Bratach an Aontais Eorpaigh

Treoirleabhar Gairid ar an Aontas

Treoirleabhar Gairid ar an Aontas

Is aontas uathúil eacnamaíoch agus polaitiúil idir 27 dtír Eorpacha atá san Aontas Eorpach (AE). Oibríonn siad as lámh a chéile chun saol daoine san Eoraip, agus níos faide anonn fiú, a fheabhsú.

Tá an tAontas ag obair ar son shíocháin, rathúnas agus fholláine a chuid saoránach le breis is 60 bliain anuas. Sé thír – nó Ballstáit – a bhunaigh é sna 1950í, ach tá sé anois ina aontas a chuimsíonn 27 dtír agus daonra de thart ar 450 milliún duine iontu.

Tá an rud a ceapadh mar thionscadal eacnamaíoch chun cabhrú le caighdeáin mhaireachtála a ardú san Eoraip tar éis an chogaidh anois ar an limistéar margaidh aonair is mó ar an domhan, inar féidir le daoine, earraí, seirbhísí agus airgead bogadh le saoirse. Le blianta beaga anuas, tá a raon feidhme leathnaithe ag an Aontas chuig réimsí ina mbaintear torthaí níos fearr as comhar idir tíortha. Measann na tíortha atá ina mbaill den Aontas gur láidre iad agus iad ag obair le chéile agus gur fearr atá siad in inmhe chuig dúshláin mhóra an lae inniu, mar shampla an t‑athrú aeráide agus claochlú digiteach ár sochaí, agus chuig bagairtí móra sláinte agus slándála ar nós phaindéim COVID-19 agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Sa treoir seo tá go leor eolas úsáideach faoin Aontas agus faoin obair a dhéanann sé, chomh maith le leidí faoi cá háit ar féidir tuilleadh eolais a fháil.

27

dtír

450

milliún saoránach

24

theanga oifigiúla

Aontaithe san

éagsúlacht

an

9

Bealtaine Lá na hEorpa

358

milliún duine a úsáideann an euro gach lá in 21 tír den Aontas

Cé go bhféadfadh go mbeadh teangacha difriúla á labhairt ag Eorpaigh agus traidisiúin dhifriúla acu, tá an tsraith chéanna luachanna acu, na luachanna ar bunaíodh an tAontas orthu. Is iad sin an meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine.

Tá na luachanna sin leagtha amach i gConarthaí an Aontais agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ina thógtar le chéile na cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta go léir atá ag daoine san Aontas.

In 2024, bhí 14 milliún saoránach den Aontas ina gcónaí i dtír eile den Aontas seachas a dtír féin.

Má tá tú i do shaoránach de chuid ceann de na 27 dtír atá san Aontas, tá tú i do shaoránach de chuid an Aontais freisin. Tugann sin roinnt cearta tábhachtacha breise duit cuir i gcás an tsaoirse chun gluaiseacht, cónaí, obair nó staidéar a dhéanamh i dtír ar bith den Aontas agus an ceart chun vótáil agus bheith i d’iarrthóir i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha, fiú má tá cónaí ort i dtír eile den Aontas.

Freisin tá sé de cheart agat achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa iarratas a dhéanamh ar an Ombudsman Eorpach agus scríobh chuig institiúid ar bith den Aontas i gceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Chomh maith le cearta a chuid saoránach agus na ndaoine ar a bhfuil cónaí san Aontas a chosaint, cuireann an tAontas chun cinn cearta daonna agus toghcháin chothroma ar fud an domhain. Gach bliain, bronnann Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov ar dhuine aonair nó eagraíocht a throideann ar son chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Tá roinnt ceart agus tairbhí tábhachtacha ag an té atá ina chónaí san Aontas, mar shampla na cinn seo a leanas.

Léigh a thuilleadh faoi do chearta.

A bhuí leis an margadh aonair, is féidir le daoine, earraí, seirbhísí agus airgead gluaiseacht timpeall 27 dtír an Aontais chomh héasca céanna mórán agus a ghluaistear laistigh d’aon tír amháin.

Is baill iad cúig Bhallstát is fiche den Aontas agus ceithre thír nach Ballstáit den Aontas iad – an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis – de limistéar ar a dtugtar limistéar Schengen. Ciallaíonn sé sin nach gá do phas a thaispeáint agus tú ag gabháil thar na teorainneacha idir na tíortha sin. Is féidir rialuithe teorann laistigh de limistéar Schengen a thabhairt isteach arís go heisceachtúil ar feadh tréimhse teoranta má tá bagairt thromchúiseach ar shábháilteacht nó ar shlándáil an phobail ann.

Is féidir leat an tacar sonraí iomlán a íoslódáil mar chomhad Excelanseo.
An Bheilg An Bheilg

Tháinig isteach san Aontas

1958

Daonra:

11.8milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Bhulgáir An Bhulgáir

Tháinig isteach san Aontas

2007

Daonra:

6.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An tSeicia An tSeicia

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

10.9milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
CZK
An Danmhairg An Danmhairg

Tháinig isteach san Aontas

1973

Daonra:

6.0milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
DKK
An Ghearmáin An Ghearmáin

Tháinig isteach san Aontas

1958

Daonra:

83.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Eastóin An Eastóin

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

1.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
Éire Éire

Tháinig isteach san Aontas

1973

Daonra:

5.3milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
EUR
An Ghréig An Ghréig

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

10.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Spáinn An Spáinn

Tháinig isteach san Aontas

1986

Daonra:

48.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Fhrainc An Fhrainc

Tháinig isteach san Aontas

1958

Daonra:

68.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Chróit An Chróit

Tháinig isteach san Aontas

2013

Daonra:

3.9milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Iodáil An Iodáil

Tháinig isteach san Aontas

1958

Daonra:

59milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Chipir An Chipir

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

0.9milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
EUR
An Laitvia An Laitvia

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

1.9milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Liotuáin An Liotuáin

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

2.9milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
Lucsamburg Lucsamburg

Tháinig isteach san Aontas

1958

Daonra:

0.7milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Ungáir An Ungáir

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

9.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
HUF
Málta Málta

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

0.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Ísiltír An Ísiltír

Tháinig isteach san Aontas

1958

Daonra:

17.9milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Ostair An Ostair

Tháinig isteach san Aontas

1995

Daonra:

9.2milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Pholainn An Pholainn

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

36.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
PLN
An Phortaingéil An Phortaingéil

Tháinig isteach san Aontas

1986

Daonra:

10.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Rómáin An Rómáin

Tháinig isteach san Aontas

2007

Daonra:

19.1milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
RON
An tSlóivéin An tSlóivéin

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

2.1milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An tSlóvaic An tSlóvaic

Tháinig isteach san Aontas

2004

Daonra:

5.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An Fhionlainn An Fhionlainn

Tháinig isteach san Aontas

1995

Daonra:

5.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
EUR
An tSualainn An tSualainn

Tháinig isteach san Aontas

1995

Daonra:

10.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
SEK
An Íoslainn An Íoslainn

Tháinig isteach san Aontas

Daonra:

0.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
ISK
Lichtinstéin Lichtinstéin

Tháinig isteach san Aontas

Daonra:

0milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
CHF
An Iorua An Iorua

Tháinig isteach san Aontas

Daonra:

5.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
NOK
An Eilvéis An Eilvéis

Tháinig isteach san Aontas

Daonra:

9.1milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

true
CHF
An Bhoisnia agus An Heirseagaivéin(3) An Bhoisnia agus An Heirseagaivéin<sup>(3)</sup>

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

3.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
BAM
Montainéagró Montainéagró

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

0.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
EUR
An Mholdóiv An Mholdóiv

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

2.4milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
MDL
An tSeoirsia An tSeoirsia

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

-milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
GEL
An Mhacadóin Thuaidh An Mhacadóin Thuaidh

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

1.8milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
MKD
An Albáin An Albáin

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

-milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
ALL
An tSeirbia An tSeirbia

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

6.6milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
RSD
An Tuirc An Tuirc

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

85.7milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
TRY
An Úcráin(2) An Úcráin<sup>(2)</sup>

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir ionchasach

Daonra:

41milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
UAH
An Chosaiv*(2) An Chosaiv*<sup>(2)</sup>

Tháinig isteach san Aontas

Tír is iarrthóir

Daonra:

1.8milliún

Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad

Airgeadra

-
-

(*) Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1) Tá figiúirí na ndaonraí iomlána bailí amhail ón 1 Eanáir 2026. Foinse: Eurostat

(2) Is amhail ón 1 Eanáir 2022 atá figiúirí daonra na Cosaive* agus na hÚcráine. Foinse: Eurostat

(3) Sonraí sealadacha daonra amhail ón 1 Eanáir 2024. Foinse: Eurostat

  • 9 BEALTAINE 1950Dearbhú Schuman. Mhol Aire Eachtrach na Fraince Robert Schuman táirgeadh an ghuail agus na cruach a thiomsú ionas nach mbeadh aon tír ar leith in ann airm a dhéanamh chun iompú in aghaidh tír eile.

  • 23 IÚIL 1952Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach.

  • 25 MÁRTA 1957Shínigh sé thír Conarthaí na Róimhe – an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg. Chruthaigh siad cómhargadh, Comhphobal Eacnamaíoch na hEorpa, ón 1 Eanáir 1958.

  • 30 IÚIL 1962Seoladh an comhbheartas talmhaíochta chun cabhrú le soláthairtí bia a chosaint agus chun tacú le feirmeoirí agus ceantair thuaithe.

  • 1 IÚIL 1968Cuireadh deireadh le dleachtanna custaim idir na sé Bhallstát.

  • 7 GO 10 MEITHEAMH 1979Den chéad uair, bhí saoránaigh Eorpacha in ann vóta a chaitheamh ar son an té a dhéanfadh ionadaíocht orthu i bParlaimint na hEorpa.

  • 15 MEITHEAMH 1987Seoladh clár Erasmus, clár malartaithe mac léinn.

  • 1989Le cliseadh an chumannachais spreagadh rabharta athraithe dhaonlathaigh ar fud na hEorpa láir agus thoir.

  • 1 EANÁIR 1993Seoladh an margadh aonair, áit a bhfuil saorchúrsaíocht ag daoine, earraí, seirbhísí agus airgead.

  • 1 SAMHAIN 1993Cruthaíodh an tAontas Eorpach.

  • 26 MÁRTA 1995Le Comhaontú Schengen, cuireadh deireadh le rialuithe teorann idir Ballstáit áirithe, agus tá an buntáiste sin ag 25 Bhallstát díobh anois.

  • 1 EANÁIR 2002Chonacthas nótaí agus boinn euro den chéad uair; tá siad in úsáid anois in 21 tír de chuid an Aontais.

  • 1 AIBREÁN 2012Seoltar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

  • 10 NOLLAIG 2012Bronntar Duais Nobel na Síochána ar an Aontas.

  • 12 NOLLAIG 2015Glacann 195 tír san iomlán, Ballstáit uile an Aontais san áireamh, le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.

  • 15 MEITHEAMH 2017Tagann deireadh le táillí fánaíochta.

  • EANÁIR 2020Baineann COVID-19 amach an Eoraip, agus spreagann sé an fhreagairt is mó riamh ar éigeandáil sláinte poiblí ó bunaíodh an tAontas.

  • 9 BEALTAINE 2021Seoltar an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, lena dtugtar deis do shaoránaigh an Aontais a dtodhchaí coiteann a mhúnlú.

  • 2022Cáineann an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus cuireann siad cúnamh láidir polaitiúil, airgeadais agus daonnúil ar fáil don Úcráin.

@@pictureAltCarnival

Robert Schuman agus é ag síniú Chonradh Pháras lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, Páras na Fraince, an 18 Aibreán 1951.

Idir throdaithe frithbheartaíochta, cheannairí polaitiúla, agus aisteoir a bhfuil clú air ar fud an domhain, faigh tuilleadh eolais faoi na mná agus na fir a spreag cruthú na hEorpa a bhfuil cónaí orainn anois inti.