus RRF

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2022 an Aontais agus tuarascálacha ar an gcur chun feidhme buiséadach ó chóras cuntasaíochta an Choimisiúin.

Bhí an méid is airde riamh de €453 billiún i gceist le gealltanais le híoc as buiséad an Aontais agus NGEU

Shroich gealltanais le híoc as buiséad an Aontais agus as cistiú deontais NGEU – a bheidh ina bhfiachais amach anseo mura scaoiltear ó ghealltanais iad – €453 billiún ag deireadh 2022, leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe. Is ann don mhéadú sin mar thoradh go príomha ar mhéadú ar na cistí a gealladh i rith an dara bliain de chur chun feidhme NGEU, chomh maith le tús chur chun feidhme chistí bainistíochta comhroinnte 2021‑2027. Dar leis an gCoimisiún, tar éis méadú breise de thart ar €460 billiún in 2023, ba cheart go laghdódh na gealltanais le híoc le linn 2024‑2026, go háirithe ós rud é nach bhfuil aon ghealltanas NGEU nua ann don tréimhse i ndiaidh 2023. Féach Fíor 11.

Fíor 11 – Gealltanais le híoc de réir bliana agus cineál cistithe (buiséad an Aontais agus NGEU)

Fíor 11 – Gealltanais le híoc de réir bliana agus cineál cistithe (buiséad an Aontais agus NGEU)

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2022 an Aontais agus tuarascálacha ar an gcur chun feidhme buiséadach ó chóras cuntasaíochta an Choimisiúin.

Rioscaí agus dúshláin

Bhí méadú suntasach ar na costais iasachtaíochta d’fhiachas an Aontais

Maidir le fiachas an Aontais – sin le rá iasachtaíocht ó mhargaí NGEU, SURE, MFA, EFSM, BOP, agus Euratom – mhéadaigh sé go €344.3 billiún in 2022 faoi dheireadh na bliana (2021: €236.7 billiún), mar gheall go príomha ar iasachtaíocht nua le haghaidh NGEU, SURE agus MFA. I bhFíor 12, taispeántar aibíochtaí agus glanrátaí úis na hiasachtaíochta.

Fíor 12 – Aibíochtaí agus glanrátaí úis d’iasachtaíocht bhuiséad an Aontais

Fíor 12 – Aibíochtaí agus glanrátaí úis d’iasachtaíocht bhuiséad an Aontais

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2022 an Aontais.

As an iasachtaíocht sin, ní raibh riosca don ráta úis do bhuiséad an Aontais i gceist ach le hionstraim NGEU. In 2022, mar thoradh ar rátaí úis margaidh a bheith ag méadú, tháinig méadú ar chostas chistiú NGEU nua ó 0.14 % sa dara leath de 2021 go 2.60 % sa dara leath de 2022. In 2022, b’ionann an t‑ús glan a íocadh ar iasachtaíocht NGEU agus €0.5 billiún.

Bhí neamhchosaint iomlán do bhuiséad an Aontais níos airde ná mar a bhí in 2021

B’ionann neamhchosaint bhuiséad an Aontais agus €248.3 billiún faoi dheireadh 2022, méadú ó €204.9 billiún in 2021. Bhain an méadú sin go príomha leis na hiasachtaíochtaí d’iasachtaí breise RRF agus SURE de €27.2 billiún agus €8.7 billiún faoi seach (2021: €18.0 billiún agus €89.7 billiún faoi seach) a rinne na Ballstáit, agus iasachtaí MFA de €7.2 billiún don Úcráin. I bhFíor 13, tugtar miondealú ar an neamhchosaint de réir chineálacha na bhfoinsí agus de réir clúdach riosca.

Fíor 13 – Neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais ag deireadh 2022, de réir an chineáil foinse agus de réir clúdach riosca

Fíor 13 – Neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais ag deireadh 2022, de réir an chineáil foinse agus de réir clúdach riosca

(*) Iasachtaí le haghaidh Comhardú íocaíochtaí – €0.2 billiún, iasachtaí Euratom – Ballstáit €0.03 billiún.

(**) Ráthaíocht an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) – €0.4 billiún, ráthaíocht InvestEU – €0.3 billiún agus ráthaíocht CEFI+ – €0.2 billiún.

Nóta: Is ann do na difríochtaí mar gheall ar shlánú suas nó síos na bhfigiúirí.

Foinse: CIE, bunaithe ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite 2022 an Aontais.

Maolaítear an riosca neamhchosanta do bhuiséad an Aontais go pointe áirithe trí ráthaíochtaí a fhaightear ó na Ballstáit agus tríd an gCiste don soláthar coiteann. Tháinig méadú ó €12.3 billiún in 2021 go dtí €14.4 billiún in 2022 ar na méideanna a bhí á mbainistiú ag an gCiste don Soláthar Coiteann (CPF).

Tá méadú ar na rioscaí airgeadais do bhuiséid an Aontais amach anseo mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine

Tharla níos mó ná dúbailt ar neamhchosaint bhuiséad an Aontais i leith na hÚcráine in 2022 i gcomparáid le 2021 (ó €7 mbilliún go €16 bhilliún). Leis an bhformheas ar €18 mbilliún breise do MFA+ ag deireadh 2022, tiocfaidh méadú suntasach ar an neamhchosaint sin do bhuiséid amach anseo. Thairis sin, ós rud é nach bhfuil aon soláthar ag teastáil don €18 mbilliún breise, tá méadú ar an riosca do bhuiséid an Aontais amach anseo. Aon chaillteanais ghaolmhara, caithfear iad a chlúdach le buiséid an Aontais amach anseo nó leis an ‘lamháltas’ buiséadach idir uasteorainn CAI agus uasteorainn na n‑acmhainní dílse. Féach Fíor 14.

Fíor 14 – Amlíne iasachtaí MFA atá formheasta don Úcráin, lena n‑áirítear soláthair

Fíor 14 – Amlíne iasachtaí MFA atá formheasta don Úcráin, lena n‑áirítear soláthair

Foinse: CIE, bunaithe ar an reachtaíocht is infheidhme.

Le cur chun feidhme comhthreomhar agus moillithe roinnt ionstraimí, méadaítear an riosca go gcaillfidh Ballstáit amach ar chistiú

Tá Ballstáit ag ionsú cistí faoi láthair ó roinnt ionstraimí ag an am céanna: na cláir CSIE atá fágtha ó CAI 2014‑2020, cistí bainistíochta comhroinnte 2021‑2027 faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR), agus RRF. In éineacht leis an méid sin go léir, caithfidh siad tabhairt faoi bhearta a tugadh isteach i ndáil le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Níor chuir formhór na mBallstát tús le hacmhainní airgeadais a leithdháileadh ó chistí bainistíochta comhroinnte CPR 2021‑2027 ar thionscadail go dtí déanach in 2022 mar gheall ar mhoilleanna maidir le formheas na reachtaíochta agus, dá bhrí sin, ar fhormheas na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus na gclár. Mura gcuirtear dlús suntasach le cur chun feidhme na gcistí bainistíochta comhroinnte in 2024 agus 2025, tiocfaidh méadú as cuimse ar an riosca go dtarlóidh saoradh ó ghealltanais níos déanaí sa tréimhse. Féach Fíor 15.

Fíor 15 – Amlíne chun cistí bainistíochta comhroinnte CSIE, RRF agus CPR a ghealladh agus a íoc

Fíor 15 – Amlíne chun cistí bainistíochta comhroinnte CSIE, RRF agus CPR a ghealladh agus a íoc

(*) I gcás CETFT, tugadh isteach idirthréimhse do 2021 agus 2022, agus tiocfaidh sé go hiomlán faoi chreat phleananna straitéiseacha CBT ina dhiaidh sin. Ciallaíonn sé sin, dáiríre, go bhfuil síneadh dhá bhliain ar na tréimhsí le haghaidh gealltanas agus íocaíochtaí do CETFT (2022 agus 2025 faoi seach).

Foinse: CIE, bunaithe ar reachtaíocht is infheidhme.

Déanann boilsciú ard difear do bhuiséad an Aontais

Déanann boilsciú ard difear do bhuiséad an Aontais ar roinnt bealaí éagsúla. Mar gheall go ndéantar coigeartú ar bhuiséad an Aontais go bliantúil le díbhoilsceoir seasta de 2 %, laghdaítear a chumhacht cheannaigh de réir na difríochta idir an figiúr sin agus an meánráta boilscithe. Ar bhonn réamhaisnéis an Choimisiúin ar an mboilsciú, is é ár meastachán ná go bhféadfadh buiséad an Aontais beagnach 10 % dá chumhacht cheannaigh a chailleadh faoi 2023. Méadaítear boilsciú ard i gcostais sheasta áirithe, amhail costais riaracháin agus costais mhaoiniúcháin. Déanann sé sin difear freisin don sciar d’ioncam an Aontais a thagann ó fhoinsí éagsúla. Féach Fíor 16.

Fíor 16 – Athruithe ar chumhacht cheannaigh bhuiséad an Aontais

Fíor 16 – Athruithe ar chumhacht cheannaigh bhuiséad an Aontais

Foinse: CIE, bunaithe ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2023 ón gCoimisiún.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • i bhfianaise leibhéal ard na ngealltanas le híoc a bhíonn ag fanacht ar íocaíocht ó bhuiséid an Aontais amach anseo, bealaí a shainaithint chun cuidiú leis na Ballstáit dlús a chur le húsáid chistí an Aontais, go háirithe cistí bainistíochta comhroinnte faoi CPR, agus fós bainistíocht fhónta airgeadais a leanúint;
  • measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag boilsciú ard ar bhuiséad an Aontais thar roinnt blianta agus uirlisí a shainaithint chun na príomhrioscaí a éiríonn as a mhaolú. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún cosaint a thabhairt do chumas bhuiséad an Aontais a ghealltanais dhlíthiúla agus chonarthacha a chomhlíonadh, amhail costais airgeadais atá ag méadú;
  • i bhfianaise neamhchosaint mhéadaitheach bhuiséad an Aontais ó iasachtaíocht le haghaidh riachtanais íocaíochta bhreise (amhail iad sin a bhí ann de thoradh phaindéim COVID‑19 agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine) agus freisin ó ráthaíochtaí buiséadacha, na gníomhaíochtaí iomchuí is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag a uirlisí maolaithe riosca, amhail an ciste don soláthar coiteann, agus a mheastachán ar an neamhchosaint bhliantúil a chur ar fáil go poiblí.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar Bhainistiú Buiséadach agus Airgeadais i gCaibidil 2 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

Torthaí a fháil ó bhuiséad an Aontais

Gach bliain, déanaimid anailís ar roinnt gnéithe a bhaineann le feidhmíocht agus na torthaí a bhaintear amach le buiséad an Aontais, a chuireann an Coimisiún chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit. I mbliana, clúdaíonn ár n‑anailís:

  • torthaí agus príomhtheachtaireachtaí na dtuarascálacha speisialta maidir le feidhmíocht 2022 uainn, chomh maith le faisnéis ghaolmhar ón gCoimisiún agus ó na húdaráis bhuiséadacha agus reachtacha (Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh);
  • cur chun feidhme na moltaí a rinneadh i dtuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais 2019 uainn;
  • cur chun feidhme na moltaí a rinneamar sna tuarascálacha speisialta a d’fhoilsíomar in 2019.

Príomhtheachtaireachtaí ó thuarascálacha speisialta 2022 uainn maidir le feidhmíocht

Scrúdaítear inár dtuarascálacha speisialta cé chomh maith is a bhí prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais curtha i bhfeidhm i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais. In 2022, d’fhoilsíomar 28 dtuarascáil speisialta a thug aghaidh ar an iliomad dúshlán atá roimh an Aontas ar fud réimsí éagsúla caiteachais agus beartas an Aontais. Tá sé de cheart ag ár n‑iniúchaithe freagraí a thabhairt ar ár mbarúlacha. I dtuarascálacha speisialta 2022 uainn, bhí 214 mholadh maidir le raon leathan topaicí, agus iad sin dírithe ar an gCoimisiún go príomha, ar glacadh go hiomlán le 91 % díobh. Thug siad aghaidh ar chúig réimse straitéiseach, eadhon: freagairt an Aontais ar COVID‑19; iomaíochas an Aontais; athléimneacht agus luachanna Eorpacha; an t‑athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha; agus beartais fhioscacha agus airgeadais phoiblí (féach Tábla 1).

Tábla 1 – Réimsí straitéiseacha CIE atá clúdaithe ag tuarascálacha speisialta in 2022

Freagairt COVID‑19 TS 13/2022: Saorghluaiseacht san Aontas Eorpach le linn phaindéim COVID‑19
TS 18/2022: Institiúidí AE agus COVID‑19
TS 19/2022: Vacsaíní COVID‑19 a sholáthar san Aontas
TS 21/2022: Measúnú an Choimisiúin ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta
TS 28/2022: Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE)
Iomaíochas TS 03/2022: Cur i bhfeidhm 5G san Aontas Eorpach
TS 06/2022: Cearta maoine intleachtúla an Aontais
TS 07/2022: Ionstraimí idirnáisiúnaithe do FBManna
TS 08/2022: Tacaíocht ó CFRE le haghaidh iomaíochas FBManna
TS 15/2022: Bearta chun rannpháirtíocht i Fís 2020 a fhairsingiú
TS 16/2022: Sonraí sa Chomhbheartas Talmhaíochta
TS 23/2022: Sineirgí idir Fís 2020 agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa
TS 24/2022: Gníomhaíochtaí r‑Rialtais atá spriocdhírithe ar ghnólachtaí
Athléimneacht agus Luachanna Eorpacha TS 01/2022: Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar
TS 05/2022: Cibearshlándáil institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
TS 14/2022: Freagairt an Choimisiúin ar chalaois sa Chomhbheartas Talmhaíochta
TS 27/2022: Tacaíocht AE do chomhar trasteorann le tíortha comharsanacha
An t‑athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha TS 02/2022: Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair
TS 09/2022: An caiteachas aeráide i mbuiséad AE 2014‑2020
TS 10/2022: LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
TS 12/2022: Marthanacht san fhorbairt tuaithe
TS 20/2022: Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach
TS 22/2022: Tacaíocht AE do réigiúin ghuail
Beartais fhioscacha agus airgeadais phoiblí TS 04/2022: Cistí infheistíochta
TS 11/2022: Buiséad an Aontais a chosaint
TS 17/2022: Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún Eorpach
TS 25/2022: Fíorú ar an Ollioncam Náisiúnta chun buiséad an Aontais a mhaoiniú
TS 26/2022: Staidreamh Eorpach

Foinse: CIE.

Obair leantach ar na moltaí a rinneadh inár dtuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais – stádas ag deireadh 2019

Inár dtuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2019, bhí cúig mholadh dírithe chuig an gCoimisiún agus ghlac sé leo. Mhol siad don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh: tuairisc a dhéanamh ar fheidhmíocht chláir chaiteachais an Aontais chomh fada agus a bheidh íocaíochtaí faoi CAI á ndéanamh (curtha chun feidhme go hiomlán); tuilleadh feabhais a chur ar bheachtas na faisnéise feidhmíochta (curtha chun feidhme go pointe áirithe); ceachtanna a foghlaimíodh ó ghrinnscrúdú an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála a chraobhscaoileadh (curtha chun feidhme go hiomlán); míniú níos fearr a thabhairt ar cén chaoi a leagtar síos spriocanna agus táscairí, agus feabhas a chur ar roinnt gnéithe dá thuarascálacha feidhmíochta (curtha chun feidhme go pointe áirithe).

Obair leantach ar na moltaí a rinneamar inár dtuarascálacha speisialta in 2019

Gach bliain, déanaimid athbhreithniú ar a mhéid a bhfuil gníomhaíocht déanta ag na hiniúchaithe mar fhreagairt ar ár moltaí trí bliana tar éis dúinn iad a dhéanamh. I mbliana, rinneamar anailís ar 213 mholadh ó 22 de na 25 thuarascáil speisialta a d’fhoilsíomar in 2019. Díríodh 179 de na moltaí sin chuig an gCoimisiún. Díríodh an 34 mholadh eile chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘Frontex’). Fuaireamar an méid seo a leanas:

  • tá laghdú beag tagtha ar an gcion de na moltaí ar ghlac ár n‑iniúchaithe go hiomlán leo, ó 83 % go 79 %;
  • tá laghdú beag tagtha freisin ar an gcion de na moltaí a cuireadh chun feidhme go hiomlán nó den chuid is mó, ó 75 % go 70 %;
  • rinneadh 73 % de na moltaí a bhí dírithe chuig an gCoimisiún a chur chun feidhme go hiomlán nó den chuid is mó;
  • bhí 56 % de na moltaí a bhí dírithe chuig iniúchaithe eile curtha chun feidhme go hiomlán nó den chuid is mó;
  • tá laghdú tagtha ar an gcion de na moltaí a cuireadh chun feidhme in am, ó 60 % go 38 %, agus rinne ár n‑iniúchaithe trácht ar phaindéim COVID‑19 mar phríomhchúis leis na moilleanna;
  • tá an leibhéal cur chun feidhme i gcomhchoibhneas le glacadh na n‑iniúchaithe leis na moltaí iniúchóireachta.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar ‘Torthaí a fháil ó bhuiséad an Aontais’ i gCaibidil 3 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

Ioncam

€245.3 billiún

A raibh faoi iniúchadh againn

Rinne ár n‑iniúchadh an taobh ioncaim de bhuiséad an Aontais a chlúdach, a mhaoiníonn caiteachas an Aontais. Rinneamar scrúdú ar phríomhchórais rialuithe roghnaithe le haghaidh acmhainní dílse a bhainistiú, agus ar shampla de 65 idirbheart ioncaim.

Sheas ranníocaíochtaí bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta (OIN) ó Bhallstáit do 42.3 % d’ioncam an Aontais in 2022, agus sheas acmhainní dílse bunaithe ar Cháin Bhreisluacha (CBT) do 8.0 %. Déantar ríomh ar na ranníocaíochtaí sin trí staidrimh mhaicreacnamaíoch agus meastacháin a sholáthraíonn na Ballstáit a úsáid.

Tá acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) comhdhéanta de dhleachtanna custaim ar allmhairí atá bailithe ag riaracháin na mBallstát thar ceann an Aontais, agus sholáthair siad 10.6 % eile d’ioncam an Aontais.

Sholáthair an acmhainn dhílis atá bunaithe ar phacáistíocht phlaisteach neamh‑athchúrsáilte 2.6 % d’ioncam an Aontais. Déantar ríomh air seo trí ráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar mheáchan na pacáistíochta plaistí neamh‑athchúrsáilte a ghintear i ngach aon Bhallstát.

Maidir le hioncam sannta seachtrach, a bhaineann den chuid is mó le méideanna a fhaightear ar iasacht chun tacaíocht airgeadais nach bhfuil in‑aisíoctha a thabhairt do na Ballstáit i gcomhthéacs NGEU, sholáthair sé 25.4 % d’ioncam an Aontais.

Tá foinsí eile freisin ann le haghaidh ioncam an Aontais. Is iad na foinsí is suntasaí díobh sin ná ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí atá nasctha le comhaontuithe agus cláir de chuid an Aontais (8.5 % d’ioncam an Aontais).

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€245.3 billiún Níl – Saor ó earráid ábharthach in 2021 agus 2022

Tugann an fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán le tuiscint nach raibh an leibhéal earráide sna hidirbhearta ioncaim ábharthach. Bhí na córais chun an t‑ioncam a bhainistiú a scrúdaíomar éifeachtach go ginearálta. Mar sin féin, bhí éifeachtacht go pointe áirithe ag cuid de na príomhrialuithe inmheánacha le haghaidh ADT a ndearnamar measúnú orthu i mBallstáit áirithe, chomh maith le bainistiú cásanna de dhíscríobh ADT, agus bainistiú forchoimeádas CBL agus pointí oscailte ADT ag an gCoimisiún.

Thuairiscíomar moilleanna maidir le hathmheasúnú a dhéanamh ar chásanna de dhíscríobh fiachais custaim ag an gCoimisiún nach raibh faoi réir teorainneacha ama rialála, le cuid acu ar feitheamh ó 2015. Thugamar ar aire freisin go raibh laghdú teoranta ar líon na bhforchoimeádas CBL agus na bpointí oscailte ADT, chomh maith le laigí ina mbainistíocht.

Mar a luadh sa tuarascáil speisialta a d’fhoilsíomar le déanaí maidir le OIN, bhí rioscaí i dtiomsú sonraí clúdaithe go maith ar an iomlán ag fíorú an Choimisiúin, ach bhí deis ann tosaíocht níos mó a thabhairt dá ghníomhaíochtaí. Sa tuarascáil speisialta, tá moltaí leagtha amach chun feabhas a chur ar thimthriall fíoraithe OIN, ag tosú in 2025.

Thángamar ar an gconclúid freisin go raibh moill bhreise ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí roghnaithe i bPlean Gníomhaíochta Custaim an Choimisiúin, ar plean é a rannchuidíonn leis an mbearna chustaim a laghdú. Ní dhéanann an laige sin difear dár dtuairim iniúchóireachta ar ioncam, mar nach mbaineann sé leis na hidirbhearta is bun leis na cuntais, ach gur mó a bhaineann sé leis an riosca go bhfuil ADT neamhiomlán.

Maidir leis an bhfaisnéis ar rialtacht a tugadh i dTuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí 2022, arna bhfoilsiú ag AS BUDG agus ag Eurostat, bhí siad ag tacú go ginearálta lenár bhfionnachtana agus conclúidí.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta chun cásanna de neamhchur i bhfeidhm Threoir CBL a bhainistiú, ar cásanna iad a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar bhuiséad an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • faireachán córasach a dhéanamh ar amlínte na gcéimeanna éagsúla den nós imeachta um shárú, agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe eile atá beartaithe neamhchomhlíonadh a réiteach, agus gníomhaíocht thráthúil a dhéanamh chun moilleanna iomarcacha a sheachaint;
    • measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil neamhchomhlíonadh a dhéanann difear don acmhainn dhílis CBL‑bhunaithe a shainaithnítear i mBallstát amháin de chineál trasearnálach agus go bhféadfadh feidhm a bheith aige maidir le Ballstáit eile dá bhrí sin; agus
    • gníomhaíocht thráthúil a dhéanamh, agus b’fhéidir forchoimeádais thrasearnálacha a leagan síos a áirithíonn íocaíocht cheart ranníocaíochtaí náisiúnta CBL‑bhunaithe le buiséad an Aontais;
  • an t‑athmheasúnú a dhéanamh gan mhoill ar iarrataí a fuarthas ó Bhallstáit (roimh mhí na Bealtaine 2022 nach bhfuil faoi réir teorainneacha ama rialála) lena léirítear easaontú le measúnú tosaigh an Choimisiúin ar chásanna de dhíscríobh ADT.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar ‘Ioncam an Aontais’ i gCaibidil 4 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

An Margadh Aonair, Nuálaíocht & Inneachar Digiteach

Iomlán: €17.3 billiún (Ceannteideal 1 de CAI)

A raibh faoi iniúchadh againn

Tá na cláir a mhaoinítear faoi ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ ilghnéitheach agus tá sé mar aidhm leo maoiniú a dhéanamh ar thionscadail a rannchuidíonn, i measc nithe eile, le taighde agus nuálaíocht, le forbairt a dhéanamh ar na gréasáin thras‑Eorpacha iompair, le cumarsáid, le fuinneamh, leis an gclaochlú digiteach agus an margadh aonair, agus leis an mbeartas spáis. Is é Fís 2020 an príomhchlár le haghaidh taighde agus nuálaíocht i gcónaí, ós rud é nach seasann a chomharba, Fís Eorpach, ach do chion an‑bheag dár bpobal iniúchóireachta do 2022. Faoin gceannteideal CAI seo, maoinítear freisin tionscadail mhóra bonneagair, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), cláir spáis amhail Galileo, Breis‑seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS), agus Copernicus – Clár an Aontais um Fhaire na Cruinne. Áirítear ann an ciste ‘InvestEU’, a thairbhíonn freisin, in éineacht le Fís Eorpach, de chistiú breise ó NGEU.

I gcás 2022, bhí €17.3 billiún faoi réir iniúchóireachta sa réimse seo. Déantar an chuid is mó den chaiteachas a bhainistiú go díreach sa Choimisiún (AS Taighde agus Nuálaíocht (RTD), AS an Tionscail Cosanta agus an Spáis (DEFIS)), lena n‑áirítear trí ghníomhaíochtaí feidhmiúcháin, agus is i bhfoirm deontais chuig tairbhithe poiblí nó príobháideacha a bhíonn rannpháirteach i dtionscadail a dhéantar é sin. Soláthraíonn an Coimisiún réamh‑mhaoiniú do thairbhithe nuair a shínítear comhaontú deontais agus athchistíonn sé na costais a ghabhann le cistiú ón Aontas ina dhiaidh sin, glan ar an réamh‑mhaoiniú. Is iondúil gur go hindíreach a dhéantar na cláir spáis a bhainistiú ar bhonn comhaontuithe tarmligin agus comhaontuithe ranníocaíochta arna síniú idir an Coimisiún agus na comhlachtaí cur chun feidhme atá tiomnaithe don chlár (amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis). Is é an Banc Eorpach Infheistíochta nó an Ciste Eorpach Infheistíochta a dhéanann ionstraimí airgeadais InvestEU a chur chun feidhme go príomha, agus baineann siadsan úsáid as idirghabhálaithe airgeadais.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€17.3 billiún 2.7 % (2021: 4.4 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide in ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ ábharthach. In 2022, bhí tionchar ag earráidí ar 43 (34 %) de na 127 n‑idirbheart a bhí á scrúdú againn.

Tá riosca ard ag gabháil i gcónaí le caiteachas Fís 2020 agus is ansin is mó a bhraithimid earráidí. Fuaireamar earráidí inchainníochtaithe a bhí ag baint le costais neamh‑incháilithe in 35 as na 92 idirbheart taighde agus nuálaíochta sa sampla. Seasann sé sin do 98 % dár meastachán ar an leibhéal earráide don cheannteideal seo in 2022.

I gcás cláir agus gníomhaíochtaí eile, bhraitheamar earráidí inchainníochtaithe i gceann amháin as na 35 idirbheart sa sampla. Bhain sé le neamhrialtacht i nós imeachta soláthair thionscadal SCE.

Tá castacht fós ag baint leis na rialacha lena bhfógraítear costais phearsanra faoi Fís 2020. As na 35 idirbheart a raibh earráidí inchainníochtaithe ag gabháil leo inár sampla d’idirbhearta taighde, bhí cur i bhfeidhm mícheart na modheolaíochtaí chun costais phearsanra a ríomh i gceist le 25 díobh. Áirítear sna hearráidí eile a bhaineann le costais phearsanra ríomh mícheart ar rátaí in aghaidh uaire, laigí maidir le tuairisciú ama, agus sáruithe ar riail na huasteorann dúbailte. Fuaireamar earráidí freisin a bhaineann le fochonraitheoireacht neamh‑incháilithe agus costais dhíreacha.

Sampla: Sárú ar riail na huasteorann dúbailte

Fuair tairbhí de thionscadal faoi Fís 2020 san Ísiltír dhá dheontas Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) freisin a raibh a dtráthchláir ag forluí go páirteach le tráthchlár an tionscadail faoi Fís 2020 a bhí faoi iniúchóireacht. Bhí cuid den fhoireann a bhí rannpháirteach sa tionscadal faoi Fís 2020 rannpháirteach freisin i gcur chun feidhme ceann de na tionscadail CFRE sin, nó an dá cheann acu. Nuair a bhí na costais phearsanra á ndearbhú don tionscadal faoi Fís 2020 a bhí faoi iniúchóireacht, níor chuir an tairbhí san áireamh uaireanta an chloig a bhí dearbhaithe cheana féin le haghaidh thionscadail CFRE agus dá bhrí sin, d’éiligh an tairbhí méid suntasach níos mó uaireanta an chloig ná an t‑uasmhéid atá ceadaithe (1 720 uair an chloig nó ar bhonn pro rata i gcás daoine nach bhfuil ag obair go lánaimseartha). Bhí na huaireanta an chloig breise (i.e. iomlán de níos mó ná 1 900 uair an chloig le haghaidh seisear foirne) neamh‑incháilithe.

Ceann de na straitéisí chun borradh a chur faoi thaighde Eorpach is ea méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hearnála príobháidí. Mar sin féin, tá claonadh chun earráide ag Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna). Bhí FBManna ag seasamh do 11 % dár sampla iniúchóireachta (14 as 127 n‑idirbheart) ach bhí 29 % den ráta earráide measta luaite leo. Thairis sin, bhí earráid inchainníochtaithe a fuarthas in éilimh ar chostais a rinne trí thairbhí nua ag seasamh do bheagnach leath den ráta earráide measta.

Nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le cistiú cnapshuime sa taighde

Is é is aidhm do chistiú cnapshuime sa taighde, le híocaíochtaí atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí a dhéantar seachas ar na costais a thabhaítear, ná an t‑ualach ó thaobh riaracháin de ar thairbhithe a laghdú, chomh maith leis an ráta earráide dá bharr. Rinneadh cnapshuimeanna ar bhonn píolótach ó 2018 go 2020 faoi Fís 2020.

In 2022, rinneamar athbhreithniú ar nósanna imeachta agus treoraíocht an Choimisiúin maidir le deontais chnapshuime i dtaighde trí scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha an Choimisiúin maidir le ranníocaíochtaí cnapshuime, go háirithe an cinneadh maidir le cnapshuimeanna. Scrúdaíomar freisin an nós imeachta a úsáideadh chun an buiséad críochnaitheach de 10 ndeontas cnapshuime le buiséid sa raon idir €0.5 milliún go €11 mhilliún a dhéanamh amach, ag díriú isteach ar mheasúnuithe meastóirí seachtracha.

Fuaireamar amach nach raibh an t‑údar atá ag teastáil faoin Rialachán Airgeadais i ndáil leis an riosca neamhrialtachtaí agus calaoise curtha san áireamh sa chinneadh cnapshuime, agus ar an gcaoi sin, níl aon rialacha sonracha ann lena gceanglaítear go gcomhlíonfar na rialacha soláthair phoiblí le linn chur chun feidhme an tionscadail. Le linn ár n‑athbhreithnithe ar na 10 dtionscadal cnapshuime roghnaithe, fuaireamar amach nach gcuireann treoraíocht an Choimisiúin do mheastóirí saineolacha d’oibleagáid orthu ‘tagarmharcanna ábhartha’ a úsáid nuair atá buiséid tionscadail á measúnú acu. Sa bhreis air sin, bhí méid teoranta doiciméadachta ag tacú le measúnuithe na saineolaithe ar na buiséid.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí ón gCoimisiún agus comhshocraithe rialachais eile

Bhí na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí (AS RTD and AS DEFIS) a scrúdaíomar ina léiriú ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil sa dá AS, agus tugann siad measúnú fíorcheart ar an mbainistíocht airgeadais i ndáil le rialtacht na n‑idirbheart bunúsach a bhaineann le caiteachas CAI 1.

Rinneamar athbhreithniú ar an bhfaisnéis in TBBF 2022 ón gCoimisiún i ndáil leis an riosca measta ag tráth na híocaíochta sna réimsí beartais faoi CAI 1. Rinne an Coimisiún ráta earráide de 1.5 % a ríomh le haghaidh CAI 1. Tá an céatadán sin sa chuid íochtarach den raon don leibhéal earráide measta atá againne, agus tá sé faoi bhun an leibhéil ábharthachta.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • faoi chuimsiú na meastóireachta meántéarma ar Fís Eorpach, meastóireacht ar chistiú cnapshuime a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil cineálacha tionscadal ar leith (ó thaobh ábhair, méide, etc.) ann nach bhfuil oiriúnach do chistiú cnapshuime, chomh maith leis an riosca neamhrialtachta agus calaoise a chlúdach;
  • roimh na chéad ghlaonna eile faoi Fís Eorpach, measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá sé úsáid a bhaint as deontais chnapshuime do thionscadail ardbhuiséadacha, agus uasmhéid a shocrú do na deontais sin;
  • i dtaca le deontais chnapshuime, a áirithiú go ndéantar meastóireachtaí saineolacha ar iarratais ar dheontais, go háirithe ar na tograí buiséid atá iontu, le haird chuí ar thagarmharcanna ábhartha, agus doiciméadú cuí a dhéanamh orthu;
  • sonrú breise a dhéanamh ar na ceanglais lena sainítear cur chun feidhme cuí do dheontais chnapshuime, lena n‑áirítear na gnéithe de gach pacáiste oibre a spreagfaidh íocaíocht, chomh maith le treoraíocht mhionsonrach a sholáthar dóibh siúd atá rannpháirteach i measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadal;
  • i gcás deontas cnapshuime, raon feidhme a rialaithe ex post a shainiú, ar cheart an méid seo a leanas a áireamh iontu: seiceálacha ar réimsí ardriosca, amhail rialacha soláthair phoiblí; gan coinbhleacht leasa a bheith ann; agus úsáid na n‑acmhainní atá luaite sa chomhaontú deontais.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ i gCaibidil 5 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

Iomlán: €79.1 billiún (Ceannteideal 2 de CAI)

A raibh faoi iniúchadh againn

Díríonn an caiteachas faoin gceannteideal seo ar éagothromaíochtaí forbartha idir na Ballstáit agus na réigiúin éagsúla den Aontas a laghdú (fo‑cheannteideal 2a) agus ar ghníomhaíochtaí chun tacú le luachanna an Aontais agus chun iad a chosaint, ionas go mbeidh an tAontas níos athléimní agus é ag dul i ngleic le dúshláin atá anois ann agus a bheidh ann amach anseo (fo‑cheannteideal 2b). Déantar cistiú le haghaidh fho‑cheannteideal 2a (Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach) trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe (CC), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). Déantar cistiú le haghaidh fho‑cheannteideal 2a (Athléimneacht agus Luachanna) trí chláir amhail Erasmus+, roinnt scéimeanna beaga agus ionstraimí sonracha a bunaíodh mar fhreagairt do phaindéim COVID‑19.

Tá cistí an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CC agus CSE) ag seasamh d’fhormhór an chaiteachais, ina roinntear bainistiú na gcistí idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Cómhaoiníonn an tAontas cláir oibríochtúla (COnna) ilbhliantúla nó gníomhaíochtaí, lena dtugtar cistiú do thionscadail. Sa Choimisiún, tá Ard‑Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) freagrach as CFRE agus CC a chur chun feidhme, agus tá an Ard‑Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) freagrach as CSE. Bíonn cistiú an Aontais do chláir nach bhfuil faoi bhainistíocht chomhroinnte á mbainistiú go díreach ag ASanna an Choimisiúin, nó go hindíreach le tacaíocht ó eagraíochtaí comhpháirtíochta nó ó údaráis eile.

Déanaimid iniúchóireacht ar chaiteachas nuair atá sé glactha ag an gCoimisiún. I gcás Thuarascáil bhliantúil 2022, rinneamar iniúchadh ar chaiteachas de €66.9 billiún sa réimse seo, lena n‑áirítear €63.5 billiún i gcaiteachas faoi fho‑cheannteideal 2a agus €3.4 billiún faoi fho‑cheannteideal 2b (2021: €47.9 billiún san iomlán). I gcomhréir lenár cur chuige, áiríodh sa mhéid sin luach €872 mhilliún de chaiteachas ó chlárthréimhsí roimhe seo a bhí glactha nó imréitithe ag an gCoimisiún in 2022.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€66.9 billiún 6.4 % (2021: 3.6 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide in ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ ábharthach.

In 2022, rinneamar tástáil ar 260 idirbheart. Shainaithníomar 50 earráid agus rinneamar cainníochtú orthu, agus thuairiscigh fionnachtana na n‑údarás iniúchóireachta 58 n‑earráid den sórt sin. Sa bhreis air sin, chuireamar san áireamh na ceartúcháin ar luach iomlán de €618 milliún a bhí á gcur i bhfeidhm ag údaráis na gclár. Measaimid go bhfuil an leibhéal earráide do cheannteideal 2 de CAI ag 6.4 %. Is é 6.6 % an leibhéal earráide measta atá ann d’fho‑cheannteideal 2a leis féin.

Ba iad na costais agus na tionscadail neamh‑incháilithe, sáruithe ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh (go sonrach neamh‑chomhlíonadh rialacha an phróisis soláthair phoiblí agus rialacha státchabhrach) ba mhó a chuir leis an leibhéal earráide measta.

I mbliana, bhí ár leibhéal earráide measta agus líon na n‑earráidí a d’aimsíomar níos airde ná mar a bhí i mblianta roimhe seo. Níl patrún geografach ag na méaduithe sin. Shainaithníomar méadú ar chineálacha sonracha earráidí, áfach, amhail costais neamh‑incháilithe agus neamhchomhlíonadh rialacha soláthair phoiblí. Tugaimid ar aire freisin go bhfuilimid ag teacht le deireadh na tréimhse incháilithe (31 Nollaig 2023) agus go bhfuil brú ionsúcháin áirithe ann. Sa bhreis air sin, ó 2020, tugadh solúbthacht as cuimse do Bhallstáit chun an chlárthréimhse a athrú do na cistí agus chun caiteachas a dhearbhú. Le linn thréimhse COVID‑19, d’fhéadfadh sé gur laghdaíodh éifeachtacht na seiceálacha agus na bhfíoruithe a bhí á ndéanamh ag údaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta.

Sampla: Caiteachas neamh‑incháilithe le haghaidh tacaíocht éigeandála COVID‑19 mar gheall ar dhearbhú neamhiomlán maidir le hioncam díolacháin

Ba é an cuspóir a bhí le beart CSE a ndearnadh iniúchadh air sa tSlóvaic ná tionchar phaindéim COVID‑19 ar fhostaíocht agus ar mhargadh an tsaothair a mhaolú trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’fhostóirí nó d’oibrithe féinfhostaithe. Chun tacaíocht a fháil do 13 oibrí, thuairiscigh an tairbhí deiridh sin laghdú 43.5 % ar láimhdeachas i mí na Bealtaine 2020 i gcomparáid le mí na Bealtaine 2019. Ní raibh an laghdú sin cruinn, áfach, mar gurb é an t‑ísliú ar dhíolacháin ar an láthair, agus é sin amháin, a bhí á léiriú aige. Agus díolacháin a rinneadh trí mhodhanna eile á gcur san áireamh, ní raibh ach 9 % i gceist leis an ísliú iomlán i láimhdeachas na cuideachta. Bhí sé sin faoi bhun an íslithe íosta de 20 % ar dhíolacháin atá ag teastáil chun cáiliú don chabhair. Dá bhrí sin, measaimid nach bhfuil tacaíocht mhí na Bealtaine 2020 incháilithe.

Fuaireamar amach go bhfuair dhá thairbhí deiridh eile den bheart céanna níos mó tacaíochta ná mar a foráladh di faoi rialacha náisiúnta mar gheall ar mhíthuairisciú ioncaim.

Fuaireamar costais neamh‑incháilithe freisin i ndáil le bearta COVID‑19 sa Ghréig (a bhí braite go pointe áirithe cheana féin ag an gCoimisiún), san Iodáil, agus cás eile sa tSlóvaic.

Bainistíocht fhónta airgeadais

Ní mór buiséad an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach dlíthiúil agus rialta, i gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais, ina gcuimsítear prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta. Inár gcuid oibre, bhraitheamar 11 chás sa Ghearmáin, sa Chróit, san Iodáil, sa Liotuáin agus san Ungáir nár leanadh na prionsabail sin iontu. Mar shampla, in CO amháin san Iodáil, bhí costais incháilithe dearbhaithe i gceart ag tairbhithe na gceithre oibríocht sin bunaithe ar scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid arna gcinneadh ag an údarás bainistíochta bunaithe ar Airteagal 67 de CPR. Mar sin féin, ríomhadh an méid a dhearbhaigh an t‑údarás bainistíochta don Choimisiún bunaithe ar shamhail eile, ag úsáid scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid atá ag an gCoimisiún (de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán CSE). Mar thoradh air sin, bhí na méideanna a deimhníodh don Choimisiún agus a íocadh amach as buiséad an Aontais le haghaidh gach oibríochta idir 16 % agus 30 % níos airde ná na méideanna a comhaontaíodh agus a íocadh leis na tairbhithe.

Measúnú ar obair na n‑údarás iniúchóireachta

Is iad na húdaráis bhainistíochta an ‘chéad líne chosanta’. Tá rialú éifeachtach ag na húdaráis bhainistíochta sin fíor‑riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí an creat dlíthiúil agus freisin chun a bhfeidhmíocht a áirithiú. Léiríonn ár dtorthaí iniúchóireachta le sé bliana anuas nach ndéanann na rialuithe sin an riosca ard earráide fréimhíochta i gcomhtháthú a fhritháireamh go leordhóthanach. Is iad na húdaráis iniúchóireachta an ‘dara líne chosanta’ agus fíoraíonn siad, ar bhonn samplach, rialtacht an chaiteachais atá dearbhaithe ag na húdaráis bhainistíochta don Choimisiún. Ní mór dóibh a bheith neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis bhainistíochta.

I mbliana, rinneamar measúnú ar obair 24 údarás iniúchóireachta as na 116 in 18 mBallstát agus sa Ríocht Aontaithe. Cuimsíodh inár sampla 34 phacáiste dearbhaithe agus aon phacáiste dúnta amháin. I ngach cás seachas trí cinn, thuairiscigh na húdaráis iniúchóireachta ráta earráidí iarmharacha arbh ionann é agus 2 % nó a bhí faoina bhun. Agus na hearráidí breise a bhraith an Coimisiún agus ár dtorthaí iniúchóireachta féin á gcur san áireamh, léiríonn ár gcuid oibre ar shampla na bliana seo go raibh an ráta earráidí iarmharacha os cionn 2 % i 16 de na 34 phacáiste dearbhaithe a ndearnadh iniúchadh orthu.

Bearta chun calaois i gcoinne bhuiséad an Aontais a chomhrac agus a thuairisciú

Faoi dhlí an Aontais, ní mór don Choimisiún agus d’údaráis na mBallstát buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois agus neamhrialtachtaí. Chuige sin, tá sé de cheangal orthu córais rialaithe éifeachtacha a chur ar bun.

Fuaireamar gur thug na húdaráis iniúchóireachta aghaidh go sainráite ar an riosca calaoise i gcás 65 % de na hoibríochtaí faoi iniúchóireacht i dtréimhse 2014‑2020 (145 as 222). Is feabhas é sin ar an 38 % a d’aimsíomar anuraidh, ach ní leor fós é.

D’aimsíomar trí chás d’imscrúduithe calaoise a bhí idir lámha nár tuairiscíodh sa Chóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí atá á reáchtáil ag OLAF. Ní raibh údaráis na gclár sna Ballstáit ar an eolas faoin imscrúdú a bhí ar siúl ag an gcomhlacht ábhartha imscrúdaithe nó ionchúisimh, nó níor chomhlíon siad a n‑oibleagáid rialála iad a thuairisciú.

Obair dearbhaithe an Choimisiúin agus tuairisciú ar an ráta earráidí iarmharacha ina thuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí

I gcás an chomhtháthaithe, déanann an Coimisiún na rátaí earráidí iarmharacha a thuairisciú ina TBG mar phríomhtháscaire feidhmíochta (KPI) maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht. I gcás bhliain chuntasaíochta 2021/2022, thuairiscigh AS REGIO KPI de 1.9 % agus ‘uasráta’ de 2.7 %. Ba iad rátaí AS EMPL ná 1.9 % don KPI agus 2.8 % don riosca uasta. Den chéad uair riamh, bhí na KPInna sin lasmuigh den raon earráidí atá measta againne. Ar an gcaoi chéanna, in AMPR 2022, tá na táscairí a thuairiscigh an Coimisiún lasmuigh dár raon earráidí.

Maidir le hathbhreithnithe deisce an Choimisiúin a dhéanann measúnú ar obair na n‑údaráis iniúchóireachta, tá teorainneacha bunúsacha leo maidir leis an ráta earráide iomlán iarmharach a dheimhniú. Léirítear é sin sna hearráidí breise a bhraitheamar le linn ár gcuid iniúchtaí.

Tá dúnadh clárthréimhse 2007‑2013 fós ar siúl

Faoi dheireadh 2022, bhí 276 as 322 CO do thréimhse 2007‑2013 dúnta ag AS REGIO. I gcás 44 CO eile, tá íocaíocht réamhdhúnta déanta ag AS REGIO a chlúdaíonn na méideanna neamhchonspóidithe amháin, agus tá íocaíochtaí atá ar feitheamh fós le réiteach. Tá 101 as 117 CO dúnta ag AS EMPL agus tá 13 CO réamhdhúnta aige. Tá sé chlár fós go hiomlán oscailte mar gheall ar shaincheisteanna atá ar feitheamh. Ós rud é nach bhfuil aon spriocdháta deiridh ann don dúnadh sa chreat dlíthiúil, ní féidir a thuar cé mhéad ama a bheidh ag teastáil chun gach CO do thréimhse 2007‑2013 a dhúnadh.

A bhfuil molta againn

I measc nithe eile, molaimid don Choimisiún:

  • na bearta a dearadh chun dul i ngleic leis na hearráidí a tharlaíonn arís is arís eile a neartú, go sonrach i ndáil leis na costais agus tionscadail neamh‑incháilithe; clúdach leordhóthanach dá gcuid obair iniúchóireachta féin a áirithiú do na húdaráis iniúchóireachta go léir; agus na torthaí a scaipeadh chun tionchar an chaiteachais neamhrialta a laghdú, chomh maith le cé chomh minic a tharlaíonn sé;
  • a fhíorú, agus cláir 2014‑2020 á ndúnadh, gurb é caiteachas atá nasctha le mórthionscadail a tugadh fógra ina leith, agus iad sin amháin, a ghlactar leis;
  • iniúchtaí téamacha a phleanáil agus a chur chun feidhme atá dírithe ar choinbhleacht leasa le haghaidh chláir 2021‑2027, bunaithe ar a mheasúnú riosca féin agus i bhfianaise na n‑easnamh a sainaithníodh;
  • seiceálacha spriocdhírithe sonracha a dhéanamh ina iniúchtaí don dúnadh in 2014‑2020 chun a áirithiú gur chuir na Ballstáit an ceartú airgeadais is gá i bhfeidhm maidir le hearráidí a braitheadh in aon bhliain chuntasaíochta amháin agus a dhéanann difear do chaiteachas i dtréimhsí cuntasaíochta eile freisin;
  • a áirithiú go bhfuil modhanna iomchuí ag na húdaráis iniúchóireachta chun bailíocht agus beachtas na bhféindearbhuithe a sheiceáil agus dea‑chleachtais a roinnt;
  • iniúchtaí téamacha a phleanáil agus a chur chun feidhme atá dírithe ar fheasacht riosca na n‑údarás bainistíochta agus ar úsáid uirlisí mianadóireachta sonraí agus scórála riosca le haghaidh chláir 2021‑2027; íoscheanglais a shonrú do na húdaráis iniúchóireachta chun go gclúdófar an riosca calaoise ina seicliostaí agus ina gcuid oibre iniúchóireachta;
  • an dáta le haghaidh cur in úsáid na huirlise comhtháite TF aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a thabhairt chun cinn ó 2028 go 2025, an chéad bhliain ina bhfuiltear ag dréim leis go ndearbhófar méid suntasach de chaiteachas 2021‑2027. Idir an dá linn, a áirithiú go bhfuil rochtain ag OLAF, OIPE agus CIE ar Arachne.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ i gCaibidil 6 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

Acmhainní nádúrtha

Iomlán: €58.1 billiún (Ceannteideal 3 de CAI)

A raibh faoi iniúchadh againn

Clúdaíonn an réimse caiteachais seo an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), an comhbheartas iascaigh, agus cuid de chaiteachas an Aontais don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide.

Tá talmhaíocht agus forbairt tuaithe ag seasamh do 97 % de chaiteachas an Aontais ar ‘Acmhainní nádúrtha agus an Comhshaol’ agus cuirtear é sin chun feidhme trí CBT, a bhfuil trí chuspóir ghinearálta aige:

  • táirgeadh inmharthana bia agus béim ar an ioncam talmhaíochta, ar tháirgiúlacht talmhaíochta agus ar chobhsaíocht na bpraghsanna;
  • acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, le béim ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar an mbithéagsúlacht, ar ithir agus ar uisce;
  • forbairt chríochach ar mhodh cothrom.

Cé gur le hArd‑Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AS AGRI) sa Choimisiún a luíonn an fhreagracht deiridh as CBT, comhroinneann sé bainistiú an chomhbheartais sin le gníomhaireachtaí íocaíochta sna Ballstáit. Ó 2015 i leith, tá comhlachtaí deimhniúcháin neamhspleácha sna Ballstáit ag soláthar tuairimí bliantúla maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas na ngníomhaireachtaí íocaíochta.

Clúdaíonn an ceannteideal seo de CAI caiteachas an Aontais ar an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), faoi fhreagracht Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (AS MARE), agus clár LIFE don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide faoi fhreagracht Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (AS ENV) agus na hArd‑Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide (AS CLIMA). Den chéad uair, faoi CAI 2021‑2027, tá Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (AS ENER) ag cur chuid de chlár LIFE chun feidhme freisin.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€58.0 billiún 2.2 % (2021: 1.8 %)

Ar an iomlán, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide i gCeannteideal 3 de CAI ábharthach.

As na 218 n‑idirbheart a scrúdaíomar, bhí earráidí i 46 (21 %) díobh. Bunaithe ar na 32 earráid atá cainníochtaithe againn, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide do Cheannteideal 3 de CAI ag 2.2 %.

Tugann ár dtorthaí le tuiscint nach raibh an leibhéal earráide ábharthach i gcás íocaíochtaí díreacha, atá ag seasamh do 66 % den chaiteachas faoin gceannteideal seo de CAI, cé go raibh sé fós ábharthach i gcás na réimsí caiteachais eile (forbairt tuaithe, bearta sna margaí, an réimse muirí, iascaigh, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide), atá ag seasamh do 34 % den chaiteachas. Thairis sin, tugaimid ar aire go bhfuil méadú ar líon na ródhearbhuithe beaga ar limistéir, i gcás íocaíochtaí díreacha agus i gcás bearta forbartha tuaithe, ó cheithre earráid in 2021 go 16 earráid in 2022, rud a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil laigí ar leith sa chaoi a ndéanann cuid de na Ballstáit bainistiú ar an gCóras Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún.

Rinne tromlach na n‑earráidí inchainníochtaithe a fuaireamar difear d’idirbhearta forbartha tuaithe (21). Fuaireamar seacht n‑earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí díreacha, dhá cheann i mbearta margaidh, agus dhá cheann i gcaiteachas neamh‑CBT. Ba í an phríomhfhoinse den leibhéal earráide measta ná faisnéis neamh‑chruinn a bheith á soláthar maidir le limistéir talún nó ainmhithe.

Bhí bearta ceartaitheacha curtha i bhfeidhm ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún a rinne difear díreach do 49 de na hidirbhearta inár sampla. Bhí na bearta sin ábhartha dár ríomhanna, mar go ndearna siad laghdú de 0.9 pointe céatadáin ar an leibhéal earráide a bhí measta againn don chaibidil seo. I 19 gcás d’earráidí inchainníochtaithe, bhí faisnéis leordhóthanach ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún chun an earráid a chosc, nó a bhrath agus a cheartú, sular glacadh leis an gcaiteachas. Dá mba rud é go mbeadh úsáid cheart bainte ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún as an bhfaisnéis go léir a bhí ar fáil dóibh, bheadh an leibhéal earráide measta don chaibidil seo 1.3 pointe céatadáin níos ísle.

Íocaíochtaí díreacha

Sna 88 n‑idirbheart íocaíochta dírí a thástálamar, fuaireamar sé cinn de mhionearráidí inchainníochtaithe, agus tháinig siad sin ó fheirmeoirí a bheith ag rá go raibh limistéar incháilithe de thalamh talmhaíochta acu a bhí níos mó ná mar a bhí acu dáiríre. Fuaireamar mórearráid inchainníochtaithe amháin freisin, nuair nár tharla an ghníomhaíocht talmhaíochta a bhí dearbhaithe.

Sampla de dhearbhú mícheart ar ghníomhaíocht talmhaíochta

Fuair feirmeoir san Iodáil cúnamh díreach chun barr buan a chothabháil (crainn líomóidí) ar chion mór dá ghabháltas (aibhsithe i ndath gorm). I ngrianghraif ón aer, ní raibh línte na gcrann le feiceáil mar a bhí ar dháileachtaí talmhaíochta taobh leis. Deimhníodh i rith ár gcuairte ar an láthair nach raibh aon chrainn líomóide sa limistéar a bhí dearbhaithe agus nach raibh sé á cothabháil i staid talmhaíochta le roinnt blianta anuas. Níor shainaithin na húdaráis náisiúnta an earráid sin.

Forbairt tuaithe, bearta margaidh agus íocaíochtaí eile

Scrúdaíomar na nithe seo a leanas:

  • 56 íocaíocht forbartha tuaithe bunaithe ar limistéir nó ainmhithe a dhearbhaigh feirmeoirí, lena n‑áirítear íocaíochtaí ar ghealltanais agra‑chomhshaoil‑aeráide shonracha a chomhlíonadh; íocaíochtaí cúitimh d’fheirmeoireacht orgánach; agus íocaíochtaí le feirmeoirí i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu. As na híocaíochtaí sin, bhí earráidí le fáil i 15 acu, agus b’earráidí inchainníochtaithe iad 9 gcinn acu a bhain le ródhearbhú ar limistéir incháilithe;
  • 52 íocaíocht forbartha tuaithe a rinneadh le tionscadail infheistíochta, amhail infheistíochtaí i sócmhainní fisiciúla, forbairt feirme agus gnó, agus bainistíocht rioscaí. Rinneamar earráidí a chainníochtú in ocht n‑íocaíocht, mar thoradh ar chaiteachas nó gníomhaíochtaí a bheith dearbhaithe ag tairbhithe nach raibh ag comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta;
  • 14 idirbheart do bhearta sna margaí, agus fuaireamar ceithre chás ina raibh costais neamh‑incháilithe athchistithe ag gníomhaireachtaí íocaíochta;
  • ocht n‑idirbheart sna réimsí muirí, iascaigh, comhshaoil agus gníomhaíochta ar son na haeráide, agus fuaireamar dhá earráid inchainníochtaithe sna hidirbhearta faoi bhainistíocht dhíreach.
Seiceálacha comhleanúnachais ar staitisticí rialaithe agus sonraí íocaíochtaí na mBallstát

Gach bliain, déanann na Ballstáit sonraí faoi na seiceálacha ar íocaíochtaí cúnaimh (staitisticí rialaithe) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, mar aon le sonraí maidir leis na híocaíochtaí a rinneadh le tairbhithe. Is iad na sonraí sin atá mar bhunús ag an gCoimisiún chun cistí ón Aontas a athchistiú leis na Ballstáit. Do bhliain airgeadais 2022, scrúdaíomar cáilíocht agus comhleanúnachas na staitisticí rialaithe agus na sonraí íocaíochtaí sin a bhí tuairiscithe ag na sé ghníomhaireacht íocaíochta a bhí roghnaithe inár sampla d’íocaíochtaí díreacha. In ainneoin na neamhréireachtaí sin, fuaireamar go ndearna na córais a bhí ag na gníomhaireachtaí íocaíochta a roghnaíodh na híocaíochtaí cúnaimh a ríomh go hiontaofa, agus gur chuireadar na coigeartuithe a bhí ag teacht as na sonraí rialaithe san áireamh i gceart.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocraithe rialachais eile

Rinne AS AGRI, agus obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin agus a iniúchtaí féin á gcur san áireamh aige, an ‘méid measta faoi riosca ag tráth na híocaíochta’ a ríomh ag €996 mhilliún, i.e. thart ar 1.8 % de chaiteachas iomlán CBT in 2022. Is é an meastachán a rinne AS AGRI den riosca ag tráth na híocaíochta (ráta earráide coigeartaithe) ná thart ar 1.3 % le haghaidh íocaíochtaí díreacha, 2.7 % le haghaidh forbairt tuaithe agus 2.9 % le haghaidh bearta sna margaí.

Rinneamar athbhreithniú teoranta freisin ar an bhfaisnéis maidir le rialtacht sa tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ó AS MARE. Thugamar faoi deara go raibh an mhodheolaíocht chun an riosca críochnaitheach ag tráth na híocaíochta (nó dúnadh) do AS AGRI agus AS MARE a ríomh ag luí le treoirlínte an Choimisiúin.

Is é meastachán an Choimisiúin don riosca ag tráth na híocaíochta le haghaidh ‘Acmhainní nádúrtha’, de réir mar atá curtha i láthair ina TBBF, ná 1.8 %. Tá an méid sin laistigh den ráta earráide atá measta againn.

A bhfuil molta againn

Ós rud é go mbeidh limistéar talmhaíochta mar bhunús do tháscairí feidhmíochta faoi CBT nua 2023‑2027, molaimid don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar a chruinne is a dhéanann na Ballstáit measúnú ar an limistéar incháilithe sa Chóras Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘Acmhainní nádúrtha’ i gCaibidil 7 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha, Slándáil agus Cosaint

Iomlán: €4.6 billiún (Ceannteidil 4 agus 5 de CAI)

A raibh faoi iniúchadh againn

I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na himirce agus an bhainistithe teorainneacha le blianta beaga anuas, tá Ceannteideal 4 de CAI 2021‑2027 bunaithe ag an Aontas do na réimsí beartais sin.

Bhí cion suntasach den chaiteachas sa réimse seo in 2022 fós ag baint le tionscadail agus scéimeanna atá fós le críochnú ó CAI 2014‑2020 a chur i gcrích.

Ba é cuspóir an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) do 2014‑2020 ná cur leis an mbainistíocht éifeachtach ar shreabha imirce agus cur chuige comhchoiteann AE a bhaint amach do thearmann agus inimirce. Ba é aidhm an Chiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí (ISF‑BV) ná rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas agus fós taisteal dlisteanach á éascú, trí leibhéal rialaithe ard agus comhionann ag na teorainneacha seachtracha agus próiseáil éifeachtach ar víosaí Schengen.

In CAI 2014‑2020, tá AMIF nua agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus Víosaí (BMVI) den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) faoi seach curtha in ionad chistí 2014‑2020 sin. Áirítear cistiú do thrí ghníomhaireacht dhíláraithe i gCeannteideal 4 freisin, sin le rá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu‑LISA).

In CAI 2021‑2027, tá Ceannteideal 5 dírithe ar shlándáil agus cosaint. Áirítear sa chomhpháirt ‘slándála’ na nithe seo a leanas: an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF), tacaíocht airgeadais chun suiteálacha núicléacha a dhíchoimisiúnú sa Bhulgáir, sa Liotuáin agus sa tSlóvaic, agus cistiú le haghaidh trí ghníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais i réimse na slándála (an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL)). Áirítear leis an gcomhchuid ‘cosaint’ an Ciste Eorpach Cosanta, a thacaíonn le tionscadail chomhoibríocha cosanta ag gach céim den taighde agus forbairt.

Tá an bainistiú ar an gcuid is mó de chistiúchán AMIF agus ISF le haghaidh 2014‑2020, agus an chuid is mó de chistiúchán AMIF, BMVI agus ISF le haghaidh 2021‑2027, comhroinnte idir na Ballstáit (nó tíortha comhlachaithe Schengen) agus an Ardstiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile (AS HOME) sa Choimisiún. Leis an socrú seo, cuireann Ballstáit cláir náisiúnta ilbhliantúla chun feidhme atá formheasta ag an gCoimisiún.

A bhfuil faighte amach againn

Rialtacht na n‑idirbheart

Léiríonn ár scrúdú ar idirbhearta go bhfuil tionchar ag saincheisteanna incháilitheachta agus soláthair phoiblí ar an gcaiteachas. Cé nach ndearnamar iniúchóireacht ar líon idirbheart a bheadh leordhóthanach chun meastachán a dhéanamh ar an leibhéal earráide do na ceannteidil seo de CAI, tugann torthaí ár n‑iniúchta le tuiscint gur réimse ardriosca atá anseo. Tá torthaí na tástála ar idirbhearta ag rannchuidiú lenár ráiteas dearbhaithe.

As na 23 idirbheart a scrúdaíodh, rinne earráidí difear do 11 (48 %) acu. Tá naoi n‑earráid chainníochtaithe againn a raibh tionchar acu ar na méideanna a cuireadh chun dochair do bhuiséad an Aontais. Bhain na hearráidí sin le caiteachas neamh‑inbhuanaithe (mar shampla, roinnt costas pearsanra nó trealaimh, cáin bhreisluacha) agus saincheisteanna soláthair phoiblí.

Scrúdú ar ghnéithe de na córais rialaithe inmheánaigh

I gcás AMIF, BMVI agus ISF 2021‑2027, rinneamar measúnú ar obair na n‑údarás iniúchóireachta i sé Bhallstát (an Ghearmáin, an Spáinn, agus an Rómáin le haghaidh AMIF; an Laitvia i gcomhair BMVI; an tSeicia agus an Chróit i gcás ISF) mar a leanas: Bhí léargas soiléir ag na húdaráis iniúchóireachta cheana féin ar na príomhathruithe a bhí ag teastáil sa straitéis iniúchóireachta, sna hiniúchtaí córais agus sna hiniúchtaí ar oibríochtaí i gcomparáid le clárthréimhse 2014‑2020. Mar sin féin, ós rud é nach raibh bailchríoch curtha ag aon cheann de na sé Bhallstát ar an gcur síos ar a gcóras bainistíochta agus rialaithe tráth ár gcuairteanna, ní raibh siad in ann a straitéis iniúchóireachta a fhormheas go fóill. Ar an iomlán, thugamar ar aire go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag na sé údarás iniúchóireachta ina gcuid ullmhúcháin do AMIF, BMVI agus ISF 2021‑2027, cé nach raibh a gcuid straitéisí iniúchóireachta glactha go fóill.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocraithe rialachais eile

Do bhliain airgeadais 2022, rinneamar athbhreithniú ar TBG ó AS HOME. Dhírigh ár n‑anailís isteach ar an raibh an fhaisnéis rialtachta ina TBG curtha i láthair ag AS HOME i gcomhréir le treoracha an Choimisiúin agus an raibh an fhaisnéis sin comhsheasmhach leis an eolas a fuaireamar le linn ár n‑iniúchtaí. Ní bhfuaireamar aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith contrártha dár bhfionnachtana. Fuaireamar gur ríomhadh meastacháin AS HOME le haghaidh rioscaí ag tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta i gcomhréir le modheolaíocht inmheánach agus gur tuairiscíodh i gceart iad in TBBF.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún seiceálacha ex ante níos spriocdhírithe a dhéanamh ar incháilitheacht chaiteachais do ghníomhaíochtaí an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann, mar shampla, leis an gcineál caiteachais (e.g. costais phearsanra, trealamh, an próiseas soláthair phoiblí), nó leis an gcineál tairbhí. Agus a mheasúnú riosca á ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh go bhfuil teorainneacha ag baint le deimhnithe iniúchóireachta a thacaíonn le héilimh ar íocaíocht a dhéanann tairbhithe.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha, Slándáil agus Cosaint’ i gCaibidil 8 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

An Chomharsanacht agus an Domhan

Iomlán: €14.5 billiún (Ceannteideal 6 de CAI)

A raibh á iniúchadh orainn

Tá an réimse caiteachais comhdhéanta de roinnt ionstraimí cistiúcháin, go sonrach an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (‘NDICI – An Eoraip Dhomhanda’) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. Clúdaíonn sé freisin an buiséad do chabhair dhaonnúil.

Is é cuspóir ginearálta NDICI – An Eoraip Dhomhanda ná seasamh le luachanna, prionsabail agus leasanna bunúsacha an Aontais ar fud an domhain, agus iad a chur chun cinn, agus cuidiú le hiltaobhachas agus comhpháirtíochtaí níos láidre a chur chun cinn le tíortha lasmuigh den Aontas. Tá dhá mhór‑athrú ann, i gcomparáid le CAI 2014‑2020, ó thaobh an chaoi a ndéanann an tAontas maoiniú ar ghníomhaíocht sheachtrach (beartas eachtrach):

  • tá comhar le tíortha comhpháirtíochta san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, a bhíodh á mhaoiniú roimhe seo ag na Cistí Eorpacha Forbraíochta, tugtha isteach anois faoi bhuiséad ginearálta an Aontais;
  • tá an comhar sin á mhaoiniú anois faoin ionstraim chéanna le beartas comharsanachta an Aontais, cé go bhfuil gnéithe sonracha den dá chineál tacaíochta coinnithe i gcónaí.

Is é an príomhchuspóir atá leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais ná tacú le tíortha tairbhiúla ó thaobh athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ar athchóirithe iad sin atá orthu a dhéanamh ionas go mbeidh siad ailínithe le luachanna an Aontais d’fhonn go bhféadfaidh siad teacht isteach san Aontas, agus ar an gcaoi sin go rannchuidítear lena gcobhsaíocht, lena slándáil agus lena rathúnas.

In 2022, is é €14.5 billiún (réamh‑mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí deiridh) a bhí sna híocaíochtaí faoi ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ agus íocadh amach iad sin trí úsáid a bhaint as ionstraimí éagsúla agus modhanna seachadta éagsúla. Áirítear orthu sin conarthaí oibreacha/soláthair/seirbhíse, deontais, iasachtaí speisialta, ráthaíochtaí iasachta agus cúnamh airgeadais, tacaíocht bhuiséadach agus foirmeacha spriocdhírithe eile de chúnamh buiséadach i dtíortha lasmuigh den Aontas.

Is iad seo a leanas na príomh‑ardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí atá bainteach le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chur chun feidhme: an Ardstiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta na hEorpa agus Caibidlíocht maidir le Méadú (AS NEAR), an Ardstiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA), an Ardstiúrthóireacht um Oibríochtaí Eorpacha um Chabhair Dhaonnúil agus um Chosaint Shibhialta (AS ECHO) agus an tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh (FPI).

A bhfuil faighte amach againn

Thug ár scrúdú ar idirbhearta agus córais chun suntais go bhfuil ceithre réimse ann a bhféadfaí feabhas a chur orthu. Cé nach ndearnamar iniúchóireacht ar líon idirbheart a bheadh leordhóthanach chun meastachán a dhéanamh ar an leibhéal earráide don cheannteideal seo de CAI, tugann torthaí ár n‑iniúchta le tuiscint gur réimse ardriosca atá anseo. Tá torthaí na tástála ar idirbhearta ag rannchuidiú lenár ráiteas dearbhaithe.

As na 72 idirbheart a scrúdaíodh, rinne earráidí difear do 34 (47 %) acu. Tá 25 earráid cainníochtaithe againn a raibh tionchar airgeadais acu ar na méideanna a cuireadh chun dochair do bhuiséad an Aontais. Bhain na hearráidí sin leis na nithe seo a leanas: costais neamh‑incháilithe; gan doiciméid tacaíochta a bheith ann; earráidí sa phróiseas soláthair phoiblí; agus caiteachas nár tabhaíodh.

D’aimsíomar 17 gcás nár chomhlíon forálacha dlíthiúla agus airgeadais, ach gan aon tionchar airgeadais acu ar bhuiséad an Aontais. Bhain siad sin, mar shampla, le nósanna imeachta éigeantacha nach raibh á leanúint, gan fianaise leordhóthanach a bheith ann, leithdháileadh doiléir ar na costais agus gan rian iniúchóireachta a bheith ann.

Sampla: Ní dhearnadh measúnú riosca a bhí éigeantach

Rinneamar iniúchóireacht ar an íocaíocht deiridh le haghaidh tionscadal a bhí le trealamh cumarsáide a sheachadadh agus a shuiteáil d’údarás rialtais sa tír thairbhiúil. Is é €255 492 an luach iomlán a bhí ag gabháil leis an gconradh soláthair a síníodh leis an soláthróir áitiúil. Ar an gconradh a bheith sínithe, rinne an Coimisiún íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe de €102 197, arbh ionann é sin agus 40 % den phraghas a bhí comhaontaithe sa chonradh.

De réir an lámhleabhair nósanna imeachta, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnuithe riosca a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéantar íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe atá idir €60 000 agus €300 000 d’uireasa ráthaíocht bainc ach amháin sa chás go bhfuil an riosca measta mar riosca íseal. Sa chás seo, bhí measúnú riosca riachtanach mar gur €102 197 a bhí i méid an réamh‑mhaoiniúcháin. Rinne an Coimisiún an íocaíocht, áfach, gan aon mheasúnú riosca den sórt sin a dhéanamh agus gan ráthaíocht bainc a bheith faighte.

Scrúdú ar ghnéithe de na córais rialaithe inmheánaigh

Thugamar cuairt ar cheithre thoscaireacht AE i dtíortha lasmuigh den Aontas (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, Ruanda agus an tSeirbia) agus scrúdaíomar gnéithe dá gcórais rialaithe inmheánaigh. Rinneamar measúnú freisin ar mhúscailt feasachta i measc fhoireann na toscaireachta sna réimsí seo a leanas: cosc calaoise, eitic agus ionracas. Shainaithníomar roinnt easnamh sa chaoi a raibh gnéithe den chóras rialaithe inmheánaigh a scrúdaíomar ag feidhmiú. Bhain na heasnaimh sin le fíorúcháin ar chaiteachas, oiliúint i gcosc calaoise agus córas TF an Choimisiúin ar a dtugtar OPSYS.

Tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus comhshocraithe rialachais eile

Rinneamar athbhreithniú ar TBG ó AS NEAR do bhliain airgeadais 2022. Dhíríomar isteach ar an raibh an fhaisnéis rialtachta ina TBG curtha i láthair ag AS NEAR i gcomhréir le treoracha an Choimisiúin agus an raibh sé comhleanúnach ó thaobh chur i bhfeidhm na modheolaíochta chun meastachán a dhéanamh i dtaobh ceartúcháin agus gnóthachain sa todhchaí. Baineann AS NEAR úsáid as staidéar dá ngairtear ‘ráta earráidí iarmharacha’ (RER) a dhéanann conraitheoir seachtrach chun príomhfhigiúirí ina TBG a réiteach. Tá cur síos déanta ar theorannacha an staidéir RER i dtuarascálacha bliantúla uainn roimhe seo. Fuaireamar freisin go raibh rómheastachán déanta ar an bhfigiúr d’acmhainneacht cheartaitheach 2022 AS NEAR mar gheall ar earráidí nár braitheadh, eadhon go ndearnadh orduithe gnóthaithe a bhain le réamh‑mhaoiniú nach raibh caite a chur isteach sa ríomh.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • rialuithe a neartú ionas nach ndéanfar aon athrú neamhrialta ar thograí ag céim na conraitheoireachta nuair a bhíonn deontais á ndámhachtain bunaithe ar ghlao ar thograí;
  • measúnuithe riosca a dhéanamh, faoi mar a cheanglaítear leis an lámhleabhar nósanna imeachta, chun a chinntiú nach ndéantar íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe atá idir €60 000 agus €300 000 d’uireasa ráthaíocht bainc ach amháin sa chás go bhfuil an riosca measta mar riosca íseal;
  • creat ama iomchuí a leagan síos ionas go mbíonn na tuarascálacha maidir le fíorú an chaiteachais a eisíonn conraitheoirí le haghaidh conarthaí deontais ar fáil sula ndéantar íocaíochtaí a phróiseáil nó caiteachas a imréiteach;
  • rialuithe a fheabhsú chun orduithe gnóthaithe le haghaidh réamh‑mhaoiniú nach bhfuil caite a fhágáil amach as an ríomh a dhéantar ar acmhainneacht cheartaitheach AS NEAR.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ i gCaibidil 9 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

An Riarachán Poiblí Eorpach

Iomlán: €11.6 billiún (Ceannteideal 7 de CAI)

A raibh faoi iniúchadh againn

Áiríodh inár n‑iniúchadh caiteachas riaracháin na n‑institiúidí agus na gcomhlachtaí Eorpacha: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún, an tOmbudsman Eorpach agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

In 2022, chaith na hinstitiúidí agus na comhlachtaí €11.6 billiún ar an iomlán ar riarachán. Tá an méid sin comhdhéanta de chaiteachas ar acmhainní daonna agus pinsin (thart ar 70 % den iomlán), agus de chaiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, agus teicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise.

Scrúdaíonn iniúchóir seachtrach ár gcuidne ráiteas airgeadais. Gach bliain, déanaimid an tuairim iniúchóireachta agus an tuarascáil a éiríonn as sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar ár suíomh gréasáin.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€11.6 billiún Níl – Saor ó earráid ábharthach in 2021 agus 2022

Scrúdaíomar 60 idirbheart inar cuimsíodh na hinstitiúidí ar fad. Mar a bhí ann i mblianta roimhe seo, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta.

Níor shainaithníomar aon saincheisteanna sonracha a bhain le Comhairle an Aontais Eorpaigh, le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le Coiste Eorpach na Réigiún, leis an Ombudsman Eorpach ná leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Níor thuairiscigh ár n‑iniúchóir seachtrach aon saincheist shonrach bunaithe ar a chuidsean oibre.

In 2022, scrúdaíomar sampla roghnaithe de chórais faireacháin agus rialaithe na Cúirte Breithiúnais agus níor aimsíomar aon saincheist shuntasach.

Parlaimint na hEorpa

Bhraitheamar trí earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí a rinne Parlaimint na hEorpa le grúpaí polaitiúla Eorpacha agus le fondúireacht pholaitiúil Eorpach. Tá neamhréireacht ag baint le rialacha inmheánacha Pharlaimint na hEorpa nach mór do na grúpaí polaitiúla a leanúint, agus an Rialachán Airgeadais, toisc go gcuireann siad teorainn le hiomaíochas faoin bpróiseas soláthair phoiblí. Thairis sin, níor lean na grúpaí polaitiúla na rialacha soláthair inmheánacha go hiomlán, toisc nár lorg siad dóthain tairiscintí. Bhraitheamar cásanna eile de neamhchomhlíonadh nósanna imeachta soláthair phoiblí freisin.

An Coimisiún Eorpach

Níor shainaithníomar aon earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí an Choimisiúin, ach ní raibh deimhniú beatha a bhí eisithe le déanaí sna comhaid phinsin do phéire as na hocht n‑íocaíocht pinsin a ndearnamar iniúchóireacht orthu.

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

D’aimsíomar dhá earráid inchainníochtaithe in íocaíochtaí a rinne an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. I gcás ceann amháin díobh sin, ní raibh conradh bunúsach bailí do sheirbhísí slándála a fuair Toscaireacht AE ann. Bhain an earráid inchainníochtaithe eile le liúntais linbh a fuair duine den fhoireann ó fhoinsí eile, ach nár baineadh as pá an duine sin iad.

A bhfuil molta againn

Molaimid go ndéanfaidh riarachán Pharlaimint na hEorpa a threoraíocht a neartú ar chur chun feidhme na leithreasuithe buiséadacha ag grúpaí polaitiúla Eorpacha, agus gníomhaíochtaí a mholadh do Bhiúró na Parlaiminte chun ceangal a chur ar na grúpaí polaitiúla na rialacha maidir le soláthar poiblí a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus chun comhlíonadh na nósanna imeachta soláthair phoiblí a áirithiú.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar chaiteachas an Aontais ar ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’ i gCaibidil 10 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Iomlán: €53.7 billiún

A raibh faoi iniúchadh againn

Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ag tacú le tionscadail athchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit ó thús phaindéim COVID‑19 i mí Feabhra 2020 agus leanfaidh sé den mhéid sin a dhéanamh go dtí an 31 Nollaig 2026. Cistíodh é le €723.8 billiún in iasachtaí (€385.8 billiún) agus i ranníocaíochtaí airgeadais neamh‑inaisíoctha, dá dtagraítear mar ‘deontais’ (€338 mbilliún). Is é an príomhchuspóir atá aige ná iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID‑19 a mhaolú, ach fós geilleagair na mBallstát a fhorbairt ionas go mbeidís níos athléimní agus ullmhaithe níos fearr le haghaidh dúshláin sa todhchaí, lena n‑áirítear dlús a chur lena n‑aistear go dtí an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach.

Is trí bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún atá RRF á chur chun feidhme, rud a chiallaíonn gur leis an gCoimisiún a luíonn an fhreagracht dhíreach as clár a chur chun feidhme.

Bhí ar na Ballstáit a gcuid Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna) a tharraingt suas agus córais iomchuí bainistithe agus rialaithe a dhearadh. Ba cheart go mbeadh na RRPanna comhdhéanta de phacáiste loighciúil infheistíochtaí agus athchóirithe poiblí arna ngrúpáil in urranna agus lena leagtar síos garspriocanna agus/nó spriocanna iomchuí.

Déantar eisíocaíochtaí faoi RRF ar choinníoll go mbainfidh Ballstáit na garspriocanna agus spriocanna amach go sásúil. Níor cheart go ndéanfaí aisiompú ar spriocanna nó garspriocanna a bhí bainte amach go sásúil cheana féin, agus ba cheart prionsabal an chistithe dúbailte a chomhlíonadh. Is gá coinníollacha incháilitheachta ábhartha a chomhlíonadh freisin.

Sula ndéantar íocaíochtaí, déanann an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil na garspriocanna agus spriocanna is bun leis an iarraidh ar íocaíocht comhlíonta go sásúil. Má thagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil garsprioc nó sprioc comhlíonta go sásúil, ba cheart íoc na ranníocaíochta airgeadais ina hiomláine, nó íoc cuid den ranníocaíocht sin, a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach mó ná sé mhí.

Tar éis don íocaíocht a bheith déanta, déanann an Coimisiún iniúchtaí ex post ar na garspriocanna agus spriocanna. Chomh maith leis sin, déanann sé iniúchtaí ar chórais atá gaolmhar leis sin mar aon le hiniúchtaí a bhíonn ag díriú isteach ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

Is féidir le Ballstáit réamh‑mhaoiniú a iarraidh, a dhéantar a imréiteach ansin go cionmhar trí na híocaíochtaí ina dhiaidh sin. Faoi dheireadh 2022, bhí na RRPanna do gach ceann de na 27 mBallstát formheasta ag an gComhairle, agus bhí réamh‑mhaoiniú faighte ag 21 Bhallstát. Bhí 27 n‑iarraidh ar íocaíocht curtha isteach ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún, agus bhí 14 íocaíocht déanta ag an gCoimisiún (aon cheann amháin in 2021 agus 13 in 2022). Maidir leis na 13 íocaíocht deontais mar aon le himréiteach an réamh‑mhaoinithe a rinne an Coimisiún le 11 Bhallstát in 2022, bhain siad le 274 gharsprioc agus 37 sprioc a bheith comhlíonta.

Bhí €53.7 billiún i gceist lenár bpobal iniúchóireachta do 2022, agus chuimsigh sé sin gach ceann de na 13 íocaíocht deontais (de luach €46.9 billiún) agus imréiteach an réamh‑mhaoinithe ghaolmhair (de luach €6.8 billiún). Níor chlúdaigh ár n‑iniúchadh an chuid iasachtaí de RRF. Scrúdaíomar comhlíonadh sásúil na 244 gharsprioc agus na 37 sprioc ar fad, lena n‑áirítear measúnuithe tosaigh an Choimisiúin. Sheiceálamar 20 sprioc ar an láthair i gcúig Bhallstát.

A bhfuil faighte amach againn

Méid faoi réir iniúchóireachta Tionchar ag earráid ábharthach?
€53.7 billiún 2022: tá éifeachtaí foriomlána ár bhfionnachtana ábharthach, ach níl siad forleatach

Léiríonn an fhaisnéis iniúchóireachta fhoriomlán ónár n‑obair na nithe seo a leanas:

  1. bhí tionchar ag saincheisteanna rialtachta ar 15 de na 281 gharsprioc agus sprioc. I bhfianaise shamhail chaiteachais RRF, agus ós rud é go bhfuil modheolaíocht fionraithe íocaíochtaí an Choimisiúin ag brath ar go leor breithiúnas a bheith déanta a bhféadfadh léirmhínithe éagsúla teacht astu, ní dhéanaimid ráta earráide a chur ar fáil atá inchomparáide le réimsí caiteachais eile de chuid an Aontais. Ag cur na dteorainneacha sin san áireamh, is é a mheasaimid go bhfuil an tionchar airgeadais atá ag na fionnachtana sin gar dár dtairseach ábharthachta. Bhain na fionnachtana sin le garspriocanna agus spriocanna nach raibh comhlíonta go sásúil, le caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach a mhaoiniú, bearta ag tosú roimh an tréimhse incháilitheachta, cistiú dúbailte agus aisiompú birt;
  2. bhí cásanna ann a léirigh dearadh lag sna bearta agus sna garspriocanna agus spriocanna is bun leo. Mura bhfuil garspriocanna agus spriocanna sainithe go soiléir, is deacair comhlíonadh na nithe sin a mheasúnú agus seans nach mbainfear amach an cuspóir tosaigh;
  3. bhí fadhbanna ann le beachtas na faisnéise a chuir na Ballstáit ina ndearbhuithe bainistíochta;
  4. ní dhéanann scóip mheasúnuithe tosaigh agus iniúchtaí ex post an Choimisiúin clúdach córasach ar phríomhchoinníollacha íocaíochta, amhail déanamh de réir na tréimhse incháilitheachta agus gan ionadú a dhéanamh ar chaiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach. Ní fhorálann na nósanna imeachta iniúchóireachta ex post do sheiceálacha lena fhíorú nach ndearnadh aisiompú i ndiaidh na híocaíochta ar spriocanna faoi iniúchóireacht a bhí measúnaithe roimhe sin mar spriocanna a bhí comhlíonta;
  5. ciallaíonn tabhairt isteach garspriocanna rialaithe nach raibh córais ábhartha na mBallstát ag feidhmiú go hiomlán nuair a cuireadh tús le cur chun feidhme na bpleananna, agus dá réir sin go bhfuil riosca ann do rialtacht chaiteachas RRF agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Fuaireamar freisin go bhfuil éagsúlacht shuntasach sna garspriocanna rialaithe ó thaobh a leibhéil mionsonraí agus a gceanglais, cé nach bhfuil aon údar bailí ann dó sin;
  6. tá laigí fós i gcórais tuairiscithe agus rialaithe na mBallstát. Sa bhreis air sin, shainaithníomar saincheist chothrománach atá nasctha le teorannú ar an bhfáil atá ar shonraí faoi úinéirí tairbhiúla cuideachtaí eachtracha. Is amhlaidh atá mar gheall nach bhfuil aon bhunachar sonraí lárnach Eorpach ann a thugann sonraí iomlána ar gach úinéir tairbhiúil cuideachtaí atá cláraithe san Aontas Eorpach.

Rinneamar athbhreithniú freisin ar thuairisciú Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN) ar rialtacht chaiteachas RRF do 2022 atá ina Thuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí (TBG) agus ar an gcaoi a ndéantar an fhaisnéis sin a chur i láthair in TBBF. Níl ár gcuid fionnachtana agus conclúidí ag teacht leis an ráiteas a thug oifigeach údarúcháin AS ECFIN.

Sampla de gharsprioc nach raibh comhlíonta go sásúil

Garsprioc 42 na Gréige – ‘Pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha – Teacht i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil’

Cur síos ar an ngarsprioc sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir leis an nGréig:

‘Teacht i bhfeidhm gach Cinnidh Aireachta dá bhforáiltear i ndlí 4710/2020, agus atá sínithe ag an Aire Comhshaoil agus Fuinnimh, ag an Aire Bonneagair agus Iompair, ag an Aire Gnóthaí Baile agus ag an Aire Airgeadais, trína ndéantar margadh na bhfeithiclí leictreacha a eagrú, le fócas ar mhargadh na seirbhísí luchtaithe, agus trína dtugtar dreasachtaí cánach chun feithiclí leictreacha a cheannach agus bonneagar luchtaithe a shuiteáil le haghaidh feithiclí leictreacha.’

Sa dlí príomha, foráladh do theacht i bhfeidhm 12 chinneadh aireachta a bhí riachtanach chun margadh na bhfeithiclí leictreacha a eagrú. Fuaireamar nach raibh an gharsprioc comhlíonta go sásúil mar nach raibh trí cinn de na cinntí aireachta (pionóis ar ghníomhaithe sa mhargadh, ceanglais le haghaidh pointí luchtaithe i lonnaíochtaí traidisiúnta agus oiliúint do theicneoirí feithiclí leictreacha) tagtha i bhfeidhm nuair a rinneadh an íocaíocht.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • feabhas a chur mheasúnuithe tosaigh agus ar iniúchtaí ex post:
    • go gclúdófar a mhéid atáthar ag comhlíonadh na tréimhse incháilitheachta agus an phrionsabail nach ndéantar caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach a ionadú ina mheasúnuithe tosaigh agus ina chuid iniúchtaí ex post;
    • athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid nósanna imeachta iniúchóireachta ex post ionas go bhforálann siad do sheiceálacha lena fhíorú nach ndearnadh aisiompú ar spriocanna faoi iniúchóireacht a bhí measúnaithe roimhe sin mar spriocanna a bhí comhlíonta;
  • bunaithe ar an taithí atá faighte le linn chur chun feidhme RRF, a fhíorú go ndéanann na pleananna athbhreithnithe sainiú soiléir a thabhairt ar na garspriocanna agus spriocanna go léir, agus go bhfuil gach ceann de na príomh‑mhíreanna atá i mbeart clúdaithe ag garspriocanna agus spriocanna.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gCaibidil 11 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

Na Cistí Eorpacha Forbraíochta

Iomlán: €2.4 billiún

A raibh á iniúchadh orainn

Seolta in 1959, ba iad na Cistí Eorpach Forbraíochta (CEFanna) na príomhionstraimí, lasmuigh de bhuiséad ginearálta an Aontais, trínar mhaoinigh an tAontas cúnamh comhair um fhorbairt le tíortha agus réigiúin san Afraic (Fo‑Shahárach), i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACP), agus freisin le tíortha agus críocha thar lear (OCTanna), go dtí deireadh 2020. Clúdaíonn an 11ú CEF creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014‑2020. Ba chomhaontú comhpháirtíochta é an creat lena rialaítear caidreamh AE le tíortha ACP agus OCTanna, a síníodh in Cotonou ar an 23 Meitheamh 2000 le haghaidh tréimhse 20 bliana. Faoi láthair, tá síneadh curtha le feidhmiú a fhorálacha go dtí an 30 Meitheamh 2023. Ba é an príomhchuspóir ná bochtaineacht a laghdú agus, ar deireadh, a dhíothú, i gcomhréir le príomhchuspóir an chomhair um fhorbairt atá leagtha síos in Airteagal 208 de CFAE. I gcás CAI 2021‑2027, tá cúnamh comhair um fhorbairt le tíortha agus réigiúin ACP clúdaithe ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (‘NDICI‑An Eoraip Dhomhanda’) agus rinneadh comhar le OCTanna a ionchorprú sa Chinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n‑áirítear an Ghraonlainn. Ní raibh an 9ú, 10ú agus 11ú CEF iad féin ionchorpraithe i mbuiséad ginearálta an Aontais, áfach, agus leantar dá gcur chun feidhme agus de thuairisciú a dhéanamh orthu astu féin go dtí go ndúnfar iad.

Tá na CEFanna á mbainistiú beagnach go hiomlán ag an gCoimisiún (AS INTPA). Is é AS ECHO a rinne sciar beag (5 %) d’íocaíochtaí CEF 2022 a bhainistiú.

I gcás 2022, ba é luach iomlán an chaiteachais faoi réir ár n‑iniúchta sa réimse sin ná €3.0 billiún. Baineann an caiteachas sin leis an 9ú, 10ú agus 11ú CEF, agus seachadadh in 78 dtír é trí réimse leathan de mhodhanna a úsáid amhail oibreacha, conarthaí soláthair agus seirbhíse, deontais, tacaíocht bhuiséadach, meastacháin clár, agus comhaontuithe tarmligin agus ranníocaíochta.

A bhfuil faighte amach againn

Fuaireamar nach raibh míráitis ábharthacha ann a rinne difear do na cuntais.

Ní raibh leibhéal earráide ábharthach sna hidirbhearta ioncaim.

Tá tuairim neamhfhabhrach againn i leith caiteachais do bhliain airgeadais 2022.

Méid atá faoi iniúchóireacht Tionchar ag earráid ábharthach? Leibhéal earráide measta is dóchúla
€3.0 billiún 7.1 % (2021: 4.6 %)

Chun iniúchóireacht a dhéanamh ar rialtacht na n‑idirbheart, scrúdaíomar sampla de 140 idirbheart (rinneadh gach íocaíocht trí AS INTPA) a bhí ionadaíoch ar an raon iomlán caiteachais ó CEFanna. Áiríodh air sin, 27 n‑idirbheart a bhaineann leis an gCiste Iontaobhais Éigeandála don Afraic, 98 n‑idirbheart a bhí údaraithe ag 20 Ballstát, agus 15 idirbheart a bhí formheasta ag ceanncheathrú an Choimisiúin. Nuair a bhraitheamar earráidí sna hidirbhearta, rinneamar anailís ar na bunchúiseanna chun laigí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.

As na 140 idirbheart a scrúdaíomar, bhí earráidí in 57 (40.7 %) díobh. Ar bhonn na 48 n‑earráid atá cainníochtaithe againn, measaimid go bhfuil an leibhéal earráide ag 7.1 %. Ba iad na trí chineál earráide ba choitianta ná caiteachas nár tabhaíodh (51 %), caiteachas neamh‑incháilithe (24 %), agus mainneachtain thromchúiseach maidir le rialacha soláthair phoiblí a leanúint (16 %).

Mar a tharla san am a caitheadh, rinne an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme níos mó earráidí a bhí bainteach le meastacháin do chlár agus deontais agus le comhaontuithe ranníocaíochta agus tarmligin le tíortha tairbhiúla, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí na mBallstát ná mar a rinne siad le haon chineál tacaíochta eile (amhail iad siúd a chlúdaíonn oibreacha, soláthar agus conarthaí seirbhíse). As na 99 n‑idirbheart den chineál sin a scrúdaíomar, bhí earráidí inchainníochtaithe in 46 díobh, arbh ionann an méid sin agus 86 % den leibhéal earráide measta.

Sampla de chaiteachas nár tabhaíodh: easnamh i gcórais rialaithe thoscaireachtaí AE chun réamh‑mhaoiniú a imréiteach

I dtoscaireacht AE amháin ar tugadh cuairt uirthi i mbliana, fuaireamar go ndearna an cineál céanna earráide difear do shé cinn de na naoi n‑idirbheart a ndearnamar iniúchóireacht orthu. Bhí idirbhearta réamh‑mhaoinithe imréitithe ag an gCoimisiún bunaithe ar chaiteachas iomlán dearbhaithe an tairbhí de €11 mhilliún. Léirigh ár seiceálacha gurbh é €3.8 milliún an caiteachas iarbhír do na tionscadail lena mbaineann. Bhí an difríocht, €7.2 milliún, comhdhéanta de ghealltanais nár caitheadh fós. Dá bhrí sin, mheasamar nár tabhaíodh an caiteachas sin agus, dá bhrí sin, nach raibh sé incháilithe.

Ós rud é gur bhraitheamar an earráid sin in dhá thrian de na hidirbhearta a ndearnamar iniúchóireacht orthu, léiríonn sé go bhfuil laige i bhfeidhmiú chórais rialaithe inmheánaigh na toscaireachta maidir le réamh‑mhaoiniú a imréiteach.

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, bhí moill i gceist le doiciméid a bhí iarrtha againn a fháil ó roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, d’fhág sé sin gur cuireadh moill orainne inár gcuid oibre. Níor thug na heagraíochtaí sin ach rochtain theoranta ar dhoiciméid (e.g. i bhformáid inléite amháin), rud a chuir bac ar phleanáil, ar fhorghníomhú agus ar rialú cáilíochta ár n‑iniúchta. Bhí na deacrachtaí sin fós ann in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin iad a réiteach trí chumarsáid leanúnach leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann.

Staidéar RER ó AS INTPA

In 2022, rinne conraitheoir seachtrach an 11ú staidéar RER a d’éiligh AS INTPA. Ba é cuspóir an staidéir sin ná meastachán a dhéanamh ar ráta na n‑earráidí sin a d’éalaigh ó sheiceálacha bainistíochta AS INTPA ar mhaithe le hearráidí den sórt sin a chosc, a bhrath agus a cheartú ar fud a réimse freagrachtaí go léir, chun go bhféadfaí teacht ar chonclúid i dtaobh éifeachtacht na seiceálacha sin.

I gcás staidéar RER 2022, d’úsáid AS INTPA méid samplach de 480 idirbheart, mar a bhí sna blianta roimhe sin (bhí luach níos airde ag cuid de na hidirbhearta sampláilte ná an t‑eatramh samplála; dá bhrí sin, ba é 407 an méid sampla deiridh). De réir an staidéir, measadh gurb ionann an RER foriomlán agus 1.15 % – faoi bhun thairseach ábharthachta 2 % an Choimisiúin don seachtú bliain as a chéile.

luaiteachas dearbhaithe ná iniúchadh atá sa staidéar RER; tá sé bunaithe ar mhodheolaíocht agus lámhleabhar RER a chuireann AS INTPA ar fáil. I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo uainn ar na CEFanna, thugamar tuairisc cheana ar na teorainneacha atá leis na staidéir a d’féadfadh rannchuidiú leis an ngannmheastachán RER.

Rinneamar athbhreithniú ar an modh ríofa a úsáideadh do staidéar RER 2022 agus fuarthas amach nach raibh an mhodheolaíocht maidir le míreanna ardluacha a eachtarshuí sách soiléir. Mar thoradh air sin, ní raibh míreanna ardluacha as an sampla eachtarshuite i gceart ag an gconraitheoir seachtrach (i.e. míreanna ag a raibh luach níos airde ná an t‑eatramh samplála). Measaimid gur gannmheastachán a bhí in RER. Is RER de 1.35 % atá sa ríomh a rinneamarna.

Athbhreithniú ar TBG 2022

Níl aon fhorchoimeádas san áireamh i ráiteas dearbhaithe an Ardstiúrthóra in TBG 2022. Measaimid nach bhfuil údar maith leis an easpa forchoimeádas in TBG 2022 agus measaimid go n‑eascraíonn sé go pointe áirithe as teorainneacha staidéar RER.

Mar gheall ar eachtarshuíomh mícheart míreanna ardluacha, bhí an ráta earráide le haghaidh caiteachais a bhaineann le bainistíocht indíreach le tríú heagraíochtaí níos mó ná an tairseach ábharthachta de 2 %. Ba cheart go mbeadh forchoimeádas don chatagóir chaiteachais sin, a sheasann do 42.7 % de chaiteachas ábhartha INTPA, leagtha amach ag an gCoimisiún.

A bhfuil molta againn

Molaimid don Choimisiún:

  • a sheiceáil go bhfuil na hiarmhéideanna cuntasaíochta go léir le haghaidh CEFanna atá dúnta imréitithe agus go ndéantar an fhaisnéis sna cuntais bhliantúla a nuashonrú ar bhealach tráthúil;
  • a sheiceáil go ndéantar réamh‑mhaoiniú agus sonraisc a imréiteach ar bhealach tráthúil;
  • bearta iomchuí a dhéanamh chun feabhas a chur ar chórais rialaithe thoscaireachtaí AE ionas go sainaithneofar méideanna nach bhfuil caite fós ach atá á n‑éileamh mar chostais thabhaithe sula ndéantar íocaíochtaí nó caiteachas a imréiteach;
  • a athdhearbhú do thairbhithe thionscadail an Aontais nach mór dóibh cloí le coinníollacha conarthacha a bhaineann le hincháilitheacht CBL, agus na seiceálacha is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach ndéantar CBL asbhainteach a chur chun dochair do thionscadail;
  • gach faisnéis theicniúil agus airgeadais atá ar fáil a chur san áireamh chun earráidí a chosc, nó a bhrath agus a cheartú sula nglacfar le caiteachas; agus
  • feabhas a chur ar an modheolaíocht a úsáidtear don staidéar RER ionas go ndéanfar míreanna ardluacha a eachtarshuí i gceart, agus fíorú a dhéanamh go gcuireann an conraitheoir i bhfeidhm go cuí í.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Is féidir teacht ar an bhfaisnéis iomlán faoinár n‑iniúchadh ar CEFanna i dTuarascáil bhliantúil 2022 uainn maidir leis na gníomhaíochtaí a maoiníodh faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.

Faisnéis chúlra

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus a cuid oibre

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais. Táimid lonnaithe i Lucsamburg agus tá thart ar 900 ball foirne fostaithe againn ó gach náisiúntacht AE. Is é ár misean ná cabhrú leis an mbainistiú riaracháin agus airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú, chomh maith leis an gcuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn, agus gníomhú mar chaomhnóir neamhspleách do leasanna airgeadais shaoránaigh uile an Aontais. Is gné ríthábhachtach de shlabhra cuntasachta an Aontais Eorpaigh iad ár dtuarascálacha iniúchóireachta agus ár dtuairimí. Úsáidtear iad chun iad siúd ar a bhfuil freagracht as cur chun feidhme bheartais agus chláir an Aontais a choimeád cuntasach: an Coimisiún, institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, agus riaracháin náisiúnta. Tugaimid rabhadh i dtaobh rioscaí, soláthraímid dearbhú iniúchóireachta, léirímid easnaimh agus dea‑chleachtais, agus tugaimid treoraíocht do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais maidir le cén chaoi le feabhas a chur ar bhainistiú bheartais agus chláir an Aontais. Tríd an obair a dhéanaimid, déanaimid deimhin de go mbíonn a fhios ag saoránaigh na hEorpa cén chaoi a bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh.

team

Nóta: Amhail in Iúil 2023.

Ár n‑aschur

Cuirimid na nithe seo a leanas ar fáil:

  • tuarascálacha bliantúla, ina bhfuil go príomha torthaí na hoibre iniúchóireachta airgeadais agus comhlíontachta ar bhuiséad an Aontais agus ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta; ach a bhfuil gnéithe iontu freisin a bhaineann le bainistíocht bhuiséadach agus feidhmíochta;
  • tuarascálacha speisialta, ina léirítear torthaí iniúchtaí roghnaithe maidir le beartais nó réimsí caiteachais sonracha, nó maidir le saincheisteanna buiséadacha agus bainistíochta;
  • tuarascálacha bliantúla sonracha ar ghníomhaireachtaí, comhlachtaí díláraithe agus comhghnóthais an Aontais;
  • tuairimí maidir le dlíthe nua nó nuashonraithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar an mbainistíocht airgeadais – arna iarraidh sin ag institiúid eile nó ar ár dtionscnamh féin;
  • athbhreithnithe, ina dtugtar tuairisc nó faisnéis ar bheartais, ar chórais, ar ionstraimí nó ar thopaicí níos fócasaithe.

Sracfhéachaint ar an gcur chuige iniúchóireachta dár ráiteas dearbhaithe

Tá na tuairimí inár ráiteas dearbhaithe bunaithe ar fhianaise oibiachtúil a fhaighimid ó thástáil iniúchóireachta a dhéantar i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta.

Mar a fógraíodh i stráitéis 2021‑2025 uainn, leanfaimid den fhorbairt ar an gcur chuige iniúchóireachta uainn le haghaidh CAI 2021‑2027 agus de shonraí agus faisnéis atá ar fáil a úsáid ionas go bhféadfaimid, bunaithe ar an sainordú atá againn faoin gConradh agus i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta don earnáil phoiblí, leanúint de dhearbhú láidir a thabhairt.

Beachtas na gcuntas

An dtugann cuntais bhliantúla an Aontais faisnéis iomlán agus cruinn?

Cruthaítear na céadta míle iontrálacha cuntasaíochta in Ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin gach bliain, ag tógáil faisnéise ó go leor foinsí éagsúla (lena n‑áirítear Ballstáit). Seiceálaimid go bhfuil na próisis chuntasaíochta ag obair go cuí agus go bhfuil na sonraí cuntasaíochta a éiríonn astu iomlán, taifeadta i gceart agus curtha i láthair go cuí i ráitis airgeadais an Aontais. I gcás iniúchadh a dhéanamh ar bheachtas na gcuntas, tá an cur chuige fianaithe curtha i bhfeidhm againn ón gcéad tuairim uainn in 1994 i leith.

  • Déanaimid meastóireacht ar an gcóras cuntasaíochta chun a áirithiú go dtugann sé bunús maith chun sonraí beachta a tháirgeadh.
  • Déanaimid measúnú ar phríomhnósanna imeachta cuntasaíochta chun a áirithiú go bhfuil siad ag feidhmiú i gceart.
  • Déanaimid seiceálacha anailíseacha ar shonraí cuntasaíochta chun a áirithiú go bhfuil siad á gcur i láthair go comhleanúnach agus go bhfuil dealramh réasúnach orthu.
  • Déanaimid seiceáil dhíreach ar shampla d’iontrálacha cuntasaíochta chun a áirithiú gur ann do na hidirbhearta is bun leo agus go bhfuil siad taifeadta go cruinn.
  • Déanaimid seiceáil ar ráitis airgeadais chun a áirithiú go dtugann siad léargas fíorcheart ar an staid airgeadais.

Rialtacht na n‑idirbheart

An bhfuil na hidirbhearta don ioncam agus d’íocaíocht chaiteachais is bun le cuntais an Aontais ag comhlíonadh na rialacha?

Tá na milliúin íocaíochtaí chuig tairbhithe, san Aontas Eorpach agus sa chuid eile den domhan, i gceist le buiséad an Aontais. Tá formhór an chaiteachais seo á bhainistiú ag na Ballstáit. Chun an fhianaise atá ag teastáil uainn a fháil, déanaimid measúnú ar na córais trína ndéantar ioncam agus íocaíochtaí caiteachais (i.e. íocaíochtaí deiridh agus imréiteach airleacain) a riar agus a sheiceáil, agus scrúdaímid sampla de na hidirbhearta.

I gcás ina mbíonn téarmaí na gcaighdeán idirnáisiúnta iniúchóireachta ábhartha comhlíonta, déanaimid athbhreithniú ar na seiceálacha agus rialaithe atá déanta ag na daoine atá freagrach as buiséad an Aontais a chur chun feidhme agus déanaimid na seiceálacha agus rialaithe sin an athuair muid féin. Ar an gcaoi sin, déanaimid aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh ar bhonn na seiceálacha sin a chur san áireamh go hiomlán.

  • Déanaimid measúnú ar na córais don ioncam agus don chaiteachas chun a dhéanamh amach cé chomh héifeachtach atá siad ó thaobh a chinntiú go bhfuil na hidirbhearta rialta.
  • Tógaimid samplaí staitistiúla d’idirbhearta chun bunús a sholáthar do thástáil mhionsonraithe a dhéanann ár gcuid iniúchóirí. Déanaimid na hidirbhearta sa sampla a scrúdú go mion, lena n‑áirítear in áitreabh na bhfaighteoirí deiridh (e.g. feirmeoirí, forais taighde nó cuideachtaí a sholáthraíonn oibreacha nó seirbhísí faoi chonradh soláthair phoiblí), chun fianaise a fháil gur ann do gach ceann de na teagmhais is bun leis na hidirbhearta sin, go bhfuil siad taifeadta go cuí agus go gcomhlíonann siad na rialacha chun íocaíochtaí a dhéanamh.
  • Déanaimid anailís ar earráidí agus déanaimid iad a aicmiú mar earráidí atá inchainníochtaithe nó nach bhfuil. Déanann earráid inchainníochtaithe difear d’idirbhearta más rud é, bunaithe ar na rialacha, nár cheart an íocaíocht a bheith údaraithe. Déanaimid na hearráidí inchainníochtaithe a eachtarshuíomh chun leibhéal earráide measta a fháil do gach réimse ina ndéanaimid measúnú sonrach. Ansin, déanaimid an leibhéal earráide measta a chur i gcomparáid leis an tairseach ábharthachta de 2 % agus déanaimid measúnú féachaint an bhfuil na hearráidí forleatach.
  • Déantar na measúnuithe sin agus faisnéis ábhartha eile, amhail tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí agus tuarascálacha ó iniúchóirí seachtracha eile, a chur san áireamh inár dtuairimí.
  • Pléimid ár bhfionnachtana ar fad leis na húdaráis sna Ballstáit agus leis an gCoimisiún chun a dheimhniú go bhfuil ár bhfíricí ceart.
Céard iad ár gcur chuige agus ár modheolaíocht iniúchóireachta le haghaidh an ráitis dearbhaithe ar rialtacht chaiteachas RRF?
  • Tá tuairim ar leithligh á heisiúint againn ar rialtacht chaiteachas RRF mar chuid dár ráiteas dearbhaithe maidir le buiséad an Aontais. Is amhlaidh atá mar gheall go measaimid go bhfuil samhail seachadta RRF difriúil agus mar gur ionstraim shealadach atá in RRF. Leis an tuairim sin, tá sé mar aidhm againn dearbhú réasúnach a thabhairt maidir leis na híocaíochtaí, agus faisnéis mhionsonraithe bunaithe ar an tuairim sin a thabhairt sa ráiteas dearbhaithe (féach Fíor 17).
  • Tá an chuid is mó dár ndearbhú á dhíorthú againn as tástáil shubstainteach agus as an measúnú ar na córais mhaoirseachta agus rialaithe. Is comhlánú ar ár ndearbhú iad na TBGanna agus TBBF, agus freisin tuarascálacha ón tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach.
  • Tá ár gcuid oibre ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus áirithíonn sí go bhfuil fianaise iniúchóireachta leordhóthanach agus iomchuí ag gabháil mar thaca lenár dtuairimí iniúchóireachta.

Fíor 17 – Tuairim iniúchóireachta RRF

Fíor 17 – Tuairim iniúchóireachta RRF

Foinse: CIE.

Tá ár gcuid táirgí ar fad foilsithe ar ár suíomh gréasáin ag www.eca.europa.eu. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas iniúchóireachta nó faoin ráiteas dearbhaithe a fháil in Iarscríbhinn 1.1 de Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023

PRINT ISBN 978-92-849-0841-7 doi:10.2865/008181 QJ-09-23-357-GA-C
PDF ISBN 978-92-849-0854-7 doi:10.2865/825732 QJ-09-23-357-GA-N
HTML ISBN 978-92-849-0861-5 doi:10.2865/52856 QJ-09-23-357-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2023

Is i gCinneadh Uimh. 6‑2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine atá ag baint athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, cuirfidh sé an cead ginearálta thuasluaite ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus beidh sé ráite go soiléir sa chead nua má tá aon srianta eile ann maidir le húsáid.

I gcás na bpictiúr seo a leanas, déantar athúsáid a údarú ar choinníoll go ndéantar sealbhóir an chóipchirt, an fhoinse agus, má tá siad luaite, ainmneacha na ngrianghrafadóirí a thabhairt le fios:

*, *: © An tAontas Eorpach, 2023, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

*: Dearadh fíor 2 trí dheilbhíní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

*: Dearadh tábla 1 trí dheilbhíní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

*: © Getty Images, 2017 / Miorag Gajic.

*: © stock.adobe.com / Bits and Splits.

*: Is le AGEA é, agus tá sé modhnaithe aige – © CGR SpA (Compagnia Generale Ripreseaeree), gach ceart ar cosaint.

*: © stock.adobe.com / BillionPhotos.com.

*: © depositphotos.com.

*: © stock.adobe.com / bluedesign.

*: © stock.adobe.com / RioPatuca Images.

*: © stock.adobe.com / Andrii Yalanskyi.

*: Dearadh fíor 17 trí dheilbhíní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint, chomh maith leis sin an deilbhín de ghiar atá modhnaithe ag CIE, © stock.adobe.com / Ramziia.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.