Bíonn gach rud a dhéanann an tAontas bunaithe ar chonarthaí ina bhfuil na rialacha maidir le feidhmiú an Aontais. D’aontaigh gach tír san Aontas go deonach agus go daonlathach leis na conarthaí sin.
Sonraítear le conarthaí an Aontais cé a fhéadann dlíthe a dhéanamh agus cén réimsí inar féidir amhlaidh a dhéanamh: an tAontas, rialtais náisiúnta nó iad araon. Tá freagracht ar thíortha an Aontais as a gcuid cinntí agus dlíthe féin a dhéanamh i réimsí áirithe den bheartas náisiúnta, mar thionscal, sláinte agus oideachas, agus tugann an tAontas tacaíocht dóibh.
Ina lán réimsí, sonraítear sna conarthaí gur féidir leis an Aontas agus leis na rialtais náisiúnta araon beart a dhéanamh. Sna cásanna sin, is ar an leibhéal is gaire agus is féidir don saoránach a dhéantar an cinneadh i gcónaí. Ciallaíonn sé sin nach ngníomhóidh an tAontas más féidir an cheist a réiteach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.
Déanann an tAontas gníomhaíocht sna réimsí inar thug a chuid Ballstát údarás dó sin a dhéanamh agus nuair is ciallmhar gníomhú le chéile, mar shampla i gcás athrú na haeráide nó na trádála ar fud an domhain. Chun cabhrú leo lena gcuid spriocanna a bhaint amach, tá roinnt institiúidí cruthaithe ag tíortha an Aontais chun cinntí a ghlacadh ar leibhéal an Aontais agus chun iad a chur i gcrích ina dhiaidh sin.
Déanann Parlaimint na hEorpa, a shuíonn in Strasbourg agus sa Bhruiséil, ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh an Aontais. In éineacht le Comhairle an Aontais Eorpaigh, is é an príomhchomhlacht cinnteoireachta san Aontas é.
a shuíonn in Strasbourg agus sa Bhruiséil, ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh an Aontais. In éineacht le Comhairle an Aontais Eorpaigh, is é an príomhchomhlacht cinnteoireachta san Aontas é.
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh, ar a dtugtar an Chomhairle freisin, déanta suas d’airí rialtais na dtíortha go léir san Aontas. In éineacht le Parlaimint na hEorpa, is é an príomhchomhlacht cinnteoireachta san Aontas é. Gach 6 mhí bíonn tír dhifriúil den Aontas i mbun uachtaránacht na Comhairle. D’fhonn leanúnachas a chinntiú, oibríonn na huachtaránachtaí i ndlúthpháirt lena chéile i ngrúpaí de thrí ar chlár oibre coiteann i gcaitheamh tréimhse 18 mí.
Ní hionann sin agus an Chomhairle Eorpach, atá déanta suas de cheannairí na dtíortha go léir den Aontas. Socraíonn sí treoir agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais.
Is é an Coimisiún Eorpach seirbhís shibhialta an Aontais. Tá sé de cheart aige gníomhaíochtaí agus dlíthe nua a mholadh a nglacann an Pharlaimint agus an Chomhairle cinneadh ina leith ansin. Tá sé freagrach freisin as a chinntiú go gcuirtear rialacha an Aontais chun feidhme i gceart. Is uachtarán ceaptha agus foireann Coimisinéirí – Coimisinéir amháin as gach tír den Aontas – a bhíonn i gceannas ar an gCoimisiún.
Ní mór do gach tír san Aontas Eorpach cloí le dlíthe an Aontais agus na spriocanna a chomhlíonadh atá aontaithe acu. Mura ndéanann siad amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíocht a dhéanamh ina gcoinne.
Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go ndéantar dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme i ngach tír den Aontas.
Bainistíonn an Banc Ceannais Eorpach an euro. Is í an phríomhaidhm atá aige ná praghsanna a choimeád cobhsaí i limistéar an euro.