Conas is féidir liom bheith páirteach?
Cheana féin, roinn na mílte Eorpach a raibh siad ag tnúth leis sna blianta atá le teacht tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – an ghníomhaíocht chomhairliúcháin ba mhó dá ndearnadh san Aontas riamh. Bhí sraith díospóireachtaí faoi cheannaireacht na saoránach ina príomhghné den chomhdháil, agus táthar ag cur a leithéid ar bun mar ghnáthchleachtas i saol daonlathach an Aontais feasta.
Painéil saoránach Eorpach
150
saoránach
a roghnaítear go randamach ó na
27 mBallstát
ó chúlraí éagsúla
(ó thaobh inscne, aoise, oideachais agus oideachais de agus ó chathracha agus ó cheantair thuaithe araon)
is daoine óga iad aon trian de na rannpháirtithe
(16-25 bliana d’aois)
Tuilleadh eolais faoi phainéil na saoránach Eorpach.

Rannpháirtithe sa Phainéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhFuath sa tSochaí a Chomhrac, an Bhruiséil, an Bheilg, Aibreán–Bealtaine 2024.
Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl freisin trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha gach 5 bliana.
Faigh tuilleadh eolais faoi na toghcháin Eorpacha.
Déanann d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ionadaíocht ar do shon agus ar son do chathrach nó do réigiúin san Eoraip agus caitheann siad vóta ar do shon maidir leis na dlíthe a chuirtear i bhfeidhm ar fud an Aontais.
Faigh amach cé na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar do thír.
Ar smaoinigh tú riamh faoi conas a d’fhéadfaí dlí an Aontais a fheabhsú? Bhuel, is féidir leat cabhrú le rialacha an Aontais a dhéanamh oiriúnach don todhchaí trí mholtaí a dhéanamh faoi conas na dlíthe reatha a shimpliú agus a nuachóiriú. Is féidir leat do chuid tuairimí a roinnt faoi bheartais nua. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de 24 theanga oifigiúil an Aontais.
Cloisimis uait faoi na hábhair atá tábhachtach duitse.
Faoi na tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh, féadann tú a iarraidh ar an gCoimisiún dlí nua a mholadh. Ar dtús beidh ort tacaíocht a fháil le haghaidh do chúise. Nuair a bheidh 1 mhilliún síniú bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cén ghníomhaíocht atá le glacadh. Go dtí seo, tá an líon riachtanach sínithe bailithe le haghaidh naoi dtionscnamh ó na saoránaigh.
Mar thoradh ar an gcéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis, Right2Water, leagadh síos rialacha nua chun sábháilteacht agus cáilíocht an uisce óil a chinntiú chomh maith le rochtain níos éasca air do ghrúpaí leochaileacha. Ní fada go gcuirfear togra chun cinn ar bhonn tionscnamh eile, ‘End the Cage Age’ [Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta], chun deireadh a chur le húsáid na gcásanna le haghaidh ainmhithe feirme áirithe.
Ní fada go gcuirfear togra chun cinn ar bhonn tionscnamh eile, ‘End the Cage Age’ [Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta], chun deireadh a chur le húsáid na gcásanna le haghaidh ainmhithe feirme áirithe.