Publications Office of the EU
OP Newsletter Privacy Statement - EU Publications Office - Maidir leis an Oifig Foilseachán
DisplayCustomHeader
Dockbar
Ráiteas príobháideachais Nuachtlitir OF: Caidreamh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Oibríocht phróiseála: Nuachtlitir OF

Rialaitheoir Sonraí: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Aonad D.1, Caidreamh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain

Tagairt taifid: DPR-EC-03928, DPR-EC-00841

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a ndéanfaimid cosaint na sonraí sin a chinntiú, an chaoi a n-úsáidtear an t-eolas sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus ar féidir leat do chearta a fheidhmiú i gcomhar leis, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Tugtar thíos an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Nuachtlitir OF’ a fheidhmíonn Aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

2. Cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cén chaoi a ndéantar é sin?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Déanann Aonad D.1 ‘Caidreamh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid na hOifige Foilseachán d'eolas pearsanta a bhailiú agus a úsáid chun nuachtlitir rialta Oifig Foilseachán an Aontais a sheoladh chugat, nuachtlitir ina bhfuil roinnt foilseachán de chuid an Aontais a foilsíodh le déanaí i dtaobh ábhair éagsúla, cuir i gcás airgeadas agus taighde.

Mar chuid den oibríocht phróiseála coinnítear liosta de shonraí pearsanta i mbunachar sonraí.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Is ar na cúiseanna seo a leanas a dhéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil:

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid de chuid an Aontais nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

agus

- nuair atá cead tugtha agatsa, an t-ábhar sonraí, do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

An bunús dlí atá leis an bpróiseáil: sainordú Oifig Foilseachán an Aontais, Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn Aonad D.1 ‘Caidreamh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

Sonraí éigeantacha

  • seoladh ríomhphoist

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn Aonad D.1 ‘Caidrimh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin, is é sin chun na seirbhísí atá iarrtha agat a chur ar fáil duit.

Coinnítear an ríomhphost a ghintear le d’iarratas chun liostáil leis an Nuachtlitir ar feadh 2 bhliain. Coinnítear iarrataí ar dhíliostáil ar feadh 5 bliana.

6. Conas a chosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Baineann Oifig Foilseachán an Aontais úsáid as an Seomra Nuachta Corparáideach. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán ‘RGCS’ (AE) Uimh. 2016/679).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú ionas nach mbíonn rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil riachtanas eolais dlisteanach acu chun críocha na hoibríochta próiseála sin.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do bhaill foirne údaraithe Oifig Foilseachán an Aontais atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne ar conradh atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise.

Déantar na sonraí pearsanta go léir a bhaineann leis an bpróiseáil sin a stóráil ar fhreastalaithe atá lonnaithe san Aontas Eorpach.

8. Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, iad a cheartú nó iad a scriosadh, agus an ceart chun srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat freisin agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, rud a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad D.1, ‘Caidreamh le Páirtithe Leasmhara agus For-rochtain’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais le haghaidh na hoibríochta próiseála seo. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a chuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, tabhair tuairisc orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

9. Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig OP-DATA-PROTECTION-COORDINATOR@publications.europa.eu.

  • Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil.

10. Cá bhfuil tuilleadh eolais le fáil?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir atá déanta ag an gCoimisiún ar shonraí pearsanta, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03928. Tá an tagairt taifid seo a leanas ag an taifead a bhaineann leis an Seomra Nuachta Corparáideach, an uirlis a úsáidtear chun Nuachtlitir OP a scaipeadh: DPR-EC-00841.