An ceangal á choinneáil
Anois agus iad ag taisteal san Aontas is féidir le síntiúsóirí de chuid an Aontais a nguthán póca a úsáid díreach mar a dhéanfaidís sa bhaile gan aon mhuirear breise a íoc. In 2022 cuireadh síneadh ama leis na rialacha ‘Fánaíocht-ar-tháillí-baile’, a bhfuil feidhm acu freisin san Íoslann, Lichtinstéin agus an Iorua, go ceann 10 mbliana eile. Má tá sé beartaithe agat fanacht i dtír eile den Aontas ar feadh roinnt míonna, b’fhéidir gurbh fhiú duit súil a chaitheamh ar an mbeartas maidir le húsáid chóir atá ag d’oibreoir.
Is féidir leat feidhm iomlán a bhaint as na síntiúis atá agat ar líne do scannáin, imeachtaí spóirt, ríomhleabhair, físchluichí agus seirbhísí ceoil gan srianta a bheith ort ná iallach a bheith ort aon mhuirear breise a íoc.
Tá fáil níos forleithne ar rochtain saor in aisce ar an idirlíon, a bhuí le baill the Wi-Fi poiblí a suiteáladh, le maoiniú ón Aontas, sna mílte pobal áitiúil ar fud na hEorpa. Is féidir rochtain saor in aisce a fháil ar an idirlíon i leabharlanna, i gcearnóga, i bpáirceanna agus in iarsmalanna agus in áiteanna poiblí eile ina bhfuil an tsiombail WiFi4EU le feiceáil.
Ní féidir stampaí poist a úsáid ach amháin sa tír ina gceannaítear iad.
Úsáidtear plocóidí dhá phionna i mbeagnach gach tír den Aontas, seachas sa Chipir, in Éirinn agus i Málta, na trí thír ina n-úsáidtear plocóidí trí phionna. Déan cinnte cuibheoir a phacáil nuair a thugann tú cuairt ar na tíortha seo.
An uimhir aonair éigeandála Eorpach: 112
Chun teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála in aon tír de chuid an Aontais ó aon teileafón fosaithe nó soghluaiste, glaoigh ar 112 saor in aisce. Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le seirbhísí éigeandála freisin ó d’fheithicil freisin leis an gcóras glao éigeandála (eCall).
Is cóir aon ghoid a thuairisciú do na póilíní áitiúla. Beidh ort tuairisc na bpóilíní a iniamh má bhíonn éileamh i leith árachais nó cúitimh á dhéanamh agat. Má goideadh do phas nó do chárta aitheantais, déan é sin a thuairisciú do chonsalacht nó ambasáid do thíre agus do na póilíní.
Má tá tú lasmuigh den Aontas agus cabhair de dhíth ort, cuimhnigh gur féidir leat cabhair a iarraidh ó ambasáid nó consalacht aon tíre eile den Aontas mura bhfuil ionadaíocht ag do thír féin sa sin den Aontas.