Le déanaí, thug an tAontas Eorpach aghaidh ar dhúshláin nach bhfacthas a leithéidí roimhe: paindéim dhomhanda, agus ina diaidh sin cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an ghéarchéim fuinnimh a tharla dá dheasca sin, chomh maith le staid idirnáisiúnta atá ag éirí níos éagobhsaí mar gheall ar an gcogadh idir Iosrael agus Hamas.
Léiríonn na himeachtaí sin gur gá do na 27 mBallstát oibriú níos dlúithe arís le chéile agus a bheith in ann freagairt go mear agus go diongbháilte do staideanna nua.
Chun téarnamh eacnamaíoch gasta ón bpaindéim a chinntiú, chruthaigh an tAontas ciste téarnaimh speisialta ar a dtugtar NextGenerationEU. Le hinfheistíocht de bhreis agus €800 billiún, ní hamháin gur chuir NextGenerationEU ar chumas an Aontais freagairt do na dúshláin atá roimhe mar gheall ar phaindéim COVID-19, ach tá sé ag cuidiú le tíortha an Aontais a ngeilleagair a athbheochan. Trí infheistíochtaí a dhéanamh i dtionscadail agus i dtionscnaimh chun an tAontas a dhéanamh níos sláine, níos glaise agus níos digití, tá NextGenerationEU ag cur freisin le hullmhacht an Aontais chun déileáil le dúshláin amach anseo. Mar shampla, i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na géarchéime fuinnimh domhanda, tá sé ag tacú cheana féin le tíortha an Aontais agus iad ag iarraidh deireadh a chur le húsáid breoslaí iontaise ón Rúis agus aistriú ionsar an fhuinnimh ghlain a chur i gcrích.
Tagann an t-airgead a íocann an tAontas (buiséad an Aontais) as go leor foinsí: dleachtanna custaim; ranníocaíochtaí bunaithe ar an gcáin bhreisluacha (CBL) a bhailíonn tíortha den Aontas; agus ranníocaíochtaí díreacha ag tíortha an Aontais. Tugadh isteach foinse nua ioncaim – tobhach ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte – i mí Eanáir 2021.
Idir chur le bóithre, iarnróid agus aerfoirt nua agus níos fearr, agus limistéir tuaithe a fhorbairt agus deiseanna um staidéar thar lear a chumasú, cabhraíonn buiséad an Aontais leis na nithe ar a leagann daoine tábhacht san Aontas a bhaint amach. Chomh maith leis an gclaochlú digiteach agus an comhrac in aghaidh an athrú aeráide a stiúradh, cabhraíonn sé le héagothromaíochtaí a laghdú laistigh de agus idir tíortha an Aontais.
Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, rinne an tAontas beart go gasta chun tacú leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. Chuir sé cabhair dhaonnúil, cúnamh éigeandála, tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil, agus cúnamh míleata ar fáil chomh maith le tacaíocht ar theorainn an Aontais agus sa Mholdóiv.
Mar chuid dá chúnamh daonnúil, tá an tAontas ag tabhairt bia, dídean agus cúnamh leighis do dhaoine atá thíos leis an gcoinbhleacht. Beart eisceachtúil atá glactha aige ná cosaint shealadach a thabhairt do na milliúin daoine a bhí ag teitheadh ón Úcráin, sa chaoi go bhfuil fáil acu ar lóistín, scoileanna, cúram sláinte agus poist san Aontas.
Chuidigh cúnamh airgeadais an Aontais le bail sheasmhach a chur ar gheilleagar na hÚcráine, lena bonneagar a athchóiriú, agus lena cumais chosanta agus slándála a neartú.

Bhí an tAontas ina cheannaire ar an gcáineadh idirnáisiúnta a rinneadh ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin, agus tá smachtbhannaí diana curtha i bhfeidhm aige ar an Rúis agus orthu siúd atá comhpháirteach sa chogadh. Is éard atá i gceist leis na bearta sin an Rúis a scoitheadh ó thaobh an gheilleagair de agus srian a chur lena cumas ionsaithe mhíleata.
Shlóg an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit agus le hinstitiúidí airgeadais, beagnach €120 billiún de thacaíocht fhoriomlán don Úcráin.
Léigh a thuilleadh faoi thacaíocht an Aontais leis an Úcráin.
Rinne cogadh foghach na Rúise suaitheadh ollmhór sa chóras fuinnimh domhanda óir bhí sé faoi deara arduithe praghsanna agus éiginnteacht maidir le soláthar an gháis, rud a chuir leis an mbail dheacair a bhí ar an margadh fuinnimh cheana féin tar éis na paindéime.
Cad atá ar bun ag an aontas chun an fhadhb a réiteach?

© Adobe Stock
Tá deireadh á chur le húsáid na mbreoslaí iontaise ón Rúis de réir a chéile.

Tá dlús á chur le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite (fuinneamh hidrigine, gaoithe agus gréine).

Tá billí na saoránach agus na ngnólachtaí á laghdú.

Tá an t-éileamh ar an bhfuinneamh á laghdú.

© Adobe Stock
Táthar ag méadú na stórála gáis faoi choinne an gheimhridh.

© Adobe Stock
Táthar ag cur ar a gcumas do thíortha an Aontais fuinneamh a cheannach in éineacht chun praghsanna níos fearr a fháil.

© Adobe Stock
Táthar ag neartú na rialacha ionas go bhfaighidh tír ar bith san Aontas cabhair i gcás éigeandála.

© Adobe Stock
Táthar ag infheistiú sa bhonneagar sa chaoi go mbeidh dhá fhoinse soláthair gáis ar a laghad ag gach tír den Aontas.

Táthar ag cumhachtú custaiméirí ionas gur féidir leo conarthaí iomadúla a bheith acu agus an leictreachas a tháirgeann siad a roinnt lena gcomharsana.
Tuilleadh eolais faoi obair an Aontais chun fuinneamh sábháilte glan inacmhainne a chinntiú.
Straitéis an Aontais atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip chun geilleagar Eorpach nua‑aimseartha agus iomaíoch a chruthú. Tá sé mar aidhm ag an straitéis go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór‑roinn aeráidneodrach faoi 2050, tráth nach mbeimid ag táirgeadh níos mó gás ceaptha teasa ná mar atá ár gcuid éiceachóras in ann a shú go nádúrtha.
Is é an chéad gharsprioc ar an gconair uaillmhianach seo gur gheall an tAontas go laghdódh sé a chuid glanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 55 % ar a laghad faoin mbliain 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá na príomhbhearta is gá chun an sprioc sin a bhaint amach curtha i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin. Beidh ar gach cuid den tsochaí agus den gheilleagar ról a ghlacadh – idir an tionscal, earnálacha an fhuinnimh agus iompar, an earnáil táirgthe bia, an earnáil talmhaíochta agus an fhoirgníocht. Tabharfar tacaíocht airgeadais do na réigiúin, na tionscail agus na hoibrithe is mó a bhfuil dúshláin rompu.
Chun an tAontas a choinneáil ar a bhealach i dtreo na haeráidneodrachta, is é an chéad chéim eile go dtiocfaidh tíortha an Aontais ar chomhaontú maidir le sprioc 2040.
Beidh 30 % ar a laghad de chaiteachas an Aontais idir 2021 agus 2027 dírithe ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide agus a thionchair.
Cén tairbhe duitse é?
Is féidir linn go léir ár gcion a dhéanamh – ó dhramhaíl bhia a laghdú agus níos mó athchúrsála a dhéanamh go taisteal ar an rothar seachas sa ghluaisteán, nó fiú crann a chur. Más mian leat bheith páirteach, breathnaigh ar an gcomhshocrú aeráide Eorpach, a thugann daoine agus eagraíochtaí le chéile chun eolas a roinnt faoin ngníomhaíocht ar son na haeráide. Cabhraigh linn Eoraip níos glaise a chruthú!

© LIFE06 NAT/E/000209/Aixa SOPEÑA.
Tá an lincse Ibéarach, a bhí i mbaol a dhíothaithe, tagtha ar ais sa Phortaingéil agus sa Spáinn a bhuíochas d’iarrachtaí go leor daoine, lena n-áirítear obair ó thionscadail a fuair cistiú ó chlár LIFE an Aontais. Ceann de na scéalta is rathúla fós ó thaobh chaomhnú ainmhithe san Eoraip atá i bhfilleadh an speicis sin.

Is é Natura 2000 an líonra is mó de limistéir faoi chosaint ar an domhan, lena chosnaítear na mílte tearmann le haghaidh na speiceas agus na ngnáthóg is luachmhaire agus is mó i mbagairt san Eoraip.
Tá cistiú tugtha ag an Aontas chun dhá bhád farantóireachta le haghaidh paisinéirí agus earraí a thiontú ó ola throm go ceallraí leictreacha atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Oibríonn siad ar an mbealach gnóthach idir Helsingør (an Danmhairg) agus Helsingborg (an tSualainn). Cabhraíonn na báid farantóireachta thiontaithe le cáilíocht aeir a fheabhsú sna limistéir sin a bhfuil daonra mór iontu.

Teicneoir agus micrishlis á scrúdú aici i saotharlann anailíse ábhar in Dresden na Gearmáine, an 8 Feabhra 2022. Tá saotharlanna mar sin ríthábhachtach chun a chinntiú gur féidir leis an Aontas a mhicrishliseanna féin a tháirgeadh agus a bheith neamhspleách ó thaobh na teicneolaíochta de.
Is gá go mbeadh cur amach againn go léir ar chúrsaí digiteacha i sochaí an lae inniu, bíodh go bhfuil sé ag teastáil le haghaidh baincéireachta ar líne agus siopadóireachta sa bhaile nó chun an teicneolaíocht a úsáid inár gcuid post. Chun gach duine a chur ar an eolas, agus chun seasamh na hEorpa mar cheannaire domhanda sa teicneolaíocht a chinntiú, tá an tAontas ag infheistiú i ngach ní ó scileanna digiteacha agus sár-ríomhaireacht go nascacht ardluais agus cibearshlándáil níos fearr.
Tá an tAontas ag obair d’fhonn a chinntiú go mbeidh an domhan ar líne sábháilte agus cothrom do dhaoine agus ghnóthais araon. A bhuíochas do rialacha an Aontais, tá níos mó smachta againn sa lá atá inniu ann ná ár gcuid sonraí pearsanta agus an chaoi a n‑úsáideann daoine eile iad.
Tuilleadh eolais faoi rialacha an Aontais ar son spás digiteach níos sábháilte.
Cabhraíonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus le daoine chun post (nó fiú post níos fearr) a fháil, lena n‑áirítear daoine atá faoi mhíbhuntáistí. Gach bliain cuidíonn an ciste le 10 milliún duine le post a fháil nó a gcuid scileanna a fheabhsú.
Tá an tAontas ag cabhrú le daoine óga le dul isteach sa mhargadh post. Mar shampla, is é is aidhm don scéim ráthaíochta don aos óg ná a chinntiú go bhfaighidh gach duine atá faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint fostaíochta ar dhea-chaighdeán, oideachais, phrintíseachta nó oiliúna laistigh de 4 mhí ó bheith dífhostaithe dó nó ón oideachas a fhágáil dó.

Fear óg agus é ag obair ar thionscadail tógála, Setúbal na Portaingéile, an 5 Lúnasa 2021.
Bealach iontach atá sa tsaorálaíocht le cuidiú le pobail áitiúla i do thír féin nó thar lear, agus scileanna nua a fhorbairt chomh maith le cairde a dhéanamh. Leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, tugtar deis do dhaoine óga oibriú go deonach i dtionscadail ina dtír féin nó thar lear, nó bheith fostaithe iontu. Tugann tionscnaimh saorálaithe cabhrach an Aontais deis do dhaoine atá os cionn 18 mbliana d’aois páirt a ghlacadh i dtionscadail dhaonnúla ar fud an domhain.

Altra agus é ag socrú an mheaisín le haghaidh scanadh MRI ar othar, Ospidéal Ollscoil Liège na Beilge, an 24 Eanáir 2020.
Tá an tAontas meáite ar an taoide a chasadh in aghaidh ailse. Tá cistiú €4 bhilliúin ag Plean na hEorpa um Shárú na hAilse ina leagtar amach cur chuige nua an Aontais i dtreo chosc, chóireáil agus chúram na hailse. Rinneadh taighde ceannródaíoch mar thoradh ar mhaoiniú ón Aontas cheana – idir shamhaltú 3T ar shiadaí go hailse a bhrath ar anáil an duine.
Tá an tAontas ag cothú Eoraip an chomhionannais. Ciallaíonn sin gur cheart pá comhionann ar obair chomhionann, a thabhairt do mhná agus d’fhir, go mbeadh daoine faoi mhíchumas in ann ról comhionann a ghlacadh i ngach gné den saol agus nach nglacfaí leis an gciníochas. Ciallaíonn sé nár cheart go mbeadh daoine eisiata ná imeallaithe, agus gur cheart go mbeadh sé de rogha ag daoine grá a bheith acu do cibé duine is mian leo.
Tá príomhról ag imircigh agus saoránaigh an Aontais as cúlra imircigh i sochaí na hEorpa, lena n‑áirítear mar oibrithe bunriachtanacha. Tá an tAontas ag obair lena chinntiú gur féidir le gach duine ról iomlán a ghlacadh sa tsochaí trí dhíriú ar rudaí mar oideachas, phoist, chúram sláinte agus tithíocht.

© Adobe Stock
Is tosaíocht mhór don Aontas í sábháilteacht agus slándáil na ndaoine san Eoraip, sa domhan fisiceach agus sa domhan digiteach araon. Bíonn sé ag obair gan stad chun dul i ngleic le bagairtí mar sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe, trádáil drugaí agus gáinneáil ar dhaoine.
Is léir freisin ó ghéarchéim COVID-19 agus ó chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin méid na bagartha agus an dúshláin atá sa bhréagaisnéis dár sochaí.
Tá an tAontas ag obair le cuideachtaí meán sóisialta agus ardáin ar líne chun teorainn a chur le scaipeadh na faisnéise míthreoraí agus na bréagnuachta san Eoraip. Tacaíonn Faireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha le hobair seiceálaithe neamhspleácha fíricí agus é mar aidhm bheith ina mol Eorpach chun bréagaisnéis ar líne a chomhrac.
Léigh a thuilleadh faoi thosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh.

Líon carachtair thraidisiúnta Charnabhal Puerto Plata na Poblachta Doiminicí sráideanna Nice na Fraince i mí Feabhra 2023, a bhuí leis an gclár Transcultura, darb aidhm an lánpháirtiú cultúrtha a neartú i Muir Chairib agus comhar an réigiúin leis an Aontas Eorpach a neartú.

Cabhair dhaonnúil do Gaza, Samhain 2023. Is é an tAontas Eorpach an deontóir daonnúil idirnáisiúnta is mó do mhuintir na Palaistíne. Ó 2000 i leith, tá níos mó ná €1 bhilliún curtha ar fáil aige chun freastal ar riachtanais bhunúsacha mhuintir na Palaistíne.
Oibríonn an tAontas i ndlúthpháirt lena chuid comharsana agus le tíortha ar fud an domhain chun comhpháirtíochtaí nua a thógáil agus chun a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn. Trí chomhiarrachtaí i réimsí ar nós an digitithe, na haeráide, an fhuinnimh, an iompair, na sláinte agus an oideachais, féachann an tAontas le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, agus pobal idirnáisiúnta níos nasctha agus níos saibhre a chruthú.
Déanann an tAontas comhaontuithe trádála le tíortha eile freisin: is leis an Nua-Shéalainn a rinneadh an ceann is déanaí. Leathnaíonn na comhaontuithe sin an trádáil lena dtugtar tacaíocht do gheilleagar an Aontais agus lena gcruthaítear poist.
Is iad an tAontas agus a chuid Ballstát, i dteannta a chéile, an dream is mó ar domhan a thugann cúnamh forbartha. In 2023, chuir siad €96 bhilliún ar fáil, sin 42 % de mhéid iomlán an chúnaimh. Is iadsan, freisin, i dteannta a chéile, a thugann níos mó ná leath an chúnaimh dhomhanda ar son an oideachais i mbreis agus 100 tír ar fud an domhain.
Agus an gá domhanda le cabhair dhaonnúil ag dul i méid, tá cabhair á cur ar fáil ag an Aontas ar línte tosaigh na ngéarchéimeanna is measa ar domhan. Agus buiséad €2.4 billiún aige in 2023 amháin, tá sé ar cheann de na deontóirí cabhrach daonnúla is mó le chéile. Mar fhreagairt ar na riachtanais dhaonnúla sa Mheánoirthear, ar measa fós iad mar gheall ar na hionsaithe a rinne Hamas i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus ar an gcoinbhleacht a d’eascair as sin in Gaza, mhéadaigh an tAontas go mór a thacaíocht do na Palaistínigh in Gaza agus bhunaigh sé conair mhuirí chun fóirithint phráinneach a chur ar fáil.
Tuilleadh eolais faoi straitéis an Aontais chun an domhan a nascadh.
Léigh tuilleadh faoi thacaíocht an Aontais leis na Palaistínigh..