Ábhar oideachais
Tacaíonn an tAontas lena Bhallstáit agus iad ag cur oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán ar fáil atá inrochtana go forleathan. Cuireann sé an t-ilteangachas chun cinn san Eoraip, cuidíonn sé le teagasc agus foghlaim teangacha, spreagann sé soghluaisteacht na scoláirí, na n-oiliúnaithe, na dteagascóirí agus na ndaoine óga, agus éascaíonn sé malartuithe faisnéise agus taithí. Cuirtear i láthair sa rannán seo foilseacháin agus cluichí oideachasúla darb aidhm cuidiú le daoine óga agus le teagascóirí foghlaim faoin Aontas Eorpach, faoina luachanna agus faoina beartais, agus faoi fheidhmiú institiúidí an Aontais, a bhfreagrachtaí agus a gcuid oibre.