Tuarascáil speisialta
01 2023

Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19 Tionscnaimh ábhartha, agus tá an tionchar ag dul ó iad a bheith rathúil go dtí úsáid theoranta

Maidir leis an tuarascáil:Bhí sé mar chuspóir ag ár n-iniúchadh measúnú a dhéanamh féachaint an raibh uirlisí éifeachtacha forbartha ag an gCoimisiún chun taisteal laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19. Ar an iomlán, is é ár gconclúid, in ainneoin a inniúlachta teoranta sa bheartas sláinte poiblí, gur bhog an Coimisiún go tapa chun réitigh theicneolaíochta oiriúnacha a mholadh chun taisteal a éascú. Bhí éagsúlacht shuntasach ann maidir le húsáid na n-uirlisí sin ag na Ballstáit, áfach, agus mar sin bhí tionchar na n-uirlisí i ndáil le taisteal laistigh den Aontas a éascú míchothrom, ag dul ó scéalta rathúla i gcásanna áirithe go húsáid theoranta i gcásanna eile. Díríonn ár moltaí ar an ngá atá le hanailís a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna do ghlacadh íseal uirlisí áirithe, cumarsáid maidir le teagmhais a bhaineann le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a chuíchóiriú agus uirlisí ábhartha de chuid an Aontais a ullmhú do ghéarchéimeanna amach anseo.

Tuarascáil Speisialta ón gCúirt Iniúchóirí de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Taisteal a éascú le linn na paindéime

Achoimre Feidhmiúcháin

I Tar éis do na chéad chásanna de COVID-19 a bheith braite san Aontas, i mí an Mhárta 2020, chuir na Ballstáit tús le toirmisc thaistil agus srianta eile ar shaorghluaiseacht daoine a chur i bhfeidhm. Chun taisteal a éascú agus chun cabhrú le cásanna COVID-19 a rianú, d’fhorbair an Coimisiún ceithre uirlis:

  • Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí – tairseach chun idir-inoibritheacht ar fud an Aontais idir feidhmchláir teagmhálaithe náisiúnta a áirithiú;
  • Foirm Dhigiteach Aimsithe Paisinéirí an Aontais – ar uirlis í a úsáidtear in ionad foirmeacha páipéir chun faisnéis rianaithe teagmhálaithe a bhailiú le linn taistil;
  • deimhniú digiteach COVID an Aontais – teastas lena ndeimhnítear vacsaíniú in aghaidh COVID-19, téarnamh nó tástáil dhiúltach;
  • an t-ardán maidir le foirmeacha aimsithe paisinéirí a mhalartú – réiteach d’údaráis náisiúnta i mBallstáit éagsúla chun sonraí rianaithe teagmhálaithe a mhalartú.

II Bhí sé mar chuspóir ag ár n-iniúchadh measúnú a dhéanamh féachaint an raibh uirlisí éifeachtacha forbartha ag an gCoimisiún chun taisteal laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19. Is éard a bhí mar aidhm againn ná samplaí den dea-chleachtas agus réimsí le haghaidh feabhais a shainaithint sa bhealach a ndéanann an Coimisiún uirlisí TF a fhorbairt chun saorghluaiseacht le linn géarchéime sláinte a éascú. Tá an t-iniúchadh seo ina comhlánú ar Thuarascáil speisialta 13/2022 uainn, ina ndéantar measúnú féachaint ar ghlac an Coimisiún gníomhaíocht éifeachtach chun cearta shaorghluaiseacht na ndaoine a chosaint le linn phaindéim COVID-19.

III Ar an iomlán, is é ár gconclúid, in ainneoin a inniúlachta teoranta sa bheartas sláinte poiblí, gur bhog an Coimisiún go tapa chun réitigh theicneolaíochta oiriúnacha a mholadh chun taisteal laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19. Bhí éagsúlacht shuntasach ann maidir le húsáid na n-uirlisí sin ag na Ballstáit, áfach, agus mar sin bhí tionchar na n-uirlisí i ndáil le taisteal a éascú míchothrom.

IV Bhain an Coimisiún leas as €71 milliún le haghaidh forbairt na n-uirlisí trí roinnt foinsí cistithe a chomhcheangal agus trí úsáid a bhaint as creatchonarthaí atá ann cheana seachas nósanna imeachta soláthair phoiblí. Tháinig an tairseach rianaithe teagmhálaithe chun bheith ar fáil go luath tar éis thús na paindéime agus tháinig ann do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais nuair a bhí dlús á chur le hiarrachtaí vacsaínithe ar fud na mór-roinne. Bhí an obair theicniúil agus reachtach ar na huirlisí sin tapa. Bhí a bhfoirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí féin forbartha ag roinnt Ballstát, áfach, sula raibh réiteach an Aontais ar fhoirmeacha aimsithe paisinéirí curtha ar fáil.

V Chuir an Coimisiún ceanglais cosanta sonraí agus dea-chleachtais slándála TF san áireamh agus na huirlisí á ndearadh aige. Níl an t-údarás ag an gCoimisiún, áfach, a fhíorú go raibh ceanglais slándála TF á gcomhlíonadh ag na tíortha a d’úsáid an uirlis do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais.

VI Bhí Deimhniú Digiteach COVID an Aontais éifeachtach chun taisteal a éascú agus chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus comhordú i ndáil le srianta taistil. Bhain Ballstáit agus go leor tíortha nach bhfuil san Aontas úsáid as córas Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais go leitheadach, agus bhí níos mó ná 1.7 billiún deimhniú eisithe i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) faoi mhí an Mhárta 2022. Thairis sin, laistigh de mhí amháin tar éis do Rialachán an Aontais maidir le deimhniú digiteach COVID-19 a bheith tagtha i bhfeidhm, bhí comhchuibhiú suntasach déanta ag na Ballstáit ar a srianta taistil. Fuaireamar, áfach, gur thóg socruithe do thíortha chun a chéile a chur ar an eolas faoi theagmhais a d’éiligh freagairt phráinneach (e.g. deimhnithe calaoiseacha) an-chuid ama mar gheall ar dheacrachtaí a bhain leis na contrapháirtithe cearta i dtíortha eile a shainaithint.

VII Maidir leis na huirlisí eile a scrúdaíomar, ní raibh an tionchar acu sin a bhí beartaithe leo toisc go raibh a n-úsáid teoranta. Níor bhain ach ceithre Bhallstát úsáid as foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí an Aontais, fad a lean na tíortha eile de bheith ag brath ar réitigh náisiúnta. Ar an iomlán, is beag úsáid a baineadh as an ardán chun na foirmeacha a mhalartú agus as an tairseach rianaithe teagmhálaithe.

VIII Ar bhonn na gconclúidí sin, molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • anailís a dhéanamh ar na cúiseanna a bhí le glacadh íseal le foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí an Aontais, agus aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna sin;
  • cumarsáid maidir le teagmhais atá nasctha le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a shruthlíniú;
  • uirlisí ábhartha de chuid an Aontais a ullmhú le haghaidh géarchéimeanna amach anseo.

Réamhrá

01 Is éard is saorghluaiseacht daoine ann ná an ceart atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) agus ag baill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát. Is ceann de cheithre shaoirse bhunúsacha an Aontais atá ann (in éineacht le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus caipitil), agus tá sé i gcroílár an tionscadail Eorpaigh ó tháinig sé ar an bhfód1. Leis an Treoir maidir le Saorghluaiseacht2, leagtar síos na coinníollacha agus teorainneacha is infheidhme.

02 Is inniúlacht náisiúnta é an tsláinte phoiblí a chosaint3. Dá bhrí sin, tá ról teoranta ag an gCoimisiún Eorpach a mhéid a bhaineann sé leis an mbeartas sláinte, agus é ag díriú ar chomhordú den chuid is mó4. Is féidir leis tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, a bhfuil cumhachtaí substaintiúla acu chun a mbeartais sláinte féin a chinneadh, agus is féidir leis na gníomhaíochtaí sin a fhorlíonadh5.

03 Tar éis na chéad chásanna de COVID-19 a bhrath, chuir Ballstáit, i mí an Mhárta 2020, tús le rialuithe ag teorainneacha agus srianta ar shaorghluaiseacht na saoránach a chur i bhfeidhm agus iarracht á déanamh acu leathadh na paindéime a theorannú. Mar sin féin, bhí an Coimisiún freagrach as faireachán a dhéanamh féachaint an raibh na srianta sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le saoirse gluaiseachta. Chun teorainn a chur leis an tionchar a bhí ag bearta a bhaineann le COVID-19 ar shaorghluaiseacht, ghlac an Coimisiún tionscnaimh éagsúla arb é ab aidhm dóibh ná tacú le comhordú i measc na mBallstát.

04 D’fhorbair an Coimisiún freisin na huirlisí seo a leanas chun taisteal a éascú agus chun cabhrú le cásanna dearfacha COVID-19 a rianú (féach Iarscríbhinn I don tuairisc mhion ar na huirlisí):

  • tairseach rianaithe teagmhálaithe: Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí (EFGS);
  • foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí (EU dPLF);
  • deimhniú digiteach COVID an Aontais (EU DCC);
  • ardán chun foirmeacha aimsithe paisinéirí a mhalartú (ePLF).

05 Bhí feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe, a chuireann in iúl ar mhodh anaithnid d’úsáideoirí go bhféadadh sé go raibh siad i dteagmháil le duine ionfhabhtaithe, ar cheann de na chéad uirlisí a bhí ar fáil. D’fhorbair an Coimisiún an nasc idir na feidhmchláir éagsúla rianaithe teagmhálaithe sna Ballstáit, agus ar an gcaoi sin leathnaigh sé na buntáistí a bhain leo sa mhéid go ndearna siad taisteal laistigh den Aontas a éascú.

06 Le linn na paindéime, chun rianú teagmhálaithe a éascú le linn taistil, iarradh ar phaisinéirí mionsonraí teagmhála agus mionsonraí suímh a thabhairt trí fhoirmeacha aimsithe paisinéirí a sheoladh chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha. I gcás tástáil dhearfach, bhain na húdaráis úsáid as na foirmeacha sin chun dul i dteagmháil le paisinéirí a bhí ina suí gar don duine sin agus rabhadh a thabhairt dóibh tástáil COVID-19 a dhéanamh agus bearta réamhchúraim a dhéanamh. D’fhorbair an Coimisiún foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí an Aontais chun úsáid foirmeacha náisiúnta a shimpliú le linn géarchéimeanna sláinte trasteorann amhail COVID-19. Áiríodh i dtríú clár sláinte an Aontais (2014-2020) gníomhaíocht chomhpháirteach ar a dtugtar ‘EU Healthy Gateways’, a bhí, sular tháinig ann do phaindéim COVID-19, tosaithe cheana féin ar fhoirmeacha páipéarbhunaithe a fhorbairt le haghaidh iompar muirí agus ar talamh trí úsáid a bhaint as teimpléid idirnáisiúnta. Baineadh úsáid as an ngníomhaíocht chomhpháirteach ‘EU Healthy Gateways’ níos déanaí chun tacú le digitiú a dhéanamh ar fhoirmeacha aimsithe paisinéirí.

07 Chomh maith leis sin, d’fhorbair an Coimisiún Deimhniú Digiteach COVID AE, a thug cruthúnas infhíoraithe agus a raibh glacadh go frithpháirteach leis go raibh vacsaín in aghaidh COVID-19 faighte ag na sealbhóirí, go bhfuair siad toradh diúltach ar thástáil a rinneadh le déanaí nó go raibh siad tar éis téarnamh ón ngalar. Tá ar na Ballstáit glacadh leis na deimhnithe sin nuair a chinneann siad, le linn phaindéim COVID-19, a cheangal ar dhaoine atá ag taisteal cruthúnas a thabhairt de vacsaíniú, de thoradh diúltach ar thástáil nó de théarnamh.

08 Ba í an uirlis dheireanach a d’fhorbair an Coimisiún ná ardán do Bhallstáit chun foirmeacha aimsithe paisinéirí a mhalartú. Chuir an t-ardán ar a chumas foirne rianaithe teagmhálaithe foirmeacha a mhalartú go leictreonach le chéile go díreach, rud a laghdaigh an t-am a thóg sé chun taistealaithe a chur ar an eolas go raibh siad i mbaol.

09 Bhí roinnt ranna de chuid an Choimisiúin páirteach i bhforbairt na n-uirlisí. Ba iad an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, in éineacht le hArd-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta, na húinéirí córais ar an tairseach rianaithe teagmhálaithe. Chomh maith leis sin, bhí an dá Ard-Stiúrthóireacht i gceannas ar fhorbairt Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais in éineacht leis an Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí agus leis an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile. Ina theannta sin, chuir Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta an bonneagar TF riachtanach ar fáil.

10 Bhí na Ballstáit páirteach i bhforbairt na n-uirlisí sin go príomha tríd an Líonra r-Shláinte (féach Bosca 1). Rannchuidigh gníomhaireachtaí an Aontais, amhail an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú nó an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, freisin. Bhí forbairt na n-uirlisí aimsithe paisinéirí comhordaithe ag na Ballstáit, mar ghníomhaíocht chomhpháirteach a cistíodh faoi thríú Clár Sláinte an Aontais, ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus ag Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair.

Bosca 1

An Líonra r-Shláinte

Thug treoir ó 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm6 isteach coincheap an Líonra r-Shláinte, i.e. ‘líonra deonach lena nascfar na húdaráis náisiúnta ar a bhfuil an fhreagracht maidir le ríomhshláinte arna ainmniú ag na Ballstáit’. Déanann an Líonra r-Shláinte a chuid oibre trí thascfhórsaí agus grúpaí sonracha. Déanann an Coimisiún comhchathaoirleacht ar na cruinnithe agus cuireann sé seirbhísí rúnaíochta ar fáil don líonra. Bhí ról lárnach aige maidir le huirlisí an Aontais Eorpaigh a fhorbairt chun taisteal a éascú agus chuir sé fóram ar fáil chun ionchur a bhailiú go díreach ó na Ballstáit. Faoi mhí an Mheithimh 2020, bhí níos mó ná 30 cruinniú reáchtáilte ag an Líonra r-Shláinte a bhain le paindéim COVID-19. Bhí 96 chruinniú ag an Líonra r-Shláinte in 2020 agus bhí 285 acu in 2021.

11 Bhí cuspóir uathúil ag uirlisí an Aontais, rud a chiallaíonn nach raibh aon chórais eile ann cheana a bheadh oiriúnach le húsáid chun comparáid a dhéanamh ag tráth a bhforbartha. Ionas go mbeadh na huirlisí a bhfuil tuairisc anseo thuas orthu chomh héifeachtach agus ab fhéidir ó thaobh taisteal le linn phaindéim COVID-19 a éascú, bhí sé tábhachtach do na Ballstáit go léir iad a ghlacadh ionas go mbeadh an úsáid a bhaineann siad as sonraí sláinte chun taisteal san Aontas a bhainistiú comhsheasmhach agus go gcomhordófaí a srianta taistil.

12 Chomh maith le €71 mhilliún a sholáthar chun tacú le forbairt uirlisí TF, chuir an Coimisiún €100 milliún ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú leo an t-ualach airgeadais a bhaineann le tástáil COVID-19 a sheasamh. Tháinig méadú ar líon na nDeimhnithe Digiteacha COVID de chuid an Aontais a eisíodh mar gheall ar thástáil agus vacsaíniú méadaithe. D’fhéadfadh roinnt nó gach ceann de na huirlisí sin a bheith i gceist le taisteal trasteorann laistigh den Aontas, mar a thuairiscítear i bhFíor 1.

Fíor 1 - Úsáid uirlisí AE le haghaidh taisteal ar eitleán idir Ballstáit

Foinse: CIE.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

13 Is comhlánú é an t-iniúchadh seo ar ár dtuarascáil speisialta7 roimhe seo, ina ndearnadh measúnú féachaint ar ghlac an Coimisiún gníomhaíocht éifeachtach chun cearta shaorghluaiseacht na ndaoine a chosaint le linn phaindéim COVID-19. Chlúdaigh an chéad tuarascáil grinnscrúdú an Choimisiúin ar rialuithe teorann inmheánaí Schengen, chomh maith le srianta taistil gaolmhara agus iarrachtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais.

14 Bhí sé mar chuspóir ag an dara hiniúchadh seo measúnú a dhéanamh féachaint an raibh uirlisí éifeachtacha forbartha ag an gCoimisiún chun taisteal laistigh den Aontas a éascú le linn ghéarchéim COVID-19. Leis an iniúchadh seo, bhí sé mar aidhm againn samplaí de dhea-chleachtas agus réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar an gcaoi a bhforbraíonn an Coimisiún uirlisí TF a shainaithint chun saorghluaiseacht le linn géarchéimeanna sláinte a éascú. Chun freagra a thabhairt ar an bpríomhcheist iniúchóireachta, chuireamar na fo-cheisteanna seo a leanas:

  • An ndearna an Coimisiún forbairt chuí ar uirlisí de chuid an Aontais chun taisteal a éascú?
  • Ar bhain na Ballstáit úsáid fhorleathan as uirlisí AE agus an raibh comhordú agus comhroinnt faisnéise níos fearr mar thoradh air sin a mhéid a bhain lena srianta taistil?

15 Clúdaíonn an t-iniúchadh seo an tréimhse idir Deireadh Fómhair 2020 agus Meitheamh 2022 agus díríonn sé isteach ar na ceithre uirlis de chuid an Aontais a liostaítear i mír 04, lena n-áirítear an cistiú AE lena mbaineann. Ní chlúdaíonn sé cistiú AE le haghaidh vacsaíniú in aghaidh COVID-19, rud a ndearnamar measúnú air roimhe seo inár dtuarascáil speisialta ar sholáthar vacsaíní COVID-19 an Aontais Eorpaigh8.

16 Rinneamar an t-iniúchadh trí athbhreithnithe deisce, ceistneoirí scríofa agus agallaimh le geallsealbhóirí ábhartha. Rinneamar athbhreithniú agus anailís ar an méid seo a leanas:

  • reachtaíocht ábhartha an Aontais, chun na príomhriachtanais rialála agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla a shainaithint;
  • doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin a bhaineann le forbairt theicniúil agus glacadh dlíthiúil Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais, Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí, Foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí (EU dPLF) agus ardán chun foirmeacha aimsithe paisinéirí a mhalartú (ePLF);
  • foilseacháin de chuid an Choimisiúin a bhaineann le taisteal i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, amhail treoraíocht, teachtaireachtaí, tograí le haghaidh moltaí nó tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha;
  • sonraíochtaí teicniúla na n-uirlisí, measúnuithe slándála agus riosca, tuarascálacha tástála treáite agus pleananna slándála TF, chun a chur ar chumas ár saineolaithe TF a fhíorú an gcomhlíonann na huirlisí na ceanglais slándála.

17 Chun fianaise a fháil, fíorais a dheimhniú agus sonraí a bailíodh ó fhoinsí eile a chomhthacú, rinneamar agallaimh iniúchóireachta leo seo a leanas:

  • na hArd-Stiúrthóireachtaí seo sa Choimisiún – An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair, An Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, agus Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta;
  • an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, a bhfuil léarscáileanna riosca agus treoraíocht ar COVID-19 mar chuid dá chuid freagrachtaí;
  • údaráis sláinte i mBallstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas;
  • ionadaithe aerlínte, an tionscal taistil agus comhlachais tomhaltóirí.

18 Rinneamar suirbhé freisin chun aiseolas ar úsáid na n-uirlisí sin i ngach Ballstát a bhailiú. As na 27 dtoscaire ó na Ballstáit a chomhdhéanann sásra Comhtháite na Comhairle maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna, thug 13 thoscaire freagra ar an suirbhé a rinneamar. Is ionann é sin agus ráta freagartha 48 %. Bhaineamar úsáid as an suirbhé sin chun tacú lenár n-anailís agus chun ár mbarúlacha a chomhthacú.

Barúlacha

D’fhorbair an Coimisiún réitigh theicneolaíocha oiriúnacha, ach níor bhain na Ballstáit úsáid astu i gcónaí

19 Sa roinn seo, déantar scrúdú féachaint an ndearna an Coimisiún forbairt chuí ar na huirlisí chun taisteal le linn phaindéim COVID-19 a éascú, agus go háirithe an ndearna sé na nithe seo a leanas:

  1. an ndearna sé cistí an Aontais a shlógadh go tapa tar éis thús na paindéime;
  2. ar sholáthair sé na huirlisí go tráthúil;
  3. ar chuir sé san áireamh ceanglais agus toilteanas na mBallstát na huirlisí a úsáid; agus
  4. ar chuir sé san áireamh cúiseanna imní slándála agus príobháideachais TF i dtaca le sonraí sláinte pearsanta.

20 Rinneamar scrúdú féachaint ar chuir rogha an Choimisiúin i dtaobh foinsí maoinithe agus soláthraithe seirbhíse ar a chumas tús a chur leis na huirlisí a fhorbairt láithreach tar éis tús na paindéime. Scrúdaíomar freisin an próiseas comhairliúcháin chun measúnú a dhéanamh féachaint an raibh na huirlisí i gcomhréir le tosaíochtaí na mBallstát. Ar deireadh, rinneamar measúnú féachaint ar lean na huirlisí an dea-chleachtas maidir le cosaint sonraí pearsanta agus slándáil TF.

Rinne an Coimisiún cistí an Aontais a shlógadh do na huirlisí go tapa

21 Rinne an Coimisiún cistiú ón Aontas ó fhoinsí éagsúla a shlógadh, amhail an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála agus an Clár don Eoraip Dhigiteach. Leithdháil an tAontas €71 mhilliún d’fhorbairt na n-uirlisí. I bhfíor 2, tugtar forléargas físiúil ar chistiú ón Aontas do na huirlisí.

Fíor 2 - Forléargas ar chistiú ón Aontas de réir uirlise

Foinse: CIE.

22 B’ionann cistiú ón Aontas agus €50 milliún do Dheimhniú Digiteach an Aontais (le €43 mhilliún ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála agus €7 milliún breise ón gClár don Eoraip Dhigiteach). Amhail i mí an Mhárta 2022, bhí 77 % den bhuiséad sin leithdháilte chun réitigh náisiúnta a fhorbairt agus a oiriúnú agus iad a nascadh le tairseach Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais: bhí €21.9 milliún geallta do chonraitheoir príobháideach agus íocadh €16.7 milliún i ndeontais leis na Ballstáit.

23 B’ionann cistiú ón Aontas agus thart ar €16.8 milliún don tairseach rianaithe teagmhálaithe (le €13 mhilliún ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála). Thug an Coimisiún údar cuí leis an gcistiú sin bunaithe ar an ngá a bhí ann ‘malartú sonraí idir tíortha a éascú, lena gcuirtear ar chumas feidhmchláir náisiúnta fógra a thabhairt d’úsáideoirí a bhí i ngaireacht úsáideora a úsáideann feidhmchlár náisiúnta éagsúil agus a fuair tástáil dhearfach do COVID-19’.

24 Bhí i bhfad níos lú de chistiú ón Aontas ag teastáil ón ardán maidir le foirmeacha aimsithe paisinéirí agus foirm dhigiteach an Aontais do phaisinéirí a mhalartú: leithdháileadh thart ar €2.9 milliún (ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála den chuid is mó) agus tugadh €1.3 milliún d’fhoirmeacha digiteacha (le cistiú ó Chláir Sláinte an Aontais). Baineadh úsáid as an gcistiú a leithdháileadh ar an ardán malartaithe chun scéim phíolótach a mhaoiniú ar mhaithe le tástáil a dhéanamh ar indéantacht an ardáin, agus é a mhéadú d’fhonn níos mó Ballstát agus modhanna iompair a chlúdach. Maidir leis an gcistiú don leagan digiteach de na foirmeacha aimsithe paisinéirí, úsáideadh é sin le haghaidh forbartha, néal-óstáil agus aistriú na huirlise chuig timpeallacht TF an Choimisiúin Eorpaigh.

25 Ina theannta sin, tar éis Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a sheoladh, chuir an tAontas €100 milliún ar fáil chun tacú le tástáil COVID-19 sna Ballstáit9. Tháinig ann don chistiú sin i ndiaidh comhaontú polaitiúil an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh. Bhain Ballstáit úsáid as formhór mór (90 %) an leithdháilte sin, rud a d’fhág go raibh sé indéanta deimhnithe breise a eisiúint bunaithe ar thástáil chun taisteal a éascú.

26 Fuaireamar go raibh an cistiú seo slógtha ag an gCoimisiún go tapa agus go raibh cur chuige pragmatach glactha aige maidir leis na huirlisí a fhorbairt a léirigh an gá a bhí ann lena tabhairt i gcrích go tapa. Forbraíodh na huirlisí faoi shrianta ama, gan tairiscintí ó chonraitheoirí éagsúla a iarraidh. Bhain an Coimisiún úsáid as creatchonarthaí a bhí sínithe cheana le soláthróir seirbhíse TF (30 Deireadh Fómhair 2019 agus 24 Feabhra 2020) seachas tairiscintí iomaíocha a úsáid chun ceadúnais a fháil agus forbairt a dhéanamh ar an tairseach rianaithe teagmhálaithe, ar Dheimhniú Digiteach an Aontais agus ar an ardán maidir le foirmeacha aimsithe paisinéirí a mhalartú. Leagann creatchonarthaí síos na téarmaí ginearálta den chaidreamh tráchtála agus tugann siad bunús maidir le conarthaí sonracha do sheachadtaí aonair a shíniú. I gcás foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí an Aontais, rinneadh an chéad chistiú a shlógadh i mí Iúil 2020, faoin ngníomhaíocht chomhpháirteach ar a dtugtar ‘EU Healthy Gateways’, trí chistí ó ghníomhaíochtaí nach rabhthas in ann a dhéanamh mar gheall ar an bpaindéim a ath-leithdháileadh.

27 I gcás Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais, roghnaigh an Coimisiún soláthróir trí úsáid a bhaint as creatchonradh a bhí dáfa trí nós imeachta idirbheartaithe a seoladh in 2019 gan fógra conartha a fhoilsiú. De réir an Choimisiúin, bhí taithí i bhforbairt na tairsí rianaithe teagmhálaithe ag an soláthróir a roghnaíodh agus ba é an t-aon soláthróir é ag a raibh an saineolas ba ghá ar na bogearraí a bhí le húsáid do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais.

D’fhorbair an Coimisiún an tairseach rianaithe teagmhálaithe agus an córas do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais tapa go maith, ach i gcás na bhfoirmeacha aimsithe paisinéirí, bhí réitigh náisiúnta ar fáil níos luaithe ná mar a bhí réitigh an Aontais

28 Nuair a d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur phaindéim a bhí in COVID-19 i mí an Mhárta 2020, chuir Ballstáit tús le srianta ar shaorghluaiseacht a fhorfheidhmiú10 agus chuir an Coimisiún tús le treoirlínte a eisiúint chun comhordú eatarthu a éascú11. Thosaigh an tairseach rianaithe teagmhálaithe ag feidhmiú seacht mí tar éis dhearbhú na paindéime, agus bhí Deimhniú Digiteach an Aontais agus an fhoirm aimsithe paisinéirí curtha i mbun oibríochta 15 mhí i ndiaidh an dáta sin. Tugtar forléargas i bhFíor 3 ar an amlíne maidir le dearadh agus cur chun feidhme na n-uirlisí. Agus ceanglais dhlíthiúla agus theicniúla na n-uirlisí sin a bhfuil tuairisc anseo thíos orthu á gcur san áireamh, measaimid gur forbraíodh an tairseach rianaithe teagmhálaithe agus Deimhniú Digiteach COVID an Aontais go tráthúil, ach ní raibh sé amhlaidh do na huirlisí a bhaineann le foirmeacha aimsithe paisinéirí.

Fíor 3 – Amlíne maidir le dearadh agus cur chun feidhme uirlisí AE

Foinse: CIE.

29 Ba í an tairseach rianaithe teagmhálaithe an chéad uirlis a forbraíodh, ar córas uile-Aontais í chun idir-inoibritheacht idir feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe náisiúnta a áirithiú. An 13 Bealtaine 2020, d’eisigh an Coimisiún tacar treoirlínte agus moltaí chun cabhrú le deireadh de réir a chéile a chur le srianta taistil12 a chuir na Ballstáit i bhfeidhm. Spreag na treoirlínte úsáid teicneolaíochta chun na críche sin. Tháinig an tairseach i mbun oibríochta i mí Dheireadh Fómhair 2020, cúig mhí tar éis don Choimisiún na treoirlínte a eisiúint.

30 Ag deireadh mhí Aibreáin 2020, mí amháin tar éis na chéad srianta a bheith forchurtha, mhol an ghníomhaíocht chomhpháirteach ‘EU Healthy Gateways’ don Choimisiún na foirmeacha aimsithe paisinéirí a dhigitiú. Thóg na pléití idir an Coimisiún agus na Ballstáit roinnt míonna, áfach, agus glacadh leis an moladh i mí Lúnasa 2020. Mhol an Chomhairle13 foirm choiteann dhigiteach aimsithe paisinéirí a fhorbairt i mí Dheireadh Fómhair 2020. Faoin tráth seo, bhí Ballstát áirithe ag céim níos déanaí i bhforbairt a gcuid réiteach náisiúnta féin (féach Tábla 1).

31 Ag leanúint as an moladh ón gComhairle, chuir an Coimisiún tús le hobair ar an ardán maidir le foirmeacha aimsithe paisinéirí a mhalartú i mí na Samhna 2020. Níor glacadh cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún14 lena rialaítear malartú foirmeacha go dtí an 27 Bealtaine 2021, áfach. Ní raibh na Ballstáit in ann tús a chur le foirmeacha digiteacha a mhalartú go hiarbhír ar an ardán go dtí mí Iúil 2021.

Tábla 1 – Samplaí d’fhoirmeacha aimsithe paisinéirí leictreonacha a úsáideadh sna Ballstáit

Tír Dáta tabhairt isteach
Réiteach Náisiúnta – an Spáinn Iúil 2020
Réiteach Náisiúnta – an Ghréig Iúil 2020
Réiteach Náisiúnta – Éire Lúnasa 2020
Uirlis AE – an Iodáil Bealtaine 2021
Uirlis AE – Málta Iúil 2021
Uirlis AE – an tSlóivéin Lúnasa 2021
Uirlis AE – an Fhrainc Nollaig 2021

Nóta: Tá na tíortha a ghlac na réitigh maidir le foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí an Aontais marcáilte i gcló trom.

Foinse: CIE.

32 Ba é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais an ceathrú huirlis a d’fhorbair an Coimisiún. Thosaigh an obair ar an uirlis sin níos déanaí ná mar a thosaigh sí ar na huirlisí eile, ós rud é go raibh sí nasctha go dlúth le próiseas vacsaínithe an Aontais. Bhí pléití ar dheimhniú vacsaínithe COVID-19 ar siúl idir an Coimisiún agus na Ballstáit ó mhí na Samhna 2020 sa Líonra r-Shláinte15 (féach Bosca 1), mar ar chuir an Eastóin an chéad scéim phíolótach de dheimhniú vacsaínithe atá infhíoraithe go digiteach i láthair.

33 An 21 Nollaig 2020, mhol an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach an chéad vacsaín le haghaidh údarú, agus cúpla lá níos déanaí, cuireadh tús leis na chéad vacsaínithe ar fud an Aontais. Mí amháin níos déanaí, an 28 Eanáir 2021, ghlac tíortha an Aontais treoirlínte bunúsacha maidir le cruthúnas idir-inoibritheach ar vacsaíniú chun críocha leighis16, aitheantóir uathúil deimhnithe agus prionsabail le haghaidh creat iontaoibhe.

34 I gcomhaontú polaitiúil an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an Rialachán ar Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais, leagadh síos deireadh mhí an Mheithimh mar spriocdháta chun an scéim a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, bhí ar an gCoimisiún oibriú ar an bhforbairt theicniúil ag an am céanna leis an obair reachtach ar an rialachán17. Agus an struchtúr teicniúil á dhearadh, rinne an Coimisiún meastóireacht ar an taithí roimhe seo leis an tairseach rianaithe teagmhálaithe, rud a chur ar a chumas dlús a chur le forbairt na huirlise. An 17 Márta 2021, thug an Coimisiún a thogra reachtach chun críche18. Chuir seacht dtír tús le húsáid a bhaint as Deimhniú Digiteach COVID an Aontais an 1 Meitheamh 2021, mí amháin sular tháinig an Rialachán i bhfeidhm, rud a chuir ar chumas shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais a ndeimhnithe a fháil eisithe, fíoraithe agus glactha ar fud an Aontais. Faoin 1 Iúil, bhí gach Ballstát AE/LEE (cé is moite d’Éire, a tháinig isteach an 14 Iúil 2021 tar éis dóibh cibirionsaí ar a seirbhís sláinte náisiúnta a fhulaingt i mBealtaine 2021) nasctha le tairseach Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais.

35 Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an rialachán an 14 Meitheamh 2021, níos lú ná trí mhí tar éis an togra tosaigh19. Bhí sé seo an-tapa, nuair a smaoinítear air go dtógann nós imeachta reachtach do dhlíthe an Aontais a ghlactar ar an gcéad léamh díreach faoi bhun 18 mí ar an meán20. Chiallaigh sé sin go bhféadfaí Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a sheoladh nuair a bhí tréimhse shaoire an tsamhraidh ag tosú agus nuair a bhí dlús á chur le hiarrachtaí vacsaínithe ar fud na mór-roinne: an 10 Iúil 2021, fuair an tAontas a leordhóthain vacsaíní chun vacsaín a thabhairt do 71 % dá dhaonra fásta.

Nuair a bhí cuid de na huirlisí á bhforbairt aige, níor éirigh leis an gCoimisiún an imní a bhí ar Bhallstáit áirithe a shásamh

36 Mar gheall ar an ngá a bhí le huirlisí a thabhairt i gcrích go tapa agus taisteal le linn phaindéim COVID-19 a éascú, spreagadh an Coimisiún le tús a chur lena bhforbairt gan measúnuithe tionchair a dhéanamh roimh ré. Úsáidtear na measúnuithe sin chun na héifeachtaí is dóigh a bheidh ag beartas poiblí a dhéanamh amach agus féachaint an bhfuil gá le gníomhaíocht ón Aontas. Cuireann Treoirlínte an Aontais maidir le Rialáil Níos Fearr21 de cheangal ar an gCoimisiún, faoi ghnáthchúinsí, measúnú tionchair beartais a dhéanamh roimh aon rialachán nua. Aithníonn siad freisin i gcásanna urghnácha, áfach, amhail éigeandáil lena n-éilítear freagairt thapa, go bhféadfadh sé nach mbeadh sé indéanta nó iomchuí na céimeanna uile a fhorordaíonn siad a leanúint.

37 Cé nach ndearna sé measúnú tionchair, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an tairseach rianaithe teagmhálaithe agus an deimhniú digiteach trí ghrúpaí oibre. Chomh luath le mí na Nollag 2020, rinne foghrúpa teicniúil laistigh den Líonra r-Shláinte anailís ar na roghanna chun tacú le deimhnithe vacsaínithe digiteacha agus comhroinnt na faisnéise i measc Ballstát a éascú. Ní dhearna an Coimisiún comhairliúcháin mhionsonraithe den sórt sin sular lean sé ar aghaidh le forbairt na n-uirlisí eile. Dheimhnigh ár suirbhé nach raibh suim ag na Ballstáit go léir gach ceann de na huirlisí Eorpacha a scrúdaíomar a úsáid.

38 De réir ár suirbhé, bhí drogall ar bheagnach leath den 11 Bhallstát, a thuairiscigh nach raibh na huirlisí maidir le foirm aimsithe paisinéirí in úsáid acu, iad a úsáid mar gheall ar chosaint sonraí agus ceisteanna dlíthiúla eile. Luaigh trí Bhallstát go raibh a bhfoirmeacha aimsithe paisinéirí náisiúnta féin forbartha acu, a bhí saincheaptha dá gceanglais aonair, agus bhí siad den tuairim nach mbainfidís tairbhe as athrú go dtí réitigh an Aontais.

39 Thairis sin, sna comhairliúcháin in ‘Healthy Gateways’ a bhí ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus i mí an Mhárta 2022, bhí éagsúlacht tuairimí sna Ballstáit maidir le húsáideacht na n-uirlisí do na foirmeacha aimsithe paisinéirí. Bhí cúig Bhallstát de chuid an Aontais ag baint úsáid as ceann amháin de na huirlisí ar a laghad agus léirigh 10 mBallstát gur spéis leo é sin a dhéanamh, ach dúirt 12 Bhallstát nach ndéanfaidís amhlaidh, lena n-áirítear péire (an Danmhairg agus an tSualainn) a dúirt nach raibh spéis acu iad a úsáid.

40 I gcás na tairsí rianaithe teagmhálaithe, níor ghlac na Ballstáit uile páirt inti nuair a bhí an réiteach sin ar fáil i mí Mheán Fómhair 2020. Ghlac Ballstáit páirt inti de réir a chéile, ag brath ar ar theastaigh uathu é sin a dhéanamh agus an raibh a gcuid feidhmchlár réitithe. Faoi lár mhí na Samhna 2020, ní raibh a gcuid feidhmchlár nasctha ach ag sé Bhallstát. Lean Ballstáit eile de réir a chéile go dtí mí Iúil 2021, agus faoin am sin bhí 19 mBallstát nasctha.

Thug an Coimisiún aghaidh ar chúiseanna imní i ndáil le cosaint sonraí agus chuir sé dea-chleachtais slándála TF i bhfeidhm

41 Agus uirlisí á bhforbairt chun sonraí sláinte a bhainistiú22, seo a leanas dhá riosca thábhachtacha nach mór aghaidh a thabhairt orthu:

  1. Cosaint sonraí: tá sonraí sláinte an-íogair agus aithnítear mar chatagóir speisialta sonraí iad i Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí23. Dá bhrí sin, ní mór coimircí agus rialuithe sonracha chun faisnéis a stóráiltear agus a sheoltar a chosaint a bheith sna huirlisí a úsáidtear chun na sonraí sin a bhainistiú. Rinneamar scrúdú ar na measúnuithe tionchair maidir le cosaint sonraí do na huirlisí agus scrúdaíomar an ndearna na próisis atá i bhfeidhm láimhseáil sonraí pearsanta a íoslaghdú.
  2. Slándáil TF: méadaíonn an digiteáil ar sheirbhísí sláinte agus rochtain ar thaifid sláinte digiteacha an riosca a bhaineann le teagmhais chibearshlándála, ós rud é go gcuireann sé pointí nua rochtana féideartha ar fáil do chibearchoirpigh. Dá bhrí sin, rinneamar measúnú féachaint ar forbraíodh agus ar oibríodh na huirlisí i gcomhréir le dea-chleachtais slándála24.

42 Ó thaobh cosaint sonraí de, is ‘rialaitheoirí sonraí comhpháirteacha’ iad na Ballstáit (de réir bhrí an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) le haghaidh feidhmchláir de chineál uile-Aontais, amhail an tairseach rianaithe teagmhálaithe agus roinnt gnéithe ar leith de Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Roinneann siad freagracht as cinneadh a dhéanamh maidir le conas a phróiseáiltear sonraí pearsanta agus cén fáth a ndéantar é, agus as rialuithe iomchuí a chur i bhfeidhm. Ní mór do gach ceann acu measúnuithe tionchair maidir le cosaint sonraí a ullmhú chun rioscaí a eascraíonn ó úsáid feidhmchláir den sórt sin chun sonraí pearsanta a phróiseáil a shainaithint agus a mhaolú. Chuidigh an Coimisiún, a fheidhmíonn mar ‘phróiseálaí sonraí’ thar a gceann, le Ballstáit a measúnuithe tionchair maidir le cosaint sonraí a ullmhú d’uirlisí an Aontais atá clúdaithe sa tuarascáil seo trí dhoiciméadacht tacaíochta agus teimpléid a chur ar fáil25. Bhí úsáid na dteimpléad sin deonach agus ní raibh an Coimisiún freagrach as faireachán a dhéanamh ar cibé ar bhain Ballstáit úsáid astu nó nár bhain.

43 Deimhniú Digiteach COVID an Aontais agus an tairseach rianaithe teagmhálaithe, bhí struchtúr teicniúil acu araon a chinntigh go mbeadh bailiúchán sonraí pearsanta trí thairseacha lárnacha an Aontais chomh híseal agus a d’fhéadfaí é. I gcás Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais, bhí sonraí pearsanta ó shaoránaigh an Aontais fós sna córais náisiúnta, faoi fhreagracht a mBallstát féin. Ní bhfuair an tairseach lárnach ach an fhaisnéis chripteagrafach (agus níos déanaí na liostaí aisghairme) a bhí ag teastáil ó na húdaráis náisiúnta chun bailíocht na ndeimhnithe a fhíorú. I gcás na tairsí rianaithe teagmhálaithe, ní dhearna sé ach sonraí pearsanta bréagainmnithe a phróiseáil, i bhfoirm sainaitheantóirí randamacha, ar a dtugtar ‘eochracha’, a bhí ginte ag na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe. Rinne an cur chuige sin rioscaí maidir le cosaint sonraí a laghdú go suntasach.

44 Ní dhearna an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais próiseas caighdeánach a fhorordú chun deimhnithe a chúlghairm dá mba rud é, mar shampla, go raibh siad calaoiseach. Bhí lánchead ag tíortha rannpháirteacha réiteach teicniúil dá rogha féin a chur chun feidhme. Ní raibh an Coimisiún freagrach as measúnú a dhéanamh ar fhóntas na réitigh sin ó thaobh na cosanta sonraí de.

45 Chun a áirithiú go bhféadfaí deimhniú cúlghairthe a shainaithint i dtíortha eile, bheadh ar Bhallstáit faisnéis i bhfoirm liostaí cúlghairme a mhalartú go déthaobhach. Ábhar imní amháin a ardaíodh le linn ár n-iniúchta is ea nach raibh malartú déthaobhach den sórt sin, lena mbaineann gníomhaithe éagsúla agus réitigh aisghairme éagsúla, éifeachtúil – go háirithe de réir mar a bhí líon na ndeimhnithe nua ag fás.

46 Chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna imní sin, an 30 Márta 2022, ocht mí tar éis Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a thabhairt isteach, d’fhoilsigh an Coimisiún sonraíochtaí agus rialacha teicniúla chun líonra níos éifeachtúla a leagan síos maidir le liostaí cúlghairme a mhalartú tríd an tairseach lárnach. Mhol na sonraíochtaí freisin trí theicneolaíocht maidir le liostaí cúlghairme ó bhunachair sonraí náisiúnta a dháileadh go dtí feidhmchláir a úsáidtear chun deimhnithe a fhíorú. Má chuirtear i bhfeidhm i gceart é, is féidir a mheas go gcaomhnaíonn na réitigh mholta sin príobháideachas, cé gur chuir ceann amháin acu (scagairí Bloom) cúiseanna imní a bhaineann le príobháideachas san áireamh i bhfad níos fearr ná an dá cheann eile26. Mar sin féin, bhí úsáid na réitigh sin deonach agus ní raibh sé d’inniúlacht ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh féachaint ar chuir Ballstáit i bhfeidhm iad.

47 Is féidir aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála TF agus iad a mhaolú le creat slándála TF atá struchtúrtha27. Is iondúil go mbíonn siad comhdhéanta de roinnt gnéithe, amhail socruithe rialachais, beartais slándála, ceanglais agus caighdeáin. Áirítear ann freisin dea-chleachtais amhail cuardach gníomhach a dhéanamh le haghaidh laigí (‘scantaí leochaileachta’) agus tástáil ghníomhach a dhéanamh ar chosaintí (‘tástálacha treáite’).

48 Tá a chreat slándála TF28 féin ag an gCoimisiún a bhfuil feidhm aige maidir leis na córais faisnéise uile atá á n-óstáil ina ionaid sonraí, lena n-áirítear tairseacha rianaithe teagmhálaithe agus Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Leanann an creat caighdeáin idirnáisiúnta29. Cuireann sé de cheangal ar an gCoimisiún measúnú riosca a dhéanamh do gach córas TF, aghaidh a thabhairt ar rioscaí ábhartha le plean slándála TF, agus sraith de bheartais agus de chaighdeáin fhoirmiúla slándála a chur i bhfeidhm.

49 Thóg an Coimisiún céimeanna réasúnta chun slándáil TF i dtaca leis an tairseach rianaithe teagmhálaithe a áirithiú. Rinne sainchuideachta meastóireacht slándála ar dhearadh agus ar chód foinseach na tairsí nuair a cuireadh an córas ar siúl (Deireadh Fómhair 2020) agus níor tháinig sé ar aon laigí ábhartha. Rinneadh trí chleachtadh haiceála eiticiúil chun tuilleadh dearbhaithe maidir le slándáil na tairsí a bhailiú.

50 Shainigh an Coimisiún íoscheanglais slándála d’fheidhmchláir rianaithe teagmhálaithe náisiúnta freisin a nascann le hardán malartaithe na tairsí rianaithe teagmhálaithe. Fuair ár n-anailís ar an struchtúr slándála seo agus freagraí suirbhé ó Bhallstáit go raibh an próiseas teicniúil a bhaineann le córais náisiúnta a nascadh le tairseach an Aontais (‘ionduchtúchán’) struchtúrtha agus gur thug sé aghaidh ar ghnéithe slándála TF.

51 Maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, rinne Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta measúnuithe leochaileachta ar an tairseach agus rinne conraitheoir neamhspleách tástálacha treáite breise. Dheimhnigh na tástálacha go raibh an tairseach lárnach deartha ar bhealach a ráthaíonn ardleibhéal slándála. Formhór na saincheisteanna a fuarthas, bhain siad leis an mbonneagar seachas leis an gcód foinse. Rinneadh obair leantach ar na leochaileachtaí a sainaithníodh. Mhol na sainchomhairleoirí a rinne na tástálacha treáite ar an tairseach iniúchadh iomlán a dhéanamh ar níos mó comhpháirteanna, lena n-áirítear iad siúd is féidir a úsáid ar leibhéal náisiúnta, amhail seirbhís eisiúna deimhnithe nó feidhmchláir mhóibíleacha. Tháinig deireadh leis an iniúchadh breise seo i mí Aibreáin 2022 agus níor tharraing sé aon amhras ar struchtúr slándála na huirlise.

52 Ghin Ballstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá rannpháirteach i scéim Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais na deimhnithe ina gcórais náisiúnta. Dá mba rud é go raibh na córais náisiúnta curtha i mbaol nó dá bhfaigheadh páirtithe neamhúdaraithe rochtain, ansin, d’fhéadfadh úsáideoirí mailíseacha deimhnithe bailí ach calaoiseacha a eisiúint. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag cúrsaíocht fhorleathan na ndeimhnithe sin ar an tsaoirse ghluaiseachta tríd an mbonn a bhaint ón muinín i nDeimhniú Digiteach COVID an Aontais, agus ar an gcaoi sin ag méadú an riosca go dtabharfadh na Ballstáit srianta breise isteach an athuair. Dá bhrí sin, bhí sé tábhachtach a áirithiú go raibh rialuithe slándála leormhaithe ag córais náisiúnta.

53 I gcás rialuithe slándála i gcórais stáit rannpháirteacha, bhí an Coimisiún ag brath freisin ar cheistneoirí féinmheasúnaithe a líon tíortha isteach, ach ní raibh an t-údarás aige a sheiceáil an raibh na rialuithe á gcomhlíonadh go hiarbhír (mar shampla trí athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha maidir le scantaí leochaileachta, tuarascálacha iniúchóireachta, pleananna gníomhaíochta nó deimhnithe idirnáisiúnta). Chuir sé seo teorainn leis an dearbhú maidir le seasamh slándála na gcóras náisiúnta.

54 Dheimhnigh ár n-agallaimh gur tharla teagmhas slándála TF amháin i dtír nach bhfuil san Aontas. Bhí leochaileacht sa réiteach náisiúnta a bhí ag an tír sin, rud a chuir ar chumas úsáideoirí neamhúdaraithe rochtain a fháil ar an bhfeidhmchlár agus deimhnithe neamhdhleathacha a ghiniúint ar an leibhéal náisiúnta, go dtí gur braitheadh agus gur réitíodh an teagmhas. De réir na tuarascála teagmhais ón tír ar tharla sé sin ann, ní raibh tionchar aige seo ach ar dhornán deimhnithe.

55 Níl aon réiteach teicniúil ann atá in ann na rioscaí ar fad a mhaolú agus, mar shampla, ní féidir fiú le rialuithe slándála úrscothacha cosc a chur ar dhaoine den fhoireann atá údaraithe agus a bhfuil rochtain dhlisteanach acu ar chórais náisiúnta mí-úsáid a bhaint as a gcumhachtaí chun deimhnithe calaoiseacha a ghiniúint.

56 Ní mór faisnéis idir údaráis inniúla a chomhroinnt go tapa, dá bhrí sin, chun teagmhais ar nós deimhnithe calaoiseacha a thuairisciú agus chun dul i ngleic leo. Dúirt na Ballstáit agus na tíortha nach bhfuil san Aontas a ndeachamar i dteagmháil leo gur thóg sé go leor ama na saincheisteanna sin a thuairisciú mar gheall ar dheacrachtaí a bhain leis na contrapháirtithe cearta a shainaithint i dtíortha eile.

57 Maidir le foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí AE agus an t-ardán malartaithe, cuireadh na cleachtais slándála TF molta30 seo a leanas i bhfeidhm: fíorú dhá chéim, prótacail chumarsáide shlána, ballaí dóiteáin ar fheidhmchláir ghréasáin agus rialuithe slándála rochtana fisiciúla. Chomh maith leis sin, rinne an conraitheoir measúnú riosca TF agus leag sé amach nós imeachta struchtúrtha chun tíortha a ionduchtú sa chóras.

58 Níor tharla an chéad tástáil threáite ar an gcóras sin go dtí Márta 2022, bliain amháin tar éis don chéad tír a bheith nasctha. Tar éis na tástála, d’fhorbair an soláthróir seirbhíse seachtrach plean cur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na fionnachtana. Ciallaíonn sé seo go raibh an córas i mbun oibríochta ar feadh bliain amháin le leochaileachtaí nár braitheadh.

Bhí tionchar uirlisí an Aontais ar thaisteal le linn phaindéim COVID-19 a éascú míchothrom

59 Scrúdaítear sa roinn seo an ndearna uirlisí an Aontais taisteal san Aontas le linn blianta tosaigh phaindéim COVID-19 a éascú. Go háirithe, rinneamar measúnú ar na nithe seo a leanas maidir leis na huirlisí:

  1. ar úsáid na Ballstáit go forleathan iad, ós rud é go bhfuil sé seo riachtanach le go mbeidís éifeachtach; agus
  2. ar chuir na huirlisí feabhas ar chomhordú agus ar chomhroinnt faisnéise i measc na mBallstát i ndáil lena srianta taistil a fhorchur, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar dhá shaincheist a fuarthas roimhe seo a bhaineann an bonn ó thaisteal laistigh den Aontas31.

60 Rinneamar na sonraí maidir le húsáid na n-uirlisí ag na Ballstáit a thiomsú agus a anailísiú. Rinneamar comparáid freisin idir na srianta taistil a thug na Ballstáit isteach roimh Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a thabhairt isteach agus ina dhiaidh.

Ní raibh an tionchar a bhí beartaithe ag uirlisí fhoirm aimsithe paisinéirí an Aontais ná ag an tairseach rianaithe teagmhálaithe mar gheall ar a n-úsáid theoranta i mBallstáit

61 Chaithfí uirlisí an Aontais a úsáid go forleathan dá mba rud é go raibh siad chun a dtionchar beartaithe a bhaint amach. I dTábla 2, tugtar achoimre ar úsáid na n-uirlisí ag gach Ballstát. Taispeánann sé gurbh é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais an t-aon uirlis a úsáideadh sna Ballstáit uile.

Tábla 2 – An úsáid a bhain na Ballstáit as uirlisí an Aontais a bhí forbartha chun tacú leis an tsaorghluaiseacht

  Tairseach rianaithe teagmhálaithe Foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí AE Deimhniú Digiteach COVID AE Malartú Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí
An Bheilg        
An Bhulgáir        
Poblacht na Seice        
An Danmhairg        
An Ghearmáin        
An Eastóin        
Éire        
An Ghréig        
An Spáinn        
An Fhrainc        
An Chróit        
An Iodáil        
An Chipir        
An Laitvia        
An Liotuáin        
Lucsamburg        
An Ungáir        
Málta        
An Ísiltír        
An Ostair        
An Pholainn        
An Phortaingéil        
An Rómáin        
An tSlóivéin        
An tSlóvaic        
An Fhionlainn        
An tSualainn        

Foinse: CIE.

62 Níor bhain na Ballstáit úsáid leordhóthanach as foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí an Aontais chun tionchar fiúntach a bheith acu maidir le srian a chur ar leathadh COVID-19 agus taisteal slán a éascú.

63 Níor bhain ach ceithre Bhallstát úsáid as foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí an Aontais32, agus bhí 17 mBallstát eile fós ag brath ar réitigh náisiúnta. As beagnach 27 milliún foirm a eisíodh faoi mhí Feabhra 2022, is í an Iodáil a d’eisigh 91.6 % (24.7 milliún) díobh.

64 Ar an gcuma chéanna, bhí úsáid an ardáin malartaithe an-teoranta. Cé, go teoiriciúil, go bhféadfaí úsáid a bhaint as an uirlis chun faisnéis ó aon ardán náisiúnta a mhalartú, ba iad na tíortha sin a bhí ag baint úsáid as foirmeacha an Aontais freisin na tíortha a ghlac í den chuid is mó. Bhí úsáid fhoriomlán an ardáin fós neamhshuntasach, ní raibh ach trí fhoirm malartaithe in 2021 agus 253 sa chéad dá mhí de 2022. Gach ceann seachas ceann amháin de na 256 fhoirm, is as an Spáinn a tháinig siad.

65 Bhí glacadh na bhfeidhmchlár rianaithe teagmhálaithe an-éagsúil ar fud na mBallstát. Bhí roinnt Ballstát ann nár ghlac aon fheidhmchlár rianaithe teagmhálaithe ar chor ar bith. Sna Ballstáit a ghlac, bhí an glacadh iarbhír i measc an phobail teoranta. Is 74 mhilliún ar an iomlán (amhail Deireadh Fómhair 2021) a bhí sa líon íoslódálacha de na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe a rinne saoránaigh an Aontais. Níl aon staitisticí ann ar leibhéal an Aontais, áfach, maidir le líon na ndaoine a bhain úsáid astu.

66 Bhí an líon iomlán cásanna deimhnithe de COVID-19 os cionn 522 mhilliún33 faoi mhí 22 Bealtaine 2022, agus faoin dáta sin, bhí 55 milliún eochair uaslódáilte. Léiríonn na sonraí ón tairseach rianaithe teagmhálaithe go bhfuil úsáid mhíchothrom á baint as uirlisí rianaithe teagmhálaithe i measc na mBallstát. Bhí 83 % de na heochracha uaslódáilte ag úsáideoirí ón nGearmáin amháin (féach Iarscríbhinn II).

67 Ar an iomlán, forbraíodh na huirlisí a scrúdaíodh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a bhí ag teacht chun cinn, rud a chruthaigh níos mó deacrachtaí chun sineirgí eatarthu a chruthú ar bhealach comhsheasmhach. Mar shampla, in ainneoin go raibh siad nasctha go dlúth, rinneadh foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí AE agus an t-ardán le haghaidh mhalartú na bhfoirmeacha sin a fhorbairt ar leithligh óna chéile (ag gníomhaíocht chomhpháirteach ‘EU Healthy Gateways’ agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, faoi seach). Ar an gcaoi chéanna, rinneadh na treoirlínte chun Deimhniú Digiteach COVID an Aontais agus na foirmeacha aimsithe paisinéirí a chónascadh a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais tar éis an dá scéim sin a leathadh amach agus, go dtí seo, níl na treoirlínte sin curtha chun feidhme.

68 Ós rud é go raibh na huirlisí deartha chun go mbeidís ag oibriú sa ghearrthéarma, níl aon nósanna imeachta solúbtha i bhfeidhm chun iad a úsáid go fadtéarmach nó iad a athghníomhachtú go tapa sa chás go mbeidís ag teastáil arís amach anseo. Mar shampla, rachaidh an bunús dlí reatha do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais in éag i mí an Mheithimh 2023 agus bheadh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle é a athnuachan bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. Le linn ár n-iniúchta, thug an Coimisiún le fios go mbeadh sé thar a bheith deacair, go dlíthiúil agus go teicniúil araon, an deimhniú a athbhunú ar fhógra gearr.

Bhain na Ballstáit úsáid as Deimhniú Digiteach COVID an Aontais go forleathan, rud a d’éascaigh taisteal

69 Cuireadh tairseach an Aontais maidir le Deimhniú Digiteach an Aontais ar siúl an 1 Meitheamh 2021, agus bhí seacht mBallstát nasctha leis. Laistigh de mhí go leith, bhí na 27 mBallstát de chuid an Aontais nasctha. Mheall an réiteach a mhol an Coimisiún go leor spéise lasmuigh den Aontas freisin. Amhail i mí Iúil 2022, bhí creat an Aontais maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais glactha ag 45 thír agus chríoch nach bhfuil san Aontas.

70 Bhí 585 mhilliún deimhniú eisithe ag na Ballstáit faoin 13 Deireadh Fómhair 2021 Cúig mhí níos déanaí, eisíodh 1.7 billiún deimhniú, bunaithe ar vacsaíniú den chuid is mó (1.1 billiún). Tá an líon seo níos airde ná daonra an Aontais toisc go bhféadfadh níos mó ná deimhniú amháin a bheith ag duine amháin (mar shampla, d’fhéadfadh duine éigin dhá dheimhniú tástála a fháil roimh vacsaín a fháil). Cruthaíodh teastas amháin de Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais tar éis gach dáileoige, téarnaimh nó tástála vacsaíne. Mar aon le taisteal a éascú, úsáideadh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais sna Ballstáit chun rochtain ar spásanna poiblí amhail bialanna nó amharclanna a rianú. Tugtar miondealú ar na 1.7 billiún teastas de Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais de réir Ballstáit i bhFíor 4.

Fíor 4 – Líon iomlán Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais a ghin na Ballstáit (amhail i mí an Mhárta 2022)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún.

71 Bhí na huirlisí a chlúdaítear sa tuarascáil seo dírithe ar thaisteal sábháilte a éascú. Bhí cinneadh déanta ag go leor Ballstát, mar gheall ar an bpaindéim, srianta taistil éagsúla a thabhairt isteach. Inár dtuarascáil speisialta maidir le saorghluaiseacht san Aontas le linn phaindéim COVID-1934, thángamar ar an gconclúid go raibh go leor srianta taistil neamh-chomhordaithe i bhfeidhm amhail i Meitheamh 2021, lena n-áirítear tástáil PCR, ceanglais maidir le coraintín, agus toirmisc ar iontráil.

72 Go deimhin, go dtí gur tháinig Deimhniú Digiteach COVID an Aontais i bhfeidhm, bhí srianta iontrála do thaistealaithe bunaithe ar an riosca sláinte sa limistéar geografach as a raibh siad ag taisteal. Tháinig athrú air seo i mí Iúil 2021 nuair a tugadh isteach an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, agus ina dhiaidh sin, bhí feidhm ag srianta de réir a chéile maidir le daoine aonair seachas maidir le limistéir gheografacha agus bhí siad bunaithe go príomha ar dheimhniú bailí a bheith ag an duine.

73 Chomh maith leis an athrú sin ar shrianta taistil, thug an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais isteach sásra foirmiúil nua freisin chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise maidir le srianta den sórt sin. Ó tháinig an rialachán i bhfeidhm, bhí ar na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas má bhí sé i gceist acu srianta nua a thabhairt isteach. Ní mór a áireamh i bhfógraí den sórt sin cad iad na cúiseanna atá leis na srianta breise, mar aon le raon feidhme agus ré na srianta sin. Faoi mhí an Márta 2022, bhí faisnéis curtha isteach ag 13 Bhallstát de bhun na forála seo.

74 I mí Iúil 2021, thug comhairliúchán an Choimisiúin maidir le srianta taistil chun solais go raibh deireadh curtha lena srianta taistil do shealbhóirí Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais ag gach Ballstát (cé is moite den Ghréig, an Ungáir agus an Iodáil a thug freagra níos déanaí). I bhFíor 5, léirítear na difríochtaí i srianta taistil roimh agus díreach tar éis thabhairt isteach an chórais deimhniúcháin (Meitheamh agus Iúil 2021). Bhí 12 as 13 fhreagróir dár suirbhé ar aon intinn gur chabhraigh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais le srianta taistil idir na Ballstáit a chomhordú.

Fíor 5 – Forléargas simplithe ar na srianta iontrála a chuir 27 mBallstát an Aontais i bhfeidhm

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ón gCoimisiún.

Conclúidí agus moltaí

75 Is é ár gconclúid, in ainneoin a inniúlachta teoranta sa bheartas sláinte poiblí, gur bhog an Coimisiún go tapa chun réitigh theicneolaíochta oiriúnacha a mholadh chun taisteal laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19. Tá tionchar roinnt de na huirlisí sin ag brath ar thoilteanas na mBallstát iad a úsáid, áfach. Cé gur ghnóthaigh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais tacaíocht láidir agus cé go raibh sé éifeachtach maidir le taisteal a éascú, ba bheag tionchar a bhí ag na huirlisí eile mar gheall ar an úsáid theoranta a baineadh astu.

76 Bhain an Coimisiún leas as €71 mhilliún le haghaidh forbairt na n-uirlisí trí roinnt foinsí cistithe a chomhcheangal agus trí úsáid a bhaint as creatchonarthaí atá ann cheana seachas nósanna imeachta soláthair phoiblí. Bhí cuspóir uathúil ag na huirlisí, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon cheann de na córais a bhí ann cheana féin oiriúnach le húsáid chun comparáid a dhéanamh (míreanna 21-27).

77 Thug an Coimisiún i gcrích an tairseach rianaithe teagmhálaithe agus Deimhniú Digiteach COVID an Aontais in am trátha. Cuireadh an tairseach rianaithe teagmhálaithe, a ceapadh chun idir-inoibritheacht idir feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe a áirithiú, ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2020 – seacht mí tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a dhearbhú gur phaindéim a bhí in COVID-19. Bhain forbairt theicniúil Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais leas as taithí roimhe seo leis an tairseach rianaithe teagmhálaithe agus cuireadh chun críche é sula raibh cur chun feidhme a gcuid pleananna vacsaínithe críochnaithe ag na Ballstáit. Maidir leis an bpróiseas reachtach chun Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a ghlacadh, bhí sé sin freisin níos tapa ná mar is gnách (míreanna 28-35).

78 Níor éirigh leis an gCoimisiún cuid den imní a bhí ar na Ballstáit faoi úsáid a bhaint as réitigh an Aontais maidir le foirmeacha aimsithe paisinéirí a shásamh, a ndearnadh iad sin a chur ar fáil tar éis do roinnt Ballstát a n-uirlisí féin a bheith forbartha cheana acu. D’fhág sé sin nach raibh réitigh an Aontais in úsáid ach ag cúig Bhallstát (míreanna 36-40).

Moladh 1 - Aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an leibhéal íseal úsáide a baineadh as foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí AE

Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an úsáid íseal a bhaintear as foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí AE agus as an ardán malartaithe, agus leibhéal méadaithe úsáide na n-uirlisí sin ag na Ballstáit le linn na gcéimeanna amach anseo de phaindéim COVID-19 a chur chun cinn.

Spriocdháta cur chun feidhme: Nollaig 2023

79 Ar an iomlán, chuir an Coimisiún ceanglais cosanta sonraí agus dea-chleachtais slándála TF san áireamh nuair a bhí na huirlisí á ndearadh aige. Déanann uirlisí an Aontais íoslaghdú ar an úsáid a bhaintear as sonraí pearsanta (míreanna 42-43). Rinneadh measúnuithe ar rioscaí slándála agus tástálacha treáite go córasach tríd is tríd; ba í an t-aon eisceacht amháin a bhí ann ná roinnt tástálacha slándála moillithe don fhoirm dhigiteach aimsithe paisinéirí de chuid an Aontais, rud a chiallaigh go raibh an uirlis i mbun oibríochta ar feadh bhliain amháin le leochaileachtaí inti nár braitheadh (míreanna 47-51 agus 57-58).

80 Maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, bhí ar thíortha rannpháirteacha liostaí de dheimhnithe calaoiseacha a mhalartú go déthaobhach trí úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide éagsúla. Fágann an cur chuige sin nach bhfuil sé chomh héifeachtach céanna deimhnithe calaoiseacha a bhlocáil. Faoi mhí an Mhárta 2022, bhí réitigh inmharthana molta ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo, ach tá siad sin deonach (míreanna 44-46). Thairis sin, tógann sé go leor ama déileáil leis na socruithe atá ann do thíortha chun a chéile a chur ar an eolas faoi theagmhais a éilíonn freagairt phráinneach (e.g. deimhnithe calaoiseacha) (míreanna 55-56).

Moladh 2 – Cumarsáid maidir le teagmhais atá nasctha le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a shruthlíniú

Ba cheart don Choimisiún cumarsáid dhíreach a éascú idir daoine teagmhála oifigiúla do gach tír atá rannpháirteach i scéim Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais chun cumarsáid thapa a chumasú i gcás éigeandálaí a bhaineann leis na deimhnithe.

Spriocdháta cur chun feidhme: Meitheamh 2023

81 Ós rud é go raibh na cóid a úsáidtear i nDeimhniú Digiteach COVID an Aontais ginte ag córais náisiúnta na dtíortha rannpháirteacha, bhí sé tábhachtach do na córais sin rialuithe slándála leormhaithe a áireamh. Bhí an Coimisiún ag brath ar fhéinmheasúnuithe slándála TF ó thíortha rannpháirteacha, ós rud é nach bhfuil an t-údarás aige a fhíorú go bhfuil na ceanglais slándála á gcomhlíonadh acu go hiarbhír. Cuireann sé seo teorainn ar dhearbhú maidir le seasamh slándála na gcóras náisiúnta (míreanna 52-54).

82 Ní raibh an tionchar a bhí beartaithe ag foirmeacha aimsithe paisinéirí an Aontais ná ag an tairseach rianaithe teagmhálaithe mar gheall ar a n-úsáid theoranta. Níor bhain ach ceithre Bhallstát úsáid as foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí an Aontais, agus bhí tíortha eile fós ag brath ar réitigh náisiúnta. Bhí úsáid fhoriomlán an ardáin chun foirmeacha aimsithe paisinéirí a mhalartú fós neamhshuntasach: ní raibh ach trí fhoirm malartaithe in 2021 agus 253 sa chéad dá mhí de 2022. Chuir a theoranta a bhí glacadh na bhfeidhmchlár rianaithe teagmhálaithe ag na Ballstáit srian le húsáid na tairsí rianaithe teagmhálaithe, agus is tír amháin a ghin formhór an tráchta (míreanna 61-67).

83 Forbraíodh na huirlisí a scrúdaíomar chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a bhí ag teacht chun cinn agus chun oibriú go neamhspleách ar a chéile. Bhí sé níos deacra mar gheall air sin, chomh maith le héagsúlacht na réiteach náisiúnta don fhoirm aimsithe paisinéirí, a áirithiú go nglacfaí uirlisí an Aontais go cothrom. Bhí na huirlisí deartha freisin chun oibriú sa ghearrthéarma mar fhreagairt ar an ngéarchéim shláinte. Níl aon nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm chun iad a úsáid go fadtéarmach nó iad a athghníomhachtú go tapa sa chás go mbeidís ag teastáil arís amach anseo. Rachaidh an bunús dlí reatha do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais in éag i mí an Mheithimh 2023 agus má tá sé le hathnuachan caithfear é sin a dhéanamh trí ghnáthnós imeachta reachtach an Aontais (mír 68).

84 Fuaireamar go raibh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais éifeachtach maidir le taisteal le linn phaindéim COVID-19 a éascú. Bhain Ballstáit agus roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas úsáid as na deimhnithe digiteacha go leitheadach, agus bhí níos mó ná 1.7 billiún Deimhniú Digiteach COVID an Aontais eisithe i dtíortha an Aontais/LEE faoi mhí an Mhárta 2022. Thairis sin, fuaireamar gurb amhlaidh, laistigh de mhí amháin tar éis don Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a bheith tagtha i bhfeidhm, go raibh comhchuibhiú suntasach déanta ag na Ballstáit ar a srianta taistil. Ar bhonn níos nithiúla, chuir gach Ballstát deireadh le srianta taistil do shaoránaigh an Aontais a raibh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais acu de bhua go raibh siad go hiomlán vacsaínithe nó go bhfuair siad toradh diúltach ar thástáil nó mar gheall go raibh siad téarnaithe ó COVID-19.

85 Sa bhreis air sin, chuir Deimhniú Digiteach COVID an Aontais feabhas ar chomhroinnt faisnéise agus comhordú i dtaca le srianta taistil, ós rud é go gcuireann an rialachán is infheidhme de cheangal ar na Ballstáit tabhairt isteach srianta taistil a thuairisciú agus údar a thabhairt leis sin (míreanna 69-74).

Moladh 3 – Uirlisí ábhartha an Aontais a ullmhú do ghéarchéimeanna amach anseo

Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. a shainaithint cé acu d’uirlisí an Aontais a cruthaíodh le linn phaindéim COVID-19 a bhí thar a bheith úsáideach do shaoránaigh agus do na Ballstáit, agus nósanna imeachta a ullmhú chun iad a athghníomhachtú go tapa i gcás éigeandála amach anseo.
  2. Trí shineirgí nó simplithe, uirlisí an Aontais a úsáideadh chun rianú teagmhálaithe trasteorann a éascú le linn géarchéimeanna a chur ar fáil ar bhealach níos éasca do shaoránaigh an Aontais;
  3. in éineacht leis na Ballstáit, anailís a dhéanamh ar an ngá atá ann d’aon uirlisí breise chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh tarlú amach anseo.

Spriocdháta cur chun feidhme: Meán Fómhair 2023 i gcás mholtaí (a) agus (c); Meán Fómhair 2024 i gcás mholadh (b)

Ghlac Seomra III, faoi cheannas Bettina Jakobsen, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 22 Samhain 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
Uachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Tuairisc ar uirlisí an Aontais a éascaíonn taisteal sábháilte le linn phaindéim COVID-19

Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí

Is córas é Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí inar féidir idir-inoibritheacht a dhéanamh idir na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe náisiúnta. Forbraíodh na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe náisiúnta chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi theagmhálacha féideartha riosca agus cabhrú le slabhraí ionfhabhtaithe COVID-19 a bhriseadh.

Déanann feidhmchlár rianaithe teagmhálaithe taifead leanúnach ar theagmhálacha le daoine atá in aice láimhe agus a bhfuil na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe in úsáid acu. Gineann sé eochair (aitheantóir) dá úsáideoir gach 15 nóiméad chun príobháideachas a chosaint. Baineann an feidhmchlár úsáid as Bluetooth chun fóin chliste eile atá i ngaireacht a bhrath agus eochracha a mhalartú. Nuair a thagann úsáideoir amháin i ngaireacht d’úsáideoir eile déantar eochracha a mhalartú idir an dá úsáideoir. Tá na heochracha seo stóráilte ar fhón an dá úsáideoir.

Nuair a dhéanann úsáideoir tástáil dhearfach ar COVID-19, dearbhaíonn sé/sí é san fheidhmchlár, a sheolann eochracha uile an úsáideora le 14 lá anuas chuig freastalaithe cúil náisiúnta a thíre/tíre. Seolann an freastalaí eochracha an úsáideora ionfhabhtaithe chuig feidhmchláir eile na n-úsáideoirí go léir, áit a gcuirtear i gcomparáid iad leis na heochracha atá stóráilte ar an bhfón. Más rud é go bhfuil meaitseáil ann, bhí an t-úsáideoir i ngaireacht don duine ionfhabhtaithe agus tugtar rabhadh dó dá bhrí sin.

Tá an cur chuige díláraithe seo glactha ag formhór na mBallstát ina seoltar teaglaim de na heochracha de dhaoine ionfhabhtaithe chuig feidhmchláir an úsáideora agus déantar an chomparáid ar fhón an úsáideora. Tá cur chuige níos lárnaithe roghnaithe ag roinnt Ballstát, ina ndéantar comparáid ar eochracha agus meaitseáil le feistí na n-úsáideoirí sna freastalaithe lárnacha náisiúnta.

Is féidir leis na hardáin rianaithe teagmhálaithe náisiúnta a ghlacann an cur chuige díláraithe agus bloic thógála theicneolaíocha chomhoiriúnacha, eochracha anaithnidithe de dhaoine ionfhabhtaithe a mhalartú le chéile trí thairseach rianaithe teagmhálaithe an Aontais. Dá bhrí sin, cuireann an tairseach rianaithe teagmhálaithe ar chumas taistealaí a fheidhmchlár/feidhmchlár rianaithe teagmhálaithe náisiúnta a úsáid agus iad ag taisteal i dtíortha eile atá nasctha le tairseach an Aontais.

Foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí

Baineann údaráis sláinte poiblí úsáid as foirmeacha aimsithe paisinéirí chun rianú teagmhálaithe a éascú má bhíonn paisinéirí faoi lé galar ionfhabhtaíoch le linn a dtaistil ar eitleán, ar an traein, ar bhord loinge nó ar an mbus. Chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta tús leis na foirmeacha seo a fhorbairt cheana le linn ráigeanna de ghalair roimhe seo (go háirithe Ebola).

Go traidisiúnta, is minic a d’úsáidtí foirmeacha páipéarbhunaithe i dtíortha a éilíonn foirmeacha aimsithe paisinéirí a líonadh isteach. Tá teorainneacha suntasacha ag baint le foirmeacha páipéir, áfach – bíonn siad deacair a léamh agus ní mór na sonraí atá iontu a iontráil de láimh i gcórais ríomhaireachta le haghaidh próiseáil uathoibríoch. Thug na teorainneacha seo spreagadh do go leor tíortha leaganacha leictreonacha a fhorbairt. Is feidhmchlár gréasáin é foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí an Aontais a forbraíodh chun simpliú a dhéanamh ar úsáid foirmeacha aimsithe paisinéirí le linn bagairtí sláinte trasteorann, amhail COVID-19.

Líonann an té atá ag taisteal isteach an fhoirm ar líne le mionsonraí faoina dtaisteal agus faigheann siad Cód Mearfhreagartha (cód QR) uathúil. Is féidir leis na húdaráis inniúla an cód sin a scanadh sna tíortha cinn scríbe chun a fhíorú gur chuir paisinéirí faisnéis riachtanach ar fáil. Is é is aidhm don fhormáid dhigiteach ná bailiúchán sonraí a éascú agus dlús a chur leis, agus sonraí idir geallsealbhóirí a mhalartú, agus é mar chuspóir leis sin rianú teagmhálaithe a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

Malartú Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí

Nuair a fhaigheann paisinéir toradh dearfach ar thástáil COVID-19, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na sonraí PLF a bhailigh tír amháin a bheith curtha ar fáil go sábháilte do thíortha eile atá buailte ar mhaithe le rianú teagmhálaithe COVID-19 a dhéanamh, agus chuige sin amháin. Mar gheall ar an teorainn ar an gcóras Eorpach atá ann cheana chun faisnéis sláinte a mhalartú (Córas Luathrabhaidh agus Freagartha), chinn an Coimisiún ardán tiomnaithe a fhorbairt chun sonraí PLF idir córais náisiúnta éagsúla a mhalartú.

Tríd an ardán malartaithe PLF, is féidir sonraí criptithe a tharchur go sábháilte idir údaráis inniúla náisiúnta agus ní dhéanann sé aon sonraí a stóráil. Is féidir leis na húdaráis sna Ballstáit nascadh tríd an gcóras Eorpach nó náisiúnta do na foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí.

Deimhniú Digiteach COVID AE

Cruthúnas is ea Deimhniú Digiteach COVID-19 an Aontais go bhfuil vacsaín faighte ag duine, go bhfuair sé nó sí toradh diúltach i dtástáil nó go bhfuil siad téarnaithe ó COVID-19. Is iad na húdaráis náisiúnta inniúla a eisíonn na deimhnithe sin.

Is féidir na deimhnithe a sheachadadh i bhfoirm páipéir agus leictreonach araon. Sa dá chás, tá cód QR acu, a thugann cosaint dóibh in aghaidh brionnaithe. Tá slándáil an réitigh bunaithe ar úsáid eochracha cripteagrafacha poiblí agus príobháideach. Tá dhá eochair ann: príobháideach, a úsáidtear chun an cód QR a shíniú go digiteach; agus poiblí, a ligeann do shíniú digiteach a bheith fíoraithe.

Tá a eochair phríobháideach agus eochair phoiblí chomhfhreagrach féin ag gach údarás eisiúna. Déantar na heochracha príobháideacha a stóráil go slán agus déantar na heochracha poiblí a roinnt sa bhunachar sonraí lárnach náisiúnta. Cuireann an t-údarás a chóras eisiúna ar fáil do ghníomhaithe ábhartha cúraim sláinte (e.g. ospidéil agus ionaid tástála) tar éis údarú a fháil, á chur ar a gcumas na deimhnithe a shíniú go digiteach.

Faigheann na feidhmchláir a úsáidtear chun barántúlacht Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a fhíorú na heochracha poiblí ó na bunachair sonraí náisiúnta. Déanann bunachair sonraí náisiúnta eochracha poiblí a mhalartú le tíortha eile trí thairseach Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Dá bhrí sin, is féidir fíorú frithpháirteach a dhéanamh ar na deimhnithe ar fud tíortha éagsúla leis an tairseach.

Iarscríbhinn II – Leibhéal úsáide na bhfeidhmchlár rianaithe teagmhálaithe san Aontas

Ní raibh a mhéid a úsáideadh feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Ní raibh líon n-íoslódálacha de na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe os cionn 50 % den daonra ach in dhá Bhallstát. Léirítear san fhíor anseo thíos an staid éagsúil sna Ballstáit a bhí ag baint úsáid as feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe díláraithe.

Líon na n-íoslódálacha den fheidhmchlár rianaithe teagmhálaithe mar chéatadán den daonra

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit roghnaithe.

Ní hionann an feidhmchlár a íoslódáil agus a rá go bhfuil rianú teagmhálaithe á úsáid go hiarbhír, toisc go gcaitheann na feidhmchláir a bheith gníomhach agus go gcaithfidh na saoránaigh a bheith sásta a dhearbhú go bhfuair siad toradh dearfach i dtástáil COVID-19. Aon uair a dhearbhaíonn na húsáideoirí go bhfuair siad toradh dearfach, uaslódáiltear na heochracha ábhartha ar an tairseach rianaithe teagmhálaithe. Léiríonn na sonraí ón tairseach go raibh éagsúlacht ann ó Bhallstát go chéile ó thaobh úsáid an rianaithe teagmhálaithe. Léiríonn líon na n-eochracha a uaslódáladh ar an tairseach gur tháinig a bhformhór ó thír amháin.

An sciar d’iomlán uaslódálacha na n-eochracha ar an tairseach rianaithe teagmhálaithe

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí EFGS atá ar fáil go poiblí (Deireadh Fómhair 2020 – Bealtaine 2022)

Gluais

Limistéar Schengen: Grúpa de 26 thír Eorpacha a chuir deireadh leis na rialuithe pas agus inimirce ag a gcomhtheorainneacha.

Rialaitheoir sonraí: De réir bhrí Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí, duine nó eagraíocht a chinneann conas ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil agus cé na cuspóirí atá ann chun iad a phróiseáil.

Rialú teorann: Seiceálacha agus faireachas a dhéantar ag teorainn i gcás daoine atá ag trasnú na teorann nó a bhfuil sé i gceist acu an teorainn a thrasnú.

Scanadh leochaileachta: Próiseas chun cigireacht a dhéanamh ar fheistí líonra, córais ríomhaireachta agus feidhmchláir chun aon saincheisteanna agus lagphointí a shainaithint.

Tástáil treáite: Modh chun slándáil chórais TF a mheas trí iarracht a dhéanamh a chosaintí slándála a shárú leis na huirlisí agus na teicnící a úsáideann lucht sáraíochta de ghnáth.

An fhoireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta III – Gníomhaíocht sheachtrach, slándáil agus ceartas, atá faoi cheannas Bettina Jakobsen (Comhalta den Chúirt) a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an t-iniúchadh faoi stiúir Baudilio Tomé Murguruza (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Daniel Costa de Magalhães (Ceann na hOifige Príobháidí), Ignacio García de Parada Miranda (Ataisé na hOifige Príobháidí), Alejandro Ballester Gallardo (Príomhbhainisteoir), Piotr Senator (Ceann Cúraim), João Coelho, Mirko Iaconisi, Ioanna Topa agus Andrej Minarovic (Iniúchóirí). Chuir Michael Pyper tacaíocht teanga ar fáil.

Ó chlé go deas: Daniel Costa De Magalhães, Andrej Minarovic, Ignacio García de Parada Miranda, João Coelho, Ioanna Topa, Piotr Senator, Baudilio Tomé Muguruza, Mirko Iaconisi agus Michael Pyper.

Críochnótaí

1 Airteagal 20(2)(a) agus Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2 Treoir 2004/38/CE.

3 Airteagal 168(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4 Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

5 Airteagail 4(2)(k), 6(a) agus 168 CFAE.

6 Treoir 2011/24/AE maidir le cearta othair i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm.

7 Tuarascáil speisialta 13/2022:

8 Tuarascáil speisialta 19/2022:

9 Ráiteas ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2021.

10 Fíor 4 de Thuarascáil Speisialta 13/2022.

11 Treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha, C(2020) 1753 final, IO C 861, 16.3.2020.

12 Teachtaireacht ón gCoimisiún C(2020) 3250, C(2020) 3251 agus C(2020) 3139.

13 Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle.

14 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún.

15 r-Shláinte agus COVID-19, suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

16 Líonra r-Shláinte , ‘Treoirlínte maidir le deimhnithe vacsaínithe infhíoraithe - bunghnéithe idir-inoibritheachta’, 12.3.2021.

17 Rialachán (AE) 2021/953.

18 Togra le haghaidh Rialachán COM(2021) 130.

19 Nós Imeachta 2021/0068/COD.

20 Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí – ‘Forbairt agus Treochtaí sa Ghnáthnós imeachta reachtach’, Parlaimint na hEorpa.

21 Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, SWD(2017) 350, 7 Iúil 2017.

22 ENISA, Ag tabhairt aire do Shonraí Sláinte.

23 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

24 ISACA, Lámhleabhar athbhreithnithe ó Iniúchóir an Chórais Faisnéise Deimhnithe, 2019; An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú / An Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil – Caighdeán 27001.

25 Dréacht-Mheasúnú Riosca um Chosaint Sonraí (DPRA-DRÉACHT)

26 Líonra r-Shláinte, ‘Cúlghairm EU DCC – B2A: Cumarsáid idir an Bogearra cúil agus na Feidhmchláir’, roinn 4.6.3.

27 ISACA, Lámhleabhar athbhreithnithe ó Iniúchóir an Chórais Faisnéise Deimhnithe, 2019.

28 Cinneadh (AE) 2017/46 ón gCoimisiún maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach, agus rialacha cur chun feidhme C(2017) 8841 final.

29 An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú / An Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil – Caighdeáin 27001, 27002, 27005 agus 27035.

30 An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú / An Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil – Caighdeán 27001.

31 Tuarascáil speisialta 13/2022, míreanna 69-75.

32 Foirm dhigiteach aimsithe paisinéirí AE.

33 Nuashonrú eipidéimeolaíoch seachtainiúil ar COVID-19 – 25 Bealtaine 2022, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

34 Tuarascáil speisialta 13/2022:

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023

PDF ISBN 978-92-847-9221-4 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/907456 QJ-AB-22-027-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-9203-0 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/337897 QJ-AB-22-027-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2023

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.