An Comhaontú Glas & fuinneamh
Tá an t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil ina mbagairt eiseach don Eoraip agus don domhan mór. Is é sin an fáth ar leag an tAontas Eorpach síos an sprioc go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan. Tugtar léiriú sa rogha foilseachán seo ar thionscnaimh thábhachtacha chun geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní a dhéanamh den Aontas Eorpach.