
Mór-réimse airgeadais an Aontais Struchtúr manglaim a bhfuil tuilleadh simplithe agus cuntasachta ag teastáil ina leith
Maidir leis an tuarascáil:Tá athrú tagtha ar mhór-réimse airgeadais an Aontais le blianta fada anuas. Is é buiséad AE atá i gcroílár an mhór-réimse, lena n-áirítear roinnt ionstraimí. Clúdaíonn an mór-réimse sin ionstraimí lasmuigh den bhuiséad freisin, a bhfuil méadú tagtha orthu le blianta beaga anuas. Tugann ár n-iniúchadh léargas ar an dearadh agus na socruithe atá anois ann, agus sainaithnítear ann an scóip a d’fhéadfadh a bheith ann chun an mór-réimse airgeadais a shimpliú agus a shruthlíniú. Is é ár gconclúid, fiú má bhí cúiseanna ann chun ionstraimí a chruthú lasmuigh den bhuiséad, go bhfuil struchtúr manglaim ann, nach bhfuil iomlán cuntasach go poiblí, mar thoradh ar an gcur chuige ilroinnte maidir le mór-réimse airgeadais an Aontais a chur ar bun. Is é is aidhm lenár moltaí réamh-mheasúnuithe leormhaith ar ionstraimí nua atá beartaithe a áirithiú, mór-réimse airgeadais an Aontais a chomhdhlúthú tuilleadh agus cuntasacht a fheabhsú.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre Feidhmiúcháin
I Tá athrú tagtha ar mhór-réimse airgeadais an Aontais le blianta fada anuas. Is é buiséad an Aontais agus na hionstraimí atá comhtháite go hiomlán ann atá i gcroílár an mhór-réimse, ach tá ionstraimí eile ann freisin atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais. Tá méadú mór tagtha ar líon na n-ionstraimí nuachruthaithe sin le 15 bliana anuas. Bhí an méid sin mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna éagsúla go príomha, agus freisin mar thoradh ar shrianta dlíthiúla agus praiticiúla maidir le húsáid na n-ionstraimí a bhí ann cheana. Mar gheall ar an méadú sin i líon na n-ionstraimí, tá sé tráthúil dúinn anailís leathan a dhéanamh ar an mór-réimse.
II Tá aird gheallsealbhóirí an Aontais tarraingthe ar leibhéal éifeachtúlachta agus trédhearcachta mhór-réimse airgeadais an Aontais i gcomhthéacs athchóirithe institiúideacha a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá cur síos déanta ag Parlaimint na hEorpa go háirithe ar mhór-réimse airgeadais an Aontais mar “mhórchnuasach cistí agus ionstraimí mórthimpeall ar bhuiséad an Aontais”.
III Ba é b’aidhm lenár n-iniúchadh ná léargas a thabhairt ar an dearadh agus na socruithe atá anois ann, agus an scóip a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun mór-réimse airgeadais an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú, bunaithe ar anailís ar ionstraimí roghnaithe. Rinneamar measúnú féachaint an bhfuil údar maith le hiolrú agus éagsúlacht na n-ionstraimí i mór-réimse airgeadais an Aontais. Chun críocha ár n-iniúchta, scrúdaíomar na cúiseanna a bhí le hionstraimí a chruthú lasmuigh de bhuiséad an Aontais. Rinneamar measúnú freisin féachaint an áirithítear leis na socruithe atá ann faoi láthair go ndéantar grinnscrúdú poiblí iomchuí ar mhaoiniú le haghaidh bheartais an Aontais, agus an bhfuil gníomhaíocht iomchuí á déanamh i rith thréimhse 2021-2027 chun comhtháthú mhór-réimse airgeadais an Aontais a fheabhsú.
IV Is é ár gconclúid, fiú má bhí cúiseanna ann chun cineálacha ionstraimí nua a chruthú, go bhfuil struchtúr manglaim ann mar thoradh ar an gcur chuige ilroinnte maidir le mór-réimse airgeadais an Aontais a chur ar bun.
V Fuaireamar amach go bhfuil mór-réimse airgeadais an Aontais comhdhéanta d’an-chuid ionstraimí a bhfuil réimse de shocruithe rialtachta éagsúla agus foinsí cistithe éagsúla acu, agus cumhdach éagsúil ar dhliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann; tá manglam de chomhpháirteanna éagsúla ann mar thoradh air sin. Bhí cúiseanna bailí ann chun na hionstraimí sin a chruthú den chuid is mó, ach níor lean an chuid is mó díobh an dea-chleachtas trí fhianaise shoiléir a áireamh gurbh é an rogha a roghnaíodh agus a dhearadh an rogha ab oiriúnaí.
VI Fuaireamar amach freisin go bhfuil tuairisciú comhtháite tugtha isteach ag an Aontas, ach nach gclúdaítear gach ionstraim ansin. Níl sainordú ag an gCúirt Iniúchóirí chun iniúchóireacht a dhéanamh ar roinnt ionstraimí atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais. I gcás na n-ionstraimí sin, tá bearna san iniúchóireacht ar a bhfeidhmíocht agus níl aon fhormhaoirseacht ag teacht ó Pharlaimint na hEorpa. Níl mór-réimse airgeadais an Aontais go hiomlán cuntasach go poiblí.
VII Tugaimid ar aire an dul chun cinn atá déanta le déanaí maidir leis roinnt ionstraimí a chomhdhlúthú. Níl leas iomlán bainte as an bhféidearthacht chun simpliú a dhéanamh, áfach, go háirithe do na hionstraimí lena dtugtar cúnamh airgeadais.
VIII Molaimid gur cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a áirithiú go bhfuil measúnú ar an dearadh agus na roghanna a roghnaíodh san áireamh in aon ionstraim a mholann sé, agus an dea-chleachtas sin a roinnt leis an gComhairle;
- faisnéis a thiomsú agus a fhoilsiú maidir le mór-réimse airgeadais foriomlán an Aontais;
- a mholadh go gcomhtháthófar an Ciste don Nuachóiriú i mbuiséad an Aontais;
- a mholadh go ndéanfar ionstraimí atá ann cheana maidir le cúnamh airgeadais a chomhtháthú agus a chomhdhlúthú.
Réamhrá
An fhorbairt ar mhór-réimse airgeadais an Aontais
01 Sna 1950í, bhunaigh na Ballstáit an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (Conradh 19511), Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh CEE 19572) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom 19573) le céannachtaí dlíthiúla leithleacha ag gach aon cheann acu, lena socruithe rialtachta féin agus le buiséadaí ar leithligh. Bunaíodh freisin le Conradh CEE 1957 an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) mar eintiteas ar leith chun gníomhú mar ‘eite iasachta’ CEE, comh maith leis an gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) lena bhuiséad ilbhliantúil féin chun deontais agus iasachtaí a chur ar fáil do thíortha áirithe nach bhfuil san Aontas.
02 Faoi 1970, ionchorpraíodh na buiséid éagsúla isteach i mbuiséad CEE, rud a chruthaigh buiséad Comhphobal aonair (an buiséad ginearálta) a chlúdaigh caiteachas riaracháin agus oibríochta, a úsáideadh go príomha chun cláir chaiteachais a mhaoiniú. Úsáidtear formhór bhuiséad an Aontais chun cláir chistiúcháin a mhaoiniú a chuireann deontais, fordheontais nó cineálacha neamh-aisíoctha éagsúla eile de thacaíocht airgeadais ar fáil do thairbhithe. Amhail an 1 Eanáir 2021, bhí 43 chlár caiteachais cistithe ag buiséad an Aontais.
03 Mar thoradh ar Chonradh Lucsamburg 19704, cuireadh córas ‘acmhainní dílse’ in ionad ranníocaíochtaí na mBallstát de réir a chéile (bunaithe ar Cháin Bhreisluacha (CBL) agus dleachtanna custaim). Sna 1970í, chuir an buiséad ginearálta cineálacha nua de thacaíocht airgeadais ar fáil. Ar dtús, chuir an Nua-Ionstraim Chomhphobail ar chumas na gComhphobal iasachtaí, cothromas agus tacaíocht airgeadais in-aisíoctha eile a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Ansin, úsáideadh an buiséad ginearálta chun iasachtaí BEI a ráthú chun críoch maicreacnamaíocha i dtíortha Meánmhara. Ina dhiaidh sin, tar éis an suaitheadh de bharr praghsanna ola in 1973, ráthaigh buiséad ginearálta na gComhphobal iasachtaíocht agus iasachtú chun iasachtaí cúnaimh airgeadais a chur ar fáil do Bhallstáit a raibh deacrachtaí acu (an tSaoráid faoi chomhair Chomhardú na nÍocaíochtaí (Saoráid BoP)).
04 Le Conradh na Bruiséile 19755, bunaíodh údarás buiséadach – a chuimsíonn an Comhairle agus Parlaimint na hEorpa – chun cur chun feidhme an bhuiséid ghinearálta a ghlacadh agus a ghrinnscrúdú, agus inar ainmníodh Cúirt Iniúchóireacht na hEorpa (CIE) mar an t-iniúchóir ar an ioncam agus caiteachas go léir. Ina theannta sin, bhunaigh na Ballstáit na chéad ghníomhaireachtaí díláraithe. Tugann na gníomhaireachtaí sin faoi chúraim theicniúla, eolaíocha nó bainistíochta a chuidíonn le hinstitiúidí an Aontais beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme. Faigheann formhór na ngníomhaireachtaí díláraithe cistiú ó bhuiséad an Aontais nó gearrann siad táillí dá seirbhísí, agus déanann an Chúirt Iniúchóirí iniúchóireacht orthu agus déanann an t-údarás buiséadach grinnscrúdú orthu. Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí 35 ghníomhaireacht dhíláraithe ag an Aontas.
05 In 1988, chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an chéad bhuiséad fadtéarmach, peirspictíochtaí airgeadais 1988-19926, lenar tugadh isteach an teorainn bhliantúil ar chaiteachas an bhuiséid ghinearálta – uasteorainn na n-acmhainní dílse7 – arna sloinneadh mar chéatadán d’Olltáirgeacht Náisiúnta (ONT) iomlán na mBallstát (1.2 % do 1992).
06 Faoi Pheirspictíochtaí Airgeadais 1993-19998, chomhaontaigh na Ballstáit teorainneacha bliantúla le haghaigh caiteachas ar thalmhaíocht, oibríochtaí struchtúracha, beartais inmheánacha, beartais sheachtracha, caiteachas riaracháin, agus cúlchistí (‘ceannteidil’). Chomh maith leis sin, chomhaontaigh siad acmhainn dhílis nua bunaithe ar OTN mar acmhainn comhardúcháin bhuiséad an Aontais.
07 Áiríodh i bPeirspictíochtaí Airgeadais 2000-20069 athchóiriú riaracháin ina raibh socruithe airgeadais nua, lena n-áirítear ghníomhaireachtaí feidhmíochta a bhunú (seacht ag deireadh 2021) chun cláir chaiteachais áirithe atá faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin a bhainistiú. Ina theannta sin, tháinig Ollioncam Náisiúnta (OIN) in ionad OTN mar bhunús chun an acmhainn dhílis chomhardúcháin a ríomh.
08 Le Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2007-201310, méadaíodh méid na gcúlchistí éigeandála (ionstraimí speisialta), go háirithe an Ciste Eorpach nua um Choigeartú don Domhandú chun cuidiú le hoibrithe tar éis an athstruchtúraithe; Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun freagairt do mhórthubaistí nádúrtha; agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála chun freagairt do ghéarchéimeanna i dtíortha nach bhfuil san Aontas. Thug an tAontas isteach na chéad comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha freisin chun spriocanna teicneolaíochta sonracha (Comhthionscnamh Teicneolaíochta) a bhaint amach a fhaigheann cistiú ón Aontas agus ó comhpháirtithe tionscail nó rialtais.
09 Chomh maith leis sin, bhí úsáid mhéadaithe ionstraimí um chúnamh airgeadais ann mar thoradh ar ghéarchéim airgeadais 2008-2010. In 2009, d’athghníomhachtaigh na Ballstáit Saoráid BoP chun iasachtaí a chur ar fáil do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro. In 2010, don limistéar euro, bhunaigh na Ballstáit Saoráid Iasachta na Gréige (SIG) bunaithe ar iasachtaí déthaobhacha comhordaithe; an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) a úsáideadh chun cúnamh a chur ar fáil d’Éire, don Phortaingéil agus don Ghréig, agus a bhí bunaithe ar ráthaíochtaí díreacha le haghaidh iasachtaí ó na Ballstáit sa limistéar euro; agus an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM) chun tacú le haon tír den Aontas le deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais, a bhí bunaithe ar iasachtaí a bhí ráthaithe le huasteorainn na n-acmhainní dílse. In 2012, chuir na Ballstáit sa limistéar euro an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) ar bun chun deonú cúnamh airgeadais nua sa limistéir euro a ghlacadh ar lámh ó EFSM agus EFSF.
10 Faoi CAI 2014-202011, chomhaontaigh na Ballstáit agus an tAontas úsáid níos mó a bhaint as ionstraimí atá deartha chun foinsí eile de chistiú poiblí agus príobháideach a ghiaráil. Áiríodh leis sin Cistí Iontaobhais a chur ar bun lasmuigh de bhuiséad an Aontais, lenár comhcheanglaíodh ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais agus cistí ó dheontóirí eile chun cúnamh seachtrach a chur ar fáil do thíortha sonracha. Leathnaigh an tAontas an úsáid a bhaineann sé as comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha sa taighde agus nuálaíocht, agus cuireadh Comhghnóthais (ocht amhail an 31 Nollaig 2021) in ionad na gComhthionscnamh Teicneolaíochta a bhí roimhe sin ann. Ina theannta sin, chinn an tAontas úsáid níos mó a bhaint as ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais chun cistí ‘comhthiomsaithe’ a chruthú chun comhpháirtithe airgeadais amhail BCE a chumasú chun iasachtaí, infheistíochtaí cothromais agus tacaíocht airgeadais in-aisíoctha eile a chur ar fáil le haghaidh tionscadail agus fiontair (ionstraimí airgeadais).
11 I rith na tréimhse thuasluaite, úsáideadh ráthaíochtaí bhuiséad an Aontais chun maoiniú a chruinniú le haghaidh tacaíocht infheistíochta in-aisíoctha laistigh agus lasmuigh den Aontas, eadhon Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI in 2014 chun tacú le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas, an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) in 2015 chun borradh a chur faoi fhás eacnamaíoch agus iomaíocht ar bhonn fadtéarmach san Aontas, agus an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) in 2016 chun tacú le forbairt inbhuanaithe san Afraic agus i gcomharsanacht an Aontais. In 2020, chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha COVID-19, bhunaigh na Ballstáit agus an tAontas SURE – ionstraim iasachtaíochta agus iasachtaithe – chun ‘tacaíocht shealadach a thabhairt chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i rith géarchéime’ lena iasachtaí chuig Ballstáit ráthaithe ag teorainn na n-acmhainní dílse. Thug na Ballstáit ráthaíochtaí a chlúdaíonn 25 % de mhéid iomlán na n-iasachtaí. Ina theannta sin, chuir an tAontas an Ciste Réitigh Aonair (CRA) ar bun lasmuigh de bhuiséad an Aontais, a cistíodh le táillí a gearradh ar bhainc chun cuidiú déileáil le bainc eile a bhí ag cliseadh.
12 Do thréimhse reatha 2021-2027, tá pacáiste de reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí airgeadais an Aontais glactha ag an Aontas. Áirítear leis sin rialachán CAI12, agus an reachtaíocht earnálach a ghabhann leis, lena rialaítear cláir chaiteachais an Aontais. Tá an Ciste Eorpach Forbraíochta ionchorpraithe i mbuiséad an Aontais, agus tá clár InvestEU tagtha in ionad CEIS agus ionstraimí airgeadais faoi bhainistíocht lárnach. Bhunaigh agus mhaoinigh na Ballstáit an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) lasmuigh de bhuiséad an Aontais chun costais áirithe a mhaoiniú a bhaineann leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta. Chomh maith leis sin, nuashonraíodh agus leathnaíodh amach ionstraimí speisialta an Aontais. Tá NextGenerationEU bunaithe ag an gComhairle freisin chun maoiniú breise a chur ar fáil ón Aontas le haghaigh caiteachais agus infheistíochta ó 2021 go 2026 chun dul i ngleic le héifeachtaí eacnamaíocha COVID-19. I rith 2022 d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí tuairimí 07/202213 agus 08/202214 maidir le moltaí an Choimisiúin agus na Comhairle, chun Cúnamh Macrairgeadais Plus agus an Ciste Aeráide Sóisialta faoi seach a thabhairt isteach.
13 Sa tuarascáil seo, úsáidimid an téarma ‘ionstraim’chun tagairt do gach cineál cistithe do bheartais an Aontais, ar a dtugtar ‘ionstraimí’, ‘sásraí’, ‘cistí’, ‘saoráidí’ nó ‘dearlaicí’ i ngníomhartha reachtacha an Aontais. Úsáidimid an téarma ‘ionstraim’ freisin chun tagairt do chineálacha sonracha cistí a chuireann na hinstitiúidí ar fáil amhail SCE agus BEI. Taispeántar i bhFíor 1 an tráthchlár le haghaidh cruthú na n-ionstraimí a bhfuil cur síos orthu sna míreanna roimhe seo, agus léirítear ann mar a mhéadaigh líon na n-ionstraimí le 15 bliana anuas.
Nóta: Tá ainmneacha iomlána gach acrainm sa liosta acrainmneacha agus sa ghluais.
Foinse: CIE.
Mór-réimse airgeadais an Aontais faoi láthair
14 Sonraítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na príomhphrionsabail maidir le bainistíocht bhuiséadach15. Tá míniú breise ar na prionsabail sin sa Rialachán Airgeadais16. I mBosca 1, taispeántar na prionsabail bhuiséadacha a áirítear sa Rialachán Airgeadais. D’fhéadfadh ionstraimí nua na prionsabail bhuiséadacha a shárú ar roinnt bealaí. Mar shampla, bheadh bunú clár caiteachais le comhaontú idir-rialtasach ina sháru ar phrionsabal na haontachta; bheadh tiomnú foinsí áirithe caiteachais chuig caiteachas sonrach ina mhaolu ar phrionsabal na huilíochta; agus bhainfí an bonn ó fheidhmíocht agus trédhearcacht mar gheall ar an gcastacht a d’eascródh as iomadú ionstraimí.
Prionsabail Bhuiséadacha a áirítear sa Rialachán Airgeadais
Prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh: tabharfaidh an buiséad réamhaisnéis ar an ioncam agus an caiteachas go léir a mheastar atá riachtanach don Aontas;
Prionsabal na bliantúlachta: údarófar an buiséad le haghaidh bliain airgeadais a mhairfidh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig;
Prionsabal na cothromaíochta: beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú;
Prionsabal an aonaid cuntais: tarraingeofar suas an buiséad in euro;
Prionsabal na huilíochta: clúdóidh an t-ioncam iomlán an caiteachas iomlán;
Prionsabal na sonraíochta: cuirfear suimeanna ar leataobh chun críocha sonracha de réir teidil agus caibidle;
Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus na feidhmíochta: úsáidfear barainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht, in éineacht le díriú isteach ar an bhfeidhmíocht;
Prionsabal na trédhearcachta: bunófar an buiséad agus cuirfear chun feidhme é agus tíolacfar na cuntais i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta.
15 Glactar buiséad an Aontais17 ar bhonn bliantúil. Ní mór dó urraim a thabhairt do na teorainneacha caiteachais18 atá leagtha amach i rialachán CAI agus don ‘uasteorainn’ deiridh maidir leis na hacmhainní is féidir leis an Aontas a bhailiú ó na Ballstáit sa chinneadh maidir le hacmhainní dílse (féach Fíor 2), a éilíonn aontoilíocht sa Chomhairle agus go ndéanann na Ballstáit é a fhormheas de réir a gceanglais bhunreachtúla.
Foinse: CIE, bunaithe ar an gcinneadh maidir le hacmhainní dílse agus rialachán CAI.
16 Tugtar ‘lamháil’ ar an gcorrlach idir na teorainneacha caiteachais in CAI agus uasteorainn na n-acmhainní dílse. Úsáidtear an lamháil sin, tar éis maolán sábháilteachta a chur san áireamh chun forbairtí eacnamaíocha diúltach a chlúdach, chun oibleagáidí airgeadais an Aontais agus caillteanais de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann a ráthú (‘dliteanas teagmhasach’). Chun a bheith in ann na cistí is gá le haghaidh NextGenerationEU a fháil ar iasacht sna margaí, tugadh isteach uasteorainn imfhálaithe shealadach bhreise de 0.6 % de OIN an Aontais sa chinneadh maidir le hacmhainní dílse. Is ionann uasteorainn CAI le haghaidh caiteachas bhuiséad an Aontais (tuairim is 1 %) anois agus thart ar leath den uasteorainn fhoriomlán d’acmhainní dílse (2 %).
17 Chun críocha na tuarascála seo, measaimid go bhfuil ionstraim san áireamh i mbuiséad an Aontais nuair atá sí maoinithe (nó foráilte) go hiomlán i gcomhréir le rialachán CAI agus nuair a leanann sí modhanna cur chun feidhme an bhuiséid faoi mar a léirítear sa Rialachán Airgeadais19. Tá na hionstraimí seo a leanas comhtháthaithe go hiomlán i mbuiséad an Aontais:
- cláir chaiteachais agus cistí, ionstraimí airgeadais, agus na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais20 (amhail Comhghnóthais) a fhaigheann cistiú ó bhuiséad an Aontais chun beartais an Aontais a chur chun feidhme;
- na hionstraimí speisialta chun freagairt do theagmhais a fhaigheann maoiniú ó bhuiséad an Aontais, amhail an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR), an Ionstraim Corrlaigh Aonair (SMI); agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED);
- ioncam sannta seachtrach. Leis an gcineál ioncam speisialta sin, dírítear cistí breise ó fhoinsí seachtracha chuig buiséad an Aontais le haghaidh caiteachas sonrach. Tá sé sin sa bhreis ar an mbuiséad glactha agus ar CAI, agus ba cheart é a shannadh ar líne bhuiséid shonrach. Áirítear ann ranníocaíochtaí airgeadais ó thíortha nach bhfuil san Aontas, an Ciste don Nuálaíocht (lena soláthraítear airgead ón gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin), agus an chuid tacaíochta neamh-inaisíoctha de NextGenerationEU a mhaoinítear le hiasachtaí;
- ionstraimí ráthaíochta buiséadacha, amhail InvestEU agus CEFI+, áit a n-íoctar iarrataí in aghaidh na ráthaíochta as buiséad an Aontais suas go dtí an teorainn ráthaíochta.
18 Is iad seo a leanas na hionstraimí atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais (ionstraimí seachbhuiséid) agus a bhfuil iasachtaíocht agus iasachtú ag an Aontas i gceist leo ach atá ráthaithe faoin uasteorainn na n-acmhainní dílse:
- ionstraimí cúnaimh airgeadais do thíortha nach bhfuil san Aontas, amhail na hiasachtaí um Chúnamh Macrairgeadais (MFA) agus iasachtaí EURATOM, áit a bhfaigheann an Coimisiún cistí ar iasacht ó na margaí caipitil agus go gcuireann sé amach ar iasacht iad chuig tíortha is tairbhithe ar na téarmaí céanna (iasachtaí drom-le-droim). I ndeireadh na dála, clúdaítear na hiasachtaí seo le buiséad an Aontais;
- cúnamh airgeadais do thíortha san Aontas, amhail BoP, EFSM agus SURE, a oibríonn mar iasachtaí droim-le-droim;
- iasachtaí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a mhaoinítear le hiasachtaíocht NextGenerationEU.
19 Áirítear na hionstraimí seo a leanas ar na hionstraimí a bunaíodh lasmuigh de bhuiséad an Aontais agus nach bhfuil clúdaithe le huasteorainn na n-acmhainní dílse:
- ionstraimí um chúnamh airgeadais faoi SCE, EFSF agus SIG, atá bunaithe ar chaipiteal, ráthaíochtaí nó iasachtaí a bunaíodh faoi chonarthaí nó comhaontuithe idir-rialtasacha;
- ionstraimí infheistíochta in-aisíoctha éagsúla ghrúpa BEI (oibríochtaí dílse);
- ionstraimí eile a sholáthraíonn bealach chun beartais an Aontais a chur chun feidhme:
- an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF);
- an Ciste Réitigh Aonair (CRA);
- an Ciste don Nuachóiriú do Bhallstáit a bhfuil a ngeilleagar i mbun dícharbónaithe, agus caiteachas na mBallstát chun dícharbónú a bhaint amach trí úsáid a bhaint as ioncam ón Scéim Trádála Astaíochtaí;
- deontais ó stáit sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ón Iorua agus ón Eilvéis chuig Ballstáit an Aontais arb é is aidhm leo éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus den Aontas.
20 Rinne Parlaimint na hEorpa cur síos ar mhór-réimse airgeadais an Aontais faoi láthair, arna fhorbairt le blianta fada anuas, mar ‘mhórchnuasach cistí agus ionstraimí mórthimpeall ar bhuiséad an Aontais’. I bhFíor 3, tugtar forléargas ar mhór-réimse airgeadais an Aontais amhail an 1 Eanáir 2021. In Iarscríbhinn I, tugtar faisnéis airgeadais maidir leis na hionstraimí a áirítear inár n-anailís, go háirithe maidir lena méid/lena n-acmhainneacht.
Fíor 3 – Forléargas ar mhór-réimse airgeadais an Aontais amhail an 1 Eanáir 2021
Nóta: Ní léargas ar mhéid iarbhír na n-ionstraimí é méid na mbolgán sa phictiúr (féach Iarscríbhinn I).
Foinse: CIE.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
21 Tá aird gheallsealbhóirí AE tarraingthe ar leibhéal éifeachtúlachta agus trédhearcachta mhór-réimse airgeadais an Aontais i gcomhthéacs athchóiriú institiúideach a d’fhéadfadh a bheith ann21. Is é is aidhm lenár n-iniúchadh ná léargas a thabhairt ar an dearadh agus na socruithe atá anois ann, agus an scóip a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun mór-réimse airgeadais an Aontais a shimpliú agus a shruthlíniú.
22 Scrúdaíomar an bhfuil mór-réimse airgeadais an Aontais curtha ar bun ar bhealach comhleanúnach. Go háirithe, rinneamar measúnú ar na nithe seo a leanas:
- an raibh cúiseanna dlisteanacha ann gan ionstraimí a comhtháthú go hiomlán i mbuiséad an Aontais nuair a bunaíodh iad;
- an bhfuil foráil leormhaith déanta chun cuntasacht phoiblí a áirithiú i mór-réimse airgeadais an Aontais, i dtaobh tuairiscithe, iniúchóireachta, agus socruithe grinnscrúdaithe poiblí;
- an ndearnadh gníomhaíocht iomchuí chun comhtháthú mhór-réimse airgeadais an Aontais a fheabhsú le himeacht ama.
23 Sa tuarascáil, clúdaímid ionstraimí atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais go príomha agus atá ar fáil chun dul i mbun oibríochtaí nua i dtréimhse 2021-2027, nó a leanann d’acmhainní suntasacha nó dliteanais fhéideartha (dliteanais ‘theagmhasacha’) a ghiniúint don Aontas nó do na Ballstáit (féach an liosta in Iarscríbhinn I). Ní dhéanaimid anailís ar na hionstraimí atá comhtháthaithe go hiomlán i mbuiséad an Aontais agus nach ngineann dliteanais theagmhasacha nó nach bhfuil bunaithe go príomha ar ioncam sannta seachtrach, eadhon cláir chaiteachais agus gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile a fhaigheann cistiú ó bhuiséad an Aontais. Thairis sin, ní chlúdaíonn ár n-anailís deontais agus ranníocaíochtaí chuig buiséad an Aontais22 ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus ioncaim CTA na mBallstát, ós rud é go gcaitear iad sin go díreach ag na Ballstáit.
24 Chun críocha an mheasúnaithe seo, d’úsáideamar na prionsabail bhuiséadacha agus na rialacha atá leagtha síos sna conarthaí, sa chinneadh maidir le hacmhainní dílse agus sa Rialachán Airgeadais mar chritéir. Mar thagarmharcanna, d’úsáideamar caighdeáin idirnáisiúnta, dea-chleachtais, agus moltaí maidir le dea-rialachas buiséadach agus dea-bhainistíocht airgeadais (e.g. an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta23, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta24, agus Caiteachas Poiblí agus Cuntasacht Airgeadais25).
25 Rinneamar léirbhreithniú ar na tograí le haghaidh ionstraimí éagsúla agus ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear iad, agus rinneamar agallaimh le hoifigigh ó ranna an Choimisiúin atá freagrach as na hionstraimí éagsúla a mholadh nó a bhainistiú. Bhailíomar faisnéis freisin ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ó SCE agus ó Ghrúpa BEI chun tuiscint níos fearr a fháil ar ról na ngeallsealbhóirí éagsúla i mór-réimse airgeadais an Aontais. Ina theannta sin, chuamar i gcomhairle le roinnt saineolaithe i réimse airgeadas poiblí an Aontais chun ár n-anailís agus ár réamhchonclúidí iniúchóireachta a phlé.
Barúlacha
Ba mhanglam de chomhpháirteanna éagsúla é mór-réimse airgeadais an Aontais in 2021
26 Mar a thaispeántar i bhFíor 3, tá líon suntasach de chomhpháirteanna éagsúla i mór-réimse airgeadais an Aontais. Chun measúnú a dhéanamh ar an réasúnú d’iolrú agus éagsúlacht na n-ionstraimí nach bhfuil comhtháite go hiomlán i mbuiséad an Aontais (féach Iarscríbhinn I), déantar scrúdú sna míreanna seo thíos ar na cúiseanna ar cruthaíodh iad, ar na socruithe rialachais lena mbaineann, agus ar fhoinsí cistiúcháin.
Bhí cúiseanna dlisteanacha ann chun ionstraimí nua a chruthú, ach bhí réamh-mheastóireachtaí iomchuí in easnamh i gcás roinnt mhaith acu
Bhí cúis dhlisteanach ann chun formhór na n-ionstraimí a chruthú
27 Luaitear sna prionsabail bhuiséadacha atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais26 – go háirithe prionsabal na haontachta – nach mór do bhuiséad an Aontais réamhaisnéis a thabhairt ar an ioncam agus ar an gcaiteachas iomlán a mheastar atá riachtanach don Aontas, agus é a údarú. Ba cheart go mbeadh bunú ionstraimí lasmuigh den phróiseas buiséadach dlisteanach agus ba cheart go mbeadh údar iomchuí leis27. Rinneamar anailís féachaint an raibh cúis dhlisteanach ann don chineál ionstraime a bhí roghnaithe agus, i gcás inarbh iomchuí, chun é a chruthú lasmuigh de bhuiséad an Aontais.
28 Fuaireamar, i bhformhór na gcásanna, gur chuir na dálaí dlíthiúla, polaitiúla nó eacnamaíocha ag an am ar cruthaíodh gach ionstraim cúiseanna ar fáil dá ngnéithe seachbhuiséadacha. Ba ghá na hionstraimí bunaithe ar iasachtaíocht agus iasachtú a chuireann cúnamh airgeadais ar fáil (féach Fíor 3) a fhorbairt lasmuigh de bhuiséad an Aontais mar gheall nach féidir iasachtaí a chruinniú laistigh de. Cruthaíodh na hionstraimí sin chun freagairt do ghéarchéimeanna den chuid is mó. Ba é SIG an rogha pholaitiúil ar a thángthas chun freagairt go tapa ar na riachtanais láithreacha chun an Ghréig a mhaoiniú. Ba réiteach sealadach é EFSF chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim fiachais cheannaigh 2010, agus tháinig SCE ina dhiaidh. Mar thoradh ar éagsúlachtaí idir Ballstáit laistigh agus lasmuigh den limistéar euro, cruthaíodh na trí hionstraim sin lasmuigh d’uasteorainn na n-acmhainní dílse.
29 Cruthaíodh BoP sna 1970í chun freagairt do ghéarchéimeanna agus chun tacú le Ballstáit a bhfuil fadhbanna acu maidir lena n-íocaíochtaí a chomhardú. Ar an gcuma chéanna, cruthaíodh CSI chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do thíortha nach bhfuil san Aontas. Cuireadh EFSM ar bun ag an am céanna agus leis na cuspóirí céanna le EFSF, ach d’fhéadfaí freastal air faoi chlúdach uasteorainn na n-acmhainní dílse. Ba iad SURE agus NextGenerationEU freagairt an Aontais ar éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19.
30 Cruthaíodh ionstraimí eile laistigh de bhuiséad an Aontais chun cistí AE a ghiaráil trí ráthaíochtaí bhuiséad an Aontais a chur ar fáil. Bunaíodh iad chun go bhféadfaí cistí ó bhuiséad an Aontais a úsáid chun tacaíocht in-aisíoctha a chur ar fáil agus chun na hacmhainní a shlógadh a bheadh ag teastáil ó institiúidí airgeadais chun gníomhaíocht an Aontais a chistiú. Téann an cineál tacaíochta sin níos faide ná an tacaíocht neamh-inaisíoctha a chuirtear ar fáil le buiséad an Aontais de ghnáth. Úsáidtear é chun spreagadh eacnamaíoch a chur ar fáil mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí infheistíochta a shainaithnítear. Is iad InvestEU agus CEFI+ an dá ionstraim a cruthaíodh chun na críocha sin.
31 Tá údar maith le bunú na Saoráide Eorpaí Síochána lasmuigh de bhuiséad an Aontais mar gheall ar na srianta dlíthiúla a eascraíonn as Airteagal 41(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena gcuirtear cosc buiséad an Aontais a úsáid chun caiteachas oibríochta a bhfuil himpleachtaí míleata nó cosanta ag baint leis a chistiú. Mar gheall ar nádúr seachbhuiséadach na Saoráide Eorpaí Síochána, is féidir leis na Ballstáit teacht ón srian sin.
32 Is socrú maoinithe réitigh é CRA. Tá sé ar cheann de na bearta a beartaíodh chun earnáil bhaincéireachta na hEorpa a neartú agus chun go seachnófaí éifeachtaí iarmhartacha a bheadh ag bainc a bheadh ag cliseadh amach anseo agus a chruthódh éifeachtaí diúltacha do thaisceoirí agus cáiníocóirí. Is é an míniú a thugtar ar an bhfíoras gur ionstraim é CRA a cruthaíodh lasmuigh de bhuiséad an Aontais ná go bhfuil sé maoinithe go hiomlán le ranníocaíochtaí ó bhainc atá sa limistéar euro (cistiú comhthiomsaithe).
33 Maoinítear an Ciste don Nuachóiriú agus an Ciste don Nuálaíocht le hioncaim CTA. Leagadh amach dhá dhearadh éagsúla na gcistí sin i dTreoir CTA28 (féach Bosca 4). Cé go gcuireann an dá chiste tacaíocht neamh-inaisíoctha ar fáil (ar bhealach comhchosúil le buiséad an Aontais), chiallaigh a gcruthú go bhféadfaí beartais AE a mhaoiniú trí chistí a chomhthiomsiú ar cistí iad a bheann ann, murach sin, d’úsáid eisiach na mBallstát. Ina theannta sin, tháinig na cistí sin sa bhreis ar bhuiséad AE agus uasteorainn CAI (1 % de OTI an Aontais), agus féadtar iad a úsáid dá réir sin chun tacaíocht neamh-inaisíoctha a chur ar fáil lasmuigh de na teorainneacha sin.
Níl aon léiriú soiléir ann gur roghnaíodh an rogha ab éifeachtúla i gcás fhormhór na n-ionstraimí a ndearnadh measúnú orthu
34 Tá meastóireacht ex ante iomchuí tábhachtach chun údar maith a thabhairt le hionstraim a chruthú agus chun measúnú a dhéanamh ar an éifeachtúlacht a d’fhéadfadh a bheith aici. San Aontas, tá ról lárnach ag an measúnú tionchair maidir leis an méid sin, agus foráiltear sa Chreat um Rialáil Níos Fearr gur cheart é a úsáid do thionscnaimh an Choimisiúin ar dócha go mbeadh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, chomhshaoil nó shóisialta acu29. Déantar foráil sa Chreat um Reachtóireacht Níos Fearr do chásanna nach féidir measúnú tionchair a dhéanamh ina leith, nó inar gá é a ghiorriú nó a shimpliú. Mar shampla, i gcás ina bhfuil práinn pholaitiúil ann.
35 Fuaireamar amach, cé go raibh údar maith lena gcruthú (féach míreanna 27 go 32), nár tacaíodh leis an dearadh a bhí roghnaithe (lena n-áirítear saintréithe seachbhuiséadacha na n-ionstraimí) trí bhíthin measúnuithe tionchair nó meastóireachtaí ex ante mar iad i bhformhór na gcásanna (as na 16 ionstraim a ndearnamar anailís orthu, níor raibh measúnuithe tionchar ag tacú le 10 gcinn díobh). Do na hionstraimí atá clúdaithe ag uasteorainn na n-acmhainní dílse, thug an Coimisiún údar maith don mhéid sin mar gheall ar nádúr práinneach na dtograí áirithe chun na hionstraimí (i.e. NextGenerationEU, SURE agus EFSM) a chruthú. I gcásanna eile, measaimid go mbeadh anailís den chineál sin úsáideach, cé nach raibh ceanglas foirmiúil ann measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é nach tionscnamh de chuid an Choimisiúin a bhí san ionstraim ar leith (i.e. an tSaoráid Eorpach Síochána, SCE, EFSF agus SIG), nó ós rud é gur cruthaíodh é sula raibh ceanglas ann measúnú tionchair a dhéanamh.
36 Mar gheall ar easpa measúnuithe tionchair iomchuí nó meastóireachtaí mar iad, ní féidir a dhearbhú go raibh sé níos fearr ionstraim sheachbhuiséadach a chruthú ná buiséad an Aontais a úsáid, agus ní féidir a léiriú gurbh í an ionstraim bheartaithe an ceann ab éifeachtúla (anailís costais is tairbhe).
Bhí clásail éagtha nó athbhreithniúcháin i bhformhór na n-ionstraimí a ndearnamar anailís orthu
37 Is dea-chleachtas é clásal éagtha a chur isteach nuair atá ionstraim nua á hullmhú, agus is rud é sin a fhágann nach mbíonn ionstraimí neamhriachtanacha nó iomarcacha ann go fadtréimhseach30. Tá clásail éagtha i dtromlach na n-ionstraimí a ndearnamar anailís orthu ina sonraítear ré na hionstraime, nó tá gnáthchlásal athbhreithniúcháin iontu lena gceanglaítear athbhreithniú a dhéanamh ar na cúiseanna chun an ionstraim a choimeád. Fuaireamar amach inár n-anailís gur cuireadh na clásail sin chun feidhme de réir mar a shonraítear sna gníomhartha reachtacha. Is í saoráid iasachta EURATOM an eisceacht ar an gcleachtas sin agus níl clásail den chineál sin ann di (féach Bosca 2).
Saoráid iasachta EURATOM: mar gheall nach bhfuil clásal athbhreithniúcháin ann, tá an baol ann go rachaidh an ionstraim as dáta
Tá saoráid iasachta EUROTOM ann ó 1977, agus bhí an t-athbhreithniú is déanaí ann in 2006, nuair a coigeartaíodh an bunús dlí chun méadú ar an Aontas Eorpach a chur san áireamh. Cruthaíodh an ionstraim chun iasachtaí a chur ar fáil do Bhallstáit dá dtionscadail infheistíochta a bhaineann le stáisiúin cumhachta núicléiche, agus leathnaíodh amach é ina dhiadh sin chun iasachtaí a chur ar fáil do tríú tíortha áirithe (an Rúis, an Úcráin agus an Airméin) le haghaidh tionscadail chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht a stáisiúin cumhachta núicléiche a mhéadú. In ainneoin forbairtí i mbeartas agus tosaíochtaí fuinnimh an Aontais, chomh maith le hathruithe sa chomhthéacs geopholaitiúil, ní dhearna an Coimisiún agus an Comhairle measúnú ar an gá atá leis an tsaoráid a choimeád le 16 bliana anuas.
Réimse de shocruithe rialachais, foinsí maoinithe agus dliteanais theagmhasach
38 Ba cheart go mbeadh na hionstraimí chomh comhleanúnach agus is féidir, i bhfianaise a saintréithe sonracha. Mar gheall go bhfuil creat coiteann ann lena leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le socruithe rialachais a chruthú agus a chomhchuibhiú, d’fhéadfaí trédhearcacht, simplíocht agus éifeachtacht níos treise a thabhairt isteach in oibríocht na n-ionstraimí31.
Tá éagsúlachtaí suntasacha ann idir socruithe rialachais
39 Chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal comhleanúnachais na n-ionstraimí laistigh de mhór-réimse airgeadais an Aontais, scrúdaíomar na socruithe rialachais éagsúla trí na bunghníomhartha reachtacha a sheiceáil agus trí na próisis chinnteoireachta d’ionstraimí comhchosúla a chur i gcomparáid le chéile. Rinneamar anailís freisin ar impleachtaí na socruithe rialachais éagsúla.
40 Tá na hionstraimí éagsúla a ndearnamar anailís orthu bunaithe ar bunghníomhartha éagsúla. Tá raon leathan i gceist leo sin, ag dul ó chonarthaí a thug ag grúpa sonrach de Ballstáit i gcrích (amhail SCE, atá sínithe ag Ballstáit an limistéir euro) go rialacháin ón gComhairle (amhail SURE). I gcás MFA (féach mír 83), ciallaíonn an easpa rialacháin réime go ndéantar cinntí maidir le hiasachtaí a dheonú, agus na coinníollacha faoi seach, ar bhonn cás-ar-chás. Ós rud é nach bhfuil creat coiteann ann chun ionstraimí nua a chruthú, tá raon ró-éagsúil de shocruithe rialachais ann.
41 Cé go bhféadfaí an difear sin idir socruithe rialachais a mhíniú go point áirithe le saintréithe éagsúla na n-ionstraimí, fuaireamar amach go bhfuil socruithe rialachais éagsúla ag ionstraimí comhchosúla laistigh de mhór-réimse airgeadais an Aontais. Tá éagsúlachtaí ann ó ionstraim go chéile maidir le rialachas ionstraimí um chúnamh airgeadais, mar shampla (féach Bosca 3).
Socruithe rialachais éagsúla d’ionstraimí iasachtaíochta agus iasachtaithe comhchosúla
Tá saintréithe comhchosúla ag na hionstraimí a chuireann cúnamh airgeadais ar fáil do thíortha atá i ngátar mar gheall ar a gcuspóir comhchoiteann iasachtaí a chur ar fáil do Bhallstáit nó do thíortha nach bhfuil san Aontas (féach Fíor 3). Tá cuid de na hionstraimí clúdaithe ag uasteorainn na n-acmhainní dílse, agus tá socruithe rialachais éagsúla acu. Déanann an Comhairle, ag éirí as tograí ón gCoimisiún, príomhchinntí BoP, EFSM, iasachtaí EURATOM agus SURE. Ar an iomlán, áfach, leanann iasachtaí MFA an gnáthnós imeachta reachtach, agus bíonn cinneadh comhpháirteach aonair ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag teastáil.
Na hionstraimí nach bhfuil clúdaithe ag uasteorainn na n-acmhainní dílse, cruthaítear iad le Conradh nó Comhaontú idir-rialtasach. Tá struchtúir rialachais éagsúla acu, agus tá an fhreagracht iomlán as an gcinnteoireacht ar ionadaithe Bhallstáit an limistéir euro: tá SIG bunaithe ar chomhaontú idirchreidiúnaíoch aonuaire, rud a chiallaíonn gurb iad na páirithe sa chomhaontú creidiúnaíoch a dhéanann na cinntí go léir; tá EFSF agus SCE bainistithe ag boird shonracha. Cruthaíonn an socrú manglaim sin castacht, agus cruthaíonn sé riosca go bhfhéadfadh dúbailt a bheith ann. D’fhéadfadh easpa sineirgí a bheith mar thoradh air freisin, agus lagaíonn sé sin rialachas agus cinnteoireacht32.
42 I gcás amháin, déanann na socruithe rialachais sonracha difear do staideanna fiachais na mBallstát. Is cuideachta phríobháideach é EFSF atá faoi réir dhlí Lucsamburg agus ní mheastar gur eagraíocht idirnáisiúnta é de réir na gcritéar do na cuntais náisiúnta. Mar sin, ní mór na suimeanna a fuair EFSF ar iasacht a thaifeadadh mar fhiachas rialtais na mBallstát a ráthaíonn a chaipiteal33. Ciallaíonn an méid sin go léirítear na hiasachtaí a fuarthas sna margaí mar fhiachas i gcuntais náisiúnta na mBallstát. Ní amhlaidh atá i gcás ionstraimí comhchosúla amhail SCE, nó iad sin atá clúdaithe le huasteorainn na n-acmhainní dílse (EFSM, BoP, MFA, iasachtaí EURATOM agus SURE), ós rud é nach ndéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta cuntais náisiúnta a thiomsú.
43 Is samplaí eile iad an Ciste don Nuálaíocht agus an Ciste don Nuachóiriú, ar ionstraimí iad a cruthaíodh le déanaí le foinsí cistiúcháin, cineál tacaíochta agus cuspóirí comhchosúla (féach Bosca 4). Cé gur scéimeanna tacaíochta neamh-inaisíoctha iad, tá socruithe rialachais éagsúla acu freisin: déanann an Coimisiún na príomhchinntí maidir leis an gCiste don Nuálaíocht, agus is é Coiste Infheistíochta – atá comhdhéanta d’ionadaithe ón na Ballstáit is tairbhithe den chuid is mó – a dhéanann cinntí maidir leis an gCiste don Nuachóiriú.
An Ciste don Nuachóiriú agus an Ciste don Nuálaíocht: iad cosúil le chéile ach fós éagsúil
CTA an Aontais: ag maoiniú an dá chiste
Is córas é CTA an Aontais chun astaíochtaí carbóin agus foirmeacha eile aerthruaillithe a rialú. Socraítear uasteorainn don mhéid is féidir le gnólacht ar leith nó eagraíocht eile a tháirgeadh, ach féadtar acmhainneacht níos mó a cheannach ó eagraíochtaí nach bhfuil a lamháltas iomlán úsáidte acu. In 2021, bhailigh na Ballstáit thar cionn €30 billiún trí na lamháltais sin a cheantáil. Aistrítear céatadán beag den mhéid sin chuig an gCiste don Nuálaíocht agus chuig an gCiste don Nuachóiriú (d’fhéadfadh an méid measta sin a bheith chomh hard le €38 billiún agus €51 billiún do thréimhse 10 mbliana faoi seach do gach aon cheann den dá chiste).
Príomhchuspóirí an dá chiste: aistriú i dtreo fuinneamh glan
Tá cuspóirí comhchosúla ag an dá chiste, atá dírithe ar an earnáil fuinnimh agus ar gheilleagair a dhícharbónú. Tá an Ciste don Nuálaíocht ar fáil do gach ceann de an 27 mBallstát, ach ní féidir ach leis na 10 mBallstát a bhfuil Olltáirgeacht Intíre faoi bhun 60 % de mheán an Aontais acu an Ciste don Nuachóiriú a úsáid (an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chróit, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic).
Tá éagsúlacht mhór ann sa rialachas
Cé gur comhtháthaíodh an Ciste don Nuálaíocht i mbuiséad an Aontais, déantar an Ciste don Nuachóiriú a bhainistiú go hiomlán lasmuigh de. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an fhreagracht bhainistíochta iomlán ar an gCoimisiún i gcás an Chiste don Nuálaíocht. Is ar na Ballstáit is tairbhithe atá an fhreagracht as an gCiste don Nuachóiriú a bhainistiú. Déanann coiste infheistíochta na príomhchinntí, agus tá an coiste sin comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit. Ceapann BEI agus an Coimisiún ionadaí amháin an ceann.
Tá éagsúlacht sna foinsí cistiúcháin
44 Chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal comhleanúnachais mhór-réimse airgeadais an Aontais, scrúdaíomar bunús na gcistí a úsáideann na hionstraimí, agus ghrúpálamar iad de réir na bhfoinsí éagsúla.
45 Fuaireamar amach go bhfaigheann SCE, EFSF, EFSM, BoP, MFA, iasachtaí EURATOM, NextGenerationEU, SURE agus oibríochtaí dílse BEI cistí ó iasachtaíocht sna margaí airgeadais. Roghnaíonn agus breithmheasann comhpháirtithe cur chun feidhme don mhaoniú oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó InvestEU agus CEFI+ (cé go gclúdaítear iad le ráthaíocht bhuiséadach arna dheonú ag an Aontas agus a sholáthraítear go páirteach le buiséad an Aontais). Maoinítear an Ciste don Nuachóiriú agus an Ciste don Nuálaíocht le hioncam ó lamháltais CTA an Aontais a dhíol ar ceant. Is institiúidí airgeadais atá ina gcuid den Aontas Baincéireachta a chistíonn CRA, agus tá SIG comhdhéanta d’iasachtaí díreacha a thugann Ballstáit an limistéir euro don Ghréig. Maoinítear an tSaoráid Eorpach Síochána le ranníocaíochtaí díreacha ó na Ballstáit. Taispeántar i bhFíor 4 na foinsí éagsúla cistiúcháin do na hionstraimí a ndearnamar anailís orthu.
* Maoinítear EFSF, oibríochtaí dílse BEI agus SCE trí iasachtaíocht i margaí caipitil, ach chuir na Ballstáit roinnt suimeanna ar fáil freisin mar chaipitil iníoctha.
Foinse: CIE.
Tugtar cúl taca do dhliteanais theagmhasacha ar bhealaí éagsúla
46 Áirithítear le bainistíocht éifeachtach ar shócmhainní agus dliteanais go soláthraíonn infheistíochtaí poiblí luach maith ar airgead, go ndéantar sócmhainní a thaifeadadh agus a bhainistiú, go sainaithnítear rioscaí fioscacha, agus go ndéantar fiachais nó ráthaíochtaí a phleanáil agus a fhormheas, agus go ndéantar faireachán orthu, ar bhealach stuama34. Clúdaíonn an méid sin dliteanais theagmhasacha freisin, ar dliteanais iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo, agus conas is féidir le hacmhainní a bheith mar chúl taca leo.
47 Gineann na hionstraimí a bhaineann le hiasachtaíocht sna margaí airgeadais (féach mír 45) dliteanais theagmhasacha don Aontas agus do na Ballstáit. Tugtar cúl taca do na dliteanais sin ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an ionstraim. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm ráthaíocht bhuiséadach (féach Iarscríbhinn II), trí lamháil uasteorainn na n-acmhainní dílse a úsáid (féach Fíor 2), trí uasteorainn na n-acmhainní dílse a mhéadú ar bhonn eisceachtúil, nó trí chaipiteal íoctha isteach agus ráthaíochtaí breise ó na Ballstáit a úsáid. Taispeántar i bhFíor 5 conas a thugtar cúl taca do dhliteanais theagmhasacha.
48 Iasachtaí d’ionstraimí nach bhfuil clúdaithe le huasteorainn na n-acmhainní dílse agus a mhaoinítear sna margaí (EFSF agus SCE), tá céatadán de shuimeanna caipitil íoctha isteach i gceist leo, agus soláthraíonn na Ballstáit ráthaíochtaí breise chun tacú leis na hoibríochtaí iasachtaíochta faoi seach. I gcás EFSF, clúdaíonn na ráthaíochtaí 165 % de na méideanna ar iasacht. Bhí an ró-ráthaíocht sin ag teastáil chun an acmhainneacht chreidmheasa is airde a áirithiú d’ionstraimí cistithe arna eisiúint ag EFSF. Ar chúiseanna comhchosúla, is ionann caipiteal SCE agus €704.8 billiún (a ndéantar €80.5 billiún de a íoc isteach agus ar caipiteal inghlaoite é an chuid eile), agus is é €500 billiún a acmhainneacht iasachtaithe. Tar éis aontachas na Cróite le SCE in 2023, beidh caipiteal údaraithe SCE cothrom le €708.5 billiún.
49 Soláthraítear na hionstraimí atá bunaithe ar ráthaíochtaí buiséadacha (InvestEU agus EFSD+) go páirteach. Is é is aidhm leis an bhforáil ná glanchaillteanais a bhfuiltear ag súil leo a chlúdach agus, ina theannta sin, maolán sábháilteachta iomchuí a chur ar fáil. Ós rud é gurb é buiséad an Aontas (atá faoi uasteorainn CAI) an clúdach deiridh do mhainneachtain sna hionstraimí sin, is é is aidhm leis an soláthar ná buiséad an Aontais a chosaint ó mhainneachtain den chineál sin a d’fhéadfadh tarlú. Ar an gcaoi chéanna, tá na hiasachtaí do thíortha nach bhfuil san Aontas arna soláthar ag EURATOM nó MFA soláthartha agus clúdaithe faoi dheoidh ag buiséad an Aontais. Déantar na suimeanna a chuirtear ar leataobh chun na ráthaíochtaí buiséadacha a sholáthar agus na hiasachtaí chuig tíortha nach bhfuil san Aontas a bhainistiú i gCiste do Sholáthar Coiteann (féach Iarscríbhinn II).
50 Baineann iasachtaí d’ionstraimí a chlúdaítear le huasteorainn na n-acmhainní dílse, lena gcuirtear tacaíocht ar fáil do na Ballstáit (BoP agus EFSM), úsáid dhíreach as ‘lamháil’ (féach mír 15) mar ráthaíocht intuigthe do na margaí go n-aisíocfar na cistí má mhainníonn an t-iasachtaí. Ní mór faireachán cúramach a dhéanamh ar na suimeanna atá i gceist mar sin chun a áirithiú go gcoimeádtar an lamháil sin ag leibhéal nach gcuireann isteach ar an acmhainneacht na suimeanna atá riachtanach do bhuiséad an Aontais a ghlaoch isteach. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh SURE an lamháil ó uasteorainn na n-acmhainní dílse a úsáid. Ina theannta sin, iarradh ar na Ballstáit go léir ráthaíocht bhreise de €25 billiún ar an iomlán a sholáthar (25 % d’acmhainneacht SURE).
51 Tá éagsúlachtaí suntasacha ann i dtaca leis sin. I gcásanna BoP agus SURE, déanann na Ballstáit na suimeanna ar fad atá tugtha ar iasacht do Bhallstáit is tairbhithe a ráthú trí lamháil uasteorainn na n-acmhainní dílse. Is cás éagsúil é EFSM, ós rud é go sonraítear an méid seo a leanas i rialachán EFSM35: nuair a dheonaítear cúnamh airgeadais ar Ballstát sa limistéar euro, cúitítear na Ballstáit nach bhfuil mar chuid den limistéar euro go hiomlán i ndail le haon dhliteanas a d’fhéadfaidís a thabhú mar thoradh ar aon mhainneachtain ón mBallstát is tairbhí an cúnamh airgeadais a aisíoc36.
52 Cruthaíonn sé sin éagsúlacht sa chaoi a gcaitear le Ballstáit éagsúla, agus ní bhfuaireamar aon réasúnaíocht ina thaobh sin. Tá Ballstáit sa limistéar euro faoi dhliteanas aon chúnamh a chuirtear ar fáil go Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro (trí BoP) a aisíoc, cé nach bhfuil Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro faoi dhliteanas an cúnamh a chuirtear ar fáil do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro a aisíoc (via EFSM).
53 Le NextGenerationEU, tugadh isteach formáid nua chun cúl taca a chur ar fáil don bhealach a fhaightear cistiú sna margaí. Mar gheall ar mhéadú sealadach de 0.6 % in uasteorainn na n-acmhainní dílse, is féidir na cistí a fháil sa mhargadh trí straitéis mhaoiniúcháin éagsúlaithe a úsáid.
Níl mór-réimse airgeadais an Aontais cuntasach go poiblí ach go pointe áirithe
Tá tuairisciú comhtháite tugtha isteach ag an Aontas, ach níl na hionstraimí go léir clúdaithe
54 Ba cheart tuarascálacha airgeadais bliantúla do na hionstraimí go léir a ullmhú ar bhealach cuimsitheach agus tráthúil chun tacú le cinnteoireacht agus grinnscrúdú iomchuí. Ba cheart go mbeadh forléargas cuí ar mhór-réimse airgeadais an Aontas ina iomláine in éineacht leis an méid sin37.
Ullmhaíonn an Coimisiún roinnt tuarascálacha, ach ní áirítear in aon cheann díobh sin forléargas ar ionstraimí uile mhór-réimse airgeadais an Aontais
55 I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ullmhaíonn an Coimisiún tacar comhtháite de thuarascálacha airgeadais agus cuntasachta38, lena n-áirítear cuntais bhliantúla an Aontais. Tá faisnéis i gcuntais bhliantúla an Aontais faoi na hionstraimí a chlúdaítear le huasteorainn na n-acmhainní dílse. Ina theannta sin, tá faisnéis bhreise faoi na hionstraimí sin i dtuarascálacha eile a éilítear a fhoilsiú faoin Rialachán Airgeadais (e.g. an tuarascáil maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus dliteanais theagmhasacha39, nó na 13 dhoiciméad oibre a ghabhann mar iarscríbhinn le buiséad 2022 an Aontais). Cé go léiríonn na doiciméid sin gnéithe sonracha go mionsonraithe, ní chuirtear forléargas ar fáil ar ionstraimí uile mhór-réimse airgeadais an Aontais. Ní áirítear iontu na hionstraimí nach gclúdaítear le huasteorainn na n-acmhainní dílse, eadhon CRA, EPF, an Ciste don Nuachóiriú, SCE, EFSF agus SIG.
56 In 2021, d’ullmhaigh an Coimisiún an Tuarascáil maidir le trédhearcacht bhuiséadach den chéad uair40, mar thoradh ar an gcomhaontú idirinstitiúideach idir an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle faoi chuimsiú CAI41. Áirítear sa tuarascáil faisnéis maidir le roinnt ionstraimí nach gclúdaítear le huasteorainn na n-acmhainní dílse (e.g. EFSF agus SCE). Tugann an fhaisnéis sin forléargas ginearálta ar na hionstraimí, agus iad comhiomlánaithe de réir cineálacha agus le naisc chuig foinsí d’fhaisnéis bhreise maidir le gach ceann díobh. Tugaimid ar aire nach gclúdaítear CRA, SIG agus oibríochtaí dílse BEI sa tuarascáil. Ní raibh an tSaoráid Eorpach Síochána agus an Ciste don Nuachóiriú gníomhach nuair a ullmhaíodh an tuarascáil.
57 Thugamar ar aire gur gnách go ndéantar tuairisciú airgeadais rialta i gcás na n-ionstraimí nach luaitear i gcuntais bhliantúla an Aontais, mar a fhoráiltear sa reachtaíocht shonrach is infheidhme do gach aon cheann díobh. Is iad an tSaoráid Eorpach Síochána – nach bhfuil aon tuairisciú chuig an bpobal i gcoitinne ná chuig Parlaimint na hEorpa beartaithe go sainráite sa bhunús dlí lena haghaidh (is chuig an gComhairle amháin ba cheart tuairisciú airgeadais rialta a dhéanamh) – agus SIG – a n-ullmhaíonn an Coimisiún tuarascálacha ráithiúla dó maidir leis na suimeanna a bhí amuigh ar an nGréig agus na suimeanna is infhaighte ag na Ballstáit. Déantar foráil dóibh sin sa chomhaontú idirchreidiúnaíoch agus seoltar iad chuig an iasachtaí agus na hiasachtóirí chun críocha ús a ríomh, ach nach bhfuil siad ar fáil go poiblí.
Tá bearna san iniúchóireacht ar fheidhmíocht na n-ionstraimí sin nach gclúdaítear le cearta iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí
58 Le Caighdeáin Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (i.e. Caighdeáin INTOSAI), iarrtar go mbeadh gach oibríocht airgeadais poiblí, gan beann ar an bhfuil siad léirithe sna buiséid náisiúnta nó nach bhfuil agus conas a dhéantar an méid sin, faoi réir iniúchóireachta ag Uasfhorais Iniúchóireachta42. Chun cuntasacht agus trédhearcacht iomlán a áirithiú, tá iniúchóireacht sheachtrach iontaofa agus chuimsitheach riachtanach43. Leagtar síos sna conarthaí gurb í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais44. Taispeántar i bhFíor 6 na hionstraimí a bhfuil cearta iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí ina leith, agus iad sin nach bhfuil.
59 Tá cearta iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí i gcás fhormhór na n-ionstraimí a áirítear inár n-anailís. Tá achoimre in Iarscríbhinn III ar na socruithe iniúchóireachta seachtraí do na hionstraimí sin nach bhfuil clúdaithe le cearta iniúchóireachta na Cúirte iniúchóirí. Áirítear tuairim iniúchóir seachtrach príobháideach i ráiteas airgeadais SCE, EFSF agus BEI, atá le hullmhú i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISA). Ós rud é nár cuireadh an tSaoráid Eorpach Síochána agus an Ciste don Nuachóiriú ar bun ach go dtí le déanaí, níl tuarascáil iniúchóireachta déanta ag iniúchóirí seachtracha poiblí go dtí seo. Tá sé beartaithe leis na socruithe, áfach, go ndéanfaí iniúchóireacht ar na ráitis airgeadais de réir ISA. I gcás SIG, is iad Uasfhorais Iniúchóireachta na mBallstát is iasachtóirí a bhfuil cearta iniúchóireachta acu.
60 Roimhe seo, rinneamar an tábhacht a bhaineann le cearta iniúchóireachta a bheith ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a thabhairt chun suntais45, agus tá sé molta againn ‘gur cheart sainorduithe iniúchóireachta poiblí a bhunú do gach cineál cistithe do bheartais an Aontais’ agus ‘gur cheart cuireadh a thabhairt do CIE iniúchóireacht a dhéanamh ar gach comhlacht a chruthaítear le comhaontuithe lasmuigh de chóras dlí an Aontais chun beartais an Aontais a chur chun feidhme. Áirítear leis sin oibríochtaí SCE agus BEI nach mbaineann le buiséad an Aontais’, agus tugaimid ar aire freisin ‘i roinnt cásanna, go bhféadfadh sé go mbeadh athrú sa reachtaíocht ag teastáil chun sainordú iniúchóireachta poiblí a bhunú’46. I dTuairim 2/1847 uainn, molaimid freisin go bhféadfadh SCE sainordú a bhronnadh ar CIE chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna san iniúchóireacht ar an bhfeidhmíocht a shainaithníomar. Ina fhreagra ar ár dTuairim, luaigh SCE go bhfuil ‘socruithe iniúchóireachta SCE atá ann faoi láthair i gcomhréir le dea-chleachtais le haghaidh institiúidí idirnáisiúnta airgeadais’. Ina theannta sin, mheabhraigh Bord Iniúchóirí SCE – agus é ag tagairt don cheist an bhféadfadh socruithe iniúchóireachta agus cuntasachta eile a bheith oiriúnach amach anseo – gur faoi pháirtithe chonradh SCE atá sé measúnú a dhéanamh uirthi.
61 Ar an gcaoi chéanna, d’iarr Parlaimint na hEorpa go mbeadh rannpháirtíocht níos mó ag an gCúirt Iniúchóirí san iniúchóireacht ar na hionstraimí sin. Mar shampla, d’iarr sí ar an gComhairle Airteagal 12 de Phrótacal 5 atá i gceangal le CAE agus CFAE a leasú chun ról a thabhairt don Chúirt Iniúchóirí san iniúchóireacht ar scairchaipiteal BEI48. Is sampla eile é an rún ó Pharlaimint na hEorpa i ndáil leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gCiste Airgeadaíochta Eorpach49, inar thángthas ar an gconclúid, i gcásanna a bhaineann le hacmhainní buiséadacha an Aontais, gur cheart go mbeadh an Chúirt Iniúchóirí ina iniúchóir seachtach neamhspleách, agus gur cheart ról soiléir agus foirmiúil a thabhairt di sa nós imeachta um urscaoileadh50.
Níl aon ghrinnscrúdú daonlathach ag Parlaimint na hEorpa ar ionstraimí nach bhfuil clúdaithe ag uasteorainn na n-acmhainní dílse
62 Tá grinnscrúdú poiblí bunriachtanach chun ionstraimí nua a chruthú agus chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme ionstraimí nua chun a áirithiú go bhfuil na hionstraimí sin dlisteanach, réasúnaithe agus cuntasach51. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an méid sin maidir le gach ionstraim a úsáideann cistí poiblí, fiú i gcás ina bhfuil siad lasmuigh den chreat buiséadach.
63 Fuaireamar amach go bhfuil cearta formhaoirseachta ginearálta ag Parlaimint na hEorpa ar na hionstraimí atá clúdaithe ag uasteorainn na n-acmhainní dílse (féach Fíor 7). I gcás roinnt ionstraimí, tá formhaoirseacht theoranta ag Parlaimint na hEorpa. Ciallaíonn sé sin, cé nach bhfuil sé freagrach as nós imeachta um urscaoileadh foirmiúil, go gcuirtear ar an eolas í maidir le príomhchinntí. I cás ionstraimí nach bhfuil clúdaithe ag uasteorainn na n-acmhainní dílse (oibríochtaí dílse BEI, SIG, SCE, EFSF, an tSaoráid Eorpach Síochána agus an Ciste don Nuachóiriú), níl aon chearta formhaoirseachta foirmiúla ag Parlaimint na hEorpa, agus is iad na parlaimint náisiúnta amháin a fhéadfaidh grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh. Cruthaíonn sé sin bearna, áfach, ós rud é go bhféadfadh éagsúlacht a bheith ann de réir an chineáil ionstraime airgeadais a úsáidtear mar gheall ar nádúr nó leibhéal an ghrinnscrúdaithe phoiblí – agus dá réir sin nádúr nó leibhéal na cuntasachta.
* Formhaoirseacht theoranta ag Parlaimint na hEorpa
Foinse: CIE.
64 Tugann na socruithe cuntasachta léiriú ginearálta ar na socruithe cinnteoireachta atá ann chun ionstraim nua a chruthú. Go sonrach, ní dheachthas i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le cuid de na hionstraimí a chruthú mar gheall gur bunaíodh iad le comhaontuithe idir-rialtasacha seachas le gníomh dlí de chuid an Aontais (EFSF, SCE agus SIG).
65 Ina theannta sin, ní cheanglaítear leis na conarthaí go mbeidh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach i gcruthú ionstraimí a bhaineann le héigeandáil (EFSM, SURE agus NextGenerationEU)52. Aithníodh an méid sin agus tugadh aghaidh air go pointe áirithe i ndearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún in 202053, inar chomhaontaigh na trí institiúid socruithe – agus inar chuir siad ar bun iad – le haghaidh nós imeachta grinnscrúdaithe bhuiséadaigh idir Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle, le cúnamh gníomhach ón gCoimisiún. Ba cheart an nós imeachta sin a leanúint nuair a dhéanann an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh ionstraim nua ag a bhfuil impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith suntasach maidir le buiséad an Aontais. Faoin nós imeachta sin, rachadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun idirphlé chuiditheach d’fhonn teacht ar chomhthuiscint i dtaobh impleachtaí buiséadacha an ghnímh dlí atá beartaithe.
66 Leis an gcomhaontú sin, feabhsaíodh grinnscrúdú Pharlaimint na hEorpa nuair atá ionstraimí nua á gcruthú. Ar na cúiseanna a mínítear thuas, áfach, níl sé bunaithe ach ar dhearbhú comhpháirteach agus ní chlúdaíonn sé ionstraimí seachbhuiséadacha, nach bhfuil aon impleacht ag baint leo do bhuiséad an Aontais.
Níl leas iomlán bainte as an bhféidearthacht chun mór-réimse airgeadais an Aontais a shimpliú
67 Ba cheart do bhuiséad an Aontais leibhéal cothrom solúbthachta a chothabháil chun an gá le hionstraimí a chruthú lasmuigh de a laghdú, agus is dea-chleachtas é measúnú rialta a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann na hionstraimí atá ann cheana a chomhdhlúthú54. Sa roinn seo, déanaimid cur síos níos mionsonraithe ar na hathruithe a tugadh isteach i mór-réimse Airgeadais an Aontais le CAI 2021-2027. Sainaithnímid freisin na réimsí ina gcreidimid go bhféadfaí comhdhlúthú níos mó a dhéanamh.
CAI 2021-2027: tá dul chun cinn maith déanta maidir le mór-réimse airgeadais an Aontais a shruthlíniú
Solúbthacht mhéadaithe bhuiséad an Aontais agus úsáid ioncam sannta seachtach
68 Chun a dhéanamh amach an bhfuil cothromaíocht iomchuí ann idir intuarthacht agus solúbthacht, scrúdaíomar na socruithe solúbthachta atá ann faoi láthair do bhuiséad an Aontais. Leis na socruithe sin, fritháirítear na teorainneacha a eascraíonn ó uasteorainn CAI mar gheall go gceadaítear leo cúlchiste a shocrú laistigh de na teorainneacha atá cheana ann chun déileáil le riachtanais sonracha agus neamh-intuartha (féach Iarscríbhinn IV).
69 Tá méadú tagtha ar raon feidhme agus acmhainneacht na socruithe solúbthachta sa CAI atá ann faoi láthair, agus d’fhéadfadh suas le €21 bhilliún a bheith i gceist ar an iomlán55. Trí na socruithe sin a úsáid, tá buiséad an Aontais níos lúfaire, agus ligtear dó freagairt d’éigeandálaí gan gá le hionstraimí tiomnaithe a chruthú.
70 Bealach eile chun cruthú ionstraimí neamh-inaisíoctha lasmuigh de bhuiséad an Aontais a sheachaint ná trí ioncam sannta seachtrach a úsáid. An buntáiste a bhaineann le hioncam den chineál sin ná go gcuireann sé cistí breise ar fáil le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais a ndéanann an Coimisiún iad a chur chun feidhme de réir rialacha airgeadais an Aontais. Cé gur feabhas é sin ar ionstraimí seachbhuiséadacha a úsáid, athraíonn ioncam sannta seachtrach an bhuiséid go suntasach, ós rud é go bhfuil sé sa bhreis ar na méideanna a chomhaontaigh an tÚdarás Buiséadach faoi chuimsiú na n-idirbheartaíochtaí maidir leis an mbuiséad bliantúil. Maolaíonn sé ar phrionsabal buiséadach na huilíochta freisin, a deir gur cheart don ioncam iomlán gach íocaíocht a chlúdach gan aon chaiteachas a chur in áirithe56.
71 Imíonn ioncam sannta seachtrach ón ngnáthnós imeachta buiséadach, ós rud é nach n-áirítear an t-ioncam sin sa bhuiséad formheasta. Tá foinse agus ceann scríbe na gcistí leagtha amach i ngníomhartha dlí sonracha, áfach, amhail rialachán NextGenerationEU agus bunghníomhartha lena mbunaítear na cláir chaiteachais a thairbhíonn de. Mar gheall ar a nádúr sonrach, ní áirítear ioncam sannta seachtrach i gceannteideal caiteachais CAI57, agus ní dhéanann an t-údarás buiséadach na suimeanna atá i gceist a ‘chaibidliú’ go bliantúil faoin nós imeachta buiséadach bliantúil. Mar sin féin, ullmhaíonn an Coimisiún meastacháin mhionsonraithe ar an ioncam sannta gach bliain58.
72 In CAI 2021-2027, beidh méadú suntasach ar an ioncam sannta seachtrach. B’ionann méid iomlán an ioncaim sannta a cuireadh chun feidhme in 2020 agus €7.4 billiún i ngealltanais agus €9.7 billiún in íocaíochtaí. De réir tuarascálacha míosúla an Choimisiúin maidir le leithreasuithe breise, in 2021, léim an méid go €154 bhilliún i ngealltanais agus €62.3 billiún in íocaíochtaí. Tharla an méadú sin, den chuid is mó, mar gheall ar ionstraim NextGenerationEU a cruthaíodh chun téarnamh eacnamaíoch an Aontais tar éis na paindéime a mhaoiniú. Is sampla eile d’ioncam sannta seachtrach é cruthú an Chiste don Nuálaíocht59 agus a chomhdhlúthú i mbuiséad an Aontais (féach Bosca 4).
Comhdhlúthú ionstraimí agus éifeachtaí ghéarchéim COVID-19
73 Chun réasúnaíocht leanúnach a áirithiú d’ionstraimí buiséadacha seach-AE, is dea-chleachtas é measúnú a dhéanamh féachaint an bhféadfaí na hionstraimí sin a chomhdhlúthú chun an mór-réimse airgeadais foriomlán a shimpliú60 (féach Fíor 3).
74 Le CAI 2021-2027, rinneadh athruithe suntasacha ar mhór-réimse airgeadais an Aontais. Ar lámh amháin, comhdhlúthaíodh roinnt ionstraimí, agus ar an lámh eile, bhí cinn eile ag teastáil chun freagairt do ghéarchéim COVID-19.
75 A mhéid a bhaineann le hionstraimí a bhaineann le beartais inmheánacha an Aontais, d’fhág ciste InvestEU go ndearnadh aontú ar ionstraimí infheistíochta d’oibríochtaí laistigh den Aontas, ag tabhairt le chéile 13 ionstraim airgeadais a bhí bainistithe go lárnach agus go leithleach roimhe seo, agus ráthaíocht bhuiséadach an Aontais a bhí curtha chun feidhme roimhe seo faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS).
76 A mhéid a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach, thug an Ionstraim uileghabhálach don Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, nó NDICI) le chéile faoi aon díon amháin formhór na n-ionstraimí agus na gclár a bhí cheanna ann. Le NDICI, rinne an Coimisiún CEF a bhí cheana ann – agus a bhí lasmuigh de bhuiséad an Aontais le 50 bliain – a chuimsiú sa bhuiséad (féach Bosca 5). Thug CEFI+, atá ag oibriú freisin faoi NDICI, le chéile ráthaíocht bhuiséadach an Aontais do ghníomhaíochtaí seachtracha, Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI a bhí cheana ann, saoráidí cumaisc réigiúnacha, agus athshreabha airgid ó Shaoráid Infheistíochta ACC a bhí cheana ann.
CEF a ‘bhuiséadú’: éacht atá 50 bliana thar am
Ó 1959 go 2020, mhaoinigh CEF comhar forbartha an Aontais le Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) agus le Tíortha agus Críocha thar Lear. Bhí CEF neamhspleách ó bhuiséad an Aontais agus CAI, agus bhí sé maoinithe le ranníocaíochtaí caibidlithe ó na Ballstáit.
Bhí sé iarrtha ag an gCoimisiún agus ag Parlaimint na hEorpa go gcomhtháthófaí CEF i mbuiséad ginearálta an Aontais ó na 1970í ach níor fhormheas an Comhairle an togra. Ghlac Parlaimint na hEorpa roinnt rún61 agus d’ullmhaigh an Coimisiún roinnt teachtaireachtaí62, ach níor tháinig an Chomhairle ar réiteach comhthola lena gceadófaí CEF a thabhairt isteach i mbuiséad an Aontais.
Tar éis 50 bliana d’iarrachtaí neamhrathúla, chomhaontaigh na Ballstáit sa Chomhairle go maoineofaí comhpháirtíocht ACC-AE, a bhí maoinithe roimhe sin trí CEF, as buiséad an Aontais ó 1 Eanáir 2021 ar aghaidh. Áiríodh na gníomhaíochtaí a bhí cistithe roimhe sin ag CEF san ionstraim nua dar teideal NDICI-An Eoraip Dhomhanda agus in ionstraimí eile. Maidir le gealltanais fhoriomlána CEF a tugadh i gcrích roimh an 31 Nollaig 2020, leanfaidh siad sin, áfach, de bheith á gcur chun feidhme go dtí ar a laghad 2045 de réir meastacháin an Choimisiúin. Mar sin, beidh an seanchóras CEF agus córas nua NDICI ann i gcomhthreo lena chéile ar bhonn sealadach.
77 Cuireadh deireadh le dhá ionstraim eile freisin: an tSaoráid do dhídeanaithe sa Tuirc agus ceithre Chiste Iontaobhais Éigeandála de chuid an Aontais (an Afraic, Bêkou, an Cholóim agus Madad). Ina ionad sin, cuireadh clár NDICI-An Eoraip Dhomhanda – ar cuireadh modhanna ar fáil dó a meastar go mbeidh siad in ann freagairt ar bhealach níos fearr do riachtanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn – in ionad na tacaíochta ó na hionstraimí sin laistigh de bhuiséad an Aontais.
78 Anuas air sin, rinneadh dhá ionstraim sheachbhuiséadacha dírithe ar chosaint a bhí ann roimhe sin – an tSaoráid um Shíocháin san Afraic agus Sásra Athena – a chumasc sa tSaoráid Eorpach Síochána, rud a thug caiteachas iomlán an Aontais a bhfuil impleachtaí míleata ag baint leis faoi aon ionstraim amháin.
79 In ainneoin iarrachtaí chun mór-réimse airgeadais an Aontais a chomhdhlúthú, cruthaíodh dhá ionstraim nua – SURE agus NextGenerationEU – mar thoradh ar an bhfreagairt do ghéarchéim COVID-19. Tugaimid ar aire, áfach, murab ionann agus roinnt sásraí freagartha géarchéime a bhí ann roimhe seo (e.g. SIG, EFSF nó SCE), gur bunaíodh SURE agus NextGenerationEU faoin gcinneadh maidir le hacmhainní dílse (trí uasteorainn shealadach bhreise a úsáid), agus mar sin gur cumasaíodh leo grinnscrúdú poiblí níos trédhearcaí.
Réimse casta ionstraimí cúnaimh airgeadais
80 Mar a thaispeántar i bhFíor 3, tá ocht n-ionstraim cúnaimh airgeadais ann faoi láthair: SIG, EFSF, CEF, EFSM, BoP, SURE, MFA agus iasachtaí EURATOM. Cé gur dearadh iad chun freagairt do riachtanais éagsúla, tá na hionstraimí sin comhchosúil ar an iomlán, ós rud é go n-úsáideann siad go léir iasachtaí airgid (seachas SIG) chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit63 agus do thíortha ar leith nach bhfuil san Aontas64. Taispeántar sna míreanna seo a leanas torthaí ár n-anailíse ar na roghanna atá ann chun na hionstraimí um chúnamh airgeadais sin a chomhdhlúthú.
Iarrachtaí neamhrathúla chun cuid de na hionstraimí sin a athchóiriú nó a nuashonrú
81 Bhreathnaíomar ar thograí ón gCoimisiún roimhe seo chun ionstraimí um chúnamh airgeadais a athchóiriú, agus déanaimid cur síos thíos ar an gcaoi a raibh na hiarrachtaí sin neamhrathúil.
82 In 2012, rinne an Coimisiún togra a thíolacadh chun BoP a nuashonrú65. Ba iad príomhchuspóirí an togra ná ionstraimí réamhchúraim nua a thabhairt isteach, agus chun an próiseas cinnteoireachta a dhéanamh níos éifeachtúla trí líon na gcéimeanna sa nós imeachta a laghdú. Níor fhormheas an Comhairle an togra.
83 Sainaithníodh go raibh an easpa rialacháin réime (féach mír 40) ag cur srian ar éifeachtacht ionstraim MFA, ós rud é go ndéantar cinntí de réir an cháis. Chun dul i ngleic leis an tsriantacht sin, thíolaic an Coimisiún togra, ach bhí air é a tharraingt siar mar gheall go raibh tuairimí Pharlaimint na hEorpa contrártha do thuairimí na Comhairle (féach Bosca 6).
Cúnamh macrairgeadais: Coinbhleacht an rialacháin réime
In 2011, thíolaic an Coimisiún togra 66 maidir le rialachán réime chun cúnamh airgeadais a thabhairt do thíortha nach bhfuil san Aontas. Ba é ab aidhm leis an togra ná tacar ginearálta rialacha a chur ar fáil maidir le cúnamh airgeadais a thabhairt, a chuirfeadh dlús leis an bpróiseas agus, ag an am céanna, a dhéanfadh bunús dlí a sholáthar do na comhaontuithe – atá neamhfhoirmiúil den chuid is mó – a bhí mar treoir dó roimhe sin.
Rinne Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle araon leasuithe ar an togra, agus tugadh isteach an ceanglas go ndéanfaí an gnáthnós imeachta reachtach a choimeád do gach aon oibríocht aonair de Chúnamh Macrairgeadais. Mheas an Coimisiún gur athraigh sé sin cuspóirí an togra, agus tharraing sé siar é in 2013.
I mí Lúnasa 2013, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle Dearbhú Comhpháirteach67, ar chomhréiteach é idir an dá chomhreachtóir, agus dhíríodar ar dhlús a chur ar an bpróiseas formheasta. Ba chomhaontú polaitiúil é, áfach, nach raibh ceangailteach ó thaobh dlí: leantar de chinntí MFA a ghlacadh faoin gnáthnós imeachta reachtach de réir an cháis.
Tugtar chun suntais i meastóireachtaí le déanaí68, mar gheall ar an bpróiseas fada chun cinntí MFA a ghlacadh, go bhfuil an ionstraim níos neamhéifeachtaí, agus tugtar le fios ann go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an srian sin le rialachán réime.
84 Cruthaíodh EFSM mar réiteach sealadach chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim airgeadais 2010. Tá an réiteach ‘sealadach’ sin anois fós ann le níos mó ná 10 bliana. Tugann an Coimisiún le fios nár cheart EFSM a úsáid, ach is féidir é a athghníomhachtú fós69.
Tá roinnt geallsealbhóirí tar éis a iarraidh go n-ionchorprófaí SCE agus ESFM i ‘gcreat dlíthiúil an Aontais’
85 Rinneamar anailís ar an seasamh a ghlac príomh-gheallsealbhóirí a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair, le haird ar leith ar a moltaí chun iad a chomhdhlúthú tuilleadh.
86 I mblianta roimhe seo, bhí sé molta ag roinnt geallsealbhóirí gur cheart SCE a chomhtháthú i ‘gcreat dlíthiúil an Aontais’. Thíolaic an Coimisiún togra chun an Ciste Airgeadaíochta Eorpach a chruthú, lena gclaochlófaí SCE agus lena n-áiritheofaí é i ‘gcreat dlíthiúil an Aontais’. Is díol sásamh dúinn70 an togra ón gCoimisiún, agus tá tuairim fhabhrach foilsithe ag an mBanc Ceannais Eorpach freisin71. Níor fhormheas an Chomhairle an togra, áfach (féach Bosca 7).
Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán72 agus an togra ón gCoimisiún maidir le Ciste Airgeadaíochta Eorpach a chruthú, agus a ghabhfadh ionad SCE
Tugtar ar aire sa Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán go bhfuil ‘an Sásra Cobhsaíochta Eorpach tagtha chun cinn mar ionstraim lárnach chun géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú. Tá na próiseas rialachais agus cinnteoireachta a bhaineann leis casta agus fada, áfach, mar thoradh ar a struchtúr idir-rialtasach den chuid is mó. Sa mheántéarma, ba cheart go ndéanfaí, dá bhrí sin, a rialachas a chomhtháthú go hiomlán i gConarthaí an Aontais’.
Bunaithe ar na conclúidí sin, rinne an Coimisiún, in 2017, togra73 a thíolacadh chun struchtúr dea-bhunaithe SCE a fhorbairt agus Ciste Airgeadaíochta Eorpach a chruthú a bheadh fréamhaithe i ‘gcreat dlíthiúil an Aontais’*. Go praiticiúil, dhéanfadh an togra ón gCoimisiún SCE a thiontú isteach ina chomhlacht de chuid an Aontais74 bunaithe ar fhorálacha Airteagal 352 CFAE.
* D’úsáid geallsealbhóirí éagsúla téarmaí difriúla nuair a bhíothas ag moladh comhtháthú SCE, amhail ‘creat dlíthiúil an Aontais’, ‘creatchlár an Aontais’, ‘creat rialála an Aontais’, ‘acquis an Aontais’, ‘ord dlí an Aontais’ nó ‘conarthaí an Aontais’.
87 D’iarr Parlaimint na hEorpa roimhe seo go ndéanfaí SCE a chomhtháthú sa tacar de chearta agus oibleagáidí comhchoiteanna atá ceangailteach ar na Ballstáit go léir san Aontas (an acquis75) nó i ndlí an Aontais76, agus tacaíonn SCE freisin leis an gcuspóir fadtéarmach – a bheith comhtháthaithe i ‘gcreat an Aontais’ agus príomh-shaintréithe a rialachais a chaomhnú ag an am céanna. Chuir iar-Uachtarán an Ghrúpa Euro agus Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí SCE an méid sin in iúl i litir chuig Uachtarán na Comhairle an 25 Meitheamh 201877. Deimhníodh mar chuid dár gcuid oibre go raibh na seasaimh sin fós bailí.
88 Cruthaíodh EFSF le tréimhse gníomhaíochta an-teoranta (níorbh fhéidir aon chlár nó comhaontú a bhunú tar éis an 30 Meitheamh 2013)78, agus aithnítear sa chreatchomhaontú an fhéidearthacht chun é a chomhtháthú in SCE79. Tá clásail chumasúcháin80 i gConradh SCE freisin chun comhtháthú EFSF in SCE a éascú. Le Conradh nua SCE atá á dhaingniú faoi láthair déantar na clásail sin a shimpliú tuilleadh chun comhtháthú EFSF a éascú81. In ainneoin na gclásal sin, áfach, níl EFSF comhtháthaithe in SCE go dtí seo.
Níl ionstraimí um chúnamh airgeadais comhdhlúite go fóill
89 Scrúdaíomar an bhfuil údar maith le gach cúnamh airgeadais ar leithligh atá ann faoi láthair a choimeád, nó an bhféadfaí comhdhlúthú a dhéanamh.
90 Cruthaíodh formhór na n-ionstraimí chun freagairt do ghéarchéim, agus bunaíodh SIG, EFSF, EFSM agus SURE go sainráite mar réitigh idirthréimhseacha nó shealadacha. Níl SIG ná EFSF gníomhach a thuilleadh, ach tá a sócmhainní sealbhaithe nó bainistithe ar leithligh ó na hionstraimí eile. Cé go raibh údar maith le gach ceann de na hocht n-ionstraim um chúnamh airgeadais nuair a cruthaíodh iad, níl siad comhdhlúite go fóill.
91 Ina thogra chun an Ciste Airgeadaíochta Eorpach a chruthú, chuir an Coimisiún an gá le comhdhlúthú in iúl: ‘Tá rialachas níos láidre agus úsáid níos éifeachtúla na n-acmhainní atá ar fáil ag teastáil chun go mbeadh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos láidre ann. Léiríonn an córas atá ann faoi láthair manglam cinntí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim nach bhfacthas a macasamhail roimhe. Bhí iolrú ionstraimí agus sofaisticiúlacht mhéadaithe na rialacha mar thoradh air sin uaireannta, ar foinse castachta é agus a chruthaíonn rioscaí dúblála. Le sineirgí níos láidre, nósanna imeachta sruthlínithe agus socruithe idir-rialtasacha laistigh de chreat dlíthiúil an Aontais, neartófaí rialachas agus cinnteoireacht’82.
92 Le géarchéim COVID-19, tugadh an gá a bhí le comhdhlúthú agus athbhreithniú cuimsitheach ar na n-ionstraimí airgeadais chun solais. Cé gur chruthaigh SCE líne chreidmheasa ar leith a bhaineann le COVID-19 chun cúnamh tapa a chur ar fáil do Bhallstáit sa limistéar euro, níor úsáideadh é go hiarbhír. Cruthaíodh SURE, áfach, i rith géarchéime, agus d’úsáid 19 mBallstát na hiasachtaí gaolmhara.
Conclúidí agus moltaí
93 Is é ár gconclúid, fiú má bhí cúiseanna ann chun cineálacha nua ionstraimí a chruthú, ná go raibh struchtúr manglaim ionstraimí le foinsí éagsúla cistí agus socruithe rialachais ann mar thoradh ar an gcur chuige ceann-ar-cheann a glacadh chun mór-réimse airgeadais an Aontais a chur ar bun.
94 Fuaireamar amach gur cruthaíodh ionstraimí nua chun freagairt do dhúshláin beartais atá ag teacht chun cinn agus do shrianta dlíthiúla nó praiticiúla ar úsáid ionstraimí atá ann faoi láthair. Níor lean formhór na n-ionstraimí a ndearnamar measúnú orthu (10 as 16), lena n-áirítear iad sin nach raibh molta ag an gCoimisiún, dea-chleachtais, áfach, trí fianaise shoiléir a áireamh gurbh é an rogha a roghnaíodh, agus a dhearadh, an rogha ab oiriúnaí (féach míreanna 34 go 36). Mar thoradh air sin, tá éagsúlacht mhór sna socruithe rialachais atá i gcineálacha comhchosúla ionstraimí, rud a chuireann go mór leis an gcastacht fhoriomlán (féach míreanna 39go 43).
Moladh 1 – Réamh-mheasúnú leormhaith a áirithiú ar an dearadh agus na roghanna le haghaidh gach ionstraim nua
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- a áirithiú, laistigh den chreat reatha, go bhfuil measúnú ar an dearadh atá roghnaithe in aon ionstraim nua a mholann sé, chomh maith le measúnú ar an ngá atá leis an ionstraim sin a chruthú le laistigh nó lasmuigh de bhuiséad an Aontais; agus
- an dea-chleachtas sin a roinnt leis an gComhairle d’fhonn é a chur i bhfeidhm i gcás ionstraimí nua nach bhfuil molta ag an gCoimisiún.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2024
95 Fuaireamar amach freisin nach bhfuil socruithe leormhaith maidir le cuntasacht phoiblí ann do gach ceann de na hionstraimí. In ainneoin feabhsúcháin ar thuairisciú, tá an fhaisnéis chomhdhlúite ar na hionstraimí go léir easnamhach. Cé gur céim dhearfach atá sa Tuarascáil maidir le Trédhearcacht Bhuiséadach a tugadh isteach le déanaí, ní chlúdaíonn sé sin na hionstraimí go léir (féach míreanna 55 agus 56).
Moladh 2 – Faisnéis a thiomsú agus a fhoilsiú maidir le mór-réimse airgeadais foriomlán an Aontais
Ba cheart go dtiomsódh agus go bhfoilseoidh an Coimisiún faisnéis ar gach ionstraim atá i mór-réimse airgeadais foriomlán an Aontais.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2024
96 Ina theannta sin, shainaithníomar bearna san iniúchóireacht ar fheidhmíocht na n-ionstraimí sin nach bhfuil clúdaithe ag cearta iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí (féach míreanna 59go 61), chomh maith le heaspa forálacha do ghrinnscrúdú ag Parlaimint na hEorpa ar ionstraimí nach bhfuil clúdaithe ag uasteorainn na n-acmhainní dílse (féach míreanna 62agus 63). Mholamar i bhfoilseacháin roimhe seo ‘gur cheart sainorduithe iniúchóireachta poiblí a bhunú do gach cineál cistithe do bheartais an Aontais’ agus ‘gur cheart cuireadh a thabhairt do CIE iniúchóireacht a dhéanamh ar gach comhlacht a chruthaítear le comhaontuithe lasmuigh de chóras dlí an Aontais chun beartais an Aontais a chur chun feidhme. Áirítear leis sin oibríochtaí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nach mbaineann le buiséad AE’, agus tugaimid ar aire freisin ‘i roinnt cásanna, go bhféadfadh sé go mbeadh athrú sa reachtaíocht ag teastáil chun sainordú iniúchóireachta poiblí a bhunú’. Mholamar freisin go bhféadfadh SCE sainordú a bhronnadh ar CIE chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna san iniúchóireacht ar an bhfeidhmíocht a shainaithníomar. Molaimid iad sin arís anois an athuair. Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa agus na hinstitiúidí lena mbaineann comhaontú a tharraingt suas chun grinnscrúdú ag Parlaimint na hEorpa a cheadú, mar chomhlánú ar an ngrinnscrúdú atá anois ann ó na parlaimintí náisiúnta.
97 Cruthaíodh an Ciste don Nuachóiriú lasmuigh de bhuiséad an Aontais, murab ionann agus an Ciste don Nuálaíocht (féach mír 43). Mar thoradh air sin, bhí socruithe rialachais éagsúla ann, easpa formhaoirseachta ag Parlaimint na hEorpa, agus easpa cearta iniúchóireachta don Chúirt Iniúchóirí (féach míreanna 43, 59 go 61 agus 63).
98 Cé go n-aithnímid an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le roinnt cineálacha ionstraimí a chomhdhlúthú i mbuiséad an Aontais, níl leas iomlán bainte as an bhféidearthacht atá ann simpliú a dhéanamh. Fuaireamar amach go ndearna CAI 2021-2027 dul chun cinn maith i dtaobh mhór-réimse airgeadais an Aontais a chomhdhlúthú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí a bhí maoinithe ag an gCiste Eorpach Forbraíochta roimhe seo a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais. Chomhdhlúthaigh an tAontas roinnt ionstraimí infheistíochta de bhuiséad an Aontais faoi InvestEU agus faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – lena n-áirítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (féach míreanna 73 go 79). Creidimid, áfach, go bhfuil scóip fós ann chun an Ciste don Nuachóiriú a chomhdhlúthú i mbuiséad an Aontais.
Moladh 3 – A mholadh go ndéanfaí an Ciste don Nuachóiriú a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais
Ba cheart don Choimisiún a mholadh go gcomhtháthófaí an Ciste don Nuachóiriú i mBuiséad an Aontais don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, á dtabhairt san áireamh sainiúlachtaí an Chiste.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2025
99 A mhéid a bhaineann le hionstraimí um chúnamh airgeadais, fuaireamar go bhfuil scóip ann chun sruthlíniú a dhéanamh ar na socruithe atá ann faoi láthair – atá casta (féach míreanna 80go 88) agus a bhfuil cóireálacha éagsúla gan údar maith ag roinnt leo (féach míreanna 52). I roinnt cásanna, fuaireamar amach gur shainaithin an Coimisiún teorainneacha sna socruithe atá ann faoi láthair, amhail an ionstraim maidir le Cúnamh Macrairgeadais agus an tsaoráid um Chomhardú na nÍocaíochtaí, agus gur mhol sé réitigh nár lean na reachtóirí díobh (féach míreanna 82 agus 83). Go háirithe, tá sé aitheanta ag an gCoimisiún gurb é an tionchar atá ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a choimeád lasmuigh de ‘chreat dlíthiúil an Aontais’ ná go lagaíonn sé an rialachas agus an chinnteoireacht (féach mír 91). Tá sé iarrtha ag roinnt geallsealbhóirí go n-ionchorprófaí an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (agus an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais) i ‘gcreat dlíthiúil an Aontais’ (féach míreanna 85go 91), agus i measc na ngeallsealbhóirí sin bhí uachtaráin an Choimisiúin, na Comhairle, an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus an Ghrúpa Euro. Bhí iar-uachtarán an Ghrúpa Euro agus Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh den tuairim sin freisin maidir le comhtháthú (féach mír 87). Sa chomhthéacs sin, tugaimid ar aire nár úsáid na Ballstáit línte creidmheasa an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh a bhain le COVID-19 go hiarbhír, murab ionann agus sásraí freagartha géarchéime eile a bhí cruthaithe ag an gCoimisiún, amhail an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) agus NextGenerationEU (féach mír 92).
Moladh 4 – Moladh a dhéanamh chun ionstraimí um chúnamh airgeadais atá anois ann a chomhtháthú agus a chomhdhlúthú
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- dul i bpáirtíocht le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach d’fhonn teacht ar sheasamh chomhpháirteach maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a chomhtháthú i ‘gcreat dlí an Aontais’;
- tograí reachtacha nua a thíolacadh d’fhonn ionstraimí um chúnamh airgeadais atá ann faoi láthair a chomhdhlúthú.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2025
Is é Seomra V, faoi cheannas Jan Gregor (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 17 Eanáir 2023.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
Uachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I – Méid agus acmhainneacht na n-ionstraimí a ndearnamar anailís orthu
Ionstraim | Méid / Acmhainneacht |
---|---|
Cláir chúnaimh faoi chomhair Chomhardú na n-Íocaíochtaí do Bhallstáit lasmuigh den limistéar euro (BoP). | Acmhainneacht: €50 billiún. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €200 milliún. |
An Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) | Gan aon mhéideanna réamhchinntithe. De réir ríomhanna inmheánacha an Choimisiúin, áfach, tá acmhainneacht réamh-leithdháilte ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha lena gceadaítear €41 bhilliún d’ionstraim CEFI+. |
An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) | Acmhainneacht: €440 billiún. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €194 bhilliún. * Níl an ionstraim seo gníomhach faoi láthair. Ní fhéadfar aon mhéid eile a úsáid. |
An Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach do Bhallstáit laistigh den limistéar euro (EFSM) | Acmhainneacht: €60 billiún. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €46.8 billiún. |
Oibríochtaí dílse an Bhainc Infheistíochta Eorpaigh (BEI) | €249 mbilliún de chaipiteal suibscríofa. Níl an acmhainneacht sainithe. Iasachtaí amuigh a bhí eisíoctha an 31 Nollaig 2021: €433.4 billiún. |
An tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) | €5 bhilliún le húsáid i dtréimhse 2021-2027. |
An Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) | Acmhainneacht: €500 billiún. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €89.9 billiún. |
Iasachtaí EURATOM | Acmhainneacht ghinearálta: €4 bhilliún. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €350 milliún, lena n-áirítear €300 milliún do thíortha lasmuigh den Aontas. |
Saoráid Iasachta na Gréige (SIG) | Acmhainneacht: €80 billiún. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €52.9 billiún. * Níl an ionstraim seo gníomhach faoi láthair. Ní fhéadfar aon mhéid eile a úsáid. |
An Ciste don Nuálaíocht (IF) | Meastar go gcuirfear tuairim is €38 mbilliún de thacaíocht ar fáil i rith 2020-2030, ag brath ar an bpraghas carbóin. |
Clár InvestEU | Acmhainneacht: €26.2 billiún. |
An Ciste don Nuachóiriú (MF) | Meastar go gcuirfear tuairim is €51 billiún de thacaíocht ar fáil i rith 2020-2030, ag brath ar an bpraghas carbóin. |
Cúnamh Macrairgeadais (MFA) | Gan aon mhéideanna réamhchinntithe. De réir ríomhanna inmheánacha an Choimisiúin, áfach, tá acmhainneacht réamh-leithdháilte ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha lena gceadaítear €11.6 billiún d’ionstraim MFA. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €7.4 billiún. |
NextGenerationEU – Ionstraim téarnamh an Aontais agus cláir a mhaoinítear le NextGenerationEU | Acmhainneacht: €750 billiún, a bhfuil €360 billiún de i bhfoirm iasachtaí agus €390 billiún i bhfoirm deontas. |
An Ciste Réitigh Aonair (CRA) | 1 % de na taiscí atá clúdaithe ag gach institiúid creidmheasa atá údaraithe sna Ballstáit go léir is rannpháirtithe (a mheastar a bheith thart ar €80 billiún). Amhail mhí Iúil 2022, tá thart ar €66 mbilliún in CRA. |
An Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE) | Acmhainneacht: €100 billiún. Úsáid amhail an 31 Nollaig 2021: €91.1 billiún. |
Iarscríbhinn II – Dliteanais theagmhasacha agus an Ciste don Soláthar Coiteann
Tá trí phríomhfhoinse de dhliteanais theagmhasacha i gcreat buiséadach an Aontais:
- Ráthaíochtaí buiséadacha – ráthaíochtaí a chuirtear ar fáil do na comhpháirtithe cur chun feidhme (arb é Grúpa BEI an ceann is suntasaí). Le haghaidh CAI 2021-2027, bhí na ráthaíochtaí sin comhiomlánaithe faoi dhá bhrat-ionstraim phríomha: InvestEU agus EFSD+. Tá ráthaíochtaí oidhreachta buiséadacha ó CAInna roimhe sin ann freisin a chlúdaíonn EFSI, EFSD agus an sainordú iasachtaithe sheachtraigh Faoi na hionstraimí sin go léir, cuireann an tAontas ráthaíochtaí ar fáil i gcás caillteanais sna hoibríochtaí airgeadais agus infheistíochta atá ráthaithe ag comhpháirtithe cur chun feidhme.
- Cúnamh airgeadais do thíortha nach bhfuil san Aontas – i gcás CAI 2021-2027, tá feidhm acu sin maidir le MFA agus iasachtaí EURATOM. Sna cásanna sin, déantar gach iasacht a chistiú le banna comhfhreagrach de chuid an Aontais, atá ag teacht go hiomlán leis an iasacht ón Aontas. I gcás an Aontais, tá an dliteanas teagmhasach ós rud é nach bhfuil aon acmhainní ag teastáil chun fiachas an Aontais a shocrú, mura rud é go mainníonn an tír is tairbhí;
- Cúnamh airgeadais do Bhallstáit an Aontais – amhail i gcás BoP, EFSM, SURE agus iasachtaí oidhreachta EURATOM do na Ballstáit. Tá siad seo cosúil le cúnamh airgeadais do thíortha nach bhfuil san Aontas, ach deonaítear na hiasachtaí ar Bhallstáit de chuid an Aontais.
Ní sholáthraítear dliteanais theagmhasacha a eascraíonn ó chúnamh airgeadais do Bhallstáit an Aontais. Dá bhrí sin, má mhainníonn Ballstáit aisíocaíocht a dhéanamh, ba cheart don Aontas na méideanna is gá a tharraingt ó na Ballstáit eile, tríd an lamháil idir uasteorainn CAI agus uasteorainn na n-acmhainní dílse a úsáid.
Os a choinne sin, déantar dliteanais theagmhasacha a eascraíonn ó ráthaíochtaí buiséadacha agus ó chúnamh airgeadais do thíortha nach bhfuil san Aontas a sholáthar go páirteach. Is é is aidhm leis an soláthar sin ná na caillteanais measta a chlúdach, agus áirítear leis corrlach le haghaidh caillteanais nach rabhthas ag súil leo (bíonn an ráta soláthair idir 9 % agus 50 %, ag brath ar an ionstraim). Déanann an soláthar sin buiséad an Aontais a chosaint ó mhainneachtain, ach ní mór don airgead a bheith ‘coinnithe’ i gciste.
Roimhe seo, rinneadh na méideanna a bhí curtha ar leataobh chun ráthaíochtaí buiséadacha a sholáthar a bhainistiú ar leithligh (bhí bainistíocht ar leithligh ag gach ciste ráthaíochta), agus i roinnt cásanna rinneadh iad a tharmligean chuig comhpháirtithe cur chun feidhme (e.g. Grúpa BEI). Leis na hathruithe a tugadh isteach le hAirteagal 212 den Rialachán Airgeadais, áfach, bhí ceanglas ann na soláthairtí a bhí déanta chun dliteanais airgeadais a eascraíonn ó ionstraimí airgeadais, ó ráthaíochtaí buiséadacha nó ó chúnamh airgeadais a chlúdach a choinneáil i gCiste don Soláthar Coiteann (CPF). I gcás CAI 2021-2027, chinn an Coimisiún CPF a bhunú, lena n-áirítear go dtí seo soláthairtí do na ráthaíochtaí buiséadacha ar fad agus cúnamh airgeadais do thíortha nach bhfuil san Aontas, agus déanann an Coimisiún é a bhainistiú go lárnach. Ag deireadh 2021, bhí €12.3 billiún de na sócmhainní faoi bhainistíocht CPF.
Measann an Coimisiún gur céim thábhachtach é cruthú CPF, agus bainistiú na sócmhainní comhfhreagracha a aistriú chuig an gCoimisiún, i dtreo mhór-réimse airgeadais an Aontais a chomhdhlúthú, ós rud é go dtugann sé le chéile roinnt ionstraimí comhchosúla (cistí ráthaíochta) ar fud beartas agus clár éagsúil, faoi bhrat-ionstraim aonair.
Iarscríbhinn III – Ionstraimí nach bhfuil cearta iniúchóireachta go sainráite ag an gCúirt Iniúchóírí ina dtaobh
Ionstraimí | Achoimre ar shocruithe iniúchóireachta seachtracha |
---|---|
EFSF | Tá Coiste Iniúchóireachta ag EFSF. Cuidíonn sé leis an mBord Stiúrthóirí a fhreagrachtaí a chomhlíonadh maidir le tuairisciú airgeadais, rialú inmheánach, bainistiú rioscaí, iniúchóireacht inmheánach agus iniúchóireacht sheachtrach EFSF. Tá an Coiste Iniúchóireachta comhdhéanta de chúigear comhaltaí, arna gceapadh ag an mBord Stiúrthóirí óna measc féin, ar feadh téarma oifige in-athnuaite de bhliain amháin. Déanann gnólacht iniúchóireachta phríobháideach iniúchóireacht sheachtrach agus foilsítear tuarascálacha iniúchóireachta poiblí, in éineacht leis na Ráiteas Airgeadais, de réir mar a cheanglaítear le dlí Lucsamburg. |
SCE | Déantar iniúchóireacht ar chuntais SCE ag iniúchóirí neamhspleácha seachtracha, atá formheasta ag Bord Gobharnóirí SCE agus atá freagrach as na ráitis airgeadais bliantúla a dheimhniú. Tá Bord Iniúchóirí ag SCE, ar comhlacht formhaoirseachta neamhspléach é ar SCE. Scrúdaíonn an Bord Iniúchóirí cuntais SCE, agus fíoraíonn sé go bhfuil ord cuí ar na cuntais oibríochtúla agus ar an gclár comhardaithe. Faoina shainordú, déanann sé iniúchóireacht ar rialtacht, ar chomhlíontacht, ar fheidhmíocht agus ar bhainistiú riosca SCE, agus déanann sé faireachán ar phróisis iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí SCE agus ar a dtorthaí. Ullmhaíonn an Bord Iniúchóirí tuarascáil i ndáil leis na ráitis airgeadais atá dírithe chuig an mBord Gobharnóirí. Tá an Bord Iniúchóireachta comhdhéanta de chúigear comhaltaí, arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí. Áirítear leis sin beirt chomhaltaí ó Uasfhorais Iniúchóireachta Chomhaltaí SCE, agus comhalta amháin ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Déanann gnólacht iniúchóireachta príobháideach iniúchóireacht sheachtrach agus foilsítear tuarascálacha iniúchóireachta in éineacht leis na Ráitis Airgeadais, dé réir mar a cheanglaítear le Conradh SCE. |
Oibríochtaí dílse BEI | Tá Coiste Iniúchóireachta ag BEI. Tá trí fhreagracht air: (i) iniúchóireacht a dhéanamh ar BEI (an Banc) agus ar chuntais Ghrúpa BEI, dá mbraitheann sé den chuid is mó ar iniúchóir seachtrach; (ii) a fhíorú go ndéantar oibríochtaí BEI ar mhodh cuí, ag féachaint d’fhaireachán ar an timpeallacht rialála inmheánaí, do bhainistiú riosca, do chomhlíonadh agus do ghníomhaíochtaí iniúchóireachta inmheánacha; agus (iii) a fhíorú go bhfuil gníomhaíochtaí an Bhainc i gcomhréir le dea-chleachtais baincéireachta. Tá comhaontú trípháirteach idir an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an Banc Eorpach Infheistíochta ann lena socraítear ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a bhaineann le cistí bhuiséad an Aontais. Tá oibríochtaí dílse BEI eisiata ón gceart rochtana atá ag an gCúirt Iniúchóirí. Déanann gnólacht iniúchóireachta príobháideach iniúchóireacht sheachtrach agus foilsítear tuarascálacha iniúchóireachta poiblí in éineacht leis na Ráitis Airgeadais, de réir mar a cheanglaítear le dlí Lucsamburg. |
An tSaoráid Eorpach Síochána | Déanann Coláiste Iniúchóirí iniúchóireacht sheachtrach ar an tSaoráid Eorpach Síochána. Tá an Coláiste Iniúchóirí comhdhéanta de chomhaltaí den chomhlacht iniúchóireachta náisiúnta is airde i mBallstát, nó a atá molta ag an gcomhlacht úd, agus ní mór ráthaíochtaí leormhaithe a bheith ag gabháil leo ó thaobh slándála agus neamhspleáchais de. Áirítear ar chúraimí an Choláiste Iniúchóirí iniúchóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht iniúchóireachta agus ar bhainistíocht fónta airgeadais. Sula dtugann siad faoina gcúram, ní mór go mbeadh imréiteach rochtana ar fhaisnéis rúnaicmithe ag leibhéal ‘SECRET UE/EU SECRET’ ar a laghad faighte ag na daoine atá freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar ioncam agus caiteachas na Saoráide. |
SIG | Níl aon socruithe iniúchóireachta seachtraí réamhbheartaithe ann do SIG. Is féidir le Ballstáit aonair, áfach, iniúchóireacht a dhéanamh ar na suimeanna atá tugtha ar iasacht acu. |
An Ciste don Nuachóiriú | Ullmhaíonn BEI cuntais bhliantúla an Chiste don Nuachóiriú le haghaidh gach bliain airgeadais, agus tá na cuntais sin faoi réir iniúchóireachta seachtraí neamhspleách. Nuair a rinneamar an iniúchóireacht don tuarascáil seo, ní raibh aon tuarascáil iniúchóireachta ann go fóill don Chiste don Nuachóiriú. Tá sé de chumhacht ag na Ballstáit is tairbhithe iniúchóireacht a dhéanamh – ar bhonn doiciméid agus seiceálacha ar an bhfód – ar thionscnóirí foriomlána an tionscadail agus údaráis bainistíochta scéime agus ar chonraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil tacaíocht tugtha acu dóibh ón gCiste don Nuachóiriú. |
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil faoi na hionstraimí.
Iarscríbhinn IV – Socruithe solúbthachta buiséid
Tá socruithe solúbthachta buiséid an Aontais grúpáilte i gcúig bhraisle:
- Leasuithe agus coigeartuithe buiséid:
- Litreacha leasaitheacha (sula gcuirtear an buiséad i ngníomh);
- Buiséid leasaitheacha (le linn cur i ngníomh an bhuiséid);
- Coigeartuithe teicniúla, coigeartuithe sonracha (e.g. mar gheall ar bhoilsciú).
- Slógadh acmhainní os cionn uasteorainn CAI:
- Ionstraimí speisialta (suas le €21 bhilliún do CAI 2021-27 ina iomláine);
- Téamach: An cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha, Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (slógtha le cinneadh ón Údarás Buiséadach);
- Neamhthéamach: An Ionstraim Corrlaigh Aonair (SMI), an Ionstraim Solúbthachta (slógtha le cinneadh ón Údarás Buiséadach, agus, i gcás aon choigeartú íocaíochta, ag an gCoimisiún go díreach).
- Ráthaíochtaí do chúnamh airgeadais do na Ballstáit (slógadh ráthaíochta i gcás nach bhfuil Ballstát in ann iasacht a cuireadh ar fáil mar chúnamh airgeadais a aisíoc);
- Nósanna imeachta d’ioncam sannta seachtrach (breisithe ar línte buiséid sonracha ó fhoinsí seachtracha).
- Nósanna imeachta lena gceadaítear na hacmhainní a bhogadh thart sa bhuiséad bliantúil agus ó bhliain go chéile:
- Aistrithe (na suimeanna beartaithe a bhogadh thart, go huathrialaitheach ag an gCoimisiún nó faoi réir fhormheas ag an Údarás Buiséadach, nó trí fhógra a thabhairt dó, agus de réir rialacha agus teorainneacha an Rialacháin Airgeadais);
- Tabhairt anonn (méideanna nach bhfuil úsáidte a thabhairt anonn ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile, faoi réir coinníollacha sainráite sa Rialachán Airgeadais);
- Athúsáid suimeanna atá saortha ó ghealltanas (suimeanna nár cuireadh chun feidhme mar a beartaíodh agus a chuirfí ar ceal murach sin a athúsáid, de réir rialacha an Rialacháin Airgeadais).
- Solúbthacht clár insuite:
- Suimeanna neamh-chlársceidealaithe agus cúlchistí solúbthachta faoi chláir an Aontais;
- Solúbthacht laistigh de cheannteidil (solúbthacht 15 % do gach leithdháileadh cláir, ach cloí le huasteorainn an cheannteidil buiséid ar leith).
- Soláthairtí agus cúlchistí:
- Teidil soláthair (suimeanna beartaithe ar bhealach sealadach nach bhféadfaí a úsáid ach tar éis formheas ón Údarás Buiséadach);
- Cúlchiste diúltach (cúlchiste suas le €200 milliún).
Giorrúcháin
APF: An tSaoráid um Shíocháin san Afraic
BAR: Cúlchiste Coigeartaithe Brexit
BEI: An Banc Eorpach Infheistíochta
BoP: Comhardú íocaíochtaí
CAI: Creat airgeadais ilbhliantúil
CED: An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha
CEF: Ciste Eorpach Forbraíochta
CEFI: An Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe
CEFI+: An Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus
CRA: An Ciste Réitigh Aonair
CTA: Córas Trádála Astaíochtaí
EFSF: An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais
EFSM: An Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach
EPF: An tSaoráid Eorpach Síochána
FI: Ionstraim Sholúbthachta
IF: An Ciste don Nuálaíocht
LEE: An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
MF: Ciste don Nuachóiriú
MFA: Cúnamh macrairgeadais
NDICI: An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta
OIN: Ollioncam náisiúnta
OTI: Olltáirgeacht intíre
OTN: Olltáirgeacht Náisiúnta
RRF: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
SCE: An Sásra Cobhsaíochta Eorpach
SEAR: An Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála
SIG: Saoráid Iasachta na Gréige
SURE: An Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála
Gluais
An Banc Eorpach Infheistíochta: Banc de chuid an Aontais, faoi úinéireacht na mBallstát, a chuireann cistiú ar fáil do thionscadail a thacaíonn le beartas an Aontais, san Aontas go príomha, ach lasmuigh de freisin.
An Ciste don Nuachóiriú: Clár de chuid an Aontais a úsáideann ioncam ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais chun cuidiú le 10 mBallstát a spriocanna fuinnimh le haghaidh 2030 a bhaint amach.
An Ciste don Nuálaíocht: Clár de chuid an Aontais a úsáideann ioncam ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais chun tacú le teicneolaíochtaí nuálaíocha ísealcharbóin.
An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha: Clár arna sheoladh ag an gCoimisiún in éineacht le BEI, mar chuid den Phlean Infheistíochta don Eoraip, chun infheistíocht i dtionscadail chun fás agus poist san Aontas a chur chun cinn a shlógadh. Cuireadh InvestEU ina ionad in 2021.
An Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus: Pacáiste de dheontais, ráthaíochtaí, agus ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais chun forbairt eacnamaíoch agus sóisialta inbhuanaithe agus chuimsitheach a chothabháil agus chun athléimneacht socheacnamaíoch a chur chun cinn, go príomha san Afraic agus sa chomharsanacht Eorpach.
An Ciste Réitigh Aonair: Acmhainní comhthiomsaithe ó institiúidí airgeadais in Aontas Baincéireachta an Aontais, a úsáidtear chun taisceoirí agus cáiníocóirí a chosaint i gcás mainneachtain bainc.
An Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach: Sásra réitigh géarchéime chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’aon Bhallstáit de chuid an Aontais a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.
An Sásra Cobhsaíochta Eorpach: Sásra réitigh géarchéime buan chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’aon cheann de na 19 mBallstát sa limistéar euro a bhfuil, nó ar dócha go mbeidh, deacrachtaí airgeadais acu.
An tSaoráid Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach: Saoráid réitigh géarchéime shealadach a bunaíodh in 2010 ag na Ballstáit sa limistéar euro chun cúnamh a thabhairt don Ghréig, d’Éire agus don Phortaingéil.
An tSaoráid Eorpach Síochána: Ionstraim a mhaoinítear ag na Ballstáit chun an páirteachas a d’fhéadfadh a bheith ann i dtíortha nach bhfuil san Aontas a dhaingniú i réimse na cosanta agus i dtaca le coinbhleachtaí a chosc.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Sásra AE don tacaíocht airgeadais chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú, agus téarnamh a spreagadh. Cuirtear an claochlú glas agus digiteach chun cinn ann freisin.
Ciste don Soláthar Coiteann: Ciste a chlúdaíonn dliteanais a d’fhéadfadh éirí as ionstraimí airgeadais, as ráthaíochtaí buiséadacha agus as cúnamh airgeadais.
Ciste Eorpach Forbraíochta: Ciste de chuid an Aontais, ata bainistithe lasmuigh den bhuiséad ginearálta go dtí 2021, lena gcuirtear cúnamh forbartha ar fáil do na Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Chiúin, agus chuig tíortha agus críocha iasachta a bhfuil baint acu leis an Aontas trí na Ballstáit.
Cistí Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh: Ciste atá á riar ag an Aontas Eorpach trína ndéantar airgead ó fhoinsí éagsúla a chomhthiomsú ar mhaithe le freagairt idirnáisiúnta ar éigeandáil nó ar ghéarchéim a mhaoiniú, go hiondúil i dtíortha i mbéal forbartha.
Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa: Na cúig phríomh-chiste AE a thacaíonn le forbairt eacnamaíoch ar fud an Aontais i dtréimhse 2014-2020: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh.
Córas trádála astaíochtaí: Scéim laghdaithe astaíochta bunaithe ar chaidhp a chur ar astaíochtaí iomlána trí lamháltais a leithdháileadh ar chuideachtaí nó ar eagraíochtaí eile a astaíonn CO2, a féadfaidh na lamháltais sin a cheannach agus a dhíol de réir a riachtanas.
Cúnamh airgeadais: Tacaíocht do thíortha i bhfoirm iasachtaí a thugtar ar an gcoinníoll go gcuirtear beartais chun feidhme atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna eacnamaíocha bunúsacha.
Cúnamh macrairgeadais: Saghas cúnamh airgeadais a thugann an tAontas Eorpach do thíortha comhpháirtíochta a bhfuil deacrachtaí acu le comhardú na n-íocaíochtaí nó a bhfuil deacrachtaí buiséadacha acu.
Dliteanas teagmhasach: Oibleagáid airgeadais fhéideartha a d’fhéadfaí a thabhú ag brath ar an toradh a bheadh ag rud éigin a tharlóidh sa todhchaí.
InvestEU: Clár chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh i dtionscadail a bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas ag baint leo.
Ioncam sannta: Cistí a íoctar isteach i mbuiséad an Aontais agus nach féidir a úsáid ach le haghaidh rud ar leith.
NextGenerationEU: Pacáiste cistithe chun cabhrú le Ballstáit an Aontais téarnamh ón tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá ag paindéim COVID-19.
Ráthaíocht bhuiséadach: Gealltanas go n-úsáidfear buiséad an Aontais chun cúiteamh a dhéanamh d’aon chaillteanas a thabhaítear mura gcomhlíonann an tairbhí a oibleagáid, amhail mainneachtain i leith iasachta.
Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI: Sainordú atá tugtha ag BEI don Aontas Eorpach a ligeann don Aontas dul i mbun oibríochtaí maoinithe i dtíortha comhpháirtíochta le ráthaíocht ó bhuiséad an Aontais.
Saoráid faoi chomhair chomhardú na n-íocaíochtaí: Sásra de chuid an Aontais lena ndeonaítear iasachtaí meán-téarmacha do Bhallstáit lasmuigh den limistéar euro a bhfuil deacrachtaí acu, nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí acu, maidir lena gcomhardú íocaíochtaí nó a ngluaiseachtaí caipitil.
Saoráid Iasachta na Gréige: Ionstraim de chuid an Aontais atá comhdhéanta d’iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe ó na Ballstáit sa limistéar euro, a cuireadh ar bun in 2010 mar fhreagairt ar ghéarchéim airgeadais na Gréige.
Urscaoileadh: Cinneadh bliantúil a dhéanann Parlaimint na hEorpa trína dtugtar an formheas críochnaitheach don Choimisiún as an gcaoi a ndearnadh buiséad a chur chun feidhme.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Is í an Chúirt a roghnaíonn agus a dhearann na cúraimí iniúchóireachta sin chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag baint leo, trí na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh a mheas mar aon leis an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, na forbairtí atá le teacht agus an leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta V – Maoiniú agus Riar an Aontais, atá faoi cheannas Jan Gregor (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir François-Roger Cazala (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Dirk Pauwels (Ceann na hOifige Príobháidí), Stéphanie Girard (Ataisé na hOifige Príobháidí), Alberto Gasperoni (Príomhbhainisteoir), José Parente (Ceann Cúraim), Jitka Benesova (Leas-Cheann Cúraim) agus Jan Olšakovský, Attila Horvay-Kovacs, Johanna Oehlin, Paul Sime agus Jesús Nieto Muñoz (Iniúchóirí). Thug Mark Smith tacaíocht teanga.

Críochnótaí
1 An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach.
2 An Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE).
3 An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
4 Conradh a leasaíonn Forálacha Buiséadacha Áirithe de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiúin Aonair de na Comhphobail Eorpacha.
5 Conradh a leasaíonn forálacha airgeadais áirithe de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiúin Aonair de na Comhphobail Eorpacha.
6 Comhaontú Idirinstitiúideach an 29 Meitheamh 1988 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus feabhsú ar an nós imeachta buiséadach.
7 Airteagal 3 de Chinneadh 88/376/CEE, Euratom ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal.
8 Comhaontú Idirinstitiúideach an 29 Deireadh Fómhair 1993 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus feabhsú ar an nós imeachta buiséadach.
9 Comhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus feabhsú ar an nós imeachta buiséadach.
10 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais.
11 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
12 Rialachán (AE, Euratom) 2020/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (Rialachán CAI 2021-2027).
13 Tuairim 07/2022 i dtaca leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta.
14 Tuairim 08/2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta arna athbhreithniú ag an gComhairle.
15 Airteagal 310 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
16 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (an Rialachán Airgeadais).
19 Airteagal 62 den Rialachán Airgeadais.
20 Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais.
21 Mar shampla, ‘An chéad athbhreithniú eile ar an Rialachán Airgeadais agus an mórchnuasach airgeadais le haghaidh bhuiséad an Aontais: Conas prionsabail bhuiséadacha agus formhaoirseacht pharlaiminteach a choimirciú agus a neartú’, arna iarraidh ag Parlaimint na hEorpa agus arna dhéanamh ag an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa; ‘Cistiú AE don Chéad Deacáid Eile. Tar éis CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU’, An Institiúid Ollscoile Eorpach in gcomhair le Lárionad Ard-Léinn Robert Schuman.
22 Athbhreithniú 3/2021: Ranníocaíochtaí airgeadais ó thíortha nach bhfuil san Aontas chuig an Aontas agus chuig na Ballstáit.
23 Allen, R. agus Radev, D. (2007), ‘Cistí Seachbhuiséadacha a Bhainistiú agus a Rialú’, Iris Buiséadaithe ECFE, Iml. 6/4 agus ECFE – 10 bprionsabal don dea-chleachtas rialachais (2015).
24 Nótaí Teicniúla agus Lámhleabhair ó CAI, go háirithe an ceann maidir le ‘Cistí Seachbhuiséadacha’.
25 ‘Creat maidir le measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí’, go háirithe Táscairí PEFA Uimh. 6, 10, 18 agus 30.
26 Airteagail 6 go 38 denRialachán Airgeadais.
27 Allen, R. agus Radev, D. (2007), ‘Cistí Seachbhuiséadacha a Bhainistiú agus a Rialú’, Iris Buiséadaithe ECFE, Iml. 6/4, roinn V.
28 Airteagail 10a agus 10b de Threoir 2003/87/CE.
29 Caibidil III – Treoirlínte maidir le measúnú tionchair, lch. 15 de na Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr agus den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, an Comhairle agus an Coimisiún maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
30 Allen, R. agus Radev, D. (2007), ‘Cistí Seachbhuiséadacha a Bhainistiú agus a Rialú’, Iris Buiséadaithe ECFE, Iml. 6/4.
31 Nótaí Teicniúla agus Lámhleabhair. ‘Cistí Seachbhuiséadacha’ Richard Allen agus Dimitar Radev, Roinn Gnóthaí Fioscacha, IMF, Meitheamh 2010.
32 Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le bunú an Chiste Airgeadaíochta Eorpaigh, COM(2017) 827.
33 Preaseisiúint Uimh. 13/2011 ó Eurostat, Tuairisciú staidrimh ar oibríochtaí atá déanta ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais.
34 PI - 13 den ‘Chreat chun measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais poiblí’ atá ag PEFA.
35 Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (Rialachán EFSM).
36 Airteagal 3(2a) de Rialachán EFSM.
37 PI-6 agus gné 6.3 den ‘Chreat chun measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais poiblí’ atá ag PEFA agus Allen, Richard agus Radev (2007), ‘Cistí Seachbhuiséadacha a Bhainistiú agus a Rialú’, Iris Buiséadaithe ECFE, Iml. 6/4.
38 Airteagal 247 den Rialachán Airgeadais.
39 Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus dliteanais theagmhasacha, COM(2021) 676 (‘tuarascáil Airteagal 250’).
40 Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht bhuiséadach.
41 Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach.
42 Alt 18(3) de Dhearbhú Lima. INTOSAI P 1.
43 PI-30 den ‘Chreat chun measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais poiblí’ atá ag PEFA.
45 Athbhreithniú Uimh. 1/2014: Bearnaí, forluí agus dúshláin – Athbhreithniú lánléargais ar chuntasacht AE agus ar shocruithe iniúchóireachta poiblí.
46 Moladh 6 d’Athbhreithniú 01/2018: Páipéar Faisnéise dar teideal ‘Todhchaí Airgeadas AE: cuíchóiriú ar an gcaoi a n-oibríonn buiséad an Aontais’.
47 Tuairim Uimh. 2/2018: Na breithnithe iniúchóireachta agus cuntasachta a bhaineann le togra an 6 Nollaig 2017 maidir le Ciste Airgeadaíochta Eorpach a bhunú laistigh de chreat dlíthiúil an Aontais.
48 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2021 maidir le rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2019,2020/2245(INI).
49 Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le bunú an Chiste Airgeadaíochta Eorpaigh, COM(2017) 827.
50 Mír 5 den rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Airgeadaíochta Eorpach, 2017/0333R(APP).
51 PI-18 den ‘Creat chun measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais poiblí’ atá ag PEFA.
53 Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le grinnscrúdú buiséadach tograí nua, 2020/C 444 I/05.
54 Allen, Richard agus Dimitar Radev (2007), ‘Cistí Seachbhuiséadacha a Bhainistiú agus a Rialú’, Iris Buiséadaithe ECFE, Iml. 6/4.
55 An Coimisiún: Solúbthacht agus ionstraimí speisialta.
56 Airteagal 20 den Rialachán Airgeadais.
57 Pointe 5 den bhrollach a ghabhann le Rialachán CAI 2021-2027.
58 Dréachtdoiciméad Oibre ar an mBuiséad, Cuid V: Cur chun feidhme an Bhuiséid agus ioncam sannta, COM (2022) 400.
59 Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht.
60 Allen, Richard agus Dimitar Radev (2007), ‘Cistí Seachbhuiséadacha a Bhainistiú agus a Rialú’, Iris Buiséadaithe ECFE, Iml. 6/4.
61 Mar shampla, Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le comhtháthú CEF i mbuiséad an Aontais, 95/C 249/03; Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta a chuimsiú sa bhuiséad, 2003/2163(INI).
62 Mar shampla, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle: Buiséadú CEF agus a cistí le hacmhainní dílse an Chomhphobail, SEC(73) 2149; Tuarascáil maidir leis na socruithe agus na féidearthachtaí chun CEF a chuimsiú sa bhuiséad, SEC(94) 640; Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: I dtreo comhar le tíortha ACC a chomhtháthú go hiomlán i mbuiséad an Aontais, COM(2003) 590.
63 Ba iad seo a leanas na Ballstáit den Aontas a bhí ag fáil cúnaimh airgeadais ag deireadh 2021: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Liotuáin, an Laitvia, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
64 Is iad seo a leanas na tíortha nach bhfuil san Aontas a bhí ag fáil cúnaimh airgeadais ag deireadh 2021: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirse, an Iordáin, an Chosaiv, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Túinéis agus an Úcráin.
65 Mír 2 (meabhrán míniúcháin), Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear saoráid chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra, COM(2012) 336.
66 Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na forálacha ginearálta le haghaidh Cúnamh Macrairgeadais do tríú tíortha, 2011/0176 (COD).
67 Cinneadh Uimh. 778/2013/AE de Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear cúnamh macrairgeadais ar fáil don tSeoirse.
68 Meitea-mheasúnú ar oibríochtaí Cúnamh Macrairgeadais (2010-2020), Tuarascáil Chríochnaitheach, leathanach 13.
69 An Coimisiún: An Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM).
70 Mír 8 de Thuairim 2/2018: Na breithnithe iniúchóireachta agus cuntasachta a bhaineann le togra an 6 Nollaig 2017 maidir le Ciste Airgeadaíochta Eorpach a bhunú laistigh de chreat dlíthiúil an Aontais.
71 Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Ciste Airgeadaíochta Eorpach, 2018/C 220/02.
72 ‘Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú’, tuarascáil ó Jean-Claude Juncker i ndlúthchomhar le Donald Tusk, Jeroen Dijsselbloem, Mario Draghi agus Martin Schulz, 22 Meitheamh2015.
73 Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le bunú an Chiste Airgeadaíochta Eorpaigh, COM(2017) 827.
74 Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais.
75 Mír 11 den Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an daonlathas san Eoraip a fheabhsú don todhchaí, 2016/C 065/10.
76 Mír 1 den Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bunú an Chiste Airgeadaíochta Eorpaigh, 2017/033RAPP.
77 Litir ón Uachtarán Centeno chuig an Uachtarán Tusk.
78 Mír 4 den tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, Reachtanna comhdhlúite, 23 Aibreán 2014.
79 Airteagal 13(10) de Chreat-chomhaontú EFSF.
80 Airteagal 40(2) de Chonradh SCE atá ann faoi láthair.
81 Airteagal 40, fomhír 4 nua de Chonradh SCE (atá á dhaingniú) athbhreithnithe.
82 Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le bunú an Chiste Airgeadaíochta Eorpaigh, COM(2017) 827.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023
ISBN 978-92-847-9455-3 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/41110 | QJ-AB-23-004-GA-N | |
HTML | ISBN 978-92-847-9412-6 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/328591 | QJ-AB-23-004-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2023
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh, laistigh den fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.