Ábhar
Tá an Ardrúnaíocht freagrach as an bpróiseas cinnteoireachta a fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh air, agus as seirbhísí rúnaíochta a sholáthar do gach comhlacht rialaithe de chuid an BEI. Leagann sí síos an straitéis institiúideach (lena n-áirítear an Plean Oibríochta), déanann anailís eacnamaíoch a sholáthar ar thionchar ghníomhaíochtaí an BEI ar fhostaíocht, ar fhás, agus ar tháirgí féideartha nua, agus déanann caidrimh a chomhordú agus a fhorbairt le hinstitiúidí an AE, gníomhaireachtaí maoinithe idirnáisiúnta agus forbartha, agus le heagrais neamhrialtasacha. Tá sí i gceannas freisin ar chúrsaí cumarsáide agus ar chúrsaí freagrachta corparáidí.