Soláthar poiblí in Oifig na bhFoilseachán
Níl le feiceáil ar an leathanach seo ach glaonna ar thairiscintí Oifig na bhFoilseachán agus iad liostaithe de réir spriocdháta. Nuair a chliceáiltear ar theideal, taispeántar seoladh an leathanaigh ghaolmhair i mbunachar sonraí TED (an fhormáid leictreonach ar líne den Fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh), mar aon le comhaid ghaolmhara ar nós sonraíochtaí nó soiléirithe. Is féidir an fhaisnéis ar fad a foilsíodh faoi ghlaonna ar thairiscintí Oifig na bhFoilseachán (fógraí réamhfhaisnéise, fógraí conartha, fógraí faoi dhámhachtain conartha, liostaí bliantúla conraitheoirí) a aimsiú i mbunachar sonraí TED.