An Coimisiún Eorpach logo

Is sia a rachfar le teangacha

Fáilte

Is fusa dúinn an saol nuair a labhraímid agus nuair a thuigimid teangacha iasachta agus muid ag taisteal go tíortha eile agus ag bualadh le daoine as tíortha éagsúla. Tá spraoi le baint as teangacha! Tugann siad deiseanna nua dúinn freisin, agus is bealach iad le cairdis nua a chruthú agus le heolas a chur ar chultúir eile. Tá 24 theanga oifigiúla ag an Aontas Eorpach. Seo blaiseadh praiticiúil de gach ceann díobh a d’fhéadfadh cabhrú leat léargas a fháil ar na deiseanna a thugann siad dúinn.