Rochtain thapa ar dhlí an Aontais Eorpaigh.
Aimsigh
Conarthaí an Aontais Eorpaigh,
Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh,
Comhaontuithe Idirnáisiúnta agus
Cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Má rinneadh leasú ar ghníomh agus má tá an leasú sin comhdhlúite, aimseoidh tú an
leagan comhdhlúite is déanaí den téacs. Má tá raon feidhme níos forleithne de dhoiciméid dhlíthiúla á lorg agat, tabhair cuairt ar
shuíomh gréasáin EUR-Lex.
Comhaontuithe ceangailteacha idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh atá sna conarthaí. Leagtar amach iontu cuspóirí an Aontais Eorpaigh, na rialacha i gcomhair institiúidí an Aontais, an tslí a ndéantar cinntí agus an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Is é an chaoi a mbaintear amach aidhmeanna an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad i gconarthaí an Aontais trí chineálacha éagsúla gníomhartha dlíthiúla, arb iad rialacháin, treoracha agus cinntí na príomhghníomhartha. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Úsáidtear comhaontuithe idirnáisiúnta chun cuidiú leis an Aontas Eorpach a chuspóirí beartais a bhaint amach. Déanann an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidiliú agus a thabhairt i gcrích le tíortha nach den Aontas iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta araon, cuir i gcás an Eagraíocht Dhomhanda Trádála nó na Náisiúin Aontaithe. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Is éard a chuimsítear i gCásdlí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnais agus orduithe, tuairimí agus dearcthaí Abhcóidí Ginearálta chomh maith le tuairimí na Cúirte maidir le dréachtchomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus tíortha nach den Aontas iad nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Féach níos lú