Tacaíocht ón Aontas le haghaidh digiteáil sna scoileanna Infheistíochtaí suntasacha, ach gan fócas straitéiseach i bhfeidhm ag na Ballstáit sa chaoi ar úsáid siad maoiniú ón Aontas
Maidir leis an tuarascáil:Forlíonann an tAontas agus tacaíonn sé le Ballstáit i ndigiteáil a scoileanna faoi chláir éagsúla agus bhearta a chistítear ó bhuiséad an Aontais.
San iniúchadh seo, scrúdaíomar ar thacaigh gníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas go maith le digiteáil sna scoileanna. Tagaimid ar an gconclúid, ar an iomlán, gur chuidigh sé le scoileanna ina n-iarrachtaí digiteála, ach nach raibh fócas straitéiseach i bhfeidhm ag na Ballstáit sa chaoi ar úsáid siad maoiniú ón Aontas. Thairis sin, in ainneoin sprioc uaillmhianach a bheith ag an Aontas gach scoil a nascadh le hidirlíon gigighiotáin faoi 2025, níl naisc thapa ach ag líon beag scoileanna chun an úsáid is fearr a bhaint as acmhainneacht oideachais dhigitgh.
Molaimid gur cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí an Aontais a chur chun cinn ar bhealach níos gníomhaí, agus an nasc idir cuspóirí an Aontais, straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha le haghaidh digiteáil sna scoileanna agus cistiú an Aontais le haghaidh scoileanna a neartú, in éineacht leis na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún freisin dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus iad a spreagadh chun gach scoil a nascadh le hidirlíon gigighiotáin faoi 2025.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.
Achoimre feidhmiúcháin
I San Aontas, tá lán freagracht ag Ballstáit as beartas oideachais a dhearadh agus as eagraíocht dá scoileanna. Forlíonann an tAontas agus tacaíonn sé le gníomhaíochtaí ag Ballstáit, agus cuireann sé tacaíocht shuntasach airgeadais ar fáil chun scoileanna a dhigiteáil. Chuige sin, baineann sé úsáid as ionstraimí éagsúla amhail Cistí an Bheartais Comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus Clár Erasmus+. Eisíocadh nó eisíocfar méideanna suntasacha idir 2014 agus 2026 trí cheann de na cláir seo d’fhonn oideachas digiteach a neartú.
II San iniúchadh seo, rinneamar measúnú ar ghníomhaíochtaí a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais chun tacú le hoideachas digiteach sna scoileanna. Rinneamar scrúdú féachaint ar thacaigh gníomhaíochtaí an Choimisiúin ar bhealach maith le digiteáil sna scoileanna. Bhreithníomar freisin ar bhain údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit úsáid as cistiú AE a bhí ar fáil ar an gcaoi a bhí beartaithe chun tacú le digiteáil sna scoileanna, agus an raibh scoileanna ceangailte le hidirlíon ghigighiotáin ar bhealach leordhóthanach chun spriocanna an Aontais a bhaint amach. Is é is aidhm dár dtuarascáil ná cabhrú leis an gCoimisiún agus le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na digiteála sna scoileanna le linn thréimhse 2021-2027 ar bhealach níos éifeachtaí. Tagaimid ar an gconclúid, ar an iomlán, gur chuidigh na bearta seo le scoileanna ina n-iarrachtaí digiteála, ach nach raibh fócas straitéiseach i bhfeidhm ag na Ballstáit sa chaoi ar úsáid siad maoiniú ón Aontas.
III In 2018, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach chun tacú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin d’oideachas digiteach. Áiríodh scoileanna sa phlean sin. Níor aistrigh na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta ina straitéisí náisiúnta (nó réigiúnacha), áfach, níor thug siad a straitéisí cothrom le dáta do thréimhse 2021-2027, nó ní raibh straitéisí tiomnaithe forbartha acu do dhigiteáil ina scoileanna. Fuaireamar freisin nach raibh gníomhaíochtaí a bhí maoinithe ag an Aontas socraithe isteach go maith i straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha don digiteáil sna scoileanna, cé go bhféadfadh sé sin laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh idirghabhálacha ilroinnte ann a fuair maoiniú ó bhuiséad an Aontais agus go bhféadfadh sé cuidiú le tionchar níos mó a bhaint amach.
IV I bhformhór na gcásanna, thug tionscadail a fhaigheann cistiú ón Aontas a n-aschuir bheartaithe i gcrích ach bhí tosca fós ann a chuir cosc ar scoileanna ón úsáid ab fhearr a bhaint as maoiniú ón Aontas. I gcás na mbeart a bhí le maoiniú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, bhí eanaimh maidir leis an gcaoi ar sainmhíníodh garspriocanna agus spriocanna a bhí ar Bhallstáit a chomhlíonadh, go háirithe i gcás na dtorthaí a bhí le baint amach ó thaobh feabhas a chur ar oideachas digiteach de. Fuaireamar go raibh difríocht shuntasach idir na meastacháin chostais ar ghlac an Coimisiún leo le linn na caibidlíochta ar na pleananna náisiúnta le haghaidh dhá bheart a scrúdaíodh don iniúchadh seo agus na costais iarbhír a tabhaíodh le linn an chur chun feidhme. Thairis sin, ní raibh baint leordhóthanach ag scoileanna le riachtanais a leagan síos.
V Baineann beagnach gach dalta úsáid anois as feistí digiteacha, ach tuairiscíonn go leor scoileanna nach bhfuil trealamh leordhóthanach acu, nó go bhfuil tuilleadh riachtanas oiliúna ann do mhúinteoirí. Fuaireamar gur minic go bhfuil cur chuige foirmiúil i leith úsáid TFC easnamhach freisin, rud a chuireann cosc ar scoileanna ó leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na digiteála.
VI Níl sonraí cuimsitheacha ag an gCoimisiún maidir leis na méideanna foriomlána de chistiú an Aontais a chaitear do dhigiteáil sna scoileanna. Ní dhéanann ach líon beag Ballstát measúnú ar na torthaí atá bainte amach acu le tacaíocht airgeadais ón Aontas chun oideachas digiteach a fheabhsú i scoileanna. Ní raibh táscairí clár-shonracha faisnéiseach, agus ní raibh cur chuige ach ag dhá Bhallstát de na sé Bhallstát ar thugamar cuairt orthu maidir le faireachán córasach a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne scoileanna ó thaobh na digiteála de ag éirí as tacaíocht airgeadais ón Aontas.
VII In 2016, leag an Coimisiún spriocanna síos do na Ballstáit chun scoileanna a nascadh le hidirlíon gigighiotáin faoi 2025 agus chun a chur ar a gcumas úsáid a bhaint as trealamh TF úrscothach agus bealaí nuálacha múinteoireachta agus foghlama a ghlacadh. In 2022, áfach, níl ach líon beag scoileanna ann ar féidir leo úsáid a bhaint as naisc ghigighiotáin. Bhí cuir chuige éagsúla ag Ballstáit maidir le nasc scoileanna a chur chun cinn, ach cuireann easpa dianphleanála straitéisí, in éineacht le moilleanna i gcur chun feidhme na gclár tiomnaithe, leis an riosca nach mbainfidh an tAontas sprioc 2025 d’idirlíon ghighiotáin amach.
VIII Ar bhonn na gconclúidí sin, molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- gníomhaíochtaí an Aontais faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a chur chun cinn ar bhealach níos gníomhaí chun feabhas a chur ar a dtionchar;
- beart a dhéanamh chun an nasc idir cuspóirí an phlean gníomhaíochta don oideachas digiteach, straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha agus cistiú ón Aontas do scoileanna a neartú; agus
- Faireachán agus spreagadh a dhéanamh ar bhaint amach na sprice a bhaineann le bheith nasctha leis an idirlíon gigighiotáin faoi 2025 do gach scoil.
Réamhrá
Oideachas digiteach agus digiteáil sna scoileanna
01 Is é is aidhm d’oideachas digiteach ná daltaí a chumasú chun go mbeadh rath orthu sa saol agus a bheith ina saoránaigh rannpháirteacha, chomh maith le iad a chomhtháthú níos fearr sa mhargadh saothair i ndomhan atá níos digitithe ná riamh1. Ina shuirbhéanna ar scoileanna a rinneadh in 2013 agus 2018, thug an Coimisiún faoi deara cheana féin go bhféadfadh beartais shonracha agus bearta tacaíochta sonracha ar leibhéal na scoile — amhail trealamh níos fearr nó forbairt ghairmiúil múinteoirí — cur le torthaí foghlama níos fearr ach freisin go bhféadfadh úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus rochtain ar idirlíon tapa a bheith éagsúil go mór idir scoileanna2. Léiríodh i staidéar a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (EFCE) in 2018 go bhféadfadh daltaí i scoileanna a bhí feistithe go maith le ríomhairí agus atá nasctha leis an idirlíon torthaí foghlama níos fearr a bhaint amach3.
02 Tá inniúlachtaí agus scileanna digiteacha, agus infhaighteacht bonneagair dhigitigh agus trealaimh dhigitigh i bhfad níos ábhartha anois ar gach leibhéal oideachais ó thosaigh paindéim COVID-19. Thug an phaindéim chun solais nach raibh córais scoile i mbeagnach gach Ballstát dea-ullmhaithe le haghaidh cianteagaisc toisc nach raibh ceangal maith ag scoileanna leis an idirlíon agus go raibh trealamh digiteach a bheadh oiriúnach do dhaltaí agus do mhúinteoirí easnamhach4. Chomh maith leis sin, chaithfeadh múinteoirí a bheith muiníneach agus oilte in úsáid na teicneolaíochta digití chun tacú lena múinteoireacht, in éineacht le modhanna nuálacha teagaisc, agus chaithfí a áirithiú go bhféadfadh gach dalta páirt a ghlacadh san oideachas digiteach.
03 San Aontas, tá na Ballstáit freagrach as an mbeartas oideachais a cheapadh, as scoileanna a fheistiú, as formhaoirseacht a dhéanamh ar ábhar teagaisc, agus as oiliúint a chur ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí. Thairis sin, laistigh de Bhallstáit, is féidir freagrachtaí a leithdháileadh ag leibhéil éagsúla (i.e. náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil). Déantar aon chomhar trasteorann idir Ballstáit i réimse an oideachais ar bhonn deonach, agus ní gá go bhfuil sé nasctha le húsáid chistí an Aontais. Idir an dá linn, is féidir leis an Aontas tacaíocht a thabhairt agus forlíonadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Aontais5.
04 Is é ról an Choimisiúin i ndigiteáil sna scoileanna ná forlíonadh a dhéanamh agus tacú le gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit, ach fós a bhfreagracht as ábhar teagaisc agus as eagrú na gcóras oideachais á urramú go hiomlán.
05 Chun go mbeadh oideachas digiteach rathúil, tá gá freisin le digiteáil sna scoileanna chun é sin a bhaint amach: idirlíon ardluais a chur ar fáil do scoileanna, crua-earraí amhail ríomhairí glúine nó táibléid a chur ar fáil do sheomraí ranga, do mhúinteoirí agus do dhaltaí; a áirithiú go mbeidh na scileanna digiteacha atá ag teastáil uathu ag múinteoirí agus ag baill foirne eile na scoile; ábhar foghlama digiteach atá leormhaith agus ardáin shlána a chur ar fáil; agus curaclaim agus cuir chuige foghlama atá cothrom le dáta a úsáid.
06 In 2020, bhí níos mó ná 65 mhilliún dalta agus múinteoir a bhí cláraithe i mbreis agus 200 000 bunscoil agus meánscoil sna 27 mBallstát6.
Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach an Choimisiúin
07 I mí na Samhna 2017, ag Cruinniú Mullaigh in Göteborg, d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil sé de cheart ag gach duine oideachas, oiliúint agus oideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil a bheith acu. Tá sé mar aidhm ag na cearta sin scileanna a chothabháil agus a gnóthú a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú ar bhealach rathúil7. Rannchuidigh an Coimisiún leis na pléití seo trína fhís do Limistéar Eorpach Oideachais a leagan amach chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an oideachais agus an chultúir mar uirlisí spreagtha do phoist, don chothroime shóisialta, agus don tsaoránacht ghníomhach, chomh maith le modh a chur ar fáil chun taithí a fháil ar fhéiniúlacht Eorpach ina héagsúlacht uile8. Shainaithin an Coimisiún agus na Ballstáit nuálaíocht agus teicneolaíochtaí digiteacha mar ghné lárnach d’oideachas níos fearr, réimse inar ceapadh go raibh an Eoraip taobh thiar réigiún eile.
08 I mí Eanáir 2018, d’eisigh an Coimisiún a chéad Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (‘Plean Gníomhaíochta’ as seo amach), mar a fhógraítear ina rannchuidiú leis an gCruinniú Mullaigh in Göteborg9. Tá líon gníomhaíochtaí i dtrí réimse tosaíochta sa Phlean, trína raibh sé i gceist ag an gCoimisiún tacú le córais oideachais agus oiliúna fhoriomlána na mBallstát i ngach earnáil oideachais trí na cleachtais is fearr a mhalartú, agus chun úsáid dhiongbháilte na gcleachtas oideachas nuálach agus digiteach a spreagadh agus a mhéadú (féach Fíor 1).
Fíor 1 – Tosaíochtaí Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2018 atá ag an gCoimisiún
Foinse: CIE.
09 Rinne an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta a nuashonrú i Meán Fómhair 2020. Cuirean an Plean nuashonraithe fís straitéiseach fhadtéarmach ar fáil a chlúdaíonn tréimhse 2021-2027. Leanann sé de phríomhghnéithe an Phlean Gníomhaíochta tosaigh, ach cuireann sé na forbairtí is déanaí san oideachas digiteach san áireamh freisin. Díríonn sé ar dhá réimse tosaíochta agus gníomhaíochtaí thábhachtacha a bhfuiltear le tabhairt fúthu sna blianta amach romhainn, ar réimsí iad atá ábhartha ní hamháin do scoileanna ach d’oideachas iar-mheánscoile freisin (mar shampla ag ollscoileanna) nó don ghairmoiliúint (féach Fíor 2).
Fíor 2 – Na tosaíochtaí sa leagan nuashonraithe den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027)
Foinse: CIE.
10 Measann an Coimisiún gur phríomhchumasóir atá sa Phlean Gníomhaíochta chun feabhas a chur ar litearthacht dhigiteach, scileanna agus acmhainneacht ag gach leibhéal oideachais agus oiliúna, agus do gach leibhéal scileanna digiteacha. Baineann sé úsáid as an bPlean freisin mar dhoiciméad tagartha don Seimeastar Eorpach, i.e. timthriall an Aontais chun comhordú a dhéanamh idir beartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha na mBallstát ar na beartais eacnamaíocha, fhioscacha, saothair agus shóisialta . Faoina chuimsiú sin, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún, rinne an Chomhairle moltaí tírshonracha (MTSanna) bliantúla sa réimse oideachais agus oiliúna. Léirítear i bhFíor 3 na Ballstáit inar thagair moltaí ón gComhairle d’infheistíochtaí i ndigiteáil sna scoileanna i gceachtar bliain de 2019 nó 2020.
Fíor 3 – Ballstáit le MTSanna a bhaineann le digiteáil sna scoileanna
Foinse: Anailís CIE; An Semeastar Eorpach, moltaí tírshonracha.
Sprioc nascachta an Aontais do scoileanna de ghigighiotáin in aghaidh an soicind faoi 2025
11 Ós rud é go n-éilíonn seirbhísí agus feidhmchláir sonraí nua go mbeadh líonraí d’acmhainneacht níos airde ann, leag an Coimisiún spriocanna nascachta straitéiseacha síos in 2016 do na príomhspreagthóirí socheacnamaíocha ar fad, amhail scoileanna. De réir na spriocanna seo, ba cheart go mbeadh nascacht ardluais leathanbhanda ag scoileanna faoi 2025, rud a chiallaíonn rochtain a fháil ar naisc idirlín a chuireann luasanna íosnaisc agus uasnaisc de ar a laghad gigighiotán amháin in aghaidh an tsoicind ar fáil10. D’éascófaí bealaí nuálacha teagaisc agus foghlama trí scoileanna a nascadh le leathanbhanda ardluais, rud a d'fhágfadh go mbeadh múinteoirí agus daltaí in ann tairbhe a bhaint as ábhair fhoghlama cothrom le dáta, agus dá bhrí sin feabhas a chur ar scileanna digiteacha. Tháinig na spriocanna seo i ndiaidh an Clár Oibre Digiteach don Eoraip a glacadh in 2010, ina ndúirt an Coimisiún gur cheart go mbeadh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais ar leathanbhanda ag 30 Mbps faoi 202011.
Tacaíocht airgeadais ón Aontas
12 Is féidir le Ballstáit úsáid a bhaint as tacaíocht airgeadais ón Aontas chun scoileanna a dhigiteáil trí ionstraimí éagsúla, agus a gcuspóirí agus a dtréithe sonracha féin ag gach ceann acu:
- Cistí an Bheartais Comhtháthaithe:
- Do thréimhse 2014-2020, ba chuspóirí téamacha i gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus i gCiste Sóisialta na hEorpa (CSE) – dhá cheann de Chistí an Bheartais Comhtháthaithe (dá ngairtear ‘Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE)’ freisin) – a bhí in infheistíochtaí i ndáil le rochtain a fheabhsú agus feabhas a chur ar úsáid agus cáilíocht sa teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC) agus san oideachas agus oiliúint. Baineann an tAontas úsáid as na cistí sin chun infheistíochtaí a chómhaoiniú i réimsí amhail forbairt chothrom na réigiún agus forbairt oibreoirí, daoine óga agus gach duine a bhfuil post á lorg acu12. Do chlárthréimhse 2014-2020, ba é €329 mbilliún an buiséad iomlán do CFRE agus CSE, ar leithdháileadh thart ar €44.6 billiún de sin ar an dá chuspóir téamach sin. Ní raibh digiteáil sna scoileanna mar chuspóir sonrach do na Cistí, áfach. Sin é an fáth nach gcaithfidh Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar na méideanna a chaitear chun na críche seo a chur ar fáil (féach mír 71).
- Do na blianta 2020 go dtí 2022, cuireadh Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) ar bun faoin tionscnamh NextGenerationEU (NGEU) faoi chuimsiú Chistí an Bheartais Comhtháthaithe 2014‑202013. As buiséad iomlán de €44.5 billiún, d’fhéadfadh Ballstáit cistí a úsáid chun tacú le digiteáil sna scoileanna. D’fhéadfadh Ballstáit a iarraidh go ndéanfaí bearta REACT-EU a mhaoiniú go hiomlán as buiséad an Aontais.
- Do thréimhse 2021-2027, is féidir le Ballstáit úsáid a bhaint as Cistí an Bheartais Comhtháthaithe dá scoileanna freisin, go príomha d’infheistíochtaí i mbonneagar rochtana14 agus chun tacú le scileanna digiteacha a fháil15.
- An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)16:
Is ionstraim shealadach é RRF faoi NGEU, arb é is aidhm dó tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú. Déantar é a bhainistiú go díreach ag an gCoimisiún. Go dtí deireadh 2026, tabharfar tacaíocht ón Aontas do Bhallstáit ar choinníoll gur féidir leo spriocanna agus garspriocanna feidhmíochta ar leith d’infheistíochtaí agus athchóirithe a shainmhínítear sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna) a bhaint amach. Is féidir le Ballstáit úsáid a bhaint as tacaíocht ón Aontas chun infheistíochtaí i bhforbairt scileanna digiteacha agus in aistriú digiteach scoileanna a mhaoiniú. As buiséad iomlán de €723.8 billiún (ag phraghasanna reatha) atá ar fáil do RRF, shainaithníomar 21 Bhallstát a roghnaigh níos mó ná €11 bhilliún a infheistiú i mbearta a thacaíonn le digiteáil dá scoileanna, de réir a RRPanna17.
- Clár Erasmus+18:
I measc nithe eile, tacaíonn an clár seo le teagasc bunaithe ar TFC, oideachas oscailte agus cleachtais nuálacha sa ré digiteach, agus tugann sé aghaidh ar chlaochlú digiteach freisin trí fhorbairt a dhéanamh ar ullmhacht, athléimneacht agus acmhainneacht:
- Do thréimhse 2014-2020, bhí buiséad iomlán de €14.9 billiún ag an gclár, leithdháileadh thart ar €1.6 billiún den bhuiséad seo ar thionscadail chomhpháirtíochta straitéiseach thrasnáisiúnta. Bhí €100 milliún den bhuiséad tiomnaithe go sonrach do thionscadail chun feabhas a chur ar úsáid TFC sa teagasc agus san fhoghlaim. Bhain an Coimisiún úsáid freisin as an gclár chun gníomhaíochtaí faoi Phlean Gníomhaíochta 2018 a mhaoiniú.
- Do thréimhse 2021-2027, tá scóip an chláir méadaithe chun tacú le gníomhaíochtaí agus tionscadail chun an Plean Gníomhaíochta nuashonraithe agus an claochlú digiteach ar scoileanna a thabhairt i gcrích19. Tá buiséad iomlán de €26.2 billiún ag an gclár. Níl leithdháileadh ar leith ann do dhigiteáil, ach is féidir cistí a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí 2021-2027 faoin bPlean Gníomhaíochta agus le haghaidh comhpháirtíochtaí nuálaíochta straitéiseacha, lena n-áirítear tionscadail d’oideachas digiteach i scoileanna. Is ceann de na ceithre thosaíocht thrasearnálacha den chlár é an t-aistriú digiteach.
- An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
I dtréimhse 2021-2027, cuireann an chuid dhigiteach den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa20, ionstraim de chuid an Aontais atá á bainistiú go díreach ag an gCoimisiún lena gcuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil chun bonneagar idirnasctha inbhuanaithe a chruthú, buiséad de níos mó ná EUR 2 bhilliún ar fáil chun tacú, i measc nithe eile, le córais 5G a imscaradh i bpobail 5G, mar a thugtar orthu, agus ar féidir í a úsáid chun scoileanna a nascadh le chéile
Bainistiú agus úsáid chistí an Aontais
13 Do Cláir an Bheartais Comhtháthaithe, tá sé de chúram ar údaráis náisiúnta nó réigiúnacha sna Ballstáit tionscadail a roghnú agus faireachán a dhéanamh orthu laistigh de chláir oibríochtúla agus is orthu atá an cúram i dtaobh tacaíocht íocaíochta. Déanann an Coimisiún na costais a bhaineann leis an tionscadal a chómhaoiniú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna rialacha ginearálta is infheidhme agus i gcomhréir le rialacha na gclár faoi seach.
14 Faoi RRF, cuireann na Ballstáit na bearta a shainmhínítear sna RRPanna náisiúnta i bhfeidhm. Déantar tacaíocht atá ag teacht le costais mheasta na mbearta atá ann a leithdháileadh ar gach RRP, go dtí uasmhéid atá sonraithe i Rialachán RRF. Murab ionann agus an cás do chláir an Bheartais Comhtháthaithe, ní bhaineann maoiniú AE le costais iarbhír a thabhaítear, ach déanann an Coimisiún na méideanna a leithdháiltear do RRPanna a eisíoc nuair atá na tacair réamhshainithe ábhartha de garspriocanna agus de spriocanna bainte amach ag an mBallstát. Is gnóthachain cháilíochtúla iad garspriocanna, amhail teacht i bhfeidhm treoirlínte cistithe. Is gnóthachain chainníochtúla iad spriocanna, amhail líon sainithe feistí digiteacha a fháil do scoileanna. Tugtar forléargas in Iarscríbhinn IV ar na spriocanna agus garspriocanna do na bearta a thacaíonn le digiteáil sna scoileanna sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu.
15 Go hiondúil, baineann na Ballstáit úsáid as Cistí an Bheartais Comhtháthaithe agus RRF chun tacú le bonneagar agus trealamh TFC i scoileanna, oiliúint a chur ar fáil do mhúinteoirí, nó ábhar oideachais a fhorbairt (féach Bosca 1).
Samplaí den úsáid a baineadh as Cistí an Bheartais Comhtháthaithe le haghaidh digiteáil sna scoileanna
Déanann an Ghréig ardáin dhigiteacha foghlama agus oiliúint teagaisc a mhaoiniú ó CRFE agus CSE.
Tá gníomhaíocht aonair ag an gCróit chun na scoileanna poiblí uile a dhigitiú faoi 2023, lena n-áirítear trealamh TFC agus oiliúint do mhúinteoirí.
Tacaíonn an Iodáil go príomha le fáil trealaimh TF do shaotharlanna ríomhaireachta scoile (féach Pictiúr 1), agus le hoiliúint in inniúlachtaí digiteacha do mhúinteoirí.
Ar an gcuma chéanna, bhain an Pholainn úsáid as tacaíocht CRFE agus CSE chun nasc idir scoileanna agus an t-idirlíon gigighiotáin a mhaoiniú, iad a fheistiú le saotharlanna ríomhaireachta, oiliúint a chur ar fáil do mhúinteoirí, agus ábhar foghlama digiteach a fhorbairt.
Samplaí infheistíochtaí chun scoileanna a dhigitiú laistigh de RRF
Laistigh de RRF, áiríodh in RRP náisiúnta na Gearmáine maoiniú le haghaidh fearais iasachta do mhúinteoirí i scoileanna poiblí agus príobháideacha, ardán oideachais digiteach náisiúnta, agus ionaid barr feabhas oideachais le haghaidh scileanna digiteacha na múinteoirí a fhorbairt tuilleadh.
Tacóidh an Ghréig go príomha le trealamh digiteach do scoileanna, do mhúinteoirí agus do dhaltaí, chomh maith le digiteáil ábhair oideachais agus córas foghlama idirghníomhacha.
Déanfaidh an Iodáil infheistíocht go príomha i scoileanna a nascadh le hidirlíon ardluais, in oiliúint do mhúinteoirí agus daoine eile den fhoireann scoile, i seomraí ranga nuálacha, agus i scileanna digiteacha na ndaltaí a fhorbairt.
16 Maoinítear gníomhaíochtaí ón gCoimisiún chun tacú le digiteáil sna scoileanna, lena n-áirítear iad siúd a thacaíonn leis an bPlean Gníomhaíochta, go príomha tríd an gClár Erasmus+, atá á bhainistiú go díreach ag an gCoimisiún (féach Bosca 2).
Gníomhaíochtaí ón gCoimisiún chun tacú le digiteáil sna scoileanna sna Ballstáit
Chun tacú le hullmhacht do dhigiteáil na scoileanna agus eagraíochtaí oiliúna eile, d’fhorbair an Coimisiún SELFIE, uirlis saor in aisce ar líne chun cuidiú le scoileanna, múinteoirí agus daltaí measúnú a dhéanamh ar a seasamh maidir le foghlaim san aois dhigiteach.
Chun forbairt na scileanna digiteacha sna scoileanna a chur chun cinn, mhéadaigh an Coimisiún Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, gníomhaíocht a mhaoinítear faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. Tá sé á reáchtáil ag saorálaithe a chuireann códú agus litearthacht dhigiteach chun cinn chun cuidiú le níos mó daoine óga bunghnéithe an chódaithe agus na smaointeoireacht ríomhaireachta a bhaint amach.
Tacaíonn ardán ar líne, r-Nascadh le scoileanna, múinteoirí agus daltaí ó thaobh úsáid a bhaint as TFC chun ceangal le chéile trasna teorainneacha, agus cuidítear leo oibriú le chéile ar thionscadail. Cuidíonn seirbhísí tacaíochta náisiúnta atá cómhaoinithe ag an Aontas sna Ballstáit agus sna tíortha comhpháirtíochta leis an ardán a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta.
Ar deireadh, d’fhéadfadh scoileanna agus eagraíochtaí oideachais eile tairbhiú as deontais aonair do thionscadail chomhpháirtíochta straitéiseacha trasnáisiúnta a bhaineann le digiteáil.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
17 San iniúchadh seo, rinneamar measúnú ar ghníomhaíochtaí chun tacú le hoideachas digiteach sna scoileanna. Rinneamar measúnú go sonrach ar an méid seo a leanas:
- ar thacaigh gníomhaíochtaí an Choimisiúin, go háirithe faoin chlár Erasmus+, ar bhealach maith le digiteáil sna scoileanna;
- ar bhain údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit úsáid as cistiú ón Aontas a bhí ar fáil faoin mBeartas Comhtháthaithe ar an gcaoi a bhí beartaithe;
- i bhfianaise chur chun feidhme RRF a bheidh ar siúl go dtí 2026, thug Ballstáit aghaidh ar bhealach maith ina RRPanna ar dhigiteáil sna scoileanna; agus
- an raibh sprioc straitéiseach 2025 an Choimisiúin21 aistrithe ag na Ballstáit ina straitéisí nó cuir chuige náisiúnta chun scoileanna a nascadh le hidirlíon gigighiotáin, agus an bhfuil nascacht iarbhír scoileanna ar an mbóthar ceart maidir leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
18 Chuige seo, roghnaíomar sé Bhallstát: an Ghearmáin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Ostair agus an Pholainn. I gcás na Gearmáine, ina bhfuil freagracht eisiach ag na réigiúin (Bundesländer) as an mbeartas oideachais, roghnaíomar Stát Nordrhein‑Westfalen, arb é sin an réigiún leis an bpobal is mó scoileanna agus daltaí. I dtréimhse 2014-2020, bhí méideanna suntasacha de chistiú ón mBeartas Comhtháthaithe (CSIE) caite ar dhigiteáil sna scoileanna ag na Ballstáit seo, tá siad ag baint úsáid as tacaíocht ó REACT-AE faoi láthair chun na críche sin, nó bhí bearta tiomnaithe curtha san áireamh ina RRPanna acu atá le maoiniú ó RRF roimh dheireadh 2026. Faoi dheireadh 2021, íocadh thart ar €2.6 bhilliún i gCistiú an Bheartais Comhtháthaithe ar mhaithe le digiteáil sna scoileanna, nó bhí sé geallta chun na críche sin. Tá €1.1 billiún eile ar fáil faoi láthair faoi REACT-EU. Chomh maith leis sin, déanfar níos mó ná €7 mbilliún a eisíoc faoi 2026 leis na Ballstáit sin, a roghnaíonn RRF a úsáid chun na críche céanna, faoin gcoinníoll go ndéanann siad na garspriocanna agus spriocanna a shainmhínítear sna RRPanna a chomhlíonadh go sásúil (féach Fíor 4).
Fíor 4 – Cistí AE a leithdháiltear le hagaidh digiteáil sna scoileanna sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu
Nóta: Méideanna CSIE a íocadh nó a gealladh faoin 31.12.2021, nó a bhí buiséadaithe le haghaidh REACT‑EU. I gcás RRF, déanfar méideanna atá bunaithe ar chostais mheasta a áirítear i RRPanna a athmhaoiniú nuair a bheidh garspriocanna agus spriocanna comhlíonta go sásúil ag tráth éigin roimh 2026 (féach Iarscríbhinn I).
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit.
19 I ngach ceann de na sé Bhallstát, rinneamar athbhreithniú ar na straitéisí agus ar na cuir chuige maidir leis an digiteáil sna scoileanna. Ina theannta sin, scrúdaíomar sampla de 61 ghníomhaíocht nó tionscadal a maoiníodh nó a mhaoineofar ó CFRE, CSE, RRF, agus Clár Erasmus+, arbh é is aidhm dóibh ná tacú le digiteáil sna scoileanna. Roghnaíomar na tionscadail sin mar gheall ar a suntasacht airgeadais, nó mar gheall ar a n-ábharthacht do dhigiteáil oideachais i scoileanna. Tá ár gcuid oibre dírithe ar cé chomh maith agus a bhí na tionscadail seo tugtha isteach i straitéisí náisiúnta chun scoileanna a dhigitiú. Rinneamar measúnú freisin ar a éifeachtaí a bhí siad chun feabhas a chur ar an oideachas digiteach i scoileanna. Ina theannta sin, thugamar cuairt ar 35 scoil a thairbhigh i mbealach amháin nó eile ó thacaíocht ón Aontas a tugadh laistigh de thionscadail a ndearnadh iniúchadh orthu (féach Iarscríbhinn II).
20 I gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha ábhartha, rinneamar suirbhé ar líne freisin ar níos mó ná 49 000 bunscoil agus meánscoil in Nordrhein-Westfalen (an Ghearmáin), an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, agus an Pholainn. Clúdaíodh sa suirbhé seo thart ar an ceathrú cuid de na scoileanna san Aontas. Ba é an cuspóir a bhí leis ná faisnéis chothrom le dáta a fháil nach raibh ar fáil ar shlí eile maidir le nascacht ghigighiotáin iarbhír scoileanna, ról an oideachais dhigitigh, agus úsáid uirlisí agus gníomhaíochtaí an Aontais sa réimse seo (féach an míniú in Iarscríbhinn III). Ní dhearnamar suirbhé ar scoileanna na hOstaire, mar gheall gur chinn na húdaráis náisiúnta gan tacú linn agus ár gcuid ceistneoirí a chur ar aghaidh chuig scoileanna.
21 Ar deireadh, tharraingeamar ábhar as fionnachtana ó thuarascálacha speisialta a rinneamar roimhe seo, amhail ar bhonneagar leathanbhanda ardluais i gceantair uirbeacha agus faoin tuath22, agus ar an measúnú ón gCoimisiún ar phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta23.
22 Rinneamar ár n-iniúchadh in 2021 agus 2022 agus clúdaíodh an tréimhse ó 2025 go dtí 2021. Níor chlúdaíomar úsáid Chistí an Bheartais Comhtháthaithe do thréimhse 2021-2027, ós rud é nach raibh a mheasúnú ar na dréachtchláir i gcás fhormhór na Ballstát tugtha chun críche fós ag an gCoimisiún faoin am ar chríochnaíomar ár n-obair allamuigh don iniúchadh i mí an Mheithimh 2022.
23 Chinneamar an t-iniúchadh seo a dhéanamh i bhfianaise iarrachtaí méadaithe an Choimisiúin tacú le Ballstáit maidir le digiteáil sna scoileanna agus na méideanna suntasacha de thacaíocht ón Aontas a bhí ar fáil do Bhallstáit chun na críche sin, go háirithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.
24 Is é is aidhm don iniúchadh seo ná cabhrú leis an gCoimisiún agus le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na digiteála sna scoileanna le linn thréimhse 2021-2027 ar bhealach níos éifeachtaí.
Barúlacha
Níor bhain na Ballstáit ach úsáid theoranta as tacaíocht an Choimisiúin don digiteáil ina scoileanna
I bhformhór na mBallstát, bhí straitéisí tiomnaithe ann maidir le digiteáil sna scoileanna
25 Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta ná tacú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin san oideachas digiteach trí uirlisí a chur ar fáil chun cuidiú le hoidí agus le hoiliúnóirí úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht. Áirítear leis seo scileanna digiteacha ábhartha a fhorbairt agus úsáid a bhaint as fianaise agus anailís níos fearr. Le nuashonrú 2020 ar an bPlean, treisíodh na huaillmhianta sin (féach Fíor 2.) Rinneamar scrúdú féachaint an raibh a straitéisí féin chun tacú le digiteáil a scoileanna glactha nó nuashonraithe ag na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu agus féachaint an raibh gnéithe den Phlean Gníomhaíochta a seoladh chuig scoileanna tugtha isteach ina straitéisí acu ó glacadh an plean in 2018.
26 Le linn thréimhse 2014-2020, ní raibh straitéis tiomnaithe ag an nGréig ná ag an gCróit maidir le digiteáil sna scoileanna. Sa Ghréig, luaigh an Straitéis Digitithe Náisiúnta digiteáil sna scoileanna mar cheann de roinnt tosaíochtaí agus rinneadh tagairt don ról atá ag tacaíocht ón Aontas sa phróiseas. Níor leag sé tráthchlár soiléir síos lena cur chun feidhme, áfach. Bhí roinnt straitéisí náisiúnta ag an gCróit maidir le nascacht agus oideachas a raibh scoileanna san áireamh iontu freisin, mar aon le tionscadal tiomnaithe maidir le digiteáil sna scoileanna a bhí bunaithe ar Straitéis 2014 maidir le hOideachas, Eolaíocht agus Teicneolaíocht (féach mír 59).
27 Do thréimhse 2014-2020, bhí a straitéis maidir le digiteáil sna scoileanna leagtha amach ag an Iodáil sa ‘Phlean Náisiúnta um Dhigitiú Scoileanna’. In 2020, ghlac sí straitéis náisiúnta maidir le hinniúlachtaí digiteacha, rud a chlúdaigh scoileanna freisin.
28 Bhí roinnt straitéisí ginearálta agus tionscadail uileghabhálacha forbartha ag an bPolainn le hábharthacht maidir le digiteáil sna scoileanna. Faoi 2022, áfach, ní raibh straitéis spriocdhírithe maidir le digiteáil an oideachais (lena n-áirítear scoileanna) forbartha go fóill, ná an plean chun an RRP a chur chun feidhme.
29 In 2019, bhí clár tacaíochta náisiúnta tiomnaithe curtha ar bun ag an nGearmáin maidir le digiteáil sna scoileanna (anDigitalPakt Schule 2019-2024). Chomh maith leis sin, ar an leibhéal réigiúnach, ghlac Nordrhein-Westfalen straitéis tiomnaithe do scoileanna (Digitalstrategie Schule NRW – Lehren und Lernen in der digitalen Welt) in 2020, nuair a ghlac an Ostair a straitéis féin freisin (8 Punkte Plan).
Ní raibh gnéithe den Phlean Gníomhaíochta tugtha isteach ina straitéisí ach ag cúpla Ballstát
30 Is í an Iodáil amháin a thagair don Phlean Gníomhaíochta sa straitéis ábhartha. Bhí tacaíocht tugtha cheana féin ag an aireacht ábhartha do gach gníomhaíocht de phlean 2018 lena gníomhaíochtaí féin, agus bhí sé i gceist aici é sin a dhéanamh nuair a bheadh an straitéis náisiúnta maidir le hinniúlachtaí digiteacha á cur chun feidhme.
31 Sa Ghearmáin, bhí comhaontú déanta ag na réigiún ar chreat treoraíochta don oideachas digiteach a rinne tagairt do DigComp, creat inniúlachta digití do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Déanann sé seo cur síos ar na scileanna is tábhachtaí a theastaíonn ó daoine chun bheith rannpháirteach sa domhan digiteach, agus tá sé ábhartha freisin do scoileanna. Níor glacadh aon ghné eile den Phlean Gníomhaíochta go sainráite i straitéis an réigiúin ar thugamar cuairt air, áfach.
32 Sa Ghréig, faoi dheireadh 2022, ní raibh an Plean Gníomhaíochta luaite in aon cheann de na straitéisí, agus sa Chróit, mheas na húdaráis gur túsphointe é an Plean nuashonraithe chun Plean Forbartha an Chórais Oideachais Náisiúnta a ullmhú dóibh féin do thréimhse 2022 go dtí 2027, ach ní raibh gníomhaíochtaí nithiúla sainithe acu faoi dheireadh 2022.
33 San Ostair, níor cuireadh an Plean Gníomhaíochta san áireamh go sainráite nuair a bhí an straitéis náisiúnta á hullmhú, go príomha mar gheall go ndearnadh a phríomhcholúin a dhearadh sular foilsíodh an Plean in 2018. Sa Pholainn, níor tagraíodh sna straitéisí don Phlean Gníomhaíochta, nó níor tugadh isteach gnéithe den Phlean Gníomhaíochta sna straitéisí sin, cé gur léirigh ár gcuairt iniúchóireachta gur thug cuid de na tionscadail aghaidh ar roinnt dá ghníomhaíochtaí tosaíochta.
Ní raibh go leor scoileanna ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin a bhí ábhartha maidir le digiteáil sna scoileanna
34 Trí bhíthin Plean Gníomhaíochta, tacaíonn an Coimisiún go díreach le digiteáil sna scoileanna le huirlisí ar líne atá saor in aisce agus le gníomhaíochtaí atá ar fáil do scoileanna. Ba iad SELFIE, Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, agus r-Nascadh na cinn ab ábhartha díobh sin (féach Bosca 2). Rinneamar scrúdú dá bhrí sin féachaint ar cé chomh héifeachtach a bhí an Coimisiún chun dul i dteagmháil le scoileanna i mBallstáit leis na gníomhaíochtaí sin.
35 Chuir an Coimisiún in iúl dúinn go raibh, ar an iomlán, úsáid bainte ag roinnt milliún dalta agus daoine eile in go leor Ballstát, chomh maith le lasmuigh den Aontas, as SELFIE, Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh agus r-Nascadh. Mar shampla, faoi dheireadh 2022, bhí níos mó ná 3 milliún dalta agus múinteoir cláraithe in SELFIE i níos mó ná 20 000 scoil san Aontas. Nuair a cheistíomar na scoileanna inár suirbhé faoi na huirlisí seo, áfach, dúirt an chuid is mó dóibh nach raibh cur amach acu orthu nó nár bhain siad úsáid astu. Deimhníodh sa suirbhé freisin gurb é SELFIE – an tionscnamh is nua – an uirlis is lú a raibh cur amach ag scoileanna uirthi, agus Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh ina dhiadh sin. Os a choinne sin, ní raibh ach fíorbheagán scoileanna sa Ghréig, sa Chróit agus san Iodáil nach raibh ar an eolas faoi r-Nascadh (féach Fíor 5).
Fíor 5 – Sciar de scoileanna a ndearnadh suirbhé orthu nach raibh ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí roghnaithe ón gCoimisiún a bhí ag tacú le digiteáil sna scoileanna
Foinse: Suirbhé CIE.
36 Léirítear inár n-anailís ar shonraí ón gCoimisiún agus ó staitisticí scoile Eurostat do 2020 a chlúdaíonn gach Ballstát go raibh difríochtaí suntasacha freisin idir Ballstáit ó thaobh sciar na daltaí agus na múinteoirí a raibh SELFIE á úsáid acu. Bhí an Spáinn agus an Phortaingéil chun tosaigh, ach i mBallstáit eile is ar éigean gur bhain scoileanna úsáid as an uirlis (féach Fíor 6).
Fíor 6 – Sciar na ndaltaí agus na múinteoirí a bhfuil SELFIE á úsáid acu sna Ballstáit
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún agus ó Eurostat.
37 Sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu, fuaireamar gurbh í an phríomhchúis a bhí le gan SELFIE a úsáid ná easpa feasachta na scoileanna aonair faoin uirlis agus an fíoras nach raibh sé comhtháite ina straitéisí oideachais digiteacha náisiúnta nó réigiúnacha. Sa Chróit agus san Ostair, bhain scoileanna úsáid as uirlisí náisiúnta le gnéithe comhchosúla a bhí forbartha roimh SELFIE. Tugaimid ar aire go bhféadfaí aidhm fhoriomlán SELFIE a chur i mbaol má chaitheann sé dul in iomaíocht le huirlisí agus próisis atá in úsáid ag scoileanna cheana féin. Is é an míniú a bhí ag an gCoimisiún ar an líon ard úsáideoirí a bhí cláraithe sa Spáinn agus sa Phortaingéil (nach raibh mar chuid dár rogha Ballstát) ná gur chuir aireachtaí náisiúnta oideachais úsáid SELFIE i scoileanna chun cinn ar bhealach gníomhach.
38 Ar an gcuma chéanna, bhí éagsúlacht shuntasach le sonrú in úsáid gníomhaíochtaí faoi r-Nascadh idir na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu. Mar shampla, san Iodáil, bhí oiliúint shonrach eagraithe ag an aireacht ábhartha chun tacú le múinteoirí i ndáil le húsáid a bhaint as an uirlis agus chun an tionscnamh sna scoileanna a chur chun cinn. I mBallstáit eile, níor thug aireachtaí oideachais náisiúnta nó réigiúnacha spreagadh sonrach do scoileanna a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó ní dhearna siad na gníomhaíochtaí sin a chomhtháthú sa churaclam acu.
Ní raibh tosaíocht ag digiteáil i dtionscadail chomhpháirtíochta straitéiseacha do scoileanna
39 Le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a bhaineann le scoileanna agus eagraíochtaí eile atá gníomhach i réimse an oideachais, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún ná tacú le forbairt, aistriú agus/nó cur chun feidhme na gcleachtas nuálach ar leibhéil eagraíochta, áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta nó Eorpacha. Cé nach raibh an digiteáil ina chuspóir sainráite de i gclár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020, spreag treoirlínte an Choimisiúin scoileanna chun iarratas a dhéanamh le tionscadail le haghaidh teagasc atá bunaithe ar TFC, le haghaidh oideachas oscailte agus le haghaidh cleachtais nuálacha i ré dhigiteach. Ó 2020, chuir na treoirlínte tuilleadh béime ar fhorbairt éiceachóras oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta agus ar úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha don teagasc agus don fhoghlaim. Scrúdaíomar, dá bhrí sin, a mhéid a chuidigh Erasmus+ le scoileanna ina n-iarrachtaí digiteála.
40 I gcomhthéacs chlár Erasmus+, fuaireamar nár thug an Coimisiún sainmhíniú breise ar ‘digiteáil’ agus nár shoiléirigh sé an tionchar a bheadh le baint amach leis an gcistiú. Ní raibh béim ar leith curtha sna critéir roghnaithe do thionscadail ar thionscadail a bhaineann le TFC nó ar dhigiteáil sna scoileanna. Roimh phaindéim COVID-19, bhí níos mó ná 8 700 tionscadal ann do chomhpháirtíochtaí scoile agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir scoileanna agus eagraíochtaí eile, a bhí formheasta ag an gCoimisiún ó 2015. Measaimid nach raibh sé mar aidhm ach ag sciar diomaibhseach de na tionscadail sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu inniúlachtaí digiteacha nó glacadh modhanna foghlama nua bunaithe ar TFC a mhéadú i scoileanna. I mí Lúnasa 2020, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, sheol an Coimisiún glao breise inar chuir sé €100 milliún breise ar fáil chun ullmhacht don oideachas digiteach a chur chun cinn, a bhí dírithe ar scoileanna agus ar eintitis oideachais eile24. Faoi 2022, áfach, bhí tionscadail a fuair tacaíocht airgeadais faoin nglao sin fós idir lámha agus ní raibh torthaí ar fáil go fóill.
41 Inár sampla de 10 tionscadal le haghaidh comhpháirtíochtaí straitéiseacha a raibh gnéithe den digiteáil i gceist leo agus a bhí tosaithe roimh 2020, fuaireamar, i gcás nár cuireadh moill orthu mar gheall ar phaindéim COVID-19, go raibh na haschuir bheartaithe bainte amach ag na tionscadail a bhí i gceist agus gur thacaigh siad le rannpháirtithe le réitigh nuálacha foghlama agus teagaisc. Bhí a dtionchar teoranta do rannpháirtithe den chuid is mó, áfach. Ní raibh siad tugtha isteach i straitéisí digiteála náisiúnta nó réigiúnacha nó ní raibh siad nasctha leo, agus ní raibh comhordú le gníomhaíochtaí eile a bhí maoinithe ag an Aontas nó a bhí maoinithe go náisiúnta ina cheanglas lena n-aghaidh. Ní raibh cuir chuige foghlama nua mar chuid lárnach den churaclam scoile ach in dhá cheann de na tionscadail a ndearnamar iniúchadh orthu. I gcás na dtionscadal sin, áfach, ní raibh aon fhaisnéis ar fáil faoi an raibh na cuir chuige scaipthe ar scoileanna nach raibh páirt glactha acu sa tionscadal.
Rannchuidigh tacaíocht airgeadais an Aontais le digiteáil sna scoileanna ach bhí laigí i leithdháileadh na gcistí
Ní raibh gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú ón Aontas tugtha isteach ar bhealach maith i gcónaí i straitéisí náisiúnta maidir le digiteáil sna scoileanna
42 Le cur chuige straitéiseach agus comhordaithe laistigh de Bhallstáit nó réigiúin maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar scoile, le fhorbairt gairmiúil na múinteoirí agus le hinfhaighteacht ábhair dhigitigh agus coincheapa maidir le teagasc digiteach, meastar go mbeidh tionchar níos mó ar oideachas digiteach a phríomhshruthú i scoileanna. I bhfianaise an mhéid sin, rinneamar scrúdú féachaint an raibh gníomhaíochtaí maoinithe ag an Aontas sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu tugtha isteach ar bhealach maith i straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha atá cothrom le dáta maidir le digiteáil sna scoileanna.
43 Fuaireamar nach raibh gníomhaíochtaí a bhí maoinithe ag an Aontas tugtha isteach ar bhealach maith i gcónaí i straitéisí náisiúnta maidir le digiteáil sna scoileanna. Is é a thugtar de mhíniú air seo freisin ná nach bhfuil aon cheanglais dhlithiúla ann i reachtaíocht an Aontais (nó sa reachtaíocht náisiúnta). I bhfianaise an chomhthéacs sin, tugaimid ar aire nár ceanglaíodh go sainráite le straitéisí um speisialtóireacht chliste, arbh réamhchoiníoll iad do Bhallstáit nó Réigiúin chun cisiú a fháil ón Beartas Comhtháthaithe le haghaidh infheistíochtaí i réimsí na taighde, na forbartha teicneolaíochta agus na nuálaíochta, go mbeadh gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar dhigiteáil sna scoileanna le déanamh25.
44 Sa Ghearmáin, (Nordrhein-Westfalen), áiríodh in Digitalstrategie Schule NRW feistí a thabhairt ar iasacht do mhúinteoirí (maoinithe ar deireadh thiar thall ó RRF) agus do dhaltaí (maoinithe faoi REACT-EU). Ní raibh an t-ardán oideachais náisiúnta a bhí beartaithe agus an tacaíocht d’ionaid barr feabhais (féach Bosca 1), tugtha isteach in aon straitéis digiteála, áfach. Faoi lár 2022, bhí siad fós ina mbhearta aonair chun tacú le digiteáil sna scoileanna, mar gheall nach raibh aon chreat rialachais ann chun a áirithiú gurb iad na Länder, arb iad sin na príomhghníomhaithe san oideachas sa Ghearmáin agus a bhfuil freagracht eisiach acu as oideachas scoile, a bhainfeadh úsáid as na seirbhísí a bhí beartaithe dá scoileanna. Inár dtuairm, d’fhéadfadh sé seo a mbreisluach do scoileanna a laghdú go suntasach.
45 Sa Ghréig agus sa Pholainn, ní raibh tionscadail a bhí maoinithe ag an Aontas, amhail fáil feistí, tugtha isteach i straitéis tiomnaithe maidir le digiteáil sna scoileanna le linn thréimhse 2014-2020. Mar chuid de straitéis ghinearálta chun úsáid modhanna teagaisc nua-aimseartha bunaithe ar ICT a fhorbairt agus a leathnú amach ag gach leibhéal agus cineál oideachais, bhí digiteáil sna scoileanna tugtha isteach ag an gCróit i dtionscadal aonair a thosaigh in 2015, dá bhrí sin á chur ar a cumas cur chuige iomlánaíoch den chuid is mó a bheith aici maidir le digiteáil sna scoileanna. I straitéis na hOstaire chun tacú le digiteáil sna scoileanna, bhí ról lárnach ag gníomhaíochtaí a bhí maoinithe ag an Aontas sa mhéid is gurfeistí a chur ar fáil do dhaltaí a bhí ar ngné ba thábhachtaí ó thaobh airgeadais de sa straitéis sin.
46 Cé go raibh roinnt gníomhaíochtaí san Iodáil maoinithe ó chláir faoi Bheartas Comhtháthaithe 2014-2020 tugtha isteach ar bhealach maith sa Phlean Naisiúnta maidir le Digiteáil sna Scoileanna (féach mír 27), rinne plean gníomhaíochta nua a thacaíonn le straitéis ghinearálta nua maidir le hinniúlachtaí digiteacha tagairt do ghníomhaíochtaí maidir le digiteáil sna scoileanna sa mhéid go raibh siad sin le maoiniú as RRF. Cé go raibh an plean Scoil 4.0 chun scoileanna a fheistiú le seomraí ranga nuálacha glactha ag an Iodáil i mí an Mheithimh 2022, ní raibh a straitéis shonrach maidir le digiteáil sna scoileanna nuashonraithe aige. Mar thoradh air sin, tá easpa sonraíochta ann conas a dhéanfar gníomhaíochtaí atá maoinithe ó RRF a chomhlánú le gníomhaíochtaí eile an Aontais a fuair maoiniú ó chláir foai Beartais Comhtháthaithe 2021-2027, nó le gníomhaíochtaí a maoiníodh go náisiúnta a bhí ag teastáil chun a áirithiú go raibh gníomhaíochtaí a fuair maoiniú ó RRF éifeachtach.
47 Chuir an Ghréig, a bhfuil sé beartaithe aici infheistíochtaí substainteacha a dhéanamh i ndigiteáil sna scoileanna atá le maoiniú ó RRF go dtí 2025 (féach Iarscríbhinn I) straitéis uileghabhálach ar fáil in 2021 maidir le claochlú digiteach na sochaí agus an gheilleagair (‘An Bíobla don Chlaochlú Digiteach 2020-25’) a chlúdaíonn oideachas agus scoileanna freisin. Faoi 2022, áfach, ní raibh ach neasmheastachán den bhuiséad ann a bhí ag teastáil le haghaidh gníomhaíochtaí chun na bearta atá maoinithe ag RRF a chomhlánú, agus ní raibh tosaíochtaí san earnáil oideachais aistrithe ina bpleananna gníomhaíochta nithiúla ag an aireacht ábhartha.
48 Sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu, is iondúil gur idirghabhálacha aonair (seachas an Chróit) a bhí i ngníomhaíochtaí a bhí maoinithe ag an Aontas, amhail fáil feistí do mhúinteoirí nó do dhaltaí, nó oiliúint do mhúinteoirí. De bhrí nach bhfuil comhtháthú leordhóthanach i straitéisí ábhartha náisiúnta nó réigiúnacha, fágtar go bhfuil baol níos mó ann go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach ilroinnte, rud a ndéanfadh dochar don tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu.
Chuir maoiniú ón Aontas ar chumas Ballstáit tacú le digiteáil sna scoileanna, ach amanna ní dhearna siad ach ionadú ar mhaoiniú náisiúnta a bhí leithdháilte cheana féin
49 Tá cistí an Bheartais Comhtháthaithe do 2014-2020 agus tacaíocht ó RRF faoi réir an choinníll nach ngabhfaidh siad ionad caiteachais struchtúraigh comhionainne ag Ballstát, nach n-úsáidtear iad in ionad caiteachais bhuiséadaigh náisiúnta athfhillteacha. Chomh maith leis sin, is dual dóibh a bheith mar mhaoiniú a dhéantar sa bhreis ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais (prionsabal na breisíochta)26. Rinneamar scrúdú dá bhrí sin féachaint an raibh gníomhaíochtaí a bhí maoinithe ag an Aontas maidir le digiteáil sna scoileanna i gcomhréir leis an bprionsabal sin.
50 Inár sampla, thángamar ar ghníomhaíochtaí maidir le digiteáil sna scoileanna sa Ghearmáin (Nordrhein-Westfalen) a cuireadh san áireamh go haisghníomhach i RRP na Gearmáine: go luath in 2020, bhí cinneadh déanta cheana féin ag na húdaráis réigiúnacha na feistí faoi seach do mhúinteoirí a mhaoiniú as an mbuiséad réigiúnach. Déanfar an beart seo a athmhaoiniú anois ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Bhí an cur chuige sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus dá bhrí sin ghlac an Coimisiún leis le linn na caibidlíochta ar RRP na Gearmáine. Mar sin féin, cé go gcomhlíonann sé go foirmiúil prionsabail na breisíochta agus féidearthacht na haisghníomhaíochta mar a leagtar amach sa reachtaíocht27, measaimid nach bhfuil aon bhreisluach intreach ag maoiniú AE tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcás den sórt sin.
Rannchuidigh gníomhaíochtaí atá maoinithe ag an Aontas le digiteáil sna scoileanna ach ní raibh na torthaí a rabhthas ag súil leo ó na bearta atá le maoiniú ó RRF sainithe go soiléir
51 Sna Ballstáit a d’úsáid Cistí an Bheartais Comhtháthaithe chun na scoileanna a dhigitiú, rinneamar scrúdú féachaint ar fhreagair na tionscadail riachtanais iarbhír na scoileanna agus an raibh na haschuir a bhí beartaithe bainte amach acu. Ós rud é, in 2022, nach raibh formhór na mbeart a fuair tacaíocht ó RRF ach ar tí tosú sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu, rinneamar measúnú ar a shoiléire a sainíodh garspriocanna agus spriocanna chun an dul chun cinn a thomhas. Rinneamar measúnú freisin ar na torthaí a rabhthas ag súil leo ó na hinfheistíochtaí. Chomh maith leis sin, rinneamar measúnú ar bhearta aonair sa Ghearmáin (feistí do mhúinteoirí) agus san Ostair (feistí do dhaltaí) sna scoileanna a raibh tairbhe bainte astu cheana féin.
52 Faoi Chistí an Bheartais Comhtháthaithe, ba ghnáth gurb éard a bhí i gceist leis na tionscadail a bhí maoinithe ag an Aontas a ndearnamar athbhreithniú orthu ná gnéithe aonair den digiteáil, amhail trealamh TFC a cheannach, oiliúint a chur ar mhúinteoirí, nó ábhar foghlama digiteacha chur ar fáil do na scoileanna trí ardáin thiomnaithe. Fuair ár n-anailís gur bhain tionscadail an t-aschur a bhí beartaithe amach i bhformhór na gcásanna, ach shainaithníomar roinnt tosca a chuir cosc ar na scoileanna ar thugamar cuairt orthu ón úsáid is fearr a bhaint as tacaíocht ón Aontas (féach Bosca 3).
Samplaí de thosca a chuir cosc ar na torthaí is fearr a bhaint amach i dtionscadail a fuair maoiniú ag an Aontas
Sa Ghréig agus san Iodáil, chuir luasanna nascachta íseal agus líonraí nach raibh leormhaith i bhfoirgnimh scoileanna cosc ar go leor scoileanna ón úsáid is fearr a bhaint as trealamh a bhí maoinithe ag an Aontas, go háirithe i gcás feidhmchláir néalríomhaireachta nó ardáin oideachais. D’eagraigh an dá Bhallstát oiliúint thiomnaithe TFC do mhúinteoirí le tacaíocht ón Aontas, ach níor sheas sé sin ach do sciar measartha beag de na múinteoirí ar fad. Mar thoradh air sin, cheap an chuid is mó de scoileanna a bhí ag freagairt dár suirbhé go raibh gá as cuimse fós le múinteoirí a bheith inniúil agus muiníneach ó thaobh cúrsaí digiteacha de.
Sa Pholainn, mar a bhí sa Ghréig, bhain an chuid is mó de scoileanna úsáid go rialta as ábhar foghlama digiteach a bhímaoinithe ag an Aontas. Mar gheall ar shrianta buiséid, áfach, bhí easpa feistí feiliúnacha ag daltaí chun an t-ábhar a úsáid go héifeachtach sa rang, go háirithe lasmuigh de cheachtanna tiomnaithe TFC. Sa dá Bhallstát, níor ligeadh do dhaltaí a bhfeistí féin a thabhairt isteach i bhformhór na scoileanna ach oiread, cé gur fios go méadaíonn sé sin an úsáid a bhaineann daltaí astu chun críche staidéir. Os a choinne sin, mar chuid de straitéis digiteála na hIodáile, mhol an aireacht ábhartha do na daltaí a bhfeistí féin a thabhairt isteach ar scoil.
53 I gcás ina n-úsáideann Ballstáit RRF chun na scoileanna a dhigiteáil, is iondúil go ndéantar ionchur nó aschuir, amhail méideanna a infheistíodh, feistí a fuarthas, nó líon na múinteoirí ar cuireadh oiliúint orthu, a lua i ngarspriocanna agus spriocanna a bhfuil orthu iad a chomhlíonadh go sásúil ar mhaithe le heisíocaíocht tacaíochta RRF a fháil. Fuair ceann eile dár n-iniúchtaí nach raibh soiléireacht ag roinnt garspriocanna agus spriocanna, nár clúdaíodh gach príomhchéim, agus go dtomhaiseann siad aschur seachas tionchar28. De réir nádúr na dtáscairí tionchair, bíonn tréimhse ama ionchasach níos faide acu – rud nach bhfuil oiriúnach go maith don tráthchlár teoranta atá ag gabháil le cur chun feidhme RRF. Trí tháscairí tionchair a sheachaint, áfach, cuirtear teorainn mhór leis an bhféidearthacht measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na mbeart. San iniúchadh seo, freisin, fuaireamar samplaí de laigí i sainmhíniú na ngarspriocanna agus na spriocanna, rud nár thagair do thorthaí a rabhthas ag súil leo maidir le digiteáil sna scoileanna. Dá réir sin, is féidir eisíocaíocht iomlán as cistí a dhéanamh le Ballstáit , fiú más drochthorthaí a bhíonn bainte amach nó fiú mura mbaintear amach torthaí ar bith i scoileanna ag an gcéim sin (féach Bosca 4).
Tá doiléire sna torthaí a bhfuiltear ag súil leo do na bearta a mhaoinítear ó RRF i scoileanna
San Iodáil agus san Ostair, bhí athchóiriú ar earnáil an oideachais i gceist freisin leis na bearta atá sna RRPanna náisiúnta atá dírithe ar “an tairiscint seirbhísí oiliúna a neartú ó naíolanna go dtí an ollscoil” (an Iodáil), nó “rochtain chothrom agus chomhionann ar bhunscileanna digiteacha do gach mac léinn meánscoile íochtaraí” (an Ostair). Tá an dul chun cinn iarbhír ó thaobh an oideachais dhigitigh atá le baint amach ag na scoileanna doiléir fós, áfach ar leibhéal na ngarspriocanna agus na spriocanna atá sainithe do na bearta seo
Sa Ghearmáin, tá eisíocaíocht iomlán tacaíochta don bheart a bhaineann le feistí a thabhairt do mhúinteoirí ag brath ar fheabhas ar an mbonneagar digiteach atá ar fáil agus ar úsáid na meán digiteach i scoileanna a bheith tugtha faoi deara (féach Iarscríbhinn IV). Níl sé soiléir fós, áfach, cad iad na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón infheistíocht.
Sa Ghréig, tá 11 fhothionscadal (gníomhaíocht) ar an leibhéal náisiúnta i gceist leis an mbeart infheistíochta chun scoileanna a dhigitiú, ag dul ó threalamh idirghníomhach do scoileanna, oiliúint do mhúinteoirí agus feistí do dhaltaí agus do mhúinteoirí go dtí forbairt ionad nuálaíochta agus seirbhísí digiteacha do scoileanna agus ollscoileanna. Ba cheart straitéis athchóirithe chuimsitheach a bheith ag gabháil leis an mbeart chun curaclam a thabhairt cothrom le dáta, chun seirbhísí a réasúnú agus faireachán a dhéanamh ar thorthaí oideachais. Chun an tacaíocht (sprioc don chríochnú) a eisíoc go hiomlán áfach, ní mór don Ghréig ar a laghad 36 000 córas foghlama idirghníomhach amhail cláir bhána, ríomhairí glúine, nó teilgeoirí idirghníomhacha do sheomraí ranga i mbunscoileanna agus i meánscoileanna a shuiteáil faoi dheireadh 2024, cé nach bhfuil ansin ach ceann amháin den iliomad fothionscadal atá ann chun feabhas a chur ar an oideachas digiteach atá á mhaoiniú ó RRF.
54 Faoi RRF, eisíoctar tacaíocht ón Aontas nuair a dhéanann na Ballstáit na spriocanna agus na garspriocanna atá shainmhínithe sa Chinneadh Cur Chun Feidhme maidir le RRP náisiúnta faoi mar atá glactha ag an gComhairle a chomhlíonadh go sásúil. I gcás infheistíochtaí atá maoinithe ag RRF maidir le digiteáil sna scoileanna, is iondúil go ndearna Ballstáit meastachán ar na méideanna a cuireadh isteach sa RRP trí úsáid a bhaint as sonraí ó ghníomhaíochtaí comhchosúla san am a caitheadh nuair a bhí sonraí den sórt sin ar fáil, cé – mar gheall ar phráinn na hionstraime – nach ndearnadh anailísí costais is tairbhe sula gcuirfí san áireamh iad sa RRP. Le linn na gcaibidlíochtaí sin do na RRPanna náisiúnta, rinne an Coimisiún ansin na meastacháin sin a sheiceáil agus a bhailíochtú29.
55 I gcodarsnacht le foirmeacha eile de thacaíocht ón Aontas, faoi RRF is féidir le costais iarbhír na mbeart atá le seasamh ag na Ballstáit a bheith níos airde nó níos ísle ná na méideanna a áirítear sa RRP náisiúnta30. In dhá Bhallstát, fuaireamar go raibh na meastacháin costais do dhá bhearta atá á gcur chun feidhme cheana féin i bhfad níos airde ná na costais iarbhír a tabhaíodh le linn an chur chun feidhme (féach Bosca 5). Baineann an Coimisiún úsáid as na meastacháin costais sin chun an rannchuidiú airgeadais leis na Ballstáit a leagan síos31.
Samplaí de chostais infheistíochta a bhí i bhfad níos ísle do bhearta atá maoinithe ag RRF agus a thacaíonn le digiteáil sna scoileanna
Sa Ghearmáin, tacaíonn RRF le hardán náisiúnta oideachais dhigitigh a bhunú. Nuair a rinne an Coimisiún measúnú ar an RRP náisiúnta, ba é scóip an ardáin ná ‘éiceachóras limistéir oideachais’ a chruthú. Ós rud é nach raibh aon fhasach ag an infheistíocht a bhí beartaithe, níor measadh, dá bhrí sin, na costais a bhaineann leis an tionscadal €630 milliún ach amháin i dtéarmaí ginearálta agus gan an aireacht ábhartha a bheith in ann na tairbhí a bhaineann le hardán den sórt sin a chainníochtú. Faoi thráth ár gcuairte i mí Aibreáin 2022, mheas an aireacht gur lú ná €500 milliún na costais, gan cáin bhreisluacha (CBL) a chur san áireamh. Tá sé sin i bhfad níos ísle ná an €529 milliún a mheastar a bheith ag an nGearmáin mar ghlanchostas CBL don bheart sin le linn a caibidlíochta leis an gCoimisiún.
San Iodáil, mar chuid den infheistíocht €261 mhilliún, sheol an aireacht ábhartha nós imeachta tairisceana poiblí chun níos mó ná 9 900 scoil a nascadh leis an idirlíon gigighiotáin agus rinne sí creatchonarthaí ar fiú €166 mhilliún san iomlán iad a dhámhachtain ar cheithre chonraitheoir. Tá sé sin €18 milliún níos lú ná na costais a mheas an aireacht ábhartha don chéim seo den nós imeachta. Ina theannta sin, áirítear san infheistíocht iomlán atá beartaithe €41 mhilliún i CBL freisin, ar ioncam náisiúnta é seachas costas atá le seasamh ag an mBallstát. Sna seiceálacha ex ante a rinne an Coimisiún ar na meastacháin costais don bheart seo nuair a bhí an RRP náisiúnta á chaibidliú acu, níor aimsíodh cásanna de CBL a bheith curtha sna áireamh.
Ciallaíonn an chaoi a bhfuil RRF deartha gurb ionann na méideanna iomarcacha nach gcaitear ar bheart agus tacaíocht bhuiséadach de facto don Bhallstát atá i gceist.
Ní raibh baint leordhóthanach ag scoileanna le riachtanais a bhunú, rud a laghdódh an tionchar atá ag cistiú ón Aontas
56 Ní féidir straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha maidir le digiteáil sna scoileanna a úsáid ach mar thúsphointe chun a shainiú cad ba cheart do scoileanna a bhaint amach agus cad go sonrach atá ag teastáil ó na scoileanna sin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaí riachtanais scoileanna a chinneadh ag leibhéal iomchuí, agus d’fhonn torthaí foghlama níos fearr a bhaint amach do dhaltaí. Chuige sin, rinneamar scrúdú ar cé chomh maith a rinne na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu riachtanais na scoileanna a chur san áireamh nuair a bhí na tionscadail a fuair maoiniú ón Aontas á sainiú acu.
57 Tá éagsúlacht mhór sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu maidir leis an gcaoi ar féidir le scoileanna a riachtanais maidir leis an digiteáil a chur in iúl. Mar shampla, sa Ghearmáin, tá údaráis áitiúla scoile freagrach as a scoileanna a nascadh agus iad a fheistiú le feistí, agus sainíonn an Land faoi seach an beartas oideachais, íocann siad tuarastail múinteoirí, agus cuireann siad oiliúint ar fáil dóibh. Sa Chróit, tá aon eintiteas poiblí amháin freagrach as bonneagar, chomh maith le hoiliúint a chur ar mhúinteoirí in TFC agus bogearraí a sholáthar d’ábhar foghlama digiteach i scoileanna poiblí. San Iodáil, tá leibhéal áirithe neamhspleáchais ag scoileanna maidir le trealamh agus seirbhísí a cheannach, agus tá an Aireacht Oideachais freagrach as oiliúint do mhúinteoirí agus tacaíocht eile a eagrú.
58 Fuaireamar nach raibh baint leordhóthanach i gcónaí ag scoileanna leis an bpróiseas fála chun a gcuid riachtanas a chur in iúl, nó nárbh fhéidir leo cur chuige straitéiseach a ghlacadh i leith an oideachais dhigitigh. Dá bhrí sin, féadfaidh tionscadail a fhaigheann maoiniú ón Aontas a spriocanna a bhaint amach agus rannchuidiú le forbairt dhigiteach scoileanna, ach tá siad fós ilroinnte agus níl aon tionchar suntasach acu ar dhigitiú na scoileanna ina n-iomláine (féach Bosca 6).
Laigí i ndáil le riachtanais scoileanna a bhunú
Sa Ghearmáin (Nordrhein-Westfalen), lean leithdháileadh cistí ar Länder le haghaidh feistí nuar ar iasacht do mhúinteoirí eochair dáilte náisiúnta bunaithe ar a n-ioncam cánach agus ar a ndaonra, ach ní ar líon na múinteoirí a raibh feiste nua ag teastáil uathu i ndáiríre. Níor chuir údaráis scoile riachtanais múinteoirí san áireamh i gcónaí freisin ar bhealach sách maith nuair a bhí feistí á bhfáil acu: ag dhá cheann de na ceithre scoil ar thugamar cuairt orthu, ní raibh na feistí nua comhoiriúnach leis an trealamh a bhí ann cheana, ní raibh cead ag múinteoirí na bogearraí a bhí ag teastáil uathu le haghaidh teagaisc a shuiteáil, nó ní raibh na feistí oiriúnach chun tascanna riaracháin a dhéanamh. Dá bhrí sin, lean na múinteoirí de bheith ag baint úsáid as feistí príobháideacha.
Sa Ghréig, ba í an aireacht ábhartha a bhainistigh fáil an trealaimh TFC go lárnach. In 2016 agus 2017, bhí ar scoileanna a riachtanais maidir le trealamh TF a chur in iúl, ach níor eisigh an aireacht treoraíocht ná níor bhunaigh sí creat foirmiúil chun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa seomra ranga. D’fhág sé sin go raibh sé deacair do scoileanna a fháil amach cén cineál trealaimh ab oiriúnaí dá riachtanais. Mar gheall ar mhoilleanna suntasacha sa phróiseas soláthair, ní bhfuair scoileanna trealamh ach go déanach in 2021 nó bhí siad fós ag fanacht leis in 2022, nuair a bhí athrú tagtha ar a riachtanais agus ar theicneolaíocht an trealaimh cheana féin.
San Iodáil, d’eagraigh an aireacht ábhartha glaonna iomaíocha aonair le himeacht ama, rud a chuir ar chumas scoileanna iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón mBeartas Comhtháthaithe do thionscadal ar leith amhail saotharlann ríomhaireachta nua. Ba é an príomhchuspóir a bhí leis ná buiséad teoranta a dhíriú ar scoileanna a chomhlíonann critéir áirithe amhail a suíomh nó cúlra a gcuid daltaí. Cé gur thug an cur chuige seo aghaidh ar chuspóirí an chláir oibríochtúil, bhí ar scoileanna riachtanas a shonrú agus ‘tionscadal’ a shainiú do gach glao seachas a bheith in ann é a chinneadh ar bhonn cur chuige digiteála straitéisí dá scoil.
Sa Pholainn, mar gheall ar an easpa straitéise uileghabhálaí maidir le digiteáil sna scoileanna, bhí ar scoileanna iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ó fhoinsí éagsúla a bhí maoinithe ón Aontas nó ar an leibhéal náisiúnta.
59 Maidir le cistí an Bheartais Comhtháthaithe, agus sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu, is ag an gCróit amháin a bhí cur chuige lena mbaintear úsáid as tacaíocht ón Aontas laistigh de ghníomhaíocht aonair chun infheistíochtaí i dtrealamh TFC, i bhforbairt ghairmiúil na múinteoirí agus in r-ábhar a chomhordú chun a chur ar chumas gach scoile úsáid a bhaint as modhanna teagaisc agus teicnící nua-aimseartha, mar aon le teagasc nuálach agus cleachtais foghlama ar bhealach córasach. Is iondúil gurb é an míniú a thug na Ballstáit eile ar an ngá foriomlán a bhí le tacaíocht ná go raibh nascacht scoileanna agus scileanna digiteacha faoi bhun an mheáin, mar a léiríodh i staidéir nó meastóireachtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta. Uaireanta, rinne na cláir oibríochtúla tagairt freisin do chuspóirí ardleibhéil amhail líon na ndaoine a d’fhág an scoil go luath a laghdú, nó scileanna múinteoirí agus daltaí i gcoitinne a fheabhsú. I gcásanna mar sin, ba mhinic a bhí gníomhaíochtaí chun tacú le digiteáil comhlánaithe ag gníomhaíochtaí nár bhain le digiteáil, agus ní raibh sé soiléir cad iad na torthaí sonracha a rabhthas ag súil leo a bheadh bainte amach ag scoileanna lena n-iarrachtaí digiteála.
Is iomaí scoil nach mbaineann leas as acmhainneacht an digiteála go fóill
60 Príomhspreagadh chun glacadh le teicneolaíochtaí digiteacha i scoileanna is ea curaclaim agus pleananna oiliúna cuí a spreagann múinteoirí agus daltaí chun teicneolaíochtaí nua a ghlacadh i ngach ábhar scoile. Tá infhaighteacht agus cáilíocht na n-ábhar teagaisc féin mar choinníoll chun scoileanna a dhigiteáil, ach ní dhéanann siad foghlaim níos fearr a ráthú. Ní mór do scoileanna agus múinteoirí dá bhrí sin a bheith in ann na foinsí seo a úsáid chun foghlaim agus teagasc a fheabhsú, go háirithe maidir le TFC san oideachas32.
61 Chun TFC a chomhtháthú i saol laethúil na scoile ar bhonn chomh leathan agus is féidir, tá cur chuige ag teastáil ó scoileanna freisin a thacaíonn le húsáid an oideachais dhigitigh sa rang. Is féidir leis an tacaíocht sin a bheith neamhfhoirmiúil, mar shampla trí chomhairle a chur ar mhúinteoirí faoi na sochair a bhaineann le hoideachas digiteach agus oiliúint go ginearálta, nó trí straitéisí foirmiúla nó ráitis scríofa amhail ‘r-bheartas’ a ghlacadh ar leibhéal na scoile. D’fhéadfadh sé seo cuidiú le scoileanna a riachtanais féin a leagan síos ar bhealach níos fearr freisin.
62 Inár suirbhé, chuireamar ceisteanna ar scoileanna faoin trealamh a bhí ar fáil, an tuairim atá acu faoi scileanna na múinteoirí agus teicneolaíochtaí digiteacha á n-úsáid acu i bhfoghlaim agus teagasc, agus cén áit ar cheap siad go raibh an gá is mó le gníomhaíocht fós. De réir na bhfreagraí a fuaireamar, baineann beagnach gach scoil a d’fhreagair an suirbhé úsáid as feistí digiteacha i mbealach amháin nó bealach eile. Tugtar le fios sna freagraí, áfach, go bhfuil difríochtaí suntasacha fós ann maidir le cainníocht agus cáilíocht an trealaimh atá ar fáil do scoileanna, cé chomh maith is a mheastar go bhfuil múinteoirí á n-ullmhú don teagasc digiteach, agus cé chomh minic agus cén áit a mbaintear úsáid as an teagasc digiteach (féach Iarscríbhinn III).
63 Cé go raibh ceachtanna TFC éigeantach tugtha isteach ag na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu do ranganna áirithe, nó ar a laghad go raibh sé beartaithe acu é sin a dhéanamh, dúirt go leor scoileanna a d’fhreagair ár suirbhé, lasmuigh de cheachtanna TFC tiomnaithe, go mbaineann níos lú ná aon trian de dhaltaí úsáid as feiste dhigiteach le na haghaidh na foghlama ar scoil ar a laghad uair amháin sa tseachtain. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil úsáid TFC comónta in go leor scoileanna i ngach ábhar go fóill (féach Fíor 7).
Fíor 7 – Sciar de dhaltaí a úsáideann feiste dhigiteach lasmuigh de cheachtanna TFC tiomnaithe
Foinse: Suirbhé CIE.
64 Maidir le cláir oibríochtúla 2014-2020 nó na RRPanna náisiúnta a scrúdaíomar, níor chuir siad de cheangal ar scoileanna a bhaineann tairbhe as tacaíocht ón Aontas straitéisí nó coincheapa a chur i bhfeidhm chun úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí digiteacha a áirithiú chun críocha teagaisc.
65 Sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu, is í an Ostair an t-aon tír amháin a chuireann ceangal dleathach ar scoileanna, a bhí rannpháirteach sa bheart atá maoinithe ó RRF chun feistí digiteacha a thabhairt dá ndaltaí, chun plean forbartha agus cur chun feidhme a bhunú a thacódh le hoideachas trí úsáid a bhaint as TFC agus meán digiteach ar mhaithe le cuspóirí agus gníomhaíochtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a shainiú33. Ní raibh aon fhaisnéis ag an aireacht ábhartha a bhí cothrom le dáta faoin méid scoileanna a raibh an ceanglas dlíthiúil seo comhlíonta acu, áfach.
66 Sa Ghearmáin, chuir an aireacht réigiúnach oideachais i Land Nordrhein-Westfalen creat tagartha ar fáil do scoileanna maidir le cáilíocht na scoile, agus bhí coincheapa na meán digiteach éigeantach i scoileanna in 2018 d’fhonn glacadh modhanna teagaisc digiteacha a phríomhshruthú. San Iodáil, mar gheall go príomha ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar scoileanna, d’iarr an Aireacht Oideachais ar scoileanna in 2020 plean a ghlacadh maidir le teagasc digiteach a thabhairt isteach. Sa Ghréig, d’fhéadfadh scoileanna rogha a dhéanamh scileanna digiteacha a thabhairt isteach ina bpleananna forbartha ar bhonn deonach.
67 D’iarramar ar scoileanna dá bhrí sin an raibh straitéis fhoirmiúil (nó coincheap) acu maidir le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun críocha teagaisc. D’fhéadfadh bonneagar TF scoile atá ann cheana agus atá inmhianaithe, oiliúint leanúnach TFC do mhúinteoirí, feistí digiteacha a úsáid go feasach, ardáin agus ábhar foghlama digiteach a úsáid chun críocha teagaisc, nó cibearshlándáil a bheith i gceist leis na coincheapa sin. Bhí na coincheapa sin i bhfeidhm ag ar a laghad leath de na scoileanna a d’fhreagair ár suirbhé (féach Fíor 8).
Fíor 8 – Sciar de na scoileanna ag a bhuil straitéis fhoirmiúil nó coincheap maidir le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun críocha teagaisc
Foinse: Suirbhé CIE.
68 Tugann ár n-anailís ar fhreagraí an tsuirbhé le tuiscint freisin go mbaineann scoileanna nach bhfuil aon r-beartas i bhfeidhm acu úsáid níos lú as TFC i gcaitheamh a dteagaisc. Inár dtuairim, cuireann sé seo béim ar an tábhacht atá le cuir chuige foirmiúla ag scoileanna maidir le hacmhainneacht digiteála a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí is féidir.
Ní dhéanann ach líon beag Ballstát measúnú ar na torthaí atá bainte amach acu le tacaíocht airgeadais ón Aontas maidir le digiteáil sna scoileanna
69 Ní críoch ann féin é digiteáil scoileanna, ach is próiseas oscailte í chun tacú le forbairt scileanna daltaí agus chun torthaí foghlama a fheabhsú. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é feistí a fháil nó oiliúint a chur ar mhúinteoirí chun scoileanna a dhigiteáil go héifeachtach, ach ní léiríonn siad sin iontu féin cáilíocht an oideachais dhigitigh i scoileanna. Trí fhaireachán a dhéanamh ar phróiseas na digiteála, is fusa a bheidh sé a fháil amach an bhfuil na hacmhainní a úsáidtear éifeachtach chun torthaí a bhaint amach do dhaltaí. Tá faireachán agus meastóireacht ábhartha freisin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar na tacaíochta ón Aontas34. Ar an gcúis sin, scrúdaíomar an raibh nósanna imeachta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhí déanta ag scoileanna san oideachas digiteach le cabhair ó chistí an Aontais.
70 Ó 2013 i leith, tá tacaíocht tugtha ag an gCoimisiún don Staidéar Idirnáisiúnta ar Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise, ina ndéantar measúnú ar an eolas a bhíonn ag daltaí agus ag múinteoirí ar TFC i dtíortha áirithe ar fud an domhain gach cúig bliana. Ba iad na Ballstáit de chuid an Aontais a ghlac páirt sa staidéar is déanaí a bhí ar fáil (2018) ná an Danmhairg, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg, an Phortaingéil agus an Fhionlainn. Déanfar an chéad staidéar eile in 2023.
71 Idir an dá linn, níl sonraí cuimsitheacha ag an gCoimisiún maidir leis na méideanna foriomlána a chaitear ar dhigiteáil sna scoileanna. Ós rud é nach cuspóir téamach sainráite de chuid Chistí an Bheartais Comhtháthaithe iad an t-oideachas digiteach nó digiteáil sna scoileanna le linn thréimhse 2014-2020, ní raibh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit sonraí den sórt sin a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún. Chomh maith leis sin, ní dhéanann an Coimisiún faireachán go sonrach ar an ranníocaíocht de chistiú ón Aontas a chaitear ar oideachas digiteach.
72 Ní raibh aon cheanglas ann ach oiread go ndéanfadh na Ballstáit sin a úsáideann cistí an Aontais le haghaidh digiteáil sna scoileanna measúnuithe sonracha ar an dul chun cinn atá déanta ag scoileanna san oideachas digiteach le cabhair ó chistí an Aontais. Bhí na táscairí a raibh sé de cheanglas ar na Ballstáit iad a shainiú chun críche faireachán a dhéanamh ar aschur agus ar thorthaí na gclár oibríochtúil faoi Chistí an Bheartais Comhtháthaithe35 dírithe ar an tosaíocht infheistíochta ina hiomláine. Bhí na táscairí sin ar leibhéal ró-ard chun faisnéis a chur ar fáil faoin dul chun cinn a bhí déanta ag scoileanna ó thaobh na digiteála de, nó go raibh siad teoranta do ghníomhaíochtaí aonair amhail céatadán na múinteoirí a raibh cúrsaí oiliúna curtha i gcrích acu chun a scileanna digiteacha a fheabhsú.
73 Ar an gcaoi chéanna, mar gheall ar chineál sealadach RRF, níor iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a bhí ag úsáid RRF go ndéanfaidís garspriocanna faireacháin agus meastóireachta a áireamh ina RRPanna ná meastóireacht a dhéanamh ar na bearta chun tacú le digiteáil sna scoileanna. Dá bhrí sin, ní cheanglaítear go ginearálta ar na Ballstáit a mheas an bhfuil feabhsuithe iarbhír ar an oideachas digiteach ann mar thoradh ar na bearta a mhaoinítear faoi RRF.
74 Fuaireamar sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu gur ag an gCróit agus ag an Iodáil amháin a bhí cur chuige i bhfeidhm chun faireachán córasach a dhéanamh ar dhul chun cinn na digiteála sna scoileanna a faigheann tacaíocht ón Aontas (féach Bosca 7).
Samplaí d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le digiteáil sna scoileanna
San Iodáil, thug an Aireacht Oideachais córas faireacháin isteach (an Fhaireachlann don Scoil Dhigiteach) ina n-úsáideann sí ardán tuairiscithe dhigitigh gach bliain chun sonraí cainníochtúla a bhailiú maidir le nascacht foirgneamh scoile, úsáid feistí agus trealaimh teicneolaíochta, agus scileanna digiteacha na ndaltaí.
Sa Chróit, mar cheann de phríomhthorthaí an tionscadail maidir le digiteáil scoileanna na Cróite atá maoinithe ag Cistí an Bheartais Comhtháthaithe, déanann na húdaráis náisiúnta faireachán ar ríomhaibíocht na scoileanna a chuirtear in iúl ar chúig leibhéal. Is scoileanna lánaibí digiteacha iad na scoileanna sin a bhfuil ardleibhéal comhtháthaithe TFC acu nuair nach bhfuil úsáid TFC ag brath a thuilleadh ar dhíograis daoine aonair, ach ar chur chuige córasach. Baineann an faireachán seo úsáid as sonraí ó fhéinmheasúnuithe a dhéanann na scoileanna, agus as meastóireachtaí seachtracha ó 151 scoil a bhí rannpháirteach sa chéad chéim den tionscadal.
75 I mBallstáit eile, ní dhearnadh faireachán de ghnáth ar thorthaí ach amháin le haghaidh tionscadail aonair, agus ní raibh socruithe ann maidir le meastóireacht a dhéanamh go rialta ar thionchar na mbeart a fhaigheann maoiniú ón Aontas maidir le hoideachas digiteach. Bíonn sé dúshlánach dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir tacaíocht ón Aontas feabhas ar dhigiteáil sna scoileanna.
Níl ach cúpla scoil ann atá in ann úsáid a bhaint as nascacht ghigighiotáin
Tá an nascacht iarbhír in go leor scoileanna fós íseal
76 Is réamhriachtanas é go mbeadh fáil ar naisc idirlín thapa agus ar líonraí idirlín i scoileanna ionas go mbeifear in ann trealamh úrscothach TF a úsáid. Dá bhrí sin, scrúdaíomar an ndearna na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu sprioc straitéiseach 2025 maidir le nascacht ghigighiotáin mar atá leagtha síos ag an gCoimisiún a aistriú ina straitéisí náisiúnta nó ina gcur chuige náisiúnta chun a scoileanna uile a nascadh faoi 2025, agus an gcuireann nascacht iarbhír na scoileanna ar a gcumas úsáid mhaith a bhaint as TFC.
77 Cé go ndéanann an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn ginearálta i dtreo cuspóirí nascachta do theaghlaigh ar leibhéal an Aontais tríd an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, níl ach faisnéis theoranta aige maidir le nascacht iarbhír na scoileanna, agus ní dhéanann sé faireachán sonrach air. Rinne na Ballstáit uile ar thugamar cuairt orthu faireachán ar an dul chun cinn foriomlán maidir le nascacht dá scoileanna, ach thugamar roinnt deacrachtaí faoi deara i ndáil le measúnú a dhéanamh ar nascacht iarbhír sa Ghearmáin, san Ostair agus sa Pholainn. Sa Ghearmáin (Nordrhein-Westfalen), bhí an fhaisnéis maidir le nascacht iarbhír bréagnaitheach. Rinne an aireacht réigiúnach suirbhé ar scoileanna go rialta, ach bhí éagsúlacht mhór idir sonraí na haireachta agus na sonraí a bailíodh ar leibhéal na cónaidhme ó sholáthraithe seirbhíse teileachumarsáide. San Ostair, is eolas as dáta a bhí ag na húdaráis, toisc nach raibh suirbhé déanta acu ar na scoileanna ó thús phaindéim COVID-19. Bhí deacrachtaí teicniúla ann freisin ó thaobh seoltaí scoile a mheaitseáil leis na sonraí san atlas leathanbhanda náisiúnta, an phríomhfhoinse faisnéise maidir le hinfhaighteacht ghigighiotáin. Sa Pholainn, bhí níos mó ná 85 % de na scoileanna clúdaithe trí fhaireachán cheana féin, agus bhí sé sin ag méadú de réir mar a bhí dul chun cinn á dhéanamh i scoileanna a nascadh.
78 Níl spriocanna 2025 an Choimisiúin ach dírithe ar naisc ghigighiotáin a bheith ar fáil, ní ar ghlacadh iarbhír na seirbhísí ag scoileanna. Sna Ballstáit atá clúdaithe inár n‑iniúchadh, léirigh na conarthaí le soláthraithe teileachumarsáide nach mbaineann ach sciar beag de na scoileanna a ndearnadh suirbhé orthu úsáid as naisc leathanbhanda ghigighiotáin agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad in ann an úsáid is fearr a bhaint as acmhainneacht TFC san oideachas digiteach (féach Fíor 9).
Fíor 9 – Luas íoslódála scoileanna de réir conarthaí le soláthraithe teileachumarsáide
Foinse: Suirbhé CIE.
79 I ngach Ballstát ar thugamar cuairt orthu, thugamar faoi deara freisin go gcuireann bonneagar neamhleor cosc ar go leor scoileanna an úsáid is fearr a bhaint as na naisc atá ar fáil don teagasc. Tá go leor foirgneamh scoile sean, agus ní mór iad a uasghrádú le cáblú líonra cuí agus Wi-Fi i seomraí ranga.
B’fhéidir nach mbeidh sprioc ghigighiotáin 2025 bainte amach ag cuid de na Ballstáit
80 Fuaireamar go raibh cuir chuige éagsúla ag Ballstáit maidir leis an gcaoi gur chuir siad an nascacht ghigighiotáin dá scoileanna chun cinn. Sa Ghearmáin (Nordrhein-Westfalen) bhí sé d’aidhm ag an rialtas réigiúnach gach scoil a nascadh faoi dheireadh 2022. Ní raibh sé beartaithe ag an Ostair ach a scoileanna cónaidhme a nascadh faoi dheireadh 2023, i.e. 10 % de na scoileanna ar fad. Is ar na húdaráis scoileanna áitiúla atá an fhreagracht as scoileanna eile a nascadh; agus d’fhéadfaidís sin a ndícheall nó gan a ndícheall a dhéanamh ó thaobh naisc thapa a fháil do na scoileanna atá faoina sainchúram. Is é atá mar aidhm ag an gCróit agus ag an Iodáil ná foirgnimh scoile a nascadh faoi 2025, leagann a bpróisis soláthair spriocanna síos maidir le hoibreacha a thabhairt i gcrích do lár 2026 amháin. Tá an Ghréig ag dréim le riaracháin phoiblí a nascadh – lena n-áirítear gach scoil – faoi 2027 (féach Fíor 10).
81 De réir an nuashonrú is déanaí ó staidéar ón gCoimisiún maidir le Pleananna Náisiúnta Leathanbhanda in AE-27, níl ach cúpla Ballstát gar do spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip 2020 a bhaint amach, nó a bhfuil na spriocanna sin bainte amach acu cheana féin. Ní raibh na spriocanna sin chomh huaillmhianach agus a bhí an sprioc maidir le Sochaí Ghigighiotáin36. Níor dhírigh an staidéar go sonrach ar scoileanna, ach tháinig sé ar an gconclúid go gcaithfear a n-iarrachtaí a neartú chun na spriocanna maidir le Sochaí Ghigighiotáin a bhaint amach – nó a bheith gar dá bheith bainte amach – faoi 2025. Inár dtuairim, mar gheall ar an easpa dianphleanála straitéisí sna Ballstáit agus easpa clár tiomnaithe chun scoileanna a nascadh le chéile, mar aon le moilleanna i gcur chun feidhme na gclár sin, ní dócha go mbeidh gach scoil san Aontas nasctha leis an idirlíon gigighiotáin faoi 2025.
82 Ní raibh cláir tacaíochta tiomnaithe glactha ach ag ceithre cinn de na sé Bhallstát ar thugamar cuairt orthu (an Ghearmáin, an Iodáil, an Ostair agus an Pholainn) chun dlús a chur le nascacht scoileanna, agus bhí maoiniú ón Aontas chuige sin úsáidte ag an bPolainn roimh 2021. Mar sin féin, san Iodáil, in ainneoin méadú suntasach i líon na bhfoirgneamh scoile a bhí nasctha ó thús an chláir in 2020, bhí moilleanna suntasacha i ndáil leis an gclár a chur chun feidhme i gcuid de na réigiúin – rud a chuir gnóthachan foriomlán sprioc 2025 i mbaol.
Conclúidí agus moltaí
83 Tagaimid ar an gconclúid gur chuidigh na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas le scoileanna ina n-iarrachtaí digiteála, ach bhí easpa béime straitéisí ann ó thaobh an chaoi ar úsáid Ballstáit maoiniú ón Aontas.
84 Is é is aidhm do Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach an Choimisiúin ná tacú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin san oideachas digiteach trí uirlisí a chur ar fáil chun cuidiú le hoideoirí agus oiliúnóirí úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíocht, mar shampla trí scileanna digiteacha ábhartha a fhorbairt agus fianaise agus anailís níos fearr a chur ar fáil. Faoi 2022, áfach, ní raibh straitéisí tiomnaithe ag na Ballstáit go léir ar thugamar cuairt orthu maidir le digiteáil sna scoileanna, agus ní raibh cuspóirí an phlean gníomhaíochta tugtha isteach ina straitéisí ag an gcuid is mó díobh (féach míreanna 25‑29).
85 Cé go raibh scoileanna i gcuid de na Ballstáit rathúil ó thaobh roinnt gnéithe tábhachtacha den phlean gníomhaíochta a ghlacadh, ní raibh go leor scoileanna i mBallstáit eile ar an eolas faoi na gnéithe sin den chuid is mó. Go dtí tús COVID-19, ní raibh digiteáil ina tosaíocht i dtionscadail comhpháirtíochta straitéisí scoileanna a maoiníodh faoi chlár Erasmus+: níor thacaigh ach cúpla tionscadal le digiteáil, agus bhí a dtorthaí teoranta, den chuid is mó, do rannpháirtithe díreacha sa tionscadal (féach míreanna 30-41).
Moladh 1 – Gníomhaíochtaí ón Aontas a chur chun cinn faoin bPlean Gníomhaíochta um Oideachas Digiteach ar bhealach níos gníomhaí agus feabhas a chur ar thionchar na gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha
Ba cheart don Choimisiún a gcuid gníomhaíochtaí féin a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí, amhail SELFIE agus Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, mar shampla trí chomhar níos dlúithe le scoileanna, agus feabhas a chur ar thionchar na ngníomhaíochtaí comhpháirtíochta straitéisí maidir le digiteáil sna scoileanna.
Tráthchlár: faoi dheireadh 2024
86 Ní raibh na Ballstáit i gcónaí in ann gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú ón Aontas a áireamh i straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha don digiteáil sna scoileanna, rud a laghdódh an riosca go dtarlódh ilroinnt ar idirghabhálacha a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais agus go bhféadfadh sé cuidiú le tionchar níos mó a bhaint amach. Bhí roinnt Ballstát ann nach raibh a straitéisí nuashonraithe acu do thréimhse 2021-2027, agus nár léir cén chaoi a ndéanfaí gníomhaíochtaí a chomhlánaíonn bearta a fhaigheann maoiniú ón Aontas a chistiú (féach míreanna 42-48).
87 Maidir leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú ón Aontas a scrúdaíodh le haghaidh na hiniúchóireachta seo, chomhlíon siad go foirmiúil prionsabal na breisíochta. Thángamar ar chásanna ina ndearna Ballstát beart a áireamh go cúlghabhálach sa Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta áfach, a cuireadh in ionad an mhaoinithe náisiúnta a leithdháileadh cheana féin sular tháinig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar bun. Cé go bhfuil sé seo i gcomhréir leis an reachtaíocht, ní léirítear aon bhreisluach intreach maidir le cás den sórt sin a mhaoiniú (féach míreanna 49 agus 50).
88 I bhformhór na gcásanna, thug tionscadail a fhaigheann maoiniú ón Aontas a scrúdaíodh le linn na hiniúchóireachta seo na haschuir bheartaithe i gcrích ach bhí tosca ann i gcónaí a chuir cosc ar scoileanna ar thugamar cuairt orthu ón úsáid is fearr a bhaint as maoiniú ón Aontas. I gcás bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, sainaithníodh easnaimh maidir leis an gcaoi ar sainmhíníodh garspriocanna agus spriocanna. Go háirithe, ní dhearnadh tagairt d’aon cheann de na spriocanna ná de na garspriocanna dá dtagraítear sna torthaí a rabhthas ag súil leo agus a raibh na bearta ceaptha a bhaint amach maidir le feabhas a chur ar an oideachas digiteach. Thairis sin, bhí difríocht shuntasach idir na meastacháin chostais a ghlac an Coimisiún le linn na caibidlíochta ar na pleananna náisiúnta le haghaidh dhá bheart a scrúdaíodh don iniúchadh sin agus na costais iarbhír a tabhaíodh le linn an chur chun feidhme, rud a d’fhág go raibh méideanna iomarcacha ann arb ionann iad agus tacaíocht bhuiséadach de facto do na Ballstáit. Ar deireadh, is minic nach raibh baint ag scoileanna lena riachtanais féin a leagan síos ar bhealach leordhóthanach, rud a d’fhéadfadh an tionchar atá ag tacaíocht ón Aontas a laghdú (míreanna 51-59).
89 Baineann beagnach gach scoil úsáid anois as feistí digiteacha ach ní ráthaíonn infhaighteacht trealaimh TFC do scoileanna nó oiliúint thiomnaithe do mhúinteoirí go dtarlóidh foghlaim níos fearr ar bhonn forleathan mura bhfuil aon chur chuige ag scoileanna chun tacú le húsáid an oideachais dhigitigh sa rang. Tá go leor scoileanna fós ag rá nach bhfuil trealamh leordhóthanach acu nó go bhful riachtanais bhreise ann maidir le hoiliúint a chur ar mhúinteoirí, agus tá go leor scoileanna freisin ann a deir nach bhfuil cur chuige foirmiúil glactha acu maidir le TFC a úsáid sa rang. D’fhéadfadh sé sin iad a stopadh ó leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na digiteála (féach míreanna 60-68).
90 Níl sonraí cuimsitheacha ag an gCoimisiún go fóill maidir leis na méideanna foriomlána a chaitear ar dhigiteáil sna scoileanna. Níl ach líon beag Ballstát ann a dhéanann measúnú ar na torthaí atá bainte amach acu le tacaíocht airgeadais ón Aontas chun oideachas digiteach a fheabhsú i scoileanna, de bhrí nach raibh orthu é sin a dhéanamh. Ní raibh táscairí atá sonrach don chlár faisnéiseach, agus ní raibh cur chuige ach ag péire de na sé Bhallstát ar thugamar cuairt orthu maidir le faireachán córasach a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne scoileanna ó thaobh na digiteála de mar gheall ar tacaíocht airgeadais ón Aontas (féach míreanna 69-75).
Moladh 2 – Cistiú ón Aontas a nascadh ar bhealach níos dlúithe le cuspóirí, riachtanais agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo do scoileanna
Ba heart don Choimisiún gníomhaíocht a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun an nasc a neartú:
- dir cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, tacaíocht ón Aontas, agus straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha chun scoileanna a dhigiteáil;
- idir tacaíocht ón Aontas le haghaidh digiteáil sna scoileabnna agus cuspóirí, riachtanais agus torthaí inscálaithe atá sainithe go soiléir do scoileanna.
Tráthchlár: faoi dheireadh 2027
91 In 2016, leag an Coimisiún spriocanna síos do na Ballstáit chun scoileanna a nascadh le hidirlíon gigighiotáin faoi 2025 agus chun a chur ar a gcumas úsáid a bhaint as trealamh TF úrscothach agus bealaí nuálacha múinteoireachta agus foghlama a ghlacadh. Níl ach faisnéis theoranta ag an gCoimisiún maidir le nascacht iarbhír scoileanna agus ní dhéanann sé faireachán sonrach uirthi. Níl ach líon beag scoileanna ann atá in ann úsáid a bhaint as naisc ghigighiotán, agus dá réir sin úsáid níos fearr a bhaint as acmhainneacht TFC san oideachas digiteach (féach míreanna 76-79).
92 Bhí cuir chuige éagsúla ag Ballstáit maidir le nascacht scoileanna a chur chun cinn: bhí cláir thacaíochta náisiúnta tiomnaithe ag cuid acu agus ní raibh aon straitéis shonrach ag Ballstáit eile. Mar gheall nach raibh pleanáil straitéiseach dhian ann agus go raibh moilleanna ann i ndáil le cláir thiomnaithe a chur chun feidhme, ní dócha go mbeidh na scoileanna uile san Aontas in ann sprioc 2025 le haghaidh idirlíon gigighiotáin a bhaint amach (féach míreanna 80-82).
Moladh 3 -Faireachán agus spreagadh a dhéanamh ar spriocanna nascachta a bhaint amach do gach scoil
I ndlúthchomhar le Ballstáit agus réigiúin, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- sásra a bhunú chun sonraí cothrom le dáta a bhailiú go tréimhsiúil chun faireachán a dhéanamh ar nascacht iarbhír na scoileanna, agus chun tuairisc a thabhairt ar an toradh; agus
- Ballstáit a spreagadh chun gach scoil a nascadh le hidirlíon gigighiotáin faoi 2025.
Spriocdháta don chur chun feidhme: faoi dheireadh 2025
Ghlac Seomra II, faoi cheannas Annemie Turtelboom, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag cruinniú a bhí aige an 15 Márta 2023.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Tony Murphy
Uachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I – Bearta atá maoinithe ag RRF le haghaidh digiteáil sna scoileanna
| Ballstát | Comhchuid | Teideal | Buiséad (milliún euro) |
|---|---|---|---|
| An Bheilg | F.2.3 – Snáithín optúil, 5G agus teicneolaíochtaí nua | Feabhas a chur ar nascacht scoileanna (inmheánach), ach freisin ar nascacht na 35 pháirc ghnó sa Vallúin – Réigiún na Vallúine | 70 |
| J.4.1 – Oideachas 2.0 | ‘Digisprong’ an Phobail Phléimeannaigh | 318 | |
| ‘Iompú thart digiteach do scoileanna na Bruiséile’ i Réigiún na Bruiséile | 5 | ||
| ‘Claochlú digiteach oideachais’ Phobal labhartha na Gearmáinise | 5 | ||
| An Bhulgáir | C.1 – Oideachas agus scileanna | Ionaid STEM agus nuálaíocht san oideachas – digiteáil | 122 |
| Poblacht na Seice | 3.1 – Nuálaíocht san oideachas i gcomhthéacs na digiteála | Cur chun feidhme an churaclaim athbhreithnithe agus scileanna digiteacha na múinteoirí | 22 |
| Trealamh digiteach do scoileanna | 169 | ||
| An Ghearmáin | 3.1 –Digiteáil an oideachais | Feistí ar iasacht do mhúinteoirí | 420 |
| Ardán oideachais náisiúnta | 529 | ||
| Ionaid barr feabhais oideachais | 172 | ||
| An Eastóin | 3 – Stát digiteach | Tógáil líonraí leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta lena n-áirítear scoileanna | 24 |
| Éire | 2 – Dlús a chur le hathchóirithe digiteacha agus leis an gclaochlú digiteach agus iad a leathnú | Clár chun bonneagar digiteach agus cistiú do scoileanna a chur ar fáil | 64 |
| An Ghréig | 3.2 – Oideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint, agus scileanna | Claochlú digiteach an oideachais | 365 |
| An Spáinn | 3.1 – Nuálaíocht san oideachas i gcomhthéacs na digiteála | Claochlú digiteach an oideachais | 1 412 |
| An Fhrainc | C.7 – Digiteáil an Stáit, na gcríocha, na bhfiontar agus an chultúir | Uasghrádú digiteach ar riarachán an chórais oideachais | 35 |
| Leanúnachas oideachais: claochlú digiteach scoileanna | 131 | ||
| An Iodáil | 1.2 – Naisc idirlín thapa (Leathanbhanda agus 5G) | Scoileanna nasctha | 261 |
| 4.1 – Soláthar seirbhísí oideachais a neartú: ó naíolanna go hollscoileanna | Teagasc digiteach agus oiliúint dhigiteach chomhtháite maidir leis an gclaochlú digiteach d’fhoireann na scoile | 800 | |
| Scileanna nua agus teangacha nua | 1 100 | ||
| Scoil 4.0: scoileanna nuálacha, sreangú, seomraí ranga agus ceardlanna nua | 2 100 | ||
| An Chipir | L.5.1 — Nuachóiriú na gcóras oideachais, uas-sciliú agus athoiliúint | Athchóiriú 2: Múinteoir nua agus córas meastóireachta scoile – digiteach | 0.3 |
| Athchóiriú 4: Claochlú digiteach aonaid scoileanna arb é is aidhm dó scileanna digiteacha agus scileanna a bhaineann le hoideachas STEM a fheabhsú | 13.8 | ||
| An Laitvia | 2 – Claochlú digiteach | Deireadh a chur leis an deighilt dhigiteach d’fhoghlaimeoirí atá leochaileach ó thaobh na sochaí de agus d’institiúidí oideachas | 15 |
| 3 – Laghdú ar an neamhionannas | Forbairt bonneagair agus trealaimh institiúidí oideachais | 31 | |
| An Liotuáin | 3 – Claochlú digiteach ar mhaithe leis an bhfás | Ábhar agus acmhainní oideachais i bhfoirm dhigiteach a tháirgeadh | 20 |
| 4 – Cáilíocht agus oideachas inrochtana don saolré iomlán | Fobheart 6: Claochlú an oideachais dhigitigh | 10 | |
| An Ungáir | C.1 – Déimeagrafaíocht agus oideachas poiblí | Oideachas poiblí iomaíoch a fhorbairt ag baint úsáid as teicneolaíocht an 21ú haois | 391 |
| An Ísiltír | P.4 – Margadh an tsaothair, pinsin agus oideachas atá dírithe ar an todhchaí a neartú | An tSaotharlann Náisiúnta Oideachais don Intleacht Shaorga | 36 |
| Ríomhairí glúine agus táibléid don oideachas ar líne agus don oideachas hibrideach chun caillteanais foghlama a chomhrac agus a mhaolú | 24 | ||
| An Ostair | 2 – Téarnamh digiteach | Feistí úsáideoirí deiridh digiteacha a sholáthar do dhaltaí agus naisc do scoileanna na cónaidhme | 172 |
| An Pholainn | C – Claochlú digiteach | Machaire réidh do scoileanna ina bhfuil feistí ilmheán soghluaiste – infheistíochtaí a bhaineann le comhlíonadh na n-íoschaighdeán trealaimh | 550 |
| R-inniúlachtaí | 184 | ||
| Feistí agus bonneagar TFC leormhaithe a chur ar fáil do scoileanna/institiúidí chun feidhmíocht fhoriomlán an chórais oideachais a fheabhsú | 621 | ||
| An Phortaingéil | C.20 – Scoil dhigiteach | Aistriú digiteach san Oideachas | 500 |
| Oideachas digiteach (na hAsóir) | 38 | ||
| Clár chun dlús a chur le digiteáil oideachais (Maidéara) | 21 | ||
| An Rómáin | C.15 – Oideachas | Clár oiliúna inseirbhíse don fhoireann teagaisc | 80 |
| Trealamh agus acmhainní teicneolaíochta digití a chur ar fáil do scoileanna | 479 | ||
| Scoil ar líne: Ardán measúnaithe agus forbairt ábhair | 79 | ||
| An tSlóivéin | 7 – Claochlú digiteach na hearnála poiblí agus an riaracháin phoiblí | Oideachas, eolaíocht agus spóirt a dhigiteáil | 67 |
| 12 – Inniúlachtaí a neartú, go háirithe inniúlachtaí digiteacha agus na hinniúlachtaí sin atá riachtnach le haghaidh gairmeacha nua agus don aistriú glas | Athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras oideachais don aistriú glas agus don aistriú digiteach – scileanna digiteacha | 1 | |
| Claochlú cuimsitheach (inbhuanaitheacht agus athléimneacht) an oideachais ghlais agus dhigitigh – scileanna digiteacha | 28 | ||
| An tSlóvaic | C.7 – Oideachas don 21ú haois | Ábhar oideachais agus athchóiriú foirne – athchóiriú curaclaim agus téacsleabhar – Tástáil dhigiteach agus uirlisí digiteacha | 20 |
| Múinteoirí a ullmhú agus a fhorbairt le haghaidh ábhar nua agus cineál nua teagaisc – Oideachas múinteoirí digiteacha | 17 | ||
| Bonneagar digiteach i scoileanna | 187 | ||
| Bonneagar digiteach i scoileanna – acmhainneacht riaracháin | 5 | ||
| Iomlán | 11 714 |
Iarscríbhinn II – Scoileanna agus tionscadail ar tugadh cuairt orthu don iniúchadh seo
Foinse: Léarscoileanna Eurostat.
Iarscríbhinn III – Suirbhé Scoile a rinne an Chúirt Iniúchóirí
Cuspóir
Ba é an cuspóir a bhí leis an suirbhé ná faisnéis cothrom le dáta a fháil maidir le nascacht iarbhír scoileanna, ról an oideachais dhigitigh, agus úsáid uirlisí agus gníomhaíochtaí an Aontais sa réimse seo, nach raibh ar fáil ar shlí eile.
Seoladh an tsuirbhé
Rinneamar an suirbhé ar líne idir mí Feabhra agus mí na Bealtaine 2022 trí úsáid a bhaint as EUSurvey, uirlis a chuireann an Coimisiún ar fáil le haghaidh suirbhéanna ar líne. Seoladh an ceistneoir chuig príomhoidí 49 512 scoil i gcúig Bhallstát, ar scoileanna iad a bhíonn ag gabháil don oiliúint orthu le haghaidh leibhéil 1-3 den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas (ISCED), i.e. oideachas bunscoile agus an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach sna meánscoileanna. Is é ISCED an t‑aicmiú idirnáisiúnta tagarmhairc chun cláir oideachais agus cáilíochtaí gaolmhara a eagrú de réir leibhéil agus réimsí atá forbartha ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.
Bhí rannpháirtíocht sa suirbhé deonach agus níor bailíodh aon sonraí pearsanta ná ní dhearnadh meastóireacht orthu.
Thugamar cuireadh d’aireachtaí na mBallstát lena mbaineann an t-iniúchadh seo fógra a thabhairt do scoileanna á rá go raibh an suirbhé le foilsiú. Chuir na húdaráis sa Ghearmáin (Nordrhein-Westfalen), an Ghréig, an Chróit, an Iodáil agus an Pholainn scoileanna ar an eolas faoin suirbhé roimh ré, agus spreag siad rannpháirtíocht ann.
Níor clúdaíodh scoileanna na hOstaire sa suirbhé seo toisc gur chinn na húdaráis náisiúnta gan tacú linn maidir lenár gceistneoirí a sheoladh ar aghaidh chuig a scoileanna.
Ráta freagartha
Ar an iomlán, fuaireamar freagraí bailí ó 16 142 scoil, i.e. ráta foriomlán freagartha de thart ar 33 %. Bhí an ráta freagartha is airde sa Chróit (thart ar 49 %) agus an ráta is ísle san Iodáil (thart ar 26 %).
Príomhcheisteanna suirbhé
- Cad é an luas íoslódála ar do scoil de réir an chonartha leis an soláthraí teileachumarsáide?
- An bhfuil straitéis fhoirmiúil (coincheap) ag do scoil maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun críocha teagaisc?
- Cé acu de na feistí digiteacha seo atá in úsáid ag do dhaltaí chun críocha teagaisc ar scoil?
- An féidir le daltaí ríomhairí glúine nó táibléid atá maoinithe go hiomlán príobháideach a thabhairt leo chuig ceachtanna scoile?
- Ca mhéad de do dhaltaí a úsáideann ríomhairí glúine nó táibléid atá maoinithe go hiomlán príobháideach uair sa tseachtain ar a laghad le linn ceachtanna scoile?
- Cé chomh mór agus a aontaíonn tú gur leor líon na bhfeistí digiteacha atá ar fáil do dhaltaí i do scoil chun críocha teagaisc?
- Cé chomh mór agus a aontaíonn tú gur leor cáilíocht na bhfeistí digiteacha atá ar fáil do dhaltaí i do scoil chun críocha teagaisc?
- Cá mhéad de do dhaltaí a úsáideann feiste dhigiteach (ríomhaire deisce, ríomhaire glúine, táibléad etc.) uair amháin sa tseachtain ar a laghad chun foghlaim ar scoil, seachas a bheith á úsáid le linn ceachtanna tiomnaithe TFC?
- Cé chomh minic a dhéantar na gníomhaíochtaí foghlama digití seo a leanas le linn na gceachtanna?
- An t-idirlíon a chuardach chun faisnéis a bhailiú
- Úsáid a bhaint as clár próiseála focal, scarbhileog nó cur i láthair (e.g. Word, Excel, PowerPoint)
- Feidhmchláir chóid/chlárúcháin, cláir agus/nó róbait
- Úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí agus feistí digiteacha nuair a bhíonn siad ag obair ar thionscadail
- Foghlaim le cláir oiliúna, cluichí, aipeanna agus tráth na gceist ar líne
- Cumarsáid idir múinteoirí agus daltaí, agus i measc daltaí
- Bogearraí agus ardáin oideachais ar líne a úsáid
- An t-idirlíon a chuardach chun faisnéis a bhailiú
- Cén céatadán de mhúinteoirí a úsáideann feistí atá maoinithe go hiomlán príobháideach chun críocha teagaisc i do scoil?
- Cé chomh mór agus a aontaíonn tú gur leor líon na bhfeistí digiteacha atá ar fáil do mhúinteoirí chun críocha teagaisc i do scoil?
- Cé chomh mór agus a aontaíonn tú gur leor cáilíocht na bhfeistí digiteacha atá ar fáil do mhúinteoirí chun críocha teagaisc i do scoil?
- Cé chomh mór agus a aontaíonn tú go bhfuil na scileanna agus an mhuinín is gá ag tromlach na múinteoirí i do scoil in úsáid éifeachtach na dteicneolaíochtaí digiteacha don fhoghlaim agus don teagasc?
- Cá mhéad de do mhúinteoirí a d’fhreastail ar oiliúint maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa rang le dhá scoilbhliain anuas (2019/20 agus 2020/21)?
- Ar an meán, cá mhéad uair an chloig oiliúna a fuair múinteoirí maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa rang le dhá scoilbhliain anuas (2019/20 agus 2020/21?
- Cá bhfeiceann tú an gá is mó le gníomh?
- Feabhas a chur ar luas idirlín na scoile
- Feabhas a chur ar LAN/Wi-Fi gan sreang na scoile (gan teaghrán/gan sreang)
- Feistí digiteacha a fháil do dhaltaí (ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, táibléid)
- (d)Feistí digiteacha a fháil do mhúinteoirí (ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, táibléid)
- Cláir bhána idirghníomhacha agus/nó trealamh seomra ranga eile a fháil
- Ábhar foghlama digití, uirlisí atá furasta le húsáid agus ardáin shlána a fhorbairt
- Oiliúint do mhúinteoirí chun bheith inniúil agus muiníneach go digiteach
- Cúrsaí breise do dhaltaí maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid (e.g. ranganna códúcháin)
- Tacú leis an gcóras oideachais trí fheabhas a chur ar na coinníollacha le haghaidh cianoideachais, go háirithe i dtaca le paindéim COVID-19
- Feabhas a chur ar luas idirlín na scoile
- Cé acu de na huirlisí/ardáin/gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas Eorpach atá ar eolas agat, atá in úsáid agat nó ar ghlac tú páirt iontu?
- (a)SELFIE (Uirlis féinmheasúnaithe le haghaidh scoileanna a bhfuil cumas digiteach acu)
- r-Nascadh (Líonra Oideachais)
- DigComp (Creat Inniúlachta Digití na hEorpa)
- Tairseach Oideachais Scoile (pointe iontrála aonair do mhúinteoirí, ceannairí scoile, lucht déanta beartas, saineolaithe agus gairmithe eile i réimse an oideachais scoile)
- Saotharlann an tSeomra Ranga sa todhchaí (a chuireann an Líonra Scoile Eorpach ar fáil agus lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, meithleacha etc.)
- Saotharlann na Scoileanna Beo
- Haiceatón an Oideachais Dhigitigh
- Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh
- Tionscadail a chuireann comhpháirtíochtaí scoile idirnáisiúnta chun cinn (e.g. malartuithe, comhroinnt eolais)
- (a)SELFIE (Uirlis féinmheasúnaithe le haghaidh scoileanna a bhfuil cumas digiteach acu)
Foinse: Suirbhé CIE.
Iarscríbhinn IV – Spriocanna agus garspriocanna do bhearta RRF a thacaíonn le digiteáil sna scoileanna sna Ballstáit ar thugamar cuairt orthu
| Ballstát | Beart | Garspriocanna agus spriocanna | Amlíne tháscach |
|---|---|---|---|
| An Ghearmáin | 3.1.1 Clár infheistíochta le haghaidh feistí do mhúinteoirí | Garsprioc: Foilsiú an chomhaontaithe riaracháin idir Rialtas Cónaidhme na Gearmáine agus na comhlachtaí rialaithe ar leibhéal na Länder chun an infheistíocht seo a chur chun feidhme. | 3/2021 |
| Sprioc: Eisíocaíocht €475 mhilliún ar a laghad chun trealamh digiteach a sholáthar do mhúinteoirí. | 3/2022 | ||
| Garsprioc: Meastóireacht ar na hathruithe i mbonneagar digiteach agus úsáid na meán digiteach i scoileanna. Deimhnítear i dtuarascáil mheastóireachta an chláir gur thug múinteoirí feabhas faoi deara sa bhonneagar digiteach atá ar fáil agus san úsáid a bhaintear as na meáin dhigiteacha ar scoil. | 4/2025 | ||
| 3.1.2 Ardán Oideachais Náisiúnta | Garsprioc: Teacht i bhfeidhm na dtreoirlínte maoinithe le haghaidh fréamhshamhlacha don ardán oideachais den mheitea-ardán ar an oideachas, chomh maith le tionscadail taighde thras-chomhoiriúnacha, a bhfuil rochtain ag foghlaimeoirí agus múinteoirí orthu. Ag brath ar thoradh na dtionscadal sin, soiléirítear príomhghnéithe shonraíochtaí an tionscadail agus seolfar an nós imeachta soláthair. | 3/2022 | |
| Garsprioc: Seoladh leagan béite an ardáin oideachais, le gach seirbhís agus feidhmeanna a sainaithníodh sa tuairisc fheidhmiúil mar ardtosaíocht ag an Aireacht Chónaidhme Oideachais agus Taighde. Áirítear ar na feidhmeanna seo rochtain ar fhaisnéis, próifíl úsáideora, comhoibriú, bainistíocht sainaitheantais agus rochtana, bota comhrá, sreabhadh oibre, bosca isteach. Beidh iniúchtaí breise slándála agus cosanta sonraí agus lodtástálacha rathúla ag gabháil leis an seoladh. | 9/2023 | ||
| Garsprioc: Tuarascáil mheastóireachta deiridh a fhoilsiú le cinneadh maidir le todhchaí an ardáin oideachais, le measúnú a dheimhníonn gur éirigh leis an tionscadal de réir na gcritéar maidir le faireachán a dhéanamh ar an tionscadal. Beidh rath ar an tionscadal má mholtar leanúint leis an ardán oideachais nó má shuitear go nglacfaidh geallsealbhóirí eile seilbh ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna na bhfréamhshamhlacha agus go leanfaidh siad leo ar bhonn thorthaí an tionscadail. | 9/2024 | ||
| 3.1.3 Ionaid barr feabhais oideachais | Garsprioc: Teacht i bhfeidhm na gcéad threoirlínte maoinithe agus an ghlao ar thairiscintí le haghaidh gníomhaireacht a chuireann tionscadal i bhfeidhm don chlár foriomlán. | 12/2021 | |
| Sprioc: Formheas 45 thionscadal taighde ar a laghad | 9/2022 | ||
| Garsprioc: Teacht i bhfeidhm trí threoirlíne chistiúcháin bhreise | 9/2022 | ||
| An Ghréig | Claochlú Digiteach an Oideachais | Sprioc: Suiteáil 36 000 córas foghlama idirghníomhach ar a laghad (lena n-áirítear cláir bhána, ríomhairí glúine, teilgeoirí idirghníomhacha agus cáblaí inmheánacha) do sheomraí ranga bunscoile agus meánscoile. | 12/2024 |
| An Iodáil | Infheistíocht 3: Naisc idirlín thapa (Leathanbhand sárghasta agus 5G) | Garsprioc: Dámhachtain na gconarthaí poiblí go léir do thionscadail nasctha níos tapúla (lena n-áirítear ‘scoileanna nasctha’). | 6/2022 |
| Sprioc: Nascacht 1 Gbps ar a laghad a chur ar fáil do 9 000 scoil bhreise ar a laghad. | 6/2026 | ||
| Infheistíocht 2.1: Teagasc digiteach agus oiliúint dhigiteach chomhtháite maidir leis an gclaochlú digiteach d’fhoireann na scoile | Sprioc: Oiliúint a chur ar ar a laghad 650 000 bainisteoir scoile, múinteoir agus foireann riaracháin san oideachas digiteach comhtháite agus san aistriú digiteach. | 12/2024 | |
| Infheistíocht 3.1: Scileanna nua agus teangacha nua | Sprioc: Gníomhachtú in ar a laghad 8 000 scoil treoirthionscadail STEM arb é is aidhm dóibh ná an t-ardán náisiúnta digiteach STEM a fhorbairt agus a dhigitiú chun faireachán agus scaipeadh a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar shonraí do gach cineál scoile, d’institiúidí teicniúla agus gairmiúla agus d’ollscoileanna. | 6/2025 | |
| Sprioc: 1 000 cúrsa bliantúil teanga agus modheolaíoch ar a laghad curtha ar fáil do na múinteoirí go léir. | 6/2025 | ||
| Infheistíocht 3.2: Scoil 4.0: scoileanna nuálacha, sreangú, seomraí ranga agus ceardlanna nua | Garsprioc: Plean ‘Scoil 4.0’ chun aistriú digiteach chóras scoile na hIodáile atá glactha ag an Aireacht Oideachais a chothú. | 6/2022 | |
| Sprioc: 100 000 seomra ranga a chlaochú isteach ina dtimpeallachtaí foghlama nuálacha, oiriúnaitheacha agus solúbtha de réir phlean ‘Scoil 4.0’. Tabharfaidh an infheistíocht na teicneolaíochtaí teagaisc uile is nuálaí (amhail códú agus feistí róbataice, feistí fíor-réaltachta agus ardfheistí digiteacha le haghaidh teagasc cuimsitheach) isteach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna chun ia a úsáid le haghaidh teagaisc. | 12/2025 | ||
| An Pholainn | C2.1.2 Machaire réidh do scoileanna ina bhfuil feistí ilmheán móibíleacha – infheistíochtaí a bhaineann le comhlíonadh na n‑íoschaighdeán trealaimh | Sprioc: 465 000 ríomhaire iniompartha nua ar fáil do mhúinteoirí. | 9/2023 |
| Sprioc: 735 000 ríomhaire iniompartha nua ar fáil do dhaltaí. | 9/2025 | ||
| C2.1.3 R-inniúlachtaí | Garsprioc: Lárionad Forbartha um Inniúlachtaí Digiteacha a chruthú (DCDC). | 12/2022 | |
| Sprioc: T1 - 1 500 comhordaitheoir digiteach, ar an meán ceann amháin in aghaidh gach bardais (gmina) sa Pholainn | 6/2023 | ||
| Sprioc: T2 - 2 477 comhordaitheoir digiteach, ar a laghad ceann amháin in aghaidh gach bardais (gmina) sa Pholainn | 9/2025 | ||
| Sprioc: T1 - 190 000 duine breise oilte in inniúlachtaí digiteacha, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach. | 9/2024 | ||
| Sprioc: T2 - 380 000 duine breise oilte in inniúlachtaí digiteacha, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach. | 6/2026 | ||
| C2.2.1 Feistí agus bonneagar TFC leormhaithe a chur ar fáil do scoileanna/institiúidí chun feidhmíocht fhoriomlán an chórais oideachais a fheabhsú | Garsprioc: Comhairliúchán poiblí ar an gcreat lena sainítear na nósanna imeachta maidir le trealamh TFC a dháileadh agus maidir le bonneagar a sholáthar do scoileanna. | 9/2022 | |
| Garsprioc: Creat lena sainítear na nósanna imeachta maidir le feistí TFC a dháileadh agus maidir le bonneagar a sholáthar do scoil. | 6/2023 | ||
| Sprioc: 100 000 seomra ranga i scoileanna a bhfuil nasc Líonra Achair Logánta (LAN) acu. | 9/2025 | ||
| Sprioc: 100 000 seomra ranga i ngairmscoileanna agus in institiúidí oideachais ghinearálta a bhfuil uirlisí TF acu a ligean dóibh cianteagasc a dhéanamh. | 3/2025 | ||
| Sprioc: 16 000 saotharlann Faisnéise Saorga (AI) agus Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (STEM) curtha ar bun i scoileanna. | 9/2025 | ||
| Garsprioc: Digiteáil an chórais scrúdaithe. | 12/2025 | ||
| An Ostair | Athchóiriú: 2.B.1 Rochtain chothrom agus chomhionann ag daltaí ar inniúlacht bhunúsach dhigiteach | Garsprioc: Teacht i bhfeidhm an Achta um Dhigitiú Scoileanna. | 3/2021 |
| Garsprioc: Teacht i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme | 12/2021 | ||
| Garsprioc: Tá meastóireacht an dlí tugtha i gcrích agus foilsithe ag an Aireacht fhreagrach. | 6/2025 | ||
| Infheistíocht: 2.B.2 Soláthar feistí digiteacha úsáideora deiridh do dhaltaí | Garsprioc: Tá an cinneadh dámhachtana maidir leis an tairiscint foilsithe le haghaidh na bhfeistí digiteacha tugtha chun críche agus foilsithe. | 6/2021 | |
| Sprioc: Déanfar seachadadh na bhfeistí don 5ú agus don 6ú grád (an chéad bhliain agus an dara bliain den leibhéal meánscoile íochtaraí) a chur i gcrích. | 12/2021 | ||
| Sprioc: Cuirfear na feistí don 5ú agus don 6ú grád nua i gcrích ionas go mbeidh feiste curtha ar fáil do dhaltaí sna chéad cheithre bliana den mheánscoil. | 12/2023 | ||
| Sprioc: Tá seachadadh na bhfeistí don chéad bhliain den timthriall nua ceithre bliana curtha i gcrích. | 12/2024 |
Foinse: CIE ar bhonn dhoiciméid na Comhairle.
Giorrúcháin
CBL: Cáin bhreisluacha
CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
CSE: Ciste Sóisialta na hEorpa
CSIE: Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa
ISCED: An tAicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas
MTS: Moltaí tírshonracha
NGEU: NextGenerationEU
NRW: Nordrhein-Westfalen
REACT-EU: Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa
RRF: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
RRP: Plean Téarnaimh agus Athléimneachta
TFC: Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide
Gluais
An Seimeastar Eorpach: Timthriall bliantúil a chuireann creat ar fáil maidir le comhordú bheartais eacnamaíocha Bhallstáit an Aontais agus maidir le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Sásra tacaíochta airgeadais an Aontais chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú agus téarnamh a spreagadh, agus fós an claochlú glas agus digiteach a bheith á chur chun cinn.
Beartas comhtháthaithe: Beartas an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm dó éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin agus Ballstáit a laghdú trí chruthú post, iomaíochas gnó, fás eacnamaíoch, forbairt inbhuanaithe agus comhar trasteorann agus idir-réigiúnach a chur chun cinn.
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa: Beartas comhtháthaithe a dhéanann comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas a neartú trí infheistíochtaí a mhaoiniú lena laghdaítear míchothromaíochtaí idir réigiúin.
Ciste Sóisialta na hEorpa: Ciste an bheartais comhtháthaithe chun deiseanna oideachais agus fostaíochta a chruthú agus chun feabhas a chur ar an riocht ina bhfuil daoine atá i mbaol na bochtaineachta. Tá Ciste Sóisialta na hEorpa Plus tagtha ina ionad.
Cistí an bheartais comhtháthaithe: Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil laistigh de chreat Bheartas Comhtháthaithe an Aontais, trí chláir ilbhliantúla, lena gcomhlánaítear idirghabhalacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Is iad Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CRFE) agus Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) na cistí ábhartha don iniúchadh seo.
Clár oibríochtúil: An creat maidir le tionscadail chomhtháthaithe atá cistithe ag an Aontas a chur chun feidhme, ina léirítear na tosaíochtaí agus cuspóirí a leagtar síos i gcomhaontuithe comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.
Digiteáil sna scoileanna: I gcomhthéacs na tuarascála seo, próiseas chun TFC a thabhairt isteach go córasach i dteagasc agus i bhfoghlaim i scoileanna.
Digiteáil: Teicneolaíocht dhigiteach agus faisnéis dhigitithe a thabhairt isteach i bpróisis agus cúraimí.
Éiceachóras an oideachais dhigitigh Bonneagar foghlama agus teagaisc digiteach a thacaíonn le gach gné de chóras oideachais atá claochlaithe go digiteach.
Erasmus+: Clár an Aontais chun tacú le hoideachas, oiliúint, aos óg agus spórt san Eoraip.
Gigighiotán: Aonad tomhais faisnéise digití, arb ionann é agus aon bhilliún giotán.
Idirlíon gigighiotáin: Seirbhís idirlín a chuireann nascluas de 1 ghigighiotán in aghaidh an tsoicind ar fáil.
NextGenerationEU: Pacáiste cistithe chun cabhrú le Ballstáit an Aontais téarnamh ón tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá ag paindéim COVID-19.
REACT-EU: Clár de chuid NextGenerationEU a chuireann cistiú breise ar fáil do chláir den bheartas comhtháthaithe atá ann cheana chun tacú le téarnamh géarchéime, agus claochlú glas agus digiteach á chur chun cinn ag an am céanna.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus dearann an Chúirt Iniúchóirí na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó is féidir acu trí bhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíontacht, ar leibhéal an ioncaim nó an chaiteachais lena mbaineann, ar fhorbairtí atá ar na bacáin agus ar an leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchta II – Infheistíocht maidir le comhtháthú, fás agus cuimsiú, atá faoi cheannas Annemie Turtelboom (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Pietro Russo (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Chiara Cipriani (Ceann na hOifige Príobháidí), Benjamin Jakob (Ataisé na hOifige Príobháidí), Niels-Erik Brokopp (Príomhbhainisteoir), Sven Kölling (Ceann Cúraim), agus Fabio Fattore Marija Grguric, Marina Karystinou, Rene Reiterer agus Angelika Zych (Iniúchóirí). Thug Miłosz Aponowicz, Kyriaki Kofini agus Mark Smith tacaíocht teanga.
Ó chlé go deas: Fabio Fattore, Niels-Erik Brokopp, Benjamin Jakob, Pietro Russo, Sven Kolling, Angelika Zych, Marina Karystinou, Rene Reiterer.
Críochnótaí
1 An Coimisiún Eorpach, 2022.
2 Suirbhé ar Scoileanna: TFC san oideachas: tagarmharcáil a dhéanamh ar rochtain, úsáid agus meoin sa teicneolaíocht i scoileanna na hEorpa, 2013, agus an dara Suirbhé ar Scoileanna TFC san Oideachas, 2019.
3 (2020), Torthaí PISA 2018 (Imleabhar V): Beartais Éifeachtacha, Scoileanna Rathúla, lch. 113, PISA, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.
4 (2020), Ríomhfhoghlaim a neartú nuair atá scoileanna dúnta: Ról na dteaghlach agus na múinteoirí chun tacú le daltaí le linn ghéarchéim COVID-19; Foilsitheoireacht ECFE, Páras.
6 An Coimisiún Eorpach, Córais Oideachais Náisiúnta Eurydice.
7 Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Göteborg, 2017.
8 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir lena rannchuidiú le cruinniú idir Ceannairí in Göteborg, COM(2017) 673, 14 Samhain 2017.
9 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, COM(2018) 22, 17 Eanáir 2018.
10 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Nascacht le haghaidh Margadh Digiteach Aonair Iomaíoch – I dtreo sochaí Ghigighiotáin Eorpach COM(2016) 587, 14 Meán Fómhair 2016.
11 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le clár oibre digiteach don Eoraip, COM(2010) 245, 19 Bealtaine 2010.
12 Airteagal 9, pointí (2) agus (10) de Rialachán (AE) 1303/2013.
14 Rialachán (AE) 2021/1058 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe.
15 Rialachán (AE) 2021/1057 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+).
17 Do liosta de bhearta a shainaithníomar sna RRPanna, féach Iarscríbhinn I.
18 Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.
21 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Nascacht le haghaidh Margadh Digiteach Aonair Iomaíoch – I dtreo sochaí Ghigighiotáin Eorpach COM(2016)587.
22 Tuarascáil Speisialta 12/2018: ‘Leathanbhanda i mBallstáit AE – D’ainneoin an dul chun cinn, ní chomhlíonfar spriocanna uile Eoraip 2020’.
23 Tuarascáil speisialta 21/2022: ‘Measúnú an Choimisiúin ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Iomchuí ar an iomlán, ach tá rioscaí fós ann don chur chun feidhme’.
24 Freagairt ar an gCoróinvíreas Glaonna urghnácha Erasmus+ chun tacú le hullmhacht don oideachas digiteach agus le scileanna cruthaitheacha.
25 Airteagal 19 in éineacht le hIarscríbhinn XI de Rialachan (AE) Uimh 1303/2013.
26 Airteagal 95(2) de Rialachán(AE) Uimh 1303/2013 agus Airteagal 5(4) agus 9 de Rialachán (AE) 2021/241. Féach freisin ár nAthbhreithniú 01/2023: ‘Maoiniú AE tríd an mbeartas comhtháthaithe agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Anailís chomparáideach’, mír 44.
27 Airteagal 9 agus 17 de Rialachán (AE) 2021/241.
28 Tuarascáil speisialta 21/2022: ‘Measúnú ón gCoimisiún ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Iomchuí ar an iomlán, ach tá rioscaí fós ann don chur chun feidhme’, míreanna 82-84, agus 89.
29 Tuarascáil speisialta 21/2022, míreanna 66-72.
30 Athbhreithniú 01/2023, mír 43.
31 Airteagal 20(4) de Rialachán (AE) 2021/241.
32 (2020), Torthaí PISA 2018(Imleabhar V): Beartais éifeachtacha, Scoileanna rathúla, lch. 112, PISA, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.
33 Airteagal 2(1) den dhlí na cónaidhme maidir le digiteáil chóras scoile na hOstaire a mhaoiniú (an Schuldigitalisierungsgesetz).
34 Airteagal 34 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013.
35 Airteagal 27(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
36 Staidéar nuashonraithe ar Phleananna Leathanbhanda Náisiúnta in AE-27, 2021.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: www.eca.europa.eu/en/contact
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023
| ISBN 978-92-847-9883-4 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/64773 | QJ-AB-23-011-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-9915-2 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/50899 | QJ-AB-23-011-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2023
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Fíor 2 – Deilbhíní: Dearadh an fíor seo trí acmhainní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais príobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.
