Tuarascáil speisialta
14 2022

Freagairt an Choimisiúin ar chalaois sa Chomhbheartas Talmhaíochta – Tá sé in am tochailt níos doimhne

Maidir leis an tuarascáil:Déanann an chalaois dochar do leasanna airgeadais an Aontais agus cuireann sí cosc ar acmhainní an Aontais ó na cuspóirí beartais a bhaint amach. Sa tuarascáil seo, déanaimid forléargas ar na rioscaí calaoise a dhéanann difear don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus measúnú ar fhreagairt an Choimisiúin do chalaois in CBT. Bhaineamar de thátal gur thug an Coimisiún freagairt ar chásanna calaoise i gcaiteachas CBT, ach nach raibh sé réamhghníomhach a dhóthain ag tabhairt aghaidh ar an tionchar maidir leis an riosca go dtarlódh grabáil talún neamhdhleathach ar íocaíochtaí CBT, ag déanamh faireacháin ar bhearta frithchalaoise na mBallstát, agus trí acmhainneacht nuatheicneolaíochtaí a shaothrú. Molaimid don Choimisiún gníomhaíochtaí chun a léargas ar rioscaí calaoise agus bearta frith-calaoise a dhoimhniú agus chun gníomhú ar a mheasúnú ina dhiaidh sin, agus a ról a mhéadú maidir le teicneolaíochtaí nua chun calaois a chosc agus a bhrath.

Tuarascáil Speisialta CIE de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: bearta frith-chalaoise in CBT

Achoimre feidhmiúcháin

I Tugann caiteachas an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tacaíocht d’fhorbairt na talamhaíochta agus na tuaithe san Aontas Eorpach trí na nithe seo a leanas:

  • íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, bunaithe de ghnáth ar an achar de thalamh talmhaíochta a bhfuil teacht ag na tairbhithe air;
  • bearta margaidh talmhaíochta, a chuidíonn le hearnálacha talmhaíochta an Aontais dul in oiriúint d’athruithe margaidh;
  • cláir forbartha náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát a thugann tacaíocht don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch i limistéir thuaithe, agus a chuireann cúnamh ar fáil bunaithe ar chritéir chomhshaoil agus aeráide.

II In 2018-2020, b’fhiú €38.5 billiún na híocaíochtaí díreacha ar an meán gach bliain; b’fhiú €2.7 billiún agus €13.1 billiún na bearta margaidh agus an caiteachas ar fhorbairt tuaithe ar an meán, faoi seach.

III Déanann an chalaois dochar do leasanna airgeadais an Aontais agus cuireann sí cosc ar acmhainní an Aontais ó na cuspóirí beartais a bhaint amach. Tá súil againn go gcabhróidh ár dtuarascáil leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit a gcumas chun gníomhú in aghaidh na calaoise a fhorbairt faoin gcomhbheartas nua talmhaíochta do thréimhse 2023-2027.

IV Tá comhlachtaí éagsúla ann a chosnaíonn CBT ar chalaois ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Rinne ár n-iniúchadh scrúdú féachaint an bhfuil beart iomchuí déanta ag an gCoimisiún maidir le calaois i gcaiteachas CBT, trí na rioscaí calaoise atá ina ndlúthchuid de scéimeanna íocaíochta CBT a mheasúnú, agus féachaint an ndearna an Coimisiún na rioscaí calaoise a dhéanann difear do chaiteachas CBT a shainaithint agus ar thug sé freagairt chuí orthu.

V Bhaineamar de thátal gur thug an Coimisiún freagairt ar chásanna calaoise i gcaiteachas CBT, ach nach raibh sé réamhghníomhach a dhóthain ag tabhairt aghaidh ar an tionchar maidir leis an riosca go dtarlódh grabáil talún neamhdhleathach ar íocaíochtaí CBT, ag déanamh faireacháin ar bhearta frithchalaoise na mBallstát, agus trí acmhainneacht nuatheicneolaíochtaí a shaothrú.

VI Bíonn leibhéil éagsúla riosca calaoise ann maidir le scéimeanna CBT. Sa tuarascáil seo, tugaimid forléargas ar na rioscaí calaoise a dhéanann difear do na scéimeanna éagsúla íocaíochtaí faoi CBT. Shainaithníomar rioscaí a bhí nasctha le sáruithe ar choinníollacha incháilitheachta a bheith á gceilt ag tairbhithe, le castacht na mbeart a fuair maoiniú, agus le cineálacha neamhdhleathacha “grabála talún”.

VII Rinne an Coimisiún measúnú ar na rioscaí calaoise i gcaiteachas CBT, agus d’aithin sé go bhfuil riosca níos airde ag baint le bearta infheistíochta san fhorbairt tuaithe agus i mbearta margaidh áirithe ná mar atá ag baint le scéimeanna íocaíochta eile. Tá roinnt treorach eisithe aige le déanaí do ghníomhaireachtaí íocaíochta maidir le ‘grabáil talún’ agus leis an gcoincheap ‘talamh atá ar fáil don fheirmeoir’.

VIII Chuir an Coimisiún treoraíocht ar fáil do na Ballstáit maidir le saincheisteanna a bhain le cúrsaí calaoise. Bhí formhór na ngníomhaireachtaí íocaíochta buíoch as an treoraíocht sin ach mheas cuid díobh go mb’úsáidí í ach tuilleadh samplaí praiticiúla a bheith san áireamh. Téann an anailís riosca is déanaí ón gCoimisiún maidir le calaois i leith CBT siar go 2016, agus tá rún ag an gCoimisiún anailís nua a chur á déanamh sula mbeidh an CBT nua i bhfeidhm in Eanáir 2023.

IX Déanann an Coimisiún seiceálacha creidiúnaithe agus comhlíontachta ar na gníomhaireachtaí íocaíochta chun measúnú a dhéanamh ar a gcórais rialaithe, agus d’fhéadfaí ghnéithe a bhaineann le calaois a chumhdach leis na córais sin. Bíonn an Coimisiún ag brath ar na hathbhreithnithe bliantúla ar na comhlachtaí deimhniúcháin chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid a bhíonn na gníomhaireachtaí íocaíochta ag comhlíonadh na gcritéar creidiúnaithe, lena n-áirítear bearta frith-chalaoise. Is beag anailís a tugadh i roinnt de na tuarascálacha ó na comhlachtaí deimhniúcháin ar bhearta frith-chalaoise na ngníomhaireachtaí íocaíochta, ach níor chuir an Coimisiún de cheangal ar na comhlachtaí deimhniúcháin tuilleadh mionsonraí a chur ar fáil sna cásanna sin.

X Tá úsáid teicneolaíochtaí nua uathsheiceála á cur chun cinn ag an gCoimisiún, mar shampla “na seiceálacha le faireachán” trína ndéantar faireachán ar an bpobal uile faighteoirí cúnaimh i scéim ar leith, agus tá Arachne, uirlis scórála riosca dá chuid féin, forbartha aige chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit an chalaois a chosc. Bíonn úsáid na dteicneolaíochtaí sin deonach agus níl ach freagairt ar leibhéal íseal tugtha ag na Ballstáit. Tá féidearthachtaí san intleacht shaorga agus in olltiomsú sonraí freisin chun calaois a chomhrac, ach tá dúshláin roimh na Ballstáit maidir leis na deiseanna sin a thapú agus chuir an Coimisiún tús leis na teicneolaíochtaí sin a chur chun cinn.

XI Cuirimid moltaí ar fáil don Choimisiún chun go mbeidh ar a chumas léargas níos grinne a fháil, agus a chomhroinnt, ar na rioscaí calaoise agus ar na bearta i gcaiteachas CBT chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus úsáid nuatheicneolaíochtaí a chur chun cinn chun calaois a chosc agus a bhrath.

Réamhrá

An Comhbheartas Talmhaíochta (CBT)

01 Tugann caiteachas CBT tacaíocht don talmhaíocht agus don fhorbairt tuaithe san Aontas Eorpach ar na bealaí seo a leanas:

  • íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, arna maoiniú go huile ag buiséad an Aontais, agus iad bunaithe i gcoitinne ar an achar de thalamh talmhaíochta a bhfuil teacht ag tairbhithe air;
  • bearta margaidh talmhaíochta, arna maoiniú go huile ag buiséad an Aontais freisin, seachas bearta áirithe a bhíonn á gcómhaoiniú ag na Ballstáit; san áireamh sna bearta margaidh, tá tacaíocht maidir le táirgí talmhaíochta a stóráil ar bhonn poiblí agus príobháideach i gcás suaití margaidh, scéimeanna earnáilsonracha cúnaimh (e.g. in earnáil an fhíona nó in earnáil na dtorthaí agus glasraí), agus aisíoc costas as díolacháin táirgí talmhaíochta an Aontais a chur chun cinn;
  • cláir forbartha tuaithe náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát, arna gcómhaoiniú ag buiséad an Aontais agus ag na Ballstáit, a mbíonn idir aisíoc costas tionscadail agus íocaíochtaí a bhunaítear ar an achar de thalamh talmhaíochta atá ag na tairbhithe nó an líon ainmhithe atá acu, araon i gceist leo.

02 In 2018-2020, b’fhiú €38.5 billiún íocaíochtaí díreacha na 27 mBallstát san Aontas ar an meán gach bliain; b’fhiú €2.7 billiún agus €13.1 billiún na bearta margaidh agus an caiteachas ar fhorbairt tuaithe, ar an meán, faoi seach.

03 Tá éagsúlachtaí suntasacha in earnáil talmhaíochta an Aontais le sonrú ó thaobh cineálacha tairbhí, méid na ngabháltas, agus cineálacha tionachta na talún talmhaíochta. Cruthaíonn an méid sin dúshláin nuair a bhíonn rialacha agus córais rialaithe á ndearadh a d’fheilfeadh don uile chineál cás gnó.

04 Maidir le tairbhithe CBT, bíonn idir dhaoine aonair príobháideacha, chomharchumainn, chuideachtaí agus chomhlachtaí earnála poiblí i gceist leo. I mbliain airgeadais 2020, bhí thart ar 6.2 milliún tairbhí ann a fuair íocaíochtaí díreacha, 3.5 milliún a fuair íocaíochtaí faoi na bearta forbartha tuaithe (agus íocaíochtaí díreacha á bhfáil acu freisin de ghnáth), agus 102 000 a fuair tacaíocht do bhearta margaidh.

05 Faigheann formhór thairbhithe CBT níos lú ná €10 000 sa bhliain: céatadán atá ag dul i laghad, cé fós féin go seasann sé do bhreis is 80 % de na tairbhithe (féach Fíor 1).

Fíor 1 – Dáileadh íocaíochtaí i measc thairbhithe CBT i dtréimhse 2014-2020

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí AS AGRI.

06 Maidir le struchtúr na ngabháltas talmhaíochta: tá 67 % d’fheirmeacha AE níos lú na 5 heicteár, agus níl ach 3 % díobh a bhfuil breis is 100 heicteár iontu. Tá sé éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Mar shampla, i Málta agus sa Rómáin, tá níos lú ná 5 heicteár i mbreis is 90 % de na feirmeacha, ach sa Danmhairg agus san Fhionlainn níl ach 4 % de na feirmeacha sa chatagóir sin.

07 Bíonn éagsúlachtaí ag baint le dáileadh na talún talmhaíochta freisin. Sa tSlóvaic, tá 9 % de na feirmeacha níos mó ná 100 heicteár agus cumhdaíonn siad 89 % den limistéar talmhaíochta náisiúnta, ach sa tSlóivéin ní chumhdaíonn feirmeacha den sórt sin ach 7 % den talamh talmhaíochta. I bhFíor 2, léirímid an staid ar leibhéal an Aontais, sna trí Bhallstát a roghnaíodh (féach mír 26) agus sa dá Bhallstát atá ar dhá cheann an speictrim.

Fíor 2 – Dáileadh na talún feirmeoireachta (AE-27 agus na Ballstáit a roghnaíodh, 2016)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí Eurostat.

08 Maidir le tionacht na talún talmhaíochta, is le 82 % d’fheirmeoirí na Polainne a gcuid talún féin, ach is talamh ar cíos atá ag 78 % d’fheirmeoirí Mhálta, agus sa Ghréig is coimín atá sa tríú cuid den talamh talmhaíochta (féach Iarscríbhinn I).

Buiséad CBT a chosaint ar an gcalaois

09 Faoi reachtaíocht an Aontais1, is é an sainmhíniú ar chalaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE ná gur sárú d’aon ghnó é (le gníomh nó le neamhghníomh) a théann chun dochair do bhuiséad an Aontais nó a d’fhéadfadh dul chun dochair dó ar na bealaí seo a leanas:

  • úsáid a bhaint as ráitis nó doiciméid bhréige, mhíchearta nó neamhiomlána;
  • neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach; nó
  • sraonadh cistí chun críoch eile seachas na críocha ar deonaíodh i dtosach báire chucu iad.

10 Is é an rud is mó a dhealaíonn calaois ó neamhrialtacht ná go bhfuil rún intinne i gceist sa chalaois. D’fhéadfadh neamhrialtacht a bheith ann mar thoradh ar mhíthuiscint ar riail, ach is mar thoradh ar riail a shárú d’aon ghnó a dhéantar calaois.

11 D’fhéadfaí calaois a aicmiú mar chalaois ‘inmheánach’ nó mar chalaois ‘sheachtrach’2. I gcomhthéacs an Chomhbheartais Talmhaíochta:

  • d’fhéadfadh calaois inmheánach a bheith á déanamh ag foireann údaráis phoiblí a bhíonn ag plé le riar chistí CBT nó ag foireann institiúidí nó comhlachtaí an Aontais. D’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa nár dearbhaíodh a bheith i gceist, nó sáruithe ar rúndacht ghairmiúil, nó éilliú éighníomhach;
  • is é atá i gceist le “calaois sheachtrach” ná calaois a dhéanann tairbhithe chistiú CBT. Samplaí is ea calaois sa soláthar poiblí (e.g. claonpháirteachas i measc tairgeoirí, fochonraitheoireacht neamhrialta nó bhréige, éilliú gníomhach), falsú doiciméad, boilsciú costas, nó naisc idir cuideachtaí a cheilt.

12 Déanann an chalaois díobháil do leasanna airgeadais an Aontais agus cuireann sí cosc ar acmhainní an Aontais na cuspóirí beartais a bhaint amach. Chun an chalaois a chomhrac go héifeachtach, bíonn creat bainistithe riosca uileghabhálach ag teastáil, creat a chumhdaíonn timthriall iomlán na frith-chalaoise – calaois a chosc agus a bhrath agus freagairt uirthi (féach Fíor 3).

Fíor 3 – An próiseas bainistithe riosca calaoise

Foinse: CIE, bunaithe ar chreat Choiste na nEagraíochtaí Urraíochta i gCoimisiún Treadway (COSO).

Tá comhlachtaí éagsúla ann a chosnaíonn maoiniú CBT ar an gcalaois.

13 Laistigh den Choimisiún:

  • déanann Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AS AGRI) bainistiú CBT a chomhroinnt le gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe sna Ballstáit, cé gurb é AS AGRI féin ar deireadh thiar atá freagrach as an mbeartas. Faigheann AS AGRI dearbhú maidir le hoibriú chórais bainistithe agus rialaithe na mBallstát.
  • déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin ar ghníomhaíochtaí mídhleathacha a dhéanann díobháil do bhuiséad an Aontais, agus ar mhí-iompar tromchúiseach laistigh d’institiúidí an Aontais. Is é OLAF a dhéanann an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) a óstáil, córas ina mbíonn sonraí a fuarthas ó na Ballstáit maidir le neamhrialtachtaí agus calaois i gcaiteachas an Aontais. Déanann OLAF anailís ar na sonraí a bhíonn á gcur ar fáil ag na Ballstáit agus foilsíonn sé tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin ar Chosaint Leasanna Airgeadais an Aontais Eorpaigh – an Comhrac in aghaidh na Calaoise (Tuarascáil PIF)3. Tá ról lárnach ag OLAF i bhforbairt an bheartais frith-chalaoise AE.

14 I Meitheamh 2021, chuaigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i mbun oibre mar ionchúisitheoir poiblí neamhspleách an Aontais. Tá de chumhacht ag OIPE coireanna in aghaidh bhuiséad an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus iad a thabhairt chun breithiúnais coireanna amhail calaois agus éilliú i gcúirteanna inniúla an 22 Bhallstát atá rannpháirteach in OIPE4.

15 Ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint díreach mar a chosnaíonn siad a leasanna airgeadais féin. Ní mór dóibh cásanna de neamhrialtachtaí agus calaois a théann os cionn €10 000 a thuairisciú don Choimisiún trí IMS.

16 Mar chuid dá gcritéir chreidiúnaithe, ceanglaítear ar na gníomhaireachtaí íocaíochta gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh a chur ar bun chun an chalaois a chosc agus a bhrath (Féach Bosca 1). Cuireann stiúrthóirí na ngníomhaireachtaí íocaíochta dearbhú bainistíochta bliantúil ar fáil don Choimisiún maidir le feidhmiú cuí na gcóras rialaithe inmheánaigh, ina mbíonn orthu a dheimhniú go bhfuil bearta éifeachtacha agus comhréireacha frith-chalaoise i bhfeidhm, a chuireann san áireamh na rioscaí a sainaithníodh5.

17 Cé nach bhfuil na gníomhaireachtaí íocaíochta freagrach as calaois a imscrúdú, ba cheart dóibh bearta a ghlacadh chun an chalaois a chosc agus a bhrath agus comhoibriú leis na húdaráis forghníomhaithe a dhéanann imscrúduithe.

Bosca 1

Na gnéithe a bhaineann le calaois i gcritéir chreidiúnaithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta

  • Níor cheart do na gníomhaireachtaí íocaíochta éileamh ar íocaíocht a údarú go dtí go mbeidh seiceálacha leordhóthanacha déanta, lena n-áirítear seiceálacha chun an chalaois a chosc agus a bhrath, chun a áirithiú go bhfuil rialacha an Aontais á gcomhlíonadh.
  • Ba cheart go gcuimseofaí i ngníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh na ngníomhaireachtaí íocaíochta nósanna imeachta faireacháin chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na réimsí sin de chaiteachas CBT a bhíonn neamhchosanta ar riosca suntasach calaoise nó neamhrialtachtaí tromchúiseacha eile.
  • Ní mór oiliúint iomchuí, lena n-áirítear feasacht maidir le calaois, a chur ar an bhfoireann ar na leibhéil oibríochtúla uile.

18 Déanann comhlachtaí deimhniúcháin arna n-ainmniú ag na Ballstáit athbhreithniú bliantúil ar chórais rialaithe inmheánaigh na ngníomhaireachtaí íocaíochta agus ar na critéir creidiúnaithe a bheith á gcomhlíonadh acu. Tugann siad tuairim bhliantúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais.

19 Léiríonn Fíor 4 róil agus freagrachtaí na bpríomhchomhlachtaí a chuireann comhrac ar chalaois i réimse CBT.

Fíor 4 – Róil agus freagrachtaí na bpríomhchomhlachtaí a chuireann comhrac ar chalaois i réimse CBT

Foinse: CIE.

20 I gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta, bímidne freisin san airdeall ar rioscaí calaoise. Go háirithe:

  • cuirimid an riosca calaoise san áireamh nuair a bhíonn ár n-iniúchóireachtaí á bpleanáil agus á ndéanamh againn;
  • tuairiscímid cásanna de chalaois amhrasta do OLAF agus OIPE;
  • d’fhoilsíomar dhá thuarascáil speisialta le deireanas ar chomhrac in aghaidh na calaoise i gcaiteachas an Aontais6, agus scrúdaíomar beartais agus nósanna imeachta frith-chalaoise an Choimisiúin maidir le caiteachas CBT inár gcuid oibre ar Ráiteas Dearbhaithe 2019 uainn7.

Tuairiscíonn na Ballstáit don Choimisiún an méid calaoise a bhraitheann siad i gcaiteachas CBT

21 Tugann tuarascáil PIF ón gCoimisiún forléargas ar an gcalaois i gcaiteachas CBT, ó thaobh líon na gcásanna agus na méideanna airgeadais a tuairiscíodh, agus tá na hanailisí is bun leo ina gcomhlánú ar an staidreamh. Ó 2016 go 2020, bhain 11 % de na méideanna calaoiseacha a tuairiscíodh in IMS le CBT, cé gurbh ón mBeartas Comhtháthaithe do 86 % den iomlán (féach Tábla 1).

Tábla 1 – Méideanna neamhrialtachtaí arna dtuairisciú mar chalaois (2016-2020)

RÉIMSE BEARTAIS An tréimhse iomlán (2016-2020)
  %
An Comhbheartas Talmhaíochta 226 529 858 10.9
Íocaíochtaí díreacha & bearta margaidh 112 857 342 5.4
Forbairt tuaithe 107 624 816 5.2
Íocaíochtaí díreacha / bearta margaidh / forbairt tuaithe 6 035 208 0.3
Doiléir (*) 12 492 0.0
Beartas comhtháthaithe & iascaigh 1 802 679 114 86.4
Beartas réamhaontachais 12 578 346 0.6
Bainistiú díreach 44 940 000 2.2
IOMLÁN 2 086 727 318 100.0

(*) Tugtar “doiléir” mar chatagóir sa tuarascáil PIF i gcás ina mbraitear nach faisnéis leordhóthanach í chun an neamhrialtacht a rangú in aon chatagóir eile.

Foinse: Tuarascáil PIF 2020 – Meastóireacht staidrimh (Codanna 1 agus 2).

22 Is iondúil gur tionchar íseal airgeadais a bhíonn ag baint leis na neamhrialtachtaí calaoiseacha a thuairiscítear maidir le CBT: in 2016-2020, is thart ar 0.09 % d’íocaíochtaí CBT a bhí i gceist. Léiríonn Fíor 5 an ráta braite calaoise, i.e. an cóimheas idir an líon cásanna calaoise a thuairiscítear (amhrasta agus suite) agus na híocaíochtaí chuig na comhchodanna éagsúla de CBT.

Fíor 5 – An ráta braite calaoise de réir chomhchodanna CBT (2016-2020)

Foinse: Tuarascáil PIF 2020 – Meastóireacht staidrimh (Cuid 1).

23 Mar sin féin, faoi mar a mhínítear i dtuarascáil PIF 20208, níl líon na neamhrialtachtaí a thuairiscítear mar neamhrialtachtaí calaoiseacha – agus na méideanna a bhíonn i gceist – ina tháscaire cruinn ar an leibhéal calaoise a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais, ach is léiriú iad ar obair na mBallstát chun cur i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Sna hiniúchtaí a rinneamar roimhe seo, fuaireamar amach nach dtugann na figiúirí sin pictiúr iomláin ar an leibhéal calaoise a braitheadh i gcaiteachas AE9.

Raon feidhme agus cur chuige na hiniúchóireachta

24 Scrúdaigh ár n-iniúchóireacht patrúin chalaoise i scéimeanna íocaíochta CBT. Mheasúnaíomar an raibh na rioscaí calaoise a dhéanann difear do chaiteachas CBT sainaitheanta go cuí ag an gCoimisiún, agus ar thug sé freagairt leordhóthanach ar na rioscaí sin.

25 Chumhdaíomar na bearta a bhí á maoiniú ag CBT faoi bhainistíocht chomhroinnte (íocaíochtaí díreacha, bearta margaidh agus forbairt tuaithe), agus scrúdaíomar sonraí ó thréimhsí clársceidealaithe 2007-2013 agus 2014-2020. Níor scrúdaíomar caiteachas CBT faoi bhainistíocht dhíreach (thart ar 0.8 % de chaiteachas CBT), agus níor chumhdaíomar coinbhleachtaí leasa, ar ábhar do thuarascáil speisialta CIE é a bheidh le foilsiú in 2022. Níor cuireadh OIPE, a thosaigh ag feidhmiú i Meitheamh 2021, san áireamh i raon feidhme ár n-iniúchóireachta.

26 Fuaireamar ár bhfianaise ó:

  • athbhreithnithe doiciméadacha agus físchomhdhálacha in OLAF agus in Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe;
  • athbhreithnithe doiciméadacha i dtrí Bhallstát (an Fhrainc, an Iodáil agus an tSlóvaic). Roghnaíodh iad sin bunaithe ar tháscairí a bhain le calaois, comhchruinniú talún agus méideanna cistiúcháin;
  • suirbhéanna a dhírítear ar Uasfhorais Iniúchóireachta na dtrí Bhallstát a roghnaíodh, agus ar na gníomhaireachtaí íocaíochta, na seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise (AFCOS) agus comhlachtaí deimhniúcháin i ngach ceann de na 27 mBallstát. Cumhdaíodh rioscaí calaoise agus bearta frith-chalaoise sa suirbhé agus rialuithe a bhí i bhfeidhm sna Ballstáit. D’fhreagair AFCOS agus gníomhaireachtaí íocaíochta ó 23 Bhallstát agus chomhlacht deimhniúcháin ó 13 Bhallstát ár suirbhé;
  • anailís ar shonraí a baineadh as IMS agus ó thacair sonraí d’oifig staidrimh AE (Eurostat).

27 Measaimid go gcabhróidh ár dtuarascáil leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit a gcumas frith-chalaoise a fhorbairt faoin gcomhbheartas talmhaíochta nua do thréimhse 2023-2027.

Breathnuithe

Tá éagsúlacht sna rioscaí calaoise idir na scéimeanna íocaíochta éagsúla faoi CBT

28 Nuair a dhéantar gníomhartha reachtacha a mholadh, is é an Coimisiún atá freagrach as a áirithiú go gcuirtear riosca bunúsach na calaoise san áireamh le dearadh agus rialacha na scéimeanna tacaíochtaí éagsúla faoi CBT10.

29 Rinneamar measúnú ar an neamhchosaint ar riosca calaoise do phríomhchatagóirí caiteachais CBT. Chuireamar torthaí ár n-iniúchóireachtaí roimhe sin san áireamh, mar aon le cásanna a tuairiscíodh in IMS, agus imscrúduithe OLAF.

30 Léirigh ár gcuid oibre ar an Ráiteas Dearbhaithe dúinn go bhfuil tionchar ag castacht na rialacha agus an chaoi a ndéantar cistí AE a eisíoc ar an riosca earráide. Inár dtuarascáil bhliantúil 201911, luamar go bhfuil an riosca calaoise níos mó i réimsí caiteachais atá faoi réir coinníollacha incháilitheachta níos casta (féach Fíor 6).

Fíor 6 – Tosca a mbíonn tionchar acu ar neamhrialtachtaí agus ar chalaois

Foinse: CIE.

Tá roinnt tairbhithe ann a cheileann sáruithe ar choinníollacha incháilitheachta

31 Léiríodh go raibh calaois indéanta i gcás scéimeanna íocaíochta áirithe CBT a dhíríonn ar thacaíocht a thabhairt do chatagóirí sonracha tairbhithe, mar go bhfuil éilitheoirí ann a cheileann faisnéis ábhartha nó a chuireann coinníollacha saorga le chéile chun na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh agus tairbhiú go míchuí de chúnamh CBT.

Tacaíocht do FBManna agus naisc neamhfhoilsithe idir cuideachtaí

32 Ceann de thosaíochtaí an Aontais maidir leis an bhforbairt tuaithe is ea éascaíocht a dhéanamh ar éagsúlú, cruthú agus forbairt fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Chun a shuíomh an gcáilíonn tairbhí mar FBM, is riachtanas é faisnéis iontaofa a nochtadh maidir le líon na bhfostaithe, láimhdeachas bliantúil agus iomlán an chláir chomhardaithe, mar aon le faisnéis a nochtadh maidir le cuideachtaí nasctha.

33 Inár gcuid oibre ar an ráiteas dearbhaithe, thángamar ar chásanna de thairbhithe nár nocht na naisc a bhí acu le cuideachtaí eile. D’imscrúdaigh OLAF cásanna den sórt sin freisin (féach na samplaí i mBosca 2).

Bosca 2

Samplaí de mhainneachtain na naisc idir cuideachtaí a nochtadh

Sa Liotuáin, fuair comharchumann €200 000 de thacaíocht infheistíochta chun táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a mhargú. Fuaireamar go raibh an comharchumann ina fhochuideachta de chuideachta mhór ilnáisiúnta, agus neamh-incháilithe dá réir sin chun tacaíocht a fháil12.

Sa Pholainn, rinne tairbhí, agus daoine eile den teaghlach, comhiarratas ar thacaíocht chun cró muc a thógáil. Chuir gach duine de na comhiarratasóirí isteach ar an tacaíocht ba mhó ab fhéidir (thart ar €200 000 an duine). Bhí sé sonraithe sna coinníollacha incháilitheachta nach bhféadfadh méid eacnamaíoch os cionn €250 000 a bheith ag gabháltais iarratasóirí ná achar ar mó é ná 300 heicteár. Mhaigh an tairbhí agus na daoine eile den teaghlach go raibh gnólachtaí neamhspleácha á n-oibriú acu. Fuaireamar go raibh scaireanna acu i gcuideachta teaghlaigh a bhí ag oibriú ar an láthair chéanna. Nuair a cuireadh sciar an tairbhí den chuideachta teaghlaigh san áireamh, bhí an gabháltas níos mó ná an uasteorainn maidir le méid eacnamaíoch13.

Sa Bhulgáir, fuair imscrúdú de chuid OLAF maidir le fiontair sheanbhunaithe talmhaíochta a raibh an teorainn sroichte acu ó thaobh tacaíocht airgeadais AE dá ngabháltais nó grúpa gabháltas, gur chuir siad isteach ar chistí ón Aontas trí eintitis eile ar chosúil gur eintitis neamhspleácha a bhí iontu ach a bhí faoi rialú díreach na bhfiontar seanbhunaithe go hiarbhír, agus go bhfuair siad na cistí. Bhí tionchar airgeadais thart ar €10 milliún i gceist sna cásanna a ndearna OLAF anailís orthu14.

Tairbhithe neamh-incháilithe a éilíonn íocaíochtaí mar ‘fheirmeoirí óga’

34 Féachann CBT le hathnuachan ó ghlúin go glúin a spreagadh sa talmhaíocht trí chistiú breise a dheonú do dhaoine a cháilíonn mar ‘fheirmeoirí óga’. Chun a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht den sórt sin, ní fhéadfaidh feirmeoirí a bheith níos sine ná 40 bliain d’aois tráth a chuireann siad a n-iarratas ar chúnamh isteach agus bíonn orthu gabháltas talmhaíochta a chur ar bun den chéad uair agus iadsan a bheith ina gceannasaí ar an ngabháltas.

35 Féadfaidh feirmeoir óg gabháltas a chur ar bun ina aonar nó i gcomhar le feirmeoirí eile, gan beann ar an bhfoirm dhlíthiúil. Mar sin féin, i gcás daoine dlítheanacha, ní mór d’fheirmeoir óg rialú éifeachtach agus fadtéarmach a fheidhmiú ar an eintiteas ó thaobh cinntí a bhaineann le bainistiú, sochair agus rioscaí airgeadais.

36 Is féidir leis na Ballstáit rialacha níos doichte a shainiú maidir le feirmeoirí óga a fhaigheann tacaíocht forbartha tuaithe le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta. Sa Fhrainc, mar shampla, ceanglaíonn na rialacha incháilitheachta náisiúnta go gcaithfidh sé gur ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta go príomha a thagann ioncam an fheirmeora óig. Léiríodh i gcásanna in IMS nuair nár ghin an fheirm nua an láimhdeachas a rabhthas ag dréim leis go bhfuair feirmeoirí óga poist eile (poist lánaimseartha ar uairibh) chun a n-ioncam a mhéadú, rud a d’fhág go raibh siad anois neamh-incháilithe. Bhí cásanna eile ann a léirigh nárbh iad na tairbhithe an ceannasaí ar an ngabháltas talmhaíochta, agus gurbh amhlaidh nach raibh siad ag obair ar an bhfeirm fiú.

37 D’fhéadfaí cásanna den sórt sin a mheas mar chásanna calaoise nuair a dhéanann tairbhí, nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta, faisnéis bhréige nó neamhiomlán a chur i láthair chun mífhaisnéis a dhéanamh ar a fhíorstaid.

Falsú doiciméad agus ionsamhlú gníomhaíochtaí

38 I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh tairbhithe doiciméid a fhalsú nó gníomhaíochtaí a ionsamhlú chun cáiliú le haghaidh chúnamh CBT (féach Bosca 3).

Bosca 3

Samplaí de ghníomhaíochtaí ionsamhailte agus doiciméid fhalsaithe chun cistí AE a fháil

Sa Pholainn, fuair feirmeoir déiríochta €17 000 faoi bheart a thugann tacaíocht d’fheirmeoirí a cheannaíonn bodóga ó thréada eile chun cur le hiomaíochas a ngabháltais. Fuaireamar go bhfuair an feirmeoir an tacaíocht tar éis dó bodóga a cheannach óna athair, a bhí ina fheirmeoir déiríochta freisin agus a thréad siúd agus tréad an tairbhí á gcoinneáil sa bhóitheach céanna. Dhá lá roimhe sin, bhí an tairbhí tar éis an líon céanna bodóg a dhíol lena athair, a fuair tacaíocht freisin faoin mbeart céanna. Ní dhearnadh aon aistriú fisiciúil ar na beithígh, agus d’fhan líon iomlán na mbeithíoch in úinéireacht an tairbhí agus a athar gan athrú15.

In 2014, chuir cuideachta talmhaíochta sa tSlóvaic éileamh ar fhéarach buan isteach faoin Scéim Íocaíochta Aonair Limistéir. Mhaígh an feirmeoir go raibh an obair chothabhála ar na dáileachtaí (féar a bhaint, a shábháil agus féar pacáilte a bhailiú) curtha amach ar fochonradh aige. Bhraith an ghníomhaireacht íocaíochta gur falsaíodh na doiciméid chonarthacha ghaolmhara agus nach ndearnadh aon ghníomhaíocht dá sórt, dhiúltaigh sí don éileamh agus chuir sí ar aghaidh go dtí na cúirteanna é, áit a bhfuarthas an t-iarratasóir ciontach ionas gur coisceadh €140 000 de dhamáiste16.

Rioscaí breise calaoise de bharr chastacht na dtionscadal

39 Faoi bhearta margaidh, déanann na cláir tacaíochta fíona maoiniú ar bheartais éagsúla, faoi réir choinníollacha incháilitheachta éagsúla, amhail fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú, árachas bairr, infheistíocht i bhfiontair, nuálaíocht ar mhaithe le táirgí, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, agus feachtais bholscaireachta i dtíortha lasmuigh den Aontas.

40 Tá baol mór rioscaí ag baint le gníomhartha bolscaireachta i dtíortha lasmuigh den Aontas. Obair dhúshlánach é na gníomhaíochtaí sin a sheiceáil, mar gheall ar na nithe seo a leanas:

  • a dhíomuaine agus a dholáimhsithe atá go leor gníomhaíochtaí bolscaireachta (e.g. caidreamh poiblí);
  • gur annamh a dhéantar seiceálacha ar an láthair i dtíortha lasmuigh den Aontas;
  • go ndéantar fochonraitheoireacht ar fhormhór na ngníomhartha bolscaireachta, go háirithe nuair is i dtíortha seachas tír an tairbhí a dhéantar iad.

41 Léiríonn Bosca 4 sampla a braitheadh le linn ár gcuid oibre ar an Ráiteas Dearbhaithe.

Bosca 4

Gníomhaíochtaí i mbolscaireacht an fhíona a d’fhéadfadh a bheith calaoiseach

In 2016 san Iodáil, rinneamar iniúchóireacht ar idirbheart arbh fhiú thart ar €300 000 é a bhain le feachtas bolscaireachta fíona i dtíortha lasmuigh den Aontas17.

Bhí tuairisc curtha isteach ag an tairbhí ar ghníomhartha a rinneadh, lena n-áirítear íomhánna de ghníomhaíochtaí bolscaireachta. Fuaireamar, i roinnt cásanna, gurbh amhlaidh a bhain íomhánna le haghaidh ócáid áirithe le suíomh eile nó le bliain eile. Maidir le roinnt de na híomhánna a cuireadh i láthair mar fhianaise ar ghníomhartha bolscaireachta, b’amhlaidh a cuireadh isteach iad cheana in éilimh íocaíochta roimhe sin. Maidir leis an gcuid is mó den chaiteachas a sheiceálamar, ní bhfuaireamar fianaise go ndearnadh na gníomhartha.

Íocaíochtaí díreacha agus “grabáil talún”

42 Chun íocaíochtaí díreacha bunaithe ar achar talún a fháil, ní mór do na tairbhithe an líon heicteár incháilithe “a bhfuil teacht acu air” a dhearbhú18. Is é sin, caithfidh bunús dlí cuí a bheith ag na tairbhithe don éileamh ar an talamh.

43 Tá íocaíochtaí díreacha nasctha leis an téarma “grabáil talún”, cé gur téarma conspóideach é (féach Bosca 5).

Bosca 5

Céard atá i gceist le “grabáil talún”?

Níl sainmhíniú beacht dlíthiúil ann ar “ghrabáil talún”, ná léamh údarásach ar an léirmhíniú is fearr ar an téarma, cé go bhfuil comhthuiscint ann go mb’fhéidir nach bhfuil “grabáil talún” per se neamhdhleathach faoin dlí naisiúnta ná faoi dhlí an Aontais19.

Bhain an téarma “grabáil talún” ó thús le talamh feirme á fháil ar mhórscála ag cuideachtaí eachtracha príobháideacha nó in úinéireacht phoiblí le haghaidh talmhaíocht phlandála i dtíortha meánioncaim agus ísealioncaim san Afraic, san Áise agus i Meiriceá Laidineach20.

I gcomhthéacs AE, ceanglaítear “grabáil talún” le comhchruinniú talún talmhaíochta ag cuideachtaí móra agus infheisteoirí agus fóirdheontais CBT á bhfáil acu, go háirithe i mBallstáit in Oirthear na hEorpa21.

D’fhéadfadh nasc a bheith ag “grabáil talún” le cleachtais chalaoiseacha amhail falsú doiciméad, comhéigean, leas á bhaint as tionchar polaitiúil nó faisnéis chos istigh, mí-ionramháil nósanna imeachta nó breabanna a íoc. Is ar an ngrabáil talún neamhdhlíthiúil a díríodh ár n-iniúchóireacht.

44 Sa fhreagra ar ár suirbhé, dúirt beagnach 60 % de na gníomhaireachtaí íocaíochta nár mheas siad go raibh “grabáil talún” ina táscaire riosca. Bhí cúig ghníomhaireacht íocaíochta i mBallstát amháin a cheangail an “ghrabáil talún” le staid faoina raibh éilimh incháilithe á gcur isteach ag tairbhithe gan bunús dlí a bheith ag a n-éileamh ar an talamh.

Chuidigh na rialuithe atá ann faoi láthair chun an riosca earráide a laghdú

45 Is é an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR), lena n-ionchorpraítear an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talaimh (LPIS), an phríomhuirlis bhainistithe chun incháilitheacht íocaíochtaí díreacha a sheiceáil.

46 Déanann CCRR bunachair de ghabháltas, d’éilimh ar chúnamh, de limistéar talmhaíochta agus de clárlanna ainmhithe a idirnascadh agus úsáideann gníomhaireachtaí íocaíochta é chun cros-seiceálacha riaracháin a dhéanamh ar gach iarratais ar chúnamh. Is córas faisnéise geografach é LPIS ina bhfuil tacair shonraí spásacha ilfhoinse, ar taifead iad, le chéile, ar na limistéir thalmhaíochta sna Ballstáit.

47 Faoi mar a deimhníodh lenár n-obair ar an Ráiteas Dearbhaithe, is córas éifeachtach bainistithe agus rialaithe iad CCRR, agus LPIS go háirithe, chun a áirithiú nach ndéanann earráid ábharthach difear do na híocaíochtaí ar chúnamh díreach i gcoitinne.

48 Ar na nithe eile a rannchuidigh leis an laghdú ar an leibhéal earráide, tá an t-iarratas geospásúil ar chúnamh a bheith tugtha isteach in CCRR, óir cuireann sé ar chumas na bhfeirmeoirí éilimh ar íocaíochtaí a dhéanamh ar líne, agus na réamh-chros-seiceálacha ar na hiarratais ó fheirmeoirí ar chúnamh a bheith á ndéanamh ag na gníomhaireachtaí íocaíochta.

Is mó seans go ndéantar “grabáil talún” i gcásanna áirithe

49 Ós rud é go bhfágann CCRR-LPIS go bhfuil sé deacair a mhaíomh go bhfuil an t-achar incháilithe níos mó ná mar atá sé go hiarbhír (e.g. trí bhíthin éilimh dhúbailte nó éileamh a dhéanamh maidir le talamh neamhthalmhaíochta), bíonn calaoiseoirí ag iarraidh talamh talmhaíochta a fháil go haindleathach agus tacaíocht a éileamh ansin (féach Fíor 7).

Fíor 7 – Cásanna inar mó an seans go ndéanfar “grabáil talún”

Foinse: CIE.

50 Fuair imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus na húdaráis náisiúnta gur mó an seans go dtarlódh gníomhaíocht chalaoiseach den sórt sin i gcás talamh atá in úinéireacht phoiblí nó talamh príobháideach nach léir cé leis é (féach Bosca 6 agus Bosca 7).

51 D’fhéadfadh doiciméid bhrionnaithe a bheith á gcur isteach ag calaoiseoirí a dhéanann éileamh aindleathach ar thalamh chun tacaíocht íocaíochta dírí a fháil, agus iad i mbun cleachtais choiriúla amhail sracadh agus claonpháirteachas le hoifigigh (calaois inmheánach). Tugtar sampla i mBosca 6.

Bosca 6

Sampla de thalamh arna éileamh go haindleathach san Iodáil

In 2017, rinne OLAF, i gcomhar leis na póilíní airgeadais náisiúnta, imscrúdú san Iodáil agus fuarthas amach go raibh cuid de na hionaid chúnaimh talmhaíochta a thugann tacaíocht d’fheirmeoirí chun a n-iarratais ar chúnamh a chur isteach tar éis ‘feirmeoirí bréige’ a thionscnamh i mbunachar sonraí na gníomhaireachta íocaíochta náisiúnta, ag tabhairt deis d’iarratasóirí neamh-incháilithe fóirdheontais ón Aontas a fháil22. Léirigh imscrúdú OLAF maidir leis na hiarratais:

  • gur bunaíodh iad ar dhearbhuithe lamháltais talún poiblí a bhí neamh-incháilithe; nó
  • gur conarthaí léasaithe bréige a bhí mar thacaíocht leo, óir bhí na tionóntaí tar éis bháis nó níorbh eol dóibh an léas a bheith ann; nó
  • gur cuireadh isteach iad maidir le talamh a bhí faoi urghabháil i ndiaidh cionta coireachta eagraithe, nó gur daoine aonair a bhí faoi réir bearta réamhchúraim frith-mhaifia a thíolaic iad.

Mhol OLAF thart ar €32 milliún a aisghabháil.

52 D’fhéadfadh calaoiseoirí teacht i dtír ar laigí i seiceálacha na mBallstát freisin (féach Bosca 7).

Bosca 7

Laigí i seiceálacha ar thalamh a bhfuil teacht ag an bhfeirmeoir air

Sa tSlóvaic, fuair imscrúdú le OLAF a cuireadh i gcrích i mí na Nollag 2020, maidir le limistéir a bhí á n-éileamh ag cuideachtaí áirithe ar feadh na mblianta, nach raibh na limistéir sin cumhdaithe ag conarthaí léasa bailí. Bhí seiceálacha náisiúnta an-teoranta ann ar bhunús dlí na n-iarratasóirí leis an talamh a éileamh, agus ní chuirtí i bhfeidhm iad ach i gcás éilimh fhorluiteacha amháin.

Fuair OLAF freisin gur léiríodh laigí, a mhéid a bhain le trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, i nósanna imeachta fíoraithe údarás náisiúnta na Slóvaice a bhí i gceannas ar thalamh talmhaíochta in úinéireacht an Stáit agus talamh nach raibh a fhios cé hé an t-úinéir príobháideach a bhainistiú. Ceistíodh freisin an raibh an próiseas á fheidhmiú ar bhealach éifeachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

Mheas OLAF go bhféadfadh breis is €1 mhilliún i ró-íocaíochtaí a bheith i gceist23.

Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais agus an Coimisiún le deireanas na rialacha is infheidhme do sheiceálacha maidir leis an mbunús dlí chun an talamh a úsáid

53 Ní shainmhínítear i reachtaíocht CBT an coincheap “talamh a bhfuil teacht ag feirmeoir air”, ná ní cheanglaítear ar fheirmeoirí cruthúnas a chur ar fáil ar a gceart chun an talamh a úsáid nuair atá iarratas ar chúnamh á thíolacadh acu24. Tá rialacha náisiúnta maidir le húinéireacht, léasanna nó foirmeacha eile i bhfeidhm.

54 Ní mór do na Ballstáit seiceálacha a dhéanamh ar na héilimh uile chun neamhrialtachtaí a chosc agus a cheartú agus íocaíochtaí míchuí a aisghabháil25, agus chuige sin, d’fhéadfaidís a cheangal ar an éilitheoir fianaise a chur ar fáil go bhfuil teacht aige nó aici ar an talamh de réir dlí26, go háirithe má tá aon amhras ann.

55 Ní mar a chéile na seiceálacha i ngach Ballstát ar cheart an fheirmeora de réir dlí chun úsáid a bhaint as an talamh. De réir thorthaí ár suirbhé, tá ocht ngníomhaireacht íocaíochta in dhá Bhallstát a dhéanann an tseiceáil sin i ngach cás. Dhearbhaigh naoi gcinn as 47 ngníomhaireacht íocaíochta a d’fhreagair ár suirbhé gur i gcás éilimh fhorluiteacha amháin a dhéanann siad seiceálacha, cé go ndéanann fuílleach na ngníomhaireachtaí íocaíochta seiceálacha spriocdhírithe freisin i gcásanna eile, mar shampla:

  •  i gcás talamh a bhfuil éileamh ina thaobh curtha isteach den chéad uair nó atá in úinéireacht eintitis phoiblí;
  •  sa chás gur ardaíodh pointí amhrais le linn seiceálacha riaracháin nó cuairteanna allamuigh.

56 I gcás ina maíonn níos mó ná duine amháin go bhfuil bunús dlí aige nó aici le héileamh ar an talamh a dhéanamh, bíonn feidhm leis an bprionsabal ar a dtugtar “cumhacht chinnteoireachta”, ó thaobh na sochar agus rioscaí airgeadais atá le seasamh ag an bhfeirmeoir27. I rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le deireanas, tugadh soiléirithe maidir leis na saincheisteanna a bhí i gceist, inar díríodh aird ar a ábhartha atá sé go mbeadh teacht de réir dlí ag an iarratasóir ar an talamh. Rialaigh an Chúirt maidir le talamh atá á éileamh ag an úinéir agus ag tríú páirtí araon, ar tríú páirtí é atá ag baint úsáid as an talamh gan bunús dlí aige, go meastar gur ag an úinéir atá teacht ar an talamh28.

57 Ag éirí as an mbreithiúnas sin, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht, i Meitheamh 2021, chuig na Ballstáit29. Mínítear sa treoraíocht go bhfuil sé intuigthe, chun go mbeidh teacht ag tairbhí ar thalamh go dleathach, go mbeadh an ceart chun úsáid a bhaint as faighte aige ar bhealach dleathach. Deirtear sa treoraíocht freisin go bhféadfaidh na Ballstáit a gcuid seiceálacha féin a dhearadh, a fhad is gur seiceálacha iad a dhéanann cosc agus ceartú éifeachtach ar neamhrialtachtaí, agus nár cheart na seiceálacha a bheith teoranta d’éilimh dhúbailte.

Cistí a éilítear do thalamh agus gan aon ghníomhaíocht talmhaíochta a bheith ar siúl

58 D’fhéadfadh calaoiseoirí a bheith ag féachaint le talamh a fháil – go dleathach nó ar bhealach eile – chun íocaíochtaí díreacha a fháil, gan aon ghníomhaíochtaí talmhaíochta a bheith ar siúl acu. Is mó an riosca i gcás limistéir féaraigh agus sléibhe áirithe, ina mbíonn sé níos deacra do na gníomhaireachtaí íocaíochta seiceáil a dhéanamh ar an ngníomhaíocht talmhaíochta a cheanglaítear a dhéanamh, amhail iníor (féach Bosca 8).

Bosca 8

A tharraingtí atá féaraigh agus limistéir shléibhe do chalaoiseoirí

In 2018 sa Fhrainc, fuair OLAF éilimh a bhí curtha isteach le haghaidh roinnt blianta i gcás dáileachtaí i limistéir shléibhe, nach raibh aon bhonneagar feirmeoireachta oiriúnach iontu, amhail soláthar uisce, locaí nó saoráidí beathaithe, nó a bhí suite ar aillte crochta.

D’aimsigh OLAF éilimh a cuireadh isteach i leith tréada nach raibh ann.

Mhol OLAF go ndéanfaí thart ar €536 000 a aisghabháil30.

Ár dtuairisciú ar chásanna de chalaois amhrasta

59 Le linn ár gcuid oibre ar an Ráiteas Dearbhaithe gach bliain, déanfaimid roinnt neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith calaoiseach a bhrath, ach ní féidir linn a bheith cinnte go ndearnadh calaois.

60 In 2018-2020, laghdaigh an ráta earráide i gcoitinne a thuairiscíomar maidir le caiteachas ar ‘Acmhainní nádúrtha’ ó 2.4 % go 2.0 % den tsuim iomlán a íocadh. Ba é CBT ba chúis le thart ar 97 % den chaiteachas ar “Acmhainní nádúrtha”. I gcaitheamh na mblianta sin, rinneamar iniúchóireacht ar 698 íocaíocht CBT agus rinneamar earráidí a chainníochtú in 101 chás. I 17 de na cásanna sin, bhí amhras orainn go bhféadfadh an earráid a bheith ceangailte le calaois.

61 Nílimid i dteideal imscrúdú a dhéanamh ar an gcalaois, agus chuireamar 12 as na 17 gcás ar aghaidh chuig OLAF, agus sna cúig chás eile, bhí imscrúduithe nó nósanna imeachta aisghabhála ar siúl cheana nó toisc nach sásófaí critéir OLAF maidir le himscrúdú a dhéanamh ar fhorais chomhréireachta mar gheall ar an tsuim bheag a bhí i gceist.

Rinne an Coimisiún beart maidir le calaois i gcaiteachas CBT ach ní raibh an Coimisiún réamhghníomhach a dhóthain

62 Chun an chalaois a chomhrac, táimid ag súil go dtógfadh an Coimisiún bearta iomchuí chun forléargas a fháil ar an gcalaois agus ar rioscaí maidir le calaois i gcaiteachas CBT, agus freagairt go cuí dóibh sin31.

63 Faoina Straitéis Frith-Chalaoise32, tá beart déanta ag AS AGRI chun treisiú ar a chomhar le OLAF (ó thaobh cásanna a thuairisciú do OLAF agus déanamh de réir mholtaí OLAF), oiliúint agus treoraíocht a sholáthar dá fhoireann, treoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit agus feasacht ar an gcalaois a mhúscailt ar bhonn inmheánach agus seachtrach.

64 Scrúdaíomar féachaint an bhfuil an méid seo a leanas déanta ag an gCoimisiún:

  • measúnú uileghabhálach ar an riosca calaoise, agus faireachán ar chineálacha nua calaoise atá ag teacht chun cinn;
  • treoraíocht iomchuí a thabhairt agus feasacht na mBallstát a mhúscailt maidir le rioscaí sainaitheanta calaoise;
  • faireachán iomchuí ar bhearta frith-chalaoise na mBallstát;
  • úsáid na nuatheicneolaíochtaí a chur chun cinn chun córais rialaithe a threisiú.

Shainaithin an Coimisiún príomhrioscaí calaoise agus d’eisigh sé roinnt treoraithe a bhaineann le ‘grabáil talún’ le déanaí

65 Bhí “treisiú ar an measúnú riosca calaoise” ar na cuspóirí straitéiseacha a leagadh amach i Straitéis Frith-Chalaoise AS AGRI. Thuairiscigh AS AGRI ar a chuid anailísí i leaganacha i ndiaidh a chéile dá Straitéis Frith-Chalaoise (féach Tábla 2). Mheas AS AGRI:

  • go raibh leibhéal níos airde riosca ag baint le bearta infheistíochta forbartha tuaithe agus bearta margaidh áirithe (gníomhartha bolscaireachta agus tacaíocht d’eagraíochtaí táirgeora);
  • nach mbíonn an riosca céanna ann i gcás íocaíochtaí díreacha agus íocaíochtaí eile a bhaineann le hachar agus le hainmhithe.

Tábla 2 – An toradh ar mheasúnuithe AS AGRI ar an riosca calaoise

Straitéis Frith-Chalaoise Riosca calaoise níos lú Riosca calaoise níos mó
Leagan 1 (2012) Liosta de na rioscaí calaoise (liosta inmheánach, don AS agus d’údaráis na mBallstát den chuid is mó) gan tuilleadh anailíse
Leagan 2 (2014) • Íocaíochtaí díreacha

• Bearta infheistíochta faoin bhforbairt tuaithe a bhaineann le hachar

• Bearta margaidh áirithe (aisíocaíochtaí onnmhairithe, gníomhartha bolscaireachta, cúnamh dóibh siúd is díothaí)
• Bearta infheistíochta faoin bhforbairt tuaithe
Leagan 3 (2016) • Íocaíochtaí díreacha

• Formhór na mbeart margaidh (e.g. aisíocaíochtaí onnmhairithe, earnáil an chadáis)
• Bearta sonracha margaidh (gníomhartha bolscaireachta, tacaíocht d’eagraíochtaí táirgeora)

• Bearta infheistíochta faoin bhforbairt tuaithe
Leagan 4 (2020) • Íocaíochtaí díreacha

• Formhór na mbeart margaidh

• Bearta infheistíochta faoin bhforbairt tuaithe a bhaineann le hachar agus ainmhithe
• Bearta sonracha margaidh (gníomhartha bolscaireachta, tacaíocht d’eagraíochtaí táirgeora)

• Bearta infheistíochta faoin bhforbairt tuaithe

Foinse: CIE, bunaithe ar Straitéisí Frith-Chalaoise AS AGRI.

66 Ó 2014 i leith, thug AS AGRI faoi fhaireachán a dhéanamh ar chineálacha éiritheacha calaoise. In 2016, rinne sé anailís riosca fhorleathan maidir le calaois agus gheall sé í a nuashonrú ar bhonn bliantúil. Ó 2017 i leith, mheas AS AGRI nach raibh gá le nuashonrú ar a hanailís riosca, ar an mbonn nach raibh athrú tagtha ar na rioscaí agus nach raibh patrúin nua chalaoise tagtha chun cinn. Tá beartaithe ag AS AGRI anailís riosca nua maidir le calaois a dhéanamh sula dtiocfaidh an CBT nua i bhfeidhm in Eanáir 2023.

67 In 2017-2019, d’imscrúdaigh OLAF cásanna de mhí-úsáid chórasach maidir le híocaíochtaí díreacha san Iodáil, sa Fhrainc agus sa tSlóvaic (féach Bosca 6, Bosca 7 agus Bosca 8). Níor chomhlánaigh AS AGRI a mheasúnú riosca maidir le calaois chun go gcumhdófaí “grabáil talún” ann, ón uair nár mheas sé gur calaois dhíreach ar CBT a bhí sa “ghrabáil talún”.

68 I Straitéis Frith-Chalaoise 2020 AS AGRI, is mar seo a chuir AS AGRI síos ar an “ngrabáil talún”: dílsiú aindleathach de thalamh talmhaíochta a n-éilíonn calaoiseoirí íocaíochtaí díreacha air ar bhealach dlíthiúil ina dhiaidh sin. Dúirt AS AGRI gur chumhdaigh an straitéis rioscaí clú freisin gan tionchar díreach ar leasanna airgeadais an Aontais, lena bhféadfaí ‘grabáil talún’ agus mí-iompar eile a bheith ina measc. Sa chomhthéacs seo, mheas AS AGRI nach dtagann na feiniméin sin ó laigí a bhaineann le reachtaíocht CBT, ach gur ábhar smachta reachta sna Ballstáit lena mbaineann iad.

69 Faoi mar a thuairiscíomar i mBosca 5, d’fhéadfadh “grabáil talún” a bheith nasctha le raon cleachtas calaoiseach amhail falsú doiciméad, comhéigean, úsáid á bhaint as tionchar polaitiúil nó faisnéis chos istigh, mí-ionramháil nósanna imeachta nó breabanna a íoc. De réir threoraíocht an Choimisiúin atá bunaithe ar chásdlí a tháinig chun cinn le deireanas (féach mír 57), chun go mbeadh teacht ag tairbhí ar thalamh go dleathach, tá sé intuigthe go mbeadh an ceart chun úsáid a bhaint as faighte aige nó aici ar bhealach dleathach. Dá réir sin, nuair a bhunaítear é, i gcomhréir le dlí náisiúnta, gur cleachtais chalaoiseacha a bhí in úsáid chun an ceart sin a fháil. Fágann sé sin go bhfuil na híocaíochtaí foluiteacha neamhrialta freisin. I gcomhréir le dlí náisiúnta, tá na híocaíochtaí foluiteacha neamhrialta nuair a bhunaítear é dá réir sin, toisc gur cleachtais chalaoiseacha a bhí in úsáid chun an ceart sin a fháil. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh ról a bheith ag na gníomhaireachtaí íocaíochta, d’fhéadfaidís úsáid a bhaint as na sonraí a bhfuil teacht acu orthu chun córas foláirimh a shainaithint agus comhar a dhéanamh le húdaráis forghníomhaithe atá i mbun imscrúduithe.

Chuir an Coimisiún treoraíocht ar fáil do na Ballstáit, ach léirigh roinnt de na gníomhaireachtaí íocaíochta go bhfuil comhairle níos praiticiúla ag teastáil

70 Rinne AS AGRI bearta atá dírithe ar fheasacht na mBallstát a mhúscailt maidir le saincheisteanna calaoise agus chuir sí treoraíocht agus táscairí calaoise (“córas foláirimh”) ar fáil dóibh. Tugann Fíor 8 achoimre ar na gníomhaíochtaí sin.

Fíor 8 – Gníomhartha AS AGRI atá dírithe chuig na Ballstáit

Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid AS AGRI.

71 Ina gcuid freagraí ar ár gceisteanna maidir leis an treoraíocht a fuarthas ón gCoimisiún, luaigh na gníomhaireachtaí íocaíochta tionscnaimh AS AGRI, ach thagair siad freisin d’fhoinsí faisnéise eile:

  • treoraíocht frith-chalaoise ón gCoimisiún maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa;
  • faisnéis a malartaíodh laistigh den Choiste Comhairleach chun an Cosc Calaoise a Chomhordú (COCOLAF) agus laistigh de Líonra Foghlama AS AGRI;
  • “tuarascálacha PIF” agus treoraíocht eile arna cur ar fáil ag OLAF.

72 Fuair tromlach na ngníomhaireachtaí íocaíochta go raibh an treoraíocht ón gCoimisiún ina cuidiú, cé gur luaigh péire acu gur díol spéise iad cuid de na hanailísí (e.g. sna tuarascálacha PIF) ach go bhfuil siad róghinearálta chun a bheith fónta ina gcuid oibre laethúla. Bhí seacht gcinn de na gníomhaireachtaí íocaíochta a bhí buíoch as na samplaí de chásanna calaoise a cuireadh ar fáil le linn na seimineár frith-chalaoise. Bhí dhá ghníomhaireacht íocaíochta a mheas go mba cheart samplaí níos praiticiúla a chur ar fáil in éineacht leis an treoraíocht.

73 Léiríonn Fíor 9 an treoraíocht atá curtha ar fáil ag AS AGRI ó 2012 i leith.

Fíor 9 – Amlíne threoraíocht AS AGRI do na Ballstáit

Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid AS AGRI.

74 Níor eisigh AS AGRI aon nótaí treoraíochta maidir le táscairí riosca calaoise (“córas foláirimh”) i ndiaidh 2013, cé go mba threoir thairbhiúil do na gníomhaireachtaí íocaíochta ina gcuid oibre é táscairí calaoise breise a bheith ann. Is idir 2013 agus 2018 a bhí formhór na seimineár frith-chalaoise tiomnaithe agus thosaigh siad arís in 2021. Ó 2020 i leith, bhíodh plé rialta idir na Ballstáit agus AS AGRI maidir le bearta frith-chalaoise le linn a gcruinnithe den Líonra Foghlama.

Déanann an Coimisiún faireachán ar na bearta frith-chalaoise atá á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, cé go bhfuil bearnaí ina fhorléargas

75 Chun a bheith in oiriúint do na critéir chreidiúnaithe a bhaineann le calaois33 (féach Bosca 1), mhol an Coimisiún (AS AGRI) in 2014 go nglacfadh na gníomhaireachtaí íocaíochta bearta sonracha (féach Bosca 9).

Bosca 9

Bearta frith-chalaoise arna moladh ag AS AGRI do na gníomhaireachtaí íocaíochta

Céim 1. Cinneadh, rangú agus taifeadadh córasach a dhéanamh ar na rioscaí calaoise atá ann do chaiteachas CBT, arna bhainistiú ag an ngníomhaireacht íocaíochta (measúnú riosca calaoise)

Céim 2. Anailís a dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe atá ann faoi láthair chun cosc agus brath na calaoise a mhéadú más féidir

Céim 3. Mórleabhar táscairí calaoise (córas foláirimh) a bhunú

Céim 4. Rialacha soiléire inmheánacha a ghlacadh maidir le déileáil le hamhras go bhfuil calaois ar siúl

Céim 5. Feasacht na foirne a mhúscailt maidir le calaois agus iad a chur ar an eolas faoi na rialacha inmheánacha ábhartha

76 Déanann na comhlachtaí deimhniúcháin sna Ballstáit athbhreithniú gach bliain ar a mhéid atá na gníomhaireachtaí íocaíochta ag comhlíonadh na gcritéar creidiúnaithe, agus a gcóras rialaithe inmheánach. De réir an Choimisiúin, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh freisin ar an gcur chun feidhme a dhéanann na Ballstáit ar na bearta frith-chalaoise atá molta (féach Bosca 9). Scrúdaíonn an Coimisiún na tuarascálacha bliantúla ó na comhlachtaí deimhniúcháin, agus déanann sé laigí sainaitheanta a leanúint suas.

77 In 2016, chuir an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na comhlachtaí deimhniúcháin maidir leis na critéir chreidiúnaithe, lena n-áirítear rannóg maidir le calaois a chosc agus a bhrath, ach níor thug sé aon treoraíocht maidir leis na seiceálacha a rabhthas ag súil go ndéanfadh na comhlachtaí deimhniúcháin.

78 Rinneamar athbhreithniú ar thuarascálacha na gcomhlachtaí deimhniúcháin ar na cúig ghníomhaireacht íocaíochta ó 2018 go 2020. Thuairiscigh trí chomhlacht deimhniúcháin ar a gcuid seiceálacha agus rinne siad moltaí nuair a fuair siad laigí, ach níor thug an dá chomhlacht deimhniúcháin eile faisnéis den sórt sin ina dtuarascálacha. Níor chuir an Coimisiún de cheangal ar an dá chomhlacht deimhniúcháin sin aon mhionsonraí breise a chur ar fáil.

79 D’fhéadfaí cur as don dearbhú maidir le cáilíocht na mbeart frith-chalaoise atá i bhfeidhm sna gníomhaireachtaí íocaíochta de dheasca athbhreithniú agus tuairisceoireacht neamhiomlán a bheith déanta ag comhlachtaí deimhniúcháin. I gcruinniú le comhlachtaí deimhniúcháin i mí na Samhna 2021, rinne an Coimisiún tuilleadh plé ar a ról i ndáil leis sin.

80 Déanann AS AGRI seiceálacha comhlíontachta agus creidiúnaithe chun measúnú a dhéanamh ar chórais rialaithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta, rud a d’fhéadfadh bearta frith-chalaoise a chumhdach. I dtaca le seiceálacha creidiúnaithe, rinneamar measúnú ar thuarascálacha creidiúnaithe do na Ballstáit a roghnaíomar agus fuaireamar amach:

  • don Fhrainc, ní dhearnadh seiceálacha creidiúnaithe do na trí ghníomhaireacht íocaíochta a roghnaíodh,
  • don Iodáil, rinneadh fiosrúcháin in 2015 agus in 2019 sa ghníomhaireacht íocaíochta a roghnaítear ach dhírigh siad ar bhainistiú fiach seachas bearta frith-chalaoise,
  • don tSlóvaic, dhírigh AS AGRI ar bhearta frith-chalaoise (féach an chéad mhír eile agus Bosca 10).

81 I gcásanna sonracha, ina bhfaigheann an Coimisiún eolas maidir le mí-úsáid fhéideartha cistí, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí domhainseiceálacha ar an ngníomhaireacht íocaíochta (féach Fíor 10 agus Bosca 10).

Fíor 10 – Comhlachtaí ag imscrúdú líomhaintí de mhí-úsáid cistí sa tSlóvaic

Foinse: CIE.

Bosca 10

An fhreagairt ón gCoimisiún ar líomhaintí de mhí-úsáid chistí CBT sa tSlóvaic

In 2016, fuair an Coimisiún eolas maidir le líomhaintí de mhí-úsáid chistí CBT sa tSlóvaic. Ó 2016 i leith, bhí na líomhaintí ag teacht ó fhoinsí difriúla: na meáin, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, gearáin ó shaoránaigh agus Uas-Oifig Iniúchóireachta na Slóvaice. Rinne OLAF agus comhlachtaí naisiúnta forghníomhaithe an dlí imscrúduithe34.

In 2018, cheistigh AS AGRI Údarás Inniúil na Slóvaice (an Aireacht um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe) faoi líomhaintí maidir le teipeanna sistéamacha sa ghníomhaireacht íocaíochta. I ndiaidh cumarsáidí éagsúla eatarthu, d’iarr an tÚdarás Inniúil ar an gcomhlacht deimhniúcháin díriú ar na líomhaintí sin mar chuid dá sheiceálacha deimhniúcháin maidir le bliain airgeadais 2018. Thuairiscigh an comhlacht deimhniúcháin nár chomhlíon an ghníomhaireacht íocaíochta sa tSlóvaic na critéir chreidiúnaithe maidir le faireachán ar an riosca calaoise.

Idir an dá linn, rinne AS AGRI seiceálacha comhlíontachta ar íocaíochtaí díreacha agus ar bhearta forbartha tuaithe agus d’iarr sé ar an ngníomhaireacht íocaíochta pleananna gníomhaíochta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a braitheadh.

In 2020, tar éis imeachtaí coiriúla in aghaidh fhostaithe na gníomhaireachta íocaíochta, rinne gnólacht iniúchóireachta nósanna imeachta foiréinseacha breise agus fuair sé laigí móra i gcóras rialaithe inmheánaigh na gníomhaireachta íocaíochta maidir le forbairt tuaithe. Thuairiscigh an comhlacht deimhniúcháin freisin laigí móra sna córais rialuithe inmheánaigh le haghaidh íocaíochtaí díreacha.

Mar bheart réamhchúraim, chuir AS AGRI na híocaíochtaí ar fionraí le haghaidh roinnt beart infheistíochtaí forbartha tuaithe, agus d’iarr sé ar údarás inniúil na Slóvaice creidiúnú na gníomhaireachta íocaíochta a chur faoi phromhadh go dtí Deireadh Fómhair 2021. I nDeireadh Fómhair 2021, bhain an t-udarás inniúil an stádas promhaidh den ghníomhaireacht íocaíochta cé gur mhol an Coimisiún síneadh ceithre mhí a chur leis an tréimhse phromhaidh.

Rinne an Coimisiún úsáid nuatheicneolaíochtaí a chur chun cinn ach níl saothrú a dhóthain déanta orthu sin

82 Rinne an Coimisiún úsáid nuatheicneolaíochtaí a chur chun cinn maidir le seiceálacha riaracháin a dhéanamh trí CCRR. Thug sé spreagadh d’úsáid “seiceálacha le faireachán” agus Arachne freisin.

83 Ó 2018 i leith, is féidir leis na gníomhaireachtaí íocaíochta “seiceálacha le faireachán” a dhéanamh. Baineann an cur chuige seo úsáid as próisis uathoibríocha chun comhlíonadh le rialacha CBT a sheiceáil do ghnéithe ar féidir faireachán a dhéanamh orthu bunaithe ar sonraí satailíte. Go dtí seo, bhí “seiceálacha le faireachán” in úsáid ag na gníomhaireachtaí íocaíochta go príomha chun éilimh achar-bhunaithe ar chúnamh a mheasúnú faoi scéimeanna íocaíochtaí díreacha.

84 Bíonn ar chumas na ngníomhaireachtaí íocaíochta sonraí satailíte maidir le cineálacha barr agus gníomhaíocht talmhaíochta a chur i gcomparáid le faisnéis a chuireann feirmeoirí ar fáil ina n-iarratais ar chúnamh. I gcásanna inar féidir na critéir incháilitheachta a bhaineann le scéim íocaíochta ar leith a mheas ón spás, cuirtear ar chumas gníomhaireachtaí íocaíochta faireachán ó chian a dhéanamh ar phobal uile ar an líon iomlán beartán a éilítear.

85 Cuireann an cur chuige nua sin ar chumas gníomhaireachtaí íocaíochta rabhadh a thabhairt d’fheirmeoirí maidir le neamhchomhlíonadh le linn shéasúr an fháis (mar shampla, an féar a lomadh faoi dháta áirithe). Cuireann sé sin deiseanna breise ar fáil d’fheirmeoirí chun a n-éilimh a cheartú sula mbeidh siad curtha i gcrích, agus spreagann sé iad le rialacha na scéime a chomhlíonadh35.

86 D’fhéadfadh “seiceálacha le faireachán” an t-ualach riaracháin a laghdú agus an chostéifeachtacht a fheabhsú36. Trí bharúlacha rialta a chur ar fáil faoi ghníomhaíocht talmhaíochta ar dhaonra iomláin de thairbhithe, tá éifeacht dhíspreagtha acu agus is féidir leo cabhrú le bratacha dearga a shainaithint le haghaidh calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann.

87 Ó 2013 i leith, d’fhorbair an Coimisiún uirlis scórála riosca dá chuid féin, Arachne, atá ar fáil do na Ballstáit saor in aisce agus ar bhonn deonach. Déanann Arachne próiseáil agus anailís ar shonraí a bhíonn curtha ar fáil ag na Ballstáit maidir le tairbhithe, conraitheoirí agus geallsealbhóirí eile a bhaineann le tionscadal, agus déanann sé na sonraí a chros-seiceáil le faisnéis ó bhunachair shonraí sheachtracha maidir le cuideachtaí agus na naisc atá ag daoine leis na cuideachtaí sin. Tá ar a chumas tionscadail, tairbhithe agus conraitheoirí atá i mbaol calaoise a shainaithint.

88 Is le haghaidh caiteachas i limistéar an chomhtháthaithe a forbraíodh Arachne ar dtús, ach rinneadh é a leathnú go dtí CBT trí threoirthionscadal a lainseáladh i bhFeabhra 2019 a chumhdaíonn tionscadail forbartha tuaithe.

89 Faoin reachtaíocht lena rialófar CBT ó 202337 ar aghaidh, ceanglaítear ar an gCoimisiún an uirlis sin a chur ar fáil lena úsáid ar bhonn deonach ag na Ballstáit. Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil mheasúnaithe a fhoilsiú in 2025. Thug an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa gealltanas trí ráiteas comhpháirteach go ndéanfaí an togra a scrúdú maidir le húsáid éigeantach na huirlise ach a mbeidh a thuarascáil mheasúnaithe déanta ag an gCoimisiún38.

Tógann sé tamall ar na Ballstáit na teicneolaíochtaí sin a chur chun feidhme

90 Inár dtuarascáil speisialta ar theicneolaíochtaí nua íomháithe chun faireachán a dhéanamh ar CBT, mholamar don Choimisiún “seiceálacha le faireachán” a chur chun cinn mar phríomhchóras rialaithe CBT i ndiaidh 202039, agus gheall an Coimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit chun an cur chuige nua a fhorbairt.

91 I ndeireadh 2020, dhá bhliain i ndiaidh thionscnamh na huirlise, bhí 5.7 % den achar iomlán a fhaigheann íocaíochtaí díreacha40 á chumhdach le “seiceálacha le faireachán”. De réir meastachán ón gCoimisiún, faoi dheireadh 2021, bhí 13.1 % sroichte ag an gclúdach sin.

92 Faoin CBT nua, beidh uathanailís trí bhíthin satailíte éigeantach maidir le bearta acharbhunaithe sna Ballstáit uile tríd an gCóras Faireacháin Limistéir (AMS). Measann an Coimisiún go gcuirfidh an ceanglas sin méadú ar an limistéar atá faoi fhaireachán satailíte.

93 Dhá bhliain tar éis threoirthionscadal Arachne a lainseáil do CBT, tá seacht41 ngníomhaireacht íocaíochta as 76 tar éis sonraí a uaslódáil agus leas áirithe á bhaint acu as an uirlis, tá ceithre42 ghníomhaireacht sa mhodh tástála agus tá réamhphléití tionscnaithe ag deich gcinn43 agus súil acu go mbainfear úsáid aisti. Ó tharla gur uirlisí scórála riosca atá in Arachne, atá bunaithe ar mhianadóireacht sonraí, braitheann a úsáidí a bheidh sí ar an méid sonraí a dhéanfaidh údaráis na mBallstát a uaslódáil agus ar cibé an mbainfear úsáid aisti.

Ní mór na féidearthachtaí maidir le forbairt theicneolaíoch a shaothrú

94 Baineann féidearthachtaí suntasacha leis an intleacht shaorga chun uirlisí oibre a fheabhsú, trína gcumasófar brath patrún i measc na mbilliún de phointí sonraí. D’fhéadfadh uirlisí mianadóireachta sonraí na córais faireacháin a dhéanamh níos éifeachtúla agus iad a chumasú chun calaois agus míbhainistiú cistí poiblí a bhrath.

Mórshonraí in úsáid chun úinéirí tairbheacha a shainaithint

95 Is den riachtanas iad ceanglais maidir le nochtadh agus tuairisciú poiblí chun deis le haghaidh cuntasachta agus grinnscrúdú a thabhairt agus éilliú agus calaois a chosc.

96 I mBealtaine 2021, d’fhoilsigh Parlaimint na hEorpa staidéar44 ina ndearnadh anailís ar na tairbhithe a fuair cistí CBT in 2018 agus 2019 agus cistí comhtháthaithe idir 2014 agus 2020, chun na tairbhithe is mó a shainaithint. Rinne an staidéar idirdhealú idir “tairbhithe díreacha” – faighteoirí díreacha chistí ón Aontas – agus “tairbhithe deiridh” (úinéirí tairbhiúla), i.e. daoine nádúrtha nó dlítheanacha a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, an sciar is mó den tairbhí díreach. Leag an staidéar béim ar na deacrachtaí teicniúla agus dlíthiúla a bhaineann le forléargas uileghabhálach a fháil ar na tairbhithe deiridh agus na méideanna de chistí ón Aontas a fuarthas.

97 Léirigh an tuarascáil gurbh ionann comhlachtaí poiblí, cuideachtaí dliteanais theoranta agus daoine dlítheanacha eile agus an deichiú cuid de na tairbhithe díreacha, ach go bhfuair siad níos mó ná an tríú cuid de chistí CBT in 2018-2019. Chun an ceann is fearr a fháil ar an ilroinnt agus na dúshláin maidir le tairbhithe deiridh na gcistí ón Aontas a shainaithint, mhol an tuarascáil go ndéanfaí bunachar sonraí coiteann AE a chuimseodh na tionscadail uile a bhíonn á maoiniú ag CBT agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. I Meán Fómhair 2021, d’fhoilsigh Parlaimint na hEorpa staidéar ar na ceanglais maidir le bunachar sonraí tairbhithe uathúil45.

98 Bhaileodh bunachar sonraí coiteann de thairbhithe AE sonraí ar na milliúin oibreoir. Thabharfadh na Mórshonraí sin deis patrúin a shainaithint i ndaileadh na gcistí agus rannchuideoidís chun foláireamh a thabhairt maidir le staideanna calaoiseacha féideartha.

99 Faoi mar a chuir an Coimisiún i bhfáth i dtuarascáil PIF 2020 uaidh46, tá ríthábhacht le trédhearcacht bhreise maidir le tairbhithe (lena n-áirítear conraitheoirí, fochonraitheoirí agus úinéirí tairbhiúla) cistiú poiblí (AE agus náisiúnta), agus a bheith níos éifeachtúla i mbun sonraí a bhailiú agus a úsáid, agus lánsaothrú a dhéanamh ar na deiseanna atá á dtairiscint ag idirnascacht TF, mianadóireacht sonraí agus uirlisí scórála riosca sa chomhrac i gcoinne na calaoise.

100 Le rialachán na bhforálacha coiteanna 2021-2027, i réimse an chomhtháthaithe47, ceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir leis na húinéirí tairbhiúla a bhaineann leis na faighteoirí a fhaigheann cistiú ón Aontas. Ceanglaíonn reachtaíocht nua CBT ar na Ballstáit an fhaisnéis a bhailiú atá riachtanach chun tairbhithe a shainaithint, lena n-áirítear an grúpa a shainaithint ina bhfuil siad rannpháirteach, ach ní luann sé faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla48.

Leas a bhaint as an intleacht shaorga chun rioscaí calaoise a shainaithint

101 Molann an Coimisiún do na gníomhaireachtaí íocaíochta mórleabhar táscairí riosca calaoise (“córas foláirimh”) a chur ar bun. Agus freagra á thabhairt acu ar ár suirbhé, thug na gníomhaireachtaí íocaíochta roinnt samplaí (Fíor 11).

Fíor 11 – Samplaí de chórais foláirimh atá bunaithe ag gníomhaireachtaí íocaíochta

Foinse: Anailís le CIE, bunaithe ar shuirbhé chuig na gníomhaireachtaí íocaíochta.

102 D’fhéadfaí cuid de na córais foláirimh, go háirithe iad siúd a bhaineann le híocaíochtaí díreacha, a ionchorprú go díreach isteach i mbunachar CCRR. Mar shampla, tá rún ag údaráis na hIodáile mionsonraí faoi dháileachtaí a coigistíodh nó atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha a uaslódáil go dtína gcóras, ionas go bhféadfadh an córas foláireamh a thabhairt.

103 D’fhéadfaí teicnící meaisínfhoghlama a shaothrú chun seiceálacha a uathoibriú tuilleadh agus foláirimh a thabhairt. Rinne an ghníomhaireacht íocaíochta san Eastóin teicnící meaisínfhoghlama a chur i bhfeidhm ar íomhánna satailíte chun neamhchomhlíonadh ceanglas maidir le baint féir a chosc agus a bhrath. Measann an ghníomhaireacht íocaíochta gur chuir an córas sin ar a súile do na tairbhithe go gcumhdaíonn a gníomhaíocht faireacháin 100 % de na dáileachtaí, rud atá ina dhíspreagthach agus a rannchuidíonn chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc. Rinne gníomhaireacht íocaíochta eile córas a chuardaíonn táscairí dáileachtaí atá i mbaol ó éilimh neamhrialta agus atá bunaithe ar algartam a chur chun feidhme. Déanann an ghníomhaireacht íocaíochta sainaithint ansin ar chuideachtaí a bhfuil líon suntasach de na dáileachtaí sin acu agus a bhféadfadh riosca breise neamhrialtachtaí agus calaoise a bheith ag baint leo.

104 San Iodáil, tá comhthionscnamh ar siúl idir an ghníomhaireacht íocaíochta náisiúnta agus an Aireacht Gnóthaí Baile a fhéachann le samhail phróifílithe a chur ar bun, agus leas á bhaint as mianadóireacht sonraí agus fótailéiriú, chun bardais a shainaithint ar dócha go mbeadh ardleibhéal réimsí coiriúlachta iontu. Agus íomhánna satailíte á scrúdú aige a bhfuil fáil orthu in LPIS, déanann an tionscadal anailís ar éagsúlachtaí cáilíochtúla agus cainníochtúla ar na gnéithe críochacha a bhféadfadh sé gur gníomhaíochtaí coiriúla is cúis leo, amhail líontaí talún neamhdhlíthiúla, doirtí, slumaí, déantáin neamhdhlíthiúla, agus foirgnimh thréigthe. Féachann an tionscadal, agus an fhaisnéis sin á cur i gcomparáid le sonraí maidir leis na bardais, le staideanna a shainaithint inar tharla gníomhaíochtaí coiriúla nó ina bhféadfaidís tarlú.

105 Baineann an-acmhainn leis an intleacht shaorga ach bíonn méideanna móra sonraí ag teastáil, i bhformáid inrochtana, agus bunachair sonraí idirnasctha. Sa fhreagra ar ár suirbhé, bhí gníomhaireachtaí íocaíochta ann a thug chun suntais go raibh bac, amhail iad seo a leanas, ar a rochtain ar shonraí:

  • d’fhéadfadh bac a bheith ar an malartú faisnéise idir gníomhaithe difriúla agus bunachair sonraí difriúla de bharr ceanglais dhlíthiúla nó rúndacht bhaincéireachta nó cosaint sonraí;
  • chun bunachair sonraí a idirnascadh agus próisis agus rialuithe a uathoibriú, bíonn gá le hacmhainn shonrach TF agus saineolas;
  • chun na cumais TF atá riachtanach a fhorbairt, bíonn infheistíocht shuntasach airgeadais ag teastáil ar infheistíocht í a d’fhéadfadh a bheith díréireach ó thaobh an mhéid cistí a leithdháiltear ar bhearta áirithe, Ballstáit bheaga nó leibhéal na calaoise féideartha.

Conclúidí agus moltaí

106 Rinne ár n-iniúchóireacht scrúdú féachaint an ndearna an Coimisiún beart iomchuí maidir le calaois sa chaiteachas ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Rinneamar measúnú ar phatrúin chalaoise i scéimeanna íocaíochta CBT. Rinneamar scrúdú féachaint ar shainaithin an Coimisiún na rioscaí calaoise a dhéanann difear do chaiteachas CBT agus féachaint ar thug sé an fhreagairt chuí orthu.

107 Is é ár mórchonclúid gur thug an Coimisiún freagairt ar chásanna ina ndearnadh calaois sa chaiteachas CBT, ach nach raibh sé réamhghníomhach a dhóthain agus é ag tabhairt aghaidh ar thionchar riosca na grabála talún dlíthiúla ar íocaíochtaí CBT, san fhaireachán a rinne sé ar bhearta frith-chalaoise na mBallstát agus sa saothrú a rinne sé ar acmhainneacht nuatheicneolaíochtaí.

108 Sa tuarascáil seo, thugamar forléargas ar na rioscaí calaoise a dhéanann difear do CBT. Shainaithníomar rioscaí a bhí nasctha le tairbhithe a cheil sáruithe ar choinníollacha incháilitheachta (míreanna 31 go 38), le castacht na mbeart a maoiníodh (míreanna 39 go 41), agus le cineálacha neamhdhlíthiúla “grabála talún” (míreanna 42 go 58).

109 Rinne an Coimisiún measúnú ar na rioscaí calaoise i gcaiteachas CBT, agus d’aithin sé gur le bearta infheistíochta san fhorbairt tuaithe agus bearta margaidh áirithe is mó a bhain riosca (mír 65). Is in 2016 a rinne an Coimisiún a anailís riosca is déanaí maidir le calaois CBT agus tá anailís nua á beartú aige sula dtiocfaidh CBT nua i bhfeidhm in Eanáir 2023 (mír 66).

110 Chuir an Coimisiún treoraíocht ar fáil do na Ballstáit maidir le saincheisteanna a bhain le calaois (mír 70), agus bhí formhór na ngníomhaireachtaí íocaíochta buíoch as an treoraíocht sin (mír 72). Ó 2020 i leith, phléigh an Coimisiún bearta frith-chalaoise leis na Ballstáit le linn cruinnithe rialta (mír 74), agus in 2021, d’eisigh sé treoraíocht shonrach maidir leis na seiceálacha nach mór do ghníomhaireachtaí íocaíochta a dhéanamh maidir le bunús dlí na talún talmhaíochta a éilítear (mír 57).

111 D’fhéadfadh seiceálacha creidiúnaithe agus comhlíontachta ón gCoimisiún ar ghníomhaireachtaí íocaíochta bearta frithchalaoise a chumhdach (mír 80). Bíonn an Coimisiún ag brath ar athbhreithnithe bliantúla na gcomhlachtaí deimhniúcháin chun faireachán a dhéanamh ar a oiread is a chomhlíonann na gníomhaireachtaí íocaíochta a gcritéir chreidiúnaithe, lena n-áirítear bearta frith-chalaoise (mír 76). In 2016, chuir an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na comhlachtaí deimhniúcháin maidir leis na critéir chreidiúnaithe, ach níor chuir sé aon treoraíocht ar fáil maidir leis na seiceálacha a bhíothas ag súil go ndéanfadh na comhlachtaí deimhniúcháin maidir le calaois (mír 77). Is beag anailís ar bhearta frith-chalaoise na ngníomhaireachtaí íocaíochta a cuireadh ar fáil sna tuarascálacha ó roinnt de na comhlachtaí deimhniúcháin, ach níor chuir an Coimisiún de cheangal ar na comhlachtaí deimhniúcháin tuilleadh sonraí a chur ar fáil sna cásanna sin (mír 78).

112 Tá úsáid nuatheicneolaíochtaí uathsheiceála curtha chun cinn ag an gCoimisiún, amhail “seiceálacha le faireachán” mar shampla, atá bunaithe ar íomhánna satailíte (míreanna 83 go 86), agus tá Arachne, uirlis scórála riosca dá chuid féin, forbartha aige chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit an chalaois a chosc (míreanna 87 go 89). Is go mall atá na teicneolaíochtaí sin á nglacadh ag na Ballstáit (míreanna 91 agus 93). Tá féidearthachtaí san intleacht shaorga agus in olltiomsú sonraí freisin chun calaois a chomhrac (míreanna 94 go 104), ach tá dúshláin roimh na Ballstáit maidir leis na deiseanna sin a thapú (mír 105) agus thosaigh an Coimisiún na teicneolaíochtaí sin a chur chun cinn i gcás na dteicneolaíochtaí sin.

Moladh 1 – Léargas níos doimhne ar rioscaí calaoise agus bearta i gcaiteachas CBT a fháil agus a chomhroinnt

Ba cheart don Choimisiún:

  1. treoraíocht a thabhairt cothrom le dáta do na comhlachtaí deimhniúcháin chun a ról a shoiléiriú maidir le measúnú ar bhearta frith-chalaoise na ngníomhaireachtaí íocaíochta, agus seiceáil a dhéanamh ar an gcaoi a leanann na comhlachtaí deimhniúcháin na treoirlínte sin;
  2. athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann na gníomhaireachtaí an treoraíocht a chur chun feidhme sa tseiceáil go bhfuil teacht ag iarratasóirí ar thalamh ar bhonn dlíthiúil, agus dea-chleachtais a scaipeadh ina dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le grabáil talún neamhdhleathach;
  3. ar bhonn (a) agus (b), nuashonrú a dhéanamh ar a mheasúnú ar a oiread is atá scéimeanna caiteachais éagsúla neamhchosanta ar rioscaí calaoise, agus ar a oiread is atá ar chumas bearta frith-chalaoise atá á gcur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát rioscaí calaoise a bhrath, a chosc agus a cheartú, agus na bearta riachtanacha a dhéanamh chun príomhrioscaí calaoise a mhaolú.

Spriocdháta cur chun feidhme: 2023

Moladh 2 – Cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid na nuatheicneolaíochtaí maidir le calaois i gcaiteachas CBT a chosc agus a bhrath

Ba cheart don Choimisiún:

  1. tacaíocht a thabhairt do na gníomhaireachtaí íocaíochta nuair a bheidh “seiceálacha le faireachán“, agus “an córas faireacháin limistéir” atá le teacht, in úsáid acu trí scrogaill a shainaithint i nglacadh na nuatheicneolaíochtaí nua, agus dea-chleachtais agus réitigh theicniúla a chomhroinnt maidir le cén chaoi na scrogaill sin a bhaint;
  2. úsáid uirlisí braite calaoise, amhail Arachne, a chur chun cinn i measc na ngníomhaireachtaí íocaíochta, chun cur le líon na mBallstát a úsáideann iad;
  3. dea-chleachtais in úsáid na hintleachta saorga agus na meaisínfhoghlama a chomhroinnt le Ballstáit chun patrúin léirithe calaoise a shainaithint.

Spriocdháta cur chun feidhme: 2024

Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 4 Bealtaine 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Tionacht na talún talmhaíochta (AE-27, 2016)

Giorrúcháin

AFCOS: Seirbhís comhordúcháin frith-chalaoise

AMS: An córas faireacháin limistéir

AS AGRI: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe

CBL: Cáin bhreisluacha

CBT: An comhbheartas talmhaíochta

CCRR: Córas comhtháite riaracháin agus rialaithe

COCOLAF: An Coiste Comhairleach chun an Cosc Calaoise a Chomhordú

COSO: Coiste na nEagraíochtaí Urraíochta i gCoimisiún Treadway

FBM: Fiontar beag agus meánmhéide

GSAA: Iarratas geospásúil

IMS: An córas bainistithe neamhrialtachtaí

LPIS: An córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talaimh

OIPE: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

OLAF: An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise

PIF: Cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, ón nath Fraincise “protection des intérêts financiers

Gluais

An Coiste Comhairleach chun an Cosc Calaoise a Chomhordú: Comhlacht de chuid OLAF a chomhordaíonn obair an Choimisiúin agus na mBallstát sa chomhrac in aghaidh calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE.

An córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talaimh: Bunachar sonraí den talamh talmhaíochta sna Ballstáit, a mbaintear úsáid as agus cúnamh díreach á íoc faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus sna seiceálacha incháilitheachta maidir le héilimh ó fheirmeoirí.

An córas bainistithe neamhrialtachtaí: Feidhmchlár a bhíonn in úsáid ag na Ballstáit chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois amhrasta, a thuairisciú don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise. 

An córas faireacháin limistéir: Teicneolaíocht chun gníomhaíochtaí talmhaíochta a bhreathnú agus a rianú, agus measúnú córasach a dhéanamh orthu, le sonraí satailíte.

Bainistiú comhroinnte: Modh ina gcaitear buiséad an Aontais Eorpaigh trína ndéanann an Coimisiún tarmligean chuig an mBallstát, murab ionann agus bainistiú díreach, cé gurb é an Coimisiún féin a bheidh freagrach sa deireadh.

Beart margaidh: Idirghabháil phoiblí sna margaí talmhaíochta chun éifeachtaí titimí i bpraghsanna agus deacrachtaí struchtúracha a mhaolú trí thacaíocht earnáilsonrach (e.g torthaí agus glasraí, fíon, bainne scoile).

Bunachar sonraí Arachne: Uirlis mianadóireachta sonraí arna forbairt ag an gCoimisiún chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis bhainistithe agus gníomhaireachtaí íocaíochta maidir le cistí SIE a riar agus a bhainistiú.

Calaois amhrasta: Neamhrialtacht óna n-eascraíonn imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha chun a fháil amach an raibh sí calaoiseach.

Calaois suite: Neamhrialtacht a bhfuil sé rialaithe ag cúirt dlí ina leith gur calaois atá ann.

Calaois: Meabhlaireacht intinneach agus neamhdhleathach a dhéanamh chun buntáiste ábharach a ghnóthú trí mhaoin nó airgead a choinneáil ó pháirtí eile.

Clár forbartha tuaithe: Tacar cuspóirí agus gníomhartha ilbhliantúla náisiúnta nó réigiúnacha, arna fhormheas ag an gCoimisiún, chun beartas forbartha tuaithe AE a chur chun feidhme.

Comhlacht deimhniúcháin: I gcás caiteachais talmhaíochta, eintiteas poiblí nó príobháideach a d’ainmnigh Ballstát chun iontaofacht chuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta, dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais agus dea-fheidhmiú a gcóras rialaithe inmheánaigh a dheimhniú gach bliain.

Córas comhtháite riaracháin agus rialaithe: Sásra AE a bhíonn in úsáid ag Ballstáit chun íocaíochtaí arna ndéanamh le feirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta a bhainistiú agus a sheiceáil.

Córas foláirimh: Táscaire riosca a chuireann in iúl go bhféadfadh idirbheart nó gníomhaíocht eile a bheith ina hábhar calaoise.

Digiteáil: An t-aistriú i dtreo teicneolaíocht dhigiteach agus faisnéis dhigitithe a ionchorprú agus a úsáid chun próisis agus cúraimí a dhéanamh níos simplí, níos sciobtha, níos éifeachtúla agus/nó níos barainní.

Earráid: Toradh ar ríomh mícheart nó neamhrialtacht a éiríonn as neamh-chomhlíonadh ceanglas dlíthiúil agus conarthach.

Éilliú: Mí-úsáid a bhaint as cumhacht phoiblí, chorparáideach nó phearsanta ar mhaithe le gnóthachan aindleathach.

Fiontair bheaga agus mheánmhéide: Sainmhíniú méide a úsáidtear i gcás cuideachtaí agus eagraíochtaí eile, a bhunaítear ar an líon foirne atá fostaithe agus ar chritéir airgeadais áirithe. Bíonn níos lú ná 50 ball foirne i bhfiontair bheaga, agus ní bhíonn an láimhdeachas nó iomlán an chláir comhardaithe níos mó ná €10 milliún. Bíonn níos lú ná 250 ball foirne fostaithe i bhfiontair mheánmhéide, agus bíonn láimhdeachas suas le €50 milliún acu nó iomlán an chláir comhardaithe suas le €43 mhilliún.

Gníomhaireacht íocaíochta: Comhlacht arna chreidiúnú ag Ballstát chun caiteachas talmhaíochta ón Aontas Eorpach a bhainistiú agus a riar.

Iarratas geospásúil: Uirlis ar líne chun éilimh acharbhunaithe ar chúnamh talmhaíochta a thíolacadh.

Intleacht shaorga: Leas a bhaint as ríomhairí chun intleacht an duine a ionsamhlú trí chumais amhail foghlaim agus réiteach fadhbanna.

Íocaíochtaí díreacha: Íocaíochtaí tacaíochta, cúnamh a bhaineann le hachar talún den chuid is mó, a dhéantar go díreach le feirmeoirí faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta.

Meaisínfhoghlaim: An próiseas trína mbaineann feidhmchlár TF leas as intleacht shaorga chun feabhas a chur ar a fheidhmíocht i mbun cúram ar leith.

Mórshonraí (olltiomsú sonraí): Méideanna móra sonraí neamhstruchtúrtha a dhéantar a phróiseáil, a bhailiú, a stóráil agus a anailísiú, agus a thugann deis chun léargais nua a fháil as an bhfaisnéis a fhaightear dá thoradh.

Neamhrialtacht: Sárú ar rialacha an Aontais Eorpaigh (nó na rialacha ábhartha náisiúnta) nó ar oibleagáidí conarthacha.

Plean gníomhaíochta: Doiciméad lena leagtar síos na céimeanna atá le glacadh chun sprioc áirithe a bhaint amach.

Ráiteas dearbhaithe: Ráiteas arna fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ina leagtar amach a tuairim iniúchóireachta i dtaobh bheachtas chuntais AE agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo.

Seiceálacha le faireachán: Córas a úsáidtear in áit seiceálacha ar an láthair, trína ndéantar breathnú, rianú, agus measúnú córasach ar chritéir incháilitheachta agus oibleagáidí le sonraí satailíte.

Seirbhís comhordúcháin frith-chalaoise: Comhlacht arna ainmniú ag gach Ballstát chun éascaíocht a dhéanamh ar an gcomhar le OLAF.

Tairbhí: Duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann deontas nó iasacht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

Foireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta CIE, leagtar amach torthaí a cuid iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar ábhair a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha sonracha. Is í an Chúirt a roghnaíonn agus a dhearann na cúraimí iniúchóireachta sin chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag baint leo, trí na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh a mheas mar aon leis an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, na forbairtí atá le teacht agus an leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta I, Úsáid Inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo, faoi cheannas Joëlle Elvinger, Comhalta den Chúirt. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir João Figueiredo, Comhalta den Chúirt, agus ina dhiaidh sin, faoi stiúir Nikolaos Milionis, Comhalta den Chúirt, le tacaíocht ó Paula Betencourt agus Kristian Sniter, atá ina gCeann ar an Oifig Phríobháideach, agus Matteo Tartaggia, Ataisé san Oifig Phríobháideach; Richard Hardy, Príomhbhainisteoir; Michela Lanzutti, Ceann Cúraim; Antonio Caruda Ruiz, Servane De Becdelievre, Jan Machán, Adrien Meric agus Milan Šmíd, Iniúchóirí. Thug Marika Meisenzahl tacaíocht ghrafach.

 

Ó chlé go deas: Antonio Caruda Ruiz, Michela Lanzutti, Matteo Tartaggia, Nikolaos Milionis, Kristian Sniter, Servane De Becdelievre, Jan Machán, Marika Meisenzahl.

Críochnótaí

1 Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 (‘Treoir PIF’). Tagann an giorrúchán as an nath Fraincise “protection des intérêts financiers” agus tagraíonn sé do leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

2 Féach e.g. Cumann na Scrúdaitheoirí Calaoise Deimhnithe.

3 Is féidir Tuarascálacha PIF a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

4 An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, agus an Fhionlainn.

5 Airteagal 7(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013; Iarscríbhinn I de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún.

6 Tuarascálacha speisialta 01/2019 “Comhrac na calaoise i gcaiteachas an Aontais Eorpaigh”, agus 06/2019 “Dul i ngleic le calaois i gcaiteachas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh”.

7 Tuarascáil bhliantúil 2019 , míreanna 6.34-6.41 agus 6.44.

8 Tuarascáil PIF 2020 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn 1, COM(2021)578.

9 Tuarascálacha speisialta 01/2019 “Comhrac na calaoise i gcaiteachas an Aontais Eorpaigh”, míreanna 23-28, agus 06/2019 “Dul i ngleic le calaois i gcaiteachas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh”, míreanna 45-57.

10 Straitéis frith-chalaoise AS AGRI, leagan 4.0 – Ares(2020)5099349, mír 7.3.1.

11 Tuarascáil bhliantúil 2019, míreanna 6.35 agus 6.36.

12 Tuarascáil bhliantúil 2016, Iarscríbhinn 7.3, sampla 1.

13 Tuarascáil bhliantúil 2018, Bosca 7.3.

14 Tuarascáil OLAF 2018, lch. 28.

15 Tuarascáil Bhliantúil 2017, Bosca 7.6.

16 Tuairisc ar an gcás i mbunachar sonraí IMS.

17 Idirbheart a iniúchadh le haghaidh Ráiteas Dearbhaithe 2016.

18 Airteagail 33(1) agus (36)(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

19 Parlaimint na hEorpa, “Méid na grabála talún feirme in AE”, lch. 15; An Institiúid Thrasnáisiúnta (TNI)-Comhordú Eorpach Via Campesina (ECVC), “Comhchruinniú talún, grabáil talún agus streachailt an phobail san Eoraip”, lch. 16.

20 PE, “Aghaidh a thabhairt ar an tionchar ó thaobh chearta an duine de atá ag ‘grabáil talún’”.

21 PE, “Méid na grabála talún feirme in AE”.

22 Tuarascáil OLAF 2017, lch. 20-21.

23 Preasráiteas Uimh. 03/2021 ó OLAF.

24 Breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Land Beirlín, Cás C-216/19, mír 34.

25 Airteagail 58(2) agus 59(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

26 Breithiúnas an 24 Meitheamh 2010, Luigi Pontini agus Eile, Cás C-375/08, mír 90.

27 Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014; Cás C-216/19, míreanna 42-43.

28 Cás C-216/19, mír 45.

29 Nóta ó AS AGRI maidir leis an gceanglas go mbeadh “teacht ag an bhfeirmeoir ar heicteáir incháilithe” (DS/CDP/2021/08).

30 Tuarascáil 2018 ó OLAF, lch. 27-28.

31 COSO, Treoraíocht maidir leis an riosca calaoise a bhainistiú, lch. ix.

32 Straitéis frith-chalaoise AS AGRI, leagan 4.0 – Ares(2020)5099349, lch. 22-26.

33 Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 907/2014.

34 Freagra ón gCoimisinéir ar cheist pharlaiminteach P-004224/2020 an 27 Lúnasa 2020.

35 Tuarascáil speisialta Uimh. 04/2020, míreanna 11-12 agus 16-18.

36 Tuarascáil speisialta Uimh. 04/2020, míreanna 17-18.

37 Airteagal 59(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

38 Ráitis maidir le Rialachán (AE) 2021/2116 (2021/C 488/02).

39 Tuarascáil speisialta Uimh. 04/2020, mír 82.

40 Tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí AS AGRI 2020, Iarscríbhinn 2, lch. 25 (táscaire toraidh 3.5).

41 Gníomhaireachtaí íocaíochta ón Eastóin, ón gCróit, ón Iodáil, ón Liotuáin, ón Rómáin, ón tSlóivéin agus ón tSlóvaic.

42 Gníomhaireachtaí íocaíochta ón nGréig agus ón Spáinn (3).

43 Gníomhaireachtaí íocaíochta ón mBeilg, ón mBulgáir, ón Spáinn (2), ón bhFrainc, ón Iodáil, ó Lucsamburg, ón bPolainn, ón bPortaingéil agus ón tSualainn.

44 An 50 tairbhí is mó de chistí CBT agus den Chiste Comhtháthaithe i ngach Ballstát ar leith.

45 Ceanglais maidir le bunachar sonraí aonair de thairbhithe.

46 Tuarascáil PIF 2020 ón gCoimisiún, lch. 44.

47 Airteagal 69(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

48 Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2021/2116.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUCSAMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022

PDF ISBN 978-92-847-8024-2 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/716 QJ-AB-22-011-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-7996-3 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/43980 QJ-AB-22-011-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.

Eisiatar bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh, laistigh den fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.