Taisteal san eoraip 2024

Conas dul ann

Taisteal de bhóthar

Aon cheadúnas tiomána bailí a eisítear i dtír den Aontas, tugtar aitheantas dó ar fud an Aontais, agus san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin.

Déantar gach ceadúnas nua a eisítear a phriontáil ar chárta plaisteach i bhformáid chaighdeánach Eorpach. I bhformhór na dtíortha, ní mór duit deimhniú clárúcháin d’fheithicle a bheith agat chomh maith le ceadúnas tiomána bailí a bheith ar iompar agat.

Ba cheart do thiománaithe nach den Aontas iad a dheimhniú an bhfuil ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ag teastáil uathu chun tiomáint sna tíortha den Aontas a bhfuil siad ag triall orthu, go háirithe más mian leo cuairt a thabhairt ar an gCipir, ar Éirinn, ar Mhálta agus ar an Spáinn.

Pé áit a bhfuil tú ag taisteal san Aontas, cuirfidh do pholasaí árachais éigeantach do ghluaisteáin clúdach ar fáil duit go huathoibríoch i dtaca le haon damáiste a dhéantar do thríú páirtí i dtimpiste bóthair (dliteanas tríú páirtí). Má tá árachas gluaisteáin cuimsitheach agat i do thír bhaile, d’fhéadfaí go gclúdaítear leis taisteal chuig tíortha eile. Mar sin féin, is ceart na tíortha lena mbaineann sé agus an tréimhse bhailíochta a sheiceáil sula n-imíonn tú.

Is doiciméad caighdeánach é an ráiteas Eorpach ar thimpistí atá le fáil i dteangacha éagsúla agus is féidir é a fháil ó d’árachóir nó ar líne. Leis an bhfoirm sin, is fusa dearbhú a dhéanamh ar an láthair má bhaineann timpiste duit i dtír eile.

Nuair a thaistealaíonn tú laistigh den Aontas le polasaí árachais dliteanais tríú páirtí arna eisiúint i dtír nach bhfuil san Aontas, d’fhéadfadh go mbeadh cárta glas ag teastáil uait, nó b’fhéidir go mbeadh ort árachas teorann a ghlacadh. Féadfaidh rialacha a bheith difriúil ag brath ar an tír ina n-eisítear an polasaí, mar sin seiceáil roimh ré.

Is le dolaí (bunaithe ar fhad slí) nó ‘greamdhearbháin’ (bunaithe ar am) a ghearrann mórán tíortha táillí as úsáid a gcuid bóithre. Cinntíonn an tAontas Eorpach nach ndéantar leatrom ar neamhchónaitheoirí ná ar úsáideoirí ócáideacha leis na córais táillí sin.

I ngach tír san Aontas, ní mór criosanna sábhála a chaitheamh sna feithiclí go léir ina bhfuil siad feistithe. Ní mór srianta sábháilteachta cuí a bheith ann do pháistí.

Má úsáideann duine guthán póca agus é ag tiomáint, is mó an baol atá ann go mbainfidh timpiste dó. Tá toirmeasc air sin i ngach tír den Aontas Eorpach agus san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin, mura bhfuil gléas lámhshaor in úsáid ag an duine.

De réir na tíre atá i gceist, is idir 0 mg/ml agus 0.5 mg/ml an t-uasleibhéal alcóil a cheadaítear san fhuil.

Is féidir tiománaithe atá ag tiomáint ar róluas nó faoi thionchar an óil a aimsiú de bharr malartú trasteorann faisnéise níos fearr.

Ná dearmad gur ar thaobh na láimhe clé den bhóthar is ceart tiomáint sa Chipir, in Éirinn, agus i Málta agus nach mór duit de ghnáth géilleadh do thrácht ó thaobh na láimhe deise i dtíortha áirithe — sa Bheilg, sa Fhrainc, san Ísiltír agus sa Phortaingéil, mar shampla.

Cad iad na teorainneacha luais sa Spáinn? An gá dom clogad a chaitheamh agus mé ag rothaíocht sa tSualainn? Bí cinnte na rialacha is tábhachtaí maidir le sábháilteacht ar bhóithre a léamh roimh do thuras.

Faoi láthair tá breis agus 700,000 pointe athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha ann ar fud an Aontais Eorpaigh, agus líon méadaitheach stáisiúin athluchtaithe thapa ann. Úsáidtear an phlocóid chaighdeánaithe chéanna ar fud na mór-roinne ionas gur féidir le tiománaithe feithiclí leictreacha a gcarr a luchtú aon áit san Aontas. Féach léarscáil na stáisiún breoslaí malartacha.

Bíonn an tAontas ag cur feabhais i gcónaí ar chaighdeáin sábháilteachta le haghaidh busanna agus cóistí; mar shampla, tamall ó shin tugadh isteach riachtanais úra maidir le córas aitheantais agus rabhaidh caochspotaí chun tuairteanna le coisithe agus rothaithe a chosc. I gcás criosanna sábhála a bheith suiteáilte i mbusanna agus i gcóistí, is éigeantach iad a chaitheamh ar fud an Aontais.

Cén fáth nach bhféadfá eolas a chur ar an Eoraip ar an rothar? A bhuí le EuroVelo, an líonra Eorpach rotharbhealaí, tá an mhór-roinn ar fad agus cuid de na háiteanna is mó is díol spéise inti nasctha le 17 rotharbhealach fadraoin, thar 90,000 km san iomlán. Féadfaidh tú taitneamh a bhaint as a bheith ag taisteal trí bhailte agus trí chathracha na hEorpa ar do rothar féin, nó trí úsáid a bhaint as ceann den iliomad scéimeanna féinseirbhíse atá ann chun rothar a fháil ar cíos, a bhfuil cuid acu cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach.

Taisteal d’aer

Tá táillí níos saoire agus rogha níos fearr aeriompróirí, bealaí agus seirbhísí ann do phaisinéirí de bharr an mhargaidh aonair Eorpaigh san aeriompar a bunaíodh breis is 30 bliain ó shin. Tá an Eoraip ar cheann de na háiteanna is sábháilte ar domhan ó thaobh eitlíochta de. Chun an tsábháilteacht a fheabhsú i gcás aerlínte lasmuigh den Aontas, ní mór do na haerlínte sin údarú a bheith acu a dheimhníonn go gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Ina theannta sin, féadfaidh sé go ndéanfar iniúchadh ar a gcuid aerárthaí agus cuirfear cosc orthu feidhmiú laistigh d’aerspás na hEorpa má mheastar nach bhfuil siad sábháilte nó nach ndéanann a n-údaráis dóthain maoirseachta orthu. Tá rialacha coiteanna ag an Aontas maidir le seiceálacha slándála ar phaisinéirí, ar bhagáiste cábáin agus ar bhagáiste boilg, agus cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le gach eitilt a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais. Tá srianta i bhfeidhm maidir le leachtanna is ceadmhach a thabhairt isteach sa chábán agus tá liosta coiteann ann de nithe nach ceadmhach sa chábán ná sa bhagáiste boilg.

Taisteal d’iarnród

Tá an t-iarnród fós ar cheann de na modhanna taistil is sábháilte agus is mó tóir san Eoraip agus tá ról tábhachtach aige i dtaca le mian an Aontais Eorpaigh a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Tá breis agus 200,000 km d’iarnróid san Aontas Eorpach. Tá breis agus 11,000 km de línte ardluais ar chonairí tábhachtacha ar nós Páras–an Bhruiséil–Amstardam/Cologne, Milano–an Róimh agus Barcelona–Maidrid, agus tá tuilleadh línte á dtógáil. Tá an tAontas ag obair chun seirbhísí iarnróid paisinéirí fadraoin agus seirbhísí iarnróid paisinéirí trasteorann a fheabhsú. Tá sé d'aidhm acu trácht iarnróid ardluais a dhúbailt faoi 2030 agus a mhéadú faoi thrí faoi 2050.

Taisteal ar mui

Is iomaí bealach farraige tábhachtach atá idir calafoirt den Aontas agus a gcuirtear seirbhísí den scoth ar fáil go rialta orthu, seirbhísí a d’fhéadfaí a úsáid in ionad taisteal de bhóthar, d’aer nó d’iarnród, nó chomh maith le taisteal den sórt sin. Anuas air sin, tá breis agus 40,000 km d’aibhneacha, de chanálacha agus de lochanna inseolta ann.

Cearta paisinéirí

Is é an tAontas Eorpach an t-aon limistéar ar domhan ina ndéantar saoránaigh a chosaint le sraith chuimsitheach de chearta paisinéirí — bíodh sé ag taisteal ar eitleán, ar thraein, ar bhus, ar chóiste nó ar long. Tá sé de cheart ag paisinéirí san Aontas rochtain a bheith acu ar eolas cruinn, tráthúil agus inrochtana, sin agus cúnamh a fháil i gcás cur isteach i gcúrsaí iompair agus, i gcúinsí áirithe, cúiteamh a fháil i gcás cealuithe nó moilleanna fada.

Íoslódáil an aip ionas gur féidir leat a sheiceáil cé na cearta atá agat agus conas iad a éileamh.

Ina theannta sin, cosnaíonn rialacha an Aontais thú nuair a cheannaíonn tú saoirí pacáiste nó turais ina bhfuil dhá chineál éagsúla seirbhíse taistil ar a laghad (amhail eitilt agus óstán nó carr ar cíos) tríd na suíomhanna gréasáin áirithintí céanna nó nasctha.

Sula n-imíonn tú: Ní mór duit faisnéis shoiléir a fháil faoi do phacáiste taistil (an ceann/na cinn scríbe, liosta de na seirbhísí atá san áireamh, uimhir éigeandála agus nithe eile nach iad). Ní mór duit a bheith curtha ar an eolas faoi do chearta freisin, mar shampla, is mó na cearta a bhíonn agat i gcás cealuithe nó má théann an t-eagraí as gnó.

Nuair a bheidh tú ann: Má tá tú i gcruachás le linn do chuairte, tá tú i dteideal cúnamh a fháil, ar nós eolas maidir le seirbhísí sláinte agus cúnamh consalachta.

Paisinéirí atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta, tá siad i dteideal cúnamh saor in aisce a fháil in aerfoirt, i stáisiúin traenach, i gcalafoirt agus i gcríochfoirt ainmnithe busanna nó cóistí, agus ar bord eitleáin, traenach, loinge agus bus nó cóiste. Is inmholta fógra a thabhairt don iompróir nó d’oibreoir an chríochfoirt maidir le riachtanais shonracha tráth na háirithinte, más roimh ré a cheannaítear an ticéad. Bí cinnte go seiceálann tú an méid ama atá ag teastáil mar fhógra le haghaidh do mhodh iompair roghnaithe roimh duit taisteal.

Má tá tú ag taisteal le gluaisteán agus má tá cárta páirceála míchumais de chuid an Aontais agat i do thír chónaithe, is ceart go mbeidh tú in ann na háiseanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a úsáid i dtíortha eile den Aontas. Seiceáil roimh ré cad iad na coinníollacha áitiúla atá i bhfeidhm sa tír ar a bhfuil tú ag tabhairt cuairte.

Má bhraitheann tú nár tugadh meas ar do chearta agus tú ag taisteal, agus más mian leat cúiteamh a lorg, ba chóir duit gearán a dhéanamh leis an iompróir nó leis an oibritheoir críochfoirt nó an foras náisiúnta um fhorfheidhmiú don mhodh iompair áirithe a d’úsáid tú. Le haghaidh sonraí den fhoras um fhorfheidhmiú ábhartha, tabhair cuairt ar an leathanach seo.

Cuir glao gutháin ar uimhir shaorghlao Europe Direct 00 800 6 7 8 9 10 11 chun tuilleadh eolais a fháil.

Siar Ar aghaidh