Bratach an Aontais Eorpaigh

Treoirleabhar Gairid ar an Aontas

Treoirleabhar Gairid ar an Aontas

You can live and work in another EU country. Check the EURES portal for job vacancies and practical advice.

Is féidir leat dul ar scor i dtír AE ar bith (chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua nó an tSualainn) agus do phinsean stáit a fháil ansin.

Is féidir leat staidéar a dhéanamh nó tabhairt faoi chúrsa oiliúna i dtír eile san Aontas. Tá páirt glactha ag breis is 15 mhilliún duine sa chlár Erasmus ó cuireadh tús leis in 1987.

Chuir an tAontas deireadh le táillí fánaíochta in 2017 chun go mbeadh sé níos saoire coimeád i dteagmháil le cairde agus gaolta agus tú ag taisteal ar fud an Aontais. Téann do chuid síntiús digiteach in éineacht leat chomh maith!

Má éiríonn tú tinn agus tú ar cuairt chuig tír eile san Aontas déantar cinnte leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte go mbeidh tú in ann cúram sláinte a fháil arna sholáthar ag an stát. Tabharfar cóir leighis duit faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna leis na daoine atá faoi árachas sa tír sin.

Le moil WiFi4EU i limistéir phoiblí sna mílte pobal áitiúil ar fud an Aontais is féidir leat ceangal leis an idirlíon saor in aisce. Bí ag faire amach don tsiombail seo:

Is féidir leat aon airgeadra amháin – an euro – a úsáid in 20 tír den Aontas.

Is féidir leat é a thógáil go bog agus tú ag taisteal san Aontas. Tá tú cosanta ag sraith fhoriomlán de chearta paisinéara cibé acu an mbíonn tú ag taisteal san aer, ar an iarnród, i long, i mbus nó i gcóiste.

Ní féidir bréagáin a dhíol san Aontas mura gcloíonn siad le dianrialacha sábháilteachta.

Ciallaíonn rialacha an Aontais gur féidir leat earraí a cheannaíonn tú ar líne a chur ar ceal nó a fhilleadh laistigh de 14 lá agus gan gá le fáth ar bith.

Baineann daoine san Aontas tairbhe as cuid de na caighdeáin is déine ar an domhan i gcomhair bia shábháilte agus fholláin.

Bíonn coigiltis bhainc de suas le €100 000 cosanta i gcónaí.

Léigh a thuilleadh faoina ndéanann an tAontas duitse.