Taisteal san eoraip 2024

Le linn do chuairte

Siopadóireacht

Níl aon teorainn leis an méid is ceadmhach duit a cheannach agus a thabhairt leat agus tú ag taisteal idir tíortha an Aontais fad is gur le haghaidh d’úsáide pearsanta féin é agus nach bhfuil sé le hathdhíol. Tá cánacha (cáin bhreisluacha agus dleachtanna máil) san áireamh sa phraghas a íocann tú agus ní féidir aon íocaíocht eile a éileamh ort in aon tír eile den Aontas.

Tá rialacha speisialta i bhfeidhm, áfach, i gcás earraí a bhfuil dleacht mháil le híoc orthu, amhail táirgí alcóil agus tobac. Is féidir le gach tír tairseacha a shocrú chun a chinneadh cé acu an le haghaidh úsáid phearsanta atáthar ag ceannach tobac agus alcóil nó nach ea. Má bhíonn líon mór de na hearraí sin á iompar agat, d’fhéadfadh sé go gceisteofaí thú chun a chinntiú nach bhfuil aon rún tráchtála agat. Mar sin féin, ní féidir le tíortha a dtreoirleibhéil a shocrú ag leibhéal níos ísle ná na méideanna sa tábla thíos.

Ná déan dearmad mála athúsáidte a thabhairt leat agus tú ag dul ag siopadóireacht. De bharr rialacha an Aontais, tá laghdú ag teacht ar úsáid málaí plaisteacha, earraí a thruaillíonn an comhshaol agus a dhéanann damáiste dó. I bhformhór na dtíortha san Aontas anois bíonn ar thomhaltóirí íoc as gach mála a thugtar dóibh i siopa.

Tobac Alcól
800 toitín 10 lítear de bhiotáille
400 todóigín 20 lítear d’fhíon treisithe (amhail pórt nó seiris)
200 todóg 90 lítear d’fhíon (ar fíon súilíneach é 60 lítear de ar a mhéad)
1 kg de thobac 110 lítear de bheoir

Cúnamh do thomhaltóirí

Mar thomhaltóir, déantar cinnte de go gcaithfear go cóir leat, go mbeidh táirgí ar chaighdeán inghlactha ar fáil duit agus go mbeidh ceart chun cúitimh agat má théann rudaí ó rath, pé áit san Aontas ina bhfuil tú.

Is féidir leat a bheith cinnte de go mbeidh na caighdeáin sábháilteachta bia is airde i bhfeidhm a bhuí le dlíthe diana a bhaineann le bia a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dhíol. Fágann rialacha maidir le lipéadú bia go gcuirtear eolas soiléir cuimsitheach cruinn ar fáil faoi chomhábhar an bhia.

Tá cosaint agat ar réimse leathan de chleachtais tráchtála éagóracha ar líne agus i siopaí. Tá cosc ar bhoscaí ar cuireadh tic leo roimh ré ar shuíomhanna gréasáin ionas nach n-íocfaidh tú as árachas taistil i ngan fhios duit féin agus tú ag ceannach ticéad eitleáin ar líne, mar shampla.

Ní mór an praghas iomlán atá ar na hearraí ar fad atá ar díol a thaispeáint go soiléir, CBL agus an praghas aonaid (is é sin an praghas in aghaidh an chileagraim nó in aghaidh an lítir) san áireamh. Nuair atá lóistín nó eitilt á gcur in áirithe ar líne, ní mór an praghas iomlán, muirir agus cánacha san áireamh, a bheith le feiceáil ó thús an phróisis áirithinte.

Tugann Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí eolas praiticiúil maidir le cearta tomhaltóirí san Aontas Eorpach chomh maith le comhairle agus cúnamh saor in aisce i dtaca le gearáin nó díospóidí trasteorann a réiteach.

Is féidir le hÉicilipéad an Aontais cuidiú leat freisin óstáin, brúnna óige agus ionaid champála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a aithint.

Is féidir le hÉicilipéad an Aontais cuidiú leat freisin óstáin, brúnna óige agus ionaid champála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a aithint.

Cuideoidh an lipéad seo leat teacht ar tháirgí orgánacha.

Cuideoidh an lipéad seo leat teacht ar tháirgí orgánacha.

Airgead

Faoi láthair, úsáideann níos mó ná trí cheathrú de shaoránaigh an Aontais an euro (€) gach lá, sin timpeall 347 milliún duine i 20 tír den Aontas: an Bheilg, an Chipir, an Chróit, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn. Úsáideann Andóra, Cathair na Vatacáine, Monacó agus San Mairíne an euro mar airgeadra náisiúnta le comhaontú an Aontais. Úsáideann roinnt tíortha agus críoch, amhail an Chosaiv (*) agus Montainéagró, an euro mar airgeadra de facto freisin.

(*) Tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Sa lá atá inniu ann, cosnaíonn íocaíochtaí trasteorann euro, aistarraingtí meaisín bainc agus íocaíochtaí cárta san áireamh, an méid céanna is a chosnaíonn siad sa bhaile do shaoránaigh den Aontas, cé go bhféadfadh sé go ngearrfaí táillí aistrithe airgeadra ort má tá tú i do chónaí lasmuigh den limistéar euro. Is féidir leat anois muirir comhshó airgeadra a sheiceáil agus iad a chur i gcomparáid le chéile go furasta aon uair a bheidh tú ag íoc le do chárta nó a bheidh tú ag aistarraingt airgead tirim thar lear.

Is cóir glao gutháin a chur ar an eisitheoir chun bac láithreach a chur ar aon chártaí bainc a chailltear nó a ghoidtear. Sula dtéann tú ag taisteal, breac síos an uimhir a mbeadh ort glao gutháin a chur uirthi.

Má théann tú isteach san Aontas Eorpach nó má fhágann tú é agus níos mó ná € 10,000 in airgead tirim agat (*) (nó a chomhionann in airgeadraí eile), ní mór duit an t-airgead sin a fhógairt do na húdaráis chustaim.

(*) Ciallaíonn airgead tirim nótaí bainc, boinn, ionstraimí soshannta iompróra agus cineálacha áirithe óir.

Aire a thabhairt don tsláinte

Ná déan dearmad do chárta Eorpach um árachas sláinte a bhreith leat agus tú ag taisteal — ar eagla go mbeidh cóir leighis de dhíth ort agus tú thar lear. Is féidir an cárta sin a fháil saor in aisce, ó d’árachóir sláinte náisiúnta de ghnáth, agus tugann sé rochtain duit ar chúram sláinte a bhfuil riachtanas leighis ag baint leis agus arb é an stát a sholáthraíonn é, le linn fanacht sealadach in aon cheann de na 27 dtír de chuid an Aontais, agus san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua, agus san Eilvéis. Más gá duit íoc as cúram sláinte, coinnigh do chuid billí ar fad, chomh maith le do chuid oideas agus admhálacha ionas gur féidir leat iarratas a dhéanamh, le linn do chuairte nó nuair a thiocfaidh tú abhaile, ar aisíocaíocht sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi.

Conas iarratas a dhéanamh ar chárta.

Ní féidir an cárta Eorpach um árachas sláinte a úsáid in ionad árachas taistil mar nach gcumhdaítear leis costais amhail aisdúichiú ná tarrtháil sléibhe in ionaid sciála. Mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú duit árachas taistil a fháil chun na rioscaí sin a chumhdach.

oideas ó do dhochtúir bailí i ngach tír den Aontas Eorpach, ach ba cheart duit a chinntiú go bhfuil an cógas ordaithe údaraithe lena dhíol agus le fáil sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi. Cinntigh go bhfuil an t-eolas ábhartha go léir fút féin, faoin dochtúir a thug an t-oideas agus faoin gcógas liostaithe san oideas.

Le ríomh-oidis, is féidir le taistealaithe anois cógais ordaithe óna ndochtúirí féin go leictreonach a bhailiú ó chógaslann i roinnt tíortha den Aontas Eorpach, agus is féidir le roinnt dochtúirí rochtain a fháil ar eolas tábhachtach faoi othair ina dteanga féin chomh maith.

Seiceáil an bhfuil na seirbhísí sin ar fáil san áit a bhfuil tú ag dul.

Go hiondúil, ní bhíonn aon riachtanais vacsaínithe le comhlíonadh nuair a bhítear ag taisteal san Aontas. Mar sin féin, tá riachtanais agus moltaí ann do chuid de chríocha an Aontais thar lear. Is cóir é sin a dheimhniú le do dhochtúir sula n-imíonn tú.

@@stayConnectedWifiImgAlt

Comhlíonann breis agus 95 % de láithreacha snámha an Aontais Eorpaigh na híoschaighdeáin maidir le cáilíocht an uisce agus comhlíonann breis agus 85 % an leibhéal níos doichte de ‘shármhaith’.

Féach an léarscáil idirghníomhach chun cáilíocht an uisce san áit a bhfuil tusa ag dul a fheiceáil.

Rudaí le déanamh

Chun teacht ar smaointe agus ar eolas faoina bhfuil le feiceáil agus le déanamh, is féidir súil a thabhairt ar an suíomh gréasáin ina dtugtar eolas faoi na cinn scríbe turasóireachta san Eoraip nó dul chuig na suíomhanna gréasáin atá ag na heagraíochtaí turasóireachta náisiúnta i ngach tír den Aontas (féach léarscáil an Aontais).

@@aboutEUAltText

Cuireann an tAontas Eorpach roinnt mhaith tionscadail chultúrtha agus imeachtaí cultúrtha chun cinn ar fud na hEorpa gach bliain. Tacaíonn sé ach go háirithe le Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, tionscadal darb aidhm aird a tharraingt ar éagsúlacht chultúrtha shaibhir na hEorpa.

2024

Bad Ischl (an Ostair)

Bodø (an Iorua)

Tartu (an Eastóin)

Is iad Baile Átha Cliath (Éire) agus Grosseto (an Iodáil) Príomhchathair na hEorpa agus Ceannródaí Glas na Turasóireachta Cliste 2024, faoi seach.

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le tíortha an Aontais trí aitheantas a thabhairt do spriocanna turasóireachta inbhuanaithe éiritheacha neamh-thraidisiúnta san Eoraip leis an ngradam Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa.

Ó bhí 2018 ann, tá an tAontas Eorpach ag tabhairt deis d’Eorpaigh 18 mbliana d’aois taisteal saor in aisce ar fud na hEorpa ar feadh suas le mí agus eolas a chur ar oidhreacht shaibhir chultúrtha na mór-roinne. Go dtí seo, tá pas taistil DiscoverEU tugtha do bhreis agus 200,000 Eorpach óg. Cuireann an tionscnamh an deis ar fáil do thaistealaithe óga ceangal lena chéile trí chruinnithe eagraithe agus páirt a ghlacadh i réimse corraitheach d’imeachtaí. Sa bhreis ar a bpas taistil, faigheann gach taistealaí DiscoverEU cárta lascaine agus is féidir leis leas a bhaint as breis agus 40,000 lascaine ar imeachtaí cultúrtha, lóistín, oideachas, seirbhísí agus táirgí in os cionn 30 tír ar fud na hEorpa.

Siar Ar aghaidh