Sula n-imíonn tú
Na doiciméid a theastóidh uait
Pas nó cárta aitheantais
De bharr Chomhaontú Schengen, tá deireadh curtha ag formhór na dtíortha san Aontas le rialuithe ag a dteorainneacha inmheánacha.
Tá an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin sa limistéar Schengen freisin, cé nach baill den Aontas Eorpach iad. Fágann sé sin, mar shampla, gur féidir leat dul ag sciáil san Eilvéis gan do phas a thaispeáint agus tú ag trasnú na teorann ón Aontas.
Is féidir rialuithe teorann laistigh de limistéar Schengen a thabhairt isteach arís go heisceachtúil ar feadh tréimhse teoranta má tá bagairt thromchúiseach ar shábháilteacht nó ar shlándáil an phobail ann.
Agus tú ag taisteal chuig tíortha an Aontais nach tíortha de chuid limistéar Schengen iad, nó ag filleadh ó na tíortha sin, beidh ort pas bailí nó cárta aitheantais bailí a thaispeáint. Tá gach duine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais, saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh san áireamh, faoi réir seiceálacha córasacha in aghaidh bunachair sonraí ábhartha.
Fiú mura bhfuil pas de dhíth ort le haghaidh seiceálacha teorainn laistigh de limistéar Schengen, beidh ort cáipéis taistil bhailí a bhreith leat (do phas nó cárta aitheantais) agus tú ag taisteal san Aontas toisc go bhféadfadh sé a bheith de dhíth ar chúiseanna aitheantais nó slándála. Ní mór do pháistí a bpas nó a gcárta aitheantais féin a bheith acu. Tabhair do d’aire gurb é an cárta aitheantais a fhaightear ó d’údarás náisiúnta an t-aon chineál aitheantais amháin atá bailí.
Sula dtabharfaidh tú cuairt ar thír nach tír den Aontas í, seiceáil roimh ré cé na doiciméid a theastaíonn ón tír sin a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi.
Víosa
Ní theastóidh víosa uait agus tú ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach.
Tabhair do d’aire go gcaitear le saoránaigh den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin mar shaoránaigh den Aontas chun críoch taistil, sin agus nuair a théann siad isteach i dtíortha den Aontas ó tharla go bhfuil na ceithre thír sin páirteach i limistéar Schengen.
Pas
Teastóidh pas bailí uait.
Víosa
Tá víosa de dhíth ar Shaoránaigh ó bhreis agus 100 tír le cuairt a thabhairt ar an Aontas. Tá difríochtaí beaga idir an liosta de thíortha a dteastaíonn víosaí óna gcuid saoránach chun taisteal go hÉirinn agus an liosta de thíortha a dteastaíonn víosaí óna gcuid saoránach chun taisteal go tíortha eile de chuid an Aontais.
Is féidir iarratas ar víosa a dhéanamh ag consalacht nó ag ambasáid na tíre ar mian leat cuairt a thabhairt uirthi (nó ag consalacht nó ambasáid na tíre is ceann scríbe príomha duit). Is féidir leat taisteal chuig na tíortha go léir i limistéar Schengen má tá víosa Schengen agat. Má tá víosa fadfhanachta bailí nó cead cónaithe bailí agat a d’eisigh tír atá i limistéar Schengen, is ceadmhach duit fanacht go ceann tréimhse suas le 90 lá i dtíortha eile i limistéar Schengen. D’fhéadfadh sé go dteastódh víosa náisiúnta uait chun cuairt a thabhairt ar thíortha den Aontas nach bhfuil i limistéar Schengen.
Tá breis agus 60 tír agus críoch ann nach dteastaíonn víosa óna gcuid saoránach chun cuairt a thabhairt ar an Aontas Eorpach ar feadh tréimhse nach mó ná 90 lá. I lár na bliana 2025, beidh sé riachtanach ar chuairteoirí ó na tíortha seo iarratas a dhéanamh ar údarú taistil ETIAS (Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil). Beidh sé ag teastáil ó dhaoine a bheidh ag taisteal chuig aon cheann de na tíortha atá i limistéar Schengen nó nach bhfuil liostaithe sa tábla thuas, seachas Éire. Déanfaidh an córas nua slándáil a mhéadú agus moilleanna ag an teorainn a sheachaint do thaistealaithe.
Tíortha an Aontais agus tíortha limistéar Schengen
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 9,1 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: austria.info
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 11,8 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitflanders.com visitwallonia.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 6,4 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad**
Airgeadra: BGN
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: bulgariatravel.org/en
Amchriosanna: GMT +2
Tír nach bhfuil san Aontas
Daonra: 8,8 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: CHF
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 0,9 milliúin
Tíortha nach baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitcyprus.com
Amchriosanna: GMT +2
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 10,8 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: CZK
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: czechtourism.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 84,4 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: germany.travel
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 5,9 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: DKK
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitdenmark.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 1,4 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitestonia.com
Amchriosanna: GMT +2
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 10,4 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitgreece.gr
Amchriosanna: GMT +2
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 48,1 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: spain.info/en/
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 5,6 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitfinland.com
Amchriosanna: GMT +2
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 68,1 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: france.fr/en
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 3,9 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: croatia.hr/en-gb
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 9,6 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: HUF
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visithungary.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 5,2 milliúin
Tíortha nach baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: discoverireland.ie
Amchriosanna: GMT +1
Tír nach bhfuil san Aontas
Daonra: 0,4 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: ISK
Amchriosanna: GMT
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 58,9 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: italia.it/en
Amchriosanna: GMT +1
Tír nach bhfuil san Aontas
Daonra: 0,04 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: CHF
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 2,9 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: lithuania.travel/en
Amchriosanna: GMT +2
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 0,7 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitluxembourg.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 1,9 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: latvia.travel/en
Amchriosanna: GMT +2
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 0,5 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitmalta.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 17,8 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: holland.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír nach bhfuil san Aontas
Daonra: 5,5 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: NOK
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 36,8 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: PLN
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: poland.travel
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 10,5 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitportugal.com
Amchriosanna: GMT
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 19,1 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad**
Airgeadra: RON
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: romania.travel/en
Amchriosanna: GMT +2
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 10,5 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: SEK
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: visitsweden.com
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 2,1 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: slovenia.info
Amchriosanna: GMT +1
Tír de chuid an Aontais Eorpaigh
Daonra: 5,4 milliúin
Tíortha ar baill de limistéar Schengen iad
Airgeadra: EUR
Suíomh gréasáin oifigiúil turasóireachta: slovakia.travel/en
Amchriosanna: GMT +1
(*) Daonra iomlán an 1 Eanáir 2023. Foinse: Eurostat (cód sonraí ar líne: demo_gind).
(**) Tá seiceálacha fós ann ag na teorainneacha talún inmheánacha i gcás na Bulgáire agus na Rómáine.
Léarscáil den Eoraip ina dtaispeántar sonraí maidir le Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus tíortha limistéar Schengen.
Is éard atá san Aontas Eorpach grúpa 27 dtír: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an Spáinn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an tSualainn, an Ungáir.
Tá gach tír de chuid an Aontais i limistéar Schengen, seachas an Chipir agus Éire. Cé go bhfuil an Bhulgáir agus an Rómáin i limistéar Schengen, tá seiceálacha fós ann ag dteorainneacha talún inmheánacha. Tá an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin, tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, i limistéar Schengen freisin.
Tá daonra 9 milliún ag an Ostair, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin austria.info chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 11,6 milliún ag an mBeilg, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach na suíomhanna gréasáin visitflanders.com agus visitwallonia.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 6,8 milliún ag an mBulgáir, is é lev na Bulgáire an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin bulgariatravel.org/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 3,9 milliún ag an gCróit, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin croatia.hr/en-gb chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 0,9 milliún ag an gCipir, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin visitcyprus.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 10,5 milliún ag an tSeicia, is é koruna Phoblacht na Seice an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin czechtourism.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 5,9 milliún ag an Danmhairg, is é krone na Danmhairge an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin visitdenmark.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 1,3 milliún ag an Eastóin, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin visitestonia.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 5,5 milliún ag an bhFionlainn, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin visitfinland.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 67,8 milliún ag an bhFrainc, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin france.fr/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 83,2 milliún ag an nGearmáin, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin germany.travel chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 10,6 milliún ag an nGréig, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin visitgreece.gr chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 9,7 milliún ag an mBulgáir, is é forint na hUngáire an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin visithungary.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 0,4 milliún ag an Íoslainn, is é króna na hÍoslainne an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich.
Tá daonra 5,1 milliún ag Éirinn, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich. Féach an suíomh gréasáin discoverireland.ie chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 59 milliún ag an Iodáil, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin italia.it/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 1,9 milliún ag an Laitvia, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin latvia.travel/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 0,04 milliún ag Lichtinstéin, is é franc na hEilvéise an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1.
Tá daonra 2,8 milliún ag an Liotuáin, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin lithuania.travel/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 0,6 milliún ag Lucsamburg, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear ann, agus tá sé i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin visitluxembourg.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 0,5 milliún ag Málta, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear ann, agus tá sé i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin visitmalta.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 17,6 milliún ag an Ísiltír, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin holland.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 5,4 milliún ag an Iorua, is é krone na hIorua an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1.
Tá daonra 37,7 milliún ag an bPolainn, is é złoty na Polainne an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin poland.travel chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 10,4 milliún ag an Portaingéil, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich. Féach an suíomh gréasáin visitportugal.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 19 milliún ag an Rómáin, is é leu na Rómáine an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +2. Féach an suíomh gréasáin romania.travel/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 5,4 milliún ag an tSlóvaic, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin slovakia.travel/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 2,1 milliún ag an tSlóivéin, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin slovenia.info chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 47,4 milliún ag an Spáinn, is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin spain.info/en chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 10,5 milliún ag an tSualainn, is é krona na Sualainne an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1. Féach an suíomh gréasáin visitsweden.com chun eolas a fháil faoi chúrsaí turasóireachta.
Tá daonra 8,7 milliún ag Eilvéis, is é franc na hEilvéise an t-airgeadra a úsáidtear inti, agus tá sí i gcrios ama Mheán-Am Greenwich +1.
Cé na rudaí a fhéadfaidh tú a bhreith leat?
Má thagann tú isteach san Aontas ó thír nach tír den Aontas í, is féidir leat earraí le haghaidh úsáid phearsanta a thabhairt isteach leat saor ó cháin bhreisluacha (CBL) agus ó dhleachtanna máil de réir na dteorainneacha atá leagtha amach thíos. Is é an dála céanna é má thagann tú isteach ó chríocha eile nach bhfuil rialacha an Aontais maidir le CBL agus dleachtanna máil i bhfeidhm iontu.
Tá uasteorainn nó íosteorainn leis an méid tobac is ceadmhach duit a thabhairt isteach san Aontas ag brath ar an tír, agus ba cheart duit, dá bhrí sin, rialacha custaim an Bhallstáit a bhfuil tú ag triall air a sheiceáil.
| Tobac (*) | Alcól | |
|---|---|---|
| An uasteorainn | An íosteorainn | 1 lítear de bhiotáille nó d’alcól gan dínádúrú (alcól eitile) nó 2 lítear d’fhíon treisithe nó d’fhíon súilíneach (**) agus |
| 200 toitín nó | 40 toitín nó | |
| 100 todóigín nó | 20 todóigín nó | |
| 50 todóg nó | 10 todóg nó | 4 lítear d’fhíon gan súilíní agus |
| 250 g tobac | 50 g tobac | 16 lítear de bheoir |
(*) Is éard atá sa mhéid i ngach cás 100 % den lamháltas iomlán le haghaidh táirgí tobac. Féadfaidh tú aon cheann díobh seo a chur le chéile ach a chinntiú nach sáróidh tú an teorainn iomlán. Mar shampla: 100 toitín (50 % den lamháltas) + 50 todóigín (50 % den lamháltas) = 100 % den lamháltas iomlán.
(**) I gcás biotáille agus fíon treisithe nó fíon súilíneach, is éard atá i ngach méid díobh sin 100 % den lamháltas iomlán, agus is féidir leat an lamháltas sin a roinnt. Mar shampla, is ceadmhach duit leathlítear biotáille agus 1 lítear d’fhíon treisithe a thabhairt leat — is é sin leath an lamháltais sa dá chás.
Ní ceadmhach do thaistealaithe atá faoi bhun 17 mbliana d’aois úsáid a bhaint as na lamháltais alcóil agus tobac sin.
Má tá tú ag taisteal ó thír den Aontas go tíle eile den Aontas trí thír nach Ballstát í (e.g. an Eilvéis), beidh ort rialacha custaim na tíre sin a sheiceáil.
- Luach suas le € 430 do thaistealaithe aeir agus mara
- Luach suas le € 300 do thaistealaithe eile.
Cuireann roinnt tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh íosteorainn i bhfeidhm maidir le taistealaithe faoi bhun 15 bliana d’aois, ach ní féidir léi a bheith níos ísle ná € 150.
Níl aon srianta ginearálta i bhfeidhm maidir le táirgí feola nó déiríochta a iompar agus tú ag taisteal laistigh den Aontas. Mar sin féin, déan cinnte de nach dtabharfaidh tú earraí bia ina bhfuil feoil nó bainne, nó táirgí feola nó bainne, isteach san Aontas ó thíortha nach bhfuil san Aontas mar d’fhéadfadh sé go mbeadh pataiginí contúirteacha iontu is cúis le breoiteacht do bheostoc san Aontas, an galar crúb is béil agus fiabhras Afracach na muc mar shampla. Níl aon eisceachtaí ann seachas do dhaoine atá ag taisteal agus cainníochtaí beaga ar iompar acu le haghaidh úsáid phearsanta, taistealaithe as Andóra, as an Eilvéis, as an nGraonlainn, as an Iorua, as an Íoslainn, as Lichtinstéin, as Oileáin Fharó agus as San Mairíne.
Is furasta taisteal le madra, cat nó firéad má tá pas peata de chuid an Aontais Eorpaigh agat. Is féidir pas peata a fháil ó aon tréidlia. Ní mór pas a bheith ag gach madra, cat agus firéad agus, chun críoch aitheantais, ní mór micrishlis leictreonach a bheith curtha isteach sna peataí nó tatú soléite a bheith acu a cuireadh orthu roimh mhí Iúil 2011. Ní mór iad a bheith vacsaínithe in aghaidh confaidh agus ní mór na sonraí ina leith sin a bheith ar fáil ina bpas peata. Caithfear an vacsaíniú a dhéanamh tar éis an mhicrishlis a chur iontu nó an tatú a chur orthu.
Ní mór do thréidlia cóireáil shonrach in aghaidh péisteanna ribíneacha a chur ar mhadraí sula dtugtar iad chun na Fionlainne, go hÉirinn nó go Málta. Ní mór sonraí maidir leis an gcóireáil sin a bheith ar fáil ar an bpas peata agus ansin is féidir leis an madra taisteal idir 1 lá agus 5 lá tar éis dó an chóireáil a fháil.