Breathnaigh timpeall do cheantair féin agus ní fada go n‑aimseoidh tú scoil, droichead, ospidéal nó tionscadal eile a bhain tairbhe as cistiú an Aontais. Tá tacaíocht tugtha do na mílte tionscadal faoi chláir réigiúnacha an Aontais i gcaitheamh na mblianta. Seo thíos díreach roinnt samplaí de thionscadail, atá, nó a bheidh go luath, ag dul i bhfeidhm ar bheatha daoine ar fud an Aontais.
Caighdeáin chúraim sláinte á nardú sa Pholainn
Rinneadh athrú ó bhonn ar an ospidéal poiblí is mó in Toruń a Polainne agus tá sé ar shaoráidí ceannródaíocha leighis na tíre feasta, a bhuí le hathchóiriú dar luach €52.7 milliún a rinneadh le tacaíocht ón Aontas. Anois, mar gheall ar an gcúram sláinte láraithe ardchaighdeáin, ní bhíonn na hothair ag fanacht chomh fada agus a bhídís chun cóir leighis a fháil.
© Adobe Stock
Ceangail bhóthair níos fearr sa Ghréig
Bainfidh cónaitheoirí, turasóirí agus gnóthais sa Ghréig leas as cuid thábhachtach nua de mhótarbhealach. Le cistiú ar luach €255 milliún ón Aontas cabhraítear leis an lúb ar lár idir Lamia agus Xyniada a thógáil. Ceanglóidh sé sin réigiúin na Gréige Láir agus na Teasáile Thiar leis an bpríomhghréasán mótarbhealaigh.
© Hebi B. / Pixabay
Snámh inbhuanaithe sa Bheilg
Tá athchóiriú ar linn snámha sa Vrije Universiteit Brussel (Saorollscoil an Bhruiséil) ag dul i bhfeidhm ar an inbhuanaitheacht. Úsáideann an tsaoráid nua 60 % níos lú fuinnimh agus astaíonn sí 500 tonna níos lú de CO2 in aghaidh na bliana ná an tseanlinn, agus bíonn sí oscailte do shnámhaithe ó lasmuigh den ollscoil. Tugadh díreach os cionn €2 mhilliún de chistiú an Aontais don tionscadal.
© Adobe Stock
Cathracha agus réigiúin níos glaise
Tá soláthar fuinnimh níos iontaofa agus níos éifeachtúla sa tSeicia, 21 traein leictreach nua chun líonra iarnróid na Cróite a fheabhsú agus bearta chun sábháilteacht ó thuilte san Ungáir a mhéadú i measc 14 thionscadail ghlais a bheidh chun tairbhe shaoránaigh an Aontais. Tá níos mó ná €1.4 billiún de chistí an Aontais á infheistiú i seacht dtír san Aontas i réimsí mar chomhshaol, sláinte, iompar agus fuinneamh.
© iStock.com/kynny
Ceantair thuaithe sa Rómáin nasctha le leathanbhanda ardluais
Tá nasc leathanbhanda faighte ag 400 000 duine, ag breis agus 8 500 gnólacht agus ag beagnach 3 000 foras poiblí i gceantair thuaithe iargúlta sa Rómáin, a bhuí leis an tionscadal RO-Net atá tacaithe ag an Aontas. Tá cúram sláinte, oideachas agus siopadóireacht ar líne ar fáil anois do thart ar 665 bhaile agus sráidbhaile. Tá daoine in ann táirgí ó theaghlaigh agus ó fheirmeacha áitiúla a dhíol ar líne freisin.
© iStock.com/ FatCamera
Clóis súgartha ghlasa i bPáras
Tá clóis súgartha choincréite ar fud Pháras á n-iompú ina n-oileáin fhuara, ghlasa a fhéadann uisce a stóráil agus teas a laghdú. Le tacaíocht ó chistiú ón Aontas ar luach nach mór €5 mhilliún, tá an tionscadal OASIS ag cabhrú le Párasaigh a chosaint ar éifeachtaí an athraithe aeráide, agus áiteanna á gcruthú ina bhféadann páistí spraoi a bheith acu.
Previous
Next